|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 356 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
|
8.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 356/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1767 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is Páirtithe iad an tAontas agus a Bhallstáit i gCoinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (“Coinbhinsiún Aarhus”) (3), agus a oibleagáidí agus freagrachtaí dílse féin agus oibleagáidí agus freagrachtaí roinnte ag gach ceann acu faoin gCoinbhinsiún sin. |
|
(2) |
Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) d’fhonn rannchuidiú le cur chun feidhme na n-oibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún Aarhus trí rialacha a leagan síos maidir lena chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh. |
|
(3) |
Ina theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, thug an Coimisiún gealltanas go ndéanfadh sé a mharana maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a athbhreithniú chun rochtain ar athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach ar leibhéal an Aontais a fheabhsú do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha a bhfuil údair imní sonracha acu faoi chomhoiriúnacht dhlí an chomhshaoil le gníomhartha riaracháin a bhfuil tionchair acu ar an gcomhshaol. Thug an Coimisiún gealltanas gníomhaíocht a dhéanamh chun rochtain saoránach agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ar cheartas os comhair cúirteanna náisiúnta i ngach Ballstát a fheabhsú. Chuige sin d’eisigh sé teachtaireacht an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Improving access to justice in environmental matters in the EU and its Member States, [Rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a fheabhsú san Aontas Eorpach agus na Ballstáit], ina ndearbhaíonn sé gur “beart tacaíochta tábhachtach é rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, trí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus na cúirteanna náisiúnta araon mar chúirteanna an Aontais, chun cabhrú leis an aistriú faoin gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach agus mar bhealach chun an ról faire is féidir a bheith ag an tsochaí shibhialta sa spás daonlathach a neartú”. |
|
(4) |
Gan dochar do shaincheart CBAE costais a chionroinnt, níl imeachtaí cúirte faoi Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 le bheith róchostasach, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de Choinbhinsiún Aarhus. Dá réir sin, déanfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais gach iarracht gan ach costais réasúnta a thabhú agus sa chaoi sin gan aisíocaíocht a iarraidh ach i gcomhair costais réasúnta le linn imeachtaí cúirte den sórt sin. |
|
(5) |
Ag cur san áireamh forálacha Airteagal 9(3) agus (4) de Choinbhinsiún Aarhus agus na torthaí agus an chomhairle ón gCoiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus i gcás ACCC/C/2008/32, ba cheart dlí an Aontais a thabhairt i gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil ar bhealach atá comhoiriúnach le prionsabail bhunúsacha dhlí an Aontais agus a chóras athbhreithnithe bhreithiúnaigh. |
|
(6) |
Le Cinneadh (AE) 2018/881 (5), d’iarr an Chomhairle go ndéanfaí staidéar ar roghanna an Aontais maidir le haghaidh a thabhairt ar thorthaí an Choiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus i gcás ACCC/C/2008/32, agus ina dhiaidh sin, más iomchuí, togra a dhéanamh lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006. Thairis sin, d’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a leasú sna rúin uaithi an 15 Samhain 2017 maidir le Plean gníomhaíochta don dúlra, don phobal agus don gheilleagar (6) agus an 16 Samhain 2017 maidir le hAthbhreithniú ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil (EIR) (7) agus an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (8). |
|
(7) |
In Airteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus, foráiltear, laistigh de chreat a dhlí náisiúnta, nach mór do gach Páirtí a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine den phobal, i gcás ina gcomhlíonann siad na critéir a leagtar síos ina dlí náisiúnta, ar nósanna imeachta breithiúnacha nó nósanna imeachta athbhreithniúcháin eile chun agóid a dhéanamh in aghaidh dlíthiúlacht shubstainteach agus dlíthiúlacht nós imeachta aon chinnidh, gnímh nó neamhghnímh lena sáraítear forálacha an dlí náisiúnta i ndáil leis an gcomhshaol. Leis an nós imeachta athbhreithnithe riaracháin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, comhlánaítear córas foriomlán an Aontais maidir le hathbhreithniú breithiúnach lena gcumasaítear daoine den phobal a iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar ghníomhartha riaracháin trí agóidí breithiúnacha díreacha ar leibhéal an Aontais, eadhon faoi Airteagal 263, an ceathrú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus, i gcomhréir le hAirteagal 267 CFAE, trí chúirteanna náisiúnta. Is gnéithe ríthábhachtacha den chóras sin iad ceart agus oibleagáid na gcúirteanna náisiúnta iarraidh ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE a chur faoi bhráid CBAE. Faoi Airteagal 267 CFAE, arna léirmhíniú ag CBAE, is cuid dhílis de chóras cosanta bhreithiúnaigh an Aontais iad cúirteanna náisiúnta na mBallstát mar ghnáthchúirteanna dhlí an Aontais (9). |
|
(8) |
Is é teorannú an athbhreithnithe inmheánaigh dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 maidir le gníomhartha riaracháin a bhfuil raon feidhme aonair acu an bonn is mó le haghaidh iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a bheith neamh-inghlactha arna ndéanamh ag eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha faoi Airteagal 10 den Rialachán sin lena n-áirítear maidir le gníomhartha riaracháin a bhfuil raon feidhme níos leithne acu. Dá bhrí sin, is gá raon feidhme nós imeachta an athbhreithnithe inmheánaigh a leagtar síos sa Rialachán sin a leathnú chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil raon feidhme ginearálta acu a chur san áireamh. |
|
(9) |
Cumhdaítear le raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 gníomhartha a ghlacfar faoi dhlí an chomhshaoil. Os a choinne sin, cumhdaítear le hAirteagal 9(3) de Choinbhinsiún Aarhus agóidí i gcoinne gníomhartha nó neamhghníomhartha “a sháraíonn” an dlí i dtaca leis an gcomhshaol. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú gur cheart athbhreithniú inmheánach a dhéanamh d’fhonn a dheimhniú cé acu an sáraítear nó nach sáraítear dlí an chomhshaoil le gníomh riaracháin. |
|
(10) |
Nuair atáthar ag measúnú an bhfuil forálacha ag baint le gníomh riaracháin a d’fhéadfadh, de dheasca a dtionchair, dlí an chomhshaoil a shárú, is gá a bhreithniú cibé acu an mbeadh éifeacht dhíobhálach ag forálacha den chineál sin nó nach mbeadh ar chuspóirí a bhaint amach a bhaineann le beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol a leagtar amach in Airteagal 191 CFAE. I gcás gurb amhlaidh an cás, ba cheart go gcumhdófaí leis an nós imeachta um athbhreithniú inmheánach gníomhartha arna nglacadh i gcur chun feidhme beartas eile seachas beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol. |
|
(11) |
Faoi Airteagal 263 CFAE, arna léirmhíniú ag CBAE, measfar go bhfuil éifeachtaí seachtracha ag gníomh, agus dá bhrí sin gur féidir leis a bheith faoi réir iarraidh ar athbhreithniú, má tá sé ceaptha chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige i leith tríú páirtithe. Maidir le gníomhartha ullmhúcháin, moltaí, tuairimí agus gníomhartha neamhcheangailteacha eile nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu i leith tríú páirtithe, agus nach féidir dá bhrí sin a mheas go bhfuil éifeachtaí seachtracha acu, i gcomhréir le cásdlí CBAE, níor cheart a mheas, dá bhrí sin, gurbh ionann agus gníomhartha riaracháin iad faoi Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 (10). |
|
(12) |
D’fhonn comhsheasmhacht dhlíthiúil a áirithiú, measfar go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag gníomh, agus dá bhrí sin gur féidir leis a bheith faoi réir iarraidh ar athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE, arna léirmhíniú ag CBAE (11). Má mheasfar go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag gníomh, tugtar le tuiscint gur féidir é a bheith faoi réir iarraidh ar athbhreithniú, beag beann ar a fhoirm, toisc go ndéantar a chineál a mheas i ndáil lena éifeachtaí, lena chuspóir agus lena inneachar (12). |
|
(13) |
D’fhonn dóthain ama a bheith ann chun próiseas athbhreithnithe ceart a dhéanamh, is iomchuí fadú a dhéanamh ar na teorainneacha ama a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 maidir le hathbhreithniú riaracháin a iarraidh agus na teorainneacha ama is infheidhme maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais chun freagra a thabhairt ar iarratais den sórt sin. |
