ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 407

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
17 Samhain 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/2002 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/90 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2003 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí Ardán an Aontais um Fhorbairt inathnuaite a bhunú ( 1 )

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2004 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2021 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint Vänerlöjrom (STFC)

9

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2005 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799 maidir leis na táblaí mapála ina sonraítear an comhfhreagras idir measúnuithe riosca creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa agus na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

10

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2006 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 a mhéid a bhaineann le measúnuithe creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa a leithdháileadh ar scála oibiachtúil céimeanna cáilíochta creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

18

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2007 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2021 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga

27

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/2008 ón gComhairle an 16 Samhain 2021 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO

37

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

17.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 407/1


RIALACHÁN (AE) 2021/2002 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Samhain 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/90 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle (1) socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh. Leis an Rialachán sin, cuirtear chun feidhme i ndlí an Aontais an plean bainistíochta ilbhliantúil le haghaidh iascaigh turbard sa Mhuir Dhubh (folimistéar geografach 29) arna ghlacadh le Moladh GFCM/41/2017/4 ón gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM), arna leasú le Moladh GFCM/43/2019/3 ó GFCM.

(2)

Ghlac GFCM cinneadh ag an 44ú cruinniú bliantúil dá chuid in 2021 lenar tugadh dá aire nár bhain an tAontas Eorpach leas iomlán as a chuóta turbard le linn na bliana 2020 agus lenar ceadaíodh tabhairt anonn an chuóta nár úsáideadh i bhfianaise na staide eisceachtúla a cruthaíodh de bharr phaindéim COVID-19. Ba cheart an cinneadh ó GFCM a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(3)

Ba cheart dáileadh deiseanna iascaireachta sa Mhuir Dhubh arna mbunú le Rialachán (AE) 2021/90 a leasú dá bhrí sin chun na coigeartuithe ar chuótaí an Aontais arna mbunú ag GFCM a léiriú. Ba cheart dáileadh na ndeiseanna iascaireachta a eascróidh ón tearcúsáid sin a dhéanamh ar bhonn na ranníocaíochta ar leith de chuid gach Ballstáit i leith na tearcúsáide, gan an eochair leithdháilte arna bhunú i Rialachán (AE) 2021/90 maidir le leithdháileadh bliantúil na ngabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a mhodhnú.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/90 a leasú dá réir.

(5)

Tá feidhm ag na teorainneacha gabhála dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/90 ón 1 Eanáir 2021. Na forálacha a thugtar isteach leis an Rialachán seo a bhaineann leis na teorainneacha gabhála sin, ba cheart dóibh, dá bhrí sin, teacht i bhfeidhm a luaithe is féidir agus feidhm chúlghabhálach a bheith acu ón 1 Eanáir 2021. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint mar go bhfuil méadú tagtha ar na deiseanna iascaireachta atá i gceist agus nár ídíodh go fóill iad. Ar chúiseanna práinne, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) 2021/90

Leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/90 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. PODGORŠEK


(1)  Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 31, 29.1.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/90, cuirtear an méid seo a leanas in ionad thábla na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh an turbaird in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh:

“Speiceas:

an Turbard

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh – FLG 29

Scophthalmus maximus

(TUR/F3742C)

an Bhulgáir

87,825

 

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

an Rómáin

80,116

 

an tAontas

167,941

 (*1)

TAC

857


(*1)  Ní cheadófar aon ghníomhaíocht iascaireachta, lena n-áirítear trasloingsiú, coinneáil ar bord, tabhairt i dtír agus céad díol ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh 2021.”.


17.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 407/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2003 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Lúnasa 2021

lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí Ardán an Aontais um Fhorbairt inathnuaite a bhunú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (1), agus go háirithe Airteagal 8(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 roinnt sásraí comhair chun gnóthú spriocanna an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite a éascú ar bhealach costéifeachtach, lena n-áirítear aistrithe staidreamhacha fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite idir na Ballstáit. Le haistrithe staidreamhacha a dhéantar de bhun Airteagal 6 de Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2018/2001, ceadaítear do Bhallstáit nach nach mbaineann amach an sprioc atá acu maidir le foinsí inathnuaite, a leagtar amach i dTreoir 2009/28/CE, ná an rannchuidiú atá acu maidir le foinsí inathnuaite dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/2001, staidreamh fuinnimh inathnuaite a cheannach ó Bhallstáit a sháraíonn an sprioc agus an rannchuidiú atá acu maidir le foinsí inathnuaite. Féadfaidh na Ballstáit aistrithe staidreamhacha a úsáid chun pointí tagartha na conaire táscaí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 32(3), pointe (e) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(2)

De bhun Airteagal 3(6) de Threoir (AE) 2018/2001, tá an Coimisiún le hardán éascaitheach a bhunú chun tacú leis na Ballstáit a úsáideann sásraí comhair rannchuidiú le sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite.

(3)

Chun aistrithe staidreamhacha idir na Ballstáit a éascú, tugtar de chumhacht don Choimisiún ardán an Aontais um Fhorbairt inathnuaite (“URDP”) a bhunú. Ba cheart do URDP forléargas a thabhairt ar an méid a bhaineann sé amach maidir lena spriocanna agus rannchuidithe sna Ballstáit, agus faisnéis a chur san áireamh ann arna soláthar ag na Ballstáit maidir le soláthar aistrithe staidreamhacha fuinnimh inathnuaite agus an t-éileamh atá ar na haistrithe sin, agus cur ar chumas na mBallstát a dtoilteanas léiriú maidir le dul i mbun aistrithe staidreamhacha agus cur síos a dhéanamh ar na dálaí a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh aistrithe, comhpháirtithe aistrithe ionchasacha a shainaithint trí shásra meaitseála agus na pointí teagmhála atá i gceannas ar aistrithe staidreamhacha sna Ballstáit a chur ar fáil. Ba cheart stór ina mbeidh treoirdhoiciméid agus forléargas ar an bhfaisnéis atá ar fáil maidir le socruithe aistrithe staidreamhacha atá tugtha i gcrích a bheith san áireamh in URDP freisin. Ba cheart úsáid URDP a bheith ar bhonn deonach.

(4)

Ba cheart go n-éascófaí le URDP comhaontuithe maidir le haistrithe staidreamhacha. Níor cheart aistrithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus atá sainaitheanta trí bhíthin an tsásra meaitseála a bheith ceangailteach ó thaobh dlí.

(5)

Maidir leis na sonraí ar chainníochtaí fuinnimh comhiomlánaithe atá ar fáil d’aistrithe staidreamhacha arna n-úsáid do URDP, ba cheart go dtiocfadh na sonraí sin ó mheasúnuithe tríú páirtí, agus ó na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ó na pleananna comhtháite náisiúnta nuashonraithe fuinnimh agus aeráide, agus ó na tuarascálacha comhtháite maidir le dul chun cinn náisiúnta fuinnimh agus aeráide, de réir mar is iomchuí, arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/1999. Ba cheart don Choimisiún na sonraí sin a chur san áireamh ar an ardán. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann méid na n-aistrithe staidreamhacha a bhfuil suim acu iontu a chur in iúl, mar cheannaitheoirí nó mar dhíoltóirí, agus aon choinníoll ar leith maidir leis an aistriú staidreamhach a bhfuil suim acu a chur san áireamh.

(6)

D’fhonn cosaint sonraí íogaire is ábhartha d’aistrithe idir Ballstáit a áirithiú, ba cheart rochtain ar URDP a theorannú do phointí teagmhála sonracha arna sainaithint ag na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i gcás inarb ábhartha.

(7)

Chun cabhrú leis na Ballstáit aistrithe staidreamhacha fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a thabhairt i gcrích, ba cheart don Choimisiún ábhar treorach maidir le URDP a sholáthar, lena n-áirítear lámhleabhar úsáideora agus teimpléid chomh maith le faisnéis ábhartha maidir le comhaontuithe ar aistrithe staidreamhacha.

(8)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo ardán an Aontais um Fhorbairt inathnuaite (“URDP”) chun aistrithe staidreamhacha a éascú chun críocha Threoir (AE) 2018/2001, agus chun gnóthú sprioc an Aontais a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 mar aon le rannchuidiú gach Ballstáit leis an sprioc sin a éascú i gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Treoir sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn “aistriú staidreamhach” an luach staidrimh a aistriú, gan gá a bheith le haistriú fisiceach, ar mhéid sonraithe fuinnimh (5) ó fhoinsí inathnuaite arna thuairisciú faoi phointe 5 d’iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh fuinnimh ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ar méid é a asbhaintear ón méid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chuirtear san áireamh agus sciar fuinnimh inathnuaite an Bhallstáit atá ag déanamh an aistrithe á ríomh agus chuirtear leis an méid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chuirtear san áireamh agus sciar fuinnimh inathnuaite an Bhallstáit á ríomh;

(2)

Ciallaíonn “an Ballstát is ceannaitheoir” Ballstát a dhéanann comhaontú ar aistrithe staidreamhacha chun cainníocht áirithe staidrimh d’fhuinneamh inathnuaite a cheannach ó Bhallstát eile, ar cainníocht í a chuirtear leis an méid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chuirtear san áireamh agus sciar fuinnimh inathnuaite an chéad Bhallstáit á ríomh de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2018/2001;

(3)

Ciallaíonn “an Ballstát is díoltóir” Ballstát a dhéanann comhaontú ar aistrithe staidreamhacha chun cainníocht áirithe staidrimh d’fhuinneamh inathnuaite a dhíol le Ballstát eile, ar cainníocht í a bhaintear den mhéid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chuirtear san áireamh agus sciar fuinnimh inathnuaite an chéad Bhallstáit á ríomh de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2018/2001;

(4)

Ciallaíonn “coinníollacha breise” critéir eile, thar thráthú, praghas agus méid aistrithe staidreamhacha a fhéadfaidh na Ballstáit a roghnú chun a cheangal le comhaontú aistrithe staidreamhacha;

(5)

ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” nó “fuinneamh in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite nó fuinneamh in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2018/2001;

(6)

Ciallaíonn “méid an aistrithe staidreamhaig” nó “méid” an méid fuinnimh in-athnuaite atá aistrithe agus atá le hasbhaint ó chuntais staidreamhacha an Bhallstáit is díoltóir agus le cur le cuntais staidreamhacha an Bhallstáit is ceannaitheoir de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2018/2001.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Tá sé d’aidhm ag URDP aistrithe staidreamhacha fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a éascú chun críocha Threoir (AE) 2018/2001 agus chun gnóthú sprioc an Aontais a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 a éascú, mar aon le rannchuidiú gach Ballstáit leis an sprioc sin i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir (AE) 2018/2001,

2.   Déanfaidh URDP an méid seo a leanas:

(a)

deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann d’aistrithe staidreamhacha i measc na mBallstát a shainaithint trí fhaisnéis chomhiomlánaithe a chur ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

