ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 349

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
4 Deireadh Fómhair 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/1750 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/440 maidir le deiseanna iascaireachta a chionroinnt faoin gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó agus faoin bPrótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1751 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le formáidí agus teimpléid aonfhoirmeacha le haghaidh fógraí faoi chinneadh na dofheidhmitheachta a bhainfeadh le haitheantas conarthach na gcumhachtaí díluachála agus comhshó a áireamh ( 1 )

5

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1752 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ríomh, fíorú agus tuairisciú sonraí i ndáil le bailiú ar leithligh dramhbhuidéal dí plaisteach aon úsáide

19

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1753 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coibhéis na gceanglas maoirseachta agus rialála tríú tíortha áirithe agus tríú críocha áirithe chun críocha risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

31

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

4.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 349/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1750 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/440 maidir le deiseanna iascaireachta a chionroinnt faoin gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó agus faoin bPrótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/440 (1) maidir le deiseanna iascaireachta a chionroinnt faoin gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó (“an Comhaontú maidir le hIascaigh”).

(2)

An 4 Márta 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/441 (2) maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le hIascaigh agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis.

(3)

Le Rialachán (AE) 2019/440, déantar deiseanna iascaireachta a chionroinnt, inter alia i gcatagóir 6 (iascaireacht thionsclaíoch speiceas peiligeach), ar na Ballstáit, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe.

(4)

De bhun an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), ní Ballstát den Aontas í an Ríocht Aontaithe a thuilleadh ón 1 Feabhra 2020. Tháinig deireadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe i dteideal na deiseanna iascaireachta sin a úsáid a thuilleadh tar éis an dáta sin agus ba cheart iad a ath-chionroinnt ar na Ballstáit amhail ón 1 Eanáir 2021.

(5)

Ba cheart ath-chionroinnt na ndeiseanna iascaireachta a bheith trédhearcach agus comhréireach le cionroinnt bhunaidh na gcuótaí.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/440 a leasú dá réir sin.

(7)

Mar gheall ar an tionchar a bheidh aige ar ghníomhaíochtaí iascaireachta in 2021, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint, ós rud é nár bhain an Ríocht Aontaithe úsáid as na deiseanna iascaireachta lena mbaineann agus ós rud é go bhfuil méadú tagtha ar na deiseanna iascaireachta do na Ballstáit lena mbaineann.

(8)

Agus an phráinn a bhaineann le cur i bhfeidhm cúlghabhálach an Rialacháin seo á cur san áireamh, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 1, mír 1, de Rialachán (AE) 2019/440:

“1.   Na deiseanna iascaireachta a bhunaítear de bhun an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó (‘an Comhaontú maidir le hIascaigh’), déanfar iad a chionroinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

Catagóir iascaireachta

An cineál soithigh

Ballstát

Ceadúnais nó cuóta

1.

Iascaireacht ar mhionscála sa tuaisceart, speicis pheiligeacha

Báid saighne le holltonnáiste (GT) < 150 (GT)

An Spáinn

22

2.

Iascaireacht ar mhionscála sa tuaisceart

Báid spiléir grinnill < 40 GT

An Spáinn

25

An Phortaingéil

7

Báid spiléir grinnill ≥ 40 GT < 150 GT

An Phortaingéil

3

3.

Iascaireacht ar mhionscála sa deisceart

Cuaille agus dorú < 150 GT in aghaidh an tsoithigh

Iomlán ≤ 800 GT

An Spáinn

10

4.

Iascaireacht ghrinnill

Báid spiléir grinnill ≤ 150 GT

An Spáinn

7

An Phortaingéil

4

Trálaeir ≤ 750 GT

Iomlán ≤ 3 000 GT

An Spáinn

5

An Iodáil

0

5.

Iascaireacht tuinníní

Soithigh le cuaille agus dorú

An Spáinn

23

An Fhrainc

4

6.

Iascaireacht thionsclaíoch speiceas peiligeach

85 000 tona (t) in 2019

90 000 t in 2020

100 000 t sa bhliain in 2021 agus in 2022

Dáileadh soithí atá údaraithe chun iascaireachta:

 

10 soitheach ≥ 3 000 GT agus < 7 765 GT

 

4 shoitheach ≥ 150 GT agus < 3 000 GT

 

4 shoitheach < 150 GT

2019: 85 000 t

 

An Ghearmáin

6 871,2 t

An Liotuáin

21 986,3 t

An Laitvia

12 367,5 t

An Ísiltír

26 102,4 t

Éire

3 099,3 t

An Pholainn

4 807,8 t

An Ríocht Aontaithe

4 807,8 t

An Spáinn

496,2 t

An Phortaingéil

1 652,2 t

An Fhrainc

2 809,3 t

 

2020: 90 000 t

 

An Ghearmáin

7 275,4 t

An Liotuáin

23 279,6 t

An Laitvia

13 095,0 t

An Ísiltír

27 637,9 t

Éire

3 281,6 t

An Pholainn

5 090,6 t

An Ríocht Aontaithe

5 090,6 t

An Spáinn

525,4 t

An Phortaingéil

1 749,4 t

An Fhrainc

2 974,5 t

 

2021 agus 2022: 100 000 t sa bhliain

 

An Ghearmáin

8 568,4 t

An Liotuáin

27 417,0 t

An Laitvia

15 422,3 t

An Ísiltír

32 549,8 t

Éire

3 864,9 t

An Pholainn

5 995,4 t

An Spáinn

618,8 t

An Phortaingéil

2 060,3 t

An Fhrainc

3 503,1 t”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. KUSTEC


(1)  Rialachán (AE) 2019/440 ón gComhairle an 29 Samhain 2018 maidir le deiseanna iascaireachta a chionroinnt faoin gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó agus faoin bPrótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis. (IO L 77, 20.3.2019, lch. 1).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/441 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó, an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis, agus an Malartú Litreacha a ghabhann leis an gComhaontú. (IO L 77, 20.3.2019, lch. 4).

(3)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.


4.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 349/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1751 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Deireadh Fómhair 2021

lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le formáidí agus teimpléid aonfhoirmeacha le haghaidh fógraí faoi chinneadh na dofheidhmitheachta a bhainfeadh le haitheantas conarthach na gcumhachtaí díluachála agus comhshó a áireamh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 55(8), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Airteagal 55(1) de Threoir 2014/59/AE foráiltear go bhfuil na Ballstáit le ceangal ar institiúidí agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), pointe (c) agus pointe (d), den Treoir sin faoi choinníollacha áirithe téarma conarthach a áireamh lena n-aithneodh an contrapháirtí sa chomhaontú nó san ionstraim a chruthaíonn an dliteanas go bhféadfadh an dliteanas sin a bheith faoi réir na gcumhachtaí díluachála agus comhshó.

(2)

Le hAirteagal 55(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2014/59/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina dtagann institiúid nó eintiteas ar chinneadh go bhfuil sé dofheidhmitheach go dlíthiúil nó dofheidhmitheach ar bhealach eile téarma den sórt sin a áireamh (“cinneadh dofheidhmitheachta aitheantais chonarthaigh”), go bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas sin le fógra a thabhairt faoina chinneadh don údarás réitigh.

(3)

Tá an Coimisiún le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh chun formáidí agus teimpléid aonfhoirmeacha a shonrú le haghaidh an fhógra sin do na húdaráis réitigh.

(4)

Ba cheart formáidí agus teimpléid aonfhoirmeacha le haghaidh an fhógra faoi chinneadh dofheidhmitheachta aitheantais chonarthaigh a dhearadh ar bhealach a n-áiritheofaí leo measúnú a mbeadh brí leis agus a bheadh aonfhoirmeach ar an gcinneadh sin ag údaráis réitigh ar fud an Aontais.

(5)

Chun cáilíocht sonraí a fheabhsú agus chun inchomparáideacht a áirithiú, ba cheart do na míreanna sonraí a leagtar amach sna teimpléid fógartha an tsamhail pointe sonraí aonair a chomhlíonadh. Cleachtas forleathan i dtuairisciú maoirseachta is ea úsáid na samhla pointe sonraí aonair. Is éard is ceart a bheith sa tsamhail pointe sonraí aonair léiriú struchtúrtha na míreanna sonraí, agus ba cheart a shainaithint inti na coincheapa gnó uile le haghaidh fógra aonfhoirmeach faoi chinneadh dofheidhmitheachta aitheantais chonarthaigh.

(6)

Chun cáilíocht, comhsheasmhacht agus cruinneas na míreanna sonraí a thuairiscítear a áirithiú, ba cheart na míreanna sonraí a bheith faoi réir rialacha bailíochtúcháin coiteanna.

(7)

Mar gheall ar a gcineál, nuashonraítear rialacha bailíochtúcháin agus sainmhínithe pointe sonraí go rialta chun a áirithiú go gcomhlíonann siad, i gcónaí, na ceanglais rialúcháin, anailíse agus teicneolaíochta faisnéise is infheidhme. Ba cheart critéir cháilíochtúla dhiana a leagan síos le haghaidh na samhla pointe sonraí aonair agus na rialacha bailíochtúcháin coitianta mionsonraithe a fhoilseoidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach go leictreonach ar a shuíomh gréasáin.

(8)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach.

(9)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Faisnéis le soláthar i bhfógra faoi chinneadh dofheidhmitheachta

Chun fógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 55(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2014/59/AE, cuirfidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), pointe (c) nó pointe (d), den Treoir sin an fhaisnéis a shonraítear sna teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I faoi bhráid an údaráis réitigh. Líonfar isteach na teimpléid sin i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Formáid chun faisnéis a thíolacadh

1.   Tíolacfaidh na hinstitiúidí agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), pointe (c) nó pointe (d), de Threoir 2014/59/AE an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán sin sna formáidí malartaithe sonraí agus sna léirithe arna sonrú ag an údarás réitigh ábhartha.

2.   Agus an fhaisnéis á tíolacadh dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, urramóidh na hinstitiúidí agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), pointe (c) nó pointe (d), de Threoir 2014/59/AE na sainmhínithe maidir leis an bpointe sonraí a áirítear sa tsamhail pointe sonraí aonair dá dtagraítear in Iarscríbhinn III agus na rialacha bailíochtúcháin dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 173, 12.6.2014, lch. 190.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

N 00.01 – Aitheantas an fhógra

 

 

 

 

 

 

Colúin

Aitheantas

0010

Rónna

Uimhir aitheantais an fhógra

0010

 

An dáta a ndéantar an fógra

0020

 

An cineál fógra

0030

 

Dáta tagartha le haghaidh theimpléid N01.01 agus N01.02

0040

 

Dáta tagartha le haghaidh theimpléad N02.00

0050

 

An t-airgeadra is infheidhme

0060

 

Ainm na hinstitiúide nó an eintitis

0070

 

Cód

0080

 

An cineál cóid

0090

 

Teagmhálaí

0100

 

Ríomhphost

0110

 

Teileafón

0120

 

 

 

 

 

N 01.01 – Dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí de réir conartha/ionstraime

 

 

An cineál fógra

 

 

 


UIMHIR AITHEANTAIS AN DLITEANAIS

LEASÚ ÁBHARTHA?

AN DÁTA AIBÍOCHTA DEIRIDH

IN-ATHNUAITE?

MINICÍOCHT NA hATHNUACHANA

CONRADH/IONSTRAIM

DOFHEIDHMITHEACHT

CONTRAPHÁIRTÍ

TUAIRISC

AN CINEÁL DLITEANAIS

AN DLÍ RIALAITHE

RANGÚ DÓCHMHAINNEACHTA FAOI DHLÍ TRÍÚ TÍR

RANGÚ DÓCMHAINNEACHTA I mBALLSTÁT AN CHORPAITHE

AN MÉID AINMNIÚIL SA PHRÍOMHAIRGEADRA BUNAIDH

PRÍOMHAIRGEADRA BUNAIDH

AN MÉID AINMNIÚIL SAN AIRGEADRA ÁITIÚIL

COINNÍOLLACHA

CATAGÓIR

CÚISEANNA LEIS NA COINNÍOLLACHA A CHOMHLÍONADH

TUAIRIM DHLÍTHÚIL?