|
(14) |
I gcomhréir le cásdlí CBAE (13), ceanglaítear ar eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha nó ar dhaoine eile den phobal a iarrann athbhreithniú inmheánach ar ghníomh riaracháin, agus forais iarratais an athbhreithnithe á gcur in iúl, fíorais nó argóintí dlíthiúla a chur chun cinn a bhfuil bunús leordhóthanach leo chun bheith ina gcúis amhrais thromchúisigh. |
|
(15) |
Ba cheart go gcumhdófaí i raon feidhme na n-imeachtaí athbhreithnithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 dlíthiúlacht shubstainteach agus dlíthiúlacht nós imeachta araon an ghnímh a bhfuil agóid á déanamh ina choinne. I gcomhréir le cásdlí CBAE, ní féidir le nósanna imeachta faoi Airteagal 263, an ceathrú mír, CFAE agus Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a bheith fothaithe ar fhorais ná fianaise nach bhfuil san iarraidh ar athbhreithniú, toisc go mbeadh an cuspóir don cheanglas, in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, a bhaineann le ráiteas maidir leis an bhforais ar a bhfuil iarraidh den chineál sin bunaithe, curtha as feidhm agus go ndéanfaí aidhm an nós imeachta a tionscnaíodh leis an iarraidh a athrú (14). |
|
(16) |
Ní thagann gníomhartha arna nglacadh ag údaráis phoiblí na mBallstát, lena n-áirítear bearta cur chun feidhme atá glactha ar leibhéal na mBallstát a éilítear le gníomh neamhreachtach arna ghlacadh faoi dhlí an Aontais, faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, i gcomhréir leis na Conarthaí agus prionsabal neamhspleáchas na gcúirteanna náisiúnta. |
|
(17) |
Ba cheart é a bheith de cheart ag eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus ag daoine eile den phobal athbhreithniú inmheánach a iarraidh ar ghníomhartha agus neamhghníomhartha riaracháin arna ndéanamh ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, arna leasú leis an Rialachán seo. |
|
(18) |
Agus bac ar a gcearta á léiriú acu, ba cheart do dhaoine den phobal sárú ar a gcearta a léiriú. D’fhéadfadh sé go mbeadh srian nó constaic gan údar ar fheidhmiú na gceart sin san áireamh. |
|
(19) |
Ní cheanglaítear ar dhaoine den phobal a léiriú go ndéantar difear dóibh go díreach agus go leithleach de réir bhrí Airteagal 263, an ceathrú mír, CFAE, arna léirmhíniú ag CBAE (15). Mar sin féin, ionas nach mbeidh ceart neamhcháilithe ag daoine den phobal athbhreithniú inmheánach (“actio popularis”) a iarraidh, rud nach bhfuil de dhíth faoi Choinbhinsiún Aarhus, ba cheart dóibh a léiriú go ndéantar difear díreach dóibh i gcomparáid leis an bpobal i gcoitinne, mar shampla i gcás garbhaol ar a sláinte agus ar a sábháilteacht féin, nó dochar do cheart a bhfuil teideal acu chuige de bhun reachtaíocht an Aontais, mar thoradh ar an sárú líomhnaithe ar dhlí an chomhshaoil, i gcomhréir le cásdlí CBAE (16). |
|
(20) |
Agus leas leordhóthanach poiblí á léiriú, ba cheart do dhaoine den phobal a thaispeáint i dteannta a chéile gurb ann do leas an phobail maidir le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint, úsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha, nó maidir le hathrú aeráide a chomhrac, agus go dtacaíonn líon leordhóthanach daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar fud an Aontais lena n-iarraidh ar athbhreithniú trína sínithe a bhailiú go fisiciúil nó go digiteach. |
|
(21) |
D’fhonn nósanna imeachta athbhreithnithe inmheánacha éifeachtacha a áirithiú, agus go háirithe go gcomhlíonann na hiarrataí ar athbhreithniú, i gcás inarb infheidhme, na critéir a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 agus go gcuireann siad chun cinn fíricí nó argóintí dlíthiúla a bhfuil substaint leordhóthanach iontu chun bheith ina gcúis amhrais thromchúisigh maidir leis an measúnú arna dhéanamh ag institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais (17), ba cheart d’eagraíocht neamhrialtasach chomhshaoil a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006, arna leasú leis an Rialachán seo, nó do dhlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirt Bhallstáit ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine den phobal. |
|
(22) |
I gcás ina bhfaighidh institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais iarrataí éagsúla ar athbhreithniú ar an ngníomh nó ar an neamhghníomh céanna agus go gcomhcheanglóidh sé iarrataí den sórt sin chun measúnú a dhéanamh orthu in aon nós imeachta amháin, ba cheart don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais gach iarraidh a mheas ar a bhfiúntas féin ina freagra/fhreagra. Go háirithe, má mheastar aon iarraidh den sórt sin a bheith neamh-inghlactha ar fhorais nós imeachta nó má dhiúltaítear di de bharr substainte, níor cheart go ndéanfadh sé sin dochar do bhreithniú na n-iarrataí eile ar athbhreithniú ar déileáladh leo sa nós imeachta céanna. |
|
(23) |
D’fhonn láimhseáil éifeachtach cásanna a áirithiú, ba cheart d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais iarracht a dhéanamh na critéir a leagtar amach in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. |
|
(24) |
Ar mhaithe le trédhearcacht agus láimhseáil éifeachtach cásanna, ba cheart institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a bheith in ann córais ar líne a bhunú chun iarrataí ar athbhreithniú inmheánach a fháil. |
|
(25) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus, a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(26) |
Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”), go háirithe an gá le hardleibhéal cosanta comhshaoil a chomhcheangal i mbeartais an Aontais (Airteagal 37), an ceart chun dea-riaracháin (Airteagal 41) agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chóir a fháil (Airteagal 47). Rannchuidítear leis an Rialachán seo le héifeacht chórais an Aontais maidir le hathbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach, agus dá thoradh sin, neartaítear leis cur i bhfeidhm Airteagal 37, Airteagal 41 agus Airteagal 47 den Chairt agus ar an gcaoi sin rannchuidítear leis an smacht reachta a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE. |
|
(27) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g) agus phointe (h):
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 11a Iarrataí agus cinntí críochnaitheacha a fhoilsiú, agus córais ar líne chun iarrataí a fháil 1. Iarrataí agus cinntí críochnaitheacha a fhoilsiú, agus córais ar líne chun iarrataí a fháil. Foilseoidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais gach iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a luaithe agus is féidir tar éis dóibh iad a fháil, chomh maith le gach cinneadh críochnaitheach maidir leis na hiarrataí sin a luaithe agus is féidir tar éis a nglactha. 2. Féadfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais córais ar líne a bhunú chun iarrataí ar athbhreithniú inmheánach a fháil agus féadfaidh siad a éileamh go gcuirfear gach iarraidh ar athbhreithniú inmheánach isteach trína gcórais ar líne.”; |
|
(5) |
cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 12(2): “2. I gcás go mainneoidh institiúid nó comhlacht an Aontais gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 10(2) nó (3), féadfaidh an eagraíocht neamhrialtasach nó daoine eile den phobal a rinne an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach de bhun Airteagal 10 imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chonartha.”; |
|
(6) |
ar fud théacs an Rialacháin, in ionad tagairtí d’fhorálacha den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, cuirfear tagairtí do na forálacha comhfhreagracha CFAE agus cuirfear i bhfeidhm aon athruithe gramadaí is gá; |
|
(7) |
ar fud théacs an Rialacháin, lena n-áirítear sa teideal, cuirfear an focal “Aontas” in áit an fhocail “Comhphobal” agus cuirfear i bhfeidhm aon athruithe gramadaí is gá. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (3)(a), ón 29 Aibreán 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, 6 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. LOGAR
(1) IO C 123, 9.4.2021, lch. 66.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Deireadh Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021.
(3) Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle an 17 Feabhra 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Choinbhinsiúin maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirteachas an phobail sa phróiseas cinnteoireachta agus rochtain ar cheartas in ábhair chomhshaoil (IO L 124, 17.5.2005, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).
