ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 378

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
26 Deireadh Fómhair 2021


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/1873 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le síneadh a chur le tréimhse chosanta na gceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí le haghaidh chineálacha an speicis Asparagus officinalis L. agus na speiceasghrúpaí bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1874 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2021 lena gceartaítear leagan Gearmáinise Rialachán (AE) 2018/395 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh oibriú balún agus le haghaidh ceadúnú na bhfoirne eitilte le haghaidh balún, agus leagan Gearmáinise Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1976 lena leagtar síos rialacha mionsonracha le haghaidh oibriú seoleitleán agus le haghaidh ceadúnú na bhfoirne eitilte le haghaidh seoleitleán

4

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1875 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe chun teacht ar chomhaontú maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe

6

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1876 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na bliana 2019 i gcomhair gach Ballstáit

12

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1877 ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an gcreat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú de chuid chlár Erasmus+ agus chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2021-2027 ( 1 )

15

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1878 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Clárlann i dtaca leis an bhfearann barrleibhéil .eu a ainmniú ( 1 )

22

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

26.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 378/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1873 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Deireadh Fómhair 2021

maidir le síneadh a chur le tréimhse chosanta na gceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí le haghaidh chineálacha an speicis Asparagus officinalis L. agus na speiceasghrúpaí bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 118, an chéad mhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Deacrachtaí teicniúla maidir le pórú, de dheasca cúlraí géiniteacha casta nó atáirgeadh an speicis Asparagus officinalis L. agus atáirgeadh na speiceasghrúpaí bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha a bheith mall nó casta go teicniúil, ní mór dul i ngleic leis na deacrachtaí sin trí bhíthin infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha. Chomh luath agus a thugtar cosaint do chearta maidir le cineálacha plandaí don speiceas sin agus do na speiceasghrúpaí sin, glacann sé roinnt blianta chun na plandaí a iolrú agus stoc a charnadh atá mór go leor chun ioncam réasúnta a shaothrú. Dá réir sin, an tréimhse ama ar féidir le sealbhóir na gceart maidir le cineálacha plandaí ioncam a shaothrú atá bunaithe ar an gcosaint sin lena linn, tá an tréimhse sin teoranta. Chun infheistíochtaí i dtaighde agus i bhforbairt i leith chineálacha na speiceas sin agus na speiceasghrúpaí sin a spreagadh, is gá síneadh a chur le tréimhse chosanta na gceart maidir le cineálacha plandaí agus is gá gníomhaíochtaí pórúcháin a dhreasú chun cineálacha nua a fhorbairt chun riachtanais na bhfeirmeoirí agus na dtomhaltóirí a chomhlíonadh agus chun dul i ngleic le tionchar an athraithe aeráide. Bíonn tréimhse ama níos faide de dhíth ar na hinfheistíochtaí sin chun brabús a dhéanamh i gcomparáid leis an gcuid is mó de na speicis eile, amhail barra talmhaíochta, ar minic a bhíonn saolré níos giorra agus raon tomhaltóirí níos mó agus níos leithne acu.

(2)

Maidir le cineál nua an speicis Asparagus officinalis L. agus na speiceasghrúpaí bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha a thabhairt isteach ar an margadh agus a ghlacadh ar an margadh, bíonn tréimhse ama níos faide de dhíth ina leith sin ionas go mbeidh an cineál nua sin brabúsmhar ná mar a bhíonn de dhíth i leith speicis eile, toisc gur léir ón taithí a fuarthas nach nochtar an luach tráchtála atá ar chineál nua den sórt sin ach amháin san fhadtéarma. Ar na cúiseanna sin, ní féidir aisíocaíocht chothrom a dhéanamh ar infheistíochtaí i dtaighde agus san fhorbairt ach amháin ag céim réasúnta déanach i gcosaint an speicis sin agus na speiceasghrúpaí sin i gcomparáid le speicis eile.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle (3), bunaítear córas ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí mar an t-aon fhoirm eisiach amháin ceart maoine tionsclaíocha de chuid an Chomhphobail le haghaidh cineálacha plandaí. I gcomhréir le hAirteagal 19(1) den Rialachán sin, tá tréimhse chosanta an chirt Comhphobail maidir le cineálacha plandaí le maireachtáil go dtí deireadh an 25ú bliain féilire nó, i gcás cineálacha speiceas fíniúna nó crainn, go dtí deireadh an 30ú bliain féilire, tar éis bhliain an deonaithe.

(4)

Chun timpeallacht dhlíthiúil a bhunú a chabhródh le haisíocaíocht chothrom a bhaint amach, is iomchuí síneadh 5 bliana eile a chur le tréimhse chosanta na gceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí le haghaidh chineálacha an speicis Asparagus officinalis L. agus na speiceasghrúpaí bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha. Ba cheart feidhm a bheith ag an síneadh sin maidir le cearta a deonaíodh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar an dáta sin nó ina dhiaidh.

(5)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart feidhm a bheith ag síneadh den sórt sin maidir leis na cearta Comhphobail uile maidir le cineálacha plandaí le haghaidh chineálacha an speicis Asparagus officinalis L. agus na speiceasghrúpaí bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha.

(6)

Ba cheart tréimhse an tsínte a laghdú más rud é go raibh éifeacht i mBallstát ag cearta maoine náisiúnta i leith na gcineálacha sin sular deonaíodh ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí agus, dá réir sin, gur ceadaíodh do phóraitheoirí a gcuid cineálacha a shaothrú cheana féin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Síneadh a chur le tréimhse chosanta na gceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí

1.   Cuirfear síneadh 5 bliana le tréimhse chosanta na gceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí, dá bhforáiltear in Airteagal 19(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94, le haghaidh chineálacha an speicis Asparagus officinalis L. agus na speiceasghrúpaí bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha.

2.   Ní dochar mír 1 den Airteagal seo d’Airteagal 116(4), an ceathrú fleasc, de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94.

Airteagal 2

An síneadh a laghdú

I gcás cineálacha plandaí ar deonaíodh ceart náisiúnta amháin nó níos mó maidir le cineálacha plandaí dóibh sular deonaíodh ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí dóibh, ach nach bhfuil feidhm ag Airteagal 116(4), an ceathrú fleasc, de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 maidir leo, déanfar an síneadh dá bhforáiltear in Airteagal 1 den Rialachán seo a laghdú faoin tréimhse is faide i mblianta féilire iomlána, tréimhse ar lena linn a bhí feidhm i mBallstát ag aon cheart nó aon chearta náisiúnta maidir le cineálacha plandaí a deonaíodh i leith an chineáil chéanna sular deonaíodh na cearta Comhphobail maidir le cineálacha plandaí.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 20 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)   IO C 220, 9.6.2021, lch. 86.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle an 27 Iúil 1994 maidir le cearta Comhphobail maidir le cineálacha plandaí (IO L 227, 1.9.1994, lch. 1).


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

26.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 378/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1874 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Deireadh Fómhair 2021

lena gceartaítear leagan Gearmáinise Rialachán (AE) 2018/395 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh oibriú balún agus le haghaidh ceadúnú na bhfoirne eitilte le haghaidh balún, agus leagan Gearmáinise Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1976 lena leagtar síos rialacha mionsonracha le haghaidh oibriú seoleitleán agus le haghaidh ceadúnú na bhfoirne eitilte le haghaidh seoleitleán

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23, Airteagal 27 agus Airteagal 31 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I leagan Gearmáinise Rialachán (AE) 2018/395 ón gCoimisiún (2), tá earráidí i gCuid BFCL, Fochuid PBL, pointí BFCL.125 BPL(a) agus BFCL.145 BPL(e), d’Iarscríbhinn III, earráidí a athraíonn brí an téacs.

