ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 393

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
8 Samhain 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1924 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2021 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 a mhéid a bhaineann le hasbhaintí ó chuótaí iascaireachta arna leithdháileadh ar an Spáinn le haghaidh 2023

1

 

*

Rialachán (AE) 2021/1925 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a mhéid a bhaineann le táirgí feithidí áirithe a chur ar an margadh agus le modh coimeádta a oiriúnú ( 1 )

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1926 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2021 lena bhformheastar seiceálacha ar chomhréireacht le caighdeáin mhargaíochta a chuir an Ríocht Aontaithe i gcrích maidir le torthaí agus glasraí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte

9

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1927 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 66/402/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais i ndáil le síolta cruithneachta hibridí a tháirgtear trí bhíthin steirilíocht fhireann chíteaplasmach ( 1 )

13

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

8.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 393/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1924 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Samhain 2021

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 a mhéid a bhaineann le hasbhaintí ó chuótaí iascaireachta arna leithdháileadh ar an Spáinn le haghaidh 2023

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 105(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In 2013, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 (2) lena bhforáiltear maidir le hasbhaintí ón gcuóta ronnach arna leithdháileadh ar an Spáinn in 2013 agus sna blianta ina dhiaidh sin i roinn 8c ICES, i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais in 34.1.1 CECAF agus ón gcuóta ainseabhaithe i bhfolimistéar 8 ICES de dheasca ró-iascaireacht ar an gcuóta ronnach in 2009.

(2)

Leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1244 (3) ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le hasbhaintí ó chuótaí iascaireachta arna leithdháileadh ar an Spáinn in 2020 agus 2023. D’iarr an Spáinn cead na 3 341 tona nach ndearnadh a iascach in 2019 a úsáid i gcomhair asbhaintí le haghaidh 2019 agus na hasbhaintí dá bhforáiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 le haghaidh na mblianta 2020 agus 2023 a laghdú. Ba cheart don asbhaint ón gcuóta ábhartha ronnach le haghaidh na bliana 2019 a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1244 a bheith méadaithe leis na 3 341 tona sin nach ndearnadh a iascach. Ós rud é gur fágadh ar lár trí thimpiste an méid breise sin, ba cheart na cainníochtaí i gcomhair asbhaintí le haghaidh 2019 a cheartú. Ní dhearna an Spáinn 114 thona den chuóta ábhartha ronnach a iascach in 2020, rud a fhágann gur lú an brú iascaireachta ar an stoc sin i gcomparáid leis an uasmhéid a ceadaíodh de réir na ndeiseanna iascaireachta arna leithdháileadh le haghaidh na bliana sin. D’iarr an Spáinn cead na cainníochtaí sin nach ndearnadh a iascach a úsáid i gcomhair asbhaintí le haghaidh 2020 agus na hasbhaintí dá bhforáiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 le haghaidh na bliana 2023 a laghdú dá réir. Ba cheart na cainníochtaí i gcomhair asbhaintí le haghaidh 2020 agus 2023 atá bunaithe i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 a oiriúnú.

(3)

Leis na méideanna a bhainfear as na cuótaí ronnach le haghaidh 2023 i ndiaidh na n-athruithe, d’áiritheofaí fós nach sárófaí na deiseanna iascaireachta i gcás na speiceas sin, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 a cheartú agus a leasú dá réir.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Iascach agus Dobharshaothrú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 3ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 ón gCoimisiún an 5 Márta 2013 lena bhforáiltear maidir le hasbhaintí ó chuótaí áirithe iascaireachta arna leithdháileadh ar an Spáinn in 2013 agus sna blianta ina dhiaidh sin de dheasca ró-iascaireacht ar chuóta áirithe ronnach in 2009 (IO L 62, 6.3.2013, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1244 ón gCoimisiún an 1 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 maidir le hasbhaintí ó chuótaí iascaireachta arna leithdháileadh ar an Spáinn le haghaidh 2020 agus 2023 (IO L 286, 2.9.2020, lch. 9).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN

Stoc

Cuóta tosaigh 2009

Cuóta oiriúnaithe 2009

Gabhálacha bunaithe 2009

An difríocht idir an cuóta agus na gabhálacha (ró-iascaireacht)

Asbhaint 2013

Asbhaint 2014

Asbhaint 2015

Asbhaint 2016

Asbhaint 2017

Asbhaint 2018

Asbhaint 2019

Asbhaint 2020

Asbhaint 2021

Asbhaint 2022

Asbhaint 2023

MAC8C 3411

29 529

25 525

90 954

- 65 429

100

100

100

5 544

6 283

4 805

7 762

3 328

5 544

5 544

267

ANE08 (1)

 

 

 

 

 

 

 

3 696

4 539

2 853

3 696

3 696

3 696

3 696

180


(1)  Le haghaidh ainseabhaithe, ba cheart an bhliain a thuiscint mar an séasúr iascaireachta a gcuirtear tús leis an bhliain sin.


