ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 421

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
26 Samhain 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/2061 ón gComhairle an 11 Samhain 2021 maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta faoin bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (2021-2026)

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2062 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014 ina sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascach áirithe sa Mhuir Thuaidh le haghaidh na tréimhse 2021-2023

4

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2063 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair le haghaidh na tréimhse 2021-2023

6

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2064 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúine de minimis a bhunú ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascach grinnill áirithe i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas

9

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2065 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha haghaidh iascach turbard sa Mhuir Dhubh

14

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2066 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le mionsonraí faoi chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le stoic ghrinnill áirithe sa Mheánmhuir Thiar le haghaidh na tréimhse 2022-2024

17

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2067 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe

22

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2068 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beanflurailin, démhocsastróibin, fluasanam, flutolainil, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin ( 1 )

25

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2069 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le prátaí margaidh a thabhairt isteach san Aontas ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin, ó Mhontainéagró agus ón tSeirbia agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1199

28

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2070 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas ( 1 )

31

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2071 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 lena gcuirtear vacsaíní áirithe agus substaintí gníomhacha a úsáidtear chun na vacsaíní sin a mhonarú faoi réir faireachas onnmhairiúcháin

52

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/2072 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 chun tacú le hathléimneacht a chothú sa bhithshábháilteacht agus sa bhithshlándáil tríd an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine

56

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/2073 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 chun tacú le héifeachtacht oibríochtúil na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) a fheabhsú trí bhíthin íomhánna satailíte

65

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/2074 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2370 chun tacú le Cód Iompair na Háige agus neamhleathadh diúracán balaistíoch faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta

70

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/2075 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/979 a thacaíonn le córas a fhorbairt a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlón a bhailíochtú de réir caighdeáin idirnáisiúnta oscailte

72

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir ( IO L 231, 30.6.2021 )

74

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/1


RIALACHÁN (AE) 2021/2061 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Samhain 2021

maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta faoin bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (2021-2026)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (“an Mháratáin”), arna fhormheas le Rialachán (CE) Uimh. 1801/2006 ón gComhairle (1), tá sé á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 8 Lúnasa 2008. Maidir leis an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú, ar Prótacal é ina leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú, agus tá an Prótacal sin á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón lá céanna leis an gComhaontú, rinneadh an Prótacal sin a ionadú roinnt uaireanta.

(2)

Rachaidh an Prótacal atá i bhfeidhm faoi láthair in éag an 15 Samhain 2021.

(3)

An 8 Iúil 2019 ghlac an Chomhairle Cinneadh lenar údaraíodh an Coimisiún tosú ar chaibidlíocht leis an Máratáin chun comhaontú comhpháirtíochta nua a thabhairt i gcrích maidir le hiascaireacht inbhuanaithe agus prótacal nua a thabhairt i gcrích lena gcuirfí an comhaontú sin chun feidhme.

(4)

Idir Meán Fómhair 2019 agus Iúil 2021, reáchtáladh ocht mbabhta caibidlíochta leis an Máratáin. Tugadh an chaibidlíocht sin chun críche, agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (“an Comhaontú Comhpháirtíochta”) agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (“an Prótacal”) an 28 Iúil 2021.

(5)

I gcomhréir le Cinneadh ST 12392/21 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal an 15 Samhain 2021 .

(6)

Ba cheart na deiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal a leithdháileadh i measc na mBallstát le haghaidh thréimhse iomlán a chur i bhfeidhm.

(7)

I bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta na Máratáine agus an ghá atá ann tréimhse ama ina gcuirtear isteach ar na gníomhaíochtaí sin a sheachaint nó a laghdú a oiread is féidir, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(8)

Is ar bhonn sealadach a bheidh feidhm ag an bPrótacal ó dháta a shínithe chun go bhféadfaidh soithí an Aontais leanúint de ghníomhaíochtaí iascaireachta. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na deiseanna iascaireachta arna mbunú faoin bPrótacal, déanfar iad a leithdháileadh ar na Ballstáit mar seo a leanas:

(1)

Catagóir 1 – Soithí atá ag iascaireacht crústach seachas an gliomach spíonach agus an portán:

an Spáinn

4 150 tona

an Iodáil

600 tona

an Phortaingéil

250 tona

Sa chatagóir seo, ní féidir le níos mó ná 15 soitheach oibriú in uiscí na Máratáine ag aon am amháin.

(2)

Catagóir 2 – Trálaeir (nach bhfuil reoiteoir iontu) agus báid spiléir grinnill lena ndéantar iascaireacht ar an gcolmóir dubh:

an Spáinn

6 000 tona

Sa chatagóir seo, ní féidir le níos mó ná ceithre shoitheach oibriú in uiscí na Máratáine ag aon am amháin.

(3)

Catagóir 2a – Trálaeir (a bhfuil reoiteoirí iontu) lena ndéantar iascaireacht ar an gcolmóir dubh:

an Spáinn:

Colmóir dubh

3 500 tona

Scuid

1 450 tona

Cudail

600 tona

Sa chatagóir seo, ní féidir le níos mó ná sé shoitheach oibriú in uiscí na Máratáine ag aon am amháin.

(4)

Catagóir 3 – Soithí iascaireachta atá ag iascaireacht speiceas grinnill seachas an colmóir dubh le trealamh seachas tráil:

an Spáinn

3 000 tona

Sa chatagóir seo, ní féidir le níos mó ná sé shoitheach oibriú in uiscí na Máratáine ag aon am amháin.

(5)

Catagóir 4 – Báid saighne tuinnín (14 000 tona – tonnáiste tagartha):

an Spáinn

17 gceadúnas bhliantúla

an Fhrainc

12 cheadúnas bhliantúla

(6)

Catagóir 5 – Soithí tuinníní cuaille agus dorú agus soithí spiléireachta ar fuaidreamh (7 000 tona – tonnáiste tagartha):

an Spáinn

14 cheadúnas bhliantúla

an Fhrainc

1 cheadúnas bliantúil

(7)

Catagóir 6 – Reothrálaeir pheiligeacha:

an Ghearmáin

13 038,4 thona

an Fhrainc

2 714,6 thona

an Laitvia

55 966,6 thona

an Liotuáin

59 837,6 thona

an Ísiltír

64 976,1 tona

an Pholainn

27 106,6 thona

Éire

8 860,1 tona

Le linn thréimhse chur i bhfeidhm an Phrótacail, beidh an líon ceadúnas ráithiúil seo a leanas ag na Ballstáit:

an Ghearmáin

4

an Fhrainc

2

an Laitvia

20

an Liotuáin

22

an Ísiltír

16

an Pholainn

8

Éire

2

Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún más féidir ceadúnais áirithe a chur ar fáil do Bhallstáit eile.

Sa chatagóir seo, ní féidir le níos mó ná 19 soitheach oibriú in uiscí na Máratáine ag aon am amháin.

(8)

Catagóir 7 - Soithí iascaireachta peiligí nach bhfuil reoiteoir iontu:

Éire

15 000 tona

Mura n-úsáidfear na deiseanna iascaireachta seo, aistreofar iad chuig catagóir 6 de réir mhodh leithdháilte na catagóire sin.

Sa chatagóir seo, ní féidir le níos mó ná dhá shoitheach oibriú in uiscí na Máratáine ag aon am amháin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 15 Samhain 2021 (dáta a shíneofar an Prótacal).

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. POČIVALŠEK


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1801/2006 ón gComhairle an 30 Samhain 2006 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (IO L 343, 8.12.2006, lch. 1).

(2)  Cinneadh ST 12392/21 ón gComhairle an 11 Samhain 2021 maidir le síniú, thar cheann an Aontais Eorpaigh, agus le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú sin (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).


26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2062 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Lúnasa 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014 ina sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascach áirithe sa Mhuir Thuaidh le haghaidh na tréimhse 2021-2023

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/973 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 lena mbunaítear plean ilbhliantúil le haghaidh stoic ghrinnill sa Mhuir Thuaidh agus le haghaidh na n-iascach a shaothraíonn na stoic sin, Rialachán lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír sa Mhuir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 676/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 11 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014 ón gCoimisiún (2), tugtar sonraí maidir leis an mbealach chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe sa Mhuir Thuaidh a chur chun feidhme le haghaidh na tréimhse 2021-2023, tar éis moladh comhpháirteach a fháil ón mBeilg, ón Danmhairg, ón nGearmáin, ón bhFrainc, ón Ísiltír agus ón tSualainn (“Grúpa Scheveningen”).

(2)

Faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014, beidh feidhm ag díolúintí áirithe ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír go sealadach go dtí an 31 Nollaig 2021. Sna cásanna sin, na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu, ba cheart dóibh fianaise eolaíoch bhreise a thacaíonn leis an díolúine a chur isteach a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2021. Ba cheart don Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) an fhianaise a thíolacfar a mheasúnú faoin 31 Iúil 2021.

(3)

Tar éis do Ghrúpa Scheveningen dul i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach na Mara Thuaidh agus leis an gComhairle Chomhairleach Pheiligeach, cuireadh moladh comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin an 30 Aibreán 2021, moladh inar iarradh go leanfaí le díolúintí áirithe ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír tar éis 2021 agus go gcuirfí faisnéis eolaíoch bhreise ar fáil. Thíolaic Grúpa Scheveningen leagan athbhreithnithe den mholadh comhpháirteach an 26 Iúil 2021.

(4)

Rinne CETEI (3) athbhreithniú ar an moladh comhpháirteach i mí na Bealtaine 2021. Chuir an Coimisiún an Dréachtghníomh Tarmligthe faoi bhráid sainghrúpa ina raibh ionadaithe ó na Ballstáit an 16 Iúil 2021 ag cruinniú ar a raibh Parlaimint na hEorpa i láthair mar bhreathnóir.

(5)

In Airteagal 6(1), pointe (c)(ii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014 tá díolúine inmharthanachta le haghaidh leathóga ballacha a ghabhtar le tráil ghrinnill (OTB, PTB) ar idir 90 agus 119 mm a mogallmhéid agus atá feistithe le painéil áirithe in uiscí an Aontais de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (“ICES”), roinn 3a. D’iarr Grúpa Scheveningen an díolúine a leathnú chun painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad a cheadú ar thráil i bhforoinn Kattegat ICES ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig gach bliain. Thug CETEI dá aire (4) go ndearbhaíonn an fhaisnéis eolaíoch bhreise a chuir an Danmhairg ar fáil go mbeidh marthanas leathóg aischurtha cosúil lena mbíonn i gceist i gcás mogallmhéideanna níos mó, lena n-áirítear painéil Seltra agus mogaill chearnógacha 120 mm, i gcomparáid leis an mogallmhéid 80-99 a cheadaítear i gcás iascach trál dobharchú. Dá bhrí sin, ba cheart an díolúine a leathnú chun painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad a chuimsiú ar thráil i bhforoinn Kattegat.

(6)

In Airteagal 11, mír 11, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014 tá díolúine de minimis le haghaidh faoitíní is lú ná an t-íosmhéid tagartha caomhnaithe arna ngabháil ag soithí a úsáideann tráil bhíoma ar idir 80 agus 119 mm a mogallmhéid i bhfolimistéar 4 ICES. D’iarr Grúpa Scheveningen go gcuirfí síneadh leis an díolúine go dtí an 31 Nollaig 2023 agus thíolaic sé faisnéis eolaíoch nua. Rinne CETEI an fhianaise sin a mheasúnú agus bhain sé de thátal (5) as go dtugann an moladh comhpháirteach aghaidh, den chuid is mó, ar na saincheisteanna a shainaithin CETEI ina mheasúnuithe roimhe seo. Is suntasach iad na costais mheasta a bhaineann le gabhálacha de thaisme a thabhairt i dtír go háirithe, agus theastódh saothar breise substainteach ar bord le haghaidh na ngabhálacha sin. D’aithin CETEI freisin na saincheisteanna agus na dúshláin a bhaineann le feabhas a chur ar roghnaíocht san iascach sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine a choinneáil ar bun go dtí an 31 Nollaig 2023.

(7)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta maidir le soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe, Ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014 mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c)(ii) de mhír 1 d’Airteagal 6:

“(ii)

ar mhogallmhéid 90 mm go 119 mm feistithe le painéal Seltra a bhfuil an barrphainéal ar mhogallmhéid 140 mm (mogall cearnógach), ar mhogallmhéid 270 mm (mogalra muileatach), ar mhogallmhéid 300 mm (mogall cearnógach), nó i bhforoinn Kattegat, painéal de mhogall cearnógach 120 mm ar a laghad sa tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig gach bliain a dhíríonn ar éisc leathógacha nó ar éisc chruinne in uiscí de chuid ICES roinn 3a;”,

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (11) d’Airteagal 11:

“(11)

in iascach grinnill measctha ag soithí a úsáideann tráil bhíoma ar mhogallmhéid 80-119 mm in uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES:

cainníocht faoitíní faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe, íosmhéid nach mó ná 2 % de na gabhálacha bliantúla iomlána iasc leathógach;”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 179, 16.7.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2014 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 ina sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascach áirithe sa Mhuir Thuaidh le haghaidh na tréimhse 2021-2023 (IO L 415, 10.12.2020, lch. 10).

(3)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d

(4)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d, lch. 23–24.

(5)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d, lch. 20–21.


26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/6


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2063 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Lúnasa 2021

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair le haghaidh na tréimhse 2021-2023

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d’iascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139 agus (AE) 2018/973 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 13 de.

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 (2) ón gCoimisiún, tugtar mionsonraí faoin gcaoi ar féidir an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh ghrinnill áirithe in Uiscí an Iarthair a chur chun feidhme le haghaidh na tréimhse 2021-2023, tar éis dhá mholadh chomhpháirteacha a chuir an Bheilg, an Spáinn, an Fhrainc, an Ísiltír agus an Phortaingéil isteach (“Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt”) agus a chuir an Bheilg, Éire, an Spáinn, an Fhrainc agus an Ísiltír (“Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt”) isteach.

(2)

Faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015, tá díolúintí áirithe ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír infheidhme go sealadach go dtí an 31 Nollaig 2021. Sna cásanna sin, ba cheart do na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu fianaise eolaíoch bhreise a thacaíonn leis an díolúine a chur isteach a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2021. Ba cheart don Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (“STECF”) measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a sholáthraítear faoin 31 Iúil 2021.

(3)

Chuir Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt moladh comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin an 30 Aibreán 2021, tar éis dóibh dul i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach Uiscí an Iarthuaiscirt agus leis an gComhairle Chomhairleach Pheiligeach, inar iarradh leasú ar an bplean maidir le hábhar muirí aischurtha i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthuaiscirt.

(4)

Chuir Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt moladh comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin an 30 Aibreán 2021, tar éis dóibh dul i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach Uiscí an Iardheiscirt agus leis an gComhairle Chomhairleach Pheiligeach, inar iarradh leasú ar an bplean maidir le hábhar muirí aischurtha i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iardheiscirt.

(5)

Rinne STECF (3) athbhreithniú ar na moltaí comhpháirteacha sin i mí na Bealtaine 2021. Chuir an Coimisiún na dréachtghníomhartha tarmligthe faoi bhráid grúpa saineolaithe ina bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit an 16 Iúil 2021 ag cruinniú ar a raibh Parlaimint na hEorpa i láthair mar bhreathnóir.

(6)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 leagtar síos raon feidhme na ndíolúintí is infheidhme i bhfolimistéar 5 d’Uiscí an Iarthuaiscirt (an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (“ICES”) (seachas roinn 5a agus uiscí an Aontais amháin i roinn 5b), i bhfolimistéar 6 agus roinn 7). Leis an rialachán céanna sin, leagadh síos raon feidhme na ndíolúintí is infheidhme in Uiscí an Iardheiscirt (folimistéir 8, 9 agus 10 ICES (uiscí timpeall ar na hAsóir), agus i gCoiste Iascaigh um an Atlantaigh Thoir Láir (‘CECAF’) i gcriosanna 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 (uiscí timpeall ar Mhaidéara agus ar na hOileáin Chanáracha). Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, ba cheart tagairt shainráite a dhéanamh d’uiscí an Aontais sna limistéir sin agus na bearta sin á gcur i bhfeidhm. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 a leasú.

(7)

D’iarr Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt díolúine nua inmharthanachta maidir le leathóga a ghabhtar le saighní (SSC) i ranna 7b go 7k de ICES. Chuir Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt fianaise eolaíoch nua ar fáil chun rátaí arda marthanais a léiriú le haghaidh leathóg san iascach sin. Cuireadh an fhianaise sin faoi bhráid STECF, a tháinig ar an gconclúid (4) go bhfuil na sonraí maidir le rátaí marthanais iontaofa agus go dtugtar meastacháin láidre ar mharthanas leo le haghaidh an iascaigh sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine a áireamh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015.

(8)

Le hAirteagal 10(4), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe 2020/2015 deonaíodh díolúine ard-inmharthanachta maidir le roic na súl dubh arna ngabháil le tráil ghrinnill i bhfolimistéar 8 ICES go dtí an 31 Nollaig 2021. D’iarr Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt síneadh a chur leis an díolúine go dtí an 31 Nollaig 2023. Rinne STECF athbhreithniú ar an bhfianaise eolaíoch a chuir Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt ar fáil agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na rátaí marthanais sna staidéir is déanaí íseal, ach go bhfuil leibhéal ard athraitheachta ag baint leo. Mar sin féin, tá sé beartaithe staidéir bhreise thaighde a dhéanamh in 2021 ina gcomhcheanglófar beogacht ar bord agus faireachán i mbraighdeanas. Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine a shíneadh go dtí 2022 chun dóthain ama a thabhairt chun na staidéir a chur i gcrích. Ní mór do na Ballstáit torthaí na staidéar sin ó STECF a thíolacadh faoin 1 Bealtaine 2022 ar a dhéanaí.

(9)

Le hAirteagal 13(1), pointe (f), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015, deonaíodh díolúine de minimis maidir le torcéisc arna ngabháil ag soithí a úsáideann tráil ghrinnill i ranna 7b go 7c agus 7f go 7k de ICES. D’iarr Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt go sonrófaí gur cheart ríomh na díolúine a bheith bunaithe ar ghabhálacha gach trealaimh. Tháinig STECF ar an gconclúid (5), cé go bhfuil impleachtaí ag an iarraidh seo maidir le hacmhainneacht cheadaithe an mhéid aischurtha de minimis, gur méid beag a thugtar le fios san ábhar muirí aischurtha ar leibhéal 0,5 % de minimis, is cuma cé acu an gcomhfhreagraíonn gabhálacha do gach trealamh nó nach gcomhfhreagraíonn na gabhálacha ach do na tráil ghrinnill. Thairis sin, níor cheart feidhm a bheith ag an díolúine ach amháin maidir le cóid trealaimh na dtrál grinnill ábhartha mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011. Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine a dheonú ar na téarmaí sin go dtí an 31 Nollaig 2022. Ceanglaítear ar na Ballstáit na sonraí maidir le gabhálacha a iarrann STECF a thíolacadh faoin 1 Bealtaine 2022 ar a dhéanaí.

(10)

Le hAirteagal 13(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 deonaíodh díolúine de minimis maidir le faoitíní arna ngabháil ag soithí a úsáideann tráil ghrinnill agus saighne, tráil pheiligeacha agus tráil bhíoma, i ranna 7b go 7k de ICES. Níor deonaíodh an díolúine sin ach go dtí mí na Nollag 2021, i bhfianaise stádas caomhnaithe foriomlán na bhfaoitíní i bhfolimistéir 7b go dtí k ICES. D’iarr Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt go gcuirfí síneadh leis an díolúine. Rinne STECF athbhreithniú ar an bhfianaise eolaíoch a chuir Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt ar fáil agus bhain sé de chonclúid (6) as go bhfuil na rátaí aischuir sách íseal agus go bhfuil feabhas tagtha ar roghnaíocht leis na bearta feabhais a tugadh isteach sa Mhuir Cheilteach (7). Mar sin féin, is stoc é an faoitín sa Mhuir Cheilteach a bhfuil dlúthbhaint aige le gabhálacha trosc na Mara Ceiltí agus déantar dianfhaireachán air. Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2022 agus tá sé de cheangal ar na Ballstáit na sonraí gabhála a iarrann STECF a sholáthar tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2022.

(11)

Le hAirteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 deonaíodh díolúine de minimis maidir le faoitíní arna ngabháil ag soithí a úsáideann tráil pheiligeacha, tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní i bhfolimistéar 8 ICES. Mar sin féin, ar an liosta giaranna fágadh an trealamh a chomhfhreagraíonn do thráil pheiligeacha ar lár (OTM, PTM agus TM). D'iarr Ballstáit Uiscí an Iardheiscirt ar an gCoimisiún an t-easnamh a cheartú. Ba cheart, dá bhrí sin, an díolúine a leasú.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 a leasú dá réir.

(13)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta maidir le soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha gaolmhara, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm láithreach ar fhoilsiú dó, Ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2015 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“In Uiscí an Iarthuaiscirt san Aontas (folimistéir 5, 6 agus 7 ICES), Uiscí an Iardheiscirt (folimistéir 8, 9 agus 10 ICES (na huiscí timpeall ar na hAsóir), agus limistéir CECAF 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 (na huiscí timpeall na hAsóir), beidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 in iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha i gcomhréir leis an Rialachán seo le haghaidh na tréimhse 2021-2023.”

(2)

In Airteagal 6(1), cuirtear isteach an pointe (f) seo a leanas:

“(f)

an leathóg (Pleuronectes platessa) arna ngabháil i ranna 7b go 7k de ICES le saighní (SSC);”

(3)

In Airteagal 10(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

arna ngabháil le tráil ghrinnill i bhfolimistéar 8 ICES go dtí an 31 Nollaig 2022. Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu faisnéis bhreise eolaíoch a thíolacadh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2022, faisnéis a thacaíonn leis an díolúine seo maidir le roic na súl dubh arna ngabháil le tráil ghrinnill. Déanfaidh STECF measúnú ar an bhfaisnéis eolaíoch sin faoin 31 Iúil 2022.”

(4)

In Airteagal 13(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

i gcás torciasc (Caproidae), suas le huasmhéid 0,5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin maidir le gach trealamh sna limistéir sin, i gcás soithí a úsáideann tráil ghrinnill (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB) i ranna 7b, 7c agus 7f go 7k de ICES;”

(5)

In Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“Beidh an díolúine de minimis a leagtar síos i bpointe (a) de mhír 1 infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2022. Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu faisnéis eolaíoch bhreise maidir le comhdhéanamh gabhálacha a thíolacadh a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2022. Déanfaidh STECF measúnú ar an bhfaisnéis eolaíoch arna soláthar faoin 31 Iúil 2022.”

(6)

In Airteagal 14(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

“(m)

i gcás faoitíní (Merlangius merlangus), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann tráil pheiligeacha, tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (cóid trealaimh: OTB, OTT, OTM, PTB, PTM, TBN, TBS, TBB, OT, PT, TX, TM, SSC, SPR, SDN, SX, SV) i bhfolimistéar 8 ICES;”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 83, 25.3.2019, lch. 1.

(2)  OJ L 415, 10.12.2020, p. 22.

(3)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d

(4)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d

(5)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d

(6)  https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2874177/STECF+21-05+-+Ev+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/caa87b65-ea4a-491a-8e59-4111e01e1c1d

(7)  Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. IO L 31, 29.1.2021, lch. 31–192.


26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/9


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2064 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Lúnasa 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúine de minimis a bhunú ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascach grinnill áirithe i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(7),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/86 ón gCoimisiún (2), bunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha d’iascaigh ghrinnill áirithe sa Mheánmhuir a bhí infheidhme ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2019, tar éis trí mholadh chomhpháirteacha a bheith curtha faoi bhráid an Choimisiúin in 2016 ag roinnt Ballstát a bhfuil leas díreach bainistíochta acu san iascach sa Mheánmhuir (an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, Málta agus an tSlóivéin). Bhain na trí mholadh chomhpháirteacha sin leis an Meánmhuir Thiar, Muir Aidriad agus an Mheánmhuir Thoir Theas faoi seach.

(2)

Chun costais dhíréireacha a sheachaint a bhaineann le gabhálacha de thaisme a láimhseáil, bunaíodh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/86 díolúine de minimis a bhfuil feidhm aici maidir le speicis ghrinnill. Rachaidh an Rialachán sin in éag an 31 Nollaig 2021.

(3)

Tá leas díreach bainistíochta iascaigh ag an gCróit, an Iodáil agus an tSlóivéin (“Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad”) agus ag an nGréig, an Iodáil, an Chipir agus Málta (“Grúpa Ardleibhéil Sudestmed”) i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas faoi seach. An 7 agus an 14 Bealtaine 2021, chuir Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad agus Grúpa Ardleibhéil Sudestmed fianaise eolaíoch isteach chun síneadh leis an díolúine de minimis a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/86 a iarraidh.

(4)

Leagtar amach na díolúintí de minimis do speicis pheiligeacha bheaga in iascaigh atá dírithe ar na speicis sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/161 ón gCoimisiún (3). Os a choinne sin, ba cheart díolúintí de minimis maidir le foghabhálacha speiceas peiligeach beag a dhéantar in iascaigh ghrinnill a áireamh sa Rialachán seo mar a iarrtar san fhianaise eolaíoch arna cur isteach ag na Grúpaí Ardleibhéil.

(5)

Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (“STECF”) measúnú ar an bhfianaise eolaíoch idir an 17 agus an 21 Bealtaine 2021 (4). An 13 agus an 21 Iúil 2021, thíolaic Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad agus Grúpa Ardleibhéil Sudestmed faoi seach fianaise eolaíoch nuashonraithe a bhí i gcomhréir le comhairle eolaíoch STECF.

(6)

Tugann an Coimisiún dá aire go ngabhtar speicis éagsúla ag an am céanna, agus i gcainníochtaí an-éagsúil, i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas, rud a fhágann gur dúshlánach é cur chuige stoic amháin a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, gabhann soithí iascaireachta mionscála na speicis sin agus tugtar i dtír iad ag go leor pointí difriúla thar raon leathan geografach ar feadh an chósta, agus is é an toradh atá air sin go bhfuil costais dhíréireacha ann maidir le gabhálacha de thaisme a láimhseáil.

