ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 348

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
1 Deireadh Fómhair 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1731 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE maidir leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta) ( 1 )

1

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1732 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh) ( 1 )

3

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1733 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 30 maidir le forálacha sonracha a bhaineann le comhar a eagrú i réimse an staidrimh agus Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár an Mhargaidh Aonair) ( 1 )

5

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1734 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Fís Eorpach) ( 1 )

7

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1735 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)) ( 1 )

9

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1736 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Erasmus+) ( 1 )

11

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1737 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár don Eoraip Dhigiteach) ( 1 )

13

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1738 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta) ( 1 )

15

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1739 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár Eoraip na Cruthaitheachta) ( 1 )

17

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1740 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann le Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár LIFE), a leasú ( 1 )

19

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1741 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann le Prótacal 31 maidir le comhar I réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár EU4Health), a leasú ( 1 )

21

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1742 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE, a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE (An Tríú agus an Ceathrú Pacáiste Iarnróid) ( 1 )

23

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1743 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le Coiste Teicniúil um Iompar Uisce-iompartha agus Ilmhódúlacht a bhunú

27

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

CINNTÍ

1.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 348/1


CINNEADH (AE) 2021/1731 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE maidir leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (2) agus go háirithe Airteagal 58(2), pointe (b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (3) (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, is féidir le Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal”), atá i gceangal le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)

Ba cheart do Stáit CSTE LEE leanúint de bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an Aontais a bhaineann le líne bhuiséid PA 13 17 01 (Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta), a iontráladh i mbuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2021.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a leasú chun go mbeifear in ann leanúint den chomhar leathnaithe seo ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.

(5)

Ba cheart seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE, dá bhrí sin, a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE maidir leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lgh 6.

(2)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(3)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(4)  Féach doiciméad ST 10932/21 ar http://register.consilium.europa.eu


1.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 348/3


CINNEADH (AE) 2021/1732 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4), Airteagal 166(4) agus Airteagal 214(5), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), atá i gceangal le Comhaontú LEE, a leasú.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014 (IO L 202, 8.6.2021, lch. 32).

(4)  Féach doiciméad ST 11221/21 ag http://register.consilium.europa.eu.


1.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 348/5


CINNEADH (AE) 2021/1733 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 30 maidir le forálacha sonracha a bhaineann le comhar a eagrú i réimse an staidrimh agus Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár an Mhargaidh Aonair)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, Airteagal 43(2), Airteagal 168(4)(b) agus Airteagail 173 agus 338, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Prótacal 30 maidir le forálacha sonracha a bhaineann le comhar a eagrú i réimse an staidrimh, (“Prótacal 30”) agus Prótacal 31 (maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), atá i gceangal le Comhaontú LEE, a leasú.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 30 agus Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 30 maidir le forálacha sonracha bhaineann le comhar a eagrú i réimse an staidrimh agus ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

(4)  Féach doiciméad ST 11225/21 ag http://register.consilium.europa.eu.


1.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 348/7


CINNEADH (AE) 2021/1734 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Fís Eorpach)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3), Airteagal 182(1), Airteagal 183 agus an dara mír d’Airteagal 188, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), atá i gceangal le Comhaontú LEE, a leasú.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Tá Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (5).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lgh. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (athmhúnlú) (IO L 189, 28.5.2021, lch. 61).

(5)  Féach doiciméad ST 11229/21 ag http://register.consilium.europa.eu.


1.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 348/9


CINNEADH (AE) 2021/1735 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 46, pointe (d), Airteagal 149, Airteagal 153(2), pointe (a), Airteagal 164, Airteagal 175, an tríú mír, agus Airteagal 349, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), atá i gceangal le Comhaontú LEE, a leasú.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(4)  Féach doiciméad ST 11233/21 ag http://register.consilium.europa.eu.


1.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 348/11


CINNEADH (AE) 2021/1736 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Erasmus+)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 165 agus 166, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), atá i gceangal le Comhaontú LEE, a leasú.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lgh. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1).

(4)  Féach doiciméad ST 11238/21 ag http://register.consilium.europa.eu.


1.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 348/13


CINNEADH (AE) 2021/1737 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár don Eoraip Dhigiteach)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 172 agus Airteagal 173(3), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), atá i gceangal le Comhaontú LEE, a leasú.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 i gceangal le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lgh. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240, (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(4)  Féach doiciméad ST 11242/21 ar http://register.consilium.europa.eu.


1.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 348/15


CINNEADH (AE) 2021/1738 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 196 agus Airteagal 322(1), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), atá i gceangal le Comhaontú LEE, a leasú.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 185, 26.5.2021, lch. 1).

