ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 382

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
28 Deireadh Fómhair 2021


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíocht dár gá ardcháilíochtaí, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/1884 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar chlórantrainileapróil i bpiseánaigh ( 1 )

39

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ( IO L 177, 5.6.2020 ) (IO L Eagrán Speisialta Gaeilge 177, lch. 1)

52

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

TREORACHA

28.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 382/1


TREOIR (AE) 2021/1883 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Deireadh Fómhair 2021

maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíocht dár gá ardcháilíochtaí, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 79(2), pointí (a) agus (b), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2010 dar teideal Europe 2020: A strategy for smart, sustainable and inclusive growth [Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach], leagtar síos mar chuspóir go mbeadh an tAontas ina gheilleagar a bheadh bunaithe ar eolas agus nuálaíocht, agus an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí á laghdú agus feabhas á chur ar an gcomhoiriúnú idir an soláthar saothair agus an t-éileamh. Sainaithnítear sa teachtaireacht sin an gá atá le beartas cuimsitheach maidir le himirce lucht saothair agus le himircigh a lánpháirtiú ar bhealach níos fearr. Maidir le bearta le ligean isteach oibrithe ardcháilithe tríú tír a éascú, ní mór iad a mheas sa chomhthéacs níos leithne sin.

(2)

Sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 26 agus an 27 Meitheamh 2014, luaitear go gcaithfidh an Eoraip dul san iomaíocht sa rás domhanda chun an tallann a mhealladh, má tá sí le bheith ina ceann scríbe tarraingteach i gcónaí do lucht tréitheach agus oilte. Dá bhrí sin, ba cheart straitéisí a fhorbairt chun na deiseanna a bhaineann leis an imirce dhleathach a uasmhéadú, lena n-áirítear rialacha atá ann cheana a chuíchóiriú.

(3)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiúin an 13 Bealtaine 2015 dar teideal European Agenda on Migration [an Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce], iarrtar go gcuirfí scéim tharraingteach ar bun ar fud an Aontais i dtaca le náisiúnaigh ardcháilithe tríú tír agus sonraítear ann gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2009/50/CE ón gComhairle (4) le cur ar chumas an Aontais lucht tréitheach a mhealladh ar bhealach níos éifeachtaí agus, ar an gcaoi sin, aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhéimeagrafacha atá roimh an Aontas agus ar na ganntanais saothair agus oibrithe oilte atá i bpríomhearnálacha gheilleagar an Aontais. Athdhearbhaíodh an iarraidh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir sin sa teachtaireacht ón gCoimisiúin an 23 Meán Fómhair 2020 dar teideal a New Pact on Migration and Asylum [Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann], ina luaitear go “gcaithfear, leis an athchóiriú ar Chárta Gorm AE, fíor-bhreisluach AE a chruthú trí lucht oilte a mhealladh trí ionstraim éifeachtach agus sholúbtha ar fud an Aontais”.

(4)

Sa rún uaithi an 12 Aibreán 2016 (5), d’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí athbhreithniú uaillmhianach spriocdhírithe ar Threoir 2009/50/CE, lena n-áirítear ar a raon feidhme.

(5)

Is gá freagairt do na dúshláin a shainaithnítear sa teachtaireacht ón gCoimisiúin an 22 Bealtaine 2014 maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/50/CE. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas scéim níos tarraingtí agus níos éifeachtaí a bhunú ar fud an Aontais i dtaca le hoibrithe ardcháilithe ó thríú tíortha. Ba cheart tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh ar chur chuige an Aontais i ndáil le hoibrithe ardcháilithe den sórt sin a mhealladh, agus ba cheart gurb é Cárta Gorm AE an phríomhuirlis chuige sin, lena mbainfeadh nósanna imeachta níos tapúla, critéir maidir le ligean isteach a bheadh níos solúbtha agus níos cuimsithí agus cearta níos forleithne, lena n-áirítear soghluaisteacht laistigh den Aontas a éascú. Ós rud é go mbeadh athruithe substaintiúla ar Threoir 2009/50/CE i gceist leis sin, ba cheart an Treoir sin a aisghairm agus Treoir nua a chur ina hionad.

(6)

Ba cheart córas um ligean isteach soiléir agus trédhearcach a bhunú ar fud an Aontais chun oibrithe ardcháilithe ó thríú tíortha a mhealladh agus a choinneáil agus chun soghluaisteacht na n-oibrithe sin a chur chun cinn. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo beag beann ar cibé acu is cuspóir cónaithe an náisiúnaigh tríú tír i dtús báire, chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí nó chun críoch eile, ach go n-iompaíonn sé ansin chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí. Is gá tosaíochtaí na mBallstát, riachtanais a margaí saothair agus a n-acmhainneachtaí glactha isteach a chur san áireamh. Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát ceadanna cónaithe náisiúnta eile seachas Cártaí Gorma AE a eisiúint chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí. Thairis sin, níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh don fhéidearthacht atá ag sealbhóir Chárta Gorm AE cearta agus sochair bhreise a bheith aige faoin dlí náisiúnta atá ag luí leis an Treoir seo.

(7)

Ba cheart do na Ballstáit cothrom na Féinne a áirithiú idir Cártaí Gorma AE agus ceadanna cónaithe náisiúnta chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, ó thaobh cearta nós imeachta agus cearta córa comhionainne, nósanna imeachta agus rochtain ar fhaisnéis. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil leibhéal na gcoimircí nós imeachta agus na gceart a dheonaítear do shealbhóirí Chárta Gorm AE agus dá mbaill teaghlaigh níos ísle ná leibhéal na gcoimircí nós imeachta agus na gceart atá ag sealbhóirí ceadanna cónaithe náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin nach bhfuil iarratasóirí ar Chárta Gorm AE i staid is lú fabhar ná iarratasóirí ar cheadanna cónaithe náisiúnta i ndáil le nósanna imeachta aitheantais d’fhostóirí, agus nach gcuirfear de cheangal orthu táillí níos airde a íoc as a n-iarratais a láimhseáil. Ar deireadh, ba cheart do na Ballstáit páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí faisnéise, cur chun cinn agus fógraíochta ar an leibhéal céanna i dtaobh Chárta Gorm AE agus a ghlacann siad i dtaobh ceadanna cónaithe náisiúnta, mar shampla i ndáil le faisnéis ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta maidir feachtais faisnéise faoi imirce dhleathach, agus cláir oiliúna a chuirtear ar fáil do na húdaráis inniúla imirce.

(8)

Chun scéim Chárta Gorm AE a threisiú agus a chur chun cinn agus chun oibrithe ardcháilithe ó thríú tíortha a mhealladh, spreagtar na Ballstáit chun gníomhaíochtaí fógraíochta agus feachtais faisnéise maidir le Cárta Gorm AE a neartú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí agus feachtais atá dírithe ar thríú tíortha.

(9)

Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, níl na Ballstáit le hidirdhealú a dhéanamh bunaithe ar ghnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, mar a cheanglaítear, go háirithe, le Treoracha 2000/43/CE (6) agus 2000/78/CE (7) ón gComhairle. Chun go mbeidh prionsabal an neamh-idirdhealaithe éifeachtach, ba cheart do shealbhóirí Chárta Gorm AE a bheith in ann sásamh dlíthiúil a lorg agus gearáin a dhéanamh mar a fhoráiltear dó sa dlí náisiúnta má bhíonn orthu dul i ngleic le haon chineál idirdhealaithe, lena n-áirítear i margadh an tsaothair.

(10)

Ag féachaint don tuarascáil ó Eurostat an 21 Feabhra 2020 dar teideal Hard-to-fill ICT vacancies: an increasing challenge [Folúntais TFC atá deacair le líonadh: dúshlán atá ag dul i méid] agus a conclúidí maidir le ganntanas forleathan oibrithe ardoilte in earnáil na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) i margaí saothair na mBallstát, ba cheart a mheas go bhfuil ardscileanna gairmiúla coibhéiseach le cáilíochtaí ardoideachais chun críche iarratas a dhéanamh ar Chárta Gorm AE i leith dhá phost níos airde: Bainisteoirí Seirbhísí Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (Aicmiú Caighdeánach Idirnáisiúnta Gairmeacha) (ISCO)-08 aicmiú 133) agus Gairmithe Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (aicmiú ISCO-08 25). Ós rud é go dtógann sé ar a laghad 3 bliana chun céim bhaitsiléara a dhéanamh, ba cheart gur 3 bliana a bheadh sa tréimhse ábhartha de thaithí ghairmiúil riachtanach. Tá údar maith le fad na tréimhse sin freisin i bhfianaise luas tapa na héabhlóide teicneolaíche in earnáil TFC agus riachtanais athraitheacha na bhfostóirí.

(11)

Moltar do na Ballstáit measúnú agus bailíochtú ardscileanna gairmiúla a éascú chun críche Chárta Gorm AE.

(12)

Tá sé beartaithe go bhféadfaí an liosta de na gairmeacha a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a leasú, go háirithe tar éis don Choimisiún measúnuithe a dhéanamh chun cinneadh a dhéanamh cibé acu an liosta a leasú nó gan é a leasú, ar bhonn, i measc foinsí eile, na faisnéise arna gcur ar fáil ag na Ballstáit maidir le riachtanais a margaí saothair, chun críoch aitheantas a thabhairt do thaithí ghairmiúil faoin Treoir seo i réimsí eile gníomhaíochta. Ba cheart don Choimisiún measúnuithe den sórt sin a dhéanamh gach 2 bhliain.

(13)

I gcás na ngairmeacha nach liostaítear san iarscríbhinn, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann glacadh le hiarratais ar Chárta Gorm AE ar bhonn fianaise ar ardscileanna gairmiúla, á bhfianú ag taithí ghairmiúil 5 bliana ar a laghad ar leibhéal atá inchomparáide le cáilíochtaí ardoideachais agus atá ábhartha don ghairm nó don earnáil a shonraítear sa chonradh oibre nó sa tairiscint cheangailteach poist.

(14)

Is éard atá i gceist le coincheap na fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí ardleibhéal inniúlachta a bheith ag an bhfostaí, agus é sin a bheith cruthaithe le hardcháilíochtaí gairmiúla, ach ní amháin sin, go meastar freisin go bhfuil an inniúlacht sin ag teastáil don obair atá le déanamh. Cé nach n-éilítear agus nach gá go n-éilítear i gcónaí nasc díreach idir na cáilíochtaí agus an post i margadh an tsaothair nua-aimseartha, ba cheart na cúraimí agus na dualgais a bhaineann leis an gconradh oibre d’fhostaíocht dár gá ardcháilíochtaí a bheith chomh speisialaithe agus chomh casta sin gur gnách go mbaineann an leibhéal inniúlachta a theastaíonn chun na dualgais sin a dhéanamh le tabhairt chun críche clár oideachais, agus cáilíochtaí a eascraíonn astu sin, ag leibhéal 6, 7 agus 8 den Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach ar an Oideachas (ISCED) 2011, nó, i gcás inarb iomchuí, ag an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF), atá coibhéiseach leis ar an mórgóir, ag leibhéil 6, 7 agus 8, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena mbaineann, nó, i gcás gairmeacha sonracha, le hardscileanna gairmiúla inchomparáide.

(15)

Níor cheart don Treoir seo difear a dhéanamh do cheart na mBallstát líon na náisiúnach tríú tír atá á ligean isteach ar a gcríoch ó thríú tíortha ar thóir oibre a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 79(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ar an mbonn sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann iarratas ar Chárta Gorm AE a mheas mar iarratas neamh-inghlactha nó ba ceart dóibh a bheith in ann diúltú dó.

(16)

Tá tacar forleathan ceart ag tairbhithe cosanta idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), lena n-áirítear rochtain ar mhargadh an tsaothair sa Bhallstát a dheonaigh an chosaint idirnáisiúnta dóibh. Chun a ndeiseanna sa mhargadh saothair a fheabhsú ar fud an Aontais, ba cheart do thairbhithe cosanta idirnáisiúnta atá ardcháilithe a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar Chárta Gorm AE i mBallstáit seachas sa cheann inar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh. Sna Ballstáit eile sin, ba cheart dóibh a bheith faoi réir na rialacha céanna le haon náisiúnach tríú tír eile a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, agus níor cheart don Treoir seo aon tionchar a bheith aici ar a stádas sa Bhallstát inar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta dóibh. Tá tairbhithe cosanta idirnáisiúnta i dteideal iarratas a dhéanamh freisin ar Chárta Gorm AE sa Bhallstát a dheonaigh cosaint idirnáisiúnta dóibh. I gcásanna den sórt sin, ar mhaithe le soiléire dhlíthiúil agus comhleanúnachas, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha na Treorach seo i leith cóir chomhionann agus i leith teaghlaigh a athaontú. Ba cheart na cearta sin leanúint de bheith á rialáil faoin acquis tearmainn agus, i gcás inarb infheidhme, faoi Threoir 2003/86/CE ón gComhairle (9).

(17)

Tá aistriú na freagrachta i leith tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo. Níor cheart stádas na cosanta sin ná na cearta a ghabhann le cosaint idirnáisiúnta a aistriú chuig Ballstát eile ar an mbonn gur eisíodh Cárta Gorm AE.

(18)

Chun go n-éascófar soghluaisteacht neamhspleách laistigh den Aontas agus gníomhaíochtaí gnó na náisiúnach tríú tír ardcháilithe sin ar tairbhithe an chirt chun saorghluaiseachta iad, ba cheart rochtain a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír den sórt sin ar Chárta Gorm AE i gcomhréir leis na rialacha céanna a bhainfeadh le haon náisiúnach tríú tír eile a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. Baineann an teideal sin le daoine ag a bhfuil cearta saorghluaiseachta bunaithe ar naisc theaghlaigh le saoránach de chuid an Aontais i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha agus ba cheart feidhm a bheith aici is cuma ar fheidhmigh an saoránach tagartha de chuid an Aontais an ceart bunúsach chun gluaisteachta faoi shaoirse faoi Airteagal 21 CFAE nó nár fheidhmigh, agus is cuma an raibh Cárta Gorm AE ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ar dtús báire nó ar thairbhí an chirt chun saorghluaiseachta é. Dá bhrí sin, ba cheart do shealbhóirí Chárta Ghorm AE den sórt sin a bheith i dteideal tabhairt faoi fhostaíocht dár gá ardcháilíochtaí, dul ar thurais ghnó agus dul chun cónaí i mBallstáit éagsúla is cuma an dtéann an náisiúnach tríú tír in éineacht leis an saoránach tagartha de chuid an Aontais. Na cearta a d’fhéadfadh na náisiúnaigh tríú tír sin a fháil mar dhaoine ag a bhfuil Cárta Gorm AE, ba cheart dóibh a bheith gan dochar do na cearta a d’fhéadfadh a bheith acu faoi Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil agus comhleanúnachas, ba cheart gur ag na rialacha faoi Threoir 2004/38/CE a bheadh an forlámhas maidir le teaghlaigh a athaontú agus cóir chomhionann. Na forálacha go léir maidir le tairbhithe an chirt chun saorghluaiseachta sa Treoir seo, ba cheart feidhm a bheith acu freisin maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cearta chun saorghluaiseachta acu atá coibhéiseach le cearta shaoránaigh an Aontais faoi chomhaontaithe idir an tAontas agus na Ballstáit ar lámh amháin, agus tríú tír ar lámh eile, nó idir an tAontas agus tríú tíortha.

(19)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le náisiúnaigh tríú tír a dhéanann iarratas chun cónaí i mBallstát mar thaighdeoirí chun tionscadail taighde a dhéanamh, ós rud é go dtagann siad faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), lenar tugadh isteach nós imeachta sonrach chun náisiúnaigh tríú tír a ligean isteach chun críocha taighde. Mar sin féin, ba cheart do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu agus a ligeadh isteach faoi Threoir (AE) 2016/801 a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar Chárta Gorm AE faoin Treoir seo. Ba cheart do shealbhóirí Chárta Gorm AE a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar chónaí a dhéanamh mar thaighdeoirí faoi Threoir (AE) 2016/801. Chun an deis sin a áirithiú, ba cheart Treoir (AE) 2016/801 a leasú dá réir sin.

(20)

Cé nach bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir le náisiúnaigh tríú tír a iarrann go ligfí isteach san Aontas iad mar aistrithe ionchorparáideacha de bhun Threoir 2014/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ba cheart d’aistrithe ionchorparáideacha atá ina gcónaí go dlíthiúil san Aontas a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar Chárta Gorm AE faoin Treoir seo chun críoch eile seachas na críocha a chumhdaítear faoi Threoir 2014/66/AE.

(21)

Is gá foráil a dhéanamh do chóras um ligean isteach atá solúbtha, éileamh-bunaithe, soiléir agus cothrom atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla, amhail conradh oibre a bheith ag an iarratasóir nó tairiscint cheangailteach le haghaidh post atá 6 mhí ar fad ar a laghad, comhlíonadh an dlí is infheidhme, na gcomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme nó na gcleachtas náisiúnta is infheidhme sna brainsí ceirde ábhartha, tairseach thuarastail a d’fhéadfadh na Ballstáit a chur in oiriúint don staid ina mhargadh saothair agus ardcháilíochtaí gairmiúla a bheith ag an iarratasóir nó, i gcás inarb iomchuí, ardscileanna gairmiúla.

(22)

Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do nósanna imeachta náisiúnta maidir le haitheantas a thabhairt do dhioplómaí. D’fhonn a mheas an bhfuil cáilíochtaí ardoideachais nó cáilíochtaí coibhéiseacha ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann, ba cheart tagairt a dhéanamh do ISCED 2011, leibhéal 6, 7 agus 8 nó, i gcás inarb iomchuí, do EQF, leibhéal 6, 7 agus 8, atá coibhéiseach leis ar an mórgóir, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena mbaineann.

(23)

Moltar do na Ballstáit é a dhéanamh níos éasca aitheantas a thabhairt do dhoiciméad lena bhfianaítear ardcháilíochtaí gairmiúla ábhartha an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann agus, a mhéid a bhaineann le tairbhithe cosanta idirnáisiúnta a bhféadfadh sé nach mbeadh na doiciméid riachtanacha acu, socruithe a bhunú maidir le measúnú iomchuí agus bailíochtú ar a gcáilíochtaí réamh-ardoideachais nó, i gcás inarb ábhartha, a n-ardscileanna gairmiúla.

(24)

Ar mhaithe le leibhéal leordhóthanach comhchuibhithe sna coinníollacha maidir le ligean isteach ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart fachtóir íosta agus uasta araon a chinneadh chun an tairseach thuarastail a shocrú. Ba cheart na teorainneacha íosta agus uasta a chinneadh chun an tairseach thuarastail náisiúnta a shocrú trí na fachtóirí íosta agus uasta sin a iolrú faoin meán-olltuarastal bliantúil sa Bhallstát lena mbaineann. Ba cheart tairseach thuarastail a roghnú laistigh de raon na dteorainneacha íosta agus uasta, tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta i gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta. Ba cheart a chinneadh leis an tairseach thuarastail sin an tuarastal íosta ar cheart don té ag a bhfuil Cárta Gorm AE a thuilleamh. Dá bhrí sin, chun Cárta Gorm AE a bhaint amach, ba cheart d’iarratasóirí tuarastal a thuilleamh is ionann agus an tairseach thuarastail a roghnaíonn an Ballstát lena mbaineann, nó is mó ná í.

(25)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh do thairseach thuarastail níos ísle le haghaidh gairmeacha sonracha i gcás ina measann an Ballstát lena mbaineann gurb amhlaidh go bhfuil oibrithe ar leith i ngannchúis agus i gcás ina mbaineann na gairmeacha sin le mórghrúpa 1 nó 2 d’aicmiú ISCO. I gcás ar bith, níor cheart tairseach thuarastail den sórt sin a bheith níos ísle ná 1,0 oiread an mheán-olltuarastail bhliantúil sa Bhallstát lena mbaineann.

(26)

I gcomhréir le tosaíochtaí an Chláir Oibre do Scileanna Nua don Eoraip, a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2016, go háirithe maidir le feabhas a chur ar mheaitseáil scileanna agus chun dul i ngleic le ganntanais scileanna, moltar do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta, liostaí a thiomsú de na hearnálacha fostaíochta a bhfuil ganntanas oibrithe ardcháilithe acu.

(27)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh do thairseach thuarastail níos ísle a rachadh chun sochair náisiúnach tríú tír le linn tréimhse áirithe tar éis dóibh céim a bhaint amach. Ba cheart feidhm a bheith ag an tréimhse sin gach uair a shroichfeadh an náisiúnach tríú tír leibhéal oideachais atá ábhartha chun críocha na Treorach seo, eadhon leibhéal 6, 7 nó 8 de ISCED 2011 nó, i gcás inarb iomchuí, leibhéal 6, 7 agus 8 de EQF, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit lena mbaineann. Ba cheart feidhm a bheith ag an tréimhse sin i gcás ina ndéanann an náisiúnach tríú tír iarratas ar Chárta Gorm tosaigh nó athnuachana AE laistigh de 3 bliana ón dáta a fuarthas na cáilíochtaí ábhartha agus, ina theannta sin, i gcás ina gcuireann an náisiúnach tríú tír isteach ar Chárta Gorm AE a athnuachan laistigh de thréimhse 24 mhí ó dháta eisithe Chárta Gorm tosaigh AE. Tar éis na dtréimhsí cairde sin, a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhthráth, a bheith caite, luíonn sé le réasún go mbeadh a ndóthain taithí ghairmiúil faighte ag na gairmithe óga le bheith in ann an ghnáth-thairseach thuarastail a chomhlíonadh. I gcás ar bith, níor cheart tairseach thuarastail níos ísle den sórt sin a bheith níos ísle ná 1,0 oiread an mheán-olltuarastail bhliantúil sa Bhallstát lena mbaineann.