Ballstáit a sháraigh an rannchuidiú atá acu maidir le foinsí inathnuaite nó an sprioc atá acu maidir le foinsí inathnuaite, nó a bhfuiltear ag súil go sáróidh siad an rannchuidiú nó an sprioc sin, agus a bhféadfadh, dá bhrí sin, méideanna iomarcacha staidreamhacha inathnuaite a bheith acu le haistriú chuig Ballstát eile;

(ii)

Ballstáit nár bhain amach an rannchuidiú atá acu maidir le foinsí inathnuaite nó an sprioc atá acu maidir le foinsí inathnuaite, nó a bhfuiltear ag súil nach mbainfidh siad amach an rannchuidiú nó an sprioc sin, agus a bhféadfadh, dá bhrí sin, na méideanna staidreamhacha inathnuaite sin a bheith in easnamh ar na ranchuidithe nó na spriocanna sin;

(b)

áireofar ann faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit maidir le soláthar agus éileamh ar aistrithe staidreamhacha fuinnimh inathnuaite, lena n-áirítear méid, praghas agus tréimhse ama chomh maith le haon choinníoll bhreise a bhaineann leis an aistriú;

(c)

comhaontuithe maidir le haistrithe staidreamhacha idir na Ballstáit a éascú trí shásra meaitseála neamhcheangailteach maidir le héileamh agus soláthar aistrithe staidreamhacha idir na Ballstáit a úsáid agus trí phointí teagmhála a chur ar fáil sna Ballstáit chun dul i mbun plé ar chomhaontuithe;

(d)

rochtain a sholáthar ar ábhar treorach a chabhraíonn leis na Ballstáit aistrithe staidreamhacha a thabhairt i gcrích;

(e)

trédhearcacht a mhéadú maidir le comhaontuithe ar aistrithe staidreamhacha atá curtha i gcrích trí fhaisnéis bhunriachtanach faoi na haistrithe sin a sholáthar, lena n-áirítear faisnéis faoi mhéideanna, praghsanna agus tráthú chomh maith leis na comhaontuithe ar aistrithe staidreamhacha lena mbaineann, i gcás ina mbeidh fáil ag an bpobal orthu.

3.   I dteannta na gcuspóirí a leagtar amach i mír 2, féadfaidh URDP feidhmiúlacht ar bith eile a sholáthar a bhaineann le próiseas aistrithe staidreamhacha fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite chun rannchuidiú leis an gcuspóir a leagtar amach i mír 1.

Airteagal 4

Cainníochtaí fuinnimh atá ar fáil a shainaithint le haghaidh aistrithe staidreamhacha

1.   Éascóidh URDP tabhairt i gcrích comhaontuithe ar aistrithe staidreamhacha idir na Ballstáit trí dheiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann d’aistrithe staidreamhacha a aithint ar bhonn na gcainníochtaí comhiomlánaithe fuinnimh atá ar fáil d’aistrithe staidreamhacha.

2.   Féadfar na deiseanna ionchasacha sin a shainaithint ar bhonn meastacháin ar na cainníochtaí fuinnimh a mbeifear ag súil le bheith ar fáil le haghaidh aistrithe staidreamhacha in aghaidh gach tíre go dtí 2030, rud a gheofar ó fhaisnéis atá ar fáil go poiblí, lena n-áirítear na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, na nuashonruithe orthu agus na tuarascálacha comhtháite maidir le dul chun cinn náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus measúnuithe tríú páirtí.

Airteagal 5

Iarrataí ar cheannach nó ar dhíol ó Bhallstáit

1.   Féadfaidh na Ballstáit, ar bhonn deonach, sonraí bliantúla a thíolacadh chuig URDP ina sonraítear cainníochtaí a soláthair agus a n-éilimh ar aistrithe staidreamhacha fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite, lena n-áirítear:

(a)

an méid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a bhfuil sé mar aidhm acu a cheannach ó Bhallstát eile nó a dhíol le Ballstát eile trí aistriú staidreamhach, lena n-áirítear, de réir mar is infheidhme, aon chomhpháirt sheasta nó sholúbtha den mhéid;

(b)

praghas nó raon praghsanna ar a gceannóidís aon rótháirgeadh fuinnimh ó Bhallstát eile nó ar a ndíolfaidís aon rótháirgeadh fuinnimh le Ballstát eile trí aistriú staidreamhach, lena n-áirítear, de réir mar is infheidhme, aon chomhpháirt sheasta nó sholúbtha den phraghas;

(c)

an tréimhse ama a bhféadfar aistriú staidreamhach a thabhairt i gcrích lena n-áirítear, de réir mar is infheidhme, bliain amháin nó roinnt blianta, an bhliain roimhe sin nó an bhliain reatha nó blianta eile amach anseo;

(d)

aon choinníoll nó tosaíocht bhreise eile a bheidh ag gabháil leis an aistriú staidreamhach.

2.   Cuirfear méideanna na n-aistrithe staidreamhacha ar fáil in “ktoe” (tonnaí de choibhéis ola), “GWh” (Gigawatt-uair), “TJ” (Terajoules) nó aonad fuinnimh coibhéiseach eile. Nuair a dhéantar tiontú ó mhais nó ó mhéid, áireofar an luach calrach comhfhreagrach freisin. Déanfar cainníocht an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite atá faoi réir an aistrithe staidreamhaigh a shlánú go dtí 3 phointe dheachúla.

3.   Leis na sonraí a sholáthróidh Ballstát, ní bheidh aon oibleagáid dhlíthiúil ar an mBallstát sin comhaontú a dhéanamh le Ballstát eile. Is chun críocha faisnéise amháin a bheidh na sonraí sin, chun caibidlíochtaí idir na Ballstáit a éascú. Ní bheidh na sonraí ar fáil ar URDP ach do Bhallstáit eile agus don Choimisiún.

4.   Áireofar le URDP sásra meaitseála chun an soláthar agus an t-éileamh a chomhoiriúnú mar atá léirithe ag na Ballstáit agus chun aistrithe fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a d’fhéadfadh a bheith ann le Ballstáit eile a shainaithint.

5.   Aon aistriú a d’fhéadfadh a bheith ann arna sainaithint ag sásra meaitseála URDP, beidh siad neamhcheangailteach agus ní úsáidfear iad ach amháin chun críocha faisnéise maidir le comhaontuithe ar aistrithe staidreamhacha idir Ballstáit a thabhairt i gcrích.

Airteagal 6

Rochtain ar URDP agus pointí teagmhála na mBallstát

1.   Sonróidh na Ballstáit don Choimisiún na daoine atá údaraithe chun rochtain a bheith acu ar URDP. Ní dhiúltófar do na daoine sin rochtain a bheith acu ach amháin i gcás ina meastar go bhfuil údar cuí leis i dtéarmaí uimhreacha nó feidhm na ndaoine sin.

2.   Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála a bheidh i gceannas ar aistriú staidreamhacha fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite, cuirfidh siad an fhaisnéis faoi bhráid URDP agus í a nuashonrú de réir mar is gá. Cuirfidh URDP an fhaisnéis ar fáil maidir le pointí teagmhála gach Ballstáit.

Airteagal 7

Treoir agus faisnéis

1.   Cuirfidh an Coimisiún ábhair threoracha ar fáil maidir le URDP agus maidir le húsáid na n-ábhar sin chun cuidiú leis na Ballstáit aistrithe staidreamhacha a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear lámhleabhar úsáideora maidir le haistrithe staidreamhacha.

2.   Maidir le URDP, féadfaidh an Coimisiún rochtain a thabhairt ar acmhainní breise agus ar fhaisnéis a bhaineann le URDP, lena n-áirítear teimpléad comhaontaithe, ailt agus tuarascálacha i réimse aistrithe staidreamhacha fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite.

3.   Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil ar an URDP maidir le comhaontuithe ar aistrithe staidreamhacha a tugadh i gcrích ina leith, lena n-áirítear tráthú, méid, praghas, coinníollacha breise agus an comhaontú ar aistrithe staidreamhacha lena mbaineann, chomh maith le faisnéis faoi thráthú agus faoi mhéid agus faoi na Ballstáit rannpháirteacha a mhéid a bhaineann le comhaontuithe ar aistrithe staidreamhacha a tugadh i gcrích bunaithe ar Airteagal 8 de Threoir (AE) 2018/2001 agus ar Airteagal 6 de Threoir 2009/28/CE lasmuigh den ardán.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.

(2)  Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE (IO L 140, 5.6.2009, lch. 16).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch. 1)


17.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 407/9


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2004 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Samhain 2021

lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint “Vänerlöjrom” (STFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), go háirithe Airteagal 52(2), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an tSualainn ar chlárú an ainm “Vänerlöjrom” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Vänerlöjrom” a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm “Vänerlöjrom” (STFC) cláraithe anois.

Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.7. Éisc, moilisc, crústaigh úra agus táirgí díorthaithe, in Iarscríbhinn XI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)   IO C 288, 19.7.2021, lch. 15.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


17.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 407/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2005 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Samhain 2021

lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799 maidir leis na táblaí mapála ina sonraítear an comhfhreagras idir measúnuithe riosca creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa agus na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 136(1), an chéad fhomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn III de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799 ón gCoimisiún (2), sonraítear an comhfhreagras idir na measúnuithe creidmheasa ábhartha arna n-eisiúint ag institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa (“ISMC”) agus na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2, Roinn 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (“mapáil”).

(2)

Ó rinneadh na leasuithe is déanaí, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2028 ón gCoimisiún (3), ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799, tá athrú tagtha ar na fachtóirí cainníochtúla agus cáilíochtúla atá mar bhonn taca leis na measúnuithe creidmheasa a rinneadh ar roinnt mapálacha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799. Sa bhreis air sin, rinne roinnt ISMCanna a gcuid measúnuithe creidmheasa a leathnú chuig deighleoga nua den mhargadh, agus rinneadh scálaí nua rátála agus cineálacha nua rátála creidmheasa mar iarmhairt air sin. Is gá, dá bhrí sin, mapálacha na ISMCanna lena mbaineann a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2028, cláraíodh dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa breise i gcomhréir le hAirteagail 14 go 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus díchláraíodh dhá ISMC eile ar leagadh amach mapáil lena n-aghaidh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799. Ós rud é go gceanglaítear le hAirteagal 136(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go sonrófar mapálacha i gcás gach ISMC, ba cheart an Rialachán sin a leasú chun mapáil a leagadh amach le haghaidh na ISMCanna nuachláraithe, agus chun an mhapáil a bhaint i gcás na ISMCanna díchláraithe.

(4)

Ina theannta sin, maidir le ISMC amháin atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagail 14 go 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1060/2009, agus ar soláthraíodh mapáil dó i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799, leasaigh sé na siombailí a úsáidtear chun catagóirí rátála a scálaí rátála a chur in iúl. Dá bhrí sin, is gá an mhapáil le haghaidh an ISMC sin a leasú chun na siombailí a úsáideann an ISMC sin faoi láthair a léiriú.