AINM

CÓD

AN CINEÁL CÓID

CÓD NÁISIÚNTA

0010

0020

0030

0040

0050

0060

0070

0080

0090

0100

0110

0120

0130

0140

0150

0160

0170

0180

0190

0200

0210

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

N 01.02 – Dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí de réir catagóire

 

 

 

 

 

CATAGÓIR

LUACH IOMLÁN NA nDLITEANAS SAN AIRGEADRA ÁITIÚIL SA CHATAGÓIR

CÚISEANNA LEIS NA CATAGÓIRÍ/NA COINNÍOLLACHA A CHOMHLÍONADH

RANGÚ DÓCMHAINNEACHTA

LÍON NA nDLITEANAS FOLUITEACH

0010

0020

0030

0040

0050

 

 

 

 

 

N 02.00 – Aicmí Dócmhainneachta Dliteanais

RANGÚ DÓCMHAINNEACHTA

 

 

MÉID AINMIÚIL IOMLÁN NA nDLITEANAS ATÁ FÓGARTHA FAOI LÁTHAIR DON ÚDARÁS RÉITIGH

MÉID GAN ÍOC IOMLÁN NA nDLITEANAS SA RANGÚ

 

 

AR A bhFUIL: DLITEANAIS FAOI RIALÚ DLÍ TRÍÚ TÍR

AR A bhFUIL: DLITEANAIS A EISIATAR ÓN TARRTHÁIL INMHEÁNACH

AR A bhFUIL: DLITEANAIS GAN AITHEANTAS CONARTHACH SAN ÁIREAMH

AR A bhFUIL: DLITEANAIS ATÁ FÓGARTHA FAOI LÁTHAIR DON ÚDARÁS RÉITIGH

0010

0020

0030

0040

0050

0060

0070

 

 

 

 

 

 

 


IARSCRÍBHINN II

Treoracha maidir leis an bhfógra faoi chinneadh dhofheidhmitheacht aitheantas conarthach na gcumhachtaí díluachála agus comhshó

CUID I: TREORACHA GINEARÁLTA

San Iarscríbhinn seo tugtar treoracha maidir le fógra a thabhairt ag institiúid nó ag eintiteas maidir le dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na gcumhachtaí díluachála agus comhshó.

D’fhéadfadh gach fógra tagairt do roinnt conarthaí/ionstraimí agus/nó roinnt catagóirí dliteanas (más infheidhme) a chomhlíonann coinníollacha dhofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí, mar a leagtar síos in Airteagal 55(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2014/59/AE.

Is féidir le hinstitiúid nó le heintiteas doiciméadacht tacaíochta bhreise a sholáthar, lena n-áirítear tuairim dhlíthiúil nó cóip den chonradh, i gcás ina meastar gurb iomchuí sin. Is é an t-údarás réitigh ábhartha a chinnfidh an chaoi a soláthrófar an doiciméadacht bhreise sin.

I gcás nach bhfuil réimse faisnéise a liostaítear san Iarscríbhinn seo infheidhme maidir le cineál áirithe conartha agus ina léiríonn an institiúid nó an t-eintiteas é sin don údarás réitigh, ní gá don institiúid nó don eintiteas an fhaisnéis a liostaítear sa réimse sin a sholáthar.

1.   Struchtúr an fhógra

Soláthrófar an fhaisnéis san fhógra trí na teimpléid seo a leanas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a úsáid:

(a)

“Aitheantas an Fhógra” (N00.01), atá le húsáid agus faisnéis á soláthar chun an fógra féin agus an institiúid nó an t-eintiteas a thugann fógra don údarás réitigh a shainaithint;

(b)

“Dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí de réir conartha/ionstraime” (N01.01), a úsáidtear chun faisnéis a sholáthar faoi dhliteanais a chomhlíonann na coinníollacha maidir le dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí, mar a leagtar síos in Airteagal 55(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2014/59/AE;

(c)

“Dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí de réir catagóire” (N01.02), a úsáidtear chun faisnéis a sholáthar faoi chatagóirí dliteanas a chomhlíonann na coinníollacha maidir le dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí, má mheasann an t-údarás réitigh ábhartha gur gá na catagóirí dliteanas a shonrú dá bhforáiltear in Airteagal 55(7) de Threoir 2014/59/AE;

(d)

“Aicmí dócmhainneachta dliteanais” (N02.00), atá le húsáid chun faisnéis a sholáthar faoi rangú dliteanas de réir an dlí dócmhainneachta náisiúnta chun críocha Airteagal 55(2), an cúigiú fomhír, de Threoir 2014/59/AE.

2.   Raon feidhme an chomhdhlúthaithe

Seolfaidh institiúidí agus eintitis an fógra ar bhonn aonair.

CUID II: TREORACHA SONRACHA DE RÉIR AN TEIMPLÉID

3.   N00.01 – Aitheantas an fhógra

3.1   Treoracha a bhaineann le rónna sonracha

Rónna

Treoracha

0010

Uimhir aitheantais an fhógra

Beidh uimhir aitheantais uathúil ag gach fógra a sholáthróidh an institiúid nó an t-eintiteas a thugann fógra.

Is de réir an fhógra atá uimhir aitheantais an fhógra [tíolacadh], ní de réir dliteanais ná de réir catagóire. San fhógra is féidir aon líon dliteanas nó catagóirí mar is ábhartha tráth an fhógra a áireamh.

Soláthróidh an institiúid nó an t-eintiteas uimhir aitheantais an fhógra, a bheidh uathúil i gcás gach fógra.

0020

An dáta a ndéantar an fógra

Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl an dáta a seoltar an fógra chuig an údarás réitigh.

0030

An cineál fógra  (1)

Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl cineál na n-earraí atá á bhfógairt sa tíolacadh lena mbaineann, mar a leanas:

(a)

conarthaí/ionstraimí amháin (níl ach teimpléad N01.01 le húsáid);

(b)

catagóirí dliteanas amháin (níl ach teimpléad N01.02 le húsáid);

(c)

conarthaí/ionstraimí araon agus catagóirí dliteanas (tá teimpléid N01.01 agus N01.02 araon le húsáid le haghaidh an fhógra chéanna).

0040

Dáta tagartha le haghaidh theimpléid N01.01 agus N01.02

Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl an dáta tagartha le haghaidh na faisnéise i bhfógraí theimpléad N01.01 agus theimpléad N01.02.

0050

Dáta tagartha le haghaidh theimpléad N02.00

Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl an dáta tagartha le haghaidh na faisnéise in iúl i dteimpléad N02.00.

0060

An t-airgeadra is infheidhme

Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl an t-airgeadra tagartha le haghaidh na méideanna i dteimpléad N01.01, colún 0130; teimpléad N01.02, colún 0020; agus teimpléad N02.00.

Tagraíonn an luach sin d’airgeadra oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil an institiúid a thugann fógra corpraithe. Beidh an luach i gcomhréir leis an gcód aibítreach ISO 4217.

0070

Ainm na hinstitiúide nó an eintitis

Ainm na hinstitiúide nó an eintitis a thugann an fógra.

0080

Cód

Cód na hinstitiúide nó an eintitis a thugann an fógra. I dtaca le hinstitiúidí, is é an cód Aitheantóra Eintitis Dhlítheanaigh alfa-uimhriúil (LEI), ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear. I dtaca le heintitis eile, is é an cód alfa-uimhriúil LEI ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear, nó, mura bhfuil sin ar fáil, cód faoi chódú aonfhoirmeach atá infheidhme san Aontas, nó, mura bhfuil sin ar fáil, cód náisiúnta.

Beidh an cód comhsheasmhach leis an gcód arna thuairisciú le haghaidh na hinstitiúide céanna faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún (2). Beidh luach ag réimse an chóid i gcónaí.

0090

An cineál cóid

Sonróidh an institiúid nó an t-eintiteas an cineál cóid a chuirtear in iúl i gcolún 0080 mar “cód LEI” nó “cód neamh-LEI”. Beidh ceann amháin den dá luach ag an gcineál cóid i gcónaí.

0100

Teagmhálaí

Cuirfidh institiúidí agus eintitis ainm an duine a bhfuil teagmháil le déanamh leis in iúl má theastaíonn soiléiriú ón údarás réitigh maidir leis an bhfógra.

0110

Ríomhphost

Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl ríomhphost an duine dá dtagraítear i ró 0100, “Duine teagmhála”.

0120

Teileafón

Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl uimhir theileafóin an duine dá dtagraítear i ró 0100, “Duine teagmhála”.

4.   N01.01 – Dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí de réir conartha/ionstraime

4.1   Barúlacha ginearálta

Úsáidfear teimpléad N01.01 le haghaidh tíolacthaí maidir le fógraí conarthaí ar bhonn aonair. Le Teimpléad N01.01 is féidir conarthaí iomadúla a bheith san áireamh san fhógra céanna i dtíolacadh. Úsáidfear an teimpléad seo chun na nithe seo a leanas a fhógairt:

(a)

conarthaí/ionstraimí lena gcruthaítear dliteanais nua: conarthaí/ionstraimí nár fógraíodh don údarás réitigh roimhe sin;

(b)

conarthaí/ionstraimí lena leasaítear dliteanais atá ann cheana: más rud é gur fógraíodh an conradh nó an ionstraim maidir leis an dliteanas atá ann cheana don údarás réitigh roimhe sin agus gur measadh gur chomhlíon an conradh nó an ionstraim sin coinníoll maidir le dofheidhmitheacht, beidh an uimhir aitheantais dhliteanais chéanna (colún 0010) ag na conarthaí nó na hionstraimí leasaithe mar a fógraíodh roimhe sin, agus ní líonfar isteach na colúin a bheidh fágtha ach amháin má bhíonn na colúin sin faoi réir athruithe. Go háirithe, colún 0020, “Leasú ábhartha?” líonfar isteach é, más ábhartha, i gcás conarthaí lena leasaítear dliteanais atá ann cheana amháin;

(c)

míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe: soláthróidh institiúidí agus eintitis rangú dócmhainneachta an dliteanais a bheadh ann ar ghníomhú na míre lasmuigh den chlár comhardaithe.

Mura bhfuil sonraí ar fáil nó mura bhfuil siad infheidhme, ní líonfaidh institiúidí agus eintitis na colúin seo a leanas isteach: 0020, 0030, 0050, 0090, 0130, 0150 agus 0210.

4.2   Treoracha a bhaineann le colúin shonracha

Colúin

Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

0010

UIMHIR AITHEANTAIS AN DLITEANAIS

Is aitheantóir uathúil arna ghiniúint ag an institiúid nó an t-eintiteas a thugann fógra atá in uimhir aitheantais an dliteanais a úsáidfear sna fógraí uile chun gach dliteanas a shainaithint. Féadfaidh an institiúid nó an t-eintiteas cód inmheánach an dliteanais a úsáid.

0020

LEASÚ ÁBHARTHA?

Níl an réimse seo le líonadh isteach ach amháin i gcás conarthaí/ionstraimí lena leasaítear dliteanais atá ann cheana. Cuirfidh an institiúid nó an t-eintiteas a thabharfaidh an fógra é in iúl má mheastar go bhfuil na leasuithe ar an dliteanas atá ann cheana ábhartha.

Úsáidfidh institiúidí ceann de na luachanna seo a leanas:

Níl

0030

AN DÁTA AIBÍOCHTA DEIRIDH

An dáta ar mór príomhshuim uile agus ús uile an dliteanais a bheith aisíoctha (bunaithe ar dhoiciméadacht chonarthach an idirbhirt).

Soláthrófar lá, mí agus bliain an dáta aibíochta deiridh. Soláthrófar an lá áirithe i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil, seachas sin is é an chéad lá den mhí a úsáidfear.

0040

IN-ATHNUAITE?

Úsáidfidh institiúidí ceann de na luachanna seo a leanas:

Níl

Líonfar an colún seo isteach le “Tá” má áirítear sa chonradh foráil shainráite maidir lena in-athnuaiteacht.