(5) Cinneadh (AE) 2018/881 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2018 lena n-iarrtar ar an gCoimisiún staidéar a thíolacadh faoi roghanna an Aontais maidir le haghaidh a thabhairt ar thorthaí an Choiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus i gcás ACCC/C/2008/32 agus, más iomchuí i bhfianaise thorthaí an staidéir, togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 (IO L 155, 19.6.2018, lch. 6).
(6) IO C 356, 4.10.2018, lch. 38.
(7) IO C 356, 4.10.2018, lch. 84.
(8) IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.
(9) Tuairim na Cúirte an 8 Márta 2011, Córas dlíthíochta paitinní aontaithe a chruthú, 1/09, ECLI:EU:C:2011:123, mír 80.
(10) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 3 Deireadh Fómhair 2013, Inuit Tapiriit Kanatami agus Eile v Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, C-583/11 P, ECLI:EU:C:2013:625, mír 56.
(11) Féach Breithiúnas i gCás C-583/11 P, mír 56.
(12) Breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais an 10 Nollaig 1957, Usines à tubes de la Sarre v an tArd Údarás, 1/57 agus 14/57, ECLI:EU:C:1957:13, lch. 114; an 31 Márta 1971, an Coimisiún v an Chomhairle, 22/70, ECLI:EU:C:1971:32, mír 42; an 16 Meitheamh 1993, an Fhrainc v an Coimisiún, C-325/91, ECLI:EU:C:1993:245, mír 9; an 20 Márta 1997, an Fhrainc v an Coimisiún, C-57/95, ECLI:EU:C:1997:164, mír 22; agus an 13 Deireadh Fómhair 2011, Deutsche Post agus an Ghearmáin v an Coimisiún, C-463/10 P agus C-475/10 P, ECLI:EU:C:2011:656, mír 36.
(13) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 12 Meán Fómhair 2019, TestBioTech v An Coimisiún, C-82/17 P, ECLI:EU:C:2019:719, mír 69.
(14) Féach Breithiúnas i gCás C-82/17 P, mír 39.
(15) Breithiúnas ón gCúirt an 15 Iúil 1963, Plaumann v an Coimisiún, Cás 25/62, ECLI:EU:C:1963:17.
(16) Breithiúnais ón gCúirt an 25 Iúil 2008, Janecek, C-237/07, ECLI:EU:C:2008:447; an 1 Meitheamh 2017, Folk, C-529/15, ECLI:EU:C:2017:419, agus an 3 Deireadh Fómhair 2019, Wasserleitungsverband Nördliches Burgenland agus Eile, C-197/18, ECLI:EU:C:2019:824.
(17) Féach Breithiúnas i gCás C-82/17 P, mír 69.
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
8.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 356/8 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1768 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Meitheamh 2021
lena leasaítear, chun críoch a n-oiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil, Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (1), agus go háirithe Airteagal 42(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Táirge leasacháin a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 le haghaidh chatagóir feidhme ábhartha an táirge (“PFC”) agus le haghaidh na catagóire ábhartha d’ábhar comhpháirteach (“CMC”) faoi seach comhlíonta aige, is i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin a lipéadaítear é, agus dá réir sin tá an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 comhlíonta aige freisin, agus féadfar marcáil comhréireachta CE (“marcáil CE”) a chur air ansin agus féadfaidh sé gluaiseacht gan bhac sa mhargadh inmheánach ina tháirge leasacháin AE. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2019/1009 cumhachtaítear don Choimisiún Iarscríbhinní I (i bpáirt), II, III agus IV a ghabhann leis a leasú. |
|
(3) |
Le linn dóibh a bheith ag ullmhú don aistriú chuig rialacha nua maidir le comhchuibhiú, chuir na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara araon an Coimisiún ar an eolas faoin ngá atá le roinnt de na forálacha teicniúla sna hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 a oiriúnú. Tá gá le roinnt de na leasuithe sin chun comhsheasmhacht le reachtaíocht eile de chuid an Aontais a fheabhsú, rud a d’éascódh an rochtain ar an margadh inmheánach agus saorghluaiseacht táirgí leasacháin atá sábháilte agus éifeachtúil ó thaobh na hagranamaíochta de. Tá gá le leasuithe áirithe chun an t-ardleibhéal cosanta is aidhm don Rialachán (AE) 2019/1009 a áirithiú, agus ar an gcaoi sin a áirithiú nach mbeidh táirgí leasacháin AE a chuirfear ar an margadh inmheánach de bhua an Rialacháin sin ina riosca don tsláinte, don tsábháilteacht ná don chomhshaol. Tá gá le leasuithe eile chun cásanna a sheachaint ina ndéanfaí catagóirí suntasacha de tháirgí leasacháin a eisiamh ó na rialacha maidir le comhchuibhiú. Urramófar leis na leasuithe sin an rochtain ar an margadh inmheánach i gcás táirgí leasacháin atá éifeachtúil ó thaobh na hagranamaíochta de, iad sábháilte agus iad á dtrádáil go forleathan ar an margadh cheana féin. |
|
(4) |
Rialacha maidir le táirgí leasacháin AE ina bhfuil substaint ar leagadh síos uas-teorainnluachanna iarmhar le haghaidh bia agus beatha ina leith i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle (2), i Rialacháin (CE) Uimh. 396/2005 (3) agus (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), nó i dTreoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), is i Rialachán (AE) 2019/1009 a leagtar síos na rialacha sin. Tá d’oibleagáid ar an monaróir treoracha úsáide a chur ar fáil chun a áirithiú nach sárófar na huas-teorainnluachanna le haghaidh bia agus beatha i ngeall ar an úsáid atá beartaithe don táirge leasacháin AE. Ina theannta sin, ní mór don mhonaróir na torthaí ó na ríomhanna lena gcruthófar go gcomhlíonfar na ceanglais sin a áireamh sa doiciméadacht theicniúil. A bhuí leis an bplé maidir le conas an oibleagáid sin a chur i bhfeidhm, is léir nach féidir le monaróirí an oibleagáid sin a chomhlíonadh, agus ar an gcaoi sin gur dodhéanta do tháirgí leasacháin atá éifeachtúil ó thaobh na hagranamaíochta de, iad sábháilte agus iad á dtrádáil go forleathan cheana féin, an measúnú comhréireachta a phasáil agus rochtain a fháil ar an margadh inmheánach faoi Rialachán (AE) 2019/1009. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí atá níos comhréirí agus níos infheidhmithe ar dhá bhealach a chur in ionad na n-oibleagáidí sin. |
|
(5) |
Ar an gcéad dul síos, féadfar sárú ar na huasteorainneacha nó na huasleibhéil sin i mbarra a sheachaint ach an fhaisnéis cheart a sholáthar don úsáideoir deiridh atá luaite ar an lipéad. Dá réir sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú chun oibleagáid a chur ar an monaróir an t-úsáideoir deiridh a chur ar an eolas gach uair a bheidh ábhar comhpháirteach sa táirge leasacháin AE, ábhar a sháróidh na huasteorainneacha nó na huasleibhéil a leagtar amach i Rialacháin (CE) Uimh. 470/2009 nó (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 315/93, nó i dTreoir 2002/32/CE má chuirtear ar an margadh mar bhia nó mar bheatha é. Thairis sin, chun ardleibhéal cosanta shláinte an duine a áirithiú i ndáil le breiseáin bheathaithe, mar aon le sláinte ainmhithe agus an comhshaol, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chur leis an liosta thuas. Ar an dóigh sin, beidh an t-úsáideoir deiridh in ann na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go comhlíonfaidh an barr na rialacha maidir le bia agus beatha. |
|
(6) |