(5)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (na “hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha”) faoi bhráid an Choimisiúin.

(6)

Reáchtáil na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), an chomhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6); an chomhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7);

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) 2016/1799

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2016 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le mapáil measúnuithe creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa i gcomhair riosca creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 136(1) agus 136(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 12.10.2016, lch. 3).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2028 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799 maidir leis na táblaí mapála ina sonraítear an comhfhreagras idir measúnuithe riosca creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa agus na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 313, 4.12.2019, lch. 34).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN III

Táblaí mapála chun críocha Airteagal 16

Céim cáilíochta creidmheasa

1

2

3

4

5

6

A.M. Best (EU) Rating Services B.V.

 

 

 

 

 

 

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach eisitheora

aaa, aa+, aa, aa-

a+, a, a-

bbb+, bbb, bbb-

bb+, bb, bb-

b+, b, b-

ccc+, ccc, ccc-, cc, c, d, e, f, s

Scála rátála fadtéarmach eisiúna

aaa, aa+, aa, aa-

a+, a, a-

bbb+, bbb, bbb-

bb+, bb, bb-

b+, b, b-

ccc+, ccc, ccc-, cc, c, d, s

Scála rátála láidreachta airgeadais

A++, A+

A, A-

B++, B+

B, B-

C++, C+

C, C-, D, E, F, S

Scála rátála gearrthéarmach eisitheora

AMB-1+

AMB-1-

AMB-2,

AMB-3

AMB- 4, d, e, f, s

 

 

Scála rátála gearrthéarmach eisiúna

AMB-1+

AMB-1-

AMB-2,

AMB-3

AMB- 4, d, s

 

 

ARC Ratings S.A.

 

 

 

 

 

 

Scála rátála meántéarmach agus fadtéarmach eisitheora

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála meántéarmach agus fadtéarmach eisiúna

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála inniúlachta maidir le héilimh a íoc

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, R

Scála rátála gearrthéarmach eisitheora

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, D

 

 

Scála rátála gearrthéarmach eisiúna

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, D

 

 

ASSEKURATA Assekuranz Rating-Agentur GmbH

 

 

 

 

 

 

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC/C, D

Scála rátála corparáideach gearrthéarmach

A++

A

 

B, C, D

 

 

Axesor Risk Management S.L.

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D, E

Scála rátála gearrthéarmach domhanda

AS1+

AS1

AS2

AS3, AS4, AS5

 

 

Banque de France

 

 

 

 

 

 

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach domhanda eisitheora

3++

3+, 3

4+

4, 5+

5, 6

7, 8, 9, P

Scála rátála creidmheasa NEC fadtéarmach domhanda eisitheora

1+

1, 1-

2+, 2, 2-

3+, 3, 3-, 4+, 4, 4-, 5+

5, 5-, 6+, 6, 6-

7, 8, P

BCRA — Credit Rating Agency AD

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála gearrthéarmach domhanda

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, D

 

 

Scála fadtéarmach cuideachta árachais pinsin

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála gearrthéarmach cuideachta árachais-pinsin

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, D

 

 

Scála fadtéarmach ciste pinsin

AAA pf, AA pf

A pf

BBB pf

BB pf

B pf

C pf

Scála fadtéarmach ciste ráthaíochta

AAA, AA

A

BBB

BB

B

C, D

Scála gearrthéarmach ciste ráthaíochta

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, D

 

 

Capital Intelligence Ratings Ltd

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta eisitheora

AAA, AA

A

BBB

BB

B

C, RS, SD, D

Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta eisiúna

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta láidreachta airgeadais árachóra

AAA, AA

A

BBB

BB

B

C, RS, SD, D

Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta eisitheora

A1+

A1

A2, A3

B, C, RS, SD, D

 

 

Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta eisiúna

A1+

A1

A2, A3

B, C, D

 

 

Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta láidreachta airgeadais árachóra

A1+

A1

A2, A3

B, C, RS, SD, D

 

 

Cerved Rating Agency S.p.A.

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach corparáideach

A1.1, A1.2, A1.3

A2.1, A2.2, A3.1

B1.1, B1.2

B2.1, B2.2

C1.1

C1.2, C2.1

Scála rátála gearrthéarmach corparáideach

S-1

S-2

S-3

V-1, R-1

 

 

Creditreform Rating AG

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach eisitheora

AAA, AA

A

 

BBB

BB, B

C, SD, D

Scála rátála fadtéarmach eisiúna

AAA, AA

A

 

BBB

BB, B

C, D

Scála rátála gearrthéarmach

L1

L2

 

L3, NEL, D

 

 

CRIF Ratings S.r.l.

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach eisitheora

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D1S, D

Scála rátála fadtéarmach eisiúna

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, DS

Scála rátála FBM

SME1, SME2

 

SME3

SME4

SME5, SME6

SME7, SME8

Scála rátála gearrthéarmach eisitheora

IG-1

 

IG-2

SIG-1, SIG-2, SIG-3, SIG-4

 

 

Scála rátála gearrthéarmach eisiúna

IG-1

 

IG-2

SIG-1, SIG-2, SIG-3, SIG-4

 

 

DBRS Ratings GmbH

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach oibleagáidí

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála gearrthéarmach páipéir tráchtála agus fiachais

R-1 H, R-1 M

R-1 L

R-2, R-3

R-4, R-5, D

 

 

Scála rátála láidreachta airgeadais

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, R

Scála rátála maidir le caillteanas ionchasach

AAA(el), AA(el)

A(el)

BBB(el)

BB(el)

B(el)

CCC(el), CC(el), C(el)

Egan-Jones Ratings Co.

 

 

 

 

 

 

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála creidmheasa gearrthéarmach

A-1+

A-1

A-2

A-3, B, C, D

 

 

EuroRating Sp. z o.o.

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Fitch Ratings Ireland Limited

 

 

 

 

 

 

Scála rátála mainneachtana fadtéarmach eisitheora

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, RD, D

Oibleagáidí maidir le hairgeadas corparáideach – scála rátála fadtéarmach

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C

Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta láidreachta airgeadais árachóra

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C

Scála rátála contrapháirtí díorthaigh

AAA dcr, AA dcr

A dcr

BBB dcr

BB dcr

B dcr

CCC dcr, CC dcr, C dcr

Scála rátála gearrthéarmach

F1+

F1

F2, F3

B, C, RD, D

 

 

Scála rátála gearrthéarmach IFS

F1+

F1

F2, F3

B, C

 

 

GBB-Rating Gesellschaft für Bonitätsbeurteilung GmbH

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

HR Ratings de México, S.A. de C.V.

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

HR AAA(G)/HR AA(G)

HR A(G)

HR BBB(G)

HR BB(G)

HR B(G)

HR C(G)/HR D(G)

Scála rátála gearrthéarmach domhanda

HR+1(G)/HR1(G)

HR2(G)

HR3(G)

HR4(G), HR5(G), HR D(G)

 

 

ICAP S.A.

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda eisitheora

 

AAA, AA

A, BBB

BB, B

CCC, CC

C, D

Scála rátála fadtéarmach domhanda eisiúna

 

AAA, AA

A, BBB

BB, B

CCC, CC

C, D

INBONIS S.A.

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach

AAA/AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Japan Credit Rating Agency Ltd

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach eisitheora

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, LD, D

Scála rátála fadtéarmach eisiúna

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála gearrthéarmach eisitheora

J-1+

J-1

J-2

J-3, NJ, LD, D

 

 

Scála rátálacha creidmheasa gearrthéarmach eisiúna

J-1+

J-1

J-2

J-3, NJ, D

 

 

Kroll Bond Rating Agency Europe Limited

 

 

 

 

 

 

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála creidmheasa gearrthéarmach

K1+

K1

K2, K3

B, C, D

 

 

modeFinance S.r.l.

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

A1, A2

A3

B1

B2

B3

C1, C2, C3, D

Moody’s Investors Service

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

Aaa, Aa

A

Baa

Ba

B

Caa, Ca, C

Scála rátála gearrthéarmach domhanda

P-1

P-2

P-3

NP

 

 

Nordic Credit RatingAS

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach

AAA/AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D, SD

Scála rátála gearrthéarmach

 

 

N-1+

N-1, N-2, N-3, N-4

 

 

QIVALIO SAS (formerly Spread Research)

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála gearrthéarmach domhanda

SR0

 

SR1, SR2

SR3, SR4, SR5, SRD

 

 

Rating-Agentur Expert RA GmbH

 

 

 

 

 

 

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach idirnáisiúnta

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D, E

Scála rátála iontaofachta idirnáisiúnta

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D, E

Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta

RA1+

RA1

RA2, RA3

RA4, RA5, C, D

 

 

Scope Ratings GmbH

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC,C, D

Scála rátála gearrthéarmach

S-1+

S-1

S-2

S-3, S-4

 

 

Scope Hamburg GmbH

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, SD, D

S&P Global Ratings Europe Limited

 

 

 

 

 

 

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach eisitheora

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, R, SD/D

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach eisiúna

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála láidreachta airgeadais árachóra

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, SD/D, R

Rátálacha fadtéarmacha Contrapháirtí maidir le Réiteach Institiúide Airgeadais

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, SD, D

Scála rátála meastóireachta meánmhargaidh

 

MM1

MM2

MM3, MM4

MM5, MM6

MM7, MM8, MMD

Scála rátála creidmheasa gearrthéarmach eisitheora

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, R, SD/D

 

 

Scála rátálacha creidmheasa gearrthéarmach eisiúna

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, D

 

 

Rátálacha gearrthéarmacha Contrapháirtí maidir le Réiteach Institiúide Airgeadais

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, SD/D

 

 


17.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 407/18


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2006 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Samhain 2021

lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 a mhéid a bhaineann le measúnuithe creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa a leithdháileadh ar scála oibiachtúil céimeanna cáilíochta creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (1), agus go háirithe Airteagal 109a(1), an tríú fomhír di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 ón gCoimisiún (2), i measc nithe eile, an comhfhreagras idir na measúnuithe creidmheasa ábhartha arna n-eisiúint ag institiúid sheachtrach um measúnú creidmheasa (‘ISMC’) agus na céimeanna cáilíochta creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún (3) (‘Measúnuithe creidmheasa seachtracha’).

