ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 394

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
9 Samhain 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1928 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 a mhéid a bhaineann le bainistiú taraif-chuótaí áirithe agus cainníochtaí díobh le haghaidh na hAirgintíne agus lena gceartaítear an Rialachán sin a mhéid a bhaineann lena fhorálacha idirthréimhseacha

1

 

*

Rialachán (AE) 2021/1929 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a mhéid a bhaineann le coinníollacha maidir le honnmhairí leasachán orgánach agus feabhsaitheoirí ithreach áirithe ina bhfuil ábhair Chatagóir 2 ( 1 )

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise

7

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

9.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 394/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1928 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Lúnasa 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 a mhéid a bhaineann le bainistiú taraif-chuótaí áirithe agus cainníochtaí díobh le haghaidh na hAirgintíne agus lena gceartaítear an Rialachán sin a mhéid a bhaineann lena fhorálacha idirthréimhseacha

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1), ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 185, Airteagal 186 agus Airteagal 223(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, Rialachán (CE) Uimh. 165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 (2) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagail 64(6) agus 66(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 (3) ón gCoimisiún déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le riar taraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí le haghaidh táirgí talmhaíochta atá faoi réir ceadúnas agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a bhaineann le hurrúis a thaisceadh i riar taraif-chuótaí.

(2)

Leis an gComhaontú i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV de chuid an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (“an Comhaontú”), arna thabhairt i gcrích le Cinneadh (AE) 2021/1213 (4) ón gComhairle, leasaítear an córas bainistíochta i leith roinnt taraif-chuótaí.

(3)

Leis an gComhaontú tugtar isteach athrú ar bhainistiú an taraif-chuóta le haghaidh gairleog de thionscnamh na hAirgintíne, ó chóras allmhaireoirí traidisiúnta agus allmhaireoirí nua go modh an scrúdaithe comhuainigh, modh nach bhfuil feidhm ag an gceanglas cainníocht tagartha ina leith. Mar iarmhairt air sin, ba cheart Airteagal 9(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 a scriosadh.

(4)

Leis an gComhaontú déantar taraif-chuótaí a scoilteadh faoi na sraithuimhreacha 09.4213 agus 09.4412, a bhaineann le héanlaith chlóis, agus leithdháiltear cuid dá gcainníochtaí ar dhá tharaif-chuóta nuachruthaithe ar earraí de thionscnamh na hAirgintíne, is iad sin: sraithuimhreacha 09.4289 agus 09.4290. Ba cheart tagairtí do na taraif-chuótaí nua sin a chur isteach in Airteagal 9(6) agus (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 27(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760, tá feidhm ag an Rialachán sin maidir leis na tréimhsí taraif-chuóta dar tús an 1 Eanáir 2021 agus ina dhiaidh sin. Leis an bhforáil idirthréimhseach sa chéad mhír d’Airteagal 26 den Rialachán sin, foráiltear gur féidir an chainníocht tagartha dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán sin a bhunú i gcomhréir leis na Rialacháin a aisghairtear le hAirteagal 25 den Rialachán sin sa chéad dá thréimhse tharaif-chuóta “tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo”. Ba cheart an fhoclaíocht sin a ailíniú le hAirteagal 27(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 trí thagairt a dhéanamh don chéad dá thréimhse tharaif-chuóta “a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo”.

(6)

Is gá ceartú den chineál céanna a dhéanamh sa dara mír d’Airteagal 26 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760. Thairis sin, ba cheart a shoiléiriú san fhoráil sin gur féidir an chainníocht tagartha a bhunú trí thréimhsí cuótaí ráta taraife iomlána a úsáid seachas tréimhsí 12 mhí.

(7)

Chun aon mhearbhall a sheachaint, is iomchuí an aithris chomhfhreagrach a cheartú freisin.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 a leasú agus a cheartú dá réir sin.

(9)

Ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 9(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 go fóill maidir leis an tréimhse chuóta taraife leanúnach i leith an taraif-chuóta faoi shraithuimhir 09.4104, go dtí go gcuirfear tús leis an gcéad tréimhse tharaif-chuóta den taraif-chuóta faoi shraithuimhir 09.4288 i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 (5).

(10)

Ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 9(6) agus (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ó thús chéad thréimhse tharaif-chuóta na dtaraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.4289 agus 09.4290 a thosóidh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe agus ceartúcháin ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760

Leasaítear agus ceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad aithris 18:

“(18)

Chun aon chur isteach ar shreafaí trádála a sheachaint, is ga foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm leanúnach na ngníomhartha aisghairthe maidir le ceadúnais allmhairiúcháin a eisíodh ar bhonn na ngníomhartha sin sular cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm. Chun na críche céanna, is iomchuí údaráis eisiúna ceadúnas an chainníocht tagartha a bhunú i gcomhréir leis na gníomhartha aisghairthe le linn an chéad dá thréimhse tharaif-chuóta dar tús an 1 Eanáir 2021 agus ina dhiaidh sin, tréimhsí a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.”;

(2)

Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 4;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

“6.   De mhaolú ar mhír 2, déanfar an chainníocht tagartha a ríomh trí chainníochtaí na dtáirgí a scaoiltear i saorchúrsaíocht san Aontas a charnadh, ar táirgí iad a thagann faoi gach ceann de na grúpaí seo a leanas de thrí nó ceithre shraithuimhir chuóta a leanas a leagtar amach in Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761:

 

09.4211, 09.4212, 09.4213 agus 09.4290;

 

09.4214, 09.4215 agus 09.4216;

 

09.4410, 09.4411, 09.4412 agus 09.4289.

7.   De mhaolú ar mhír 3, i gcás na dtaraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.4211, 09.4212, 09.4213 agus 09.4290, cainníocht iomlán na dtáirgí a chumhdaítear le hiarratais ar cheadúnais arna gcur isteach sa tréimhse tharaif-chuóta le haghaidh na gceithre tharaif-chuóta sin, ní mó a bheidh sí ná cainníocht iomlán tagartha an iarratasóra le haghaidh na gceithre tharaif-chuóta sin. Féadfaidh an t-iarratasóir rogha a dhéanamh maidir leis an mbealach a dhéantar an chainníocht a fhoroinnt i measc na dtaraif-chuótaí a gcuirfear iarratais isteach ina leith. Beidh feidhm ag an riail seo freisin maidir le taraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.4214, 09.4215 agus 09.4216 agus sraithuimhreacha 09.4410, 09.4411, 09.4412 agus 09.4289.”;

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

“Airteagal 26

Forálacha idirthréimhseacha

Sa chéad dá thréimhse tharaif-chuóta a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo i gcomhréir le hAirteagal 27(2), féadfaidh an t-údarás eisiúna ceadúnas an chainníocht tagartha dá dtagraítear in Airteagal 9 a bhunú i gcomhréir leis na Rialacháin aisghairthe ábhartha a liostaítear in Airteagal 25.

I gcás taraif-chuóta atá faoi réir an cheanglais cainníochta tagartha dá dtagraítear in Airteagal 9 nár úsáideadh ina iomláine, le linn ceann amháin nó an dá thréimhse tharaif-chuóta roimh an gcéad tréimhse tharaif-chuóta a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir léi i gcomhréir le hAirteagal 27(2), féadfaidh oibreoirí rogha a dhéanamh an chainníocht tagartha a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 9(1), nó trí úsáid a bhaint as an dá thréimhse tharaif-chuóta deiridh roimhe seo inar úsáideadh an taraif-chuóta ina iomláine.”.

Airteagal 2

Foráil idirthréimhseach

Leanfaidh Airteagal 9(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 d’fheidhm a bheith aige maidir leis an tréimhse chuóta taraife leanúnach i leith an taraif-chuóta faoi shraithuimhir 09.4104.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag pointe (2)(b) d’Airteagal 1 ó thús chéad thréimhse tharaif-chuóta na dtaraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.4289 agus 09.4290 a thosóidh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(3)  Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha i dtaca le riar taraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí atá faoi réir ceadúnas agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hurrúis a thaisceadh i riar taraif-chuótaí (IO L 185, 12.6.2020, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE) 2021/1213 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV de chuid an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (IO L 264, 26.7.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas bainistíochta na dtaraif-chuótaí le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lch. 24).


9.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 394/4


RIALACHÁN (AE) 2021/1929 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Samhain 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a mhéid a bhaineann le coinníollacha maidir le honnmhairí leasachán orgánach agus feabhsaitheoirí ithreach áirithe ina bhfuil ábhair Chatagóir 2

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (1), agus go háirithe Airteagal 32(3)(a) agus Airteagal 43(3), an dara fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir le sláinte an phobail agus sláinte ainmhithe i dtaca le táirgí díorthaithe, lena n-áirítear leasacháin orgánacha agus feabhsaitheoirí ithreach, a chur ar an margadh agus a onnmhairiú.

(2)

Le Caibidil V d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 foráiltear maidir le rialacha i dtaca le honnmhairí aoiligh phróiseáilte, i measc rudaí eile. Féadfar aoileach próiseáilte a úsáid mar chomhpháirt chun úsáid leasachán orgánach agus feabhsaitheoirí ithreach ina dhiaidh sin a eisiamh, ar leasacháin agus feabhsaitheoirí iad ina bhfuil min feola agus cnámh (MBM) d’ábhair Chatagóir 2 chun críoch beathaithe. Ba cheart na rialacha maidir le honnmhairiú aoiligh phróiseáilte a leasú chun onnmhairiú aoiligh phróiseáilte atá ina chomhpháirt mheasctha in MBM d’ábhair Chatagóir 2 a cheadú.

(3)

Ba cheart onnmhairiú leasachán orgánach agus feabhsaitheoirí ithreach áirithe ina bhfuil MBM d’ábhair Chatagóir 2 a údarú gan an t-iompar dá dtagraítear in Airteagal 48(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1069/2009, Airteagal lena ndearnadh úsáid na leasachán orgánach agus na bhfeabhsaitheoirí ithreach sin chun críoch beathaithe a eisiamh i ngeall ar a gcomhdhéanamh nó a bpacáistiú. Ba cheart leasacháin orgánacha agus feabhsaitheoirí ithreach a mheascadh le haoileach próiseáilte nó le comhpháirteanna forordaithe eile ionas nach n-úsáidfear iad ina dhiaidh sin chun críoch beathaithe. Na rialacha maidir le honnmhairiú leasachán orgánach agus feabhsaitheoirí ithreach ina bhfuil MBM d’ábhair Chatagóir 2, leagfar amach iad i gCaibidil V d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

(4)

Le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 foráiltear maidir le ceanglais lipéadaithe i dtaca le leasacháin orgánacha agus feabhsaitheoirí ithreach a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Maidir le honnmhairiú a dhéantar chuig tríú tíortha, ba cheart an lipéadú a bheith i gceann amháin de theangacha oifigiúla an tríú tír is ceann scríbe.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a leasú dá réir.

(6)

Is i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha atá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Caibidil V d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 300, 14.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus ítimí atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

I Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, Iarscríbhinn XIV, Caibidil V, leasaítear an tábla mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ró 1:

“1

Aoileach próiseáilte;

Leasacháin orgánacha, muirín nó iarmhair díleá ó chlaochlú bithgháis nach bhfuil aon seachtháirgí ainmhithe ná táirgí díorthaithe eile iontu seachas aoileach próiseáilte;

Próitéin ainmhíoch phróiseáilte ina bhfuil aoileach próiseáilte agus é ina chomhpháirt mheasctha, nó min feola agus cnámh d’ábhair Chatagóir 2 ina bhfuil aoileach próiseáilte agus é ina chomhpháirt mheasctha

Ní mór do na táirgí díorthaithe seo a leanas na coinníollacha atá leagtha amach i gCaibidil I, Roinn 2, pointí (a), (b), (d) agus (e), d’Iarscríbhinn XI a chomhlíonadh ar a laghad:

Aoileach próiseáilte;

Leasacháin orgánacha, muirín nó iarmhair díleá ó chlaochlú bithgháis nach bhfuil aon seachtháirgí ainmhithe ná táirgí díorthaithe eile iontu seachas aoileach próiseáilte;

Aoileach próiseáilte agus é ina chomhpháirt mheasctha i bpróitéin ainmhíoch phróiseáilte nó ina mhin feola agus cnámh d’ábhair Chatagóir 2.”

(b)

cuirtear an ró 4 seo a leanas leis:

“4

Leasacháin orgánacha agus feabhsaitheoirí ithreach ina bhfuil min feola agus cnámh d’ábhair Chatagóir 2

Leasacháin orgánacha agus feabhsaitheoirí ithreach ina bhfuil min feola agus cnámh d’ábhair Chatagóir 2 dá dtagraítear i gCaibidil II, Roinn 1, pointí 1, 2, 3 agus 5, d’Iarscríbhinn XI a chomhlíonann na ceanglais atá iontu, ar leasacháin agus feabhsaitheoirí iad atá pacáistithe i bpacáistí atá réidh lena ndíol nach bhfuil níos mó ná 50 kg de réir meáchain a bhfuiltear lena n-úsáid ag an tomhaltóir deiridh ina bhfuil cion

(a)

nach mó ná 90 % de réir toirte de mhin feola agus cnámh d’ábhair Chatagóir 2;

(b)

10 % ar a laghad de réir toirte d’aoileach próiseáilte, d’fhual próiseáilte, d’aol, de leasacháin mhianracha, nó d’aon chomhpháirt mheasctha eile dá dtagraítear i gCaibidil II, Roinn 1, pointe 3(b), d’Iarscríbhinn XI.”


9.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 394/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1930 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Samhain 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an ‘bun-Rialachán’) agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 14 Deireadh Fómhair 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise (‘an tír lena mbaineann’) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘an Fógra Tionscnaimh’).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a rinne Woodstock Consortium (‘an gearánach’) an 31 Lúnasa 2020. Is é tionscal sraithadhmaid beithe an Aontais a rinne an gearán de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Sa ghearán bhí fianaise maidir le dumpáil agus le díobháil ábhartha dá dheasca sin, rud a bhí leordhóthanach chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe.

1.2.   Leasú ar an bhFógra Tionscnaimh

(3)

San Fhógra Tionscnaimh, fágadh roinn ar lár go neamhaireach a bhain leis an nós imeachta chun leas an Aontais a mheasúnú. Cé nach ndearna an t-easnamh sin difear do cheart na bpáirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh maidir le leas an Aontais, measadh gurbh iomchuí aghaidh a thabhairt ar an easnamh sin mar ábhar trédhearcachta nós imeachta. Dá bhrí sin, leasaíodh é an 11 Nollaig 2020 (2).

1.3.   - Clárú

(4)

Toisc nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 14(5a) den bhun-Rialachán, níor ghá allmhairí den táirge lena mbaineann a chlárú. Níor thug páirtí ar bith aon bharúil maidir leis an bpointe sin.

1.4.   Bearta sealadacha

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 12 Bealtaine 2021, chuir an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna sealadacha beartaithe ar fáil do pháirtithe agus mionsonraí maidir le ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach atá leormhaith chun an díobháil do thionscal an Aontais a bhaint. Chuir páirtí amháin barúlacha bailí isteach agus cuireadh san áireamh iad.

(6)

An 11 Meitheamh 2021, rinne an Coimisiún dleacht frithdhumpála shealadach a fhorchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/940 ón gCoimisiún (3) (‘an Rialachán sealadach’).

(7)

Cumhdaítear leis an imscrúdú ar dhumpáil agus díobháil an tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (‘an tréimhse imscrúdaithe’). Sa scrúdú ar threochtaí ábhartha do mheasúnú díobhála, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdaithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

1.5.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(8)

Tar éis nochtadh na bhfíoras agus na mbreithnithe riachtanacha ar an mbonn a forchuireadh an dleacht frithdhumpála shealadach (‘nochtadh sealadach’), rinne na gearánaigh, táirgeoirí eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin neamhshampláilte, agus roinnt páirtithe leasmhara eile aighneachtaí i scríbhinn inar chuir siad a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha.

(9)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Bhí éisteachtaí ann leis na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte, le dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin neamhshampláilte, le táirgeoir de chuid an Aontais neamhshampláilte, leis na gearánaigh agus le seacht déag allmhaireoir agus úsáideoir.

(10)

Tar éis nochtadh sealadach, rinne an Sveza Group iarraidh ar nochtadh breise ag áitiú nach raibh an nochtadh sealadach mionsonraithe go leordhóthanach agus nach raibh dóthain mínithe ann ar roinnt pointí maidir le ríomh an chorrlaigh dumpála agus na staidreamh allmhairiúcháin. Contrártha do na líomhaintí san iarraidh agus mar a míníodh ina fhreagra dar dáta an 21 Meitheamh 2021, bhreithnigh an Coimisiún gur sholáthair an nochtadh sealadach, lena n-áirítear an réamhnochtadh a bhain go sonrach leis an gcuideachta, sraith fhoriomlán faisnéise a thug deis don chuideachta barúil a thabhairt maidir leis an nochtadh sealadach chomh maith lena cearta cosanta a fheidhmiú freisin.

(11)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh na dtorthaí deiridh. Nuair a bhí na torthaí cinntitheacha á gcnuasach ag an gCoimisiún, sin é an uair a mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach, agus sin é an uair a rinne sé athbhreithniú ar a chuid conclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí.

(12)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara go léir ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ar an mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise (‘nochtadh deiridh’). Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh.

(13)

Breithníodh na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach, agus cuireadh san áireamh iad sa Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí.

(14)

Tar éis nochtadh deiridh, rinne an Sveza Group a mhaíomh, nár cloíodh lena chearta cosanta ag an gcéim shealadach, a athdhearbhú, toisc nár bhain réasúnaíocht leordhóthanach le ríomh na dleachta frithdhumpála sealadaí. Mheas an Coimisiún go raibh an chuideachta in ann a cearta cosanta a fheidhmiú ina n-iomláine ar bhonn na faisnéise a bhí faighte aige sa nochtadh sealadach, i dteannta an réamhnochta. Cibé ar bith, bhí go leor deiseanna ag an gcuideachta a barúil a thabhairt maidir leis an réamhnochtadh, nochtadh sealadach agus cinntitheach, agus ar na hócáidí seo ar fad chuir sé isteach barúlacha a ndeachthas i ngleic leo go hiomchuí sa rialachán seo. Dá dheasca sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

1.5.1.   Iarraidh i gcomhair dualgas crochta

(15)

Tar éis nochtadh deiridh d’iarr roinnt páirtithe leasmhara go gcuirfí na bearta frithdhumpála de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán ar fionraí, ina líomhnaítear athruithe margaidh tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdaithe.

(16)

Ina leith sin, thug an Coimisiún dá aire gur iarr sé, roimh an nochtadh deiridh, ar an 18 Lúnasa 2021, faisnéis tar éis na tréimhse imscrúdaithe ó thionscal an Aontais agus páirtithe leasmhara eile, ar a thionscnamh féin. Thug an Coimisiún dá aire go ndéanfaí cinneadh an dteastaíonn nó nach dteastaíonn bearta faoi Airteagal 14(4) in am trátha.

1.5.2.   Iarraidh gan dleachtanna sealadacha a bhailiú

(17)

Tar éis an nochta deiridh, d’iarr Emiliana Imballagi, No-Nail Boxes agus Industria Compensati Moglia, úsáideoirí agus allmhaireoirí sraithadhmaid beithe, ar an gCoimisiún Airteagal 10(2) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus gan dleachtanna sealadacha a bhailiú le haghaidh allmhairí de shraithadhmad ar mhúnla cearnóige de bharr na heaspa acmhainneachta atá i dtionscal an Aontais chun sraithadhmad ar mhúnla cearnóige a sholáthar. Chlúdaigh iarratas Industria Compensati Moglia gach cineál sraithadhmaid beithe de bharr na heaspa ginearálta acmhainneachta atá i dtionscal an Aontais chun tomhaltas an Aontais a chomhlíonadh.

(18)

I ndáil leis an easpa soláthair a líomhnaítear a bheith ann, thug an Coimisiún dá aire, mar a bhunaítear in aithris (224), gur féidir foinsí éagsúla, lena n-áirítear tionscal an Aontais agus allmhairí ón Rúis, soláthar do mhargadh an Aontais go leordhóthanach. Dá bhrí sin, i bhfianaise na díobhála ábhartha bunaithe, a bhfuil allmhairí dumpáilte Rúiseacha mar chúis leis, na conclúidí a leagtar amach i roinn 4.5, chinn an Coimisiún go raibh dleachtanna sealadacha le bailiú ina n-iomláine agus, dá bhrí sin, diúltaíodh an iarraidh.

1.6.   Sampláil

(19)

In éagmais barúlacha maidir le sampláil, deimhníodh aithrisí (12) go (23) den Rialachán sealadach.

1.7.   Scrúdú aonair

(20)

Maidir leis na hiarrataí ar scrúdú aonair mar a luaitear in aithris (24) den Rialachán sealadach, dúirt táirgeoir onnmhairiúcháin amháin arís eile gur féidir leis an gCoimisiún an scrúdú aonair a dhéanamh nó mar rogha dheiridh gur féidir leis corrlach díobhála aonair a shuí (4). Bheadh na hacmhainní a bheadh de dhíth le haghaidh measúnú den sórt sin teoranta: bheadh an fíorú teoranta do phraghsanna onnmhairiúcháin agus níl an anailís mar an gcéanna leis an anailís ar an gcorrlach dumpála. Mhaígh an páirtí seo freisin go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún an scrúdú aonair a dhéanamh.