(28)

Na coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, lena n-áirítear na critéir incháilitheachta a bhaineann le tairseach thuarastail, ba cheart iad a shainiú. Maidir leis an tairseach thuarastail a shocraíonn an Ballstát, níor cheart di a bheith dírithe ar thuarastail a chinneadh agus dá bhrí sin níor cheart di maolú a dhéanamh ar na rialacha nó ar na cleachtais ar leibhéal na mBallstát nó ar chomhaontaithe comhchoiteanna, agus níor cheart í a úsáid chun aon chomhchuibhiú a dhéanamh sa réimse sin. Níor cheart an tuarastal a íoctar le sealbhóir Chárta Gorm AE a bheith níos ísle ná an tairseach thuarastail is infheidhme ach féadfaidh sé a bheith níos airde, de réir mar a aontaítear é idir an fostóir agus an náisiúnach tríú tír, i gcomhréir le coinníollacha an mhargaidh, le dlíthe an tsaothair, le comhaontuithe comhchoiteanna agus le cleachtais sa Bhallstát lena mbaineann. Ba cheart don Treoir seo inniúlachtaí na mBallstát a urramú go hiomlán, go háirithe maidir le fostaíocht, cúrsaí saothair agus cúrsaí sóisialta.

(29)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar an náisiúnach tríú tír a sheoladh nó a seoladh a sholáthar tráth an iarratais. I gcás nach eol don náisiúnach tríú tír an seoladh a bheidh aige nó aici amach anseo go fóill, ba cheart do na Ballstáit glacadh le seoladh sealadach, agus d’fhéadfadh sé gurb ionann sin agus seoladh an fhostóra.

(30)

Ba cheart tréimhse bhailíochta 24 mhí ar a laghad a bheith ag Cárta Gorm AE. I gcás ina mbeidh ré an chonartha oibre níos giorra, áfach, ba cheart Cárta Gorm AE a eisiúint ar a laghad ar feadh ré an chonartha oibre móide trí mhí, faoi réir uastréimhse 24 mhí. Má tá doiciméad taistil ag an náisiúnach tríú tír ar giorra a thréimhse bailíochta ná 24 mhí nó níos giorra ná ré an chonartha oibre, ba cheart Cárta Gorm AE a eisiúint ar feadh tréimhse bhailíochta an doiciméid taistil ar a laghad. Ba cheart a cheadú do náisiúnaigh tríú tír a ndoiciméad taistil a athnuachan agus Cárta Gorm AE ina seilbh acu.

(31)

I gcás ina bhfuil bagairt ann ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tsláinte phoiblí, ba cheart do na Ballstáit diúltú d’iarratais ar Chártaí Gorma AE agus ba cheart cead a bheith acu Cártaí Gorma AE a tharraingt siar nó diúltú cárta den sórt sin a athnuachan. Tá bagairt ar an tsláinte phoiblí le tuiscint mar a shainmhínítear an téarma sin in Airteagal 2, pointe 21 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Aon diúltú ar iarrtas ar fhorais an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí, ba cheart dó a bheith bunaithe ar iompar aonair an duine lena mbaineann, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Níor cheart d’aon bhreoiteacht atá ar náisiúnaigh tríú tír, ná d’aon mhíchumas atá iontu tar éis dóibh a bheith ligthe isteach ar chríoch an chéad Bhallstáit, a bheith ina fhoras ann féin chun Cárta Gorm AE a tharraingt siar nó diúltú é a athnuachan nó le socrú a dhéanamh gan Cárta Gorm AE a eisiúint sa dara Ballstát. Thairis sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a shocrú gan Cárta Gorm AE a tharraingt siar nó gan diúltú cárta den sórt sin a athnuachan, i gcás nach gcomhlíontar, ar bhonn sealadach, an oibleagáid conradh bailí oibre nó an tairseach thuarastail is infheidhme a thíolacadh de dheasca breoiteachta, míchumais nó saoire tuismitheoirí.

(32)

Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann Cárta Gorm AE a tharraingt siar nó athnuachan cárta den sórt sin a dhiúltú i gcás nár chomhlíon sealbhóir Chárta Gorm AE na coinníollacha le haghaidh soghluaisteachta faoin Treoir seo, lena n-áirítear i gcásanna ina mbaintear mí-úsáid as cearta soghluaisteachta, mar shampla i gcás nach n-urramaíonn an sealbhóir an tréimhse a cheadaítear chun gníomhaíocht ghnó a dhéanamh nó i gcás nach ndéanann sé iarratas ar shoghluaisteacht fhadtéarmach a thíolacadh laistigh den chreat ama is gá sa dara Ballstát, nó trí iarratas a dhéanamh ar Chárta Gorm AE sa dara Ballstát agus trí thosú ar an bhfostaíocht níos túisce ná mar a cheadaítear cé gur léir nach gcomhlíonfaí na coinníollacha le haghaidh soghluaisteachta agus go ndiúltófaí don iarratas.

(33)

Aon chinneadh chun diúltú d’iarratas ar Chárta Gorm AE nó cárta den sórt sin a tharraingt siar nó athnuachan cárta den sórt sin a dhiúltú, ba cheart imthosca sonracha an cháis a chur san áireamh agus ba cheart é a bheith comhréireach. Go háirithe, i gcás ina mbaineann foras an diúltaithe, na tarraingthe siar nó an diúltaithe athnuachana le hiompar an fhostóra, níor cheart i gcás ar bith gurb é mí-iompar mionchúiseach an fhostóra an t-aon fhoras amháin chun diúltú d’iarratas ar Chárta Gorm AE nó Cárta Gorm AE a tharraingt siar nó athnuachan Chárta Gorm AE a dhiúltú.

(34)

Le cinneadh lena ndiúltaítear d’iarratas ar Chárta Gorm AE, ní dhéantar difear don cheart atá ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann iarratas eile a thíolacadh. Ní hionann an t-iarratas nua sin a thíolacadh agus údarú a bheith ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann fanacht ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, ach amháin i gcás ina bhforáiltear dó sin leis an dlí náisiúnta.

(35)

A luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha uile maidir le ligean isteach, ba cheart do na Ballstáit Cárta Gorm AE a eisiúint laistigh de theorainn shonrach ama. Más rud é nach ndeonaíonn Ballstát ach amháin cead cónaithe ar a chríoch féin agus má tá coinníollacha uile na Treorach seo i ndáil le ligean isteach á gcomhlíonadh, ba cheart don Bhallstát an víosa riachtanach a dheonú don náisiúnach tríú tír lena mbaineann. Ba cheart a áirithiú go n-oibreodh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile go héifeachtach chun na críche sin. Más rud é nach n-eisíonn an Ballstát víosaí, ba cheart dó cead coibhéiseach lena gceadaítear iontráil a dheonú don náisiúnach tríú tír lena mbaineann.

(36)

Leis na rialacha faoi agaí próiseála na n-iarratas ar Chárta Gorm AE, ba cheart a ráthú go n-eiseofaí ceadanna go gasta i ngach cás. San aga próiseála chun scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar Chárta Gorm AE, níor cheart an t-aga is gá chun cáilíochtaí gairmiúla a aithint, más infheidhme, ná an t-aga is gá chun víosa a eisiúint, más gá, a chur san áireamh. Más rud é go dtéann bailíocht Chárta Gorm AE in éag le linn an nós imeachta athnuachana, ba cheart an náisiúnach tríú tír a bheith i dteideal fanacht, oibriú agus leas a bhaint as na cearta dá bhforáiltear faoin Treoir seo ar chríoch an Bhallstáit a d’eisigh Cárta Gorm AE, go dtí go ndéanfaidh na húdaráis inniúla cinneadh maidir leis an iarratas, ach níor cheart é a bheith de ceart ag an náisiúnach tríú tír bogadh chuig dara Ballstát.

(37)

I gcás inar chinn Ballstát go bhfuil iarratas ar Chárta Gorm AE nó iarratas ar shoghluaisteacht laistigh den Aontas le déanamh ag fostóir, níor cheart don Bhallstát sin srian a chur leis na coimircí nós imeachta atá ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann le linn an nós imeachta iarratais ná leis na cearta atá ag sealbhóir Chárta Gorm AE le linn na tréimhse fostaíochta nó le linn nós imeachta athnuachana Chárta Gorm AE.

(38)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle (14) a bheith á chomhlíonadh ag formáid Chárta Gorm AE, rud a chuirfeadh ar chumas na mBallstát tagairt a dhéanamh don fhaisnéis i leith na gcoinníollacha faoina gceadaítear don duine lena mbaineann oibriú. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann faisnéis bhreise a chur ar fáil i bhfoirm pháipéir nó faisnéis den sórt sin a stóráil i bhformáid leictreonach, amhail i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin agus le pointe (a)(16) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, chun faisnéis níos cruinne a sholáthar ar an ngníomhaíocht fostaíochta lena mbaineann. Ba cheart é a bheith roghnach do na Ballstáit faisnéis bhreise den sórt sin a sholáthar, agus níor cheart dó a bheith ina cheanglas breise a chuirfeadh an cead aonair agus an nós imeachta iarratais aonair i mbaol.

(39)

Ba cheart don Bhallstát lena mbaineann a áirithiú go bhfuil an ceart ag iarratasóirí agóid a dhéanamh os comhair cúirte nó binse i leith aon chinnidh chun iarratas ar Chárta Gorm AE a dhiúltú nó i leith aon chinnidh gan Cárta Gorm AE a athnuachan nó an cárta sin a tharraingt siar. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar don fhéidearthacht go bhféadfaí údarás riaracháin a ainmniú chun réamh-athbhreithniú riaracháin a dhéanamh ar chinntí den sórt sin.

(40)

Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an Treoir seo aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna i bpríomhearnálacha i margaí saothair, maidir le folúntas a bhfuil rún ag iarratasóir ar Chárta Gorm AE a líonadh, ba cheart do Bhallstát a bheith in ann a sheiceáil an bhféadfadh iad seo a leanas an folúntas sin a líonadh seachas an t-iarratasóir sin: lucht saothair náisiúnta nó lucht saothair an Aontais, náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dlíthiúil sa Bhallstát sin cheana féin agus atá ina gcuid dá mhargadh saothair cheana de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, nó cónaitheoirí fadtéarmacha de chuid an Aontais ar mian leo bogadh chuig an mBallstát lena mbaineann chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí i gcomhréir le Caibidil III de Threoir 2003/109/CE ón gComhairle (15). I gcás ina gcinnfidh Ballstáit úsáid a bhaint as an bhféidearthacht sin, ba cheart dóibh é sin a chur in iúl d’iarratasóirí agus d’fhostóirí ar bhealach soiléir, inrochtana agus trédhearcach, lena n-áirítear trí na meáin ar líne. Níor cheart seiceálacha den sórt sin a bheith mar chuid de nós imeachta athnuachana Chárta Gorm AE. I gcásanna soghluaisteachta fadtéarmaí, níor cheart do Bhallstát a bheith in ann staid an mhargaidh saothair a chur san áireamh ach amháin i gcás ina bhfuil seiceálacha tugtha isteach ag an mBallstát sin i ndáil le hiarratasóirí a thagann ó thríú tíortha.

(41)

Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó ghníomhaíocht earcaíochta a dhéanamh i dtíortha i mbéal forbartha in earnálacha ina bhfuil easpa foirne. Ba cheart prionsabail agus beartais eiticiúla earcaíochta a bhfuil feidhm acu maidir le fostaithe sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha a fhorbairt sna príomhearnálacha, mar shampla in earnáil na sláinte. Tá an méid sin ag teacht le tiomantas an Aontais do Chód Domhanda na hEagraíochta Domhanda Sláinte um Earcaíocht Idirnáisiúnta Pearsanra Sláinte 2010, mar aon leis na Conclúidí ón gComhairle agus ó na Ballstáit an 14 Bealtaine 2007 maidir leis an gClár Eorpach Gníomhaíochta chun dul i ngleic leis an ngéarghanntanas oibrithe sláinte i dtíortha atá i mbéal forbartha (2007-2013), agus d’earnáil an oideachais. Is iomchuí na prionsabail agus na beartais sin a neartú trí shásraí, treoirlínte agus uirlisí eile a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun imirce chiorclach agus shealadach, de réir mar is iomchuí, a éascú, chomh maith le bearta eile chun éifeachtaí diúltacha inimirce daoine ardcháilithe a íoslaghdú agus a cuid éifeachtaí dearfacha a uasmhéadú ar thíortha i mbéal forbartha ionas go bhféadfaí imirce daoine oilte a athrú go filleadh daoine oilte.

(42)

Ba cheart é a bheith de rogha ag Ballstáit nós imeachta simplithe d’fhostóirí a chur i bhfeidhm. Leis an nós imeachta sin, ba cheart go mbeadh fostóirí aitheanta in ann leas a bhaint as nósanna imeachta agus coinníollacha níos simplí maidir le ligean isteach faoin Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit, áfach, coimircí leordhóthanacha a áireamh i gcoinne mí-úsáide. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá a thabhairt san áireamh sna coimircí sin tromchúis agus cineál an mhí-iompair. Más rud é nach bhfuil fostóir aitheanta a thuilleadh, an tráth a dhéantar athnuachan ar Chárta Gorm AE, ba cheart feidhm a bheith ag na gnáthchoinníollacha maidir le ligean isteach agus Cárta Gorm AE sin á athnuachan, ach amháin má tá an náisiúnach tríú tír lena mbaineann fostaithe ag fostóir aitheanta eile.

(43)

Chun a áirithiú go leanfar de chritéir maidir le ligean isteach a chomhlíonadh, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a cheangal, le linn na chéad 12 mhí d’fhostaíocht dhlíthiúil mar shealbhóir Chárta Gorm AE, go ndéanfar aon athrú fostóra nó athruithe suntasacha eile a chur in iúl do na húdaráis inniúla agus go ndéanfaidh na húdaráis inniúla staid mhargadh an tsaothair a sheiceáil. Tar éis na tréimshe 12 mhí sin, níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit a cheangal ar shealbhóir Chárta Gorm AE ach aon athrú fostóra nó aon athrú lena ndéanfaí difear do chomhlíonadh na gcritéar maidir le ligean isteach a leagtar amach sa Treoir seo a chur in iúl do na húdaráis inniúla, lena n-áirítear, i gcás inar gá, an conradh oibre nua, agus sna cásanna sin amháin. Níor cheart aon seiceáil a dhéanamh ar staid mhargadh an tsaothair. Ba cheart an measúnú atá á dhéanamh ag na Ballstáit a bheith teoranta do na gnéithe a bhfuil athrú tagtha orthu.

(44)

Chun an fhiontraíocht nuálach a chur chun cinn, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann an fhéidearthacht a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír a ligtear isteach faoin Treoir seo gníomhaíocht mar dhaoine féinfhostaithe a fheidhmiú go comhthreomhar lena ngníomhaíocht faoin Treoir seo, gan difear a dhéanamh dá gceart cónaithe mar shealbhóirí Chárta Gorm AE. Ba cheart dó sin a bheith gan dochar don oibleagáid leanúnach na coinníollacha maidir le ligean isteach faoin Treoir seo a chomhlíonadh, agus ba cheart, dá bhrí sin, do shealbhóir Chárta Gorm AE leanúint de bheith fostaithe i bhfostaíocht dár gá ardcháilíochtaí. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar ghníomhaíocht dóibh siúd atá féinfhostaithe a leagan síos ina ndlí náisiúnta. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith i dteideal teorainn a chur le raon feidhme na gníomhaíochta a cheadaítear dóibh siúd atá féinfhostaithe. Ba cheart do Bhallstáit rochtain a thabhairt do shealbhóirí Chárta Gorm AE ar ghníomhaíochtaí féinfhostaithe faoi choinníollacha nach lú fabhar ná na coinníollacha dá bhforáiltear faoi scéimeanna náisiúnta atá ann cheana. Aon ioncam a thagann as féinfhostaíocht, níor cheart é a bheith ina rannchuidiú chun cloí leis an tairseach thuarastail is gá le cáiliú mar shealbhóir Chárta Gorm AE.

(45)

Chun feabhas a chur ar an rannchuidiú ó shealbhóir Chárta Gorm AE a thabhairt trína ardcháilíochtaí gairmiúla nó trína hardcháilíochtaí gairmiúla, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann forálacha a leagan síos ina ndlí náisiúnta freisin le ceadú do shealbhóirí Chárta Gorm AE dul i mbun gníomhaíochtaí gairmiúla eile a chomhlánóidh a bpríomhghníomhaíocht mar shealbhóir Chárta Gorm AE. Aon ioncam a thagann as na gníomhaíochtaí gairmiúla sin, níor cheart é a bheith ina rannchuidiú chun cloí leis an tairseach thuarastail is gá le cáiliú mar shealbhóir Chárta Gorm AE.

(46)

Ba cheart cóir chomhionann a dheonú do shealbhóirí Chárta Gorm AE i ndáil leis na brainsí sin den tslándáil shóisialta a liostaítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). Leis an Treoir seo, ní dhéantar reachtaíocht slándála sóisialta na mBallstát a chomhchuibhiú. Ní dhéantar ach prionsabal na córa comhionainne a chur i bhfeidhm, i réimse na slándála sóisialta, maidir leis na náisiúnaigh tríú tír a thagann faoina raon feidhme.

(47)

I gcás soghluaisteacht idir Ballstáit, tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Níor cheart, leis an Treoir seo, cearta a thabhairt do shealbhóir soghluaiste Chárta Gorm AE de bhreis ar na cearta sin dá bhforáiltear cheana féin i ndlí reatha an Aontais i réimse na slándála sóisialta do náisiúnaigh tríú tír ag a bhfuil leasanna trasteorann idir na Ballstáit.

(48)

Ba cheart cáilíochtaí gairmiúla a bronnadh ar náisiúnach tríú tír i mBallstát eile a aithint mar a aithnítear cáilíochtaí saoránach de chuid an Aontais. Cáilíochtaí a bronnadh i dtríú tír, ba cheart iad a chur san áireamh i gcomhréir le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar do na coinníollacha a leagtar amach faoin dlí náisiúnta maidir le cleachtadh na ngairmeacha rialaithe. Níor cheart, leis an Treoir seo, cosc a chur ar na Ballstáit srianta náisiúnta a choimeád ar bun maidir le rochtain ar fhostaíocht, lena n-áirítear rannpháirtíocht ócáideach ar a laghad i bhfeidhmiú údaráis phoiblí agus an fhreagracht as cosaint leas ginearálta an Stáit, nó rialacha náisiúnta a choimeád, maidir le gníomhaíochtaí a fhorchoimeádtar do náisiúnaigh an Bhallstáit sin, do shaoránaigh an Aontais nó do shaoránaigh de thír eile sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (saoránach LEE), lena n-áirítear i gcásanna soghluaisteacht chuig Ballstáit eile, más rud é go raibh srianta nó rialacha den sórt sin i bhfeidhm tráth theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

(49)

Na cearta a fuair tairbhí cosanta idirnáisiúnta mar shealbhóir Chárta Gorm AE, ba cheart dóibh a bheith gan dochar do chearta an tairbhí sin faoi Threoir 2011/95/AE agus faoi Choinbhinsiún an 28 Iúil 1951 maidir le Stádas Daoine gan Stát arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 (“Coinbhinsiún na Ginéive”) sa Bhallstát a dheonaigh an chosaint idirnáisiúnta. Sa Bhallstát sin, chun go seachnófaí rialacha ag teacht salach ar a chéile, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha na Treorach seo maidir leis an gcóir chomhionann agus athaontú teaghlaigh. Daoine ar tairbhithe cosanta idirnáisiúnta i mBallstát amháin iad agus ar sealbhóirí Chárta Gorm AE i mBallstát eile iad, ba cheart na cearta céanna a bheith acu agus a bheadh ag aon sealbhóir eile Chárta Gorm AE sa dara Ballstát sin, lena n-áirítear cóir chomhionann le náisiúnaigh an Bhallstáit cónaithe agus cearta chun athaontú teaghlaigh,. Tá stádas tairbhí cosanta idirnáisiúnta neamhspleách ar cibé a bhfuil an tairbhí ina shealbhóir nó ina sealbhóir Chárta Gorm AE freisin agus ar bhailíocht Chárta Gorm AE sin.

(50)

Coinníollacha fabhracha i gcomhair athaontú teaghlaigh agus rochtain ar obair do chéilí, ba cheart iad a bheith ina ngnéithe bunúsacha den Treoir seo le gur fusa oibrithe ardcháilithe ó thriú tíortha a mhealladh. Ba cheart foráil a dhéanamh do mhaoluithe sonracha ar Threoir 2003/86/CE, atá infheidhme sa chéad Bhallstát chónaithe agus sa dara Ballstát chónaithe, chun an aidhm sin a bhaint amach. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann srian a chur ar raon feidhme na ngníomhaíochtaí féinfhostaithe a d’fhéadfadh céilí a dhéanamh faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le sealbhóirí Chárta Gorm AE. Níor cheart coinníollacha a bhaineann le lánpháirtiú nó tréimhsí feithimh a chur i bhfeidhm sula gceadaítear athaontú teaghlaigh, mar is dóchúil go mbeidh tús fabhrach ag oibrithe ardcháilithe agus a dteaghlaigh ó thaobh lánpháirtiú sa phobal óstach. Chun iontráil thapa a éascú d’oibrithe ardcháilithe, ba cheart ceadanna cónaithe dá mbaill teaghlaigh a eisiúint ag an am céanna le Cárta Gorm AE, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ábhartha agus inar taisceadh na hiarratais go comhuaineach.

