|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 369 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1827 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir le caighdeáin i leith seirbhísí poist agus le feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse mar thacaíocht le Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
19.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 369/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1819 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 10 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 (2) chun éifeacht a thabhairt do bhearta áirithe a ndéantar foráil maidir leo i gCinneadh 2013/798/CBES. |
|
(2) |
An 29 Iúil 2021, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2588 (2021). Leis an Rún sin, leathnaítear na díolúintí ón lánchosc arm agus leathnaítear raon feidhme na mbeart sriantach. |
|
(3) |
An 18 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1823 (3), lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES i gcomhréir le Rún CSNA 2588 (2021). |
|
(4) |
Cinn áirithe de na leasuithe sin, tagann siad faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme i dteannta coigeartuithe teicniúla i bhfianaise Rúin CSNA a glacadh cheana, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
|
|
(2) |
in Airteagal 5(3), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 352, 24.12.2013, lch. 51.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 ón gComhairle an 10 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir (IO L 70, 11.3.2014, lch. 1).
(3) Cinneadh (CBES) 2021/1823 ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (féach leathanach 11 den Iris Oifigiúil seo).
|
19.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 369/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1820 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/325 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí snáthanna ardrighnis as poileistir de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 11 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá allmhairí snáthanna ardrighnis as poileistir de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a allmhairítear isteach san Aontas faoi réir na mbeart frithdhumpála ó 5,1 % go 9,8 % le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Forchuireadh ráta dleachta 5,3 % ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Thairis sin, forchuireadh ráta dleachta 9,8 % ar fud na tíre ar allmhairí snáthanna ardrighnis as poileistir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1105/2010 ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh, cuireadh síneadh cúig bliana breise leis na bearta bunaidh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/325 ón gCoimisiún (3). |
|
(3) |
Tháinig Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1706 ón gCoimisiún (4) ar an gconclúid gur chomhlíon an chuideachta Wuxi Solead Technology Development Co., Ltd (Wuxi Solead) na critéir le go measfaí gur táirgeoir onnmhairiúcháin nua é agus cuireadh a hainm le liosta na gcuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil sa sampla. |
|
(4) |
D’iarr an chuideachta, i ndiaidh athrú ar a hainm (5) an 16 Eanáir 2020, ar an gCoimisiún an 26 Bealtaine 2020 a dheimhniú nach ndéanann an t-athrú ainm difear do cheart na cuideachta leas a bhaint as an ráta dleachta frithdhumpála aonair a cuireadh i bhfeidhm uirthi faoin ainm a bhí aici roimhe seo. |
|
(5) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh, agus tháinig sé ar an gconclúid nach ndearna an t-athrú ainm difear do thorthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1706 agus go háirithe don ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le Wuxi Solead. |
|
(6) |
An 8 Iúil 2021, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas maidir leis na torthaí thuas agus d’iarr sé orthu a mbarúlacha a thabhairt laistigh de spriocdháta sonraithe. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(7) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. In Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/325 ba cheart an tagairt
|
“Wuxi Solead Technology Development Co., Ltd. |
Yixing City” |
a léamh mar a leanas:
|
“Jiangsu Solead New Material Group Co., Ltd. |
Yixing City” |
2. Beidh feidhm ag cód breise TARIC A977 is infheidhme maidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte ón tSín maidir le Jiangsu Solead New Material Group Co., Ltd, Yixing City amhail ón 16 Eanáir 2020 ar aghaidh. Aon dleacht chinntitheach a íoctar ar allmhairí táirgí arna monarú ag Jiangsu Solead New Material Group Co., Ltd., Yixing City de bhreis ar an dleacht frithdhumpála a bhunaítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/325 maidir le Wuxi Solead Technology Development Co., Ltd., is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) IO L 315, 1.12.2010, lch. 1.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/325 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí snáthanna ardrighnis as poileistir de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 49, 25.2.2017, lch. 6).
(4) IO L 260, 11.10.2019, lch. 42.