(21)

Chuige sin, thug an Coimisiún ar aird nach ndéantar foráil in Airteagal 17(3) den bhun-Rialachán maidir le ríomhanna an chorrlaigh díobhála aonair toisc go luaitear ann ‘go ríomhfar corrlach aonair dumpála (...) maidir le haon onnmhaireoir nó tairgeoir’ [béim curtha leis].

(22)

Mar a mhínítear in aithris (24) den Rialachán sealadach, fuair an Coimisiún trí fhreagra iomlána laistigh de sprioc-am na gcuideachtaí a d’iarr scrúdú aonair. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, áfach, go mbeadh ualach míchuí ar scrúdú na n-iarrataí sin, le linn na céime cinntithí den imscrúdú freisin, i bhfianaise na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin éagsúla atá áirithe sa sampla cheana féin, agus go gcuirfeadh sé cosc ar chur i gcrích ceart an imscrúdaithe in am trátha. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún gan scrúdú aonair a dheonú d’aon cheann de na cuideachtaí i gceist.

1.8.   Tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse a measadh

(23)

In éagmais barúlacha maidir leis an tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse faoi bhreathnú, deimhníodh aithris (28) den Rialachán sealadach.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Maímh maidir leis an raon táirge

(24)

Mar a mhínítear in aithris (38) agus (39) den Rialachán sealadach, mhaígh táirgeoir Rúiseach, Segezha, gur cheart an raon táirge a leathnú ní hamháin chun sraithadhmad beithe a chumhdach ach sraithadhmad péine, poibleoige, gabúnaigh agus feá a chumhdach freisin. Áitíodh go bhfuil iomaíocht dhíreach agus idirmhalartacht idir na hadhmaid sin, agus sraithadhmad agus sraithadhmad beithe. Tar éis nochtadh sealadach, rinne an páirtí céanna a iarraidh arís eile agus mhaígh sé gur mhainnigh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar fhaisnéis atá ar fáil, arna cur isteach ag comhlachais sraithadhmaid náisiúnta de chineálacha eile adhmaid, a bhain leis an gcéim ionadaithe.

(25)

Mheabhraigh an Coimisiún, mar a luadh cheana féin in aithris (201) den Rialachán sealadach, gur chuir na comhlachais náisiúnta (de chuid na Fraince, na hIodáile agus na Spáinne) a bhí ag déanamh ionadaíochta ar tháirgeoirí sraithadhmaid de shraithadhmad poibleoige, péine agus cineálacha eile adhmaid, béim ina gcuid aighneachtaí gur táirgí difriúla é sraithadhmad atá déanta as cineálacha difriúla adhmad, agus nach féidir iad a bhreithniú nó a ghrúpáil le chéile mar tháirge aonair.

(26)

Mar an gcéanna, luaigh an Coimisiún a sheasamh arís eile agus dhiúltaigh sé don mhaíomh sin ós rud é nach bhfuil na saintréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha céanna ag an sraithadhmad péine, poibleoige, gabúnaigh agus feá is atá ag sraithadhmad beithe. I gcás feidhmeanna áirithe, is fíor go bhféadfaí táirgí malartacha agus ábhair mhalartacha a úsáid, de réir leibhéal neamhchinntithe acmhainneachta ionadaithe, ach ní athraítear cineál na ndifríochtaí fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha idir an táirge lena mbaineann agus na táirgí sin.

2.2.   Maímh maidir le heisiamh táirge

(27)

Ag an gcéim shealadach, d’iarr úsáideoir amháin, Emiliana Imballaggi S.p.A., agus dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis, Sveza Group agus Vlas Truda, gur cheart sraithadhmad beithe ar mhúnla cearnóige atá cúig troithe ar fad agus ar leithead (1 525 × 1 525 mm) a eisiamh. Dhiúltaigh an Coimisiún do na hiarrataí ar eisiamh mar a mhínítear in aithris (37) den Rialachán sealadach.

(28)

Tar éis nochtadh sealadach, fuarthas barúlacha breise maidir leis an gcinneadh diúltú don iarraidh ar eisiamh. Áitíodh go sonrach i) gurb ionann difríocht sa chruth agus difríocht i saintréithe fisiceacha agus teicniúla cheana féin, ii) nach bhfuil sraithadhmad ar mhúnla cearnóige agus sraithadhmad ar mhúnla dronuilleoige idirmhalartach toisc nach féidir cinn ar mhúnla cearnóige a úsáid le haghaidh feidhmeanna ina bhfuil gá le cinn ar mhúnla dronuilleoige agus nach féidir múnla dronuilleoige a dhéanamh de mhúnla cearnóige agus iii) nach monaraíonn táirgeoirí de chuid an Aontais sraithadhmad ar mhúnla cearnóige. Rinne roinnt páirtithe eile na hargóintí seo arís tar éis an nochta deiridh. Mhaígh Emiliana Imballagi agus No-Nail Boxes, úsáideoirí sraithadhmaid beithe, leas an Aontais mar bhunús don eisiamh, agus gan sin ní bheadh inmharthanacht gnólachtaí úsáideoirí (e.g. boscaí adhmaid infhillte agus táirgeoirí cliathbhoscaí) ráthaithe.

(29)

Dheimhnigh an Coimisiún an cinneadh a rinne sé nach bhféadfaí sraithadhmad ar mhúnla cearnóige a eisiamh ó raon feidhme an táirge, d’ainneoin difríocht sna toisí agus múnla, toisc go bhfuil na saintréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha céanna aige agus atá ag an sraithadhmad ar mhúnla dronuilleoige. A mhéid a bhaineann le húsáid, cé nach bhfuil aon idirmhalartacht láithreach i gcás feidhmeanna sonracha áirithe, tá go leor feidhmeanna eile ann, ina ngearrtar an sraithadhmad cearnógach agus dronuilleogach a thuilleadh agus modhnaítear an cruth bunaidh dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil céim inionadaitheachta ina gcuireann sraithadhmad ar múnla cearnóige brú iomaíochta ar shraithadhmad beithe ar mhúnla dronuilleoige. Ar deireadh, deimhníodh leis an imscrúdú go monaraíonn agus go ndíolann tionscal an Aontais sraithadhmad ar mhúnla cearnóige, ach i méideanna sách beag agus ní hiondúil a mhonaraítear ná a dhíoltar mar thráchtearra é ach mar tháirge nideoige ar orduithe sonracha. De bharr na dtorthaí seo, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an maíomh go mbainfeadh an tAontas leas as an eisiamh gan fiúntas. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

2.3.   Conclúid

(30)

In éagmais aon bharúlacha eile maidir le raon feidhme an táirge, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (32) go (33) den Rialachán sealadach.

3.   DUMPÁIL

(31)

I ndiaidh nochtadh sealadach, fuair an Coimisiún barúlacha i scríbhinn ó na trí tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte agus ón ngearánach maidir leis na torthaí sealadacha dumpála.

3.1.   Gnáthluach

(32)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an ghnáthluacha in aithrisí (44) go (57) den Rialachán sealadach. In éagmais aon bharúla maidir leis an roinn seo, dhearbhaigh an Coimisiún a chuid conclúidí sealadacha.

3.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(33)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin in aithrisí (58) agus (60) den Rialachán sealadach. In éagmais aon bharúla maidir leis an roinn seo, dhearbhaigh an Coimisiún a chuid conclúidí sealadacha.

3.3.   Comparáid

(34)

Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin in aithrisí (61) go (71) den Rialachán sealadach.

(35)

D'athdhearbhaigh an táirgeoir onnmhairiúcháin UPG a mhaíomh arís eile go ndéanfaí coigeartú chun an praghas onnmhairiúcháin a mhéadú d'fhonn léiriú a thabhairt ar an méideanna arna n-aisíoc faoin Scéim ar a dtugtar tuairisc in aithris (63) den Rialachán sealadach.

(36)

Ós rud é nár sholáthair an páirtí aon fhianaise nua a léireodh go raibh bunús lena maíomh agus a d’athródh measúnú an Choimisiúin, ba é conclúid an Choimisiúin go raibh na torthaí sealadacha a leagtar amach in aithris (64) den Rialachán sealadach deimhnithe agus diúltaíodh don mhaíomh.

(37)

Tar éis nochtadh deiridh, d’athdhearbhaigh an táirgeoir onnmhairiúcháin an maíomh gur cheart na costais iompair a aisíocadh faoin Scéim a chur san áireamh agus an praghas onnmhairiúcháin á choigeartú faoi Airteagal 2(10)(e) den bhun-Rialachán.

(38)

Chinn an Coimisiún gur chomhlíon sé forálacha Airteagal 2(10)(e) den bhun-Rialachán agus é ag asbhaint costais iompair, i measc costais eile, a bhain go díreach leis, a tabhaíodh agus an táirge lena mbaineann á sheachadadh don chéad custaiméir neamhspleách. Níl sé faoi raon feidhme Airteagal 2(10)(e) den bhun-Rialachán ar aisíocadh nó nár aisíocadh na costais sin ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(39)

Rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin argóint freisin nach gcuireann Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán bac ar an gCoimisiún fóirdheontas onnmhairiúcháin a chur san áireamh. D'athdhearbhaigh an táirgeoir onnmhairiúcháin go raibh tionchar ag an bhfóirdheontas ar chinntí praghsála na margaí onnmhairiúcháin agus brabúsacht na ndíolachán sin. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún earráid fhollasach measúnúcháin a líomhnaíodh agus ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán.

(40)

Thug an Coimisiún ar aird nár sholáthair an páirtí aon fhianaise nua a thug bunús lena mhaíomh. Cibé ar bith, rinne an Coimisiún athscrúdú cúramach ar an gcomhad agus ní bhfuair sé aon fhianaise a léirigh gur íoc custaiméirí an táirgeora onnmhairiúcháin praghsanna éagsúla go comhsheasmhach ar an margadh baile mar gheall ar an difríocht líomhnaithe a bhí ann nuair a d’aisíoc Rialtas Chónaidhm na Rúise costais iompair idir díolacháin bhaile agus díolacháin onnmhairí, i gcomhréir le hAirteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán.

(41)

Thairis sin, níor thug an Coimisiún aghaidh ar shaincheist an fhóirdheontais ach bhreithnigh sé an raibh tionchar ag an scéim ar an inchomparáideacht idir praghsanna onnmhairiúcháin agus intíre ar bhealach ar cheart an praghas intíre a choigeartú. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh gur cheart aisíoc chostas iompair na bpraghsanna onnmhairiúcháin a bhreithniú chun críocha comparáide.

(42)

Thairis sin, ghlac an táirgeoir onnmhairiúcháin céanna leis gur ghlac an Coimisiún lena mhaíomh nuair nár bhain sé aisíocaíocht na gcostas iompair ó thábla G den cheistneoir frithdhumpála (i.e. an tábla brabúis agus caillteanais).

(43)

Bhreithnigh an Coimisiún, gan beann ar bhaint aisíocaíocht na gcostas iompair sna táblaí ábhartha a chuir UPG isteach, go raibh diúltú an mhaímh mínithe go soiléir sa nochtadh sonrach a rinne an chuideachta agus in aithris (64) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(44)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin gur choigeartaigh an Coimisiún tábla G den cheistneoir frithdhumpála go mícheart. D'athdhearbhaigh an páirtí gur cheart aisíocaíocht na gcostas iompair ar onnmhairí a leithdháileadh ar dhíolacháin onnmhairí toisc go mbraitheann sé ar chostais iompair a thabhaítear le linn onnmhairiúcháin.

(45)

Mar a tugadh tuairisc air in aithris (43) thuas, is é is aidhm le tábla G brabúsacht gach deighleog mhargaidh a shuí. Maidir leis an tsaincheist seo, áfach, níl aon nasc díreach ann idir tábla G agus an measúnú a rinneadh faoi Airteagal 2(10)(e) agus (k) den bhun-Rialachán. Mar a thuairiscítear in aithrisí (38)-(41) thuas, níor mheas an Coimisiún go raibh an coigeartú ag teastáil. Dá bhrí sin, ní dhéanann sé aon difríocht go dtuairiscítear nó nach dtuairiscítear an fóirdheontas i dTábla G le haghaidh díolacháin onnmhairí. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(46)

Mhaígh UPG freisin go ndearna an Coimisiún earráid fhollasach nuair a leithdháil sé an coimisiún a íocadh lena thrádálaí gaolmhar do na seirbhísí iarbhír arna soláthar (i.e. mhaígh an trádálaí gaolmhar gur bhain a chuid cúraimí le gach cineál díolacháin agus ní le díolacháin intíre amháin). Ba cheart don Choimisiún an coimisiún a leithdháileadh ar na díolacháin intíre, agus orthu sin amháin, i gcomhréir leis an gcomhaontú maidir le coimisiún.

(47)

Chuir an Coimisiún an staid fhíorasach idir an dá pháirtí ghaolmhara san áireamh. Bhain an coimisiún a íocadh le gach cineál díolachán. Ós rud é nár chuir an páirtí aon fhianaise nua ar fáil a léireodh go raibh bunús lena mhaíomh, deimhníodh na torthaí sealadacha a leagtar amach in aithris (65) den Rialachán sealadach.

(48)

Ar deireadh, mhaígh UPG i gcás ina seasfadh an Coimisiún lena chinneadh chun an méid coimisiún a d’íocfaí ar dhíolacháin intíre agus onnmhairiúcháin araon a leithdháileadh, agus gur cheart freisin díolacháin le tríú tíortha agus ní hamháin díolacháin chuig an Aontas Eorpach a úsáid chun na coimisiúin a leithdháileadh. Ghlac an Coimisiún leis an maíomh sin agus leithdháil na coimisiúin a íocadh ar gach díolachán, lena n-áirítear na díolacháin chuig tríú tíortha.

(49)

Tar éis nochtadh deiridh, rinne UPG an maíomh a athdhearbhú gur shaobh ath-leithdháileadh na gcoimisiún a íocadh le páirtí gaolmhar na bhfíoras. Thairis sin, mhaígh UPG nár thug an Coimisiún bunús lena líomhain le fianaise.

(50)

I ndáil leis an bhfianaise, rinne an Coimisiún tagairt do dhá aighneacht a rinne UPG ina ndúirt sé go ndearnadh sciar shuntasach de dhíolacháin an Aontais (idir 75 agus 95 %) trí pháirtí gaolmhar, nach bhfuair coimisiún do na díolacháin seo, áfach, cé go raibh na feidhmeanna díolacháin céanna aige sna margaí intíre agus margaí an Aontais Eorpaigh (5). Thairis sin, tar éis nochtadh deiridh, d’athdhearbhaigh UPG go raibh na coimisiúin a fuarthas bunaithe ar dhíolacháin intíre leordhóthanach chun gach feidhm a dhéanann an páirtí gaolmhar sna margaí intíre agus onnmhairiúcháin a chumhdach. Mheas an Coimisiún, mar sin de, gur chumhdaigh feidhmeanna an pháirtí gaolmhar, ní hamháin na díolacháin intíre ach na díolacháin onnmhairí freisin. Dá bhrí sin, leithdháileadh na coimisiúin a íocadh i gceart le gach cineál díolachán. Ar an mbonn sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(51)

Mhaígh UPG go ndearna an Coimisiún earráid fhollasach agus é ag meascadh raon feidhme na seirbhísí a chuir an páirtí gaolmhar ar fáil agus raon feidhme chur i bhfeidhm na gcoimisiún a íocadh leis an bpáirtí gaolmhar.

(52)

Mheas an Coimisiún nár léirigh an conradh coimisiún a bhí i bhfeidhm idir UPG agus a pháirtí gaolmhar an cás fíorasach mar a léiríonn an fhianaise sa chomhad. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(53)

Mhaígh UPG gur chomhair an Coimisiún iad faoi dhó i bhfianaise na dtáillí coimisiún iarbhír a íocadh le páirtithe neamhghaolmhara san Aontas Eorpach, agus na coimisiúin á n-ath-leithdháileadh ar dhíolacháin onnmhairí. Mhaígh UPG go raibh an t-ath-leithdáileadh a rinneadh ar na coimisiúin idirdhealaitheach go háirithe nuair a bhreithnítear an coigeartú ar an gcoimisiún a rinneadh ar phraghas onnmhairiúcháin táirgeora onnmhairiúcháin eile (Sveza Group) faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán.

(54)

Bhreithnigh an Coimisiún an maíomh go cúramach agus ní bhfuair sé aon idirdhealú idir an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin toisc go raibh difríocht shuntasach idir cás fíorasach an dá pháirtí:

(55)

Bhí comhaontuithe coimisiún ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin, Sveza, leis an trádálaí gaolmhar, Sveza-Les, a d’íoc táillí le gníomhairí neamhghaolmhara an Aontais. Mar a thuairiscítear in aithrisí (114)-(115) thíos, measadh gurbh ionann na táillí a íocadh le gníomhairí neamhghaolmhara an Aontais agus costais a tabhaíodh faoi chuimsiú na gcomhaontuithe coimisiún atá i gceist.

(56)

Maidir le UPG, bhí UPG féin, ní an trádálaí gaolmhar ag sonrascadh táillí chuig gníomhairí neamhghaolmhara an Aontais.

(57)

Dá dheasca sin, níorbh fhéidir leis an trádálaí gaolmhar a mhaíomh go raibh na táillí a d’íoc UPG le gníomhairí neamhghaolmhara an Aontais mar chuid dá chostais agus, mar gheall air sin, comhairthe faoi dhó. Cibé ar bith, níor chruthaigh an páirtí a mhaíomh, agus go fíorasach, níor shonrasc UPG na táillí coimisiún a íocadh leis na páirtithe neamhghaolmhara san Aontas Eorpach, chuig a pháirtí gaolmhar arís. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(58)

Rinne UPG maíomh chomh maith maidir le raon feidhme na seirbhísí a chuir an páirtí gaolmhar ar fáil ar na margaí intíre agus onnmhairiúcháin. Go háirithe, maítear gur chuir an páirtí gaolmhar seirbhísí teoranta ar fáil do dhíolacháin onnmhairí UPG agus, mar sin de, bhí ath-leithdháileadh an choimisiúin do na díolacháin don Aontas Eorpach mícheart.

(59)

Bhreathnaigh an Coimisiún nár cruthaíodh an maíomh agus nárbh fhéidir é a fhíorú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(60)

Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin SPM gur leag an Coimisiún síos na costais chreidmheasa go contráilte ina dhíolacháin onnmhairí tríd an ráta úis a d’fhoilsigh Banc Ceannais na Rúise a úsáid agus ní ráta oifigiúil an airgeadra a bhí ar an sonrasc faoi Airteagal 2(10)(g) den bhun-Rialachán (6).

(61)

Bhreithnigh an Coimisiún nach bhféadfaí na costais chreidmheasa a shloinneadh in airgeadra an tsonraisc ach amháin má bhí an páirtí in ann a léiriú go bhfuil gá le hairgeadra den sórt sin ina ghnó laethúil. I ngach cás eile, ba cheart na costais chreidmheasa a shloinneadh in airgeadra na tíre ina bhfuil an chuideachta bunaithe.

(62)

Níor sholáthair an páirtí aon fhianaise go raibh iasachtaí ina sheilbh aige in EUR ná gur thabhaigh sé costais chreidmheasa in EUR, agus dá bharr sin dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(63)

Tar éis nochtadh deiridh, d’athdhearbhaigh SPM a mhaíomh gur cheart costais chreidmheasa a bhunú ar bhonn an ráta oifigiúil d’airgeadra an tsonraisc toisc gur thabhaigh SPM rioscaí in airgeadra an tsonraisc, ní in RUB. Thairis sin, mhaígh SPM gur cleachtas comhsheasmhach de chuid an Choimisiúin é an cur chuige seo.

(64)

Thug an Coimisiún dá aire nár chruthaigh SPM a mhaíomh le fianaise maidir leis an riosca airgeadais a thuairiscítear agus gur theip air fianaise a chur ar fáil gur cleachtas comhsheasmhach de chuid an Choimisiúin é a mhodheolaíocht. Thairis sin, bhreithnigh an Coimisiún nach bhfuil aon nasc díreach idir an riosca a thuairiscítear, agus bunú na gcostas creidmheasa. Baineann costais chreidmheasa le téarmaí íocaíochta an tsonraisc agus is riachtanas iad don chuideachta chun na costais a thagann ón difríocht idir an t-am ó dháta an tsonraisc agus dáta an íocaíocht iarbhír a mhaoiniú. Níor mhaoinigh SPM a oibríochtaí laethúla le hiasachtaí in euro. Dá bhrí sin, ní raibh aon fhianaise ann gur cheart na costais chreidmheasa a bhunú ar bhonn an ráta EUR. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an maíomh.

(65)

Mhaígh an páirtí céanna go gcaithfidh an Coimisiún an comhshó airgeadra a iarradh a chur i bhfeidhm toisc gur luainigh an EUR/RUB malairte go suntasach sa tréimhse imscrúdaithe (i.e. + 33 % nuair a bhí an foircneán laethúil á bhreithniú i rith na tréimhse imscrúdaithe).

(66)

I rith na tréimhse imscrúdaithe, taispeántar san anailís a rinne an Coimisiún go raibh luainíocht an ráta malairte EUR/RUB míosúil idir mí Iúil 2019 go dtí mí Feabhra 2020, sách cobhsaí, sa raon -3 %/+3 % timpeall ar an meánráta malairte don tréimhse sin (i.e. EUR/RUB 70.7) (7).

