ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 402

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
15 Samhain 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1972 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 trí na critéir a leagan síos maidir le ríomh na gcostas breise arna dtabhú ag oibreoirí le linn iascaireacht, fheirmeoireacht, phróiseáil agus mhargú táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí

1

 

*

Rialachán (AE) 2021/1973 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2021 lena gceartaítear an leagan Gearmáinise de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus ítimí áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin ( 1 )

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1974 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2021 lena n-údaraítear torthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún ( 1 )

5

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1975 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2021 lena n-údaraítear foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Locusta migratoria a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún ( 1 )

10

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1976 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí gliocóil mona-eitiléine de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ríocht na hAraibe Sádaí

17

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1977 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas ( 1 )

60

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2021/1978 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith úsáid bios(2-eitilheicsil)taláite (DEHP), taláite beinsile búitile (BBP), taláite débhúitile (DBP) agus taláite dé-iseabúitile (DIBP) i bpáirteanna spártha a aisghabhtar ó fheistí leighis agus a úsáidtear chun feistí leighis a dheisiú nó a athchóiriú ( 1 )

65

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2021/1979 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith úsáid bios(2-eitilheicsil) taláite (DEHP) i gcomhpháirteanna plaisteacha i gcornaí brathadóra íomháithe athshondais mhaighnéadaigh (MRI) ( 1 )

69

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2021/1980 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith úsáid bios(2-eitilheicsil) taláite (DEHP) i leictreoidí ianroghnaitheacha chun anailís a dhéanamh ar shreabháin coirp an duine agus/nó ar shreabháin scagdhealáite ( 1 )

73

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1981 ón gComhairle an 9 Samhain 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 14, 16, 22, 24, 37, 45, 48, 49, 55, 58, 67, 79, 83, 86, 90, 94, 95, 100, 101, 110, 116, 118, 125, 128, 129, 133, 134, 135, 137, 145, 149, 150, 151, 152, 153, 157, 158 agus 159 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh leasuithe ar Rúin Comhdhlúite R.E.3 agus R.E.5, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh leasuithe ar Rúin Fhrithpháirteacha M.R.1 agus M.R.2, agus a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh údaruithe chun leasú a dhéanamh ar RTD ó na Náisiúin Aontaithe maidir le sábháilteacht coisithe, agus chun RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le hAstaíochtaí Domhanda Fíorthiomána agus maidir le hastaíochtaí cáithníní coscán

77

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

15.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 402/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1972 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Lúnasa 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 trí na critéir a leagan síos maidir le ríomh na gcostas breise arna dtabhú ag oibreoirí le linn iascaireacht, fheirmeoireacht, phróiseáil agus mhargú táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (1), agus go háirithe Airteagal 36(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1139, féadfaidh an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (“CEMI”) tacú le cúiteamh na gcostas breise arna dtabhú ag oibreoirí le linn iascaireacht, fheirmeoireacht, phróiseáil agus mhargú táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe áirithe ó na réigiúin is forimeallaí san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh.

(2)

De réir Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1139, i gcás gach ceann de na réigiúin is forimeallaí, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann tuairisc a dhéanamh ar an modheolaíocht chun cúiteamh na gcostas breise sa phlean gníomhaíochta dá dtagraítear san Airteagal sin a ríomh.

(3)

De bhun Airteagal 36(6) de Rialachán (AE) 2021/1139, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos na critéir maidir le ríomh na gcostas breise a eascraíonn as míbhuntáistí sonracha na réigiún lena mbaineann.

(4)

Chun foráil a dhéanamh maidir le cóir chomhchuibhithe agus chomhionann do na réigiúin uile lena mbaineann agus chun róchúiteamh costas breise a sheachaint, is gá na critéir a leagan síos maidir le ríomh na gcostas breise a eascraíonn as míbhuntáistí sonracha na réigiún is forimeallaí san Aontas. Leis na critéir chomhchoiteanna atá le húsáid, ba cheart a áirithiú go gcuirfear modh aonchineálach ríomha na gcostas breise i bhfeidhm ar na réigiúin uile lena mbaineann.

(5)

Na costais tagartha le haghaidh táirgí nó catagóirí táirgí arna dtabhú ag oibreoirí sa chuid ilchríochach den Bhallstát nó de chríoch an Aontais, is ar a mbonn sin a chinntear na costais bhreise, agus ba cheart béim ar leith a leagan ar an róchúiteamh a sheachaint agus na costais sin a mheas.

(6)

Tá táirgí nó catagóirí táirgí ann nach bhfuil aon chritéar comparáide ná aon aonad tomhais ar fáil dóibh sa chuid ilchríochach de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann. Sna cásanna sin, ba cheart an tagairt chun an costas breise a ríomh a shocrú i gcomparáid leis na costais a bhaineann le táirgí coibhéiseacha nó le catagóirí táirgí arna dtabhú ag oibreoirí ón gcuid ilchríochach de chríoch an Aontais.

(7)

I bhfianaise na ndálaí margaíochta éagsúla san réigiúin is forimeallaí, na luaineachtaí i ngabhálacha agus i stoic agus in éilimh an mhargaidh, ba cheart é a fhágáil faoi na Ballstáit lena mbaineann maidir leis na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe nó na catagóirí táirgí atá incháilithe le haghaidh cúitimh, leis na huasmhéideanna faoi seach agus le leibhéil na méideanna cúitimh laistigh den leithdháileadh foriomlán in aghaidh an Bhallstáit a chinneadh.

(8)

Ba cheart do na Ballstáit an leibhéal cúitimh a shocrú ar leibhéal a fhágann gur féidir costais bhreise a fhritháireamh, ar costais iad a eascraíonn as míbhuntáistí sonracha na réigiún is forimeallaí. Chun na críche sin, ba cheart cineálacha eile idirghabhála poiblí a chur san áireamh sa mhéid cúitimh, lena n-áirítear aon státchabhair ar tugadh fógra ina leith faoi Airteagal 108(3) den Chonradh agus faoi Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/1139, idirghabhálacha a raibh tionchar acu ar leibhéal na gcostas breise.

(9)

Chun foráil a dhéanamh maidir le cur i láthair comhchuibhithe costas breise, is gá costais bhreise a chur in iúl ar bhonn tonna de bheomheáchan, arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (2) ón gComhairle agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 (3) ón gCoimisiún, Rialachán lena mbunaítear cóid tíolactha táirgí maidir le hiasc próiseáilte agus fachtóirí coinbhéartachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh iasc úr agus iasc úr saillte chun meáchan éisc stóráilte nó próiseáilte a thiontú ina bheomheáchan éisc chun faireachán a dhéanamh ar ghabhálacha.

(10)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ós rud é go bhfuil caiteachas incháilithe cheana féin do EMFAF ón 1 Eanáir 2021 i gcomhréir le hAirteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar síos leis an Rialachán seo na critéir maidir le ríomh na gcostas breise arna dtabhú le linn na tréimhse incháilitheachta arna sainiú in Airteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2021/1060 ag oibreoirí le linn iascaireacht, fheirmeoireacht, phróiseáil agus mhargú táirgí áirithe iascaigh agus dobharshaothraithe ó na réigiúin is forimeallaí den Aontas, dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i ngeall ar mhíbhuntáistí sonracha na réigiún is forimeallaí sin.

Airteagal 2

(1)   Déanfar na costais bhreise dá dtagraítear in Airteagal 1 a ríomh ar leithligh do gach ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

iascaireacht;

(b)

feirmeoireacht;

(c)

próiseáil;

(d)

margaíocht.

(2)   Laistigh de gach gníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1, déanfar na costais bhreise a ríomh le hítimí caiteachais maidir le gach táirge nó catagóir táirgí arna sainaithint ag an mBallstát mar ítimí atá incháilithe le haghaidh cúitimh.

(3)   Cinnfear costais bhreise d’aon ítim caiteachais ar leith mar an difríocht idir na costais arna dtabhú ag oibreoirí sna réigiúin is forimeallaí lena mbaineann, arna laghdú ag aon chineál idirghabhála poiblí a dhéanann difear do leibhéal na gcostas breise, agus na costais inchomparáide arna dtabhú ag oibreoirí ilchríochacha an Bhallstáit lena mbaineann.

(4)   Maidir le hítimí caiteachais a bhaineann go sonrach le táirgí nó le catagóirí táirgí nach bhfuil aon chritéir chomparáide nó aonaid tomhais ina leith sa chuid ilchríochach de chríoch an Bhallstáit, cinnfear na costais bhreise i gcomparáid leis na costais inchomparáide a bhaineann le táirgí coibhéiseacha nó le catagóirí táirgí arna dtabhú ag oibreoirí ón gcuid ilchríochach de chríoch an Aontais.

(5)   I ríomh na gcostas breise, cuirfear san áireamh aon idirghabháil phoiblí, lena n-áirítear aon státchabhair ar tugadh fógra ina leith faoi Airteagal 108(3) den Chonradh agus faoi Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2021/1139.

Airteagal 3

(1)   Is ar na costais a eascróidh as míbhuntáistí sonracha na réigiún is forimeallaí, agus ar na costais sin amháin, a bhunófar ríomh na gcostas breise.

(2)   Déanfar ríomh na gcostas breise a bhunú ar mheán bliantúil na bpraghsanna taifeadta.

(3)   Sloinnfear na costais bhreise in euro in aghaidh an tonna de bheomheáchan agus nuair is gá, tiontófar comhpháirteanna an chostais bhreise iomláin go euro in aghaidh an tonna de bheomheáchan. Chuige sin, úsáidfear na fachtóirí coinbhéartachta atá bunaithe in Iarscríbhinn XIII agus in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 247, 13.7.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíontacht le rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.06.2021, lch. 159).


15.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 402/4


RIALACHÁN (AE) 2021/1973 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Samhain 2021

lena gceartaítear an leagan Gearmáinise de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus ítimí áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (1), agus go háirithe Airteagal 41(3), an chéad fhomhír agus an tríú fomhír, agus Airteagal 42(2), an chéad fhomhír, pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Gearmáinise de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (2) tá earráid in Iarscríbhinn XII, pointe (1)(b)(i), a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le hallmhairiú agus idirthuras táirgí idirmheánacha atá beartaithe le haghaidh táirgeadh feistí leighis, feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus imoibreáin saotharlainne.

(2)

Ba cheart, dá bhrí sin, an leagan Gearmáinise de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 300, 14.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus ítimí áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).


15.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 402/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1974 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Samhain 2021

lena n-údaraítear torthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá curtha ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

An 14 Samhain 2018, chuir an chuideachta Medicinal Gardens S.L. (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun torthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. Iarradh cead san iarratas torthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum a úsáid i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ar uasleibhéal iontógála 0,9 g/lá, agus an pobal i gcoitinne ina spriocphobal, cé is moite de mhná torracha agus de mhná atá ag lachtadh.

(4)

Ina theannta sin, d’iarr an t-iarratasóir ar an gCoimisiún go gcosnófaí sonraí dílseánaigh i gcás roinnt staidéar a cuireadh isteach mar thaca leis an iarratas, eadhon staidéir chomhdhéanaimh (4), staidéar ar ghéarthocsaineacht bhéil i bhfrancaigh (5), tástálacha baictéaracha ais-sócháin (6), tástáil micreanúicléis in vivo ar eiritricítí i mamaigh (7), tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach (8), staidéar 90 lá ar thocsaineacht ildáileog bhéil, staidéar ina raibh tréimhse téarnaimh 14 lá (9), agus staidéar céadfach (10).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 25 Márta 2019, agus d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim eolaíoch a thabhairt trí mheasúnú a dhéanamh ar thorthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum mar bhia núíosach.

(6)

An 27 Aibreán 2021, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le sábháilteacht torthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum mar bhia núíosach (11), i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

Sa tuairim a thug sé, níor shuigh an tÚdarás gur sábháilte torthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum a úsáid i bhforbhianna atá beartaithe do dhaoine fásta ar uasleibhéal iontógála 0,9 g/lá, mar a mhol an t-iarratasóir, toisc go sáródh an iontógáil sin an leibhéal a mheastar a bheith sábháilte (10 mg/kg de mheáchan coirp in aghaidh an lae). Chinn an tÚdarás, áfach, go bhfuil torthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum sábháilte do dhaoine fásta nuair a chuirtear le forbhianna iad de réir uasdáileog laethúil 0,7 g/lá, méid a fhreagraíonn don leibhéal sábháilte iontógála do dhuine fásta dar gnáthmheáchan coirp 70 kg. Dá bhrí sin, tugtar foras leordhóthanach le tuairim an Údaráis maidir le huasdáileog laethúil 0,7 g/lá de thorthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum lena suí go bhfuil an dáileog sin i gcomhréir le hAirteagal 7, pointí (a) agus (b) agus le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(8)

Sa tuairim ón Údarás, d’aithin sé go bhféadfadh tras-imoibríocht a bheith ann idir torthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum agus piseanna talún, rud a d’aithin sé de bharr cur chuige bunaithe ar thromachar na fianaise de réir anailísí homalógacha in silico ar sheichimh próitéine idir miraculin agus na próitéiní piseanna talún, sin agus de bharr na dtorthaí ó thurgnaimh scagthástála maidir le measúnacht imdhíonsúiteachta einsímnasctha in vitro (“ELISA”). Mar sin féin, an fhianaise bhreise thurgnamhach nó eipidéimeolaíoch in vivo a mbeadh gá léi de ghnáth chun an dóchúlacht go dtarlódh an tras-imoibríocht fhéideartha shainaitheanta san fhíorshaol a dheimhniú nó a eisiamh, tá easpa fianaise den sórt sin ann. Ós rud é go bhfuil an easpa sin i gceist agus go léiríonn na sonraí in vitro atá ar fáil go ndéanfar miraculin a mhiondealú go tapa agus go hiomlán tar éis ionghabhála, an acmhainn atá i dtorthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum tras-imoibríocht a spreagadh i bpiseanna talún, measann an Coimisiún faoi láthair nach dócha go mbeidh toradh ar an acmhainn sin i gceist san fhíorshaol agus, dá bhrí sin, nár cheart aon cheanglas sonrach maidir le lipéadú i ndáil leis sin a áireamh i liosta an Aontais maidir le bianna núíosacha údaraithe.

(9)

Thug an tÚdarás dá aire ina thuairim gur ar na nithe seo a leanas a bhí a chonclúid bunaithe – na staidéir chomhdhéanaimh, an staidéar ar ghéarthocsaineacht bhéil i bhfrancaigh, an dá thástáil baictéaracha ais-sócháin, an tástáil micreanúicléis in vivo ar eiritricítí i mamaigh, an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach, agus an staidéar 90 lá ar thocsaineacht ildáileog bhéil, staidéar ina raibh tréimhse téarnaimh 14 lá. Thug an tÚdarás dá aire freisin nach bhféadfaí teacht ar an gconclúid sin gan na sonraí ó na tuarascálacha neamhfhoilsithe ar na staidéir atá i gcomhad an iarratasóra.

(10)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh eolaíoch ar na staidéir sin agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar an gceart eisiach tagairt a dhéanamh do na staidéir sin, ceart dá dtagraítear in Airteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(11)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh, tráth déanta an iarratais, ceart dílseánaigh eisiach aige tagairt a dhéanamh do na staidéir chomhdhéanaimh, don staidéar ar ghéarthocsaineacht bhéil i bhfrancaigh, don dá thástáil baictéaracha ais-sócháin, don tástáil micreanúicléis in vivo ar eiritricítí i mamaigh, don tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach agus don staidéar 90 lá ar thocsaineacht ildáileog bhéil, staidéar ina raibh tréimhse téarnaimh 14 lá, agus dá bhrí sin nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na staidéir sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh.

(12)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh cruthúnas leordhóthanach tugtha aige maidir le comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na sainstaidéir ar na staidéir chomhdhéanaimh, ar an staidéar ar ghéarthocsaineacht bhéil i bhfrancaigh, ar an dá thástáil baictéaracha ais-sócháin, ar an tástáil micreanúicléis in vivo ar eiritricítí i mamaigh, ar an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach, agus ar an staidéar 90 lá ar thocsaineacht ildáileog bhéil, staidéar ina raibh tréimhse téarnaimh 14 lá, staidéir atá i gcomhad an iarratasóra, ar bhunaigh an tÚdarás a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh orthu, agus nárbh fhéidir leis measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach dá n-uireasa, níor cheart iad sin a úsáid chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun torthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse sin.

(13)

Mar sin féin, srianadh an údaraithe i leith torthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum, sin agus srianadh an cheart tagairt a dhéanamh do na staidéir atá i gcomhad an iarratasóra ionas gur ag an iarratasóir amháin atá ag an ceart sin, ní rud é lena gcuirtear cosc ar iarratasóirí eile cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll go bhfuil a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Na torthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar iad a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe, liosta a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Go ceann tréimhse 5 bliana ón 5 Nollaig 2021, is é an t-iarratasóir tosaigh amháin,

Cuideachta: Medicinal Gardens S.L.;

Seoladh: Marqués de Urquijo 47, 1° D, Oifig 1, Maidrid, 28008, an Spáinn,

a bheidh údaraithe chun an bia núíosach dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh lena mbaineann gan tagairt do na sonraí atá faoi chosaint de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo nó le comhaontú ó Medicinal Gardens S.L.

3.   An iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1, áireofar inti na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Na staidéir atá sa chomhad iarratais, staidéir arb ar a mbonn a rinne an tÚdarás an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a mheas, staidéir ar mhaígh an t-iarratasóir gur staidéir dhílseánaigh iad agus nach bhféadfaí an bia núíosach a údarú dá n-uireasa, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 5 bliana ón 5 Nollaig 2021 gan comhaontú a fháil ó Medicinal Gardens S.L.

Airteagal 3

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).

(4)  Medicinal Gardens S.L., 2017-2020 (neamhfhoilsithe)

(5)  Medicinal Gardens S.L. Staidéar Uimh. IF-81517 (neamhfhoilsithe, 2018c)

(6)  Medicinal Gardens S.L. Staidéar Uimh. IF-74616 (neamhfhoilsithe, 2018a) agus Staidéar Uimh. 20229053 (neamhfhoilsithe, 2020a)

(7)  Medicinal Gardens S.L. Staidéar Uimh. IF-74516 (neamhfhoilsithe, 2018b)

(8)  Medicinal Gardens S.L. Cód Staidéir: 20/020-013C (neamhfhoilsithe, 2020b)

(9)  Medicinal Gardens S.L. Staidéar Uimh. 73416 (neamhfhoilsithe, 2018d)

(10)  Medicinal Gardens S.L. Staidéar céadfach ar dhaoine óga sláintiúla (neamhfhoilsithe, 2018)

(11)  Safety of dried fruits of Synsepalum dulcificum as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 [Sábháilteacht torthaí triomaithe de Synsepalum dulcificum mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283]; EFSA Journal [Iris EPSA] 2021;19(6):6600


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach.

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

Torthaí triomaithe Synsepalum dulcificum

Catagóir bia shonraithe

Uasleibhéil

1.

Is é ‘torthaí triomaithe Synsepalum dulcificum’ ainmniú an bhia núíosaigh a bheidh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu

2.

Ar an lipéadú a chuirtear ar fhorbhianna ina bhfuil torthaí triomaithe Synsepalum dulcificum, beidh ráiteas á rá nár cheart ach daoine fásta amháin an forlíonadh bia seo a ithe cé is moite de mhná torracha agus de mhná atá ag lachtadh.

 

Údaraithe an 5 Nollaig 2021. Tá an t-áireamh sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: Medicinal Gardens S.L. Marqués de Urquijo 47, 1° D, Oifig 1, Maidrid, 28008, an Spáinn.

Is é Medicinal Gardens S.L. amháin atá údaraithe chun an bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó Medicinal Gardens S.L..

Dáta deiridh na cosanta sonraí: an 5 Nollaig 2026.”

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE don phobal cé is moite de mhná torracha agus de mhná ata ag lachtadh

0,7 g/lá

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach.

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíocht

Torthaí triomaithe Synsepalum dulcificum

Tuairisc/Sainmhíniú:

Is é atá sa bhia núíosach laíon agus craiceann reothriomaithe de thorthaí ar baineadh na clocha astu de Synsepalum dulcificum (Schumach. & Thonn.) Daniell a bhaineann le fine Sapotaceae. Déantar an cáca triomaithe atá ina thoradh air sin a mheilt ina phúdar.

Saintréithe/Comhdhéanamh:

Taisleach (g/100 g): < 6

Luaith (g/100 g): 3,5–8,5

Carbaihiodráití iomlána (g/100 g): 70-87

Siúcraí (g/100 g): 50-75

Snáithín (g/100 g): 1–6,5

Próitéin iomlán (g/100 g): 3,5–6,0

 (*1)Mireacailin (g/100 g): 1,5–2,5

Saill iomlán (g/100 g): 0,50–3,50

Critéir mhicribhitheolaíocha:

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha iomlán: < 104 CFUCFU (*2)/g/g

Bacillus cereus (toimhde): < 100 CFU/g

Clostridia a laghdaíonn an tsuilfít: < 30 CFU/g

Enterobacteriaceae iomlán: < 100 CFU/g

Giostaí agus múscáin: < 500 CFU/g

Lotnaidicídí:

Leibhéil lotnaidicíde i gcomhréir le huimhir Cóid 0820990 (‘eile’ sa ghrúpa spíosraí torthaí) a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (1)


(*1)  Is cuid den chion iomlán próitéine atá sa Mhireacailin

(*2)  CFU: aonaid déanta coilíneachta

(1)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle. IO L 70, 16.3.2005, lch. 1”.


15.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 402/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1975 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Samhain 2021

lena n-údaraítear foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Locusta migratoria a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

An 28 Nollaig 2018, chuir an chuideachta Fair Insects BV (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair (meilte) de Locusta migratoria (lócaiste imirceach) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir cead foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Locusta migratoria a úsáid i bhfoirm sneaice, agus ina gcomhábhar bia i roinnt táirgí bia don phobal i gcoitinne.

(4)

Ina theannta sin, d’iarr an t-iarratasóir ar an gCoimisiún go gcosnófaí sonraí dílseánaigh i gcás roinnt sonraí a cuireadh isteach mar thaca leis an iarratas, eadhon tuairisc ar an bpróiseas táirgthe (3), na sonraí anailíseacha maidir leis an gcomhdhéanamh (4), na sonraí anailíseacha maidir le héilleáin (5), an chobhsaíocht agus an stádas micribhitheolaíoch, na sonraí maidir le díolachán an bhia núíosaigh (6), measúnacht iontógála (7), díleáiteacht na bpróitéiní agus Scór na nAimíonaigéad Riachtanach Indíleáite (8), na tástálacha intuaslagthachta agus steirilíochta a rinneadh ar Locusta migratoria triomaithe roimh na staidéir ghéineatocsaineachta, tástálacha a léirigh nárbh fhéidir aon tástáil a dhéanamh ar an ngéineatocsaineacht (9), agus staidéar cíteatocsaineachta (10).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 9 Iúil 2019, agus d’iarr air tuairim eolaíoch a thabhairt trí mheasúnú a dhéanamh ar shábháilteacht foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Locusta migratoria mar bhia núíosach.

(6)

An 25 Bealtaine 2021, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le sábháilteacht foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Locusta migratoria mar bhia núíosach (11), i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

Sa tuairim a thug an tÚdarás chinn sé go bhfuil foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Locusta migratoria sábháilte de réir na gcineálacha úsáide agus na leibhéal úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Locusta migratoria agus iad de réir na gcoinníollacha a ndearnadh measúnú orthu, tugtar foras leordhóthanach le tuairim an Údaráis lena suí go bhfuil siad i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(8)

Sa tuairim sin, chinn an tÚdarás go bhféadfadh caitheamh an bhia núíosaigh sin íogrú i leith próitéiní Locusta migratoria a spreagadh, rud a chinn sé de réir fianaise theoranta foilsithe maidir le hailléirgí bia a bhaineann le feithidí go ginearálta, fianaise a léirigh nasc éidimhin idir caitheamh Locusta migratoria agus roinnt teagmhais anaifiolacsais, sin agus de réir fianaise a léiríonn go bhfuil roinnt próitéiní i Locusta migratoria a d’fhéadfadh a bheith ailléirgineach. Mhol an tÚdarás freisin go ndéanfaí tuilleadh taighde maidir le hailléirgineacht Locusta migratoria.

(9)

Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh an Údaráis, tá an Coimisiún ag déanamh scrúdú faoi láthair ar bhealaí chun an taighde riachtanach a dhéanamh maidir le hailléirgineacht Locusta migratoria. Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás measúnú ar na sonraí a ghinfear leis an taighde, agus ós rud é, go dtí seo, nár tuairiscíodh de réir na sonraí atá ar fáil do thionscal na bhfeithidí ach líon beag cásanna d’ailléirgí arb é Locusta migratoria (12) ba chúis leo, agus ós éidimhin an fhianaise maidir leis an acmhainn ailléirgineachta atá i gcaitheamh Locusta migratoria, measann an Coimisiún nár cheart ceanglas lipéadaithe sonrach maidir leis an acmhainn atá in Locusta migratoria an t-íogrú príomha a spreagadh, nár cheart ceanglas den sórt sin a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(10)

Mheas an tÚdarás freisin sa tuairim uaidh go bhféadfadh caitheamh Locusta migratoria i bhfoirmeacha reoite, triomaithe agus púdair a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás daoine a bhfuil ailléirge orthu le crústaigh, le moilisc agus le fíneoga. Thairis sin, thug an tÚdarás dá aire go bhféadfadh ailléirginí breise a bheith ann sa bhia núíosach sa chás go mbeadh na hailléirginí céanna sa tsubstráit lena mbeathaítear na feithidí. Dá bhrí sin, maidir le foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Locusta migratoria a chuirtear ar fáil don tomhaltóir iontu féin agus bianna a bhfuil Locusta migratoria iontu, is iomchuí na táirgí sin a lipéadú go hiomchuí de réir cheanglais Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(11)

Thug an tÚdarás dá aire ina thuairim gur ar roinnt sonraí a cuireadh isteach mar thaca leis an iarratas a bhunaigh sé a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh, eadhon tuairisc ar an bpróiseas táirgthe, na sonraí anailíseacha maidir leis an gcomhdhéanamh, na sonraí anailíseacha maidir le héilleáin, an chobhsaíocht agus an stádas micribhitheolaíoch, na sonraí maidir le díolachán an bhia núíosaigh, measúnacht iontógála, díleáiteacht na bpróitéiní agus Scór na nAimíonaigéad Riachtanach Indíleáite, na tástálacha intuaslagthachta agus steirilíochta ar Locusta migratoria triomaithe a rinneadh roimh na staidéir ghéineatocsaineachta, tástálacha a léirigh nárbh fhéidir aon tástáil a dhéanamh ar an ngéineatocsaineacht, agus staidéar cíteatocsaineachta. Thug an tÚdarás dá aire freisin nach bhféadfadh sé teacht ar an gconclúid sin gan na sonraí ó na tuarascálacha ar na staidéir atá i gcomhad an iarratasóra, tuarascálacha nár foilsíodh.

(12)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na staidéir sin agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar an gceart eisiach tagairt a dhéanamh do na sonraí sin, ceart dá dtagraítear in Airteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(13)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh, tráth déanta an iarratais, ceart dílseánaigh eisiach aige tagairt a dhéanamh don tuairisc ar an bpróiseas táirgthe, do na sonraí anailíseacha maidir leis an gcomhdhéanamh, do na sonraí anailíseacha maidir le héilleáin, don chobhsaíocht agus don stádas micribhitheolaíochta, do na sonraí maidir le díolachán an bhia núíosaigh, don mheasúnacht iontógála, sonraí maidir le díleáiteacht na bpróitéiní agus Scór na nAimíonaigéad Riachtanach Indíleáite, do na tástálacha tuaslagthachta agus steirilíochta ar Locusta migratoria triomaithe a rinneadh roimh na staidéir ghéineatocsaineachta, tástálacha a léirigh nárbh fhéidiraon tástáil ghéineatocsaineachta a dhéanamh agus do staidéar cíteatocsaineachta, agus dá bhrí sin nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na staidéir sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh.

(14)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh cruthúnas leordhóthanach tugtha aige maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na sainstaidéir ar an tuairisc ar an bpróiseas táirgthe, ar na sonraí anailíseacha maidir leis an gcomhdhéanamh, ar na sonraí anailíseacha maidir le héilleáin, ar an gcobhsaíocht agus ar an stádas micribhitheolaíoch, ar na sonraí maidir le díolachán an bhia núíosaigh, ar an measúnacht iontógála, ar dhíleáiteacht na bpróitéiní agus Scór na nAimíonaigéad Riachtanach Indíleáite, ar na tástálacha intuaslagthachta agus steirilíochta a rinneadh ar Locusta migratoria triomaithe roimh na staidéir ghéineatocsaineachta, tástálacha a léirigh nárbh fhéidir aon tástáil ghéineatocsaineachta a dhéanamh, agus ar staidéar cíteatocsaineachta, sainstaidéir atá i gcomhad an iarratasóra, arb orthu a bhunaigh an tÚdarás a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh, agus nárbh fhéidir leis measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach dá n-uireasa, níor cheart iad a úsáid chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Locusta migratoria a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse sin.

(15)

Mar sin féin, srianadh an údaraithe i leith foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Locusta migratoria, sin agus srianadh an cheart tagairt a dhéanamh do na staidéir atá i gcomhad an iarratasóra ionas gur ag an iarratasóir amháin atá ag an ceart sin, ní rud é lena gcuirtear cosc ar iarratasóirí eile cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll go mbeidh a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Locusta migratoria, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar iad a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Go ceann tréimhse 5 bliana ó 5 Nollaig 2021, is é an t-iarratasóir tosaigh amháin,

Cuideachta: Fair Insects BV;

Seoladh: Industriestraat 3 5107 NC Dongen, an Ísiltír,

a bheidh údaraithe chun an bia núíosach dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh lena mbaineann gan tagairt do na sonraí atá faoi chosaint de bhun Airteagal 2 nó le comhaontú ó Fair Insects BV.

3.   An iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1, áireofar inti na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Na sonraí atá sa chomhad iarratais, sonraí arb ar a mbonn a rinne an tÚdarás an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a mheas, sonraí ar mhaígh an t-iarratasóir gur sonraí dílseánaigh iad agus nach bhféadfaí an bia núíosach a údarú dá n-uireasa, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 5 bliana ó 5 Nollaig 2021 gan comhaontú ó Fair Insects BV.

Airteagal 3

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Fair Insects BV. 2019 (neamhfhoilsithe).

(4)  Fair Insects BV. 2019 (neamhfhoilsithe).

(5)  Fair Insects BV. 2019 (neamhfhoilsithe).

(6)  Fair Insects BV. 2018 (neamhfhoilsithe).

(7)  Fair Insects BV. 2019 (neamhfhoilsithe).

(8)  Fair Insects BV. Díleáiteacht phróitéine ó Locusta migratoria le linn an idirthurais tríd an tsamhail dhinimiciúil gastraistéigeach in vitro. Tuarascáil maidir le staidéar V21246 (neamhfhoilsithe, 2018).

(9)  Fair Insects BV. Tástáil intuaslagthachta agus steirilíochta a rinneadh ar Locusta migratoria triomaithe roimh na staidéir ghéineatocsaineachta (neamhfhoilsithe, 2018).

(10)  Fair Insects BV. Tocsaineacht cheallach úsc uisciúil ó Locusta migratoria (neamhfhoilsithe, 2018).

(11)  Safety of frozen and dried formulations from migratory locust (Locusta migratoria) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 [Sábháilteacht foirmlithe reoite agus triomaithe ó lócaiste imirceach (Locusta migratoria) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283]; EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6667.

(12)  Margaítear Locusta migratoria i roinnt Ballstát faoi na bearta idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dar leis an iarratasóir, tá lócaistí triomaithe agus reoite á ndíol ar mhargadh na hÍsiltíre ó 2016 i leith.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

“Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

‘Foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Locusta migratoria (lócaiste imirceach)

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil (g/100g)

(margaithe faoi mar atá nó é athbhunaithe i gcomhréir leis na treoracha)

1.

Is é ‘Locusta migratoria (lócaiste imirceach) reoite’, ‘Locusta migratoria (lócaiste imirceach) triomaithe/púdraithe’, ‘Púdar Locusta migratoria (lócaiste imirceach) iomlán’ ainmniú an bhia núíosaigh a bheidh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu, ag brath ar an bhfoirm a úsáidtear.

2.

Ar lipéadú na mbia-earraí ina bhfuil foirmeacha reoite triomaithe nó púdair de Locusta migratoria (lócaiste imirceach), beidh ráiteas á rá go bhféadfadh an comhábhar sin a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás tomhaltóirí a bhfuil ailléirgí aitheanta orthu le crústaigh, le moilisc agus le táirgí díobh, agus le fíneoga.

Beidh an ráiteas sin díreach taobh le liosta na gcomhábhar.

 

Údaraithe an 5.12.2021.

Tá an cuimsiú sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus ar shonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: Fair Insects BV, Industriestraat 3 5107 NC Dongen, an Ísiltír.

Is é Fair Insects BV amháin atá údaraithe chun an bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó Fair Insects BV.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: 5.12.2026’

Reoite

Triomaithe nó

Púdar

Foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Locusta migratoria

 

Táirgí prátaí próiseáilte; miasa léagúm-bhunaithe agus táirgí pasta-bhunaithe

15

5

Analóga feola

80

50

Anraithí agus anraithí comhdhlúite

15

5

Léagúim agus glasraí stánaithe/i gcrúca

20

15

Sailéid

15

5

Deochanna de chineál beorach, Deochanna alcólacha measctha

2

2

Milseogra seacláide

30

10

Cnónna, síolta ola agus sicphiseánaigh

 

20

Táirgí reoite coipthe atá bunaithe ar bhainne

15

5

Ispíní

30

10 ”

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

“Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíochtaí

‘Foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de Locusta migratoria (lócaiste imirceach)

Tuairisc/Sainmhíniú:

Is é atá sa bhia núíosach na foirmeacha reoite, triomaithe agus púdair de lócaiste imirceach. Tagraíonn an téarma ‘lócaiste imirceach’ don lócaiste fásta de Locusta migratoria, ar speiceas feithidí é a bhaineann leis an bhfine Acrididae (fofhine Locustinae).

Tá sé beartaithe an bia núíosach a mhargú i dtrí fhoirm éagsúla, eadhon: (i) L. migratoria (LM reoite), atá próiseáilte go teirmeach agus reoite; (ii) L. Migratoria (LM triomaithe) atá próiseáilte go teirmeach agus reothriomaithe, agus (iii) L. Migratoria iomlán (púdar LM iomlán) atá próiseáilte go teirmeach reothriomaithe agus meilte. Féadfar an LM triomaithe a mhargú faoi mar atá nó i bpúdar.