(2)

I leagan Gearmáinise Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1976 ón gCoimisiún (3), tá earráidí comhchosúla i gCuid SFCL, Fochuid SPL, pointí SFCL.125 SPL(a) agus SFCL.145 SPL(e), d’Iarscríbhinn III, earráidí a athraíonn brí an téacs.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart leaganacha Gearmáinise Rialachán (AE) 2018/395 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1976 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2018/395 ón gCoimisiún an 13 Márta 2018 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh oibriú balún agus le haghaidh ceadúnú na bhfoirne eitilte le haghaidh balún de bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 71, 14.3.2018, lch. 10).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1976 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh oibriú seoleitleán agus le haghaidh ceadúnú na bhfoirne eitilte le haghaidh seoleitleán de bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 326, 20.12.2018, lch. 64).


CINNTÍ

26.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 378/6


CINNEADH (AE) 2021/1875 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Deireadh Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe chun teacht ar chomhaontú maidir leis na gabhálacha iomlána incheadaithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Aibreán 2021, ghlac an Chomhairle Chinneadh (AE) 2021/689 (1), maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2) (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”). Tháinig an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

(2)

Faoi Airteagal 494 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, chomhaontaigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe (“na Páirtithe”) comhoibriú le chéile d’fhonn a áirithiú, i dtaca le gníomhaíochtaí iascaireachta i leith stoic chomhroinnte ina n-uiscí, go mbeidh na gníomhaíochtaí sin inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go rannchuideoidh siad le tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta a bhaint amach, agus cearta agus oibleagáidí Stát cósta neamhspleách á n-urramú go hiomlán de réir mar a fheidhmíonn na Páirtithe iad. Tá sé de chuspóir coiteann ag na Páirtithe stoic chomhroinnte a shaothrú ag rátaí lena bhfuil sé beartaithe líon na speiceas a shaothraítear a choinneáil agus a athbhunú de réir a chéile os cionn na leibhéal bithmhaise lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach.

(3)

De bhun Airteagal 498 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá na Páirtithe le dul i mbun comhairliúcháin bhliantúla chun teacht ar chomhaontú maidir le gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) le haghaidh stoic chomhroinnte.

(4)

Ba cheart don Choimisiún na comhairliúcháin bhliantúla a dhéanamh thar ceann an Aontais agus ar bhonn sheasaimh an Aontais a bhfuil an Chomhairle lena mbunú i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí.

(5)

Maidir le rannpháirtíocht iomlán thráthrialta na Comhairle agus a comhlachtaí ullmhúcháin i bpróiseas na gcomhairliúchán bliantúil leis an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoc i gceist a shocrú, ba cheart í a áirithiú trí bhíthin comhordú agus comhar cuimsitheach idir an Chomhairle agus an Coimisiún, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

(6)

Tá Parlaimint na hEorpa le cur go hiomlán ar an eolas láithreach de bhun Airteagal 218(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(7)

Ceanglaítear le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), go n-áiritheoidh an tAontas go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach agus leis an gcuspóir cur le hinfhaighteacht soláthairtí bia.

(8)

Ceanglaítear le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go gcuirfidh an tAontas cur chuige an réamhchúraim i bhfeidhm i leith bainistiú iascach agus go mbeidh mar aidhm leis a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil ag leibhéil atá in acmhainn uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach.

(9)

Ceanglaítear le hAirteagal 2(5), pointe (j), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 gur cheart an bainistiú iascaigh a bheith i gcomhréir leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach a leagtar amach i dTreoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ina theannta sin, ceanglaítear le hAirteagal 2(5), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1), pointe (d), den Rialachán sin, go ndéanfaidh an tAontas ábhar muirí aischurtha a dhíchur trí, inter alia, mhodhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí agus a chuideoidh le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir, chomh maith le hiascaireacht a chur chun cinn a mbeidh tionchar íseal aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh.

(10)

Foráiltear le hAirteagal 3, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil an tAontas le bearta bainistíochta agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil.

(11)

Foráiltear le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go stiúrfaidh an tAontas a gcaidrimh sheachtracha iascaigh i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 2 agus Airteagal 3 den Rialacháin sin,, agus, inter alia, go dtacóidh sé go gníomhach le heolas eolaíochta agus le comhairle eolaíochta agus go gcuirfidh sé leo. Foráiltear le hAirteagail 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 freisin go bhfuil na forálacha maidir le beartas seachtrach a leagtar amach i gCuid VI den Rialachán sin gan dochar d’fhorálacha sonracha arna nglacadh faoi Airteagal 218 CFAE.

(12)

Le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, leagtar síos na prionsabail agus na cuspóirí maidir le bainistiú stoc ar leas coiteann iad don Aontas agus do thríú tíortha, mar aon le forálacha a bhaineann le comhaontuithe maidir le malartú agus bainistiú comhpháirteach.

(13)

I bhfianaise chineál athraitheach na n-acmhainní iascaigh a chumhdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus i bhfianaise an ghá atá leis go gcuirfí forbairtí nua san áireamh i seasamh an Aontais, lena n-áirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a chuirtear i láthair roimh na comhairliúcháin bhliantúla nó lena linn, ba cheart forálacha a leagan síos le haghaidh na sonraíochta ó bhliain go bliain maidir le seasamh an Aontais sna comhairliúcháin sin. Ba cheart na forálacha sin a bheith i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) CAE.

(14)

De bhun Iarscríbhinn II, pointe 2(c), a ghabhann le Cinneadh (AE) 2021/1765 ón gComhairle (5), féadfaidh an tAontas féachaint le hábhair atá comhaontaithe ag na Páirtithe a thaifeadadh tar éis dul i gcomhairle le chéile faoi Airteagal 498 den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

(15)

Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe a bhunú, ós rud é gur cheart toradh na gcomhairliúchán sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic chomhroinnte, lena n-áirítear stoic dhomhainfharraige, faoi Airteagal 498 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”), leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

2.   Déanfar sonraíocht sheasamh an Aontais, dá dtagraítear i mír 1, a stiúradh ar bhonn bliantúil i gcomhréir le hAirteagal 2.

Airteagal 2

1.   Maidir le rannpháirtíocht iomlán agus thráthrialta na Comhairle le linn na gcomhairliúchán bliantúil, déanfar í a áirithiú trí bhíthin comhordú agus comhar cuimsitheach idir an Chomhairle agus an Coimisiún.

2.   Sula dtosóidh na comhairliúcháin bhliantúla leis an Ríocht Aontaithe, agus lena linn, déanfaidh an Coimisiún gach beart is gá chun go gcuirfear an chomhairle eolaíoch is déanaí agus aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil san áireamh sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail agus na treoshuíomhanna a leagtar amach san Iarscríbhinn. Léireofar an seasamh sa taifead i scríbhinn ina ndéantar doiciméadú ar na socruithe arna ndéanamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe mar thoradh ar na comhairliúcháin faoi Airteagal 498 den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

3.   Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, in am trátha roimh na comhairliúcháin bhliantúla agus, i gcás inar gá, lena linn, doiciméad i scríbhinn, ar bhonn na comhairle agus na faisnéise dá dtagraítear i mír 2, a sheoladh chuig an gComhairle ina mbeidh an tsonraíocht atá beartaithe le haghaidh sheasamh an Aontais agus a úsáidfear chun mionsonraí an tseasaimh atá le léiriú thar ceann an Aontais a phlé agus a fhormhuiniú. Fanfaidh an Chomhairle faoi bhreithniú an ábhair le linn an phróisis agus, déanfaidh an Coimisiún, in am trátha sula síneofar an taifead i scríbhinn dá dtagraítear i mír 2, seasamh an Aontais a sheoladh chuig an gComhairle chun mionsonraí na gcomhairliúchán bliantúil a fhormhuiniú.