(67)

Bhreithnigh an Coimisiún nach bhfuil an luainíocht sa ráta malairte suntasach agus gur coinníodh é thar an tréimhse imscrúdaithe. Bhreithnigh an Coimisiún nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán toisc nár bhog an ráta malairte go suntasach nó ar bhealach marthanach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(68)

Tar éis nochtadh deiridh, d’athdhearbhaigh SPM a mhaíomh maidir le luaineachtaí an ráta malairte agus gur modhnaíodh an ráta malairte faoi 18 % i mí an Mhárta 2020. Mhaígh SPM gur léirigh scrúdú thar thréimhse níos faide ná tréimhse an imscrúdaithe go raibh athrú seasmhach ar an ráta malairte le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(69)

Rinne an Coimisiún anailís ar cheist an ráta malairte le linn na tréimhse imscrúdaithe. Níl faisnéis a fhaightear lasmuigh den tréimhse imscrúdaithe ábhartha chun críche an imscrúdaithe. Cé gur ardaigh an ráta malairte EUR/RUB faoi + 16,5 % i ndáil le meán ualaithe na míonna roimhe sin i Márta 2020 (8), laghdaigh sé sna míonna ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, bhreithnigh an Coimisiún nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(10)(j) den bhun-Rialachán toisc nár bhog an ráta malairte go suntasach nó ar bhealach marthanach. Diúltaíodh don mhaíomh sin.

(70)

Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin céanna, tar éis nochtadh sealadach agus deiridh, nár sholáthair an Coimisiún treoracha soiléire maidir le staid na Ríochta Aontaithe san imscrúdú. Níor bhain an páirtí sonraí na gcostas i ndáil leis na táirgí a díoladh leis an Ríocht Aontaithe. Mar a mhínítear i Roinn 1.10 den Rialachán sealadach, áfach, an 19 Eanáir 2021 chuir an Coimisiún nóta leis an gcomhad ag cur páirtithe leasmhara ar an eolas maidir le hiarmhairtí aistarraingt na Ríochta Aontaithe. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an páirtí iarraidh shonrach a dhéanamh agus fianaise mar chúltaca aige ina bharúlacha maidir leis an nochtadh sealadach. Níor sholáthair an páirtí aon fhianaise, áfach, ag míniú conas a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag na díolacháin chuig an Ríocht Aontaithe ar shonraí na gcostas. Chuige sin, rinne an Coimisiún anailís ar an tacar sonraí agus fuair sé amach nuair a cuireadh sonraí na Ríochta Aontaithe isteach i gcomhad EUCOP go bhféadfadh sé go raibh tionchar aige sin ar uimhir chóid táirge amháin, agus uirthi sin amháin, arb í 0.04 % de mhéid iomlán onnmhairí chuig an Aontais í. (9). Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin toisc nach ndealródh sé, dá mbainfí sonraí costas den sórt sin maidir leis na táirgí a díoladh leis an Ríocht Aontaithe, go mbeadh aon tionchar aige sin sa chás seo

(71)

Shoiléirigh SPM gur áiríodh costais trádstórais arna dtabhú ag na trádálaithe gaolmhara as iad a dhíoladh go hinmheánach i bhformhór na gcostas pacáistithe a tuairiscíodh ar dtús. D’iarr sé freisin go ndéanfaí an coigeartú le haghaidh na gcostas sin a dearbhaíodh ar dtús báire mar chostais pacáistithe a choimeád, costais dá ndearna an Coimisiún coigeartú mar chostais pacáistithe. Bhreithnigh an Coimisiún go ndéantar costais trádstórais (amhail cíos a íoc ar trádstóras) a iompar mar chostais táirgeachta agus go bhfuil siad le fáil i gcostais díola, ghinearálta agus riaracháin na cuideachta. Dá bhrí sin, mar gheall air sin ní dhéanann siad difear go díreach do na praghsanna a ghearrann trádálaithe gaolmhara ar an gcéad chustaiméir neamhspleách. Mar thoradh air sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(72)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh SPM gurbh ionann na costais trádstórais a tuairiscíodh agus costais na gcuideachtaí dáilte gaolmhara do dhíolacháin intíre, agus nár bhain na costais leis an táirgeoir. Níor tháirg na cuideachtaí dáilte gaolmhara sraithadhmad beithe agus, mar sin de, ní raibh aon chostas táirgthe aige. Dá bhrí sin, ba cheart an gnáthluach a bhunú ar leibhéal an phraghais dhírigh, gan costais na gcuideachtaí dáilte a chur san áireamh, ar an mbealach céanna le forléiriú an phraghais onnmhairiúcháin de bhun Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán.

(73)

Bhreithnigh an Coimisiún nár chuir an chuideachta aon fhianaise ar fáil a bhain le costais na cuideachta dáilte um dhíolacháin ar an margadh intíre agus nár cheart é a chur san áireamh chun críocha comparáid chothrom agus nár cheart caitheamh le cuideachtaí dáilte gaolmhara mar eintiteas eacnamaíoch aonair. Anuas air sin, ordaítear in Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán, gur cheart an gnáthluach a bhunú ar na praghsanna do na chéad chustaiméirí neamhspleácha. Ní bheadh sé sin amhlaidh dá n-asbhainfí na costais a thabhaigh na cuideachtaí dáilte gaolmhara. Dá dheasca sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(74)

Mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin Sveza Group go ndearna an Coimisiún earráid fhollasach nuair a bhí sé ag déileáil le díbhinní agus le saincheisteanna a bhain le táillí bainistíochta. Míníodh an modheolaíocht a úsáideadh sa nochtadh sealadach sonrach a seoladh chuig an bpáirtí.

(75)

I rith na tréimhse imscrúdaithe, leithdháil cuideachta amháin den ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin díbhinn dá scairshealbhóir, Sveza-Les. Thuairiscigh Sveza-Les an díbhinn a fuarthas sa mhír Ioncam Airgeadais de thábla G an cheistneora frithdhumpála. Leithdháileadh an díbhinn sin freisin ar gach cineál ioncaim, lena n-áirítear an t-ioncam a d’eascair ó dhíolacháin an táirge lena mbaineann. Bhí sé d’iarmhairt ag an modheolaíocht a úsáideadh gur laghdaíodh an céatadán de chostais díola, ghinearálta agus riaracháin a ríomhadh le haghaidh gach cineál ioncam. Bhreithnigh an Coimisiún nach bhfuil aon nasc idir na díolacháin a tuairiscíodh agus an díbhinn agus dá bhrí sin chinn sé diúltú don leithdháileadh díbhinne.

(76)

Le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe, roinneadh an t-ioncam iomlán idir ioncam arna ghiniúint trí dhíolacháin: an táirge lena mbaineann agus nach mbaineann, custaiméirí gaolmhara agus custaiméirí neamhghaolmhara agus de réir an chineáil margaidh (i.e. intíre, díolacháin chuig an Aontas agus díolacháin chuig tríú tíortha eile). Le haghaidh gach ceann de na míreanna a liostaítear thuas, iarradh ar Sveza Group a bhrabúsacht (nó a chaillteanas) a shuí. Fuarthas an brabúsacht trí na costais go léir atá nasctha leis na hioncaim sin a bhaint (i.e. costais na n-earraí a díoladh, costais díolacháin, ghinearálta agus riaracháin, gnóthachan/caillteanas ó ráta malairte eachtraí agus gnóthachan nó caillteanas ó ioncam airgeadais).

(77)

Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh sealadach, mhaígh Sveza Group nach bhfuil aon bhunphrionsabal cuntasaíochta a ligeann don Choimisiún neamhaird a dhéanamh de roinnt sonraí a eascraíonn ó ráitis airgeadais iniúchta. Thairis sin, íocadh an díbhinn i rith an chéad leath de 2020 agus chomhfhreagraigh sé do bhrabús arna thuilleamh amhail an 31 Nollaig 2019, agus dá bhrí sin bhí an páirtí i dteideal é a thuairisciú i rith na tréimhse imscrúdaithe.

(78)

Ní dhearna an Coimisiún neamhaird de na ráitis airgeadais iniúchta ach bhreithnigh sé nach féidir an díbhinn arna tuilleamh ó infheistíocht a leithdháileadh ar chineál eile ioncam le linn brabúsacht na ndíolachán sin a bheidh á suí. Ar an gcaoi chéanna, níor leithdháileadh an brabús a dáileadh ar chineál eile ioncam. Mar a luadh thuas in aithris (76), is é aidhm Thábla G den cheistneoir frithdhumpála brabúsacht an chineáil éagsúil ioncaim i rith na tréimhse imscrúdaithe a shuí. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(79)

Mhaígh an páirtí nach féidir brath ar an modheolaíocht a úsáideadh chun brabúsacht na ndíolachán a shuí toisc gur ghlac an Coimisiún le cineálacha áirithe ioncam (i.e. le haghaidh gnóthachan malairte eachtraí agus ioncam airgeadais) ach freisin roinnt brabús agus caillteanas a tuairiscíodh ó bhlianta roimhe sin (i.e. lasmuigh den tréimhse imscrúdaithe).

(80)

Mar a luaigh an páirtí i gceart, is féidir gnóthachain malairte eachtraí agus ioncaim airgeadais a thuairisciú nuair a bhíonn siad nasctha le gnáthghníomhaíocht ghnó an pháirtí. Sa chás sin, d’fhéadfaí na gnóthachain mhalairte a fháil ó onnmhairí sraithadhmaid beithe agus ó na hioncaim airgeadais ón airgead tirim arna ghiniúint ó dhíolacháin sraithadhmaid beithe. Is cás eile í an díbhinn, áfach, toisc gur cuideachta eile a ghin an brabús a dáileadh. Bhreithnigh an Coimisiún nach raibh aon ghaol idir an díbhinn agus ioncaim eile Sveza-Les, lena n-áirítear díolacháin den táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(81)

Tar éis nochtadh deiridh, d’athdhearbhaigh an Sveza Group go raibh gaol foriomlán idir díbhinní agus ioncaim eile de chuid Sveza-Les. Thairis sin, dúirt an páirtí gur thuill an táirgeoir onnmhairiúcháin, faoi úinéireacht Sveza-Les, brabús ó dhíolacháin sraithadhmaid ar an margadh intíre nó ar an margadh onnmhairiúcháin.

(82)

Bhreithnigh an Coimisiún na hargóintí agus d’aontaigh sé leis an bpáirtí. Tháinig an brabús, agus an díbhinn, dá bharr sin, ó ghnólacht foriomlán an táirgeora onnmhairiúcháin. Ní raibh aon nasc, áfach, idir an t-airgead tirim a aistríodh chuig Sveza-Les agus gníomhaíochtaí Sveza-Les (agus na costais ghaolmhara) a bhí nasctha go díreach leis an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdaithe. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an maíomh.

(83)

Maidir le brabúis agus caillteanais blianta roimhe sin agus a tuairiscíodh i dtábla G, chinn an Coimisiún na méideanna sin a bhaint as an tacar sonraí a úsáideadh chun brabúsacht na ndíolachán i rith na tréimhse imscrúdaithe a shuí toisc nach raibh sé nasctha le gnáthghníomhaíocht ghnó an pháirtí i rith na tréimhse imscrúdaithe. Léirigh na míreanna a bhí liostaithe níos lú ná 0,5 % de na costais díola, ghinearálta agus riaracháin a tuairiscíodh.

(84)

Baineann na táillí bainistíochta, a luadh thuas in aithris (74), le táille bainistíochta a d’íoc gach ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin le Sveza-Les. Thug Sveza-Les tuairisc, i dtábla G an cheistneora frithdhumpála, ar an táille bainistíochta mar ioncam agus leithdháil costais ar na conarthaí bainistíochta dá bhfuair sé an táille i gceist. Níor rianaigh Sveza-Les na costais arna nginiúint ag na conarthaí bainistíochta seo, áfach. Ar bhonn na heaspa fianaise, chinn an Coimisiún ag an gcéim shealadach, neamhaird a dhéanamh de na costais a tuairiscíodh mar chostais a bhí nasctha leis na hioncaim ó na conarthaí bainistíochta agus na costais sin a ath-leithdháileadh ar chineálacha eile ioncam.

(85)

Mhaígh Sveza-Les go raibh cinneadh an Choimisiúin an t-ioncam arna thuilleamh a dhíothú (i.e. táillí bainistíochta), neamhaird a dhéanamh de na costais a tuairiscíodh agus iad a ath-leithdháileadh ar ioncaim eile, chinn sé gur earráid fhollasach agus neamhdhleathach a bhí ann.

(86)

Thug an Coimisiún ar aird nár sholáthair an chuideachta aon fhianaise eile mar thaca lena mhaíomh.

(87)

Thairis sin, meabhraítear nach ndearnadh neamhaird de na hioncaim ón táille bhainistíochta ó thábla G. Rinne an Coimisiún ath-leithdháileadh chuig cineál eile ioncam ar na costais arna leithdháileadh ag an bpáirtí chuig na hioncaim ón táille bhainistíochta toisc nár sholáthair an páirtí aon fhianaise mar thaca leis an leithdháileadh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(88)

Thairis sin, mhaígh an páirtí gur bhain an Coimisiún úsáid as modheolaíocht dhoiléir agus mhíchruinn chun na costais a ath-leithdháileadh. Cé nár thug an páirtí aon bhunús dá mhaíomh, bhain an Coimisiún úsáid as an modheolaíocht chéanna agus a bhain an páirtí úsáid aisti chun costais a leithdháileadh. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(89)

Ar deireadh, mhaígh an páirtí gur cheart na táillí bainistíochta a bhaint as na costais a thuairiscigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin ina dtábla G féin i gcás ina gcinneann an Coimisiún seasamh lena chinneadh na costais a tuairiscíodh a bhaint ó thábla G an pháirtí ghaolmhar.

(90)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh agus níor tháinig sé ar aon fhoras chun costais na dtáillí bainistíochta arna dtuairisciú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin a bhaint toisc go raibh tacaíocht ag na costais sin ó na doiciméid chuntasaíochta. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(91)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh an Sveza Group, trí thagairt do chuntais Sveza-Les maidir le costais díola, ghinearálta agus riaracháin, gurbh fhéidir na costais arna nginiúint le conarthaí na dtáillí bainistíochta a rianú.

(92)

Rinne an Coimisiún anailís ar na hargóintí agus ní bhfuair aon fhaisnéis san aighneacht a thabharfadh deis dó teacht go cinnte ar an gconclúid gur ghin conarthaí na dtáillí bainistíochta aon chostas a d’fhéadfaí a cheangal go díreach leis na conarthaí. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún freisin doiciméid tacaíochta le linn na gCros-Seiceálacha Cianda maidir leis na costais a leithdháileadh ar na conarthaí sin ach theip ar an gcuideachta iad a sholáthar. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(93)

Tar éis nochtadh sealadach agus nochtadh deiridh, mhaígh an Sveza Group go raibh earráidí follasacha measúnúcháin ag baint leis an measúnú a rinne an Coimisiún ar eintiteas eacnamaíoch aonair. Dúirt an páirtí arís go ndearna Sveza-Les na feidhmeanna céanna díolacháin ar na margaí intíre agus onnmhairiúcháin, agus ní raibh de dhifríocht eatarthu ach luach saothair a chuid gníomhaíochtaí. Maidir leis an tsaincheist sin, mhaígh an páirtí gur soláthraíodh fianaise fhorleathan lena fhreagra ar an gceistneoir.

(94)

Ar dtús báire, tar éis nochtadh sealadach agus nochtadh deiridh, rinne an grúpa tagairt don chuid sin de na freagraí ar an gceistneoir maidir leis na muilte áit inar míníodh go ndéanann Sveza-Les na feidhmeanna céanna díolacháin ar na margaí intíre agus onnmhairiúcháin, gan de dhifríocht eatarthu ach an luach saothair a bhain le gníomhaíochtaí Sveza-Les. Ceann de na gnéithe ar cuireadh béim orthu ann ná de réir na gcomhaontuithe bainistíochta a cuireadh i gcrích idir Sveza-Les agus gach muileann, go ndéantar cumhachtaí an chomhlachta feidhmiúcháin aonair de chuid táirgeoirí Sveza a aistriú chuig Sveza-Les, ag gníomhú mar chuideachta bhainistíochta. De réir na gconarthaí bainistíochta, déanann Sveza-Les raon leathan gníomhaíochtaí bainistíochta thar ceann na muilte, lena n-áirítear cuntasaíocht agus tuairisciú cánach. Dá dheasca sin, de réir na cuideachta, ó pheirspictíocht oibriúcháin, ní fheidhmítear Sveza-Les agus na muilte go neamhspleách. Feidhmítear na muilte faoi threoir an bheartais arna oibriú ag Sveza-Les agus i gcomhréir leis an mbeartas sin.

(95)

Thug an Coimisiún faoi deara go soláthraíonn Sveza-Les a sheirbhísí bainistíochta in aghaidh luacha saothair agus go seolann sé sonraisc go tráthrialta chuig na muilte ag liostú na seirbhísí a sholáthraítear dóibh. D’ainneoin an raon leathan seirbhísí, áfach, a ndéantar foráil dóibh sna conarthaí bainistíochta, chinn na heintitis dhlítheanacha a gcuid díolacháin a rialáil i gcineálacha conarthaí ar leithligh atá an-difriúil óna chéile maidir le honnmhairí agus díolacháin intíre den táirge faoi imscrúdú, rud a rinne difear don chaoi a rinneadh na díolacháin sin. Mar a mhínítear in aithris (67) den Rialachán sealadach agus arís sna haithrisí ina dhiaidh sin, ní dhéanann na conarthaí coimisiúin a síníodh idir Sveza-Les agus na muilte difear ach amháin do na díolacháin onnmhairí agus, mar thoradh air sin, éilíodh coigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán.

(96)

An dara rud, tar éis nochtadh sealadach agus nochtadh deiridh, thug an grúpa cuideachtaí dúshlán don mheasúnú a rinne an Coimisiún in aithris (68) den Rialachán sealadach ag áitiú gur deimhníodh i gCúirteanna an Aontais gur gné ‘ábhartha’ é conradh a bheith ann, ach nach gné chinntitheach é d’fhonn measúnú a dhéanamh ar cibé atá nó nach bhfuil eintiteas eacnamaíoch aonair ann. D’fhéadfadh eintiteas eacnamaíoch aonair a bheith ann dá bhrí sin, d’ainneoin conradh a bheith ann (10). Ní mór don Choimisiún dá bharr sin measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar gach tosca a léiríonn staid eacnamaíoch na gcaidreamh idir muilte SVEZA agus SVEZA-Les mar atá sé agus ní féidir leis a rá nach bhfuil eintiteas eacnamaíoch aonair ann díreach mar gheall gurb ann do chonradh.

(97)

Bhreithnigh an Coimisiún go ndeimhnítear leis an mbreithiúnas a luaigh Sveza Group an seasamh atá ag an gCoimisiún sa chás seo. Mar a bhí de chonclúid ag an gCúirt Bhreithiúnais, nuair is ann do chonradh a thugtar i gcrích idir an táirgeoir agus a dháileoir gaolmhar, ina bhforáiltear d’íoc coimisiún leis an dáileoir, is toisc thábhachtach é an conradh sin sa chaidreamh idir an dá chuideachta sin agus i gcás go ndéanfaí neamhaird de, bheifí ag doiléiriú staid eacnamaíoch an chaidrimh sin dáiríre. Rinne an Coimisiún scrúdú go deimhin ar na caidrimh idir muilte Sveza agus Sveza-Les bunaithe ar na conarthaí a tugadh i gcrích eatarthu agus an teideal ‘comhaontú coimisiúin’ ag gabháil leo agus tháinig sé ar an gconclúid as go bhfuil sna conarthaí sin, atá á bhforghníomhú, forálacha éagsúla atá deacair a réiteach leis an nóisean go gcruthaíonn na cuideachtaí sin eintiteas eacnamaíoch aonair ar na cúiseanna a mhínítear in aithris (98) thíos. (11)

(98)

An tríú rud, mhaígh an grúpa cé gur thagair an Coimisiún in aithris (68) den Rialachán sealadach don ‘iomad clásal, amhail clásal eadrána, a léiríonn easpa dlúthpháirtíochta idir na cuideachtaí’, níor luaigh sé ach clásal amháin: an ‘clásal eadrána’. An tráth céanna, i mbreithiúnas PT Musim Mas, rinne an Chúirt Ghinearálta tagairt do roinnt cineálacha clásal mar fhianaise don easpa dlúthpháirtíochta. Líomhnaítear nach leor an clásal maidir le headráin don Choimisiún le teacht ar an gconclúid nach ann d’eintiteas eacnamaíoch aonair. Mar a mhínítear in aithris (68) den Rialachán sealadach, tá roinnt forálacha sna conarthaí coimisiúin idir Sveza-Les agus na muilte ina dtaispeántar an easpa dlúthpháirtíochta idir na cuideachtaí agus dá bhrí sin ba fhianaise é gurbh ann do dhá eintiteas eacnamaíocha a raibh leasanna éagsúla acu (12). Seachas an clásal eadrána, tá dliteanas na bpáirtithe don chonradh teoranta amháin i gcás force majeure ach i ngach cás eile tá na páirtithe freagrach as neamhfheidhmíocht nó feidhmíocht mhíchuí na n-oibleagáidí a eascraíonn ó na conarthaí i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme go ginearálta i gCónaidhm na Rúise. Tá forálacha sna conarthaí freisin lena rialaítear an chumarsáid idir Sveza-Les agus na muilte agus a gcuid oibleagáidí i gcás athrú ar ainm nó ar sheoladh. Cuimsítear leis na samplaí seo nach bhfuil cuimsitheach mar aon leis an gclásal eadrána a luadh sa rialachán sealadach fianaise go ndéantar an caidreamh idir Sveza-Les agus na táirgeoirí a mhéid a bhaineann le díolacháin onnmhairí a eagrú ar bhonn gnáthdhálaí tráchtála. Dá dheasca sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(99)

Tar éis nochtadh deiridh, d’athdhearbhaigh an Sveza Group nach raibh na forálacha sna conarthaí coimisiúin dá dtagraítear san aithris roimhe leordhóthanach chun an easpa dlúthpháirtíochta a thaispeáint. De bhun na gconarthaí bainistíochta, ní raibh muilte SVEZA in ann aon chinneadh a ghlacadh gan toiliú Sveza-Les agus tá siad ag brath go hiomlán ar Sveza-Les sa chleachtas agus sa dlí. Thug an Coimisiún ar aird, mar a mhínítear in aithris (95) thuas, d’ainneoin an raon leathan seirbhísí dá bhforáiltear sna conarthaí bainistíochta ní raibh díolacháin na dtáirgí arna dtáirgeadh ag na muilte cumhdaithe leis na conarthaí bainistíochta. Go deimhin, chinn na heintitis dhlítheanacha a gcuid díolacháin a rialáil i gcineálacha conarthaí ar leithligh atá an-difriúil óna chéile maidir le honnmhairí agus díolacháin intíre den táirge faoi imscrúdú, rud a rinne difear don chaoi a rinneadh na díolacháin sin agus dá n-inchomparáideacht praghsanna. Dá réir sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(100)

An ceathrú pointe, tar éis nochtadh sealadach agus nochtadh deiridh gur thug an Sveza Group dúshlán do thorthaí an Choimisiúin ‘go raibh roinnt feidhmeanna díolachán á gcoimeád ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin i bhfianaise a gcuid costais díola, ghinearálta agus riaracháin’ ag áitiú nach raibh baint ag na feidhmeanna sin le díolacháin ach le gníomhaíochtaí eile a bhí ábhartha go cianda d’fheidhmeanna díolachán. Fiú má ghlactar leis go raibh an líomhain a rinne an Coimisiún ceart (quod non), d’fhéadfadh sé gurb ann d’eintiteas eacnamaíoch aonair i gcás ina nglacann an táirgeoir le cuid de na feidhmeanna díolachán go comhlántach ar fheidhmeanna na cuideachta dáileacháin as a cuid táirgí féin (13).