(2)

Ó rinneadh na leasuithe is déanaí ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/744 ón gCoimisiún (4), tá athrú tagtha ar na fachtóirí cainníochtúla agus cáilíochtúla is bonn le measúnuithe creidmheasa ar mhapálacha áirithe Sa bhreis air sin, rinne roinnt ISMCanna a gcuid measúnuithe creidmheasa a leathnú chuig deighleoga nua den mhargadh, agus rinneadh scálaí nua rátála agus cineálacha nua rátála creidmheasa mar iarmhairt air sin. Is gá, dá bhrí sin, mapálacha na ISMCanna lena mbaineann a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Tar éis ghlacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/744, cláraíodh dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa i gcomhréir le hAirteagail 14 go 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus díchláraíodh dhá ISMC eile ar cuireadh mapáil ar fáil dóibh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800. Dá bhrí sin, is gá mapáil a chur ar fáil le haghaidh na ISMCanna a cláraíodh le déanaí agus an mhapáil le haghaidh na ISMCanna díchláraithe a bhaint.

(4)

Sa bhreis air sin, le ISMCM amháin a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagail 14 go 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1060/2009, agus dár cuireadh mapáil ar fáil i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800, leasaíodh na siombailí a úsáidtear chun catagóirí rátála a scálaí rátála a chur in iúl. Dá bhrí sin, is gá an mhapáil le haghaidh an ISMC sin a leasú chun na siombailí a úsáideann an ISMC sin faoi láthair a léiriú.

(5)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus ag an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) i gcomhpháirt (na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha).

(6)

Rinne na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6); an chomhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus an chomhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8),

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2016/1800.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 335, 17.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2016 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a mhéid a bhaineann le measúnuithe creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa a leithdháileadh ar scála oibiachtúil céimeanna cáilíochta creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 12.10.2016, lch. 19).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/744 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1800 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a mhéid a bhaineann le measúnuithe creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa a leithdháileadh ar scála oibiachtúil céimeanna cáilíochta creidmheasa i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 176, 5.6.2020, lch. 4).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN

Measúnuithe creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa a leithdháileadh ar scála oibiachtúil céimeanna cáilíochta creidmheasa

Céim cáilíochta creidmheasa

0

1

2

3

4

5

6

A.M. Best (EU) Rating Services B.V.

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach eisitheora

aaa

aa, aa-

a+, a, a-

bbb+, bbb, bbb-

bb+, bb, bb-

b+, b, b-

ccc+, ccc, ccc-, cc, c, d, e, f, s

Scála rátála fadtéarmach eisiúna

aaa

aa, aa-

a+, a, a-

bbb+, bbb, bbb-

bb+, bb, bb-

b+, b, b-

ccc+, ccc, ccc-, cc, c, d, s

Scála rátála láidreachta airgeadais

 

A++, A+

A, A-

B++, B+

B, B-

C++, C+

C, C-, D, E, F, S

Scála rátála gearrthéarmach eisitheora

 

AMB-1+

AMB-1-

AMB-2,

AMB-3

AMB- 4, d, e, f, s

 

 

Scála rátála gearrthéarmach eisiúna

 

AMB-1+

AMB-1-

AMB-2,

AMB-3

AMB- 4, d, s

 

 

ARC Ratings S.A.

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála meántéarmach agus fadtéarmach eisitheoirí

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála meántéarmach agus fadtéarmach eisiúna

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála inniúlachta maidir le héilimh a íoc

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, R

Scála rátála gearrthéarmach eisitheoirí

 

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, D

 

 

Scála rátála gearrthéarmach eisiúintí

 

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, D

 

 

ASSEKURATA Assekuranz Rating-Agentur GmbH

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC/C, D

Scála rátála corparáideach gearrthéarmach

 

A++

A

 

B, C, D

 

 

Axesor Risk Management SL

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D, E

Scála rátála gearrthéarmach domhanda

 

AS1+

AS1

AS2

AS3, AS4, AS5

 

 

Banque de France

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach domhanda eisitheora

 

3++

3+, 3

4+

4, 5+

5, 6

7, 8, 9, P

Scála rátála creidmheasa NEC fadtéarmach domhanda eisitheora

 

1+

1, 1-

2+, 2, 2-

3+, 3, 3-, 4+, 4, 4-, 5+

5, 5-, 6+, 6, 6-

7, 8, P

BCRA – Credit Rating Agency AD

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála gearrthéarmach domhanda

 

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, D

 

 

Scála fadtéarmach cuideachta árachais-pinsin

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála gearrthéarmach cuideachta árachais-pinsin

 

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, D

 

 

Scála fadtéarmach ciste pinsin

AAA pf

AA pf

A pf

BBB pf

BB pf

B pf

C pf

Scála fadtéarmach ciste ráthaíochta

AAA

AA

A

BBB

BB

B

C, D

Scála gearrthéarmach ciste ráthaíochta

 

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, D

 

 

Capital Intelligence Ratings Ltd

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta eisitheora

AAA

AA

A

BBB

BB

B

C, RS, SD, D

Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta eisiúna

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta láidreachta airgeadais árachóra

AAA

AA

A

BBB

BB

B

C, RS, SD, D

Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta eisitheora

 

A1+

A1

A2, A3

B, C, RS, SD, D

 

 

Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta eisiúna

 

A1+

A1

A2, A3

B, C, D

 

 

Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta láidreachta airgeadais árachóra

 

A1+

A1

A2, A3

B, C, RS, SD, D

 

 

Cerved Rating Agency S.p.A.

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach corparáideach

A1.1

A1.2, A1.3

A2.1, A2.2, A3.1

B1.1, B1.2

B2.1, B2.2

C1.1

C1.2, C2.1

Scála rátála gearrthéarmach corparáideach

 

S-1

S-2

S-3

V-1, R-1

 

 

Creditreform Rating AG

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach

AAA

AA

A

 

BBB

BB , B

C, SD, D

Scála rátála fadtéarmach eisiúna

AAA

AA

A

 

BBB

BB , B

C, D

Scála rátála gearrthéarmach

L1

L2

 

L3, NEL, D

 

 

 

CRIF Ratings S.r.l.

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach eisitheora

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D1S, D

Scála rátála fadtéarmach eisiúna

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, DS

Scála rátála FBM

 

SME1, SME2

 

SME3

SME4

SME5, SME6

SME7, SME8

Scála rátála gearrthéarmach eisitheora

 

IG-1

 

IG-2

SIG-1, SIG-2, SIG-3, SIG-4

 

 

Scála rátála gearrthéarmach eisiúna

 

IG-1

 

IG-2

SIG-1, SIG-2, SIG-3, SIG-4

 

 

DBRS Ratings GmbH

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach oibleagáidí

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála gearrthéarmach páipéir tráchtála agus fiachais

 

R-1 H, R-1 M

R-1 L

R-2, R-3

R-4, R-5, D

 

 

Scála rátála láidreachta airgeadais

 

AAA, AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, R

Scála rátála maidir le caillteanas ionchasach

 

AAA(el), AA(el)

A(el)

BBB(el)

BB(el)

B(el)

CCC(el), CC(el), C(el)

Egan-Jones Ratings Co.

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC,CC, C, D

Scála rátála creidmheasa gearrthéarmach

 

A-1+

A-1

A-2

A-3, B, C, D

 

 

EuroRating Sp. z o.o.

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Fitch Ratings Ireland Limited

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála mainneachtana fadtéarmach eisitheora

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, RD, D

Oibleagáidí maidir le hairgeadas corparáideach – scála rátála fadtéarmach

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C

Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta IFS

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C

Scála rátála contrapháirtí díorthaigh

 

AAA dcr, AA dcr

A dcr

BBB dcr

BB dcr

B dcr

CCC dcr, CC dcr, C dcr

Scála rátála gearrthéarmach

 

F1+

F1

F2, F3

B, C, RD, D

 

 

Scála rátála gearrthéarmach IFS

 

F1+

F1

F2, F3

B, C

 

 

GBB-Rating Gesellschaft für Bonitätsbeurteilung mbH

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

HR Ratings de México, S.A. de C.V.

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

HR AAA(G)

HR AA(G)

HR A(G)

HR BBB(G)

HR BB(G)

HR B(G)

HR C(G)/HR D(G)

Scála rátála gearrthéarmach domhanda

HR+1(G)

HR1(G)

HR2(G)

HR3(G)

HR4(G), HR5(G), HR D(G)

 

 

ICAP S.A

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda eisitheora

 

 

AAA, AA

A, BBB

BB, B

CCC, CC

C, D

Scála rátála fadtéarmach domhanda eisiúna

 

 

AAA, AA

A, BBB

BB, B

CCC, CC

C, D

INBONIS SA

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Japan Credit Rating Agency Ltd

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach eisitheora

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, LD, D

Scála rátála fadtéarmach eisiúna

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála gearrthéarmach eisitheora

 

J-1+

J-1

J-2

J-3, NJ, LD, D

 

 

Scála rátálacha creidmheasa gearrthéarmach eisiúna

 

J-1+

J-1

J-2

J-3, NJ, D

 

 

Kroll Bond Rating Agency Europe

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála creidmheasa gearrthéarmach

 

K1+

K1

K2, K3

B, C, D

 

 

modeFinance S.r.l.

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

A1

A2

A3

B1

B2

B3

C1, C2, C3, D

Moody’s Investors Service

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

Aaa

Aa

A

Baa

Ba

B

Caa, Ca, C

Scála rátála gearrthéarmach domhanda

 

P-1

P-2

P-3

NP

 

 

Nordic Credit Rating AS

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D, SD

Scála rátála gearrthéarmach

 

 

 

N-1+

N-1, N-2, N-3, N-4

 

 

QIVALIO SAS (formerly Spread Research)

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála gearrthéarmach domhanda

 

SR0

 

SR1, SR2

SR3, SR4, SR5, SRD

 

 

Rating-Agentur Expert RA GmbH

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach idirnáisiúnta

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC,CC, C, D, E

Scála rátála iontaofachta idirnáisiúnta

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC,CC, C, D, E

Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta

 

RA1+

RA1

RA2, RA3

RA4, RA5, C, D

 

 

Scope Ratings AG

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC,C, D

Scála rátála gearrthéarmach

 

S-1+

S-1

S-2

S-3, S-4

 

 

Scope Hamburg GmbH

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála fadtéarmach domhanda

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, SD, D

S&P Global Ratings

 

 

 

 

 

 

 

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach eisitheora

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, R, SD/D

Scála rátála creidmheasa fadtéarmach eisiúna

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, C, D

Scála rátála láidreachta airgeadais árachóra

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, SD/D, R

Rátálacha fadtéarmacha Contrapháirtí maidir le Réiteach Institiúide Airgeadais

AAA

AA

A

BBB

BB

B

CCC, CC, SD, D

Scála rátála meastóireachta meánmhargaidh

 

 

MM1

MM2

MM3, MM4

MM5, MM6

MM7, MM8, MMD

Scála rátála creidmheasa gearrthéarmach eisitheora

 

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, R, SD/D

 

 

Scála rátála creidmheasa gearrthéarmach eisiúna

 

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, D

 

 

Rátálacha gearrthéarmacha Contrapháirtí maidir le Réiteach Institiúide Airgeadais

 

A-1+

A-1

A-2, A-3

B, C, SD/D

 

 


17.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 407/27


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2007 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Samhain 2021

lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 17(2), Airteagal 32(2), Airteagal 37a(2) agus Airteagal 37b(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Teideal XII, Caibidil 1, de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (2), lena bhforáiltear maidir le scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga le Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle (3).