Ar an dara dul síos, tá ga le bearta breise maidir le roinnt substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá cumhdaithe cheana le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009. Ba cheart cur chuige eile a úsáid de réir más substaint cheadaithe í a liostaítear i dTábla 1 san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (7) agus a bhféadfaí gur leagadh síos uasleibhéil iarmhar ina leith, nó más substaint neamhcheadaithe í a bhfuil pointe tagartha le haghaidh gníomhaíochta leagtha síos i Rialachán (AE) 2019/1871 ón gCoimisiún (8) ina leith. Ní fhéadfaidh iarmhair substainte ceadaithe a bheith ann i dtáirge leasacháin AE ach amháin má liostaítear í i dTábla 1 san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010. Mar sin féin, substaint neamhcheadaithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de atá níos guaisí do shláinte an tomhaltóra agus é i mbia-ábhar, níor cheart í sin a bheith le fáil os cionn a pointe tagartha le haghaidh gníomhaíochta i dtáirge leasacháin AE ach oiread. |
|
(7) |
Substaintí gníomhacha de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), féadfaidh siad a bheith ann freisin i dtáirgí leasacháin AE. Ós rud é nach gcumhdaítear táirgí cosanta plandaí i Rialachán (AE) 2019/1009, ba cheart é a bheith soiléir i dtéacs an Rialacháin sin gur cheart nach mbeadh feidhm cosanta plandaí, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ag táirge leasacháin AE ina bhfuil substaint ghníomhach. Tá gá leis an soiléiriú sin chun comhsheasmhacht le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a áirithiú, rud a éascóidh cur chun feidhme na rialacha comhchuibhithe, cur chun feidhme a dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis náisiúnta araon, rud a éascóidh freisin rochtain ar an margadh inmheánach ar bhonn Rialachán (AE) 2019/1009. |
|
(8) |
Tá liosta uileghabhálach i Rialachán (AE) 2019/1009 de thíopeolaíochtaí le haghaidh leasachán neamhorgánach micreachothaitheach aonábhair mar aon le tuairiscí comhfhreagracha orthu agus an t-íoschion micreachothaitheach atá ag dul dóibh. I gcás leasachán micreachothaitheach salainn, is micreachothaitheach uiscethuaslagtha atá in 10 % den leasachán de réir maise. Mar sin féin, is ar shalainn charbónáite nó fosfáite ina bhfuil micreachothaithigh neamh-uiscethuaslagtha atá na leasacháin bunaithe. Ní dhéanann sé sin difear dá bhfeidhmíocht mar leasacháin ná d’iontógáil na micreachothaitheach sa bharr. Ba cheart fáil réidh leis an mbail uiscethuaslagtha ar mhaithe le rochtain ar an margadh inmheánach a cheadú do leasacháin micreachothaitheach salainn den sórt sin. I gcás crágaigh UVCB (10), ní liostaítear ach crágaigh iarainn. Mar sin féin, d’fhéadfadh na micreachothaithigh eile a bheith ina gcrágaigh UVCB freisin, agus d’fhéadfadh na plandaí na micreachothaithigh a shú astu go mall. Is rud iad na leasacháin mhallghníomhacha atá úsáideach le truailliú na hithreach le cothaithigh a chosc, trí scaoileadh leis na micreachothaithigh go mall, agus le cur leis an bhféidearthacht dá réir sin go ndéanfaidh na plandaí iad a ionsú. Dá bhrí sin, is iomchuí táirgí nideoige den sórt sin a áireamh faoi raon feidhme na rialacha maidir le comhchuibhiú agus saorghluaiseacht na dtáirgí sin ar an margadh inmheánach a chur chun cinn. |
|
(9) |
I Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar síos teorainnluachanna le haghaidh éilleán, lena n-áirítear nicil, i meán fáis, rud is táirge leasacháin AE ann seachas ithir in situ, arb é is feidhm leis go bhfásfaidh plandaí nó beacáin istigh ann. Is i Rialachán (AE) 2019/1009 a leagtar síos rialacha maidir le comhchuibhiú le haghaidh an chineáil sin táirge leasacháin. Tá cineálacha éagsúla meán fáis le fáil ar an margadh cheana, é sin bunaithe ar rialacha náisiúnta agus a bhfuil tréithe an-éagsúil acu, rudaí a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ar tháirgí leasacháin AE. Mar sin féin, teorainnluach na nicile a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1009 le haghaidh gach cineáil meán fáis, cruthaíonn sé sin deacrachtaí do roinnt meán fáis nach bhfuil iontu ach comhpháirteanna de thionscnamh mianraí. Na táirgí sin, is táirgí nideoige iad a chomhlíonann prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus a shásaíonn critéir Éicilipéad AE a leagadh síos le haghaidh meáin fáis cheana le Cinneadh (AE) 2015/2099 ón gCoimisiún (11). Sa Chinneadh sin, déantar idirdhealú idir meáin fásta mianraí agus catagóirí eile meán fáis a mhéid a bhaineann leis na modhanna chun cion na n-éilleán, lena n-áirítear nicil, a chinneadh. Ar an gcaoi sin, agus i gcás gach meán fáis seachas meáin fásta mianraí, cinnfear cion iomlán an éilleáin, ach i gcás meáin fásta mianraí ní chinnfear ach an cion bith-infhaighte. Tá údar leis an idirdhealú sin toisc gur ag teacht ard a mhonaraítear meáin fásta mianraí de ghnáth, rud a chruthaíonn nasc ceimiceach láidir idir na héilleáin agus struchtúr na gcomhpháirteanna mianrach, rud a chuireann teorainn lena bhith-infhaighte atá na héilleáin. Ní dhéantar an t-idirdhealú sin i Rialachán (AE) 2019/1009, áfach. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, cé go gcomhlíonfadh na meáin fásta mianraí atá le fáil ar an margadh an teorainnluach a leagtar síos le haghaidh na nicile i Rialachán (AE) 2019/1009 mura bhfuil ach cion bith-infhaighte an éilleáin le cinneadh, ní féidir leo an teorainnluach céanna a chomhlíonadh más é an cion iomlán atá le cinneadh faoi mar atá riachtanach i láthair na huaire. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach comhsheasmhacht a áirithiú idir na ceanglais faoi mharcáil CE a chur ar na táirgí sin ar bhonn Rialachán (AE) 2019/1009 agus cur i bhfeidhm an Éicilipéid, chun cás a sheachaint ina mbeadh táirgí atá sábháilte maidir leis an gcomhshaol, agus dá bhrí sin a mbeadh Éicilipéad acu, lasmuigh de raon feidhme na rialacha maidir le comhchuibhiú. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an teorainnluach nicile a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ach amháin maidir leis an gcion bith-infhaighte le haghaidh meáin fásta mianraí. |
|
(10) |
Mar bheart coimirce, níor cheart feidhm a bheith ag an riail sin ach amháin i gcás ina bhfuil úsáid na dtáirgí sin teoranta d’úsáid ghairmiúil i bhfeidhmeanna gairneoireachta, i ndíonta glasa nó i mballaí glasa. Leis sin d’áiritheofaí láimhseáil níos fearr agus ráta athghabhála níos airde do na meáin fáis a úsáidtear, agus d’áiritheofaí gur dócha go bhféadfaí na hábhair a athchúrsáil tar éis a n-úsáide. Ina theannta sin, ba cheart don mhonaróir comhoibriú leis an úsáideoir freisin chun a áirithiú go ndéanfar na táirgí a dhiúscairt go sábháilte a thúisce a bheidh deireadh úsáide bainte astu. Thairis sin, níor cheart an táirge a bheith i dtadhall go díreach leis an ithir, ionas nach gcuirfear le carnadh na n-éilleán inti. |
|
(11) |