4.   Áireofar sa phróiseas dá dtagraítear san Airteagal seo cruinnithe comhordúcháin in situ, cuir i láthair, glacadh cuntas agus pléití, agus rannpháirtíocht iomlán na dtoscaireachtaí náisiúnta sna comhairliúcháin bhliantúla, lena n-áirítear a rannpháirtíocht mar chuid de thoscaireacht an Aontais, agus, nuair is gá, sna cruinnithe teicniúla.

5.   Mura féidir leis an Aontas, le linn na gcomhairliúchán bliantúil, teacht ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, agus chun go gcuirfidh seasamh an Aontais gnéithe nua san áireamh, cuirfidh an Coimisiún an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle.

6.   Más iomchuí, i ndiaidh thabhairt i gcrích na gcomhairliúchán, na TACanna a leasú sa bhliain nó sna blianta ar comhaontaíodh iad ina leith, déanfaidh an Coimisiún, in am trátha agus ar bhonn na faisnéise eolaíche is déanaí agus ar bhonn faisnéis ábhartha eile agus i gcomhréir leis na prionsabail agus na treoshuíomhanna a leagtar amach san Iarscríbhinn, doiciméad nua i scríbhinn a chur faoi bhráid na Comhairle ina leagtar amach an tsonraíocht atá beartaithe maidir le seasamh an Aontais i dtaobh an leasaithe sin, chun mionsonraí an tseasaimh atá le léiriú thar ceann an Aontais a phlé agus a fhormhuiniú, sula síneofar taifead i scríbhinn.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Meitheamh 2027. Déanfaidh an Chomhairle é a mheasúnú de réir mar is gá agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sí é a athbhreithniú ar thogra ón gCoimisiún. Déanfar athbhreithniú in aon chás faoin 30 Meitheamh 2023.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2).

(2)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(4)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais muirthimpeallachta (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(5)  Cinneadh (AE) 2021/1765 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, le haghaidh na tréimhse 2021–2026, sa Choiste Speisialaithe um Iascach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 355, 7.10.2021, lch. 135).


IARSCRÍBHINN

AN SEASAMH ATÁ LE GLACADH THAR CEANN AN AONTAIS SNA COMHAIRLIÚCHÁIN BHLIANTÚLA LEIS AN RÍOCHT AONTAITHE CHUN TEACHT AR CHOMHAONTÚ MAIDIR LEIS NA GABHÁLACHA IOMLÁNA INCHEADAITHE

1.   PRIONSABAIL

Faoi chuimsiú na gcomhairliúchán bliantúil leis an Ríocht Aontaithe, déanfaidh an tAontas na nithe seo a leanas:

(a)

féachfaidh sé lena áirithiú go mbeidh na deiseanna iascaireachta arna n-aontú comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe (“NA”) maidir le Dlí na Farraige 1982 agus le Comhaontú na Náisiún Aontaithe i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach 1995;

(b)

féachfaidh sé lena áirithiú go mbítear á urramú gealltanais idirnáisiúnta an Aontais;

(c)

féachfaidh sé le comhsheasmhacht agus sineirge a chur ar fáil ann maidir leis na beartais atá á saothrú ag an Aontas mar chuid dá chaidreamh déthaobhach iascaigh le tríú tíortha eile agus laistigh d’eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh, agus áiritheoidh sé comhsheasmhacht lena bheartais eile, go háirithe i réimsí an chaidrimh sheachtraigh, na fostaíochta, an chomhshaoil, na trádála, na forbartha, agus an taighde agus na nuálaíochta;

(d)

a áirithiú go socrófar na TACanna agus na bearta eile a bhfuil baint fheidhmiúil acu ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus lena gcuirfear san áireamh go hiomlán aon bhearta nó aon treoir arna bunú ag an gCoiste Speisialaithe um Iascach;

(e)

féachfaidh sé lena áirithiú go gcinnfear na TACanna go comhpháirteach i gcomhréir le cuspóir an chomhbheartais iascaigh (CBI) na hiascaigh a bheith inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus iad a bheith á mbainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, lena n-áirítear croíchuspóir caomhnaithe CBI, amhail an uastáirgeacht inbhuanaithe, mar aon leis na pleananna ilbhliantúla is infheidhme;

(f)

féachfaidh sé le bheith i gcomhréir le conclúidí ón gComhairle an 19 Márta 2012 maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le gné sheachtrach CBI;

(g)

féachfaidh sé le rialacha neamh-idirdhealaitheacha a áirithiú le haghaidh chabhlach an Aontais agus na rialacha sin a bhunú ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna atá infheidhme faoi dhlí an Aontais;

(h)

féachfaidh sé le hamlínte a bhunú le haghaidh na gcomhairliúchán bliantúil maidir le deiseanna iascaireachta;

(i)

féachfaidh sé le comhsheasmhacht a áirithiú le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe le Treoir 2008/56/CE, chomh maith le beartais eile de chuid an Aontais.

2.   TREOSHUÍOMHANNA

Tá an tAontas le gach iarracht a dhéanamh chun teacht ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta (na TACanna agus na bearta lena bhfuil baint fheidhmiúil acu), agus é sin bunaithe ar an gcur chuige a leagtar amach thíos.

Á dhéanamh sin dó, oibreoidh an Coimisiún go dlúth leis an gComhairle le linn na gcomhairliúchán bliantúil, chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

féachaint leis na TACanna a bhunú, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, chun ráta saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe a bhaint amach;

(b)

féachaint leis na TACanna a bhunú faoi chur chuige an réamhchúraim maidir le hiascaigh i gcás nach bhfuil an chomhairle eolaíoch sin maidir le rátaí saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe ar fáil;

(c)

féachaint le cosc a chur ar róshaothrú na stoc éisc ábhartha trí na TACanna uile a shocrú ag leibhéal a bheidh ar aon dul leis an leibhéal a socraíodh sna blianta roimhe sin i gcás nach bhfuil comhairle eolaíoch ar fáil;

(d)

féachaint le cineálacha éagsúla comhairle eolaíche a chumasc maidir leis na TACanna a bhunú, lena n-áirítear comhairle ina gcumasctar an uastáirgeacht inbhuanaithe agus comhairle réamhchúraim, maidir leis na TACanna lena mbaineann neamhréir idir an limistéar comhairle agus na limistéir bhainistíochta, nó i gcás ina mbeidh cumasc de speicis éagsúla sna TACanna, agus féachaint le cur chuige iomchuí a bhaint amach maidir le comhairle á chur san áireamh agus na TACanna á mbunú le haghaidh sciataí agus roc;

(e)

féachaint le TACanna a bhunú trí mheasúnú uastáirgeachta inbhuanaithe agus comhairle FMSY i gcomhréir le cuspóir na huastáirgeachta inbhuanaithe atá ag an gComhbheartas Iascaigh agus sna pleananna ilbhliantúla is infheidhme; i gcás ina gceadaítear sna pleananna ilbhliantúla úsáid a bhaint as na raonta FMSY a chuireann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) ar fáil, ba cheart don Aontas féachaint le leas a bhaint as na forálacha sin, má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sna pleananna ilbhliantúla;