0050

MINICÍOCHT NA hATHNUACHANA

Má líontar isteach colún 0040 le “Tá”, sonróidh institiúidí agus eintitis minicíocht na hathnuachana aibíochta i míonna.

0060–0130

CONRADH/IONSTRAIM

0060

TUAIRISC

Soláthróidh institiúidí agus eintitis tuairisc ar chonradh/ar ionstraim nach mó ná 300 carachtar. Beidh príomh-shaintréithe an chonartha/na hionstraime nach bhfuil faoi scáth réimsí eile an fhógra seo (amhail an cúis leis an dliteanas/bunús an dliteanais, cé acu is féidir nó nach féidir an ionstraim a tharrtháil go hinmheánach faoin dlí tríú tír rialaithe).

0070

AN CINEÁL DLITEANAIS

Sainaithneoidh institiúidí agus eintitis an conradh/an ionstraim mar cheann de na cineálacha seo a leanas:

(a)

taiscí idirbhainc

(b)

éarlais le cliaint neamh-bhaincéireachta

(c)

díorthaigh

(d)

iasacht/cistiú

(e)

creidmheas trádála

(f)

seirbhísí oibríochtúla nach bhfuil criticiúil le haghaidh fheidhmiú an eintitis

(g)

eile

Más infheidhme níos mó ná cineál amháin, roghnófar an ceann arb é an tuairisc is fearr ar chuspóir an chonartha /na hionstraime é.

0080

AN DLÍ RIALAITHE

Soláthróidh institiúidí agus eintitis ISO 3166-1 cód aibítreach trí litir na tíre a rialaítear an conradh/ionstraim lena dlí.

0090

RANGÚ DÓCHMHAINNEACHTA FAOI DHLÍ TRÍÚ TÍR

Líonfaidh institiúidí agus eintitis an luach a chomhfhreagraíonn do rangú an dliteanais ar scála ó 1 go x, inarb é 1 an aicme is fo-ordaithe agus x an aicme is sinsearaí, mar a shainmhínítear sa dlí tríú tír rialaithe ábhartha is infheidhme.

Déanfaidh an institiúid iarracht an rangú sin a fháil ón údarás réitigh tríú tír ábhartha nó, mura bhfuil ann do rangú oifigiúil den sórt sin, cinnfidh an institiúid í féin an luach (ar scála ó 1 go x) bunaithe ar an rangú dliteanais de réir dlí an tríú tír ábhartha.

0100

RANGÚ DÓCMHAINNEACHTA I mBALLSTÁT AN CHORPAITHE

Líonfaidh institiúidí agus eintitis an luach a chomhfhreagraíonn do rangú an dliteanais ar scála ó 1 go x, inarb é 1 an aicme is fo-ordaithe agus x an aicme is sinsearaí, mar a shainmhínítear sa dlí ábhartha is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas a thugann fógra corpraithe.

0110

AN MÉID AINMNIÚIL SA PHRÍOMHAIRGEADRA BUNAIDH

Soláthróidh institiúidí agus eintitis méid ainmniúil an dliteanais mar a leagtar síos sa chonradh/san ionstraim.

I gcás creat-chomhaontuithe, ba cheart don institiúid nó don eintiteas an t-uasmhéid a mheasann an institiúid nó an t-eintiteas a bhainfear amach faoin gcreat-chomhaontú sin nó an t-uasmhéid a cheadaítear faoin gcreat-chomhaontú a chur in iúl.

Má tá níos mó ná airgeadra amháin ag an gconradh/ag an ionstraim, tuairisceoidh institiúidí agus eintitis an méid ainmniúil san airgeadra atá i réim sa chonradh.

0120

PRÍOMHAIRGEADRA BUNAIDH

Sannfaidh institiúidí agus eintitis cód airgeadra ISO a chomhfhreagróidh d’ainmníocht an dliteanais faoin gconradh. Úsáidfear an cód aonaid airgeadra trí litir de réir ISO 4217.

Má tá níos mó ná airgeadra amháin ag an gconradh, tuairisceoidh institiúidí agus eintitis an t-airgeadra atá i réim sa chonradh.

0130

AN MÉID AINMNIÚIL SAN AIRGEADRA ÁITIÚIL

Líonfaidh institiúidí agus eintitis an colún seo isteach murab ionann an t-airgeadra a úsáidtear i gcolún 0110 agus an t-airgeadra áitiúil san áit a bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas corpraithe. Úsáidfidh institiúidí agus eintitis an ráta malairte eachtraí is infheidhme ar dháta an fhógra.

0140-0190

DOFHEIDHMITHEACHT

0140

COINNÍOLLACHA

Sainaithneoidh institiúidí agus eintitis an coinníoll/na coinníollacha faoina measann siad go bhfuil sé dofheidhmitheach go dlíthiúil nó dofheidhmitheach ar bhealach eile an téarma conarthach a áireamh, mar a shonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1527 ón gCoimisiún (3).

Soláthróidh institiúidí agus eintitis teaglaim de na coinníollacha is infheidhme (is féidir leo ceann amháin a shainaithint nó suas leis na cúig cinn uile a shainaithint):

(a)

Coinníoll (a) – bheadh cuimsiú an téarma chonarthaigh ina shárú ar dhlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an tríú tír lena rialaítear an dliteanas;

(b)

Coinníoll (b) – bheadh cuimsiú an téarma chonarthaigh contrártha do threoir shainráite agus cheangailteach ó údarás tríú tír;

(c)

Coinníoll (c) – eascraíonn an dliteanas as ionstraimí nó comhaontuithe a thugtar i gcrích i gcomhréir le téarmaí nó prótacail chaighdeánaithe idirnáisiúnta nach bhfuil an institiúid ná an t-eintiteas in ann iad a leasú;

(d)

Coinníoll (d) – tá an dliteanas á rialú ag téarmaí conarthacha nach mór don institiúid nó don eintiteas glacadh leo sular féidir leo a bheith rannpháirteach i gcomhlacht nach bhfuil san Aontas nó seirbhísí comhlachta nach bhfuil san Aontas a úsáid, agus nach bhfuil an institiúid ná an t-eintiteas in ann a leasú;

(e)

Coinníoll (e) – tá an dliteanas dlite do chreidiúnaí tráchtála nó trádála agus baineann sé le soláthar earraí nó seirbhísí nach bhfuil criticiúil, ach a úsáidtear le haghaidh fheidhmiú oibríochtúil laethúil na hinstitiúide nó an eintitis agus níl an institiúid ná an t-eintiteas in ann téarmaí an chomhaontaithe a leasú.

Fógrófar na coinníollacha uile is infheidhme.

0150

CATAGÓIR

Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl catagóirí na ndliteanas a shonraíonn an t-údarás réitigh ábhartha faoi Airteagal 55(7) de Threoir 2014/59/AE, más infheidhme.

0160

CÚISEANNA LEIS NA COINNÍOLLACHA A CHOMHLÍONADH

Tabharfaidh institiúidí agus eintitis tuairisc shoiléir maidir lena gcúiseanna le dofheidhmitheacht a eascraíonn as na coinníollacha a thuairiscítear i gcolún 0140 a chinneadh.

Tá an fhaisnéis a iontráiltear sa réimse seo ábhartha chun a chinneadh an gcomhlíonann an conradh fógartha/an ionstraim fhógartha na coinníollacha dofheidhmitheachta agus dá bhrí sin beidh sí mar bhunús le haghaidh mheasúnú an údaráis réitigh ar chinneadh na hinstitiúide.

Seachnóidh institiúidí agus eintitis réasúnuithe atá ró-ghearr amhail “Ní féidir an táirge a úsáid” nó “Caillteanas iomaíochais” agus cuirfidh siad réasúnuithe níos doimhne i láthair chun a chur ar chumas an údaráis réitigh cinneadh eolasach a dhéanamh.

0170

TUAIRIM DHLÍTHÚIL?

Cuirfidh institiúidí agus eintitis an t-údarás réitigh ar an eolas faoi má tá tuairim dhlíthiúil ann maidir le dofheidhmitheacht fhógartha an dliteanais sin.

Cuirfidh institiúidí in iúl ceann de na nithe seo a leanas:

Níl

Má chuireann institiúidí nó eintitis “Tá” in iúl, tarchuirfidh siad an tuairim dhlíthiúil chuig an údarás réitigh trí mhodh arna shonrú ag an údarás réitigh.

0180-0210

CONTRAPHÁIRTÍ

Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl aitheantas chontrapháirtí an dliteanais sin.

0180

AINM

Is é an t-ainm a chuirfear in iúl ainm an chontrapháirtí aonair.

I gcás conarthaí ilpháirtí, cuirfidh an institiúid an príomh-chontrapháirtí in iúl nó úsáidfidh sí an luach “conradh ilpháirtí”.

0190

CÓD

Ní mór an cód atá ina chuid d’aitheantóir ró a bheith uathúil i gcás gach eintitis ar tugadh fógra dó. I gcás institiúidí, is é an cód LEI a bheidh sa chód. I gcás eintitis eile, is é an cód LEI a bheidh sa chód, nó mura bhfuil sé ar fáil, cód náisiúnta. Beidh an cód uathúil agus úsáidfear é go comhsheasmhach ar fud na dteimpléad agus thar am. Beidh luach ag réimse an chóid i gcónaí.

0200

AN CINEÁL CÓID

Sainaithneoidh na hinstitiúidí nó na heintitis an cineál cóid a líontar isteach i gcolún 0190 mar “cód LEI” nó mar “Cód náisiúnta”.

0210

CÓD NÁISIÚNTA

Féadfaidh institiúidí nó eintitis cód náisiúnta a sholáthar chomh maith má úsáideann siad an cód LEI mar an t-aitheantóir i gcolún 0190 “Cód”.

5.   N01.02 – Dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí de réir catagóire

5.1   Barúlacha ginearálta

Úsáidfear teimpléad N01.02 le haghaidh tíolacthaí a bhaineann le fógra chatagóirí na ndliteanas nuair a mheasann an t-údarás réitigh, i gcomhréir le hAirteagal 55(7) de Threoir 2014/59/AE, gur gá catagóirí na ndliteanas a shonrú ar féidir teacht ar chinneadh dofheidhmitheachta ina leith, lena n-áirítear an téarma aitheantais conartha.

5.2   Treoracha a bhaineann le colúin shonracha

Colúin

Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

0010

CATAGÓIR

Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl catagóir na ndliteanas, mar a shonraíonn an t-údarás réitigh ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 55(7) de Threoir 2014/59/AE, a dtíolacfaidh siad fógra ina leith.

Is féidir a áireamh i bhfógra a úsáideann teimpléad N01.02 an oiread catagóirí dliteanas is gá.

0020

LUACH IOMLÁN NA nDLITEANAS SAN AIRGEADRA ÁITIÚIL SA CHATAGÓIR

Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl méid iomlán na ndliteanas a bhfuil coinne leis i gcás gach ceann de na catagóirí a chuirtear in iúl i gcolún 0010.

Is éard a bheidh sa mhéid uasmhéid measta atá le baint amach faoin gcatagóir sonraithe ar feadh tréimhse 6 mhí ó dháta an fhógra.

Sloinnfear an méid in airgeadra an Bhallstáit ina bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas corpraithe.

Má chinneann an institiúid nó an t-eintiteas go bhfuil méadú 10 % den mhéid a fógraíodh nó níos mó tagtha ar luach na ndliteanas sa chatagóir le linn na tréimhse 6 mhí tar éis an fhógra, cuirfidh an institiúid nó an t-eintiteas fógra eile faoi bhráid an údaráis réitigh.

0030

CÚISEANNA LEIS NA CATAGÓIRÍ/NA COINNÍOLLACHA A CHOMHLÍONADH

Míneoidh institiúidí agus eintitis an chúis ar tugadh fógra i leith chatagóir na ndliteanas.

Beidh an réasúnaíocht mar bhunús le haghaidh an údaráis réitigh chun measúnú a dhéanamh ar an bhfógra dofheidhmitheachta.