(5) Údarás Faireacháin Margaidh Yixing –Fógra i ndáil le faomhadh le haghaidh clárú uainiúcháin cuideachta ina gcuirtear infheistíocht eachtrach (02821322-6) Ceartúchán maidir le cuideachta ina bhfuil infheistíocht eachtrach [2020] Uimh. 01160001 Aitheantóir Creidmheasanna Sóisialta Aontaithe: 91320282330802782.
|
19.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 369/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1821 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Deireadh Fómhair 2021
lena nglactar le hiarraidh ar chóir an táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (“an bun-Rialachán”) (1),
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (2), agus go háirithe Airteagal 2 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
A. NA BEARTA ATÁ I bhFEIDHM
|
(1) |
An 13 Bealtaine 2013, d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine (“an táirge lena mbaineann”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 412/2013 ón gComhairle (“an Rialachán bunaidh”) (3). |
|
(2) |
An 12 Iúil 2019, tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún síneadh 5 bliana eile le bearta an Rialacháin bunaidh trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún. |
|
(3) |
An 28 Samhain 2019, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 ón gCoimisiún (4). |
|
(4) |
Cuireadh sampláil i bhfeidhm san imscrúdú bunaidh chun táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
|
(5) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne, d’fhorchuir an Coimisiún rátaí dleachta frithdhumpála aonair idir 13,1 % agus 23,4 % (5) ar allmhairí an táirge lena mbaineann. Forchuireadh ráta dleachta 17,9 % ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla, liostaítear iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131. Thairis sin, forchuireadh ráta dleachta 36,1 % ar bhonn náisiúnta ar an táirge lena mbaineann ó chuideachtaí i nDaon-Phoblacht na Síne nár chuir iad féin in aithne ná nár chomhoibrigh leis an imscrúdú. |
|
(6) |
De bhun Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú tríd an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla a dheonú do tháirgeoir onnmhairiúcháin nua, eadhon an meánráta dleachta ualaithe 17,9 %, i gcás inar leor an fhianaise a thugann táirgeoir onnmhairiúcháin nua i nDaon-Phoblacht na Síne don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:
|
B. IARRAIDH AR CHÓIR AN TÁIRGEORA ONNMHAIRIÚCHÁIN NUA
|
(7) |
Chuir an chuideachta Liling Taichang Ceramics Co., Ltd. (“Taichang” nó “an t-iarratasóir”) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go ndeonófaí cóir an táirgeora onnmhairiúcháin nua (“NEPT”) di agus, dá bhrí sin, go mbeadh sí faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha i nDaon-Phoblacht na Síne nár áiríodh sa sampla, is é sin 17,9 %. Mhaígh an t-iarratasóir gur chomhlíon sé na trí choinníoll a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198. |
|
(8) |
Chun a chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha chun go ndeonófaí NEPT dó, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 (“coinníollacha NEPT”), chuir an Coimisiún ceistneoir ar dtús chuig an iarratasóir inar iarradh fianaise air a léiríonn gur chomhlíon sé coinníollacha NEPT. |
|
(9) |
Tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfreagra ar an gceistneoir, d’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise agus fianaise tacaíochta, rud a chuir an t-iarratasóir faoina bhráid. |
|
(10) |
D’fhéach an Coimisiún le gach faisnéis a mheas sé a raibh gá léi a dheimhniú lena chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir coinníollacha NEPT. Chuige sin, rinne an Coimisiún anailís ar an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir isteach ina fhreagra ar an gceistneoir trí bhunachair sonraí éagsúla ar líne a cheadú lena n-áirítear Qichacha (6) agus trí fhaisnéis a bhaineann leis an gcuideachta a chros-seiceáil leis an bhfaisnéis atá ar fáil don phobal ar an idirlíon. I gcomhthráth, chuir an Coimisiún tionscal an Aontais ar an eolas faoin iarraidh ón iarratasóir agus d’iarr sé air barúlacha a thabhairt, i gcás inar ghá. Thug tionscal an Aontais barúlacha agus cuireadh san áireamh iad. |
C. ANAILÍS AR AN IARRAIDH
|
(11) |
Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, nár onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe ar a mbunaítear na bearta, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe nárbh ann do chuideachta an iarratasóra an tráth sin. I mí an Mhárta 2016, bunaíodh Airteagail Chomhlachais Taichang agus a cheadúnas gnó. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe agus ar an gcaoi sin, comhlíonann sé an coinníoll sin. |