(7)

Thug STECF dá aire go gcumhdaítear leis an gcur chuige de minimis comhcheangailte atá san áireamh san fhianaise eolaíoch a cuireadh ar fáil, go gcumhdaítear leis grúpa leathan speiceas le raon fairsing rátaí aischuir ach mheas STECF gur cur chuige bailí é cumhdach leathan den sórt sin i bhfianaise chastacht na n-iascach i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas. Ina theannta sin, mheas STECF gur dhócha go mbeadh go leor díolúintí ar leith ann a bheadh chomh dúshlánach céanna faireachán a dhéanamh orthu mar thoradh ar dhíolúintí aonair de minimis lena gcumhdaítear aon speiceas amháin.

(8)

Chuir Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad fianaise eolaíoch nuashonraithe ar fáil maidir leis na costais dhíréireacha a bhaineann le gabhálacha de thaisme a láimhseáil. Cé gur thug STECF dá aire go gcuirtear meastacháin ar an méadú ar chostais ar fáil, leag sé béim ar na deacrachtaí atá ann leibhéal costas atá díréireach a mheas. Thug STECF dá aire go bhféadfaí tuilleadh a chur leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil maidir le costais dhíréireacha agus gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na díolúine. Ina theannta sin, thug STECF dá aire gur cheart tosaíocht a thabhairt do laghdú ar leibhéal na ngabhálacha de thaisme trí threalamh roghnaitheach nó limistéir mhuirí faoi chosaint a úsáid. Is díol sásaimh don Choimisiún an gealltanas a thug Grúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad obair bhreise a dhéanamh ar roghnaíocht agus ar shrianta spásúla iascaigh mar thosaíocht chun laghdú ar ghabhálacha de thaisme a bhaint amach. Measann an Coimisiún gur cheart an díolúine a shíneadh leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe.

(9)

Beartaítear leis an bhfianaise eolaíoch nuashonraithe do Mhuir Aidriad an díolúine de minimis, maidir le hainseabhaí (Engraulis encrasicolus), sairdín (Sardina pilchardus), ronnach (Scomber spp.) agus bolmán (Trachurus spp.) a shíneadh suas le huasmhéid 5 % le haghaidh 2022 d’fhoghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TB, OT, PT, TX). Mheas STECF go bhfuil an ráta aischuir an-suntasach i gcás an iascaigh sin, ach go bhfuil tionscadail roghnaíochta fós ar siúl. Measann an Coimisiún gur cheart an díolúine a shíneadh ar feadh 1 bhliana amháin, leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe. Ba cheart do Ghrúpa Ardleibhéil Mhuir Aidriad sonraí breise a chur isteach faoin 1 Bealtaine 2022, bunaithe ar na staidéir leanúnacha agus ar mheastóireacht ar thionchar na díolúine.

(10)

Chuir an Grúpa Ardleibhéil Sudestmed fianaise eolaíoch nuashonraithe ar fáil maidir le costais dhíréireacha a bhaineann le gabhálacha de thaisme a láimhseáil. Cé gur thug STECF dá aire go gcuirtear meastacháin ar an méadú ar chostais ar fáil, leag sé béim ar na deacrachtaí atá ann leibhéal costas atá díréireach a mheas. Thug STECF dá aire go bhféadfaí tuilleadh a chur leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil maidir le costais dhíréireacha agus gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na díolúine. Ina theannta sin, thug STECF dá aire gur cheart tosaíocht a thabhairt do laghdú ar leibhéal na ngabhálacha de thaisme trí threalamh roghnaitheach nó limistéir mhuirí faoi chosaint a úsáid. Is díol sásaimh don Choimisiún an gealltanas a thug an Grúpa Ardleibhéil Sudestmed obair bhreise a dhéanamh ar roghnaíocht agus ar shrianta spásúla iascaigh mar thosaíocht chun laghdú ar ghabhálacha de thaisme a bhaint amach. Measann an Coimisiún gur cheart an díolúine a shíneadh leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe.

(11)

I bhfianaise an lín mhóir speiceas éagsúil a ghabhtar i gcomhthráth in oibríochtaí iascaireachta grinnill ina n-úsáidtear duáin, línte, eangacha geolbhaigh agus eangacha traimlí sa Mheánmhuir Thoir Theas, mhol an Grúpa Ardleibhéil Sudestmed de minimis difriúil le haghaidh roinnt speiceas a ngabhtar iad níos minice agus a mbeadh tairseach de minimis níos ísle chun tairbhe dóibh ná speicis nach ngabhtar chomh minic céanna. Ós rud é go bhfuil sé sin i gcomhréir le fírinne an iascaigh mheasctha sa Mheánmhuir Thoir Theas, measann an Coimisiún gur cheart an díolúine a thabhairt leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe.

(12)

Beartaítear leis an bhfianaise eolaíoch nuashonraithe don Mheánmhuir Thoir Theas an díolúine de minimis, maidir le hainseabhaí (Engraulis encrasicolus), sairdín (Sardina pilchardus), ronnach (Scomber spp.) agus bolmán (Trachurus spp.) a shíneadh suas go huasmhéid 5 % le haghaidh 2022 d’fhoghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TB, OT, PT, TX). Mheas STECF go bhfuil an ráta aischuir an-suntasach i gcás an iascaigh sin, ach go bhfuil tionscadail roghnaíochta fós ar siúl. Measann an Coimisiún gur cheart an díolúine a shíneadh ar feadh 1 bhliana amháin, leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe. Ba cheart don Ghrúpa Ardleibhéil Sudestmed sonraí breise a chur isteach faoin 1 Bealtaine 2022, bunaithe ar na staidéir leanúnacha agus ar mheastóireacht ar thionchar na díolúine.

(13)

Rinne na Ballstáit ina bhfianaise eolaíoch nuashonraithe athnuachan ar a ngealltanas roghnaíocht an trealaimh iascaireachta a mhéadú i gcomhréir le torthaí na gclár taighde reatha chun gabhálacha de thaisme a laghdú agus a theorannú go háirithe i gcás gabhálacha faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe.

(14)

Ina theannta sin, geallann na Ballstáit ina bhfianaise eolaíoch nuashonraithe go ndéanfaidh siad limistéir choiscthe bhreise a shainaithint d’fhonn básmhaireacht i measc na n-óg a laghdú.

(15)

Tá na bearta a iarrtar i gcomhréir le hAirteagal 15(4), pointe (c).

(16)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta le haghaidh shoithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe. Chun críche deimhneachta dlíthiúla, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme

Maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm aici in uiscí an Aontais i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas maidir le hiascaigh ghrinnill i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “Folimistéir Gheografacha de chuid GFCM” Folimistéir Gheografacha de chuid an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM), mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(b)

ciallaíonn “Muir Aidriad” Folimistéir Gheografacha 17 agus 18 de chuid CFCM;

(c)

ciallaíonn “an Mheánmhuir Thoir Theas” Folimistéir Gheografacha GFCM 14, 15, 16, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26 agus 27.

Airteagal 3

Díolúine de minimis

1.   De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfar na cainníochtaí speiceas seo a leanas a aischur de bhun Airteagal 15(4), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013:

(a)

i Muir Aidriad:

(i)

maidir le colmóir (Merluccius merluccius) agus milléad (Mullus spp.), suas le huasmhéid 5 % le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin arna ngabháil ag soithí a úsáideann tráil ghrinnill;

(ii)

nó colmóir (Merluccius merluccius) agus milléad (Mullus spp.), suas le 1 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh agus eangacha traimlí (GNS, GN, GND, GNC, GTN, GTR, GEN);

(iii)

maidir le colmóir (Merluccius merluccius) agus milléad (Mullus spp.), suas le 1 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann trál bíoma rapido (TBB);

(iv)

maidir le sól coiteann (Solea solea), suas le 3 % le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill;

(v)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), deargán (Pagellus bogaraveo), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac raice (Polyprion americanus), garbhánach órcheannach (Sparus aurata) agus rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), suas le 5 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha iomlána bliantúla na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill;

(vi)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), deargán (Pagellus bogaraveo), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac raice (Polyprion americanus), sól coiteann (Solea solea) agus garbhánach órcheannach (Sparus aurata), suas le 3 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha iomlána bliantúla na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh agus eangacha traimlí (GNS, GN, GND, GNC, GTN, GTR, GEN);

(vii)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac raice (Polyprion americanus), sól coiteann (Solea solea) agus garbhánach órcheannach (Sparus aurata), suas le 1 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha iomlána bliantúla na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann duáin agus doruithe (LHP, LHM, LLS, LLD, LL, LTL, LX);

(viii)

maidir le hainseabhaí (Engraulis encrasicolus), sairdín (Sardina pilchardus), ronnach (Scomber spp.) agus bolmán (Trachurus spp.), suas le huasmhéid 5 % le haghaidh 2022 d’fhoghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill.

(b)

In oirdheisceart na Meánmhara:

(i)

maidir le colmóir (Merluccius merluccius) agus milléad (Mullus spp.), suas le huasmhéid 5 % le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin arna ngabháil ag soithí a úsáideann tráil ghrinnill;

(ii)

maidir le colmóir (Merluccius merluccius) agus milléad (Mullus spp.), suas le 1 % ar a mhéad haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh agus eangacha traimlí (GNS, GN, GND, GNC, GTN, GTR, GEN);

(iii)

maidir le rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), suas le 5 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána an speicis sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill;

(iv)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), deargán (Pagellus bogaraveo), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac raice (Polyprion americanus), garbhánach órcheannach (Sparus aurata), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus sól coiteann (Solea solea), suas le huasmhéad 5 % le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill;

(v)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), deargán (Pagellus bogaraveo), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac raice (Polyprion americanus), sól coiteann (Solea solea), gliomach Eorpach (Homarus gammarus) agus piardóg (Palinuridae), suas le 3 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh agus eangacha traimlí (GNS, GN, GND, GNC, GTN, GTR, GEN). I gcás inar lú ná 25 % de thabhairt i dtír iomlán na n-iascach tabhairt i dtír na speiceas sin, féadfar suas le 5 % ar a mhéad le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a bheith sna cainníochtaí a bheidh le haischur;

(vi)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), deargán (Pagellus bogaraveo), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac raice (Polyprion americanus), colmóir (Merluccius merluccius) agus garbhánach órcheannach (Sparus aurata), suas le 1 % ar a mhéad de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann duáin agus doruithe (LHP, LHM, LLS, LLD, LL, LTL, LX). I gcás inar lú ná 25 % de thabhairt i dtír iomlán na n-iascach tabhairt i dtír na speiceas sin, féadfar suas le 3 % de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a bheith sna cainníochtaí a bheidh le haischur;

(vii)

maidir le hainseabhaí (Engraulis encrasicolus), sairdín (Sardina pilchardus), ronnach (Scomber spp.) agus bolmán (Trachurus spp.) a shíneadh suas le 5 % ar a mhéad le haghaidh 2022 d’fhoghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill.

2.   Faoin 1 Bealtaine 2022, déanfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu san iascach i Muir Aidriad agus sa Mheánmhuir Thoir Theas sonraí breise a chur faoi bhráid an Choimisiúin bunaithe ar na staidéir leanúnacha agus ar mheastóireacht ar thionchar na díolúine agus ar aon fhaisnéis eolaíoch ábhartha eile a thacaíonn leis an díolúine a leagtar síos i mír 1, pointe (a)(viii) agus pointe (b)(vii). Déanfaidh STECF measúnú ar na sonraí sin agus ar an bhfaisnéis sin faoin 31 Iúil 2022 ar a dhéanaí.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/86 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2016 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha le haghaidh iascaigh ghrinnill áirithe sa Mheánmhuir (IO L 14, 18.1.2017, lch. 4).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/161 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2017 lena mbunaítear díolúine de minimis ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh pheiligeacha bheaga áirithe sa Mheánmhuir (IO L 30, 2.2.2018, lch. 1).

(4)  Tuarascálacha ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) – Meastóireacht ar na moltaí comhpháirteacha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír (STECF-21-05) 2021. Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg

Ar fáil anseo https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2537709/STECF+PLEN+19-02.pdf

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).


26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/14


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2065 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Lúnasa 2021

lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha haghaidh iascach turbard sa Mhuir Dhubh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (1) agus go háirithe Airteagal 15(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha in iascach uile an Aontais trí oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a thabhairt isteach.

(2)

Maidir leis an Muir Dhubh, bunaítear le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás gach gabhála de speicis atá faoi réir teorainneacha gabhála. Faoi Airteagal 15(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le speicis lena sainítear an t-iascach ón 1 Eanáir 2017 ar a dhéanaí. Ceann de na speicis sin is ea turbard.

(3)

An 20 Deireadh Fómhair 2016, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/87 (2) lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha le haghaidh iascach turbard sa Mhuir Dhubh, lena bhforáiltear maidir le díolúine inmharthanachta i dtaca le turbard a ghabhtar le heangacha geolbhaigh grinneallsocraithe. Bhí feidhm aige ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2019.

(4)

Tá leas díreach bainistíochta iascaigh ag an mBulgáir agus ag an Rómáin i saothrú turbard sa Mhuir Dhubh. An 12 Feabhra 2021, chuir na Ballstáit sin moladh comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin ina n-iarrtar athnuachan a dhéanamh ar an bplean maidir le hábhar muirí aischurtha agus ar an díolúine inmharthanachta le haghaidh turbard arna ngabháil le heangacha geolbhaigh grinneallsocraithe sa Mhuir Dhubh. An 15 Iúil 2021, thíolaic na Ballstáit sin moladh comhpháirteach nuashonraithe. Fuarthas rannchuidiú eolaíoch ó chomhlachtaí eolaíochta ábhartha maidir le rátaí arda marthanais an speicis seo.

(5)

Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (3) (“STECF”) measúnú ar an moladh comhpháirteach nuashonraithe a tíolacadh agus thug sé dá aire go bhfuil gá le feabhsuithe ar an bhfaisnéis a tugadh. Aithníonn an Coimisiún go bhfuil staidéir (4) eolaíocha ann a léiríonn ard-inmharthanacht turbard a ghabhann soithí ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus a úsáideann eangacha geolbhaigh sa Mhuir Dhubh. Ós rud é go mbaineann na staidéir leis an imchuach farraige, na speicis agus na gléasanna céanna a áirítear sa díolúine a d’iarr an Bhulgáir agus an Rómáin, measann an Coimisiún gur cheart an staidéar sin a chur san áireamh chun críche na díolúine.

(6)

Ba cheart an díolúine inmharthanachta a cheadaítear faoi Airteagal 15(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a áireamh sa Rialachán seo ar feadh bliana, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch agus ar mheasúnú CETEI.

(7)

Faoin 1 Bealtaine 2022 ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann sonraí breise a thíolacadh maidir le meastacháin mharthanais a bhaineann le hiascach na heangaí geolbhaigh i gcás turbard.

(8)

Ós rud é go mbíonn tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le séasúr iascaireachta shoithí an Aontais agus ar phleanáil na séasúr sin, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm díreach tar éis a fhoilsithe. I gcomhréir leis an moladh comhpháirteach agus an t-amchlár a leagtar amach in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 á chur san áireamh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme

Beidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 sa Mhuir Dhubh maidir le hiascach turbard (Psetta maxima) a ghabhtar le heangacha geolbhaigh grinneallsocraithe (cód giaranna (5) GNS), i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Sainmhíniú

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “an Mhuir Dhubh” uiscí muirí sa Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (“GFCM”) Folimistéar Geografach 29 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

Airteagal 3

Díolúine maidir le hinmharthanacht

1.   Maidir leis an díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír de bhun Airteagal 15(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le speicis a léiríonn fianaise eolaíoch rátaí arda marthanais a bheith acu, beidh feidhm aici in 2022 maidir le turbaird (Psetta maxima) arna ngabháil le heangacha geolbhaigh grinneallsocraithe (GNS) sa Mhuir Dhubh.

2.   Déanfar turbard (Psetta maxima) a ghabhtar sna cúinsí dá dtagraítear i mír 1 a scaoileadh láithreach sa limistéar inar gabhadh é.

3.   Faoin 1 Bealtaine 2022, na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu in iascach turbard sa Mhuir Dhubh, déanfaidh siad sonraí breise maidir le meastacháin mharthanais a bhaineann le hiascach na heangaí geolbhaigh le haghaidh turbaird agus aon fhaisnéis eolaíoch ábhartha eile a thacaíonn leis an díolúine a leagtar síos i mír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfaidh STECF measúnú ar na sonraí sin faoin 31 Iúil 2022 ar a dhéanaí.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/87 ón gCoimisiún an Déardaoin 20 Deireadh Fómhair 2016 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha le haghaidh iascach turbard sa Mhuir Dhubh (IO L 14, 18.1.2017, lch. 9).

(3)  Tuarascálacha ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) – Meastóireacht ar na moltaí comhpháirteacha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír (STECF-21-05) 2021. Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg. Ar fáil anseo: https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2537709/STECF+PLEN+19-02.pdf

(4)  Basaran, F. and N. Samsun, 2004, Survival rates of Black Sea Turbot (Psetta maxima maeotica, L. 1758) broodstock captured by gill nets from different depths and their adaptation culture conditions, Aquaculture International 12: 321–331, 2004; Giragosov, V. agus A. Nikolayevna Khanaychenko, 2012, The State-of-Art of the Black Sea Turbot Spawning Population off Crimea (1998-2010), Journal of Turkish Fisheries and Aquatic Sciences, Meán Fómhair 2012, DOI: 10.4194/1303-2712-v12_2_25; Samsun, N. and F. Kalayci, 2005, Survival Rates of Black Sea Turbot (Scophthalmus maeoticus Pallas, 1811), Captured by Bottom Turbot Gillnets in Different Depths and Fishing, Seasons Between 1999 and 2004, Turkish Journal of Fisheries and Aquatic Sciences 5: 57-62 (2005).

(5)  Tagraíonn cóid ghiaranna a úsáidtear sa Rialachán seo do na cóid sin in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1). Maidir leis na soithí a bhfuil a bhfad iomlán níos lú ná 10 méadar, tagraíonn na cóid a úsáidtear sa tábla seo do na cóid ó aicmiú trealaimh FAO.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú GFCM (an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).


26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/17


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2066 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Lúnasa 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le mionsonraí faoi chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le stoic ghrinnill áirithe sa Mheánmhuir Thiar le haghaidh na tréimhse 2022-2024

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 14 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaítear le Rialachán (AE) 2019/1022 plean ilbhliantúil maidir le hiascaigh ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar. Le hAirteagal 14 den Rialachán sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí mhionsonraí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a shonrú i gcás gach stoic de speicis sa Mheánmhuir Thiar a bhfuil feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir leo agus i gcás gabhálacha de thaisme de speicis pheiligeacha in iascaigh a shaothraíonn na stoic i gcomhréir leis an bhforáil sin.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/86 ón gCoimisiún (2), bunaíodh plean maidir le hábhar muirí aischurtha d’iascaigh ghrinnill áirithe sa Mheánmhuir, plean is infheidhme ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2019, tar éis do roinnt Ballstát a bhfuil leas díreach bainistíochta acu san iascach sa Mheánmhuir (an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, Málta agus an tSlóivéin) trí mholadh chomhpháirteacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin in 2016. Bhain na trí mholadh chomhpháirteacha sin leis an Meánmhuir Thiar, le Muir Aidriad agus leis an Meánmhuir Thoir-Theas faoi seach.

(3)

An 7 Bealtaine 2021, tar éis dul i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach na Meánmhara (“MEDAC”), chuir an Spáinn, an Fhrainc agus an Iodáil (“Grúpa Ardleibhéil Pescamed”), moladh comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin ina moltar síneadh a chur le díolúintí áirithe ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar.

(4)

Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (‘STECF’) measúnú ar an moladh comhpháirteach sin idir an 17 agus an 21 Bealtaine 2021 (3).

(5)

An 21 Iúil 2021, thíolaic Grúpa Ardleibhéil Pescamed moladh comhpháirteach nuashonraithe a bhí i gcomhréir le measúnú STECF.

(6)

Faoi Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), rinne an Coimisiún breithniú ar an moladh comhpháirteach i bhfianaise mheasúnú STECF chun a áirithiú go bhfuil sé comhoiriúnach leis na bearta caomhnaithe ábhartha, lena n-áirítear an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír.

(7)

Tugann an Coimisiún dá aire go ngabhtar speicis sa Mheánmhuir Thiar i gcomhthráth, agus i gcainníochtaí an-éagsúil, rud a fhágann go mbíonn cur chuige stoic aonair dúshlánach. Ina theannta sin, gabhann soithí iascaireachta mionscála na speicis sin agus tugtar i dtír iad ag go leor pointí tabhairt i dtír thar raon leathan geografach ar feadh an chósta, agus is é an toradh a bhíonn aige sin go mbíonn costais dhíréireacha ann maidir le gabhálacha de thaisme a láimhseáil.

(8)

Moltar leis an moladh comhpháirteach nuashonraithe síneadh a chur leis an díolúine inmharthanachta, dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, a bunaíodh le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha, eadhon muirín (Pecten jacobeus), breallaigh chroise (Venerupis spp.) agus breallaigh mhaighdeogacha (Venus spp.) a ghabhtar le dreidirí meicnithe (HMD) le haghaidh 2022. Mheabhraigh STECF do na Ballstáit dhá staidéar a bhí ann cheana a chur i gcrích chun measúnú breise a dhéanamh ar rátaí marthanais muirín, breallach croise agus breallach maighdeogach. Ós rud é nach bhfuil an fhianaise maidir le rátaí marthanais na speiceas sin cinntitheach, measann an Coimisiún gur cheart an díolúine in-mharthanachta a áireamh sa Rialachán seo ar feadh bliana go dtí go gcuirfear isteach na sonraí inmharthanachta ábhartha. Ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann na sonraí ábhartha inmharthanachta do na trí speiceas sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Bealtaine 2022 ionas go bhféadfaidh STECF measúnú iomlán a dhéanamh ar na húdair atá leis an díolúine agus ionas go bhféadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh.

(9)

Leis an moladh comhpháirteach nuashonraithe, moltar síneadh a chur leis an díolúine inmharthanachta a bunaíodh le haghaidh ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a ghabhtar le tráil ghrinnill (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, EB, OT, PT, TX) le haghaidh 2022, 2023 agus 2024. Mheas STECF go bhfuil fianaise eolaíoch ann a léiríonn ráta íseal marthanais don speiceas sin sa Mheánmhuir Thiar agus i réigiúin eile, i rith mhí Iúil agus mhí Lúnasa. Ós rud é go bhfuil rátaí arda marthanais ann le linn an chuid eile den bhliain agus saintréithe an trealaimh, na gcleachtas iascaireachta agus an éiceachórais á gcur san áireamh, measann an Coimisiún gur cheart síneadh a chur leis an díolúine inmharthanachta ar feadh 3 bliana, ach amháin mí Iúil agus mí Lúnasa gach bliain.

(10)

Leis an moladh comhpháirteach nuashonraithe, moltar síneadh a chur leis an díolúine inmharthanachta le haghaidh ghliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a ghabhtar le potaí agus gaistí (FPO, FIX) le haghaidh 2022, 2023 agus 2024. Mheas STECF go raibh teorainn leis an bhfaisnéis shonrach chun tacú leis an díolúine sin. Ós rud é go bhfuil an t-iascach seo an-roghnach, áfach, measann an Coimisiún gur cheart síneadh trí bliana a chur leis an díolúine.

(11)

Leis an moladh comhpháirteach nuashonraithe, moltar síneadh a chur leis an díolúine inmharthanachta don deargán (Pagellus bogaraveo) a ghabhtar le crúcaí agus línte (LHP, LHM, LLS, LLD, LL, LTL, LX) le haghaidh 2022 agus 2023. Mheas STECF gur cuireadh fianaise ar fáil chun tacú leis an díolúine sin, ach gur cheart staidéir eolaíocha bhreise a dhéanamh chun breathnú go díreach ar mharthanas ábhair mhuirí aischurtha. Measann an Coimisiún gur cheart síneadh 2 bhliain a chur leis an díolúine.

(12)

Leis an moladh comhpháirteach nuashonraithe, moltar síneadh a chur leis go an díolúine inmharthanachta le haghaidh gliomaigh (Homarus gammarus) agus piardóige (Palinuridae) a ghabhtar le líonta (GNS, GN, GND, GNC, GTN, GTR, GEN) agus le potaí agus gaistí (FPO, FIX) le haghaidh 2022 agus 2023. Mheas STECF gur cuireadh fianaise ar fáil a léirigh gur dhócha go mbeadh tionchar íseal ag inmharthanacht na díolúine, ach ba cheart staidéir eolaíocha bhreise a dhéanamh chun breathnú go díreach ar rátaí marthanais ábhair mhuirí aiscurtha. Measann an Coimisiún gur cheart síneadh 2 bhliain a chur leis an díolúine.

(13)

Cuireadh fianaise eolaíoch nuashonraithe ar fáil leis an moladh comhpháirteach maidir le costais dhíréireacha a bhaineann le gabhálacha de thaisme a láimhseáil. Cé gur thug STECF dá aire go bhfuil meastacháin ar an méadú ar chostais curtha ar fáil, leag sé béim ar na deacrachtaí atá ann breithniú a dhéanamh maidir le cén leibhéal ag a bhfuil costais atá díréireach. Thug STECF dá aire go bhféadfaí an fhaisnéis a cuireadh ar fáil maidir le costais dhíréireacha a thabhairt chun críche a thuilleadh agus gur cheart meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na díolúine. Ina theannta sin, thug CETEI dá aire gur cheart tosaíocht a thabhairt do laghdú a dhéanamh ar leibhéal na ngabhálacha de thaisme trí threalamh roghnaitheach nó limistéir mhuirí faoi chosaint a úsáid. Is díol sásaimh don Choimisiún an gealltanas a thug Grúpa Ardleibhéil Pescamed obair bhreise a dhéanamh ar roghnaíocht agus ar shrianta spásúla iascaigh mar thosaíocht chun laghdú ar ghabhálacha de thaisme a bhaint amach. Thug STECF dá aire go gcumhdaítear grúpa leathan speiceas a bhfuil raon leathan rátaí aischuir acu leis an gcur chuige iomlán de minimis ach measadh gur cur chuige bailí é cumhdach leathan den sórt sin i bhfianaise chastacht na n-iascach sa Mheánmhuir Thiar. Ina theannta sin, mheas STECF gur dhócha go mbeadh go leor díolúintí ar leith ann a bheadh chomh dúshlánach céanna le faireachán a dhéanamh orthu mar thoradh ar dhíolúintí aonair de minimis a chumhdaíonn aon speiceas amháin. Measann an Coimisiún gur cheart síneadh a chur leis an díolúine a leis na leibhéil chéatadáin atá beartaithe.