0040

RANGÚ DÓCMHAINNEACHTA

Líonfaidh institiúidí agus eintitis isteach na luachanna a chomhfhreagraíonn do rangú na ndliteanas i ngach catagóir i gcolún 0010, ar scála ó 1 go x, inarb é 1 an aicme is fo-ordaithe agus x an aicme is sinsearaí, mar a shainmhínítear sa dlí ábhartha is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas a thugann fógra corpraithe.

0050

LÍON NA nDLITEANAS FOLUITEACH

Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl uaslíon measta na gconarthaí/na n-ionstraimí atá le sealbhú faoi chatagóir na ndliteanas lena mbaineann ar feadh tréimhse 6 mhí ó dháta an fhógra.

6.   N02.00 – Aicmí dócmhainneachta dliteanais

6.1   Barúlacha ginearálta

Líonfaidh institiúidí nó eintitis teimpléad N02.00 isteach agus tagairt á déanamh do ráithe dheireanach a bhfuil sonraí ar fáil ina leith (4), seachas le haghaidh na luachanna i gcolún 0070.

Trí réamhshocrú, méideanna gan íoc a bheidh sna méideanna a fhógrófar sa teimpléad seo, seachas i gcás cholún 0070. Is éard atá i méid gan íoc éilimh nó ionstraim suim phríomh-mhéid an éilimh nó na hionstraime agus an úis fhabhraithe ar an éileamh nó ar an ionstraim. Tá an méid gan íoc dlite cothrom le luach an éilimh a d’fhéadfadh an creidiúnaí a chomhdú faoi imeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart go léireofaí i gcolún 0070 an méid iomlán a fhógraítear i dteimpléid N01.01 agus N01.02 agus dá bhrí sin, is éard is ceart a bheith iontu an t-uasluach a mheastar a bhainfear amach faoi na conarthaí/ionstraimí atá fógartha faoi láthair agus/nó catagóirí.

I gcás míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe, soláthróidh institiúidí agus eintitis rangú dócmhainneachta an dliteanais a bheadh ann ar ghníomhú na míre lasmuigh den chlár comhardaithe sin.

Soláthrófar na luachanna uile sa teimpléad seo in airgeadra áitiúil an Bhallstáit ina bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas corpraithe.

6.2   Treoracha a bhaineann le colúin shonracha

Colúin

Tagairtí dlíthiúla agus treoracha

0010

RANGÚ DÓCMHAINNEACHTA

Líonfaidh an institiúid nó an t-eintiteas isteach an luach a chomhfhreagraíonn do rangú an dliteanais ar scála ó 1 go x, inarb é 1 an aicme is fo-ordaithe agus x an aicme is sinsearaí, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas corpraithe.

Áireofar i dteimpléad N02.00 líne le haghaidh gach rangaithe dócmhainneachta a chuirtear in iúl i dteimpléad N01.01, colún 0100, agus i dteimpléad N01.02, colún 0040.

0020

MÉID GAN ÍOC IOMLÁN NA nDLITEANAS SA RANGÚ

Méid iomlán gan íoc na ndliteanas uile le haghaidh an rangaithe dócmhainneachta a sholáthraítear i gcolún 0010.

0030

AR A BHFUIL: DLITEANAIS FAOI RIALÚ DLÍ TRÍÚ TÍR

Sa cholún seo áireofar méid gan íoc na ndliteanas faoi rialú dlí tríú tír.

0040

AR A BHFUIL: DLITEANAIS GAN AITHEANTAS CONARTHACH SAN ÁIREAMH

Sa cholún seo áireofar méid gan íoc na ndliteanas uile atá faoi rialú dlí tríú tír nach n-áirítear leo aitheantas conarthach an chlásail tarrthála inmhéanaí mar a cheanglaítear le hAirteagal 55(1) de Threoir 2014/59/AE. Is éard a bheidh sa luach an méid gan íoc.

Ríomhtar an luach mar shuim na ndliteanas uile a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil na dliteanais ann fós;

(b)

go bhfuil na dliteanais faoi rialú dlí tríú tír;

(c)

nach n-áirítear leis na dliteanais téarma an aitheantais chonarthaigh mar a cheanglaítear le hAirteagal 55(1) de Threoir 2014/59/AE;

(d)

nach n-eisiatar na dliteanais ón tarrtháil inmheánach;

(e)

nach éarlais atá i ndliteanais dá dtagraítear in Airteagal 108, pointe (a), de Threoir 2014/59/AE.

0050

AR A BHFUIL: DLITEANAIS ATÁ FÓGARTHA FAOI LÁTHAIR DON ÚDARÁS RÉITIGH

Áireofar sa cholún seo méideanna gan íoc na ndliteanas uile agus/nó na ndliteanas a fógraíodh i dteimpléid N01.01 agus N01.02 den fhógra seo.

0060

AR A BHFUIL: DLITEANAIS A EISIATAR ÓN TARRTHÁIL INMHEÁNACH

Sa cholún seo áireofar dliteanais a eisiatar ó chur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí i gcomhréir le hAirteagal 44(2) de Threoir 2014/59/AE nó a thagann faoi aon choinníoll in Airteagal 44(3) den Treoir sin.

0070

MÉID AINMIÚIL IOMLÁN NA nDLITEANAS ATÁ FÓGARTHA FAOI LÁTHAIR DON ÚDARÁS RÉITIGH

Sa cholún seo léireofar iomlán (suim) mhéideanna ainmniúla agus/nó uasmhéideanna na ndliteanas agus/nó na gcatagóirí dliteanas a bhfuil coinne leo a fhógraítear i dteimpléid N01.01 agus N01.02 den fhógra seo.


(1)  Tá teimpléad N02.00 le tíolacadh i ngach cás a thuairiscítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha agus teimpléid chaighdeánacha le haghaidh soláthar faisnéise chun críocha pleananna réitigh le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1066 ón gCoimisiún (IO L 277, 7.11.2018, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1527 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh aitheantas conarthach ar chumhachtaí díluachála agus comhshó (IO L 329, 17.9.2021, lch. 2).

(4)  Beidh an ráithe dheiridh a bhfuil sonraí ar fáil ina leith i gcomhréir leis na dátaí íocaíochta le haghaidh tuairisciú ráithiúil: An 12 Bealtaine (le haghaidh an dáta tagartha an 31 Márta), an 11 Lúnasa (le haghaidh an dáta tagartha an 30 Meitheamh), an 11 Samhain (le haghaidh an dáta tagartha an 30 Meán Fómhair) agus 11 Feabhra (le haghaidh an dáta tagartha 31 Nollaig).


IARSCRÍBHINN III

Samhail pointe sonraí aonair

Na míreanna sonraí ar fad a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar samhail pointe sonraí aonair díobh, ar bunús í le haghaidh chórais aonfhoirmeacha TF na n-institiúidí agus na n-údarás réitigh.

Comhlíonfaidh an tsamhail pointe sonraí aonair na critéir seo a leanas:

(a)

soláthróidh sí léiriú struchtúrtha ar na míreanna sonraí ar fad a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

sainaithneoidh sí na coincheapa gnó uile a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c)

soláthróidh sí foclóir sonraí lena sainaithneofar lipéid táblaí, lipéid ordanáidí, lipéid aise, lipéid fearann, lipéid toisí agus lipéid bhall;

(d)

soláthróidh sí méadrachtaí lena saineofar an mhaoin nó líon na bpointí sonraí;

(e)

soláthróidh sí sainmhínithe ar phointe sonraí a shloinnfear mar chomhdhéanamh de na saintréithe lena sainaithneofar an coincheap airgeadais gan aon débhrí;

(f)

beidh na sonraíochtaí teicniúla ábhartha uile is gá inti chun réitigh tuairiscithe TF a fhorbairt lena soláthrófar sonraí réitigh aonfhoirmeacha.


IARSCRÍBHINN IV

Rialacha bailíochtúcháin

Na míreanna sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I, beidh siad faoi réir rialacha bailíochtúcháin lena n-áiritheofar cáilíocht agus comhsheasmhacht sonraí. Leis na rialacha bailíochtúcháin, comhlíonfar na critéir seo a leanas:

(a)

saineofar na caidrimh loighciúla idir pointí sonraí ábhartha;

(b)

áireofar scagairí agus réamhchoinníollacha lena saineofar tacar sonraí a mbeidh feidhm ag riail bhailíochtúcháin maidir leis;

(c)

seiceálfar comhsheasmhacht na sonraí tarchurtha;

(d)

seiceálfar cruinneas na sonraí tarchurtha;

(e)

leagfar síos luachanna réamhshocraithe a chuirfear i bhfeidhm i gcás nár tarchuireadh an fhaisnéis ábhartha.


CINNTÍ

4.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 349/19


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1752 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Deireadh Fómhair 2021

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ríomh, fíorú agus tuairisciú sonraí i ndáil le bailiú ar leithligh dramhbhuidéal dí plaisteach aon úsáide

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (1), agus go háirithe Airteagal 9(3) agus Airteagal 13(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2019/904 leagtar síos spriocanna i dtaca le bailiú ar leithligh le haghaidh athchúrsála a dhéanamh ar dhramhbhuidéil dí phlaisteacha aon úsáide a liostaítear i bPáirt F den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin (“dramhbhuidéil aon úsáide”). De bhun Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2019/904, is é an sprioc atá ann le haghaidh 2025 77 % de réir meáchain de na buidéil aon úsáide uile den chineál sin a chuirtear ar an margadh agus is é 90 % an sprioc le haghaidh 2029. Tá an Coimisiún le modheolaíocht a leagan síos i dtaca le ríomh agus fíorú na spriocanna bailiúcháin ar leithligh sin agus i dtaca leis an bhformáid nach mór do na Ballstáit a úsáid chun sonraí a thuairisciú maidir le dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh gach bliain.

(2)

Chun inchomparáideacht sonraí a áirithiú, is gá rialacha mionsonraithe a leagan amach maidir leis na pointí ina dtomhaistear meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh. Ba cheart a chur san áireamh sna rialacha sin na cleachtais bailithe ar leithligh atá ann cheana agus an méid d’ábhar agus de shubstaintí eile, de bhreis ar na buidéil sin, atá sa dramhaíl a bhailítear.

(3)

Chun inchomparáideacht na sonraí atá le tuairisciú a áirithiú, is gá rialacha mionsonraithe a chur ar fáil maidir le conas an dá mhodh mhalartacha a chur i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2019/904, lena ndéantar amach an méid de na buidéil aon úsáide sin a chuirtear ar an margadh.

(4)

Chun cruinneas na sonraí maidir le meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bhailítear a áirithiú, ba cheart a áirithiú leis an bhformáid tuairiscithe go sainaithnítear gach paraiméadar atá ábhartha chun an méid de dhramhbhuidéil aon úsáide a bhailítear ar leithligh a ríomh agus go gcuirtear ar fáil tuairisc ar na modheolaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm chun na sonraí i gcás na bparaiméadar sin a ríomh agus a fhíorú.

(5)

Cé go n-éilítear faoin oibleagáid maidir le dramhaíl a bhailiú ar leithligh go ndéanfaí dramhaíl a choinneáil ar leithligh de réir cineáil, ba cheart é a bheith indéanta cineálacha áirithe dramhaíola a bhailiú le chéile ar choinníoll nach gcuirfeadh sin bac ar athchúrsáil ar ardcháilíocht i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus pointe (a) d’Airteagal 10(3) de Threoir 2008/98/CE.