(51)

Ba cheart foráil a dhéanamh do mhaoluithe ar Threoir 2003/109/CE chun oibrithe ardcháilithe ó thríú tíortha a mhealladh agus a bhfanacht leantach san Aontas a spreagadh, agus le soghluaisteacht a chumasú san Aontas agus imirce chiorclach. Sealbhóirí Chárta Gorm AE a bhain leas as an bhféidearthacht bogadh ó Bhallstát amháin chuig Ballstát eile, ba cheart rochtain níos éasca a thabhairt dóibh ar stádas cónaitheora fhadtéarmaigh de chuid an Aontais i mBallstát, go háirithe trí chead a thabhairt dóibh tréimhsí cónaithe i mBallstáit éagsúla a charnadh, ar choinníoll gur féidir leo líon na mblianta de chónaí dlíthiúil leanúnach a cheanglaítear faoi Airteagal 4(1) de Threoir 2003/109/CE a léiriú mar shealbhóirí Chárta Gorm AE, mar shealbhóirí ceada náisiúnta le haghaidh fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí nó mar shealbhóirí údaraithe mar mhac léinn nó mar thaighdeoir i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/801, nó mar thairbhithe cosanta idirnáisiúnta. Ina theannta sin, go díreach roimh an iarratas ábhartha a thíolacadh, ba cheart dóibh 2 bhliain de chónaí dlíthiúil leanúnach a léiriú mar shealbhóir Chárta Gorm AE ar chríoch an Bhallstáit ina ndéantar an t-iarratas ar stádas mar chónaitheoir fadtéarmach de chuid an Aontais i mBallstát a thíolacadh. Mar a fhoráiltear i dTreoir 2003/109/CE, ní fhéadfar ach leath de na tréimhsí cónaithe chun críoch staidéir a chur san áireamh agus na 5 bliana de chónaí dlíthiúil leanúnach á ríomh sna Ballstáit ina gcuirtear tréimhsí cónaithe chun críoch staidéir san áireamh agus cónaí leanúnach á ríomh.

(52)

Chun soghluaisteacht oibrithe ardcháilithe ó thríú tíortha a chothú idir an tAontas agus a dtíortha tionscnaimh, ba cheart foráil a dhéanamh do mhaoluithe ar Threoir 2003/109/CE chun tréimhsí níos faide neamhláithreachta a cheadú ná na cinn dá bhforáiltear sa Treoir sin, tar éis d’oibrithe ardcháilithe tríú tír stádas mar chónaitheoir fadtéarmach de chuid an Aontais i mBallstáit a fháil.

(53)

Ba cheart soghluaisteacht ghairmiúil agus gheografach oibrithe ardcháilithe ó thríú tíortha a aithint mar rannchuidiú tábhachtach chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht mhargadh an tsaothair ar fud an Aontais, agus chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas scileanna agus chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a cheartú. Ba cheart soghluaisteacht laistigh den Aontas a éascú.

(54)

Tá an Treoir seo gan dochar d’fhorálacha Threoracha 96/71/CE (19) agus 2014/67/AE (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(55)

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht dlí atá ann faoi láthair i ndáil le turais ghnó arna ndéanamh ag oibrithe ardcháilithe ó thríú tíortha, ach an coincheap sin de thurais ghnó a shainmhíniú agus liosta de ghníomhaíochtaí a leagan amach ar cheart iad a mheas mar ghníomhaíochtaí gnó i ngach Ballstát. Tá na gníomhaíochtaí le bheith nasctha go díreach le leasanna an fhostóra sa chéad Bhallstát agus ba cheart iad a bheith bainteach le cúraimí shealbhóir Chárta Gorm AE san fhostaíocht dar deonaíodh Cárta Gorm AE. Níor cheart cead a bheith ag an dara Ballstát ná ag a choibhéis eile de Bhallstát a cheangal ar shealbhóirí Chárta Gorm AE atá ag dul i mbun gníomhaíochtaí gnó víosa, cead oibre nó aon údarú eile a bheith acu seachas Cárta Gorm AE. I gcás ina n-eisítear Cárta Gorm AE i mBallstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, ba cheart do shealbhóir an chárta sin a bheith i dteideal dul isteach agus fanacht sa dara Ballstát nó ina choibhéis eile de Bhallstát, chun críocha gníomhaíochtaí gnó suas le 90 lá, in aon tréimhse dar fad 180 lá.

(56)

Ba cheart cead a bheith ag sealbhóirí Chárta Gorm AE bogadh chuig dara Ballstát faoi choinníollacha simplithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe acu iarratas a dhéanamh ar Chárta Gorm AE ar bhonn conradh oibre nó ar thairiscint cheangailteach phoist a bheith ann cheana. Níor cheart cead a bheith ag an dara Ballstát a cheangal ar shealbhóirí Chárta Gorm AE aon údarú eile a bheith acu seachas Cárta Gorm AE a d’eisigh an chéad Bhallstát. A luaithe a thíolacfaidh sealbhóir Chárta Gorm AE iarratas comhlánaithe ar Chárta Gorm AE i ndara Ballstát laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart an Ballstát sin a bheith in ann cead a thabhairt do shealbhóir Chárta Gorm AE tús a chur lena gcuid fostaíochta. Ba cheart do shealbhóirí Chárta Gorm AE a bheith i dteideal tosú ar fhostaíocht 30 lá ar a dhéanaí tar éis dóibh an t-iarratas do Chárta Gorm AE nua a thíolacadh. Ba cheart an tsoghluaisteacht a bheith éileamh-bhunaithe agus, dá bhrí sin, ba cheart conradh oibre a bheith i gcónaí de dhíth sa dara Ballstát, ba cheart gach coinníoll faoin dlí is infheidhme, a shonraítear i gcomhaontuithe cómhargála nó a bhunaítear trí chleachtais sna brainsí ceirde ábhartha lena mbaineann a chomhlíonadh agus ba cheart an tuarastal a bheith ag teacht leis an tairseach arna leagan síos ag an dara Ballstát i gcomhréir leis an Treoir seo.

(57)

I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag sealbhóirí Chárta Gorm AE iarratas a dhéanamh ar Chárta Gorm AE sa dara Ballstát chun gairm rialaithe a chleachtadh, ba cheart aitheantas a thabhairt dá gcáilíochtaí gairmiúla ar an mbealach céanna leis na cáilíochtaí atá ag saoránaigh den Aontas a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu, i gcomhréir le Treoir 2005/36/CE agus le dlí eile an Aontais agus le dlí náisiúnta eile is infheidhme.

(58)

Cé go leagtar síos roinnt rialacha speisialta sa Treoir seo maidir le hiontráil agus fanacht sa dara Ballstát chun críocha gníomhaíochtaí gnó, agus bogadh chuig dara Ballstát chun cónaí agus oibriú ann faoi Chárta Gorm AE ar chríoch an dara Ballstát sin, beidh feidhm ag na rialacha go léir eile lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha mar a leagtar síos sna forálacha ábhartha de acquis Schengen.

(59)

I gcás ina n-eisítear Cárta Gorm AE i mBallstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, i gcásanna soghluaisteachta dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus i gcásanna ina dtrasnóidh sealbhóir Chárta Gorm AE teorainn sheachtrach de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/399 isteach ar chríoch dara Ballstáit, ba cheart an Ballstát sin a bheith i dteideal a cheangal go gcuirfí fianaise ar fáil go bhfuil sealbhóir Chárta Gorm AE ag teacht isteach ar a chríoch chun críoch gníomhaíochtaí gnó nó chun cónaí agus oibriú faoi Chárta Gorm AE ar bhonn conradh oibre nó ar thairiscint cheangailteach phoist a bheith ann. I gcás soghluaisteacht le haghaidh gníomhaíochtaí gnó a chur i gcrích, ba cheart don dara Ballstát sin a bheith in ann a cheangal go gcuirfí fianaise ar fáil chun críoch ghnó an fhanachta a léiriú, amhail cuirí, ticéid iontrála, nó doiciméid ina bhfuil tuairisc ar ghníomhaíochtaí gnó na cuideachta ábhartha agus seasamh shealbhóir Chárta Gorm AE sa chuideachta sin.

(60)

I gcás ina ngluaisfidh sealbhóir Chárta Gorm AE chuig an dara Ballstát chun iarratas a dhéanamh ar Chárta Gorm AE ansiúd agus go bhfuil baill teaghlaigh á thionlacan nó á tionlacan, ba cheart don dara Ballstát a bheith in ann a cheangal ar na baill teaghlaigh sin a gcead cónaithe a eisíodh sa chéad Bhallstát a thíolacadh. Ina theannta sin, i gcásanna ina dtrasnófar teorainn sheachtrach de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/399, ba cheart do Bhallstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine acu Córas Faisnéise Schengen a cheadú agus iontráil a dhiúltú d’aon duine, nó agóid a dhéanamh i gcoinne soghluaisteacht aon duine a bhfuil foláireamh eisithe ina leith sa chóras sin chun iontráil nó fanacht a dhiúltú, dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21).

(61)

I gcás ina mbogann sealbhóir Chárta Gorm AE go dara Ballstát ar bhonn Chárta Gorm AE eisithe sa chéad Bhallstát agus diúltaítear sa dara Ballstát iarratas shealbhóir Chárta Gorm AE sin do Chárta Gorm AE nua, ba cheart, leis an Treoir seo, cead a thabhairt don dara Ballstát iarraidh ar shealbhóir Chárta Gorm AE sin a chríoch a fhágáil. I gcás ina mbeidh Cárta Gorm AE bailí, arna eisiúint ag an gcéad Bhallstát, fós ag sealbhóir Chárta Gorm AE, ba cheart don dara Ballstát a bheith in ann a iarraidh ar an duine sin filleadh ar an gcéad Bhallstát i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). I gcás inar tarraingíodh siar Cárta Gorm AE a d’eisigh an chéad Bhallstát, nó i gcás ina mbeidh sé dulta in éag le linn don iarratas a bheith á scrúdú, ba cheart é a bheith ar chumas an dara Ballstát cinneadh a dhéanamh maidir le sealbhóir Chárta Gorm AE sin a chur ar ais chuig tríú tír, i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE, nó a iarraidh ar an gcéad Bhallstát cead iontráil ar a chríoch an athuair a thabhairt do shealbhóir Charta Gorm AE gan aon fhoirmiúlacht nó moill neamhriachtanach. Sa chás deireanach, ba cheart don chéad Bhallstát doiciméad a eisiúint do shealbhóir Chárta Gorm AE lena gceadaítear don duine sin iontráil ar a chríoch an athuair.

(62)

Chun críocha cónaí tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, is gá a áirithiú, i gcás ina mbogann tairbhithe den sórt sin chuig Ballstát eile seachas an Ballstát a dheonaigh an chosaint idirnáisiúnta dóibh, go gcuirtear an Ballstát eile ar an eolas faoi pé cosaint idirnáisiúnta a deonaíodh do na daoine lena mbaineann ionas go mbeidh sé in ann a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le prionsabal an non-refoulement.

(63)

I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag Ballstát duine a dhíbirt, ar duine é a fuair Cárta Gorm AE sa Bhallstát céanna sin agus ar tairbhí cosanta idirnáisiúnta i mBallstát eile é, ba cheart cosaint i gcoinne refoulement a bheith ag an duine sin, i gcomhréir le Treoir 2011/95/AE agus le hAirteagal 33 de Choinbhinsiún na Ginéive.

(64)

I gcás ina gceadófar, faoi Threoir 2011/95/AE, tairbhí cosanta idirnáisiúnta a dhíbirt ó chríoch Ballstáit, ba cheart don Bhallstát a áirithiú go bhfaighfear an fhaisnéis go léir ó fhoinsí ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ón mBallstát a thug an chosaint idirnáisiúnta, agus go ndéanfar an fhaisnéis a mheasúnú ina hiomláine d’fhonn a ráthú go gcomhlíontar, leis an gcinneadh an tairbhí sin a dhíbirt, Airteagal 4 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

(65)

Ba cheart foráil a dhéanamh d’fhorálacha sonracha maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach seo, d’fhonn aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige i dtéarmaí imirce daoine oilte i dtíortha i mbéal forbartha a shainaithint agus a shrianadh, b’fhéidir, agus chun cur amú éirime a sheachaint.

(66)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon nós imeachta iontrála speisialta a bhunú agus coinníollacha iontrála agus cónaithe a ghlacadh, is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí agus a mbaill teaghlaigh, agus maidir le cearta a bhaineann léi a bhunú, a ghnóthú go leordhóthanach, go háirithe –– i dtaca le soghluaisteacht na ndaoine sin a áirithiú idir na Ballstát agus tacar aonair critéar iontrála a chur ar fáil sna Ballstáit ar fad chun leas níos fearr a bhaint as tarraingteacht fhoriomlán an Aontais, agus, de bharr a fairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(67)

Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail dá dtugtar aitheantas sa Chairt i gcomhréir le hAirteagal 6 CAE.

(68)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(69)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(70)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi ceangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(71)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/50/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo leagtar síos:

(a)

na coinníollacha iontrála agus cónaithe maidir le tréimhsí is faide ná 3 mhí ar chríoch na mBallstát, agus na cearta, a bheidh ag náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí agus ag a mbaill teaghlaigh;

(b)

coinníollacha iontrála agus cónaithe, agus cearta, náisiúnach tríú tír agus a mbaill teaghlaigh, dá dtagraítear i bpointe (a), i mBallstáit seachas an Ballstát inar deonaíodh an chéad Chárta Gorm AE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo:

(1)

ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” aon duine nach saoránach den Aontas é nó í, de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE;

(2)

ciallaíonn “fostaíocht dár gá ardcháilíochtaí” duine a fhostú:

(a)

atá faoi chosaint, sa Bhallstát lena mbaineann, mar fhostaí faoin dlí náisiúnta fostaíochta nó i gcomhréir leis an gcleachtas náisiúnta, beag beann ar an gcaidreamh dlíthiúil, ar mhaithe le hobair dhílis agus éifeachtach a fheidhmiú do dhuine éigin eile, nó faoi stiúir duine éigin eile;

(b)

atá á íoc nó á híoc as an obair sin a dhéanamh; agus

(c)

a bhfuil na hardcháilíochtaí gairmiúla is gá aige nó aici;

(3)

ciallaíonn “Cárta Gorm AE” cead cónaithe ar a bhfuil an téarma “Cárta Gorm AE” scríofa lena dtugtar teideal dá shealbhóir cónaí agus oibriú ar chríoch Ballstáit faoi théarmaí na Treorach seo;

(4)

ciallaíonn “an chéad Bhallstát” an Bhallstát a thugann Cárta Gorm AE do náisiúnach tríú tír sa chéad áit;

(5)

ciallaíonn “an dara Ballstát” aon Bhallstát, seachas an chéad Bhallstát, ina bhfeidhmíonn sealbhóir Chárta Gorm AE an ceart chun soghluaisteachta de réir bhrí na Treorach seo, nó ina bhfuil sé ar intinn aige nó aici sin a fheidhmiú;

(6)

ciallaíonn “baill teaghlaigh” náisiúnaigh tríú tír ar baill teaghlaigh iad dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir 2003/86/CE;

(7)

ciallaíonn “ardcháilíochtaí gairmiúla” cáilíochtaí arna bhfianú le fianaise ar cháilíochtaí ardoideachais nó ardscileanna gairmiúla;

(8)

ciallaíonn “cáilíochtaí ardoideachais” aon dioplóma, teastas nó fianaise eile ar cháilíochtaí foirmiúla arna n-eisiúint ag údarás inniúil lena bhfianaítear gur críochnaíodh clár ardoideachais iar-mheánscoile nó a chómhaith de chlár oideachais tríú leibhéal, eadhon sraith de chúrsaí arna gcur ar fáil ag eagras oideachais atá aitheanta mar institiúid ardoideachais nó mar a cómhaith d’institiúid oideachais ag an Stát ina bhfuil sí suite, i gcás inar mhair an cúrsa staidéir ba ghá chun na cáilíochtaí sin a fháil 3 bliana ar a laghad agus i gcás ina gcomhfhreagróidh siad le leibhéal 6, ISCED 2011 nó, i gcás inarb iomchuí, le leibhéal 6 den Chreat Eorpach um Cháilíochtaí, ar a laghad, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(9)

ciallaíonn “ardscileanna gairmiúla”:

(a)

maidir leis na slite beatha a liostaítear in Iarscríbhinn I, eolas, scileanna agus inniúlachtaí, arna bhfianú le taithí ghairmiúil ar leibhéal is inchomparáide le cáilíochtaí ardoideachais, atá ábhartha don ghairm nó don earnáil a shonraítear sa chonradh oibre nó sa tairiscint cheangailteach phoist, agus a fuarthas le linn na ré a leagtar amach in Iarscríbhinn I i gcás gach ceirde ábhartha;

(b)

maidir le slite beatha eile, i gcás ina bhforálfar ina leith sa dlí náisiúnta nó faoi na nósanna imeachta náisiúnta, agus sna cásanna sin amháin, eolas, scileanna agus inniúlachtaí arna bhfianú le taithí ghairmiúil 5 bliana, ar a laghad, ar leibhéal is inchomparáide le cáilíochtaí ardoideachais agus is ábhartha sa ghairm nó san earnáil a shonraítear sa chonradh oibre nó sa tairiscint cheangailteach phoist;

(10)

ciallaíonn “taithí ghairmiúil” cleachtadh iarbhír agus dleathach na gairme lena mbaineann;

(11)

ciallaíonn “gairm rialaithe” gairm rialaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (a) de Threoir 2005/36/CE;

(12)

ciallaíonn “gairm neamhrialaithe” gairm nach gairm rialaithe í;

(13)

ciallaíonn “gníomhaíocht ghnó” gníomhaíocht shealadach a bhaineann go díreach le leasanna gnó an fhostóra agus le dualgais ghairmiúla shealbhóir Chárta Gorm AE, bunaithe ar an gconradh oibre sa chéad Bhallstát, lena n-áirítear freastal ar chruinnithe gnó inmheánacha nó seachtracha, freastal ar chomhdhálacha nó ar sheimineáir, caibidlíocht a dhéanamh ar bhearta gnó, tabhairt faoi ghnóthas nó gníomhaíochtaí margaíochta, deiseanna gnó a fhiosrú, nó freastal ar chúrsaí oiliúna;

(14)

ciallaíonn “cosaint idirnáisiúnta” cosaint idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Threoir 2011/95/AE.

Airteagal 3

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le náisiúnaigh tríú tír a dhéanann iarratas ar ligean isteach, nó ar ligeadh isteach cheana iad, ar chríoch Ballstáit chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí faoin Treoir seo.

2.   Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le náisiúnaigh tríú tír:

(a)

a iarrann cosaint idirnáisiúnta agus atá ag feitheamh ar chinneadh maidir lena stádas nó dár deonaíodh cosaint shealadach i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE ón gComhairle (23) i gceann de na Ballstáit;

(b)

a iarrann cosaint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le hoibleagáidí idirnáisiúnta nó le cleachtas Ballstáit agus atá ag feitheamh ar chinneadh maidir lena stádas, nó ar tairbhithe iad de chosaint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le hoibleagáidí idirnáisiúnta nó le cleachtas Ballstáit;

(c)

a dhéanann iarratas ar chead cónaithe i mBallstát mar thaighdeoirí de réir bhrí Threoir (AE) 2016/801, chun tionscadal taighde a chur i gcrích;

(d)

a bhfuil acu stádas cónaitheora fhadtéarmaigh de chuid an Aontais i mBallstát i gcomhréir le Treoir 2003/109/CE agus a fheidhmíonn a gceart chun cónaithe i mBallstát eile chun dul i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch i gcáil fostaí nó i gcáil fhéinfhostaithe;

(e)

a thagann isteach i mBallstát faoi ghealltanais atá i gcomhaontú idirnáisiúnta lena ndéantar iontráil agus fanacht a éascú do chatagóirí áirithe de dhaoine nádúrtha a bhaineann le trádáil agus infheistíocht, cé is moite de náisiúnaigh tríú tír dár deonaíodh cead isteach ar chríoch an Bhallstáit sin mar aistrithe idirchorparáideacha de bhun Treoir 2014/66/AE;

(f)

a bhfuil a ndíbirt curtha ar fionraí ar chúiseanna dlí nó fíorais;

(g)

a chumhdaítear le Treoir 96/71/CE ar feadh ré a bpostaithe ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann; nó

(h)

a bhfuil acu, faoi chomhaontuithe idir an tAontas agus na Ballstáit, ar lámh amháin, agus tríú tíortha, ar lámh eile, cearta saorghluaiseachta, mar náisiúnaigh de na tríú tíortha sin, atá coibhéiseach leo siúd atá ag saoránaigh an Aontais.

3.   Tá an Treoir seo gan dochar don cheart atá ag Ballstáit ceadanna cónaithe a eisiúint cé is moite de Chárta Gorm AE chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí. Ní bhronnfar, ar bhonn na gceadanna cónaithe sin, ceart cónaithe i mBallstáit eile mar a fhoráiltear sa Treoir seo.

Airteagal 4

Forálacha níos fabhraí

1.   Tá an Treoir seo gan dochar d’fhorálacha níos fabhraí dá gcuid seo a leanas:

(a)

dlí an Aontais, lena n-áirítear comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas nó an tAontas agus na Ballstáit ar lámh amháin, agus tríú tír amháin nó níos mó ar lámh eile; agus

(b)

comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha arna dtabhairt i gcrích idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó.