(14)

Sa mholadh comhpháirteach uathu, rinne na Ballstáit athnuachan ar a ngealltanas roghnaíocht an trealaimh iascaireachta a mhéadú i gcomhréir le torthaí na gclár taighde reatha chun gabhálacha de thaisme a laghdú agus a theorannú agus go háirithe gabhálacha faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a laghdú agus a theorannú.

(15)

Ina theannta sin, gheall na Ballstáit ina moladh comhpháirteach go ndéanfaidh siad limistéir choiscthe bhreise a shainaithint chun básmhaireacht i measc na n-óg a laghdú, i gcás ina bhfuil fianaise ann go bhfuil líon ard iasc óg ann. Tá na bearta a mholtar sna moltaí comhpháirteacha nuashonraithe i gcomhréir le hAirteagal 15(4), le hAirteagal 15(5), pointí (b) agus (c) agus le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(16)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta maidir le soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe, Ba cheart feidhm a bheith aige ón 1 Eanáir 2022.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme

Maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm aici in uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar maidir le hiascaigh ghrinnill i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “Fo-limistéir Gheografacha de chuid GFCM” Fo-limistéir Gheografacha de chuid an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM), mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(b)

Ciallaíonn “an Mheánmhuir Thiar” Folimistéir Gheografacha 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11.1, 11.2 agus 12 de chuid GFCM.

Airteagal 3

Díolúintí inmharthanachta

1.   Maidir leis an díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír de bhun Airteagal 15(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcás na speiceas sin a léiríonn fianaise eolaíoch ina leith go bhfuil rátaí arda marthanais acu sa Mheánmhuir Thiar, beidh feidhm aici maidir leis an méid seo a leanas:

a)

muirín (Pecten jacobeus) a gabhadh le dreidirí meicniúla (HMD) go dtí an 31 Nollaig 2022;

b)

breallach croise (Venerupis spp.)a ghabhtar le dreidirí meicnithe (HMD) go dtí an 31 Nollaig 2022;

c)

breallach maighdeogach (Venus spp.)a gabhadh le dreidirí meicnithe (HMD) go dtí an 31 Nollaig 2022;

d)

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a ghabhtar le gach trál grinnill (OTB, OTT, PT, TBN, TBS, TB, OT, PT, TX) i rith na míonna ó Eanáir go Meitheamh agus ó Mheán Fómhair go Nollaig, gach bliain go dtí an 31 Nollaig 2024;

e)

Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a ghabhtar le potaí agus gaistí (FPO, FIX) go dtí an 31 Nollaig 2024;

f)

deargán (Pagellus bogaraveo) a ghabhtar le duáin agus doruithe (LHP, LHM, LLS, LLD, LL, LTL, LX) go dtí an 31 Nollaig 2023;

g)

gliomach (Homarus gammarus) a ghabhtar le heangacha (GNS, GN, GN, GNC, GTN, GTR, GEN) agus le potaí agus gaistí (FPO, FIX) go dtí an 31 Nollaig 2023;

h)

piardóg (Palinuridae) a ghabhtar le líonta (GNS, GN, GND, GNC, GTN, GTR, GEN) agus le potaí agus gaistí (FPO, FIX) go dtí an 31 Nollaig 2023.

2.   Déanfar muirín (Pecten jacobeus), breallach croise (Venerupis spp.), breallach maighdeogach (Venus spp.), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), deargán (Pagellus bogaraveo), gliomach (Homarus gammarus) agus piardóg (Palinuridae) a ghabhtar sna cúinsí dá dtagraítear i mír 1 a scaoileadh láithreach sa limistéar inar gabhadh iad.

3.   Faoin 1 Bealtaine 2022, déanfaidh na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu san iascach sa Mheánmhuir sonraí breise maidir le hábhar muirí aischurtha agus aon fhaisnéis eolaíoch ábhartha eile a thacaíonn leis an díolúine a leagtar síos i mír 1, pointí (a), (b) agus (c) a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Faoin 31 Iúil 2022 ar a dhéanaí, déanfaidh STECF measúnú ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis arna gcur isteach.

Airteagal 4

Díolúintí de minimus

De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfar na cainníochtaí speiceas seo a leanas a aischur de bhun Airteagal 15(4), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013:

(a)

maidir le colmóir (Merluccius merluccius) agus milléad (Mullus spp.), suas le 5 % ar a mhéid le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill;

(b)

maidir le colmóir (Merluccius merluccius) agus milléad (Mullus spp.), suas le1 % ar a mhéid le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha bliantúla iomlána na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh agus eangacha traimlí;

(c)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), deargán (Pagellus bogaraveo), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac raice (Polyprion americanus), sól coiteann (Solea solea), garbhánach órcheannach (Sparus aurata) agus rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), suas le 5 % ar a mhéid le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha iomlána bliantúla na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill;

(d)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), deargán (Pagellus bogaraveo), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac reice (Polyprion americanus), sól coiteann (Solea solea), garbhánach órcheannach (Sparus aurata), suas le 3 % ar a mhéid le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha iomlána bliantúla na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh agus eangacha traimlí;

(e)

maidir le doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax), garbhánach fáinneach (Diplodus annularis), garbhánach géarshocach (Diplodus puntazzo), garbhánach bán (Diplodus sargus), garbhánach débhandach coiteann (Diplodus vulgaris), garúpaigh (Epinephelus spp.), garbhánach stríocach (Lithognathus mormyrus), garbhánach ascailleach (Pagellus acarne), garbhánach coiteann (Pagellus erythrinus), garbhánach pargach dearg (Pagrus pagrus), breac reice (Polyprion americanus), sól coiteann (Solea solea), garbhánach órcheannach (Sparus aurata), suas le 1 % ar a mhéid le haghaidh 2022 agus 2023 de ghabhálacha iomlána bliantúla na speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann duáin agus doruithe.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 172, 26.6.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/86 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2016 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha d’iascaigh ghrinnill áirithe sa Mheánmhuir (IO L 14, 18.1.2017, lch. 4).

(3)  Tuarascálacha ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) – Measúnú ar na moltaí comhpháirteacha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír (STECF-21-05) 2021. Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg. Le fáil anseo https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2537709/STECF+PLEN+19-02.pdf

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).


26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/22


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2067 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Samhain 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 183(b) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 5(6)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún (3) rialacha mionsonraithe chun córas na ndleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme, agus le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe.

(2)

Is éard a léiríonn faireachán rialta ar na sonraí a úsáidtear chun praghsanna ionadaíocha d’fheoil éanlaithe clóis agus do tháirgí uibheacha a shocrú, sin agus an faireachán rialta ar ghealacáin uibhe, gur cheart na praghsanna allmhairithe ionadaíocha ar tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh cuid de na hearraí a chur san áireamh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a leasú dá réir sin.

(4)

Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiún,

Ar son an Uachtaráin,

Wolfgang BURTSCHER

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  IO L 150, 20.5.2014, lch. 1.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas dleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme agus chun praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnálacha na feola éanlaithe clóis agus na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe, agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 163/67/CEE (IO L 145, 29.6.1995, lch. 47).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN I

Cód AC

Tuairisc ar na hearraí

Praghas ionadaíoch

(EUR/100 kg)

An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3

(EUR/100 kg)

Tionscnamh  (1)

0207 14 10

Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite

172,0

44

BR


(1)  Ainmníocht na dtíortha arna socrú le Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht tíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).”


26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/25


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2068 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Samhain 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beanflurailin, démhocsastróibin, fluasanam, flutolainil, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) na substaintí gníomhacha a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/52 ón gCoimisiún (3), cuireadh síneadh go dtí an 31 Eanáir 2022 le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha démhocsastróibin, meiceapróp-P, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin, agus síneadh go dtí an 28 Feabhra 2022 le tréimhse formheasa na substaintí gníomhacha beanflurailin, fluasanam, flutolainil agus meipiocuat.

(3)

Cuireadh isteach iarratais ar athnuachan fhormheas na substaintí sin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (4), arna aisghairm le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (5). Mar sin féin, tá feidhm fós ag an nós imeachta le haghaidh athnuachan fhormheas na substaintí gníomhacha sin faoi mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740.

(4)

Ós rud é gur cuireadh moill ar mheasúnú na substaintí gníomhacha sin ar chúiseanna nach bhfuil neart ag na hiarratasóirí orthu, is dócha go rachaidh na formheasanna atá ag na substaintí gníomhacha sin in éag sula mbeidh cinneadh déanta maidir lena n-athnuachan. Dá bhrí sin, is gá síneadh a chur lena dtréimhsí formheasa.

(5)

Ina theannta sin, is gá síneadh a chur leis an tréimhse formheasa i gcás na substaintí gníomhacha fluasanam, flutolainil, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream agus pireaclóstróibin ionas go mbeidh am a dhóthain ann chun measúnú a dhéanamh i ndáil le hairíonna suaite inchríneach na substaintí gníomhacha sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 13 agus Airteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012.

(6)

A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar nach ndéanfar formheas substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan toisc nach gcomhlíontar na critéir formheasa, is é an dáta atá le socrú ag an gCoimisiún mar dháta éaga an dáta céanna a bhí ann roimh an Rialachán seo nó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena bhforáiltear nach ndéanfar formheas na substainte gníomhaí a athnuachan, cibé dáta acu sin is déanaí. A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar maidir le hathnuachan substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, féachfaidh an Coimisiún leis an dáta cur i bhfeidhm a shocrú a luaithe is féidir, de réir mar is iomchuí sna himthosca.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/52 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beanflurailin, démhocsastróibin, fluasanam, flutolainil, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin (IO L 23, 25.1.2021, lch. 13).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana le haghaidh substaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

(1)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 57, Meiceapróp-P, cuirtear “31 Eanáir 2023” in ionad an dáta;

(2)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 81, Pireaclóstróibin, cuirtear “31 Eanáir 2023” in ionad an dáta;

(3)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 115, Meitiream, cuirtear “31 Eanáir 2023” in ionad an dáta;

(4)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 116, Ocsaimil, cuirtear “31 Eanáir 2023” in ionad an dáta;

(5)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 128, Démhocsastróibin, “31 Eanáir 2023” in ionad an dáta;

(6)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 187, Flutolainil, cuirtear “28 Feabhra 2023” in ionad an dáta;

(7)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 188, Beanflurailin, cuirtear “28 Feabhra 2023” in ionad an dáta;

(8)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 189, Fluasanam, cuirtear “28 Feabhra 2023” in ionad an dáta;

(9)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 191, Meipiocuat, cuirtear “28 Feabhra 2023” in ionad an dáta.


26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/28


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2069 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Samhain 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le prátaí margaidh a thabhairt isteach san Aontas ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin, ó Mhontainéagró agus ón tSeirbia agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1199

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 40(2) de

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hiontráil 17 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2) cuirtear toirmeasc le tiúbair de speicis Solanum L. agus a hibridí, seachas iad siúd a shonraítear in iontráil 15 agus iontráil 16 de, a thabhairt isteach san Aontas, tiúbair Solanum tuberosum L. (an “planda sonraithe”) de thionscnamh tríú tíortha áirithe san áireamh.

(2)

Níl feidhm ag an toirmeasc sin maidir le tríú tíortha Eorpacha agus limistéir shonracha a liostaítear faoi iontráil 17, an ceathrú colún, pointe (b), d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, má aithnítear go bhfuil siad saor ó Clavibacter sepedonicus (Spieckermann agus Kotthoff) Nouioui et al. (“an lotnaid shonraithe”), arb é is cúis leis an ngalar lobhadh fáinneach prátaí, nó má aithnítear go bhfuil a gcuid reachtaíochta coibhéiseach le rialacha an Aontais maidir le cosaint in aghaidh na lotnaide sin.

(3)

Dealraíonn sé ón bhfaisnéis a chuir Montainéagró ar fáil agus a bhain leis na feachtais suirbhé bhliantúla idir 2010 agus 2020, agus ón bhfaisnéis a bailíodh le linn iniúchadh a rinneadh le haghaidh an Choimisiúin ar earnáil na bprátaí sa tír sin i Samhain 2019, nach raibh an lotnaid shonraithe i láthair i Montainéagró. D’fhorbair an tír sin plean gníomhaíochta leantach sásúil mar fhreagairt ar na moltaí i dtuarascáil deiridh an iniúchta a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar rialuithe sláinte plandaí in earnáil na bprátaí. Is iomchuí, dá bhrí sin, Montainéagró a aithint mar thír atá saor ó Clavibacter sepedonicus (Spieckermann agus Kotthoff) Nouioui et al., agus cead a thabhairt prátaí margaidh a thabhairt isteach san Aontas ó Mhontainéagró toisc go meastar go bhfuil sé saor ón lotnaid shonraithe.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE ón gCoimisiún (3) agus Cinneadh Cur Chun feidhme (AE) 2015/1199 ón gCoimisiún (4), aithníodh an tSeirbia agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, faoi seach, a bheith saor ón lotnaid shonraithe.

(5)

Toisc nach bhfuil aon athrú, de réir thorthaí an tsuirbhé agus na n-iniúchtaí faoi seach, tagtha ar an staid sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus sa tSeirbia ón am a glacadh na Cinntí Cur Chun Feidhme sin, meastar go bhfuil na tríú tíortha sin saor go fóill ón lotnaid shonraithe, agus ba cheart cead a thabhairt prátaí margaidh a tháirgtear ina gcríocha a thabhairt isteach san Aontas.

(6)

Chun a áirithiú go bhfanfaidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an tSeirbia, agus an Ríocht Aontaithe saor ón lotnaid shonraithe, ba cheart a cheangal ar na tríú tíortha sin, faoin 30 Aibreán gach bliain, torthaí an tsuirbhé ón mbliain roimhe sin lena ndeimhnítear nach bhfuil an lotnaid shonraithe i láthair ar a gcríocha a chur faoi bhráid an Choimisiúin, toisc go n-áiritheofaí leis sin an tréimhse ama ba chuí chun na torthaí sin a bhailiú agus a thíolacadh mar is cuí.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, leasú a dhéanamh ar iontráil 17, an ceathrú colún, pointe (b) agus pointe (c), d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 dá réir sin, chun an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an tSeirbia agus an Ríocht Aontaithe a chumhdach freisin.

(8)

Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1199 a aisghairm.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1199.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2012, lena n-aithnítear an tSeirbia a bheith saor ó Clavibacter michiganensis ssp. sepedonicus (Spieckerman agus Kotthoff) Davis et al. (IO L 114, 26.4.2012, lch. 28).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1199 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2015, lena n-aithnítear an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a bheith saor ó Clavibacter michiganensis ssp. sepedonicus (Spieckerman agus Kotthoff) Davis et al. (IO L 194, 22.7.2015, lch. 42).


IARSCRÍBHINN

In iontráil 17, an ceathrú colún, d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs:

“Tríú tíortha nó réigiúin seachas iad seo a leanas:

(a)

an Ailgéir, an Éigipt, an Iosrael, an Libia, Maracó, an tSiria, an Eilvéis, an Túinéis agus an Tuirc;

(b)

iad siúd a chomhlíonann an méid seo a leanas:

(i)

is ceann díobh seo a leanas iad:

an Albáin, Andóra, an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, na hOileáin Chanáracha, Oileáin Fharó, an tSeoirsia, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mholdóiv, Monacó, An Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an Rúis (na codanna seo a leanas amháin: an Ceantar Cónaidhmeach Lárnach (Tsentralny federalny okrug), an Ceantar Cónaidhmeach Thiar Thuaidh (Severo-Zapadny federalny okrug), an Ceantar Cónaidhmeach Theas (Yuzhny federalny okrug), Ceantar Cónaidhmeach an Chugais Thuaidh (Severo-Kavkazsky federalny okrug) agus Ceantar Cónaidhmeach Volga (Privolzhsky federalny okrug)), San Mairíne agus an Úcráin;

agus

(ii)

comhlíonann siad ceann acu seo a leanas:

aithnítear go bhfuil siad saor ó Clavibacter sepedonicus (Spieckermann agus Kotthoff) Nouioui et al., i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 107 de Rialachán (AE) 2016/2031, nó

aithnítear go bhfuil a gcuid reachtaíochta coibhéiseach le rialacha an Aontais maidir le cosaint ó Clavibacter sepedonicus (Spieckermann agus Kotthoff) Nouioui et al., i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 107 de Rialachán (AE) 2016/2031;

(c)

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an tSeirbia agus an Ríocht Aontaithe (*1), a fhad is a chomhlíontar an coinníoll seo a leanas: cuireann na tríú tíortha sin, faoin 30 Aibreán gach bliain, torthaí an tsuirbhé ón mbliain roimhe sin lena ndeimhnítear nach bhfuil Clavibacter sepedonicus (Spieckermann agus Kotthoff) Nouioui et al. i láthair ar a gcríocha, faoi bhráid an Choimisiúin.


(*1)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.”.”


26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/31


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2070 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Samhain 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal a bhunú agus maidir le haerphaisinéirí a chur ar an eolas faoi chéannacht an iompróra oibriúcháin, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaítear liosta aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún (2).

(2)

De bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, chuir Ballstáit áirithe agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) faisnéis in iúl don Choimisiún atá ábhartha maidir leis an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta. Sholáthair tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta faisnéis ábhartha freisin. Ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh, ba cheart an liosta a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Chuir an Coimisiún na haeriompróirí uile lena mbaineann ar an eolas, go díreach nó trí na húdaráis atá freagrach as a bhformhaoirseacht rialála, faoi na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha a bheadh mar bhunús le cinneadh toirmeasc a chur ar a n-oibriú laistigh den Aontas nó leis na coinníollacha maidir le toirmeasc ar a n-oibriú arna fhorchur ar aeriompróir atá curtha isteach sa liosta in Iarscríbhinní A nó B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhodhnú.

(4)

Thug an Coimisiún an deis do na haeriompróirí lena mbaineann an doiciméadacht ábhartha uile a cheadú, barúlacha i scríbhinn a chur isteach agus cur i láthair ó bhéal a dhéanamh os comhair an Choimisiúin agus an Choiste arna bhunú le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 (“Coiste Aershábháilteachta an Aontais”).

(5)

Chuir an Coimisiún Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na comhairliúcháin chomhpháirteacha leanúnacha, laistigh de chreat Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 (3) ón gCoimisiún, le húdaráis inniúla agus aeriompróirí na hAirméine, Oileáin Chomóra, na hIaráice, na Casacstáine, na Libia, Mheicsiceo, na Moldóive, na Pacastáine agus na Súdáine Theas. Chuir an Coimisiún Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas freisin faoi chúrsaí sábháilteachta eitlíochta sa Chongó (Brazzaville) sa Ghuine Mheánchiorclach, i Madagascar, sa tSúdáin agus i Suranam.

(6)

Chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na measúnuithe teicniúla a rinneadh le haghaidh na meastóireachta tosaigh agus an fhaireacháin leanúnaigh ar údaruithe oibreoirí tríú tíortha, arna n-eisiúint de bhun Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún (4).

(7)

Chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas freisin faoi thorthaí na hanailíse ar chigireachtaí rampa a rinneadh faoin gclár um Measúnú Sábháilteachta ar Aerárthaí Eachtracha (“SAFA”), i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (5).

(8)

Chomh maith leis sin, chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na tionscadail um chúnamh teicniúil a rinneadh i dtríú tíortha a ndearna toirmeasc ar oibriú faoi Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 difear dóibh. Thairis sin, sholáthair an Ghníomhaireacht agus an Fhrainc faisnéis faoi na pleananna agus na hiarrataí ar chúnamh teicniúil agus comhar breise chun feabhas a chur ar chumas riaracháin agus teicniúil na n-údarás um eitlíocht shibhialta i dtríú tíortha d’fhonn cuidiú leo dul i ngleic le neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta is infheidhme maidir leis an eitlíocht shibhialta. Iarradh ar na Ballstáit freagra a thabhairt ar na hiarrataí sin i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht ar bhonn déthaobhach. I ndáil leis sin, d’athluaigh an Coimisiún a úsáidí atá sé faisnéis a sholáthar don chomhphobal idirnáisiúnta eitlíochta, go háirithe tríd an uirlis Chomhpháirtíochta um Chúnamh maidir le Sábháilteacht Eitlíochta a Chur Chun Feidhme, ar uirlis de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta í, faoin gcúnamh teicniúil a sholáthraíonn an tAontas agus na Ballstáit do thríú tíortha chun feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta ar fud an domhain.

(9)

Sholáthair Eurocontrol tuairisc cothrom le dáta don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais maidir le stádas fheidhmeanna aláraim SAFA agus na n-oibreoirí tríú tír, lena n-áirítear staitisticí faoi theachtaireachtaí foláirimh le haghaidh aeriompróirí a bhfuil toirmeasc orthu.

Aeriompróirí an Aontais

(10)

Tar éis don Ghníomhaireacht anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a d’eascair as cigireachtaí rampa a rinneadh ar aerárthaí aeriompróirí an Aontais, maille le faisnéis a d’eascair as cigireachtaí caighdeánaithe a rinne an Ghníomhaireacht, arna comhlánú freisin le faisnéis a d’eascair as cigireachtaí agus iniúchtaí sonracha a rinne údaráis náisiúnta eitlíochta, tá bearta áirithe forfheidhmithe agus ceartaitheacha glactha ag roinnt Ballstát agus ag an nGníomhaireacht, agus í ag feidhmiú mar údarás inniúil, agus tá an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais curtha ar an eolas faoi na bearta sin.

(11)

D’athdhearbhaigh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht, agus í ag feidhmiú mar údarás inniúil, go bhfuil siad réidh le gníomhú de réir mar is gá i gcás ina léireoidh an fhaisnéis ábhartha sábháilteachta go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán ábhartha sábháilteachta ag aeriompróirí an Aontais.

Aeriompróirí ón Airméin

(12)

I mí an Mheithimh 2020, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/736 ón gCoimisiún, cuireadh aeriompróirí ón Airméin isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 (6).

(13)

An 3 Samhain 2021, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit agus Coiste Eitlíochta Sibhialta na hAirméine (“CAC”) cruinniú teicniúil, ar lena linn a thug CAC nuashonrú maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh ó tionóladh an cruinniú teicniúil an 15 Aibreán 2021 chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh shábháilteachta a sainaithníodh. Thug CAC forléargas ar na forbairtí is déanaí maidir leis an gcreat dlíthiúil um an eitlíocht shibhialta san Airméin, faisnéis maidir le forbairt bhreise na bhfeidhmeanna agus na bhfreagrachtaí ranna/rannóige atá ag CAC, agus an Lámhleabhar Acmhainní Daonna.

(14)

Chuir CAC an Coimisiún ar an eolas freisin faoin Lámhleabhar um Bainistiú Sábháilteachta a forbraíodh le déanaí agus faoi na seisiúin oiliúna maidir leis an gCóras um Bainistiú Sábháilteachta (SMS) a rinne baill foirne CAC.

(15)

Thairis sin, chuir CAC in iúl don Choimisiún gur cúlghaireadh na Deimhnithe Aeroibreora (“AOC”) de chuid na n-aeriompróirí Atlantis Armenian Airlines agus Fly Armenia Airways agus gur deimhníodh aeriompróir nua Flyone Armenia (AOC Uimh. 074). Ós rud é nach bhfuil léirithe ag Coiste Eitlíochta Sibhialta na hAirméine go bhfuil cumas leordhóthanach aige na caighdeáin sábháilteachta ábhartha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, le heisiúint AOCanna do na haeriompróirí nua sin ní rud é sin a ráthaíonn go bhfuil caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta á gcomhlíonadh go leordhóthanach.

(16)

Tugann an Coimisiún dá aire an dul chun cinn atá déanta ag CAC ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní maidir le sábháilteacht eitlíochta, rud a d’fhág gur i mí an Mheithimh 2020, cuireadh iompróirí deimhnithe na hAirméine isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006. Mar sin féin, de réir na faisnéise agus na doiciméadachta a chuir CAC ar fáil, ní leor an fhianaise gur tugadh aghaidh go héifeachtach ar na heasnaimh shábháilteachta a sainaithníodh le linn na cuairte measúnaithe a rinne an tAontas ar an láthair in 2020 ar chaoi a áiritheodh comhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta. Leanfaidh an Coimisiún de bheith i dteagmháil le CAC agus déanfaidh sé faireachán ar na bearta breise a ghlactar agus na gníomhaíochtaí a dtugtar fúthu chun na heasnaimh shábháilteachta sin a réiteach, lena n-áirítear na hacmhainneachtaí maidir le formhaoirseacht ar shábháilteacht atá ag CAC féin. Sa chomhthéacs seo, tugadh faoi deara go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht bainistíocht ar thionscadal um chúnamh teicniúil chun tacú le CAC agus í ag iarraidh formhaoirseacht ar shábháilteacht eitlíochta a fheabhsú san Airméin.

(17)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún i dtaobh aeriompróirí ón Airméin gur cheart liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a leasú chun go n-áireofaí Flyone Armenia in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, agus chun go mbainfí Atlantis Armenian Airlines agus Fly Armenia Airways den Iarscríbhinn sin.

(18)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe san Airméin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

Aeriompróirí ó Oileáin Chomóra

(19)

Cuireadh an t-aeriompróir Air Service Comores isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 an 22 Márta 2006.

(20)

An 12 Deireadh Fómhair 2006, trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 1543/2006 ón gCoimisiún, aistríodh Air Service Comores ó Iarscríbhinn A go hIarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 (7).

(21)

Mar chuid dá ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnaigh, d’iarr an Coimisiún ar L’Agence Nationale de l’Aviation Civile et de la Météorologie de l’Union des Comores (‘ANACM’) liosta a sholáthar de na sealbhóirí AOC uile atá deimhnithe in Oileáin Chomóra.