(6)

An mhodheolaíocht lena ríomhtar agus lena bhfíoraítear na spriocanna bailithe ar leithligh le haghaidh dramhbhuidéil aon úsáide dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Threoir (AE) 2019/904, tá dlúthbhaint aici leis an bhformáid le haghaidh tuairisciú ar bhailiú ar leithligh den sórt sin dá dtagraítear in Airteagal 13(4) den Treoir sin i bhfianaise ábhar na mbeart sin agus an chomhthéacs ina bhfuil siad le cur i bhfeidhm. Is iomchuí, dá bhrí sin, an gníomh seo a ghlacadh ar bhonn an dá fhoráil sin chun comhleanúnachas a áirithiú idir na rialacha maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú i ndáil le bailiú ar leithligh dramhbhuidéal aon úsáide agus rochtain ar na rialacha sin a éascú.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú de bhun Airteagal 39 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Modheolaíocht lena ríomhfar agus lena dtuairisceofar an méid de dhramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh

1.   An méid a bailíodh ar leithligh de dhramhbhuidéil dí phlaisteacha aon úsáide a liostaítear i bPáirt F den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 (“dramhbhuidéil aon úsáide”), déanfar é sin a ríomh trí mheáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh a roinnt ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide den chineál sin a cuireadh ar an margadh (“buidéil aon úsáide a chuirtear ar an margadh”). Is ina chéatadán a shloinnfear an cóimheas a gheofar leis an ríomh sin.

2.   Chun an méid de dhramhbhuidéil phlaisteacha aon úsáide a bhailítear ar leithligh a ríomh, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na foirmlí a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Modheolaíocht lena gcinntear meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bhailítear ar leithligh

1.   Áireofar meáchan chaipíní agus chláir na mbuidéal mar chuid de mheáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide.

2.   Ní áireofar meáchan aon dí a bheadh fágtha sa bhuidéal mar chuid de mheáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide.

3.   Ní fhéadfar meáchan na lipéad ná na ngreamachán a áireamh mar chuid de mheáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide, ach amháin má áirítear freisin é mar chuid de mheáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a chuirtear ar an margadh.

4.   Measfar go ndearnadh dramhbhuidéil aon úsáide a bhailiú ar leithligh i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

rinneadh na dramhbhuidéil aon úsáide a bhailiú ar leithligh le haghaidh athchúrsála ó aon dramhaíl eile;

(b)

bailíodh na dramhbhuidéil aon úsáide i dteannta dramhchodanna pacáistíochta de dhramhaíl chathrach nó i dteannta codanna neamh-phacáistíochta eile plaistigh, miotail, páipéir nó gloine de dhramhaíl chathrach a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála, agus

(i)

Ní bhailítear, leis an gcóras bailiúcháin, aon dramhaíl ar dhócha substaintí guaiseacha a bheith inti;

(ii)

deartar agus déantar an bailiú dramhaíola, agus an tsórtáil a dhéantar ar an dramhaíl ina dhiaidh sin, ar dhóigh a laghdaíonn a oiread is féidir an t-éilliú, ó phlaisteach dramhaíola nach de bhuidéil den chineál é agus ó dhramhaíl eile, a dhéantar ar na dramhbhuidéil aon úsáide a bhailítear;

(iii)

tá córais dearbhaithe cáilíochta ar bun ag na hoibreoirí dramhaíola chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (i) agus (ii).

5.   Na córais dearbhaithe cáilíochta dá dtagraítear i mír 4, pointe (b)(iii), beidh siad mar a leanas:

(a)

cuirfear san áireamh leo nithe mar leordhóthanacht an phearsanra, a gcuid eolais agus scileanna, maille le heagrú an ionaid próiseála agus an trealaimh ann a mhéid is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na dramhbhuidéil aon úsáide a bhailítear na coinníollacha a leagtar amach i mír 4, pointe (b)(i) agus pointe (b)(ii);

(b)

déanfar oibríochtaí fíorúcháin, dá mbíthin, i gcomhréir le miontreoracha agus nósanna a bheidh leagtha síos roimh ré;

(c)

beidh siad deimhnithe ag tríú páirtí neamhspleách.

6.   Is ag an bpointe ag a mbaileofar iad nó ag pointe aschuir na n-oibríochtaí sórtála a mheáfar na dramhbhuidéil aon úsáide a bhaileofar ar leithligh i gcomhréir le mír 4, pointe (a). Féadfar meáchan na ndramhbhuidéal sin a ríomh trí na buidéil a chomhaireamh ar choinníoll go gcuirfear fachtóirí coinbhéartachta i bhfeidhm, fachtóirí lena gcuirfear san áireamh meáchan gach buidéil de réir a méide, polaiméir-chineál na mbuidéal agus na caipíní agus na cláir mar aon leis na caillteanais ó oibríocht shórtála go chéile.

7.   Maidir le meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bhaileofar ar leithligh i gcomhréir le mír 4, pointe (b), déanfar an mheá sin ag pointe aschuir na n-oibríochtaí sórtála ag a scartar iad ó dhramhaíl eile a bailíodh ina dteannta.

8.   I gcás ina mbeidh dramhbhuidéil aon úsáide agus dramhaíl eile ó phacáistíocht den pholaiméir-chineál amháin ann ag pointe aschuir na hoibríochta sórtála, beidh meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide comhréireach leis an gcion de dhramhbhuidéil aon úsáide ag pointe ionchuir na hoibríochta sórtála. Déanfar amach an cion sin trí bhíthin sampláil ionadaíoch maille le hanailís ina dhiaidh sin ar chomhdhéanamh na samplaí nó trí chlárlanna leictreonacha a úsáid.

Airteagal 3

Modheolaíocht lena ndéanfar amach meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh

1.   Agus meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh á dhéanamh amach, ní áireofar ach meáchan na mbuidéal den chineál sin ar buidéil iad a líonadh le deoch sular cuireadh ar an margadh iad.

2.   Maidir le meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh, i gcás ina ndéantar allmhairithe, onnmhairithe nó aistrithe suntasacha laistigh den Aontas i mbuidéil den chineál sin ag oibreoirí nó ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta féin, féadfar an meáchan sin a choigeartú chun na haistrithe sin a chur san áireamh.

3.   I gcásanna ina gcinnfidh na Ballstáit meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh ar bhonn mheáchan na dramhaíola ó na táirgí sin dá dtagraítear in Airteagal 9(1), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2019/904, áireofar an méid seo a leanas i meáchan na dramhaíola sin:

(a)

dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh cibé acu a chomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2(4), pointí (a) agus (b), nó nach gcomhlíonann;

(b)

dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh mar dhramhaíl chathrach mheasctha;

(c)

dramhbhuidéil aon úsáide a diúscraíodh mar bhruscar lasmuigh de na córais bailithe dramhaíola, cibé acu a bailíodh ina dhiaidh sin iad nó nár bailíodh.

Maidir leis na buidéil sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (b) agus (c), ríomhfar meáchan na mbuidéal sin trí bhíthin na modheolaíochta samplála agus na hanailíse ar chomhdhéanamh na dramhaíola a leagtar amach in Airteagal 4.

Airteagal 4

Modheolaíocht samplála agus anailís ar chomhdheánamh dramhaíola lena ríomhfar meáchan dramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh mar dhramhaíl chathrach mheasctha nó a diúscraíodh mar bhruscar

1.   Is ar shuirbhéanna agus ar bhailiú samplaí ionadaíocha a bhunófar an bailiú sonraí le haghaidh na hanailíse ar chomhdhéanamh na samplaí. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sa bhailiú sonraí sin:

(a)

athruithe séasúracha i dtaca le diúscairt dramhbhuidéal aon úsáide mar bhruscar lasmuigh de na córais bailithe dramhaíola;

(b)

athruithe i dtaca le méid an uirbithe;

(c)

éagsúlacht i dtaca le minicíocht, cineálacha agus ionaid an bhailithe dramhaíola cathrach.

2.   An bailiú sonraí agus an anailís dá dtagraítear i mír 1, cumhdóidh siad críoch iomlán Ballstáit faoi leith.

Airteagal 5

Sonraí a bhailiú agus a thuairisciú

1.   An bailiú sonraí lena ríomhfar meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide agus na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 2 agus Airteagal 3, déanfar é gach bliain. Úsáidfidh na Ballstáit clárlanna leictreonacha, a mhéid is féidir, chun na sonraí a bhailiú agus a thuairisciú.

2.   Is san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo a thuairisceoidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (c), de Threoir (AE) 2019/904 agus is san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo a bheidh an tuarascáil maidir le seiceáil cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) den Treoir sin a chuirfidh siad isteach maidir leis na sonraí sin.

3.   Foilseoidh an Coimisiún na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit mura soláthróidh Ballstát, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2, iarraidh a bhfuil bonn cirt léi go gcoinneofaí siar foilsiú sonraí áirithe.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,1 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 155, 12.6.2019, lch. 1.

(2)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).


IARSCRÍBHINN I

MODHEOLAÍOCHT LENA RÍOMHFAR AN MÉID DE DHRAMHBHUIDÉIL AON ÚSÁIDE A BAILÍODH AR LEITHLIGH

ASCB = (WSCB apart + WSCB blended)/(WBPM + WEWG) × 100 %

Nuair is é:

ASCB

an méid de dhramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh le haghaidh athchúrsála dá dtagraítear in Airteagal 1

WSCB apart

meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála ó aon dramhaíl eile i gcomhréir le hAirteagal 2(4), pointe (a)

WSCB blended

meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála i dteannta aon dramhaíl eile i gcomhréir le hAirteagal 2(4), pointe (b)

WBPM

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2)

WEWG

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh agus a rinneadh amach ar bhonn mheáchan na dramhaíola ó tháirgí den chineál sin dá dtagraítear in Airteagal 3(3)

WBPM = WBPM gross – WB out + WB in

WBPM gross

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 3(1)

WB out

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a onnmhairíodh nó a aistríodh go Ballstáit eile ag oibreoirí nó ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 3(2)

WB in

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a allmhairíodh ó Bhallstáit eile ag oibreoirí nó ag daoine nádúrtha, nó a fuair siad ó Bhallstáit eile, le haghaidh a n-úsáide pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 3(2)

WB out = W B out moved to other MS  + W B out exp  + W B out moved to other MS by natural persons  + W B out by natural persons

W B out moved to other MS

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a aistríodh go Ballstáit eile ag oibreoirí

W B out exp

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a onnmhairíodh ag oibreoirí

W B out moved to other MS by natural persons

an meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a aistríodh ó Bhallstát eile ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta

W B out by natural persons

an meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a onnmhairíodh ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta

WB in = W B in from other MS  + W B in imported  + W B in moved from other MS by natural persons + W B in by natural persons

W B in from other MS

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a aistríodh go Ballstáit eile ag oibreoirí

W B in imported

meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a allmhairíodh ag oibreoirí

W B in moved from other MS by natural persons

an meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a aistríodh ó Bhallstát eile ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta

W B in by natural persons

an meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a allmhairíodh ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta

WEWG = TWSCB + Wother SCB + WMSW + Wlitter

TWSCB

meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2(4), pointí (a) agus (b), dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (a)

Wother SCB

meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála nach bhfuil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2(4), pointí (a) agus (b), dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (a)

WMSW

meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh mar dhramhaíl chathrach dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (b)

Wlitter

meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a diúscraíodh mar bhruscar dá dtagraítear in Airteagal 3(3), pointe (c)


IARSCRÍBHINN II

AN FHORMÁID INA dTUAIRISCEOFAR NA SONRAÍ

I.   An fhormáid ina dtuairisceofar sonraí arna ríomh trí bhíthin na modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 3

Tábla 1

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3 (ina thonaí)

TÍR:

 

BLIAIN TAGARTHA:

 

Meáchan na mbuidéal aon úsáide arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), ina thonaí

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh (1)

 

Coigeartú ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2)

 

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a allmhairíodh ag oibreoirí (2)

 

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a fuarthas ó Bhallstáit eile agus a fuair oibreoirí (3)

 

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a onnmhairíodh ag oibreoirí (4)

 

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a aistríodh go Ballstáit eile ag oibreoirí (5)

 

An meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a onnmhairíodh ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta (6)

 

An meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a allmhairíodh ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta (7)

 

An meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a aistríodh go Ballstát eile ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta (8)

 

An meastachán ar mheáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh a aistríodh ó Bhallstát eile ag daoine nádúrtha le haghaidh a n-úsáide pearsanta (9)

 

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh arna choigeartú (10)

 

 