2.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do cheart na mBallstát forálacha níos fabhraí a ghlacadh nó a choimeád i ndáil le hAirteagal 8(5), Airteagal 11, Airteagal 15(4), Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 18(4).

CAIBIDIL II

CRITÉIR MAIDIR LE LIGEAN ISTEACH, DIÚLTÚ AGUS TARRAINGT SIAR

Airteagal 5

Critéir maidir le ligean isteach

1.   Maidir le cead isteach a bheith ag náisiúnach tríú tír faoin Treoir seo, déanfaidh iarratasóir ar Chárta Gorm AE:

(a)

conradh oibre bailí a thíolacadh nó, mar a fhoráiltear dó sa dlí náisiúnta, tairiscint cheangailteach poist le haghaidh fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, do thréimhse dar fad 6 mhí, ar a laghad, sa Bhallstát lena mbaineann;

(b)

i gcás gairmeacha neamhrialaithe, doiciméid lena bhfianaítear na hardcháilíochtaí ábhartha gairmiúla i ndáil leis an obair a bheidh le déanamh a thíolacadh;

(c)

i gcás gairmeacha rialaithe, doiciméid a thíolacadh lena bhfianaítear go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach leis an dlí náisiúnta ionas go mbeidh saoránaigh de chuid an Aontais in ann an ghairm rialaithe a shonraítear sa chonradh oibre nó an tairiscint cheangailteach poist a fheidhmiú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(d)

doiciméad bailí taistil a thíolacadh, de réir mar a chinntear leis an dlí náisiúnta, agus, más gá, iarratas ar víosa, víosa bailí nó, i gcás inarb infheidhme, cead bailí cónaithe nó víosa bailí fadfhanachta;

(e)

fianaise a sholáthar lena léirítear go bhfuil árachas breoiteachta acu, nó má fhoráiltear dó leis an dlí náisiúnta go ndearnadh iarratas ar árachas breoiteachta, in aghaidh na rioscaí uile a chumhdaítear de ghnáth i gcás náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit lena mbaineann, do na tréimhsí sin nach dtugtar cumhdach árachais ná teidlíocht chomhfhreagrach ina leith mar chuid den chonradh oibre nó de bhun an chonartha oibre.

2.   Ceanglóidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na coinníollacha faoin dlí is infheidhme, a shonraítear i gcomhaontuithe cómhargála nó a bhunaítear trí chleachtais sna brainsí ceirde ábhartha le haghaidh fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí.

3.   Chomh maith leis na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 agus 2, maidir le méid an olltuarastail bhliantúil a eascraíonn as an tuarastal míosúil nó bliantúil a shonraítear sa chonradh oibre nó sa tairiscint cheangailteach poist, ní bheidh sé níos ísle ná an tairseach thuarastail arna leagan amach agus arna fhoilsiú chun na críche sin ag na Ballstáit lena mbaineann.

Socróidh an Ballstát lena mbaineann an tairseach thuarastail dá dtagraítear sa chéad fhomhír tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe sóisialta de réir na gcleachtas náisiúnta. Beidh sí 1,0 oiread, ar a laghad, ach gan dul thar 1,6 oiread níos airde ná an meán-olltuarastal bliantúil sa Bhallstát lena mbaineann.

4.   De mhaolú ar mhír 3, i dtaca le fostaíocht ina mbíonn gá sonrach le hoibrithe ar náisiúnaigh tríú tír iad agus a bhaineann le mórghrúpaí 1 agus 2 d’aicmiú ISCO, féadfaidh Ballstát tairseach thuarastail níos ísle a leagan síos dar luach 80 %, ar a laghad, den tairseach thuarastail a leagann an Ballstát lena mbaineann síos i gcomhréir le mír 3, ar choinníoll nach mbeidh an tairseach thuarastail níos ísle i gcás ar bith ná 1,0 oiread an mheán-olltuarastail bhliantúil sa Bhallstát sin.

5.   De mhaolú ar mhír 3, maidir le náisiúnaigh tríú tír a fuair ardcháilíocht oideachais tráth nach faide ná 3 bliana sular cuireadh isteach iarratas ar Chárta Gorm AE, féadfaidh Ballstát tairseach thuarastail is ísle a leagan síos dar luach 80 %, ar a laghad, den tairseach thuarastail a leagann an Ballstát sin síos i gcomhréir le mír 3, ar choinníoll nach mbeidh an tairseach thuarastail níos ísle i gcás ar bith ná 1,0 oiread an mheán-olltuarastail bhliantúil sa Bhallstát lena mbaineann.

I gcás ina n-athnuaitear Cárta Gorm AE le linn na tréimhse 3 bliana, beidh feidhm i gcónaí ag an tairseach thuarastail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, más rud é:

(a)

nach bhfuil an tréimhse thosaigh dar fad 3 bliana caite fós; nó

(b)

nach bhfuil 24 mhí caite fós ó eisíodh an chéad Chárta Gorm AE.

6.   I gcás ina mbaineann iarratas ar Chárta Gorm AE le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil cead cónaithe náisiúnta chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí arna eisiúint ag an mBallstát céanna, ní dhéanfaidh an Ballstát sin:

(a)

a cheangal ar an iarratasóir na doiciméid dá bhforáiltear i mír 1, pointe (b) nó (c), a chur ar fáil má fíoraíodh na hardcháilíochtaí ábhartha gairmiúla cheana féin i gcomhthéacs an iarratais ar an gcead cónaithe náisiúnta;

(b)

a cheangal ar an iarratasóir an fhianaise dá bhforáiltear i mír 1, pointe (e) den Airteagal seo a thíolacadh mura gcuirtear an t-iarratas isteach i gcomhthéacs athrú fostaíochta, agus sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 15 dá réir; agus

(c)

Airteagal 7(2), pointe (a), a fheidhmiú ach amháin má thíolactar an t-iarratas i gcomhthéacs athrú fostaíochta, agus sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 15 dá réir.

7.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an náisiúnach tríú tír lena mbaineann an seoladh atá aige nó aici ar chríoch an Bhallstáit a chur ar fáil.

I gcás ina gceanglaítear, le dlí an Bhallstáit, seoladh a chur ar fáil tráth déanta an iarratais ach nach eol don náisiúnach tríú tír lena mbaineann an seoladh a bheidh aige nó aici tráth is faide anonn, glacfaidh an Ballstát le seoladh sealadach. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh an náisiúnach tríú tír a bhuanseoladh nó a buanseoladh ar fáil tráth nach déanaí ná tráth eisiúna Chárta Gorm AE de bhun Airteagal 9.

Airteagal 6

Líon na ndaoine a ligfear isteach

Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear don cheart atá ag Ballstáit líon na náisiúnach tríú tír a ligfear isteach ar a gcríoch ó thríú tíortha a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 79(5) CFAE.

Airteagal 7

Forais maidir le hiarratas ar Chárta Gorm AE a dhiúltú

1.   Diúltóidh Ballstát d’iarratas ar Chárta Gorm AE sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach gcomhlíontar le hAirteagal 5;

(b)

maidir leis na doiciméid a tíolacadh, i gcás ina bhfuarthas na doiciméid go calaoiseach, nó ina ndearnadh iad a fhalsú nó a chrioscaíl;

(c)

i gcás ina meastar gur bagairt é an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tsláinte phoiblí; nó

(d)

i gcás ina ndearnadh gnó an fhostóra a bhunú nó ina n-oibríonn sé go príomha ar mhaithe le hiontráil náisiúnach tríú tír a éascú.

2.   Féadfaidh Ballstát iarratas ar Chárta Gorm AE a dhiúltú:

(a)

i gcás ina bhfuil sé mar chonclúid ag údaráis inniúla an Bhallstáit, tar éis staid an mhargaidh saothair a sheiceáil, mar shampla, i gcás ina bhfuil ardleibhéal dífhostaíochta ann, go bhféadfaí an folúntas lena mbaineann a líonadh le duine den lucht saothair náisiúnta nó de lucht saothair an Aontais, nó le náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dleachtach sa Bhallstát sin agus atá mar chuid dá lucht saothair cheana féin de bhun an dlí náisiúnta nó dhlí an Aontais, nó le cónaitheoirí fadtéarmacha san Aontas ar mian leo bogadh chuig an mBallstát sin chun fostaíocht dár gá ardcháilíochtaí a fháil i gcomhréir le Caibidil III de Threoir 2003/109/CE;

(b)

i gcás inar theip ar an bhfostóir a oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh maidir le slándáil shóisialta, cánachas, cearta saothair nó coinníollacha oibre;

(c)

i gcás inar foirceannadh gnó an fhostóra nó ina bhfuil sé á fhoirceannadh faoi dhlíthe náisiúnta dócmhainneachta nó nach bhfuil aon ghníomhaíocht eacnamaíoch á feidhmiú ag an bhfostóir;

(d)

i gcás inar cuireadh smachtbhanna ar an bhfostóir as náisiúnaigh tríú tír a d’fhan go neamhdhleathach a fhostú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), nó as obair neamhdhearbhaithe nó as fostaíocht neamhdhleathach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; nó

(e)

chun a áirithiú go mbeidh earcú eiticiúil ann i ngairmeacha atá thíos le heaspa oibrithe cáilithe sna tíortha tionscnaimh, lena n-áirítear trí chomhaontú ina liostaítear gairmeacha chun na críche sin idir an tAontas agus na Ballstáit ar lámh amháin, agus tríú tír amháin nó níos mó ar lámh eile, nó idir na Ballstáit ar lámh amháin, agus tríú tír amháin nó níos mó ar lámh eile.

3.   Gan dochar do mhír 1, cuirfear imthosca sonracha an cháis san áireamh in aon chinneadh maidir le hiarratas a dhiúltú, agus urramófar prionsabal na comhréireachta.

Airteagal 8

Forais maidir le tarraingt siar nó neamh-athnuachan Chárta Gorm AE

1.   Déanfaidh Ballstát Cárta Gorm AE a tharraingt siar nó diúltóidh siad don Chárta a athnuachan sna cásanna seo a leanas:

(a)

is go calaoiseach a fuarthas, a rinneadh a fhalsú nó a chrioscaíl Cárta Gorm AE nó na doiciméid a tíolacadh;

(b)

níl conradh oibre bailí d’fhostaíocht dár gá ardcháilíochtaí ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a thuilleadh;

(c)

níl na cáilíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b) nó (c) ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a thuilleadh; nó

(d)

le tuarastal an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, ní chomhlíontar a thuilleadh an tairseach thuarastail arna socrú i gcomhréir le hAirteagal 5(3), (4) nó (5), mar is infheidhme.

2.   Féadfaidh Ballstát tarraingt siar nó athnuachan Chárta Gorm AE a dhiúltú sna cásanna seo a leanas:

(a)

ar chúiseanna beartais phoiblí, slándála poiblí nó sláinte poiblí;

(b)

i gcás inarb iomchuí, nuair nár chomhlíon an fostóir a oibleagáidí dlíthiúla maidir le slándáil shóisialta, cánachas, cearta saothair nó coinníollacha oibre;

(c)

i gcás nach bhfuil dóthain acmhainní ag sealbhóir Chárta Gorm AE chun é/í féin a chothú agus, i gcás inarb infheidhme, a theaghlach nó a teaghlach a chothú, gan dul i dtuilleamaí chóras cúnaimh shóisialta an Bhallstáit sin;

(d)

i gcás ina bhfuil sealbhóir Chárta Gorm AE ina chónaí nó ina cónaí sa Bhallstát sin chun críoch seachas na críocha sin a bhfuil sé údaraithe cónaí ina leith;

(e)

i gcás nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha faoin dlí is infheidhme, a shonraítear i gcomhaontuithe cómhargála nó a bhunaítear trí chleachtais sna brainsí ceirde ábhartha le haghaidh fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí;

(f)

i gcás nár chomhlíon sealbhóir Chárta Gorm AE na nósanna imeachta ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 15(2) pointe (a), nó in Airteagal 15(3) nó (4);

(g)

i gcás nach bhfuil doiciméad taistil bailí ag an sealbhóir Chárta Gorm AE a thuilleadh, ar choinníoll, sular tarraingíodh siar Cárta Gorm AE, gur leag an Ballstát sin síos sprioc-am réasúnta do shealbhóir Chárta Gorm AE doiciméad bailí taistil a fháil agus a thíolacadh; nó

(h)

i gcás nach gcomhlíonann sealbhóir Chárta Gorm AE na coinníollacha gluaisteachta a leagtar amach i gCaibidil V.

Chun críocha pointe (c) den chéad fhomhír, déanfaidh Ballstát dóthanacht na n-acmhainní sin a mheasúnú trí bhreathnú ar a gcineál agus ar a rialtacht agus féadfar a chur san áireamh an leibhéal náisiúnta íosphá, íosioncaim nó pinsin íosta chomh maith le líon na mball teaghlaigh atá ag sealbhóir Chárta Gorm AE. Cuirfear san áireamh i measúnú den sórt sin ranníocaíochtaí na mball teaghlaigh i dtaca le hioncam an teaghlaigh.

3.   De mhaolú ar mhír 2, an chéad fhomhír, pointe (f), den Airteagal seo, ní mheasfar teip ar chumarsáid a dhéanamh lena gceanglaítear faoi Airteagal 15(2), pointe (a), nó Airteagal 15(3) nó (4) mar chúis le Cárta Gorm AE a tharraingt siar nó gan é a athnuachan má chruthaíonn sealbhóir Chárta Gorm AE nár tháinig an teachtaireacht chuig na húdaráis inniúla mar gheall ar imthosca nach bhfuil smacht aige nó aici orthu.

4.   De mhaolú ar mhír 1, pointí (b) agus (d), féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan Cárta Gorm AE a tharraingt siar nó gan diúltú don athnuachan i gcás nach gcomhlíonann sealbhóir an Chárta, ar bhonn sealadach, i gcás ar bith, ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí, na critéir maidir le ligean isteach a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), Airteagal 5(3) nó, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 5(4) nó (5), mar gheall ar bhreoiteacht, ar mhíchumas nó ar shaoire thuismitheoireachta.

5.   De mhaolú ar mhír 1, pointí (b) agus (d) de agus ar mhír 2, an chéad fhomhír, pointe (c), ní dhéanfar Cárta Gorm AE a tharraingt siar agus ní dhiúltófar dá athnuachan i gcás ina bhfuil sealbhóir Chárta Gorm AE dífhostaithe, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá tréimhse dífhostaíochta níos faide ná 3 mhí carntha ag sealbhóir Chárta Gorm AE, agus tá Cárta Gorm AE aige nó aici le níos lú ná 2 bhliain; nó

(b)

tá tréimhse dífhostaíochta níos faide ná 6 mhí carntha ag sealbhóir Chárta Gorm AE, agus tá Cárta Gorm AE aige nó aici le 2 bhliain ar a laghad.

Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt tréimhsí dífhostaíochta níos faide a charnadh sula dtarraingeoidh siad siar Cárta Gorm AE nó sula ndéanfar é a athnuachan.

6.   I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag Ballstát Cárta Gorm AE a tharraingt siar nó gan é a athnuachan i gcomhréir le mír 2, an chéad fhomhír, pointe (b) nó (e), tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra roimh ré do shealbhóir Chárta Gorm AE, agus leagfaidh sé sprioc-am réasúnach síos do shealbhóir Chárta Gorm AE de 3 mhí ar a laghad chun fostaíocht nua a lorg faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 15(1), (2) agus (3). 6 mhí ar a laghad a bheidh sa tréimhse chun fostaíocht a lorg i gcás ina raibh sealbhóir Chárta Gorm AE fostaithe roimhe seo ar feadh 2 bhliain ar a laghad.

7.   Gan dochar do mhír 1, cuirfear imthosca sonracha an cháis san áireamh in aon chinneadh maidir le Cárta Gorm AE a dhiúltú nó gan é a athnuachan, agus urramófar prionsabal na comhréireachta leis.

CAIBIDIL III

CÁRTA GORM AE AGUS AN NÓS IMEACHTA

Airteagal 9

Cárta Gorm AE

1.   I gcás ina gcomhlíonann náisiúnach tríú tír na critéir a leagtar amach in Airteagal 5 agus nach mbíonn feidhm ag aon fhoras diúltaithe de bhun Airteagal 7, eiseofar Cárta Gorm AE chuig an duine sin.

I gcás nach n-eisíonn Ballstát ceadanna cónaithe ach ar a chríoch féin agus go gcomhlíonann an náisiúnach tríú tír na coinníollacha iontrála go léir a leagtar síos sa Treoir seo, eiseoidh an Ballstát lena mbaineann an víosa atá riachtanach chuige nó chuici chun Cárta Gorm AE a fháil.

2.   Leagfaidh na Ballstáit amach tréimhse chaighdeánach bhailíochta, nach giorra ná 24 mhí, do Chárta Gorm AE. I gcás ina mbíonn tréimhse níos giorra i gceist le conradh oibre shealbhóir Chárta Gorm AE, beidh Cárta Gorm AE bailí ar feadh tréimhse an chonartha oibre móide 3 mhí ar a laghad, ach nach faide ná an tréimhse chaighdeánach dá dtagraítear sa chéad abairt. Má tá tréimhse bhailíochta an doiciméid taistil níos giorra ná tréimhse bhailíochta Chárta Gorm AE a bheadh feidhm aige faoin gcéad abairt nó faoin dara habairt, áfach, beidh Cárta Gorm AE bailí ar feadh tréimhse nach giorra ná tréimhse bhailíochta an doiciméid taistil.

3.   Eiseoidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann Cárta Gorm an Aontais de réir na formáide aonfhoirmí a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002. I gcomhréir le pointe (a)12 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, féadfaidh na Ballstáit a léiriú ar Chárta Gorm AE na coinníollacha rochtana maidir le margadh an tsaothair a leagtar amach in Airteagal 15(1) den Treoir seo. Scríobhfaidh na Ballstáit na focail “Cárta Gorm AE” sa spás a choinnítear do “cineál an ceada” ar an gcead cónaithe.

Féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise a bhaineann le caidreamh fostaíochta an duine ag a bhfuil Cárta Gorm AE a sholáthar ar páipéar nó a stóráil go leictreonach, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002, agus i bpointe (a)(16) den Iarscríbhinn a ghabhann leis.

4.   I gcás ina n-eisíonn Ballstát Cárta Gorm AE do náisiúnach tríú tír dár dheonaigh sé cosaint idirnáisiúnta, cuirfidh sé an ráiteas seo a leanas ar Chárta Gorm AE a eiseofar chuig an náisiúnach tríú tír sin, faoin teideal “Ráitis”: “Cosaint idirnáisiúnta deonaithe ag [ainm an Bhallstáit] ar [dáta]”. I gcás ina ndéanann an Ballstát sin an chosaint idirnáisiúnta atá ag sealbhóir Chárta Gorm AE a tharraingt siar, eiseoidh sé, i gcás inarb iomchuí, Cárta Gorm AE nua nach mbeidh an ráiteas sin air.

5.   I gcás ina n-eisíonn Ballstát Cárta Gorm AE do náisiúnach tríú tír ar tairbhí den chosaint idirnáisiúnta é i mBallstát eile, cuirfidh an Ballstát a eisíonn Cárta Gorm AE an ráiteas seo a leanas ar Chárta Gorm AE a eiseofar chuig an náisiúnach tríú tír sin, faoin gceannteideal “Ráitis”: “Cosaint idirnáisiúnta deonaithe ag [ainm an Bhallstáit] ar [dáta] ”.

Sula gcuirfidh an Ballstát an ráiteas sin isteach, tabharfaidh sé fógra don Bhallstát atá le lua sa ráiteas sin go bhfuil sé de rún aige Cárta Gorm AE a eisiúint agus iarrfaidh sé ar an mBallstát sin a dhaingiú go bhfuil sealbhóir Chárta Gorm AE fós ina thairbhí de chosaint idirnáisiúnta. Tabharfaidh an Ballstát a luafar sa ráiteas freagra tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dó an iarraidh ar fhaisnéis a fháil. I gcás ina ndéanfar cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar trí chinneadh críochnaitheach, ní chuirfidh an Ballstát a eisíonn Cárta Gorm AE an ráiteas sin isteach.

Más rud é, i gcomhréir leis na hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha nó leis an dlí náisiúnta, gur aistríodh an fhreagracht as cosaint idirnáisiúnta shealbhóir Chárta Gorm AE chuig an mBallstát tar éis dó Cárta Gorm AE a eisiúint i gcomhréir leis an gcéad fhomhír„ leasóidh an Ballstát sin an ráiteas dá réir laistigh de 3 mhí tar éis an aistrithe.

6.   I gcás ina n-eisíonn Ballstát Cárta Gorm AE do náisiúnach tríú tír ar bhonn ardscileanna gairmiúla i ngairmeacha nach liostaítear in Iarscríbhinn I, cuirfidh an Ballstát a eisíonn Cárta Gorm AE an ráiteas seo a leanas ar Chárta Gorm AE sin, faoin gceannteideal ‘Ráitis’: “[Gairmeacha nach liostaítear in Iarscríbhinn I]”.

7.   Le linn thréimhse a bhailíochta, beidh sealbhóir Cárta Gorm AE i dteideal an méid seo a leanas:

(a)

dul isteach, dul isteach arís agus fanacht ar chríoch an Bhallstáit a eisíonn Cárta Gorm AE; agus

(b)

leas a bhaint as na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo.

Airteagal 10

Iarratais ar ligean isteach

1.   Cinnfidh na Ballstáit an é an náisiúnach tríú tír nó an fostóir a chuirfidh iarratais isteach ar Chárta Gorm AE. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do cheachtar acu iarratas a chur isteach.