I gcás LM reoite agus LM triomaithe, ní mór na cosa agus na sciatháin a bhaint chun an riosca iatacht stéigeach a laghdú, riosca a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr ionghabháil na gcolg mór ar thibia na feithide. Faightear an púdar LM iomlán trí mheilt mheicniúil na bhfeithide leis na cosa agus na sciatháin, agus trí chriathrú chun méid na gcáithníní a laghdú faoi bhun 1 mm.

Tá gá le tréimhse troscaidh 24 uair an chloig ar a laghad sula reoifear na feithidí chun iad a mharú, chun ligean do na lócaistí fásta an méid atá ina bputóg a fholmhú.

Paraiméadair

LM reoite

LM triomaithe

Púdar LM iomlán

 

Saintréithe/Comhdhéanamh

 

Luaith (% meáchan/meáchan)

0,6 -1,0

2,0 -3,1

1,8 -1,9

 

Taise (% meáchan/meáchan)

67 -73

≤ 5

≤ 5

 

Garbhphróitéin (N × 6,25 ) (% meáchan/meáchan)

11 -21

43 -53

50 - 60

 

Saill (% meáchan/meáchan)

7 -13

31 -41

31 -41

 

Aigéid shailleacha sháithithe (% saill)

35 -43

35 -43

35 -43

 

Carbaihiodráití indíleáite (% meáchan/meáchan)

0,1 -2,0

0,1 -2,0

1,0 -3,5

 

 (*1)Snáithín cothaitheach (% meáchan/meáchan)

1,5 -3,5

5,5 -9,0

5,5 -9,0

 

Citin (% meáchan/meáchan)

1,7 -2,4

6,4 -10,4

10,5 -13,9

 

Innéacs sárocsaíde (Meq O2 /kg saill)

≤ 5

≤ 5

≤ 5

 

Éilleáin

 

Luaidhe (mg/kg)

≤ 0,07

≤ 0,07

≤ 0,07

 

Caidmiam (mg/kg)

≤ 0,05

≤ 0,05

≤ 0,05

 

Aflatocsainí (Suim de B1, B2, G1, G2) (μg/kg)

≤ 4

≤ 4

≤ 4

 

Aflatocsain B1 (μg/kg)

≤ 2

≤ 2

≤ 2

 

Dí-ocsainiviléanól (μg/kg)

≤ 200

≤ 200

≤ 200

 

Ócratocsain A (μg/kg)

≤ 1

≤ 1

≤ 1

 

Suim dé-ocsainí agus PCBanna de chineál dé-ocsaine UB ( (*2)WHO2005 PCDD/F-PCB-TEQ) (pg/g saill)

≤ 1,2

≤ 1,2

≤ 1,2

 

Critéir mhicribhitheolaíochta

 

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha iomlán ( (*3)CFU/g)

≤ 10 5

≤ 10 5

≤ 10 5

 

Enterobacteriaceae (toimhde) (CFU/g)

≤ 100

≤ 100

≤ 100

 

Escherichia coli (CFU/g)

≤ 50

≤ 50

≤ 50

 

Listeria monocytogenes

Nár aimsíodh in 25 g

Nár aimsíodh in 25 g

Nár aimsíodh in 25 g

 

Salmonella spp.

Nár aimsíodh in 25 g

Nár aimsíodh in 25 g

Nár aimsíodh in 25 g

 

Bacillus cereus (toimhde) (CFU/g)

≤ 100

≤ 100

≤ 100

 

Stafalacocais téachtáis-deimhneacha (CFU/g)

≤ 100

≤ 100

≤ 100

 

Anaeróib a laghdaíonn an tsuilfít (CFU/g)

≤ 30

≤ 30

≤ 30

 

Giostaí agus múscáin (CFU/g)

≤ 100

≤ 100

≤ 100

 


(*1)  Ní fhéadfar citin a áireamh i snáithín cothaitheach de bharr modhanna anailíseacha éagsúla.

(*2)  Suim cuimse uachtair de dhébheinsi-dé-ocsain pholaclóirínithe (PCDDanna)-débheinseafúrán polaclóirínithe (PCDFanna) agus défheinilí polaclóirínithe de chineál dé-ocsaine (PCBanna) arna sloinneadh mar choibhéis thocsaineach de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (agus úsáid á baint as WHO-TEFanna ó 2005)).

(*3)  CFU: aonaid déanta coilíneachta”.


15.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 402/17


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1976 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Samhain 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí gliocóil mona-eitiléine de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ríocht na hAraibe Sádaí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an “bun-Rialachán”) agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 14 Deireadh Fómhair 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí gliocóil mona-eitiléine (“MEG”) de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (“SAM”) agus Ríocht na hAraibe Sádaí (“na tíortha lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán.

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán (“an gearán”) a rinne coiste cosanta tháirgeoirí MEG na hEorpa (“an gearánach”) an 31 Lúnasa 2020 thar ceann tháirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán MEG an Aontais acu. Sa ghearán bhí fianaise maidir le dumpáil agus maidir le díobháil ábhartha dá dheasca sin.

1.2.   Bearta sealadacha

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 14 Bealtaine 2021, chuir an Coimisiún ar fáil do na páirtithe achoimre ar na dualgais bheartaithe agus mionsonraí maidir le ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach ar leor iad chun fáil réidh leis an díobháil do thionscal an Aontais. Iarradh ar na páirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre. Fuarthas barúlacha ó MEGlobal Americas Inc (“MEGlobal Americas”), Saudi Basic Industries Corporation (“SABIC”), Arteco NV (“Arteco”), agus ón Committee of PET Manufacturers in Europe (“CPME”).

(4)

An 11 Meitheamh 2021, rinne an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála sealadacha a fhorchur ar allmhairí MEG de thionscnamh SAM agus Ríocht na hAraibe Sádaí le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/939 ón gCoimisiún (2) (“an Rialachán sealadach”).

1.3.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(5)

Tar éis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha a nochtadh ar an mbonn ar ar forchuireadh dleacht shealadach frithdhumpála (“nochtadh sealadach”), chuir an gearánach, MEGlobal Americas, Lotte Chemical Louisiana LCC (“LCLA”), Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí, SABIC, ExxonMobil Petroleum & Chemical BV ('EMPC'), Helm AG (“Helm”), Oxyde Belgium BV (“Oxyde”), Tricon International Ltd agus a chuideachtaí cleamhnaithe (“Tricon”), Arteco, CPME agus RETAL Industries Limited (“RETAL”) aighneachtaí i scríbhinn isteach ag cur a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Rialachán sealadach.

(6)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Bhí éisteachtaí ann le LCLA, le MEGlobal Americas, le SABIC agus le CPME. Ina theannta sin, mar thoradh ar iarraidh ó MEGlobal Americas agus SABIC, reáchtáladh dhá éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. Chinn an tOifigeach Éisteachta gur urramaíodh cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara san imeacht seo.

(7)

Nuair a bhí na torthaí cinntitheacha á gcnuasach ag an gCoimisiún, sin í an uair a mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach, agus sin í an uair a rinne sé athbhreithniú ar a chuid conclúidí sealadacha i gcás inarb iomchuí.

(8)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag cros-seiceáil na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh na dtorthaí cinntitheacha. Reáchtáladh dhá chros-sheiceálacha cianda breise le Arteco agus Indorama Ventures Europe BV (“Indorama”). Bheartaigh an Coimisiún cros-seiceálacha cianda a reáchtáil le Helm agus Oxyde ach ní raibh ceachtar de na cuideachtaí sin ar fáil.

1.4.   Barúlacha ginearálta

(9)

D’áitigh SABIC agus MEGlobal Americas gur nocht an Coimisiún na tuarascálacha maidir le cros-seiceáil chianda déanach agus dá bhrí sin go raibh a gcearta cosanta lagaithe.

(10)

Nocht an Coimisiún tuarascálacha maidir le cros-seiceáil chianda an 14 Bealtaine 2021 in éineacht le hachoimre ar na dleachtanna atá beartaithe, mionsonraí maidir le ríomh na gcorrlach dumpála agus ríomh na gcorrlach ar leor iad chun fáil réidh leis an díobháil do thionscal an Aontais mar a shonraítear in aithris (3). Is é is cuspóir do thuarascálacha maidir le cros-seiceáil chianda tuarascáil fhíorasach maidir leis an gcros-seiceáil cianda a chur ar fáil do pháirtithe. Ní thagtar ar aon chonclúid sna tuarascálacha maidir leis an gcaoi a ndéileálfaidh an Coimisiún ar deireadh leis na fíorais a fhaightear le linn na cros-seiceála cianda. Níl aon spriocdháta reachtúil ann chun tuarascálacha maidir le cros-seiceáil chianda a nochtadh. Ní bhfuarthas aon bharúil ó na páirtithe maidir leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil sna tuarascálacha maidir le cros-seiceáil chianda. Dá bhrí sin, ní mheasann an Coimisiún go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe lagaithe agus chomhaontaigh an tOifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála le tuairimí an Choimisiúin ina leith sin.

(11)

Mhaígh Tricon gur chomhoibrigh sé le linn an imscrúdaithe ach dá ainneoin sin nár luadh a ainm sa Rialachán sealadach, go háirithe aithrisí (8) agus (66) de, agus, dá bhrí sin, gur ghníomhaigh an Coimisiún de shárú ar cheart Tricon chun dea-riaracháin.

(12)

Ní raibh go leor faisnéise ag an gCoimisiún faoi ghníomhaíochtaí allmhairithe Tricon san Aontas tráth a forchuireadh na bearta sealadacha toisc gur cuireadh isteach freagra an cheistneora thar ceann trí eintiteas a dearbhaíodh a bheith lonnaithe sna Stáit Aontaithe seachas san Aontas. Ba tar éis fhorchur na mbeart sealadach a fuair an Coimisiún an fhaisnéis sin ó Tricon.

(13)

I bhfianaise na faisnéise breise sin, aithrisí (8) agus (66) den Rialachán sealadach ina liostaítear na páirtithe a raibh éisteachtaí ag an gCoimisiún leo roimh fhorchur na mbeart sealadach agus na páirtithe a chuir freagra ar cheistneoir isteach araon, ba cheart na haithrisí sin a léamh mar aithrisí lena n-áirítear Tricon chomh maith. Thairis sin, ardaíodh na hábhair chéanna sna barúlacha a chuir Tricon isteach sular forchuireadh na bearta sealadacha agus a ardaíodh sna barúlacha a chuir páirtithe leasmhara eile isteach, amhail Arteco, Helm agus Oxyde, agus dá bhrí sin chuir an Coimisiún ábhar na mbarúlacha san áireamh sa Rialachán sealadach.

(14)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh MEGlobal Americas a mhaíomh in aithris (9) i dtaca le tuarascálacha maidir le cros-seiceáil chianda a nochtadh. Maíodh nach raibh sé ceart nach bhfuarthas aon bharúil ó na páirtithe maidir leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil i dtuarascálacha maidir le cros-seiceáil chianda. Áitíodh go ndearna MEGlobal Americas plé ar ábhar substaintiúil na dtuarascálacha maidir le cros-seiceáil chianda sna barúlacha maidir leis an Rialachán sealadach agus mar gheall ar an nochtadh déanach ní raibh ach am teoranta ann do na páirtithe chun athbhreithniú a dhéanamh air sin. Áitíodh freisin go raibh ceanglais mhéadaithe ar an gCoimisiún i dtaobh na próise cuí de bharr oiriúnú a nósanna imeachta do phaindéim Covid-19, rud nár thug an Coimisiún aghaidh air ina thorthaí deiridh. Thagair MEGlobal Americas i ndáil leis sin don abairt dheireanach san Fhógra ón gCoimisiún maidir le hiarmhairtí ráig Covid-19, abairt a dúirt go bhféachfaidh an Coimisiún chuige go ndéanfar an phróis chuí agus na ceanglais maidir le trédhearcacht a urramú.

(15)

Mar a mhínítear in aithris (10), is é is cuspóir do thuarascálacha maidir le cros-seiceáil chianda tuarascáil fhíorasach ón gcros-seiceáil chianda a chur ar fáil do pháirtithe agus go háirithe cén fhaisnéis a d’fhéadfaí a fhíorú agus cén fhaisnéis nach bhféadfaí a fhíorú. Ní thagtar ar aon chonclúid sna tuarascálacha maidir leis an gcaoi a ndéileálfaidh an Coimisiún ar deireadh leis na fíorais a fhaightear le linn na cros-seiceála cianda. Níor shainaithin MEGlobal Americas aon bhotún fíorasach sna tuarascálacha maidir le cros-seiceáil chianda agus níor iarr siad aon am breise chun barúlacha a thabhairt maidir leis na tuarascálacha sin. Thagair sé go díreach do na torthaí a sonraíodh sa tuarascáil maidir le cros-seiceáil chianda ina bharúlacha maidir leis an Rialachán sealadach. Tugann an Coimisiún dá aire nach sonraíonn MEGlobal Americas na nithe go díreach nár thug an Coimisiún aghaidh orthu ina thorthaí deiridh maidir le ceanglais na próise cuí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

1.5.   Barúlacha maidir le tionscnamh

(16)

Tar éis fhorchur na mbeart sealadach, d’athdhearbhaigh Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí a chuid barúlacha, barúlacha a rinneadh sular forchuireadh bearta maidir leis an imscrúdú a thionscnamh. Mhaígh sé nár chomhlíon an gearán ceanglais Airteagal 5.2 den Chomhaontú Frithdhumpála mar (1) bhí easpa fianaise leordhóthanach ann de dhumpáil le linn na tréimhse faoi bhreathnú, (2) rinne sé measúnú ar éifeachtaí na n-allmhairí ó SAM agus ó Ríocht na hAraibe Sádaí go carnach gan údar cuí, (3) theip air measúnú a dhéanamh go hoibiachtúil ar dhíobháil ábhartha a bheith ann mar go raibh forluí idir an tréimhse imscrúdaithe agus an bhliain féilire roimhe sin, agus (4) níor chuir an gearánach fianaise ar fáil maidir le nasc cúisíoch a bheith ann. Thairis sin, mheas Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí gur theip ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na barúlacha sin sa Rialachán sealadach toisc nach raibh ach barúlacha ginearálta tugtha aige. Thagair Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí don Tuarascáil ón bPainéal in Guatamala – Suimint II (3) i ndáil leis sin agus d’áitigh sé, maidir le ráitis conclúidí gan bunús fíoras, nár fhianaise iad mar a cheanglaítear le hAirteagal 5.2 den Chomhaontú Frithdhumpála agus nach raibh faisnéis mhíchruinn incháilithe mar fhianaise ach oiread agus nár cheart, dá bhrí sin, an t-imscrúdú a thionscnamh. Thairis sin, mhaígh Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí go raibh gníomhaíocht an Choimisiúin ar neamhréir le hAirteagal 5.3 den Chomhaontú Frithdhumpála toisc gur thionscain sé an t-imscrúdú sin bunaithe ar easpa fianaise sa ghearán agus thagair sé i ndáil leis sin don Tuarascáil ón bPainéal in SAM – Bogadhmad V (4). Áitíodh gur cheart amhras a bheith ar an gCoimisiún faoi chruinneas agus leordhóthanacht an mhéid a mhaígh an gearánach, go háirithe nuair nach dtacaítear le faisnéis iad, agus faoin bhfaisnéis a cuireadh isteach chun tacú leis an méid a mhaígh an ghearánaigh, nuair a bhí siad mícheart ar dhóigh fhollasach. Dúirt Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí toisc nár tionscnaíodh an t-imscrúdú de réir fhorálacha Airteagal 5 den Chomhaontú Frithdhumpála, nár comhlíonadh an chéad choinníoll maidir le dleacht frithdhumpála a fhorchur faoi Airteagal 7.1(i) den Chomhaontú Frithdhumpála agus nár cheart aon dleacht frithdhumpála a fhorchur, dá bhrí sin, ar allmhairí MEG de thionscnamh Ríocht na hAraibe Sádaí.

(17)

Measann an Coimisiún go raibh údar maith ann an t-imscrúdú a thionscnamh agus gur chomhlíon sé an Comhaontú Frithdhumpála go hiomlán. Go háirithe, i gcás ríomh na dumpála, measadh go raibh an fhianaise a chuir an gearánach ar fáil maidir le costais leordhóthanach agus cruinn chun gnáthluach a shuí, i bhfianaise an chaighdeáin dhlíthiúil a bhí infheidhme tráth an tionscnaimh. Go deimhin, mar a mheabhraigh Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí, shoiléirigh Tuarascáil ón bPainéal i SAM – Bogadhmad V: “go mbeidh faisnéis den sórt sin atá ar fáil go réasúnta don iarratasóir san iarratas chun bunús a thabhairt leis an maíomh, inter alia, go raibh dumpáil líomhnaithe ann, rud a chiallaíonn nach gá an fhaisnéis uile atá ar fáil go réasúnta don iarratasóir a bheith san iarratas ach gur gá an fhaisnéis chun tacú le cás prima facie a bheith ann”. Sa chás sin, thíolaic an gearánach an fhaisnéis a bhí ar fáil dó go réasúnta maidir le próiseas táirgthe an táirge lena mbaineann. Bhí an fhaisnéis sin leordhóthanach go cainníochtúil agus go cáilíochtúil chun tacú le ríomh an ghnáthluacha agus an chorrlaigh dumpála. Toisc nár chuir an gearánach faisnéis bheacht ar fáil maidir le slabhra táirgthe iomlán an táirge lena mbaineann i Ríocht na hAraibe Sádaí, ní hionann sin agus a rá gur ghá a mheas nach leor an fhianaise, mar a mhol Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí. Má cheanglaítear ar an ngearánach faisnéis bhreise agus faisnéis níos beaichte a chur ar fáil nach bhfuil ar fáil go réasúnta don ghearánach, d’aistreofaí an t-ualach a bhaineann leis an imscrúdú iarbhír a dhéanamh ón údarás imscrúdaithe go dtí an gearánach. Go deimhin, chuir an Painéal i SAM – Bogadhmad V in iúl go láidir nach gá an fhianaise riachtanach a chur isteach ach amháin “a mhéid a bhí ar fáil go réasúnta don iarratasóir” agus go raibh sé i gceist leis an teanga sin nach gcuirfí ualach míchuí ar an iarratasóir chun faisnéis nach bhfuil ar fáil dó go réasúnta a chur isteach” (5). Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara, cé go dtugann Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí le fios gur ráitis conclúidí gan bunús fíoras a bhí san fhaisnéis a chuir an gearánach isteach, ní chuireann sé in iúl go beacht cé acu ráiteas sa ghearán a bhfuil sé ag tagairt dó agus ní dhéanann sé ach ráiteas ginearálta. Dá bhrí sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún gur chuir an gearánach go leor fianaise isteach go bhfuil dumpáil ann chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

(18)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí a chuid barúlacha, barúlacha a rinneadh sular forchuireadh bearta sealadacha maidir leis an imscrúdú a thionscnamh. D’áitigh sé arís nár chomhlíon an gearán ceanglais Airteagal 5.2 den Chomhaontú Frithdhumpála de bharr na gceithre phointe a luaitear in aithris (16). Thairis sin, áitíodh nach raibh faisnéis sa ghearán a bhí ar fáil go réasúnta don ghearánach agus nach raibh go leor fianaise ann maidir le dumpáil. Níos cruinne fós, mhaígh Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí nach raibh faisnéis sa ghearán ar phraghsanna intíre MEG a bheadh ar fáil don ghearánach go réasúnta. Thairis sin, d’áitigh Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí gur ríomh an gearánach an gnáthluach bunaithe ar shonraí a bailíodh ó dhá tháirgeoir de chuid an Aontais, rud a d’ardaigh an gnáthluach go saorga.

(19)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an méid sin. Mhínigh an gearánach go raibh an margadh intíre i Ríocht na hAraibe Sádaí le haghaidh MEG an-bheag i gcomparáid le líon na n-onnmhairí agus go raibh an fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí teoranta. Ar an dóigh sin, ní bheadh an fhaisnéis maidir le praghsanna ionadaíoch. Dá bhrí sin, ríomh an gearánach an gnáthluach le haghaidh Ríocht na hAraibe Sádaí ar bhonn an chostais táirgthe móide méid réasúnta do chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus do bhrabúis. Míníodh sa ghearán freisin go bhfuil próiseas táirgthe MEG comhchosúil i ngach tír agus nach raibh aon difríocht suntasach idir na próisis táirgthe san Aontas agus i Ríocht na hAraibe Sádaí. Thairis sin, fuair an gearánach sonraí ó tháirgeoirí an Aontais maidir le méid an ídithe i gcás na n-ionchur atá ag teastáil chun MEG a tháirgeadh ar nós amhábhar, fuinneamh, saothar etc. Ina theannta sin, fuair an gearánach sonraí i Ríocht na hAraibe Sádaí maidir le gach ionchur a raibh sonraí ar fáil go poiblí ina leith agus maidir le tosca táirgeachta áirithe nach raibh aon sonraí poiblí ar fáil ina leith, measadh na sonraí ar bhonn réasúnta. Mínítear i Roinn B.2.1.2 den ghearán foinse na sonraí i gcás gach ionchuir. Bhí an gnáthluach, dá bhrí sin, ríofa bunaithe ar phraghsanna na n-ionchur i Ríocht na hAraibe Sádaí, ar bhonn faisnéise a bhí ar fáil go réasúnta don ghearánach agus a léiríonn go leordhóthanach go bhfuil dumpáil ann. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhéid a maíodh ina leith sin.

1.6.   Sampláil

(20)

Mhaígh MEGlobal Americas nach raibh údar maith ann iad a áireamh sa sampla de tháirgeoirí onnmhairiúcháin SAM toisc nár seoladh ach líon teoranta lastais chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe agus gur seoladh na lastais sin mar nach raibh duine de na gearánaigh in ann MEG a sholáthar do MEGlobal Europe GmbH (“MEGlobal Europe”).

(21)

Tugann an Coimisiún dá aire nár thug MEGlobal Americas aon bharúil maidir leis an gcinneadh samplála, ná níor chuir siad ina choinne, le linn na tréimhse a raibh sé beartaithe barúlacha a thabhairt ina leith tar éis dó fógra a fháil ina leith, mar a leagtar síos i Roinn 5.3.1.1 (a) den Fhógra tionscnaimh. Cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir go ndearnadh an cleachtadh samplála go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán agus go raibh an t-imscrúdú teoranta do líon réasúnta páirtithe bunaithe ar an líon ionadaíoch is mó onnmhairí chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe, rud ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama a bhí ar fáil, líon na ndíolachán intíre de gach táirgeoir onnmhairiúcháin, agus cumas na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibriú trí na sonraí a bhaineann leis an tréimhse imscrúdaithe a sholáthar. Ba iad LCLA agus MEGlobal Americas an dá honnmhaireoir ba mhó chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe, onnmhaireoirí a léirigh go raibh siad toilteanach sampláil a dhéanamh orthu. Thairis sin, níl an chúis a mbíonn páirtithe i mbun onnmhairiúcháin ábhartha maidir leis an gcinneadh samplála. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(22)

Chuir an gearánach chun suntais nár thuairiscigh Sasol Chemicals North America LLC (“Sasol”) san fhoirm samplála aon onnmhairí chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe, cé gurbh eol gurb é Helm an dáileoir fadtéarmach MEG a tháirg Sasol ar fud an domhain lena n-áirítear san Aontas. Thairis sin, tugadh faoi deara gur chuir Helm freagra ceistneora isteach ag tuairisciú díolacháin san Aontas den táirge lena mbaineann de thionscnamh SAM. Dá bhrí sin, mheas an gearánach go mb’fhéidir go raibh díolacháin onnmhairiúcháin ó Sasol beartaithe lena dtomhailt san Aontas agus dá bhrí sin, d’iarr sé ar an gCoimisiún a fhíorú ar onnmhairíodh an MEG a tháirg Sasol i SAM chuig an Aontas trí thrádálaithe amhail Helm, agus dá bhrí sin measúnú a dhéanamh ar tugadh údar le meánchorrlach ualaithe dumpála an tsampla a cuireadh i bhfeidhm ar Sasol.

(23)

San fhoirm samplála, dhearbhaigh Sasol nár onnmhairigh sé chuig an Aontas ach amháin tríd an gcuideachta Helm. Dheimhnigh Helm an ráiteas seo agus sholáthair sé méid na ndíolachán sin. Chinn an Coimisiún gan Sasol a shampláil toisc go raibh na méideanna sin níos ísle ná líon na n-onnmhairí de chuid LCLA agus MEGlobal Americas. Dá bhrí sin, mar tháirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch nár áiríodh sa sampla, is é an dleacht frithdhumpála a chuirtear i bhfeidhm ar Sasol meán ualaithe an tsampla.

(24)

Sna barúlacha a thug MEGlobal Americas tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh sé an maíomh uaidh a shonraítear in aithris (20). D’áitigh sé freisin go raibh méid measta onnmhairí MEG a tháirgeann Sasol i SAM agus a onnmhairítear chuig an Aontas sa tréimhse imscrúdaithe níos airde ná líon measta MEGlobal Americas. Áitíodh gurb é Helm AG amháin, go heisiach nach mór, a d'allmhairigh an MEG a tháirg Sasol. Dá bhrí sin, d’áitigh MEGlobal Americas nach raibh an cinneadh chun MEGlobal Americas a shampláil bunaithe ar shonraí cruinne.

(25)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an méid sin. Anuas ar na cúiseanna a mhínítear in aithrisí (21) agus (23) i ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire nár léiríodh sna sonraí a chuir MEGlobal Americas ar fáil foinse an tsoláthair le haghaidh Helm AG agus d’allmhairigh Helm AG MEG ó SAM ó roinnt táirgeoirí, ní hamháin ó Sasol. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(26)

In éagmais aon bharúil eile maidir le sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin SAM, deimhníodh na torthaí sealadacha in aithrisí (61) agus (62) den Rialachán sealadach.

(27)

In éagmais barúlacha maidir le sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin i Ríocht na hAraibe Sádaí, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (63) agus (64) den Rialachán sealadach.

1.7.   Tréimhse an imscrúdaithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(28)

Sna barúlacha a thug CPME maidir leis an Rialachán sealadach, d’athdhearbhaigh sé a mhaíomh nár áiríodh sa tréimhse imscrúdaithe (“TI”) a roghnaigh an Coimisiún an tréimhse díreach roimh thionscnamh an imscrúdaithe i.e. an tréimhse Iúil – Meán Fómhair 2020 agus, dá bhrí sin, sháraigh sí an bun-Rialachán. Diúltaíodh don mhaíomh ar na cúiseanna a dtugtar tuairisc fúthu in aithris (70) den Rialachán sealadach.

(29)

Mhaígh CPME freisin go léireodh an tréimhse sin easpa díobhála ábhartha ach níor chuir sé aon fhianaise ina leith sin ar fáil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(30)

In éagmais aon bharúil eile a bhaineann leis an tréimhse imscrúdaithe agus leis an tréimhse faoi bhreathnú, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithris (68) den Rialachán sealadach.

1.8.   Nochtadh

(31)

An 13 Meán Fómhair 2021, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas faoi na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ina leith a bhí sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí MEG de thionscnamh Ríocht na hAraibe Sádaí agus SAM (“an nochtadh deiridh”). Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh. Fuair an Coimisiún barúlacha ón ngearánach, Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí, SABIC, MEGlobal Americas, LCLA, EMPC, Helm, Oxyde, Tricon, Arteco agus CPME. Ar bhonn na mbarúlacha sin, mhodhnaigh an Coimisiún roinnt de na breithnithe a raibh sé beartaithe aige dleacht chinntitheach frithdhumpála a fhorchur ar a mbonn agus chuir sé gach páirtí leasmhar ar an eolas faoin méid sin (“nochtadh deiridh breise”) an 4 Deireadh Fómhair 2021.

(32)

Tar éis an nochtadh deiridh agus an nochtadh deiridh breise a dhéanamh, tugadh deis do pháirtithe leasmhara éisteacht a fháil de réir na bhforálacha a leagtar síos faoi phointe 5.7 den Fhógra tionscnaimh. Bhí éisteachtaí ann le SABIC, le MEGlobal Americas agus le LCLA.

2.   AN TÁIRGE I dTRÁCHT AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Maímh maidir leis an raon táirge

(33)

D’athdhearbhaigh SABIC a mhaíomh go raibh MEG nach bhfuil de réir na sonraíochtaí ina tháirge dara rogha a bhí ar phraghas níos ísle i gcomparáid le MEG a bhí ar chaighdeán den scoth agus an margadh do MEG nach bhfuil de réir na sonraíochtaí, bhí sé i bhfad níos lú ná margadh MEG a bhí ar chaighdeán den scoth. Mar gheall ar na cúiseanna a míníodh in aithris (79) den Rialachán sealadach, diúltaíodh don mhaíomh.

(34)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh SABIC a mhaíomh gur cheart don Choimisiún MEG nach bhfuil de réir na sonraíochtaí a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe ar na cúiseanna a shonraítear in aithris (33). Dúirt SABIC nár thug an Coimisiún aghaidh ar na maímh sin.

(35)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an méid sin. In aithris (79) den Rialachán sealadach, mhínigh an Coimisiún go soiléir na cúiseanna a bhí leis an maíomh a dhiúltú.

(36)

In éagmais aon bharúil eile maidir le raon feidhme an táirge, deimhníodh na torthaí sealadacha in aithrisí (71) go (79) den Rialachán sealadach.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Ríocht na hAraibe Sádaí

3.1.1.   Ginearálta

(37)

Dúirt EMPC gur in aithris (80) den Rialachán sealadach, gur thagair an Coimisiún do SABIC mar an t-aon ghrúpa cuideachta amháin le sé eintiteas táirgthe aige i Ríocht na hAraibe Sádaí. Chuir EMPC i dtábhacht gur comhfiontar 50/50 é Yanpet idir ExxonMobil affiliate (Mobil Yanbu Petrochemical Company Inc) agus SABIC agus ní raibh EMPC ná aon chuideachta chleamhnaithe eile de chuid ExxonMobil (“ExxonMobil”) mar chuid de ghrúpa cuideachta SABIC. Thairis sin, luadh cé gur reáchtáil Yanpet an táirgeadh, gurbh é ExxonMobil go heisiach a rinne na cinntí tráchtála agus praghsála uile do mhéideanna táirgthe MEG ó ExxonMobil agus gurbh é SABIC go heisiach a rinne na cinntí tráchtála agus praghsála uile do mhéideanna táirgthe MEG ó SABIC. Dúradh chomh maith gur iomaitheoirí iad EMPC agus SABIC agus de réir aithrisí (80) go (86) den Rialachán sealadach, ríomhadh corrlach dumpála ar fud na tíre le haghaidh Ríocht na hAraibe Sádaí bunaithe ar ghnáthluach dhíolacháin intíre bhrabúsacha SABIC. Dá bhrí sin, forchuireadh leis an Rialachán sealadach dleacht frithdhumpála ar mhéideanna a dhíolann ExxonMobil bunaithe ar ghnáthluach arna chinneadh trí dhíolacháin intíre SABIC agus praghas onnmhairiúcháin a chur san áireamh bunaithe i bpáirt ar dhíolacháin onnmhairiúcháin SABIC. Dá bhrí sin, tá EMPC faoi réir dleachta frithdhumpála a ríomhtar ar bhonn sonraí ó iomaitheoir neamhghaolmhar cé nach bhfuil aon riosca imchéimnithe ann idir SABIC agus EMPC.

(38)

Measann an Coimisiún go bhfuil baint ag EMPC le SABIC de bhua Airteagal 127(1)(g) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (6) ós rud é go rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go neamhdhíreach le chéile. Tá sé neamhchonspóidithe gur cuideachta chomhfhiontair é Yanpet a bhfuil a scaireanna roinnte go cothrom idir SABIC agus ExxonMobil. Déantar ionadaíocht chomhionann thar ceann EMPC agus SABIC ar bhord stiúrthóirí Yanpet, toisc gur ainmnigh an dá cheann acu stiúrthóirí Yanpet. Is léiriú láidir é seo go rialaíonn SABIC agus ExxonMobil é i gcomhpháirt agus go díreach. Maidir leis an maíomh go ngníomhaíonn SABIC agus ExxonMobil go neamhspleách agus nach bhfuil aon riosca imchéimnithe ann, tugann an Coimisiún faoi deara nár thug EMPC bunús leis an maíomh sin ach trí dhearbhuithe. Dá bhrí sin, diúltaítear don mhaíomh agus measann an Coimisiún gur páirtithe gaolmhara iad SABIC agus ExxonMobil chun críche an imscrúdaithe sin.

(39)

Ina theannta sin, mheas EMPC gur sháraigh an Coimisiún a chearta cosanta toisc nach raibh léargas ag EMPC ar ríomh an ghnáthluacha ná ar ríomh phraghas onnmhairiúcháin SABIC.

(40)

Ós rud é gur comhfhiontar 50/50 le SABIC é Yanpet, tugadh an dleacht frithdhumpála aonair céanna dó agus a bhí ag an ngrúpa SABIC. Mar a mhínítear sa nochtadh sonrach, ní féidir leis an gCoimisiún faisnéis rúnda gnó a bhaineann le SABIC (amhail díolacháin SABIC ar an margadh intíre) a nochtadh do EMPC, i gcomhréir leis an gcleachtas ginearálta maidir le rúin ghnó a chosaint.

(41)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh EMPC a mhaímh a shonraítear in aithris (37). Ina theannta sin, mhaígh EMPC go mícheart gur luaigh an Coimisiún in aithris (38) nach raibh tuairisc EMPC ar chomhfhiontar Yanpet bunaithe ach ar dhearbhuithe. Go deimhin, luaigh an Coimisiún nach raibh maíomh EMPC maidir leis an easpa riosca imchéimnithe bunaithe ach ar dhearbhuithe. Thairis sin, mhaígh EMPC, de bhun Chomhaontú Margaíochta EMPC-Yanpet, go ndéanann EMPC agus SABIC an MEG a tháirgeann Yanpet a mhargú agus a dhíol go hiomlán neamhspleách óna chéile.

(42)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an méid sin. Mar a mhínítear in aithris (38) is comhfhiontar Yanpet a rialaíonn SABIC agus ExxonMobil é i gcomhpháirt agus go díreach Thairis sin, tugann roinnt forálacha i gComhaontú Margaíochta EMPC-Yanpet le fios go bhfuil riosca ard imchéimnithe ann i gcás ina bhfaigheann SABIC agus EMPC dleachtanna éagsúla aonair. Cuireadh mínithe mionsonraithe ar fáil do EMPC sa nochtadh sonrach toisc gur áiríodh faisnéis rúnda ann.