(2)

Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 freisin le Treoir (AE) 2020/285, Rialachán lena leagtar síos rialacha maidir leis an gcomhar riaracháin agus calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (CBL). Airteagal 17(1), pointe (g), Airteagal 21(2b), Airteagal 32(1), Airteagal 37a agus Airteagal 37b den Rialachán sin, baineann siad go sonrach le stóráil, le ceadú uathoibrithe agus le tarchur na faisnéise a bhaineann leis an scéim speisialta sin. Na bearta is gá chun na leasuithe sin a chomhlíonadh, tá siad le feidhm a bheith acu ón 1 Eanáir 2025.

(3)

Chun an ceadú uathoibrithe a éascú, is gá sonraí praiticiúla agus sonraíochtaí a shainiú maidir leis an rochtain atá le tabhairt ag Ballstát d’údarás inniúil aon Bhallstáit eile ar fhaisnéis, amhail sonraí aitheantais agus luach soláthairtí earraí agus seirbhísí a dhéanann an duine inchánach a bhaineann leas as an scéim speisialta arna cur i bhfeidhm ag an mBallstát ina ndéantar an soláthar.

(4)

Chun a áirithiú go malartaítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 37a(1) agus Airteagal 37b(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ar bhealach aonfhoirmeach, tá an Coimisiún le socruithe praiticiúla a ghlacadh le haghaidh malartú den sórt sin, lena n-áirítear teachtaireacht leictreonach choiteann. Mar thoradh air sin, d’fhéadfaí forbairt aonfhoirmeach a dhéanamh ar shonraíochtaí teicniúla agus feidhmiúla freisin, mar go leanfaidís creat rialáilte.

(5)

Leis na socruithe praiticiúla sin, ba cheart tarchur agus próiseáil éifeachtach na faisnéise a bhaineann le clárú fiontar beag a áirithiú go háirithe, clárú is gá chun gur féidir leo leas a bhaint as an scéim speisialta lasmuigh dá mBallstát bunaíochta, toisc go mbeadh ar na Ballstáit modhnú a dhéanamh ar a gcomhéadan leictreonach a dearadh don scéim nach gceadaítear léi ach díolúine a dheonú d’fhiontair a bunaíodh sa Bhallstát ina bhfuil CBL dlite, ionas gur féidir an fhaisnéis sin a mhalartú ar bhealach aonfhoirmeach.

(6)

Faisnéis a bhaineann le hathruithe ar shonraí aitheantais, amhail eisiamh ón scéim speisialta, ba cheart í a mhalartú ar bhealach aonfhoirmeach chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta ar a gcríoch agus calaois a chomhrac. Chuige sin, ba cheart socruithe coiteanna a sholáthar maidir le malartú na faisnéise sin go leictreonach.

(7)

Chun an t-ualach riaracháin ar dhaoine inchánacha a íoslaghdú, agus faireachán á dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta, is gá íoscheanglais áirithe a bhunú maidir leis an gcomhéadan leictreonach i gcás réamhfhógraí arna gcur isteach ag daoine inchánacha. Níor cheart, áfach, cosc a chur ar na Ballstáit feidhmiúlachtaí breise a sholáthar chun ualaí riaracháin a laghdú a thuilleadh.

(8)

Ba cheart socruithe praiticiúla a chinneadh freisin chun éascú a dhéanamh ar shonraí a sholáthar maidir leis na bearta a d’fhormheas gach Ballstát agus Airteagal 167a, Teideal XI, Caibidil 3, agus Teideal XII, Caibidil 1, de Threoir 2006/112/CE á dtrasuí.

(9)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón lá a mbeidh feidhm ag Airteagal 17(1), pointe (g), Airteagal 21(2b), Airteagal 32(1), Airteagal 37a agus Airteagal 37b de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Chomhar Riaracháin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “scéim speisialta” an scéim speisialta díolúintí le haghaidh fiontair bheaga dá bhforáiltear i dTeideal XII, Caibidil 1, Roinn 2, de Threoir 2006/112/CE;

(2)

ciallaíonn “Ballstát díolúine” an Ballstát a dheonaíonn an díolúine ó CBL do sholáthar earraí agus seirbhísí laistigh dá chríoch arna dhéanamh ag daoine inchánacha atá incháilithe do dhíolúine faoin scéim speisialta;

(3)

ciallaíonn “Ballstát bunaíochta” an Ballstát ina bhfuil an duine inchánach atá ag baint leas as an scéim speisialta bunaithe.

Airteagal 2

Feidhmiúlachtaí comhéadan leictreonach

Leis an gcomhéadan leictreonach sa Bhallstát bunaíochta, d'fhéadfaí a cheangal ar dhuine inchánach, de bhun Airteagal 284c(2) de Threoir 2006/112/CE, réamhfhógra a chur isteach, aon nuashonrú ar an réamhfhógra sin a chur isteach nó luach soláthairtí a thuairisciú chun an scéim speisialta a úsáid i mBallstát eile, agus leis an gcomhéadan sin tairgfear an tsaoráid chun an fhaisnéis agus aon athrú ar an bhfaisnéis sin a shábháil, ar faisnéis í atá le soláthar de bhun Airteagal 284(3) agus (4), Airteagal 284a agus Airteagal 284b de Threoir 2006/112/CE.

Airteagal 3

Malartú uathoibrithe faisnéise

De bhun Airteagal 21(2b) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, deonóidh an Ballstát bunaíochta rochtain uathoibrithe d’údarás inniúil Ballstát eile ar an bhfaisnéis seo a leanas a bhailítear agus a stóráiltear i gcomhréir le hAirteagal 17(1), pointe (g), den Rialachán sin, trí líonra CCN/CSI nó trí líonra nó córas slán coibhéiseach:

(a)

an uimhir aonair lenar féidir duine inchánach a bhaineann leas as an díolúine in aon cheann de na Ballstáit eile sin a aithint de bhun Airteagal 284(3) de Threoir 2006/112/CE;

(b)

ainm, gníomhaíocht agus earnáil ghnó más ábhartha de bhun Airteagal 284(1), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, foirm dhlíthiúil agus seoladh an duine inchánaigh sin;

(c)

i gcás athrú ar an áit bhunaíochta, an dáta óna mbeidh feidhm ag an athrú sin agus, más féidir, an Ballstát ar chinn an duine inchánach é féin a bhunú ann;

(d)

an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe ag an duine inchánach leas a bhaint as díolúine a mhéid a bhaineann le réamhfhógra nó le nuashonrú ar réamhfhógra, dá dtagraítear in Airteagal 284(3) nó (4) de Threoir 2006/112/CE;

(e)

na Ballstáit ina mbaineann an duine inchánach leas as díolúine faoi Airteagal 284(2) de Threoir 2006/112/CE;

(f)

dáta tosaithe na díolúine i ngach ceann de na Ballstáit ina mbaineann an duine inchánach leas as díolúine;

(g)

luach iomlán na soláthairtí earraí agus/nó seirbhísí a rinneadh sa Bhallstát ina bhfuil an duine inchánach bunaithe agus i ngach ceann de na Ballstáit eile, luach a shonraítear de réir earnáil ghnó más ábhartha de bhun Airteagal 284c(1), pointe (c), de Threoir 2006/112/CE, le linn bhliain féilire an réamhfhógra nó le linn na mblianta féilire roimh an réamhfhógra, de bhun Airteagal 288a(1) de Threoir 2006/112/CE;

(h)

luach iomlán na soláthairtí earraí agus/nó seirbhísí arna ndéanamh in aghaidh na ráithe féilire sa Bhallstát ina bhfuil an duine inchánach bunaithe agus i ngach ceann de na Ballstáit eile, lena n-áirítear aon leasú ar an luach sin, agus ar luach é a shonraítear de réir earnáil ghnó más ábhartha de bhun Airteagal 284c(1), pointe (c), de Threoir 2006/112/CE, nó “0” mura ndearnadh aon soláthar;

(i)

an dáta a sháraigh an láimhdeachas bliantúil san Aontas an méid dá dtagraítear in Airteagal 284(2), pointe (a), de Threoir 2006/112/CE agus luach iomlán na soláthairtí a rinneadh sa Bhallstát ina bhfuil an duine inchánach bunaithe agus i ngach ceann de na Ballstáit eile, luach a shonraítear de réir earnáil ghnó más ábhartha de bhun Airteagal 284c(1), pointe (c), de Threoir 2006/112/CE, nó “0” mura ndearnadh aon soláthar ó thús na ráithe féilire go dtí an dáta a sáraíodh tairseach láimhdeachais bhliantúil san Aontas;

(j)

an dáta nach bhfuil an duine inchánach incháilithe leis an díolúine a chur i bhfeidhm níos mó agus an Ballstát nó na Ballstáit ina mbeidh éifeacht ag an scor, tar éis réamhfhógra díolúine ón mBallstát, dá dtagraítear in Airteagal 284e, pointe (b), de Threoir 2006/112/CE;

(k)

an dáta a bheidh éifeacht ag cinneadh an duine inchánaigh scor go deonach den scéim díolúine a chur i bhfeidhm agus an Ballstát nó na Ballstáit ina mbeidh éifeacht ag an scor sin;

(l)

an dáta a scoireadh de ghníomhaíochtaí an duine inchánaigh agus na Ballstáit lena mbaineann.

Airteagal 4

Faisnéis a tharchur

1.   Soláthróidh na Ballstáit, gan mhoill, na sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus na nuashonraithe a dhéantar orthu a mhéid a bhaineann leis na forálacha lena trasuitear Airteagal 167a, Teideal XI, Caibidil 3, agus Teideal XII, Caibidil 1, de Threoir 2006/112/CE, i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. Cuirfear an fhaisnéis sin isteach tríd an tairseach ghréasáin arna bunú ag an gCoimisiún.