2.   Déanfar iarratas ar Chárta Gorm AE a mheas agus a scrúdú nuair a bheidh cónaí ar an náisiúnach tríú tír lena mbaineann lasmuigh de chríoch an Bhallstáit ar mian leis cead isteach ann, nó nuair a bheidh an náisiúnach ina chónaí nó ina cónaí ar chríoch an Bhallstáit sin cheana féin agus cead bailí cónaithe nó víosa fhadfhanachta ina sheilbh aige nó ina seilbh aici.

3.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh Ballstát, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta féin, glacadh le hiarratas ar Chárta Gorm AE arna thíolacadh ag náisiúnach tríú tír atá i láthair go dlíthiúil ar chríoch an Bhallstáit ach nach bhfuil cead bailí cónaithe nó víosa fhadfhanachta ina sheilbh aige nó ina seilbh aici.

Airteagal 11

Coimircí nós imeachta

1.   Glacfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann cinneadh maidir leis an iarratas ar Chárta Gorm AE agus tabharfaidh siad fógra i scríbhinn don iarratasóir, i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le fógra a leagtar síos i ndlí an Bhallstáit sin. Glacfar an cinneadh sin agus tabharfar fógra ina leith a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 90 lá ón dáta ar tíolacadh an t-iarratas iomlán.

I gcás inar aithníodh an fostóir i gcomhréir le hAirteagal 13, déanfar an cinneadh maidir leis an iarrtas ar Chárta Gorm AE a ghlacadh agus fógra a thabhairt a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 30 lá ó dháta tíolactha an iarratais iomláin.

2.   I gcás ina bhfuil na doiciméid a thíolactar nó an fhaisnéis a chuirtear ar fáil mar thaca leis an iarratas easnamhach nó neamhiomlán, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don iarratasóir faoi na doiciméid bhreise nó an fhaisnéis bhreise a cheanglaítear agus socróidh siad sprioc-am réasúnta faoi nach mór iad a thíolacadh nó a sholáthar. Cuirfear an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 ar fionraí go dtí go mbeidh na doiciméid bhreise nó an fhaisnéis bhreise a cheanglaítear faighte ag na húdaráis. Más rud é nach soláthraítear na doiciméid bhreise nó an fhaisnéis bhreise is gá faoin sprioc-am, is féidir an t-iarratas a dhiúltú.

3.   Maidir le haon chinneadh ar iarratas ar Chárta Gorm AE a dhiúltú, ar chinneadh Cárta Gorm AE a tharraingt siar nó ar chinneadh gan Cárta Gorm AE a athnuachan, cuirfear sin in iúl i scríbhinn don náisiúnach tríú tír lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, d’fhostóir an náisiúnaigh sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt a leagtar amach sa dlí náisiúnta ábhartha. Sonrófar san fhógra na cúiseanna atá leis an gcinneadh agus an t-údarás inniúil ar féidir achomharc a chur isteach chuige mar aon leis an teorainn ama chun an t-achomharc a chur isteach. Soláthróidh na Ballstáit leigheas breithiúnach éifeachtach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

4.   Tabharfar cead d’iarratasóir iarratas a thíolacadh ar athnuachan a dhéanamh ar a Chárta Gorm AE nó a Cárta Gorm AE sula rachaidh sé in éag. Féadfaidh na Ballstáit sprioc-am nach mó ná 90 lá roimh dháta dul in éag Chárta Gorm AE a shocrú faoi nach mór iarratas ar athnuachan a thíolacadh.

5.   Más rud é go dtéann bailíocht Chárta Gorm AE in éag le linn an nós imeachta athnuachana, tabharfaidh na Ballstáit cead don náisiúnach tríú tír fanacht ar a gcríoch amhail is dá mba shealbhóir Chárta Gorm AE é go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag na húdaráis inniúla maidir le hiarratas ar athnuachan.

6.   I gcás ina n-eisíonn Ballstáit ceadanna cónaithe náisiúnta chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí deonóidh siad do shealbhóirí Chárta Gorm AE na coimircí nós imeachta is comhionann leis na cinn dá bhforáiltear faoina scéimeanna náisiúnta, i gcás ina bhfuil coimircí nós imeachta faoi na scéimeanna náisiúnta den sórt sin níos fabhraí ná na cinn dá bhforáiltear i míreanna 1 go 5.

Airteagal 12

Táillí

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go n-íocfar táillí chun iarratais a láimhseáil i gcomhréir leis an Treoir seo. Ní bheidh leibhéal na dtáillí a fhorchuirfidh Ballstát chun iarratais a phróiseáil díréireach ná iomarcach.

I gcás ina n-eisíonn Ballstáit ceadanna náisiúnta cónaithe chun críche fostaíocht dár gá ardcháilíochtaí, ní cheanglóidh siad ar iarratasóirí ar Chárta Gorm AE táillí níos airde a íoc ná na táillí a fhorchuirfear ar iarratasóirí ar cheadanna náisiúnta.

Airteagal 13

Fostóirí aitheanta

1.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do nósanna imeachta aitheantais d’fhostóirí i gcomhréir lena ndlí náisiúnta nó lena gcleachtas riaracháin chun críocha nós imeachta simplithe chun Cárta Gorm AE a fháil.

I gcás ina ndéanann Ballstát foráil do nósanna imeachta aitheantais den sórt sin, soláthróidh sé faisnéis shoiléir thrédhearcach do na fostóirí lena mbaineann maidir le, inter alia, na coinníollacha agus na critéir maidir le haitheantas, tréimhse bhailíochta an aitheantais agus na hiarmhairtí a eascróidh as neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le haitheantas, lena n-áirítear go bhféadfaí an Cárta Gorm a tharraingt siar nó gan an aitheantas a athnuachan, mar aon le haon smachtbhanna a bhfuil feidhm acu.

Ní bheidh ualaí riaracháin díréireacha ná iomarcach ná costais dhíréireacha ná iomarcacha d’fhostóirí i gceist leis na nósanna imeachta aitheantais, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

2.   Áireofar sna nósanna imeachta simplithe próiseáil iarratas i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 11(1). Beidh díolúine ag na hiarratasóirí maidir leis an mír nó na míreanna fianaise dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b) nó (e), nó in Airteagal 5(7) a thíolacadh nó a chur ar fáil.

3.   Féadfaidh na Ballstáit diúltiú aitheantas a thabhairt d’fhostóir de bhun mhír 1 i gcás inar cuireadh smachtbhanna ar an bhfostóir sin as aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

náisiúnaigh tríú tír a fhanann go neamhdhleathach a fhostú i gcomhréir le Treoir 2009/52/CE;

(b)

obair nár dearbhaíodh nó fostaíocht atá neamhdhleathach faoin dlí náisiúnta; nó

(c)

teip air nó uirthi a oibleagáidí nó a hoibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh maidir le slándáil shóisialta, cánachas, cearta saothair nó coinníollacha oibre.

Cuirfear san áireamh in aon chinneadh diúltú aitheantas a thabhairt d’fhostóir imthosca sonracha an cháis, lena n-áirítear an t-am a d’imigh ó forchuireadh an smachtbhanna, agus urramófar prionsabal na comhréireachta.

4.   Féadfaidh na Ballstáit diúltú aitheantas an fhostóra a athnuachan nó féadfaidh siad an stádas sin a tharraingt siar i gcás nár chomhlíon an fostóir a oibleagáidí nó a hoibleagáidí faoin Treoir sin nó más go calaoiseach a baineadh an t-aitheantas amach.

5.   I gcás ina n-eisíonn Ballstáit ceadanna cónaithe náisiúnta chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí agus ina bhfuil nósanna imeachta aitheantais bunaithe acu d’fhostóirí a éascaíonn eisiúint ceadanna cónaithe den sórt sin, cuirfidh siad na nósanna imeachta aitheantais céanna i bhfeidhm maidir le hiarratais ar Chártaí Gorma AE, i gcás ina bhfuil na nósanna imeachta sin níos fabhraí ná na nósanna imeachta maidir le haitheantas chun ceadanna den sórt sin a eisiúint dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4.

Airteagal 14

Smachtbhannaí i gcoinne fostóirí

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le smachtbhannaí i gcoinne fostóirí nár chomhlíon a gcuid oibleagáidí faoin Treoir seo. Beidh na smachtbhannaí sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le bearta chun cosc a chur ar mhí-úsáidí féideartha na Treorach seo. Leis na bearta sin, áireofar faireachán, measúnú agus, i gcás inarb iomchuí, cigireacht i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le cleachtas riaracháin.

CHAPTER IV

CEARTA

Airteagal 15

Rochtain ar Mhargadh an tSaothair

1.   Beidh rochtain ag sealbhóirí Chárta Gorm AE ar fhostaíocht dár gá ardcháilíochtaí sa Bhallstát lena mbaineann faoi na coinníollacha dá bhforáiltear san Airteagal seo.

2.   Le linn an chéad 12 mhí d’fhostaíocht dhlíthiúil an duine lena mbaineann mar shealbhóir Chárta Gorm AE, féadfaidh Ballstát an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

a cheangal go ndéanfar athrú fostóra nó athrú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh na gcritéar maidir le ligean isteach mar a leagtar amach in Airteagal 5 a chur in iúl do na húdaráis inniúla sa Bhallstát sin, i gcomhréir le nósanna imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta; agus

(b)

a cheangal go mbeidh athrú fostóra faoi réir seiceáil ar staid an mhargaidh saothair, ar choinníoll go ndéanfaidh an Ballstát sin seiceáil den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 7(2), pointe (a).

Féadfar ceart shealbhóir Chárta Gorm AE athrú fostaíochta den sórt sin a chur ar fionraí ar feadh uastréimhse 30 lá fad a bheidh an Ballstát lena mbaineann ag seiceáil go bhfuil na coinníollacha maidir le ligean isteach a leagtar síos in Airteagal 5 á gcomhlíonadh, agus nár féadadh an folúntas atá i gceist a líonadh le duine díobh siúd a liostaítear in Airteagal 7(2), pointe (a). Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cur i gcoinne an athraithe fostaíochta laistigh de na 30 lá sin.

3.   Tar éis thréimhse 12 mhí sin dá dtagraítear i mír 2, ní fhéadfaidh na Ballstáit a éileamh ach go ndéanfaí athrú fostóra nó athrú lena ndéantar difear do chomhlíonadh na gcritéar maidir le ligean isteach mar a leagtar amach in Airteagal 5 a chur in iúl i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta. Le ceanglas den sórt sin, ní chuirfear ar fionraí ceart shealbhóir Chárta Gorm AE dul i mbun na fostaíochta nua agus an fhostaíocht nua a shaothrú.

4.   Le linn tréimhse dífhostaíochta, beidh cead ag sealbhóir Chárta Gorm AE fostaíocht a chuardach agus dul i mbun fostaíochta i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfaidh sealbhóir Chárta Gorm AE tús thréimhse na dífhostaíochta agus, i gcás inarb iomchuí, a deireadh freisin a chur in iúl d’údaráis inniúla Bhallstát a chónaithe, i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha.

5.   Gan dochar do na critéir maidir le ligean isteach a leagtar amach in Airteagal 5, féadfaidh na Ballstáit ceadú do shealbhóirí Chárta Gorm AE tabhairt faoi ghníomhaíocht fhéinfhostaithe ag an am céanna leis an ngníomhaíocht i bhfostaíocht dár gá ardcháilíochtaí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos leis an dlí náisiúnta. Ní dhéanfaidh sé sin difear d’inniúlacht na mBallstát teorainn a chur le raon feidhme na gníomhaíochta féinfhostaithe a cheadófar.

Beidh aon ghníomhaíocht féinfhostaithe den sórt sin tánaisteach do phríomhghníomhaíocht an duine lena mbaineann mar shealbhóir Chárta Gorm AE.

6.   I gcás ina n-eisíonn na Ballstáit ceadanna cónaithe náisiúnta chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, ráthóidh siad go mbeidh rochtain ag sealbhóirí Chárta Gorm AE ar ghníomhaíochtaí féinfhostaithe faoi choinníollacha nach lú fabhar ná na coinníollacha sin dá bhforáiltear faoin scéim náisiúnta ábhartha.

7.   Gan dochar do na critéir maidir le ligean isteach a leagtar amach in Airteagal 5, féadfaidh na Ballstáit ceadú do shealbhóirí Chárta Gorm AE tabhairt faoi ghníomhaíochtaí gairmiúla nach ionann iad agus an phríomhghníomhaíocht ar tugadh Cárta Gorm AE lena haghaidh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos leis an dlí náisiúnta.

8.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstát srianta a choinneáil ar rochtain ar fhostaíocht, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó le dlí an Aontais atá ann cheana, ar choinníoll go mbaineann gníomhaíochtaí fostaíochta den sórt sin in amanna ar a laghad le feidhmiú údaráis phoiblí agus le freagracht maidir le leas ginearálta an Stáit a choimirciú, nó i gcás ina gcuirtear na gníomhaíochtaí fostaíochta sin in áirithe do náisiúnaigh an Bhallstáit sin, do shaoránaigh an Aontais nó do shaoránaigh LEE.

9.   Tá an t-Airteagal seo gan dochar do phrionsabal na tosaíochta do shaoránaigh an Aontais i gcás inarb infheidhme faoi na Gníomhartha Aontachais ábhartha.

Airteagal 16

Cóir chomhionann

1.   Beidh ag sealbhóirí Chárta Gorm AE cóir atá comhionann le cóir náisiúnaigh an Bhallstáit a eisíonn Cárta Gorm AE, maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

téarmaí fostaíochta, lena n-áirítear an aois íosta oibre, agus coinníollacha oibre, lena n-áirítear íocaíocht agus foirceannadh fostaíochta, uaireanta oibre, saoire agus laethanta saoire, mar aon le ceanglais sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre;

(b)

saoirse comhlachais, agus cleamhnacht agus ballraíocht in eagraíocht a dhéanann ionadaíocht d’oibrithe nó d’fhostóirí nó in aon eagraíocht a bhfuil a comhaltaí rannpháirteach i slí bheatha shonrach, lena n-áirítear na cearta agus na tairbhí a thugann na heagraíochtaí sin, gan dochar do na forálacha náisiúnta maidir le beartas poiblí agus slándáil phoiblí;

(c)

oideachas agus oiliúint ghairme;

(d)

aitheantas dioplómaí, teastas agus cáilíochtaí gairmiúla eile i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha;

(e)

brainsí na slándála sóisialta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004; agus

(f)

rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus soláthar earraí agus seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal, lena n-áirítear nósanna imeachta chun tithíocht a fháil, mar aon le faisnéis agus seirbhísí comhairleoireachta a chuireann oifigí fostaíochta ar fáil.

2.   Maidir le mír 1, pointe (c), féadfaidh na Ballstáit cóir chomhionann a shrianadh i ndáil le staidéar agus le deontais agus iasachtaí cothabhála nó deontais agus iasachtaí eile maidir le hoideachas meánscoile, ardoideachas agus gairmoiliúint. Féadfaidh rochtain ar oideachas ollscoile agus iar-mheánscoile a bheith faoi réir réamhriachtanais shonracha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Maidir le mír 1, pointe (f), féadfaidh na Ballstáit cóir chomhionann a shrianadh i ndáil le nósanna imeachta chun tithíocht a fháil. Beidh sé sin gan dochar don tsaoirse chonarthach i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

3.   Sealbhóirí Chárta Gorm AE a bhogann go tríú tír, gheobhaidh siad féin nó a marthanóirí a chónaíonn i dtríú tír agus a dhíorthaíonn cearta ó shealbhóir Chárta Gorm AE, maidir le seanaois, le heasláinte agus le bás, pinsin reachtúla ar bhonn iarfhostaíocht shealbhóir Chárta Gorm AE, a baineadh amach i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, faoi na coinníollacha céanna agus ag na rátaí céanna le náisiúnaigh na mBallstát lena mbaineann i gcás ina mbogann náisiúnaigh den sórt sin chuig tríú tír.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 8, tá an ceart cóir chomhionann a fháil a leagtar síos i mír 1 gan dochar do cheart an Bhallstáit Cárta Gorm an Aontais a tharraingt siar, nó athnuachan an chárta a dhiúltú.

5.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir leo siúd ag a bhfuil Cárta Gorm de chuid an Aontais ar tairbhithe den cheart chun saorghluaiseachta iad faoi dhlí an Aontais sa Bhallstát lena mbaineann.

6.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le sealbhóirí Chárta Gorm AE ar tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta iad ach amháin nuair a chónaíonn siad i mBallstát seachas an Ballstát a thug cosaint idirnáisiúnta dóibh.

7.   I gcás ina n-eisíonn Ballstáit ceadanna cónaithe náisiúnta chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, deonóidh siad na cearta céanna córa comhionainne do shealbhóirí Chárta Gorm AE agus a dheonaítear do shealbhóirí na gceadanna cónaithe náisiúnta, i gcás ina bhfuil na cearta córa comhionainne sin níos fabhraí ná na cinn dá bhforáiltear san Airteagal seo.

Airteagal 17

Baill Teaghlaigh

1.   Tá feidhm ag Treoir 2003/86/CE, faoi réir na maoluithe a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   De mhaolú ar Airteagal 3(1) agus ar Airteagal 8 de Threoir 2003/86/CE, ní bheidh athaontú teaghlaigh ag brath ar ionchais réasúnacha a bheith ag sealbhóir Chárta Gorm AE ceart buanchónaithe a fháil, cead cónaithe le tréimhse bhailíochta níos faide ná bliain amháin nó níos mó a bheith aige nó aici, nó íostréimhse chónaithe a bheith aige nó aici.

3.   De mhaolú ar an tríú fomhír d’Airteagal 4(1) agus ar an dara fomhír d’Airteagal 7(2) de Threoir 2003/86/CE, ní fhéadfar na coinníollacha agus na bearta comhtháthaithe dá dtagraítear ann a chur i bhfeidhm, ach amháin tar éis athaontú teaghlaigh a dheonú dóibh siúd lena mbaineann.

4.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 5(4) de Threoir 2003/86/CE, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hathaontú teaghlaigh agus ina gcuireadh isteach na hiarratais chomhlánaithe in éineacht le chéile, glacfar na cinntí maidir le hiarratais ball teaghlaigh agus cuirfear in iúl iad i gcomhthráth leis an gcinneadh maidir leis an iarratas ar Chárta Gorm AE. I gcás ina dtagann na baill teaghlaigh chomh fada le sealbhóir Chárta Gorm AE i ndiaidh Chárta Gorm AE a bheith deonaithe, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le hathaontú teaghlaigh, glacfar an cinneadh agus cuirfear in iúl é a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 90 lá ón dáta ar tíolacadh an t-iarratas comhlánaithe. Beidh feidhm ag Airteagal 11(2) agus (3) den Treoir seo dá réir sin.

5.   De mhaolú ar Airteagal 13(2) agus (3) de Threoir 2003/86/CE, beidh tréimhse bhailíochta chead cónaithe na mball teaghlaigh mar an gcéanna le tréimhse bhailíochta an Chárta Ghoirm AE sa mhéid go gceadaítear é le tréimhse bhailíochta a gcuid doiciméad taistil.

6.   De mhaolú ar Airteagal 14(2) de Threoir 2003/86/CE, ní chuirfidh na Ballstáit aon teorainn ama i bhfeidhm maidir le rochtain ar mhargadh an tsaothair ag baill teaghlaigh. De mhaolú ar Airteagal 14(1), pointe (b), den Treoir sin, agus gan dochar do na srianta dá dtagraítear in Airteagal 15(8) den Treoir seo, beidh rochtain ag baill teaghlaigh ar aon fhostaíocht, agus ar ghníomhaíocht fhéinfhostaithe i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme leis an dlí náisiúnta, sa Bhallstát lena mbaineann.

7.   De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Threoir 2003/86/CE, chun ré chónaithe atá de dhíth a ríomh maidir le cead cónaithe uathrialach a fháil, déanfar tréimhsí cónaithe i mBallstáit éagsúla a charnadh. Féadfaidh Ballstáit tréimhse chónaithe dhlíthiúil leanúnaigh 2 bhliain ar chríoch an Bhallstáit inar cuireadh isteach an t-iarratas ar chead cónaithe uathrialach a cheangal, díreach sula dtíolacfar an t-iarratas ábhartha.

8.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le baill teaghlaigh shealbhóirí Chárta Gorm AE ar tairbhithe iad den cheart chun saorghluaiseachta faoi dhlí an Aontais sa Bhallstát lena mbaineann.

9.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le baill teaghlaigh shealbhóirí Chárta Gorm AE nach tairbhithe cosanta idirnáisiúnta iad ach amháin nuair a chónaíonn na sealbhóirí Chárta Gorm AE sin i mBallstát seachas an Ballstát a thug cosaint idirnáisiúnta dóibh.

10.   I gcás ina n-eisíonn Ballstáit ceadanna cónaithe náisiúnta chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, deonóidh siad na cearta céanna do shealbhóirí Chárta Gorm AE agus dá mbaill teaghlaigh agus a dheonaítear do shealbhóirí na gceadanna cónaithe náisiúnta dá mbaill teaghlaigh, i gcás ina bhfuil cearta den sórt sin níos fabhraí ná na cinn dá bhforáiltear san Airteagal.