Ábhair chomhpháirteacha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i gceann amháin de na catagóirí d’ábhair chomhpháirteacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, ní fhéadfar ach iad siúd amháin a bheith i dtáirgí leasacháin AE. Táirgí leasacháin, go hairithe na leasacháin féin, bíonn breiseáin theicniúla pholaiméirbhunaithe iontu go minic, breiseáin atá tábhachtach chun a n-éifeachtúlacht agus úsáid shábháilte díobh a áirithiú. Ní chumhdaítear na breiseáin sin faoi aon cheann de na catagóirí atá ann cheana d’ábhair chomhpháirteacha. Mar sin féin, cumhdaítear leasacháin a bhfuil siad iontu faoi na rialacha maidir le comhchuibhiú i Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Áirítear ar na breiseáin theicniúla den sórt sin, mar shampla, oibreáin frithstolptha a choisceann cruthú cnapán, agus oibreáin frithdhusta a choisceann astaíochtaí dusta ón táirge leasacháin agus é á chur. Bíonn oibreáin frithstolpadh fíor-riachtanach le haghaidh éifeachtúlacht úsáid na gcothaitheach ós rud é nach scaipfí an leasachán go cothrom gan na hoibreáin sin agus, dá bhrí sin, go gcuirfeadh an t-úsáideoir deiridh tuilleadh leasacháin ann chun a chinntiú go sroichfidh sé gach planda. Bíonn oibreáin frithdhusta an-tábhachtach freisin i gcosaint shláinte na n-úsáideoirí. Polaiméirí nach ábhar imní iad ó thaobh an chomhshaoil de, ba cheart iad a áireamh i measc na n-ábhar comhpháirteach a cheadaítear i dtáirgí leasacháin faoi Rialachán (AE) 2019/1009. Leis sin, d’áiritheofaí go leanfadh catagóirí suntasacha táirgí a bhfuil éifeachtúlacht agus sábháilteacht fheabhsaithe acu ó thaobh na hagranamaíochta de de bheith le fáil ar an margadh inmheánach. |
|
(12) |
Chun na polaiméirí nach ábhar imní don chomhshaol iad a shainaithint, is iomchuí tagairt a dhéanamh do na tuairimí eolaíocha a d’eisigh an Coiste um Measúnú Riosca (13) agus Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), tuairimí maidir le cáithníní micreaphlaisteacha a chuirtear le táirgí úsáide tomhaltóirí nó le táirgí úsáide gairmiúla d’aon chineál. |
|
(13) |
Trí na catagóirí polaiméirí sin a áireamh in CMC 1 (Substaintí íonábhair agus meascáin íonábhair) agus CMC 11 (Seachtháirgí de réir bhrí Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15)), áirithítear freisin go gclárófar na polaiméirí sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 mar aon le sainchomhad lena n-áirítear tuarascáil sábháilteachta maidir lena n-úsáid ina dtáirge leasacháin. D’áiritheofaí leis sin go ndéanfaí measúnú mionsonraithe ar aon riosca a d’eascródh as úsáid na mbreiseán sin i dtáirgí leasacháin, agus go mbeadh na táirgí leasacháin ar tugadh rochtain ar an margadh inmheánach dóibh faoin leasú seo sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol. |
|
(14) |
Oibreáin chrágtha nó oibreáin choimpléascúcháin, féadfaidh siad a bheith i leasacháin a bhfuil micreachothaithigh iontu, oibreáin ar substaintí iad a bheartaítear infhaighteacht fhadtéarmach micreachothaitheach do phlandaí a fheabhsú leo. |
|
(15) |
Le Rialachán (AE) 2019/1009, ceanglaítear go mbeidh táirgí leasacháin ina bhfuil oibreáin chrágtha cobhsaí i ngnáth-thuaslagán Hoagland ag pH 7 agus 8 go ceann 3 lá ar a laghad, chun a áirithiú go súfaidh na plandaí na micreachothaithigh go mall. Comhdhéanamh ithreacha talmhaíochta agus na héagsúlachtaí a bhíonn sa pH, d’fhéadfaidís cur isteach ar chobhsaíocht na dtáirgí seo. Leis an dul chun cinn teicniúil nua atá déanta, féadfar measúnú a dhéanamh ar na baic a d’fhéadfadh a bheith ann agus raon pH a bhunú ina mbeidh táirgí cobhsaí chun críocha na talmhaíochta. Ar bhonn an mhéid atá thuas, d’fhéadfadh táirge a bheith cobhsaí ag raon pH seachas pH 7 agus 8, agus a chuspóir a bhaint amach i gcónaí maidir le hinfhaighteacht fhadtéarmach micreachothaitheach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú ionas go gceadófar do tháirgí den sórt sin a bheith cobhsaí laistigh de raon eile pH. Ar an gcaoi sin, bheadh feidhm ag na rialacha maidir le comhchuibhiú i ndáil le níos mó táirgí, táirgí a ndéanann na plandaí a n-ionsú go mall, rud a laghdóidh an láisteadh cothaitheach in ithreacha. Mar bheart breise, ba cheart an raon pH ag a bhfuil na táirgí leasacháin AE cobhsaí a léiriú ar an lipéad chun a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis cheart ar fáil don úsáideoir deiridh. |
|
(16) |
Le Rialachán (AE) 2019/1009, ceanglaítear go ndearbhófar céatadán gach micreachothaithigh arna chrágadh le gach oibreán crágtha, agus céatadán gach micreachothaithigh arna choimpléascú le hoibreán coimpléascúcháin, de réir mar is infheidhme. Táirgí a bhfuil micreachothaithigh iontu, féadfaidh meascán d’oibreáin chrágtha nó d’oibreáin choimpléascúcháin a bheith iontu, nó meascán den dá rud le chéile. I gcásanna den sórt sin, cinneadh céatadáin chruinn gach micreachothaithigh arna chrágadh nó arna choimpléascú le gach oibreán ar leith, ní féidir é sin a thacú leis na modhanna anailíse atá ar fáil. Ar an gcaoi sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/1009 a leasú ionas go gceadófar don mhonaróir na ceanglais maidir le lipéadú a chomhlíonadh, agus sa dóigh sin, éascófar an rochtain ar an margadh inmheánach dóibh. |
|
(17) |
Úsáidtear móin ar an bpríomh-chomhpháirt i roinnt táirgí leasacháin, meáin fáis cuir i gcás. Tá sé tábhachtach úsáid na roghanna eile seachas móin a spreagadh sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, go háirithe chun cosc a chur le cailliúint charbóin agus le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus chun eiceachórais leochaileacha a chaomhnú. D’fhéadfaí snáithíní plandaí a úsáid mar pháirt-ionadaí ar an móin i meáin fáis. Mar sin féin, chun acmhainneacht snáithíní plandaí neamhchóireáilte a uasghrádú, ní mór iad sin a chlaochlú ina snáithíní cáithníní níos míne toisc go gcuireann sé sin feabhas ar an mbith-dhíghrádaitheacht, ar a n-idirghníomhú le cothaithigh, agus ar an gcoinneáil uisce a dhéanann siad. Riochtú na snáithíní amha plandaí le réamhchóireálacha fisiceacha éagsúla chun snáithíní a dhéanamh díobh, ba cheart é sin a chur san áireamh ar liosta uileghabhálach de chóireálacha in CMC 2 (Plandaí, codanna de phlandaí agus eastóscáin plandaí). Mar bheart coimirce, ba cheart srianta áirithe a chur leis na modhanna próiseála, amhail uasteocht agus toirmeasc ar bhreiseáin seachas uisce. |
|
(18) |
In CMC 3 (Muirín) agus CMC 5 (Díleáiteán eile seachas díleáiteán barr úr) leagtar síos liosta uileghabhálach de na hábhair ionchuir is féidir a úsáid. Cuimsíonn an liosta sin táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus seachtháirgí ainmhithe ar féidir a mheas gur orgánaigh mharbha iad, i gcásanna ina bhfuiltear tar éis an pointe deiridh sa slabhra monaraíochta a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an tríú fomhír den Rialachán sin. |
|
(19) |
I Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar síos den chéad uair rialacha maidir le comhchuibhiú le haghaidh múirín agus díleáiteán mar ábhair chomhpháirteacha i dtáirgí leasacháin AE. Mar sin féin, tá na hábhair sin le fáil ar an margadh, agus iad bunaithe ar rialacha náisiúnta. Faoi láthair, is minic a úsáidtear seachtháirgí ainmhithe nach féidir a mheas gur orgánaigh mharbha iad (go háirithe aoileach neamhphróiseáilte) mar ábhair ionchuir le haghaidh múirín agus díleáiteáin. Ar an gcaoi sin, is éard a dhéantar d’ábhair den sórt sin táirgí leasacháin a bhfuil glan-bhreisluach eacnamaíoch agus comhshaoil acu. Úsáid tuair ainmhithe i bhfoirm múirín, lena n-áirítear aoileach éanlaithe clóis agus aoileach muirínithe ó fheirmeacha, chomh maith le díleáiteán ina bhfuil seachtháirgí ainmhithe arna gcomh-dhíleá le hábhar de bhunadh plandaí nó ainmhíoch, áirítear an úsáid sin ar an liosta uileghabhálach de leasacháin, oiriúntóirí ithreach agus cothaithigh a cheadaítear san fheirmeoireacht orgánach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún (17). Dá bhrí sin, is iomchuí rochtain ar an margadh inmheánach a thabhairt do tháirgí leasacháin ina bhfuil múirín nó díleáiteán ina bhfuil seachtháirgí ainmhithe den sórt sin mar ábhair ionchuir. Rud eile a d’áiritheodh sin comhsheasmhacht leis na hábhair ionchuir a cheadaítear faoi na CMCanna a tugadh isteach le déanaí, is é sin CMC 12 (Salainn fosfáite dheasctha agus na díorthaigh), CMC 13 (Ábhair ocsaídithe theirmigh agus na díorthaigh), chomh maith le CMC 14 (Ábhair phirealaithe agus ghasúcháin). |
|
(20) |
Orgánaigh bheo nó mharbha as cion orgánach na dramhaíola tí bardasaí measctha, is orgánaigh iad sin a eisiatar ó na hábhair ionchuir faoi CMCanna 3 agus 5. Os a choinne sin, orgánaigh bheo nó mharbha as na hábhair ón dramhaíl bhardasach mheasctha, agus ní hamháin ó dhramhaíl tí, is orgánaigh iad sin a eisiatar ó na hábhair ionchuir faoi CMCanna 12, 13 agus 14. Is é cuspóir na bhforálacha sin bailiú deighilte na dramhaíola a spreagadh sna bardais, trí gan deiseanna a chur ar fáil le dramhaíl mheasctha a úsáid. Is ionann an réasúnaíocht atá ann más teaghlaigh nó bialanna nó oibreoirí eile sna bardais a chruthaíonn an dramhaíl. Níl aon chúis ann cosc a chur le húsáid na dramhaíola measctha tí amháin mar ábhar ionchuir i múirín agus i ndíleáiteán. Dá bhrí sin, chun cur chuige comhleanúnach docht a áirithiú in aisghabháil na dramhaíola bardasaí measctha agus, ar an gcaoi sin, chun cosaint an chomhshaoil a threisiú, is gá na forálacha in CMCanna 3 agus 5 a ailíniú leis na cinn atá sna CMCanna 12, 13 agus 14 a tugadh isteach le déanaí. |
|
(21) |
I Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar amach oibleagáid ar an monaróir na comhábhair uile is mó ná 5 % a meáchan táirgí a liostú ar an lipéad. Mar sin féin, ba cheart an eilimint ar a gcuirtear an teorainn 5 % i bhfeidhm a chur in oiriúint do shaintréithe fisiceacha an táirge leasacháin lena mbaineann, agus ar an gcaoi sin ba cheart dearbhú maidir leis na comhábhair a cheadú a bhfuil 5 % den toirt iontu. Go háirithe i gcás táirgí ina léirítear an chainníocht de réir toirte, is fearr i gcónaí na comhábhair a bhfuil 5 % den toirt iontu a liostú ós rud é nach fios cén meáchan atá sna comhábhair choibhneasta de réir meáchan táirgí i gcónaí. D’éascódh sin rochtain ar an margadh inmheánach do tháirgí den sórt sin. A mhéid a bhaineann leis an táirge leasacháin AE i bhfoirm leachtach, is iomchuí lipéadú a chur ar na comhábhair os cionn 5 % de réir meáchan tirim ós rud é go bhféadfadh cásanna a theacht chun cinn nach mbeadh ach uisce liostaithe mar chomhábhar leo. D’áiritheodh sin nach mbeadh rochtain ar an margadh inmheánach ag táirgí ar bhonn Rialachán (AE) 2019/1009 ach amháin dá gcuirfí na húsáideoirí ar an eolas go cuí faoi na comhábhair féin, ionas gurbh fhéidir leo na táirgí a úsáid go sábháilte. |
|
(22) |
Leasachán orgánaimianrach, leasachán neamhorgánach macrachothaitheach i bhfoirm sholadach nó i bhfoirm leachtach agus leasachán neamhorgánach micrachothaitheach, ar lipéad na nithe sin beidh ainmneacha agus siombailí ceimiceacha na micreachothaitheach dearbhaithe, maille le hainmneacha a bhfrith-ian. I gcásanna áirithe, féadfaidh leibhéal na micreachothaitheach is gá a fhógairt a bheith ann go nádúrtha in ábhair chomhpháirteacha na dtáirgí leasacháin AE. Is amhlaidh an cás go háirithe i gcás leasacháin ó ábhair a bhaintear sna mianaigh. De thoradh a dtionscnaimh nádúrtha, ní féidir ainmneacha na bhfrith-ian le haghaidh na micreachothaitheach sin a chinneadh i gcónaí i ngeall ar theorainneacha anailíseacha nó teicniúla. Dá bhrí sin, dearbhú na micreachothaitheach nach gcuirtear leis an táirge leasacháin AE d’aon ghnó, ba cheart é sin a cheadú, fiú murar féidir na frith-iain chomhfhreagracha a chinneadh. Murach sin, ní fhéadfaí leasacháin neamhorgánacha micreachothaitheach ó ábhair a bhaintear sna mianaigh a mhargú faoi Rialachán (AE) 2019/1009 ós rud é nach bhféadfaidh an monaróir an ceanglas sin maidir le lipéadú a chomhlíonadh. Ina theannta sin, cion na micreachothaitheach i leasacháin mhacrachothaitheach orgánaimianracha agus neamhorgánacha a dhearbhú gan na frith-iain comhfhreagracha, is chun leas an úsáideora deiridh é sin, duine a d’fhéadfadh plean don leasú a chur in oiriúint trí chion na micreachothaitheach a chur san áireamh, agus chun leas an chomhshaoil freisin, ós rud é go bhféadfaí ró-leasú a sheachaint leis. Ní dhéanfaidh sé difear d’éifeachtúlacht ná do shábháilteacht an leasacháin gan na frith-iain a chur ar an lipéad. |
|
(23) |
Tá sé d’oibleagáid ar mhonaróir leasacháin neamhorgánaigh macrachothaitheach i bhfoirm sholadach foirm an aonaid fhisiceach a lua ar an lipéad, trí thagairt a dhéanamh do cheann amháin de na ceithre fhoirm éagsúla a liostaítear sa Rialachán, is é sin púdar, gráinníní, priollaí agus millíní. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, ceann amháin de na foirmeacha sonracha thuas a úsáid léi féin, sin rud nach féidir, ós cuingir de phéire de na ceithre fhoirm í an fhoirm fhisiceach. Dá bhrí sin, ionas go mbeidh an monaróir in ann an ceanglas sin maidir le lipéadú a chomhlíonadh, níor cheart an tuairisc ar an aonad fisiceach a bheith teoranta d’aon fhoirm fhéideartha amháin, ach ba cheart úsáid cuingreacha foirmeacha a bheith ceadaithe freisin. Na sainmhínithe ar an aonad fisiceach, ba cheart gach cineál leasacháin a bheith cumhdaithe fúthu, agus níor cheart srian a chur le táirgí a chur ar an margadh leo ach oiread, ar táirgí iad a chomhlíonann na ceanglais i Rialachán (AE) 2019/1009 ar shlí eile. |
|
(24) |
Le Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar síos rialacha lamháltais le haghaidh gach PFC a bhaineann leis na luachanna éagsúla a dhearbhaítear ar an lipéad. I Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar síos idir lamháltais dhiúltacha (níor cheart ann luach féin dul faoi bhun an luacha dhearbhaithe arna laghdú faoin lamháltas diúltach) agus lamháltais dheimhneacha (rud a chiallaíonn nach féidir an luach féin a bheith níos airde ná an luach dearbhaithe arna mhéadú faoin lamháltas a bhaineann leis). Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin le cothaithigh a dhearbhú i gcás nach mór don mhonaróir a áirithiú, chun tearc-leasú agus ró-leasú a sheachaint, nach bhfuil cion na gcothaitheach a dhearbhaítear faoi bhun ná os cionn an luacha dhearbhaithe móide na lamháltais. |
|
(25) |
Tá cuid de na lamháltais a leagtar síos le haghaidh leasacháin neamhorgánacha an-chúng i ngeall ar na hacmhainní teicniúla atá ann cheana. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás cothaithigh dhearbhaithe ina bhféadfadh cion an chothaithigh a bheith íseal i gcomparáid leis an táirge ina iomláine. Cion íseal cothaitheach, ciallaíonn sé sin nach bhfuil sa diall ón luach dearbhaithe ach rud beag freisin ós rud é gur dearbhaíodh é mar chéatadán de chion na gcothaitheach. Ar an gcaoi sin, na lamháltais le haghaidh roinnt de na ceanglais maidir leis na leasacháin neamhorgánacha, ba cheart iad a leathnú chun cothromaíocht a áirithiú idir cumais theicniúla an mhonaróra agus an gá atá le faisnéis cheart a sholáthar don úsáideoir deiridh. |