2.   Tarchuirfidh an Ballstát bunaíochta an fhaisnéis seo a leanas trí líonra CNN/CSI nó trí líonra nó córas slán coibhéiseach, mar theachtaireacht leictreonach choiteann a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, chuig údaráis inniúla an Bhallstáit díolúine, laistigh de 15 lá oibre ón dáta a chuirtear an fhaisnéis ar fáil, de bhun Airteagal 37a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010:

(a)

a mhéid a bhaineann le réamhfhógra nó le nuashonrú ar réamhfhógra, dá dtagraítear in Airteagal 284(3) nó (4) de Threoir 2006/112/CE, chun an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas go bhfuil duine inchánach ag lorg díolúine:

(i)

uimhir aitheantais aonair an duine inchánaigh, uimhir a d'eisigh an Ballstát bunaíochta agus dá dtagraítear in Airteagal 21(2b), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, nó, mura bhfuil fáil uirthi go fóill;

(ii)

aon uimhir eile chun an duine inchánach a shainaithint;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an réamhfhógra nó leis an nuashonrú ar réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 284(3) nó (4) de Threoir 2006/112/CE, tar éis an duine inchánach a chur ar an eolas faoina uimhir aitheantais aonair nó an uimhir a dheimhniú don duine inchánach dá dtagraítear in Airteagal 284(5) de Threoir 2006/112/CE:

(i)

an uimhir aitheantais aonair arna sannadh don duine inchánach sin dá dtagraítear in Airteagal 21(2b), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, agus

(ii)

dáta tosaithe na díolúine dá dtagraítear in Airteagal 21(2b), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 i ndáil leis an duine inchánach sa Bhallstát lena mbaineann;

(c)

a mhéid a bhaineann le haon duine inchánach ar sháraigh a láimhdeachas bliantúil san Aontas an méid dá dtagraítear in Airteagal 284(2), pointe (a), de Threoir 2006/112/CE:

(i)

uimhir aitheantais aonair an duine inchánaigh sin, dá dtagraítear in Airteagal 21(2b), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, agus

(ii)

an dáta a sháraigh láimhdeachas bliantúil san Aontas de chuid an duine inchánaigh sin an méid dá dtagraítear in Airteagal 284(2), pointe (a), de Threoir 2006/112/CE;

(d)

a mhéid a bhaineann le duine inchánach nár chomhlíon na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 284b de Threoir 2006/112/CE:

(i)

uimhir aitheantais aonair an duine inchánaigh sin dá dtagraítear in Airteagal 21(2b), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, agus

(ii)

an fíoras nár comhlíonadh na hoibleagáidí sin.

3.   Tarchuirfidh an Ballstát díolúine an fhaisnéis seo a leanas chuig údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta trí líonra CCN/CSI nó trí líonra nó córas slán coibhéiseach, mar theachtaireacht leictreonach choiteann a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, de bhun Airteagal 37b(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010:

(a)

laistigh de 15 lá oibre ó gheofar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (a):

(i)

uimhir aitheantais aonair an duine inchánaigh, uimhir a d’eisigh an Ballstát bunaíochta agus dá dtagraítear in Airteagal 21(2b), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 nó, mura bhfuil fáil uirthi go fóill, aon uimhir eile a fuarthas ón mBallstát bunaíochta chun críoch na haitheanta;

(ii)

faisnéis faoi cibé a sháraítear an tairseach láimhdeachais bhliantúil is infheidhme sa Bhallstát sin le haghaidh na díolúine, dá dtagraítear in Airteagal 284(2), pointe (b), de Threoir 2006/112/CE, sa bhliain reatha nó nach sáraítear;

(iii)

faisnéis faoi cibé a chomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 288a(1) de Threoir 2006/112/CE nó nach gcomhlíontar;

(iv)

aon iarraidh ar shoiléiriú breise a theastaíonn i bhfianaise na faisnéise atá le soláthar faoi phointe (ii) agus pointe (iii);

(b)

gan mhoill, uimhir aitheantais aonair an duine inchánaigh, dá dtagraítear in Airteagal 21(2b), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, agus an dáta a scoir sí de bheith incháilithe do dhíolúine de bhun Airteagal 288a(1) de Threoir 2006/112/CE;

(c)

gan mhoill, an dáta a scoir an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga d’fheidhm a bheith aici sa Bhallstát sin.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 12.10.2010, lch. 1.

(2)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(3)  Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta le haghaidh fiontair bheaga (IO L 62, 2.3.2020, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

Faisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit de bhun Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010

1.   Scéim speisialta le haghaidh cuntasaíochta bunaithe ar airgead tirim

Airteagal 167a de Threoir 2006/112/CE — scéim roghnach le haghaidh cuntasaíochta bunaithe ar airgead tirim

C1. An féidir le do Bhallstát roghnú a bheith rannpháirteach sa scéim speisialta le haghaidh cuntasaíochta bunaithe ar airgead tirim?

C2. Más féidir, cad í an tairseach atá i bhfeidhm? Tabhair le fios in EUR agus san airgeadra náisiúnta í.

2.   Scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga

Teideal XII, Caibidil 1, Roinn 1, de Threoir 2006/112/CE

Airteagal 281 – Nósanna imeachta simplithe maidir le cáin a ghearradh agus a bhailiú

C3. An gcuireann tú aon nós imeachta simplithe i bhfeidhm maidir le fiontair bheaga, amhail scéimeanna ráta chomhréidh, chun CBL a ghearradh agus a bhailiú?

C4a. Má chuireann, cé na nósanna imeachta simplithe a chuireann tú i bhfeidhm maidir le fiontair bheaga?

Q4b. Cé na coinníollacha nó na teorainneacha faoina gcuireann tú na nósanna imeachta simplithe sin i bhfeidhm?

Teideal XII, Caibidil 1, Roinn 2, de Threoir 2006/112/CE

Airteagail 282-290 de Threoir 2006/112/CE— Díolúintí

C5. An gcuireann tú i bhfeidhm an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga a leagtar amach i dTeideal XII, Caibidil 1, Roinn 2, de Threoir 2006/112/CE?

C6a. Má chuireann, cén dáta óna gcuireann tú i bhfeidhm í?

C6b. Mura gcuireann, ach má chuir tú i bhfeidhm í san am a chuaigh thart, cén dáta a chuir tú i bhfeidhm í?

Airteagal 283(2) de Threoir 2006/112/CE— Díolúintí

C7. Cé na hidirbhearta a eisítear ón díolúine faoin scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga mar a chuireann do Bhallstát i bhfeidhm í?

Airteagal 284(1) de Threoir 2006/112/CE— Tairseach

C8. Cé na leibhéil tairseach láimhdeachais bhliantúil atá i bhfeidhm chun leas a bhaint as an díolúine (tairseacha díolúine) i do Bhallstát? Tabhair le fios in EUR agus san airgeadra náisiúnta í.

C9. Cén dáta óna bhfuil feidhm ag na leibhéil reatha tairseach díolúine?

C10. Má chuireann tú níos mó ná tairseach amháin i bhfeidhm, tabhair le fios na critéir chun cáiliú do na catagóirí soláthairtí faoi seach a bhfuil feidhm ag na tairseacha difriúla maidir leo agus tabhair le fios an dáta óna bhfuil feidhm ag na critéir sin

Airteagal 284(3) de Threoir 2006/112/CE — Uimhir aitheantais aonair

C11. Chun críoch na haitheanta dá dtagraítear in Airteagal 284(3), pointe (b), de Threoir 2006/112/CE, an úsáideann tú an uimhir aitheantais aonair CBL a leithdháileadh cheana ar an duine inchánach i ndáil le hoibleagáidí an duine inchánaigh sin faoin gcóras inmheánach nó an gcuireann struchtúr uimhir CBL nó struchtúr aon uimhreach eile i bhfeidhm?

Airteagal 284c(1) de Threoir 2006/112/CE— Airgeadra

C12. Chun críocha Airteagal 284c(1), an chéad fhomhír, pointe (b), de Threoir 2006/112/CE, an éilíonn tú go sloinnfear na luachanna san airgeadra náisiúnta?

Airteagal 284c(2) de Threoir 2006/112/CE— Faisnéis a chur isteach

C13. An éilíonn tú go gcuirfidh an duine inchánach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 284(3) agus (4) agus in Airteagal 284b(1) agus (3) de Threoir 2006/112/CE isteach trí bhíthin modh leictreonach?

C14. Má éilíonn, cé na coinníollacha a bhfuil sé faoina réir?

Airteagal 284d(3) de Threoir 2006/112/CE— Mainneachtain comhlíonta

C.15. I gcás nach gcomhlíonann duine na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 284b de Threoir 2006/112/CE, an éilíonn tú go gcomhlíonfaidh an duine inchánach sin oibleagáidí CBL i ndáil le hidirbhearta díolmhaithe a dhéantar i do Bhallstát?

C.16. Má éilíonn, cé na hoibleagáidí atá i gceist?

Airteagal 288a(1) de Threoir 2006/112/CE— Idirthréimhse

C17. I do Bhallstát, an scoireann an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) de Threoir 2006/112/CE d’fheidhm a bheith aici tráth a sháraítear an tairseach a leagtar síos i gcomhréir leis an mír sin, de bhun Airteagal 288a(1), an ceathrú fomhír?

C18. Mura scoireann agus má cheadaítear don duine inchánach leanúint de leas a bhaint as an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284(1) de Threoir 2006/112/CE le linn na bliana féilire tar éis an tairseach a shárú, an gcuireann tú uasteorainn i bhfeidhm?

C19. Má chuireann, an gcuireann tú uasteorainn 10 % nó 25 % i bhfeidhm?

C20. Cé mhéad bliain a eisiatar an duine inchánach ón scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga tar éis dó an tairseach díolúine a shárú?

Airteagal 290 de Threoir 2006/112/CE — Rogha le haghaidh daoine inchánacha atá i dteideal díolúine

C21. An bhfuil aon riail mhionsonraithe nó coinníollacha i bhfeidhm maidir leis an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 290 de Threoir 2006/112/CE a chur i bhfeidhm?

C22. Má tá, cé na rialacha agus na coinníollacha a chuireann tú i bhfeidhm?

Teideal XII, Caibidil 1, Roinn 2a, de Threoir 2006/112/CE

Airteagail 292a-292d de Threoir 2006/112/CE – Oibleagáidí fiontar beag díolmhaithe a shimpliú

C23. Maidir le fiontair bheaga atá bunaithe ar chríoch do Bhallstáit agus nach mbaineann leas as an díolúine ach i do Bhallstát, an scaoileann tú ó aon oibleagáid iad?

C24. Má scaoileann, cé na hoibleagáidí atá i gceist?

C25. An scaoileann tú fiontair bheaga dhíolmhaithe ó aon cheann de na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagail 217 go 271 de Threoir 2006/112/CE, de bhun Airteagal 292d de Threoir 2006/112/CE?

C26. Má scaoileann, cé na hoibleagáidí atá i gceist?


IARSCRÍBHINN II

Faisnéis atá le tarchur ag an mBallstát bunaíochta chuig na Ballstáit a dheonaíonn an díolúine de bhun Airteagal 37a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010

le tarchur trí bhíthin modh leictreonach laistigh de 15 lá oibre ón dáta atá an fhaisnéis ar fáil

1.

A mhéid a bhaineann le réamhfhógra nó le nuashonrú ar réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 284(3) nó (4) de Threoir 2006/112/CE:

a.

Chun an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas faoi go bhfuil sé beartaithe ag daoine inchánacha leas a bhaint as an díolúine sa Bhallstát sin:

i.