(43)

Thairis sin, d’athdhearbhaigh EMPC a chuid barúlacha in aithris (39) gan aon eilimint nua a chur chun cinn.

(44)

Ar na cúiseanna a míníodh in aithris (40), diúltaíodh don mhaíomh sin.

3.1.2.   Gnáthluach

(45)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó SABIC, ó Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí agus ó EMPC.

(46)

Chuir SABIC, Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí agus EMPC i gcoinne an choigeartaithe a rinneadh ar luach an phrópáin mar a thuairiscítear in aithrisí (87) go (94) den Rialachán sealadach. Thagair SABIC do thorthaí an Choimisiúin in imréiteach cumaisc SABIC agus Saudi Aramco (Cás M.9410 - SAUDI ARAMCO/SABIC) (7).

(47)

Rinne an Coimisiún athmheasúnú ar a thorthaí sealadacha. Thug an Coimisiún dá aire gur aithníodh sa chinneadh maidir le himréiteach cumaisc an chomhchruinnithe idir Saudi Aramco agus SABIC nach raibh gaol idir an dá chuideachta roimh an dáta éadála 70 % de na scaireanna in SABIC de réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe idir gnóthais a rialú (Rialachán um Chumaisc AE) (8). In éagmais aon fhaisnéis eile nach mbeadh díolacháin amhábhar ar neamhthuilleamaí murach sin, rinne an Coimisiún, dá bhrí sin, cinneadh an ghnáthluacha do SABIC i ndáil leis sin a athbhreithniú trí úsáid a bhaint as an gcostas tuairiscithe ar phrópán. Fágann sé sin go raibh an gnáthluach bunaithe ar mheán ualaithe phraghsanna na ndíolachán intíre go léir le linn an TI mar an méid díolacháin, arna ndíol ag glanphraghas díolacháin atá cothrom le nó os cionn an chostais ríofa táirgthe, méid a léirigh níos mó ná 80 % de mhéid iomlán na ndíolachán.

(48)

Thairis sin, dúirt SABIC, mar a rinne an Coimisiún scrúdú ar dhíolacháin intíre agus onnmhairí chuig an Aontas araon ar leibhéal an ghrúpa cuideachta mar a thuairiscítear in aithris (80) den Rialachán sealadach, gur cheart go mbreithneodh sé an costas a bheadh ar na táirgeoirí gaolmhara uile agus cinneadh á dhéanamh aige an raibh brabús le baint as na díolacháin intíre. D’áitigh sé nach bhféadfadh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir díolacháin intíre agus díolacháin onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí uile amhail is dá mba eintiteas aonair amháin iad, agus measúnú a dhéanamh ar bhrabúsacht ag an am céanna ar bhonn sonrach don táirgeoir.

(49)

Ní chomhaontaíonn an Coimisiún leis an maíomh sin. Ní bheadh sé iomchuí measúnú a dhéanamh ar bhrabúsacht na ndíolachán intíre i gcoinne chostas táirgthe cuideachtaí nach ndíolann earraí ar bhonn intíre agus tá sé leagtha síos san imscrúdú nach ndíolann na heintitis uile táirgthe MEG sa mhargadh intíre.

(50)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’iarr EMPC ar an gCoimisiún a dheimhniú (i) gur úsáid sé na costais táirgthe iarbhír go léir, lena n-áirítear costais iarbhír an bhunábhair a úsáideadh chun eitiléin a tháirgeadh mar a thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin i Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí iad agus (ii) nach ndearna sé aon choigeartú costais ar chostas aon bhunábhair.

(51)

Dheimhnigh an Coimisiún gur úsáideadh na costais tuairiscithe bunábhair a úsáideadh chun eitiléin a tháirgeadh agus gnáthluach na gcostas táirgthe tuairiscithe á ríomh. Go deimhin, níor choigeartaigh an Coimisiún an costas a bhí ar aon chuid den bhunábhar.

(52)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh SABIC a mhaíomh a shonraítear in aithris (48) gan aon eilimint nua a chur chun cinn.

(53)

Ar na cúiseanna a míníodh in aithris (49), diúltaíodh don mhaíomh sin.

(54)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’easaontaigh an gearánach le cinneadh an Choimisiúin úsáid a bhaint as praghas an phropáin a thuairiscigh SABIC mar a shonraítear in aithris (47). Mhaígh an gearánach ar dtús gurbh é an dlí is infheidhme in imscrúduithe frithdhumpála an bun-Rialachán seachas Rialachán um Chumaisc AE, dlí a raibh critéir agus feidhmeanna éagsúla aige. Dá bhrí sin, mar a bhíonn feidhm ag critéir dhlíthiúla éagsúla, bhí aistriú torthaí ó chreat dlíthiúil amháin go creat dlíthiúil eile neamheolaíoch agus neamhdhleathach. Ar an dara dul síos, luadh toisc gur shocraigh Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí an praghas, ní raibh feidhm ag na gnáthbhreithnithe i ndáil leis an gcoincheap praghas “ar neamhthuilleamaí”. Ar an tríú dul síos, maíodh gur sárú ar Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán é glacadh le praghas seasta própáin SABIC, praghas nár “gnáthphraghas” é agus praghas nár léirigh go réasúnach na fíorchostais. Ar an gceathrú dul síos, d’áitigh sé freisin i gcás imscrúduithe i gcoinne na Rúise gur choigeartaigh an Coimisiún praghas an gháis, praghas a leag an rialtas síos freisin agus dá bhrí sin go raibh cur i bhfeidhm critéir dhifriúla maidir le Ríocht na hAraibe Sádaí i gcomparáid leis na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an Rúis in imscrúduithe cosanta trádála idirdhealaitheach. Ar an gcúigiú dul síos, maíodh nach ndearna Cás M.9410 aon chinneadh i ndáil le própán. Ar an séú dul síos, luadh gur aithníodh sa Chinneadh cumaisc go raibh comhtháthú ingearach ann maidir le soláthar réamhtheachtach agus iartheachtach i slabhra luacha gliocól eitiléine ach nár tugadh aghaidh sa Chinneadh cumaisc ar nádúr an naisc ingearach, i.e. an raibh soláthar táirgí réamhtheachtacha idir Saudi Aramco agus SABIC ar neamhthuilleamaí. Luadh nach ndearna an Coimisiún imscrúdú ach ar cheist an bhféadfadh foriamh sa mhargadh teacht as an nasc ingearach sin. Ar deireadh, d’áitigh an gearánach gur cuideachtaí gaolmhara iad Saudi Aramco agus SABIC agus nach raibh a n-idirbhearta sa ghnáthchúrsa trádála.

(55)

D’easaontaigh an Coimisiún agus dhearbhaigh sé a thorthaí go raibh sé oiriúnach sa chás seo praghas an phrópáin arna thuairisciú ag SABIC a úsáid. Go háirithe, tugadh aghaidh sa Chinneadh cumaisc ar chineál an naisc ingearaigh idir an dá chuideachta agus ar chinntí praghsála a bhaineann le hoibríochtaí an dá chuideachta le linn an TI. Mar shampla, luaitear sa Chinneadh go mbeadh “aon chomhordú ábhair idir gníomhaíochtaí SABIC agus gníomhaíochtaí Saudi Aramco dúshlánach agus dhéanfaí é gan eolas mionsonraithe ar phraghsáil, ar chustaiméirí nó straitéis fhoriomlán SABIC” (aithris (12)) agus go bhfuil “idirghníomhaíochtaí tráchtála na bPáirtithe teoranta agus ar neamhthuilleamaí”, chuir na páirtithe faisnéis isteach le léiriú, ar a laghad sna margaí a ndearnadh difear dóibh go hingearach, margaí ar a ngníomhaíonn Saudi Aramco nó SABIC mar sholáthróir an chuideachta eile” (aithris (14)). Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún a mheasúnú mar a léirítear in aithris (47) den Rialachán sin.

(56)

In éagmais aon bharúil eile maidir le cinneadh an ghnáthluacha, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (81) go (93) den Rialachán sealadach, arna gceartú mar a léirítear in aithris (47) den Rialachán sin.

3.1.3.   An praghas onnmhairiúcháin

(57)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó SABIC agus EMPC maidir leis an bpraghas onnmhairiúcháin a chinneadh.

(58)

Thug SABIC dá aire go raibh anailís an Choimisiúin easnamhach toisc gur mheas sé nach bhféadfaí an praghas onnmhairiúcháin a bheith iontaofa ar an mbonn amháin go raibh caidreamh idir cuideachtaí ann. Thagair SABIC do thuarascáil ón bPainéal US-OCTG (an Chóiré) (9). De réir SABIC, chinn an Painéal cé nár fhorchuir Airteagal 2.3 den Chomhaontú Frithdhumpála, airteagal ina bhfuil athrá ar Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán, ceanglas chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiontaofacht an phraghais onnmhairiúcháin, níor ceadaíodh le hAirteagal 2.3 den Chomhaontú Frithdhumpála do na húdaráis imscrúdúcháin an praghas onnmhairiúcháin a ríomh aon uair a bhí comhlachas ann. Chuir SABIC faisnéis bhreise ar fáil, lena n-áirítear mínithe maidir le socrú inmheánach a bpraghsanna idir eintitis ghaolmhara ina aighneacht rúnda.

(59)

Chinn an Coimisiún nár thug na mínithe a chuir SABIC ar fáil maidir le socrú inmheánach a bpraghsanna idir eintitis ghaolmhara údar le himeacht ó Airteagal 2(9) a chur i bhfeidhm. Nochtadh an measúnú sin do SABIC sa nochtadh sonrach a rinne sé toisc go n-áirítear faisnéis rúnda gnó ann. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, bunaithe ar a mheasúnú, nach raibh an praghas onnmhairiúcháin sa chás faoi chaibidil iontaofa i ngeall ar an mbaint idir an t-onnmhaireoir, an trádálaí agus an t-allmhaireoir. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(60)

Thairis sin, mhaígh SABIC nár cheart an praghas onnmhairiúcháin a ríomh faoi Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán agus nár cheart aon choigeartú a dhéanamh d’idirbhearta idir páirtithe gaolmhara, go háirithe i gcás costais díola, ghinearálta agus riaracháin (“costais SGA”) agus i gcás brabúis, ós rud é gur mheas an Coimisiún dumpáil ar leibhéal an “ghrúpa cuideachta” agus gur comhtháthaíodh táirgeoirí onnmhairithe na hAraibe Sádaí. Dá bhrí sin, mhaígh SABIC nach mór an praghas onnmhairiúcháin a bheith bunaithe ar na praghsanna onnmhairiúcháin iarbhír, tar éis gach costas díola fíoraithe a asbhaint.

(61)

Thug an Coimisiún dá aire gur ríomhadh an corrlach dumpála ar leibhéal an ghrúpa cuideachta, sa chiall go bhfuair na heintitis ghaolmhara uile an corrlach dumpála aonair céanna agus go raibh na hidirbhearta onnmhairiúcháin agus díolacháin intíre ábhartha go léir curtha san áireamh agus an corrlach dumpála á ríomh. Tá sé seo neamhspleách ar an bhfíric nach mór na praghsanna onnmhairiúcháin a choigeartú faoi Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán sa chás faoi chaibidil, ós rud é go raibh an praghas onnmhairiúcháin neamhiontaofa i ngeall ar chomhlachas idir an t-onnmhaireoir agus an t-allmhaireoir. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(62)

Chuir SABIC agus EMPC in aghaidh an Choimisiúin maidir leis an gcorrlach brabúis 6,89 % a bunaíodh san imscrúdú frithdhumpála maidir le PVA de thionscnamh na Síne (10) a úsáid ar chúiseanna rúndachta maidir le sonraí na n-allmhaireoirí comhoibritheacha. D’iarr SABIC ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a bhaineann le brabúsacht SABIC Petrochemicals B.V (“SPC”) agus SABIC Italia (“SI”), faisnéis a fíoraíodh. Mhaígh SABIC agus EMPC nach raibh an cóimheas brabúis a d’úsáid an Coimisiún réasúnach de réir bhrí Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán toisc go mbaineann sé le táirge difriúil, le hallmhairí ó thír eile agus le tréimhse ama eile. Dúirt SABIC freisin nár léirigh an corrlach brabúis a d’úsáid an Coimisiún feidhmeanna agus rioscaí iarbhír SPC agus SI.

(63)

Ní mheasann an Coimisiún corrlach brabúis an allmhaireora ghaolmhair agus/nó an trádálaí ghaolmhair a bheith réasúnta mar go ndéanann an comhlachas leis na cuideachtaí óna gceannaíonn siad MEG difear dó. De bhun Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán, meastar gurb iomchuí corrlach brabúis réasúnta a úsáid neamhspleách ar an mbrabús iarbhír a eascraíonn ó phraghas an aistrithe chun aon éifeacht saofa a d’fhéadfadh teacht as praghas an aistrithe a sheachaint. Thairis sin, tar éis bearta sealadacha a fhorchur, bheartaigh an Coimisiún cros-seiceálacha cianda a eagrú le dhá allmhaireoir comhoibritheacha ach ní raibh siad ar fáil, mar a shonraítear in aithris (8). Dá bhrí sin, in éagmais aon sonraí malartacha ar comhad a d’fhéadfaí a úsáid, chinn an Coimisiún an corrlach brabúis a úsáid ag an gcéim shealadach mar a thuairiscítear in aithris (97) den Rialachán sealadach.

(64)

Mhaígh SABIC freisin go raibh dúbailt ann mar thoradh ar chorrlach brabúis de chuid allmhaireora neamhghaolmhar a asbhaint as na díolacháin a rinneadh tríd an allmhaireoir gaolmhar (SPC) agus as na díolacháin arna sonrasc ag an trádálaí san Aontas (SI).

(65)

Thug an Coimisiún dá aire gur cuireadh an dá chorrlach brabúis san áireamh chun críoch éagsúil agus go ndearnadh iad a asbhaint ar leithligh. I gcás díolacháin onnmhairiúcháin trí allmhaireoir gaolmhar san Aontas, ríomhadh an praghas onnmhairiúcháin de bhun Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh na táirgí allmhairithe den chéad uair le ceannaitheoir neamhspleách nó le SI. Sna cásanna sin rinneadh coigeartú ar an mbrabús a fhabhraíonn chun praghas onnmhairiúcháin iontaofa a bhunú. I gcodarsnacht leis sin, asbhaineadh an coimisiún don trádálaí gaolmhar san Aontas a ghníomhaigh i bhfeidhm trádálaí ar bhonn coimisiúin de bhun Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán, mar a mhínítear tuilleadh in aithris (79). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(66)

I bhfreagra an cheistneora, leithdháil SPC gach costas SGA bunaithe ar láimhdeachas. Tar éis an nochtadh sealadach a dhéanamh, dúirt SABIC gur cheart costais SGA a ath-leithdháileadh ar tháirgí a mhonaraigh SPC, ar lámh amháin, agus táirgí MEG a thrádáil, ar an lámh eile, toisc go raibh SPC ina tháirgeoir agus ina dháileoir agus go raibh baint ag an gcuid is mó dá lucht saothair agus dá ghníomhaíochtaí le ceimiceáin agus polaiméirí a tháirgeadh. Dúradh freisin gur léiriú níos cruinne ar dháileadh na gcostas a bhí sa mhodheolaíocht leithdháilte sin.

(67)

Le linn na cros-seiceála cianda, níor mhaígh SABIC nach raibh a leithdháileadh de chostais SGA cruinn. I bhfianaise gur tharla an cros-seiceáil chianda ar bhonn an mhodha leithdháilte a cuireadh isteach ar dtús, ní raibh an Coimisiún in ann an tábla a tíolacadh le déanaí agus roinnt eochracha nua leithdháilte a úsáideadh chuige sin a chros-seiceáil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(68)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh SABIC a mhaíomh a luaitear in aithris (58) inar áitigh sé nach raibh tionchar ag an gcaidreamh idir cuideachtaí gaolmhara ar an bpraghas onnmhairiúcháin a íocadh leis na táirgeoirí agus gur íocadh na táirgeoirí na praghsanna iarbhír a d’íoc na custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas tar éis na costais díolacháin ar fad a tabhaíodh a asbhaint. D’athdhearbhaigh Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí an maíomh sin freisin. Sa leagan rúnda dá aighneacht, chuir SABIC an comhaontú margaíochta idir SABIC agus ceann de na táirgeoirí gaolmhara isteach i ndáil leis sin.

(69)

Thug an Coimisiún dá aire nár chumhdaigh an comhaontú sin na díolacháin leis an Aontas. Mar sin féin, fiú dá mbeadh coinníollacha an chomhaontaithe sin infheidhme maidir le díolacháin SABIC ar mhargadh an Aontais, níor athraigh sé measúnú an Choimisiúin in aithris (59). Cuireadh tuilleadh sonraí maidir le measúnú an Choimisiúin ar fáil do SABIC ina nochtadh sonrach toisc go n-áirítear faisnéis rúnda gnó ann.

(70)

Sna barúlacha a thug siad tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh SABIC, EMPC agus Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí a maíomh a luaitear in aithris (62) maidir leis an úsáid a bhaineann an Coimisiún as an gcorrlach brabúis 6,89 %. Dúirt SABIC nach raibh sé ceart nach raibh aon sonraí malartacha ar comhad toisc gur thíolaic SABIC dhá thacar neamhspleácha sonraí a d’fhéadfadh an Coimisiún a úsáid chun corrlach brabúis allmhaireoirí neamhghaolmhara a chinneadh.

(71)

Tugtar faoi deara gur thuarascáil a rinne Deloitte a thíolaic SABIC amháin a bhí sa chéad tacar sonraí, ní raibh ar fáil ach amháin sa leagan rúnda dá aighneacht. Thairis sin, rinneadh meánchorrlach brabúsachta 17 gcuideachta a aithníodh a bheith inchomparáide le cuideachtaí SABIC le linn na tréimhse 2016 go 2018 a ríomh sa tuarascáil. Ní raibh ach cúig cinn de na cuideachtaí sin lonnaithe san Aontas. As na cúig chuideachta sin san Aontas, ní raibh ach ceann amháin acu ina allmhaireoir, bhí na cinn eile páirteach i ndáileadh agus i ndíolachán ceimiceán. Thairis sin, de réir na tuarascála sin, bhí meánchorrlach brabúsachta an allmhaireora atá lonnaithe san Aontas le linn na tréimhse 2016 go 2018 níos airde ná an corrlach brabúsachta 6,89 % a d’úsáid an Coimisiún. Thairis sin, ba é a bhí sa dara tacar sonraí an fhaisnéis airgeadais ceithre chuideachta a mhaígh SABIC gur dháileoirí iad. Níor cuireadh aon fhaisnéis ar fáil maidir leis na critéir a d’úsáid SABIC chun na cuideachtaí sin a roghnú. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurb é an corrlach brabúis a úsáidtear ag an gcéim shealadach mar a thuairiscítear in aithris (97) den Rialachán sealadach an fhoinse is réasúnaí sonraí atá ar fáil ar comhad.

(72)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh SABIC a mhaíomh a luaitear in aithris (66) gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as an % SGA athbhreithnithe de SPC. D’athdhearbhaigh Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí an maíomh sin freisin. Mhaígh SABIC toisc gur tháirgeoir agus dáileoir SPC agus toisc go raibh baint ag an gcuid is mó dá lucht saothair agus dá ghníomhaíochtaí le ceimiceán agus polaiméirí a tháirgeadh, bhí sé níos oiriúnaí costais SGA a leithdháileadh ar tháirgí a mhonaraigh SPC agus MEG agus táirgí trádála eile bunaithe ar an líon pearsanra atá fostaithe sna gníomhaíochtaí éagsúla. Thairis sin, mhaígh SABIC nach raibh ar an gCoimisiún an mhodheolaíocht leithdháilte nua a chros-seiceáil toisc nár úsáideadh ach eochair leithdháilte amháin agus go ndearna an Coimisiún cros-seiceáil ar shonraí chostas SGA agus ar shonraí fostaíochta le linn na cros-seiceála cianda.

(73)

Nuair a leithdháiltear gach costas SGA bunaithe ar láimhdeachas, ní gá don Choimisiún cros-seiceáil mionsonraithe a dhéanamh ar na costais a thuairiscítear do dhíolacháin an táirge lena mbaineann ar mhargadh an Aontais mar an céatadán céanna de chostais SGA a leithdháiltear ar dhíol gach táirge ar gach margadh. Nuair a úsáidtear modheolaíocht eile, áfach, tá riosca ann go ndéanfar costais SGA an táirge lena mbaineann a dhíoltar ar mhargadh an Aontais a mhí-leithdháileadh. Sa chás sin, tá na costais SGA tuairiscithe go mionsonraithe á gcros-seiceáil ag an gCoimisiún. Is amhlaidh atá i gcás costas athbhreithnithe SGA arna gcur isteach ag SABIC. I gcomhréir leis an modheolaíochta nua, rinne SABIC athbhreithniú ar roinnt costais SGA ar nós costais fógraíochta, costais a bhaineann le trádáil a chur chur chun cinn, costais eile (mar shampla maímh, drochfhiacha etc), costais airgeadais agus ioncaim. Mar sin féin, tá baint níos mó ag an gcineál sin costas le luach na ndíolachán táirgí ná le líon na bhfostaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíocht díola MEG. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(74)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, mhaígh SABIC gur áireamh dúbailte é coimisiúin theoiriciúil do dhíolacháin a dhéantar trí SI a asbhaint. Ar an gcéad dul síos, d’áitigh sé gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 2(9) toisc gur ríomh sé an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh na táirgí allmhairithe den chéad uair le SI, an trádálaí gaolmhar. Ar an dara dul síos, áitíonn sé nach trádálaí é SI ach dáileoir agus dá bhrí sin níl údar leis an gcoigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) a dhéanamh. Ar deireadh, d’áitigh sé gurb é cleachtas an Choimisiúin nach ndéanfar coigeartú ach uair amháin fiú má tá go leor páirtithe gaolmhara ann.

(75)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis sin. Níl aon amhras ann, i gcás an bhealach díolacháin atá i gceist, go ndíolann SABIC an táirge lena mbaineann le custaiméirí neamhspleácha san Aontas trí chuideachtaí gaolmhara a ghníomhaíonn mar allmhaireoirí agus a fhaigheann coimisiún as a ngníomhaíochtaí. Dá bhrí sin, bhí ar an gCoimisiún praghas onnmhairiúcháin a bhunú ar bhonn Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán, ar dtús, agus, ar an dara dul síos, an praghas onnmhairiúcháin don choimisiún a d’íoc SABIC a choigeartú ar bhonn Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán. Maidir leis an bpraghas onnmhairiúcháin a ríomh bunaithe ar Airteagal 2(9), d’asbhain an Coimisiún ón bpraghas athdhíola don chéad chustaiméir neamhspleách costais SGA SPC agus méid réasúnta don bhrabús a dhéanann allmhaireoir neamhspleách de ghnáth. Chun déileáil leis an gcoimisiún a d'íoc SABIC as na díolacháin sin leis an Aontas, d’asbhain an Coimisiún costais SGA SI agus méid réasúnta brabúis. Is cuma má tá lipéad dáileora nó trádálaithe ar SI, ní bhaineann sé sin an bonn den fíoras go bhfaigheann SI coimisiún ó SABIC do na díolacháin faoi chaibidil agus, dá bhrí sin, tá údar maith le coigeartú a dhéanamh faoi Airteagal 2(10)(i). Gan dochar don mhéid thuas, tugann an Coimisiún dá aire, bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir SABIC ar fáil, go bhfaigheann SPC coimisiún ó SABIC freisin le haghaidh na ndíolachán a mbíonn tionchar aige orthu san Aontas. Mheas an Coimisiún go mbeadh coigeartú breise don choimisiún sin míréasúnta, go háirithe ós rud é go ndearnadh costais SGA agus brabús réasúnta a asbhaint cheana maidir le SPC agus an praghas onnmhairiúcháin á ríomh faoi Airteagal 2(9). D’fhéadfadh sé go mbeadh áireamh dúbailte mar thoradh ar choigeartú breise faoi Airteagal 2(10)(i) chun freastal ar an gcoimisiún a d’íoc SABIC agus dá bhrí sin ní dhearnadh é. Measann an Coimisiún gurb é toradh an ríofa agus an choigeartaithe arna dhéanamh faoi Airteagal 2(9) agus Airteagal 2(10)(i) faoi seach praghas a bhainfí amach dá ndéanfaí na díolacháin idir cuideachtaí neamhspleácha. Diúltaítear, dá bhrí sin, don maíomh.

(76)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an bpraghas onnmhairiúcháin a chinneadh, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí (95) go (97) den Rialachán sealadach.

3.1.4.   Comparáid

(77)

Fuair an Coimisiún barúlacha faoin gcomparáid idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach ó SABIC.

(78)

Maíodh go raibh dúbailt ann mar thoradh ar asbhaint na gcoimisiún arna n-íoc chun costais SGA agus brabús SPC agus SI a chlúdach, agus asbhaint na liúntas do chostais SGA agus do bhrabús na gcuideachtaí sin.

(79)

Ag an gcéim shealadach, d’asbhain an Coimisiún costais SGA faoi Airteagal 2(10)(i) de bhun-Rialachán agus brabús réasúnta ó phraghas díolacháin SI. Fuarthas amach go raibh SI ag comhlíonadh feidhmeanna gníomhaire atá ag obair ar bhonn coimisiúin. Cheannaigh SI an táirge lena mbaineann agus d’athdhíol sé é le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas, agus fuair SI coimisiún maidir leis na díolacháin sin ón táirgeoir onnmhairiúcháin. Ina theannta sin, d’asbhain an Coimisiún faoi Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán costais SGA agus brabús réasúnta ó phraghsanna díolacháin SPC. Mar sin féin, chuir SI agus SPC araon na coimisiúin a d’íoc an táirgeoir onnmhairiúcháin leis an dá cheann de na cuideachtaí sin san áireamh i measc na liúntas ina liostú díolacháin. Dá bhrí sin, bhí dúbailt ann. Cé gur mheas an Coimisiún nach raibh na coimisiúin a íocadh réasúnta, agus go raibh tionchar ag an gcaidreamh idir SI agus SPC agus an táirgeoir onnmhairiúcháin orthu, chomhaontaigh an Coimisiún nár cheart na coimisiúin sin a asbhaint sa bhreis ar na coigeartuithe a rinneadh cheana. Níor asbhaineadh méid na gcoimisiún sin, a thuairiscigh na cuideachtaí díolacháin gaolmhara mar ioncam, dá bhrí sin, ó na liúntais ó phraghsanna díolacháin SI agus SPC.

(80)

Mhaígh SABIC freisin go ndéanfaidh an MEG nach bhfuil de réir na sonraíochtaí a áireamh faoin PCN céanna le MEG a bhí ar chaighdeán den scoth an ríomh dumpála a shaobhadh.

(81)

D’iarr an Coimisiún ar SABIC ag tús an imscrúdaithe, tuairisc a thabhairt maidir leis an MEG nach bhfuil de réir na sonraíochtaí nach gcomhlíonann na critéir le haghaidh MEG de ghrád an tsnátha (cineál A) mar MEG nach bhfuil de ghrád an tsnátha (cineál B) sa fhreagra ceistneora. Mar sin féin, thuairiscigh SABIC na díolacháin ar fad san Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe mar MEG de ghrád snáithín. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(82)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh SABIC a mhaíomh go raibh áireamh dúbailte idir an táille mhargaíochta, costais SGA agus brabúis SPC agus SI. D’athdhearbhaigh Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí an maíomh sin freisin.

(83)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an méid sin. Mar a mhínítear in aithris (79), cheartaigh an Coimisiún an áireamh dúbailte faoi seach. Cuireadh mínithe mionsonraithe ar fáil do SABIC sa nochtadh sonrach toisc gur áiríodh faisnéis rúnda ann.

(84)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh SABIC a mhaíomh in aithris (80) gan aon fhaisnéis nua a chur ar fáil i ndáil leis sin.

(85)

Ar na cúiseanna a míníodh in aithris (81), diúltaíodh don mhaíomh sin.

(86)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil le comparáid, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (102) agus (103) den Rialachán sealadach, arna gcoigeartú mar a mhínítear in aithris (79) den Rialachán sin.

3.1.5.   Corrlach dumpála

(87)

D’aithin an Coimisiún earráid chléireachais sa chomhad ríomha agus mar thoradh air sin níor cuireadh roinnt idirbheart díolacháin de chuid SI san áireamh sa ríomh de thaisme. Ceartaíodh é seo dá réir.

(88)

Mar a thuairiscítear in aithrisí (47), (79) agus (87) tar éis maímh ar ghlac an Coimisiún leo, rinneadh athbhreithniú ar eilimintí áirithe den ghnáthluach agus den ghnáthphraghas onnmhairiúcháin.

(89)

Dá réir sin, is mar a leanas atá na corrlaigh dumpála chinntitheacha, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach (%)

Saudi Kayan Petrochemical Company (Saudi Kayan)

7,7

Yanbu National Petrochemical Company (Yansab)

7,7

Eastern Petrochemical Company (Sharq)

7,7

Saudi Yanbu Petrochemical Company (Yanpet)

7,7

Arabian Petrochemical Company (Petrokemya)

7,7

Jubail United Petrochemical Company (United)

7,7

Gach cuideachta eile

7,7

3.2.   Stáit Aontaithe Mheiriceá

3.2.1.   Gnáthluach

(90)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó MEGlobal Americas agus ó LCLA.

(91)

Mhaígh MEGlobal Americas nach mór an gnáthluach a bhunú ar gach díolachán intíre MEG (cineál táirge A agus B), cé nár dhíol MEGlobal Americas ach aon chineál táirge MEG amháin leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(92)

Thug an Coimisiún dá aire nach mór uimhir rialaithe an táirge a chur san áireamh sa ríomh chun an gnáthluach a bhunú d’fhonn cineálacha comhionanna MEG a chur i gcomparáid le chéile. Toisc nár onnmhairigh an chuideachta cineál táirge B, níor cuireadh díolacháin intíre chineál táirge B san áireamh i ríomh gnáthluach chineál táirge A. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(93)

Mhaígh MEGlobal Americas freisin nár bhreithnigh an Coimisiún éifeachtaí phaindéim COVID-19 ar phraghsanna intíre. D’áitigh MEGlobal Americas go ndearna an Coimisiún luach margaidh MEG a bhoilsciú trí neamhaird a dhéanamh ar dhíolacháin a rinneadh le linn tráth ina bhfuil luaineacht ard praghsanna an mhargaidh mar gheall ar phaindéim COVID-19. Áitíodh gur tharla cuid de na díolacháin intíre a fuarthas amach nach raibh i ngnáthchúrsa trádála i rith Bealtaine agus Meitheamh 2020 nuair a thit meánphraghsanna díolacháin MEG mar gheall ar na dianghlasála éigeantacha a cuireadh i bhfeidhm i réigiúin éagsúla ar fud an domhain, lena n-áirítear i SAM. De réir MEGlobal Americas, ó aithníodh nach raibh na díolacháin sin i ngnáthchúrsa trádála sáraíodh Airteagal 2(4) den bhun-Rialachán agus Airteagal 2.2.1 den Chomhaontú Frithdhumpála lena n-éilítear nach bhféadfar neamhaird a thabhairt ar dhíolacháin ach amháin lasmuigh de ghnáthchúrsa trádála dá ndéanfaí na díolacháin “laistigh de thréimhse shínithe”. D’áitigh MEGlobal Americas nár comhlíonadh an coinníoll sin toisc nár tharla na díolacháin neamhbhrabúsacha ach le linn dhá mhí, tréimhse ama níos giorra ná na sé mhí a leagtar síos in Airteagal 2(4) den bhun-Rialachán agus d’iarr sé ar an gCoimisiún na díolacháin sin a chur san áireamh i gcinneadh an ghnáthluacha.

(94)

Thug an Coimisiún faoi deara go bhfuil barúil MEGlobal Americas bunaithe ar léirmhíniú mícheart ar Airteagal 2(4) den bhun-Rialachán. Go deimhin, leis an Airteagal seo bunaítear na coinníollacha atá le comhlíonadh chun neamhaird a dhéanamh de dhíolacháin neamhbhrabúsacha nuair a bhíonn an gnáthluach á chinneadh agus ceadaítear leis don Choimisiún neamhaird a dhéanamh de dhíolacháin neamhbhrabúsmhara nuair a dhéantar iad “laistigh de thréimhse shínithe i gcainníochtaí suntasacha”. Le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán, soiléirítear freisin gur bliain amháin a bheidh sa tréimhse ama shínithe de ghnáth agus nach giorra ná 6 mhí a bheidh inti i gcás ar bith. Sonraítear leis an téarma “laistigh de” go gcaithfidh an Coimisiún imscrúdú a dhéanamh ar dhíolacháin neamhbhrabúsacha i gcomhthéacs tréimhse imscrúdaithe ar feadh bliain amháin de ghnáth agus nach giorra ná sé mhí i gcás ar bith. Murab ionann agus maíomh na cuideachta, ní léitear Airteagal 2(4) den bhun-Rialachán mar “le linn tréimhse ama shínithe” nó “ar feadh tréimhse ama shínithe” agus, dá bhrí sin, ní chuireann sé de cheangal ar an gCoimisiún neamhaird a dhéanamh ach de na díolacháin neamhbhrabúsacha sin a rinneadh ar feadh bliain amháin nó sé mhí ar a laghad de ghnáth. Sa chás faoi chaibidil, rinne an Coimisiún imscrúdú ar dhíolacháin faoi chuimsiú tréimhse shínithe aon bhliain amháin (is é sin, an tréimhse imscrúdaithe) agus mar sin chomhlíon sé Airteagal 2(4) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(95)

Fuair an Coimisiún barúlacha freisin ó LCLA inar mhaígh sé nach mór don Choimisiún an t-ioncam ó dhíol na seachtháirgí a asbhaint ó chostas táirgthe MEG LCLA. De réir LCLA, is é cleachtas an Choimisiúin ioncam ó sheachtháirgí a asbhaint ó chostas táirgthe an táirge lena mbaineann agus tagraítear, i ndáil leis sin, d’imeacht frithdhumpála ar allmhairí aigéid ocsalaigh de thionscnamh na Síne (11). Dá bhrí sin, d’iarr LCLA ar an gCoimisiún an t-ioncam ó dhíol na seachtháirgí a asbhaint ó chostas táirgthe MEG.

