|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 334 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
22.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 334/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1691 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Iúil 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais ar oibreoirí in earnáil an táirgthe orgánaigh maidir le taifid a choimeád
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 34(8) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, leagtar amach roinnt ceanglas chun taifid a choimeád ar rialacha sonracha táirgthe áirithe. D’fhéadfadh taifid a bheith ábhartha i dtaca le críocha inrianaitheachta, le rialú inmheánach cáilíochta agus le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh orgánach a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. |
|
(2) |
D’ainneoin na bhforálacha maidir le taifid a choimeád a leagtar amach in Airteagal 9(10), pointe (c), Airteagal 34(5) agus Airteagal 39(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848, is gá mionsonrú breise a dhéanamh ar na híoscheanglais maidir le taifid a choinneáil i ngach réimse den táirgeadh a chumhdaítear leis na codanna éagsúla d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(3) |
Is gá freisin gnéithe sonracha áirithe a thabhairt isteach lena áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht agus bonn comhchuibhithe le taifid a choimeád, rud a mheastar a bheith ríthábhachtach ionas go mbeidh oibreoirí in ann fianaise a sholáthar ar chur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha maidir le táirgeadh orgánach. |
|
(4) |
Na leasuithe a dhéantar leis an Rialachán seo, is leasuithe iad atá gan dochar do na ceanglais maidir le taifid a choimeád, ceanglais a leagtar amach i ngníomhartha eile de chuid an Aontais amhail na ceanglais a bhaineann le bia agus sábháilteacht bia, beatha agus sábháilteacht beatha, sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí, cosaint plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí. Dá bhrí sin, chun críocha Rialachán (AE) 2018/848, na hoibreoirí sin a chomhlíonann cheana na ceanglais maidir le taifid a choimeád faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais, ní bheidh orthu taifid a dhéanamh ach de na gnéithe comhlántacha lenar féidir fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na rialacha maidir leis an táirgeadh orgánach, agus ní bheidh gá iad a dhúbailt. Mar sin féin, in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 a leasaítear leis an Rialachán seo, déantar athrá ar cheanglais áirithe maidir le taifid a choimeád toisc go bhfuil siad ábhartha i dtaca le hoibreoirí i dtríú tíortha. |
|
(5) |
A mhéid a bhaineann le rialacha maidir le táirgeadh plandaí, chun taifead a dhéanamh de shonraí faoi úsáid leasachán agus oiriúntóirí ithreach, ní mór paraiméadair áirithe cur chun feidhme a chur san áireamh ós rud é go bhfuil úsáid leasachán sa táirgeadh orgánach faoi réir srianta cainníochtúla agus cáilíochtúla araon, srianta nach mór a chur san áireamh i gcásanna nach leor bearta agranamaíocha chun riachtanais chothaitheacha plandaí a chomhlíonadh. |
|
(6) |
Maidir le táirgí cosanta plandaí agus le táirgí glantacháin agus dífhabhtúcháin, amhail bithicídí agus glantaigh, tá a n-úsáid sin faoi réir srianta ar an táirgeadh orgánach agus tá sí teoranta do chásanna nár chuir bearta coisctheacha bac ar theagmhas ná ar scaipeadh lotnaidí agus galar agus tá sé teoranta i ngach cás do tháirgí agus do shubstaintí atá ceadaithe de bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/848. Gan dochar do na ceanglais maidir le taifid a choimeád a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (2) agus Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is gá a cheangal ar oibreoirí taifead a dhéanamh de na coinníollacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm i gcás ina mbíonn orthu dul i muinín táirge cosanta plandaí, bithicídí nó glantaigh a úsáid, lena léiriú, i gcás inarb ábhartha, go gcomhlíontar na srianta is infheidhme agus go n-urramaítear an mhinicíocht a mholtar agus an tréimhse réamhbhuana. |
|
(7) |
Toisc gur féidir saintréithe éagsúla a bheith i ndáileachtaí talún agus go mbíonn barra éagsúla iontu, is féidir le dálaí agranamaíocha a bheith éagsúil. Tugann sé sin le tuiscint gur úsáid éagsúil a bhaintear as ionchuir sheachtracha, ag brath ar an dáileacht atá i gceist, nuair a chuirtear i bhfeidhm iad. Dá bhrí sin, ba cheart taifead a dhéanamh ar ionchuir sheachtracha i ndáil leis an dáileacht ina n-úsáidtear an t-ionchur chun gur féidir le hoibreoirí faireachán a dhéanamh ar an éifeachtúlacht agus chun taifid iomchuí a chur ar fáil chun críocha inrianaitheachta agus, i gcás inarb ábhartha, fianaise dhoiciméadach a chur ar fáil, fianaise a bhaineann le haon mhaolú ar rialacha táirgthe plandaí a fuarthas i gcomhréir le pointe 1.8.5 de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. |