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh arna dhéanamh amach ar bhonn mheáchan na dramhaíola ó tháirgí den chineál sin arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(3)

Meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2(4) (a) agus (b (11)

 

Meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála nach bhfuil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 2(4) (a) agus (b)(  (12)

 

Meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh mar dhramhaíl chathrach mheasctha (13)

 

Meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a diúscraíodh mar bhruscar (14)

 

Nótaí:

Boscaí faoi scáthdhathú dorcha: Ar bhonn deonach a dhéantar an tuairisciú

II.   An fhormáid ina dtuairisceofar sonraí arna ríomh trí bhíthin na modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 2(4)

Tábla 2

Meáchan na mbuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(4) (ina thonaí)

TÍR:

 

BLIAIN TAGARTHA:

 

 

 

(a)

Meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh ó aon dramhaíl eile (15)

 

(b)

Meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh i dteannta dramhaíola de chineálacha eile (16)

 

Nótaí:


(1)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(1). (W BPM gross )

(2)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B in imported )

(3)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B in from other MS)

(4)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B out exp )

(5)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B out moved to other MS )

(6)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B out by natural persons )

(7)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B in by natural persons )

(8)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B out moved to other MS by natural persons )

(9)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W B in moved from other MS by natural persons)

(10)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). (W BPM )

(11)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(3), pointe (a). (TW SCB )

(12)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(3), pointe (a). (W other SCB )

(13)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(3), pointe (b). (W MSW )

(14)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(3), pointe (c). (W litter )

(15)  Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(4), pointe (a). (W SCB apart)

(16)  Arna bhailiú i dteannta dramhchodanna pacáistíochta eile de dhramhaíl chathrach nó i dteannta codanna neamhghuaiseacha, neamh-phacáistíochta eile plaistigh, miotail, páipéir nó gloine de dhramhaíl chathrach a bailíodh ar leithligh le haghaidh athchúrsála agus arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(4), pointe (b). (W SCB blended)


IARSCRÍBHINN III

AN FHORMÁID INA mBEIDH AN TUARASCÁIL MAIDIR LE SEICEÁIL CÁILÍOCHTA

I.   Faisnéis Ghinearálta

1.1.

Ballstát:

 

1.2.

An eagraíocht a sholáthair na sonraí agus an tuairisc:

 

1.3.

Ainm an teagmhálaí:

 

1.4.

Seoladh ríomhphoist an teagmhálaí:

 

1.5.

Uimhir theileafóin an teagmhálaí:

 

1.6.

Bliain tagartha:

 

1.7.

Dáta/leagan seachadta:

 

1.8.

Nasc chuig foilsiú na sonraí ag an mBallstát (más ann dó):

 

II.   Tuairisc ar na hinstitiúidí a bhfuil baint acu leis an mbailiú sonraí

Ainm na hinstitiúide

Tuairisc ar na príomhdhualgais

 

 

 

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.

III.   Tuairisc ar na modhanna a úsáideadh

3.1.   Buidéil aon úsáide a cuireadh ar an margadh (Iarscríbhinn II, Tábla 1)

3.1.1.   Tuairisc ar mhodheolaíocht na suirbhéanna agus na hanailíse comhdhéanaimh

Maidir le meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh, i gcás ina ndéantar amach an meáchan sin ar bhonn mheáchan na dramhaíola ó tháirgí den chineál sin, tugtar tuairisc ar an modheolaíocht a úsáidtear sa tsampláil agus san anailís ar chomhdhéanamh dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4.

 

An mhodheolaíocht a úsáideadh

Athrúcháin a cuireadh san áireamh

Dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh mar dhramhaíl chathrach mheasctha

 

 

Dramhbhuidéil aon úsáide a diúscraíodh mar bhruscar

 

 

3.1.2.   Tuairisc ar aon mhór-neamhréireachtaí idir meáchan na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh agus meáchan na dramhaíola pacáistíochta a gineadh nó aon saincheisteanna gaolmhara eile

I gcás inarb iomchuí, tuairisc ar bhearta ceartaitheacha atá beartaithe nó a rinneadh.

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí

3.2.   Faisnéis maidir le dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh (Iarscríbhinn II, Tábla 2)

3.2.1.   Tuairisc ar an modheolaíocht lena ríomhfar agus lena dtuairisceofar meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh

Mínigh na cleachtais a chuirtear san áireamh agus ríomh á dhéanamh ar an gcionn de dhramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh, agus na modhanna lena gcinntear, maidir le dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh i dteannta dramhaíl eile, go bhfuil cáilíocht na ndramhbhuidéal sin inchomparáide le cáilíocht dramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh ó aon dramhaíl eile. Cuir isteach doiciméadacht na gcóras dearbhaithe cáilíochta agus an fhíorúcháin tríú páirtí atá curtha ar bun ag na hoibreoirí dramhaíola chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2(4)(b), pointí (i) agus (ii).

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí

IV.   Córas fíorúcháin agus rialaithe sonraí

4.1   Fíorú ar shonraí maidir le dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh

Nósanna imeachta um fhíorú agus rialú

Cuirtear i bhfeidhm iad i dtaca leis na sonraí maidir leo seo thíos

Nótaí tráchta breise, más ábhartha

Buidéil aon úsáide a cuireadh ar an margadh

(cuireadh/níor cuireadh)

Dramhbhuidéil aon úsáide

Dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh ó dhramhaíl eile dá dtagraítear in Airteagal 2(4), pointe (a)

(cuireadh/níor cuireadh)

Dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh i dteannta dramhaíl de chineálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 2(4), pointe (b)

(cuireadh/níor cuireadh)

Coigeartú lena gcuirtear san áireamh ábhair eile a tógadh trí bhíthin an bhailithe ar leithligh, ar ábhar é nach bhfuil ina chuid de na buidéil aon úsáide (1) (cuireadh/níor cuireadh)

Seiceálacha ar iomláine na sonraí

 

 

 

 

 

 

Tras-seiceálacha

 

 

 

 

 

 

Seiceálacha i dtaca le hamshraith

 

 

 

 

 

 

Seiceálacha iniúchóireachta

 

 

 

 

 

 

Eile (sonraigh)

 

 

 

 

 

 

4.2   Tuairisc ar na príomh-imthosca a dhéanann difear do chruinneas na sonraí a tuairiscíodh maidir le dramhbhuidéil aon úsáide, le buidéil aon úsáide a cuireadh ar an margadh agus/nó le dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh

Imthosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’iontaofacht na sonraí

Imthosca

Tuairisc ar an gcaoi a ndéantar difear d’iontaofacht na sonraí agus ar na modheolaíochta a cuireadh i bhfeidhm chun tionchar sonraí neamhchruinne a laghdú a oiread is féidir

Buidéil aon úsáide a cuireadh ar an margadh

(déantar difear/ní dhéantar difear)

Dramhbhuidéil aon úsáide

(déantar difear/ní dhéantar difear)

Dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh

(déantar difear/ní dhéantar difear)

Earráidí sa tsampláil (2) (e.g. comhéifeachtaí athrúcháin)

 

 

 

 

Earráidí sa chumhdach (3) (e.g. rialacha de minimis, an cumhdach réigiúnach)

 

 

 

 

Earráidí sa tomhas (4) (e.g. an t-aonad tomhais, ábhar nach cuid é de bhuidéal aon úsáide folamh lena n-áirítear caipíní agus cláir an bhuidéil)

 

 

 

 

Ionstraimí tástála an bhailithe sonraí (5) (e.g. tástáil na gceistneoirí)

 

 

 

 

Earráidí sa phróiseáil (6) (e.g. Sainaithint earráidí, ceartú earráidí)

 

 

 

 

Earráidí ó neamhfhreagairt (7)

 

 

 

 

Earráidí toimhdean na samhla (8)

 

 

 

 

Eile (sonraigh)

 

 

 

 

4.3   Míniú maidir le raon feidhme agus bailíocht na suirbhéanna chun sonraí a bhailiú maidir le dramhbhuidéil aon úsáide, dramhbhuidéil aon úsáide a cuireadh ar an margadh agus/nó le dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí

4.4   Difríochtaí sna sonraí a tuairiscíodh le haghaidh na mblianta tagartha atá imithe

Athruithe móra modheolaíochta i dtaca leis an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh na bliana reatha i ndáil leis an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh blianta tagartha roimhe sin, más ann dóibh (go háirithe athbhreithnithe cúlghabhálacha, cineál na n-athbhreithnithe sin agus tásc lena léirítear an gá neamhleanúnachas sa tsraith a lua le haghaidh bliain áirithe).

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí

4.5   Míniú ar an difríocht sa tonnáiste

I gcás ina léiríonn na sonraí tuairiscithe athrúchán is mó ná 10 % i dtaca leis na sonraí a cuireadh isteach le haghaidh na bliana tagartha roimhe sin.

Na cúiseanna atá leis an difríocht nó bunchúis na ndifríochtaí i meáchan na ndramhbhuidéal aon úsáide, na mbuidéal aon úsáide a cuireadh ar an margadh agus/nó na ndramhbhuidéal aon úsáide a bailíodh ar leithligh.

Dramhbhuidéil aon úsáide, buidéil aon úsáide a cuireadh ar an margadh agus/nó dramhbhuidéil aon úsáide a bailíodh ar leithligh

Athrúchán (%)

An phríomhchúis leis an athrúchán

 

 

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí

V.   Rúndacht

An t-údar atá leis an iarraidh go gcoinneofaí siar foilsiú sonraí áirithe sa tuarascáil seo, mar aon le liosta de na codanna sonracha a iarradh a choinneáil siar.

 

VI.   Príomhshuíomhanna gréasáin náisiúnta, príomhdhoiciméid tagartha agus príomhfhoilseacháin

Ainm agus URL na bpríomhshuíomhanna gréasáin náisiúnta, na bpríomhdhoiciméad tagartha agus na bpríomhfhoilseachán a bhaineann leis an mbailiú sonraí seo.

 

Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí


(1)  Lipéid, greamacháin, dríodar na dí a bhí sna buidéil agus aon ábhar eile nach cuid é den bhuidéal aon úsáide ná de chaipíní ná de chláir an bhuidéil.

(2)  Tabhair tuairisc ar an meastachán ar na comhéifeachtaí athrúcháin agus ar na modheolaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm chun meastachán a dhéanamh ar an athrúchán.

(3)  Tabhair tuairisc ar chineál na n-earráidí cumhdaigh agus ar a méid.

(4)  Tabhair tuairisc ar na hionstraimí lena laghdaítear rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar na hionstraimí lena seachadtar earráidí.

(5)  Tabhair tuairisc ar na hionstraimí agus ar na modheolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm i dtaca le slándáil na n-ionstraimí cáilíochta agus na n-ionstraimí ábhartha bailithe sonraí.

(6)  Tabhair tuairisc ar na céimeanna próiseála idir an bailiú sonraí agus tairgeadh an staidrimh agus liostaigh aon earráidí próiseála a sainaithníodh agus méid na n-earráidí sin.

(7)  Tabhair tuairisc ar na rátaí neamhfhreagartha aonaid agus ar na rátaí neamhfhreagartha ítime i dtaca leis na príomhathróga agus na modhanna barúlacha (más ann dóibh).

(8)  Tabhair tuairisc ar chineál earráidí toimhdean na samhla agus ar a méid.


4.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 349/31


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1753 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Deireadh Fómhair 2021

maidir le coibhéis na gceanglas maoirseachta agus rialála tríú tíortha áirithe agus tríú críocha áirithe chun críocha risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagail 107(4), 114(7), 115(4), 116(5), 142(2) agus Airteagal 391, an dara mír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ceanglais chaipitil le comhlíonadh ag institiúidí ar bhealach a léirítear go leordhóthanach na rioscaí a dtéann na hinstitiúidí sin fúthu, lena n-áirítear riosca creidmheasa, ag féachaint do na comhthéacsanna geografacha éagsúla ina n-oibríonn siad. Agus gach ní eile mar a chéile, is de réir cháilíocht an chreata rialála ábhartha agus na maoirseachta ábhartha a chuirtear i bhfeidhm ar na heintitis sin sa tríú tír ábhartha a chinntear an riosca creidmheasa arna thabhú ag institiúidí a bhaineann le risíochtaí ar eintitis atá lonnaithe lasmuigh den Aontas.