(101)

Thug an Coimisiún faoi deara maidir leis an maíomh nach raibh na costais díola, ghinearálta agus riaracháin i gceist bainteach le feidhmeanna díolachán na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ach le gníomhaíochtaí eile, nach raibh aon tacaíocht ag an maíomh sin ó aon fhianaise ar an gcomhad. Níor soláthraíodh aon fhianaise tar éis nochtadh deiridh. Go deimhin, agus i gcodarsnacht leis sin, bhí tuairiscithe ag an táirgeoir go raibh roinnt de na costais ar a laghad nasctha le feidhmeanna díolachán amhail costais maidir le pearsanra. Bhreithnigh an Coimisiún gurbh ionann é sin agus gné ábhartha ag taispeáint nár tharmlig na táirgeoirí a gcuid gníomhaíochtaí díolachán uile chuig Sveza-Les.

(102)

An cúigiú rud, ná gur áitigh an táirgeoir onnmhairiúcháin go bhfuil an ráiteas ‘gur eisigh an trádálaí gaolmhar na sonraisc in ainm na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin do na chéad chustaiméirí neamhspleácha san Aontas’ mícheart go fíorasach. Is é Sveza-Les a eisíonn sonraisc chuig custaiméirí neamhghaolmhara, ach ní ‘in ainm na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin’. Ní luaitear sna sonraisc go simplí ach amháin aitheantas an mhuilinn Sveza a mhonaraigh na hearraí.

(103)

Thug an Coimisiún dá aire go ngabhann maoin na n-earraí ar aghaidh go díreach ón táirgeoir onnmhairiúcháin chuig an gceannaitheoir. Tá na díolacháin seo áirithe mar ioncam i mórleabhar díolachán an táirgeora onnmhairiúcháin. Ní mba le Sveza-Les na hearraí riamh agus dá bharr sin níor chuir siad in áirithe iad ina gcuntais mar ioncam ó dhíolacháin. Ní dhéantar ach amháin an coimisiún a íocann na táirgeoirí onnmhairiúcháin a áireamh mar ioncam i gcuntais Sveza-Les. Os a choinne sin, maidir leis na díolacháin intíre ní dhíolann na táirgeoirí onnmhairiúcháin go díreach leis na chéad chustaiméirí neamhspleácha ach le Sveza-Les. Sa chás sin, aistrítear an úinéireacht chuig Sveza-Les. Ina theannta sin, ní le Sveza-Les na híocaíochtaí a fhaigheann sé ó chustaiméirí neamhghaolmhara i ndáil leis na hidirbhearta onnmhairiúcháin ach is leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin féin atá i gceist na híocaíochtaí sin agus aistrítear ina n-iomláine iad ansin chuig Sveza-Les. I mbeagán focal, gníomhaíonn Sveza-Les mar ghníomhaire le haghaidh díolacháin onnmhairí a ndearna na muilte difear dóibh agus cúitítear iad trí choimisiún, agus i gcás an mhargaidh intíre is é Zveza-Les an díoltóir ábhartha chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách de réir bhrí Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán. Dá réir sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(104)

Tar éis nochtadh deiridh, rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin an argóint gur dhírigh measúnú an Choimisiúin ar a dtugtar tuairisc san aithris roimhe ar na socruithe foirmiúla a leagadh síos idir Sveza-Les agus na muilte, ach nár tugadh aghaidh sa mheasúnú ar fíorchás eacnamaíoch a gcaidrimh, i bhfianaise na bhfeidhmeanna a chuir Sveza-Les i gcrích iarbhír, feidhmeanna cosúil leo sin i roinn díolachán comhtháite. Go deimhin, maidir le cur chuige foirmiúil an Choimisiúin i leith fhíorchás eacnamaíoch an chaidrimh idir Sveza-Les agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin, líomhnaíodh go raibh sé mícheart de réir dlí agus fíoras.

(105)

Bhreithnigh an Coimisiún nach raibh aon fhianaise ar an gcomhad nár thug na socruithe conarthacha léiriú ar an bhfíorchás eacnamaíoch sna caidrimh laistigh den ghrúpa. I gcodarsnacht leis sin, taispeánadh sna doiciméid uile gur chloígh na heintitis dhlítheanacha difriúla leis na socruithe conarthacha sa chleachtas le linn dóibh díolacháin onnmhairí agus intíre a dhéanamh faoi seach. Dá réir sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(106)

An séú rud, ná gur áitigh an Sveza Group cé go dtugtar comhaontuithe coimisiúin i scríbhinn i gcrích le haghaidh díolacháin onnmhairí, tugtar comhaontuithe ceannaigh agus díolacháin i gcrích le haghaidh díolacháin intíre. Tá sé sin ceart ar bhonn fíorasach. Is é fírinne an scéil, áfach, mar a aithníonn an Sveza Group, go ndéantar díolacháin intíre agus onnmhairí a eagrú ar bhealach difriúil agus faoi réir conarthaí de chineál eile mar a mheabhraítear thíos in aithris (108). Dá réir sin, níl aon cheist faoi ach go rialaítear díolacháin onnmhairí trí chomhaontuithe coimisiúin agus go n-íoctar coimisiúin den sórt sin iarbhír chun na seirbhísí arna soláthar le haghaidh idirbheart onnmhairiúcháin a íoc. Ní hamhlaidh an cás maidir le hidirbhearta intíre.

(107)

An seachtú pointe, ná gur mhaígh an Sveza Group go n-iarrtar ar an gCoimisiún a léiriú gurb ann do shaincheist inchomparáideachta praghsanna de thoradh an choimisiúin a íoctar ar dhíolacháin onnmhairí. Ceanglaítear le hAirteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán go ndéanfaí coigeartú le haghaidh difríochtaí i gcoimisiúin arna n-íoc. D’áitigh an Sveza Group go mbaintear na torthaí eacnamaíocha céanna amach leis an gcaidreamh idir muilte Sveza agus Sveza-Les, beag beann ar cibé a fhaigheann Sveza-Les corrlach brabúis ar dhíolacháin intíre nó coimisiún ar dhíolacháin onnmhairí. Ní mór an corrlach brabúis ar dhíolacháin intíre agus na coimisiúin ar dhíolacháin onnmhairí a bhreithniú dá bhrí sin mar ‘coimisiún’ chun críche Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán. Ach bíodh an cás sin mar atá, níl aon difríocht sna coimisiúin a íoctar a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don inchomparáideacht praghsanna agus níl aon bhonn cirt le coigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán.

(108)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis sin. Is é is aidhm don choigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) aon difríocht sa choimisiún a íoctar idir díolacháin intíre agus díolacháin onnmhairí a fhritháireamh. Cé nach gconspóidtear é, bunaithe ar na conarthaí lena rialaítear díolacháin onnmhairí, go bhfuil coimisiúin á n-íoc ag na muilte le Sveza-Les ar idirbhearta onnmhairiúcháin, lena n-áirítear díolacháin chuig an Aontas, níor léiríodh, i gcás díolacháin intíre, gur féidir Sveza-Les a bhreithniú mar ghníomhaire atá ag gníomhú ar bhonn coimisiúin. Ina ionad sin, is iad fíorais an cháis, arna suí ag an gCoimisiún, gur díolacháin indíreacha iad na díolacháin intíre a ndearna an grúpa difear dóibh, díolacháin indíreacha sa chiall is go ndíolann na muilte an táirge lena mbaineann ar dtús ar phraghsanna aistrithe le Sveza-Les, agus díolann seisean ansin iad ar neamhthuilleamaí leis na chéad chustaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre. Ní thugtar le fios in aon chor, le linn dó sin a dhéanamh, go bhféadfaí Sveza-Les a bhreithniú mar ghníomhaire a ghníomhaíonn ar bhonn coimisiúin. Go deimhin, meabhraíonn an Coimisiún na gnéithe a leanas: is é Sveza–Les a dhéanann na díolacháin intíre uile agus níl aon chlásal sna conarthaí díolachán idir Sveza-Les agus na muilte a thabharfadh le fios go ngníomhaíonn Sveza-Les mar ghníomhaire. Go háirithe, sonraítear i gcuid áirithe de na conarthaí díolachán ‘Chun teacht ar chomhaontú faoi phraghas na n-earraí ar feadh tréimhse áirithe, beidh na páirtithe i dteideal an iarscríbhinn a ghabhann leis seo a shíniú’. Níor soláthraíodh iarscríbhinní den sórt sin mar chuid den fhíorú, agus bhí conarthaí eile ina raibh mionsonraí íocaíochta agus méide as dáta. Dá dheasca sin, níor taispeánadh leis an bhfianaise ar an gcomhad conas a cinneadh praghas ceannaigh ná luach saothair Sveza-Les (14). Níl aon rud sna conarthaí ach an oiread maidir le cearta agus oibleagáidí eile na bpáirtithe. Mar shampla, níl aon oibleagáid tuairiscithe ann, i measc rudaí eile, níl aon oibleagáid ó thaobh fógra a thabhairt don pháirtí eile i gcás athrú ar ainm ach níl aon rud ach an oiread maidir le dliteanas na bpáirtithe i gcás neamhfhorghníomhú an chonartha (15). Thug an Coimisiún dá aire, in imthosca comhchosúla leo siúd a bhain leis na díolacháin intíre a rinne Sveza-Les, gur rialaigh an Chúirt Ghinearálta nach raibh bonn cirt faoin gcoigeartú a rinne an Coimisiún i ndáil leis na díolacháin onnmhairí i gcás Interpipe(16) Ar an mbonn sin, dheimhnigh an Coimisiún nár theastaigh aon choigeartú de bhun Airteagal 2(10)(i) le haghaidh díolacháin intíre. I gcodarsnacht leis sin, sonraítear go soiléir sna conarthaí a tugadh i gcrích idir na muilte agus Sveza-Les le haghaidh díolacháin onnmhairí go ngníomhaíonn Sveza-Les mar ghníomhaire agus go bhfuil sé i dteideal coimisiún a fháil as seirbhísí den sórt sin, rud go deimhin a d’íoc na muilte. Ar an mbonn sin, dúirt an Coimisiún gur theastaigh coigeartú de bhun Airteagal 2(10)(i) le haghaidh na ndíolachán onnmhairí.

(109)

Ina theannta sin, rinne an Coimisiún scrúdú ar an maíomh go mbeadh na hiarmhairtí eacnamaíocha céanna ag an gcorrlach brabúis le haghaidh díolacháin intíre agus na coimisiúin iarbhír arna n-íoc ar idirbhearta onnmhairiúcháin do na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Mar a mhionsonraítear a thuilleadh sa nochtadh a bhaineann go sonrach le cuideachta, bhí difríochtaí i mbrabúsacht idir díolacháin ar an margadh intíre agus díolacháin onnmhairí. Dá bhrí sin, bhreithnigh an Coimisiún nach mbaintear na torthaí eacnamaíocha céanna amach nuair a íoctar coimisiúin le Sveza-Les don ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin is a bhaintear amach leis na praghsanna aistrithe arna muirearú ar Sveza-les as díolacháin intíre a rinne Sveza-Les leis na chéad chustaiméirí neamhspleácha. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an maíomh.

(110)

An t-ochtú pointe, maidir le haithris (71) den Rialachán sealadach, mhaígh an Sveza Group go bhfuil an cás cosúil le hAirteagail 2(8) agus 2(9) den bhun-Rialachán lena bhforáiltear go bhféadfar an praghas leis an gcéad chustaiméir neamhspleách a choigeartú le haghaidh na gcostas uile arna dtabhú idir an t-allmhairiú agus an t-athdhíol. Ina theannta sin, ní chuireann Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán bac ar aon bhealach ar chur i bhfeidhm coigeartaithe faoi Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán. Bhainfeadh aon léirmhíniú eile d’Airteagal 2(10)(i), lena n-áirítear an dara mír ann, d’aon effet utile.

(111)

Thug an Coimisiún dá aire go bhfuil an fhoclaíocht in Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ar lámh amháin, agus Airteagail 2(8) agus 2(9) den bhun-Rialachán ar an lámh eile, difriúil. Cé go sainordaítear le hAirteagal 2(1) go mbeidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir, tá foráil in Airteagal 2(9) chun praghas onnmhairiúcháin a thógáil bunaithe ar an bpraghas ag a ndéantar na táirgí allmhairiúcháin a athdhíol ar dtús.

(112)

Ba cheart a thabhairt ar aird freisin mar a mhínítear in aithris (108) thuas, nár sholáthair an Sveza Group fianaise thacaíochta maidir le méid an choigeartaithe a éilíodh ar an ngnáthluach bunaithe ar Airteagal 2(10)(i) den bhun-Rialachán. Ní raibh an difríocht a líomhnaítear a bheith idir an praghas ceannaigh agus an praghas ath-dhíola agus an chaoi a ríomhadh é sin leagtha amach i scríbhinn in aon cheann de na comhaontuithe a soláthraíodh don Choimisiún. De réir an Sveza Group, dealraíodh go raibh éagsúlacht freisin i measc na muilte agus go raibh sé ag athrú i rith na tréimhse imscrúdaithe. Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (71) den Rialachán sealadach, má dhéantar coigeartú le haghaidh corrlach brabúis de bhun Airteagal 2(10)(i) a chainníochtú mar laghdú ar an gcorrlach brabúis líomhnaithe arna muirearú ag Sveza-Les le linn dó an táirge a athdhíol, thabharfadh sé sin de facto an praghas chuig leibhéal an díolacháin ábhartha idir na muilte agus Sveza-Les. I mbeagán focal, má bhaintear an corrlach brabúis líomhnaithe, mar bhunús chun an gnáthluach a bhunú bheadh an díolachán idir na muilte agus Sveza-Les. Sonraítear in Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán, áfach, gur cheart don ghnáthluach a bheith bunaithe ar na praghsanna leis an gcéad chustaiméir neamhspleách, agus ní hé Sveza-Les an chéad chustaiméir.

(113)

Tar éis nochtadh cinntitheach, d’athdhearbhaigh an Sveza Group murab ann do eintiteas eacnamaíoch aonair ar na margaí onnmhairí, nach bhféadfaí fáil gurb ann do eintiteas eacnamaíoch aonair ar an margadh intíre ach an oiread toisc go gcuireann Sveza-Les na feidhmeanna céanna i gcrích ar na margaí onnmhairí agus intíre. Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis sin. Mar a mhínítear sna mionsonraí in aithrisí (93)-(112) thuas, fuair an Coimisiún gurb ionann an caidreamh eacnamaíoch idir Sveza-Les agus na táirgeoirí a mhéid a bhaineann le díolacháin onnmhairí ná é sin a bhaineann leis an soláthróir ag díol trí idirghabháil gníomhaire agus ar bhonn gnáthdhálaí tráchtála: coinníonn an táirgeoir úinéireacht agus dliteanas maidir leis na hearraí a dhíoltar, ach faigheann Sveza-Les coimisiún díolacháin mar a leagtar amach sna conarthaí ábhartha. Os a choinne sin, i gcás díolacháin intíre glacann Sveza-Les le húinéireacht agus dliteanas na n-earraí a dhíoltar agus níor sainíodh aon chorrlach brabúis go soiléir a líomhnaíodh do na díolacháin sin sna conarthaí. Thairis sin, eisíonn Sveza-Les an sonrasc maidir le díolacháin intíre chuig na muilte de ghnáth ar an lá céanna a eisítear sonrasc maidir leis an gcustaiméir deiridh, rud lena ndeimhnítear an caidreamh neamhthráchtála a thuilleadh. Mheabhraigh an Coimisiún freisin gur forbraíodh an coincheap maidir le heintiteas eacnamaíoch aonair i gcomhthéacs na gcoigeartuithe faoi Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán i gcásdlí na Cúirte (17) maidir le ‘coimisiúin bharúlacha’ lena n-áirítear an corrlach brabúis arna fháil ag trádálaí dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 2(10)(i), agus ní le haghaidh cásanna ina ndéantar coimisiúin iarbhír a shainiú go soiléir agus a íoctar de facto mar a tharla sa chás idir lámha. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(114)

Mhaígh an Sveza Group gur chomhair an Coimisiún roinnt bónas agus coimisiún a d’íoc Sveza-Les le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas faoi dhó toisc nár ath-sonrascadh na méideanna sin arís chuig na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, bhreithnigh Sveza-Les gur speansais iad na costais sin a cruthaíodh de bharr chur chun feidhme na gcomhaontuithe coimisiúin.

(115)

Bhreithnigh an Coimisiún an maíomh i gcomhthreo lena chinneadh maidir le heintiteas eacnamaíoch aonair agus chinn sé gan na bónais agus na coimisiúin a íocadh le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a asbhaint ón bpraghas onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, deonaíodh an maíomh.

(116)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh an Sveza Group toisc go bhfuair an Coimisiún eintiteas eacnamaíoch aonair ar an margadh intíre, gur cheart don Choimisiún ráiteas ioncaim chomhdhlúite maidir le Sveza-Les agus táirgeoirí onnmhairiúcháin Sveza a úsáid le linn dó a bheith ag ríomh na gcostas díola, ginearálta agus riaracháin. Tá sé sin fíor toisc gur chuir an ráiteas ioncaim chomhdhlúite deireadh le híocaíochtaí idir grúpaí agus comhcheanglaíonn sé costais iarbhír agus ioncaim iarbhír amhail is a dhéanfaí le heintiteas eacnamaíoch aonair.

(117)

Leis an gcéad fhreagra ar an gceistneoir, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin laistigh den ghrúpa a gcuid cuntais iniúchta agus na cuntais iniúchta chomhdhlúite araon (más ann dóibh) a sholáthar. Níor sholáthair aon duine de na táirgeoirí onnmhairiúcháin faisnéis chomhdhlúite den sórt sin, lena n-áirítear Sveza-Les, a bhí mar sin féin ar an bpríomhscairshealbhóir i gceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Laistigh den Sveza Group, ní raibh aon chuntas comhdhlúite iniúchta agus dá bharr sin níorbh fhéidir doiciméad mar sin a thuairisciú chun críocha an imscrúdaithe seo. Cé gur sholáthair Sveza-Les ráiteas ioncaim chomhdhlúite le linn na cros-seiceála cianda, ní raibh an Coimisiún in ann cruinneas agus iontaofacht an ráitis a sheiceáil toisc nach ndearnadh gnóthas iniúchóireachta neamhspleách iniúchadh ceart ar an doiciméad i gceist. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(118)

Mhaígh an Sveza Group go raibh an coigeartú a rinneadh ar na táillí coimisiúin a íocadh ar na díolacháin onnmhairí idirdhealaitheach go háirithe nuair a bhreithnítear an coigeartú ar an gcoimisiún a rinneadh ar phraghas onnmhairiúcháin táirgeora onnmhairiúcháin eile (UPG).