(96)

Tar éis na bearta sealadacha a fhorchur, rinne an Coimisiún imscrúdú breise ar cibé ar chuir LCLA faisnéis iomlán isteach lena léiriú go bhféadfaí, agus gur cheart, an t-ioncam go léir ó dhíol seachtháirgí a asbhaint ó chostas mhonarú MEG. Cé go n-aithníonn an Coimisiún gur chuir an chuideachta an t-ioncam ó dhíol na seachtháirgí ina cuntais airgeadais iniúchta faoi ioncam ó sheirbhísí eile, ní féidir leis an gCoimisiún neamhaird a dhéanamh de gur theip ar an gcuideachta méideanna na seachtháirgí a táirgeadh agus a díoladh le linn na tréimhse imscrúdaithe a nochtadh. Thosaigh LCLA ag táirgeadh MEG dhá mhí roimh an tréimhse imscrúdaithe agus dá bhrí sin gineadh seachtháirgí le linn na tréimhse sin chomh maith. Níor cheart ach méid na seachtháirgí a ghintear le linn na tréimhse imscrúdaithe a asbhaint ó chostas táirgthe MEG le linn na tréimhse imscrúdaithe, agus tá an fhaisnéis ábhartha ar iarraidh sa chomhad. Thairis sin, níor chuir an chuideachta aon sonraí ar fáil maidir le rialacha cuntasaíochta na bhfardal seachtháirgí. Cé gur mhaígh LCLA nach raibh sé in ann costas monaraíochta na seachtháirgí a leithlisiú go heisiach, tugann an Coimisiún dá aire go ngintear na seachtháirgí sin tráth áirithe sa phróiseas monaraíochta MEG agus, dá bhrí sin, bheadh leithdháileadh de réir mhéid na dtáirgí a ghintear indéanta, mar a bhí indéanta do tháirgeoirí eile MEG. Thairis sin, ní féidir leis an gCoimisiún glacadh le dearbhuithe simplí a deir nach bhfuil leithdháileadh den sórt sin indéanta, gan aon iarracht a dhéanamh ag an gcuideachta modheolaíocht réasúnta leithdháilte a chur ar fáil nuair a rinne cuideachtaí eile amhlaidh. Thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh ceist ann maidir le costas agus praghas comhfhreagrach na seachtháirgí. I bhfianaise rúndacht an mhaímh seo, nochtadh tuilleadh sonraí faoi mheasúnú an Choimisiúin do LCLA sa nochtadh sonrach a dhéanann sé toisc go n-áirítear faisnéis rúnda gnó de ann. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don mhaíomh.

(97)

Sna barúlacha a thug siad tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh MEGlobal Americas a mhaíomh in aithris (91). Mhaígh MEGlobal Americas nach raibh an t-idirdhealú idir uimhreacha rialaithe táirgí A agus B ábhartha do MEG arna tháirgeadh agus arna dhíol ag MEGlobal Americas toisc nár táirgeadh táirge cineál B d’aon ghnó.

(98)

Thuairiscigh MEGlobal Americas díolacháin táirge cineál A agus B ar an margadh intíre agus díolúcháin cineál A ar an margadh onnmhairíochta. Níl sé ábhartha nár tháirg MEGlobal Americas táirge cineál B d’aon ghnó. Mar a mhínítear in aithris (92) cuirtear uimhir rialaithe an táirge san áireamh sa ríomh chun an gnáthluach a bhunú d’fhonn comparáid a dhéanamh idir na cineálacha MEG atá chomh cosúil agus is féidir. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(99)

D’athdhearbhaigh MEGlobal Americas a mhaíomh a luaitear in aithris (93) gan aon fhaisnéis nua ábhartha a chur ar fáil i ndáil leis sin.

(100)

Ar na cúiseanna a míníodh in aithris (94), diúltaíodh don mhaíomh sin.

(101)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, chuir LCLA an fhaisnéis a bhí ar iarraidh a ndéantar tuairisc uirthi in aithris (96) ar fáil. Bhí an fhaisnéis a cuireadh isteach maidir le méid na seachtháirgí a gineadh le linn na tréimhse imscrúdaithe i gcomhréir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe eile isteach agus measadh go raibh sí iontaofa. Dá bhrí sin, choigeartaigh an Coimisiún anuas costas táirgthe MEG le méid na seachtháirgí a ghintear le linn na tréimhse imscrúdaithe arna iolrú faoi phraghas aonaid díola na seachtháirgí a díoladh le linn na tréimhse imscrúdaithe a ndearnadh cros-seiceáil orthu le linn na cros-seiceála cianda. Thairis sin, bhí luach iomlán dhíolachán seachtháirgí comhsheasmhach leis na cuntais iniúchta. Mhéadaigh an laghdú ar an gcostas táirgthe méid na ndíolachán brabúsach ar an margadh intíre le linn thástáil ghnáthchúrsa trádála ach bhí siad fós níos lú ná 80 % de na díolacháin intíre ar fad. Dá bhrí sin, ríomhadh an gnáthluach mar mheán ualaithe na ndíolachán brabúsach amháin.

(102)

In éagmais aon bharúil eile a bhaineann le chinneadh an gnáthluach le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid SAM, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí (108) go (115) den Rialachán sealadach.

3.2.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(103)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó MEGlobal Americas agus ó LCLA.

(104)

D’áitigh MEGlobal Americas go raibh praghsanna MEG a ghearrtar ar chuideachtaí gaolmhara iontaofa toisc go raibh siad bunaithe ar shonraí ó thríú páirtí agus go raibh siad bunaithe ar an margadh agus dá bhrí sin nach mór iad a úsáid chun an corrlach dumpála a chinneadh.

(105)

Níl na praghsanna a ghearrann MEGlobal Americas ar an gcuideachta ghaolmhar MEGlobal International FZE (“MEGlobal International”) agus a ghearrann MEGlobal International ar an gcuideachta ghaolmhar MEGlobal Europe iontaofa toisc go ndéanann comhlachas na gcuideachtaí sin difear dóibh i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Nochtadh tuilleadh sonraí faoi mheasúnú an Choimisiúin do MEGlobal Americas sa nochtadh sonrach a dhéanann sé toisc go n-áirítear faisnéis rúnda gnó ann. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(106)

Mhaígh MEGlobal Americas freisin nach raibh sé de cheangal ar an gCoimisiún an praghas onnmhairiúcháin a ríomh chun MEGlobal Europe a dhíol leis an bpróiseálaí gaolmhar Equipolymers GmbH (“Equipolymers”) agus gur cheart go mbeadh scrúdú déanta aige ar iontaofacht na ndíolachán sin. Thagair sé i ndáil leis sin don mhodheolaíocht a úsáideadh san imeacht frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí teireataláite poileitiléine ón India (12) áit a bhfuair an Coimisiún amach go raibh na praghsanna a gearradh ar an gcuideachta ghaolmhar i gcomhréir leis na praghsanna a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara do na cineálacha céanna táirgí le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh na praghsanna a gearradh ar an gcuideachta ghaolmhar iontaofa agus go bhféadfaí iad a úsáid chun an praghas onnmhairiúcháin a ríomh. Mhaígh MEGlobal Americas freisin sa chás gur iarr an Coimisiún faisnéis faoi dhíolacháin idir MEGlobal Europe agus Equipolymers, gheobhadh sé amach go raibh na praghsanna sin cosúil leis na praghsanna a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara. Ina theannta sin, maíodh nár bhunaigh an Coimisiún a chuid torthaí ar fhaisnéis iarbhír maidir le hidirbhearta idir MEGlobal Europe agus Equipolymers. Thairis sin, mhaígh sé nach raibh ríomh an phraghais onnmhairiúcháin ar bhonn chostas táirgthe PET réasúnta toisc go bhfuil táirgeadh PET casta agus nach féidir praghas ionchuir, mar shampla MEG, a asbhaint ó chostas ionchuir eile. Mhaígh sí freisin nach raibh an mhodheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún ag teacht leis na rialacha cuntasaíochta agus na prionsabail chuntasaíochta is infheidhme, ós rud é go mbeadh an costas táirgthe ag brath ar an ngrád PET a táirgeadh. Ar deireadh, d’ardaigh MEGlobal Americas pointe breise maidir le Equipolymers sa leagan rúnda dá aighneacht. Nochtadh measúnú an Choimisiúin ar an gcuid seo den mhaíomh do MEGlobal Americas ina nochtadh sonrach toisc go n-áirítear faisnéis rúnda gnó ann.

(107)

Thug an Coimisiún dá aire nach ionann an cás seo agus an fasach a luaigh MEGlobal Americas. Déanta na fírinne, fuair an Coimisiún amach le linn an imscrúdaithe reatha nach raibh praghas MEGlobal Europe do chustaiméirí neamhghaolmhara ag teacht le praghas MEGlobal Europe do chustaiméirí gaolmhara. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Equipolymers faisnéis a chur ar fáil, faisnéis a mheas sé a bheith ábhartha don imscrúdú. Go deimhin, chuir Equipolymers freagra isteach ar Iarscríbhinn I le haghaidh cuideachtaí a bhaineann le táirgeoir onnmhairiúcháin, agus níor chuir aon rud bac ar Equipolymer faisnéis bhreise a chur isteach le linn an imscrúdaithe a mheas sé a bheith riachtanach chun bunús a thabhairt do na maímh a d’fhéach sé le déanamh. Thairis sin, d’iarr Meiriceánaigh Americas ar an gCoimisiún, le linn an imscrúdaithe, gan na praghsanna idir MEGlobal Europe agus Equipolymers a úsáid mar bhonn chun na praghsanna onnmhairiúcháin a chinneadh toisc go raibh siad gaolmhar, rud atá ag teacht salach ar mhaíomh MEGlobal Europe go ndéantar na díolacháin idir MEGlobal Europe agus Equipolymers ar phraghsanna cosúil leis na praghsanna a ghearrtar ar chustaiméirí neamhghaolmhara. Thairis sin, bhunaigh an Coimisiún an praghas onnmhairiúcháin ag tosú le costas iomlán táirgthe PET le linn na tréimhse imscrúdaithe mar a thuairiscítear in aithris (121) den Rialachán sealadach agus go ndearna sé costas iomlán MEG a leithlisiú i gcostas iomlán tháirgeadh PET, ní raibh an t-idirbheart díolacháin ina liostaítear ceannacháin MEG Equipolymers ó MEGlobal Europe ábhartha don ríomh sin. Maidir leis an maíomh go raibh táirgeadh PET casta agus nach bhféadfaí praghas an ionchuir, amhail MEG, a leithlisiú ó chostas ionchuir eile, mheas an Coimisiún go bhfuil sé mícheart go fíorasach faoi mar a chuir Equipolymers costas MEG isteach chomh maith le hionchuir eile a úsáideadh i monarú PET. Maidir leis an maíomh nach raibh an mhodheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún comhsheasmhach leis na rialacha cuntasaíocht agus na prionsabail chuntasaíochta, ós rud é go mbeadh an costas táirgthe ag brath ar an ngrád PET a táirgeadh, ní léir cad é an nasc atá idir na rialacha cuntasaíochta agus na prionsabail chuntasaíochta is infheidhme agus an grád PET a táirgeadh. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 2(9) bhí ar an gCoimisiún an praghas onnmhairiúcháin a ríomh ar bhonn réasúnach ar bith.

(108)

Ar an gcaoi chéanna le SABIC, mhaígh MEGlobal Americas freisin nach raibh an corrlach brabúis a úsáideadh chun an praghas onnmhairiúcháin a ríomh réasúnta agus gur cheart don Choimisiún brath ar an gcóimheas brabúis a chuir MEGlobal Europe ar fáil. Dúirt sé freisin nár bhunaigh an Coimisiún nasc leordhóthanach idir rúndacht líomhnaithe na sonraí a bhaineann le hallmhairí neamhghaolmhara, mar gur thuairiscigh sé go raibh leibhéal ard comhair idir allmhaireoirí/trádálaithe neamhghaolmhara, agus úsáid corrlach brabúis a bhaineann le táirge ceimiceach eile, táirge a allmhairíodh ó thír eile agus ar feadh tréimhse dhifriúil. Maíodh freisin nach gceadaítear don Choimisiún le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán an praghas onnmhairiúcháin a ríomh bunaithe ar shonraí a bhaineann le himeacht eile.

(109)

Mar gheall ar na cúiseanna a mhínítear in aithris (63), ní mheasann an Coimisiún corrlach brabúis an allmhaireora ghaolmhair a bheith réasúnta mar go ndéanann an comhlachas leis na cuideachtaí ónar cheannaigh sé MEG difear dó. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán, meastar gurb iomchuí corrlach brabúis réasúnta a úsáid neamhspleách ar an mbrabús iarbhír a eascraíonn ó phraghas an aistrithe chun aon éifeacht saofa a d’fhéadfadh teacht as praghas an aistrithe a sheachaint. Tagraíonn an leibhéal comhair a ndéantar tuairisc air in aithris (283) den Rialachán sealadach do mhéid na n-allmhairí ón dá allmhaireoir comhoibritheacha neamhghaolmhara i gcomparáid leis na hallmhairí iomlána le linn na tréimhse imscrúdaithe agus níl aon baint aige le cúiseanna rúndachta maidir le sonraí an dá chuideachta sin, is é sin an fáth ar bhain an Coimisiún leas as an gcorrlach brabúis a úsáideadh in imeacht roimhe sin, mar a mhínítear in aithris (97) den Rialachán sealadach. Níl aon athrú tagtha ar an méid sin ag an gcéim seo, tar éis don Choimisiún iarracht a dhéanamh nár éirigh leis cros-seiceálacha cianda a eagrú leis an dá chuideachta mar a mhínítear in aithris (8). Ar deireadh, ceadaítear don Choimisiún le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán an praghas onnmhairiúcháin a ríomh ar bhonn réasúnach ar bith, agus dá bhrí sin ní thoirmisctear na sonraí ó imeacht roimhe sin a úsáid. Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire gur luaigh MEGlobal Americas go raibh an praghas díola idir MEGlobal Americas agus MEGlobal International bunaithe ar fhoirmle áirithe ina n-áiríodh brabús líomhnaithe ar neamhthuilleamaí a bhí i bhfad níos airde ná brabús na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara a d’úsáid an Coimisiún mar a shonraítear in aithris (62) agus in aithris (108). Dá bhrí sin, in éagmais aon sonraí malartacha ar comhad, chinn an Coimisiún an corrlach brabúis a úsáid ag an gcéim shealadach mar a thuairiscítear in aithris (97) den Rialachán sealadach.

(110)

Ar deireadh, d’áitigh MEGlobal Americas nach mór a mheas gurb é MEGlobal Europe roinn onnmhairiúcháin MEGlobal Americas, mar gur fheidhmigh sé go hiomlán mar chuid d’oibríochtaí domhanda MEGlobal, lena n-áirítear oibríochtaí MEGlobal Americas, agus dá bhrí sin, ghníomhaigh an Coimisiún de shárú ar Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán nuair a bhreithnigh sé costais eile seachas na costais díola iarbhír nuair a bhí an praghas onnmhairiúcháin á ríomh.

(111)

Tugann an Coimisiún dá aire nár ardaíodh an maíomh sin sular forchuireadh na bearta sealadacha. Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh sin, áfach, agus thug sé faoi deara go bhfuil MEGlobal Europe lonnaithe san Eilvéis agus gur ó chuideachta eile atá lonnaithe san Aontas seachas ó MEGlobal Americas a soláthraíodh cuid mhór dá ceannacháin MEG. Thairis sin, tagann an maíomh sin salach ar an méid a dhearbhaigh MEGlobal Americas ina aighneachtaí, aighneachtaí ina luaigh sé nach ndearna MEGlobal Americas ach roinnt lastas chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe, ach luaigh sé freisin gur saintréith na lastais ó MEGlobal Americas go MEGlobal Europe iad a bheith ina lastais “eisceachtúla”. Léirítear go soiléir san imscrúdú agus sna ráitis a rinne an chuideachta go bhfeidhmíonn MEGlobal Europe mar ionad dáileacháin agus soláthair a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige MEG a fhoinsiú dá gníomhaíochtaí iartheachtacha agus gan an MEG a tháirgeann MEGlobal Americas a mhargú agus a onnmhairiú. Dá bhrí sin, ní féidir breathnú ar MEGlobal Europe mar roinn onnmhairiúcháin MEGlobal Americas. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(112)

D’iarr LCLA ar an gCoimisiún caitheamh le LCLA agus le Mitsubishi Corp amhail is gur páirtithe neamhghaolmhara iad. D’aithin LCLA go ndéanfadh an Coimisiún tuilleadh imscrúdaithe ar an gcomhlachas seo agus ar na socruithe cúitimh atá ann eatarthu, mar a shonraítear in aithris (101) (13) den Rialachán sealadach ach d’athdhearbhaigh sé nach bhfuil bunús leis an líomhain ón ngearánach maidir le caidreamh a bheith ann idir LCLA agus Mitsubishi Corp toisc nach bhfuil aon chomhlachas ná socrú cúitimh ann idir an dá chuideachta.

(113)

Rinne an Coimisiún imscrúdú breise ar na socruithe cúitimh líomhnaithe idir LCLA agus Mitsubishi Corp. Cé gur léirigh an t-imscrúdú go raibh comhaontú ann faoinar chuir LCLA beartas praghsála sonrach i bhfeidhm i gcás idirbhearta díolacháin áirithe le Mitsubishi Corp ar an margadh intíre, níor léirigh san imscrúdú ag an gcéim seo cleachtas den sórt sin ar mhargadh an Aontais. Nochtadh tuilleadh sonraí faoi mheasúnú an Choimisiúin do LCLA sa nochtadh sonrach a dhéanann sé toisc go n-áirítear faisnéis rúnda gnó ann.

(114)

Sna barúlacha a thug siad tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh MEGlobal Americas a mhaímh in aithrisí (104), (106), (108) agus (110). D’easaontaigh sé den chuid is mó le conclúidí an Choimisiúin a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí (105), (107), (109) agus (111) faoi seach.

(115)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh an gearánach a mhaíomh gur cheart don Choimisiún imscrúdú breise a dhéanamh ar na socruithe cúitimh a d’fhéadfadh a bheith ann idir LCLA agus Mitsubishi Corp gan aon fhianaise nua ábhartha a sholáthar ina leith sin, agus go háirithe fianaise a léiríonn conas a dhéanfadh na comhaontuithe cúiteacha líomhnaithe sin difear do phraghsanna.

(116)

Mar gheall ar na cúiseanna a míníodh in aithris (113), diúltaíodh don mhaíomh sin.

(117)

In éagmais aon bharúil eile a bhaineann le chinneadh an phraghais onnmhairiúcháin le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid SAM, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí in aithrisí (116) go (122) den Rialachán sealadach.

3.2.3.   Comparáid

(118)

Fuair an Coimisiún amach ag an gcéim shealadach nár chuir sé san áireamh costais áirithe a bhaineann le praghas onnmhairiúcháin a ríomh le haghaidh MEGlobal Americas do na díolacháin trí thrádálaí gaolmhara in Dubai. Dá bhrí sin, rinneadh coigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) do dhíolacháin tríd an gcuideachta thrádála ghaolmhar sin. Fuarthas amach ar bhonn na faisnéise a cuireadh ar fáil sa fhreagra ceistneora agus le linn na cros-seiceála cianda go raibh feidhmeanna an trádálaí in Dubai cosúil le feidhmeanna gníomhaire a bhí ag obair ar bhonn coimisiúin. Nochtadh tuilleadh sonraí faoi mheasúnú an Choimisiúin do MEGlobal Americas sa nochtadh sonrach a dhéanann sé toisc go n-áirítear faisnéis rúnda gnó ann. Bhí an chuideachta freagrach as an bpróiseas díola agus fuair siad uasmharcáil ar son a cuid seirbhísí. Tá an coigeartú bunaithe ar chostais SGA na cuideachta trádála agus ar chorrlach brabúis de 6,89 % mar a thuairiscítear in aithris (97) den Rialachán sealadach. Measadh go raibh an corrlach brabúis sin réasúnta in éagmais aon fhaisnéis eile mar a mhínítear in aithris (109).

3.2.4.   Corrlaigh dumpála

(119)

Mar a thuairiscítear in aithris (101) tar éis an fhaisnéis atá in easnamh a chur isteach, rinneadh athbhreithniú ar an ngnáthluach do tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin.

(120)

Dá réir sin, is mar a leanas atá na corrlaigh dumpála chinntitheacha, arna sloinneadh mar chéatadán de CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach (%)

Lotte Chemical Louisiana LLC

3,0

MEGlobal Americas Inc

46,7

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(121)

Tar éis na torthaí sealadacha a nochtadh, d’athdhearbhaigh SABIC a bharúil in aithris (135) agus aithris (139) den Rialachán sealadach go bhfuil eintitis a bhaineann le táirgeoirí an Aontais ag allmhairiú MEG ó Ríocht na hAraibe Sádaí agus d’áitigh sé gur comhartha é gur lean cuideachtaí gaolmhara ag allmhairiú MEG ó Ríocht na hAraibe Sádaí tar éis thús an imscrúdaithe nach raibh sé i gceist ag táirgeoirí an Aontais riachtanais úsáideoirí a chomhlíonadh.

(122)

Tá maíomh SABIC tuairimeach ar fad agus níl aon fhianaise thacaíochta ag gabháil leis. Mar a thuairiscítear in aithris (136) den Rialachán sealadach, d’allmhairigh na cuideachtaí gaolmhara sin méideanna an-bheaga MEG ó Ríocht na hAraibe Sádaí le linn na tréimhse imscrúdaithe agus, dá bhrí sin, ní féidir teacht ar aon chonclúid fhóinteach ina leith sin. Thairis sin, mar a shonraítear in aithris (139) den Rialachán sealadach, níor chomhoibrigh an táirgeoir sonrach sin de chuid an Aontais agus ba tháirgeoir an-bheag a bhí ann ar aon nós. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(123)

Mhaígh SABIC freisin gur luaigh an Coimisiún sa Rialachán sealadach gur ríomhadh na sonraí do tháirgeoirí neamh-chomhoibríocha an Aontais bunaithe ar fhaisnéis mhargaidh agus gur cheart na sonraí sin a roinnt leis na páirtithe leasmhara.

(124)

Mar a thuairiscítear in aithris (133) den Rialachán sealadach, rinne an gearánach meastachán ar na sonraí do tháirgeoirí neamh-chomhoibríocha an Aontais bunaithe ar fhaisnéis mhargaidh. Is mian leis an gCoimisiún a shoiléiriú go dtagann cuid de na sonraí faisnéise margaidh ó shonraí arna meas ag Wood Mackenzie Chemicals Global Supply Demand Analytic Service (“Wood Mackenzie”) atá faoi chóipcheart ach a cuireadh ar fáil do pháirtithe leasmhara mar chuid den chomhad oscailte in aon chás, tar éis an cead riachtanach a fháil. Go deimhin, fuair an gearánach comhaontú an 29 Aibreán ó Wood Mackenzie chun táirgeadh iomlán MEG agus tomhaltas iomlán MEG a nochtadh ar bhonn AE-28 (14) le linn na tréimhse 2017 go 2020, nochtadh a cuireadh i gcomhad neamhrúnda an imscrúdaithe (15). Tháinig an difríocht bheag idir an méid táirgthe a tuairiscíodh i dtábla 4 den Rialachán sealadach agus an méid táirgthe arna mheas ag Wood Mackenzie as an bhfíric go raibh méid táirgthe tháirgeoirí samplaithe an Aontais bunaithe ar fhíorshonraí in áit a bheith bunaithe ar mheastacháin. Mar sin féin, léiríonn an dá thacar sonraí an treocht chéanna atá ag laghdú. Tá na sonraí maidir le tomhaltas arna meas ag Wood Mackenzie beagán níos airde ná na sonraí faoi seach a thuairiscítear i dtábla 1 den Rialachán sealadach ós rud é go bhfuil sonraí Wood Mackenzie bunaithe ar AE28 agus tá tábla 1 bunaithe ar shonraí AE27.

(125)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh SABIC a mhaíomh a shonraítear in aithris (121) gan aon eilimint nua a chur ar fáil i ndáil leis sin.

(126)

Ar na cúiseanna a míníodh in aithris (122), diúltaíodh don mhaíomh sin.

(127)

In éagmais aon bharúil eile maidir le sainmhíniú ar an tionscal de chuid an Aontais agus táirgeacht an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (132) go (140) den Rialachán sealadach.

4.2.   Cinneadh an mhargaidh ábhartha de chuid an Aontais

(128)

Thagair SABIC don chomhaontú malartaithe a bhfuil tuairisc air in aithris (145) den Rialachán sealadach agus d’iarr sé ar an gCoimisiún tuilleadh faisnéise a chur ar fáil maidir leis an tsaincheist sin a líomhnaigh i gcás nár tugadh an comhaontú i gcrích bunaithe ar dhálaí an mhargaidh, ní mór tionchar a bheith aige ar fheidhmíocht tháirgeoir an Aontais lena mbaineann.

(129)

Áirítear i measc sonraí an chomhaontaithe malartaithe faisnéis rúnda gnó nach féidir leis an gCoimisiún a nochtadh. In aon chás, níor shonraigh SABIC cén fhaisnéis bhreise ba cheart don Choimisiún a nochtadh ina leith sin. Mar a mhínítear in aithris (145) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún measúnú an mbeadh treocht na brabúsachta nó an toradh go raibh díobháil ábhartha ann do thionscal an Aontais difriúil dá gcuirfí na díolacháin faoin gcomhaontú malartaithe san áireamh sa mheasúnú ar na táscairí micreacnamaíocha agus tháinig sé ar an gconclúid nach mbeadh aon tionchar ag an gcuimsiú sin ar na torthaí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(130)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí faoi mar atá leagtha amach in aithrisí (141) go (147) den Rialachán sealadach.

4.3.   Tomhaltas an Aontais

(131)

Mhaígh SABIC go raibh an anailís ar thomhaltas an Aontais easnamhach ós rud é nár mhínigh an Coimisiún an fáth ar tháinig laghdú ar an tomhaltas le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(132)

Mar a thuairiscítear in aithris (150) den Rialachán sealadach, bhí tomhaltas ar an saormhargadh san Aontas cobhsaí go leor, laghdú de bheagnach 1 % a bhí ann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Déantar an margadh faoi chuing de na díolacháin faoi chuing a thuairiscítear in aithris (180) den Rialachán sealadach ar díolacháin leis an ngnó fuaráin den chuid is mó iad. Mar a mhínítear in aithris (238) den Rialachán sealadach, tháinig laghdú ar dhíolachán MEG leis an ngnó fuaráin le linn na tréimhse imscrúdaithe mar gheall ar phaindéim COVID-19. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don mhaíomh.

(133)

Sna barúlacha a thug siad tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh SABIC a mhaíomh in aithris (131). D’áitigh sé freisin nár tacaíodh leis na míniúcháin a thugtar in aithris (132) leis na sonraí a tuairiscíodh sa Rialachán sealadach toisc gur thosaigh méid na ndíolachán ar an margadh faoi chuing ag meath in 2018 agus gur tharla an laghdú is suntasaí i ndearbhthéarmaí in 2019, roimh thús phaindéim Covid-19. D’áitigh sé freisin cé go raibh an margadh faoi chuing níos lú ná margadh an tsaormhargaidh, ní raibh sé neamhshuntasach agus, dá bhrí sin, bhí tionchar ag an laghdú ar dhíolacháin ar an margadh faoi chuing ar fheidhmíocht tháirgeoirí an Aontais. Ina theannta sin, d’áitigh SABIC gur ardaíodh ceisteanna mar gheall ar na treochtaí comhchosúla i meath díolacháin ar an margadh faoi chuing agus i ndíolacháin an tsaormhargaidh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mar a dheimhnigh an Coimisiún nach allmhairí ó Ríocht na hAraibe Sádaí agus ó na Stáit Aontaithe ba chúis leis an meath ar dhíolacháin ar an margadh faoi chuing.

(134)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an méid sin. Mar a shonraítear in aithris (226) den Rialachán sealadach, níl sa mhargadh faoi chuing ach 12,6 % de tháirgeadh thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, mar a shonraítear in aithris (227) den Rialachán sealadach, i bhfianaise mhéid teoranta an mhargaidh faoi chuing, níor chuir forbairt an mhargaidh sin leis an meath a tháinig ar thionscal an Aontais ar aon bhealach suntasach agus ní léiriú í an fhorbairt sin ar mheath an tionscail sin. Ní raibh aon tásc ann maidir leis an gcaoi go bhféadfadh deighleog mhargaidh nach bhfuil ach 12,6 % den mhéid táirgthe inti tionchar níos airde a bheith aici ná an deighleog mhargaidh ina bhfuil 87,4 % den mhéid táirgthe. Dá bhrí sin, sa chás sin ba iad na díolacháin ar an saormhargadh seachas ar an margadh faoi chuing a raibh mórthionchar acu ar staid thionscal an Aontais.

(135)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí faoi mar atá leagtha amach in aithrisí (148) go (150) den Rialachán sealadach.

4.4.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

4.4.1.   Measúnú carnach ar éifeachtaí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(136)

D’athdhearbhaigh SABIC agus Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí a maíomh nár cheart éifeachtaí na n-allmhairí ó Ríocht na hAraibe Sádaí a charnadh leis na hallmhairí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá mar (1) nach ndearnadh na hallmhairí ó Ríocht na hAraibe Sádaí a dhumpáil ar mhargadh an Aontais agus (2) go raibh treochtaí méideanna na n-allmhairí de thionscnamh Ríocht na hAraibe Sádaí éagsúil ó threochtaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rud a léiríonn nach raibh na hallmhairí ó Ríocht na hAraibe Sádaí in iomaíocht leis na hallmhairí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus ós rud é go bhfuair an Coimisiún amach gur tráchtearra a bhí i MEG agus gur ar an bpraghas den chuid ba mhó a bhí an t-iomaíochas bunaithe. Thagair Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí i ndáil leis seo do Thuarascáil ón bPainéal i CE – Feadáin nó feistis píobáin (16) inar luaigh an painéal, de réir Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí, go bhféadfadh éabhlóid atá comhthreomhar den chuid is mó agus treocht méid agus praghsanna atá cosúil lena chéile a léiriú go cuí go bhféadfaí allmhairí a charnadh.

(137)

Mar a mhínítear in aithris (152) den Rialachán sealadach, tá dhá choinníoll leagtha síos in Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán maidir le measúnú carnach a dhéanamh ar éifeachtaí na n-allmhairí ó níos mó ná tír amháin. Is é an chéad choinníoll gur mó corrlach dumpála na n-allmhairí ó gach tír ná de minimis agus nach diomaibhseach méid na n-allmhairí ó gach tír. Léiríodh san imscrúdú go ndearnadh na hallmhairí ó Ríocht na hAraibe Sádaí agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá a dhumpáil ar mhargadh an Aontais mar a shonraítear in aithrisí (89) agus (120) agus gur léir nach raibh méid na n-allmhairí diomaibhseach mar a thuairiscítear i dtábla 2 den Rialachán sealadach agus a dearbhaíodh ag céim chinntitheach. Maidir le tagairt an Phainéil do threochtaí méid agus praghsanna i CE – Feadáin nó Feistis Píobáin, fuair an Painéal amach go raibh treocht den sórt sin ina léiriú le haghaidh carnadh seachas coinníoll le haghaidh carnadh. Is é an dara coinníoll gurb iomchuí measúnú carnach a dhéanamh ar éifeachtaí na n-allmhairí i bhfianaise na gcoinníollacha iomaíochta idir táirgí allmhairithe agus na gcoinníollacha iomaíochta idir na táirgí allmhairithe agus an táirge Aontais comhchosúil. Mar a thuairiscítear go mionsonraithe in aithris (154) den Rialachán sealadach, bhí na coinníollacha iomaíochta idir na hallmhairí dumpáilte ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ó Ríocht na hAraibe Sádaí agus idir na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus an táirge comhchosúil cosúil lena chéile agus, dá bhrí sin, comhlíonadh an coinníoll sin freisin. Go háirithe, bíonn na táirgí allmhairithe in iomaíocht dhian le chéile agus leis an MEG arna tháirgeadh san Aontas mar go bhfuil MEG ina thráchtearra atá an-phraghas-íogair agus aonchineálach agus go ndíoltar é le catagóirí custaiméirí atá cosúil le chéile agus a úsáidtear i bhfeidhmeanna comhchosúla. Tá na táirgí go hiomlán idirmhalartaithe freisin. Níor mhínigh SABIC ná Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí conas nach mbeadh MEG de thionscnamh Ríocht na hAraibe Sádaí cosúil le MEG ó fhoinsí eile ná ón Aontas. Ós rud é nach ionann treocht mhéid na n-allmhairí ón dá thír, ní chiallaíonn sé sin nach ndíoltar iad faoi choinníollacha iomaíochta comhchosúla. Go deimhin, ní léirítear sa difríocht idir treochtaí méide ach a mhalairt sa chás seo; tosaíonn an sciar den mhargadh atá ag Ríocht na hAraibe Sádaí ag laghdú go díreach nuair a éiríonn le hallmhairí SAM, agus tarlaíonn sé seo nuair a théann praghsanna allmhairiúcháin SAM faoi bhun na bpraghsanna allmhairiúcháin Ríocht na hAraibe Sádaí. Is é sin an gnáth-éifeacht iomaíochta le haghaidh tráchtearra atá an-phraghas-íogair agus aonchineálach, mar shampla MEG. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(138)

Sna barúlacha a thug siad tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh, d’athdhearbhaigh Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí agus SABIC arís a gcuid barúlacha maidir le carnadh a cuireadh in iúl in aithris (136) gan aon fhianaise nua a chur ar fáil.

(139)

Mar gheall ar na cúiseanna a míníodh in aithris (137), diúltaíodh don mhaíomh sin.

(140)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an roinn sin, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (151) go (158) den Rialachán sealadach.

4.4.2.    Méid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus an sciar den mhargadh atá i gceist leo

(141)

Ina mbarúlacha tar éis an nochta deiridh, mhaígh GKSA nach raibh an anailís ar mhéid na n-allmhairí bunaithe ar scrúdú oibiachtúil ar an bhfianaise dhearfach mar a éilítear faoi Airteagal 3.1 de chuid ADA, agus nach raibh míniú leormhaith nó réasúnta chun tacú leis an toradh gurbh ann do mhéadú suntasach ar allmhairí MEG ón Araib Shádach nó ón Araib Shádach agus ó SAM ar bhonn carnach de réir bhrí Airteagal 3.2 ADA. Go háirithe, maíodh gur tháinig laghdú suntasach ar mhéid na n-allmhairí MEG ón Araib Shádach idir 2018 agus tréimhse an imscrúdaithe agus laghdaíodh méid carnach allmhairí MEG ón Araib Shádach agus ó SAM le linn thréimhse an scrúdaithe le hais 2019.