Airteagal 18

Stádas mar chónaitheoir fadtéarmach AE do shealbhóirí Chárta Gorm AE

1.   Tá feidhm ag Treoir 2003/109/CE, faoi réir na maoluithe a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   De mhaolú ar Airteagal 4(1) de Threoir 2003/109/CE, tá cead ag sealbhóir Chárta Gorm AE, tar éis dó nó di úsáid a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 21 den Treoir seo, tréimhsí cónaithe a charnadh i mBallstáit éagsúla chun an ceanglas a bhaineann leis an ré chónaithe a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhfuil na tréimhsí seo a leanas carntha ag sealbhóir Chárta Gorm AE:

(a)

líon na mblianta de chónaí dlíthiúil leanúnach a cheanglaítear faoi Airteagal 4(1) de Threoir 2003/109/CE mar shealbhóir Chárta Gorm AE, mar shealbhóir ceada cónaithe náisiúnta le haghaidh fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, mar shealbhóir údaraithe mar thaighdeoir nó, i gcás inarb iomchuí, údarú mar mhac nó iníon léinn i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 4(2) de Threoir 2003/109/CE nó mar thairbhí cosanta idirnáisiúnta ar chríoch na mBallstát; agus

(b)

2 bhliain de chónaí dlíthiúil leanúnach, mar shealbhóir Chárta Gorm AE, ar chríoch an Bhallstáit ina gcuirtear an t-iarratas ar stádas mar chónaitheoir fadtéarmach AE isteach, go díreach roimh an iarratas ábhartha a thíolacadh.

3.   Chun críche ré de chónaí dlíthiúil leanúnach san Aontas dá dtagraítear i mír 2, pointe (a) den Airteagal seo a ríomh, agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 4(3) de Threoir 2003/109/CE, ní chuirfidh tréimhsí a rabhthas imithe as críoch an Bhallstáit lena mbaineann isteach ar an ré de chónaí dlíthiúil leanúnach san Aontas más giorra ná 12 mhí as a chéile na tréimhsí sin agus murar faide ná 18 mí dhéag san iomlán iad laistigh den ré sin

4.   De mhaolú ar Airteagal 9(1), pointe (c), de Threoir 2003/109/CE, cuirfidh na Ballstáit síneadh le tréimhse na hasláithreachta go dtí 24 mhí as a chéile a mbeidh sé ceadaithe ag cónaitheoir fadtéarmach AE, a bhfuil cead cónaithe fhadtéarmaigh aige nó aici ar a bhfuil an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 19(2) den Treoir seo, agus ar deonaíodh stádas mar chónaitheoirí fadtéarmacha AE dá bhaill teaghlaigh nó dá baill teaghlaigh, a bheith imithe as críoch na mBallstát.

5.   Beidh feidhm ag Airteagal 16(1), pointe (f), ag Airteagal 16(3), ag Airteagal 20 agus, i gcás inarb infheidhme ag Airteagail 17 agus 22 maidir le sealbhóirí ceada cónaithe fhadtéarmaigh a bhfuil an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 19(2) air.

6.   I gcás ina bhfeidhmíonn cónaitheoir fadtéarmach AE, a bhfuil cead cónaithe fhadtéarmaigh aige nó aici ar a bhfuil an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 19(2) den Treoir seo, a cheart nó a ceart chun bogadh chuig dara Ballstát de bhun Chaibidil III de Threoir 2003/109/CE, ní bheidh feidhm ag Airteagal 14(3) agus (4) den Treoir sin. Féadfaidh an dara Ballstát bearta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 21(8) den Treoir seo.

Airteagal 19

Cead cónaithe fhadtéarmaigh

1.   Maidir le sealbhóirí Chárta Gorm AE a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 18 den Treoir seo chun stádas mar chónaitheoirí fadtéarmacha AE a fháil, eiseoidh na Ballstáit cead cónaitheora chucu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002.

2.   Cuirfidh na Ballstáit na focail “Iar-shealbhóir Chárta Gorm AE” sa chead cónaithe dá dtagraítear i mír 1 faoin teideal “ráitis”.

CAIBIDIL V

SOGHLUAISTEACHT IDIR NA BALLSTÁIT

Airteagal 20

Soghluaisteacht ghearrthéarmach

1.   Maidir le náisiúnach tríú tír ag a bhfuil Cárta Gorm AE bailí a d’eisigh Ballstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, i gcás ina dtéann sé nó sí isteach agus ina bhfanann sé nó sí sa dara Ballstát nó i roinnt dara Ballstát ar feadh tréimhse 90 lá in aon tréimhse 180 lá chun críche gníomhaíocht ghnó a dhéanamh, ní éileoidh an dara Ballstát aon údarú chun an ghníomhaíocht sin a fheidhmiú seachas Cárta Gorm AE.

2.   Beidh náisiúnach tríú tír ag a bhfuil Cárta Gorm AE bailí, a d’eisigh Ballstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, i dteideal dul isteach agus fanacht chun críche gníomhaíocht ghnó a dhéanamh sa dara Ballstát nó i roinnt dara Ballstát go ceann 90 lá in aon tréimhse 180 lá ar bhonn Chárta Gorm AE chomh maith le doiciméad taistil bailí. I gcás ina dtrasnaíonn sealbhóir Chárta Gorm AE teorainn inmheánach, nár baineadh rialuithe ina leith go fóill, go dara Ballstát a bhfuil acquis Schengen á chur i bhfeidhm ina iomláine aige, féadfaidh an dara Ballstát a cheangal ar shealbhóir Chárta Gorm AE fianaise a thabhairt maidir le críoch ghnó an fhanachta. Ní éileoidh an dara Ballstát aon údarú chun an ghníomhaíocht ghnó a fheidhmiú seachas Cárta Gorm AE.

Airteagal 21

Soghluaisteacht fhadthéarmach

1.   Tar éis 12 mhí de chónaí dlíthiúil sa chéad Bhallstát mar shealbhóir Chárta Gorm AE, beidh an náisiúnach tríú tír i dteideal dul isteach sa dara Ballstát, cónaí ann agus obair ann, chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí ar bhonn Chárta Gorm AE sin chomh maith le doiciméad taistil bailí faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

2.   I gcás inarb é Ballstát nach gcuireann i bhfeidhm acquis Schengen ina iomláine a eisíonn Cárta Gorm AE agus ina dtrasnaíonn sealbhóir Chárta Gorm AE teorainn inmheánach, chun críche soghluaisteachta fadtéarmaí, nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe inti go fóill, féadfaidh an dara Ballstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm a cheangal ar shealbhóir Chárta Gorm AE, Cárta Gorm AE bailí arna eisiúint ag an gcéad Bhallstát a thíolacadh chomh maith le conradh oibre nó tairiscint cheangailteach poist le haghaidh fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad sa dara Ballstát sin.

3.   A luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis do shealbhóir Chárta Gorm AE dul isteach ar chríoch an dara Ballstát, cuirfear iarratas isteach ar Chárta Gorm AE chuig údarás inniúil an Bhallstáit sin. Beidh an t-iarratas sin ag gabháil leis na doiciméad uile lena gcruthaítear go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 4 don dara Ballstát á gcomhlíonadh. Cinnfidh na Ballstáit an é an náisiúnach tríú tír nó an fostóir a dhéanfaidh na hiarratais. De rogha air sin, féadfaidh Ballstáit cead a thabhairt do cheachtar acu iarratais a chur isteach.

Ceadaítear do shealbhóir Chárta Gorm AE tosú ag obair sa dara Ballstát tráth nach déanaí ná 30 lá ón dáta ar tíolacadh an t-iarratas críochnaithe.

Féadfar an t-iarratas a chur faoi bhráid údarás inniúil an dara Ballstát agus sealbhóir Chárta Gorm AE fós ina chónaí ar chríoch an chéad Bhallstáit.

4.   Chun críocha iarratais dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an t-iarratasóir na nithe seo a leanas a thíolacadh:

(a)

Cárta Gorm AE bailí a d’eisigh an chéad Bhallstát;

(b)

conradh oibre bailí nó, mar a fhoráiltear dó leis an dlí náisiúnta, tairiscint cheangailteach poist le haghaidh fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad sa dara Ballstát;

(c)

i gcás gairmeacha rialáilte, na doiciméid lena bhfianaítear go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos faoin dlí náisiúnta le go bhfeidhmeoidh saoránaigh an Aontais an ghairm rialáilte a shonraítear sa chonradh oibre nó sa tairiscint cheangailteach poist mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta;

(d)

doiciméad taistil bailí, mar a shonraítear sa dlí náisiúnta; agus

(e)

fianaise go gcomhlíontar an tairseach thuarastail a leagtar síos sa dara Ballstát agus Airteagal 5(3) nó, i gcás inarb infheidhme, d’Airteagal 5(4) nó (5) á cur i bhfeidhm.

Maidir le pointe (c) den chéad fhomhír, chun iarratas a dhéanamh ar Chárta Gorm AE sa dara Ballstát, beidh cóir chomhionann ag sealbhóirí Chárta Gorm AE le saoránaigh an Aontais maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme

I gcás gairmeacha neamhrialáilte, inar eisigh an chéad Bhallstát Cárta Gorm AE ar bhonn scileanna gairmiúla níos airde do ghairmeacha nach liostaítear in Iarscríbhinn I, féadfar a cheangal ar an iarratasóir na doiciméid lena bhfianaítear na hardcháilíochtaí ábhartha gairmiúla maidir leis an obair atá le déanamh a thíolacadh, dá bhforáiltear i ndlí an dara Ballstát.

5.   Chun críocha iarratais dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a cheangal na nithe seo a leanas ar an iarratasóir:

(a)

i gcás gairmeacha neamhriálaite, i gcás inar oibrigh sealbhóir Chárta Gorm AE ar feadh tréimhse níos lú ná 2 bhliain sa chéad Bhallstát, doiciméid lena bhfianaítear na hardcháilíochtaí gairmiúla maidir leis an obair atá le déanamh a thabhairt ar aird, mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta;

(b)

fianaise a sholáthar go bhfuil árachas breoiteachta acu, nó má fhoráiltear dó sa dlí náisiúnta, go ndearna sé nó sí iarratas ar árachas breoiteachta in aghaidh na rioscaí uile a chumhdaítear de ghnáth i gcás náisiúnaigh de chuid an Bhallstáit lena mbaineann, do na tréimhsí sin nach ndéantar foráil maidir leis an gcumhdach árachais ná teidlíocht chomhfhreagrach ar shochair ina leith i dtaca leis an gconradh oibre, nó a eascraíonn as.

6.   Diúltóidh an dara Ballstát d’iarratas ar Chárta Gorm AE i gcás:

(a)

nach gcomhlíontar mír 4;

(b)

go bhfuarthas go calaoiseach na doiciméid a tíolacadh, nó go ndearnadh iad a fhalsú nó a chrioscaíl;

(c)

nach gcomhlíontar, leis an bhfhostaíocht, na coinníollacha a leagtar síos faoin dlí infheidhme, arna sonrú i gcomhaontuithe cómhargála nó arna mbunú trí chleachtais dá dtagraítear in Airteagal 5(2); nó

(d)

go bhfuil sealbhóir Chárta Ghorm AE ina bhagairt nó ina bagairt ar an mbeartas poiblí, ar an tslándáil phoiblí nó ar an tsláinte phoiblí.

7.   Maidir le haon nós imeachta iarratais chun críoch soghluaisteachta fadtéarmaí, beidh feidhm ag na coimircí nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 11(2) agus (3) dá réir sin. Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, cuirfear imthosca sonracha an cháis san áireamh in aon chinneadh maidir le soghluaisteacht fhadtéarmach a dhiúltú, agus urramófar prionsabal na comhréireachta leis.

8.   Ní fhéadfaidh an dara Ballstát iarratas ar Chárta Gorm AE a dhiúltú ar bhonn seiceáil arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 7(2), pointe (a), ach i gcás ina ndéanann an Ballstát sin seiceálacha den sórt sin nuair is an chéad Bhallstát é.

9.   Glacfaidh an dara Ballstát ceachtar de na cinntí seo a leanas maidir le hiarratas ar Chárta Gorm AE:

(a)

i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh soghluaisteacht a leagtar síos san Airteagal seo, Cárta Gorm AE a eisiúint agus a cheadú don náisiúnach tríú tír cónaí ar a chríoch chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí; nó

(b)

i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh soghluaisteacht a leagtar síos san Airteagal seo, an t-iarratas a dhiúltú agus a cheangal ar an iarratasóir agus ar a bhaill teaghlaigh nó a baill teaghlaigh, i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, a chríoch a fhágáil.

De mhaolú ar Airteagal 11(1), tabharfaidh an dara Ballstát fógra i scríbhinn don iarratasóir agus don chéad Bhallstát maidir lena chinneadh a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 30 lá ón dáta ar tíolacadh an t-iarratas iomlán.

In imthosca eisceachtúla agus a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le castacht an iarratais, féadfaidh Ballstát síneadh 30 lá a chur leis an sprioc-am dá dtagraítear sa dara fomhír. Cuirfidh sé an t-iarratasóir ar an eolas maidir leis an síneadh tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta ar tíolacadh an t-iarratas iomlán.

San fhógra a thabharfaidh sé don chéad Bhallstát, sonróidh an dara Ballstát aon fhorais dá dtagraítear i mír 6, pointí (b) agus (d), maidir leis an iarratas a dhiúltú.

10.   I gcás ina dtéann Cárta Gorm AE, arna eisiúint ag an gcéad Bhallstát, in éag le linn an nós imeachta iarratais, féadfaidh an dara Ballstát cead cónaithe sealadach náisiúnta, nó údarú coibhéiseach, a eisiúint lena gceadaítear don iarratasóir leanúint de bheith ag fanacht go dlíthiúil ar a chríoch go dtí go ndéanfaidh na húdaráis inniúla cinneadh maidir leis an iarratas.

11.   Ón dara huair a bhaineann sealbhóir Chárta Gorm AE agus, i gcás inarb infheidhme, a bhaineann a bhaill teaghlaigh nó a baill teaghlaigh, úsáid as an bhféidearthacht bogadh go Ballstát eile faoin Airteagal seo agus Airteagal 22, tuigfear gurb ionann “an chéad Bhallstát” agus an Ballstát óna mbeidh an duine lena mbaineann ag bogadh as agus tuigfear gurb ionann “an dara Ballstát” agus an Ballstát a bhfuil iarratas á chur isteach aige nó aici le cónaí ann. D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh sealbhóir Chárta Gorm AE bogadh chuig Ballstát eile don dara huair tar éis cónaí dlíthiúil dar fad 6 mhí a dhéanamh mar shealbhóir Chárta Gorm AE sa chéad Bhallstát.

Airteagal 22

Cónaí sa dara Ballstát do bhaill teaghlaigh

1.   I gcás ina mbíonn sealbhóir Chárta Gorm AE ag bogadh chuig dara Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 21 agus i gcás ina raibh teaghlach shealbhóir Chárta Gorm AE bunaithe cheana féin sa chéad Bhallstát, beidh baill a theaghlaigh nó a teaghlaigh i dteideal dul in éineacht le sealbhóir an Chárta Gorm AE nó dul chomh fada leis nó léi.

Beidh feidhm ag Treoir 2003/86/CE agus Airteagal 17 den Treoir seo sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear i míreanna 2 go 7 den Airteagal seo.

I gcás nach raibh an teaghlach bunaithe cheana féin sa chéad Bhallstát, tá feidhm ag Airteagal 17 den Treoir seo.

2.   De mhaolú ar Airteagal 13(1) de Threoir 2003/86/CE, beidh baill teaghlaigh shealbhóir Chárta Gorm AE i dteideal dul isteach sa dara Ballstát agus fanacht ann ar bhonn ceadanna cónaithe bailí a fuarthas sa chéad Bhallstát mar bhaill teaghlaigh shealbhóir Chárta Gorm AE.

I gcás inarb é Ballstát nach gcuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine a eisíonn ceadanna cónaithe na mball teaghlaigh agus go dtéann na baill teaghlaigh sin chomh fada le sealbhóir Chárta Gorm AE nuair a bhíonn teorainn inmheánach nach bhfuil deireadh curtha le rialuithe fós á trasnú chun bogadh chuig dara Ballstát a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, féadfaidh an dara Ballstát a cheangal ar na baill teaghlaigh na ceadanna cónaithe a fuair siad sa chéad Bhallstát mar bhaill teaghlaigh shealbhóir Chárta Gorm AE a thabhairt ar aird.

3.   De mhaolú ar Airteagal 5(3) de Threoir 2003/86/CE, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dóibh dul isteach i gcríoch an dara Ballstát, déanfaidh na baill teaghlaigh lena mbaineann nó sealbhóir Chárta Gorm AE, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, iarratas ar chead cónaithe mar bhall teaghlaigh a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit sin.

I gcás ina dtéann cead cónaithe an bhaill teaghlaigh, arna eisiúint ag an gcéad Bhallstát, in éag le linn an nós imeachta nó i gcás nach dtugtar teidlíocht leis a thuilleadh don sealbhóir cónaí go dlíthiúil sa dara Ballstát, tabharfaidh an dara Ballstát cead don bhall teaghlaigh fanacht ar a chríoch go dtí go ndéanfaidh údaráis inniúla an dara Ballstát cinneadh maidir leis an iarratas, más gá trí cheadanna cónaithe sealadacha náisiúnta nó údarú coibhéiseach a eisiúint.

4.   De mhaolú ar Airteagal 5(2) agus Airteagal 7(1) de Threoir 2003/86/CE, féadfaidh an dara Ballstát a cheangal ar na baill teaghlaigh lena mbaineann na nithe seo a leanas a thíolacadh nó a chur ar fáil lena n-iarratas ar chead cónaithe:

(a)

a gcead cónaithe sa chéad Bhallstát chomh maith le doiciméad taistil bailí, nó cóipeanna deimhnithe díobh;

(b)

fianaise gur chónaigh siad sa chéad Bhallstát mar bhaill teaghlaigh shealbhóir Chárta Gorm AE;

(c)

fianaise dhoiciméadach dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (b), de Threoir 2003/86/CE.

5.   I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus inar tíolacadh na hiarratais i gcomhthráth, eiseoidh an dara Ballstát ceadanna cónaithe le haghaidh baill teaghlaigh i gcomhthráth le Cárta Gorm AE.

De mhaolú ar Airteagal 17(4), i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus ina dtéann na baill teaghlaigh chuig sealbhóir Chárta Gorm AE tar éis Cárta Gorm AE a bheith deonaithe, deonófar ceadanna cónaithe do na baill teaghlaigh tráth nach déanaí ná 30 lá ó dháta tíolactha an iarratais iomláin.

In imthosca a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le castacht an iarratais, féadfaidh na Ballstáit síneadh nach faide ná 30 lá a chur leis an sprioc-am dá dtagraítear sa dara fomhír.

6.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le ball teaghlaigh shealbhóirí Chárta Gorm AE ar tairbhithe cosanta idirnáisiúnta iad ach amháin nuair a bhogann na sealbhóirí Chárta Gorm AE sin chun cónaí i mBallstát seachas an Ballstát a thug cosaint idirnáisiúnta dóibh.

7.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le baill teaghlaigh shealbhóirí Chárta Gorm AE ar tairbhithe den cheart chun saorghluaiseachta iad faoi dhlí an Aontais sa dara Ballstát.

Airteagal 23

Coimircí agus smachtbhannaí i gcásanna soghluaisteachta

1.   D’ainneoin Airteagal 8(1), pointe (a) agus Airteagal 8(2), pointe (a), i gcás ina mbogann sealbhóir Chárta Gorm AE chuig Ballstát eile faoi Airteagal 21, ní tharraingeoidh an chéad Bhallstát siar Cárta Gorm AE roimh don dara Ballstát cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas ar shoghluaisteacht fhadtéarmach.

2.   I gcás ina ndiúltaíonn an dara Ballstát iarratas ar Chárta Gorm AE i gcomhréir le hAirteagal 21(9), pointe (b), ceadóidh an chéad Bhallstát, arna iarraidh sin don dara Ballstát, do shealbhóir Chárta Gorm AE, agus i gcás inarb iomchuí, dá bhaill teaghlaigh nó dá baill teaghlaigh freisin, iontráil an athuair, gan foirmiúlachtaí agus gan mhoill. Beidh feidhm ag an méid sin freisin má tá Cárta Gorm AE a d’eisigh an chéad Bhallstát imithe in éag nó má tarraingíodh siar é le linn don iarratas a bheith á scrúdú.

3.   Féadfar sealbhóir Chárta Gorm AE nó an fostóir sa dara Ballstát a chur faoi dhliteanas i leith na gcostas a bhaineann le hathiontráil do shealbhóir Chárta Gorm AE agus dá bhaill teaghlaigh nó dá baill teaghlaigh dá dtagraítear i mír 2.

4.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do smachtbhannaí i gcomhréir le hAirteagal 14 i gcoinne fhostóir shealbhóir Chárta Gorm AE, i gcás ina bhfuil an fostóir sin freagrach as mainneachtain na coinníollacha soghluaisteachta a leagtar síos sa Chaibidil seo a chomhlíonadh.

5.   I gcás ina dtarraingíonn Ballstát siar Cárta Gorm AE ar a bhfuil an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 9(5) nó nach ndéanann sé é a athnuachan agus ina gcinneann sé an náisiúnach tríú tír a dhíbirt, iarrfaidh sé ar an mBallstát a luaitear sa ráiteas sin a dheimhniú go bhfuil an duine lena mbaineann fós ina thairbhí de chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát sin. Tabharfaidh an Ballstát a luaitear sa ráiteas freagra laistigh de mhí amháin don iarraidh ar fhaisnéis a fháil.