(22)

An 15 Iúil 2021, dheimhnigh ANACM i scríbhinn gur scoir an t-aeriompróir Air Service Comores dá chuid gníomhaíochtaí.

(23)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún gur cheart liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas, a leasú chun go mbainfí Air Service Comores d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(24)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe in Oileáin Chomóra trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(25)

I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta, is féidir go mbeidh gá le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ón Iaráic

(26)

I mí na Nollag 2015, le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) 2015/2322 ón gCoimisiún, cuireadh an t-aeriompróir Iraqi Airways isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 474/2006 (8).

(27)

An 17 Meitheamh 2021, arna iarraidh sin don Iaráic agus mar chuid de ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnaigh, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit, agus Údarás Eitlíochta Shibhialta na hIaráice (“ICAA”) cruinniú teicniúil. Le linn an chruinnithe sin, sholáthair ICAA tuairisc cothrom le dáta maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh ó cuireadh Iraqi Airways le hIarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, chomh maith le faisnéis maidir le stádas chur i gcrích an iniúchta doiciméad a bhaineann leis an gCur Chuige i leith Faireachán Leanúnach de chuid Chlár Iniúchta ICAO um Fhormhaoirseacht Uilíoch Sábháilteachta (“USOAP CMA”).

(28)

Thairis sin, chuir ICAA in iúl don Choimisiún gur tugadh aghaidh ar na moltaí go léir a d’eascair as an tionscadal um chúnamh teicniúil le haghaidh ICAA, rud a chuir an Ghníomhaireacht ar fáil in 2017, agus gur cuireadh na moltaí sin chun feidhme. Mar chomhlánú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh roimh an gcruinniú teicniúil, gheall IACAA go gcuirfeadh sé tuilleadh fianaise ar fáil chun an dul chun cinn a luadh a léiriú. Sa dara cuid den chruinniú sin, arna iarraidh sin go sonrach ag an Iaráic, thug an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht soiléirithe do ICAA maidir leis an bpróiseas údaraithe le haghaidh Oibreoirí Tríú Tír (“TCO”) i bhfianaise an iarratais ar údaruithe TCO a bhfuil sé beartaithe ag Iraqi Airways nó aeriompróirí eile atá deimhnithe san Iaráic a dhéanamh amach anseo.

(29)

Le linn an chruinnithe a tionóladh an 17 Meitheamh 2021, shonraigh an Coimisiún go bhféadfadh sé féachaint le Iraqi Airways a bhaint d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 nuair a dheimhníonn an fhaisnéis, lena n-áirítear trí chuairt mheasúnaithe an Aontais ar an láthair, go bhfuil an Iaráic ag comhlíonadh chaighdeáin deimhniúcháin agus faireacháin de chuid ICAO, agus nuair a thaispeánann an Iaráic don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún gur réitíodh na fadhbanna ba chúis leis an gcinneadh diúltach i leith TCO in 2015.

(30)

I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc orthu oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón Iaráic.

(31)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe san Iaráic trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

Aeriompróirí ón gCasacstáin

(32)

I mí na Nollag 2016, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2214 ón gCoimisiún (9) baineadh aeriompróirí ón gCasacstáin d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(33)

I mí Feabhra 2020, mar chuid den fhaireachán leanúnach ar an gcóras formhaoirseachta sábháilteachta sa Chasacstáin, cuireadh tús le comhairliúcháin fhoirmiúla le húdaráis inniúla na Casacstáine. Sa chomhthéacs sin, le linn an chruinnithe a bhí ag Coiste Aershábháilteachta an Aontais i mí na Bealtaine 2021, tugadh forléargas dó ar staid na formhaoirseachta sábháilteachta sa Chasacstáin.

(34)

Mar thoradh ar phlé Choiste Aershábháilteachta an Aontais Eorpaigh i mí na Bealtaine 2021, rinne saineolaithe ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit cuairt mheasúnaithe sa Chasacstáin idir an 11 agus an 15 Deireadh Fómhair 2021 ar láthair oifigí Údarás Eitlíochta Sibhialta na Casacstáine (“CAC KZ2”) agus ag an Riarachán Eitlíochta de chuid Kazakhstan Joint Stock Company (“AAK”) agus ar shampla trí aeriompróir atá deimhnithe sa Chasacstáin, eadhon Air Astana, Jupiter Jet agus Qazaq Air.

(35)

Díríodh sa chuairt mheasúnaithe ar ghníomhaíochtaí AAK mar gheall ar an ról tábhachtach atá aige agus an fhreagracht atá air maidir le gníomhaíochtaí faireacháin ar na haeriompróirí atá deimhnithe sa Chasacstáin. Mar sin féin, ghlac ionadaithe ó CAC KZ páirt sna gníomhaíochtaí measúnaithe uile toisc go bhfuil roinnt gníomhaíochtaí beartais, amhail glacadh nós imeachta AAK, laistigh dá sainchúram.

(36)

De réir na cuairte mheasúnaithe, is léir gur cé go bhfuil láidreachtaí á léiriú ag AAK, tá laigí fós ann, amhail neamh-chomhlíonadh oibleagáidí AAK le linn phróisis deimhniúcháin na n-aeriompróirí. Sa bhreis air sin, ba cheart an próiseas faireachán a oiriúnú agus, i gcás inarb gá, é a neartú chun a áirithiú go bhfuil gach aeriompróir faoi réir faireachán atá ar comhréir lena mhéid agus lena chastacht, agus chun comhlíonadh leanúnach na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta a áirithiú.

(37)

Thairis sin, ba cheart do CAC KZ aird níos mó a thabhairt ar a áirithiú go gcoinnítear an creat dlíthiúil cothrom le dáta ó thaobh leasuithe ar Iarscríbhinní IACO a chomhtháthú i rialacháin na Casacstáine. Ní mór do CAC KZ agus AAK a áirithiú go gcuirtear chun feidhme sásraí agus nósanna imeachta inmheánach fónta lena ndéantar an creat dlíthiúil agus teicniúil atá ann faoi láthair a aistriú ina ngnáthghníomhaíochtaí agus ina ngnáthnósanna imeachta de chuid na heagraíochta. Sa chomhthéacs seo, ba cheart do CAC KZ agus AAK a bhfeidhmeanna bainistithe cáilíochta foriomlána a fheabhsú mar aon le Clár Sábháilteachta Stáit na Casacstáine chun a áirithiú go sainaithneofar na riosca sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith ann agus go ndéantar iad mhaolú go cuí ar bhealach córasach tráthúil.

(38)

Maidir leis na gníomhaíochtaí ceadúnaithe a dhéanann AAK, chun cur chun feidhme freagrachtaí ceadúnaithe na Casacstáine mar Stát Conarthach ICAO a áirithiú, shainaithin an fhoireann mheasúnaithe réimsí ar gá feabhas a chur orthu, go háirithe nósanna imeachta na gcigirí, córas scrúduithe teoiriciúla na foirne eitilte, agus na nósanna imeachta lenar féidir cur chuige caighdeánach a bhaint amach i leith cháilíocht na scrúdaitheoirí eitilte agus an fhaireacháin a dhéantar orthu.

(39)

Tá eolas maith ag an bhfoireann aeracmhainneachta ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm laistigh de AAK. Mar sin féin, tá gá le feabhsuithe breise, go suntasach i réimse na hoiliúna atréimhseach agus speisialaithe chun cáilíochtaí riachtanacha na gcigirí a ráthú. Léirigh sampláil na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an bhfoireann aeracmhainneachta gurb ann do dhiallas ó na ceanglais, go háirithe i réimse an deimhnithe agus an fhaireachais ar oibreoirí agus ar eagraíochtaí chothabhála.

(40)

Bhí Air Astana, príomh-aeriompróir paisinéirí agus lasta na Casacstáine, ina ábhar do chuairt tiomanta de chuid na foirne measúnaithe an 13 Deireadh Fómhair 2021. Tá Córas um Bainistiú Sábháilteachta (“SMS”) dea-fheidhmeach láidir ar bun ag an aeriompróir, córas a ghineann sonraí úsáideacha le haghaidh an aeriompróra. Ar an iomlán, ar bhonn an athbhreithnithe shamplaigh, bhíothas in ann a dheimhniú gur láidir agus gur feidhmiúil an Córas um Fhaireachán ar Chomhlíonadh (CMS) a bhí i bhfeidhm. Tá tuiscint mhaith ag bainistíocht shinsearach na cuideachta ar na córais sin agus baineann siad leas astu chun rioscaí a shainaithint agus na bearta iomchuí a thógáil chun na rioscaí is mó a mhaolú ionas go mbeidh siad ar leibhéil atá inghlactha.

(41)

Tacaíonn teicneoirí cáilithe agus stáisiúin líne a bhfuil cumas cothabhála acu le hoibríochtaí an aeriompróra. Níor sainaithníodh aon fhadhb ná aon easnamh i réimse na haeracmhainneachta le linn na cuairte.

(42)

Léirigh an t-aeriompróir go bhfuil córas láidir struchtúrtha aige chun rialú a dhéanamh ar na gnéithe éagsúla den oiliúint le haghaidh na foirne eitilte, na foirne cábáin agus riarthóirí na heitilte, lena n-áirítear teagascóirí agus scrúdaitheoirí eitilte. Léirigh na comhaid sampláilte inrianaitheacht na ndeimhnithe oiliúna agus na bhfoirmeacha comhlánaithe mar is cuí.

(43)

Is aeriompróir lasta de chuid na Casacstáine atá bunaithe in Almaty é Jupiter Jet agus bhí sé ina ábhar do chuairt tiomanta a rinne an fhoireann mheasúnaithe an 13 Deireadh Fómhair 2021. Joint-Stock Company Air Company ATMA an t-ainm a bhí air nuair a bunaíodh in 1996 é agus tugadh ainm nua air in 2016. Oibríonn sé cairtseirbhísí ad hoc le Antonov AN-12 amháin.

(44)

Cé go bhfuil SMS forbartha agus curtha chun feidhme ag an aeriompróir sin, tá gá le feabhsuithe chun an leibhéal aibíochta atá ag teastáil le haghaidh an chórais a bhaint amach.

(45)

Léirigh an t-aeriompróir go bhfuil córas láidir struchtúrtha aige chun rialú a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den aeracmhainneacht leanúnach.

(46)

Le linn na cuairte, cinneadh go raibh na nósanna imeachta a bhaineann leis an Mála Eitilte Leictreonach (“EFB”), mar chuid den Lámhleabhar Oibríochtaí, an-ghinearálta. Thairis sin, sainaithníodh sa Lámhleabhar Oibríochtaí nach raibh cuid de na nósanna imeachta cothrom le dáta na forbartha go hiomlán, e.g. sa chaibidil a bhaineann leis an gCóras Seachanta Imbhuailte Tráchta (“TCAS”), ní raibh na glaonna amach caighdeánacha TCAS 7.1 uile agus na nósanna imeachta a bhaineann leo le fáil ann. Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar an Lámhleabhar Oibríochtaí agus é a sheiceáil chun a fháil amach an bhfuil sé ag comhlíonadh na gcaighdeán is infheidhme.

(47)

Is aeriompróir idir-réigiúnach paisinéirí agus lasta é Qazaq Air a bunaíodh in 2015 agus atá suite in Nur-Sultan, agus oibríonn sé flít de chúig thuirbeitleán De Havilland Dash-8-Q400NG. Thug an fhoireann mheasúnaithe cuairt tiomanta ar an aeriompróir an 14 Deireadh Fómhair 2021.

(48)

Tá SMS i bhfeidhm ag Qazaq Air a ghineann sonraí úsáideacha le haghaidh an aeriompróra. Mar sin féin, le linn an mheasúnaithe, sainaithníodh nach ndearna Qazaq Air na gníomhaíochtaí uile go córasach de réir na gceanglas sa Lámhleabhar um Bainistiú Sábháilteachta, e.g. ní dhearnadh aon iniúchadh sábháilteachta agus bhí cleachtadh um fhreagairt ar éigeandáil fós le reáchtáil.

(49)

Rinne an t-aeriompróir feidhm Faireacháin ar Chomhlíonadh a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ach tá gá le tuilleadh feabhsuithe chun a acmhainneacht iomlán a áirithiú a mhéid a bhaineann le tabhairt i gcrích na dtorthaí ó iniúchtaí inmheánacha.

(50)

Le linn an mheasúnaithe, tugadh faoi deara roinnt neamhréireachtaí le Lámhleabhar Oibríochtaí an aeriompróra. Rud atá ina ábhar imní go sonrach is ea an chaoi nár leag an t-aeriompróir síos critéir cháilíochta le haghaidh na foirne eitilte maidir le hoibríochtaí faoi choinníollacha drochléargais, cé go bhfuil an t-aeriompróir formheasta le haghaidh oibríochtaí faoi choinníollacha drochléargais.

(51)

Úsáideann Qazaq Air córas ríomhaireachta um sceidealú agus faireachán le haghaidh a fhoirne eitilte. Le linn an mheasúnaithe ar thaifead oiliúna na riarthóirí eitilte, suíodh go raibh roinnt seisiúin oiliúna thréimhsiúla thar téarma.

(52)

Ar bhonn an phlé a rinne sé, tháinig Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an gconclúid gur cheart aird ar leith a thabhairt ar fhaireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí leantacha, lena n-áirítear trí éisteacht a thabhairt do CAC KZ mar le AAK ag an gcéad chruinniú eile de Choiste Aershábháilteachta an Aontais, chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí a rinneadh linn na cuairte measúnaithe a mhéid a bhaineann le forbairt agus cur chun feidhme éifeachtach plean iomchuí um ghníomhaíochtaí ceartaitheacha.

(53)

I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc orthu oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón gCasacstáin.

(54)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Chasacstáin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(55)

I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ón Libia

(56)

I mí na Nollag 2014, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1318/2014 ón gCoimisiún (10) cuireadh aeriompróirí ón Libia isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(57)

I litir an 2 Meitheamh 2021, chuir Údarás Eitlíochta Sibhialta na Libia (“LYCAA”) faisnéis ar fáil maidir lena struchtúr, lena chóras maoirseachta agus lena ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear lámhleabhair maidir le nósanna imeachta cigireachtaí inmheánacha, treoracha d’eagraíochtaí na heitlíochta sibhialta, foirmeacha le haghaidh gairmithe agus eagraíochtaí eitlíochta, bearta forfheidhmiúcháin a rinneadh ó 2019 i leith, chomh maith leis an liosta de shealbhóirí AOC agus d’aerárthaí cláraithe atá ann faoi láthair.

(58)

Léiríonn an fhaisnéis a soláthraíodh gur dheimhnigh LYCAA dhá aeriompróir nua, eadhon Berniq Airways (AOC 032/21) agus Hala Airlines (AOC 033/21) agus gur athraigh Global Aviation and Services a ainm chuig Global Air Transport. Ós rud é nár léirigh LYCAA go raibh cumas leordhóthanach aige na caighdeáin sábháilteachta ábhartha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, ní ráthaítear go bhfuil caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta á gcomhlíonadh go leordhóthanach le heisiúint AOC don dá aeriompróir nua sin.

(59)

An 1 Meán Fómhair 2021, arna iarraidh sin don Libia agus mar chuid de ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnaigh, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit, ionadaithe LYCAA cruinniú teicniúil. Le linn an chruinnithe sin, thug LYCAA forléargas ar a eagraíocht agus ar a fheidhmeanna, lena n-áirítear na bunphrionsabail maidir le formhaoirseacht sábháilteachta a dhéanamh. San fhaisnéis eile a chuir LYCAA ar fáil, bhí forléargas cothrom le dáta ar fhorbairtí agus ar staid na himeartha maidir lena chuid gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar na moltaí a d’eascair as an tionscadal um chúnamh teicniúil le haghaidh LYCAA a chur an Ghníomhaireacht ar fáil in 2019. Chuir LYCAA faisnéis ar fáil freisin maidir le torthaí ó Iniúchadh Doiciméad ICAO USOAP CMA, a rinneadh in 2020.

(60)

Cé gur léirigh LYCAA go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta aige ó thaobh caighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta a chur chun feidhme, tháinig an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an gconclúid, ar bhonn na faisnéise agus na doiciméadachta a chur LYCAA ar fáil, lena n-áirítear an fhaisnéis a sholáthair LCYAA ag an gcruinniú teicniúil an 1 Meán Fómhair 2021, nach raibh LYCAA in ann comhlíonadh ná cur chun feidhme éifeachtach na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta a léiriú.

(61)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún gur cheart liosta na n-aeriompróirí ón Libia atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a leasú chun Berniq Airways agus Hala Airlines a chur isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(62)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Libia trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

Aeriompróirí ó Mheicsiceo

(63)

Níor cuireadh aeriompróirí ó Mheicsiceo isteach in Iarscríbhinní A ná B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 riamh.

(64)

Tar éis tionóisc mharfach a bhain d’aeriompróir de chuid Mheicsiceo Global Air (Aerolíneas Damojh, S.A. de C.V.) i gCúba an 18 Bealtaine 2018, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil le Dirección General de Aeronáutica Civil i Meicsiceo (“DGAC Meicsiceo”) chun faisnéis mhionsonraithe a iarraidh. An 16 Deireadh Fómhair 2018, chuir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus DGAC Meicsiceo tús le comhairliúcháin fhoirmiúla, lena n-áirítear cruinniú teicniúil.

(65)

Ar bhonn na gcomhairliúchán a reáchtáladh, na faisnéise a soláthraíodh agus na sonraí ó chláir SAFA agus TCO de chuid an Aontais, faisnéis nach raibh aon fhadhb thromchúiseach ná chórasach á léiriú inti an tráth sin, mheas an Coimisiún nach raibh staid na sábháilteachta eitlíochta i Meicsiceo ina chúis imní phráinneach ó thaobh na sábháilteachta de.

(66)

An 25 Bealtaine 2021, thug Údarás Feidearálach Eitlíochta na Stát Aontaithe (“FAA”) rátáil Chatagóir 2 do DGAC Meicsiceo faoi chuimsiú a chláir Idirnáisiúnta um Measúnú ar Shábháilteacht Eitlíochta (“IASA”), ó tharla gur mheas sé nár chomhlíon DGAC Meicsiceo na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta.

(67)

An 23 Meitheamh 2021, sheol an Coimisiún litir chuig DGAC Meicsiceo inar léirigh sé a imní i ngeall ar an gcinneadh a ghlac FAA, agus d’iarr sé aon fhaisnéis ábhartha a léireodh méid na himní sábháilteachta a bhí bunaithe ag FAA.

(68)

An 20 Meán Fómhair 2021, thug DGAC Meicsiceo faisnéis don Choimisiún maidir leis na heasnaimh a shainaithin FAA i ndáil le hEilimintí Criticiúla ICAO agus maidir leis na cláir um chúnamh teicniúil agus na gníomhaíochtaí ar tugadh fúthu chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin mar is ceart.

(69)

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis a sholáthair DGAC Meicsiceo ina litir an 20 Meán Fómhair 2021, measann an Coimisiún ag an gcéim seo go bhfuil an acmhainneacht agus an toilteanas is gá ag DGAC Meicsiceo chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh shábháilteachta nuair a shainaithnítear iad.

(70)

I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc orthu oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ó Mheicsiceo.

(71)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe i Meicsiceo trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(72)

I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta, is féidir go mbeidh gá le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ón Moldóiv

(73)

I mí Aibreáin 2019, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/618 ón gCoimisiún (11) cuireadh na haeriompróirí uile ón Moldóiv isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, cé is moite de Air Moldova, Fly One agus Aerotranscargo.

(74)

Mar thoradh ar phlé Choiste Aershábháilteachta an Aontais Eorpaigh i mí na Bealtaine 2021, rinne saineolaithe ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit cuairt mheasúnaithe an Aontais ar an láthair sa Mholdóiv idir an 20 agus an 24 Meán Fómhair 2021 ag Údarás Eitlíochta Sibhialta na Moldóive (“CAAM”) agus ag sampla de thrí aeriompróir atá deimhnithe sa Mholdóiv, mar atá Terra Avia, Fly Pro agus HiSky.

(75)

Léirítear i dtuarascáil na cuairte measúnaithe go bhfuil feabhsuithe suntasacha déanta ag CAAM i roinnt réimsí ó rinne an chuairt mheasúnaithe AE ar an láthair in 2019. Bhí ábharthacht ar leith ag baint leis an gcobhsaíocht a bhain CAAM amach ó thaobh rialacháin eitlíochta náisiúnta a dhréachtú agus na haibíochta a léiríodh chun formhaoirseacht chuí éifeachtach a dhéanamh. Tugadh faoi deara go ndearna CAAM iarrachtaí suntasacha formhór na rialachán náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta agus cinn nua a fhorbairt. Tá CAAM ag obair chun ábhar treorach leormhaith a chur ar fáil chun tacú lena mbaill foirne ina gcuid cúram formhaoirseachta.

(76)

Tá Córas um Bainistiú Cáilíochta láidir forbartha ag CAAM. Cloíodh leis an bplean iniúchta le haghaidh 2021 agus rinneadh iniúchtaí agus cigireachtaí de réir an sceidil. Na torthaí a fuarthas mar gheall ar an ngníomhaíocht sin, thug na baill foirne atá freagrach aghaidh orthu, sin nó tá aghaidh á tabhairt orthu faoi láthair.

(77)

Déanann CAAM na gníomhaíochtaí ceadúnaithe i gcomhréir leis na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta. Mar sin féin, chinn an fhoireann mheasúnaithe réimsí ina raibh gá le tuilleadh feabhsuithe, go háirithe tabhairt chun críche an chórais um scrúduithe teoiriciúla le haghaidh píolótaí príobháideacha agus scrúdaitheoirí leighis ainmnithe, agus neartú an fhaireacháin ar scrúdaitheoirí eitilte ag cigire CAAM.

(78)

Is cuimsitheach é an clár formhaoirseachta leanúnach ó thaobh réimsí agus líon na n-iniúchtaí de, agus déantar freastal cuí ar cháilíocht agus ar thaithí na gcigirí san oiliúint atá ann cheana agus atá beartaithe amach anseo. Déantar doiciméadú agus faireachán cuí ar na hiniúchtaí a dhéantar, go sonrach ó thaobh na ngníomhaíochtaí a dhéanann na haeriompróirí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus anailís ar bhunchúiseanna. Mar sin féin, tá gá le caighdeánú breise ar na nósanna imeachta cigireachta, go háirithe i ndáil le taifead a dhéanamh ar na torthaí a fhaightear le linn gníomhaíochtaí cigireachta.

(79)

Is féidir le CAAM foireann leordhóthanach a mhealladh, rud atá i gcomhréir le méid agus raon feidhme thionscal na heitlíochta a ndéantar formhaoirseacht air. Na baill foirne uile a cuireadh faoi agallamh, ba dhaoine cáilithe agus eolach iad. Ba iomchuí na cláir agus na pleananna um oiliúint theoiriciúil.

(80)

Ba é conclúid na foirne go bhfuil sé de chumas ag CAAM formhaoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí eitlíochta sa Mholdáiv, córas rialála fónta a choinneáil ar bun, agus na rialacháin eitlíochta atá ann cheana a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sábháilteachta a thagann chun cinn. Tá an córas formhaoirseachta ar shábháilteacht seanbhunaithe sa Mholdáiv, cé go bhfuil roinnt gníomhaíochtaí fós ar siúl arb é is aidhm dóibh an córas a fheabhsú a thuilleadh agus fanacht cothrom le dáta leis na leasuithe a rinneadh ar na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta le déanaí.

(81)

Bunaíodh Terra Avia mar aeriompróir príobháideach in 2005 agus oibríonn sé Boeing 747 le haghaidh eitiltí lasta sceidealta agus aerárthach Airbus A320 le haghaidh cairteitiltí paisinéirí. Tá CMS agus SMS feidhmiúil ag an aeriompróir. Le linn an mheasúnaithe ar SMS an aeriompróra, shainaithin an fhoireann réimsí áirithe ar gá tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh orthu. Léirigh an t-aeriompróir dearcadh an-dearfach i leith tuilleadh feabhsuithe a chur ar na córais sábháilteachta.

(82)

Déanann dhá struchtúr éagsúla bainistíocht ar an Aeracmhainneacht Leanúnach: ceann amháin lonnaithe sa Mholdóiv agus an dara ceann i Sharjah (AAE). Tháinig an fhoireann mheasúnaithe ar an gconclúid go raibh ar an aeriompróir feabhas a chur ar a chóras coimeádta taifead maidir leis na gníomhaíochtaí éagsúla cothabhála a dhéantar sna suíomhanna éagsúla a bhaineann lena chuid aerárthaí.

(83)

Léiríonn Lámhleabhar Oibríochtaí Terra Aviana na hoibríochtaí a dhéantar, agus dréachtaítear é i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme sa Mholdóiv, cé go bhfuil údar le nuashonrú chun beartas earraí contúirteacha a chur san áireamh.

(84)

Oibríonn Fly Pro dhá lasteitleán Boeing 747. Tá CMS agus SMS forbartha agus curtha i bhfeidhm go hiomlán, cé gur chóir an Lámhleabhar um Bainistiú Sábháilteachta agus an Lámhleabhar um Fhaireachán ar Chomhlíonadh a leasú d’fhonn cuntasachtaí agus freagrachtaí an Bhainisteora Sábháilteachta agus an Bhainisteora um Fhaireachán ar Chomhlíonadh a ailíniú. I réimse an fhaireacháin ar shonraí eitilte, tá clár seanbhunaithe ag Fly Pro, lena n-áirítear córas aiseolais gníomhach.

(85)

Tá córas láidir i bhfeidhm ag Fly Pro le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach, agus gníomhaíonn sé go muiníneach ina róil éagsúla, cé go bhféadfaí próiseas doiciméadaithe na ngníomhaíochtaí a dhéanann sé a fheabhsú.

(86)

Léiríonn Lámhleabhar Oibríochtaí Fly Pro na hoibríochtaí a dhéantar, agus dréachtaítear é i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme sa Mholdóiv. Ba cheart don aeriompróir feabhas a chur ar an modheolaíocht riaracháin, ina ndéanann sé taifead ar gach gníomhaíocht a bhaineann le heitilt, amhail na logleabhair turais. Thairis sin, ba cheart Liosta Trealamh Íosta an aeriompróra a oiriúnú níos fearr don aerárthach lena mbaineann sé, agus ba cheart é a bheith faoi réir rialú rialta iomchuí.