(f)

féachaint leis na TACanna a shocrú bunaithe ar chur chuige an réamhchúraim a fhreagróidh don phríomhchomhairle atá i mbileog chomhairle eolaíche ICES ina bhfuil comhairle réamhchúraim maidir leis na nithe seo a leanas: (i) stoic foghabhála (faoi phleananna ilbhliantúla); (ii) spriocstoic (faoi phleananna ilbhliantúla) i gcás nach gcuireann ICES ach comhairle réamhchúraim ar fáil; agus (iii) TACanna le comhairle réamhchúraim ilbhliantúil, sna cásanna sin inar cheart cobhsaíocht a shaothrú;

(g)

féachaint lena chur san áireamh go ngabhann deacrachtaí le hiascaireacht gach uile stoc éisc, ar leibhéal na huastáirgeachta inbhuanaithe, ag an tráth céanna, in iascach measctha, agus go háirithe i gcás inar deacair feiniméan an tachtspeicis a sheachaint, lena n-áirítear na TACanna a gcomhairlítear gabháil nialasach ina leith maidir le TACanna spriocghabhála nó TACanna foghabhála; ba cheart don Aontas, i gcás inarb ábhartha faoi na pleananna ilbhliantúla, féachaint le bearta ceartaitheacha a leagan síos sna himchuacha farraigí ábhartha chomh maith leis an leibhéal TAC a shocrú;

(h)

féachaint leis na TACanna a bhunú chun críoch eolaíoch nó faireacháin i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch;

(i)

féachaint le comhsheasmhacht a chur ar fáil leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais i ndáil le speicis shonracha agus le stoic shonracha;

(j)

féachaint le cóineasú dearcaidh a chur chun cinn maidir leis na speicis a dtoirmiscfear iad a iascach, bunaithe ar chomhairle eolaíoch, lena n-áirítear an toirmeasc ginearálta ar iascaigh siorcanna domhainfharraige;

(k)

féachaint le cuir chuige comhaontaithe a bheith ann maidir le modh agus cur i bhfeidhm na gcoigeartuithe ar na TACanna comhaontaithe i ndiaidh chur i bhfeidhm na ndíolúintí ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír (díolúintí de minimis agus inmharthanachta ón oibleagáid na gabhálacha uile a thabhairt i dtír). Ba cheart don Aontas féachaint leis an leibhéal is airde is féidir de chuir chuige comhaontuithe a bhaint amach maidir leis na díolúintí sin ar bhealach a bheidh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(l)

féachaint le teacht ar chomhaontú maidir leis an gcur chuige chun doingean mara an tuaiscirt a chaomhnú, bunaithe ar chomhairle eolaíoch ICES;

(m)

féachaint le teacht ar chomhaontú maidir le bearta eile a bhfuil baint fheidhmiúil acu i ndáil le TACanna, go háirithe maidir le coinníollacha speisialta agus solúbthachtaí idirlimistéir atá ann cheana, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, go háirithe Airteagal 15(8) agus (9) de;

(n)

féachaint leis na stoic a measfar a bheith mar “stoic speisialta” a shainaithint chun TACanna sealadacha a bhunú i gcás nach féidir na comhairliúcháin bhliantúla a thabhairt i gcrích go tráthúil i gcomhréir le hAirteagal 498(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, agus i gcomhréir le hAirteagal 499(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(o)

féachaint le teacht ar chomhaontú maidir le hiarrataí comhpháirteacha chuig ICES nuair a shainaithnítear go bhfuil gá le comhairle bhreise;

(p)

féachaint lena áirithiú go ndéanfar leibhéil TAC a bhunú, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch, in am do thús na bliana iascaireachta i gcás corr ghainimh, salán agus trosc Ioruach sa Mhuir Thuaidh, i gcás nach ionann an bhliain iascaireachta agus an bhliain féilire;

(q)

féachaint le leanúint leis an sásra sealadach um malartuithe cuótaí atá ann faoi láthair go dtí go mbunóidh an Coiste Speisialaithe um Iascach sásra buan.


26.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 378/12


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1876 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Deireadh Fómhair 2021

maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na bliana 2019 i gcomhair gach Ballstáit

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (1), agus go háirithe Airteagal 19(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos i gCinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) na leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí i gcomhair gach Ballstáit le haghaidh gach bliain den tréimhse 2013 go 2020 agus sásra chun comhlíonadh na dteorainneacha sin a mheasúnú go bliantúil. Leagtar amach i gCinneadh 2013/162/AE ón gCoimisiún (3) leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí na mBallstát agus iad arna sloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2. Socraítear na coigeartuithe ar na leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí i gcomhair gach Ballstáit i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2013/634/AE ón gCoimisiún (4).

(2)

Déantar foráil in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir le nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhardail astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát chun measúnú a dhéanamh i dtaca le comhlíonadh Chinneadh Uimh. 406/2009/CE. An t-athbhreithniú bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, rinneadh é ar bhonn na sonraí maidir le hastaíochtaí le haghaidh na bliana 2019 a tuairiscíodh don Choimisiún i mí an Mhárta 2021 i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 ón gCoimisiún (5) agus in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Agus an ríomh á dhéanamh maidir le méid iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE le haghaidh na bliana 2019 i gcomhair gach Ballstáit, ba cheart aird a thabhairt ar na ceartúcháin theicniúla agus na meastacháin athbhreithnithe a ríomhadh le linn an athbhreithnithe bhliantúil mar atá sna tuarascálacha deiridh maidir le hathbhreithniú arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 35(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 agus ba cheart na ceartúcháin agus na meastacháin sin a chur san áireamh.

(4)

Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe chun go mbeidh sé ailínithe le forálacha Airteagal 19(7) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 lena socraítear gurb é dáta foilsithe an Chinnidh seo túsphointe na tréimhse 4 mhí a mbeidh cead lena linn ag na Ballstáit úsáid a bhaint as na sásraí solúbthachta faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo suim iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE i gcomhair gach Ballstáit le haghaidh na bliana 2019 a eascraíonn as na sonraí fardail ceartaithe ar chríochnú don athbhreithniú bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 165, 18.6.2013, lch. 13.

(2)  Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ionas go gcomhlíonfaí go dtí 2020 gealltanais an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).

(3)  Cinneadh 2013/162/AE ón gCoimisiún an 26 Márta 2013 maidir le leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí na mBallstát a chinneadh le haghaidh na tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 90, 28.3.2013, lch. 106).

(4)  Cinneadh 2013/634/AE ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2013 maidir le leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí na mBallstát a choigeartú le haghaidh na tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 292, 1.11.2013, lch. 19).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2014 maidir le struchtúr, formáid, próisis tíolactha agus athbhreithniú na faisnéise arna tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 203, 11.7.2014, lch. 23).