(4)  Féach doiciméad ST 11255/21 ar http://register.consilium.europa.eu.


1.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 348/17


CINNEADH (AE) 2021/1739 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár Eoraip na Cruthaitheachta)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 agus Airteagal 173(3), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh, inter alia, Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), atá i gceangal le Comhaontú LEE, a leasú.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lgh. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 34).

(4)  Féach doiciméad ST 11242 ar http://register.consilium.europa.eu.


1.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 348/19


CINNEADH (AE) 2021/1740 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann le Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár LIFE), a leasú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEEmaidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), atá i gceangal le Comhaontú LEE, a leasú, inter alia.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE, bunófar é ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 53).

(4)  Féach doiciméad ST 11528/21 ar http://register.consilium.europa.eu


1.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 348/21


CINNEADH (AE) 2021/1741 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh de Chomhchoiste LEE a bhaineann le Prótacal 31 maidir le comhar I réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le Comhaontú LEE (Clár EU4Health), a leasú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(5) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), atá i gceangal le Comhaontú LEE, a leasú, inter alia.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, atá i gceangal le LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

(4)  Féach doiciméad ST 11535/21 ag http://register.consilium.europa.eu.


1.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 348/23


CINNEADH (AE) 2021/1742 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meán Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE, a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE (An Tríú agus an Ceathrú Pacáiste Iarnróid)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)

Tá na gníomhartha seo a leanas a bhaineann le hiompar d’iarnród le hionchorprú i gComhaontú LEE:

Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

Treoir (AE) 2016/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/171 ón gCoimisiún (5),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429 ón gCoimisiún (6),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/909 ón gCoimisiún (7),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1100 ón gCoimisiún (8),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/545 ón gCoimisiún (9),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 ón gCoimisiún (10),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1795 ón gCoimisiún (11),

Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/2075 ón gCoimisiún (12),

Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13),

Rialachán (AE) 2016/2338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14),

Rialachán (AE) 2019/554 ón gCoimisiún (15),

Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 ón gCoimisiún (16),

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/761 ón gCoimisiún (17),

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/762 ón gCoimisiún (18),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/6 ón gCoimisiún (19),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/278 ón gCoimisiún (20),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/545 ón gCoimisiún (21),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/763 ón gCoimisiún (22),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/764 ón gCoimisiún (23),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/867 ón gCoimisiún (24),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/868 ón gCoimisiún (25),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/250 ón gCoimisiún (26),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/772 ón gCoimisiún (27),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún (28),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/774 ón gCoimisiún (29),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/775 ón gCoimisiún (30),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/776 ón gCoimisiún (31),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/777 ón gCoimisiún (32),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/778 ón gCoimisiún (33),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/779 ón gCoimisiún (34),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/387 ón gCoimisiún (35),

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/424 ón gCoimisiún (36),

Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37),

Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38),

Treoir 2014/38/AE ón gCoimisiún (39),

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún (40),

(4)

Ba cheart Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar na dréacht-chinntí ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar na dréacht-chinntí ó Chomhchoiste LEE (41).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

(4)  Treoir (AE) 2016/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Treoir 2012/34/AE a mhéid a bhaineann leis an margadh le haghaidh seirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a oscailt agus maidir le rialachas an bhonneagair iarnróid (IO L 352, 23.12.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/171 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2015 maidir le gnéithe áirithe den nós imeachta um cheadúnú gnóthas iarnróid (IO L 29, 5.2.2015, lch. 3).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/429 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 lena leagtar amach módúlachtaí atá le leanúint chun gearradh costas a chur i bhfeidhm ar éifeachtaí torainn (IO L 70, 14.3.2015, lch. 36).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/909 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2015 maidir leis na módúlachtaí chun costas a ríomh a tabhaíodh go díreach de thoradh an tseirbhís traenach a oibriú (IO L 148, 13.6.2015, lch. 17).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1100 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2015 maidir le hoibleagáidí tuairiscithe na mBallstát faoi chuimsiú faireachán ar an margadh iarnróid (IO L 181, 9.7.2015, lch. 1).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/545 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2016 maidir le nósanna imeachta agus critéir a bhaineann le creat-chomhaontuithe maidir le leithdháileadh toilleadh bonneagair iarnróid (IO L 94, 8.4.2016, lch. 1).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2017 maidir le rochtain ar shaoráidí seirbhísí agus ar sheirbhísí a bhaineann leis an iarnród (IO L 307, 23.11.2017, lch. 1).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1795 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2018 lena leagtar síos nós imeachta agus critéir maidir le cur i bhfeidhm na tástála cothromaíochta eacnamaíche de bhun Airteagal 11 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 21.11.2018, lch. 5.)