(87)

Bunaíodh HiSky i Meán Fómhair 2019, agus oibríonn sé aerárthach Airbus A319 amháin ina cheart féin, agus ag an am céanna tá aerárthach amháin ar fáil faoi shocrú léasa fhliuch leis an aeriompróir HiSky Europe atá deimhnithe sa Rómáin.

(88)

Tá SMS láidir forbartha agus curtha chun feidhme ag HiSky a ghineann sonraí úsáideacha le haghaidh an aeriompróra. Tá CMS láidir feidhmiúil aige, ach tá feabhsuithe beaga inmhianaithe maidir le cuntasachtaí agus freagrachtaí an Bhainisteora Sábháilteachta agus an Bhainisteora um Fhaireachán ar Chomhlíonadh a dhréachtú. Tá tuiscint mhaith ag bainistíocht shinsearach na cuideachta ar na córais sin agus baineann siad leas astu chun rioscaí a aithint agus na bearta iomchuí a thógáil chun na rioscaí is mó a mhaolú ionas go mbeidh siad ar leibhéil atá inghlactha.

(89)

Tá na lámhleabhair riachtanacha forbartha ag HiSky ina bhfuil na beartais agus mionsonraí ar na nósanna imeachta a bhaineann leo, agus iad formheasta ag CAAM. Tá oiliúint cheart curtha ar an bhfoireann dheimhnithe maidir leis na cineálacha aerárthaigh a oibrítear. An Lámhleabhar Oibríochtaí atá formheasta faoi láthair, léiríonn sé na hoibríochtaí a dhéantar, agus dréachtaítear é i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme sa Mholdóiv.

(90)

Tacaíonn teicneoirí cáilithe agus stáisiúin líne a bhfuil cumas cothabhála acu le hoibríochtaí HiSky. Tá córas bunaithe ag an aeriompróir chun faireachán a dhéanamh ar oiliúint agus ar sheiceáil na bailíochta agus chun inrianaitheacht deimhnithe oiliúna agus foirmeacha seiceála comhlánaithe a áirithiú.

(91)

Ar bhonn thoradh na cuairte measúnaithe ar an láthair, d’iarr an Coimisiún ar CAAM agus ar aeriompróirí Terra Avia, Fly Pro agus HiSky freastal ar éisteacht os comhair Choiste Aershábháilteachta an Aontais an 10 Samhain 2021.

(92)

An córas a cuireadh ar bun chun formhaoirseacht sábháilteachta a áirithiú ar na haeriompróirí atá deimhnithe sa Mholdóiv, chuir CAAM an córas sin i láthair don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais le linn na héisteachta. Mhínigh sé go raibh dul chun cinn éifeachtach déanta ó thaobh chur chun feidhme na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta mar thoradh ar shraith beart a rinneadh ó 2019 i leith. Agus a ghealltanas maidir leis an bhfeabhsú leanúnach á chur i dtábhacht, thug CAAM forléargas cuimsitheach mionsonraithe don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais maidir le cur chun feidhme an phlean um ghníomhaíochtaí ceartaitheacha a forbraíodh mar fhreagairt ar thorthaí na cuairte measúnaithe ar an láthair a rinne an tAontas i mí Mheán Fómhair 2021. Áiríodh leis sin na cuspóirí straitéiseacha a sainíodh i leith an am amach anseo, amhail leasuithe ar chreat dlíthiúil na Moldóive, agus ar lámhleabhair agus nósanna imeachta CAAM, leanúint d’fheabhsuithe ar an gcóras bainistithe cáilíochta, agus cur chun feidhme éifeachtach na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta a fheabhsú a thuilleadh.

(93)

Ina theannta sin, chuir CAAM an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na pleananna um ghníomhaíochtaí ceartaitheacha a d’fhorbair na haeriompróirí Terra Avia, Fly Pro agus HiSky, mar fhreagairt ar thorthaí na cuairte measúnaithe ar an láthair a rinne an tAontas i mí Mheán Fómhair 2021. Rinneadh na pleananna um ghníomhaíochtaí ceartaitheacha sin a chomhordú agus a fhormheas ag CAAM, agus rinneadh iad a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí formhaoirseachta CAAM.

(94)

Le linn na héisteachta, gheall CAAM go gcoimeádfadh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí breise a rinneadh i ndáil leis na barúlacha eile a tugadh le linn na cuairte measúnaithe ar an láthair a rinne an tAontas in 2021. Ina theannta sin, gheall CAAM go rachadh sé i mbun dialóg sábháilteachta leanúnach, lena n-áirítear trí fhaisnéis ábhartha sábháilteachta a chur ar fáil agus trí chruinnithe breise, má mheasann an Coimisiún gur gá sin agus nuair a mheasann sé gur gá sin.

(95)

Chuir an Coimisiún i bhfios go láidir, agus d’aithin údaráis na Moldóive, a thábhachtaí atá sé dóibh cobhsaíocht agus neamhspleáchas leanúnach a áirithiú do cheannaireacht CAAM, mar ba léir go raibh sé sin ina ghné thábhachtach sna feabhsuithe a chonacthas go háirithe le bliain anuas.

(96)

Ar bhonn na faisnéise uile atá ar fáil faoi láthair, lena n-áirítear torthaí na cuairte measúnaithe ar an láthair i mí Mheán Fómhair 2021 agus ar bhonn na héisteachta ag Coiste Aershábháilteachta an Aontais, meastar go bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta is infheidhme á gcomhlíonadh ag CAAM agus ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Mholdóiv.

(97)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún i dtaobh aeriompróirí ón Moldóiv gur cheart an liosta a leasú chun na haeriompróirí uile atá deimhnithe sa Mholdóiv a bhaint de, is é sin liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a leagtar amach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(98)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Mholdáiv trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(99)

I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta, is féidir go mbeidh gá le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ón bPacastáin

(100)

I mí an Mhárta 2007, le Rialachán (CE) Uimh. 235/2007 ón gCoimisiún (12) cuireadh Pakistan International Airlines isteach in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 agus baineadh é den Iarscríbhinn sin ina dhiaidh sin i mí na Samhna 2007 le Rialachán (CE) Uimh. 1400/2007 ón gCoimisiún (13).

(101)

An 24 Meitheamh 2020, tar éis na tionóisce an 22 Bealtaine 2020 a bhain le haerárthach de chuid Pakistan International Airlines, léirigh ráiteas ó Aire Cónaidhme Eitlíochta na Pacastáine gur trí mhodhanna calaoiseacha a fuarthas líon ard de na ceadúnais phíolóta a d’eisigh Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine (“PCAA”).

(102)

Mar thoradh ar an méid sin agus ar an easpa formhaoirseacht éifeachtach sábháilteachta a dhealraíonn sé a rinne Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine, chuir an Ghníomhaireacht údaruithe TCO de chuid Pakistan International Airlines agus Vision Air ar fionraí le héifeacht ón 1 Iúil 2020. Leanann an staid sin ar aghaidh, ós rud é go measann an Ghníomhaireacht faoi láthair, nach bhfuil na coinníollacha uile is gá chun deireadh a chur leis an bhfionraí comhlíonta.

(103)

D’fhreagair eagraíochtaí idirnáisiúnta eile um shábháilteacht eitlíochta don staid sin sa Phacastáin. An 15 Iúil 2020, rinne FAA an Phacastáin a íosghrádú go rátáil Chatagóir 2 faoina chlár IASA. I mí Feabhra 2021, phostáil ICAO Imní Suntasach Sábháilteachta (SSC) i réimse an cheadúnaithe agus na hoiliúna pearsanra maidir leis an bpróiseas ceadúnaithe le haghaidh foirne eitilte sa Phacastáin.

(104)

An 1 Iúil 2020, chuir an Coimisiún tús le comhairliúcháin le PCAA, de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 473/2006. Sa chomhthéacs sin, d’eagraigh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht agus leis na Ballstáit, roinnt cruinnithe teicniúla le PCAA an 9 Iúil agus an 25 Meán Fómhair 2020, an 15 agus an 16 Márta 2021, agus an 15 Deireadh Fómhair 2021.

(105)

Le linn na gcruinnithe sin, pléadh saincheisteanna éagsúla, go háirithe formhaoirseacht a dhéanamh ar aeriompróirí atá deimhnithe ag an bPacastáin, lena n-áirítear ar a SMS. D’iarr an Coimisiún faisnéis faoin bhformhaoirseacht a dhéantar ar aeriompróirí atá deimhnithe sa Phacastáin, lena n-áirítear a gCórais Bainistithe Sábháilteachta, mar aon le fianaise nach bhfuil staid den chineál céanna forleathan i réimsí eile atá faoi réir fhormhaoirseacht sábháilteachta Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine freisin, amhail deimhniú foirne cábáin, ceadúnú innealtóirí cothabhála, nó deimhniú aeriompróirí.

(106)

Sholáthair PCAA fianaise agus faisnéis ábhartha agus rinne an Coimisiún agus saineolaithe na Gníomhaireachta measúnú uirthi. Le linn an chruinnithe an 15 Deireadh Fómhair 2021, thug PCAA tuairisc ar na bearta breise a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a shainaithin an Coimisiún. Áirítear orthu sin easnaimh ar bhainistíocht cháilíochta na nósanna imeachta doiciméadaithe, easpa treorach le haghaidh na gcigirí, próiseas cáilithe neamh-chomhlíontach le haghaidh Ceadúnas Píolóta Iompair Aerlíne (“ATPL”), easpa nó beagán rianaithe ar ghníomhaíochtaí ceartaitheacha de bharr torthaí, agus easpa cumas iomchuí maidir le hanailís a dhéanamh ar bhunchúiseanna. I ndáil leis sin, agus aird á tabhairt freisin ar iniúchadh ICAO USOAP a bhí sceidealaithe idir an 29 Samhain agus an 10 Nollaig 2021, thug PCAA tuairisc maidir leis an athbhreithniú cuimsitheach a rinneadh ar a lámhleabhair agus ar a nósanna imeachta, go háirithe maidir leis na hathruithe ar an bpróiseas ceadúnaithe PCAA, chomh maith leis na seiceálacha inmheánacha chun comhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta a fhíorú agus chun SSC ICAO a réiteach.

(107)

D’iarr an Coimisiún ar PCAA tuilleadh faisnéise a sheoladh maidir leis na hathruithe ar a chóras ceadúnaithe, ar na lámhleabhair agus nósanna imeachta nua agus/nó leasaithe, ar thorthaí nó ar thuarascálacha na seiceálacha inmheánacha, agus ar fhógra a thabhairt do ICAO maidir le difríocht i ndáil leis an tástáil scile ATPL.

(108)

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil agus an phlé le PCAA, aithníonn an Coimisiún iarrachtaí PCAA gníomhaíochtaí ceartaitheacha a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh shábháilteachta a sainaithníodh. Ní raibh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit, in ann cinneadh soiléir a dhéanamh, áfach, maidir lena héifeachtaí atá na bearta ceartaitheacha sin ná maidir lena mhéid atá siad curtha chun feidhme ionas go maolófar ar bhealach inbhuanaithe na heasnaimh sábháilteachta a sainaithníodh. Ar an mbonn sin, d’fhonn a chinneadh an gá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, leanfaidh an Coimisiún de bheith i dteagmháil le PCAA agus déanfaidh sé faireachán ar na bearta breise a glacadh agus ar na gníomhaíochtaí a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar an staid sa Phacastáin, lena n-áirítear trí thoradh an iniúchta atá beartaithe ag ICAO USOAP, agus trí chuairt mheasúnaithe AE ar an láthair sa Phacastáin.

(109)

I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc orthu oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón bPacastáin.

(110)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Phacastáin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(111)

I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta, is féidir go mbeidh gá le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ón Rúis

(112)

Lean an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát d’fhaireachán géar a dhéanamh ar fheidhmíocht sábháilteachta na n-aeriompróirí atá deimhnithe sa Rúis agus a oibríonn laistigh den Aontas, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa a dhéantar ar aeriompróirí áirithe Rúiseacha, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(113)

An 31 Lúnasa 2020, chuir an t-aeriompróir SKOL Airline LLC, aeriompróir atá deimhnithe sa Rúis, iarratas ar údarú TCO faoi bhráid na Gníomhaireachta. Rinne an Ghníomhaireacht measúnú ar an iarratas sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 452/2014, agus d’ardaigh sí ábhair imní bhunúsacha ó thaobh sábháilteachta de toisc nár léirigh SKOL Airline LLC go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán sin á gcomhlíonadh aige, go háirithe na caighdeáin atá sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta. Tar éis malartuithe fairsinge leis an nGníomhaireacht, chinn SKOL Airline LLC a iarratas a tharraingt siar an 12 Feabhra 2021.

(114)

An 25 Márta 2021, chuir an t-aeriompróir SKOL Airline LLC iarratas eile ar údarú TCO faoi bhráid na Gníomhaireachta. Rinne an Ghníomhaireacht measúnú ar an iarratas sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 452/2014, agus d’ardaigh sí arís ábhair imní bhunúsacha ó thaobh sábháilteachta de maidir le mainneachtain SKOL Airline LLC a léiriú go bhfuil na ceanglais is infheidhme a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán sin á gcomhlíonadh aige, go háirithe na caighdeáin atá sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago ar Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta. Chinn an Ghníomhaireacht nár chomhlíon SKOL Airline LLC na ceanglais sin. Dá bhrí sin, an 19 Iúil 2021, dhiúltaigh an Ghníomhaireacht don iarratas ar chúiseanna sábháilteachta. Níor bhain an t-aeriompróir SKOL Airline LLC úsáid as an gceart achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin i gcomhréir le hAirteagal 108 go hAirteagal 114 de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(115)

An 20 Deireadh Fómhair 2021, bhuail ionadaithe ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit le hionadaithe ó Ghníomhaireacht Aeriompair Fheidearálach na Rúise chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht sábháilteachta na n-aeriompróirí atá deimhnithe sa Rúis ar bhonn na gcigireachtaí rampa a rinneadh sa tréimhse idir an 24 Márta 2021 agus an 1 Deireadh Fómhair 2021, agus chun na cásanna a shainaithint inar cheart do Ghníomhaireacht Aeriompair Fheidearálach na Rúise a cuid gníomhaíochtaí formhaoirseachta a neartú.

(116)

San athbhreithniú ar chigireachtaí rampa SAFA ar aeriompróirí atá deimhnithe sa Rúis, níor léiríodh aon easnamh sábháilteachta suntasach nó athfhillteach. Torthaí an chláir faireacháin arna chur chun feidhme ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ó na haeriompróirí atá deimhnithe sa Rúis agus atá údarú TCO acu, rinneadh na torthaí sin a chur i láthair freisin le linn an chruinnithe. Thug an Coimisiún dá aire freisin nár léirigh torthaí an chláir faireacháin sin easnaimh shuntasacha ná easnaimh sábháilteachta athfhillteacha.

(117)

Tar éis don Ghníomhaireacht iarratas TCO ón aeriompróir SKOL Airline LLC a dhiúltú ar fhorais sábháilteachta, thug an Coimisiún agus an Coiste Aershábháilteachta cuireadh don aeriompróir SKOL Airline LLC an 22 Deireadh Fómhair 2021 chuig éisteacht an 9 Samhain 2021. Dheimhnigh an t-aeriompróir SKOL Airline LLC an 28 Deireadh Fómhair 2021 a rannpháirtíocht san éisteacht a bhí beartaithe.

(118)

An 28 Deireadh Fómhair 2021, chuir FATA an Coimisiún ar an eolas faoi thoirmeasc a forchuireadh ar aeriompróir SKOL Airline LLC lena gcuirtear cosc ar an aeriompróir eitiltí a oibriú thar theorainn an stáit sa Rúis agus d’iarr sé ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar an ngá atá le héisteacht an aeriompróra SKOL Airline LLC mar ar bhonn an chinnidh ó FATA, ní bheadh SKOL Airline LLC in ann oibriú isteach san Aontas.

(119)

An 3 Samhain 2021, chuir an Coimisiún in iúl do FATA gur iarradh ar SKOL Airline LLC freastal ar an éisteacht toisc nach raibh sé in ann a léiriú go raibh sé ag comhlíonadh na gcaighdeán atá sna hIarscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta agus ar an gcúis sin choinnigh sé leis an gcuireadh chun na héisteachta.

(120)

Rinneadh an éisteacht leis an aeriompróir SKOL Airline LLC an 9 Samhain 2021. Ar a iarratas féin, d’fhreastail FATA ar an éisteacht freisin. Le linn na héisteachta sin, thug an t-aeriompróir SKOL Airline LLC tuairisc arís ar na gníomhaíochtaí a bhain leis an dá iarratas ar údarú TCO. Chuir sé i dtábhacht na deacrachtaí a bhí ag an aeriompróir le linn an phróisis chun a léiriú go bhfuil ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 á gcomhlíonadh aige. Cé gur aithin sé na torthaí uile a d’ardaigh an Ghníomhaireacht, níor chuir sé aon fhaisnéis ar fáil maidir leis na bearta a bhí déanta aige chun na torthaí sin a réiteach. Níor thug sé aon fhianaise ach oiread maidir le stádas reatha chur chun feidhme na ngníomhartha ceartaitheacha i dtaca leis na torthaí sin. Ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-aeriompróir SKOL Airline LLC roimh an éisteacht agus le linn na héisteachta, níl an t-aeriompróir in ann neamh-chomhlíonadh a shainaithint maidir lena phróisis, a nósanna imeachta ná a ghníomhaíochtaí oibríochtúla.

(121)

Dúirt FATA nár thacaigh sé leis an ath-iarratas a rinne an t-aeriompróir SKOL Airline LLC ar údarú TCO an 25 Márta 2021. Chuir FATA in iúl don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais freisin go ndéanfaidh sé iniúchtaí ad-hoc breise ar SKOL Airline LLC má théann an t-aeriompróir i dteagmháil arís leis an nGníomhaireacht le haghaidh údarú TCO ina dhiaidh sin.

(122)

Ar bhonn na faisnéise uile atá ar fáil faoi láthair, lena n-áirítear go háirithe gur dhiúltaigh an Ghníomhaireacht don iarratas TCO ar fhorais sábháilteachta an 19 Iúil 2021, agus an fhaisnéis a soláthraíodh le linn na héisteachta, tháinig an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an gconclúid nár léirigh an t-aeriompróir SKOL Airline LLC go raibh na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta á gcomhlíonadh aige.

(123)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún gur cheart liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas, a leasú chun go gcuirtear SKOL Airline LLC isteach in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(124)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí ón Rúis trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(125)

I gcás ina mbraithfear aon ghar-riosca sábháilteachta a bheith ann mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta, féadfaidh an Coimisiún toirmeasc ar a n-oibriú a fhorchur ar aeriompróirí lena mbaineann atá deimhnithe sa Rúis agus iad a chur isteach in Iarscríbhinní A nó B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

Aeriompróirí ón tSúdáin Theas

(126)

Níor cuireadh aeriompróirí ón tSúdáin Theas riamh isteach in Iarscríbhinní A ná B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(127)

Le trí bliana anuas, tharla naoi dtionóisc agus teagmhas thromchúiseacha sa tSúdáin Theas, lena n-áirítear tuairteáil aerárthach Let-410 le clárú HK-4274 an 2 Márta 2021 a bhí á oibriú ag South Sudan Supreme Airlines, tuairteáil ba chúis le 10 mbás, agus an tionóisc a tharla le déanaí an 2 Samhain 2021 a bhain le haerárthach Antonov AN-26 le clárú TR-NGT, tionóisc ba chúis le cúig bhás. Sa dá chás, cuireadh amhras ar bharántúlacht na marcanna clárúcháin, toisc go ndealraíonn sé nach bhfuil siad bailí a thuilleadh, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh sé gur úsáideadh iad mar chomharthaí bréagacha clárúcháin ar na haerárthaí lena mbaineann. Mar gheall ar na cúinsí maidir leis na himeachtaí sin, léiríodh ábhair imní maidir leis an gcumas atá ag Údarás Eitlíochta Sibhialta na Súdáine Theas (“SSCAA”) formhaoirseacht chuí sábháilteachta a dhéanamh ar na haeriompróirí atá faoina chúram.

(128)

An 26 Márta 2021, sheol an Coimisiún litir chuig SSCAA ina gcuirtear in iúl an imní atá air maidir le staid sábháilteachta eitlíochta sa tSúdáin Theas, agus d’iarr sé air doiciméid ina ndéantar cur síos ar struchtúr agus eagrú SSCAA, ar a chóras deimhniúcháin agus formhaoirseachta, agus ar ghníomhaíochtaí formhaoirseachta a rinneadh maidir le haeriompróirí atá deimhnithe sa tSúdáin Theas. Iarradh faisnéis freisin maidir le stádas sealbhóirí reatha AOC, aerárthaí atá cláraithe sa tSúdáin Theas, eagraíochtaí cothabhála agus ceadúnais foirne eitilte.

(129)

An 23 Iúil 2021, thug SSCAA freagra ar fhiosrúchán an Choimisiúin, agus chuir sé in iúl gur cuireadh AOC South Sudan Supreme Airlines ar fionraí. Thairis sin, chuir sé in iúl don Choimisiún go raibh athbhreithniú á dhéanamh ag SSCAA ar na hoibreoirí aerárthaí uile agus ar AOCanna sa tír, mar gheall ar amhras maidir le clárú an aerárthaigh a bhain leis an tionóisc sin. Chomh maith leis sin, chuir SSCAA in iúl go raibh gníomhaíochtaí feabhsúcháin ar siúl i réimsí na Rialachán, na Lámhleabhar agus na hOiliúna. Níor chuir SSCAA an tsraith doiciméad a iarradh ar fáil, áfach.

(130)

An 5 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Coimisiún litir eile chuig SSCAA ina rinne sé athdhearbhú ar a iarraidh go gcuirfí na doiciméid réamhluaite isteach faoin 18 Deireadh Fómhair 2021 ar a dhéanaí. Sa litir sin, shoiléirigh an Coimisiún go measfaí go raibh easpa comhair ó SSCAA más rud é nach gcuirtear an fhaisnéis a iarradh isteach go tráthúil, i bhfianaise na himní atá léirithe faoi chóras formhaoirseachta sábháilteachta na Súdáine Theas.

(131)

An 5 Samhain 2021, bhí cruinniú ag Toscaireacht an Aontais in Juba na Súdáine Theas le ceannaire SSCAA, a dheimhnigh go bhfuarthas litir an 5 Deireadh Fómhair 2021. Gheall SSCAA freagraí ar na ceisteanna a sheoladh faoi dheireadh mhí na Samhna, agus chuir sé dhá dhoiciméad ar fáil lena n-áirítear faisnéis maidir le Clár Cigireachta, Faireacháin agus Iniúchóireachta SSCAA, chomh maith le tuarascálacha ar athbhreithnithe ar aeriompróirí áirithe agus ar aerárthaí atá cláraithe thar lear agus atá ag oibriú sa tSúdáin Theas. Déanfaidh an Coimisiún grinnstaidéar ar na doiciméid a chuirfear ar fáil dó chun a chinneadh an dtabharfar cuireadh do SSCAA chuig an gcéad chruinniú eile de Choiste Aershábháilteachta an Aontais.

(132)

I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, agus i bhfianaise na gcomhairliúchán atá ar siúl le SSCAA, comhairliúcháin a tionscnaíodh faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc orthu oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón tSúdáin Theas.

(133)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa tSúdáin Theas trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(134)

I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta, is féidir go mbeidh gá le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

(135)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a leasú dá réir sin.

(136)

Aithnítear le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 an gá le cinntí a dhéanamh go tapa agus, i gcás inarb iomchuí, go práinneach, i bhfianaise na n-impleachtaí sábháilteachta. Dá bharr sin, tá sé fíor-riachtanach, ar mhaithe le faisnéis íogair agus na daoine a thaistealaíonn a chosaint, go bhfoilseofaí aon chinneadh i gcomhthéacs uasdátú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc nó srian ar a n-oibriú laistigh den Aontas, agus go dtiocfadh sé i bhfeidhm láithreach tar éis a ghlactha.