IARSCRÍBHINN

Ballstát

Astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE, le haghaidh na bliana 2019

(tonaí de choibhéis dé-ocsaíde carbóin)

an Bheilg

72 013 554

an Bhulgáir

25 814 515

an tSeicia

60 543 276

an Danmhairg

32 050 593

an Ghearmáin

444 262 722

an Eastóin

6 208 760

Éire

45 579 575

an Ghréig

44 744 947

an Spáinn

201 878 747

an Fhrainc

336 358 317

an Chróit

16 058 241

an Iodáil

274 938 773

an Chipir

4 377 563

an Laitvia

8 650 111

an Liotuáin

14 298 998

Lucsamburg

9 239 043

an Ungáir

44 894 942

Málta

1 427 261

an Ísiltír

97 096 843

an Ostair

50 218 754

an Pholainn

209 084 930

an Phortaingéil

41 527 062

an Rómáin

75 211 340

an tSlóivéin

10 809 900

an tSlóvaic

20 087 964

an Fhionlainn

29 643 287

an tSualainn

31 679 703

an Ríocht Aontaithe

329 100 245


26.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 378/15


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1877 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Deireadh Fómhair 2021

maidir leis an gcreat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú de chuid chlár Erasmus+ agus chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2021-2027

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 15 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014 (2), agus go háirithe Airteagal 16(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An gá atá leis an gClár Erasmus+ a neartú agus le síneadh a chur leis, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl an méid sin roinnt uaireanta. Ina theannta sin, sna comhairliúcháin maidir leis an meastóireacht mheántéarma ar Chlár Erasmus+ (2014-2020) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus maidir leis an gclár a thiocfadh in ionad an chláir sin (4), suíodh an gá atá le leanúnachas i raon feidhme, ailtireacht agus sásraí seachadta Chlár Erasmus+. An tráth céanna, sainaithníodh an gá atá le roinnt feabhsúchán, amhail cuimsitheacht Chlár Erasmus+ a mhéadú agus é a shimpliú agus a dhéanamh níos inbhainistithe do thairbhithe.

(2)

Le Rialachán Erasmus+ agus le Rialachán Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta araon, foráiltear go bhforbróidh an Coimisiún creat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú le haghaidh daoine ar lú na deiseanna atá acu (5). Agus na cosúlachtaí idir Clár Erasmus+ agus Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh á gcur san áireamh, a mhéid a bhaineann le cuid de na spriocghrúpaí a ndírítear orthu (daoine ar lú na deiseanna atá acu i gClár Erasmus+ agus daoine óga ar lú na deiseanna atá acu i gClár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh), na struchtúir chur chun feidhme chomhroinnte atá ag an dá Chlár, agus na cosúlachtaí atá sa struchtúr cistiúcháin, ba cheart creat comhpháirteach i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú a bhunú.

(3)

Ba cheart réimsí idirghabhála le haghaidh dúshláin dhomhanda mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn III, pointe 4, de Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), chomh maithe le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2021-2024 a chur san áireamh sa chreat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú. Tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí amhail eintitis a fhaigheann deontais faoi na Cláir maidir leis an gcuimsiú a fhíorú, go háirithe a mhéid a bhaineann le forbairt eagraíochta, tuilleadh inniúlachta a fháil agus a fhorbairt i dtaca le tionscadail chuimsithe agus ceanglais inrochtaineachta a láimhseáil, an cuimsiú a chur chun cinn ar fud na heagraíochta, agus for-rochtain agus tacaíocht a thabhairt do rannpháirtithe roimh an tionscadal, lena linn agus ina dhiaidh.

(4)

Tá cásanna ann inar lú, ar chúiseanna airgeadais, an seans a bheidh acu siúd ag a mbíonn níos lú deiseanna a bheith rannpháirteach sna Cláir, bíodh sin mar gheall ar a staid eacnamaíoch nó mar gheall ar na costais is airde a éireoidh, ina gcás sonrach féin, as a rannpháirtíocht sa Chlár, agus minic gur cás acu sin cás na ndaoine faoi mhíchumas. Sna cásanna sin, d’fhéadfaí a rannpháirtíocht a éascú trí bhíthin tacaíocht airgeadais dhírithe.

(5)

Is féidir níos lú rannpháirtíochta ag na spriocghrúpaí sin a bheith mar thoradh ar easpa feasachta maidir le hinfhaighteacht beart tiomnaithe le haghaidh daoine ar lú na deiseanna atá acu. Tá iarracht níos mó ag teastáil chun feasacht a mhúscailt agus chun a leibhéil eolais agus feasachta a mhéadú maidir leis na deiseanna atá ann agus maidir leis an mbealach chun rochtain a fháil orthu.

(6)

Iarrtar ar eagraíochtaí aghaidh a thabhairt ar an gcuimsiú agus ar an éagsúlacht i gcomhréir lena riachtanais féin agus le riachtanais a bpobail. Baill foirne, a bhíonn ag plé go sonrach le saincheisteanna maidir leis an gcuimsiú agus an éagsúlacht agus le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu ina n-eagraíochtaí, féadfaidh siad tairbhiú de bheith ag obair i gcomhar le piaraí ó eagraíochtaí eile chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu. Maidir le cineálacha éagsúla tacaíochta, amhail seisiúin oiliúna, deiseanna phiarfhoghlama agus deiseanna chun postscáthú a dhéanamh, féadfar iad a shocrú d’fhonn cabhrú lena n-inniúlacht a mhéadú i ndáil leis sin.

(7)

Maidir le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, tá cur chuige láidir tacúil ríthábhachtach chun deireadh a chur leis na bacainní atá ar a rannpháirtíocht iomlán sna Cláir.

(8)

Tá an cuimsiú agus an éagsúlacht mar chuid de na critéir chun iarratais ar chistiú a roghnú agus chun tacaíocht airgeadais a leithdháileadh. Sa phróiseas chun deontais a dhámhachtain, féadfar tosaíocht a thabhairt do thionscadail ardcháilíochta lena dtugtar aghaidh go gníomhach ar an gcuimsiú agus ar an éagsúlacht agus lena bhfuil baint ag rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.

(9)

Maidir le daoine ar lú na deiseanna atá acu, ba cheart teagmháil a dhéanamh leo ina dtimpeallacht phearsanta féin tríd an gcur chuige a chur in oiriúint dá riachtanais faisnéise agus inrochtaineachta shonracha. An comhar le páirtithe leasmhara atá ag obair leis na spriocghrúpaí sin agus rannpháirtíocht úsáideoirí ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, is nithe tábhachtacha iad chun faisnéis a sholáthar do ghrúpaí faoi thearcionadaíocht.

(10)

Le gníomhaíochtaí faireacháin tiomnaithe lena mbainfear leas as tacar táscairí sonracha, ba cheart sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla a sholáthar chun tacú de réir a chéile le húsáid níos straitéisí agus níos spriocdhírithe fós a bhaint as an mbuiséad atá ar fáil faoi na Cláir.

(11)

D’fhéadfadh sé go bhfuil bearta maidir leis an gcuimsiú i bhfeidhm cheana sa chomhthéacs náisiúnta. Comhlántacht agus sineirgí leis na bearta arna gcur i bhfeidhm leis an gcreat seo, d’fhéadfadh siad rannchuidiú le tionchar níos mó a bhaint amach maidir le teagmháil a dhéanamh le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus le tacaíocht a thabhairt dóibh.

(12)

Leis an gCinneadh seo agus leis na pleananna gníomhaíochta maidir leis an gcuimsiú a leanfaidh as, ba cheart na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (7) a urramú. Ba cheart a áirithiú leo freisin go n-urramaítear go hiomlán an ceart chun neamh-idirdhealaithe agus go ndéantar cur i bhfeidhm Airteagal 21 den Chairt a chur chun cinn.

(13)

Is grúpa ilchineálach iad na gníomhaithe atá rannpháirteach sa phróiseas chun cuimsitheacht agus éagsúlacht Chlár Erasmus+ agus Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a mhéadú agus rannchuidíonn siad le smaointe agus sásraí nua nó feabhsaithe a fhorbairt, agus tá siad ina bpríomhiolraitheoirí sna hiarrachtaí cuimsitheachta agus éagsúlachta chomh maith,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an gCinneadh seo, bunaítear creat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú le haghaidh Chlár Erasmus+ agus Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh do thréimhse Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027.