8.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 393/4


RIALACHÁN (AE) 2021/1925 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Samhain 2021

lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a mhéid a bhaineann le táirgí feithidí áirithe a chur ar an margadh agus le modh coimeádta a oiriúnú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 agus lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (1), agus go háirithe Airteagal 15(1), an chéad fhomhír, pointí (b), (h), (i) agus (j), Airteagal 21(6), an chéad fhomhír, pointe (d), Airteagal 27, an chéad fhomhír, pointe (c), Airteagal 31(2) agus Airteagal 32(3), an chéad fhomhír, pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 (2) ón gCoimisiún rialacha áirithe maidir le sláinte an phobail agus sláinte ainmhithe i dtaca le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a chur ar an margadh agus a onnmhairiú.

(2)

Mar thoradh ar an mborradh atá tagtha faoin earnáil táirgthe feithidí tá méid suntasach tuar feithidí ann, rud a dhiúscraítear ar bhealaí éagsúla i ngach Ballstát in éagmais rialacha comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais. Ní mór rialacha ar leibhéal an Aontais a leagan síos chun luachshaothrú tuair feithidí mar leasachán a áirithiú.

(3)

Chun críche Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, ba cheart “frass” a shainmhíniú mar mheascán de thuar feithidí ina bhfuil codanna d’fheithidí marbha agus substráit chothaithe. Sa “frass” maireann larbhaí feithidí, a mbaintear úsáid astu chun próitéin ainmhíoch phróiseáilte a tháirgeadh nó lena gcaitheamh ag an duine. Ba cheart sainmhíniú “frass” a chur isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 d’fhonn na ceanglais maidir le cóireáil agus cur ar an margadh a ailíniú leis na ceanglais maidir le haoileach próiseáilte. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a leasú dá réir.

(4)

Níl sé i gcónaí indéanta ó thaobh na heacnamaíochta de, conablaigh aonair d’ainmhithe feirmshaothraithe neamh-athchogantacha a bhailiú go tráthúil, go háirithe a mhéid a bhaineann le conablaigh a bhailiú ó fheirmeacha beaga. Dá bhrí sin, is le Caibidil V d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a fhoráiltear maidir le modhanna coimeádta chun stóráil shábháilte ainmhithe feirmshaothraithe sonracha atá marbh go dtí go mbailítear iad. Ní chumhdaítear ach conablaigh mucach leis an modh coimeádta “hidrealú agus diúscairt ina dhiaidh sin” i láthair na huaire. Is iomchuí an modh coimeádta sin a leathnú chun conablaigh éanlaithe clóis agus giorriach feirmshaothraithe a chumhdach freisin. Ba cheart, dá bhrí sin, Pointe 2, Roinn 2.B de Chaibidil V d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a leasú dá réir sin.

(5)

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (An Comhaontú um Tharraingt Siar), agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, agus ag na gníomhartha ón gCoimisiún a bhunaítear air, maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar.

(6)

Ó tharla gur tháinig deireadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020, ba cheart Pointe 1, Roinn 2.B de Chaibidil V d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a leasú chun tagairt don Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éirinn a chur in ionad na tagartha don Ríocht Aontaithe i liosta na mBallstát atá údaraithe leis an modh coimeádta a chur i bhfeidhm. Thairis sin, ba cheart tagairtí don Ríocht Aontaithe a scriosadh i Roinn 2.A, Caibidil V d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 agus i dTábla 3 de Roinn 11 de Chaibidil II d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin.