(137)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste Aershábháilteachta an Aontais arna bhunú le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn A;

(2)

Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn B.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 344, 27.12.2005, lch. 15.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 14).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme don liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 8).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2014 ina leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir na n-oibreoirí tríú tíortha de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 133, 6.5.2014, lch. 12).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/736 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (IO L 172, 3.6.2020, lch. 7).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1543/2006 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2006 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 910/2006 (IO L 283, 14.10.2006, lch. 27)

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2322 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 328, 12.12.2015, lch. 67).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2214 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas (IO L 334, 9.12.2016, lch. 6).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1318/2014 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 355, 12.12.2014, lch. 8).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/618 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (IO L 106, 17.4.2019, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 235/2007 ón gCoimisiún an 5 Márta 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 66, 6.3.2007, lch. 3).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1400/2007 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 311, 29.11.2007, lch. 12)

(14)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2204 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN A

LIOSTA NA nAERIOMPRÓIRÍ A BHFUIL TOIRMEASC AR A nOIBRIÚ LAISTIGH DEN AONTAS, MAILLE LE hEISCEACHTAÍ (1)

Ainm eintiteas dlíthiúil an aeriompróra faoi mar a léirítear é ar a AOC (agus a ainm trádála, murab ionann é)

Uimhir an Teastais Aeroibreora (‘AOC’) nó Uimhir an Cheadúnais Oibríochta

Sainitheoir trí litir ICAO

Stát an Oibreora

AVIOR AIRLINES

ROI-RNR-011

ROI

Veiniséala

BLUE WING AIRLINES

SRBWA-01/2002

BWI

Suranam

IRAN ASEMAN AIRLINES

FS-102

IRC

An Iaráin

IRAQI AIRWAYS

001

IAW

An Iaráic

MED-VIEW AIRLINE

MVA/AOC/10-12/05

MEV

An Nigéir

AIR ZIMBABWE (PVT)

177/04

AZW

An tSiombáib

SKOL AIRLINE LLC

228

CDV

An Rúis

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Afganastáin, lena n-áirítear

 

 

An Afganastáin

ARIANA AFGHAN AIRLINES

AOC 009

AFG

An Afganastáin

KAM AIR

AOC 001

KMF

An Afganastáin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Angóla, cé is moite de TAAG Angola Airlines agus Heli Malongo, lena n-áirítear

 

 

Angóla

AEROJET

AO-008/11-07/17 TEJ

TEJ

Angóla

GUICANGO

AO-009/11-06/17 TEJ

Ní fios

Angóla

AIR JET

AO-006/11-08/18 TEJ

MBC

Angóla

BESTFLYA AIRCRAFT MANAGEMENT

AO-015/15-06/17YYY

Ní fios

Angóla

HELIANG

AO 007/11-08/18 YYY

Ní fios

Angóla

SJL

AO-014/13-08/18YYY

Ní fios

Angóla

SONAIR

AO-002/11-08/17 TEJ

SOR

Angóla

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Airméin, lena n-áirítear

 

 

An Airméin

AIRCOMPANY ARMENIA

AM AOC 065

NGT

An Airméin

ARMENIA AIRWAYS

AM AOC 063

AMW

An Airméin

ARMENIAN HELICOPTERS

AM AOC 067

KAV

An Airméin

FLYONE ARMENIA

AM AOC 074

 

An Airméin

NOVAIR

AM AOC 071

NAI

An Airméin

SHIRAK AVIA

AM AOC 072

SHS

An Airméin

SKYBALL

AM AOC 073

N/B

An Airméin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an gCongó (Brazzaville), lena n-áirítear

 

 

An Congó (Brazzaville)

CANADIAN AIRWAYS CONGO

CG-CTA 006

TWC

An Congó (Brazzaville)

EQUAFLIGHT SERVICES

CG-CTA 002

EKA

An Congó (Brazzaville)

EQUAJET

RAC06-007

EKJ

An Congó (Brazzaville)

TRANS AIR CONGO

CG-CTA 001

TSG

An Congó (Brazzaville)

SOCIETE NOUVELLE AIR CONGO

CG-CTA 004

Ní fios

An Congó (Brazzaville)

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC), lena n-áirítear

 

 

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

AIR FAST CONGO

AAC/DG/OPS-09/03

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

AIR KATANGA

AAC/DG/OPS-09/08

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

BUSY BEE CONGO

AAC/DG/OPS-09/04

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

COMPAGNIE AFRICAINE D’AVIATION (CAA)

AAC/DG/OPS-09/02

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

CONGO AIRWAYS

AAC/DG/OPS-09/01

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

KIN AVIA

AAC/DG/OPS-09/10

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

MALU AVIATION

AAC/DG/OPS-09/05

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

SERVE AIR CARGO

AAC/DG/OPS-09/07

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

SWALA AVIATION

AAC/DG/OPS-09/06

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

MWANT JET

AAC/DG/OPS-09/09

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó

(PDC)

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Djibouti, lena n-áirítear

 

 

Djibouti

DAALLO AIRLINES

Ní fios

DAO

Djibouti

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an nGuine Mheánchiorclach, lena n-áirítear

 

 

An Ghuine Mheánchiorclach

CEIBA INTERCONTINENTAL

2011/0001/MTTCT/DGAC/SOPS

CEL

An Ghuine Mheánchiorclach

CRONOS AIRLINES

2011/0004/MTTCT/DGAC/SOPS

Ní fios

An Ghuine Mheánchiorclach

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Eiritré, lena n-áirítear

 

 

An Eiritré

ERITREAN AIRLINES

AOC Uimh. 004

ERT

An Eiritré

NASAIR ERITREA

AOC Uimh. 005

NAS

An Eiritré

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an gCirgeastáin, lena n-áirítear

 

 

An Chirgeastáin

AEROSTAN

08

BSC

An Chirgeastáin

AIR COMPANY AIR KG

50

Ní fios

An Chirgeastáin

AIR MANAS

17

MBB

An Chirgeastáin

AVIA TRAFFIC COMPANY

23

AVJ

An Chirgeastáin

FLYSKY AIRLINES

53

FSQ

An Chirgeastáin

HELI SKY

47

HAC

An Chirgeastáin

KAP.KG AIRCOMPANY

52

KGS

An Chirgeastáin

SKY KG AIRLINES

41

KGK

An Chirgeastáin

TEZ JET

46

TEZ

An Chirgeastáin

VALOR AIR

07

VAC

An Chirgeastáin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Libéir.

 

 

An Libéir

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Libia, lena n-áirítear

 

 

An Libia

AFRIQIYAH AIRWAYS

007/01

AAW

An Libia

AIR LIBYA

004/01

TLR

An Libia

AL MAHA AVIATION

030/18

Ní fios

An Libia

BERNIQ AIRWAYS

032/21

BNL

An Libia

BURAQ AIR

002/01

BRQ

An Libia

GLOBAL AIR TRANSPORT

008/05

GAK

An Libia

HALA AIRLINES

033/21

HTP

An Libia

LIBYAN AIRLINES

001/01

LAA

An Libia

LIBYAN WINGS AIRLINES

029/15

LWA

An Libia

PETRO AIR

025/08

PEO

An Libia

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Neipeal, lena n-áirítear

 

 

Neipeal

AIR DYNASTY HELI. S.

035/2001

Ní fios

Neipeal

ALTITUDE AIR

085/2016

Ní fios

Neipeal

BUDDHA AIR

014/1996

BHA

Neipeal

FISHTAIL AIR

017/2001

Ní fios

Neipeal

SUMMIT AIR

064/2010

Ní fios

Neipeal

HELI EVEREST

086/2016

Ní fios

Neipeal

HIMALAYA AIRLINES

084/2015

HIM

Neipeal

KAILASH HELICOPTER SERVICES

087/2018

Ní fios

Neipeal

MAKALU AIR

057A/2009

Ní fios

Neipeal

MANANG AIR PVT

082/2014

Ní fios

Neipeal

MOUNTAIN HELICOPTERS

055/2009

Ní fios

Neipeal

PRABHU HELICOPTERS

081/2013

Ní fios

Neipeal

NEPAL AIRLINES CORPORATION

003/2000

RNA

Neipeal

SAURYA AIRLINES

083/2014

Ní fios

Neipeal

SHREE AIRLINES

030/2002

SHA

Neipeal

SIMRIK AIR

034/2000

Ní fios

Neipeal

SIMRIK AIRLINES

052/2009

RMK

Neipeal

SITA AIR

033/2000

Ní fios

Neipeal

TARA AIR

053/2009

Ní fios

Neipeal

YETI AIRLINES

037/2004

NYT

Neipeal

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar São Tomé agus Príncipe, lena n-áirítear

 

 

São Tomé agus Príncipe

AFRICA’S CONNECTION

10/AOC/2008

ACH

São Tomé agus Príncipe

STP AIRWAYS

03/AOC/2006

STP

São Tomé agus Príncipe

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Shiarra Leon

 

 

Siarra Leon

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an tSúdáin, lena n-áirítear

 

 

An tSúdáin

ALFA AIRLINES SD

54

AAJ

An tSúdáin

BADR AIRLINES

35

BDR

An tSúdáin

BLUE BIRD AVIATION

11

BLB

An tSúdáin

ELDINDER AVIATION

8

DND

An tSúdáin

GREEN FLAG AVIATION

17

GNF

An tSúdáin

HELEJETIC AIR

57

HJT

An tSúdáin

KATA AIR TRANSPORT

9

KTV

An tSúdáin

KUSH AVIATION CO.

60

KUH

An tSúdáin

NOVA AIRWAYS

46

NOV

An tSúdáin

SUDAN AIRWAYS CO.

1

SUD

An tSúdáin

SUN AIR

51

SNR

An tSúdáin

TARCO AIR

56

TRQ

An tSúdáin


(1)  D’fhéadfaí cead a thabhairt d’aeriompróirí a liostaítear in Iarscríbhinn A cearta tráchta a fheidhmiú trí aerárthaí a úsáid ar léas fliuch ó aeriompróir nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a oibriú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha.


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN B

LIOSTA NA nAERIOMPRÓIRÍ ATÁ FAOI RÉIR SRIANTA OIBRÍOCHTÚLA LAISTIGH DEN AONTAS (1)

Ainm eintiteas dlíthiúil an aeriompróra faoi mar a léirítear é ar a AOC (agus a ainm trádála, murab ionann é)

Uimhir an Teastais Aeroibreora (‘AOC’)

Sainitheoir trí litir ICAO

Stát an Oibreora

Cineál aerárthaigh atá srianta

Cláruimhir nó cláruimhreacha agus, más ann dóibh, sraithuimhir nó sraithuimhreacha déantúis atá ag na haerárthaí srianta

Stát an chláraithe

IRAN AIR

FS100

IRA

An Iaráin

Gach aerárthach den chineál Fokker F100 agus den chineál Boeing B747.

Aerárthaí den chineál Fokker F100 mar a luaitear ar an AOC; aerárthaí den chineál Boeing B747 mar a luaitear ar an AOC.

An Iaráin

AIR KORYO

GAC-AOC/KOR-01

KOR

An Chóiré Thuaidh

An flít ar fad, cé is moite de: 2 aerárthach den chineál TU-204.

An flít ar fad, cé is moite de: P-632, P-633.

An Chóiré Thuaidh


(1)  D’fhéadfaí cead a thabhairt d’aeriompróirí a liostaítear in Iarscríbhinn B cearta tráchta a fheidhmiú trí aerárthaí a úsáid ar léas fliuch ó aeriompróir nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a oibriú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha.


26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/52


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2071 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Samhain 2021

lena gcuirtear vacsaíní áirithe agus substaintí gníomhacha a úsáidtear chun na vacsaíní sin a mhonarú faoi réir faireachas onnmhairiúcháin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Eanáir 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/111 (2) lena gcuirtear onnmhairiú vacsaíní COVID-19 mar aon le substaintí gníomhacha, lena n-áirítear máistir-chillbhainc agus cillbhainc infheidhme, a úsáidtear chun na vacsaíní sin a mhonarú, faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird, de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/479, ar feadh tréimhse 6 seachtaine. Ina dhiaidh sin, an 12 Márta 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 (3) lena gcuirtear onnmhairiú na dtáirgí céanna faoi réir údarú onnmhairiúcháin go dtí an 30 Meitheamh 2021, de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2015/479.

(2)

An 24 Márta 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 (4) lena dtugtar isteach, mar fhachtóir breise a bhaineann leis an tráth a bhítear ag smaoineamh ar údarú onnmhairiúcháin a dheonú, an gá atá le measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuireann nó nach gcuireann an t-údarú sin slándáil an tsoláthair earraí a chumhdaítear faoi Rialachán (AE) 2021/442 laistigh den Aontas i mbaol. Leis an Rialachán céanna, an díolúine a bhí ag tíortha cinn scríbe áirithe ó raon feidhme Rialachán (AE) 2021/442, chinn an Coimisiún an díolúine sin a chur ar fionraí go sealadach.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 ón gCoimisiún, is Rialachán é a glacadh de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/479 agus bhí feidhm aige ar feadh tréimhse 6 seachtaine. Na bearta a tugadh isteach leis an Rialachán sin, cuireadh síneadh leo ina dhiaidh sin go dtí an 30 Meitheamh 2021 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/734 ón gCoimisiún (5).

(4)

I gcás Rialachán (AE) 2021/442 agus Rialachán (AE) 2021/521 araon, cuireadh síneadh breise leo, go dtí an 30 Meán Fómhair 2021 ar dtús trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1071 ón gCoimisiún (6), agus ina dhiaidh sin go dtí an 31 Nollaig 2021 trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1728 ón gCoimisiún (7).

(5)

Tá dlús curtha le táirgeadh agus seachadadh dháileoga na vacsaíní COVID-19 san Aontas agus faoi láthair tá laghdú ar an riosca go gcuirfeadh onnmhairí feidhmiú na gComhaontuithe Réamhcheannaigh idir an tAontas agus monaróirí na vacsaíní i mbaol, sin nó slándáil sholáthairtí na vacsaíní COVID-19 san Aontas mar aon leis na substaintí gníomhacha a ghabhann leo.

(6)

Faoi na cúinsí atá ann faoi láthair, sin agus staid an tsoláthair, maidir leis an gceanglas údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird le haghaidh onnmhairiúcháin vacsaíní in aghaidh coróinvíris a bhfuil gaol acu le SARS (speicis SARS-CoV) agus substaintí gníomhacha, lena n-áirítear máistir-chillbhainc agus cillbhainc infheidhme a úsáidtear chun na vacsaíní sin a mhonarú, is éard a mheas an Coimisiún nach gá an ceanglas sin a chur i bhfeidhm i ndiaidh an 31 Nollaig 2021.

(7)

Mar sin féin, is gá fós faireachas a dhéanamh tríd an bpróiseas atá bunaithe ar Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a úsáid, agus a cheangal go n-áirítear sa dearbhú onnmhairiúcháin nó athonnmhairiúcháin na cóid bhreise TARIC, dá bhforáiltear san Iarscríbhinn, maille le líon na ndáileog (i gcás coimeádáin ildáileog, líon na ndáileog le haghaidh daoine fásta) go ceann tréimhse 24 mhí ón 1 Eanáir 2022.

(8)

Leis an bhfaireachas sin, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún sonraí forlíontacha staidrimh onnmhairiúcháin a bhailiú ar leibhéal gach monaróra d’fhonn na rudaí seo a leanas a bhrath go tráthúil: (i) aon léiriú ar easpa comhlíontachta leis an gComhaontú Réamhcheannaigh a thug an Coimisiúin i gcrích (ii) aon chúinse eile a d’fhéadfadh slándáil soláthair an Aontais a chur i mbaol, agus (iii) inniúlacht an Aontais tuilleadh tabhartais a chur i ngeall agus a chur ar fáil. Leis sin ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún, i gcás ina bhfuil údar ann, bearta breise a dhéanamh chun cosc a chur ar chás géibheannach de dheasca easpa na dtáirgí sin i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2015/479,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Beidh na táirgí seo a leanas faoi réir faireachas onnmhairiúcháin go ceann tréimhse 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo:

(a)

vacsaíní in aghaidh coróinvíris a bhfuil gaol acu le SARS (speicis SARS-CoV) agus a thagann faoi chód AC 3002 20 10 faoi láthair, cibé pacáistíocht atá orthu;

(b)

substaintí gníomhacha, lena n-áirítear máistir-chillbhainc agus cillbhainc infheidhme a úsáidtear chun na vacsaíní sin a mhonarú, a thagann faoi na cóid AC faoi láthair ex 2933 99 80, ex 2934 99 90, ex 3002 90 90 agus ex 3504 00 90.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “onnmhairiú” an méid seo a leanas:

(a)

earraí de chuid an Aontais a onnmhairiú faoin nós imeachta onnmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 269(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(b)

earraí nach earraí de chuid an Aontais iad a athonnmhairiú de réir bhrí Airteagal 270(1) den Rialachán sin tar éis do na hearraí sin a bheith faoi réir oibríochtaí monaraíochta, lena n-áirítear líonadh agus pacáistiú laistigh de chríoch chustaim an Aontais.

Airteagal 2

Maidir le dearbhú onnmhairiúcháin nó athonnmhairiúcháin na n-earraí a luaitear in Airteagal 1, áireofar ann, le linn na tréimhse dá dtagraítear san Airteagal sin, na cóid bhreise TARIC a luaitear san Iarscríbhinn, nó aon chód comhfhreagrach a bheidh ann amach anseo, agus léireofar ann líon na ndáileog (i gcás coimeádáin ildáileog, líon na ndáileog le haghaidh daoine fásta).

Airteagal 3

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis maidir leis na honnmhairiúcháin ar fáil go poiblí, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht na sonraí.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 83, 27.3.2015, lch. 34.

(2)  IO L 31 I, 30.1.2021, lch. 1.

(3)  IO L 85, 12.3.2021, lch. 190.

(4)  IO L 104, 25.3.2021, lch. 52.

(5)  IO L 158, 6.5.2021, lch. 13.

(6)  IO L 230, 30.6.2021, lch. 28.

(7)  IO L 345, 30.9.2021, lch. 34.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Cóid bhreise TARIC

Monaróir

Cód breise TARIC le haghaidh vacsaíní in aghaidh coróinvíris a bhfuil gaol acu le SARS (speicis SARS-CoV)

Cód breise TARIC le haghaidh substaintí gníomhacha  (*1)

AstraZeneca AB

4500

4520

Pfizer / BioNTech

4501

4521

Moderna Switzerland / Moderna Inc

4502

4522

Janssen Pharmaceutica NV

4503

4523

CureVac AG

4504

4524

Sanofi Pasteur / GlaxoSmithKline Biologicals S.A

4505

4525

Novavax

4506

4526

Valneva

4507

4527

Gedeon Richter

4508

4528

Arcturus

4509

4529

PCI Pharma

4510

4530

Monaróirí eile

4999

4999


Cuideachta

Cód breise TARIC le haghaidh substaintí eile  (*2)

Monaróirí uile

4599


(*1)  substaintí gníomhacha lena n-áirítear máistir-chillbhainc agus cillbhainc infheidhme a úsáidtear chun vacsaíní a mhonarú in aghaidh coróinvíris a bhfuil gaol acu le SARS (speicis SARS-CoV).

(*2)  (**) is éard is “substaintí eile” ann táirgí nó substaintí nach n-úsáidfear chun vacsaíní a mhonarú in aghaidh coróinvíris a bhfuil gaol acu le SARS (speicis SARS-CoV), ach atá aicmithe faoi na cóid AC chéanna leis na substaintí gníomhacha.


CINNTÍ

26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/56


CINNEADH (CBES) 2021/2072 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2021

chun tacú le hathléimneacht a chothú sa bhithshábháilteacht agus sa bhithshlándáil tríd an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Nollaig 2003, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an AE i gcoinne Leathadh na n-Arm Ollscriosta (“Straitéis AE”), a bhfuil liosta de bhearta chun leathadh den sórt sin a chomhrac i gCaibidil III di.

(2)

Tá Straitéis AE á cur chun feidhme go gníomhach ag an Aontas agus tá éifeacht á tabhairt aige do na bearta a liostaítear i gCaibidil III di, go háirithe na bearta sin a bhaineann leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine (BTWC) a neartú, a chur chun feidhme agus a uiliú.

(3)

An 20 Márta 2006, ghlac an Chomhairle Plean Gníomhaíochta AE maidir le hairm bhitheolaíocha agus thocsaine, atá comhlántach le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/184/CBES (1) chun tacú le BTWC.

(4)

An 16 Samhain 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/2096 (2) maidir le seasamh an Aontais ag Ochtú Comhdháil Athbhreithnithe na Stát is Páirtithe in BTWC.

(5)

Ag Ochtú Comhdháil Athbhreithnithe BTWC cinneadh sainordú an Aonaid Tacaíochta Cur Chun Feidhme (ISU) arna bhunú laistigh de Bhrainse na Ginéive d’Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-Armála (UNODA) agus ar aontaíodh leis ag Seachtú Comhdháil Athbhreithnithe BTWC, a athnuachan don tréimhse ó 2017 go 2021.

(6)

An 21 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/97 (3) chun tacú le BTWC, faoi chuimsiú Straitéis AE. Leis an gCinneadh seo, déantar Cinneadh (CBES) 2019/97 a chomhlánú tríd an mbithshábháilteacht agus an bhithshlándáil a neartú tuilleadh ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal idirnáisiúnta i gcomhthéacs phaindéim reatha COVID-19.

(7)

I bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim Covid-19, is gá dlús a chur leis na hiarrachtaí chun an bhithshábháilteacht agus an bhithshlándáil a fheabhsú ar an leibhéal idirnáisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal náisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Tá an Cinneadh seo bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

(a)

an leas is fearr a bhaint as an taithí a fuarthas trí Ghníomhaíochtaí Comhpháirteacha agus Cinntí ón gComhairle a rinneadh roimhe seo chun tacú le BTWC;

(b)

aird a thabhairt ar na riachtanais shonracha a léirigh idir Stáit is Páirtithe agus Stáit nach páirtithe iad in BTWC i dtaca leis an mbithshábháilteacht agus an bhithshlándáil a neartú ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal idirnáisiúnta trí BTWC;

(c)

úinéireacht áitiúil agus réigiúnach ar na tionscadail a spreagadh, d’fhonn a n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach a áirithiú agus comhpháirtíocht a fhorbairt idir an tAontas agus tríú páirtithe faoi chuimsiú BTWC;

(d)

díriú ar na gníomhaíochtaí sin a bhfuil torthaí nithiúla bainte amach acu ó thaobh cumais chuidithe, freagartha, agus ullmhachta a neartú ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal idirnáisiúnta;

(e)

rannchuidiú leis na cuspóirí a bhaineann leis an tsíocháin agus an tslándáil agus leis an tsláinte a chur chun cinn trí BTWC a bheith á chur chun feidhme go héifeachtach ag na Stáit is Páirtithe.

2.   Tacóidh an tAontas leis na tionscadail seo a leanas a chomhfhreagraíonn do bhearta de chuid Straitéis AE:

(a)

cumais bhithshábháilteachta agus bhithshlándála a neartú san Afraic trí chomhordú réigiúnach a mhéadú;

(b)

acmhainneacht a fhothú do Phointí Teagmhála Náisiúnta BTWC;

(c)

athbhreithniú a éascú ar fhorbairtí san eolaíocht agus sa teicneolaíocht atá ábhartha do BTWC trí ról a thabhairt freisin don earnáil acadúil agus don earnáil tionsclaíochta;

(d)

an tacaíocht a leathnú do chleachtaí deonacha trédhearcachta.

Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar na tionscadail seo sa Doiciméad Tionscadail a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1.   Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí) an Cinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Cuirfear cur chun feidhme teicniúil na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de chúram ar UNODA. Déanfaidh sé an cúram seo faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le UNODA.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 2 147 443,52 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

2.   Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1. Chuige sin, tabharfaidh sé comhaontú airgeadais i gcrích le UNODA. Sonróidh an comhaontú go bhfuil UNODA chun infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid, a áirithiú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a dtabharfar an comhaontú chun críche.

Airteagal 4

Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag UNODA. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle. Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi ghnéithe airgeadais na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 5

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Rachaidh an Cinneadh in éag 24 mhí tar éis an dáta a dtabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích, nó 6 mhí tar éis dáta a ghlactha mura mbeidh an comhaontú sin tugtha i gcrích faoin am sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. POČIVALŠEK


(1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/184/CBES ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an AE i gcoinne Leathadh na n-Arm Ollscriosta (IO L 65, 7.3.2006, lch. 51).

(2)  Cinneadh (CBES) 2015/2096 ón gComhairle an 16 Samhain 2015 maidir le seasamh an Aontais Eorpaigh ag Ochtú Comhdháil Athbhreithnithe na Stát is Páirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Fhorbairt, Táirgeadh agus Stoc-charnadh Arm Baictéareolaíoch (Bitheolaíoch) agus Tocsaine agus maidir lena nDíothú (BTWC) (IO L 303, 20.11.2015, lch. 13).

(3)  Cinneadh (CBES) 2019/97 ón gComhairle an 21 Eanáir 2019 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh na n-Arm Ollscriosta (IO L 19, 22.1.2019, lch. 11).


IARSCRÍBHINN

Tionscadal chun tacú le hathléimneacht sa bhithshábháilteacht agus sa bhithshlándáil tríd an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine (BTWC)

1.   CÚLRA

Chonacthas le linn phaindéim COVID-19 an suaitheadh domhanda lenar féidir le galair thógálacha a bheith ina siocair, agus léiríodh a neamhullamh a bhíothas ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, agus idirnáisiúnta chun freagairt ar imeachtaí bitheolaíocha. Dá dtarlódh sé go ndéanfaí galar den chineál seo a ionramháil d'aon turas chun gur nimhní fós a bheadh, nó dá mbeartófaí é a ligean amach in áiteanna iomadúla in éineacht, d'fhéadfadh sé gur géarchéim dhomhanda ní ba mhó arís a d'eascródh as a leithéid. Ag an am céanna, ní mór an dul chun cinn sa bhiteicneolaíocht a mheas ós féidir lena leithéid tairbhí iomadúla, agus tionchar dearfach ar an bhforbairt inbhuanaithe, a fhágáil againn, bíodh is go ngabhann rioscaí iomadúla gona n-iarmhairtí tubaisteacha lena leithéid chomh maith. Ós amhlaidh atá, is gá dlús a chur leis na hiarrachtaí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna bithshábháilteachta agus bithshlándála i gcomhthéacs an Choinbhinsiúin maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Tocsaine.

2.   CUSPÓIRÍ

Tá an Cinneadh seo ón gComhairle ceaptha go sonrach chun an bhithshábháilteacht agus an bhithshlándáil a neartú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta i gcomhthéacs phaindéim reatha COVID-19. Comhlánfaidh an Cinneadh seo Cinneadh (CBES) 2019/97 ón gComhairle an 21 Eanáir 2019 (1) chun tacú le BTWC. Tá Cinneadh 2019/97 á chur chun feidhme ag Brainse na Ginéive d’Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-Armála (UNODA), i ndlúthchomhar le hAonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme (ISU) BTWC. De réir mar is infheidhme, leis an gCinneadh seo, cuirfear leis an méid a baineadh amach le Cinneadh 2019/97 agus le Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha agus le Cinntí ón gComhairle a rinneadh roimhe seo chun tacú le BTWC, gan gníomhaíochtaí leanúnacha a dhúbláil (2). Le linn chéim chur chun feidhme an Chinnidh seo, bainfear an leas is fearr as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le Cinneadh 2019/97.