|
(26) |
Thairis sin, an lamháltas i ndearbhthéarmaí le haghaidh cion carbóin orgánaigh i bhfeabhsaitheoirí ithreach, ba cheart é sin a leathnú freisin. Féadfaidh cion nach beag carbóin orgánaigh a bheith i bhfeabhsaitheoirí ithreach, rud nach gcruthaíonn fadhbanna ann féin, ós rud é go gcuireann an carbón orgánach feabhas ar cháilíocht na n-ithreach trína gcion den ábhar orgánach a shaibhriú. I gcásanna mar sin, is rud róshriantach gan ach diall i ndearbhthéarmaí a cheadú go haon phointe céatadáin amháin. Dá bhrí sin, is iomchuí diall i ndearbhthéarmaí níos mó a cheadú ach an diall coibhneasta atá ann cheana a choinneáil. |
|
(27) |
Ba cheart lamháltais a chur isteach i ndáil leis an gcainníocht bithspreagthaigh planda agus an chainníocht cumasctháirge leasacháin, ós rud é nach mór an fhaisnéis sin a chur ar an lipéad. I gcás cumasctháirge leasacháin, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir cumasc dhá tháirge leasacháin AE, i gcás inar féidir cion gach táirge díobh sa chumasc a chinneadh faoi seach agus, dá bhrí sin, meán na lamháltas a leagadh síos cheana le haghaidh gach ceann ag brath ar a gcion sa chumasc, gur féidir é sin a ríomh agus a chur ar an gcumasc iomlán agus ar an gcumasc feidhmiúil, i gcás ina bhfuil pas faighte ag an ábhar féin sa mheasúnú comhréireachta le haghaidh dhá tháirge leasacháin AE atá in dhá PFC éagsúla agus nach féidir cion gach táirge díobh sa chumasc a chinneadh go hoibiachtúil. Sa chás deireanach sin, ba cheart lamháltas cainníochta níos déine na PFCanna is comhpháirteanna a chur i bhfeidhm maidir leis an gcumasc ina iomláine. Go deimhin, ní mór don mhonaróir a chruthú go bhfuil ceanglais gach PFC á gcomhlíonadh aige, agus cuimsítear leis sin cainníocht gach PFC a chur in iúl i gcomhréir leis an lamháltas comhfhreagrach. Ós rud é gur 100 % den chumasc sa chás áirithe seo é gach PFC, ní mór don chumasc ina iomláine an lamháltas is déine a urramú. |
|
(28) |
Ar bhonn Rialachán (AE) 2019/1009, tá ceithre nós imeachta um measúnú comhréireachta ann is infheidhme maidir le táirgí leasacháin AE, agus tá leibhéil éagsúla chastachta ag roinnt leo de réir an CMC nó na CMCanna atá ag dul dóibh agus ar an PFC: Modúil A, A1, B+C agus D1. |
|
(29) |
Cuireadh Modúl D1 in oiriúint chun gnéithe sonracha na dtáirgí leasacháin AE arna ndíorthú ó dhramhaíl a léiriú. Is féidir le monaróir Modúl B+C a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhréireacht choscaire (PFC 5) nó bithspreagthach plandaí (PFC 6), pé ar bith ábhair chomhpháirteacha atá ann. Dá bhrí sin, d’éifeacht gan toisc ar dhréachtú Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, ní fhéadfaidh aon rud cosc a chur le cur i bhfeidhm Mhodúil B+C, fiú i gcás measúnú ar choscaire nó ar bhithspreagthach planda ina bhfuil ábhair chomhpháirteacha a bhfuil Modúl D1 atá níos déine éigeantach ina leith. Is iomchuí nós imeachta dian um measúnú comhréireachta a chur i bhfeidhm gach uair a bheidh ábhair chomhpháirteacha a díorthaíodh as dramhaíl i dtáirge leasacháin AE, pé ar bith PFC atá ann. Dá bhrí sin, chun leibhéal ard comhsheasmhach cosanta a áirithiú, níor cheart Modúil B+C a cheadú i gcás coscairí agus bithspreagthaigh plandaí ach amháin nuair nach bhfuil ábhair chomhpháirteacha den sórt sin iontu. |
|
(30) |
I ndiaidh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ní mór don mhonaróir faisnéis a chur ar fáil sa doiciméadacht theicniúil, faisnéis, i measc rudaí eile, faoin gcróimiam iomlán aon uair a bhíonn sé os cionn 200 mg/kg. Ní thugtar le fios i Rialachán (AE) 2019/1009 an ar an ábhar tirim nó ar an ábhar úr atá an teorainn sin le cur i bhfeidhm. Ní féidir an oibleagáid sin a chomhlíonadh ar bhealach aonfhoirmeach san Aontas mura léir conas ba cheart an 200 mg/kg a ríomh. Agus teorainnluachanna á leagan síos le haghaidh éilleán, lena n-áirítear cróimiam heicsifhiúsach (Cr VI), cuirtear an t-ábhar tirim san áireamh faoi Rialachán (AE) 2019/1009. Dá bhrí sin agus ar chúiseanna comhleanúnachais, ba cheart cion an chróimiam iomláin a ríomh trí thagairt a dhéanamh don ábhar tirim. |
|
(31) |
Comhairliúcháin ar na leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/1009, rinneadh iad i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (18). Chuathas i gcomhairle le grúpa saineolaithe an Choimisiúin um tháirgí leasacháin. |
|
(32) |
Ós rud é go mbeidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 le héifeacht ón 16 Iúil 2022, is gá cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an dáta céanna, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(3) |
leasaítear Iarscríbhinn III gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(4) |
leasaítear Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 16 Iúil 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 170, 25.6.2019, lch. 1.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (IO L 37, 13.2.1993, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11).
(5) Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbia ainmhithe (IO L 140, 30.5.2002, lch. 10).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú maidir le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de bhunadh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2019/1871 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2019 maidir le pointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta i dtaca le substaintí neamhcheadaithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá i mbia de thionscnamh ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/34/CE (IO L 289, 8.11.2019, lch. 41).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(10) UVCB: Substaint nach fios a comhdhéanamh nó a mbíonn an comhdhéanamh ag athrú ann, táirgí lena ngabhann frithghníomhú coimpléascach nó ábhair bhitheolaíocha.
(11) Cinneadh (AE) 2015/2099 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2015 lena mbunaítear na critéir éiceolaíocha lena mbronntar Éicilipéad AE do mheáin fáis, feabhsaitheoirí ithreach agus móta (IO L 303, 20.11.2015, lch. 75).
(12) Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 a bhaineann le leasacháin (IO L 304, 21.11.2003, lch. 1).
(13) RAC ECHA. 2020. Opinion on an Annex XV dossier proposing restrictions on intentionally added microplastics (ECHA/RAC/RES-O -0000006790-71-01/F) [Tuairim maidir le sainchomhad Iarscríbhinn XV lena moltar srianta a chur le micreaphlaistigh a cuireadh isteach d’aon ghnó ((ECHA/RAC/RES-O -0000006790-71-01/F).)].
(14) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/155/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/67/CEE ón gCoimisiún, Treoir 93/105/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(15) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(16) Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).
(17) Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).