(142)

Níor aontaigh an Coimisiún leis na maímh sin. Ar an gcéad dul síos, mar a míníodh in aithris (156) den Rialachán sealadach, scrúdaíodh na hallmhairí ó SAM agus ón Araib Shádach go carnach chun críoch an díobháil a chinneadh toisc gur comhlíonadh na critéir uile a leagtar amach in Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán. Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (161) den Rialachán sealadach, tháinig méadú 38 % ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Thairis sin, léiríonn Tábla 2 den bhun-Rialachán gur méadaíodh allmhairí ó na tíortha lena mbaineann in aghaidh na bliana idir 2017 agus 2019. Cé gur tháinig laghdú ar allmhairí le linn thréimhse an imscrúdaithe le hais 2019, fós féin bhí méadú 38 % foriomlán ó mhéid na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(143)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (159) go (161) den Rialachán sealadach.

4.4.3.   Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(144)

Mhaígh SABIC agus MEGlobal Americas gur cheart don Choimisiún an luach CAL iarbhír a thuairiscigh siad a úsáid chun an sladghearradh agus an corrlach díobhála a ríomh seachas úsáid a bhaint as an “luach CAL ríofa”.

(145)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Ó tharla go ndearnadh coigeartú ar an bpraghas onnmhairiúchán a bhí ag SABIC agus MEGlobal Americas de bhun Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán, shuigh an Coimisiún gurbh é a bhí sa “luach CAL ríofa” an sonrasc don chéad chustaiméir neamhspleách lúide na coigeartuithe ag an bpointe CAL agus lúide na costais SGA agus an corrlach brabúis a baineadh as an praghas onnmhairiúcháin faoi Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán le haghaidh na dtrádálaithe/allmhaireoirí a bhí suite san Aontas. Ó tharla go dtagraíonn Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán don phraghas onnmhairiúcháin, cuireann an Coimisiún forálacha an Airteagail seo i bhfeidhm, de réir analaí, le haghaidh an phraghais CAL ríofa chun é a chur i gcomparáid le praghas an Aontais.

(146)

Ina theannta sin, ag an gcéim shealadach bhain an Coimisiún go hearráideach na costais SGA agus an corrlach brabúis le haghaidh na dtrádálaithe/allmhaireoirí a bhí suite lasmuigh den Aontas, nuair a bhí an luach CAL ríofa á shuí aige le haghaidh MEGlobal Americas. Ceartaíodh é sin dá réir. An toradh a léirigh nárbh ann d’aon sladghearradh ag na hallmhairí ó SAM ag an gcéim shealadach, is rud é sin nár athraigh an t-athbhreithniú seo é.

(147)

Mhaígh SABIC freisin nár thuig sé an fáth nach raibh an Coimisiún in ann a gcuid praghsanna iarbhír féin, seachas raonta praghsanna amháin, a chur ar fáil dóibh sa ríomhanna maidir le sladghearradh agus leis an gcorrlach brabúis.

(148)

An méid onnmhairiúcháin agus na praghsanna a úsáideadh chun an sladghearradh agus na corrlaigh díobhála de chuid SABIC a ríomh, áiríodh iontu siad na díolachán a rinneadh trí chomhfhiontair ghaolmhara, ExxonMobil agus SPDC/Mitsubishi. Ar chúiseanna rúndachta agus i gcomhréir le hAirteagal 19 den bhun-Rialachán, bhí ar an gCoimisiún an méid iomlán agus na praghsanna a nochtadh i raonta ionas nach mbeadh SABIC in ann sonraí rúnda maidir le díolacháin na gcomhfhiontar a shuí.

(149)

Shonraigh SABIC agus MEGlobal Americas nár aontaigh siad le conclúid an Choimisiúin in aithris (168) den Rialachán sealadach toisc, dar leo, gurbh iad na táirgeoirí agus na húsáideoirí de chuid an Aontais seachas na hallmhaireoirí a shocraigh na praghsanna MEG agus gur ar chaibidlíocht idir táirgeoirí de chuid an Aontais agus a gcustaiméirí a cinneadh an Praghas Conartha Eorpach (“ECP”). Conclúidí an Choimisiúin in aithris (243) den Rialachán sealadach go ndearna onnmhaireoirí na hAraibe Sádaí agus SAM praghas díola MEG a bhrú síos tríd an lascaine a chur siad ar fáil do cheannaitheoirí a mhéadú, fiú más rud é go ndearna siad a bpraghas díola a nascadh ar mhargadh an Aontais le ECP, is amhlaidh a mhaígh SABIC agus MEGlobal Americas nach raibh feidhm ag na conclúidí sin maidir lena ndíolacháin MEG agus nach raibh san athraithe praghais ach toradh ar luaineacht ECP.

(150)

Is cosúil go bhfuil SABIC agus MEGlobal Americas ag cur in iúl go bhfuil an margadh MEG san Aontas roinnte ar chaoi éigin idir táirgeoirí de chuid an Aontais agus onnmhaireoirí de chuid an Aontais agus nach ann d’aon iomaíocht eatarthu. Is amhlaidh nach n-aithníonn SABIC agus MEGlobal Americas gur fiú amháin mura nglacann ach na táirgeoirí de chuid an Aontais páirt sna suirbhéanna leis an gnólachtaí comhairliúchán a agus a thugann an fhaisnéis is ga dóibh maidir lena gconarthaí chun ECP a shocrú, nuair a dhéanann táirgeoirí de chuid an Aontais an praghas a chaibidliú lena gcustaiméirí ar mhargadh an Aontais, tá tionchar ag an iomaíocht leis na honnmhaireoirí ar chaibidlíocht na bpraghsanna. Is féidir leis na táirgeoirí de chuid an Aontais dul in iomaíocht leis na honnmhaireoirí, na hallmhaireoirí agus na trádálaithe de bhrí gur féidir leis na húsáideoirí MEG a cheannach ó aon cheann acu. An brú a chuireann na honnmhaireoirí ó na tíortha lena mbaineann ar mhargadh an Aontas, i rud é sin ba chúis le táirgeoirí de chuid an Aontais a bpraghsanna díola a laghdú ionas go gcoinneoidís ar a laghad cuid dá sciar den mhargadh mar a shonraítear in aithris (188) go (190) agus (213) den Rialachán sealadach. Ó tharla go mbíonn gach cineál díoltóra ag nascadh a bpraghas díola le ECP, is é an lascaine a chuireann an bhrú, mar a mhionsonraítear in aithris (213). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(151)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochta deiridh, shonraigh GKSA nár leormhaith an míniú a thug an Coimisiún as an “luach CAL ríofa” a úsáid chun an sladghearradh agus an corrlach díobhála a ríomh, seachas gur chuir sé Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán i bhfeidhm de réir analaí. Shonraigh GKSA, SABIC agus MEGlobal Americas gur bhain Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán maidir le cinneadh an phraghais onnmhairiúcháin chun an corrlach dumpála a chinneadh seachas an corrlach díobhála agus d’iarr siad ar an gCoimisiún a mheasúnú ar éifeachtaí praghais na n-allmhairí ón Araib Shádach a bhunú ar phraghsanna iarbhír na n-allmhairí sin.

(152)

A mhéid a bhaineann le ríomh an tsladghearrtha, d’fhéach an Coimisiún ar an bpointe a ndeachaigh na hallmhairí in iomaíocht le táirgí na dtairgeoirí de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais, agus dá bhrí sin, d’fhéach sé ar phraghas ceannaigh an chéad pháirtí neamhghaolmhair de bhrí go raibh sé de rogha ag an bpáirtí sin an táirge a fháil ó thionscal an Aontais nó ó sholáthróirí thar lear. I gcás na bpraghsanna onnmhairiúcháin le haghaidh allmhaireoirí gaolmhara, baineadh úsáid as an modheolaíocht mar a shocraítear in Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Cur i bhfeidhm Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán de réir analaí, is rud é sin trínar féidir praghas a shuí atá go hiomlán inchomparáide leis an bpraghas a úsáidtear nuair a dhéantar scrúdú ar díolacháin le custaiméirí neamhghaolmhara agus tá sé inchomparáide freisin le praghas díola de chuid thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, bhí údar leis na costais SGA agus an brabús a bhaint den phraghas athdhíola le custaiméirí neamhghaolmhara sna díolacháin a rinne an t-allmhaireoir gaolmhar.

(153)

Bhí gá leis an mbaint seo chun go bhféadfaí an tearcdhíol a ríomh i go cruinn. Bhí spriocphraghas thionscal an Aontais bunaithe ar a gcostas táirge móide an spriocbhrabús gan a chur san áireamh ar díoladh na táirgí le custaiméirí gaolmhara nó neamhghaolmhara san Aontas ina dhiaidh sin agus, dá réir sin, níor áiríodh iontu aon chostais SGA ná brabús a bhain le heintitis díola ghaolmhara san Aontas ach oiread.

(154)

Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(155)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochta deiridh, athdhearbhaigh SABIC a mhaíomh gur chloígh sé le ECP agus nár shocraigh sé é, agus gur leantóir praghsanna seachas socraitheoir praghsanna ar mhargadh an Aontais a bhí ann toisc gurbh iad táirgeoirí agus úsáideoirí de chuid an Aontais a shocraigh na praghsanna.

(156)

Mar a mhínítear in aithris (150), téann na táirgeoirí de chuid an Aontais in iomaíocht leis na honnmhaireoirí, na hallmhaireoirí agus na trádálaithe de bhrí gur féidir leis na húsáideoirí MEG a cheannach ó aon cheann acu. Dá bhrí sin, nuair a dhéanann táirgeoirí an Aontais an praghas ar mhargadh an Aontais chaibidliú lena gcustaiméirí, bíonn tionchar ag an iomaíocht leis na honnmhaireoirí ar chaibidlíocht na bpraghsanna. Thairis sin, meabhraítear nach bhfuil in ECP ach gné amháin den phraghas deiridh agus go bhfuil an iomaíocht idir páirtithe bunaithe ar na lascaine a chuirtear i bhfeidhm maidir le ECP. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(157)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (162) go (168) den Rialachán sealadach.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha ginearálta

(158)

Mhaígh SABIC, MEGlobal Americas agus GKSA nár léiriú cruinn neamhchlaonta ar an suíomh a bhí sa mheasúnú ar dhíobháil agus ar an nasc cúisíoch a bhí bunaithe ar shonraí le haghaidh tréimhsí éagsúla, 2017, 2018, 2019 agus mí Iúil 2019 - mí an Mheithimh 2020 (tréimhse an imscrúdaithe) toisc go raibh forluí idir an bhliain 2019 agus tréimhse an imscrúdaithe den chuid is mó. I ndáil leis sin, thagair GKSA do Thuarascáil an Bhuanchomhlachta Achomhairc Meicsiceo - Bearta Frithdhumpála ar an rís (17), tuarascáil inar suíodh nach féidir “léiriú cruinn neamhchlaonta” a fháil ó chomparáid idir dhá shraith sonraí atá ann cosúil lena chéile, toisc nach féidir treochtaí arna gcinneadh ar bhonn oibiachtúil a shuí i ngeall air. Thairis sin, áitíodh go ndearnadh saobhadh ar an gcomparáid i ngeall ar an ngné shéasúrach agus chiorclach a bhaineann le díolacháin MEG. Ar deireadh, maíodh gur cheart don Choimisiún anailís bhliantúil a dhéanamh seachas a mheasúnú díobhála a bhunú go príomh ar chomparáid idir tréimhse an imscrúdaithe agus 2017 toisc nach bhfuil treochtaí líneacha ag baint leis an tréimhse faoi bhreathnú.

(159)

Bíodh go raibh forluí idir chuid de thréimhse an imscrúdaithe agus sé mhí den bhliain iomlán féilire/airgeadais dheireanach, ní rud é sin a rinne shaobhadh ar an measúnú ar dhíobháil agus ar nasc cúisíoch toisc go ndearna an measúnú le linn na tréimhse faoi bhreathnú uile, mar a leagtar síos in aithris (68) den Rialachán sealadach. Thairis sin, an gné shéasúrach chiorclach a líomhnaítear a bheith ag díolacháin MEG, maolaítear é sin leis an gcaoi a ndéantar an measúnú ar feadh blianta féilire iomlána agus tá 12 mhí ag baint le tréimhse an imscrúdaithe freisin. Ar deireadh, níor bunaíodh an measúnú díobhála go príomha ar chomparáid idir tréimhse an imscrúdaithe agus 2017. Chuir an Coimisiún san áireamh an gcaoi ar fhorbair na táscairí maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha uile le linn na tréimhse faoi bhreathnú uile. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(160)

D’áitigh SABIC agus MEGlobal Americas thairis sin go raibh amhras ag baint le cruinneas na faisnéise toisc nár shonraigh an Coimisiún sa Rialachán sealadach gur fhíoraigh sé na sonraí a chuir an gearánacha isteach maidir leis na táscairí maicreacnamaíocha.

(161)

Níor aontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Sa Rialachán sealadach, níor shonraigh an Coimisiún go ndearnadh an freagra a thug an gearánach ar an macraí-cheistneoir a chros-seiceáil trí phróiseas RCC, rud a d’fhág sé ar lár go hearráideach. Bíodh sin mar atá, i gcomhad neamhrúnda an imscrúdaithe, bhí rochtain ag SABIC agus MEGlobal Americas ar an leagan neamhrúnda den tuarascáil RCC inar sonraíodh go ndearna an Coimisiún cros-seiceáil ar an macrai-cheistneoir agus bhí rochtain acu freisin ar na freagraí ar an litir easnaimh i ndáil leis sin a chuir an gearánach isteach. Thairis sin, sa Rialachán sealadach, shainaithin an Coimisiún go raibh an freagra fíoraithe ar an gceistneoir ón ngearánach ina fhoinse le haghaidh gach tábla a léirigh táscairí maicreacnamaíocha.

(162)

Mhaígh SABIC agus MEGlobal Americas freisin gur bhain an Coimisiún úsáid as dhá fhoshraith éagsúla de shonraí chun measúnú a dhéanamh ar tháscairí maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha, agus ó tharla sin amhlaidh, go bhféadfadh go mbeadh torthaí agus conclúidí suibiachtúla ina dtoradh air sin, rud nach bhfuil ag teacht leis na hardchaighdeáin a fhorchuirtear le hAirteagal 3(2) den bhun-Rialachán. D’iarr MEGlobal Americas ar an gCoimisiún a thorthaí a bhunú ar shonraí a bhaineann leis na táirgeoirí sampláilte, sin nó le táirgeoirí uile an Aontais.

(163)

Nuair atá líon mór táirgeoirí i dtionscal an Aontais, is gá don Choimisiún táirgeoirí an Aontais a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. Mar sin féin, cé go mbaineann sé úsáid as sampláil, tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionscal an Aontais ina iomláine agus dá bhrí sin déantar measúnú ar na táscairí maicreacnamaíocha ar leibhéal thionscal an Aontais ina iomláine. Chun sonraí a bhailiú le haghaidh na dtáscairí maicreacnamaíocha, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig an ngearánach agus chuir sé an faisnéis ba ghá ar fáil. Mar a mhínítear in aithris (161), rinne an Coimisiún an fhaisnéis sin a chros-seiceáil ar an gcaoi chéanna agus a rinne sé an fhaisnéis a chuir na táirgeoirí isteach a chros-seiceáil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(164)

Sna barúlacha a thug siad tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh GKSA agus SABIC a maíomh mar a shonraítear in aithris (158) gan aon ghné nua i ndáil leis sin a chur leis.

(165)

Dá bhrí sin, cloíonn an Coimisiún lena chonclúidí mar a shonraítear in aithris (159).

(166)

Thairis sin, d’áitigh GKSA nár chuir an Coimisiún aon mhíniú réasúnta ná leordhóthanach ar fáil maidir leis an bhfáth nach ndearna na tosca a léirigh treochtaí dearfacha difear don chonclúid fhoriomlán maidir le staid thionscal an Aontais. Thairis sin, maíodh go raibh amhras ag baint le cruinneas agus oibiachtúlachta na hanailíse i ngeall ar roinnt torthaí sonracha a bhain le staid thionscal an Aontais.

(167)

Thug an Coimisiún dá aire nár shonraigh GKSA cé na tosca a léirigh treochtaí dearfacha ná cé na torthaí sonrach maidir le staid thionscal an Aontais a raibh tagairt á déanamh aige dóibh. Dá bhrí diúltaíodh don mhaíomh sin toisc nach raibh bunús leis.

(168)

Thairis sin, mhaígh GKSA nár sholáthar an Coimisiún míniú leordhóthanach maidir leis an bhfáth nach gcuirfí oibiachtúlacht an mheasúnaithe agus na dtorthaí i mbaol i ngeall ar úsáid an dá fhoshraith sonraí chun measúnú a dhéanamh ar tháscairí maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha.

(169)

Thug an Coimisiún dá aire nár shonraigh GKSA an fáth nár leordhóthanach na mínithe a tugadh i ndáil leis sin in aithris (163). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(170)

Thairis sin, d’áitigh GKSA agus SABIC nár sholáthar an Coimisiún míniú sásúil maidir le hiontaofacht na faisnéise ar tháirgeoirí an Aontais ina iomláine seachas a lua go ndearna sé an fhaisnéise a chros-seiceáil.

(171)

Níor aontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Mar a mhínítear in aithris (163), rinne an Coimisiún an fhaisnéis sin a chros-seiceáil ar an gcaoi chéanna agus a rinne sé an fhaisnéis a chuir na páirtithe eile isteach a chros-seiceáil. Ciallaíonn sé sin gur eagraigh an Coimisiún cros-seiceáil chianda leis an ngearánach, faoi mar a rinne sé leis na páirtithe eile, agus rinne sé cros-seiceáil, i measc nithe eile, ar fhoinse na faisnéise a cuireadh ar fáil agus ar an modheolaíocht ríofa ar baineadh úsáid aisti. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(172)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (169) go (173) den Rialachán sealadach.

4.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

(173)

Mhaígh SABIC go raibh sé mícheart go ndearna an Coimisiún méid na n-allmhairí a chur i gcomparáid le treochtaí maidir le táirgeadh an Aontais in aithris (175) den Rialachán sealadach, toisc nach raibh aon comhghaol docht idir na treochtaí maidir le méid na n-allmhairí agus leis an táirgeadh.

(174)

Ní aontaíonn an Coimisiún leis an maíomh sin. Sonraítear na fíorais in aithris (175) den Rialachán sealadach. Ní chuireann SABIC i gcoinne na dtorthaí sin. Dá bhrí sin, diúltaítear don mhaíomh sin.

(175)

Mhaígh SABIC nár chuir an Coimisiún san áireamh san anailís fás thionscal an Aontais agus an méadú ar dhíolacháin na dtáirgí eitiléine iartheachtacha eile.

(176)

Baineann raon feidhme an imscrúdaithe seo le MEG agus ní bhaineann le táirgí eitiléine iartheachtacha eile. Níl aon bhaint ag an bhfás líomhnaithe i dtaca le táirgí eitiléine iartheachtacha eile ar an measúnú díobhála maidir le táirgeoirí MEG an Aontais. Is mar chuid dá mheasúnú ar chúisíocht in aithrisí (228) go (231) den Rialachán sealadach a rinne an Coimisiún measúnú ar thionchar an fháis líomhnaithe i dtaca le táirgí eitiléine iartheachtacha eile mar chúis leis an díobháil ábhartha a bhain do tháirgeoirí MEG an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(177)

Mhaígh SABIC nár mhínigh an Coimisiún an praghas níos airde ar dhíolacháin faoi chuing.

(178)

Bhí an praghas ar dhíolacháin faoi chuing níos airde ná an praghas ar dhíolacháin ar an margadh saor in 2019 agus le linn thréimhse an imscrúdaithe. Tharla sé sin toisc gur thug tionscal an Aontais lascainí níos ísle dá chuideachtaí gaolmhara ná dá chustaiméirí neamhghaolmhara maidir leis an bPraghas Conartha Eorpach (“ECP”) ar MEG.

(179)

In éagmais barúlacha eile maidir le táscairí maicreacnamaíocha, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (174) go (186) den Rialachán sealadach.

4.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

(180)

Mhaígh SAIC nár chuir an Coimisiún san áireamh go raibh na hinfheistíochtaí teoranta in 2018 nuair a bhí an brabús is mó á bhaint amach ag táirgeoirí an Aontais, le hais thréimhse an imscrúdaithe.

(181)

Mar a mhínítear in aithris (199) ba é cuspóir na n-infheistíochtaí a rinne thionscal an Aontais, sócmhainní dochta a bhí imithe in éag ionadú. Ó tharla go raibh líon beag infheistíochtaí in 2018 nuair a bhí an brabús is mó á bhaint amach ag tionscal an Aontais, is rud é sin a léiríonn nár ghá le tionscal an Aontais tuilleadh sócmhainní dochta a bhí imithe in éag ionadú.

(182)

In éagmais barúlacha eile maidir le táscairí micreacnamaíocha, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (187) go (201) den Rialachán sealadach.

4.5.4.   Conclúid maidir leis an díobháil

(183)

D’áitigh SABIC, MEGlobal Americas agus CMPE gur cheart don Choimisiún na sonraí iar-imscrúdaithe a chur san áireamh toisc gur mhéadaigh ECP ar MEG tar éis thréimhse an imscrúdaithe, agus líomhnaítear gur rud é sin a chruthaigh feabhsuithe suntasacha ó thaobh bhrabúsacht tháirgeoirí an Aontais de, agus go raibh tréimhse an imscrúdaithe faoi thionchar ag paindéim COVID-19 agus ag na praghsanna ísle ar fud an domhain.

(184)

Maidir leis an anailíse díobhála, meabhraíonn an Coimisiún, mar a fhoráiltear in Airteagal 6(1) den bhun-Rialachán, nach gcuirtear faisnéise bhaineann le tréimhse i ndiaidh thréimhse an imscrúdaithe sa áireamh de ghnáth. Thairis sin, níl aon fhaisnéis ar comhad a dheimhníonn go gcuirfeadh méadú praghais líomhnaithe feabhas ar staid eacnamaíoch tháirgeoirí an Aontais nó gur rud inbhuanaithe go fadtéarmach a bheadh in aon fhorbairt a tharlódh tar éis thréimhse an imscrúdaithe, seachas forbairt shealadach i bhfianaise fhorbairt an mhargaidh i gcomhthéacs phaindéim COVID-19. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(185)

Mhaígh SABIC gur bhfuil saoráidí táirgthe eitiléine ag roinnt táirgeoirí MEG de chuid an Aontais agus dá bhrí sin níor cheart ach an corrlach brabúis le haghaidh MEG a chur san áireamh toisc go bhféadfadh sé go gcinnfeadh táirgeoirí MEG an Aontais an chuid is mó dá mbrabús nó a mbrabús go léir a dhéanamh ón gcéim eitiléine agus dá bhrí sin ní mór aird a thabhairt ar an mbrabúsacht thar an slabhra luacha comhtháite chun measúnú a dhéanamh ar bhrabúsacht na dtáirgeoirí comhtháite de chuid an Aontais.

(186)

Baineann an t-imscrúdú seo le MEG seachas leis an eitiléin. Dá bhrí sin, is gá don Choimisiún brabúsacht MEG a mheas seachas brabúsacht na heitiléine. Mar sin féin, nuair a bhí measúnú á dhéanamh aige ar chostas táirgthe MEG le haghaidh na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a raibh MEG á sholáthar acu laistigh de ghrúpa, rinne Coimisiún measúnú le fáil amach an raibh costas na heitiléine i gcostas táirgthe MEG taifeadta ar phraghsanna réasúnta sna taifid chuntasaíochta ionas nach laghdófaí brabúsacht MEG trí chostas na heitiléine a mhéadú go bréagach. Léirigh an t-imscrúdú gur chuir táirgeoirí an Aontais costas na heitiléine san áireamh i gcostas táirgthe MEG ar chostas táirgthe na heitiléine móide corrlach beag. Dá bhrí sin, ní raibh aon aistriú brabús ó MEG go dtí an eitiléin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(187)

Sna barúlacha a thug siad tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh SABIC a maíomh gur tháinig méadú ar phraghsanna sa tréimhse i ndiaidh thréimhse an imscrúdaithe. Mhaígh sé thairis sin, nach forbairt shealadach a bhí sna méaduithe ar phraghsanna agus thug sé fianaise ar aird ina leith sin. An fhianaise a luaigh SABIC, is fianaise í a cuireadh isteach ar bhonn rúnda amháin. Léirigh sé ECP réamh-mheasta ar MEG go dtí mí na Nollag 2022. Is é Wood Mackenzie foinse na faisnéise sin. D’athdhearbhaigh CMPE a maíomh freisin, tar éis thréimhse an imscrúdaithe, gur tháinig méadú ar ECP ar MEG. Thug sé cairt ar aird a léiríonn ECP ar MEG idir mí Eanáir 2014 agus mí Dheireadh Fómhair 2021. Thug sé cairt ar aird freisin a léiríonn an leathadh idir ECP ar MEG agus ECP ar an eitiléin. D’áitigh sé gur théarnaimh tionscal an Aontais ón díobháil ábhartha a bhain dó le linn thréimhse an imscrúdaithe i ngeall ar threocht ECP ar MEG agus ar eitiléin.

(188)

Mar a mhínítear in aithris (184), mar a fhoráiltear in Airteagal 6(1) den bhun-Rialachán, ní chuirtear faisnéis a bhaineann le tréimhse tar éis thréimhse an imscrúdaithe sa áireamh de ghnáth. An fhaisnéis a bhaineann leis an tréimhse iar-imscrúdaithe arna cur isteach ag na páirtithe, níl aon tionchar ag an bhfaisnéis sin ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe.

(189)

Sna barúlacha thug siad tar éis an nochta deiridh, mhaígh MEGlobal Americas gur ar bhonn thorthaí an Choimisiúin, bhí praghas díola MEG a tháirg táirgeoirí áirithe de chuid an Aontais i bhfad níos lú ná an praghas díola a bhí ag allmhaireoir, rud a bhí níos ísle ná an praghas díola a bhí ag MEGlobal International. Is rud é sin a dheimhnigh gur raibh MEG á dhíola ag an táirgeoir de chuid an Aontais ar phraghsanna a bhí i bhfad níos lú ná na hallmhairí MEG arna dtáirgeadh ag MEGlobal Americas, agus dá bhrí sin ba é an táirgeoir sin de chuid an Aontais ba chúis leis an díobháil a mhaígh sé go raibh ag baint dó. Thairis sin, d’iarr MEGlobal Americas ar an gCoimisiún a dheimhniú gur chloígh sé leis an gcur chuige céanna leis an gcur chuige a d’úsáid sé i leith ríomh an phraghais onnmhairiúcháin le haghaidh díolacháin le Equipolymers as díol MEG arna tháirgeadh ag táirgeoir áirithe de chuid an Aontais, nuair a bhí measúnú á dhéanamh aige ar an gcorrlach díobhála agus ar an díobháil ábhartha.

(190)

Luaigh an Coimisiún nár thuig MEGlobal Americas i gceart an anailís a cuireadh ar fáil sa nochtadh sonrach dá dtagraítear in aithris (106). An praghas a ndearna MEGlobal Americas tagairt dó in aithris (189) níorbh é sin an praghas díola a bhí ag an táirgeoir sin de chuid an Aontais, ach ba é an praghas ceannaigh a bhí ag MEGlobal Europe óna chuideachta ghaolmhar a fuair MEG ón táirgeoir de chuid an Aontais ar bhonn conradh malartaithe mar a mhínítear in aithris (145) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin toisc nach raibh bunús leo.

(191)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an gconclúid ar an díobháil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (202) go (208) den Rialachán sealadach.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Éifeacht na n-allmhairí dumpáilte

(192)

Mhaígh MEGlobal Americas nach bhfuil aon comhghaol ann idir feidhmíocht thionscal an Aontais agus na hallmhairí ó SAM agus ón Araib Shádach toisc gur tháinig méadú 19,4 % ar mhéid na n-allmhairí MEG ó SAM agus ón Araib Shádach idir 2017 agus 2018, agus san am céanna níor tháinig ach laghdú 0,12 % ar mhéid na ndíolachán a bhí ag táirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse céanna. Thairis sin, áitíodh gur tháinig méadú líneach ar allmhairí ó SAM agus ón Araib Shádach idir 2017 agus 2019, ach nach raibh feidhmíocht líneach ag baint le táirgeoirí an Aontais. Go sonrach, tháinig méadú 5 phointe céatadáin ar leibhéal praghais na dtáirgeoirí de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais idir 2017 agus 2018 sular tháinig laghdú air idir 2019, ach ag an am céanna bhí an costas táirgthe aonaid cobhsaí i gcónaí idir 2017 agus 2019, gan beann ar mhéadú na n-allmhairí ó SAM agus ón Araib Shádach.

(193)

Níor aontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. An méadú 19,4 % ar an sciar den mhargadh a bhí ag na tíortha lena mbaineann idir 2017 agus 2018, is rud é sin a bhí ina thoradh ar an méadú ar mhéid na n-allmhairí nach raibh ina gcúis le díobháil do thionscal an Aontais. Na hallmhairí ó SAM agus ón Araib Shádach, níor mhéadaigh siad go líneach idir 2017 agus 2019. Ciallaíonn méadú líneach go dtagann méadú seasmhach ar an bhfás gach bliain. Idir 2017 agus 2018, tháinig méadú 93 499 dtona ar na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann ach idir 2018 agus 2019 tháinig méadú 128 383 thona air (méadú 37 % níos mó ná idir 2017 agus 2018). Sa bhreis air sin, tháinig méadú 4.6 pointe céatadáin ar an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann idir 2017 agus 2018, agus tháinig méadú 7.7 pointe céatadáin air idir 2018 agus 2019. Thairis sin, idir 2018 agus 2019, tháinig méadú ó 4,6 % go dtí 12,9 % ar an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ó SAM. Mar a mhínítear in aithris (212) den Rialachán sealadach, is tráchtearra aonchineálach é MEG a díoltar i margadh atá an-trédhearcach. Thairis sin, tá na táirgeoirí onnmhairiúcháin ó SAM dírithe ar an allmhairiú agus tá méadú ag teacht ar a n-acmhainneacht táirgeachta mar a mhínítear in aithris (247) den Rialachán sealadach. Sna dálaí sin, chun a sciar den mhargadh ar mhargadh an Aontais a mhéadú, bhí ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid SAM MEG a dhíol ar mhargadh an Aontais ar phraghas a bhí níos ísle ná an praghas a bhí ag tionscal an Aontais agus ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hAraibe Sádaí. Bhí ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hAraibe Sádaí aithris a dhéanamh ar iompraíocht praghais na gcuideachtaí SAM chun a sciar den mhargadh ar mhargadh an Aontais a chosaint. Bhí ar na táirgeoirí de chuid an Aontais a bpraghsanna a laghdú freisin chun a sciar den mhargadh a chosaint. Mar sin féin, bhí an brú praghsanna chomh ard sin gur chaill tionscal an Aontais 7.3 pointe céatadáin dá sciar den mhargadh ar an margadh saor. An laghdú sin ar an bpraghas díola, cé go raibh laghdú ag teacht ar an gcostas táirgthe aonaid idir 2018 agus 2019 freisin, is rud é sin a chiallaigh gur bhain caillteanais idir 8,3 % agus 10,2 % do thionscal an Aontais in 2019. Thairis sin, ní raibh costas táirgthe aonaid cobhsaí ag tionscal an Aontais idir 2017 agus 2019 mar a mhaíonn MEGlobal Americas, ach bhí sé ag luainiú. Ar dtús tháinig méadú 3 % air idir 2017 agus 2018 agus ansin tháinig laghdú 2 % idir 2018 agus 2019. Dá bhrí sin, ba in 2019 a cuireadh iallach ar thionscal an Aontais a bpraghsanna a shocrú ar leibhéal a bhí i bhfad faoi bhun leibhéal a gcostas chun a chuid sciar den mhargadh a choimeád i ngeall ar an mbrú praghsanna a bhí á chur ag na hallmhairí ar phraghsanna níos ísle ó na tíortha lena mbaineann. Dá bhrí sin, tá comhghaol soiléir idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(194)

In éagmais barúlacha eile maidir le héifeacht na n-allmhairí dumpáilte, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (210) go (213) den Rialachán sealadach.

5.2.   Éifeachtaí na dtosca eile

(195)

D’áitigh MEGlobal Americas nár thug an Coimisiún aghaidh ar éifeacht na dtosca eile seachas na hallmhairí ó SAM agus ón Araib Shádach a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis an meath a tháinig ar fheidhmíocht thionscal an Aontais.

(196)

Tagraíonn an Coimisiún d’athrisí (210) agus (253) den Rialachán sealadach ina ndéantar mionanailís ar na héifeachtaí a bhí ag 13 thosca den sórt sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(197)

Mhaígh SABIC nár mheas an Coimisiún go raibh cúngú an éilimh ina chúis leis an díobháil, cé go liostaítear go sonrach é in Airteagal 3(7) den bhun-Rialachán.

(198)

Sa Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún measúnú ar 13 thosca seachas na hallmhairí dumpáilte a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. Luaitear cúngú éilimh in Airteagal 3(7) den bhun-Rialachán. Níor luaigh an Coimisiún an tomhaltas go sonrach i measc na dtosca sin toisc go raibh an tomhaltas ar an margadh saor measartha cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(199)

Mhaígh SABIC, Arteco, Oxyde, Helm agus Tricon nár mheas an Coimisiún go raibh an timpiste a bhain do cheann amháin de na táirgeoirí de chuid an Aontais a shonraítear in aithris (176) den Rialachán sealadach ina cúis leis an díobháil.

(200)

Mar a léirítear i dTábla 4 den Rialachán sealadach, níor tháinig ach laghdú 3 % ar an acmhainneacht táirgeachta iomlán a bhí ag tionscal an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe, le hais 2019. Tharla an timpiste sin i mí Eanáir 2020, an dara leath de thréimhse an imscrúdaithe. Mar a mhínítear sa Rialachán sealadach, suíodh san imscrúdú gur thosaigh meath suntasach ag teacht ar staid thionscal an Aontais cheana féin in 2019, mar sin roimh an timpiste. Is táirgeoir beag é an chuideachta seo freisin agus dá bhrí sin, ba bheag an tionchar a bhí ag a méid táirgeachta laghdaithe in 2020 tar éis na timpiste ar an treocht ar an méid táirgeachta ag tionscal an Aontais a bhí ag laghdú le linn thréimhse an imscrúdaithe.

(201)

Mhaígh MEGlobal Americas nach ndearna an Coimisiún anailís neamh-aitreabúideachta iomlán toisc nach ndearna sé an méid seo a leanas a mheasúnú mar tosca díobhála eile: (1) go raibh costas táirgthe ard ag tionscal an Aontais agus (2) an gurbh ann do chairtéal i measc ceannaitheoirí eitiléine (18).