|
(12) |
Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 nach bhfuil gaol ag an iarratasóir le haon onnmhaireoir ná táirgeoir atá faoi réir bearta frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe nach bhfuil gaol ag Taichang le haon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne atá faoi réir na mbeart frithdhumpála. De réir Qichacha, maidir le Zhou Jianxiang, arb é an príomh-scairshealbhóir in Taichang é, ní scairshealbhóir é in aon chuideachta a bhfuil baint aici le táirgeadh, próiseáil, díol ná ceannach an táirge lena mbaineann seachas Taichang féin. Is leis an gcuideachta gaolmhar Liling Taichang Carton Factory (“Taichang Carton”), arb é Zhou Jianxiang an t-aon scairshealbhóir amháin atá aici, atá na scaireanna eile de chuid na cuideachta. |
|
(13) |
Taichaing Carton, a bunaíodh i mí Eanáir 2014, i.e. tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, bhí baint aige le próiseáil an táirge lena mbaineann le haghaidh tríú cuideachtaí go dtí mí an Mhárta 2017. I mí an Mhárta 2017, d’aistrigh Taichang Carton na saoráidí táirgthe ábhartha go dtí an t-iarratasóir mar ranníocaíocht chaipitil ina cháil mar scairshealbhóir. Ina dhiaidh sin, chuir Taichang Carton deireadh lena oibriú féin. Níor shainaithin an Coimisiún gurbh ann d’aon ghaol mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (7). Dá bhrí sin, comhlíonann an t-iarratasóir an coinníoll seo. |
|
(14) |
Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, gur onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge iarbhír chuig an Aontas nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe go raibh an t-iarratasóir i mbun onnmhairiú chuig an Aontas in 2019 agus in 2020, tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh. Chuir an t-iarratasóir sonraisc isteach, mar aon le billí luchta agus admhálacha íocaíochta ar thrí ordú a rinne cuideachta sa Fhrainc. Dá bhrí sin, comhlíonann an t-iarratasóir an coinníoll seo. |
|
(15) |
Dá réir sin, comhlíonann an t-iarratasóir gach ceann de na trí choinníoll chun go ndeonófar NEPT dó, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 agus ba cheart, dá bhrí sin, glacadh leis an iarratas. Dá réir sin, ba cheart an t-iarratasóir a bheith faoi réir dleacht frithdhumpála 17,9 % le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla le linn an imscrúdaithe bunaidh. |
D. NOCHTADH
|
(16) |
Cuireadh an t-iarratasóir agus tionscal an Aontais ar an eolas faoi na fíricí agus na breithnithe riachtanacha ar ar a mbonn a measadh gurbh iomchuí an ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla den imscrúdú bunaidh a dheonú do Liling Taichang Ceramics Co., Ltd. |
|
(17) |
Tugadh an deis do na páirtithe barúlacha a chur isteach. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(18) |
Tá an Rialachán i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an chuideachta seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ina bhfuil liosta de na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla:
|
Cuideachta |
TARIC cód breise |
|
Liling Taichang Ceramics Co., Ltd. |
C685 |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) IO L 189, 15.7.2019, lch. 8.
(3) IO L 131, 15.5.2013, lch. 1.
(4) IO L 321, 12.12.2019, lch. 139.
(5) Tar éis Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 a ghlacadh, tá na rátaí aonair idir 13,1 % agus 18,3 %.
(6) Is bunachar sonraí príobháideach brabúsach atá faoi úinéireacht na Síne é Qichacha a sholáthraíonn sonraí gnó, faisnéis chreidmheasa, agus anailísíocht do thomhaltóirí nó do ghairmithe maidir le cuideachtaí príobháideacha agus cuideachtaí poiblí atá bunaithe sa tSín.
(7) Leagtar amach in Airteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558) (Cód Custaim an Aontais Eorpaigh), go measfar gaol a bheith ag beirt i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más le tríú páirtí 5 % nó níos mó de na stoic nó de na scaireanna le cearta vótála de chuid na beirte acu, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine amháin acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú duine; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; (h) más daoine ón teaghlach céanna iad. Ní mheasfar gaol a bheith ag daoine atá i mbun gnó le chéile nuair is gníomhaire aonair, dáileoir aonair nó lamháltóir aonair duine acu, cibé tuairisc a dhéantar air, de chuid an duine eile ach amháin má thagann siad faoi na critéir dá dtagraítear san abairt roimhe seo.