(7)

An 8 Deireadh Fómhair 2015, d’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) tuairim eolaíoch maidir le próifíl riosca i ndáil le feithidí a tháirgeadh agus a chaitheamh mar bhia agus mar bheatha (3). I measc speiceas feithidí éagsúla, mheas EFSA an seiriceán mar fhoinse a d’fhéadfaí a úsáid chun próitéin ainmhíoch phróiseáilte a tháirgeadh. Traidisiún seanbhunaithe is ea an síodashaothrú i réigiúin éagsúla den Aontas. Ós rud é nach n-itheann an seiriceán clóis ach duillí maoildeirge amháin (Morus alba agus Morus nigra), níl aon bhaol ann go dtarlóidh truailliú le beatha de bhunadh ainmhíoch, rud nach gceadaítear chun feithidí a bheathú. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith údaraithe le haghaidh próiseáil atá ceaptha chun beatha a mhonarú d’ainmhithe feirmshaothraithe, tar éis an síoda a bhaint. Is iomchuí seiriceáin (Bombyx mori) a chur leis an liosta de speiceas feithidí atá údaraithe le haghaidh próitéin ainmhíoch phróiseáilte a tháirgeadh atá beartaithe chun beatha a mhonarú d’ainmhithe feirmshaothraithe. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a leasú dá réir.

(8)

Is le hIarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a leagtar síos na ceanglais maidir le haoileach a chur ar an margadh. I ndiaidh sainmhíniú “frass” a chur isteach sa réamhrá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ba cheart go n-áiritheofar leis na ceanglais i dtaca le “frass” próiseáilte a chur ar an margadh an trádáil shábháilte de “frass” próiseáilte. Dá bhrí sin, ba cheart “frass” a chumhdach leis na ceanglais a leagtar síos san Iarscríbhinn sin. Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 a leasú dá réir.

(9)

Ba cheart do na Ballstáit a chuireann bearta náisiúnta chun feidhme maidir le próiseáil “frass”, a mbearta náisiúnta a ailíniú leis an modh a leagadh síos in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, arna leasú leis an Rialachán seo. Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le hidirthréimhse 12 mhí.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní I, IX, X, XI agus XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Maidir le hoibreoirí atá formheasta nó cláraithe i mBallstát a chuireann bearta náisiúnta i bhfeidhm i dtaca le próiseáil “frass” , féadfaidh siad leanúint de chur i bhfeidhm na mbeart náisiúnta sin i dtaca le “frass” a chur ar an margadh laistigh den Bhallstát lena mbaineann go dtí an 8 Samhain 2022.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 300, 14.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE a mhéid a bhaineann le samplaí agus ítimí áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).

(3)  Tuairim Eolaíoch i ndáil próifíl riosca a bhaineann le feithidí a tháirgeadh agus a chaitheamh mar bhia agus mar bheatha, an Iris EFSA (2015),13 (10):4257.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I, IX, X XI agus XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 mar a leanas:

1.

in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe (61) seo a leanas isteach:

“61.

ciallaíonn ‘frass meascán de thuar a fhaightear ó fheithidí feirmshaothraithe, an tsubstráit chothaithe, codanna d’fheithidí feirmshaothraithe, uibheacha marbha a bhfuil cion d’fheithidí marbha feirmshaothraithe nach mó ná 5 % de réir toirte agus nach mó ná 3 % de réir meáchain ann.

2.

Leasaítear Iarscríbhinn IX, Caibidil V, Roinn 2 mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe A.1:

‘1.

Na Ballstáit (*1) lena mbaineann

Próiseas an aibithe aeróbaigh agus na stórála maidir le muca a fuair bás ar an bhfeirm agus ábhar mucúil eile áirithe maille lena loscadh nó a chomhloscadh ina dhiaidh sin, féadfar é a úsáid sa Fhrainc, in Éirinn, sa Laitvia, sa Phortaingéil, agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

Tar éis aibiú aeróbach agus stóráil an ábhair, ní mór d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a áirithiú go mbailítear agus go ndiúscraítear na hábhair laistigh de chríoch an Bhallstáit sin.

(*1)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí do na Ballstáit leis an Ríocht Aontaithe i dtaca le Tuaisceart Éireann de.” "

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí B.1 agus B.2:

“1.

Na Ballstáit (*2) lena mbaineann

Próiseas an hidrealaithe le diúscairt ina dhiaidh, féadfar é a úsáid i in Éirinn, sa Spáinn, sa Laitvia, sa Phortaingéil, agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

Tar éis an hidrealaithe, ní mór d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a áirithiú go mbailítear agus go ndiúscraítear na hábhair laistigh den Bhallstát céanna dá dtagraítear thuas.

2.