(119)

Ní bhfuair an Coimisiún aon idirdhealú idir an dá chás toisc go raibh difear idir tosca fíorasacha an dá pháirtí agus go háirithe na caidrimh chonarthacha idir na heintitis ghaolmhara ina ngrúpaí cuideachtaí faoi seach. Cé gur admhaigh UPG gur chumhdaigh an táille coimisiúin a íocadh ar dhíolacháin intíre costais agus seirbhísí a bhain le díolacháin onnmhairí, laistigh den Sveza Group socraíodh díolacháin intíre agus díolacháin onnmhairí trí chumraíochtaí dlíthiúla ar leith. Dá dheasca sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

3.4.   Corrlaigh dhumpála

(120)

Mar a shonraítear in aithrisí (31) go (115) thuas, chuir an Coimisiún barúlacha páirtithe leasmhara a cuireadh isteach tar éis an nochta shealadaigh san áireamh agus rinne sé na corrlaigh dhumpála a athríomh dá réir.

(121)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, dleacht gan íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

Zheshartsky LÜK LLC

15,80  %

An Sveza Group

14,40  %

Muileann sraithadhmaid Syktyvkar

15,72  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

14,85  %

Gach cuideachta eile

15,80  %

(122)

Nochtadh na ríomhanna de na corrlaigh dumpála aonair, lena n-áirítear ceartúcháin agus coigeartuithe a rinneadh tar éis barúlacha a thug na páirtithe leasmhara tar éis nochtadh sealadach agus deiridh, do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar an tionscal de chuid an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(123)

In éagmais aon bharúil i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (80) go (82) den Rialachán sealadach.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(124)

Bhunaigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn (a) sonraí a chuir an gearánach isteach maidir le díolacháin thionscal an Aontais den táirge comhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas, mar a dhéantar a chros-seiceáil leis na méideanna díolachán a thuairiscigh na táirgeoirí sampláilte ón Aontas ; agus (b) allmhairí den táirge faoi imscrúdú ó gach tríú tír mar a tuairiscíodh in Eurostat (18).

(125)

Agus an modheolaíocht chun allmhairí a shainaithint mar a leagtar amach thíos i roinn 4.3.1 á cur san áireamh, forbraíodh tomhaltas an Aontais mar a leanas:

Tábla 1

Tomhaltas an Aontais i méadair chiúbacha (m3)

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

1 755 656

1 855 185

1 829 570

1 762 318

Innéacs

100

106

104

100

Foinse: An gearánach, táirgeoirí sampláilte ón Aontas agus Eurostat

(126)

Bhí tomhaltas san Aontas fós cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Taispeántar in anailís mhionsonraithe méadú 6 % ó 2017 go dtí 2018, ag maolú in 2019 go dtí méadú 4 % maidir le 2017 agus laghdú deiridh a d’fhág an tomhaltas ag leibhéil cosúil leis an leibhéal a bhí ann in 2017.

4.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.3.1.   Modheolaíocht chun allmhairí den táirge lena mbaineann a shainaithint

(127)

Mar a leagtar amach in aithris (86) den Rialachán sealadach, sular tionscnaíodh an t-imeacht agus sular cruthaíodh cód TARIC sonrach ina dhiaidh sin (19), rinneadh allmhairí an táirge lena mbaineann a thaifeadadh ag leibhéal CN (20) lena n-áirítear freisin táirgí eile seachas an táirge lena mbaineann. Chun méid na n-allmhairí den táirge lena mbaineann a mheas le linn na tréimhse faoi bhreathnú, chuir an Coimisiún an cóimheas céanna i bhfeidhm (TARIC/AC) a breathnaíodh tar éis an tionscnaimh idir méideanna allmhairiúcháin an chóid AC iomlán agus na hallmhairí don táirge lena mbaineann, bunaithe ar shonraí TARIC. I gcás allmhairí ón tír lena mbaineann, bunaíodh an cóimheas (21) ag 78 %.

(128)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh roinnt páirtithe leasmhara gur léiríodh torthaí saofa le cinneadh na staidreamh allmhairiúcháin. Áitíodh go sonrach nuair a bhíothas ag déanamh comparáide idir allmhairí i méadair chiúbacha i dtonaí, nach raibh na torthaí comhoiriúnach le meándlús an táirge faoi imscrúdú a bhfuil glacadh forleathan leis.

(129)

Rinne an Coimisiún anailís ar na maímh sin agus fuair sé sonraí saofa sna staidrimh a tuairiscíodh ar leibhéal an aonaid fhorlíontaigh (méadar ciúbach sa chás seo). Chinn an Coimisiún dá bhrí sin an meáchan tuairiscithe (tonaí) a thiontú, ina mhéadair chiúbacha, ós tacar sonraí é sin atá iontaofa agus cobhsaí, chun na hallmhairí a chinneadh.

(130)

Chun tonaí a thiontú go méadair chiúbacha, bhain an Coimisiún úsáid as eochair comhshó a bhunaítear ag 0.69. Cinneadh an eochair chomhshó le luachanna dlúis an táirge lena mbaineann a bhfuil glacadh forleathan leo. Mhol na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus táirgeoirí an Aontais araon an eochair chomhshó, agus bhí sí sa raon a moladh freisin sa mhodheolaíocht atá sa ghearán. Ina theannta sin, san anailís ar an meán-tona agus na méadair chiúbacha arna ndíol san Aontas ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, deimhníodh cruinneas na heochrach comhshó ag 0.69. Tar éis athbhreithnithe, ardaíodh de bheagán an cóimheas le haghaidh allmhairí ón tír lena mbaineann, go dtí 79 %.

(131)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin ón Rúis (Sveza) nár ghá gur léiríodh leis an úsáid a baineadh as cóimheas (TARIC /AC) bunaithe ar allmhairí tar éis na himeachtaí a thionscnamh an gnáthstaid thar an tréimhse iomlán faoi bhreathnú, toisc go bhféadfadh sé go raibh tionchar ag cineálacha eile sraithadhmaid nach raibh faoi réir an imscrúdaithe ar fhorbairt an chóid AC. Maíodh freisin, go bhféadfadh sé gur tháinig méadú substaintiúil ar allmhairí ón Rúis, tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh, agus dá dheasca sin go bhféadfadh sé go raibh rómheastachán tugtha ar allmhairí den táirge lena mbaineann roimh thionscnamh. Mhaígh Sveza Group freisin go mbeadh staidreamh na Rúise níos iontaofa ná Eurostat chun na hallmhairí a chinneadh.

(132)

Bhreithnigh an Coimisiún go rabhthas in ann meastachán réasúnach agus iontaofa a thabhairt leis an modheolaíocht a d’úsáid sé, ag glacadh leis go raibh an táirge lena mbaineann mar chuid de chiseán táirgí sraithadhmaid níos mó ar leibhéal staidrimh. Ba é tuairim an Choimisiúin, nach soláthródh an úsáid a bhainfí as staidreamh na Rúise níos mó iontaofachta ná sonraí Eurostat toisc go gcuimsítear táirgí leo freisin seachas an táirge lena mbaineann. Chomh maith leis sin, níor sholáthair Sveza Group aon fhianaise a thug aon bhunús don mhaíomh gur mhéadaigh cineálacha eile sraithadhmaid mar ghrúpa níos mó ná sraithadhmad beithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

4.3.2.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(133)

Bunaithe ar an modheolaíocht thuasluaite, is ar bhonn sonraí ó Eurostat a shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí. Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí trí mhéid na n-allmhairí a chur i gcomparáid le tomhaltas an Aontais.

(134)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ón tír lena mbaineann:

Tábla 2

Méid na n-allmhairí (m3) agus a sciar den mhargadh

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Méid na n-allmhairí ón Rúis (m3)

710 163

773 521

809 267

812 521

Innéacs

100

109

114

114

Sciar den mhargadh

40  %

42  %

44  %

46  %

Innéacs

100

103

109

114

Foinse: Eurostat

(135)

Tháinig méadú ar allmhairí ón tír lena mbaineann ó thart ar 710 163 méadar ciúbach go dtí thart ar 812 521 méadar ciúbach thar an tréimhse faoi bhreathnú, sin méadú 14 %. Tháinig méadú ar an sciar den mhargadh de na hallmhairí sin ó 40 % go 46 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

4.3.3.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(136)

Bhunaigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn staidreamh EUR/tona ó Eurostat ag leibhéal AC. Cé gur taifeadadh allmhairí den táirge lena mbaineann, mar a mhínítear i roinn 4.3.1 thuas, in éineacht le ciseán táirgí níos mó, tugann an mhodheolaíocht sin meastachán iontaofa ar phraghsanna agus ar an athrú a tháinig orthu le himeacht ama toisc gurb ionann formhór mór na n-allmhairí faoin gcód AC seo agus an táirge lena mbaineann, agus is féidir comparáid a dhéanamh idir forbairt praghsanna idir tíortha éagsúla is onnmhaireoirí dá bharr.

(137)

Tar éis nochtadh deiridh, chonspóidigh Sveza Group an úsáid as sonraí staidrimh ar leibhéal AC chun praghsanna allmhairiúcháin a bhunú de bharr go dtagann an táirge lena mbaineann faoi chód AC ina gcuimsítear cineálacha eile sraithadhmaid freisin, rud a d’fhág nach raibh na sonraí iontaofa. D’áitigh sé freisin nach raibh sonraí Eurostat nasctha leis an bhfíorchás ar an margadh agus le praghsanna a breathnaíodh iarbhír ar an margadh, rud a chuir le neamhiontaofacht mhodheolaíocht an Choimisiúin a thuilleadh.

(138)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis sin. Mar a mhínítear thuas bhreithnigh sé go raibh deis ann lena mhodheolaíocht féin chun measúnú a dhéanamh ar thoirt agus ar phraghsanna allmhairí ón Rúis ar shraithadhmad beithe chun meastachán réasúnach agus iontaofa a thabhairt. Maidir le hiontaofacht phraghsanna Eurostat, deimhnítear le haithrisí (140) agus (141) thíos gur lean na praghsanna a fuarthas ó staidreamh Eurostat an treocht chéanna le praghsanna onnmhairí meánualaithe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ón Rúis. Léirigh sé sin nár imigh staidreamh Eurostat ó na sonraí fíoraithe a bhain go sonrach leis an táirge lena mbaineann agus dá bhrí sin deimhníodh iontaofacht na sonraí chun praghsanna allmhairiúcháin a shuí.

(139)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánphraghas allmhairí ón tír lena mbaineann:

Tábla 3

Praghsanna allmhairí (EUR/ tona)

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An Rúis

646

681

608

584

Innéacs

100

105

94

90

Foinse: Eurostat

(140)

Tháinig laghdú ar mheánphraghsanna na n-allmhairí ón Rúis ó 646 EUR/tona in 2017 go 584 EUR/tona le linn na tréimhse imscrúdaithe, sin laghdú 10 %. Tháinig méadú 5 % ar mheánphraghas na n-allmhairí in 2018 agus tháinig laghdú 14 % air sna tréimhsí ina dhiaidh sin.

(141)

D’fhéadfaí an treocht chéanna a shonrú nuair a úsáidtear na meánphraghsanna onnmhairiúcháin ualaithe arna dtuairisciú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, agus praghas EUR 434/m3 á thaispeáint sa tréimhse imscrúdaithe don táirge lena mbaineann. Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh UPM nach raibh na ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola i gcomhréir le cásdlí na Cúirte toisc go raibh siad bunaithe ar phraghas onnmhairiúcháin a coigeartaíodh faoi Airteagal 2(9), agus nach ndearnadh coigeartú comhchosúil ar phraghas díola thionscal an Aontais. Bhreithnigh an Coimisiún toisc nár díoladh ach céatadán teoranta, 4 % go dtí 7 %, d’onnmhairí na Rúise trí chuideachta ghaolmhar, gur tionchar imeallach atá ag an tsaincheist seo ar an ríomh maidir le sladghearradh agus nach n-athródh sé go ndearna onnmhairí na Rúise sladghearradh suntasach ar phraghsanna thionscal an Aontais. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le ríomhanna gearrdhíola (corrlach díobhála), bhí praghas neamhdhíobhála an Aontais bunaithe ar an gcostas táirgeachta móide sprioc-bhrabús, agus dá bharr sin ní raibh aon chostas féideartha de chuid trádálaithe gaolmhara san Aontas san áireamh ann, cás a bhí cosúil leis an gcás a bhain le honnmhairí na Rúise.

(142)

Tar éis nochtadh sealadach, thug roinnt páirtithe dúshlán don ghrúpáil arna déanamh ag an gCoimisiún chun cineálacha difriúla táirgí a chur i gcomparáid le chéile. Go sonrach, maíodh nuair a aontaíodh an dromchla le haghaidh gach leatháin sraithadhmaid, tríd an leithead agus an fad a iolrú, go ndearnadh leis sin neamhaird de threo an tsnáithín san adhmad, agus gur mainníodh dá bharr sin mórspreagthóir costas monaraíochta agus praghsanna a chur san áireamh. Rinne sé difear dá bhrí sin do bhailíocht na ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola.

(143)

Maidir le grúpáil a fheidhmiú, mheabhraigh an Coimisiún, mar a thugtar ar aird in aithris (95) den Rialachán sealadach, go ndíoltar sraithadhmad beithe ina thoisí éagsúla agus ina cháilíochtaí éagsúla agus de réir sonraíochtaí sonracha le haghaidh custaiméirí. Dá bhrí sin, mar a mhínítear cheana féin in aithris (95) den Rialachán sealadach, agus é mar aidhm comparáid cheart a dhéanamh idir na táirgí a dhíol tionscal an Aontais agus na cineálacha táirgí coibhéiseacha arna ndíol ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise, rinne an Coimisiún comhfhogasú trí chineálacha táirgí a bhfuil saintréithe acu atá an-chosúil le chéile a ghrúpáil, cé gur coinníodh formhór mór na gcineálacha táirgí mar a bhí. Ag glacadh le héagsúlacht leathan na PCNanna nach raibh ach difríocht bheag eatarthu i dtéarmaí toisí, tiúis agus/nó cumhdaigh, bhí grúpáil de PCNanna a raibh saintréithe an-chosúil le chéile acu indéanta gan difear míchuí a dhéanamh do chruinneas na comparáide. Thug an mhodheolaíocht sin deis don Choimisiún comparáid a dhéanamh idir mais chriticiúil allmhairí agus díolacháin ag tionscal an Aontais. Go sonrach, ghlac an Coimisiún na gníomhaíochtaí seo a leanas ionas go bhféadfaí comparáid cheart a dhéanamh idir na táirgí lena mbaineann: 1) rinneadh trí chineál cumhdaigh sceobhrataithe a ghrúpáil (F-W-HT mar a dtugtar tuairisc orthu sa cheistneoir); 2) rinneadh dhá chineál cáilíochta dromchla gan chumhdach ach a bhí cosúil le chéile a ghrúpáil (CP agus WG); agus 3) ríomh an Coimisiún an dromchla le haghaidh gach leatháin sraithadhmaid, tríd an leithead agus an fad a iolrú. Rinneadh an ríomh sin i milliméadair chearnaithe ionas go mbeifí in ann comparáid a dhéanamh idir toisí comhchosúla atá suite go difriúil agus/nó a thuairiscítear ar bhealach difriúil. Mhaígh páirtí leasmhar amháin gurbh ionann an difríocht i bpraghas idir na cineálacha éagsúla táirgí a grúpáladh agus [4 % go dtí 7 %]. Fiú dá nglacfaí leis an difríocht a líomhnaíodh sa phraghas, níor mheas an Coimisiún gur difríocht shuntasach a bheadh sa difríocht sin. Go deimhin, thaispeáin sé nár chuir an ghrúpáil a rinne an Coimisiún cosc ar chomparáid chruinn a dhéanamh idir praghsanna. Mar thoradh air sin, bhreithnigh an Coimisiún gur tugadh deis leis an ngrúpáil a rinneadh ag an gcéim shealadach comparáid réasúnach agus iontaofa a dhéanamh ar phraghsanna agus go rabhthas in ann inchomparáideacht táirge a dhéanamh idir cineálacha coibhéiseacha táirgí.

(144)

Tar éis nochtadh sealadach, sholáthair roinnt páirtithe barúlacha maidir le ríomh an chorrlaigh sladghearrtha mar a thugtar le fios in aithris (100) den Rialachán sealadach. Anuas ar na barúlacha sin agus na n-athruithe beaga a rinneadh ar an gcorrlach sladghearrtha meán-ualaithe, rinneadh athbhreithniú ar an gcorrlach le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha sampláilte agus tá siad anois idir 9.6 % go dtí 18.4 % do na hallmhairí ón tír lena mbaineann ar mhargadh an Aontais. Ba ionann an sladghearradh meán-ualaithe a fuarthas ar bhonn na sonraí arna soláthar ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte agus 12.6 %.

(145)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh Sveza Group go raibh locht ar na ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola ar na cúiseanna a leanas: (i) mar gheall ar an easpa shuntasach forluí iomaíoch idir cineálacha táirgí de thionscnamh na Rúise agus cineálacha táirgí arna dtáirgeadh agus arna ndíol ag tionscal an Aontais, nach ríomhanna ionadaíocha a bhí sna ríomhanna; (ii) bhí grúpáil na gcineálacha difriúla táirgí lochtach toisc gur theip air éagsúlachtaí i dtoisí a chur san áireamh, rud ag a mbíonn tionchar ar phraghsanna i ngeall, i measc tosca eile, ar threonna difriúla snáithín. agus (iii) mhainnigh an Coimisiún costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabúis allmhaireoirí gaolmhara a chur san áireamh le linn dó a chuid ríomhanna a dhéanamh.

(146)

I ndáil leis an bhforluí iomaíoch, d’aimsigh an Coimisiún, chontrátha don mhaíomh, leibhéal suntasach meaitseála idir díolacháin an Aontais agus díolacháin na Rúise. Suíodh mar an gcéanna go raibh na saintréithe fisiceacha agus teicniúla céanna ag an sraithadhmad beithe arna dhíol ag táirgeoirí an Aontais agus ag táirgeoirí na Rúise, agus go mbíonn tionscal an Aontais agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin in iomaíocht sna hearnálacha céanna agus le haghaidh na n-úsáideoirí deiridh céanna. Maidir leis an dara maíomh, choinnigh an Coimisiún an seasamh a bhí aige mar a mhínítear in aithris (143) go raibh grúpáil roinnt cineálacha táirgí agus an comhshó isteach i limistéar dromchla iomchuí agus riachtanach ionas go mbeifí in ann comparáid réasúnach a dhéanamh idir praghsanna de chineálacha táirgí coibhéiseacha ag glacadh le roinnt éagsúlachtaí beaga idir na huimhreacha rialaithe táirgí difriúla (PCNanna). Thug an Coimisiún ar aird freisin nár chuir Sveza Group aon mhodh eile malartach ar aghaidh chun go mbeifí in ann comparáid cheart a dhéanamh idir praghsanna. Maidir leis an tríú maíomh, choinnigh an Coimisiún an seasamh a bhí aige mar a leagtar amach in aithris (141) agus mheabhraigh é seo a leanas.

(147)

A mhéid a bhaineann leis an sladghearradh a ríomh, bhreithnigh an Coimisiún an pointe ag a ndeachaigh allmhairí ón Rúis i gcomórtas le táirgí táirgeoirí an Aontais i margadh an Aontais, agus dá bhrí sin d’fhéach sé ar phraghas ceannaigh an chéad pháirtí neamhghaolmhar toisc go raibh sé de rogha ag an bpáirtí foinsí a fháil ó thionscal an Aontais nó ó sholáthróirí na Rúise. I gcás praghsanna onnmhairiúcháin d’allmhaireoirí gaolmhara, úsáideadh an modheolaíocht mar a leagtar amach in Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Le cur i bhfeidhm de réir analaí Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán, bíonn deis ann praghas a bhunú ar féidir é a chur i gcomparáid go hiomlán leis an bpraghas a úsáidtear nuair a bhítear ag scrúdú díolachán a dhéantar le custaiméirí neamhghaolmhara agus atá inchomparáide freisin le praghas díolachán thionscal an Aontais agus dá bhrí sin ba ghá na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus an brabús a asbhaint as an bpraghas athdhíola le custaiméirí neamhghaolmhara arna dhéanamh ag an allmhaireoir gaolmhar.

(148)

Bhí gá le hasbhaint den sórt sin freisin ionas go mbeifí in ann an gearrdhíol a ríomh go cruinn. Bhí spriocphraghas thionscal an Aontais bunaithe ar a chostas táirgthe móide an spriocbhrabús, gan a chur san áireamh cibé ar díoladh na táirgí ansin san Aontas le custaiméirí gaolmhara nó neamhghaolmhara agus, dá réir sin níor áiríodh aon chostas díola, ginearálta agus riaracháin agus brabús na n-eintiteas díolacháin gaolmhar san Aontas ach an oiread.

4.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.4.1.   Barúlacha ginearálta

(149)

In éagmais aon bharúil i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (101) go (105) den Rialachán sealadach.

4.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(150)

In éagmais aon bharúlacha i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (106) go (109) den Rialachán sealadach.

4.4.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(151)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú tháinig forbairt ar mhéid na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh mar a leanas, agus an mhodheolaíocht chun allmhairí a shainaithint á cur san áireamh mar a leagtar amach i roinn 4.3.1:

Tábla 4

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An méid iomlán díolachán ar mhargadh an Aontais (m3)

821 341

818 621

757 103

680 243

Innéacs

100

100

92

83

Sciar den mhargadh

47  %

44  %

41  %

39  %

Innéacs

100

94

88

83

Foinse: An gearánach, táirgeoirí sampláilte ón Aontas agus Eurostat

(152)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú suntasach 17 % ar an méid iomlán díolachán i dtionscal an Aontais ina iomláine. D’fhan méid dhíolacháin an Aontais ar aon leibhéal amháin ó 2017 go 2018, ach in 2019 bhí laghdú 8 % ann, agus laghdú eile 10 % ó 2019 go dtí an tréimhse imscrúdaithe.