Beidh an Cinneadh seo ón gComhairle bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

(a)

an leas is fearr a bhaint as an taithí a fuarthas trí Ghníomhaíochtaí Comhpháirteacha agus Cinntí ón gComhairle a rinneadh roimhe seo chun tacú le BTWC;

(b)

aird a thabhairt ar na riachtanais shonracha a léirigh idir Stáit is Páirtithe agus Stáit nach páirtithe iad in BTWC i dtaca leis an mbithshábháilteacht agus an bhithshlándáil a neartú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta trí BTWC;

(c)

úinéireacht áitiúil agus réigiúnach ar na tionscadail a spreagadh, chun a n-inbhuaine fhadtéarmach a áirithiú agus comhpháirtíocht a fhorbairt idir an tAontas Eorpach agus tríú páirtithe faoi chuimsiú BTWC;

(d)

díriú ar na gníomhaíochtaí sin a bhfuil sé léirithe acu go bhfuil torthaí nithiúla bainte amach acu ó thaobh cumais chuidithe, freagartha, agus ullmhachta a neartú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta;

(e)

rannchuidiú leis na cuspóirí a bhaint amach i réimse na síochána, na slándála agus na sláinte trí BTWC a bheith á chur chun feidhme go héifeachtach ag na Stáit is Páirtithe.

3.   TIONSCADAIL

3.1.   Tionscadal 1 – Cumais bhithshábháilteachta agus bhithshlándála a neartú san Afraic trí chomhordú réigiúnach a mhéadú

3.1.1.   Cuspóir an tionscadail

Dírítear leis an tionscadal seo ar chur chun feidhme BTWC a neartú agus ar a uiliú a chur chun cinn ar mhór-roinn na hAfraice, trí acmhainneachtaí na n-údarás náisiúnta agus na n-eintiteas réigiúnach agus na n-eagraíochtaí a bhíonn ag déileáil le saincheisteanna bithshábháilteachta agus bithshlándála san Afraic a mhéadú. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal freisin cur leis an gcomhar agus leis an gcomhordú i measc na ngníomhaithe sin.

Faoi láthair, tá 14 Stát ann – ceithre Stát shínitheacha agus deich Stát neamhshínitheacha – nár dhaingnigh BTWC go fóill ná níor aontaigh siad dó. Is san Afraic atá ocht gcinn de na Stáit sin: Sead, Oileáin Chomóra, Djibouti, an Éigipt, an Eiritré, an Namaib, an tSomáil agus an tSúdáin Theas. Shínigh dhá cheann de na Stáit sin, an Éigipt agus an tSomáil BTWC agus níl an Coinbhinsiún sínithe ag na sé Stát eile. Dá bhrí sin, is réimse tosaíochta í mór-roinn na hAfraice maidir le huiliú BTWC. Thairis sin, d’fhéadfaí cur chun feidhme an Choinbhinsiúin a neartú go mór trí acmhainneachtaí bithshábháilteachta agus bithshlándála a chuid Stát Afracach is Páirtithe a mhéadú.

3.1.2.   Cur síos ar an Tionscadal

Mar chuid den tionscadal sin, cruthófar post mar Oifigeach Gnóthaí Polaitiúla P3 a bheidh bunaithe in Addis Ababa chun oibriú go sonrach chun an Coinbhinsiún ar mhór-roinn na hAfraice a uiliú agus a chur chun feidhme ar bhealach níos láidre agus chun deiseanna a fhiosrú do shineirgí le creataí réigiúnacha maidir le síocháin agus slándáil, slándáil sláinte agus forbairt. Go nithiúil, bheadh an tOifigeach Gnóthaí Polaitiúla freagrach as na cúraimí seo a leanas:

(a)

cúnamh reachtach a chur ar fáil do na Stáit is páirtithe ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid reachtaíochta a bhaineann le BTWC agus do Stáit a bhfuil suim acu bheith páirteach sa Choinbhinsiún agus a bhfuil sé ar intinn acu a reachtaíocht atá ann cheana a athbhreithniú agus a choigeartú;

(b)

oiliúint shonrach a chur ar fáil do Stáit is Páirtithe maidir le tuarascálacha ar Bhearta Cothaithe Muiníne BTWC (BBM) a ullmhú agus a thíolacadh;

(c)

cúnamh a thabhairt do Stáit Afracacha is Páirtithe in BTWC maidir le ceisteanna a bhaineann le CBManna. Leis an gcúnamh breise sin, a neartódh an tacaíocht a thug ISU BTWC cheana féin, dírítear ar líon agus ar cháilíocht is airde tuarascálacha CBM a bhaint amach, ar tuarascálacha iad atá á dtíolacadh ag Stáit Afracacha is Páirtithe;

(d)

idirchaidreamh a dhéanamh go dlúth le Stáit Afracacha nach páirtithe iad in BTWC, lena n-áirítear trína mBuanmhisin chuig an Aontas Afracach in Addis Ababa, chun dúshláin shonracha náisiúnta a shainaithint i ndáil le haontachas leis an gCoinbhinsiún nó le daingniú an Choinbhinsiúin agus chun próisis aontachais/daingnithe faoi seach a éascú trí chúnamh teicniúil agus reachtach gaolmhar a chur ar fáil de réir mar is gá;

(e)

dlúthchaidreamh a chur ar bun le geallsealbhóirí ábhartha agus gníomhaíochtaí a chomhordú leo, le grúpálacha foréigiúnacha agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta atá bunaithe san Afraic (3); agus

(f)

tacú le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí eile ar fad faoin gCinneadh seo ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh san Afraic.

Gheobhaidh an tOifigeach Gnóthaí Polaitiúla tacaíocht ó chomhairleoirí seachtracha le haghaidh tascanna substainteacha sonracha (e.g. tacaíocht reachtach agus cúnamh teicniúil a sholáthar), de réir mar is gá. Bainfear úsáid as láithreacht UNODA san Afraic trína Lárionad Réigiúnach na Náisiún Aontaithe um an tsíocháin agus an dí-armáil san Afraic (UNREC) chun gnéithe de na gníomhaíochtaí a éascú agus chun tacú leo de réir mar is iomchuí.

Déanfar gníomhaíochtaí uile an Oifigigh Gnóthaí Polaitiúla a chomhordú go dlúth le ISU BTWC agus le foireann tionscadail Chinneadh Chomhairle an Aontais Eorpaigh atá bunaithe sa Ghinéiv. Oibreoidh an tOifigeach Gnóthaí Polaitiúla go dlúth le Comhordaitheoir Réigiúnach UNODA don Afraic do Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe 1540 (2004) (4) agus beidh sé lonnaithe i bhfoirgneamh Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Afraic (CIE) in Addis Ababa.

3.1.3.   Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal

Leis an Tionscadal seo, táthar ag súil go gcuirfear uiliú chun cinn agus go bhfeabhsófar cur chun feidhme náisiúnta an Choinbhinsiúin ar mhór-roinn na hAfraice. Tá sé d’aidhm aige freisin comhar agus comhordú a mhéadú i measc na n-údarás náisiúnta agus na n-eintiteas réigiúnach agus na n-eagraíochtaí a bhíonn ag déileáil le saincheisteanna bithshábháilteachta agus bithshlándála san Afraic.

Ó tharla post an Oifigigh Gnóthaí Polaitiúla bunaithe in Addis Ababa, agus go mbeifear níos gaire do na húdaráis náisiúnta san Afraic, táthar ag súil go gcuideoidh ambasáidí ábhartha in Addis Ababa agus ardáin ceaptha beartas réigiúnacha go mór le cur chun feidhme BTWC agus uiliú an Choinbhinsiúin san Afraic, mar a leagtar amach thuas, a chur chun cinn.

3.2.   Tionscadal 2 - Acmhainneacht a fhothú do Phointí Teagmhála Náisiúnta BTWC

3.2.1.   Cuspóir an tionscadail

Is é is aidhm don tionscadal seo ábhair oiliúna a chruthú agus oiliúint thiomnaithe a chur ar fáil do Phointí Teagmhála Náisiúnta (NCPanna) BTWC maidir le cur chun feidhme náisiúnta BTWC. Tá sé beartaithe freisin go ndéanfaí modhanna agus deiseanna a chruthú le haghaidh idirphlé agus malartú faisnéise i measc na NCPanna maidir le cur chun feidhme náisiúnta BTWC, lena n-áirítear dea-chleachtais a chomhroinnt. Is é cuspóir an tionscadail seo cur chun feidhme BTWC a neartú trí fhothú tiomnaithe acmhainneachta a chur ar fáil do na NCPanna agus trí níos mó malartaithe agus comhair a chruthú eatarthu ar an leibhéal réigiúnach agus idirnáisiúnta.

Ag an Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin in 2006, cinneadh gur cheart do gach Stát is Páirtí pointe teagmhála náisiúnta a ainmniú don mhéid seo a leanas:

an cur chun feidhme náisiúnta a chomhordú agus cumarsáid a dhéanamh le Stáit eile is Páirtithe agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha;

tuarascálacha bliantúla na mBeart Cothaithe Muiníne (CBManna) a ullmhú agus a chur isteach;

faisnéis a mhalartú maidir le hiarrachtaí um uiliú.

As an 183 Stát is Páirtithe atá ann faoi láthair, níl NCP ainmnithe ach ag 134 díobh go dtí seo. Tá na NCPanna leabaithe in eintitis éagsúla ar an leibhéal náisiúnta, tá cúlraí éagsúla acu agus leibhéil éagsúla réamheolais acu ar BTWC. Go dtí seo, is ar bhonn ad hoc amháin atá oiliúint á cur ar fáil le haghaidh NCPanna BTWC agus is ar an gcoinníoll go gcuireann deontóirí cistiú ar fáil a chuirtear ar fáil í.

3.2.2.   Cur síos ar an Tionscadal

Mar chuid den tionscadal seo, tá cúrsa oiliúna caighdeánaithe á fhorbairt, a chuirfear ar fáil do na NCPanna go léir. Déanfar an cúrsa oiliúna a chur ar fáil ar líne nó go pearsanta sna réigiúin éagsúla (ag brath ar dhul chun cinn phaindéim COVID-19) d’ionadaithe náisiúnta atá ag feidhmiú mar NCPanna BTWC. Sa chúrsa oiliúna, cuirfear faisnéis ar fáil maidir le gach gné de chur chun feidhme náisiúnta BTWC, lena n-áirítear tuarascálacha na mBeart Cothaithe Muiníne a ullmhú agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna reachtacha. Cuirfidh an oiliúint leis an Treoir maidir le BTWC a chur chun feidhme, atá á forbairt faoi Chinneadh 2019/97 ón gComhairle.

Cé go gcuireann Aonad Tacaíochta Cur Chun Feidhme BTWC sonraí teagmhála na NCPanna ainmnithe ar fad ar fáil do na Stáit is Páirtithe ar leathanach ar leith dá bhfuil an rochtain srianta, níl aon ardán foirmiúil ann trínar féidir leis na NCPanna idirghníomhú le chéile. Beartaítear, dá bhrí sin, leis an tionscadal seo, go dtionólfar sraith d’fhóraim idirphlé neamhfhoirmiúla – go fíorúil nó go fisiciúil – le haghaidh NCPanna BTWC chun an malartú faisnéise agus an chomhroinnt dea-chleachtas a éascú.

Ina theannta sin, tionólfar imeacht sa Ghinéiv ag a dtabharfar le chéile NCPanna uile BTWC, mar shampla roimh Chruinniú BTWC na Stát is Páirtithe, le go bhféadfar malartú faisnéise agus líonrú a dhéanamh i measc na NCPanna ó na réigiúin éagsúla, cosúil le Cruinniú Bliantúil na nÚdarás Náisiúnta OPCW faoin gCoinbhinsiún maidir le hAirm Cheimiceacha. Déanfar an leathanach dá bhfuil an rochtain srianta a leathnú a thuilleadh freisin le go bhfeidhmeoidh sé mar stór faisnéise ábhartha do NCPanna, lena n-áirítear gach ábhar oiliúna ábhartha, agus mar ardán idirghníomhach trína mbeidh na NCPanna in ann idirghníomhú le chéile agus le ISU BTWC. Déanfaidh ISU BTWC an leathanach dá bhfuil an rochtain srianta a chothabháil agus a riar le gur féidir leanúint de mhalartú éascaithe a áirithiú i measc NCPanna tar éis don Chinneadh seo ón gComhairle a bheith curtha i gcrích.

Tá gné láidir líonraithe ag an gcúrsa oiliúna agus ag na fóraim idirphlé araon toisc go mbeidh deis ag na NCPanna aithne a chur ar a chéile agus idirchaidreamh a dhéanamh.

3.2.3.   Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal

Mar thoradh dearfach ar an gcúrsa oiliúna, táthar ag súil go n-ainmneoidh níos mó Stát is Páirtithe NCPanna. Táthar ag súil freisin go dtiocfaidh méadú agus feabhas ar líon na dtuarascálacha i dtaobh na mBeart Cothaithe Muiníne a chuirfear isteach gach bliain, rud a chuirfidh faisnéis bhreise ar fáil i ndáil le stádas chur chun feidhme an Choinbhinsiúin ar leibhéal domhanda. Chun inbhuaine a áirithiú, déanfar na hábhair oiliúna a choincheapú ar bhealach lena mbeidh siad inúsáidte agus inrochtana ag na NCPanna le haghaidh seisiúin oiliúna amach anseo tar éis don Chinneadh seo ón gComhairle a bheith curtha i gcrích. Thairis sin, meastar go n-éascófar malartú faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas idir NCPanna de thoradh an tionscadail seo.

3.3.   Tionscadal 3 - Athbhreithniú a éascú ar fhorbairtí san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht atá ábhartha do BTWC trí ról a thabhairt freisin don earnáil acadúil agus don earnáil tionsclaíochta

3.3.1.   Cuspóir an tionscadail

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo athbhreithniú a éascú ar eolaíocht agus teicneolaíocht (E&T) atá ábhartha don Choinbhinsiún. Arís is arís eile, tá sé aitheanta ag Stáit is Páirtithe BTWC a thábhachtaí atá sé fanacht ar an eolas faoi dhul chun cinn ábhartha san eolaíocht agus sa teicneolaíocht. Ar thaobh amháin, d’fhéadfadh riosca a bheith i gceist lena leithéid de dhul chun cinn dá dtiocfadh sárú ar an gCoinbhinsiún as agus, ar an taobh eile, d’fhéadfadh sé go rachadh sé chun tairbhe an Choinbhinsiúin trí, mar shampla, feabhas a chur ar vacsaíní agus ar fháthmheas galar. Ós rud é gur dual don teicneolaíocht a bhaineann le BTWC a bheith ina teicneolaíocht dé-úsáide, is den fhíorthábhacht go mbeadh na hearnálacha acadúla agus tionsclaíochta rannpháirteach i gcónaí agus go ndéanfaí cumarsáid leo.

3.3.2.   Cur síos ar an Tionscadal

Is éard atá sa tionscadal seo comhdháil idirnáisiúnta eolaíochta agus teicneolaíochta a reáchtáil mar ullmhúchán don Naoú Comhdháil Athbhreithniúcháin, dírithe go príomha ar shaineolaithe ón saol acadúil, ó rialtais agus ón earnáil tionsclaíochta le go gcuirfí a dtuairimí san áireamh sa phlé a bheidh ina bhunús ag an Naoú Comhdháil Athbhreithniúcháin. Ag an gcomhdháil, de réir mar is cuí, cuirfear san áireamh agus tógfar ar thorthaí na gcúig cheardlann réigiúnach eolaíochta agus teicneolaíochta a reáchtálfar faoi chuimsiú Cinneadh AE (CFSP) 2016/51 ón gComhairle lena dtacaítear le BTWC. Tabharfar aghaidh freisin ag an gcomhdháil ar thograí a bhaineann le E&T ó Stáit is Páirtithe BTWC, ar nós cód iompair a thabhairt isteach do bhitheolaithe agus iarrachtaí chun sásra athbhreithniúcháin don E&T a bhunú, tograí a bheidh ina n-ábhair phlé athnuaite ag an Naoú Comhdháil Athbhreithniúcháin. Tionólfar an chomhdháil i dtír de chuid an Domhain Theas, mar shampla i gceann d’urraitheoirí (5) rún Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le “Ról na heolaíochta agus na teicneolaíochta i gcomhthéacs na slándála idirnáisiúnta agus na dí-armála”. Sa chás nach féidir an chomhdháil a reáchtáil go fisiciúil mar gheall ar phaindéim COVID-19, cuirfear formáid fhíorúil i bhfeidhm. Maidir leis an gcomhdháil a eagrú agus a reáchtáil, fostófar comhairleoir seachtrach lena aghaidh sin a mbeidh cúlra ábhartha agus dlúthnaisc aige nó aici leis an earnáil acadúil agus/nó tionsclaíochta. Cuirfear de chúram ar an gcomhairleoir seachtrach freisin oibriú ar straitéis níos fadtéarmaí a fhorbairt ar mhaithe le rannpháirtíocht níos mó idir na geallsealbhóirí faoi BTWC.

Comhlánófar comhdháil na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta trí thionscnamh “Eolaíocht do Thaidhleoirí” a chruthú darb aidhm a áirithiú go bhfuil lucht ceaptha beartas ar an eolas faoin gcaoi ar féidir le dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch sochar a dhéanamh don Choinbhinsiún agus dúshlán a thabhairt dó ag an am céanna. Is éard a bheidh sa tionscnamh “Eolaíocht do Thaidhleoirí” sraith imeachtaí a eagrófar dírithe ar fhorbairtí teicneolaíochta a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo don Choinbhinsiún. Beidh an comhairleoir seachtrach freagrach freisin as imeachtaí “Eolaíocht do Thaidhleoirí” a eagrú.

3.3.3.   Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal

Táthar ag súil go gcuirfidh Comhdháil na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta bonn eolais faoi na pléití substainteacha a bheidh ar siúl le linn an Naoú Comhdháil Athbhreithniúcháin agus go mbeidh tionchar aici orthu. Is é is aidhm don phlé ar thograí ábhartha E&T ó Stáit is Páirtithe BTWC, ar nós cód iompair a thabhairt isteach do bhitheolaithe agus iarrachtaí sásra athbhreithniúcháin Eolaíochta agus Teicneolaíochta a bhunú, éascaíocht a dhéanamh ar fhoirmliú seasamh náisiúnta agus/nó réigiúnach agus ar phlé agus caibidlíocht na dtograí sin ag an Naoú Comhdháil Athbhreithniúcháin.

Is é is aidhm don tionscnamh “Eolaíocht do Thaidhleoirí” lucht ceaptha beartas a chur ar an eolas faoin dul chun cinn teicneolaíoch agus eolaíoch is ábhartha don Choinbhinsiún.

3.4.   Tionscadal 4 – An tacaíocht a leathnú do chleachtaí deonacha trédhearcachta

3.4.1.   Cuspóir an tionscadail

Is é is cuspóir don tionscadal trédhearcacht a chur chun cinn agus muinín a chothú faoin gCoinbhinsiún. Cuireann sé le cleachtaí trédhearcachta deonacha a rinne Stáit is Páirtithe ó 2011 agus is é is aidhm dó tuilleadh feabhais a chur ar an tacaíocht a thugtar do thionscnaimh den sórt sin trí ardán malartaithe a bhunú le haghaidh cleachtaí deonacha trédhearcachta. Áirítear air freisin, inter alia, anailís chuimsitheach a dhéanamh chun ceachtanna ó na gníomhaíochtaí sin a shainaithint chomh maith le sraith gníomhaíochtaí praiticiúla chun tacú leis an gcoincheap.

3.4.2.   Cur síos ar an Tionscadal

Ó 2011, tá tionscnaimh dheonacha déanta ag 15 Stát is Páirtí chun cineálacha éagsúla cleachtaí trédhearcachta a óstáil faoin gCoinbhinsiún. Tháinig 35 thír ó na grúpaí réigiúnacha go léir le chéile do na cleachtaí sin. Cé go raibh difríochtaí sna gníomhaíochtaí a bhí ann roimhe seo ó thaobh a n-aidhmeanna agus a gcuspóirí sonracha, formáide, leibhéal rannpháirtíochta agus faid de, tógann siad ar chomhthuiscint amháin: comhaontaítear iad go léir go deonach ar bhealach déthaobhach nó iltaobhach nó le próiseas atá oscailte do gach Stát is Páirtí leasmhar chun úsáid a bhaint as na deiseanna athbhreithnithe piaraí. Leis an gcur chuige sin, is féidir príomhpharaiméadair éagsúla a chur in oiriúint de réir roghanna na Stát is Páirtithe eagrúcháin/atá rannpháirteach. Le cleachtaí trédhearcachta deonacha, is féidir aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla amhail cur chun feidhme náisiúnta, cúnamh agus comhar idirnáisiúnta, ullmhacht agus freagairt, rialú onnmhairithe, reachtaíocht maidir leis an mbithshábháilteacht agus leis an mbithshlándáil, nó tuarascálacha ar Bhearta Cothaithe Muiníne a ullmhú.

Foráiltear sa tionscadal go mbunófar coimre ar líne de na cleachtaí trédhearcachta uile i bhfoirm bunachar sonraí inchuardaithe maidir leis na gníomhaíochtaí uile a rinneadh go dtí seo agus maidir le tiomsú staidéir chuimsithigh ar chleachtaí trédhearcachta a rinneadh roimhe seo, lena n-áirítear ceachtanna a sainaithníodh ó na gníomhaíochtaí éagsúla. Déanfar an staidéar i ndlúthchomhar le UNIDIR. Ina theannta sin, féachfaidh UNODA le dul i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta leasmhara, lena n-áirítear Ionaid Barr Feabhais AE chun riosca Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach a mhaolú, agus an tionscadal á chur chun feidhme. Sannfar bunú na coimre ar líne agus forbairt an staidéir ar chleachtaí a rinneadh roimhe seo do chomhairleoirí seachtracha.

3.4.3.   Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal

Leis an tionscadal, táthar ag súil go neartófar cur chun feidhme an Choinbhinsiúin trí fhaisnéis agus dea-chleachtais a chomhroinnt i measc na Stát is Páirtithe maidir le cleachtaí trédhearcachta deonacha agus go gcuideofar chun riachtanais a shainaithint i dtaca le cúnamh agus comhar faoi Airteagal X ó BTWC. Beidh sé ina chuidiú freisin chun fóram idirphlé maidir leis na tionscnaimh sin a chruthú idir Stáit is Páirtithe leasmhara.

4.   SAINCHEISTEANNA FOIRNE

Chun an Cinneadh sin ón gComhairle a chur chun feidhme, beidh foireann ag teastáil sa Ghinéiv chun cur chun feidhme comhordaithe agus cuíchóirithe na ngníomhaíochtaí uile faoin gCinneadh seo ón gComhairle a áirithiú. Is gá, dá bhrí sin, Oifigeach Gnóthaí Polaitiúla P2 agus Cúntóir Riaracháin GS4 a bheith lonnaithe i mBrainse UNODA sa Ghinéiv. Mar a leagtar amach thuas, lonnófar Oifigeach Gnóthaí Polaitiúla P3 in Addis Ababa. Tuairisceoidh na hOifigigh Gnóthaí Polaitiúla P2 agus P3 agus an Cúntóir Riaracháin GS4 don Oifigeach Gnóthaí Polaitiúla P3 atá ag déanamh maoirseacht ar chur chun feidhme Chinneadh 2019/97 ón gComhairle chun cur chun feidhme cuíchóirithe agus comhordaithe an dá Chinneadh ón gComhairle a áirithiú.

I bhfianaise an leibhéil aird speisialtóireachta a theastaíonn chun cúnamh reachtach agus teicniúil a chur ar fáil san Afraic, chun suíomh gréasáin NCP a nuachóiriú agus ábhair oiliúna a fhorbairt do NCPanna, chun Comhdháil na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta a eagrú agus an tionscnamh “Eolaíocht do Thaidhleoirí” a chur i gcrích, chun an coimre ar líne maidir le cleachtaí trédhearcachta deonacha a bhunú agus an staidéar ar chleachtaí agus ar dhea-chleachtais a rinneadh roimhe seo a fhorbairt, beidh sé riachtanach comhairleoirí seachtracha a fhostú chun na gcríoch sin.

5.   TUAIRISCIÚ

Cuirfidh UNODA/BTWC-ISU tuarascálacha sé mhí ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na dtionscadal faoi bhráid an Ardionadaí.

6.   ACHAR AMA

Is é 24 mhí fad iomlán measta chur chun feidhme an tionscadail.

7.   INFHEICTHEACHT AN AONTAIS

Déanfaidh UNODA/BTWC-ISU gach beart iomchuí chun a phoibliú gur chistigh an tAontas na gníomhaíochtaí a rinneadh. Déanfar na bearta sin i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún agus leis an Lámhleabhar Infheictheachta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha AE arna leagan síos agus arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach. Ar an gcaoi sin, áiritheoidh UNODA/BTWC-ISU infheictheacht rannchuidiú an Aontais le brandáil agus le poiblíocht iomchuí, agus béim á leagan ar ról an Aontais, trédhearcacht a ghníomhaíochtaí á háirithiú, agus feasacht á múscailt ar na cúiseanna leis an gCinneadh seo maille le feasacht ar thacaíocht an Aontais don Chinneadh seo agus ar thorthaí na tacaíochta sin. Beidh bratach an Aontais le feiceáil go soiléir ar ábhar a tháirgeann na tionscadail i gcomhréir le treoirlínte an Aontais maidir leis an mbratach a úsáid agus a atáirgeadh go cruinn.

8.   TAIRBHITHE

Is éard a bheidh i dtairbhithe Thionscadal 1 Stáit is Páirtithe in BTWC a mhéid a bhaineann le cúnamh dlíthiúil agus teicniúil a sholáthar agus Stáit nach Páirtithe iad (idir Stáit is sínitheoirí agus Stáit nach sínitheoirí iad) in BTWC a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí um uiliú, lena n-áirítear geallsealbhóirí ábhartha ón earnáil phríobháideach, ón saol acadúil agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha chomh maith le grúpálacha foréigiúnacha agus eagraíochtaí comhpháirtíochta atá bunaithe san Afraic (6), i gcás inarb iomchuí.

Is Stáit is Páirtithe in BTWC iad tairbhithe Thionscadal 2 i ndáil le fothú acmhainneachta do Phointí Teagmhála Náisiúnta BTWC, go háirithe oifigigh atá ainmnithe mar phointí teagmhála náisiúnta.

Is oifigigh, eolaithe, lucht acadúil agus ionadaithe tionscail ó Stáit is Páirtithe in BTWC a bheidh ina dtairbhithe de Thionscadal 3 maidir le hathbhreithniú ar fhorbairtí san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht is ábhartha don Choinbhinsiún a éascú.