Ábhair thosaigh

Le haghaidh an phróisis seo, ní féadfar ach na hábhair seo a leanas ó speicis mhucúla, speicis éanlaithe clóis nó speicis giorriach feirmshaothraithe a úsáid:

(a)

Ábhair Chatagóir 2 dá dtagraítear in Airteagal 9, pointí (f)(i), (ii) agus (iii), de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009;

(b)

Ábhair Chatagóir 3 dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (h), den Rialachán sin.

Ní chuirfear an modh seo i bhfeidhm ach amháin maidir le diúscairt ainmhithe de speicis mhucúla, speicis éanlaithe clóis nó speicis giorriach feirmshaothraithe ar de thionscnamh an ghabháltais chéanna iad ar choinníoll nach bhfuil an gabháltas sin faoi réir toirmisc de bharr ráig amhrasta nó dheimhnithe de ghalar in-tarchurtha tromchúiseach ar ainmhithe de speicis mhucúla, speicis éanlaithe clóis nó speicis giorriach feirmshaothraithe, agus nár maraíodh ainmhithe chun críocha rialaithe galar.

(*2)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí do na Ballstáit leis an Ríocht Aontaithe i dtaca le Tuaisceart Éireann de.” "

3.

in Iarscríbhinn X, Caibidil II, Roinn 1.A, pointe 2, cuirtear isteach an pointe (iv) seo a leanas:

“(iv)

Seiriceán (Bombyx mori).”;

4.

Leasaítear Iarscríbhinn XI, Caibidil I, Roinn 2 mar a leanas

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil agus na míre réamhráití:

Roinn 2

Guanó ó ialtóga, frass, aoileach próiseáilte agus táirgí a dhíorthaítear ó aoileach próiseáilte

Maidir le guanó ó ialtóga, aoileach próiseáilte agus táirgí a dhíorthaítear ó aoileach próiseáilte a chur ar an margadh, beidh sé sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (e). Ina theannta sin, i gcás guanó ó ialtóga, éilítear toiliú an Bhallstáit cinn scríbe dá dtagraítear in Airteagal 48(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009:’;

(b)

cuirtear an pointe (f) seo a leanas leis:

‘(f)

Beidh cur ar an margadh frass faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i bpointí (a), (b), (d) agus (e) den Roinn seo.”;

5.

Leasaítear Iarscríbhinn XIV, Caibidil II, Roinn 11, Tábla 3 mar a leanas:

Tábla 3

Onnmhairí fótaigheilitín

Tríú tír thionscnaimh

Monarchana tionscnaimh

Ballstát cinn scríbe

Pointe cigireachta teorann na chéadiontrála san Aontas

Monarchana fótagrafacha formheasta

An tSeapáin

Nitta Gelatin Inc., 2-22 Futamata Cathair Yao, Osaka 581-0024 an tSeapáin

Jellie Co. Ltd. 7-1, Wakabayashi 2-Chome, Wakabayash-ku, Cathair Sendai; Miyagi, 982 an tSeapáin

NIPPI Inc. Gelatine Division 1 Yumizawa-Cho Cathair Fujinomiya Shizuoka 418-0073 an tSeapáin

An Ísiltír

Rotterdam

FujifilmEurope, Oudenstaart 1, 5047 TK Tilburg, An Ísiltír

Nitta Gelatin Inc., 2-22 Futamata Cathair Yao, Osaka 581-0024 an tSeapáin

 

 

 

An tSeicia

Hamburg

FOMA Bohemia, spol. SRO Jana Krušinky 1604 501 04 Hradec Králové, An tSeicia

Na Stáit Aontaithe

Eastman Gelatine Corporation, 227 Washington Street, Peabody, MA, 01960 SAM

Gelita North America, 2445 Port Neal Industrial Road Sergeant Bluff, Iowa, 51054 SAM

 

 

 

An tSeicia

Hamburg

FOMA Bohemia, spol. SRO Jana Krušinky 1604 501 04 Hradec Králové, An tSeicia‘


(*1)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí do na Ballstáit leis an Ríocht Aontaithe i dtaca le Tuaisceart Éireann de.”