2.   Leagtar síos leis cuspóirí an chreata agus na gníomhartha agus sásraí atá le cur chun feidhme.

Airteagal 2

Cuspóirí an chreata i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú

1.   Tá sé de chuspóir ginearálta ag an gcreat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú, rochtain ar Chlár Erasmus+ agus ar Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a éascú do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu, a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm bearta chun deireadh a chur le bacainní a d’fhéadfadh an rochtain sin a chosc agus a bheith mar bhonn le tuilleadh treoraíochta maidir le cur chun feidhme mar a leagtar amach san Iarscríbhinn. Bunaithe ar an bprionsabal nach mór rochtain a bheith ag cách ar na Cláir, gan beann ar na bacainní a d’fhéadfadh a bheith rompu, is é is aidhm don chreat gan aon duine a fhágáil ar lár agus rannchuidiú le sochaithe níos cuimsithí.

2.   Tá ceithre chuspóir shonracha ag an gcreat i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú:

(a)

an cuimsiú agus an éagsúlacht a phríomhshruthú agus sin a bheith ina thosaíocht trasearnála agus ina threoirphrionsabal;

(b)

a áirithiú go gcuirfear gnéithe agus sásraí cuimsitheacha ar fáil laistigh de dhearadh na gClár agus den bhuiséad a leithdháilfear ar a ngníomhartha agus go gcuirfear san áireamh an bhéim atá ar an gcuimsiú agus ar an éagsúlacht ag gach céim de bhainistíocht na gClár;

(c)

comhthuiscint a shuí maidir leo siúd a bhféadfar a mheas gur daoine iad ar lú na deiseanna atá acu agus cur chuige dearfach i leith na héagsúlachta a chothú;

(d)

tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí tairbhíocha tuilleadh tionscadail ardcháilíochta a bhunú lena dtabharfar aghaidh ar an gcuimsiú agus ar an éagsúlacht agus tionscadail a dhearadh agus a chur chun feidhme ar bhealach níos cuimsithí agus níos éagsúla.

3.   San Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo tugtar liosta neamh-uileghabhálach de na gníomhartha atá déanta ag an gCoimisiún agus na gníomhartha a dhéanfaidh sé chun treoraíocht a sholáthar maidir le cur chun feidhme na mbeart maidir leis an gcuimsiú i gClár Erasmus+ agus i gClár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

CAIBIDIL II

BEARTA MAIDIR LEIS AN gCUIMSIÚ

Airteagal 3

Formáidí foghlama

Leis na Cláir cuirfear formáidí foghlama solúbtha agus inrochtana ar fáil chun gur féidir teagmháil a dhéanamh le spriocghrúpaí móra, rud a mhéadóidh lánpháirtiú daoine, ar lú na deiseanna atá acu, i ngníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna, óige, spóirt agus dlúthpháirtíochta.

Airteagal 4

Tacaíocht le haghaidh rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu

Maidir le sásraí lena ndéantar rannpháirtithe, ar lú na deiseanna atá acu, a ullmhú sula mbíonn siad rannpháirteach sa Chlár, le linn an Chláir agus ina dhiaidh, agus lena dtacaítear go leordhóthanach leis na rannpháirtithe sin, sásraí amhail cuairteanna ullmhúcháin, tacaíocht teanga, meantóireacht threisithe agus cóitseáil, cuirfear na sásraí sin ar fáil agus maoineofar iad go cuí.

Airteagal 5

Tacaíocht le haghaidh eagraíochtaí

Cuirfear sásraí i bhfeidhm chun:

(a)

tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí an cuimsiú a fhíorú, go háirithe a mhéid a bhaineann le forbairt eagraíochta, inrochtaineacht agus an t-idirghníomhú le rannpháirtithe, ar lú na deiseanna atá acu, roimh an tionscadal, lena linn agus ina dhiaidh. Ionas go n-oibreoidh siad i gcomhar chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu agus chun nósanna imeachta cuimsitheacha a áirithiú, d’fhéadfadh gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh baill foirne a bhíonn ag plé go sonrach leis an gcuimsiú agus leis an éagsúlacht in eagraíochtaí a bheith i gceist leis an tacaíocht sin, gníomhaíochtaí amhail oiliúint, agus deiseanna líonraithe téamacha;

(b)

tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí ina ról tábhachtach maidir le teagmháil a dhéanamh le rannpháirtithe ionchasacha ar lú na deiseanna atá acu maidir leis na deiseanna agus sásraí tacaíochta éagsúla atá á gcur ar fáil dóibh faoi na Cláir agus feasacht na rannpháirtithe ionchasacha a mhéadú i dtaobh na ndeiseanna sin.

Airteagal 6

Tacaíocht airgeadais

1.   Leis na Cláir, soláthrófar leibhéil tacaíochta airgeadais leordhóthanacha do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, rud a rannchuideoidh le deireadh a chur leis na bacainní lena gcuirtear cosc orthu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na gClár ar comhchéim lena bpiaraí. Áirítear leis sin, go gcuirfear san áireamh na sásraí is iomchuí chun tacaíocht den sórt sin a bhronnadh.

2.   Leis na Cláir, cuirfear tacaíocht airgeadais threisithe ar fáil d’eagraíochtaí a bhíonn ag obair le rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, tabharfar aitheantas leo do na hiarrachtaí breise a cuireadh i bhfeidhm chun go mbeadh rannpháirtíocht éifeachtach ag na spriocghrúpaí sin ina ngníomhaíochtaí tionscadail.

Airteagal 7

Nós imeachta roghnúcháin

Sa nós imeachta chun deontais a dhámhachtain, féadfar tosaíocht a thabhairt do thionscadail ardcháilíochta lena dtugtar aghaidh go gníomhach ar chuimsiú agus ar rannpháirtíocht rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.

Airteagal 8

Soláimhsitheacht dhoiciméid na gclár

Leis na Cláir, áiritheofar go mbeidh na doiciméid iarratais agus tagartha soláimhsithe inrochtana agus go mbeidh siad ar fáil i dteangacha éagsúla. Beidh struchtúr soiléir ag na doiciméid sin agus úsáidfear teanga shimplí iontu chun tacú le riachtanais daoine ar lú na deiseanna atá acu.

Airteagal 9

Gníomhaíochtaí oiliúna

Féadfar cistiú a sholáthar faoi na Cláir chun gníomhaíochtaí oiliúna a thairiscint, gníomhaíochtaí atá dírithe ar dhaoine ar lú na deiseanna atá acu a chuimsiú, ar gníomhaíochtaí iad atá dírithe ar shaineolaithe, ar chleachtóirí, ar bhaill foirne na n-eagraíochtaí agus ar rannpháirtithe chomh maith. Beidh sé d’aidhm ag na gníomhaíochtaí oiliúna sin deiseanna a chruthú chun na cleachtais is fearr a mhalartú, chun inniúlachtaí a fhorbairt agus chun smaointe nuálacha i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú a spreagadh.

Airteagal 10

Cur chuige tacúil

Leis na Cláir, soláthrófar tacaíocht cháilíochtúil le haghaidh bearta maidir leis an gcuimsiú trí ghníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus tríd an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) agus trí struchtúir amhail Tacaíocht, Ardfhoghlaim agus Deiseanna Oiliúna (SALTO) an Cuimsiú agus an Éagsúlacht chomh maith.