Is Stáit is Páirtithe in BTWC a bheidh ina dtairbhithe de Thionscadal 4 i ndáil le tacaíocht do chleachtaí trédhearcachta deonacha a leathnú.


(1)  Is iad príomhshruthanna oibre CD AE 2019/97 uiliú, cláir chúnaimh chun cur chun feidhme BTWC ar an leibhéal náisiúnta a neartú, líonraí bithshlándála a chruthú i measc eolaithe óga ón Domhan Theas, tacaíocht don chlár idirsheisiúnach agus don 9ú Comhdháil Athbhreithniúcháin chomh maith le hábhar for-rochtana agus oideachais a fhorbairt.

(2)  Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha 2006/184/CBES agus 2008/858/CBES agus Cinntí 2012/421/CBES agus 2016/51/CBES ón gComhairle.

(3)  Amhail Lárionad na hAfraice um Ghalair a Rialú agus a Chosc a mhéid a bhaineann lena Thionscnamh um an mBithshábháilteacht agus an Bhithshlándáil, Roinn Síochána agus Slándála Choimisiún an Aontais Afracaigh, Gníomhaireacht Forbartha an Aontais Afracaigh – Líonra Saineolais na hAfraice um an mBithshábháilteacht (AUDA-NEPAD), Comhphobail Eacnamaíocha Réigiúnacha (CERanna) agus eintitis ábhartha eile ón Aontas Afracach, chomh maith le Tionscnamh Inaitheanta Mheitheal na Comhpháirtíochta Domhanda um an tSlándáil Bhitheolaíoch.

(4)  I rún 1540 (2004), chinn an Chomhairle Slándála go staonfadh na Stáit uile ó aon chineál tacaíochta a thabhairt do ghníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad a fhéachann le hairm núicléacha, cheimiceacha nó bhitheolaíocha agus a modhanna seachadta a fhorbairt, a fháil, a mhonarú, a shealbhú, a iompar, a aistriú nó a úsáid, go háirithe chun críocha sceimhlitheoireachta.

(5)  Féach https://undocs.org/en/A/RES/73/32

(6)  Amhail Lárionad na hAfraice um Ghalair a Rialú agus a Chosc a mhéid a bhaineann lena Thionscnamh um an mBithshábháilteacht agus an Bhithshlándáil, Roinn Síochána agus Slándála Choimisiún an Aontais Afracaigh, Gníomhaireacht Forbartha an Aontais Afracaigh – Líonra Saineolais na hAfraice um an mBithshábháilteacht (AUDA-NEPAD), Comhphobail Eacnamaíocha Réigiúnacha (CERanna) agus eintitis ábhartha eile ón Aontas Afracach, chomh maith le Tionscnamh Inaitheanta Mheitheal na Comhpháirtíochta Domhanda um an tSlándáil Bhitheolaíoch.


26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/65


CINNEADH (CBES) 2021/2073 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2021

chun tacú le héifeachtacht oibríochtúil na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) a fheabhsú trí bhíthin íomhánna satailíte

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Nollaig 2003, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (‘Straitéis AE’), a bhfuil liosta de bhearta chun leathadh den sórt sin a chomhrac i gCaibidil III di.

(2)

Le Straitéis AE, leagtar béim ar an ról ríthábhachtach atá ag an gCoinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Fhorbairt, Táirgeadh, Stoc-Charnadh agus Úsáid Arm Ceimiceach agus maidir lena nDíothú (CWC) agus ag an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) chun domhan a chruthú atá saor ó airm cheimiceacha. Tá cuspóirí Straitéis AE comhlántach leo siúd atá á saothrú ag OPCW i gcomhthéacs a fhreagrachta as CWC a chur chun feidhme.

(3)

An 22 Samhain 2004, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/797/CBES (1) maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW. Tar éis don Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin dul in éag, tháinig Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/913/CBES (2) ón gComhairle, agus ina dhiaidh sin arís tháinig Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/185/CBES (3) ón gComhairle. Tar éis Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/185/CBES, tháinig Cinntí 2009/569/CBES (4), 2012/166/CBES (5), 2013/726/CBES (6), (CBES) 2015/259 (7), (CBES) 2017/2302 (8), (CBES) 2017/2303 (9), (CBES) 2019/538 (10) agus (CBES) 2021/1026 (11) ón gComhairle.

(4)

Le Cinneadh (CBES) 2017/2303 foráladh, inter alia, tacaíocht a thabhairt do OPCW rochtain a fháil ar íomhánna satailíte agus íomhá-anailísiú arna soláthar ag Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (SatCen).

(5)

An 10 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1943 (12) lenar foráladh do shíneadh 12 mhí gan chostas a chur le tréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2017/2303.

(6)

An 9 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/2112 (13), lenar foráladh do shíneadh eile dhá mhí dhéag gan chostas a chur le tréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2017/2303.

(7)

Trí Chinneadh (CBES) 2017/2303 a chur chun feidhme, tá OPCW faoin tráth seo, ag brath ar fhaisnéis uathúil arna soláthar ag íomhá-anailísiú SatCen maidir le pleanáil misean agus anailís faisnéise araon.

(8)

Ní mór éifeachtúlacht oibríochtúil OPCW a fheabhsú trí sholáthar leanúnach d'íomhánna satailíte agus íomhá-anailísiú SatCen a áirithiú chun tacú le gníomhaíochtaí arna sainordú ag OPCW misin OPCW tar éis dheireadh thréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2017/2303,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun críche cur i bhfeidhm láithreach agus praiticiúil a thabhairt maidir le gnéithe áirithe de Straitéis an Aontais, tacóidh an tAontas le tionscadal OPCW chun éifeachtacht oibríochtúil an tionscadail a fheabhsú trí íomhánna satailíte agus íomhá-anailísiú arna soláthar SatCen, trí na cuspóirí seo a leanas:

acmhainneacht OPCW a leathnú chun tacú le gníomhaíochtaí arna sainordú ag OPCW (an Fhoireann um Measúnú ar Dhearbhuithe (DAT), Misean Aimsithe Fíricí (FFM), an Fhoireann um Imscrúdú agus Sainaithint (IIT), etc.) trí íomhá-anailísiú ina cháil mar fhoinse bunús fianaise nó mar chomhthacaíocht leis na torthaí; agus

íomhá-anailísiú spriocdhírithe a úsáid i réimsí spéise (láithreáin, bealaí, etc.) i dtaca le pleanáil do mhisin arna sainordú ag OPCW (teagmhais ar úsáid líomhnaithe (IAUnna), iniúchtaí a cheistiú (CInna), cuairteanna ar chúnamh teicniúil (TAVanna), etc.) chun an tslándáil agus an iontaoibh as cruinneas fíorúcháin a mhéadú.

2.   I gcomhthéacs mhír 1, is iad seo a leanas gníomhaíochtaí thionscadal OPCW, atá i gcomhréir leis na bearta a leagtar amach i gCaibidil III de Straitéis AE, a dtacóidh an tAontas leo:

OPCW a chumasú, trí acmhainneacht íomhánna, formhaoirseacht iomchuí a dhéanamh go héifeachtach agus tuairisciú riachtanach a sholáthar d'orgáin cheaptha beartais OPCW (an Chomhairle Feidhmiúcháin agus Comhdháil na Stát is Páirtithe); agus

OPCW a chumasú, trí acmhainneacht íomhánna, gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh go cruinn, go héifeachtach agus go sábháilte agus cúnamh arna iarraidh a chur ar fáil do na Stáit is Páirtithe.

3.   Baineann an tionscadal, dá dtagraítear i mír 1, le soláthar, inter alia, táirgí feasachta staide a bhaineann le slándáil FFM, lena n-áirítear stádas na ngréasán bóithre trí tháirgí íomhánna satailíte SatCen a sheachadadh chuig OPCW.

4.   Leagtar amach sa doiciméad tionscadail san Iarscríbhinn tuairisc mhionsonraithe ar ghníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 2

1.   Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Is í Rúnaíocht Theicniúil OPCW (‘an Rúnaíocht Theicniúil’) a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1. Déanfaidh sí an cúram sin faoi fhreagracht agus rialú an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an Rúnaíocht Theicniúil.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 1 593 353,22 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an tionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme.

2.   Déanfar an caiteachas arna mhaoiniú leis an méid a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar bhainistiú cuí an chaiteachais dá dtagraítear i mír 2. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú riachtanach i gcrích leis an Rúnaíocht Theicniúil. Leis an gcomhaontú sin, sonrófar go n-áiritheoidh an Rúnaíocht Theicniúil infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, ar bhealach atá iomchuí lena méid, agus sonrófar ann bearta chun forbairt sineirgí a éascú agus chun dúbláil gníomhaíochtaí a sheachaint.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú i gcrích.

Airteagal 4

Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag an Rúnaíocht Theicniúil. Beidh na tuarascálacha sin ón Ardionadaí ina mbonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle. Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi ghnéithe airgeadais an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 5

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag 48 mí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag 6 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm, áfach, mura mbeidh an comhaontú sin tugtha i gcrích faoin tréimhse sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. POČIVALŠEK


(1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/797/CBES ón gComhairle an 22 Samhain 2004 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 349, 25.11.2004, lch. 63).

(2)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/913/CBES ón gComhairle an 12 Nollaig 2005 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 331, 17.12.2005, lch. 34).

(3)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/185/CBES ón gComhairle an 19 Márta 2007 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 85, 27.3.2007, lch. 10).

(4)  Cinneadh 2009/569/CBES ón gComhairle an 27 Iúil 2009 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 197, 29.7.2009, lch. 96).

(5)  Cinneadh 2012/166/CBES ón gComhairle an 23 Márta 2012 chun tacú le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 87, 24.3.2012, lch. 49).

(6)  Cinneadh 2013/726/CBES ón gComhairle an 9 Nollaig 2013 lena dtacaítear le Rún 2118 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus EC-M-33/Dec 1 ó Chomhairle Feidhmiúcháin OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 329, 10.12.2013, lch. 41).

(7)  Cinneadh (CBES) 2015/259 ón gComhairle an 17 Feabhra 2015 chun tacú le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 43, 18.2.2015, lch. 14).

(8)  Cinneadh (CBES) 2017/2302 ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 chun tacú le gníomhaíochtaí OPCW chun cabhrú le hoibríochtaí glantacháin ag an iar-láithreán stórála arm ceimiceach sa Libia faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 329, 13.12.2017, lch. 49).

(9)  Cinneadh (CBES) 2017/2303 ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 chun tacú le cur chun feidhme leanúnach Rún 2118 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus cinneadh EC-M-33/DEC.1 ó Chomhairle Feidhmiúcháin OPCW maidir le díothú airm cheimiceacha na Siria, faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 329, 13.12.2017, lch. 55).

(10)  Cinneadh (CBES) 2019/538 ón gComhairle an 1 Aibreán 2019 chun tacú le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 93, 2.4.2019, lch. 3).

(11)  Cinneadh (CBES) 2021/1026 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 chun tacú le Clár Cibearshlándála agus Athléimneachta agus Dearbhaithe Faisnéise na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 224, 24.6.2021, lch. 24).

(12)  Cinneadh (CBES) 2018/1943 an 10 Nollaig 2018 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2303 chun tacú le cur chun feidhme leanúnach Rún 2118 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus cinneadh EC-M-33/DEC.1 ó Chomhairle Feidhmiúcháin OPCW maidir le díothú airm cheimiceacha na Siria faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 314, 11.12.2018, lch. 58).

(13)  Cinneadh (CBES) 2019/2112 ón gComhairle an 9 Nollaig 2019 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2303 chun tacú le cur chun feidhme leanúnach Rún 2118 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus cinneadh EC-M-33/DEC.1 ó Chomhairle Feidhmiúcháin OPCW maidir le díothú airm cheimiceacha na Siria, faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 318, 10.12.2019, lch. 159).


IARSCRÍBHINN

DOICIMÉAD TIONSCADAIL

Tacaíocht an Aontais chun Éifeachtacht Oibríochtúil OPCW a Fheabhsú trí bhíthin Íomhánna Satailíte

1.   Cúlra

Éilíonn próisis anailíseacha OPCW comhthacaíocht leis an bhfaisnéis fhianaiseach mar aon le fíorúcháin uirthi, arna soláthar ar na bealaí is stóinsithe dá bhfuil ann. Cé nach iad na híomhánna satailíte an t-aon fhoinse faisnéise fianaiseach, tig leo táscairí agus comhthacaíocht a sholáthar nach bhfuil le fáil i bhfoinsí eile, rud a thugann léargais anailíseacha luachmhara is féidir a úsáid chun cur chun feidhme iomlán an Choinbhinsiúin um Airm Cheimiceacha (CWC) a áirithiú. I ndáil leis an méid sin, tá acmhainneacht leordhóthanach institiúideach ríthábhachtach, agus is féidir le híomhánna agus leis an íomhá-anailísiú pleanáil misean níos mionsonraithe agus níos stóinsithe a éascú, rioscaí slándála d’fhoirne imscartha a mhaolú, chomh maith le faisnéis fhianaiseach agus anailísiú ar mhaithe le fíorúchán níos costéifeachtaí a chur ar fáil.

Trí Chinneadh 2017/2303/CBES ón gComhairle a chur chun feidhme, tá OPCW faoin tráth seo, ag brath ar fhaisnéis uathúil a bhíonn le fáil ó íomhá-anailísiú SATCEN maidir le pleanáil misean agus anailís faisnéise araon. I ngeall ar na híomhánna satailíte, tá feabhas tagtha ar iarrachtaí OPCW chun agallaimh níos críochnúla a chur ar fhinnéithe, comhthacú le ráitis ó fhinnéithe agus láithreacha ar díol spéise iad a shainaithint níos beaichte. Ó 2014 i leith, tá íomhánna satailíte de Phoblacht Arabach na Siria (SAR) tar éis an fheasacht staide agus an tslándáil a threisiú agus tar éis an riosca do mhisin allamuigh OPCW maidir le láithreacha a dtabharfar cuairt orthu/a ndéanfar cigireacht orthu, a laghdú. Tríd an íomhá-anailísiú a chomhtháthú sa phleanáil oibríochtúil, bíonn ar chumas foirne OPCW a gcuid gníomhaíochtaí a mhionchoigeartú ar an láthair trí íomhánna den cheantar – gar d’fhíor-am – a chur ar fáil do na baill foirne a n-imscarfar. Is léir gur cumasóir straitéiseach é an íomhá-anailísiú i ndáil le hiarrachtaí anailíseacha OPCW agus go leanfar de seo.

Ina theannta sin, tá roinnt de na himscrúduithe a bhaineann le húsáid líomhnaithe fós gan réiteach mar aon le Cinntí ón gComhairle Feidhmiúcháin i dtaca le sainordú a thabhairt do chuairteanna breise ar an láthair, do mhisin aimsithe fíoras agus d’imscrúduithe a bhfuil tacaíocht íomhánna satailíte fós de dhíth orthu. Mar thoradh ar na cumais anailíseacha uathúla arna soláthar ag SATCEN, tig le foirne OPCW atá sainordaithe faisnéis a chomhthacú le foinsí eile agus anailís níos mine a dhéanamh ar theagmhais ar úsáid líomhnaithe in SAR. Léiríodh go bhfuil an íomhá-anailísiú ar shatailítí fíor-riachtanach d’fhoirne OPCW atá páirteach in SAR. De bhreis ar na gníomhaíochtaí sainordaithe a bhaineann le SAR, tá sé á fheiceáil d’OPCW go mbeidh ról méadaitheach ann don íomhá-anailísiú ar shatailítí i gcásanna úsáid líomhnaithe arm ceimiceach lasmuigh de SAR chun cur chun feidhme ghníomhaíochtaí gaolmhara CWC faoi Airteagal IX (comhairliúcháin, comhar agus aimsiú fíricí) a éascú, agus i gcás ina bhféadfadh aontachas a bheith ann amach anseo leis an CWC do na stáit sin a bhfuil airm cheimiceacha ina seilbh acu.

2.   Cuspóir an tionscadail

2.1   Cuspóirí foriomlána an Tionscadail

Is é cuspóir foriomlán an Tionscadail cumas na Rúnaíochta a áirithiú chun cur chun feidhme Airteagal IX de CWC (comhairliúcháin, comhar agus aimsiú fíricí) agus Cinntí gaolmhara ó Chomhairle Feidhmiúcháin OPCW a éascú, trí sheirbhísí íomhánna a sholáthar lena dtugtar aghaidh ar bhearnaí san fheasacht staide maidir le misin, ionas go gcuirfidh sé le leochaileacht imscartha laghdaithe OPCW agus go n-uasmhéadaítear éifeachtúlacht anailíseach OPCW.

2.2   Cuspóirí sonracha

Cumas OPCW a leathnú chun tacú le gníomhaíochtaí arna sainordú ag OPCW tríd an íomhá-anailísiú ina cháil mar fhoinse bunús fianaise nó mar chomhthacaíocht le torthaí;

leas a bhaint as an íomhá-anailísiú spriocdhírithe i réimsí spéise (láithreacha, bealaí, etc.) i dtaca le pleanáil do mhisin arna sainordú ag OPCW (teagmhais ar úsáid líomhnaithe, iniúchtaí a cheistiú, cuairt ar chúnamh teicniúil, etc.) chun an tslándáil agus an iontaoibh as cruinneas fíorúcháin a mhéadú.

2.3   Torthaí

Is iad seo a leanas na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, a rannchuidíonn an Tionscadal leo:

Leas a bhaint as an íomhá-anailísiú, maidir le fianaise spriocdhírithe, chun torthaí agus próisis fíorúcháin foirne a chur ar an eolas agus mar comhthacaíocht leis;

Rioscaí slándála a íoslaghdú agus an fheasacht staide a mhéadú chun an phleanáil is éifeachtúla a d’fhéadfadh Misean OPCW a dhéanamh a éascú.

3.   Cur síos ar na gníomhaíochtaí

Gníomhaíocht 1 – OPCW a chumasú chun feidhmiú go héifeachtach, trí chumas íomhánna, maoirseacht iomchuí agus tuairisciú riachtanach a sholáthar d’orgáin déanta beartais OPCW (CE agus CSP)

Féachann an ghníomhaíocht seo, trí íomhánna agus an íomhá-anailísiú, a chur ar chumas OPCW eolas a chur ar fáil do ghnóthais spriocdhírithe fianaise anailíseacha, agus ag an am céanna, barrfheabhsú a dhéanamh ar phleanáil OPCW (leithdháileadh agus iarrachtaí) ar mhaithe le héifeachtúlacht mhéadaithe misean agus leochaileacht laghdaithe.

Gníomhaíocht 2 – OPCW a chumasú, trí acmhainneacht satailíte, gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh go cruinn, go héifeachtach agus go sábháilte agus chun cúnamh arna iarraidh a chur ar fáil do na Stáit is Páirtithe

Díríonn an ghníomhaíocht seo ar sholáthar seirbhísí íomhánna, ar bhonn mar is gá, le haghaidh iarrataí éagsúla Fíricí CWC a aimsiú ó Stáit is Páirtithe (IAU, CI, TAV, etc.), chomh maith le barrfheabhsú a dhéanamh ar phleanáil OPCW (leithdháileadh agus iarrachtaí) ar mhaithe le héifeachtúlacht mhéadaithe misean agus leochaileacht laghdaithe.

4.   Fad ama

Meastar go dtabhófar agus go gcríochnófar thar thréimhse 24 mhí an fad iomlán measta don chur chun feidhme a chistítear tríd an tionscadal seo.

5.   Tairbhithe

Pearsanra agus foirne OPCW na Rúnaíochta Teicniúla a bheidh ina dtairbhithe faoin tionscadal; agus geallsealbhóirí CWC, lena n-áirítear Stáit is Páirtithe.

6.   Infheictheacht an Aontais

Déanfaidh OPCW gach beart is iomchuí, laistigh de bhreithniúcháin réasúnta slándála agus bearta infheictheachta/cumarsáide atá ar fáil don tionscadal, chun a phoibliú gurbh é an tAontas a mhaoinigh an tionscadal seo.


26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/70


CINNEADH (CBES) 2021/2074 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2021

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2370 chun tacú le Cód Iompair na Háige agus neamhleathadh diúracán balaistíoch faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Nollaig 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/2370 (1), lena gcuirtear de chúram ar an Fondation pour la recherche stratégique (FRS) cur chun feidhme teicniúil tionscadal áirithe.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Chinneadh (CBES) 2017/2370, síníodh comhaontú deontais le FRS an 21 Nollaig 2017. Bhí an comhaontú deontais le dul in éag an 21 Nollaig 2020.

(3)

An 26 Bealtaine 2020, d’iarr FRS síneadh ar an tréimhse cur chun feidhme do Chinneadh (CBES) 2017/2370 go dtí an 20 Nollaig 2021. Is mar gheall ar phaindéim COVID-19 a bhí an síneadh á iarraidh, agus go háirithe mar gheall ar roinnt gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh sin a bheith á gcur siar chomh maith leis an drogall atá ar riaracháin náisiúnta i spriocthíortha plé a dhéanamh ar eagrú imeachtaí i ré seo na neamhchinnteachta, de bharr na paindéime sin.

(4)

An 20 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1066 (2), lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2017/2370, agus lenar cuireadh síneadh lena dháta éagtha go dtí an 20 Nollaig 2021.

(5)

An 27 Meán Fómhair 2021, i bhfianaise thionchar leanúnach staid phaindéim COVID-19 agus na srianta taistil gaolmhara ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe aige, d’iarr FRS síneadh breise 13 mhí go dtí an 21 Eanáir 2023 a chur le Cinneadh (CBES) 2017/2370 ón gComhairle.

(6)

Maidir le leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/2370 go dtí an 21 Eanáir 2023, níl aon impleacht aici sin a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2017/2370 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2017/2370, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 21 Eanáir 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. POČIVALŠEK


(1)  Cinneadh (CBES) 2017/2370 ón gComhairle an 18 Nollaig 2017 chun tacú le Cód Iompair na Háige agus neamhleathadh diúracán balaistíoch faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gCoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 337, 19.12.2017, lch. 28).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/1066 ón gComhairle an 20 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/2370 chun tacú le Cód Iompair na Háige agus neamhleathadh diúracán balaistíoch faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gCoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 234 I, 21.7.2020, lch. 1).


26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/72


CINNEADH (CBES) 2021/2075 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2021

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/979 a thacaíonn le córas a fhorbairt a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlón a bhailíochtú de réir caighdeáin idirnáisiúnta oscailte

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/979 (1), ar cinneadh é lena bhfuil sé beartaithe tionscadal a mbeidh dhá chéim ann a bheith ann. Is éard atá i gCéim I, staidéar féidearthachta chun Córas Bailíochtaithe i ndáil le Bainistiú Arm agus Armlón (AAMVS) a aithnítear go hidirnáisiúnta a fhorbairt.

(2)

Foráiltear le Cinneadh (CBES) 2020/979 gur féidir cur chun feidhme Chéim II den tionscadal, lena bhforbrófar coincheap chun AAMVS a chruthú, a údarú, má chinneann an Chomhairle amhlaidh, ar bhonn thoradh an staidéir féidearthachta.

(3)

Leis an staidéar, arna údarú le Cinneadh (CBES) 2020/979, léiríodh a indéanta atá sé AAMVS a fhorbairt agus cuireadh chun suntais gnéithe éagsúla a chaithfear a chur san áireamh le go bhféadfar an coincheap a chur i ngníomh. Is éard a bheidh i gCéim II creat beartaithe do AAMVS agus plean chun an córas a fhorbairt a dhearadh. Beidh sé d’aidhm ag na torthaí sin tacú le hiarrachtaí amach anseo, chun AAMVS a thabhairt ar an bhfód, agus treoir a thabhairt ina leith.

(4)

Bunaithe ar thoradh an staidéir féidearthachta, ba cheart go gcinnfeadh an Chomhairle go bhfuil Céim II den tionscadal le cur chun feidhme.

(5)

Tá Cinneadh (CBES) 2020/979 chun dul in éag 14 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(4) i gcrích, mura gcinnfidh an Chomhairle fad a chur leis an gCinneadh sin chun go bhféadfar Céim II den tionscadal a chur chun feidhme.

(6)

Maidir le leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2020/979 a chur i ngníomh go dtí an 30 Samhain 2022, níl impleacht ar bith aige a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais.

(7)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/979 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear, leis seo, Cinneadh (CBES) 2020/979 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(1), an dara fomhír:

“Dhá chéim a bheidh sa tionscadal, ‘Céim I’ agus ‘Céim II’.

Le linn Chéim I, sa chéad bhliain den chur chun feidhme, rinneadh staidéar féidearthachta chun Córas Bailíochtaithe maidir le Bainistiú Arm agus Armlón (‘AAMVS’) a aithnítear go hidirnáisiúnta, a fhorbairt, chun imscrúdú a dhéanamh ar na roghanna le haghaidh modheolaíocht agus uirlisí iomchuí le haghaidh measúnú riosca agus cáilíochta;

Le linn Chéim II, bunaithe ar thoradh staidéar féidearthachta Chéim I, forbrófar coincheap chun AAMVS a chruthú.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3(2):

“2.

EUR 821 872 atá sa mhéid atá beartaithe chun Céim I den tionscadal a chumhdach. EUR 820 237 atá sa mhéid atá beartaithe chun Céim II den tionscadal a chumhdach.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Rachaidh sé in éag an 30 Samhain 2022.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. POČIVALŠEK


(1)  Cinneadh (CBES) 2020/979 ón gComhairle an 7 Iúil 2020 a thacaíonn le córas a fhorbairt, a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlón a bhailíochtú de réir caighdeán idirnáisiúnta oscailte (IO L 218, 8.7.2020, lch. 1).


Ceartúcháin

26.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 421/74


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 231 an 30 Meitheamh 2021 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 30 Meitheamh 2021)

Ar leathanach 18, Iarscríbhinn III, an tábla “Comhtháscairí Aischuir maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCO) agus Comhtháscairí Toraidh maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCR)”, an colún “Aschuir”, ítim RCO 121:

in ionad:

“RCO 121 – Fiontair dá dtugtar tacaíocht chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach”,

léitear:

“RCO 121a – Fiontair dá dtugtar tacaíocht chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach”.