ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 430I |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
64 |
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
||
|
|
CINNTÍ |
|
|
* |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
2.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 430/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2124 ÓN gCOMHAIRLE
an 2 Nollaig 2021
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha maidir leis an mBealarúis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha maidir leis an mBealarúis (1), agus go háirithe Airteagal 8a(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha maidir leis an mBealarúis. |
(2) |
An 21 agus an 22 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar fhógair sí nach nglacfaidh sí le haon iarracht a dhéanfaidh tríú tíortha uirlis a dhéanamh d’imircigh chun críoch polaitiúil, cháin sí freisin na hionsaithe hibrideacha uile ag teorainneacha an Aontais agus dhearbhaigh sí go bhfreagróidh sí dá réir. Chuir sí i dtreis go leanfaidh an tAontas den ionsaí hibrideach leanúnach a thosaigh réimeas na Bealarúise a chomhrac, lena n-áirítear trí bhearta sriantacha sa bhreis a ghlacadh i gcoinne daoine agus eintitis dhlítheanacha, i gcomhréir lena chur chuige céimnitheach, mar ábhar práinne. |
(3) |
I gCinneadh (CBES) 2021/1990 (2) an 15 Samhain 2021 uaithi, leasaigh an Chomhairle na critéir ainmniúcháin i gCinneadh 2012/642/CBES (3) uaithi chun go bhféadfar bearta sriantacha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag eagrú nó ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka lena n-éascaítear trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais nó aistriú earraí toirmiscthe agus aistriú neamhdhleathach earraí srianta, lena n-áirítear earraí guaiseacha, isteach i gcríoch Bhallstáit. |
(4) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa Bhealarúis, ba cheart 17 nduine agus 11 eintiteas a chur ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear leis seo Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo í.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. VRTOVEC
(1) IO L 134, 20.5.2006, lch. 1.
(2) Cinneadh (CBES) 2021/1990 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 405, 16.11.2021, lch. 10).
(3) Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:
(1) |
cuirtear na daoine nádúrtha seo a leanas leis an tábla “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 2(1)”:
|
(2) |
cuirtear na daoine dlítheanacha seo a leanas leis an tábla “B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)”:
|
CINNTÍ
2.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 430/16 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/2125 ÓN gCOMHAIRLE
teaineiendijjan 2 Nollaig 2021
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis. |
(2) |
An 21 agus an 22 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar fhógair sí nach nglacfaidh sí le haon iarracht a dhéanfaidh tríú tíortha uirlis a dhéanamh d’imircigh chun críoch polaitiúil, cháin sí freisin na hionsaithe hibrideacha uile ag teorainneacha an Aontais agus dhearbhaigh sí go bhfreagróidh sí dá réir. Chuir sí i dtreis go leanfaidh an tAontas den ionsaí hibrideach leanúnach a thosaigh réimeas na Bealarúise a chomhrac, lena n-áirítear trí bhearta sriantacha sa bhreis a ghlacadh i gcoinne daoine agus eintitis dhlítheanacha, i gcomhréir lena chur chuige céimnitheach, mar ábhar práinne. |
(3) |
I gCinneadh (CBES) 2021/1990 (2) an 15 Samhain 2021 uaithi, leasaigh an Chomhairle na critéir ainmniúcháin i gCinneadh 2012/642/CBES chun go bhféadfar bearta sriantacha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag eagrú nó ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka lena n-éascaítear trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais nó aistriú earraí toirmiscthe agus aistriú neamhdhleathach earraí srianta, lena n-áirítear earraí guaiseacha, isteach i gcríoch Bhallstáit. |
(4) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa Bhealarúis, ba cheart 17 nduine agus 11 eintiteas a chur ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear leis seo an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo í.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. VRTOVEC
(1) IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.
(2) Cinneadh (CBES) 2021/1990 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 405, 16.11.2021, lch. 10).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:
(1) |
cuirtear na daoine nádúrtha a leanas leis an tábla “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 3(1) agus 4(1)”:
|
(2) |
cuirtear na daoine dlítheanacha seo a leanas leis an tábla “B. Daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)”:
|