Airteagal 11

Gníomhaíochtaí cumarsáide

I dtaca leis an bhfaisnéis agus múscailt feasachta maidir leis na deiseanna atá ar fáil faoi na Cláir agus maidir leis na sásraí tacaíochta cuimsithe, féadfaidh sé gur gá iad a chur in iúl agus a oiriúnú de réir a gcomhthéacs náisiúnta agus a gcomhthéacs earnáilsonraigh i gcás gach catagóire rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu. Chun an méid sin a bhaint amach, moltar d’eagraíochtaí cur chun feidhme ábhar faisnéise oiriúnach inrochtana a sholáthar, bealaí for-rochtana agus faisnéise éagsúla a bhunú, dea-chleachtais a roinnt agus díriú go gníomhach ar eagraíochtaí atá gníomhach i réimsí an chuimsithe agus na héagsúlachta agus teagmháil ghníomhach a dhéanamh leo. Gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a dhéanfaidh na cúraimí sin go háirithe. Chun tacú leis na cúraimí sin a chur chun feidhme, ceapfar oifigigh chuimsithe agus éagsúlachta sna gníomhaireachtaí náisiúnta.

CAIBIDIL III

FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ

Airteagal 12

Gníomhaíochtaí faireacháin

1.   Le linn shaolré na gClár, baileoidh an Coimisiún agus gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus EACEA go háirithe, sonraí ábhartha trí bhíthin meascán foinsí, amhail na huirlisí TF a thacóidh le cur chun feidhme na gClár nó na suirbhéanna ar rannpháirtithe.

2.   Déanfaidh an Coimisiún na cúraimí faireacháin le cuidiú ó ghníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus ó EACEA agus trí anailís ad hoc, agus na rialacha agus nósanna imeachta cosanta sonraí infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta íogaire á n-urramú acu.

Airteagal 13

Pleananna gníomhaíochta maidir leis an gcuimsiú

1.   Mar chuid lárnach dá gcláir oibre, forbróidh gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh pleananna gníomhaíochta maidir leis an gcuimsiú, bunaithe ar an gcreat seo i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú, agus aird ar leith á tabhairt ar na dúshláin shonracha a bhaineann le rochtain a fháil ar na Cláir laistigh de chomhthéacsanna náisiúnta. Tuairisceoidh siad don Choimisiún ar bhonn rialta faoin dul chun cinn a bheidh déanta i dtaobh chur chun feidhme a bplean gníomhaíochta maidir leis an gcuimsiú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta sin maidir le cuimsiú ar bhonn rialta.

3.   I gcás inar gá, tabharfaidh an Coimisiún moltaí agus barúlacha do na gníomhaireachtaí náisiúnta i dtaobh a bpleananna gníomhaíochta maidir leis an gcuimsiú d’fhonn feabhas a chur ar dhearadh, ar chur chun feidhme agus ar obair leantach ábhar na bpleananna gníomhaíochta sin.

Airteagal 14

Tuairisciú

Ar bhonn rialta, foilseoidh an Coimisiún tuarascálacha faoin dul chun cinn a bheidh déanta i dtaobh chur chun feidhme na mbeart maidir leis an gcuimsiú, go háirithe trí bhíthin mheastóireacht mheántéarma na gClár agus gníomhaíochtaí tuairiscithe bliantúla.

Airteagal 15

Comhlántacht agus sineirgí

1.   I gcur chun feidhme na mbeart maidir leis an gcuimsiú, féadfaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta comhlántacht a áirithiú le bearta náisiúnta eile atá ann cheana maidir leis an gcuimsiú, chun go mbeidh an tionchar is mó is féidir acu ar rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu.

2.   Lorgófar sineirgí le cistí eile de chuid an Aontais agus le cistí náisiúnta, chun gur féidir tionchar níos mó a imirt ar dhaoine ar lú na deiseanna atá acu agus chun tacaíocht threisithe a thabhairt dóibh.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

Comhchruthú

1.   Maidir leis na bearta sin lena ndéanfar na Cláir níos cuimsithí agus níos éagsúla, cuirfear chun feidhme iad de mheon comhchruthaithe, beidh idirphlé leanúnach ann leis na páirtithe leasmhara ábhartha, go háirithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus náisiúnta agus líonraí atá gníomhach i réimse an chuimsithe agus na héagsúlachta, saineolaithe, cleachtóirí agus na rannpháirtithe féin, gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, EACEA, Ionaid Acmhainní SALTO, an Coiste Erasmus+, agus ionadaithe ó institiúidí eile an Aontais.

2.   Féadfaidh an t-idirphlé sin a dhéanamh i réimse leathan suíomhanna, idir imeachtaí Eorpacha, grúpaí oibre ad hoc, comhairliúcháin spriocdhírithe agus deiseanna oiliúna agus líonraithe - agus féadfaidh idirphlé fisiciúil, idirphlé ar líne nó idirphlé hibrideach a bheith ann.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 189, 28.5.2021, lch. 1. Dá ngairtear “Rialachán Erasmus+” anseo feasta.

(2)   IO L 202, 8.6.2021, lch. 32. Dá ngairtear “Rialachán Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh” anseo feasta. An Clár Erasmus+ agus Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh gairfear “na Cláir” díobh anseo feasta.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear "Erasmus+": clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh, 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

(4)  Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1).

(5)  I Rialachán Erasmus+ sainmhínítear “daoine ar lú na deiseanna atá acu” in Airteagal 2(25) agus i Rialachán Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh sainmhínítear “daoine óga ar lú iad na deiseanna atá acu” in Airteagal 2(4), ar bhealach comhionann den chuid is mó. Sa Chinneadh seo, tagrófar dóibh freisin mar “rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu”.

(6)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(7)  Dá ngairtear “an Chairt” anseo feasta.


IARSCRÍBHINN

Treoraíocht i ndáil le bearta maidir leis an gcuimsiú a chur chun feidhme i gClár Erasmus+ agus i gClár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le páirtithe leasmhara, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na mionsonraí maidir le cur chun feidhme na mbeart cuimsithe a leagtar amach sa Chinneadh seo i dtreoirlínte cur chun feidhme a mhionsaothrófar agus a nuashonrófar ar feadh shaolré Chlár Erasmus+ agus Chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2021-2027.

Féadfar an treoraíocht seo a leanas a fhorbairt agus a mhionchoigeartú de réir a chéile mar chuid de shaolré rialta an chláir:

1.

Doiciméid thagartha an chláir: féadfaidh an Coimisiún treoraíocht a sholáthar do pháirtithe leasmhara maidir le módúlachtaí cur chun feidhme na mbeart maidir leis an gcuimsiú agus an éagsúlacht i ndoiciméid amhail an glao ar thograí agus treoracha cláir, an treoraíocht le haghaidh saineolaithe a dhéanfaidh meastóireacht ar thograí tionscadail, chomh maith le foirmeacha iarratais agus doiciméid theicniúla eile amhail an Straitéis um Éagsúlacht agus Cuimsiú (1).

2.

Gníomhaíochtaí faoi chuimsiú bhainistíocht ghníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh: mar chuid dá nós imeachta measúnaithe thréimhsiúil, soláthróidh gníomhaireachtaí náisiúnta faisnéis maidir le tionchar a bpleananna náisiúnta i réimse an chuimsithe agus na héagsúlachta agus maidir leis an mbealach a rannchuidíonn siad le cuspóirí foriomlána cuimsithe agus éagsúlachta na gClár ar leibhéal an Aontais.

3.