(*2)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí do na Ballstáit leis an Ríocht Aontaithe i dtaca le Tuaisceart Éireann de.” ’


8.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 393/9


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1926 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Samhain 2021

lena bhformheastar seiceálacha ar chomhréireacht le caighdeáin mhargaíochta a chuir an Ríocht Aontaithe i gcrích maidir le torthaí agus glasraí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 91(2), pointe (f), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De réir Airteagal 15(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (2), féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag tríú tír, seiceálacha ar chomhréireacht le caighdeáin mhargaíochta a rinne an tríú tír sin a fhormheas roimh allmhairiú isteach san Aontas.

(2)

Tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas an 1 Feabhra 2020, agus i bhfianaise dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhaontú um Tharraingt Siar) an 31 Nollaig 2020, bhí iarraidh curtha ag an Ríocht Aontaithe faoi bhráid an Choimisiúin chun seiceálacha ar chomhréireacht le sainchaighdeáin mhargaíochta a fhormheas, ar seiceálacha iad a rinne an Ríocht Aontaithe roimh allmhairiú isteach san Aontas. Go háirithe, bhí gealltanas tugtha ag an Ríocht Aontaithe go gcomhlíonfadh sí na ceanglais a leagadh síos maidir le margú torthaí agus glasraí tar éis dheireadh na hidirthréimhse agus bhí an t-údarás oifigiúil agus na comhlachtaí cigireachta dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 15(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 curtha in iúl aici.

(3)

Ar an mbonn sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2102 ón gCoimisiún (3) formheasadh seiceálacha ar chomhréireacht le caighdeáin mhargaíochta a chuir an Ríocht Aontaithe i gcrích maidir le torthaí agus glasraí, sonraíodh an t-údarás oifigiúil a ndéantar na seiceálacha sin faoina fhreagracht, chomh maith leis na comhlachtaí cigireachta atá i gceannas ar na seiceálacha cuí sa Bhreatain Mhór agus liostaíodh an Ríocht Aontaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 le fonóta.

(4)

Cé go bhfuil feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus Airteagal 7(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar agus le hAirteagal 5(4) agus Airteagal 13(1) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú sin i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 7(3) den Phrótacal sin i ndáil le haitheantas a thabhairt i mBallstát amháin do rialacháin theicniúla, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, ceaduithe agus údaruithe a d’eisigh nó a rinne údaráis Ballstáit eile, nó a d’eisigh nó a rinne comhlacht a bunaíodh i mBallstát eile, níl le tuiscint as tagairtí do Bhallstáit i bhforálacha i ndlí an Aontais a rinneadh infheidhme leis an bPrótacal sin go bhfuil feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann a mhéid a bhaineann le rialacháin theicniúla, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, formheasanna, agus údaruithe a d’eisigh nó a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe nó a d’eisigh nó a rinne comhlachtaí a bunaíodh sa Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, maidir le seiceálacha ar chomhréireacht leis na caighdeáin mhargaíochta a dhéanann an comhlacht cigireachta le haghaidh Thuaisceart Éireann, ba cheart a mheas gur tríú tír a chuir i gcrích iad, gan dochar don cheathrú fomhír d’Airteagal 7(3) den Phrótacal sin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún an comhlacht cigireachta atá i gceannas ar na seiceálacha cuí le haghaidh Thuaisceart Éireann a shonrú freisin, de réir mar a thug an Ríocht Aontaithe fógra ina leith an 9 Aibreán 2020, agus ba cheart dó iontráil na Ríochta Aontaithe a shoiléiriú in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 a leasú dá réir.

(7)

Ar mhaithe le soiléireacht agus le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2102 a aisghairm.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Seiceálacha ar chomhréireacht a fhormheas

Na seiceálacha ar chomhréireacht le caighdeáin mhargaíochta a chuir an Ríocht Aontaithe i gcrích maidir le torthaí agus glasraí roimh allmhairiú isteach san Aontas, déantar iad a fhormheas.

Airteagal 2

Údaráis oifigiúla agus comhlachtaí cigireachta

1.   Is é Secretary of State for the Department for Environment, Food & Rural Affairs [Státrúnaí na Ranna Comhshaoil, Bia agus Gnóthaí Tuaithe] údarás oifigiúil na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 15(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ar faoina fhreagracht a dhéantar na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo.

2.   The Horticulture Marketing Inspectorate for England and Wales [Cigireacht Margaíochta Gairneoireachta Shasana agus na Breataine Bige], the Scottish Government’s Horticulture and Marketing Unit for Scotland [Aonad Gairneoireachta agus Margaíochta Rialtas na hAlban le haghaidh na hAlban] agus the Department of Agriculture Environment and Rural Affairs for Northern Ireland [Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe Thuaisceart Éireann], is iad sin comhlachtaí cigireachta na Ríochta Aontaithe atá i gceannas ar na seiceálacha cuí, de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 15(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011.