I gcás inar tairbhí cosaint idirnáisiúnta fós sa Bhallstát a luaitear sa ráiteas é an náisiúnach tríú tír, díbreofar an duine sin chuig an mBallstát sin agus déanfaidh an Ballstát sin, gan dochar do dhlí an Aontais is infheidhme ná don dlí náisiúnta ná do phrionsabal aontacht an aonaid teaghlaigh, cead athiontrála a thabhairt don duine sin láithreach agus dá bhaill teaghlaigh nó dá baill teaghlaigh, gan foirmiúlachtaí agus gan mhoill.

De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, coimeádfaidh an Ballstát a ghlac an cinneadh díbeartha an ceart, i gcomhréir lena chuid oibleagáidí idirnáisiúnta, an náisiúnach tríú tír a sheoladh chuig tír eile seachas an Ballstát a dheonaigh an chosaint idirnáisiúnta, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 21(2) de Threoir 2011/95/AE i ndáil leis an náisiúnach tríú tír sin.

6.   I gcás ina dtrasnaíonn sealbhóir Chárta Gorm AE nó a bhaill teaghlaigh nó a baill teaghlaigh teorainn sheachtrach Ballstáit a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm ina iomláine, breathnóidh an Ballstát sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399, Córas Faisnéise Schengen. Diúltóidh an Ballstát sin cead iontrála do dhaoine a bhfuil foláireamh maidir le hiontráil agus fanacht a dhiúltú eisithe ina leith i gCóras Faisnéise Schengen.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Rochtain ar fhaisnéis agus faireachán

1.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis maidir leis an bhfianaise dhoiciméad atá riachtanach chun iarratas a dhéanamh inrochtana go héasca d’iarrthóirí, mar aon leis an bhfaisnéis ar choinníollacha hiontrála agus cónaithe is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír agus a mbaill teaghlaigh a chuimsítear faoi raon feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear a gcearta agus a n-oibleagáidí agus coimircí nós imeachta. Áireofar san fhaisnéis sin faisnéis maidir leis na tairseacha tuarastail a leagtar síos sa Bhallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 5(3), (4) agus (5) agus maidir leis na táillí is infheidhme.

Áireofar san fhaisnéis sin freisin faisnéis maidir le:

(a)

gníomhaíochtaí gnó ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann a bhfuil cead ag sealbhóir Chárta Gorm AE ó Bhallstát eile páirt a ghlacadh iontu dá dtagraítear in Airteagal 20; agus

(b)

na nósanna imeachta is infheidhme i dtaca le Cárta Gorm AE a fháil agus le ceadanna cónaithe do bhaill teaghlaigh, sa dara Ballstát, dá dtagraítear in Airteagail 21 agus 22.

I gcás ina gcinneann na Ballstáit bearta reachtacha nó rialála a thabhairt isteach i gcomhréir le hAirteagal 6 nó úsáid a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear le hAirteagal 7(2), pointe (a), déanfaidh siad an fhaisnéis faoi chinntí den sórt sin a chur in iúl ar an mbealach céanna. Sonrófar san fhaisnéis maidir le haon seiceálacha ar staid mhargadh an tsaothair de bhun Airteagal 7(2), pointe (a), i gcás inarb iomchuí, na hearnálacha, na gairmeacha agus na réigiúin lena mbaineann.

2.   I gcás ina n-eisíonn Ballstáit ceadanna cónaithe náisiúnta chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, áiritheoidh siad go mbeidh an rochtain chéanna ar an bhfaisnéis ar Chárta Gorm AE agus a thugtar maidir leis na ceadanna cónaithe náisiúnta.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Choimisiún uair amháin sa bhliain ar a laghad agus aon uair a dhéantar an fhaisnéis a mhodhnú:

(a)

an fachtóir a shocraigh siad chun na tairseacha bliantúla tuarastail a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 5(4) nó (5), agus na méideanna ainmniúla atá mar thoradh air;

(b)

liosta de na gairmeacha a bhfuil feidhm ag tairseach thuarastail níos ísle ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5(4);

(c)

liosta de ghníomhaíochtaí gnó a cheadaítear, chun críocha Airteagal 20;

(d)

faisnéis faoi bhearta reachtacha nó rialála dá dtagraítear in Airteagal 6, i gcás inarb infheidhme;

(e)

faisnéis maidir le haon seiceálacha ar staid mhargadh an tsaothair dá bhforáiltear in Airteagal 7(2), pointe (a), i gcás inarb infheidhme.

I gcás ina ndiúltaíonn Ballstáit d’iarratais ar Chárta Gorm AE ar chúinsí eiticiúla maidir leis an earcú i gcomhréir le hAirteagal 7(2), pointe (e), cuirfidh siad diúluithe den sórt sin in iúl, agus tabharfaidh siad údar cuí leo, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile gach bliain maidir leis na tíortha agus na gairmeacha lena mbaineann.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi chomhaontuithe le tríú tíortha arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 7(2), pointe (e).

Airteagal 25

Staidreamh

1.   Faoin 18 Samhain 2025, agus go bliantúil ina dhiaidh sin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), déanfaidh na Ballstáit staidreamh a chur in iúl don Choimisiún, maidir le líon na náisiúnach tríú tír ar deonaíodh Cárta Gorm AE dóibh agus ar an líon díobh ar diúltaíodh a n-iarratas le linn na bliana féilire roimhe sin, lena sonraítear na hiarratais a measadh a bheith neamh-inghlactha ar fhorais Airteagal 6 den Treoir seo nó ar diúltaíodh iad faoi Airteagal 7(2), pointe (a), den Treoir seo, agus chomh maith le staidreamh maidir le líon na náisiúnach tríú tír ar athnuadh nó ar tarraingíodh siar a gCártaí Gorma AE le linn na bliana féilire roimhe sin. Déanfar an staidreamh sin a imdhealú de réir saoránachta, fad bailíochta ceada, inscne agus aoise, agus, i gcás ina mbeidh fáil air, de réir gairme, de réir mhéid ghnóthas an fhostóra agus de réir na hearnála eacnamaíche. I gcás na náisiúnach tríú tír sin ar deonaíodh Cárta Gorm AE dóibh, déanfar an staidreamh a imdhealú freisin de réir tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, tairbhithe den cheart chun saorghluaiseachta agus dá réir siúd a bhfuil stádas mar chónaitheoir fadtéarmach AE faighte acu i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 18 den Treoir seo.

Déanfar staidreamh maidir le baill teaghlaigh a ligeadh isteach a chur in iúl ar an mbealach céanna, cé is moite den fhaisnéis a bhaineann lena ngairm agus leis an earnáil eacnamaíoch.

Maidir le sealbhóirí Chárta Gorm AE, agus lena mbaill teaghlaigh, ar deonaíodh cead cónaithe dóibh sa dara Ballstát i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 22 den Treoir seo, sonrófar san fhaisnéis a chuirtear ar fáil an Ballstát ina raibh cónaí orthu roimhe sin.

2.   Chun Airteagal 5(3), (4) agus (5) den Treoir seo a chur chun feidhme, déanfar tagairt do na sonraí a chuir na Ballstáit ar fáil do Eurostat i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) agus, i gcás inarb iomchuí, do na sonraí náisiúnta.

Airteagal 26

Liosta de na gairmeacha in Iarscríbhinn I

1.   Liostófar in Iarscríbhinn I na gairmeacha dá meastar an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí ina leith, arna bhfianú le líon na mblianta de thaithí ghairmiúil ábhartha is gá, a bheith coibhéiseach leis an eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí arna bhfianú le cáilíochtaí ardoideachais chun críoch iarratas a dhéanamh ar Chárta Gorm AE.

2.   Faoin 18 Samhain 2026, agus gach 2 bhliain ina dhiadh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir lena mheasúnú ar an liosta de ghairmeacha in Iarscríbhinn I, agus riachtanais athraitheacha mhargadh an tsaothair á gcur san áireamh. Déanfar na tuarascálacha sin a tharraingt suas tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta, ar bhonn comhairliúchán poiblí ina n-áireofar comhpháirtithe sóisialta. Ar bhonn na dtuarascálacha sin, más iomchuí, féadfaidh an Coimisiún tograí reachtacha a thíolacadh chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I.

Airteagal 27

Tuairisciú

Faoin 18 Samhain 2026, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo sna Ballstáit.

Déanfar measúnú sna tuarascálacha sin, go háirithe, ar thionchar Airteagail 5 agus 13 agus Chaibidil V. Molfaidh an Coimisiún aon leasuithe a mheasann sé a bheith riachtanach.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú sonrach ar a ábhartha atá an tairseach thuarastail a leagtar amach in Airteagal 5 agus a ábhartha atá na maoluithe dá bhforáiltear san Airteagal sin, agus aird á tabhairt, inter alia, ar éagsúlacht na staideanna eacnamaíocha, earnála agus geografacha.

Airteagal 28

Comhar idir pointí teagmhála

1.   Déanfaidh na Ballstáit pointí teagmhála a cheapadh a bheidh freagrach as an bhfaisnéis a ghlacadh agus a tharchur atá riachtanach chun Airteagail 18, 20, 21 agus 24 a chur chun feidhme, agus comhoibreoidh siad go héifeachtach le chéile.

2.   Comhoibreoidh na pointí teagmhála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go héifeachtach go háirithe maidir le socruithe bailíochtaithe le geallsealbhóirí in earnálacha an oideachais, na hoiliúna, na fostaíochta agus na hóige, chomh maith le réimsí ábhartha eile beartais, atá riachtanach chun Airteagal 5(1), pointe (b) a chur chun feidhme.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhar iomchuí ann maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a mhalartú. Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do mhalartú faisnéise trí mheáin leictreonacha.

Airteagal 29

Leasú ar Threoir (AE) 2016/801

In Airteagal 2(2) de Threoir (AE) 2016/801, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

a dhéanann iarratas ar chónaí i mBallstát chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí de réir bhrí Threoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Airteagal 30

Treoir 2009/50/CE a aisghairm

Déantar Treoir 2009/50/CE a aisghairm le héifeacht ón 19 Samhain 2023.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 31

Trasuí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 18 Samhain 2023. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontú don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireofar iontu freisin ráiteas go ndéanfar tagairtí don Treoir a aisghairtear leis an Treoir seo i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 33

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 20 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 75, 10.3.2017, lch. 75.

(2)  IO C 185, 9.6.2017, lch. 105.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meán Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2021.

(4)  Treoir 2009/50/CE ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíocht dár gá ardcháilíochtaí (IO L 155, 18.6.2009, lch. 17).

(5)  IO C 58, 15.2.2018, lch. 9.

(6)  Treoir 2000/43/CE an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lch. 22).

(7)  Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).

(8)  Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí, agus inneachar na cosanta a thugtar (IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).

(9)  Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le ceart chun athaontú teaghlaigh (IO L 251, 3.10.2003, lch. 12).

(10)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).

(11)  Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016, maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadail oideachais agus au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).

(12)  Treoir 2014/66/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír faoi chuimsiú aistriú idirchorparáideach, (IO L 157, 27.5.2014, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).

(15)  Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad (IO L 16, 23.1.2004, lch. 44.).

(16)  Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leathnaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 chuig náisiúnaigh tríú tíortha nach gcumhdaítear cheana leis na Rialacháin sin ar fhoras a náisiúntachta amháin (IO L 344, 29.12.2010, lch. 1).

(18)  Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

(19)  Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).

(20)  Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“Rialachán IMI”) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir leis an dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen (SIS II) a bhunú, a fheidhmiú agus a úsáid. (IO L 381, 28.12.2006, lch. 4).

(22)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(23)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

(24)  Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena ndéantar foráil maidir le híoschaighdeáin i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tíor atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO L 168, 30.6.2009, lch. 24).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO L 174, 26.6.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Liosta de na gairmeacha dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (9)

Bainisteoirí agus gairmithe teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide a bhfuil ar a laghad 3 bliana de thaithí ghairmiúil ábhartha faighte acu laistigh de 7 mbliana roimh iarratas a dhéanamh ar Chárta Gorm AE, atá mar chuid de na grúpaí seo a leanas in aicmiú ISCO-08:

(1)

133 Bainisteoirí Seirbhísí Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide;

(2)

25 Gairmithe Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide.


IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2009/50/CE

An Treoir Seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(a)

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2(b)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 2(c)

Airteagal 2, pointe (3)

Airteagal 2(d)

Airteagal 2, pointe (4)

Airteagal 2(e)

Airteagal 2, pointe (5)

Airteagal 2(f)

Airteagal 2, pointe (6)

Airteagal 2(g)

Airteagal 2, pointí (7) agus (9)

Airteagal 2(h)

Airteagal 2, pointe (8)

Airteagal 2(i)

Airteagal 2, pointe (j)

Airteagal 2(j)

Airteagal 2, pointe (k)

-

Airteagal 2, pointe (12)

-

Airteagal 2, pointe (13)

-

Airteagal 2, pointe (14)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2), na focail réamhráiteacha

Airteagal 3(2), na focail réamhráiteacha

Airteagal 3(2)(a)

Airteagal 3(2), pointe (a)

Airteagal 3(2)(b)

-

Airteagal 3(2)(c)

Airteagal 3(2), pointe (b)

Airteagal 3(2)(d)

Airteagal 3(2), pointe (c)

Airteagal 3(2)(e)

-

Airteagal 3(2)(f)

Airteagal 3(2), pointe (d)

Airteagal 3(2)(g)

Airteagal 3(2), pointe (e)

Airteagal 3(2)(h)

-

Airteagal 3(2)(i)

Airteagal 3(2), pointe (f)

Airteagal 3(2)(j)

Airteagal 3(2), pointe (g)

Airteagal 3(2), an fomhír dheireanach

Airteagal 3(2), pointe (h)

Airteagal 3(3)

Airteagal 7(2), pointe (e)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(3)

Airteagal 4(1), na focail réamhráiteacha

Airteagal 4(1), na focail réamhráiteacha

Airteagal 4(1)(a)

Airteagal 4(1), pointe (a)

Airteagal 4(1)(b)

Airteagal 4(1), pointe (b)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(2)

Airteagal 5(1), na focail réamhráiteacha

Airteagal 5(1), na focail réamhráiteacha

Airteagal 5(1)(a)

Airteagal 5(1), pointe (a)

Airteagal 5(1)(b)

Airteagal 5(1), pointe (c)

Airteagal 5(1)(c)

Airteagal 5(1), pointe (b)

Airteagal 5(1)(d)

Airteagal 5(1), pointe (d)

Airteagal 5(1)(e)

Airteagal 5(1), pointe (e)

Airteagal 5(1)(f)

Airteagal 7(1), pointe (c)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(7), an chéad fhomhír

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(5)

Airteagal 5(4)

-

Airteagal 5(5)

-

Airteagal 5(6)

-

Airteagal 5(7), an dara fomhír

Airteagal 5(6)

-

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 7(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 7(3)

Airteagal 9(3)

Airteagal 7(4)

Airteagal 9(7)

-

Airteagal 9(4)

-

Airteagal 9(5)

-

Airteagal 9(6)

Airteagal 8(1)

Airteagal 7(1), pointí (a) agus (b)

-

Airteagal 7(1), pointe (d)

Airteagal 8(2)

Airteagal 7(2), pointe (a)

Airteagal 8(3)

-

Airteagal 8(4)

Airteagal 7(2), pointe (e)

Airteagal 8(5)

Airteagal 7(2), pointe (d)

-

Airteagal 7(2), pointe (b)

-

Airteagal 7(2), pointe (c)

-

Airteagal 7(3)

Airteagal 9(1), na focail réamhráiteacha

Airteagal 8(1), na focail réamhráiteacha

Airteagal 9(1)(a)

Airteagal 8(1), pointe (a)

Airteagal 9(1)(b)

Airteagal 8(1), pointí (b), (c) agus (d); Article 8(2), pointí (d), (e) agus (g)

Airteagal 9(1)(c)

Airteagal 8(2), pointe (f)

Airteagal 9(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 9(3), na focail réamhráiteacha

Airteagal 8(2), na focail réamhráiteacha

Airteagal 9(3)(a)

Airteagal 8(2), pointe (a)

-

Airteagal 8(2), pointe (b)

Airteagal 9(3)(b)

Airteagal 8(2), pointe (c)

Airteagal 9(3)(c)

-

Airteagal 9(3)(d)

-

-

Airteagal 8(2), pointe (h)

-

Airteagal 8(4)

-

Airteagal 8(6)

-

Airteagal 8(7)

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 10(2)

Airteagal 10(3)

Airteagal 10(3)

Airteagal 10(4)

-

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 11(1), an chéad fhomhír

Airteagal 11(1), an dara fomhír

-

-

Airteagal 11(1), an dara fomhír

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(2)

Airteagal 11(3)

Airteagal 11(3)

-

Airteagal 11(4)

-

Airteagal 11(5)

-

Airteagal 11(6)

-

Airteagal 12

-

Airteagal 13

-

Airteagal 14

Airteagal 12(1)

-

-

Airteagal 15(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 15(2) agus (3)

Airteagal 12(3) agus (4)

Airteagal 15(8)

Airteagal 12(5)

Airteagal 15(9)

-

Airteagal 15(5), (6) agus (7)

Airteagal 13(1)

Airteagal 8(5)

Airteagal 13(2) agus (4)

Airteagal 15(4)

Airteagal 13(3)

-

Airteagal 14(1), na focail réamhráiteacha

Airteagal 16(1), na focail réamhráiteacha

Airteagal 14(1)(a)

Airteagal 16(1), pointe (a)

Airteagal 14(1)(b)

Airteagal 16(1), pointe (b)

Airteagal 14(1)(c)

Airteagal 16(1), pointe (c)

Airteagal 14(1)(d)

Airteagal 16(1), pointe (d)

Airteagal 14(1)(e)

Airteagal 16(1), pointe (e)

Airteagal 14(1)(f)

Airteagal 16(3)

Airteagal 14(1)(g)

Airteagal 16(1), pointe (f)

Airteagal 14(1)(h)

-

Airteagal 14(2), na focail réamhráiteacha, an litir (a), agus an fhomhír dheiridh

Airteagal 16(2)

Airteagal 14(2)(b)

-

Airteagal 14(3)

Airteagal 16(4)

Airteagal 14(4)

-

-

Airteagal 16(5), (6), agus (7)

Airteagal 15(1)

Airteagal 17(1)

Airteagal 15(2)

Airteagal 17(2)

Airteagal 15(3)

Airteagal 17(3)

Airteagal 15(4)

Airteagal 17(4)

Airteagal 15(5)

Airteagal 17(5)

Airteagal 15(6)

Airteagal 17(6)

Airteagal 15(7)

Airteagal 17(7)

Airteagal 15(8)

-

-

Airteagal 17(8), (9), agus (10)

Airteagal 16(1)

Airteagal 18(1)

Airteagal 16(2)

Airteagal 18(2)

Airteagal 16(3)

Airteagal 18(3)

Airteagal 16(4)

Airteagal 18(4)

Airteagal 16(5)

-

Airteagal 16(6)

Airteagal 18(5)

-

Airteagal 18(6)

Airteagal 17(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 19(2)

-

Airteagal 20

Airteagal 18(1)

Airteagal 21(1)

-

Airteagal 21(2)

Airteagal 18(2)

Airteagal 21(3), an chéad dá fhomhír

Airteagal 18(3)

Airteagal 21(3), an tríú fomhír

Airteagal 18(4)

Airteagal 21(9) agus Airteagal 23(2)

Airteagal 18(5)

Airteagal 21(10)

Airteagal 18(6)

Airteagal 23(3)

Airteagal 18(7)

-

Airteagal 18(8)

Airteagal 21(11)

-

Airteagal 21(4) go (8)

Airteagal 19(1)

Airteagal 22(1), an chéad fhomhír

-

Airteagal 22(2)

Airteagal 19(2)

Airteagal 22(3)

Airteagal 19(3)

Airteagal 22(4)

Airteagal 19(4)

-

Airteagal 19(5)

Airteagal 22(1), an dara fomhír

Airteagal 19(6)

Airteagal 22(1), an tríú fomhír

-

Airteagal 22(5), (6), and (7)

-

Airteagal 23(1), (4), (5) agus (6)

-

Airteagal 24(1), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 20(1)

Airteagal 24(1), an triú fomhír

-

Airteagal 24(2) agus (3)

Airteagal 20(2)

Airteagal 25(1)

Airteagal 20(3)

Airteagal 25(2)

-

Airteagal 26

Airteagal 21

Airteagal 27

Airteagal 22(1)

Airteagal 28(1)

-

Airteagal 28(2)

Airteagal 22(2)

Airteagal 28(3)

-

Airteagal 29

-

Airteagal 30

Airteagal 23

Airteagal 31

Airteagal 24

Airteagal 32

Airteagal 25

Airteagal 33


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

28.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 382/39


RIALACHÁN (AE) 2021/1884 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar chlórantrainileapróil i bpiseánaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcás clórantrainileapróil, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (“MRLanna”) i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 cuireadh isteach iarratas ar lamháltas allmhairiúcháin maidir le clórantrainileapról a úsáidtear sna Stáit Aontaithe ar phiseánaigh. Deir an t-iarratasóir gurb iad iarmhair a sháraíonn MRL atá i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 an toradh ar úsáidí údaraithe na substaintí sin ar phiseánaigh sna Stáit Aontaithe agus go bhfuil MRL níos airde riachtanach chun bacainní trádála maidir le hallmhairiú na mbarr sin a sheachaint.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne an Ballstát lena mbaineann meastóireacht ar an iarratas agus cuireadh an tuarascáil mheastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(4)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú ar an iarratas agus ar an tuarascáil mheastóireachta, agus rinne sé scrúdú go háirithe ar na rioscaí atá ann don tomhaltóir agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe, agus thug sé tuairimí réasúnaithe faoi MRL atá beartaithe (2). Chuir sé an tuairim sin ar aghaidh chuig an iarratasóir, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus chuir sé ar fáil don phobal í.