CINNTÍ
|
19.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 369/9 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1822 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Deireadh Fómhair 2021
maidir le Cathaoirleach ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a cheapadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 48(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 48(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaithe ar ghearrliosta iarrthóirí cáilithe arna chur i dtoll a chéile ag Bord Maoirseoirí ESMA, glacfaidh an Chomhairle cinneadh chun an Cathaoirleach a cheapadh, tar éis daingniú ó Pharlaimint na hEorpa. |
|
(2) |
An 26 Samhain 2020, fuair an Chomhairle an gearrliosta de thriúr iarrthóirí arna roghnú ag Bord Maoirseoirí ESMA do phost an Chathaoirligh ar ESMA. |
|
(3) |
An 11 Nollaig 2020, chuir an Uachtaránacht an triúr iarrthóirí faoi agallamh thar ceann na mBallstát. |
|
(4) |
An 22 Meán Fómhair 2021, tháinig Coiste na mBuanionadaithe ar chomhaontú maidir le duine de na hiarrthóirí ar an ngearrliosta do phost an Chathaoirligh ar ESMA: Verena ROSS. |
|
(5) |
An 29 Meán Fómhair 2021, chuir an Chomhairle litir chuig Parlaimint na hEorpa á rá go nglacfadh an Chomhairle cinneadh maidir le Verena ROSS a cheapadh ina Cathaoirleach ar ESMA, dá ndaingnódh Parlaimint na hEorpa í do phost an Chathaoirligh ar ESMA. |
|
(6) |
An 5 Deireadh Fómhair 2021, dhaingnigh Parlaimint na hEorpa Verena ROSS do phost an Chathaoirligh ar ESMA. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Verena ROSS ina Cathaoirleach ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) go ceann tréimhse 5 bliana ón 1 Samhain 2021.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 15 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. CIGLER KRALJ
(1) IO L 331, 15.12.2010, lch. 84
(2) Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas, agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1).
|
19.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 369/11 |
CINNEADH (CBES) 2021/1823 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 23 Nollaig 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/798/CBES (1), a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir. |
|
(2) |
An 29 Iúil 2021, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2588 (2021), lena leathnaítear na díolúintí ón lánchosc arm agus lena leathnaítear raon feidhme na mbeart sriantach. |
|
(3) |
Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/798/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):
|
|
(2) |
in Airteagal 2a(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 2b(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (IO L 352, 24.12.2013, lch. 51).
|
19.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 369/13 |
CINNEADH (CBES) 2021/1824 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1515 lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (ESDC)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 42(4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 19 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1515 (1), lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (ESDC). |
|
(2) |
Ba cheart méid nua tagartha airgeadais a bhunú don tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/1515 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(2) de Chinneadh (CBES) 2020/1515:
“2. Is EUR 1 975 752,04 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartófar chun caiteachas ESDC a chumhdach ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022.
Is í an Chomhairle a chinnfidh an méid tagartha airgeadais chun caiteachas ESDC a chumhdach maidir le tréimhsí ina dhiaidh sin.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2020/1515 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (ESDC) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2016/2382 (IO L 348, 20.10.2020, lch. 1).
|
19.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 369/14 |
CINNEADH (CBES) 2021/1825 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/1693 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da'esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/1693 (1). |
|
(2) |
Beidh feidhm ag na bearta sriantacha a leagtar amach in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 3(3) agus (4) de Chinneadh (CBES) 2016/1693 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2016/1693 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 6 de Chinneadh (CBES) 2016/1693, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
|
"5. |
Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) agus in Airteagal 3(3) agus (4) go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022". |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2016/1693 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 maidir le bearta sriantacha i gcoinne ISIL (Da'esh) agus Al-Qaeda agus i gcoinne daoine, grúpaí, gnóthais agus eintitis a bhfuil baint acu leo agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2002/402/CBES (IO L 255, 21.9.2016, lch. 25).