(2)

Ina theannta sin, tá a risíochtaí ar chliaint aonair le teorannú ag institiúidí chun neamhchosaint ar riosca comhchruinnithe iomarcach a sheachaint. Agus a risíochtaí ar chliaint aonair á ríomh ag institiúidí, féadfar cead a thabhairt dóibh cineálacha áirithe risíochtaí ar institiúidí a fhágáil as an ríomh sin. Nuair is lasmuigh den Aontas atá cliaint lonnaithe, áfach, is ar cháilíocht an chreata rialála ábhartha agus na maoirseachta ábhartha a chuirtear i bhfeidhm maidir leis na heintitis sin sa tríú tír ábhartha, is ar cháilíocht na rudaí sin freisin a bhraitheann sé cibé acu is féidir nó nach féidir caitheamh leo mar institiúidí.

(3)

Le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tugadh isteach, inter alia, in Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 foráil lena dtugtar cumhacht don Choimisiún cinntí cur chun feidhme a ghlacadh i dtaobh an gcuirtear i bhfeidhm i dtríú tír ceanglais stuamachta mhaoirseachta agus rialála atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, chun láimhseáil risíochtaí faoi Chuid 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chinneadh. Dá bhrí sin, ba cheart liosta a bhunú de thríú tíortha agus de thríú críocha a meastar na ceanglais stuamachta mhaoirseachta agus rialála iontu a bheith coibhéiseach leis na cinn a chuirtear i bhfeidhm san Aontas chun críocha Airteagal 391 den Rialachán sin. Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil agus an chomhsheasmhacht, is gá na forálacha uile maidir le coibhéis na gceanglas maoirseachta agus rialála tríú tíortha agus tríú críocha chun risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur san áireamh in aon Chinneadh amháin. Is gá, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2014/908/AE ón gCoimisiún (3) a aisghairm agus a ionadú.

(4)

Le hAirteagal 107(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ní féidir le hinstitiúidí risíochtaí ar ghnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa agus malartáin tríú tír a láimhseáil mar risíochtaí ar institiúidí ach amháin más rud é go gcuirtear i bhfeidhm sa tríú tír ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta maidir leis an eintiteas lena mbaineann, atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

(5)

Leagtar síos le hAirteagal 114(7), Airteagal 115(4) agus Airteagal 116(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ualaí sonracha riosca is infheidhme maidir le risíochtaí ar rialtais láir, bainc cheannais, rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla, agus eintitis earnála poiblí atá lonnaithe i dtríú tíortha ina gcuirtear socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach ar a laghad leis na socruithe maoirseachta agus rialála sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

(6)

Leagtar síos in Airteagal 153 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhoirmle chun méideanna na risíochtaí ualaithe ó thaobh riosca a ríomh le haghaidh risíochtaí ar chorparáidí, institiúidí, rialtais láir agus bainc cheannais faoin gcur chuige atá bunaithe ar rátálacha inmheánacha (IRB) agus sonraítear ann na paraiméadair atá le húsáid le haghaidh an ríomha sin, lena n-áirítear an chomhéifeacht chomhghaolúcháin. Socraítear in Airteagal 153(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an chomhéifeacht chomhghaolúcháin is infheidhme maidir le mór-eintitis earnála airgeadais. De bhun Airteagal 142(1), pointe (4)(b), den Rialachán sin, chun go measfar gur “mór-eintiteas earnála airgeadais” é, beidh an t-eintiteas earnála airgeadais nó ceann dá fhochuideachtaí faoi réir dlíthe tríú tír ina gcuirtear ceanglais stuamachta mhaoirseachta i bhfeidhm atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

(7)

Le hAirteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceadaítear d’institiúidí atá bunaithe san Aontas risíocht ar ghnóthas príobháideach nó poiblí de chuid tríú tír a láimhseáil mar risíocht ar institiúid chun críocha Chuid 4 den Rialachán sin, ar choinníoll go measfaí gur “institiúid” é an gnóthas mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (3), den Rialachán sin, dá mba rud é go raibh sé bunaithe san Aontas, agus ar choinníoll go bhfuil sé údaraithe i dtríú tír ina gcuirtear ceanglais stuamachta mhaoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

(8)

Chun na risíochtaí iomchuí atá ualaithe ó thaobh riosca a chinneadh chun ceanglais chaipitil maidir leis an riosca creidmheasa a ghabhann le risíochtaí ar chatagóirí áirithe eintiteas atá lonnaithe i dtríú tíortha a ríomh, chomh maith le contrapháirtithe a láimhseáil go hiomchuí chun críocha Chuid 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar choibhéis na socruithe maoirseachta agus rialála tríú tíortha leis na socruithe comhfhreagracha maoirseachta agus rialála san Aontas.

(9)

Cinneadh an choibhéis trí anailís bunaithe ar thorthaí a dhéanamh ar shocruithe stuamachta, rialála agus maoirseachta an tríú tír, ar anailís í lena ndéantar tástáil ar a cumas na cuspóirí ginearálta céanna a bhaint amach agus atá ag socruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála an Aontais. Tagraítear sna cuspóirí sin go háirithe do chobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais intíre agus an chórais airgeadais dhomhanda araon ina n-iomláine; d’éifeachtacht agus leordhóthanacht cosaint taisceoirí agus tomhaltóirí eile seirbhísí airgeadais; don chomhar idir gníomhaithe éagsúla an chórais airgeadais, lena n-áirítear rialtóirí agus maoirseoirí; do neamhspleáchas agus éifeachtacht na maoirseachta; agus do chur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach na gcaighdeán ábhartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta. Chun na cuspóirí ginearálta céanna agus atá ag socruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála an Aontais a bhaint amach, ba cheart do shocruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála an tríú tír sraith caighdeán oibríochtúil, eagraíochtúil agus maoirseachta a chomhlíonadh lena léirítear na gnéithe bunriachtanacha de cheanglais mhaoirseachta agus rialála an Aontais is infheidhme maidir le catagóirí ábhartha institiúidí airgeadais.

(10)

Chun críocha Airteagal 114, Airteagal 115 agus Airteagal 116 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ba cheart an choibhéis a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do na socruithe maoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa ós rud é gur gnách go socraítear leis na socruithe sin na hualaí riosca chun ceanglais chaipitil le haghaidh riosca creidmheasa a ríomh.

(11)

Chun críocha Airteagal 142 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart an choibhéis a theorannú do na socruithe maoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le gnóthais tríú tír a bhfuil príomhghnó acu atá inchomparáide le gnó institiúide creidmheasa nó gnólachta infheistíochta, i gcomhréir leis na sainmhínithe in Airteagal 4(1), pointe (27), den Rialachán sin, agus an sainmhíniú in Airteagal 4(1), pointe (3), de á chur san áireamh.

(12)

Chun críocha Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart an choibhéis a theorannú do na socruithe maoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le gnóthais tríú tír a bhfuil príomhghnó acu atá inchomparáide le gnó institiúide creidmheasa nó gnólachta infheistíochta i gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 4(1), pointe (3), den Rialachán sin.

(13)

Agus measúnuithe neamhspleácha ag na heagraíochtaí idirnáisiúnta á gcur san áireamh, amhail measúnuithe arna ndéanamh ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar shocruithe maoirseachta agus rialála tríú tíortha áirithe is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa, gnólachtaí infheistíochta agus malartáin. Leis an anailís sin, cuireadh ar a chumas don Choimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE a ghlacadh lena leagtar síos liosta tosaigh de thríú tíortha agus de thríú críocha a mheastar a bheith coibhéiseach ó thaobh socruithe maoirseachta agus rialála de, chun cinneadh a dhéanamh ar láimhseáil na gcatagóirí ábhartha risíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 107, 114, 115, 116 agus 142 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(14)

Ní raibh sé i gceist go mbeadh liosta na dtíortha coibhéiseacha a sainaithníodh i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE uileghabhálach ná cinntitheach. Ar bhonn faireachán tráthrialta ar éabhlóid na socruithe maoirseachta agus rialála tríú tíortha agus tríú críocha chun measúnú a dhéanamh ar a gcoibhéis le socruithe maoirseachta agus rialála an Aontais, leasaíodh an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin ina dhiaidh sin le Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2016/230 (4), (AE) 2016/2358 (5), (AE) 2019/536 (6) agus (AE) 2019/2166 (7) ón gCoimisiún. Leis na Cinntí sin, leathnaíodh na liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha a mheastar a bheith coibhéiseach, agus na foinsí faisnéise a bhí ar fáil á gcur san áireamh, lena n-áirítear an measúnú arna dhéanamh ag na heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) ina dhiaidh sin.

(15)

Ó glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2166, tá faireachán leanúnach á dhéanamh ag an gCoimisiún ar fhorbairtí ábhartha i gcreataí stuamachta, maoirseachta agus rialála tríú tíortha, agus na foinsí faisnéise atá ar fáil á gcur san áireamh, lena n-áirítear measúnuithe arna ndéanamh ag ÚBE. Mar thoradh ar mheasúnú amháin den sórt sin, mhol ÚBE gur cheart na creataí stuamachta, maoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus sa Mhacadóin Thuaidh a mheas a bheith coibhéiseach le creat dlíthiúil an Aontais chun críocha Airteagail 107(4), 114(7), 115(4), 116(5), 142(2) agus Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(16)

Aithníonn an Coimisiún gur institiúidí creidmheasa amháin arna n-údarú faoin dlí náisiúnta faoi seach a cumhdaíodh sa mheasúnú a rinne ÚBE ar an gcreat stuamachta, maoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le hinstitiúidí sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus sa Mhacadóin Thuaidh. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le heintitis eile atá bunaithe sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus sa Mhacadóin Thuaidh.

(17)

Agus moladh ÚBE á chur san áireamh, agus ar bhonn a mheasúnaithe féin, chinn an Coimisiún go bhfuil ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus ag an Macadóin Thuaidh socruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála i bhfeidhm lena gcomhlíontar sraith caighdeán oibríochtúil, eagraíochtúil agus maoirseachta lena léirítear na gnéithe bunriachtanacha de shocruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa. Dá bhrí sin, is iomchuí a mheas na creataí stuamachta, maoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus sa Mhacadóin Thuaidh a bheith coibhéiseach leis na creataí sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas chun críocha Airteagail 107(4), 114(7), 115(4), 116(5), 142(2) agus Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(18)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Mhacadóin Thuaidh a áireamh sna liostaí ábhartha de thríú tíortha agus de thríú críocha a meastar a gceanglais agus a socruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála a bheith coibhéiseach le córas an Aontais chun críoch risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(19)

Tar éis na measúnuithe a rinneadh go dtí seo, chinn an Coimisiún go bhfuil ag an Airgintín, an Astráil, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, Oileáin Fharó, an Ghraonlainn, Geansaí, Hong Cong, an India, Oileán Mhanann, an tSeapáin, Geirsí, Meicsiceo, Monacó, an Nua-Shéalainn, an Mhacadóin Thuaidh, an Araib Shádach, an tSeirbia, Singeapór, an Afraic Theas, an Chóiré Theas, an Eilvéis, an Tuirc agus SAM, socruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála i bhfeidhm lena gcomhlíontar sraith caighdeán oibríochtúil, eagraíochtúil agus maoirseachta lena léirítear na gnéithe bunriachtanacha de shocruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa. Dá bhrí sin, is iomchuí a mheas na ceanglais stuamachta, mhaoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá lonnaithe sna tíortha sin a bheith coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas chun críocha Airteagail 107(4), 114(7), 115(4), 116(5), 142(2) agus Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(20)

Tar éis na measúnuithe a rinneadh go dtí seo, chinn an Coimisiún go bhfuil ag an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, Hong Cong, an Indinéis, an tSeapáin (teoranta d’Oibreoirí Gnó Ionstraimí Airgeadais de Chineál I), Meicsiceo, an Chóiré Theas, an Araib Shádach, Singeapór, an Afraic Theas agus SAM, socruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála i bhfeidhm lena gcomhlíontar sraith caighdeán oibríochtúil, eagraíochtúil agus maoirseachta lena léirítear na gnéithe bunriachtanacha de shocruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála an Aontais is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa. Dá bhrí sin, is iomchuí a mheas gur coibhéiseach ar a laghad iad na ceanglais mhaoirseachta agus rialála is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta sna tríú tíortha sin leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas chun críocha Airteagail 107(4), 114(7), 115(4), 116(5), 142(2) agus Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(21)

Tar éis na measúnuithe a rinneadh go dtí seo, chinn an Coimisiún go bhfuil ag an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, an India, an Indinéis, an tSeapáin, Meicsiceo, an Chóiré Theas, an Araib Shádach, Singeapór, an Afraic Theas, agus SAM, socruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála i bhfeidhm lena gcomhlíontar sraith caighdeán oibríochtúil, lena léirítear na gnéithe bunriachtanacha de shocruithe stuamachta, maoirseachta agus rialála an Aontais is infheidhme maidir le malartáin. Dá bhrí sin, is iomchuí a mheas gur coibhéiseach ar a laghad iad na ceanglais mhaoirseachta agus rialála is infheidhme sna tríú tíortha sin maidir le malartáin leis na ceanglais sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas chun críocha Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 teoranta do risíochtaí ar mhalartáin atá lonnaithe sna tríú tíortha sin.