Airteagal 3

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011.

Airteagal 4

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2102.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte (IO L 157, 15.6.2011, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2102 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2020 lena bhformheastar seiceálacha ar chomhréireacht le caighdeáin mhargaíochta a chuir an Ríocht Aontaithe i gcrích maidir le torthaí agus glasraí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte (IO L 425, 16.12.2020. lch. 84).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN IV

Tríú tíortha inar formheasadh na seiceálacha comhréireachta faoi Airteagal 15 agus na táirgí lena mbaineann

Tír

Táirgí

An Eilvéis

Torthaí agus glasraí úra

Maracó

Torthaí agus glasraí úra

An Afraic Theas

Torthaí agus glasraí úra

Iosrael (*1)

Torthaí agus glasraí úra

An India

Torthaí agus glasraí úra

An Nua-Shéalainn

Úlla, piorraí agus torthaí cíobhaí

An tSeineagáil

Torthaí agus glasraí úra

An Chéinia

Torthaí agus glasraí úra

An Tuirc

Torthaí agus glasraí úra

An Ríocht Aontaithe:

An Bhreatain Mhór

Tuaisceart Éireann (*2)

Torthaí agus glasraí úra


(*1)  Tugtar formheas an Choimisiúin do thorthaí agus glasraí de thionscnamh Stát Iosrael faoi Airteagal 15, seachas na críocha faoi riarachán Iosrael ó mhí an Mheithimh 1967, eadhon Arda Golan, Stráice Gaza, Iarúsailéim Thoir agus an chuid eile den Bhruach Thiar.

(*2)  I gcomhréir le hAirteagal 6(3) agus Airteagal 7(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus le hAirteagal 5(4) agus Airteagal 13(1) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú sin i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an Rialacháin seo, baineann tagairtí do Bhallstáit leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Phrótacal sin i ndáil le rialacháin theicniúla, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, ceaduithe agus údaruithe a d’eisigh nó a rinne údaráis Ballstáit eile, nó a d’eisigh nó a rinne comhlacht a bunaíodh i mBallstát eile, níl le tuiscint as tagairtí do Bhallstáit i bhforálacha i ndlí an Aontais a rinneadh infheidhme leis an bPrótacal sin go bhfuil feidhm acu maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann a mhéid a bhaineann le rialacháin theicniúla, measúnuithe, clárúcháin, deimhnithe, formheasanna, agus údaruithe a d’eisigh nó a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe nó a d’eisigh nó a rinne comhlachtaí a bunaíodh sa Ríocht Aontaithe.


TREORACHA

8.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 393/13


TREOIR CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1927 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Samhain 2021

lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 66/402/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais i ndáil le síolta cruithneachta hibridí a tháirgtear trí bhíthin steirilíocht fhireann chíteaplasmach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol gránach a mhargú (1), agus go háirithe Airteagal 21b de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 66/402/CEE bunaítear rialacha maidir le síolta gránach a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas. I gcás síolta cruithneachta hibridí, is iad na teicnící chun síolta hibrideacha a tháirgeadh dá bhforáiltear leis an Treoir sin na teicnící a úsáidtear chun crosphórú díreach agus hibridiú ceimiceach a dhéanamh, agus na teicnící sin amháin.

(2)

Le blianta beaga anuas, áfach, glacadh le steirilíocht fhireann chíteaplasmach (“CMS”) ar fud an domhain mar theicníc phórúcháin chun hibridí de chineálacha síolta gránach a tháirgeadh. Tá rialacha ábhartha maidir le teicníc tháirgthe CMS i bhfeidhm cheana féin maidir le heorna, toisc gur cuireadh táirgeadh síolta hibrideacha le CMS i bhfeidhm roinnt blianta ó shin.