(202)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an dá thosca a chuir MEGlobal Americas i dtábhacht ag teacht salach ar a chéile. Ar an taobh amháin, mhaígh MEGlobal Americas go raibh costais tairgthe arda ag tionscal an Aontais, agus ar an taobh eile, go raibh na costais sin ísle i ngeall ar an gcairtéal idir ceannaitheoirí eitiléine, agus go ndéanann an dá rud díobháil do thionscal an Aontais. Mar sin féin, ba mhaith leis an gCoimisiún na soiléirithe seo a leanas a thabhairt. Ar an gcéad dul síos, in aithris (235) den Rialachán sealadach déantar measúnú le fáil amach an raibh an costas táirgthe níos airde ag tionscal an Aontais ina thosca díobhála seachas na hallmhairí dumpáilte. Ar an dara dul síos, bhí éifeacht ag an gcairtéal i measc ceannaitheoirí eitiléine go dtí mí an Mhárta 2017. Ba é cuspóir an chairtéil praghas eitiléine a choimeád níos ísle ná an praghas margaidh. Níor mhínigh an cuideachta conas a bhí tionchar ag an gcairtéal ar staid eacnamaíoch tháirgeoirí MEG, agus níor sholáthair sí aon fhianaise ina leith sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(203)

Mhaígh Arteco, Oxyde, Helm agus Tricon go raibh tionchar ag an laghdú ar dhíolacháin faoi chuing, rud nach raibh allmhairí ina gcúis leis, ar staid díobhála thionscal an Aontais, fiú más laghdú beag a bhí ann.

(204)

Níor aontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Díolacháin leis an earnáil fuartháin a bhí sna díolacháin faoi chuing den chuid is mó. An t-éileamh ar MEG ón earnáil fuartháin, tháinig laghdú air i ngeall ar phaindéim COVID-19, mar a mhínítear in aithris (238) den Rialachán sealadach. Thairis sin, in aithris (227) den Rialachán sealadach, ba é conclúid an Choimisiún nach raibh aon tionchar suntasach ar an laghdú ar na díolacháin faoi chuing ar an meath a tháinig ar staid eacnamaíoch tionscal an Aontais, ná níor mhíniú air sin a bhí ann.

(205)

Ina theannta sin, mhaígh Arteco, Oxyde, Helm agus Tricon nár cheart na hallmhairí ón Rúis agus ó Chuáit a bhí faoi bhun an phraghais allmhairiúcháin ó SAM agus ón Araib Shádach a chur as an áireamh mar rud imeallach, mar a shonraíonn an Coimisiún in aithris (219) den Rialachán sealadach.

(206)

Meabhraítear gur le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí raon idir 3,8 % agus 18 % ag an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ó SAM ach bhí na hallmhairí ón Araib Shádach idir 26,1 % agus 31,3 % agus bhí raon idir 31,6 % agus 44,1 % acu ar bhonn carnach. Bhí raon 0,6 % agus 1,3 % idir an sciar den mhargadh ag na hallmhairí ón Rúis ach bhí raon 0 % agus 1,0 % ag an sciar den mhargadh ag na hallmhairí Chuáit. Dá bhrí sin, fiú más rud é gur i mblianta áirithe le linn na tréimhse faoi bhreathnú go raibh na praghsanna allmhairiúcháin ón Rúis agus ó Chuáit faoi bhun an phraghais allmhairiúcháin ó SAM agus ón Araib Shádach, ó tharla go raibh an sciar den mhargadh a bhí acu i bhfad níos lú le hais na n-allmhairí ó SAM agus ón Araib Shádach, ba bheag an tionchar a bhí ag na hallmhairí ón Rúis agus ó Chuáit, dá mba ann dó, ar an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(207)

Mhaígh MEGlobal Americas, Arteco, Oxyde, Helm, Tricon agus CPME freisin gur cé gur shuigh an Coimisiún go raibh roinnt tosca ina gcúis le díobháil do tháirgeoirí an Aontais, amhail allmhairí ó thríú tíortha, paindéim COVID-19, an laghdú ar dhíolacháin faoi chuing, an timpiste a bhain do cheann amháin de na táirgeoirí de chuid an Aontais, níor áirithigh an Coimisiún nár bhain éifeachtaí na gcúiseanna sin le hallmhairí ó SAM agus ón Araib Shádach, de bhun Airteagal 3(7) den bhun-Rialachán. Maíodh thairis sin, gur thug sé sin le tuiscint nár cheart a chur san áireamh agus an corrlach díobhála á chinneadh, na héifeachtaí díobhálacha a raibh tosca seachas na hallmhairí sin ina gcúis leo.

(208)

Níor aontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Ar an gcéad dul síos, sa Rialachán sealadach, in aithrisí (219), (240) agus (227) mar aon le aithris (200) den Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair, ba é conclúid an Choimisiúin nár laghdaigh na tosca sin an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. Bhí na hallmhairí ó SAM agus ón Araib Shádach ina bpríomhthosca. Ar an dara dul síos, ní mór cinneadh an chorrlaigh dumpála a dhéanamh de réir fhorálacha Airteagal 7(2c) agus (2d) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, shuigh an Coimisiún an spriocphraghas agus an leibhéal brabúsachta trí na tosca a liostaítear a chur san áireamh.

(209)

Mhaigh Arteco, Oxyde, Helm agus Tricon gur cheart don Choimisiún féachaint ar an tráchtearra agus gné comhtháite MEG ar an iomlán i ngeall ar roinnt tosca atá idirnasctha agus a thugann údar maith le staid díobhála a líomhnaítear i leith thionscal an Aontais.

(210)

Ar an gcéad dul síos, maíodh go raibh praghsanna MEG bunaithe ar phraghsanna foirmle a chloíonn le praghsanna san Áise ar tháinig laghdú mór orthu le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus dá bhrí sin, nach raibh allmhairí ó aon tír ar leith in ann dul i bhfeidhm ar mhargadh an Aontais agus díobháil a dhéanamh toisc gur cinneadh na praghsanna i gcomhréir leis na dálaí san Áise, seachas san Eoraip. Rinne CPME an maíomh sin freisin. Mhaígh Arteco, Oxyde, Helm agus Tricon thairis sin nach raibh aon tionchar ag na lascaine a chur SAM agus an Araib Shádach ar fáil ar phraghsanna MEG san Aontas. D’áitigh nach raibh allmhairí SAM ag gearradh faoi phraghsanna an Aontais agus ó tharla sin amhlaidh, ní raibh na lascainí a chuir táirgeoirí SAM ar fáil os cionn na lascainí a chuir táirgeoirí an Aontais ar fáil.

(211)

Ar an dara dul síos, maíodh gur i ngeall ar na costais níos airde a bhí ag táirgeoirí an Aontais le hais táirgeoirí SAM agus táirgeoirí na hAraibe Sádaí, laghdaíodh an cumas a bhí ag táirgeoirí an Aontais brabúis a dhéanamh nuair a tháinig laghdú ar phraghsanna MEG ar fud an domhain.

(212)

Ar an tríú dul síos, maíodh gur i ngeall ar an leathadh a bhí ag laghdú idir praghsanna MEG agus praghsanna na heitiléine, roghnaigh táirgeoirí an Aontais a dtáirgeadh a chur i dtreo dhíorthaigh eitiléine ocsaíde (“EO”). D’athdhearbhaigh CPME an maíomh sin freisin. Thairis sin, mhaígh LCLA go contráilte gur admháil an Coimisiún in aithris (229) den Rialachán sealadach gur laghdaigh tionscal an Aontais a tháirgeadh MEG chun díorthaigh EO a tháirgeadh toisc gur díoladh iad ar phraghsanna bhí níos airde ná praghsanna MEG. Mhaígh LCLA freisin gur cheart don Choimisiún a chinneadh a mhéid a tháinig laghdú ar thairgeadh MEG mar gheall ar chinneadh thionscal an Aontas díriú ar dhíorthaigh EO agus gur cheart dó measúnú a dhéanamh le fáil amach an raibh comhghaol idir an figiúr sin agus an méadú ar an méid táirgeachta EO. Mhaígh Arteco, Oxyde, Helm, Tricon agus CPME freisin nach raibh aon fianaise sa chomhad go raibh rochtain ag táirgeoirí an Aontais ar a dhóthain EO chun MEG agus díorthaigh EO eile a mhonarú. Áitíodh thairis sin nach bhfuil mórán soláthróirí ag na táirgeoirí le haghaidh na heitiléine ar gá leo chun táirgí éagsúla a mhonarú agus go ndearnadh na scrogaill níos measa i ngeall ar méideanna na heitiléine agus EO a bhí á ndíol ar an margadh saor toisc, ar an gcaoi sin, nach raibh siad ar fáil a thuilleadh le haghaidh próiseáil na dtáirgí iartheachtacha amhail MEG. Sonraíodh thairis sin gur in 2019 agus 2020, d’úsáid táirgeoirí MEG an Aontais a n-acmhainneacht táirgeachta go príomha, agus níos mó de réir a chéile, chun díorthaigh EO seachas MEG a tháirgeadh. Mhaígh Arteco, Oxyde, Helm agus Tricon maidir leis an méadú ar acmhainneacht a bhí beartaithe, nár rud é sin a léirigh go raibh táirgeoirí an Aontais tiomanta do mhonarú MEG. Go deimhin, léirigh sé sin nárbh í an díobháil a rinne difear do shlabhra soláthair na eitiléine agus EO ar an iomlán ach an rogha a rinneadh d’aon ghnó chun díriú ar tháirgeadh agus díolacháin EO agus a dhíorthach seachas MEG.

(213)

I dtús báire, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil na páirtithe leasmhara ag teacht salach ar a chéile ina n-argóint maidir le praghsanna MEG ar mhargadh an Aontais. Ar thaobh amháin, shonraigh SABIC agus MEGlobal Americas gurbh iad táirgeoirí an Aontais a shocraigh na praghsanna ar mhargadh an Aontais, mar a shonraítear in aithris (149). Ar an taobh eile, mhaígh Arteco, Oxyde, Helm agus Tricon gur cinneadh praghsanna ar mhargadh an Aontais i gcomhréir leis na dálaí san Áise seachas san Eoraip. Mar riail ghinearálta, socraítear na praghsanna margaidh ar bhonn an tsoláthair agus an éilimh ar an margadh sin. I ngeall ar eadráin, bíonn praghsanna ar mhargaí éagsúla amhail an margadh Eorpach nó margadh na hÁise á n-ailíniú go pointe áirithe. An praghas díola ar MEG ar mhargadh an Aontais, is praghas é a shocraítear ar bhonn ECP lúide lascaine. Ó tharla gur féidir na lascainí a bheith idir 13 % agus 20 %, rud atá suntasach le haghaidh tráchtearra aonchineálach amhail MEG, imríonn siad tionchar suntasach ar phraghas deiridh MEG ar mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, níl ach cuid den scéal ag baint le leibhéal ECP maidir le leibhéil praghsanna ar mhargadh an Aontais, agus is príomheilimint í na lascainí a chuireann na díoltóirí i bhfeidhm maidir le ECP MEG ó thaobh an bhrú praghsanna a chuireann allmhaireoirí ar mhargadh an Aontais. Tá na lascainí faoi thionchar ag an iomaíocht ar mhargadh an Aontais agus níl siad nasctha le leibhéal ECP ná leis na praghsanna san Áise. Cé gur faisnéis phoiblí atá sa leibhéal ECP, tá na lascainí a úsáideann na díoltóirí faoi rún. Léirigh an t-imscrúdú nach ionann na lascainí a bhíonn á n-úsáid ag díoltóirí éagsúla agus go mbíonn díoltóirí ag tabhairt lascainí éagsúla le custaiméirí éagsúla. Thairis sin, i gcás allmhaireoirí éagsúla, méadaíodh leibhéal na lascainí in 2020 le hais 2019. Sa bhreis air sin, cé nach bhfuil allmhairí SAM ag gearradh faoi phraghsanna an Aontais ní chiallaíonn sé sin nach raibh na lascainí a chuir táirgeoirí SAM ar fáil os cionn na lascainí a chuir táirgeoirí an Aontais ar fáil. Is praghsanna caillteanais iad na praghsanna atá ag tionscal an Aontais, agus iad brúite síos ag na praghsanna allmhairiúcháin ó na tíortha lena mbaineann, agus ba iad na lascainí ba chúis leis na praghsanna sin.

(214)

Dhearbhaigh an Coimisiún sa Rialachán sealadach go bhfuil praghsanna eitiléine san Aontas níos airde ná mar atá san Araib Shádach nó sna Stáit Aontaithe mar gheall ar na hamhábhair éagsúla a úsáidtear chun an eitiléin a mhonarú. Mar sin féin, ní hé an difríocht i bpraghsanna eitiléine an phríomhghné is cúis leis an meath a tháinig ar staid airgeadais thionscal an Aontais. Cé gur go raibh an laghdú ar ECP MEG ina chúis leis an laghdú ar chuid de bhrabúsacht thionscal an Aontais, an brú ar phraghsanna ó phraghsanna dumpáilte na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí a mhéadaigh a gcuid lascainí ar mhargadh an Aontais, chuir an brú sin iallach ar thionscal an Aontais a gcuid lascainí a mhéadú chomh maith, rud a d’fhág gur brúdh síos phraghsanna mar a léiríodh in aithris (203) den Rialachán sealadach. Cé gur laghdaigh ECP le haghaidh MEG níos mó ná praghas na heitiléine agus go raibh laghdú ar an gcorrlach idir ECP le haghaidh MEG agus eitiléin, rud a mhíníonn cuid den chaillteanas brabúsachta i dtionscal an Aontais, i margadh trédhearcach amhail margadh MEG, ar a bhfuil na páirtithe go léir ag nascadh an phraghais díola le EPC, bíonn an iomaíocht ar siúl ar leibhéal na lascainí a chuirtear i bhfeidhm ar ECP. Cé go ndéanann leibhéal ECP difear do na páirtithe uile, fiú má thagann méadú ar ECP le haghaidh MEG, fad a leanfaidh na honnmhaireoirí ó na tíortha lena mbaineann de bheith ag díol ar mhargadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte le lascainí níos airde ná tionscal an Aontais, leanfaidh táirgeoirí an Aontais de bheith ag cailleadh a sciar den mhargadh mura socróidh siad a bpraghsanna, tríd an lascaine, ar an leibhéal céanna leis na praghsanna díobhálacha a bhfuil siad in iomaíocht leo, atá faoi bhun a gcostas táirgthe.

(215)

Níl aon fhianaise curtha isteach ag na páirtithe, seachas líomhaintí agus tuairimíocht, lena chruthú gur ghá do thionscal an Aontais táirgeadh MEG a laghdú chun táirgeadh díorthaigh EO a mhéadú. Go deimhin, ní chuirtear as an áireamh gur mhéadaigh cuid de tháirgeoirí MEG an Aontais a dtáirgeadh díorthach EO agus, dá bhrí sin, tháinig méadú ar thomhaltas EO chun díorthaigh EO a mhonarú, ach ní chiallaíonn sé sin go raibh an méadú sin indéanta ach amháin má tháinig laghdú ar tháirgeadh MEG san am céanna. Níor cuireadh bunús leis an maíomh go raibh soláthar eitiléine teoranta ag táirgeoirí MEG an Aontais. Tá cuid de tháirgeoirí an Aontais ag déanamh eitiléine freisin, tá siad ag díol eitiléine le páirtithe eile nach bhfuil gaolmhar leo agus tá táirgeoirí sampláilte MEG de chuid an Aontais nasctha freisin le córas píblíne (19) chun eitiléin a iompar idir Antuairp agus Rotterdam, an dá choimpléisc chalafoirt agus thionsclaíocha is mó san Eoraip. Ina theannta sin, níl táirgeoirí MEG ag díol EO ach i méideanna an-bheaga toisc gur gás inadhainte é EO agus, dá bhrí sin, tá sé contúirteach. Mar a mhínítear sa Rialachán sealadach, tá tionscal an Aontais fós tiomanta do tháirgeadh MEG san Aontas. D’ainneoin caillteanais shuntasacha idir 8,3 % agus 10,2 % in 2019 agus idir 10,8 % agus 13,2 % i dtréimhse an imscrúdaithe, d’úsáid tionscal an Aontais 65,6 % agus 63,8 % dá acmhainneacht táirgeachta MEG in 2019 agus tréimhse an imscrúdaithe faoi seach nuair a d’fhéadfadh sé deireadh a chur le táirgeadh agus díriú ar dhíorthaigh EO eile de réir mar a mhaígh na páirtithe. Thairis sin, níor admhaigh an Coimisiún riamh gur laghdaigh tionscal an Aontais a tháirgeadh MEG chun díorthaigh EO a tháirgeadh toisc gur díoladh iad ar phraghsanna níos airde ná MEG in aithris (229) nó in aon aithris eile sa Rialachán sealadach, mar a dúirt LCLA. Go deimhin, shonraigh an Coimisiún in aithris (229) den Rialachán sealadach go raibh ar thionscal an Aontais táirgeadh MEG a laghdú toisc go raibh a phraghas díola go mór faoin gcostas táirgthe mar gheall ar an mbrú praghais ó allmhairí ó na tíortha lena mbaineann. Níor léirigh an t-imscrúdú aon ghanntanas maidir leis an bpríomh-amhábhar, eitiléin, ar thaobh thionscal an Aontais agus níl aon fhianaise curtha isteach ag LCLA lena chruthú go mbeadh ar thionscal an Aontais táirgeadh MEG a laghdú ionas go bhféadfadh sé táirgeadh díorthach ocsaíde eitiléine a mhéadú. Dá bhrí sin, cé acu a mhéadaigh nó nach méadaigh tionscal an Aontais táirgeadh na heitiléine, níl aon bhaint aige sin leis an imscrúdú seo mar nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mbeadh tionscal an Aontais in ann an méadú sin a bhaint amach ach amháin trí mhéideanna MEG a laghdú. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil táirgeoirí an Aontais ag cur leis na hacmhainneachtaí táirgeachta le haghaidh táirgí eile, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil sé i gceist acu gan MEG a mhonarú a thuilleadh. Ní chuimsíonn an t-imscrúdú reatha slabhra soláthair iomlán na heitiléine agus na hocsaíde eitiléine, ach baineann sé le MEG amháin. Dá bhrí sin, níl an Coimisiún in ann trácht a dhéanamh ar mhaíomh Arteco maidir leis an bhfuil an slabhra soláthair iomlán le haghaidh na heitiléine agus na hocsaíde eitiléine faoi thionchar an díobhála. Ar aon chuma, suíodh go soiléir san imscrúdú gur laghdaigh tionscal an Aontais táirgeacht MEG ó 2019 i leith mar gheall ar na dálaí atá ag dul in olcas ar mhargadh MEG mar thoradh ar an mborradh atá tagtha ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ag praghsanna ísle.

(216)

D’áitigh Arteco, Oxyde, Helm freisin gur tháinig méadú ar allmhairí sa tréimhse iar-imscrúdaithe ó thíortha eile amhail Cuáit, an tSín, Singeapór agus an Téaváin ar phraghsanna ísle agus dá bhrí sin go raibh baol ann go gcuirfí bearta frithdhumpála hallmhairí ó SAM agus ón Araib Shádach as áit gan aon tairbhe a bhaint amach le haghaidh tháirgeoirí an Aontais.

(217)

Níor aontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. An fhaisnéis a chuir Arteco isteach, léiríonn sí go bhfuil na praghsanna onnmhairiúcháin ón tSín, ó Shingeapór agus ón Téaváin níos airde ná na praghsanna iompórtála ó SAM agus ón Araib Shádach sa tréimhse iar-imscrúdaithe agus nach bhfuil aon fhianaise sa chomhad a léiríonn go ndéantar na hallmhairí sin ar phraghsanna dhumpáilte agus go bhfuil díobháil á déanamh acu do thionscal an Aontais.

(218)

Mhaígh Arteco, Oxyde, Helm agus Tricon gur de réir comhairleoirí margaidh, go raibh an tSín fós ar an tír is mó a fhaigheann MEG ó SAM agus, dá bhrí sin, nach raibh an Coimisiún ach ag déanamh tuairimíochta nuair a shonraigh sé in aithris (247) den Rialachán sealadach go raibh tionscal MEG na Síne ag méadú a acmhainneacht táirgeachta freisin agus é mar aidhm aici a bheith neamhspleách agus dá bhrí sin is dócha go leanfaidh táirgeoirí SAM ag baint leas as margadh an Aontais. Mhaígh Arteco freisin go raibh an Tuirc ina ceann scríbe tábhachtach d’onnmhaireoirí na Stát Aontaithe.

(219)

Tugann an Coimisiún dá aire ar dtús gurb é an maíomh a dtugtar aghaidh air in aithris (247) den Rialachán sealadach a bhí ina tuairimíocht, cé gur cuireadh i láthair é sna haighneachtaí mar chinnteacht. Bhí freagra an Choimisiúin níos faichillí, áfach, mar dúirt sé “gur dhóchúil é” (rud a chiallaíonn nach bhfuil aon chinnteacht ann) agus chuir sé roinnt fianaise ar fáil chun tacú leis an dóchúlacht sin. Sa doiciméad a chuir Arteco maidir leis an Tuirc, luaitear freisin gur tháinig méadú beagnach 30 % ar acmhainn MEG na Síne in 2020 agus in 2021 bhíothas ag súil le méadú de bhreis agus 40 %. Ina theannta sin, faoi 2023, bhíothas ag súil le hacmhainneacht MEG na Síne a bheith níos mó ná dhá oiread leibhéal 2020. Léiríonn sé sin go soiléir, mar a luaitear in aithris (247) den Rialachán sealadach, go bhfuil táirgeoirí MEG na Síne ag cur lena n-acmhainneacht táirgeachta, rud a chiallaíonn nach mbeidh siad chomh spleách céanna ar allmhairí. Ó tharla gur mhéadaigh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Stát Aontaithe a n-onnmhairí go dtí an Tuirc, is léiriú soiléir é sin go bhfuil táirgeoirí onnmhairiúcháin SAM ag lorg margaí eile go leanúnach chun cur in ionad an éilimh ar allmhairí ón tSín. Meabhraítear, mar a luaitear in aithris (247) den Rialachán sealadach, go bhfuil cuideachtaí SAM dírithe ar onnmhairiú agus tá a n-acmhainneachtaí ag dul i méid. Na cuideachtaí SAM nua a chuaigh i mbun táirgthe le blianta beaga anuas is cuideachtaí móra iad ag a bhfuil acmhainneacht táirgeachta an-suntasach idir 700 míle agus 1 mhilliún tona in aghaidh na bliana (20), le hais acmhainneacht táirgeachta iomlán thionscal an Aontais, a bhfuil 1.4 milliún tona i gceist léi. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(220)

Mhaígh Arteco, Oxyde agus Helm nach mór an méadú ar allmhairí PET a chur san áireamh mar fhachtóir a léirigh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais a laghdú.

(221)

Mar a shonraítear i dtábla 13 den Rialachán sealadach tháinig méadú ar allmhairí PET san Aontais idir 2017 agus 2019 agus ansin tháinig laghdú orthu i dtréimhse an imscrúdaithe. Chloígh tomhaltas MEG ar an margadh saor leis an treocht chéanna. Le linn na tréimhse sin measadh gur tháinig méadú 13 % ar allmhairí PET, ach is ar éigean a tháinig laghdú 1 % ar thomhaltas MEG ar an mhargadh saor, áfach. Níor tháinig meath ar staid thionscal an Aontais toisc gur tháinig laghdú ar éileamh MEG, ach mar gheall ar an mborradh atá tagtha ar allmhairí dumpáilte ar phraghsanna ísle. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(222)

D’éiligh Arteco, Oxyde agus Helm, toisc go ngineann táirgeadh MEG fotháirgí amhail gliocól dé-eitiléine (“DEG”) agus gliocól trí-eitiléine (“TEG”), ní mór na fotháirgí sin a chur san áireamh chun brabúsacht fhoriomlán tháirgeadh MEG a chinneadh. Thairis sin, mhaígh Arteco gur tháinig laghdú ar phraghsanna na bhfotháirgí sin i gcomhthráth le MEG mar fhianaise bhreise gur chloígh praghsanna na dtáirgí sin le treochtaí domhanda agus nár tharla siad mar thoradh ar dhumpáil dhíobhálach.

(223)

Is é MEG an táirge lena mbaineann agus, dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú ar bhrabúsacht i ndáil le MEG amháin. Ós rud é nach mbaineann an t-imscrúdú seo ach le MEG amháin, ní dhearna an Coimisiún measúnú ar threocht phraghsanna na bhfotháirgí. Ina theannta sin, mar a mhínítear in aithris (213), agus praghas MEG á mheasúnú, ní leor féachaint ar threocht ECP amháin. Tá ról suntasach ag an lascaine a chuirtear i bhfeidhm ar ECP sa bhrú praghsanna a chuireann onnmhaireoirí i bhfeidhm ar mhargadh an Aontais agus níl an leibhéal lascaine nasctha le haon treocht dhomhanda. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(224)

Mhaígh CPME freisin nár scrúdaigh an Coimisiún i gceart éifeachtaí na féindíobhála a rinne tionscal an Aontais dó féin i ngeall ar na hallmhairí ón Araib Shádach a rinne cuideachtaí a bhí gaolmhar le táirgeoirí an Aontais, agus i ngeall ar táirgeoir de chuid an Aontais a bheith i dteagmháil le SABIC chun MEG a allmhairiú.

(225)

Níor aontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Mar a shonraítear in aithris (136) den Rialachán sealadach, rinne na cuideachtaí a bhí gaolmhar le táirgeoirí an Aontais méideanna beaga a allmhairiú ón Araib Shádach le linn thréimhse an imscrúdaithe. Ina theannta sin, mar a shonraítear in aithris (251) den rialachán sealadach, níor tháinig SABIC agus táirgeoir an Aontais ar aon chomhaontú. Ós rud é nár cheannaigh an táirgeoir MEG sin ón Aontas aon MEG ó SABIC le linn na tréimhse a faoi bhreathnú, ní féidir aon féindíobháil a bheith ann. Ní féidir le plé a bheith ina chúis díobhála.

(226)

Mhaígh CPME nár thuig an Coimisiún méid an tionchair a bhí ag paindéim COVID-19 ar staid thionscal an Aontais nuair a dúirt sé go ndeachaigh staid thionscal an Aontais in olcas roimh phaindéim COVID-19. Mhaígh CPME go bhféadfaí drochfheidhmíocht thionscal an Aontais in 2019 a mhíniú tríd an titim shuntasach i bpraghsanna ar an leibhéal domhanda. Ina theannta sin, mhaígh CPME freisin gur tháinig laghdú ar chorrlaigh bhrabúis tháirgeoirí MEG an Aontais mar gheall ar an laghdú ar an éileamh ó tháirgeoirí PET an Aontais. Mhaígh LCLA freisin gur dhíbh an Coimisiún éifeacht phaindéim COVID-19 go héagórach ar thrí chúis. Ar an gcéad dul síos, toisc nach ndearna an Coimisiún measúnú ar éifeacht dhíobhálach COVID-19 ar thionscal an Aontais sular mheas sé nach raibh sé tábhachtach. Rinne LCLA tagairt i dtaca leis sin do Thuarascáil ó Bhuanchomhlacht Achomhairc na hEagraíochta Domhanda Trádála in SAM-Cruach Teo-Rollta (21) ina luaitear go raibh gá le míniú sásúil ar chineál agus ar mhéid éifeacht dhíobhálach na bhfachtóirí eile sa mheasúnú ar éifeacht dhíobhálach na dtosca eile. Ar an dara dul síos, mhaígh LCLA gurb í an tréimhse iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar thionchar phaindéim COVID-19 ná comparáid idir 2019 agus tréimhse an imscrúdaithe seachas 2017, agus nach mbeadh comparáid críochphointe go críochphointe den sórt sin bunaithe ar fhaisnéis maidir le staid thionscal an Aontais díreach roimh ráig phaindéim COVID-19, ná maidir leis na héifeachtaí a tháinig ina dhiaidh sin. Sa chás sin bhí nasc cinntitheach idir an laghdú ar thomhaltas arna spreagadh ag COVID-19 agus an meath ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe. Ar an tríú dul síos, mhaígh LCLA go bhféadfadh sé go raibh tionscal an Aontais in ann a staid eacnamaíoch a fheabhsú murach paindéim COVID-19. Dá bhrí sin, d’áitigh LCLA gur chinn an Coimisiún go héagórach nach raibh paindéim COVID-19 ina mhórchúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.

(227)

Níor aontaigh an Coimisiún leis na maímh sin. Mar a shonraítear in aithris (238) den Rialachán sealadach, léirigh an t-imscrúdú gur tháinig meath suntasach ar staid thionscal an Aontais in 2019, i bhfad sular thosaigh paindéim COVID-19 san Aontas i dtús 2020. In 2019, bhí tionscal an Aontais ag déanamh caillteanais cheana féin. Tharla sé sin i dtimpeallacht ina raibh an tomhaltas ag méadú – idir 2017 agus 2019 – agus ag an am céanna le méadú ar sciar margaidh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ó 31,6 % go 43,6 % mar aon le laghdú 25 % ar a bpraghsanna allmhairiúcháin le linn na tréimhse céanna. Go deimhin, tá an méadú ar sciar den mhargadh bunaithe ar phraghsanna ísle. Ós tráchtearra aonchineálach é MEG, ba é an bealach is éasca do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sciar den mhargadh a bhaint amach ar mhargadh an Aontais ná díol ar phraghsanna níos ísle ná mar a bhí ag tionscal an Aontais. Laghdaigh tionscal an Aontais a mhéid táirgeachta, ní mar gheall ar easpa éilimh ach toisc nach bhféadfadh sé díol ar phraghsanna níos ísle mar thoradh ar an mbrú praghsanna ó na hallmhairí ó na Stáit Aontaithe agus ón Araib Shádach. Ina theannta sin, mar a míníodh go fairsing, is í an lascaine a chuireann an díoltóir ar ECP MEG an eilimint a chruthaigh an brú praghsanna ar mhargadh an Aontais. Ní dhéanann LCLA ach tuairimíocht gan aon bhonn nuair a mhaíonn sé go bhféadfadh tionscal an Aontais feabhas a chur ar a staid eacnamaíoch in éagmais paindéim COVID-19. Ar deireadh, meabhraítear gur chuimsigh tréimhse an imscrúdaithe an tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020. Dá bhrí sin, paindéim COVID-19 a bhuail an tAontas sa dara ráithe de 2020, bhí tionchar ag an bpaindéim ar thart ar thrí mhí de thréimhse an imscrúdaithe. Mar sin, cé nach féidir a chur as an áireamh go raibh tionchar áirithe ag paindéim COVID-19 ar staid thionscal an Aontais ag deireadh thréimhse an imscrúdaithe, níorbh é an phríomhchúis é leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.

(228)

Sna barúlacha a thug siad tar éis an nochta dheireanaigh, dúirt SABIC agus Tricon nár aontaigh siad leis an anailís a rinne an Coimisiún ar chúisíocht in aithisí (192) go (227) agus in aithrisí (214) go (256) den Rialachán sealadach. D’athdhearbhaigh SABIC a maíomh nach raibh aon chomhghaol idir feidhmíocht thionscal an Aontais agus na hallmhairí ón Araib Shádach agus ó SAM ná aon chomhghaol idir méid na n-allmhairí agus na héifeachtaí diúltacha ar phraghsanna intíre, gan aon argóint nua a chur ar fáil ina leith sin. Ina theannta sin, d’athdhearbhaigh Tricon cuid de na hargóintí a ndearna an Coimisiún measúnú orthu cheana féin. Níor tugadh aon argóintí ábhartha nua chun cinn i ndáil leis an méid sin, áfach.

(229)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an gconclúid ar an díobháil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (214) go (256) den Rialachán sealadach.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

6.1.   Scrúdú ar an gcorrlach atá leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais

(230)

Mhaígh MEGlobal Americas, SABIC, LCLA go raibh an corrlach brabúis a úsáideann an Coimisiún chun an praghas neamh-díobhálach a ríomh ró-ard do tháirge tráchtearraí agus, dá bhrí sin, gur cheart don Choimisiún an cóimheas brabúis íosta 6 % a leagtar amach in Airteagal 7(2c) den bhun-Rialachán a úsáid. Ina theannta sin, maíodh nach ndearna an Coimisiún scrúdú ar thionchar chairtéal na gceannaitheoirí eitiléine ar bhrabúsacht thionscal an Aontais. Mhaígh LCLA nár léirigh na brabúis in 2017-2018 leibhéal na brabúsachta a mbeifí ag súil leis faoi ghnáthchoinníollacha iomaíochta toisc go raibh praghsanna MEG thar a bheith ard i rith na mblianta sin mar gheall ar easpa MEG ar fud an domhain, go háirithe sa tSín, agus bhí an costas táirgthe ag gnáthleibhéil, rud a chruthaigh brabúis arda.

(231)

Ba é meán chorrlach brabúis tháirgeoirí sampláilte an Aontais a cláraíodh in 2017 agus in 2018 roimh bhorradh na n-allmhairí dumpáilte i gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán an corrlach brabúis a úsáideadh chun an praghas neamhdhíobhalach a ríomh. Níor chuid de chairtéal ceannaitheoirí eitiléine ceachtar den dá tháirgeoir sampláilte MEG de chuid an Aontais (22). Ina theannta sin, rinneadh an sárú idir an 26 Nollaig 2011 agus an 29 Márta 2017 agus, dá bhrí sin, níor chumhdaigh sé ach 3 mhí sa dá bhliain a úsáideadh don chorrlach brabúis. Ina theannta sin, de réir mar a shonraítear sa Chinneadh maidir leis an gcairtéal, is é a bhí sa táirge ar bhain an Cinneadh leis eitiléin a ceannaíodh ar an margadh marsantach agus níor chumhdaigh sé eitiléin a tháirgtear chun críocha faoi chuing, is é sin le rá, táirge a tháirg agus a d’úsáid na táirgeoirí le haghaidh dtomhaltais féin. Ceannaíonn táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais eitiléin go príomha óna gcuideachtaí gaolmhara. Cé gur mhaígh LCLA nach raibh na corrlaigh bhrabúis in 2017 agus in 2018 ag leibhéal na brabúsachta a mbeifí ag súil leis faoi ghnáthchoinníollacha iomaíochta, níor shonraigh sé ach oiread cad é an ghnáthbhrabúsacht don táirge seo faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Ar deireadh, is léir ó Airteagal 7(2c) nach mór don Choimisiún spriocbhrabús 6 % a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil an spriocbhrabús arna chinneadh tar éis na tosca a luaitear san Airteagal sin a chur san áireamh níos ísle ná 6 %, rud nach amhlaidh san imscrúdú seo. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(232)

Dar le EMPC, an cur chuige a d’úsáid an Coimisiún chun coigeartú a dhéanamh ar an bpraghas neamhdhíobhálach do chostais chomhlíonta amach anseo faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (“ETS”) ná faoi Treoir AE maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (“IED’), nach raibh an cur chuige sin ag teacht le cuspóirí ETS ná IED atá i bhfeidhm faoi láthair. Maíodh gurb é an cur chuige taobh thiar de na bearta cosanta ar sceitheadh carbóin atá ann faoi láthair faoi ETS ná gur i gcás gach earnáil sceitheadh carbóin. go gcuirtear cuideachtaí i gcomparáid leis an tagarmharc a leagadh amach de réir na 10 % de na cuideachtaí is fearr feidhmíocht. D’íocfadh cuideachtaí níos mó costas ETS de réir a mhéid a bhfeidhmíonn siad níos measa i gcomparáid leis an tagarmharc. De rogha air sin, d’fhéadfaidís déine a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, rud a d’fhéadfadh iad a thabhairt isteach sa ghrúpa den 10 % de na cuideachtaí is fearr ar deireadh. Maidir leis an gcostas a bhaineann le IED, mhaígh EMPC nach raibh sé soiléir conas a ríomhadh nó a sannadh iad. Dá bhrí sin, dar le EMPC, bhí an Coimisiún ag tabhairt isteach sásra de facto um choigeartú carbóin ar theorannacha le haghaidh an ghearánaí, rud nach raibh ar fáil do thionscail eile, trí costais iarbhír ETS agus IED an ghearánaí a chur san áireamh mar aon leis na costais ETS agus IED a bheadh aige amach anseo.