(153)

Tháinig laghdú den chineál céanna de 17 % ar sciar margaidh thionscal an Aontais, ag léiriú treocht meatha a bhí gan athrú, rud a chuir laghdú ar láithreacht thionscal an Aontais sa mhargadh ó 47 % de sciar den mhargadh in 2017 go 39 % sa tréimhse imscrúdaithe.

4.4.2.3.   Fás

(154)

I gcomhthéacs margadh fónta le tomhaltas cobhsaí san Aontas, léirigh na figiúirí thuas gur tháinig laghdú suntasach ar thionscal an Aontais i ndáil le táirgeacht, an méid díolachán agus an sciar den mhargadh atá aige.

4.4.2.4.   An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

(155)

In éagmais aon bharúlacha i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (114) go (116) den Rialachán sealadach.

4.4.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin

(156)

In éagmais aon bharúlacha i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (117) go (118) den Rialachán sealadach.

4.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

(157)

In éagmais aon bharúlacha i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (119) go (131) den Rialachán sealadach.

4.5.   Conclúid faoi dhíobháil

(158)

I gcomhthéacs tomhaltas cobhsaí san Aontas, tháinig méadú ar allmhairí ón Rúis le linn na tréimhse faoi bhreathnú (+ 14 %), ag praghsanna atá ag gearradh na mbonn go suntasach de phraghsanna thionscal an Aontais. D’fhág sin gur fhéad táirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise sciar 46 % den mhargadh a bhaint amach le linn na tréimhse imscrúdaithe (suas ó 40 % in 2017).

(159)

Sna himthosca sin, chuaigh cás eacnamaíoch thionscal an Aontais in olcas, mar a léirigh na príomh-mhacratháscairí go léir a bhfuil treocht dhiúltach le sonrú orthu: táirgeadh (- 14 %), díolacháin an Aontais (- 17 %) agus laghdú suntasach ar a sciar den mhargadh (ó 47 % go 39 %) sa tréimhse faoi bhreathnú.

(160)

Mar fhreagairt ar an mbrú a bhí ann ó phraghsanna ísle na Rúise, rinne tionscal an Aontais iarracht costais agus coigeartuithe fostaíochta a laghdú (-12 %), mar a thaispeántar i dtábla 6 den Rialachán sealadach. Mar sin féin, mar thoradh ar an mbrú ó allmhairí dumpáilte na Rúise i dtéarmaí na méideanna méadaithe agus na bpraghsanna ísle, tháinig laghdú ar dhíolacháin an Aontais agus mhéadaigh ar na stoic go tapa (+ 22 %) le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ionas gur bhain siad uasleibhéal amach (+ 41 %) in 2018, mar a thaispeántar i dtábla 9 den Rialachán sealadach.

(161)

Tháinig ardú mór ar chostas táirgeachta an tionscail de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú (+ 10 %), mar a thaispeántar i dtábla 7 den Rialachán sealadach, agus ba é an phríomhchúis leis sin méadú mór ar phraghsanna amhábhar.

(162)

Mhéadaigh costas thionscal an Aontais níos mó ná praghsanna díolachán mar gheall ar an mbrú de bharr na n-allmhairí dumpáilte. Dá dheasca sin, thit an bhrabúsacht sa tréimhse faoi bhreathnú, ó rud a bhí sláintiúil (+ 9.7 %) in 2017 go rud ina mbeadh caillteanas neamh-inbhuanaithe ann (- 2.8 %) le linn na tréimhse imscrúdaithe, mar a thaispeántar i dtábla 10 den Rialachán sealadach.

(163)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(164)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh roinnt páirtithe nach bhféadfadh sé gurbh iad na hallmhairí ón Rúis ba chúis leis an díobháil ó tharla go bhfeidhmíonn siad i gcuid dhifriúil den mhargadh.

(165)

Mar a thugtar tuairisc air i roinn 5.2.7 thíos, suíodh leis an imscrúdú go bhfuil tionscal an Aontais agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin in iomaíocht le chéile sna hearnálacha céanna agus go soláthraíonn siad na húsáideoirí deiridh céanna.

(166)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (138) go (141) den Rialachán sealadach.

5.2.   Éifeachtaí fachtóirí eile

5.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(167)

Chun méid na n-allmhairí ó thríú tíortha a chinneadh, mar a mhínítear i roinn 4.3.1 thuas, chuir an Coimisiún an cóimheas céanna (TARIC/AC) a breathnaíodh tar éis tionscnaimh idir méideanna allmhairiúcháin an chóid AC iomlán agus méid na n-allmhairí don táirge lena mbaineann i bhfeidhm, bunaithe ar shonraí TARIC. Chun tonaí a chomhshó i méadair chiúbacha, d’úsáid an Coimisiún eochair chomhshó de 0.69.

(168)

Ba iad an Bhealarúis agus an Úcráin an t-aon dá thríú tír a d’allmhairigh méideanna suntasacha táirgí chuig an Aontas. I gcás na Bealarúise, is ag 39 % a bunaíodh an cóimheas (TARIC/AC) a breathnaíodh tar éis tionscnaimh agus i gcás na hÚcráine, is ag 61 % atá sé.

(169)

Bhunaigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí bunaithe ar EUR/tona ag leibhéal CN, mar a mhínítear i roinn 4.3.2 thuas.

(170)

Tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse a measadh mar a leanas:

Tábla 5

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An Úcráin

Méid (m3)

67 831

83 465

86 795

88 303

 

Innéacs

100

123

128

130

 

Sciar den mhargadh

4  %

4  %

5  %

5  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

651

725

641

616

 

Innéacs

100

111

98

95

An Bhealarúis

Méid (m3)

124 561

141 310

138 307

145 731

 

Innéacs

100

113

111

117

 

Sciar den mhargadh

7  %

8  %

8  %

8  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

403

481

387

363

 

Innéacs

100

119

96

90

Tríú tíortha eile (22)

Méid (m3)

31 760

38 267

38 097

35 520

 

Innéacs

100

120

120

112

 

Sciar den mhargadh

2  %

2  %

2  %

2  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

566

576

565

561

 

Innéacs

100

102

100

99

Iomlán na dtríú tíortha uile cé is moite den Rúis

Méid (m3)

224 153

263 043

263 199

269 555

 

Innéacs

100

117

117

120

 

Sciar den mhargadh

13  %

14  %

14  %

15  %

 

Meánphraghas (EUR/tona)

537

574

535

520

 

Innéacs

100

107

100

97

Foinse: Eurostat

(171)

I gcomparáid leis an Rúis, ní raibh ag an mBealarúis agus ag an Úcráin ach láithreacht theoranta ar mhargadh an Aontais. Toisc go raibh a sciartha den mhargadh sách cobhsaí sa tréimhse faoi bhreathnú, le méadú beag de 1 phointe céatadáin thar an tréimhse faoi bhreathnú, ar leibhéal 8 % agus 5 % faoi seach i rith na tréimhse imscrúdaithe. Mhéadaigh gach tríú tír eile a láithreacht beagán, ach d’fhan a sciar den mhargadh íseal ag 2 %. Tháinig méadú 1 % ar an sciar iomlán den mhargadh d’allmhairí ó gach tríú tír seachas an Rúis ó 2017 go 2018, agus 1 % ó 2019 go dtí an tréimhse imscrúdaithe, ag sroicheadh leibhéal 15 %.

(172)

I dtéarmaí na bpraghsanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú, dhíol an Úcráin ar phraghsanna beagán níos airde ná an Rúis, agus ar phraghsanna níos ísle ná an Bhealarúis. Thug idir allmhaireoirí agus ghearánaigh míniú ar na praghsanna níos ísle ón mBealarúis, de bharr a cuid teicneolaíochta teoranta a fhágann nach féidir ach táirge an-sonrach a tháirgeadh, cineál táirge atá níos saoire ar ardchaighdeán. Murab ionann agus an Bhealarúis, bhain na hallmhairí ón Rúis le héagsúlacht táirgí níos leithne agus bhain siad freisin le sraithadhmad beithe is airde cáilíocht, rud a léiríonn meánphraghsanna níos airde.

(173)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndearna tionchar na n-allmhairí ó thíortha eile maolú ar an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte ón Rúis agus an díobháil ábhartha a tharla do tháirgeoirí an Aontais.

(174)

Tar éis nochtadh deiridh, d’áitigh Sveza Group go ndearna an Coimisiún neamhaird de gur tháinig méadú ar an méid allmhairí a tháinig ón mBealarúis agus ón Úcráin agus go raibh siad ar phraghsanna níos ísle (tar éis coigeartú le haghaidh dleacht chustaim) i gcomparáid le honnmhairí na Rúise chuig an Aontas, rud a chuir leis an díobháil ar an gcaoi sin. Trí mhainneachtain na gnéithe sin a bhreithniú rinne an Coimisiún earráid fhollasach ina anailís ar allmhairí ó thríú tíortha. Chomh maith leis sin, mhaígh Rialtas Chónaidhm na Rúise nach ndearna an Coimisiún measúnú ceart ar thionchar na n-allmhairí ó thríú tíortha ar thionscal an Aontais

(175)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Ar an gcéad dul síos, maidir le hallmhairí ón Úcráin, mheabhraigh sé go raibh praghsanna allmhairiúcháin bunaithe ar shonraí Eurostat ar leibhéal CIF agus mar sin sular cuireadh dleacht chustaim i bhfeidhm in aon chor. Dá bharr sin, dheimhnigh an Coimisiún go raibh na praghsanna ón Úcráin níos airde ná praghsanna allmhairiúcháin ón Rúis. In aon chás, i gcás go ndéanfadh an Coimisiún comparáid idir allmhairí ón Rúis agus ón Úcráine tar éis dleachta custaim (i bhfeidhm maidir le hallmhairí ón Rúis amháin), bheadh praghsanna ón dá thír sa raon céanna. Mar gheall ar a méid teoranta agus a sciar den mhargadh, ní dhearna allmhairí ón Úcráin maolú ar an nasc cúisíoch idir allmhairí ón Rúis agus an díobháil ábhartha a bhain do tháirgeoirí an Aontais.

(176)

An dara rud, cé gur tháinig méadú ar na méideanna ón Úcráin agus ón mBealarúis araon, mhéadaigh siad ó phointe tosaigh sách beag agus ní raibh ach tionchar imeallach acu ar mhargadh an Aontais toisc nár mhéadaigh a sciartha den mhargadh ach le 1 phointe céatadáin, ach mhéadaigh na hallmhairí ón Rúis a sciar den mhargadh le 6 phointe céatadáin. Dheimhnigh an Coimisiún dá bhrí sin a thoradh sealadach nár mhaolaigh allmhairí ó thíortha eile an nasc cúisíoch.

(177)

Ar deireadh, mheabhraigh an Coimisiún nach raibh sna hallmhairí ó thríú tíortha seachas an Úcráin agus an Bhealarúis ach thart ar 2 % de mhargadh an Aontais agus gur fhan siad ag an leibhéal sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar an gcéanna, bhí an leibhéal praghsanna cobhsaí freisin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Níor breithníodh dá bhrí sin go raibh na hallmhairí sin tugtha do dhíobháil a dhéanamh do thionscal an Aontais. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don mhaíomh sin.

5.2.2.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin an tionscail de chuid an Aontais

(178)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin, an Sveza Group, gur rannchuidigh feidhmíocht onnmhairiúcháin dhearfach thionscal an Aontais leis an díobháil, ó tharla gur líomhnaíodh, go rachadh an méadú ar dhíolacháin onnmhairí chun aimhleasa na ndíolachán intíre. Tar éis nochtadh deiridh mhaígh Rialtas na Rúise freisin go raibh feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais (onnmhairí méadaithe ar phraghsanna ísle) ina cúis díobhála.

(179)

I rith na tréimhse imscrúdaithe bhí dóthain acmhainneacht táirgthe ag tionscal an Aontais chun an méadú ar dhíolacháin onnmhairí a chumhdach. Bhí an rud céanna fíor maidir le táirgeoirí sampláilte an Aontais. Thairis sin níor léirigh an méadú ar mhéid na n-onnmhairí ach cuid bheag den laghdú 17 %, mar a thaispeántar i dtábla 4 thuas, a bhain do mhéid na ndíolachán intíre. Mar thoradh air sin, ní rannchuidíonn an méadú ar onnmhairí thionscal an Aontais leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(180)

Tar éis nochtadh sealadach, thug an táirgeoir onnmhairiúcháin UPM ar aird go raibh an anailís ar an bhfeidhmíocht onnmhairiúcháin sa Rialachán sealadach ag brath ar na sonraí do tháirgeoirí sampláilte an Aontais, rud a thaispeáin méadú, i gcodarsnacht leis an bhfeidhmíocht onnmhairiúcháin do thionscal an Aontais trí chéile arna mheas ag na gearánaigh, rud a thaispeáin laghdú.

(181)

Thaispeáin na honnmhairí do thionscal iomlán an Aontais arna soláthar ag an ngearánach laghdú 4 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Cé gur tháinig laghdú 12 % ó 2017 go 2019 ar mhéideanna onnmhairí, tháinig méadú 8 % ar mhéideanna onnmhairí ó 2019 go dtí an tréimhse imscrúdaithe, rud a raibh méadú ar onnmhairí mar chéatadán dá ndíolacháin iomlána mar thoradh air. Dá réir sin, ní fhéadfadh sé gur chuir feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais trí chéile leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(182)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar atá leagtar amach in aithrisí (150) go (152) den Rialachán sealadach.

5.2.3.   Míbhuntáiste iomaíoch maidir le rochtain ar an bpríomh-amhábhar

(183)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh roinnt páirtithe go mbíonn tionscal an Aontais siar leis ó thaobh infhaighteacht theoranta an amhábhair, i.e. ceapa beithe, rud a bheadh mar bhunús le méideanna táirgeachta níos ísle, agus le méadú ar chostais agus, dá bhrí sin, bheadh sé ina chúis leis an díobháil.

(184)

Mar a mhínítear in aithris (154) den Rialachán sealadach, níor míníodh an díobháil sa rochtain ar an bpríomh-amhábhar, is é sin rochtain ar cheapa beithe, ós rud é go raibh rochtain leordhóthanach ag táirgeoirí an Aontais ar sholáthairtí ceap beithe. Taispeánadh i dtábla 9 den Rialachán sealadach gur tháinig méadú 22 % ar stoic táirgeoirí sampláilte an Aontais thar an tréimhse faoi bhreathnú, agus gur tháinig méadú 6 % orthu go sonrach ó 2019 go dtí an tréimhse imscrúdaithe. Tugadh le fios leis an éabhlóid ar stoic nár bhain an fhadhb leis an táirgeadh, ach ina ionad sin, gur bhain sí lena thráchtálú. Mar thoradh air sin, ní sa soláthar adhmaid atá ar fáil a bhí an míniú ar an laghdú ar an táirgeadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(185)

Suíodh freisin leis an imscrúdú nár maolaíodh an nasc cúisíoch leis an gcostas atá ar amhábhar. Bhain an fhadhb ina ionad sin le cumas teoranta thionscal an Aontais praghsanna a ardú chomh mór céanna agus a bhí na méaduithe ar chostais mar gheall ar an mbrú a bhí ann ó allmhairí dumpáilte ón Rúis, i dtéarmaí méideanna agus praghsanna araon. Go sonrach, ba léir seo, mar a mhínítear in aithris (155) den Rialachán sealadach, de bharr an laghdaithe a tháinig ar chostas táirgeachta thionscal an Aontais idir 2019 agus an tréimhse imscrúdaithe, cé nár tháinig feabhas ar an mbrabúsacht mar thoradh air sin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin.

5.2.4.   Féindíobháil

(186)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh Rialtas na Rúise go raibh leathnuithe acmhainneachta chun freastal ar tháirgeadh méadaithe, nár tháinig chun cinn, ina gcúis díobhála.

(187)

Fuair an Coimisiún amach, contrártha don mhaíomh, gur tháinig laghdú 1 % ar infheistíochtaí bliantúla, mar a thaispeántar i dtábla 10 agus a mhínítear in aithris (130) den Rialachán sealadach, le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar an gcéanna, mar a mhínítear in aithris (108) den Rialachán sealadach, tháinig laghdú 3 % go foriomlán ar acmhainneacht táirgthe an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(188)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin, nach raibh aon bhunús leis an maíomh gur foinse dhíobhála a bhí sa leathnú ar infheistíochtaí acmhainneachta, mar a leagtar amach freisin in aithrisí (156) go (157) den Rialachán sealadach.

5.2.5.   Stailceanna san Fhionlainn

(189)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh roinnt páirtithe leasmhara go raibh tionchar diúltach ag na stailceanna san Fhionlainn ar thionscal an Aontais agus go raibh méideanna táirgeachta níos ísle dá bharr agus méideanna díolachán níos ísle dá dheasca sin. Líomhnaíodh go dtiocfadh méadú freisin ar chostas de bharr na stailceanna, rud as a dtiocfadh brabúsacht níos ísle.

(190)

Ba léir leis an méadú ar stoic, mar a thaispeántar i dtábla 9 den Rialachán sealadach, nach sa táirgeacht amháin a bhí na fadhbanna. Maidir leis an méadú ar chostas, contrártha do na líomhaintí, taispeánadh i dtábla 7 den Rialachán sealadach laghdú ar na costais sa tréimhse inar tharla na stailceanna. Dá bhrí sin tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chuir stailceanna na muilte san Fhionlainn leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

5.2.6.   Éifeachtaí COVID-19

(191)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh roinnt páirtithe go bhféadfadh sé mar gheall ar na dianghlasálacha a forchuireadh de thoradh COVID-19 go stopfaí táirgeadh rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mhéideanna táirgeachta, d’fhostaíocht agus do chostais. Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh Rialtas na Rúise freisin gurbh é paindéim COVID-19 an phríomhchúis le staid dhíobhálach thionscal an Aontais.

(192)

Mar a mhínítear in aithris (128) tháinig an t-athrú ar na stoic agus ar an gcostas salach ar na líomhaintí. Ní dhearna géarchéim COVID-19 difear ar bhealach diúltach do mhéideanna táirgeachta agus d’fhostaíocht sa tréimhse imscrúdaithe. Dhíbh an Coimisiún, dá bhrí sin, na maímh sin agus dúirt nár mhaolaigh an tionchar a bhí ag COVID-19 an nasc cúisíoch.

5.2.7.   Inchomparáideacht na dtáirgí

(193)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh roinnt páirtithe go bhfuil easpa forluí iomaíochta idir an sraithadhmad beithe a tháirgeann tionscal na Rúise agus an sraithadhmad a tháirgeann tionscal an Aontais, ós rud é go líomhnaítear go dtáirgeann siad cáilíochtaí éagsúla a bhaineann le deighleoga éagsúla, agus dá bhrí sin, nárbh iad na hallmhairí ón Rúis an chúis díobhála.

(194)

Rinne an Coimisiún, d'ainneoin sin, comparáid idir na mílte cineálacha difriúla táirgí sraithadhmaid beithe agus bhunaigh leibhéal suntasach meaitseála (os cionn 68 %) idir díolacháin de chuid an Aontais agus táirgí allmhairithe na Rúise. Ina theannta sin, suíodh leis an imscrúdú nach amháin go raibh na saintréithe fisiceacha agus teicniúla céanna ag na táirgí allmhairithe agus táirgí comhchosúla de chuid an Aontais, ach freisin, go mbíonn tionscal an Aontais agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin in iomaíocht sna hearnálacha céanna agus le haghaidh na n-úsáideoirí deiridh céanna. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhrí sin, nár mhaolaigh an easpa inchomparáideachta agus iomaíochta táirgí a líomhnaíodh an nasc cúisíoch.

(195)

Tar éis nochtadh deiridh, d’áitigh Sveza Group arís eile go raibh easpa shuntasach inchomparáideachta táirgí agus forluí iomaíochta dá bhrí sin agus nár mhór é sin a bhreithniú san anailís chúisíochta. Mhaígh sé freisin go raibh an argóint a rinne an Coimisiún nach saincheist chun críocha cúisíochta a bhí in inchomparáideacht táirgí lochtach agus nach raibh an argóint ag teacht le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála. Mhaígh Rialtas na Rúise freisin nach ndearna an Coimisiún dóthain anailíse ar inchomparáideacht táirge agus ar an bhforluí iomaíochta idir cineálacha táirgí a bhfuil saintréithe difriúla acu.

(196)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh nár bhreithnigh sé inchomparáideacht táirge chun críocha cúisíochta, agus bhreithnigh sé gur míléiriú a bhí ann ar a chuid torthaí. Mar a thugtar tuairisc air in aithris (194) fuair an Coimisiún, contrártha don mhaíomh a rinne an táirgeoir onnmhairiúcháin, mar gheall ar an leibhéal suntasach meaitseála táirgí agus iomaíochta a bhí sna hearnálacha céanna agus le haghaidh na n-úsáideoirí céanna, gurbh ann d’inchomparáideacht táirgí agus d’iomaíocht táirgí araon. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá réir sin, nach raibh aon bhunús leis an líomhain maidir le heaspa inchomparáideachta agus iomaíochta táirgí agus nach bhféadfadh sé an nasc cúisíoch a mhaolú.