(12)  Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/2075 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2017 a chuirtear in ionad Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 295, 14.11.2017, lch. 69).

(13)  Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2016/2338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a mhéid a bhaineann leis an margadh do sheirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a oscailt (IO L 354, 23.12.2016, lch. 22).

(15)  Rialachán (AE) 2019/554 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhniúchán a dhéanamh ar thiománaithe traenach a bhfuil innill féinghluaiste agus traenacha á n-oibriú acu i gcóras iarnróid an Chomhphobail (IO L 97, 8.4.2019, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2014 maidir leis an tsonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann leis na feidhmchláir theileamaitice d’fhochórais lasta an chórais iarnróid san Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 62/2006 (IO L 356, 12.12.2014, lch. 438).

(17)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/761 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2018 lena mbunaítear modhanna comhchoiteanna sábháilteachta maidir le maoirseacht a dhéanann údaráis náisiúnta sábháilteachta tar éis deimhniú aonair sábháilteachta nó údarú sábháilteachta a eisiúint de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2012 ón gCoimisiún (IO L 129, 25.5.2018, lch. 16).

(18)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/762 ón gCoimisiún an 8 Márta 2018 lena mbunaítear modhanna comhchoiteanna sábháilteachta maidir le ceanglais i ndáil le córas bainistíochta sábháilteachta de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1158/2010 agus (AE) Uimh. 1169/2010 ón gCoimisiún (IO L 129, 25.5.2018, lch. 26).

(19)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/6 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2017 maidir le plean imscartha an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (IO L 3, 6.1.2017, lch. 6).

(20)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/278 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2018 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 a mhéid a bhaineann le struchtúr na dteachtaireachtaí, leis an tsamhail sonraí agus teachtaireachtaí, leis an mBunachar Sonraí Oibriúcháin Vaigín agus Aonaid Idirmhódúil, agus chun caighdeán TF a ghlacadh le haghaidh sraith chumarsáide an Chomhéadain Choitinn (IO L 54, 24.2.2018, lch. 11).

(21)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/545 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2018 lena mbunaítear socruithe praiticiúla maidir leis an bpróiseas údaraithe um fheithiclí iarnróid agus um chineál feithiclí iarnróid de bhun Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 90, 6.4.2018, lch. 66).

(22)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/763 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2018 lena mbunaítear socruithe praiticiúla maidir le deimhnithe sábháilteachta aonair a eisiúint chuig gnóthais iarnróid de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 653/2007 ón gCoimisiún (IO L 129, 25.5.2018, lch. 49).

(23)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/764 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2018 maidir leis na táillí agus na muirir iníoctha le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus na coinníollacha a bhaineann lena n-íocaíocht (IO L 129, 25.5.2018, lch. 68).

(24)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/867 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2018 lena leagtar síos Rialacha Nós Imeachta Bhoird Achomhairc Ghníomhaireachta Iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 149, 14.6.2018, lch. 3).

(25)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/868 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1301/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 a mhéid a bhaineann le forálacha maidir le córas tomhais fuinnimh agus córas bailithe sonraí (IO L 149, 14.6.2018, lch. 16).

(26)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/250 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2019 maidir le teimpléid na ndearbhuithe agus na ndeimhnithe “CÉ” le haghaidh comhábhair idir-inoibritheachta agus fochórais iarnróid, maidir le múnla an dearbhaithe comhréireachta le haghaidh cineál údaraithe feithicil iarnróid agus maidir leis na nósanna imeachta um fhíorú “CÉ” le haghaidh fochóras i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 201/2011 ón gCoimisiún (IO L 42, 13.2.2019, lch. 9).

(27)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/772 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 a mhéid a bhaineann le fardal na sócmhainní d’fhonn bacainní ar inrochtaineacht a shainaithint, faisnéis a chur ar fáil d’úsáideoirí agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le hinrochtaineacht (IO L 139 I, 27.5.2019, lch. 1).

(28)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistithe tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/757/AE (IO L 139 I, 27.5.2019, lch. 5).

(29)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/774 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1304/2014 a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na sonraíochta teicniúla don idir-inoibritheacht a bhaineann leis an bhfochóras “rothstoc – torann” i leith vaigíní lastais atá ann cheana (IO L 139 I, 27.5.2019, lch. 89).

(30)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/775 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 a mhéid a bhaineann le Bainistiú Rialaithe Athruithe (IO L 139 I, 27.5.2019, lch. 103).