(233)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2d) den bhun-Rialachán, costais a bheidh ann amach anseo, costais is toradh ar Chomhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, agus as na prótacail a ghabhann leo, ar páirtí iontu an tAontas, agus ar costais iad a thabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2), is costais iad a chuirfear san áireamh. Cibé an bhfuil na costais sin ar neamhréir le cuspóirí líomhnaithe ETS agus IED nó an bhfuil siad mar shásra um choigeartú carbóin ar theorannacha le haghaidh na ngearánach, rud nach bhfuil ar fáil do thionscail eile, ní bhaineann sé sin le hábhar. Dá bhrí sin, tá sé de oibleagáid de réir an dlí ar an gCoimisiún na costais sin go léir a chur san áireamh beag beann ar a lipéad, ar bhonn an fhorála sin den bhun-Rialachán fad a chomhlíontar na coinníollacha maidir lena chur i bhfeidhm. In aithris (265) den Rialachán sealadach, mhínigh an Coimisiún conas a ríomhadh costais chomhlíonta ETC AE.

(234)

Dheimhnigh an Coimisiún, áfach, gur ríomhadh an coigeartú ar bhonn na gcostas breise ETS agus IED amháin a mbeidh feidhm acu ar an meán le linn shaolré na mbeart mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Comhlíonann an fhianaise arna soláthar agus arna seiceáil ag seirbhísí an Choimisiúin i ndáil leis sin coinníollacha Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(235)

D’iarr LCLA ar an gCoimisiún CAL dearbhaithe a úsáid agus gan CAL ríofa a úsáid mar ainmneoir agus an corrlach tearcdhíola á ríomh.

(236)

Tá an t-éileamh sin bunaithe ar mhíthuiscint ag LCLA ós rud é gur úsáid an Coimisiún CAL dearbhaithe mar ainmneoir agus an corrlach tearcdhíola á ríomh.

(237)

Mar a fhoráiltear le hAirteagal 9(4), an tríú fomhír, den bhun-Rialachán, agus de bharr nár chláraigh an Coimisiún allmhairí le linn thréimhse an nochta, rinne sé anailís ar fhorbairt na méideanna allmhairí chun a shuí ar tháinig méadú substaintiúil eile ar allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn thréimhse an réamh-nochta, mar a shonraítear in aithris (3), agus dá bhrí sin ag léiriú na díobhála breise mar thoradh ar mhéadú den sórt sin nuair a bhí an corrlach díobhála á chinneadh.

(238)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochta dheireanaigh, d’athdhearbhaigh EMPC, gan aon ghné nua a chur ar fáil, a mhaíomh a sonraíodh in aithris (232) gur tugadh isteach sásra de facto um choigeartú carbóin ar theorannacha i ngeall ar choigeartú an phraghais neamhdhíobhálaí ar chostais chomhlíonta ETS agus IED amach anseo, rud nach raibh ar fáil ach do tháirgeoirí MEG an Aontais.

(239)

In éagmais aon ghné nua a thacaíonn le maíomh EMPC, chloígh an Coimisiún lena chonclúidí in aithris (232).

(240)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochta dheiridh, d’athdhearbhaigh SABIC a mhaíomh, gan aon ghné nua a chur ar fáil, go raibh an brabús a úsáideadh chun an spriocphraghas a chinneadh ró-ard le haghaidh thráchtearra agus go raibh sé bunaithe ar thréimhse ina raibh cairtéal ceannaigh eitiléine i bhfeidhm. Dúirt sé freisin go raibh an spriocbhrabús níos airde ná na cóimheasa brabúis a tuairiscíodh sa ghearán.

(241)

In éagmais aon ghné nua a thacaíonn le maíomh SABIC, chloígh an Coimisiún lena chonclúidí in aithris (232) . Maidir leis na corrlaigh bhrabúis sa ghearán, níor fíoraíodh iad seo, agus fíoraíodh na corrlaigh bhrabúis a úsáideadh chun an spriocbhrabús a chinneadh le linn na cros-seiceála cianda.

Stáit Aontaithe Mheiriceá

(242)

Ar bhonn shonraí ó bhunachar sonraí Surveillance 2, bhí méideanna na n-allmhairí ó SAM 39 % níos airde le linn tréimhse ceithre seachtaine an réamh-nochta ná meánmhéideanna na n-allmhairí i dtréimhse an imscrúdaithe ar bhonn ceithre seachtaine. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh ardú substaintiúil ar allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn thréimhse an réamh-nochta.

(243)

Chun léiriú a thabhairt ar an díobháil bhreise a tharla mar gheall ar an méadú ar allmhairí, chinn an Coimisiún an leibhéal díothaithe díobhála a choigeartú bunaithe ar an ardú sa mhéid allmhairí, rud a bhreithnítear mar an toisc ualaithe ábhartha bunaithe ar fhorála Airteagal 9(4). Ríomh sé dá bhrí sin toisc iolraitheach a suíodh trí shuim mhéid na n-allmhairí le linn na ceithre seachtaine den tréimhse réamh-nochta de 28 852 dtona agus 52 sheachtain de tréimhse an imscrúdaithe, a roinnt ar mhéid na n-allmhairí i dtréimhse an imscrúdaithe arna n-eachtarshuí go 56 sheachtaine. Léiríonn an figiúr sin, 1,0278, an díobháil bhreise a tharla de bharr an mhéadaithe bhreise ar allmhairí. Dá bhrí sin, roinneadh na corrlaigh díobhála sealadacha leis an bhfachtóir sin. Dá bhrí sin, is é seo a leanas an leibhéal díothaithe díobhála deiridh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus le haghaidh gach cuideachta eile:

Tír

Cuideachta

Corrlach díobhála cinntitheach (%)

SAM

Lotte Chemical Louisiana LLC

39,6

SAM

MEGlobal Americas Inc

78,9

SAM

Cuideachtaí comhoibríocha eile

46,7

SAM

Gach cuideachta eile

109,4

Ríocht na hAraibe Sádaí

(244)

Ar bhonn shonraí ó bhunachar sonraí Surveillance 2, bhí méideanna na n-allmhairí ón Araib Shádach 15,3 % níos airde le linn tréimhse ceithre seachtaine an réamh-nochta ná meánmhéideanna na n-allmhairí i dtréimhse an imscrúdaithe ar bhonn ceithre seachtaine. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún nach raibh ardú suntasach ar allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn thréimhse an réamh-nochta.

(245)

Dá bhrí sin, níor choigeartaigh an Coimisiún leibhéal an díothaithe díobhála i ndáil leis sin.

(246)

Mar sin féin, shainaithin an Coimisiún mionearráid chléireachais sna sonraí bunúsacha a úsáideadh an corrlach díobhála a ríomh. Dá bhrí sin, is é 61,5 % an corrlach díobhála athbhreithnithe le haghaidh SABIC.

7.   LEAS AN AONTAIS

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(247)

Mhaígh Oxyde agus Helm nach raibh aon riosca réalaíoch ann go gcuirfeadh táirgeoirí MEG deireadh lena ngníomhaíochtaí táirgthe MEG san Aontas mar d’fhéadfaidís athrú go héasca idir monaraíocht MEG nó táirgí eile, ag brath ar choinníollacha an mhargaidh. Thairis sin, mhaígh Arteco nach raibh aon fhianaise ann, seachas líomhain thionscal an Aontais, go gcuirfeadh tionscal an Aontais deireadh le táirgeadh MEG mura ndéanfaí na bearta frithdhumpála a fhorchur. Ina theannta sin, mhaígh Arteco go raibh neamhábaltacht nó neamhthoil tháirgeoirí MEG an Aontais an t-éileamh a chumhach ina shaintréith de mhargadh an Aontais, agus chuir sé fianaise isteach ó tháirgeoir MEG de chuid an Aontais a chinn gan MEG a sholáthar d Arteco i ngeall ar ghanntanas an mhéid táirgeachta.

(248)

Ní aontaíonn an Coimisiún leis na maímh sin. Chaill táirgeoirí an Aontais 10.7 pointe céatadáin cheana féin dá sciar den mhargadh ar an saormhargadh idir 2017 agus tréimhse an imscrúdaithe go príomha i bhfabhar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann a bhain 12.5 pointe céatadáin de mhéadú amach ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse céanna. Fiú má thagann méadú ar leibhéal ECP sa tréimhse iar-imscrúdaithe, leanfaidh tionscal an Aontais de bheith ag cailleadh a sciar den mhargadh i bhfabhar na n-onnmhaireoirí ó na tíortha lena mbaineann má leanann siad de bheith ag díol ar mhargadh an Aontais ar phraghsanna díobhálacha. Tá laghdú 19 % tagtha cheana féin ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.. Tugann an fhianaise a chuireann Arteco isteach le fios mura n-athbhunaítear an cothroime iomaíochta ar mhargadh an Aontais, go mbeidh tionchar aige sin ar mhéideanna táirgeachta MEG san Aontas agus go mbeidh úsáideoirí ag brath ar allmhairí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(249)

Mhaígh Oxyde, Helm agus Tricon go raibh na trí tháirgeoir sampláilte de chuid an Aontais mar chuid de mhórghrúpaí cuideachtaí agus nach raibh staid airgeadais na ngrúpaí móra seo i mbaol go háirithe mar gheall ar MEG.

(250)

Fiú más cuid de ghrúpaí móra iad táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, bheadh tionchar diúltach ag neamh-fhorchur na mbeart orthu agus ar tháirgeoirí eile de chuid an Aontais agus rachadh an tionchar sin thar bhrabúsacht, mar a mhínítear in aithris (247) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(251)

Mhaígh CPME agus LCLA freisin nach gcuireann an bun-Rialachán cosc ar an gCoimisiún brath ar shonraí iar-imscrúdaithe sa mheasúnú ar leas an Aontais.

(252)

Níor chuir CPME ná LCLA fianaise ar fáil maidir le haon sonraí iar-imscrúdaithe a d’fhéadfadh an Coimisiún a chur san áireamh in anailís leasa an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(253)

In éagmais barúlacha eile, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí (272) go (277) den Rialachán sealadach.

7.2.   Leas na n-allmhaireoirí/trádálaithe neamhghaolmhara, na n-úsáideoirí agus na soláthraithe

7.2.1.   Ginearálta

(254)

Mhaígh CPME agus LCLA nár chuir an Coimisiún san áireamh nach bhfuil dóthain acmhainneachta ag tionscal an Aontais chun freastal ar éileamh an Aontais. Mhaígh CPME nach gciallaíonn an méadú ar acmhainneacht thionscal an Aontais i leith EO go dtiocfaidh méadú ar an acmhainneacht táirgeachta don MEG. Thairis sin, mhaígh CPME nach raibh an acmhainneacht táirgeachta iomarcach i margaí geografacha eile ábhartha i gcás frithdhumpála, ach bhí sé tábhachtach nach raibh acmhainneacht leordhóthanach ag tionscal MEG an Aontais chun an t-éileamh iomlán a chomhlíonadh agus, mar thoradh air sin, go raibh allmhairí riachtanach. Mhaígh CPME agus LCLA freisin nach raibh tíortha eile seachas na Stáit Aontaithe agus an Araib Shádach oiriúnach mar gheall ar chúiseanna geografacha, lóistíochta agus eacnamaíocha. D’iarr CPME ar an gCoimisiún freisin anailís na sainchomhairleoirí a shonraítear in aithris (281) den Rialachán sealadach a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara. Luaigh CPME freisin go mbeadh na dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí MEG ó SAM agus ón Araib Shádach ina chúis le ganntanas mór soláthair MEG ar mhargadh an Aontais ós rud é go gcuirfidís bac de facto ar na hallmhairí uile.

(255)

Is léir ó na sonraí i dtáblaí 1 agus 4 go bhfuil an acmhainneacht táirgeachta níos ísle ná an tomhaltas. Ina theannta sin, d’aithin an Coimisiún go soiléir an méid sin in aithris (225) den Rialachán sealadach. Go deimhin, ní chiallaíonn na méaduithe beartaithe in acmhainneacht táirgeachta EO go méadóidh cumas táirgeachta MEG, ach léiríonn sé go mbeidh rochtain ag táirgeoirí MEG ar níos mó EO i gcás go bhfuil sé de dhíth orthu chun MEG a tháirgeadh a luaithe a bheidh cothrom iomaíochta ar an margadh arís. Ina theannta sin, thíolaic an gearánach fianaise gur fhógair táirgeoir PKN an Aontais pleananna chun táirgeadh gliocóil san Aontas a mhéadú (23). Ina theannta sin, tá sé ceart go bhfuil allmhairí de dhíth ar mhargadh an Aontais, agus go deimhin, níl sé i gceist le bearta allmhairí a chosc ach a áirithiú nach ndéantar iad ar phraghsanna dumpáilte díobhálacha. Rinneadh achoimre ar an bhfaisnéis sin i Nóta a ghabhann leis an gcomhad, rud a cuireadh le comhad an imscrúdaithe (24). Bhailigh an Coimisiún an fhaisnéis sin le linn RCC ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Tá sé bunaithe ar shíntiús íoctha le Wood Mackenzie. Mar a luaitear in aithris (216), chuir Arteco, Oxyde, agus Helm i dtábhacht go bhfuil méadú tagtha ar na hallmhairí ó thíortha eile tar éis an imscrúdaithe, rud a léiríonn go bhfuil foinsí eile soláthair ar fáil. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(256)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochta dheiridh, d’athdhearbhaigh CPME a mhaíomh nach raibh tíortha seachas na tíortha lena mbaineann ina bhfoinsí soláthair oiriúnacha ar chúiseanna geografacha, lóistíochta agus eacnamaíocha. Mhaígh CPME freisin gur thug an Coimisiún neamhaird ar an bhfianaise a sholáthair CPME i ndáil leis sin.

(257)

Níor aontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Níor chuir CPME ar fáil ach ráitis shimplí nach bhfuil tacaithe ag aon fhianaise thacúil i ndáil le hacmhainneacht bhreise Shingeapór, na Cóiré Theas agus na Téaváine agus an fáth nach mbeadh onnmhairí MEG ó na tíortha oiriúnach. Cé nár allmhairigh an tAontas MEG ó na tíortha sin san am roimhe seo, ní chiallaíonn sé nach féidir é a dhéanamh amach anseo. Ina theannta sin, chuir páirtithe eile amhail Arteco, Oxyde, Helm fianaise isteach go bhfuil allmhairí iar-imscrúdaithe ó thíortha eile amhail Cuáit, an tSín, an tSeapáin, Singeapór agus an Téaváin méadaithe mar atá luaite in aithris (216). Léiríonn sé sin go soiléir go bhfuil foinsí eile soláthair ar fáil. Ina theannta sin, mar a mhínítear in aithris (255), níl sé i gceist leis na bearta allmhairí a chosc ach chun a áirithiú nach ndéanfar iad ar phraghsanna dumpáilte díobhálacha. Ina theannta sin, tá leibhéal beart na n-allmhairí ón Araib Shádach agus an chuid is mó de na hallmhairí ó na Stáit Aontaithe idir 3,0 % agus 10,3 %, rud nach gcruthaíonn toirmeasc. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

7.2.2.    Leas na n-allmhaireoirí/na dtrádálaithe neamhghaolmhara

(258)

Mar a míníodh in aithrisí a ghabhann le haithisí (11) go (13), chomhoibrigh Tricon freisin san imscrúdú mar allmhaireoir/trádálaí. Tá an chuideachta seo lonnaithe sna Stáit Aontaithe.

(259)

Mar atá i gcás allmhaireoir eile a shonraítear in aithris (284) den Rialachán sealadach, ní cuid shuntasach dá láimhdeachas atá i ngníomhaíocht MEG an Aontais. Tá MEG á dhíol ag Tricon freisin le tríú tíortha agus dá bhrí sin beidh tionchar imeallach ag forchur na ndleachtanna ar a ghnó.

(260)

An ráiteas ón gCoimisiún sa Rialachán sealadach go bhfuil foinsí eile soláthair ar fáil, mhaígh Tricon nach léiríonn an ráiteas sin fírinne an mhargaidh.

(261)

Ní aontaíonn an Coimisiún leis an maíomh sin. Mar a chuir Arteco, Oxyde agus Helm i dtábhacht in aithris (216), sa tréimhse tar éis an imscrúdaithe, tháinig méadú ar na hallmhairí san Aontas ó roinnt tíortha amhail Cuáit, an tSín, an tSeapáin, Singeapór agus an Téaváin. Léiríonn sé sin go bhfuil foinsí eile soláthair ar fáil.

(262)

In éagmais barúlacha eile maidir le héifeacht na n-allmhairí dumpáilte, agus aithrisí (258) agus (261) á gcur san áireamh, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (283) go (286) den Rialachán sealadach.

7.2.3.    Leas na n-úsáideoirí

(263)

Mhaígh Arteco go raibh gá ag na Coimisiúin measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbeart frithdhumpála ar na húsáideoirí, go háirithe monaróirí fuarthán, chun measúnú a dhéanamh ar na tosca seo a leanas: (1) nádúr an-iomaíoch mhargadh na bhfuarthán, (2) toilteanas agus cumas custaiméirí soláthraithe fuaráin a athrú i ngeall ar dhifríocht praghais an-bheag, (3) costais shuntasacha taighde agus forbartha (R&D) do mhonaróirí fuaráin a sholáthraíonn na OEManna (monaróirí trealaimh bunaidh) agus (4) an líon monaróirí fuaráin lasmuigh den Aontas a bhainfeadh tairbhe as forchur na mbeart frithdhumpála ar MEG. D’áitigh Arteco freisin go raibh an fhostaíocht a chruthaigh monaróirí fuartháin níos mó ná an fhostaíocht a bhí ag táirgeoirí MEG an Aontais. Dá bhrí sin, dar le Arteco, ní fhéadfaí a mheas gur chun leasa an Aontais atá forchur na mbeart toisc go ndéanfadh sé níos mó dochair don gheilleagar foriomlán ná an faoiseamh a thabharfaí do thionscal intíre MEG.

(264)

Tá argóintí Arteco ag teacht salach ar a chéile. Ar láimh amháin, maíonn sé go bhfuil margadh na bhfuarthán thar a bheith iomaíoch agus, ar an láimh eile, tagraíonn sé sa leagan rúnda dá mhaíomh do chuideachta amháin mar a iomaitheoir is mó amháin agus deir sé go bhfuil an margadh na bhfuarthán do OEM ina olagaplacht. Ina theannta sin, má théann dhá mhonaróir fuartháin san iomaíocht lena chéile ar an margadh fuartháin OEM, is beag an baol go mbeidh monaróirí carranna, ar líon i bhfad níos mó iad ná na monaróirí fuarthán, in ann na soláthróirí fuaráin a athrú i ngeall ar dhifríocht phraghas an-bheag, ná i bhfianaise na gcostas suntasach T&D ar thaobh na monaróirí fuartháin freisin. Ina theannta sin, cé nach féidir a chur as an áireamh go dtiocfaidh méadú ar allmhairí fuarán sa todhchaí, ós rud é go bhfuil a fhoirmle fuaráin féin ag gach monaróir carranna agus an damáiste suntasach a bheadh ann don inneall carr má úsáidtear fuarthán míchuí, is beag seans go mbeidh monaróirí carranna ag athrú a soláthraí fuarthán go héasca tar éis fhorchur na mbeart.

(265)

Mhaígh Arteco freisin nach rachadh forchur na mbeart chun tairbhe ach do mhonaróir fuarthán amháin a bhí comhtháite go ceartingearach agus dá bhrí sin go raibh rochtain aige ar MEG níos saoire.

(266)

Níor aontaigh an Coimisiún leis an ráiteas sin. Mar a mhínítear in aithris (132), is le hearnáil na bhfuarthán go príomha a dhéanann tionscal an Aontais díolacháin MEG faoi chuing. Tá an táirgeoir sin comhtháite ar leibhéal an ghrúpa agus déantar MEG agus déantar na fuaráin a mhonarú in aonáin neamhspleácha éagsúla. Mar a shonraítear i dtábla 7 den Rialachán sealadach, bhí meánphraghas díola MEG ar an margadh faoi chuing ar an leibhéal céanna leis an meánphraghas díola MEG ar an margadh saor le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(267)

Mhaígh Arteco, Oxyde, Helm agus Tricon nach raibh aon ráthaíochtaí ann go raibh na táirgeoirí MEG chun leanúint de bheith ag monarú MEG fiú má tháinig feabhas ar dhálaí an mhargaidh, de bhrí go ndíreodh tionscal an Aontais ar tháirgeadh na dtáirgí a bhfaigheadh an corrlach ab fhearr, mar a chinntear de réir na ndálaí ar fud an domhain agus ní raibh aon ráthaíocht go mbeadh MEG i gceist leis sin, fud a fhágfadh go mbeadh ar na húsáideoirí brath ar líon beag cuideachtaí a fheidhmíonn ar fud an domhain.

(268)

Thug an Coimisiún dá aire go dtagann an maíomh seo salach ar an maíomh in aithris (247). Ina theannta sin, ní léir an fáth a measann na páirtithe leasmhara nach ndíreodh ach táirgeoirí MEG an Aontais ar dhíorthaigh EO, díorthaigh níos brabúsaí, ach nach ndíreodh na honnmhaireoirí ó SAM ná ón Araib Shádach orthu. Gan fhorchur na mbearta frithdhumpála, laghdófar go suntasach táirgeacht MEG an Aontais toisc go leanfaidh tionscal MEG an Aontais de bheith ag cailleadh a sciar den mhargadh, fiú má thagann feabhas ar dhálaí an mhargaidh. Sa chás sin, beidh rochtain ag na húsáideoirí ar níos lú foinsí soláthair, mar a d’admhaigh Arteco, Oxyde, Helm agus Tricon iad féin, agus beidh siad ag brath ar allmhairí. Má fhorchuirtear bearta cinntitheacha, áiritheofar go mbeidh táirgeadh MEG fós ann san Aontas.

(269)

Shonraigh monaróir ilnáisiúnta táirgí plaisteach, RETAL, go raibh a chuideachta ghaolmhar UAB NEO GROUP (“NEO GROUP”), ar monaróir roisín PET í san Aontas, faoi thionchar diúltach ag forchur na mbeart sealadach. Shonraigh RETAL gur thacaigh sé leis an seasamh agus na hargóintí i gcoinne fhorchur na mbeart a chuir CPME in iúl.

(270)

Níor chuir RETAL aon fhianaise isteach chun tacú lena mhaíomh go ndearnadh dochar do ghníomhaíocht a cuideachta gaolmhaire de bharr fhorchur na mbeart sealadach. Dá bhrí diúltaíodh don mhaíomh sin toisc nach raibh bunús leis. Ina theannta sin, léiríodh san imscrúdú go bhfuil roinnt foinsí soláthair ag GROUP NEO, i.e. tionscal an Aontais, allmhairí ó cheann de na tíortha lena mbaineann agus ó thríú tíortha eile. Ina theannta sin, le linn tréimhse an imscrúdaithe bhí NEO GROUP brabúsach.

(271)

Mhaígh CPME go n-imreodh forchur na mbeart ar allmhairí MEG ó na tíortha lena mbaineann tionchar suntasach ar tháirgeoirí PET de bhrí go raibh brabúsacht tháirgeoirí PET idir 1 % agus 3 %. Ina theannta sin, maíodh go raibh iomaíocht dhian roimh tháirgeoirí PEET cheana féin ó thíortha eile amhail an Ríocht Aontaithe, an Éigipt agus an Tuirc nach raibh a n-allmhairí MEG faoi réir dleachtanna frithdhumpála ná dleachtanna allmhairiúcháin agus dá bhrí sin bhí siad in ann PET a thairiscint ar mhargadh an Aontais ar phraghsanna iomaíocha. Thairis sin, mhaígh CPME go bhféadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith ag an easpa acmhainní le haghaidh nuálaíochta maidir le cur chun feidhme na mbeartas glas a bhfuil sé d’aidhm acu PET athchúrsáilte a mhéadú san Aontas. Mhaígh CPME freisin go laghdódh na dleachtanna frithdhumpála ar MEG táirgeacht PET san Aontas, agus bheadh éifeachtaí tromchúiseacha díobhálacha aige sin ó thaobh fostaíochta agus infheistíochtaí i roinnt Ballstát. Dúirt CPME freisin, ó tharla go raibh an fhostaíocht i dtionscal PET (breis agus 2 000 oibrí) níos airde ná an fhostaíocht i dtionscal MEG (níos lú ná 100), nach raibh cothromú leasanna déanta ag an gCoimisiún.

(272)

Níor aontaigh an Coimisiún leis na maímh sin. Tá tionscal PET faoi chosaint ag bearta frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais le blianta fada anuas. Faoi láthair, tá bearta frith-fhóirdheontais ann ar allmhairiú PET ón India. San athbhreithniú deireanach ar dhul in éag na mbeart a rinne an Coimisiún in 2018/2019 (25), bhí sciar suntasach den mhargadh ag tionscal PET an Aontais de 71,1 % le linn na tréimhse ón 1 Aibreán 2017 go dtí an 31 Márta 2018. Mar a shonraítear in aithris (292), cé go bhféadfadh sé, de bharr fhorchur na mbeart ar MEG, go mbeadh an staid níos deacra do tháirgeoirí PET atá ag déanamh caillteanas cheana féin, níl aon ráthaíocht ann nach ndéanfar difear do staid na gcuideachtaí sin fiú má chinneann an Coimisiún gan bearta a fhorchur ar allmhairí MEG ó na tíortha lena mbaineann. Toisc gan fhorchur na mbeart, cuirfidh tionscal an Aontais deireadh le táirgeadh MEG le haghaidh an mhargaidh shaoir agus, dá bhrí sin, beidh táirgeoirí PET ag brath ar na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann. Ina theannta sin, is tionscal níos mó é tionscal PET ná tionscal MEG, ach mar sin féin, ní bheidh tionchar ag forchur na mbeart ar tháirgeoirí uile PET agus, dá bhrí sin, is féidir leis na táirgeoirí sin leanúint de na beartais ghlasa a chur chun feidhme arb é is aidhm dóibh PET athchúrsáilte a mhéadú san Aontas. Ina theannta sin, tá an leibhéal na mbeart idir 7,7 % agus 14,9 %, leibhéal nach bhfuil toirmeascach.

(273)

Mhaígh LCLA nár thug an Coimisiún aon léiriú ar thionchar na mbeart frithdhumpála ar thionscal PET ó thaobh costais táirgthe nó brabúsachta de agus ba cheart dó a mhíniú cén fáth nach mbeadh tionchar na mbeart frithdhumpála ar an tionscal PET díréireach.

(274)

Níor aontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. In aithris (291) den Rialachán sealadach, mhínigh an Coimisiún tionchar na mbeart frithdhumpála ar chostas táirgthe PET chomh maith le brabúsacht. Ina theannta sin, in aithrisí (292) go (294) den Rialachán sealadach mhínigh an Coimisiún staid eacnamaíoch tháirgeoirí comhoibríocha PET agus an éifeacht ar a staid eacnamaíoch má fhorchuirtear bearta, ar bearta iad a bhí éagsúil de réir an táirgeora. Chuir an Coimisiún i dtreis gur de réir fachtóirí eile, ní hamháin praghas MEG, a rinneadh cinneadh faoi staid na dtíortha is measa, agus dá bhrí sin, ní hiad na bearta a shocraíonn a ngníomhaíocht ná na céadta post a bhaineann léi. Ina theannta sin, mar a shonraítear in aithris (272), níl aon ráthaíocht ann nach dtiocfaidh meath ar staid na gcuideachtaí sin fiú mura bhforchuirtear bearta.

(275)

In éagmais barúlacha eile maidir le leas na n-úsáideoirí, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (287) go (298) den Rialachán sealadach.

7.2.4.   Leas na soláthróirí

(276)

In éagmais aon bharúil i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (299) go (300) den Rialachán sealadach.

7.3.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(277)

Mhaígh Arteco, Oxyde agus Helm, i gcomhthéacs deacrachtaí eacnamaíocha a bhaineann le paindéim COVID-19, nach chun leas an Aontais atá sé bearta frithdhumpála a fhorchur.

(278)

Níor chuir na páirtithe aon fhianaise ná sonraí ar fáil chun tacú leis an maíomh sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(279)

Sna barúlacha a thug siad tar éis an nochta deiridh, dúirt SABIC nár aontaigh sé le conclúidí an Choimisiúin in aithrisí (247) go (278) in aithris (311) den Rialachán sealadach gan aon fhaisnéis nua a chur ar fáil ina leith sin.

(280)

Sna barúlacha a thug siad tar éis an nochta dheiridh, mhaígh Arteco, Helm agus Oxyde nach mbeadh Coimisiún ag gníomhú chun leas an Aontais má dhéanann sé bearta cinntitheacha a fhorchur. D’easaontaigh Tricon freisin le measúnú an Choimisiúin maidir le leas an Aontais. Mar sin féin, níor tugadh aon argóintí nua raibh fianaise mar bhunús leo chun cinn ina leith sin.

(281)

Sna barúlacha a thug siad tar éis an nochta deiridh, mhaígh CPME gur cheart don Choimisiún na hathruithe ar dhálaí tar éis an imscrúdaithe a mheas chun críche an mheasúnaithe ar leas an Aontais. Mheas CPME gur rud struchtúrach marthanach a bhí sa mhéadú ar ECP ar MEG tar éis an imscrúdaithe. D’áitigh sé freisin go raibh dálaí eisceachtúla ag baint le tréimhse an imscrúdaithe i ngeall ar fhorbairt an mhargaidh dhomhanda in 2019 chomh maith le ráig phaindéim COVID-19, rud a léiríonn nach raibh bonn cirt le glacadh na ndleachtanna cinntitheacha frithdhumpála. Thairis sin, luaigh CPME gur i gcás ina measfaidh an Coimisiún gur rud sealadach atá sna forbairtí margaidh tar éis an imscrúdaithe ,quod non, i ngeall ar na cúinsí reatha amhail an t-ardú eisceachtúil ar phraghsanna margaidh san Aontas, rud atá bainteach le hacmhainneacht táirgeachta neamhleor thionscal an Aontais agus na deacrachtaí a bhaineann le MEG a fhoinsiú ó thíortha seachas na tíortha lena mbaineann, is rudaí iad sin a éilíonn go gcuirfí na bearta cinntitheacha ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 14(4) den bhun-Rialachán.

(282)

Bhreithnigh an Coimisiún gach maíomh ar thionchar phaindéim COVID-19, ar acmhainneacht thionscal an Aontais agus ar infhaighteacht foinsí eile soláthair in aithrisí ábhartha an Rialacháin seo agus an Rialacháin shealadaigh, toisc nach ndearnadh iad ar fad i gcomhthéacs leas an Aontais.

(283)

Maidir le sonraí iar-imscrúdaithe agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais, mínítear maíomh CPME in aithris (188) den Rialachán seo. Rinne an Coimisiún anailís freisin ar an bhfaisnéis sin i gcomhthéacs leas an Aontais. De réir na faisnéise a cuireadh isteach, sa tréimhse tar éis an imscrúdaithe, tá méadú suntasach tar éis teacht ar ECP MEG, chomh maith leis an leathadh idir ECP MEG agus ECP na heitiléine (leathadh ECP eitiléine).

(284)

Cinntear praghas MEG le ECP agus an lascaine. Níor sholáthair CPME aon fhianaise ar fhorbairt na lascaine, ná ar phraghsanna deiridh MEG. Níor chuir CPME aon fhianaise ar fáil go bhfuil feabhas tagtha ar staid eacnamaíoch tháirgeoirí an Aontais de bharr méadú den sórt sin ar ECP agus ar leathadh ECP ó MEG go eitiléin. Dá bhrí sin, níl aon fhianaise ann go bhfuil na forbairtí sin ina gcúis le “méadú éiritheach ó thaobh praghsanna margaidh agus brabúis do thionscal an Aontais”, mar a mhaíonn CPME. Níor chuir CPME aon fhianaise ar fáil go mbeadh aon fhorbairt iar-imscrúdaithe inbhuanaithe go fadtéarmach mar a léirítear in aithris (187). Diúltaítear don maíomh sin toisc nach bhfuil bunús leis.

(285)

Ina theannta sin, chinn an Coimisiún go raibh an iarraidh fionraíochta faoi Airteagal 14(4) ginearálta agus gan bunús. Féadfaidh an Coimisiún scrúdú a dhéanamh lena fáil amach an mbeadh údar le fionraíocht dá mbeadh dálaí an mhargaidh athraithe go sealadach sa mhéid nach dócha go dtosódh díobháil arís.

(286)

Ar bhonn a bhfuil thuas agus in éagmais aon bharúlacha eile, dheimhnigh an Coimisiún an chonclúid a leagtar amach in aithris (311) den Rialachán sealadach.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

(287)

I bhfianaise na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht agus le leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais i ngeall ar allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann.