(197)

Rinne táirgeoir onnmhairiúcháin eile (SPM) tagairt freisin don easpa inchomparáideachta agus iomaíochta táirgí a líomhnaíodh agus d’iarr sé gur cheart cineálacha táirgí nár tháirg tionscal an Aontais a eisiamh ó raon feidhme an táirge.

(198)

Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin ar na cúiseanna a leagtar amach in aithris (196) thuas. Ina theannta sin, mheabhraigh an Coimisiún go ndearna, mar a thugtar tuairisc air in aithris (143), an Coimisiún grúpáil ar chineálacha táirgí a bhí an-chosúil le chéile d’fhonn a áirithiú go bhféadfaí comparáid praghsanna chóir a dhéanamh, bunaithe ar mhéideanna ionadaíocha, idir allmhairí ón Rúis agus an táirge arna dhíol ag tionscal an Aontais.

(199)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (162) go (163) den Rialachán sealadach.

(200)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh Sveza Group gur mhainnigh ar an gCoimisiún faisnéis maidir leis na sonraí tar éis na tréimhse imscrúdaithe a chur san áireamh go hiomchuí, rud dar leis a léirigh nach bhféadfadh na hallmhairí ón Rúis díobháil a dhéanamh do thionscal an Aontais. Rinne sé tagairt, go háirithe, do ráitis áirithe a rinne an gearánach nach raibh siad in ann méaduithe domhanda ar phraghsanna a chur ar aghaidh i ngeall ar chonarthaí a bhí comhaontaithe agus nár tharla aon sladghearradh ná aon ghearrdhíol sa tréimhse tar éis na tréimhse imscrúdaithe. Ina ionad sin, bhí conarthaí fadtéarmacha agus éagsúlachtaí i bpraghsanna amhábhar ina gcúis le haon díobháil a líomhnaíodh.

(201)

Chomh maith leis sin, mhaígh SPM gur mhainnigh ar an gCoimisiún forbairtí tar éis na tréimhse imscrúdaithe a chur san áireamh i gceart sa mheasúnú ar dhíobháil agus ar chúisíocht, rud dar le SPM atá riachtanach nuair is forbairtí follasacha, gan cheistiú agus marthanach iad na forbairtí tar éis na tréimhse imscrúdaithe.

(202)

Bhreithnigh an Coimisiún dá anailís díobhála agus cúisíochta an cás mar a leagadh síos i rith na tréimhse imscrúdaithe. Mheabhraigh an Coimisiún, mar a fhoráiltear in Airteagal 6(1) den bhun-Rialachán, nach gcuirfear faisnéis a bhaineann le tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe san áireamh, de ghnáth. Bhreithnigh sé freisin gur rud sealadach é an cás tar éis na tréimhse imscrúdaithe agus go dtarlaíonn sé mar thoradh ar théarnamh tapa, gan choinne tar éis COVID-19. Dá bhrí sin, níor breithníodh go raibh na tosca sealadacha sin de chineál den sórt sin go bhfágfaidís go mbeadh forchur beartaithe dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha míchuí, fiú i bhfianaise forbairtí tar éis na tréimhse imscrúdaithe. Mar sin féin, mar a mhínítear in aithris (16), déanfaidh an Coimisiún anailís ar an gcás tar éis na tréimhse imscrúdaithe i gcomhthéacs fionraíocht fhéideartha na ndleachtanna dlite i ngeall ar athrú sealadach ar dhálaí an mhargaidh. Déanfar an anailís sin, áfach, in am trátha agus cuirfear i gcrích í i gcinneadh ar leithligh.

5.3.   An chonclúid ar chúisíocht

(203)

Ar bhonn a bhfuil thuas agus in éagmais aon bharúlacha eile, na tosca a ndearnadh anailís orthu ina n-aonar nó i dteannta a chéile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár mhaolaigh aon cheann de na tosca sin an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais sa tslí nach fíor-nasc substaintiúil a bheadh ann a thuilleadh, rud a dhearbhaíonn an chonclúid in aithrisí (164) go (166) den Rialachán sealadach.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

6.1.   Corrlach díobhála

(204)

Na maímh a rinne UPM agus Sveza Group maidir le coigeartuithe faoi Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán sna ríomhanna sladghearrtha, tá feidhm ag na maímh sin freisin maidir le ríomh an leibhéil díothaithe díobhála. Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin mar a leagtar amach i roinn 4.3.3 thuas.

(205)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Sveza Group freisin go raibh an corrlach díobhála ríofa go contráilte ag an gCoimisiún toisc nár asbhain sé éifeachtaí díobhálacha fachtóirí eile. De réir Sveza Group, ní mór don Choimisiún a áirithiú nach mó an méid dleachta frithdhumpála a dhéanfar a fhorchur (más ann di) ná an méid is gá chun cur i gcoinne éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte, lena n-áirítear trína áirithiú, le méid na dleachta frithdhumpála, nach gcuirtear na héifeachtaí díobhálacha de bharr tosca seachas na hallmhairí sin, san áireamh. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún an corrlach díobhála a choigeartú chun an díobháil a tharlaíonn de bharr fachtóirí seachas allmhairí ón Rúis a eisiamh.

(206)

Ar dtús, mheabhraigh an Coimisiún go raibh an dleacht frithdhumpála bunaithe ar an gcorrlach dumpála bunaithe. Dá bhrí sin, ní mó é an dleacht arna forchur ná an méid is gá chun cur i gcoinne éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte, d’ainneoin go bhfuil an corrlach díobhála bunaithe i bhfad níos airde ná an corrlach dumpála. Chuige sin meabhraíonn an Coimisiún freisin, mar a thugtar tuairisc air i Roinn 5.2 thuas, go ndearna an Coimisiún scrúdú ar roinnt fachtóirí eile a d’fhéadfadh rannchuidiú leis an díobháil agus fuair nach raibh aon cheann de na fachtóirí sin, go haonarach nó tógtha le chéile in ann an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a fulaingíodh a mhaolú. Ar deireadh, ní mór an cinneadh maidir leis an gcorrlach dumpála a dhéanamh de réir fhorálacha Airteagal 7(2c) agus (2d) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, bhunaigh an Coimisiún an spriocphraghas agus an leibhéal brabúsachta ach na fachtóirí atá liostaithe a thabhairt san áireamh.

(207)

Mar a fhoráiltear le hAirteagal 9(4), an tríú fomhír, den bhun-Rialachán, agus de bharr nár chláraigh an Coimisiún allmhairí le linn thréimhse an nochta, rinne sé anailís ar fhorbairt na méideanna allmhairí chun a shuí ar tháinig méadú substaintiúil eile in allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn thréimhse an réamhnochta agus dá bhrí sin ag léiriú na díobhála breise mar thoradh ar mhéadú den sórt sin nuair a bhí an corrlach díobhála á chinneadh.

(208)

Bunaithe ar shonraí ó bhunachar sonraí Surveillance 2, bhí na méideanna allmhairí ón Rúis le linn na 4 seachtaine de réamhnochtadh 98.6 % níos airde ná na méideanna allmhairí ar an meán sa tréimhse imscrúdaithe ar bhonn 4 seachtaine. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh ardú substaintiúil ar allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn na tréimhse réamhnochta.

(209)

Chun léiriú a thabhairt ar an díobháil bhreise a tharla mar gheall ar an méadú ar allmhairí, chinn an Coimisiún an leibhéal díothaithe díobhála a choigeartú bunaithe ar an ardú sa mhéid allmhairí, rud a bhreithnítear mar an toisc ualaithe ábhartha bunaithe ar fhoclaíocht Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán. Ríomh sé dá bhrí sin toisc iolraitheach a suíodh trí shuim mhéid na n-allmhairí le linn na 4 seachtaine den tréimhse réamhnochta de 85 449 dtona agus 52 sheachtain den tréimhse imscrúdaithe, a roinnt ar mhéid na n-allmhairí sa tréimhse imscrúdaithe arna n-eachtarshuí go 56 sheachtaine. Léiríonn an figiúr a leanann as, 1.02, an díobháil bhreise a tharla de bharr méadú breise ar allmhairí. Roinneadh an corrlach díobhála dá bharr sin leis an toisc sin. Dá bhrí sin, is mar a leanas atá an leibhéal díothaithe díobhála deiridh:

Tír

Cuideachta

Corrlach díobhála

An Rúis

Zheshartsky LÜK LLC

58,3 %

An Sveza Group

32,2  %

Muileann sraithadhmaid Syktyvkar

43,8  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

39,9  %

Gach cuideachta eile

58,3  %

(210)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh Sveza Group nach raibh an Coimisiún i dteideal coigeartú a dhéanamh ar an gcorrlach díobhála faoi Airteagal 9(4). Ar dtús, mhaígh sé gur bhain an Coimisiún úsáid as dhá fhoinse sonraí dhifriúla, eadhon an bunachar sonraí Surveillance 2 agus Eurostat, chun a shuí gurbh ann d’ardú substaintiúil ar allmhairí. Bhí sé sin bunaithe ar úsáid a bhaint as foinse amháin chun allmhairí a shuí i rith na tréimhse réamhnochta agus foinse eile in éineacht le modh a líomhnaíodh nach raibh iontaofa chun méid na n-allmhairí le linn na tréimhse imscrúdaithe a bhunú. Dá bhrí sin, ní raibh an toradh maidir le hardú substaintiúil ar allmhairí bunaithe ar scrúdú oibiachtúil ar fhianaise dhearfach. Ina theannta sin, rinne Sveza Group an argóint nach raibh na hallmhairí i rith na tréimhse réamhnochta ag sladghearradh, ná ag gearrdhíol, praghsanna an Aontais agus nach bhféadfadh na hallmhairí sin aon díobháil bhreise a dhéanamh dá bhrí sin.

(211)

Mar a mhínítear in aithris (207) is iad na méideanna allmhairí, ní na praghsanna, a bhí cinniúnach chun a bhreith cibé an ndearnadh aon díobháil bhreise mar gheall ar an ardú ar allmhairí. Go deimhin, ceanglaíonn Airteagal 9(4), an tríú fomhír den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún léiriú a thabhairt ar an díobháil bhreise mar thoradh ar ardú substaintiúil eile ar allmhairí faoi réir an imscrúdaithe, i gcás nár tharla aon chlárú i rith na tréimhse réamhnochta. Ó tharla go raibh an méadú ar allmhairí ón Rúis i rith na tréimhse an-suntasach go hoibiachtúil, de réir na forála seo rinne an Coimisiún coigeartú ar na corrlaigh díobhála dá réir sin toisc go léann téacs an Airteagail mar ‘léireofar’. Maidir leis an úsáid as foinsí difriúla sonraí, mheabhraigh an Coimisiún go raibh an anailís bunaithe ar fhoinse choiteann, arb ionann í agus an fhaisnéis arna bailiú ag riaracháin chustaim, gan beann ar cén bunachar sonraí ina bhfuil an fhaisnéis sin. Mheabhraigh an Coimisiún freisin cé go gcuirtear an fhaisnéis chéanna sa dá bhunachar sonraí, Eurostat agus Surveillance 2, is é Surveillance 2 amháin a sholáthraíonn faisnéis ar leibhéal na sonraí laethúla is gá i gcomhair na hanailíse seo. A mhéid a bhaineann le hiontaofacht sonraí Eurostat agus an modheolaíocht chun méid na n-allmhairí i rith na tréimhse imscrúdaithe a shuí, dheimhnigh an Coimisiún a sheasamh mar a leagtar amach i roinn 4.3. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(212)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (168) go (177) den Rialachán sealadach agus a mhodhnaítear sa tábla thuas.

7.   LEAS AN AONTAIS

7.1.   Leas an tionscail de chuid an Aontais

(213)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin neamh-shampláilte Segezha go mbeadh forchur na mbeart chun aimhleasa táirgeoirí an Aontais i ngeall ar an riosca díoltais ó Rialtas na Rúise mar aon leis na srianta onnmhairiúcháin a d’fhéadfaí a chur ar amhábhair. Ní raibh aon fhianaise ag an gCoimisiún a dhírigh ar aon rún díoltais ó Rialtas na Rúise arna spreagadh ag an imeacht sin, agus maíodh dá bhrí sin nach raibh aon bhunús leis an maíomh.

(214)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh Sveza Group nach dóigh go mbeadh aon bhuntáiste coincréiteach ag baint le bearta frithdhumpála do thionscal an Aontais, ó tharla sé, i ngeall ar an easpa acmhainneachta táirgthe san Aontas chun freastal ar éileamh an Aontais, go leanfaí de na hallmhairí ón Rúis mar a breathnaíodh tar éis na bearta a fhorchur. Mheabhraigh an Coimisiún nach é cuspóir na mbeart bac a chur ar na hallmhairí ón Rúis ach cothrom iomaíochta a bhunú lena mbeifear in ann leanúint d’fhoinsiú sraithadhmaid beithe ón Rúis, ach é sin a dhéanamh ar phraghsanna cothroma.

(215)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí féin mar a leagtar amach in aithrisí (179) go (182) den Rialachán sealadach.

7.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara

(216)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh roinnt allmhaireoirí go méadófaí na costais ábhartha dóibh féin agus dá gcuid custaiméirí dá ndéanfaí dleachtanna frithdhumpála a fhorchur. Ba dheacair na costais bhreise sin a chumhdach agus dá bhrí sin bheadh a mbrabúsacht agus a n-iomaíochas i mbaol. Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh an Comhaontas Sraithadhmaid Beithe go mbeadh tionchar diúltach ag na bearta ar allmhaireoirí agus ar úsáideoirí.

(217)

Maidir leis na hiarmhairtí eacnamaíocha ar allmhaireoirí, mar a thugtar tuairisc air in aithris (185) den Rialachán sealadach, suíodh leis an imscrúdú go raibh gnó brabúsach ag na hallmhaireoirí sampláilte, le meánbhrabús ualaithe de 4.7 %, agus go bhfuil sciartha éagsúla de shraithadhmad beithe ina gcuid punann táirgí.

(218)

Bhí na barúlacha maidir le leas na n-allmhaireoirí tar éis nochtadh sealadach a bhain le heaspa cumais thionscal an Aontais mar an gcéanna leis na barúlacha ó úsáideoirí agus tugtar aghaidh orthu i roinn 7.3 thíos.

(219)

In éagmais aon bharúlacha eile maidir le leas allmhaireoirí neamhghaolmhara, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (189) go (190) den Rialachán sealadach.

7.3.   Leas úsáideoirí

(220)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh roinnt páirtithe go mbagródh dleachtanna frithdhumpála ar bhrabúsacht agus iomaíochas úsáideoirí. Maíodh freisin go raibh an measúnú ar leas úsáideoirí sa Rialachán sealadach bunaithe ar staidéar a choimisiúnaigh an gearánach agus go ndearna an Coimisiún neamhaird de na sonraí a chuir allmhaireoirí agus úsáideoirí isteach ina gcuid ceistneoirí.

(221)

Maidir leis an úsáid sonraí a cuireadh isteach le haghaidh páirtithe leasmhara, mheabhraigh an Coimisiún go ndearnadh an measúnú maidir le leas an Aontais, lena n-áirítear leas úsáideoirí, bunaithe ar fhaisnéis a bhí ar fáil, lena n-áirítear ceistneoirí allmhaireoirí agus úsáideoirí chomh maith le faisnéis arna soláthar ag páirtithe leasmhara. Maidir leis an tionchar ar úsáideoirí, mar a luadh in aithris (194) den Rialachán sealadach, is dócha go mbeidh tionchar eile ag bearta a fhorchur ar úsáideoirí, ag brath ar sciar na gcostas sraithadhmaid beithe sna costais iomlána don earnáil sin agus ar an gcumas costais a ghearradh ar thomhaltóirí iartheachtacha. Ar bhonn na mínithe atá mionsonraithe in aithrisí (194) agus (195) den Rialachán sealadach, shuigh an Coimisiún gur mó an tionchar dearfach a bheadh ag na bearta ar tháirgeoirí an Aontais ná aon tionchar diúltach a bheadh ag na bearta ar úsáideoirí.

(222)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh roinnt páirtithe gur dhiúltaigh táirgeoirí an Aontais soláthar a dhéanamh do chustaiméirí áirithe nó do tháirgí áirithe.

(223)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh an Comhaontas Sraithadhmaid Beithe agus Sveza Group nach rud imthoisceach ná sealadach ach gur rud struchtúrach é an easpa soláthair leordhóthanaigh ó tháirgeoirí an Aontais agus go ndiúltaíonn táirgeoirí an Aontais soláthar do chustaiméirí nó táirgí áirithe.

(224)

Mheabhraigh an Coimisiún nach bhfuil aon oibleagáid ar thionscal an Aontais éileamh an Aontais a chomhlíonadh go hiomlán. Go deimhin, mar a thaispeántar i dtábla 1 agus i dtábla 4 den Rialachán sealadach, níl an acmhainn ag tionscal an Aontais soláthar a dhéanamh do thomhaltas iomlán an Aontais. Dá dheasca sin, níl aon amhras ach go bhfuil roinnt custaiméirí, nach ndéanfaí iad a sholáthar go díreach ó thionscal an Aontais. Mar sin féin, mar a leagtar amach in aithris (186) den bhun-Rialachán, níl sé i gceist go gcuirfí stop ar fad le hallmhairí ón Rúis de thoradh na mbeart, ach ina ionad sin ligean d’fhoinsiú leanúnach an tsraithadhmaid beithe ón Rúis ar phraghsanna cothroma, mar a bhí amhlaidh freisin tar éis na dleachtanna sealadacha a fhorchur.

(225)

Chomh maith leis sin, mar a luaitear in aithris (187) den bhun-Rialachán, d’fhorbair tionscal an Aontais líonra fairsing miondíoltóirí, rud a chuireann ar chumas thionscal an Aontais teacht ar chustaiméirí beaga nach bhfuil sé d’acmhainn acu féin coimeádáin iomlána a cheannach. Ina theannta sin, mar a luaitear thuas, féadfaidh aon tomhaltóir leanúint air ag foinsiú táirgí ó tháirgeoirí ón Rúis chomh maith le foinsiú ó thríú tíortha eile, an Úcráin agus an Bhealarúis, mar shampla.

(226)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh Blomberger Holzindustrie GmbH, úsáideoir sraithadhmaid beithe, go ndéanfaí difear ar bhealach diúltach dá ghnó toisc go bhfeidhmíonn siad le conarthaí fadtéarmacha nach féidir a mhodhnú ar fhógra gearr. Ar dháta an tionscnaimh, áfach, tugadh fógra do gach páirtí leasmhar a bhí ar eolas faoi thús an imeachta. Sholáthair an Fógra Tionscnaimh, a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sceideal mionsonraithe den imscrúdú. Bhí leagan oscailte den ghearán, ina raibh faisnéis ar na leibhéil dumpála líomhnaithe, ar fáil freisin ó thús an imeachta. Mar an gcéanna, fuair gach páirtí leasmhar doiciméad réamhnochta leis an leibhéal dualgas a raibh coinne leis, 4 seachtaine sular cuireadh i bhfeidhm é. Dá dheasca sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cuireadh faisnéis leordhóthanach ar fáil in am trátha do pháirtithe leasmhara maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh eascairt ón imscrúdú.

(227)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh roinnt úsáideoirí agus páirtithe leasmhara eile go mbeadh tionchar ábhartha ag na bearta ar staid airgeadais na n-úsáideoirí. Maíodh gur cuireadh leis an bhfadhb go háirithe de bharr éabhlóid an mhargaidh tar éis na tréimhse imscrúdaithe, eadhon méadú suntasach ar phraghsanna, chomh maith le praghsanna iompair, rud a chuir iallach ar úsáideoirí praghas i bhfad níos airde a íoc ar an táirge lena mbaineann i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdaithe. D’áitigh na páirtithe leasmhara nach bhfuil úsáideoirí in ann leanúint ar aghaidh ag cur an méadú praghsanna a eascraíonn ó na dleachtanna i staid mhargaidh tar éis na tréimhse imscrúdaithe ar aghaidh chuig na custaiméirí deiridh, agus dá bhrí sin d’fhág forbairtí a tharla tar éis na tréimhse imscrúdaithe go raibh an anailís ar an tionchar ar úsáideoirí agus ar allmhaireoirí ag an gcéim shealadach neamhbhailí. Sa chomhthéacs sin d’iarr roinnt páirtithe ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar shonraí a bhí ar fáil tar éis na tréimhse imscrúdaithe d’fhonn measúnú níos fearr a dhéanamh ar leas an Aontais.

(228)

Luaigh an Coimisiún gur chumhdaigh an t-imscrúdú ar dhumpáil agus díobháil an tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020. Chumhdaigh an scrúdú ar threochtaí a bhí ábhartha don mheasúnú díobhála an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdaithe. Dá bhrí sin, tá torthaí an imscrúdaithe sin bunaithe ar an bhfaisnéis maidir leis an tréimhse a luadh roimhe seo. Chuige sin, bhreithnigh an Coimisiún go raibh coinne leis gur rud sealadach a bheadh sna praghsanna a líomhnaíodh a bheith ard tar éis na tréimhse imscrúdaithe, rud neamhghnách ann féin, i ngeall ar an téarnamh eacnamaíoch domhanda tar éis COVID agus i ngeall ar an méadú ar éileamh. Deimhníodh é sin le réamhaisnéis de chuid an Bhainc Dhomhanda (23). Dá réir sin, níor chuir an fhaisnéis atá ar fáil don Choimisiún maidir le forbairtí tar éis na tréimhse imscrúdaithe aon athrú ar na conclúidí mar a leagtar amach thuas agus sa Rialachán sealadach.