(3)

Tá an eorna agus an chruithneacht féinphailnitheach ó dhúchas agus is i saothrú cumaisc a tháirgtear iad. Agus na cosúlachtaí teicniúla idir táirgeadh síolta hibridí eorna agus cruithneachta mar aon le riachtanais úsáideoirí síolta hibrideacha á gcur san áireamh, is iomchuí coinníollacha le haghaidh síolta cruithneachta hibridí atá comhchosúil leis na coinníollacha a bhaineann le síolta hibridí eorna a leagan amach. Maidir le córas táirgthe cumaisc sonrach na cruithneachta hibridí amhail Triticum aestivum fospeiceas aestivum, Triticum turgidum fospeiceas. durum, Triticum aestivum fospeiceas spelta, a úsáidtear ar an láthair, i gcomhar leis na rioscaí a bhaineann leis an aimsir le linn na tréimhse bláthaithe, is léir ón taithí a fuarthas go n-éilíonn an córas táirgthe sin laghdú ar an gcaighdeán íonachta cineáil go 85 %, i gcás ina gcuirtear CMS i bhfeidhm, rud a fhágann gur féidir síolta a tháirgeadh go cobhsaí faoi dhálaí aimsire neamhfhabhracha. Dá bhrí sin, is iomchuí leibhéal níos ísle íonachta cineáil a cheadú le haghaidh síolta cruithneachta hibridí a tháirgtear le CMS ná an leibhéal is gá le haghaidh hibridí de shíolta eile.

(4)

Is léir ón taithí a fuarthas ar shíolta eile de chuid hibridí a táirgeadh trí bhíthin CMS go bhfuil sé tábhachtach tástáil a dhéanamh, ag tús scéime nua táirgthe, ar na ceanglais theicniúla atá i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais maidir le cineálacha a bheith infheidhme ar bhonn sealadach go dtí an 31 Lúnasa 2029, chun go bhféadfaidh na póraitheoirí táirgeadh na cruithneachta hibridí i gcóras cumaisc a oiriúnú. Tá gá le cur chuige den sórt sin chun aon riosca a bhaineann leis an scéim táirgthe sin a íoslaghdú agus chun cineál nua cineálacha cruithneachta a chur ar fáil d’fheirmeoirí. Ba cheart gur leor an teorainn ama sin chun é a chur ar a gcumas do phóraitheoirí agus d’údaráis deimhniúcháin an t-eolas is gá a fháil chun na ceanglais theicniúla maidir le táirgeadh síolta cruithneachta hibridí a chur i bhfeidhm, agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais sin.

(5)

Ionas go mbeidh an Coimisiún agus na Ballstáit in ann eolas leordhóthanach a fháil faoi chur i bhfeidhm CMS, agus chun go bhféadfar athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha sin, ba cheart don údarás deimhniúcháin atá freagrach tuarascáil a chur chuig an gCoimisiúin agus chuig na Ballstáit eile gach bliain, go dtí an 28 Feabhra 2030, faoi thorthaí na bliana roimhe sin maidir le cainníocht na síolta hibrideacha a táirgeadh agus faoi chéatadán na luchtóg síolta ar diúltaíodh dóibh de bharr paraiméadair cháilíochta neamh-leordhóthanacha.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 66/402/CEE a leasú dá réir sin.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 66/402/CEE

Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 66/402/CEE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Lúnasa 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2029.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO 125, 11.7.1966, lch. 2309.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 66/402/CEE mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5, an chéad abairt:

“Barra chun síol deimhnithe de chuid hibridí de Avena nuda, Avena sativa, Avena strigosa, Oryza sativa agus xTriticosecale féinphailnitheach a tháirgeadh, agus barra chun síol deimhnithe de chuid hibridí de Hordeum vulgare, Triticum aestivum fospeiceas. aestivum, Triticum aestivum fospeiceas. spelta, Triticum turgidum fospeiceas. durum a tháirgeadh trí bhíthin teicníc nach steirilíocht fhireann chíteaplasmach í (‘CMS’);”

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas idir pointe 5a agus pointe 6:

“5b.

Barra chun síol bunúsach agus deimhnithe de chuid hibridí de Triticum aestivum subsp. aestivum, Triticum aestivum fospeiceas. spelta, Triticum turgidum fospeiceas. durum a tháirgeadh trí bhíthin CMS:

(a)

Comhlíonfaidh an barr na caighdeáin seo a leanas a mhéid a bhaineann le fanacht slán ó fhoinsí pailine gar dó a bhféadfadh pailniú coimhthíoch neamh-inmhianaithe a theacht astu:

Barr

Fad íosta

Maidir le comhpháirt bhaineann CMS chun síol bunúsach a tháirgeadh

300 m

Chun síol deimhnithe a tháirgeadh

25 m

(b)

Beidh sainaitheantas cineáil agus íonacht cineáil leordhóthanach ag an mbarr a mhéid a bhaineann le saintréithe na gcomhpháirteanna.