|
19.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 369/15 |
CINNEADH (CBES) 2021/1826 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1763 bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1763 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh (CBES) 2015/1763, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/1763 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 6 de Chinneadh (CBES) 2015/1763, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2015/1763 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (IO L 257, 2.10.2015, lch. 37).
|
19.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 369/16 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1827 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Deireadh Fómhair 2021
maidir le caighdeáin i leith seirbhísí poist agus le feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse mar thacaíocht le Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí uilíocha tagairt do na caighdeáin a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcás inar gá sin ar mhaithe le húsáideoirí agus go háirithe nuair a sholáthraíonn siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6 den Treoir sin. |
|
(2) |
D’eisigh an Coimisiún sainordú caighdeánaithe, is é sin M/428, i réimse na seirbhísí poist an 9 Deireadh Fómhair 2008. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 4876 ón gCoimisiún (3), d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) caighdeáin Eorpacha nó táirgí inseachadta caighdeánaithe Eorpacha a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le cur chun feidhme Airteagal 20 de Threoir 97/67/CE agus mar thacaíocht le Gníomhaíocht 5 den Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A roadmap for completing the single market for parcel delivery - Build trust in delivery services and encourage online sale (4)[Treochlár chun bailchríoch a chur ar an margadh aonair um sheachadadh beartán - Cur leis an muinín i seirbhísí seachadta agus díolacháin ar líne a spreagadh]. |
|
(3) |
Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 4876, rinne CEN caighdeán EN 13850:2012 maidir le haga iompair seirbhísí ó cheann go ceann a thomhas maidir le post tosaíochta aon phíosa amháin mar aon le post den chéad ghrád a athbhreithniú agus chuir siad EN 13850:2020 ina ionad; rinneadh athbhreithniú ar EN 14012:2008 i ndáil le prionsabail maidir le láimhseáil gearán agus cuireadh EN 14012:2019 ina ionad; rinneadh athbhreithniú ar EN 14615:2005 i ndáil le marcanna digiteacha postais chun é a oiriúnú do na ceanglais nua atá ann i leith priontáil sonraí shlán agus cuireadh EN 14615:2017 ina ionad; rinneadh athbhreithniú ar EN 14142-1:2011 agus CEN/TR 14142-2:2011 chun iad a oiriúnú don chaighdeán idirnáisiúnta nua ISO 19160-4:2017 maidir le cur seoltaí (Comhpháirteanna seoltaí poist idirnáisiúnta agus teanga theimpléid) agus cuireadh EN ISO 19160-4:2017 ina n-ionad. |
|
(4) |
Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i sainordú caighdeánaithe M/428 an 9 Deireadh Fómhair 2008, rinne CEN athbhreithniú ar EN 14508:2003+A1:2007 maidir le haga iompair i gcás post neamhthosaíochta agus cuireadh EN 14508:2016 ina ionad; rinneadh athbhreithniú ar EN 14534:2003+A1:2007 maidir le haga iompair i gcás poist ar an mórchóir agus cuireadh EN 14534:2016 ina ionad faoi mar a ceartaíodh le EN 14534:2016/AC:2017, agus ceartaíodh EN 13724:2013 maidir le hoscailt boscaí litreacha príobháideacha agus plátaí litreacha trí cheartúchán EN 13724:2013/AC:2016 a fhoilsiú. |
|
(5) |
Tá na tagairtí do chaighdeáin EN 13850:2012, EN 14012:2008, EN 14142:2011, EN 14508:2003+A1:2007, EN 14534:2003+A1:2007, EN 14615:2005 agus EN 13724:2013 foilsithe i dTeachtaireacht 2015/C 159/01 ón gCoimisiún (5). |
|
(6) |
Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún, i gcomhar le CEN, an gcomhlíonann caighdeáin EN 13850:2020, EN 14012:2019, EN 14615:2017, agus EN ISO 19160-4:2017 an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 4876. |
|
(7) |
Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún, i gcomhar le CEN, féachaint an gcomhlíonann caighdeáin EN 14508:2016 agus EN 14534:2016, faoi mar a ceartaíodh le EN 14534:2016/AC:2017, an iarraidh a leagtar amach i sainordú caighdeánaithe M/428 an 9 Deireadh Fómhair 2008. |
|
(8) |
Caighdeáin EN 13850:2020, EN 14012:2019, EN 14615:2017, EN ISO 19160-4:2017, EN 14508:2016 agus EN 14534:2016 a ceartaíodh le EN 14534:2016/AC:2017, comhlíonann siad an ceanglas maidir le comhchuibhiú leanúnach na gcaighdeán teicniúil dá dtagraítear i dTreoir 97/67/CE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeán sin agus an Ceartúchán EN 13724:2013/AC:2016 go EN 13724:2013 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(9) |
Cuirtear caighdeáin EN 13850:2020, EN 14012:2019, EN 14615:2017, EN ISO 19160-4:2017, EN 14508:2016 agus EN 14534:2016 faoi mar a ceartaíodh le EN 14534:2016/AC:2017 in ionad EN 13850:2012, EN 14012:2008, EN 14615:2005, EN 14142-1:2011, EN 14508:2003+A1:2007 agus EN 14534:2003+A1:2007. Dá bhrí sin, is gá na tagairtí do chaighdeáin EN 13850:2012, EN 14012:2008, EN 14615:2005, EN 14142-1:2011, EN 14508:2003+A1:2007 agus EN 14534:2003+A1:2007 a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(10) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart liosta iomlán na dtagairtí do chaighdeáin theicniúla arna ndréachtú mar thacaíocht le Treoir 97/67/CE a fhoilsiú in aon ghníomh amháin. Dá bhrí sin, na tagairtí eile do chaighdeáin theicniúla a fhoilsítear i dTeachtaireacht 2015/C 159/01, is tagairtí iad ba cheart a áireamh sa Chinneadh seo. Dá bhrí sin, is iomchuí an Teachtaireacht sin a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na tagairtí do chaighdeáin theicniúla i leith seirbhísí poist agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse arna ndréachtú mar thacaíocht le Treoir 97/67/CE agus arna liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, foilsítear leis seo iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 2
Aisghairtear Teachtaireacht 2015/C 159/01.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(2) Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15, 21.1.1998, lch. 14).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 4876 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2016 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú a mhéid a bhaineann leis na seirbhísí poist agus le feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse mar thacaíocht le Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997.
(4) COM(2013) 886 final an 16 Nollaig 2013.
(5) Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun an margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (Foilsiú teideal caighdeán teicniúil agus tagairtí do chaighdeáin theicniúla de réir bhrí Airteagal 20 den Treoir) (IO C 159, 13.5.2015, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
|
1. |
EN 13619:2002 Seirbhísí poist - Próiseáil míreanna poist - Saintréithe optúla chun litreacha a phróiseáil |
|
2. |
EN 13724:2013 Seirbhísí poist - Oscailt boscaí litreacha príobháideacha agus plátaí litreacha - Ceanglais agus modhanna tástála EN 13724:2013/AC:2016 |
|
3. |
EN 13850:2020 Seirbhísí poist - Cáilíocht na seirbhísí - Aga iompair seirbhísí ó cheann go ceann a thomhas maidir le post tosaíochta aon phíosa amháin mar aon le post den chéad ghrád |
|
4. |
EN 14012:2019 Seirbhísí poist - Cáilíocht na seirbhíse - Prionsabail maidir le láimhseáil gearán |
|
5. |
EN 14508:2016 Seirbhísí poist - Cáilíocht na seirbhíse - Aga iompair seirbhísí ó cheann go ceann a thomhas maidir le post neamhthosaíochta aon phíosa amháin mar aon le post den dara grád |
|
6. |
EN 14534:2016 Seirbhísí poist - Cáilíocht na seirbhíse - Aga iompair seirbhísí ó cheann go ceann a thomhas maidir le post ar an mórchóir EN 14534:2016/AC:2017 |
|
7. |
EN 14615:2017 Seirbhísí poist - Marcanna digiteacha postais - Feidhmeanna, slándáil agus dearadh |
|
8. |
EN ISO 19160-4:2017 Cur Seoltaí - Cuid 4: Comhpháirteanna seoltaí poist idirnáisiúnta agus teanga an teimpléid (ISO 19160-4:2017) |