(229)

Cé gur dealraíodh gur glacadh leis go ginearálta go gcobhsóidh praghsanna ag pointe áirithe ama, ba dheacair don Choimisiún na leibhéil ag a dtarlóidh sé sin a chinneadh agus cá fhad a mhairfeadh cás ina bhfuil éileamh mór agus praghsanna arda. In aon chás, d’iarr an Coimisiún, go heisceachtúil, sonraí tar éis na tréimhse imscrúdaithe go háirithe an méid táirgeachta, méid díolachán, praghsanna díolachán agus brabúsacht tháirgeoirí an Aontais, agus bhailigh sé tuairimí páirtithe leasmhara, d’fhonn measúnú breise a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag forbairt an mhargaidh le déanaí ar leas an Aontais in am trátha.

7.4.   Leas na soláthróirí

(230)

In éagmais aon bharúlacha i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (197) go (200) den Rialachán sealadach.

7.5.   Páirtithe leasmhara eile: táirgeoirí eile sraithadhmaid, leas an chomhshaoil

(231)

Tar éis nochtadh sealadach, maíodh gur leag an Coimisiún tábhacht ar argóintí nach raibh aon bhunús leo a rinne comhlachais sraithadhmaid de chineálacha eile adhmaid. D’áitigh sé mar an gcéanna nach bhfuil aon loighic leis an argóint faoin gcineál beithe ar ‘phraghsanna arda’ a ‘tharraingeodh éileamh arbh ann dó le haghaidh cineál eile adhmad go traidisiúnta’. Thug an Coimisiún ar aird gur tugadh le fios leis an argóint in aithris (201) den Rialachán sealadach gur spreagadh athruithe áirithe ar an éileamh ar chineálacha eile sraithadhmaid de bharr an laghdú ar phraghsanna sraithadhmaid beithe i gcoibhneas le praghsanna sraithadhmaid beithe ó chineálacha eile adhmaid. Thairis sin, sa Rialachán sealadach bhreithnigh an Coimisiún na hargóintí a chuir na comhlachais sraithadhmad de chineálacha eile adhmaid faoina bhráid, ach nár leag tábhacht speisialta orthu sin, toisc, in aon chás, nach gcuirfeadh na hargóintí sin aon athrú ar an gconclúid go mbeadh éifeacht dhearfach ag na bearta ar tháirgeoirí an Aontais.

(232)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh an táirgeoir onnmhairiúcháin Segezha go mbeadh forchur na mbeart contrártha don Chomhaontú Glas don Eoraip toisc go dtiocfadh méadú ar sceitheadh carbóin de bharr na mbeart. Bhí an maíomh sin, áfach, cumhdaithe cheana féin ag aithris (202) den Rialachán Sealadach. In éagmais aon fhaisnéis bhreise eile a thug bunús don argóint sin, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúid den Rialachán sealadach.

(233)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh Sveza Group nach raibh an chothromaíocht leasanna a cheanglaítear faoin measúnú ar leas an Aontais ag dul i bhfabhar táirgeoirí an Aontais. De réir Sveza, níltear ag súil go mbainfidh táirgeoirí an Aontais tairbhe as forchur beart, bíodh sé bainteach le méid nó lé praghsanna. Níl siad in ann ach an oiread soláthar a dhéanamh do fhormhór úsáideoirí, i gcomhthéacs a ghéaraítear a thuilleadh de bharr easnamh agus praghsanna ag ardú. I gcodarsnacht leis sin, cheanglófaí ar úsáideoirí ualach an chostais bhreise a iompar sa chomhthéacs céanna, toisc nach mbeadh de rogha acu ach leanúint ag foinsiú ón Rúis, ar phraghsanna, a líomhnaítear nach bhfuil ag sladghearradh nó ag ganndhíol táirgeoirí an Aontais.

(234)

Mheabhraigh an Coimisiún maidir le tástáil leasa an Aontais faoi Airteagal 21 den bhun-Rialachán, go dtabharfar breithniú speisialta don ghá atá ann deireadh a chur leis na héifeachtaí saofa trádála atá ag an dumpáil dhíobhálach agus iomaíocht éifeachtach a chur ar ais, agus nach bhféadfar bearta, arna gcinneadh ar bhonn na dumpála agus na díobhála a rinneadh, a chur i bhfeidhm i gcás inar féidir leis an gCoimisiún, ar bhonn na faisnéise ar fad a tíolacadh, teacht ar an gconclúid go follasach nach chun leasa an Aontais atá sé na bearta sin a chur i bhfeidhm.

(235)

Leanann sé á rá mura bhfuiltear chun bearta a chur i bhfeidhm, nach mór seasamh go follasach in aghaidh fhorchur na mbeart ach a mbeidh leas éagsúil á chothromú. Ní leor é, in ainneoin a raibh á mholadh ag Sveza Group, nach ngabhtar ‘i bhfabhar’ fhorchur na mbeart sa tástáil cothromaíochta. In aon chás, mar a mhínítear sna haithrisí roimhe, rinne an Coimisiún anailís mhionsonraithe ar na leasanna éagsúla agus ar an tionchar a bheadh ag forchur na mbeart agus fuair, tríd is tríd, gur léir nach mbeadh forchur na mbeart in aghaidh leas an Aontais. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an maíomh.

7.6.   An chonclúid ar leas an Aontais

(236)

I bhfianaise an méid thuas agus mar a thugtar tuairisc air in aithris (202), breithnítear gur de chineál sealadach an staid tar éis na tréimhse imscrúdaithe. In aon chás taispeánadh san anailís ar na sonraí tar éis na tréimhse imscrúdaithe nach ndearnadh staid thionscal an Aontais, ar thángthas ar chonclúid maidir leis i roinn 4.5, a aisiompú go suntasach. Taispeánadh ann freisin gur leanadh d’allmhairí ón Rúis chuig margadh an Aontais tar éis na bearta sealadacha a fhorchur, mar fhreagra ar éileamh ón Aontas. Dá bhrí sin, bhreithnigh an Coimisiún nach mbeadh forchur beart cinntitheach go follasach in aghaidh leas an Aontais faoi Airteagal 21. Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithris (204) den Rialachán sealadach.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

(237)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh roinnt páirtithe, i gcás ina ndéanfaí bearta a fhorchur, gur cheart iad a shocrú i bhfoirm íosphraghais allmhairiúcháin toisc go gcothromódh sé leas na bpáirtithe difriúla, go gcuirfeadh sé cosc ar ghanntanas den táirge lena mbaineann, agus go dtabharfadh sé cosaint don iomaíocht sa mhargadh. Mar an gcéanna maíodh gur cheart go gcuirfí san áireamh leis an íosphraghas allmhairiúcháin an difríocht praghsanna idir sraithadhmad ar mhúnla cearnóige agus dronuilleoige.

(238)

Bhreithnigh an Coimisiún toisc gur táirgeadh agus gur díoladh an táirge lena mbaineann in éagsúlacht leathan cineálacha táirgí, nach raibh forchur beart i bhfoirm íosphraghais allmhairiúcháin praiticiúil agus nach dtabharfadh sé léiriú cruinn ach an oiread ar an leibhéal dumpála.

8.1.   Bearta cinntitheacha

(239)

I bhfianaise na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht agus le leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála don tionscal de chuid an Aontais le hallmhairí dumpáilte den táirge lena mbaineann.

(240)

Ar bhonn lena bhfuil thuas, leagtar amach na rátaí a ndéanfar na dleachtanna a fhorchur mar a leanas:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Zheshartsky LÜK LLC

15,80  %

An Sveza Group

14,40  %

Muileann sraithadhmaid Syktyvkar

15,72  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

14,85  %

Gach cuideachta eile

15,80  %

(241)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann ar thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis a bhaineann leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(242)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (24). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta a bhfuil feidhm leis maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(243)

Chun na rioscaí teacht timpeall a íoslaghdú de bharr na difríochta ard i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór don sonrasc a bheith i gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

(244)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile atá leagtha amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith le dleacht frithdhumpála ‘gach cuideachta eile’ ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

8.2.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(245)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a aimsíodh agus i bhfianaise leibhéal na díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú leis an dleacht frithdhumpála shealadach arna forchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach.

(246)

Ós rud é go bhfuil na rátaí dleachta cinntitheacha níos ísle ná na rátaí dleachta sealadacha, ba cheart na méideanna a urraítear de bhreis ar na rátaí dleachta cinntitheacha frithdhumpála a scaoileadh.

9.   TAIRISCINTÍ GEALLTANAIS

(247)

Tar éis nochtadh deiridh, laistigh den sprioc-am atá sonraithe in Airteagal 8(2) den bhun-Rialachán, chuir dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis tairiscintí isteach ar ghealltanas i dtaca le praghsanna: SPM agus UPG.

(248)

De réir Airteagal 8 den bhun-Rialachán, ní mór do na tairiscintí ar ghealltanas i dtaca le praghsanna a bheith leordhóthanach chun éifeacht dhíobhálach na dumpála a dhíothú agus níor cheart go mbreithneofaí nach rud praiticiúil é glacadh leo. Rinne an Coimisiún measúnú ar na tairiscintí i bhfianaise na gcritéar sin agus bhreithnigh nach mbeadh sé praiticiúil glacadh leo ar na cúiseanna seo a leanas.

(249)

Táirgeann agus díolann an dá chuideachta na céadta cineál táirge agus difríochtaí suntasacha i bpraghsanna. Níor bheartaigh ceann de na cuideachtaí ach íosphraghas allmhairiúcháin amháin, lena n-ardaítear rioscaí traschúitimh tromchúiseacha laistigh de chineálacha difriúla táirgí. Thairg an táirgeoir onnmhairiúcháin eile íosphraghas onnmhairiúcháin a bheadh i gcás móramh na gcineálacha táirgí faoi bhun an phraghais neamhdhíobhála agus faoi bhun na leibhéal a thabharfadh léiriú ceart ar an gcorrlach dumpála. Dá bhrí sin, ní mba leor leibhéal an íosphraghais allmhairiúcháin chun éifeacht dhíobhálach na dumpála a bhaint.

(250)

Bheartaigh táirgeoir amháin an t-íosphraghas allmhairiúcháin a innéacsú bunaithe ar éabhlóid na bpraghsanna ar cheapaí beithe agus níor moladh aon innéacsú sa dara ceann. Mar sin féin, cé go mbeadh innéacsú riachtanach ag glacadh leis an luaineacht praghsanna a bhunaítear ar an margadh, fuair an Coimisiún nár léirigh an t-innéacs atá beartaithe éabhlóid na bpraghsanna díolacháin. Dá bhrí sin, breithníodh go raibh an t-innéacs a bhí beartaithe míchruinn.

(251)

Ní féidir cineálacha agus samhlacha sraithadhmaid beithe a idirdhealú go héasca óna chéile trí iniúchadh fisiceach. Go háirithe, bheadh sé an-deacair measúnú a dhéanamh ar an gcineál cumhdaigh trí iniúchadh fisiceach amháin. Murach anailís mhionsonraithe saotharlainne ní bheadh na húdaráis chustaim in ann a chinneadh cibé a chomhfhreagraíonn an táirge allmhairithe don méid atá á dhearbhú.

(252)

Sheol an Coimisiún litreacha chuig na hiarratasóirí, ag leagan amach na gcúiseanna gur diúltaíodh do na tairiscintí gealltanais.

(253)

Chuir UPG barúlacha isteach maidir leo, ach níor sholáthair sé aon argóint a rinne difear do na cúiseanna chun na tairiscintí a dhiúltú. Cuireadh na barúlacha ar fáil do pháirtithe leasmhara ar an gcáschomhad.

(254)

Bhreithnigh an Coimisiún nárbh fhéidir na tairiscintí gealltanais a fhorghníomhú agus dá bhrí sin nach raibh siad praiticiúil de réir bhrí Airteagal 8 den bhun-Rialachán, ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (247) go (251), agus dá bhrí sin dhiúltaigh sé do na tairiscintí.

10.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(255)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart an t-ús atá le híoc a bheith sa ráta sin arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(256)

Tá leasú in Airteagal 3 den Rialachán seo i ndáil le hainmneacha an seachtar táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Sveza Group, agus ainm táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibríoch neamhshampláilte, tar éis athrú ainm a cuireadh in iúl don Choimisiún an 28 Iúil 2021 agus nach ndearna difear ar aon bhealach do na torthaí a rinneadh san imscrúdú seo. Beidh feidhm ag an mbailiúchán dleachtanna sealadacha maidir le hainmneacha na cuideachta arna leasú le hAirteagal 3 den Rialachán seo.

(257)

Níor thug an Coiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán tuairim uaidh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí sraithadhmaid arb é atá iontu leatháin adhmaid, nach bhfuil níos mó ná 6 mm ar tiús i ngach sraith díobh, a bhfuil sraitheanna seachtracha adhmaid iontu atá sonraithe faoi fho-cheannteideal 4412 33, ag a bhfuil sraith sheachtrach adhmaid beithe amháin ar a laghad, bídís brataithe nó ná bíodh, de thionscnamh na Rúise, a thagann faoi scáth chód AC ex 4412 33 00 (cód TARIC 4412330010).

2.   Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Cód breise TARIC

Zheshartsky LÜK LLC

15,80  %

C661

An SVEZA Group ina bhfuil seacht dtáirgeoir onnmhairiúcháin: “SVEZA Tyumen” Limited Liability Company; “SVEZA Ust-Izhora” Joint Stock Company; Cuideachta Comhstoic “SVEZA Verhnaya Sinyachiha” Joint Stock Company; “SVEZA Kostroma” Joint Stock Company; “SVEZA Manturovo” Joint Stock Company; “SVEZA Novator” Joint Stock Company; “SVEZA Uralskiy” Joint Stock Company

14,40  %

C659

Syktyvkar Plywood Mill Ltd.

15,72  %

C660

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear san Iarscríbhinn

14,85  %

 

Gach cuideachta eile

15,80  %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) méid (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis sa sonrasc seo iomlán agus ceart’. Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Déanfar na méideanna a fhaightear ón dleacht frithdhumpála shealadach faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/940 a bhailiú go cinntitheach. Scaoilfear na méideanna a urrófar de bhreis ar rátaí cinntitheacha an dleachta frithdhumpála.

Airteagal 3

D’fhéadfadh sé go ndéanfaí Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ón Rúis a chur leis agus iad a chur faoi réir na meándleachta frithdhumpála ualaithe iomchuí le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár cuireadh san áireamh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ní dhearna sé na hearraí ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdaithe (an 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020);

(b)

ní baineann sé le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus

(c)

tá an táirge lena mbaineann onnmhairithe aige go hiarbhír nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdaithe.

Airteagal 4

1.   Leasaítear Airteagal 1.2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/940 ón gCoimisiún mar a leanas:

‘An SVEZA Group ina bhfuil seacht dtáirgeoir onnmhairiúcháin: JSC «SVEZA Manturovo»; JSC «SVEZA Novator»; Tyumen Plywood Plant Limited; JSC «SVEZA Ust-Izhora»; JSC «SVEZA Uralskiy»; JSC «SVEZA Kostroma»; JSC «SVEZA Verhnaya Sinyachiha» ’

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:

‘An Sveza Group ina bhfuil seacht dtáirgeoir onnmhairiúcháin: “SVEZA Tyumen” ; “SVEZA Ust-Izhora” Joint Stock Company; “SVEZA Verhnaya Sinyachiha” Joint Stock Company; “SVEZA Kostroma” Joint Stock Company; “SVEZA Manturovo” Joint Stock Company; “SVEZA Novator” Joint Stock Company; “SVEZA Uralskiy” ’ Joint Stock Company.

2.   Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/940 ón gCoimisiún mar a leanas:

‘Murashi Plywood Factory’

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:

‘LLC Murashinskiy plywood plant’.

3.   Beidh an tAirteagal seo infheidhme chun críocha Airteagal 2 amhail ón 11 Meitheamh 2021.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   IO C 428, 11.12.2020, lch. 27.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/940 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí sraithadhmaid beithe de thionscnamh na Rúise (IO L 205, 11.6.2021, lch. 47).

(4)  Féach uimhir chartlainne t21.004885.

(5)  Baineann na haighneachtaí seo le freagra ceistneora Zhesharsky agus an freagra ar an litir easnaimh ón 18 Eanáir 2021. Is féidir tagairt a dhéanamh don tuarascáil cros-seiceála cianda freisin.

(6)  Féach uimhir chartlainne t21.004918.

(7)  Ráta malairte EUR/RUB: 7/2019 = 70,907; 8/2019 = 73,216; 9/2019 = 71,411; 10/2019 = 71,086; 11/2019 = 70,577; 12/2019 = 69,987; 1/2020 = 68,769; 2/2020 = 69,911; 3/2020 = 82,426; 4/2020 = 81,745; 5/2020 = 79,233; 6/2020 = 78,038.

(8)  Meán ualaithe an ráta malairte don tréimhse, Iúil 2019–Feabhra 2020 = 70.73.

(9)  Maidir leis an modheolaíocht a úsáideadh chun an gnáthluach le haghaidh cineál uimhir táirge ar leith a bhunú, ní úsáideann an Coimisiún an tacar sonraí EUCOP ach amháin in éagmais díolachán ar an margadh intíre agus dá bhrí sin sonraí DMCOP le haghaidh an chineáil uimhreach táirge seo. Cuirtear ar fáil i dtacair sonraí EUCOP agus DMCOP na costais mhonaraíochta do gach cineál uimhreach táirge a dhíoltar don Aontas agus do na margaí intíre faoi seach.

(10)  Breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2016, PT Musim Mas v An Chomhairle, C-468/15 P, EU:C:2016:803, míreanna 43 agus 55-59.

(11)  Féach freisin Breithiúnas an 14 Iúil 2021, Interpipe Niko Tube LLC, v An Coimisiún T-716/19. ECLI:EU:T:2021:457, míreanna 162-163.

(12)  Breithiúnas an 14 Iúil 2021, Interpipe Niko Tube LLC v An Coimisiún, T-716/19. ECLI:EU:T:2021:457, mír 163.

(13)  Breithiúnas an 13 Deireadh Fómhair 1993, Matsushita v An Chomhairle, C-104/90, EU:C:1993:837, mír 14. Féach freisin, Breithiúnas an 10 Márta 2009, Interpipe Niko Tube agus Interpipe NTRP v An Chomhairle, T-249/06, EU:T:2009:62, mír 185.

(14)  Féach, de réir analaí, Cás T-26/12 PT Perindustrian dan Perdagangan Musim Semi Mas (PT Musim Mas) v An Chomhairle, Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 25 Meitheamh 2015, mír 60.

(15)  Cás T-26/12 PT Perindustrian dan Perdagangan Musim Semi Mas (PT Musim Mas) v An Chomhairle, Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 25 Meitheamh 2015, mír 62.

(16)  Cásanna Uamtha C-191/09 P agus C-200/09 P, An Chomhairle agus an Coimisiún v Interpipe Niko Tube agus Interpipe NTRP, Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 16 Feabhra 2012, míreanna 50-69.

(17)  Luaite i bhfonótaí 15 agus 16 thuas.

(18)  Foinse sonraí Eurostat, arna gcoigeartú tríd an modheolaíocht a mhínítear i roinn 4.3.1 a chur i bhfeidhm.

(19)  Cód TARIC: 4412330010

(20)  Cód AC: 4412 33 00

(21)  Tháinig athrú beag ar an gcóimheas go dtí 79 % ó foilsíodh an Rialachán sealadach toisc go raibh sonraí staidrimh níos déanaí maidir le hallmhairí ar fáil ag cumhdach tréimhse ama níos leithne. Bhain an Coimisiún úsáid as sonraí míosa iomlán TARIC ó thionscnamh an imscrúdaithe go dtí gur foilsíodh an réamhnochtadh (Mí na Samhna 2020 go dtí mí Aibreáin 2021).

(22)  An cóimheas (TARIC/AC) tar éis tionscnaimh idir méideanna allmhairiúcháin an chóid AC iomláin agus na n-allmhairí don táirge lena mbaineann, is ar shonraí TARIC atá siad bunaithe, iad socraithe le haghaidh ‘tríú tíortha eile’ ag 8 %.

(23)  Meastachán an Bhainc Dhomhanda le haghaidh cobhsú praghsanna réamhaisnéise le haghaidh mórtháirgí tráchtearraí i rith 2021.

An Banc Domhanda, “Commodity Prices to Stabilize after Early 2021 Gains, Supported by Global Economic Recovery”,https://www.worldbank.org/en/news/press-release/2021/04/20/commodity-prices-to-stabilize-after-early-2021

(24)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Wetstraat 170 Rue de la Loi, 1040 an Bhruiséil, an Bheilg.

(25)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte

Ainm

Cód breise TARIC

Arkhangelsk Plywood Plant JSC

C662

CJSC Murom

C663

LLC InvestForest

C664

Joint Stock Company Bryansk Plywood Mill

C665

Joint-Stock Company Krasnyi Yakor

C666

Limited Liability Company Fanernyiy Zavod

C667

Limited Liability Company UPM-Kymmene Chudovo

C668

LLC Murashinskiy plywood plant

C669

Parfino Plywood Factori

C670

ZAO Plyterra

C671

Plywood Plant Vlast Truda JSC

C672

Limited Liability Company Vyatsky Plywood Mill

C673