Go háirithe, comhlíonfaidh an barr na caighdeáin seo a leanas:

(i)

An céatadán de réir líon na bplandaí, ar plandaí iad nach bhfuil dílis don chineál, ní sháróidh sé:

i gcás na mbarr a úsáidtear chun síol bunúsach a tháirgeadh, 0,1 % i gcás an chothabhálaí agus na líne athneartóra agus 0,3 % i gcás chomhpháirt bhaineann CMS;

i gcás na mbarr a úsáidtear chun síol deimhnithe a tháirgeadh, 0,3 % i gcás an athneartóra agus 0,6 % i gcás chomhpháirt bhaineann CMS agus 1 % i gcás inar hibrid shimplí í comhpháirt bhaineann CMS.

(ii)

Is é an méid seo a leanas, ar a laghad, a bheidh i leibhéal steirilíochta firinne na comhpháirte baininne:

99,7 % i gcás barra a úsáidtear chun síol bunúsach a tháirgeadh;

99 % i gcás barra a úsáidtear chun síol deimhnithe a tháirgeadh.

(iii)

Déanfar scrúdú ar an gcomhréireacht le ceanglais phointe (i) agus phointe (ii) trí thástáil iar-rialaithe oifigiúil.

(c)

Féadfar síol deimhnithe a tháirgeadh i saothrú measctha de chomhábhar fireann-steiriúil baineann le comhábhar fireann, rud a athbhunaíonn an torthúlacht.

Faoin 28 Feabhra gach bliain, cuirfidh an t-údarás deimhniúcháin atá freagrach tuarascáil chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile faoi thorthaí na bliana roimhe sin maidir le cainníocht na síolta hibrideacha a táirgeadh, comhlíonadh na gceanglas sonrach ag na cigireachtaí allamuigh, céatadán na luchtóg síolta ar diúltaíodh dóibh de bharr paraiméadair cháilíochta neamh-leordhóthanacha, agus aon fhaisnéis eile a bheidh mar údar ag an diúltú sin. Beidh an oibleagáid tuairiscithe sin infheidhme go dtí an 28 Feabhra 2030.”

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II, pointe 1, mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn C:

“C.

Hibridí de Avena nuda, Avena sativa, Avena strigosa, Hordeum vulgare, Oryza sativa, Triticum aestivum fospeiceas. aestivum, Triticum aestivum fospeiceas. spelta, Triticum turgidum fospeiceas. durum agus xTriticosecale féinphailnitheach

Is é 90 % a bheidh san íonacht cineáil íosta le haghaidh síol den chatagóir síol deimhnithe.

I gcás Hordeum vulgare, Triticum aestivum fospeiceas. aestivum, Triticum aestivum fospeiceas. spelta, Triticum turgidum fospeiceas. durum a tháirgtear trí bhíthin CMS, is é 85 % a bheidh san íonacht cineáil íosta. Ní sháróidh na heisíontais seachas an t-athneartóir 2 %.

Déanfar scrúdú ar an íonacht cineáil íosta le linn tástálacha iar-rialaithe oifigiúla ar chion iomchuí samplaí.

Faoin 28 Feabhra gach bliain, cuirfidh an t-údarás deimhniúcháin atá freagrach tuarascáil chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile faoi thorthaí na bliana roimhe sin maidir le cainníocht síolta hibrideacha de Triticum aestivum fospeiceas. aestivum, Triticum aestivum fospeiceas. spelta agus Triticum turgidum fospeiceas. durum a táirgeadh agus maidir le céatadán na luchtóg síolta ar diúltaíodh dóibh de bharr paraiméadair cháilíochta neamh-leordhóthanacha, torthaí na tástála iar-rialaithe agus aon fhaisnéis eile a bheidh mar údar ag an diúltú sin. Beidh an oibleagáid tuairiscithe sin infheidhme go dtí an 28 Feabhra 2030.”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad cheannteideal Roinn E:

“E.

Hibridí de Secale cereale agus hibridí CMS de Hordeum vulgare, Triticum aestivum fospeiceas. aestivum, Triticum aestivum fospeiceas. spelta, Triticum turgidum fospeiceas. Durum ”.