Ábhair chumarsáide agus treoirlínte straitéiseacha: Anuas ar na doiciméid thagartha chláir, féadfaidh an Coimisiún tuilleadh doiciméid treoraíochta a fhorbairt ina mbeidh moltaí úsáideacha, scéalta ratha agus dea-chleachtais atá dírithe chuig gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA), chuig eagraíochtaí tairbhíocha agus rannpháirtithe ionchasacha ar lú na deiseanna atá acu chun tacaíocht cháilíochtúil a thabhairt do chur chun feidhme beart maidir leis an gcuimsiú agus an éagsúlacht, agus chun feasacht a mhéadú maidir leis na deiseanna éagsúla atá ar fáil. Forbrófar na hábhair agus na treoirlínte i gcomhar le páirtithe leasmhara ábhartha sa réimse.

I gcás inarb ábhartha, déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó na struchtúir chur chun feidhme ábhartha, rochtain leathan ar na hábhair dá dtagraítear i bpointe 3 den dara fomhír a áirithiú. Déanfar sin trí bhíthin na suíomhanna gréasáin tiomnaithe, bealaí na meán sóisialta agus foirmeacha cumarsáide eile, de mheon infheictheacht agus feasacht a áirithiú i measc tairbhithe agus rannpháirtithe ionchasacha ar lú na deiseanna atá acu, agus le rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe agus rannpháirtithe ionchasacha sin, ar lú na deiseanna atá acu sa phróiseas comhchruthaithe, a chur chun cinn maidir le clár Erasmus+ agus clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh níos cuimsithí agus níos éagsúla a chruthú.


(1)  https://ec.europa.eu/programmes/erasmus-plus/resources/implementation-guidelines-erasmus-and-european-solidarity-corps-inclusion-and-diversity_en


26.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 378/22


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1878 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Deireadh Fómhair 2021

maidir le Clárlann i dtaca leis an bhfearann barrleibhéil .eu a ainmniú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an ainm fearainn barrleibhéil arb é .eu é agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 8 de,

Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin agus an nós imeachta a bhunú maidir le Clárlann i dtaca leis an ainm fearainn barrleibhéil .eu a ainmniú (2), agus go háirithe Airteagal 9(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is ar bhonn nós imeachta roghnúcháin atá oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a ainmneoidh an Coimisiún an Chlárlann a gcuirfear an cúram uirthi an fearann barrleibhéil .eu a eagrú, a riar agus a bhainistiú. Eagróidh an Coimisiún an nós imeachta roghnúcháin ina dhá chéim, ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar incháilitheacht na n-iarratasóirí ar dtús agus ina mbunóidh sé rangú na n-iarratasóirí incháilithe ina dhiaidh sin bunaithe ar na critéir roghnúcháin a shainítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083.

(2)

An conradh atá ann faoi láthair idir an Coimisiún agus an Chlárlann maidir le heagrú, riar agus bainistiú an fhearainn barrleibhéil .eu, síníodh é an 10 Deireadh Fómhair 2014 ar feadh tréimhse 5 bliana agus cuireadh síneadh leis ansin in 2019 ar feadh 3 bliana eile. Rachaidh sé in éag an 12 Deireadh Fómhair 2022.

(3)

D’fhoilsigh an Coimisiún glao maidir le roghnú na Clárlainne fearainn barrleibhéil .eu (2021-026011) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 1 Márta 2021 lena n-iarrtar iarratais ó eagraíochtaí ar mian leo go gcuirfear an cúram orthu an fearann barrleibhéil arb é .eu a eagrú, a bhainistiú agus a riar.

(4)

Dúnadh an glao an 18 Bealtaine 2021 agus fuarthas cúig iarratas.

(5)

Le linn na chéad chéime den nós imeachta roghnúcháin, rinne an Coimisiún measúnú ar an easpa critéar eisiaimh agus ar cé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon na hiarratasóirí na critéir incháilitheachta. Measadh go raibh ceithre iarratas incháilithe. Foilsíodh liosta na n-iarratasóirí incháilithe an 9 Iúil 2021 agus chuir an Coimisiún gach iarratasóir ar an eolas faoi thorthaí na chéad chéime den nós imeachta.

(6)

Le linn an dara céim den nós imeachta, rinne an Coimisiún measúnú ar na hiarratasóirí incháilithe agus bhunaigh sé rangú ar bhonn na gcritéar roghnúcháin. Rinne an Coimisiún scrúdú ar na hiarratais agus bhunaigh sé scórchlár ina gcuimsítear marcanna aonair gach iarratais. Rinneadh meastóireacht ar cháilíocht na n-iarratas, i gcomhréir le Roinn 3.2 den ghlao, de réir cháilíocht na seirbhíse a moladh, leibhéal leordhóthanach na n-acmhainní daonna agus teicniúla a moladh chun cúraimí na Clárlainne a chomhlíonadh, agus de réir an tseasaimh airgeadais agus comhlíontachta a moladh chun cúraimí na Clárlainne a chomhlíonadh. Fuair an Coimisiún cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha seachtracha freisin maidir le hanailísiú a dhéanamh ar na hiarratais.

(7)

An Coimisiún a bhunaigh rangú na n-iarratasóirí. Ba cheart an t-iarratasóir arna rangú sa chéad áit, an Chlárlann Eorpach um Fhearainn Idirlín (EURid), a ainmniú mar chéad Chlárlann eile an fhearainn barrleibhéil .eu agus ba cheart cuireadh a thabhairt dó dul i mbun caibidlíochta chun an conradh a shíniú i gcomhréir leis an nglao maidir le roghnú. Rialófar an conradh sin leis na prionsabail a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/857 ón gCoimisiún (3).

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083, i gcás ina bhfoirceannfar an chaibidlíocht conartha idir an t-iarrthóir ar éirigh leis agus an tÚdarás Conarthach gan conradh a thabhairt i gcrích, ainmneoidh an Coimisiún t-iarratasóir arna rangú sa chéad áit eile mar an Chlárlann,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An Chlárlann Eorpach um Fhearainn Idirlín (EURid), sin í an Chlárlann fearainn barrleibhéil arb é .eu a gcuirfear an cúram uirthi an fearann barrleibhéil .eu a eagrú, a bhainistiú agus a riar de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2019/517 agus faoi réir fhorálacha Airteagal 2.

Airteagal 2

Iarrtar ar an gClárlann Eorpach um Fhearainn Idirlín (EURid) conradh a dhéanamh lena sonrófar na coinníollacha ar dá réir a mhaoirseoidh an Coimisiún eagrú, riar agus bainistiú an fhearainn barrleibhéil .eu ag an gClárlann, i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2019/517.

I gcás ina gcuirfear deireadh leis an gcaibidlíocht conartha idir an Chlárlann Eorpach um Fhearainn Idirlín (EURid) agus an Coimisiún gan an conradh a thabhairt i gcrích, ainmneofar an t-iarratasóir arna rangú sa chéad áit eile mar an Chlárlann, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1083.

Beidh tréimhse tosaigh 5 bliana leis an gconradh maidir le lamháltas seirbhíse agus féadfar síneadh a chur leis ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná 5 bliana.

Airteagal 3

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/207/AE ón gCoimisiún (4).

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 91, 29.3.2019, lch. 25.

(2)   IO L 239, 24.7.2020, lch. 1.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/857 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2020 lena leagtar síos na prionsabail a bheidh le háireamh sa chonradh idir an Coimisiún Eorpach agus Clárlann an fhearainn barrleibhéil .eu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/517 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 195, 19.6.2020, lch. 52).

(4)   IO L 109, 12.4.2014, lch. 41.