(22)

Ní uileghabhálach do na liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha a mheastar a bheith coibhéiseach chun críocha fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Le cúnamh ón Údarás Baincéireachta Eorpach, leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh go tráthrialta ar fhorbairt na socruithe maoirseachta agus rialála tríú tíortha agus tríú críocha d’fhonn na liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha a leagtar amach sa Chinneadh seo a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí agus gach 5 bliana ar a laghad, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar fhorbairtí i socruithe maoirseachta agus rialála, san Aontas agus ar an leibhéal domhanda, agus i bhfianaise foinsí nua faisnéise ábhartha a bheidh ar fáil.

(23)

Maidir leis an athbhreithniú tráthrialta ar na ceanglais stuamachta agus mhaoirseachta is infheidhme sna tríú tíortha agus sna tríú críocha a liostaítear in Iarscríbhinní I go VI a ghabhann leis an gCinneadh seo, ba cheart dó a bheith gan dochar don fhéidearthacht don Choimisiún athbhreithniú sonrach, a bhaineann le tríú tír nó tríú críoch aonair, a dhéanamh tráth ar bith lasmuigh den athbhreithniú ginearálta i gcás ina dtabharfaidh forbairtí ábhartha ar an gCoimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar an aitheantas a dheonaítear leis an gCinneadh seo. D’fhéadfadh sé go dtarraingeofaí siar aitheantas na coibhéise de thoradh athmheasúnú den sórt sin.

(24)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Baincéireachta Eorpach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Coibhéis na gceanglas a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa chun críocha Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Chun críocha Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, meastar go gcuireann na tríú tíortha agus na tríú críocha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, go gcuireann siad socruithe maoirseachta agus rialála i leith institiúidí creidmheasa i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

Airteagal 2

Coibhéis na gceanglas a chuirtear i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta chun críocha Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Chun críocha Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, meastar go gcuireann na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, go gcuireann siad socruithe maoirseachta agus rialála i leith gnólachtaí infheistíochta i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

Airteagal 3

Coibhéis na gceanglas a chuirtear i bhfeidhm maidir le malartáin chun críocha Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Chun críocha Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, meastar go gcuireann na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo, go gcuireann siad socruithe maoirseachta agus rialála i leith malartán i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

Airteagal 4

Coibhéis na gceanglas a chuirtear i bhfeidhm maidir le risíochtaí ar rialtais láir, bainc cheannais, rialtais áitiúla agus eintitis earnála poiblí chun críocha Airteagal 114, Airteagal 115 agus Airteagal 116 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Chun críocha Airteagal 114(7), Airteagal 115(4) agus Airteagal 116(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, meastar go gcuireann na tríú tíortha agus na tríú críocha a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCinneadh seo, go gcuireann siad socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm i leith institiúidí creidmheasa san Aontas.

Airteagal 5

Coibhéis na gceanglas a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta chun críocha Airteagal 142 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Chun críocha Airteagal 142(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, meastar go gcuireann na tríú tíortha agus na tríú críocha a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh seo, go gcuireann siad socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

Airteagal 6

Coibhéis na gceanglas a chuirtear i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí chun críocha Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Chun críocha Airteagal 391 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, meastar go gcuireann na tríú tíortha agus na tríú críocha a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh seo, go gcuireann siad socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na socruithe sin a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

Airteagal 7

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh 2014/908/AE. Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, le riosca creidmheasa an chontrapháirtí, leis an riosca margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, le risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, le risíochtaí móra, le ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2014 maidir le coibhéis na gceanglas maoirseachta agus rialála tríú tíortha áirithe agus tríú críocha áirithe chun risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 359, 16.12.2014, lch. 155).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/230 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2016 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE maidir leis na liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha a meastar a gceanglais mhaoirseachta agus rialála a bheith coibhéiseach chun críocha risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 41, 18.2.2016, lch. 23).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2358 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2016 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE maidir leis na liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha a meastar a gceanglais mhaoirseachta agus rialála a bheith coibhéiseach chun críocha risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 21.12.2016, lch. 75).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/536 ón gCoimisiún an 29 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE maidir leis na liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha a meastar a gceanglais mhaoirseachta agus rialála a bheith coibhéiseach chun críocha risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 92, 1.4.2019, lch. 3).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2166 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2019 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE maidir leis an tSeirbia an Chóiré Theas a áireamh sna liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha a meastar a gceanglais mhaoirseachta agus rialála a bheith coibhéiseach chun críocha risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 18.12.2019, lch. 84).


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DE THRÍÚ TÍORTHA AGUS DE THRÍÚ CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1 (INSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA)

(1)

An Airgintín

(2)

An Astráil

(3)

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

(4)

An Bhrasaíl

(5)

Ceanada

(6)

An tSín

(7)

Oileáin Fharó

(8)

An Ghraonlainn

(9)

Geansaí

(10)

Hong Cong

(11)

An India

(12)

Oileán Mhanann

(13)

An tSeapáin

(14)

Geirsí

(15)

Meicsiceo

(16)

Monacó

(17)

An Nua-Shéalainn

(18)

An Mhacadóin Thuaidh

(19)

An Araib Shádach

(20)

An tSeirbia

(21)

Singeapór

(22)

An Afraic Theas

(23)

An Chóiré Theas

(24)

An Eilvéis

(25)

An Tuirc

(26)

SAM


IARSCRÍBHINN II

LIOSTA DE THRÍÚ TÍORTHA AGUS DE THRÍÚ CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2 (GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA)

(1)

An Astráil

(2)

An Bhrasaíl

(3)

Ceanada

(4)

An tSín

(5)

Hong Cong

(6)

An Indinéis

(7)

An tSeapáin (teoranta d’Oibreoirí Gnó Ionstraimí Airgeadais de Chineál I)

(8)

Meicsiceo

(9)

An Chóiré Theas

(10)

An Araib Shádach

(11)

Singeapór

(12)

An Afraic Theas

(13)

SAM


IARSCRÍBHINN III

LIOSTA DE THRÍÚ TÍORTHA AGUS DE THRÍÚ CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3 (MALARTÁIN)

(1)

An Astráil

(2)

An Bhrasaíl

(3)

Ceanada

(4)

An tSín

(5)

An India

(6)

An Indinéis

(7)

An tSeapáin

(8)

Meicsiceo

(9)

An Chóiré Theas

(10)

An Araib Shádach

(11)

Singeapór

(12)

An Afraic Theas

(13)

SAM


IARSCRÍBHINN IV

LIOSTA DE THRÍÚ TÍORTHA AGUS DE THRÍÚ CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4 (INSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA)

(1)

An Airgintín

(2)

An Astráil

(3)

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

(4)

An Bhrasaíl

(5)

Ceanada

(6)

An tSín

(7)

Oileáin Fharó

(8)

An Ghraonlainn

(9)

Geansaí

(10)

Hong Cong

(11)

An India

(12)

Oileán Mhanann

(13)

An tSeapáin

(14)

Geirsí

(15)

Meicsiceo

(16)

Monacó

(17)

An Nua-Shéalainn

(18)

An Mhacadóin Thuaidh

(19)

An Araib Shádach

(20)

An tSeirbia

(21)

Singeapór

(22)

An Afraic Theas

(23)

An Chóiré Theas

(24)

An Eilvéis

(25)

An Tuirc

(26)

SAM


IARSCRÍBHINN V

LIOSTA DE THRÍÚ TÍORTHA AGUS DE THRÍÚ CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5 (INSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA AGUS GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA)

Institiúidí creidmheasa:

(1)

An Airgintín

(2)

An Astráil

(3)

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

(4)

An Bhrasaíl

(5)

Ceanada

(6)

An tSín

(7)

Oileáin Fharó

(8)

An Ghraonlainn

(9)

Geansaí

(10)

Hong Cong

(11)

An India

(12)

Oileán Mhanann

(13)

An tSeapáin

(14)

Geirsí

(15)

Meicsiceo

(16)

Monacó

(17)

An Nua-Shéalainn

(18)

An Mhacadóin Thuaidh

(19)

An Araib Shádach

(20)

An tSeirbia

(21)

Singeapór

(22)

An Afraic Theas

(23)

An Chóiré Theas

(24)

An Eilvéis

(25)

An Tuirc

(26)

SAM

Gnólachtaí infheistíochta is comhionann le “hinstitiúid” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:

(1)

An Astráil

(2)

An Bhrasaíl

(3)

Ceanada

(4)

An tSín

(5)

Hong Cong

(6)

An Indinéis

(7)

An tSeapáin (teoranta d’Oibreoirí Gnó Ionstraimí Airgeadais de Chineál I)

(8)

Meicsiceo

(9)

An Chóiré Theas

(10)

An Araib Shádach

(11)

Singeapór

(12)

An Afraic Theas

(13)

SAM


IARSCRÍBHINN VI

LIOSTA DE THRÍÚ TÍORTHA AGUS DE THRÍÚ CRÍOCHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6 (INSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA AGUS GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA)

Institiúidí creidmheasa:

(1)

An Airgintín

(2)

An Astráil

(3)

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

(4)

An Bhrasaíl

(5)

Ceanada

(6)

An tSín

(7)

Oileáin Fharó

(8)

An Ghraonlainn

(9)

Geansaí

(10)

Hong Cong

(11)

An India

(12)

Oileán Mhanann

(13)

An tSeapáin

(14)

Geirsí

(15)

Meicsiceo

(16)

Monacó

(17)

An Nua-Shéalainn

(18)

An Mhacadóin Thuaidh

(19)

An Araib Shádach

(20)

An tSeirbia

(21)

Singeapór

(22)

An Afraic Theas

(23)

An Chóiré Theas

(24)

An Eilvéis

(25)

An Tuirc

(26)

SAM

Gnólachtaí infheistíochta is comhionann le “hinstitiúid” mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:

(1)

An Astráil

(2)

An Bhrasaíl

(3)

Ceanada

(4)

An tSín

(5)

Hong Cong

(6)

An Indinéis

(7)

An tSeapáin (teoranta d’Oibreoirí Gnó Ionstraimí Airgeadais de Chineál I)

(8)

Meicsiceo

(9)

An Chóiré Theas

(10)

An Araib Shádach

(11)

Singeapór

(12)

An Afraic Theas

(13)

SAM


IARSCRÍBHINN VII

TÁBLA COMHGHAOIL

An Cinneadh seo

Cinneadh 2014/908/AE

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

-

Airteagal 7

-

Airteagal 8

-