(288)

Ar bhonn a bhfuil thuas, na dleachtrátaí frithdhumpála sealadacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, le dleacht chustaim neamhíoctha, ba cheart iad a bheith mar seo a leanas:

Tír

Cuideachta

Corrlach dumpála (%)

Corrlach díobhála (%)

Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%)

Ríocht na hAraibe Sádaí

Saudi Kayan petrochemical company (Saudi Kayan)

7,7

61,5

7,7

 

Yanbu National Petrochemical Company (Yansab)

7,7

61,5

7,7

 

Eastern Petrochemical Company (Sharq)

7,7

61,5

7,7

 

Saudi Yanbu Petrochemical Company (Yanpet)

7,7

61,5

7,7

 

Arabian Petrochemical Company (Petrokemya)

7,7

61,5

7,7

 

Jubail United Petrochemical Company (United)

7,7

61,5

7,7

 

Gach cuideachta eile

7,7

61,5

7,7

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Lotte Chemical Lousiana LLC

3,0

39,6

3,0

 

MEGlobal Americas Inc

46,7

78,9

46,7

 

Cuideachtaí comhoibríocha eile

10,3

46,9

10,3

 

Gach cuideachta eile

60,1

109,4

60,1

(289)

Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo a socraíodh iad. Dá bhrí sin, is a léiriú iad ar an staid faoi mar a bhí sí le linn an imscrúdaithe a mhéid a bhaineann leis na cuideachtaí sin. Níl feidhm ag na rátaí dleachta seo ach amháin maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna dtáirgeadh ag na heintitis dhlíthiúla a ainmnítear. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna mhonarú ag aon chuideachta eile nach luaitear a hainm ná a seoladh go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá gaolmhar leis na cuideachtaí a luaitear go sonrach, ní féidir leis na hallmhairí sin tairbhe a bhaint as na rátaí seo agus beidh siad faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(290)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí dleachta frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (26). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéanann an t-athrú difear do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme. Más amhlaidh nach ndéanann an t-athrú ar ainm na cuideachta difear do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(291)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a sholáthar d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(292)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má chuirtear sonrasc a chomhlíonann na ceanglais go léir a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo faoina mbráid, ba cheart d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus d’fhéadfadh sé, amhail i ngach cás eile, go n-d’éileoidís doiciméid bhreise (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí sa dearbhú a dheimhniú agus chun a áirithiú go bhfuil údar maith leis an ráta dleachta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin, i gcomhréir le dlí custaim.

(293)

Dá dtarlódh sé go dtiocfadh méadú suntasach ar mhéid na n-allmhairí de chuid ceann de na cuideachtaí a bhaineann tairbhe as rátaí aonair dleachta níos ísle, go háirithe tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí méadú den sórt sin ar mhéid a mheas ann féin mar athrú i bpatrún na trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé imscrúdú frith-imchéimnithe a thionscnamh, ar choinníoll go bhfuil na dálaí sin chun déanamh amhlaidh á gcomhlíonadh. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí scrúdú san imscrúdú seo, inter alia, ar an ngá atá le ráta(í) dleachta aonair a bhaint agus forchur dleachta ar fud na tíre ina dhiaidh sin.

(294)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith ag dleacht frithdhumpála “gach cuideachta eile” ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe.

8.1.   Gealltanais

(295)

Tar éis an nochta deiridh, laistigh den spriocdháta a shonraítear in Airteagal 8(2) den bhun-Rialachán, chuir táirgeoir onnmhairiúcháin amháin tairiscint isteach maidir le gealltanas praghsanna.

(296)

De réir Airteagal 8 den bhun-Rialachán, ní mór do na tairiscintí ar ghealltanas i dtaca le praghsanna a bheith leordhóthanach chun éifeacht dhíobhálach na dumpála a dhíothú agus níor cheart go mbreithneofaí nach rud praiticiúil é glacadh leo. Rinne an Coimisiún measúnú ar na tairiscintí i bhfianaise na gcritéar sin agus bhreithnigh nach mbeadh sé praiticiúil glacadh leo ar na cúiseanna seo a leanas.

(297)

Shainaithin an Coimisiún roinnt rioscaí. Ar an gcéad dul síos, is éard a bhí sa mhodh praghsála a chuir LCLA chun cinn íosphraghas allmhairiúcháin seasta (“MIP”) arna ríomh ar bhonn an ghnáthluacha le linn tréimhse an imscrúdaithe. I bhfianaise leibhéal ard luaineachta praghsanna MEG, níor leor an cur chuige sin chun a áirithiú gur léiriú ceart a bheidh san MIP sin go fadtéarmach ar na bearta agus chun deireadh a chur le héifeacht dhíobhálach na dumpála. Cuireann an staid sin isteach ar fhorfheidhmiú an ghealltanais. I bhfianaise an mhéid sin, ní féidir glacadh leis an ngealltanas. Ina theannta sin, measann an Coimisiún nach cosúil go bhfuil bealaí infheidhmithe ann chun innéacsú a dhéanamh ar na praghsanna sin, i bhfianaise an chaoi a socraítear praghsanna MEG, chineál na n-amhábhar lena mbaineann, agus easpa foinsí iontaofa faisnéise ábhartha atá ar fáil.

(298)

Ina theannta sin, shainaithin an Coimisiún rioscaí traschúitimh nithiúla agus bacainní roimh fhaireachán praiticiúil ar ghníomhaíocht díolacháin LCLA. Thairis sin, measadh go raibh an faireachán neamhphraiticiúil freisin mar gheall ar ghníomhaíochtaí ceannaigh LCLA. Ar deireadh, níor gheall LCLA an táirge lena mbaineann a dhíol leis an Aontas trí dhíolacháin dhíreacha ach amháin fad a bhí roinnt cuideachtaí gaolmhara san Aontas aige. Cuireann bealaí indíreacha díolacháin leis an mbaol go mbeidh traschúiteamh ann agus cuireann siad le castacht an fhaireacháin. Ina theannta sin, níor cuireadh aon chlásal ar fáil chun an MIP a choigeartú i gcás díolacháin ghaolmhara, rud a bhaineann an bonn ó chumas an MIP deireadh a chur le héifeacht dhíobhálach na dumpála.

(299)

Ar bhonn an mhéid thuas, chinn an Coimisiún nach bhféadfaí glacadh leis an tairiscint gealltanais.

(300)

Sheol an Coimisiún litir chuig an iarratasóir inar leagadh amach na gcúiseanna gur diúltaíodh don tairiscint gealltanais. Ní bhfuarthas aon bharúil.

8.2.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(301)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a suíodh agus leibhéal na díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, na méideanna a fuarthas leis na dleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach, ba cheart iad a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a leagtar amach faoin Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair.

9.   FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

(302)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (27), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(303)

Níor thug an Coiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 tuairim uaidh maidir leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí gliocóil mona-eitiléine (uimhir CE reatha 203-473-3), a thagann faoi chód AC ex 2905 31 00 (cód TARIC 2905310010) agus ar de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ríocht na hAraibe Sádaí iad.

2.   Maidir leis an táirge a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar a leanas a bheidh ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir le praghas an táirge sin, arb é an glanphraghas é, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Cód breise TARIC

Ríocht na hAraibe Sádaí

Saudi Kayan petrochemical company (Saudi Kayan)

7,7  %

C674

Ríocht na hAraibe Sádaí

Yanbu National Petrochemical Company (Yansab)

7,7  %

C675

Ríocht na hAraibe Sádaí

Eastern Petrochemical Company (Sharq)

7,7  %

C676

Ríocht na hAraibe Sádaí

Saudi Yanbu Petrochemical Company (Yanpet)

7,7  %

C677

Ríocht na hAraibe Sádaí

Arabian Petrochemical Company (Petrokemya)

7,7  %

C678

Ríocht na hAraibe Sádaí

Jubail United Petrochemical Company (United)

7,7  %

C679

Ríocht na hAraibe Sádaí

Gach cuideachta eile

7,7  %

C999

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Lotte Chemical Louisiana LLC

3,0  %

C684

Stáit Aontaithe Mheiriceá

MEGlobal Americas Inc

46,7  %

C680

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear in Iarscríbhinn I

10,3  %

 

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Gach cuideachta eile

60,1  %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a shonraítear le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a bheith curtha faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, sonrasc nach mór dearbhú a bheith air arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, ar oifigeach é arna shainaithint lena ainm agus lena fheidhm, agus ní mór an dearbhú a dhréachtú mar a leanas: “Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus suíomh cláraithe na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i [an tír lena mbaineann], Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo,” Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile,

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim,

Airteagal 2

Na méideanna a fuarthas trí bhíthin na dleachta frithdhumpála sealadaí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/939 ón Coimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí gliocóil mona-eitiléine de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ríocht na hAraibe Sádaí, déanfar iad a bhailiú go cinntitheach, Na méideanna a fuarthas atá os cionn rátaí cinntitheacha na dleachta frithdhumpála, déanfar an farasbarr a scaoileadh,

Airteagal 3

Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur leis agus iad a chur faoi réir na meándleachta frithdhumpála ualaithe iomchuí le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla, Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ní dhearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn thréimhse an imscrúdaithe (an 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020);

(b)

níl gaol aige le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus

(c)

d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann sin nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach díobh a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh thréimhse an imscrúdaithe,

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát,

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, arna modhnú ina dhiaidh sin.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/939 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí gliocóil mona-eitiléine de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ríocht na hAraibe Sádaí (IO L 205, 11.6.2021, lch. 4).

(3)  Tuarascáil ón bPainéal, Guatamala – Bearta FrithdhumpálaChinnteacha maidir le Suimint Grey Portland ó Mheicsiceo, WT/DS156/R, mír 8.53.

(4)  Tuarascáil ón bPainéal, Stáit Aontaithe Mheiriceá - Dumpáil Deiridh ar Bhogadhmad ó Cheanada a chinneadh (SAM – Bogadhmad V), WT/DS264/R, mír 7.87.

(5)  Féach Tuarascáil ón bPainéal EDT, SAM – Bogadhmad V, WT/DS264/R, míreanna 7.54-7.55 (béim bhunaidh), agus Tuarascáil ó Phainéal EDT, Guatamala – Bearta Frithdhumpála Cinntitheacha ar Shuimint Grey Portland ó Mheicsiceo (“Guatamala – Suimint II”), WT/DS156/R, 24 Deireadh Fómhair 2001, mír 8.35, agus breithiúnas an 20 Meitheamh 2001, Euroalliages, T-188/99, ECLI:EU:T:2001:166, mír 52.

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

(7)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32020M9410&qid=1624532083284&from=EN

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc AE) (IO L 24, 29.1.2004, lgh. 1-22).

(9)  Tuarascáil ón bPainéal, Stáit Aontaithe Mheiriceá – Bearta Frithdhumpála ar Earraí Feadánacha Tíre Ola Áirithe ón gCóiré (SAM – OCTG (an Chóiré)), WT/DS488/R, mír 7.147.

(10)  Aithris (352) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1336 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí earraí áirithe d’alcóil pholaivinile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 315, 29.9.2020, lch. 1).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/931 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2018 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid ocsalaigh de thionscnamh na hIndia agus Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 165, 2.7.2018, lch. 13).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1292/2007 ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2007 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sceo teireataláit phoileitiléine (PET) de thionscnamh na hIndia tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 384/96 ón gComhairle agus lena gcuirtear deireadh le hathbhreithniú eatramhach páirteach ar na hallmhairí sin de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 384/96 aithris (22) (IO L 288, 6.11.2007, lch. 1).

(13)  Cuireadh aithrisí (98) go (101) den Rialachán sealadach maidir leis an bpraghas onnmhairiúcháin do LCLA a chinneadh i Roinn 3.1.3 (praghas onnmhairiúcháin Ríocht na hAraibe Sádaí) trí thimpiste nuair a bhaineann siad le cinneadh an phraghais onnmhairiúcháin do Stáit Aontaithe Mheiriceá (roinn 3.2.3).

(14)  Ní tháirgtear MEG sa Ríocht Aontaithe.

(15)  t21.003640.

(16)  Tuarascáil ón bPainéal, Comhphobail Eorpacha – Dleachtanna Frithdhumpála ar Fheadáin nó Feistis Píobáin Iarann Teilgthe Intuargainte ón mBrasaíl, WT/DS219/R, mír 7.242.

(17)  Tuarascáil an Bhuanchomhlachta Achomhairc, Meicsiceo - Bearta Frithdhumpála Cinntitheacha ar Mhairteoil agus Rís, Gearán i ndáil le Rís, WT/DS295/AB/R, mír. 183.

(18)  Achoimre ar chinneadh an Choimisiúin, Cás AT.40410 – Eitiléin, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52021AT40410(02)&from=EN

(19)  https://argkg.com/pipeline-network/

(20)  https://www.icis.com/explore/resources/news/2021/07/26/10666951/exxonmobil-sabic-jv-mechanically-completes-pe-eg-units-at-us-site https://www.spglobal.com/platts/en/market-insights/latest-news/petrochemicals/030421-factbox-meglobal-restarts-texas-meg-unit-tpc-expects-longer-restart-timeline http://www.mrcplast.com/news-news_open-358207.html

(21)  Tuarascáil ón mBuanchomhlacht Achomhairc EDT, SAM – Cruach Teo-Rollta, míreanna 223 agus 226;.

(22)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52021AT40410(02)&from=EN

(23)  Orlen, “PKN ORLEN takes next step in its Petrochemical Development Programme”, https://www.orlen.pl/EN/PressOffice/Pages/PKN-ORLEN-takes-next-step-in-its-Petrochemical-Development-Programme.aspx

(24)  t21.006272.

(25)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1286 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frith-fhóirdheontais chinntitheach ar allmhairí teireataláite poileitiléine (PET) áirithe de thionscnamh na hIndia tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 202, 31.7.2019, lch, 81).

(26)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Ard-Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 an Bhruiséil, an Bheilg.

(27)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá nár sampláladh

Tír

Ainm

Cód breise TARIC

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Indorama Ventures Oxides LLC

C681

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Equistar Chemicals, LP

C682

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Sasol Chemicals North America LLC

C683


15.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 402/60


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1977 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Samhain 2021

lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear gur gá coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) sonraítear na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear do na speicis agus do na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas.

(4)

Go háirithe, le hIarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach anois na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

(5)

An 5 Samhain 2021, chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas maidir le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá na ráigeanna sin ann gar do Chontaebhuirg Wrexham sa Bhreatain Bheag agus gar do Arbroath, Angus san Albain agus deimhníodh iad faoi seach an 2 agus an 4 Samhain 2021 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(6)

An 9 Samhain 2021, chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas maidir le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá an ráig sin ann gar do Alcester, Bidford, Warwickshire i Sasana, agus deimhníodh í an 8 Samhain 2021 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(7)

Bhunaigh údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe crios rialaithe 10 km timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus chuir siad beartas díbeartha chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus leathadh an ghalair sin a theorannú.

(8)

Tá faisnéis curtha isteach ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a chríoch agus maidir leis na bearta atá déanta aige chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh sin a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin, níor cheart, mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach, údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim ón gceantar atá faoi shrianta a leagann údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe síos.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(10)

Tríd an staid eipidéimeolaíoch reatha sa Ríocht Aontaithe a chur san áireamh maidir leis an bhfliú éanúil ardphataigineach, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

1.

leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na criosanna GB-2.17, GB-2.18 agus GB-2.19 tar éis an chreasa GB-2.16:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.17

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P1

 

2.11.2021

 

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P1

 

2.11.2021

 

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P1

 

2.11.2021

 

Raitítigh atá beartaithe a mharú

SR

N, P1

 

2.11.2021

 

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P1

 

2.11.2021

 

Sicíní lae raitíteach

DON

N, P1

 

2.11.2021

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P1

 

2.11.2021

 

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P1

 

2.11.2021

 

Uibheacha goir raitíteach

TÁ SÍ

N, P1

 

2.11.2021

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P1

 

2.11.2021

 

GB-2.18

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P1

 

4.11.2021

 

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P1

 

4.11.2021

 

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P1

 

4.11.2021

 

Raitítigh atá beartaithe a mharú

SR

N, P1

 

4.11.2021

 

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P1

 

4.11.2021

 

Sicíní lae raitíteach

DON

N, P1

 

4.11.2021

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P1

 

4.11.2021

 

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P1

 

4.11.2021

 

Uibheacha goir raitíteach

TÁ SÍ

N, P1

 

4.11.2021

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P1

 

4.11.2021

 

GB-2.19

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P1

 

8.11.2021

 

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P1

 

8.11.2021

 

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P1

 

8.11.2021

 

Raitítigh atá beartaithe a mharú

SR

N, P1

 

8.11.2021

 

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P1

 

8.11.2021

 

Sicíní lae raitíteach

DON

N, P1

 

8.11.2021

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P1

 

8.11.2021

 

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P1

 

8.11.2021

 

Uibheacha goir raitíteach

TÁ SÍ

N, P1

 

8.11.2021

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P1

 

8.11.2021”

 

(b)

i gCuid 2, san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach tuairiscí na gcriosanna GB-2.17, GB-2.18 agus 2.19 tar éis na tuairisce ar an gcrios GB-2.16:

“An Ríocht Aontaithe

GB-2.17

Gar do Wrexham, an Bhreatain Bheag:

An limistéar a chlúdaíonn an chuid sin de Wrexham, an Bhreatain Bheag agus Shropshire, Sasana atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.94 agus W3.07

GB-2.18

Gar do Arbroath, Angus, an Albain:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N56.65 agus W2.61

GB-2

Gar do Alcester, Bidford, Warwickshire, Sasana:

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N52.15 agus W1.86”

2.

in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na criosanna GB-2.17, GB-2.18 agus GB-2.19 tar éis an chreasa GB-2.16:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.17

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P1

 

2.11.2021

 

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P1

 

2.11.2021

 

Feoil úr éan géim

GBM

N, P1

 

2.11.2021

 

GB-2.18

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P1

 

4.11.2021

 

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P1

 

4.11.2021

 

Feoil úr éan géim

GBM

N, P1

 

4.11.2021

 

GB-2.19

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P1

 

8.11.2021

 

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P1

 

8.11.2021

 

Feoil úr éan géim

GBM

N, P1

 

8.11.2021”

 

.


TREORACHA

15.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 402/65


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2021/1978 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Lúnasa 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith úsáid bios(2-eitilheicsil)taláite (DEHP), taláite beinsile búitile (BBP), taláite débhúitile (DBP) agus taláite dé-iseabúitile (DIBP) i bpáirteanna spártha a aisghabhtar ó fheistí leighis agus a úsáidtear chun feistí leighis a dheisiú nó a athchóiriú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Le Treoir Tharmligthe (AE) 2015/863 ón gCoimisiún (2), cuireadh bios(2-eitilheicsil)taláit (DEHP), taláit bheinsile bhúitile (BBP), taláit débhúitile (DBP) agus taláit dé-iseabúitile (DIBP) le liosta na substaintí srianta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Maidir leis an srian ar DEHP, BBP, DBP agus DIBP, foráiltear le Treoir Tharmligthe (AE) 2015/863 nach mbeidh feidhm aige maidir le páirteanna spártha le haghaidh deisiúchán, athúsáid, uasdátú feidhmiúlachtaí nó uasghrádú acmhainne feistí leighis, lena n-áirítear feistí leighis in vitro, a cuireadh ar an margadh roimh an 22 Iúil 2021.

(5)

An 17 Iúil 2018, fuair an Coimisiún iarratas arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2011/65/AE maidir le díolúine a liostú in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin, i leith úsáid DEHP BBP, DBP agus DIBP i bpáirteanna spártha a aisghabhtar ó fheistí leighis agus a úsáidtear chun feistí leighis a dheisiú nó a athchóiriú, lena n-áirítear feistí leighis diagnóiseacha in vitro (“an díolúine a iarradh”).

(6)

Maidir le páirteanna athchóirithe ina bhfuil DEHP, BBP, DBP agus DIBP a ionadú le páirteanna nua athchóirithe nach bhfuil substaintí iontu, cinneadh leis an meastóireacht ar an iarratas ar dhíolúine go mbeadh tionchair dhiúltacha don chomhshaol agus don tsláinte ar mó iad ná na tairbhí iomlána don chomhshaol agus don tsláinte. Mar chuid den mheastóireacht, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, rud a cheanglaítear le hAirteagal 5(6) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(7)

Chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra a áirithiú, ba cheart don athúsáid tarlú i gcórais lúbiata sho-iniúchta a fheidhmíonn idir gnólachtaí, agus ba cheart athúsáid na bpáirteanna spártha a fhógairt don tomhaltóir.

(8)

Tá an díolúine a iarradh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an díolúine a iarradh a dheonú trí na feidhmeanna a chumhdaítear léi a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(10)

Ba cheart an díolúine a iarradh a dheonú ar feadh tréimhse 7 mbliana dar tús dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE. I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin.

(12)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun ionchais dhlisteanacha na n-oibreoirí a sholáthraíonn na feistí leighis lena mbaineann a chosaint i dtaca leis an díolúine a iarradh a chur i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an toirmisc maidir le húsáid na substainte srianta i gceist, agus in éagmais aon leas dlisteanach maidir le cur isteach ar sholáthar na bhfeistí leighis sin de thoradh theacht i bhfeidhm an toirmisc sin, ba cheart an Treoir seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aici le héifeacht chúlghabhálach ón 21 Iúil 2021,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

(1)   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Aibreán 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 21 Iúil 2021.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

(2)   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Treoir Tharmligthe (AE) 2015/863 ón gCoimisiún an 31 Márta 2015 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí srianta (IO L 137, 4.6.2015, lch. 10).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an iontráil 47 seo a leanas isteach:

“47

Bios(2-eitilheicsil)taláit (DEHP), taláit bheinsile bhúitile (BBP), taláit débhúitile (DBP) agus taláit dé-iseabúitile (DIBP) i bpáirteanna spártha a aisghabhtar ó fheistí leighis agus a úsáidtear chun feistí leighis a dheisiú nó a athchóiriú, lena n-áirítear feistí leighis diagnóiseacha in vitro, agus a ngabhálais, ar choinníoll go n-athúsáidtear iad i gcórais lúbiata sho-iniúchta a fheidhmíonn idir gnólachtaí agus go bhfógraítear gach athúsáid páirteanna don tomhaltóir.

Rachaidh sé in éag an 21 Iúil 2028.”


15.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 402/69


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2021/1979 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Lúnasa 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith úsáid bios(2-eitilheicsil) taláite (DEHP) i gcomhpháirteanna plaisteacha i gcornaí brathadóra íomháithe athshondais mhaighnéadaigh (MRI)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint í bios(2-eitilheicsil)taláit (DEHP) a bhfuil srian uirthi agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, arna leasú le Treoir Tharmligthe (AE) 2015/863 ón gCoimisiún (2). Ón 22 Iúil 2021, níl DEHP le húsáid i bhfeistí leighis, lena n-airítear feistí leighis in vitro, ag a bhfuil luach tiúchana os cionn an uasluacha tiúchana de 0,1 % atá inghlactha de réir meáchain in ábhair aonchineálacha.

(4)

An 12 Meán Fómhair 2018 agus an 2 Deireadh Fómhair 2019, fuair an Coimisiún iarratais arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2011/65/AE maidir le díolúine a liostú in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin, i leith úsáid DEHP i gcomhpháirteanna plaisteacha i gcornaí brathadóra íomháithe athshondais mhaighnéadaigh (MRI) (“an díolúine a iarradh”)

(5)

Rinneadh dhá staidéar measúnachta theicniúil agus eolaíoch chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarratais ar dhíolúine. Cumhdaíodh an chéad iarratas a fuarthas leis an gcéad staidéar (3). I ngeall ar chomhchosúlacht an dara iarratas leis an gcéad cheann, rinneadh meastóireacht ar an dá iarratas le chéile sa dara staidéar (4). Leis an meastóireacht ar na hiarratais, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach iontaofa atá indéanta go teicniúil agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, cinneadh nach bhfuil aon rogha mhalartach oiriúnach ar DEHP ar fáil go leormhaith ar an margadh faoi láthair agus mura ndéantar an díolúine a dheonú gur dócha go mbeadh tionchair dhiúltacha iomlána ann don chomhshaol, don tsláinte agus do shábháilteacht an tomhaltóra ar mhó iad ná na tairbhí. Mar chuid den mheastóireacht, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(6)

Tá an díolúine a iarradh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(7)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an díolúine a iarradh a dheonú trí na feidhmeanna a chumhdaítear léi a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(8)

Chun a áirithiú go mbeidh comhpháirteanna plaisteacha comhoiriúnacha le haghaidh cornaí brathadóra MRI i gcomhair na seirbhísí sláinte ar fáil go forleathan ar mhargadh an Aontais agus chun am a cheadú chun roghanna malartacha oiriúnacha a bheidh ar fáil go forleathan a fhorbairt, ba cheart an díolúine a iarradh a dheonú go dtí an 1 Eanáir 2024, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE. I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin.

(10)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun ionchais dhlisteanacha na n-oibreoirí a sholáthraíonn na feistí leighis lena mbaineann a chosaint i dtaca leis an díolúine a iarradh a chur i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an toirmisc maidir le húsáid na substainte srianta i gceist, agus in éagmais aon leas dlisteanach maidir le cur isteach ar sholáthar na bhfeistí leighis sin de thoradh theacht i bhfeidhm an toirmisc sin, ba cheart an Treoir seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aici le héifeacht chúlghabhálach ón 21 Iúil 2021,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Aibreán 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 21 Iúil 2021.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Treoir Tharmligthe (AE) 2015/863 ón gCoimisiún an 31 Márta 2015 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí srianta (IO L 137, 4.6.2015, lch. 10).

(3)  Chun tuarascáil chríochnaitheach an staidéir (Pacáiste 17) a fháil, féach: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/df0ab036-8b52-11ea-812f-01aa75ed71a1/language-en/format-PDF/source-146143357.

(4)  Chun tuarascáil chríochnaitheach an staidéir (Pacáiste 20) a fháil, féach: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/185e9d5b-d5fc-11ea-adf7-01aa75ed71a1/language-en/format-PDF/source-146144567.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an iontráil 46 seo a leanas isteach:

“46

Bios(2-eitilheicsil)taláit (DEHP) i gcomhpháirteanna plaisteacha i gcornaí brathadóra MRI.

Rachaidh sé in éag an 1 Eanáir 2024.”


15.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 402/73


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2021/1980 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Lúnasa 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine i leith úsáid bios(2-eitilheicsil) taláite (DEHP) i leictreoidí ianroghnaitheacha chun anailís a dhéanamh ar shreabháin coirp an duine agus/nó ar shreabháin scagdhealáite

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

De bhun Threoir Tharmligthe (AE) 2015/863 ón gCoimisiún (2), is substaint í bios(2-eitilheicsil)taláit (DEHP) a bhfuil srian uirthi agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE agus tá toirmeasc le cur ar a húsáid, ón 22 Iúil 2021, i bhfeistí leighis, lena n-airítear feistí leighis in vitro, ag a bhfuil luach tiúchana os cionn an uasluacha tiúchana de 0,1 % atá inghlactha de réir meáchain in ábhair aonchineálacha.

(4)

An 17 Iúil 2018, fuair an Coimisiún iarratas arna chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2011/65/AE maidir le díolúine a liostú in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin, i leith úsáid DEHP i leictreoidí ianroghnaitheacha chun anailís a dhéanamh ar shreabháin coirp an duine agus/nó ar shreabháin scagdhealáite (“an díolúine a iarradh”).

(5)

Úsáidtear DEHP mar thuaslagóir seicne leictreoidí ianroghnaitheacha a chuirtear i bhfeidhm in anailíseoirí sa láthair chúraim a chuidíonn chun tiúchan substaintí ianacha a thomhas i sreabháin coirp an duine agus/nó i sreabháin scagdhealáite.

(6)

Rinneadh staidéar measúnaithe theicniúil agus eolaíoch chun meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas ar dhíolúine (3). Cinneadh leis an meastóireacht ar an iarratas nach bhfuil na roghanna malartacha ar DEHP iontaofa go leor faoi láthair agus go mbeadh tionchair dhiúltacha don chomhshaol agus don tsláinte ar DEHP le haghaidh feidhmeanna sonracha a ionadú ar mó iad ná na tairbhí. Mar chuid den mheastóireacht, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(7)

Tá an díolúine a iarradh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(8)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an díolúine a iarradh a dheonú trí na feidhmeanna a chumhdaítear léi a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(9)

Chun trealamh teicniúil éifeachtúil a sholáthar le haghaidh na seirbhísí sláinte agus chun am a thabhairt chun roghanna malartacha oiriúnacha a fhorbairt, ba cheart an díolúine a iarradh a dheonú ar feadh tréimhse 7 mbliana dar tús dháta chur i bhfeidhm na Treorach seo i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE. I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin.

(11)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus chun ionchais dhlisteanacha na n-oibreoirí a sholáthraíonn na feistí leighis lena mbaineann a chosaint i dtaca leis an díolúine a iarradh a chur i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an toirmisc maidir le húsáid na substainte srianta i gceist, agus in éagmais aon leas dlisteanach maidir le cur isteach ar sholáthar na bhfeistí leighis sin de thoradh theacht i bhfeidhm an toirmisc sin, ba cheart an Treoir seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aici le héifeacht chúlghabhálach ón 21 Iúil 2021,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

(1)   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Aibreán 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 21 Iúil 2021.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

(2)   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Treoir Tharmligthe (AE) 2015/863 ón gCoimisiún an 31 Márta 2015 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí srianta (IO L 137, 4.6.2015, lch. 10).

(3)  Staidéar chun measúnú a dhéanamh ar thrí iarraidh ar dhíolúine a bhaineann le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE (Pacáiste 17).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an iontráil 45 seo a leanas isteach:

“45

Bios(2-eitilheicsil)taláit (DEHP) i leictreoidí ianroghnaitheacha a chuirtear i bhfeidhm in anailís ag an láthair cúraim ar shubstaintí ianacha atá i láthair i sreabháin coirp an duine agus/nó i sreabháin scagdhealáite

Rachaidh sé in éag 21 Iúil 2028.”


CINNTÍ

15.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 402/77


CINNEADH (AE) 2021/1981 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Samhain 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 14, 16, 22, 24, 37, 45, 48, 49, 55, 58, 67, 79, 83, 86, 90, 94, 95, 100, 101, 110, 116, 118, 125, 128, 129, 133, 134, 135, 137, 145, 149, 150, 151, 152, 153, 157, 158 agus 159 ó na Náisiúin Aontaithe, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh leasuithe ar Rúin Comhdhlúite R.E.3 agus R.E.5, a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh leasuithe ar Rúin Fhrithpháirteacha M.R.1 agus M.R.2, agus a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh údaruithe chun leasú a dhéanamh ar RTD ó na Náisiúin Aontaithe maidir le sábháilteacht coisithe, agus chun RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le hAstaíochtaí Domhanda Fíorthiomána agus maidir le hastaíochtaí cáithníní coscán

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, sin agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Athbhreithnithe 1958”). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.

(2)

Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“an Comhaontú Comhthreomhar”). Tháinig Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.

(3)

I Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil faoi leith nua. Ionchorpraíonn an Rialachán sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (“Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe”) i gcóras cineálcheadaithe AE, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.

(4)

De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh an Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (UNECE WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe) agus Rúin ó na Náisiúin Aontaithe chomh maith le tograí le haghaidh Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe agus Rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feithiclí a cheadú. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh UNECE WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe a dhéanamh ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh le haghaidh sainorduithe chun síneadh a chur le RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe.

(5)

Le linn an 185ú seisiún den Fhóram Domhanda, seisiún a thionólfar idir an 23 agus an 25 Samhain 2021, na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 14, 16, 22, 24, 37, 45, 48, 49, 55, 58, 67, 79, 83, 86, 90, 94, 95, 100, 101, 110, 116, 118, 125, 128, 129, 133, 134, 135, 137, 145, 149, 150, 151, 152, 153, 157, 158 agus 159 ó na Náisiúin Aontaithe, féadfaidh UNECE WP.29 na tograí sin a ghlacadh.

(6)

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in UNECE WP.29, a mhéid a bhaineann leis na tograí sin a ghlacadh, is iomchuí an seasamh sin a bhunú, ós rud é go mbeidh na Rialacháin sin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidh siad, in éineacht leis na Rúin ó na Náisiúin Aontaithe, tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais i réimse chineálcheadú na bhfeithiclí.

(7)

I bhfianaise forbairtí teicniúla agus taithí, na ceanglais a bhaineann le heilimintí nó gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 0, 14, 16, 22, 24, 37, 45, 48, 49, 55, 58, 67, 79, 83, 86, 90, 94, 95, 100, 101, 110, 116, 118, 125, 128, 129, 133, 134, 135, 137, 145, 149, 150, 151, 152, 153, 157, 158 agus 159 ó na Náisiúin Aontaithe, is gá na ceanglais sin a leasú, a cheartú nó a fhorlíonadh. Maidir leis an Togra le haghaidh sraith nua de leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistí soilsiúcháin agus solaschomharthaíochta a shuiteáil), is cosúil nach leor an tréimhse bliana sna forálacha idirthréimhseacha atá beartaithe agus, dá bhrí sin, is iomchuí tacú freisin le dáta na bhforálacha idirthréimhseacha a athrú ón 1 Meán Fómhair 2023 go dtí an 1 Meán Fómhair 2024 mar a mholtar i ndoiciméad WP.29-185-05.

(8)

Ina theannta sin, is gá forálacha áirithe i Rúin R.E.3, R.E.5, M.R.1 agus M.R.2 ó na Náisiúin Aontaithe a leasú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i bhFóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, le linn an 185ú seisiún a thionólfar idir an 23 agus an 25 Samhain 2021, is ea vótáil i bhfabhar na dtograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 0, 14, 16, 22, 24, 37, 45, 48, 49, 55, 58, 67, 79, 83, 86, 90, 94, 95, 100, 101, 110, 116, 118, 125, 128, 129, 133, 134, 135, 137, 145, 149, 150, 151, 152, 153, 157, 158 agus 159 ó na Náisiúin Aontaithe, vótáil i bhfabhar na dtograí le haghaidh leasuithe ar Rúin Comhdhlúite R.E.3 agus R.E.5, vótáil i bhfabhar na leasuithe ar Rúin Fhrithpháirteacha M.R.1 agus M.R.2, agus vótáil i bhfabhar na dtograí le haghaidh údaruithe chun leasú a dhéanamh ar RTD ó na Náisiúin Aontaithe maidir le sábháilteacht coisithe, agus chun RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt maidir le hAstaíochtaí Domhanda Fíorthiomána agus maidir le hastaíochtaí cáithníní coscán a bheidh an seasamh sin. (4)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. ŠIRCELJ


(1)  Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, sin agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le haitheantas frithpháirteach le haghaidh ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Leasaithe 1958”) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).

(2)  Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i ndáil le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha agus trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (an “Comhaontú Comhthreomhar”) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(4)  Féach doiciméad ST 13161/21 ag http://register.consilium.europa.eu.