Uimhir aitheantais aonair an duine inchánaigh, uimhir a d’eisigh an Ballstát bunaíochta agus dá dtagraítear in Airteagal 21(2b), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 nó, mura bhfuil fáil uirthi go fóill, aon uimhir eile chun críoch na haitheanta.

 

 

b.

Tar éis deimhniú a fháil ón mBallstát díolúine go bhfuil na daoine inchánacha incháilithe do dhíolúine agus tar éis fógra a thabhairt do na daoine inchánacha:

i.

Uimhir aitheantais aonair an duine inchánaigh atá ag baint leas as an díolúine, uimhir a d’eisigh an Ballstát bunaíochta agus dá dtagraítear in Airteagal 21(2b), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010

 

 

ii.

Ballstáit ina mbaineann an duine inchánach leas as an díolúine agus léiriú ar dháta tosaithe na díolúine i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann:

 

In-athdhéanta

ii.1.

Ballstát

 

 

ii.2.

Dáta tosaithe na díolúine

 

 

2.

A mhéid a bhaineann le daoine inchánacha a sháraíonn a láimhdeachas bliantúil san Aontas EUR 100 000 dá dtagraítear in Airteagal 284(2), pointe (a), de Threoir 2006/112/CE:

a.

Uimhir aitheantais aonair an duine inchánaigh, uimhir a d’eisigh an Ballstát bunaíochta agus dá dtagraítear in Airteagal 21(2b), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010

 

b.

Dáta a sháraigh láimhdeachas bliantúil san Aontas de chuid an duine inchánaigh EUR 100 000

 

3.

A mhéid a bhaineann le daoine inchánacha nár chomhlíon na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 284b de Threoir 2006/112/CE:

a.

Uimhir aitheantais aonair an duine inchánaigh lena mbaineann, uimhir a d’eisigh an Ballstát bunaíochta agus dá dtagraítear in Airteagal 21(2b), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010

 

b.

An fíoras nár comhlíonadh na hoibleagáidí tuairiscithe

 


IARSCRÍBHINN III

Faisnéis atá le tarchur ag na Ballstáit a dheonaíonn an díolúine chuig an mBallstát bunaíochta de bhun Airteagal 37b(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010

le tarchur trí bhíthin modh leictreonach laistigh de 15 lá oibre tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, pointe 1(a), a fháil

1.

A mhéid a bhaineann le réamhfhógra nó le nuashonrú ar réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 284(3) nó (4) de Threoir 2006/112/CE, chun an Ballstát bunaíochta a chur ar an eolas faoi incháilitheacht duine inchánaigh do dhíolúine sa Bhallstát sin:

a.

Uimhir aitheantais aonair an duine inchánaigh, uimhir a d’eisigh an Ballstát bunaíochta agus dá dtagraítear in Airteagal 21(2b), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 nó, mura bhfuil fáil uirthi go fóill, aon uimhir eile a fuarthas ón mBallstát bunaíochta chun an duine inchánach sin a shainaithint.

 

b.

Cé acu a sáraíodh an tairseach láimhdeachais bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 284(2), pointe (b), de Threoir 2006/112/CE le linn na bliana féilire reatha nó nár sáraíodh

 

c.

Cé acu a chomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 288a(1) de Threoir 2006/112/CE nó nach gcomhlíontar

 

d.

Iarraidh ar shoiléiriú breise a theastaíonn i bhfianaise na faisnéise atá le soláthar faoi phointe (b) agus pointe (c).

Faisnéis roghnach

le tarchur trí bhíthin modh leictreonach gan mhoill

2.

A mhéid a bhaineann le daoine inchánacha a scoir de bheith incháilithe do dhíolúine:

a.

Uimhir aitheantais aonair an duine inchánaigh, uimhir a d’eisigh an Ballstát bunaíochta agus dá dtagraítear in Airteagal 21(2b), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010

 

b.

An dáta a scoir an duine inchánach de bheith incháilithe do dhíolúine faoi Airteagal 288a(1) de Threoir 2006/112/CE

 

3.

A mhéid a bhaineann le scor den scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga a chur i bhfeidhm sa Bhallstát a dheonaíonn an díolúine, dá dtagraítear in Airteagal 284e(b) de Threoir 2006/112/CE:

a.

An dáta a scoir an scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga d’fheidhm a bheith aici sa Bhallstát sin

 


CINNTÍ

17.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 407/37


CINNEADH (CBES) 2021/2008 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Samhain 2021

lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagal 46(6) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (1),

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 11 Nollaig 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/2315.

(2)

Le hAirteagal 4(2), pointe (e) de Chinneadh (CBES) 2017/2315 foráiltear go bhfuil an Chomhairle chun liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO a bhunú, lena léirítear tacaíocht d’fhorbairt cumais agus tacaíocht shuntasach a sholáthar d’oibríochtaí agus do mhisin an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC) ó thaobh na n-acmhainní agus cumas de.

(3)

An 6 Márta 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/340 (2) lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO.

(4)

An 6 Márta 2018, ghlac an Chomhairle Moladh a bhaineann le treochlár le haghaidh chur chun feidhme PESCO (3) (‘an Moladh’), freisin.

(5)

I mír 9 den Mholadh, sonraíodh gur cheart don Chomhairle liosta thionscadal PESCO a nuashonrú faoi mhí na Samhna 2018 chun an chéad tacar eile tionscadal a áireamh, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2017/2315, lena bhforáiltear go háirithe go bhféadfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) moladh a dhéanamh a bhaineann le sainaithint tionscadal PESCO agus a bhaineann le meastóireacht a dhéanamh orthu, ar bhonn measúnuithe arna soláthar ag rúnaíocht PESCO, go bhféadfaidh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh, tar éis comhairle mhíleata a fháil ó Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC).

(6)

An 25 Meitheamh 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/909 (4) lena mbunaítear tacar coiteann rialacha rialachais do thionscadail PESCO.

(7)

An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1797 (5) lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340.

(8)

An 14 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Moladh lena ndéantar measúnú ar an dul chun cinn a rinne na Ballstáit rannpháirteacha chun na gealltanais a tugadh faoi chuimsiú PESCO (6) a chomhlíonadh.

(9)

An 12 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1909 (7) lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340.

(10)

An 20 Samhain 2020, ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir le hAthbhreithniú Straitéiseach PESCO 2020.

(11)

An 20 Samhain 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1746 (8) lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340.

(12)

An 29 Meán Fómhair 2021, thug an tArdionadaí moladh don Chomhairle maidir le tograí tionscadail faoi chuimsiú PESCO a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

(13)

An 19 Deireadh Fómhair 2021, tháinig an Coiste Polaitiúil agus Slándála ar chomhaontú maidir leis na moltaí atá i gcomhairle mhíleata EUMC i ndáil leis an moladh ón Ardionadaí i dtaca le tograí tionscadail faoi chuimsiú PESCO a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

(14)

Ba cheart don Chomhairle, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2018/340 a leasú agus a nuashonrú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/340 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear na tionscadail seo a leanas leis an liosta:

‘48.

Lárionad Ionsamhlúcháin agus Tástála um Phríomhthainc Chatha (MBT-SIMTEC);

49.

Comhpháirtíocht Mhíleata an Aontais Eorpaigh (AE MilPart);

50.

Eilimintí Sár-Riachtanacha an Tionlacain Eorpaigh (4E);

51.

Feithicil Dhromchla Leath-Uathrialaitheach Mheánmhéide (M-SASV);

52.

Aeriompar Straitéiseach do Lasta Ollmhór (SATOC);

53.

RPAS Beag den Chéad Ghlúin Eile (NGSR);

54.

Stáisiún Nasctha Rótarárthaigh do Ladrainn;

55.

Mionarmáin Inscálaithe (SSW);

56.

Aerchumhacht;

57.

Lasta Oirbheartaíochta Meánmhéide amach anseo (FMTC);

58.

Cónaidhmeanna Cibear-Raonta (CRF);

59.

Samhaltú Uathoibrithe, Sainaithint agus Measúnú Damáiste ar Thír-Raon Uirbeach (AMIDA-UT);

60.

Mol Comhchoiteann d’Íomhánna Rialtasacha (CoHGI);

61.

Sócmhainní Spáis a Chosaint (DoSA).’;

(2)

in Iarscríbhinn I, cuirtear isteach na hiontrálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(3)

déantar an téacs atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur in ionad Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L 331, 14. 12. 2017, lch. 57.

(2)  Cinneadh (CBES) 2018/340 ón gComhairle an 6 Márta 2018 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 65, 8.3.2018, lch. 24).

(3)  Moladh ón gComhairle an 6 Márta 2018 maidir le treochlár i ndáil le cur chun feidhme PESCO (IO C 88, 8. 3. 2018, lch. 1).

(4)  Cinneadh (CBES) 2018/909 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 lena mbunaítear tacar coiteann rialacha rialachais do thionscadail PESCO (IO L 161, 26.6.2018, lch. 37).

(5)  Cinneadh (CBES) 2018/1797 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 294, 21.11.2018, lch. 18).

(6)  Moladh ón gComhairle an 14 Bealtaine 2019 lena ndéantar measúnú ar an dul chun cinn a rinne na Ballstáit rannpháirteacha chun na gealltanais a tugadh faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO) a chomhlíonadh (IO C 166, 15.5.2019, lch.1).

(7)  Cinneadh (CBES) 2019/1909 ón gComhairle an 12 Samhain 2019 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 liosta na dtograí atá le forbairt faoi PESCO (IO L 293, 14.11.2019, lch. 113).

(8)  Cinneadh (CBES) 2020/1746 ón gComhairle an 20 Samhain 2020 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 393, 23.11.2020, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

Tionscadal

Rannpháirtithe an Tionscadail

48.

Lárionad Ionsamhlúcháin agus Tástála um Phríomhthainc Chatha (MBT-SIMTEC)

An Ghréig, an Fhrainc, an Chipir

49.

Comhpháirtíocht Mhíleata an Aontais Eorpaigh (AE MilPart)

An Fhrainc, an Eastóin, an Iodáil, an Ostair

50.

Eilimintí Sár-Riachtanacha an Tionlacain Eorpaigh (4E)

An Spáinn, an Iodáil, an Phortaingéil

51.

Feithicil Dhromchla Leath-Uathrialaitheach Mheánmhéide (M-SASV)

An Eastóin, an Fhrainc, an Laitvia, an Rómáin

52.

Aeriompar Straitéiseach do Lasta Ollmhór (SATOC)

An Ghearmáin, an tSeicia, an Fhrainc, an Ísiltír, an tSlóivéin

53.

RPAS Beag den Chéad Ghlúin Eile (NGSR)

An Spáinn, an Ghearmáin, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin

54.

Stáisiún Nasctha Rótarárthaigh do Ladrainn

An Iodáil, an Fhrainc

55.