(5)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais go léir maidir le sonraí agus go raibh na modhnuithe ar an MRL a d’iarr na hiarratasóirí inghlactha i dtaca le sábháilteacht na dtomhaltóirí ar bhonn measúnú ar theagmháil le tomhaltóirí i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Chuir sé san áireamh an fhaisnéis is déanaí ar airíonna tocsaineolaíocha na substainte. Léiríodh nach baol do dhuine an iontógáil laethúil inghlactha a shárú mar gheall ar theagmháil ar feadh a shaoil leis an tsubstaint sin trí chaitheamh na dtáirgí bia go léir a bhféadfadh sí a bheith iontu. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil gá le géardháileog thagartha a bhunú mar gheall ar phróifíl ghéarthocsaineachta íseal na substainte.

(6)

Ar bhonn na tuairime réasúnaithe ón Údarás agus na tosca a bhaineann leis an ábhar a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air á gcur san áireamh, comhlíontar ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leis na modhnuithe atá á mbeartú ar an MRL.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.

(2)  Tuarascálacha eolaíocha ó EFSA atá ar fáil ar líne: http://www.efsa.europa.eu:

Reasoned opinion on the setting of import tolerances for chlorantraniliprole in strawberries and pulses [Tuairim réasúnaithe maidir le lamháltais ar allmhairí a leagan síos le haghaidh clórantrainileapróil i sútha talún agus i bpiseánaigh]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(11):6300.


IARSCRÍBHINN

I gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh clórantrainileapróil:

"Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)

Códuimhir

Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo  (1)

Clórantrainileapról (DPX E-2Y45) (F)

(1)

(2)

(3)

0100000

TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

 

0110000

Torthaí citris

0,7

0110010

Seadóga

 

0110020

Oráistí

 

0110030

Líomóidí

 

0110040

Líomaí

 

0110050

Mandairíní

 

0110990

Eile (2)

 

0120000

Cnónna crann

0,05

0120010

Almóinní

 

0120020

Cnónna Brasaíleacha

 

0120030

Cnónna caisiú

 

0120040

Castáin

 

0120050

Cnónna cócó

 

0120060

Cnónna coill

 

0120070

Macadaimia

 

0120080

Cnónna peacáin

 

0120090

Eithní cnónna péine

 

0120100

Cnónna pistéise

 

0120110

Gallchnónna

 

0120990

Eile (2)

 

0130000

Torthaí póma

0,5

0130010

Úlla

 

0130020

Piorraí

 

0130030

Cainchí

 

0130040

Torthaí ón meispeal Gearmánach

 

0130050

Locuatanna

 

0130990

Eile (2)

 

0140000

Torthaí cloiche

1

0140010

Aibreoga

 

0140020

Silíní (iad milis)

 

0140030

Péitseoga

 

0140040

Plumaí

 

0140990

Eile (2)

 

0150000

Caora agus torthaí beaga

 

0151000

(a)

fíonchaora

1

0151010

Fíonchaora boird

 

0151020

Fíniúnacha coiteanna

 

0152000

(b)

sútha talún

1

0153000

(c)

torthaí cána

1

0153010

Sméara dubha

 

0153020

Eithreoga

 

0153030

Sútha craobh (iad dearg agus buí)

 

0153990

Eile (2)

 

0154000

(d)

torthaí beaga eile agus caora eile

 

0154010

Fraocháin

1,5

0154020

Mónóga

1

0154030

Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

1

0154040

Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

1

0154050

Mogóirí róis

1

0154060

Maoildearga (iad dubh agus bán)

1

0154070

Torthaí ón sceach gheal asaróil

0,01  (*1)

0154080

Caora troim

1

0154990

Eile (2)

1

0160000

Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil

 

0161000

(a)

craiceann inite

0,01  (*1)

0161010

Dátaí

 

0161020

Figí

 

0161030

Ológa boird

 

0161040

Cumcuait

 

0161050

Torthaí réaltúla

 

0161060

Dátphlumaí Seapánacha

 

0161070

Plumaí láva

 

0161990

Eile (2)

 

0162000

(b)

craiceann do-ite, é beag

0,01  (*1)

0162010

Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí)

 

0162020

Lítsíonna

 

0162030

Páiseoga

 

0162040

Piorraí deilgneacha

 

0162050

Réalt-úlla

 

0162060

Dátphlumaí Meiriceánacha

 

0162990

Eile (2)

 

0163000

(c)

craiceann do-ite, é mór

 

0163010

Abhacáid

0,01  (*1)

0163020

Bananaí

0,01  (*1)

0163030

Mangónna

0,01  (*1)

0163040

Papánna

0,01  (*1)

0163050

Pomagránaití

0,4

0163060

Céiriomoighe

0,01  (*1)

0163070

Guábhaí

0,01  (*1)

0163080

Anainn

0,01  (*1)

0163090

Torthaí aráin

0,01  (*1)

0163100

Duraígh

0,01  (*1)

0163110

Úlla deilgneacha

0,01  (*1)

0163990

Eile (2)

0,01  (*1)

0200000

GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE

 

0210000

Glasraí fréimhe agus tiúbair

 

0211000

(a)

prátaí

0,02

0212000

(b)

glasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha

0,02

0212010

Casabhaigh

 

0212020

Prátaí milse

 

0212030

Ionaim

 

0212040

Ararút

 

0212990

Eile (2)

 

0213000

(c)

glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra

 

0213010

Meacain bhiatais

0,06

0213020

Meacain dhearga

0,08

0213030

Soiliriac/soilire tornapa

0,06

0213040

Meacain ragaim

0,06

0213050

Bliosáin ghréine

0,06

0213060

Meacain bhána

0,06

0213070

Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

0,06

0213080

Raidisí

0,5

0213090

Salsabh

0,06

0213100

Svaeideanna

0,06

0213110

Tornapaí

0,06

0213990

Eile (2)

0,06

0220000

Glasraí bleibíní

0,01  (*1)

0220010

Gairleog

 

0220020

Oinniúin

 

0220030

Seallóidí

 

0220040

Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil

 

0220990

Eile (2)

 

0230000

Glasraí a thugann torthaí

 

0231000

(a)

Solanaceae agus Malvaceae

 

0231010

Trátaí

0,6

0231020

Piobair

1

0231030

Ubhthorthaí

0,6

0231040

Ocra

0,6

0231990

Eile (2)

0,6

0232000

(b)

guird a bhfuil craiceann inite acu

0,3

0232010

Cúcamair

 

0232020

Gircíní

 

0232030

Cúirséid

 

0232990

Eile (2)

 

0233000

(c)

guird a bhfuil craiceann do-ite acu

0,3

0233010

Mealbhacáin

 

0233020

Puimcíní

 

0233030

Mealbhacáin uisce

 

0233990

Eile (2)

 

0234000

(d)

arbhar milis

0,2

0239000

(e)

glasraí eile a thugann torthaí

0,2

0240000

Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí)

 

0241000

(a)

praiseach bhlátha

 

0241010

Brocailí

1

0241020

Cóilis

0,6

0241990

Eile (2)

0,6

0242000

(b)

praiseach chinn

 

0242010

Bachlóga Bruiséile

0,01  (*1)

0242020

Cabáistí cinn

2

0242990

Eile (2)

0,01  (*1)

0243000

(c)

praiseach dhuilleach

20

0243010

Cabáistí Síneacha

 

0243020

Cáil

 

0243990

Eile (2)

 

0244000

(d)

cálráibí

0,01  (*1)

0250000

Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite

20

0251000

(a)

leitísí agus plandaí sailéid

 

0251010

Ceathrúna uain

 

0251020

Leitísí

 

0251030

Searbháin muc

 

0251040

Biolair agus eascróga agus peacáin eile

 

0251050

Biolair thalún

 

0251060

Roicéad Rómánach/rucola

 

0251070

Mustard dearg

 

0251080

Barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí)

 

0251990

Eile (2)

 

0252000

(b)

spionáistí agus duilleoga comhchosúla

 

0252010

Spionáistí

 

0252020

Puirsleáin

 

0252030

Seardas/duilleoga biatais

 

0252990

Eile (2)

 

0253000

(c)

duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla

 

0254000

(d)

biolair uisce

 

0255000

(e)

sreabháin na Beilge

 

0256000

(f)

luibheanna agus bláthanna inite

 

0256010

Costóg

 

0256020

Síobhas

 

0256030

Duilleoga soilire

 

0256040

Peirsil

 

0256050

Sáiste

 

0256060

Marós

 

0256070

Tím

 

0256080

Basal agus bláthanna inite

 

0256090

Duilleog labhrais

 

0256100

Dragan

 

0256990

Eile (2)

 

0260000

Léagúim

 

0260010

Pónairí (a bhfuil faighneoga acu)

0,8

0260020

Pónairí (gan faighneoga)

0,01  (*1)

0260030

Piseanna (a bhfuil faighneoga acu)

2

0260040

Piseanna (gan faighneoga)

0,01  (*1)

0260050

Lintilí

0,01  (*1)

0260990

Eile (2)

0,01  (*1)

0270000

Glasraí gais

 

0270010

Lus súgach

0,01  (*1)

0270020

Cardúin

0,01  (*1)

0270030

Soilirí

10

0270040

Finéal Fhlórans

0,01  (*1)

0270050

Bliosáin chruinne

2

0270060

Cainneanna

0,01  (*1)

0270070

Biabhóg

0,01  (*1)

0270080

Péacáin bhambú

0,01  (*1)

0270090

Croíthe pailme

0,01  (*1)

0270990

Eile (2)

0,01  (*1)

0280000

Fungais, caonaigh agus léicin

0,01  (*1)

0280010

Fungais shaothraithe

 

0280020

Fungais fhiáine

 

0280990

Caonaigh agus léicin

 

0290000

Algaí agus orgánaigh phrócaróit

0,01  (*1)

0300000

PISEÁNAIGH

0,3

0300010

Pónairí

 

0300020

Lintilí

 

0300030

Piseanna

 

0300040

Lúipíní/pónairí lúipíní

 

0300990

Eile (2)

 

0400000

OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ

 

0401000

Olashíolta

 

0401010

Ros lín

0,01  (*1)

0401020

Piseanna talún

0,06

0401030

Síolta poipín

0,01  (*1)

0401040

Síolta seasamain

0,01  (*1)

0401050

Síolta lus na gréine

2

0401060

Síolta ráibe

2

0401070

Pónairí soighe

0,05

0401080

Síolta mustaird

0,01  (*1)

0401090

Síolta cadáis

0,3

0401100

Síolta puimcín

0,01  (*1)

0401110

Síolta cróch bréige

0,01  (*1)

0401120

Síolta borráiste

0,01  (*1)

0401130

Caimilín

0,01  (*1)

0401140

Síolta cnáibe

0,01  (*1)

0401150

Pónairí ricne

0,01  (*1)

0401990

Eile (2)

0,01  (*1)

0402000

Olathorthaí

 

0402010

Ológa le haghaidh táirgeadh ola

0,01  (*1)

0402020

Eithní pailme ola

0,01  (*1)

0402030

Torthaí pailme oila

0,8

0402040

Capac

0,01  (*1)

0402990

Eile (2)

0,01  (*1)

0500000

GRÁNAIGH

 

0500010

Eorna

0,02

0500020

Ruán agus bréag-ghránaigh eile

0,02

0500030

Arbhar Indiach/arbhar

0,02

0500040

Muiléad coiteann

0,02

0500050

Coirce

0,02

0500060

Rís

0,4

0500070

Seagal

0,02

0500080

Sorgam

0,02

0500090

Cruithneacht

0,02

0500990

Eile (2)

0,02

0600000

TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB

0,02  (*1)

0610000

Taenna

 

0620000

Pónairí caife

 

0630000

Insiltí luibhe ó

 

0631000

(a)

bláthanna

 

0631010

Camán meall

 

0631020

Roiseog

 

0631030

Rós

 

0631040

Seasmain

 

0631050

Teile

 

0631990

Eile (2)

 

0632000

(b)

duilleoga agus luibheanna

 

0632010

Sú talún

 

0632020

Rooibos

 

0632030

Maité

 

0632990

Eile (2)

 

0633000

(c)

fréamhacha

 

0633010

Caorthann corraigh

 

0633020

Ginsing

 

0633990

Eile (2)

 

0639000

(d)

aon chuid eile den phlanda

 

0640000

Pónairí cócó

 

0650000

Carúib

 

0700000

LEANNLUSANNA

40

0800000

SPÍOSRAÍ

 

0810000

Spíosraí ó shíolta

0,02  (*1)

0810010

Ainís

 

0810020

Calaindí

 

0810030

Soilire

 

0810040

Lus an choire

 

0810050

Cuimín

 

0810060

Lus mín

 

0810070

Finéal

 

0810080

Feinigréag

 

0810090

Noitmig

 

0810990

Eile (2)

 

0820000

Spíosraí ó thorthaí

0,02  (*1)

0820010

Ilspíosra/pimeantó

 

0820020

Piobar Szechuan

 

0820030

Cearbhas

 

0820040

Cardamam

 

0820050

Caor aitil

 

0820060

Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

 

0820070

Fanaile

 

0820080

Tamarain

 

0820990

Eile (2)

 

0830000

Spíosraí ó choirt

0,02  (*1)

0830010

Cainéal

 

0830990

Eile (2)

 

0840000

Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

 

0840010

Liocras

0,02  (*1)

0840020

Sinséar (10)

 

0840030

Tuirmiric/curcuma

0,02  (*1)

0840040

Meacain ragaim (11)

 

0840990

Eile (2)

0,02  (*1)

0850000

Spíosraí ón mbachlóg

0,02  (*1)

0850010

Clóibh

 

0850020

Caprais

 

0850990

Eile (2)

 

0860000

Spíosraí ó phistil bláthanna

0,02  (*1)

0860010

Cróch

 

0860990

Eile (2)

 

0870000

Spíosraí arail

0,02  (*1)

0870010

Maicis

 

0870990

Eile (2)

 

0900000

PLANDAÍ SIÚCRA

 

0900010

Fréamhacha biatas siúcra

0,02

0900020

Cánaí siúcra

0,5

0900030

Fréamhacha siocaire

0,02

0900990

Eile (2)

0,01  (*1)

1000000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN

 

1010000

Tráchtearraí ó

 

1011000

(a)

mucra

 

1011010

Matán

0,2

1011020

Saill

0,2

1011030

An t-ae

0,2

1011040

An duán

0,2

1011050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,2

1011990

Eile (2)

0,01  (*1)

1012000

(b)

bó-ainmhí

 

1012010

Matán

0,2

1012020

Saill

0,2

1012030

An t-ae

0,2

1012040

An duán

0,2

1012050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,2

1012990

Eile (2)

0,01  (*1)

1013000

(c)

caoraigh

 

1013010

Matán

0,2

1013020

Saill

0,2

1013030

An t-ae

0,2

1013040

An duán

0,2

1013050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,2

1013990

Eile (2)

0,01  (*1)

1014000

(d)

gabhar

 

1014010

Matán

0,2

1014020

Saill

0,2

1014030

An t-ae

0,2

1014040

An duán

0,2

1014050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,2

1014990

Eile (2)

0,01  (*1)

1015000

(e)

eachaí

 

1015010

Matán

0,2

1015020

Saill

0,2

1015030

An t-ae

0,2

1015040

An duán

0,2

1015050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,2

1015990

Eile (2)

0,01  (*1)

1016000

(f)

éanlaith chlóis

 

1016010

Matán

0,01  (*1)

1016020

Saill

0,08

1016030

An t-ae

0,07

1016040

An duán

0,07

1016050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,07

1016990

Eile (2)

0,01  (*1)

1017000

(g)

ainmhithe talún feirme eile

 

1017010

Matán

0,2

1017020

Saill

0,2

1017030

An t-ae

0,2

1017040

An duán

0,2

1017050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

0,2

1017990

Eile (2)

0,01  (*1)

1020000

Bainne

0,05

1020010

Eallach

 

1020020

Caoirigh

 

1020030

Gabhar

 

1020040

Capall

 

1020990

Eile (2)

 

1030000

Uibheacha éan

0,2

1030010

An chearc

 

1030020

Lacha

 

1030030

Géanna

 

1030040

Gearg

 

1030990

Eile (2)

 

1040000

Mil agus táirgí beachaireacht eile (7)

0,05  (*1)

1050000

Débheathaigh agus Reiptílí

0,01  (*1)

1060000

Ainmhithe inveirteabracha talún

0,01  (*1)

1070000

Ainmhithe veirteabracha talún fiáine

0,01  (*1)

1100000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8)

 

1200000

TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8)

 

1300000

TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9)

 


(*1)  Teorainn cinnidh anailísigh

(1)  Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I,"


Ceartúcháin

28.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 382/52


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 177 an 5 Meitheamh 2020 )

(IO L Eagrán Speisialta Gaeilge 177, lch. 1)

Ar leathanach 20, Iarscríbhinn II, pointe 2.2, pointe (e):

1)

an 6ú eang:

in ionad:

“<...> in Verdana Bold 7 pt;”

léitear:

“<...> in Verdana Bold 8 pt;”,

2)

an 7ú eang:

in ionad:

“<...> in Verdana Regular 7 pt;”

léitear:

“<...> in Verdana Regular 8 pt;”,

3)

an 9ú eang:

in ionad:

“<…> in Verdana Regular 7 pt <...>”

léitear:

“<…> in Verdana Regular 8 pt <…>”,

4)

an 10ú eang:

in ionad:

“litreacha an scála éifeachtúlachta breosla agus an scála fliuchghreama: 100 % bán agus in Calibri Bold 19 pt; beidh na litreacha láraithe ar ais ag 4.5 mm ón taobh clé de na saigheada;”

léitear:

“litreacha an scála éifeachtúlachta breosla agus an scála fliuchghreama: 100 % bán agus in Calibri Bold 15 pt; le himlíne dhubh de 0,15 pt; beidh na litreacha láraithe ar ais ag 3 mm ón taobh clé de na saigheada;”,

5)

an 11ú eang:

in ionad:

“Cóid dhaite CMYK maidir le saigheada do scála éifeachtúlachta breosla A go E mar a leanas:”

léitear:

“Cóid dhaite CMYK maidir le saigheada do scála éifeachtúlachta breosla A go E, le himlíne dhubh de 0,15 pt mar a leanas:”,

Ar leathanach 21, Iarscríbhinn II, pointe 2.2, pointe (e):

1)

an 17ú eang:

in ionad:

“Cóid dhaite CMYK maidir le saigheada do scála fliuchghreama A go E mar a leanas”

léitear:

“Cóid dhaite CMYK maidir le saigheada do scála fliuchghreama A go E, le himlíne dhubh de 0,15 pt, mar a leanas:”,

2)

an 24ú eang:

in ionad:

“litir na haicme éifeachtúlachta breosla: 100 % bán agus in Calibri Bold 33 pt. <...>”

léitear:

“litir na haicme éifeachtúlachta breosla agus na haicme fliuchghreama: 100 % bán agus in Calibri Bold 20 pt.<...>”,

3)

an 25ú eang:

in ionad:

“picteagram d'éifeachtúlacht breosla: leithead 16 mm, airde 14 mm, meáchan 1 pt <...>”

léitear:

“picteagram d'éifeachtúlacht breosla: leithead 16 mm, airde 13 mm, meáchan 0,8 pt <...>”,

4)

an 26ú eang:

in ionad:

“picteagram de fhliuchghreim: leithead 20 mm, airde 14 mm, meáchan 1 pt, dath: 100 % dubh,”

léitear:

“picteagram de fhliuchghreim: leithead 20 mm, airde 13 mm, meáchan 0,8 pt, dath: 100 % dubh,”,

5)

an 27ú eang:

in ionad:

“picteagram den torann seachtrach rollta: leithead 24 mm, airde 18 mm, meáchan 1 pt, dath: 100 % dubh. An líon deicibeilí sa challaire in Verdana Bold 12 pt, an t-aonad 'dB' i in Regular 9 pt; raon na naicmí torainn seachtrach rollta (A go C) atá láraithe faoin bpicteagram, agus litir na haicme torainn seachtrach rollta is infheidhme in Verdana Bold 16 pt agus litreacha eile na n-aicmí torainn seachtrach rollta in Verdana Regular 10 pt;”

léitear:

“picteagram den torann seachtrach rollta: leithead 24 mm, airde 18 mm, meáchan 0,8 pt, dath: 100 % dubh. An líon deicibeilí sa challaire in Verdana Bold 10 pt, an t-aonad “dB” in Verdana Regular 8 pt; raon na naicmí torainn seachtrach rollta (A go C) atá láraithe faoin bpicteagram, agus litir na haicme torainn seachtrach rollta is infheidhme in Verdana Bold 12 pt agus litreacha eile na n-aicmí torainn seachtrach rollta in Verdana Regular 8 pt;”,

6)

an 28ú eang:

in ionad:

“<...>, meáchan 1 pt, <...>”

léitear:

“<...>, meáchan 0.8pt <...>”,

7)

an 29ú eang:

in ionad:

“picteagram greama oighir: leithead 15 mm, airde 13 mm, meáchan 1 pt, meáchan na bhfíarbharraí 0,5 pt, dath: 100 % dubh;”

léitear:

“picteagram greama oighir: leithead 15 mm, airde 13 mm, meáchan 0,8 pt, meáchan na bhfíarbharraí 0,2 pt, dath: 100 % dubh;”,

8)

an 30ú eang:

in ionad:

“<...> Verdana Regular 6 pt.”

léitear:

“<...> Verdana Regular 5 pt.”.