(31)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/776 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 321/2013, (AE) Uimh. 1299/2014, (AE) Uimh. 1301/2014, (AE) Uimh. 1302/2014, (AE) Uimh. 1303/2014 agus (AE) 2016/919 ón gCoimisiún agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le hailíniú le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus cur chun feidhme na gcuspóirí sonracha a leagtar amach i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún (IO L 139 I, 27.5.2019, lch. 108).

(32)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/777 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis na sonraíochtaí coiteanna chlár an bhonneagair iarnróid agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/880/AE (IO L 139 I, 27.5.2019, lch. 312).

(33)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/778 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 a mhéid a bhaineann le Bainistiú Rialaithe Athruithe (IO L 139 I, 27.5.2019, lch. 356).

(34)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/779 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leagtar síos forálacha mionsonraithe maidir le córas deimhniúcháin le haghaidh eintiteas atá freagrach as cothabháil feithiclí de bhun Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 445/2011 ón gCoimisiún (IO L 139 I, 27.5.2019, lch. 360).

(35)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/387 ón gCoimisiún an 9 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 321/2013, (AE) Uimh. 1302/2014 agus (AE) 2016/919 a mhéid a bhaineann leis an limistéar úsáide a leathnú agus leis na céimeanna aistrithe (IO L 73, 10.3.2020, lch. 6).

(36)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/424 ón gCoimisiún an 19 Márta 2020 maidir le faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin a mhéid a bhaineann le neamhchur i bhfeidhm sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 (IO L 84, 20.3.2020, lch. 20).

(37)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

(38)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).

(39)  Treoir 2014/38/AE ón gCoimisiún an 10 Márta 2014 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailliú torainn (IO L 70, 11.3.2014, lch. 20).

(40)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1614 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh na gclár feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 47 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/756/CE ón gCoimisiún (IO L 268, 26.10.2018, lch. 53).

(41)  Féach doiciméid ST 11745/21 agus ST 11746/21 ar http://register.consilium.europa.eu


1.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 348/27


CINNEADH (AE) 2021/1743 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meán Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a mhéid a bhaineann le Coiste Teicniúil um Iompar Uisce-iompartha agus Ilmhódúlacht a bhunú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (“TCT”) a thabhairt i gcrích de bhun Chinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.

(2)

Bunaíodh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le TCT chun TCT a riar agus a chur chun feidhme mar is cuí. De bhun Airteagal 26 de TCT, tá an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le cinntí a ghlacadh chun coistí teicniúla a bhunú.

(3)

Is féidir le coistí teicniúla tograí a dhéanamh ina réimse freagrachta don Choiste Stiúrtha Réigiúnach le haghaidh cinnidh. Tá na coistí teicniúla comhdhéanta d’Ionadaithe na bPáirtithe Conarthacha in TCT. Is féidir le Ballstáit uile an Aontais a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir.

(4)

Tá an Coiste Stiúrtha Réigiúnach le cinneadh a ghlacadh go luath maidir le Coiste Teicniúil um Iompar Uisce-iompartha agus Ilmhódúlacht a bhunú.

(5)

Trí Choiste Teicniúil um Iompar Uisce-iompartha agus Ilmhódúlacht a bhunú, cabhrófar le haidhm TCT a bhaint amach, eadhon Comhphobal Iompair a chruthú i réimse an iompair de bhóthar, d’iarnród, d’uiscebhealaí intíre agus de mhuir, chomh maith le gréasán iompair a fhorbairt idir an tAontas agus Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa.

(6)

Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag Coiste Teicniúil um Iompar Uisce-iompartha agus Ilmhódúlacht aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ríthábhachtacha a bhaineann le hiompar uisce-iompartha, lena gcuimsítear gnóthaí muirí, uiscebhealaí intíre agus calafoirt, chomh maith le dul i ngleic leis na gnéithe ilmhódúlachta d’iompair den sórt sin, agus maidir le leas éifeachtach a bhaint as iompair den sórt sin a chur chun cinn.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach a bhunú, a mhéid a bhaineann le Coiste Teicniúil um Iompar Uisce-iompartha agus Ilmhódúlacht a bhunú, ós rud é go bhfuil an cinneadh sin riachtanach le haghaidh TCT a chur chun feidhme agus ós rud é go mbeidh sé ina gceangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach arna bhunú ag an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, maidir le Coiste Teicniúil um Iompar Uisce-iompartha agus Ilmhódúlacht a bhunú, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste Stiúrtha Réigiúnach (2).

Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach toiliú le mionathruithe ar an dréachtchinneadh sin gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. KUSTEC


(1)  Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1).

(2)  Féach doiciméad ST 11514/21 ar http://register.consilium.europa.eu.