Mionarmáin Inscálaithe (SSW)

An Iodáil, an Fhrainc

56.

Aerchumhacht

An Fhrainc, an Ghréig, an Chróit

57.

Lasta Oirbheartaíochta Meánmhéide amach anseo (FMTC)

An Fhrainc, an Ghearmáin, an tSualainn

58.

Cónaidhmeanna Cibear-Raonta (CRF)

An Eastóin, an Bhulgáir, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, an Fhionlainn

59.

Samhaltú Uathoibrithe, Sainaithint agus Measúnú Damáiste ar Thír-Raon Uirbeach (AMIDA-UT)

An Phortaingéil, an Spáinn, an Fhrainc

60.

Mol Comhchoiteann d’Íomhánna Rialtasacha (CoHGI

An Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, An Rómáin

61.

Sócmhainní Spáis a Chosaint (DoSA)

An Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ostair an Pholainn, an Phortaingéil, An Rómáin


IARSCRÍBHINN II

LIOSTA NUASHONRAITHE COMHDHLÚITE DE RANNPHÁIRTITHE NA dTIONSCADAL AR LEITH

Tionscadal

Rannpháirtithe an Tionscadail

1.

Ceannasaíocht Leighis Eorpach (EMC)

An Ghearmáin, an Bheilg, an tSeicia, an Eastóin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSualainn

2.

Raidió Bogearraí-Shainithe Slán Eorpach (ESSOR)

An Fhrainc, an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Fhionlainn

3.

Líonra na Mol Lóistíochta san Eoraip agus na Tacaíochta d'Oibríochtaí

An Ghearmáin, an Bheilg, an Bhulgáir, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Liotuáin, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic

4.

An tSoghluaisteacht Mhíleata

An Ísiltír, an Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn

5.

An Lárionad Deimhniúcháin Oiliúna Eorpach um Airm Eorpacha

An Iodáil, an Ghréig

6.

Feidhm Oibríochtúil Fuinnimh (EOF)

An Fhrainc, an Bheilg, an Spáinn, an Iodáil, an tSlóivéin

7.

Pacáiste chun Cumas Míleata Fóirithinte a Imlonnú i gcás Tubaistí (DM-DRCP)

An Iodáil, an Ghréig, an Spáinn, an Chróit, an Ostair

8.

Córais Mhuirí (leath-)Uathrialaitheacha um Fhrithbhearta Mianach (MAS MCM)

An Bheilg, an Ghréig, an Fhrainc, an Laitvia, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin

9.

Faireachas agus Cosaint Cuanta agus Mhuirí (HARMSPRO)

An Iodáil, an Ghréig, an Pholainn, an Phortaingéil

10.

Uasghrádú Faireachais Mhuirí

An Ghréig, an Bhulgáir, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir

11.

An tArdán le haghaidh Comhroinnt Faisnéise faoi Fhreagairt Cibearbhagairtí agus Cibirtheagmhas)

An Ghréig, an Iodáil, an Chipir, an Ungáir, an Phortaingéil

12.

Foirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas agus Cúnamh Frithpháirteach maidir le Cibearshlándáil

An Liotuáin, an Eastóin, an Chróit, an Ísiltír, an Pholainn, an Rómáin

13.

Córas Ceannais agus Comhordaithe (C2) Straitéiseach um Misin agus Oibríochtaí CBSC (EUMILCOM)

An Spáinn, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Phortaingéil

14.

Feithicil troda choisithe armúrtha / Feithicil ionsaithe amfaibiach / Feithicil armúrtha éadrom (AIFV/AAV/LAV)

An Iodáil, an Ghréig, an tSlóvaic

15.

Tacaíocht Lámhaigh Indíreach (EuroArtillery)

An tSlóvaic, an Iodáil, an Ungáir

16.

Lárionad Oibríochtaí EUFOR um Fhreagairt Géarchéimeanna (EUFOR CROC)

An Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Chipir, an Ostair

17.

Oiliúint ar phíolótú héileacaptar faoi theocht ard agus ar airde mhór (Oiliúint H3)

An Ghréig, an Iodáil, an Rómáin

18.

Scoil faisnéise chomhpháirteach an Aontais (JEIS)

An Ghréig, an Chipir

19.

Lárionaid Tástála agus Mheastóireachta AE

An Fhrainc, an tSualainn, an tSlóvaic

20.

Córas Comhtháite Talún Gan Foireann (iUGS)

An Eastóin, an Bheilg, an tSeicia, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Laitvia, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an Fhionlainn

21.

Córais Diúracán Láthair Chatha Talún AE thar an líne amhairc (BLOS)

An Fhrainc, an Bheilg, an Chipir

22.

Pacáiste Cumais Idirghabhála Fo-Uisce Modúlach In-imscartha (DIVEPACK)

An Bhulgáir, an Ghréig, an Fhrainc, an Rómáin

23.

Córais Eorpacha Aerárthaí Cianrialaithe Meánairde Fad-Aga - MALE RPAS (Eurodrone)

An Ghearmáin, an tSeicia, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil

24.

Héileacaptair Ionsaithe TIGER Marc III de chuid na hEorpa

An Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn

25.

Córas in aghaidh Aerárthaí Gan Foireann (C-UAS)

An Iodáil, an tSeicia

26.

Ardán Aerloinge Ard-Atmaisféir na hEorpa (EHAAP) – Síorchumas Faisnéise, Faireachais agus Taiscéalaíochta (ISR)

An Iodáil, an Fhrainc

27.

Post Ceannais (CP) In-imscartha Aonuaire do Cheannas agus Rialú (C2) Oirbheartaíoch na bhFórsaí Oibríochtaí Speisialta (SOF) i gcás Oibríochtaí Beaga Comhpháirteacha (SJO) – (SOCC) i gcás SJO

An Ghréig, an Chipir

28.

Clár um Chumas Cogaíochta Leictreonaí agus um Idir-inoibritheacht don Fhaisnéis, Faireachas agus Taiscéalaíocht (JISR) amach anseo

An tSeicia, an Ghearmáin

29.

Faireachas Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach (CBRN) mar Sheirbhís (CBRN SaaS)

An Ostair, an Fhrainc, an Chróit, an Ungáir, an tSlóivéin

30.

Comhroinnt Bunáiteanna

An Fhrainc, an Bheilg, an tSeicia, an Ghearmáin, an Spáinn, an Ísiltír

31.

Aonad um Chomhordú na Tacaíochta (GMSCE) Geoimeitéareolaíche agus Aigéineolaíochta (GeoMETOC)

An Ghearmáin, an Bheilg, an Ghréig, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin

32.

Réiteach Radaloingseoireachta an Aontais (EURAS)

An Fhrainc, an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Pholainn

33.

An Líonra Míleata Eorpach um Fheasacht ar Fhaireachas Spáis (EU SSA-N)

An Iodáil, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ísiltír

34.

An Lárionad Comhtháite Eorpach Oiliúna agus Ionsamhlúcháin (EUROSIM)

An Ungáir, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Pholainn, an tSlóivéin

35.

Acadamh agus Mol Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh um Earnáil na Cibearchosanta (AE CAIH)

An Phortaingéil, an Spáinn

36.

Lárionad oiliúna leighis d'fhórsaí oibríochtaí speisialta (SMTC)

An Pholainn, an Ungáir

37.

Raon Oiliúna le haghaidh cosaint cheimiceach, bhitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach (CBRN) (CBRNDTR)

An Rómáin, an Fhrainc, an Iodáil

38.

Líonra an Aontais Eorpaigh de Lárionaid Tumadóireachta (EUNDC)

An Rómáin, an Bhulgáir, an Fhrainc

39.

Córas Frith-Fhomhuireáin Muirí Gan Foireann (MUSAS)

An Phortaingéil, an Spáinn, an Fhrainc, an tSualainn

40.

Coirbhéad Patróil Eorpach (EPC)

An Iodáil, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc

41.

Ionsaí Leictreonach Aerbheirthe (AEA)

An Spáinn, an Fhrainc, an tSualainn

42.

An Lárionad Comhordúcháin Cibearchosanta agus Faisnéise (CIDCC)

An Ghearmáin, an Spáinn, an Ungáir, an Ísiltír

43.

Rabhadh agus Tascradh Tráthúil le Faireachas ón Spás ar Limistéir Imlonnaithe (TWISTER)

An Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Ísiltír, an Fhionlainn

44.

. Ábhair agus comhpháirteanna le haghaidh iomaíochas teicneolaíoch an Aontais (MAC-EU)

An Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Phortaingéil, an Rómáin

45.

Cumas Comhoibríoch Cogaíochta AE (ECoWAR)

An Fhrainc, an Bheilg, an Spáinn, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin, an tSualainn

46.

Córas Eorpach um Chomhtháthú Domhanda Ollstruchtúr na gCóras Aerárthaí Cianrialaithe (RPAS) (GLORIA)

An Iodáil, an Fhrainc, an Rómáin

47.

Lárionad Ionsamhlúcháin agus Tástála um Phríomhthainc Chatha (MBT-SIMTEC)

An Ghréig, an Fhrainc, an Chipir

48.

Comhpháirtíocht Mhíleata an Aontais Eorpaigh (AE MilPart)

An Fhrainc, an Eastóin, an Iodáil, an Ostair

49.

Eilimintí Sár-Riachtanacha an Tionlacain Eorpaigh (4E)

An Spáinn, an Iodáil, an Phortaingéil

50.

Feithicil Dhromchla Leath-Uathrialaitheach Mheánmhéide (M-SASV)

An Eastóin, an Fhrainc, an Laitvia, an Rómáin

51.

Aeriompar Straitéiseach do Lasta Ollmhór (SATOC)

An Ghearmáin, an tSeicia, an Fhrainc, an Ísiltír, an tSlóivéin

52.

RPAS Beag den Chéad Ghlúin Eile (NGSR)

An Spáinn, an Ghearmáin, an Phortaingéil, an Rómáin an tSlóivéin

53.

Stáisiún Nasctha Rótarárthaigh do Ladrainn

An Iodáil, an Fhrainc

54.

Mionarmáin Inscálaithe (SSW)

An Iodáil, an Fhrainc

55.

Aerchumhacht

An Fhrainc, an Ghréig, an Chróit

56.

Lasta Oirbheartaíochta Meánmhéide amach anseo (FMTC)

An Fhrainc, an Ghearmáin, an tSualainn

57.

Cónaidhmeanna Cibear-Raonta (CRF)

An Eastóin, an Bhulgáir, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, an Fhionlainn

58.

Samhaltú Uathoibrithe, Sainaithint agus Measúnú Damáiste ar Thír-Raon Uirbeach (AMIDA-UT)

An Phortaingéil, an Spáinn, an Fhrainc

59.

Mol Comhchoiteann d’Íomhánna Rialtasacha (CoHGI)

An Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Rómáin

60.

Sócmhainní Spáis a Chosaint (DoSA)

An Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin