ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 363 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
64 |
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA |
|
|
* |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA
12.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 363/1 |
CINNEADH (AE) 2021/1790 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Deireadh Fómhair 2021
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe thar ceann an Aontais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) i gcomhar le hAirteagal 218(6), pointe (a), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do thoiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2020/608 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí (“an Comhaontú”) an 25 Meitheamh 2020, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. |
(2) |
Is é is cuspóir leis an gComhaontú comhaontuithe déthaobhacha maidir le haersheirbhísí idir roinnt Ballstát agus Poblacht na Cóiré a chur i gcomhréir le dlí an Aontais. |
(3) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, formheaster an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí thar ceann an Aontais (3).
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 8(1) den Chomhaontú (4).
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 5 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. ŠIRCELJ
(1) Toiliú an 15 Meán Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2020/608 ón gComhairle an 24 Aibreán 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí (IO L 142, 5.5.2020, lch. 1).
(3) Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo.
(4) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.