(18) Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Cuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:
(*) Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11)." (**) Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, agus aicmiú na substaintí sin i ndáil le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de bhunadh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1)." (***) Rialachán (AE) 2019/1871 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2019 maidir le pointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta i dtaca le substaintí neamhcheadaithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá le fáil i mbia de thionscnamh ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/34/CE (IO L 289, 8.11.2019, lch. 41).”;" |
|
(2) |
cuirtear isteach pointe 5a seo a leanas:
|
|
(3) |
in PFC 1(C)(II)(a), pointe 2, sa tábla:
|
|
(4) |
in PFC 3(B), cuirtear pointe 4 seo a leanas isteach:
Cás inarb é atá i gceist:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(5) |
in PFC 4, cuirtear isteach pointe 2a seo a leanas:
|
(*) Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11).
(**) Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, agus aicmiú na substaintí sin i ndáil le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de bhunadh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).
(***) Rialachán (AE) 2019/1871 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2019 maidir le pointí tagartha le haghaidh gníomhaíochta i dtaca le substaintí neamhcheadaithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá le fáil i mbia de thionscnamh ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/34/CE (IO L 289, 8.11.2019, lch. 41).”;”
((5)) (5) UVCB: Substaint nach fios a comhdhéanamh nó a mbíonn a comhdhéanamh ag athrú, táirgí imoibriúcháin casta nó ábhair bhitheolaíocha.”;
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Cuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear CMC 1 mar a leanas:
|
|
(2) |
in CMC 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: “Maidir le plandaí, codanna de phlandaí nó eastóscáin plandaí nach ndearnadh aon phróiseáil orthu taobh amuigh de ghearradh, meilt, muilleáil, criathrú, rilleadh, lártheifneoiriú, fáscadh, triomú, reothriomú, eastóscadh le huisce, easctóscadh forchriticiúil CO2 nó snáithíniú ag teocht nach airde ná 100 °C, gan aon bhreiseán iontu seachas uisce, is nithe iad sin a fhéadfaidh a bheith i dtáirge leasacháin AE.”; |
|
(3) |
leasaítear CMC 3 mar a leanas:
|
|
(4) |
leasaítear CMC 5 mar a leanas:
|
|
(5) |
in CMC 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(b):
|
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Cuid I mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Cuid II mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Cuid III mar a leanas:
|
(*) Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin atá le húsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29).
(**) Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).
(***) Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (IO L 37, 13.2.1993, lch. 1).
(****) Treoir 2002/32/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2002 maidir le substaintí neamh-inmhianaithe i mbeatha ainmhithe (IO L 140, 30.5.2002, lch. 10).”;’
IARSCRÍBHINN IV
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 mar a leanas:
|
(1) |
i gCuid I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2:
|
|
(2) |
leasaítear Cuid II mar a leanas:
|
|
8.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 356/24 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1769 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Deireadh Fómhair 2021
lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh séaclaí móra dearga i bhfolimistéir gheografacha 9, 10 agus 11 den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) le haghaidh soithí áirithe a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu agus atá 18 méadar nó níos mó, agus níos lú ná 24 mhéadar, ar fad foriomlán
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle (2) deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021. |
|
(2) |
An uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhaineann leis an séacla mór dearg i bhfolimistéir gheografacha 9, 10 agus 11 den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) agus is infheidhme maidir le soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil, soithí atá 18 méadar nó níos mó, agus níos lú ná 24 mhéadar, ar fad foriomlán, meastar gur baineadh amach an uasiarracht iascaireachta incheadaithe sin le haghaidh 2021 de réir na faisnéise a fuair an Coimisiún. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stocghrúpa sin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú iarrachta
An uasiarracht iascaireachta incheadaithe a leithdháileadh ar an Iodáil le haghaidh stocghrúpa an tséacla mhóir dheirg i bhfolimistéir gheografacha 9, 10 agus 11 de GFCM le haghaidh 2021 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar í a bheith bainte amach ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
Maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh an stocghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 1, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil, soithí atá 18 méadar nó níos mó, agus níos lú ná 24 mhéadar, ar fad foriomlán, toirmeascfar iad ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn. Go sonrach, éisc ón stoc sin a ghabh na soithí sin, beidh toirmeasc ar iad a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 31, 29.1.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
16/TQ90 |
|
Ballstát |
An Iodáil |
|
Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta |
EFF2/MED2_TR3 |
|
Stocghrúpa |
An séacla mór dearg in FLGanna 9, 10 agus 11 |
|
Fad foriomlán na soithí lena mbaineann |
≥ 18 m agus < 24 m |
|
Dáta deiridh |
15.8.2021 |
|
8.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 356/27 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1770 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Deireadh Fómhair 2021
lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh séaclaí móra dearga i bhfolimistéir gheografacha 9, 10 agus 11 den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) le haghaidh soithí áirithe a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu agus atá 12 mhéadar nó níos mó, agus níos lú ná 18 méadar, ar fad foriomlán
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle (2) deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021. |
|
(2) |
An uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhaineann leis an séacla mór dearg i bhfolimistéir gheografacha 9, 10 agus 11 den Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) agus is infheidhme maidir le soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil, soithí atá 12 mhéadar nó níos mó, agus níos lú ná 18 méadar, ar fad foriomlán, meastar gur baineadh amach an uasiarracht iascaireachta incheadaithe sin le haghaidh 2021 de réir na faisnéise a fuair an Coimisiún. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stocghrúpa sin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú iarrachta
An uasiarracht iascaireachta incheadaithe a leithdháileadh ar an Iodáil le haghaidh stocghrúpa an tséacla mhóir dheirg i bhfolimistéir gheografacha 9, 10 agus 11 de GFCM le haghaidh 2021 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar í a bheith bainte amach ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
Maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh an stocghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 1, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann soithí a bhfuil bratach na hIodáile ar foluain acu nó atá cláraithe san Iodáil, soithí atá 12 mhéadar nó níos mó, agus níos lú ná 18 méadar, ar fad foriomlán, toirmeascfar iad ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn. Go sonrach, éisc ón stoc sin a ghabh na soithí sin, beidh toirmeasc ar iad a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 31, 29.1.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
15/TQ90 |
|
Ballstát |
An Iodáil |
|
Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta |
EFF2/MED2_TR2 |
|
Stocghrúpa |
An séacla mór dearg in FLGanna 9, 10 agus 11 |
|
Fad foriomlán na soithí lena mbaineann |
≥ 12 m agus < 18 m |
|
Dáta deiridh |
15.8.2021 |
|
8.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 356/30 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1771 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le duillí raidise
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Na táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch a bhfuil feidhm ag na huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí (“MRLanna”) arna leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 maidir leo, liostaítear iad in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin faoi réir fhorálacha an Rialacháin sin. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2018/62 ón gCoimisiún (2), tugadh isteach, inter alia, an tráchtearra “duillí raidise” i gCuid B d’Iarscríbhinn I, agus rinneadh an tráchtearra sin a nascadh leis an tráchtearra “cáil” i gCuid A den Iarscríbhinn sin. Dá dhroim sin, tá feidhm ag na MRLanna le haghaidh cál maidir le duillí raidise freisin. |
|
(3) |
Faoi mar a bhí an scéal tráth a glacadh Rialachán (AE) 2018/62, ní raibh sonraí ó thrialacha iarmhar ar fáil lena dheimhniú arbh iomchuí an t-aicmiú sin agus, mar sin, suíodh idirthréimhse le Rialachán (AE) 2018/1049 ón gCoimisiún (3). Chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit sonraí den sórt sin a ghiniúint, tugadh isteach fonóta a bhaineann leis an tráchtearra “duillí raidise”, fonóta lena ndíolmhaítear an tráchtearra sin ó chur i bhfeidhm an MRL le haghaidh “cál” go dtí an 31 Nollaig 2021. |
|
(4) |
Ós rud é gur chuir na Ballstáit a ghineann sonraí den sórt sin an Coimisiún ar an eolas le déanaí go bhfuil moill ar ghiniúint na sonraí, ba cheart síneadh a chur leis an idirthréimhse lena mbaineann go ceann 3 bliana eile ionas gur féidir bailchríoch a chur ar na trialacha agus ar an measúnú orthu. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart an fonóta lena mbaineann in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta (3):
|
“(3) |
Beidh feidhm ag MRLanna maidir le duillí raidise amhail ón 1 Eanáir 2025”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2018/62 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2018 lena ndéantar ionadú ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 18, 23.1.2018, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2018/1049 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2018 lena ndéantar ionadú ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 189, 26.7.2018, lch. 9).