|
(8) |
Agus plandaí fiáine agus a dtáirgí á mbailiú, is gá ceangal a chur ar oibreoirí taifid a choimeád ar na speicis lena mbaineann agus ar chainníochtaí agus ar thréimhsí bailiúcháin i ngnáthóg nádúrtha ar leith ionas go mbeidh inrianaitheacht ann agus go ndéanfar comhlíonadh na gcoinníollacha gnáthóige nádúrtha a fhíorú. |
|
(9) |
Maidir le rialacha maidir le táirgeadh beostoic, i bhfianaise na maoluithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na rialacha sin a deonaíodh faoi phointí 1.3.4.3, 1.3.4.4, 1.7.5, 1.7.8, 1.9.3.1(c) agus 1.9.4.2(c) de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, ba cheart d’oibreoirí fianaise dhoiciméadach a bhaineann leis na maoluithe sin a choimeád ar fáil chun go bhféadfar inrianaitheacht a cheadú agus rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha is infheidhme. |
|
(10) |
Gan dochar do cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ba cheart d’oibreoirí taifid mhionsonraithe a choimeád ar thionscnamh ainmhithe a thugtar isteach sa ghabháltas agus ar a n-iarthaifid tréidliachta ábhartha chun inrianaitheacht a áirithiú agus chun go léireofar comhlíontacht leis na coinníollacha sonracha a leagtar amach i gCodanna II agus III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. |
|
(11) |
Ina theannta sin, chun taifead a dhéanamh ar chomhlíontacht le riachtanais chothaitheacha atá sonrach ó thaobh speicis agus leis na rialacha ábhartha maidir le cothú a leagtar amach i dtaca leis na grúpaí éagsúla ainmhithe i gCuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, ba cheart d’oibreoirí taifid mhionsonraithe a choimeád ar an gcóras beathaithe agus ar na tréimhsí innilte. |
|
(12) |
Gan dochar do na ceanglais maidir le taifid a choimeád agus le sainaithint a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus i Rialachán (AE) 2016/429, i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus i dTreoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), i bhfianaise na dteorainneacha sonracha arna leagan síos faoi na rialacha maidir le táirgeadh orgánach, is iomchuí roinnt ceanglas sonrach a leagan síos maidir le taifid a choimeád ar chóireálacha tréidliachta agus le foirgneamh, le suiteálacha agus le hainmhithe a ghlanadh agus a dhíghalrú, chun gur féidir le hoibreoirí a léiriú don údarás inniúil nó don chomhlacht rialúcháin go bhfuil na ceanglais ábhartha á gcomhlíonadh agus ag an am céanna gur féidir éifeachtúlacht agus urramú tréimhsí sonracha aistarraingthe a fhíorú. |
|
(13) |
Gan dochar do na ceanglais inrianaitheachta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ionas go mbeidh inrianaitheacht ann agus go bhféadfar comhlíontacht le rialacha maidir le táirgeadh orgánach a fhíorú, lena n-áirítear na rialacha maidir le tréimhsí tiontaithe do na speicis éagsúla, is gá go gcoimeádfadh oibreoirí taifid mhionsonraithe ar aon ainmhí a thagann chuig an ngabháltas nó a fhágann é. |
|
(14) |
I measc na gceanglas tithíochta agus feirmeoireachta maidir le héanlaith chlóis, tá ceanglais shonracha ann a bhaineann le córais tógála áirithe a mhéid a bhaineann le tréimhse téarnaimh a urramú. Ba cheart an fhianaise dhoiciméadach ábhartha a choimeád chun go bhféadfar faireachán ceart a dhéanamh. |
|
(15) |
I bhfianaise ábharthacht shuíomh na mbeachlann i limistéir inar cheart a áirithiú go mbeadh neachtar agus pailin a thagann ó bharra a táirgeadh go horgánach ar fáil, nó ó limistéir neamhéillithe nádúrtha nó ó bharra faoi mhodhanna ar beag a dtionchar ar an gcomhshaol, chun aon éilliú ar bheachlanna a sheachaint, ní mór d’oibreoirí léarscáil de na limistéir a úsáidtear a choimeád chomh maith le taifid ar aon ionchur seachtrach a úsáideadh agus ar aon oibríocht a dhéantar ar na coirceoga beach. |
|
(16) |
A mhéid a bhaineann le rialacha táirgthe maidir le hainmhithe dobharshaothraithe, i bhfianaise na maoluithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na rialacha sin a deonaíodh faoi phointí 3.1.2.1(d) agus (e) de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, ba cheart d’oibreoirí fianaise dhoiciméadach a choimeád a bhaineann leis na maoluithe sin chun go bhféadfar inrianaitheacht a cheadú agus rialú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na coinníollacha is infheidhme. |
|
(17) |
Go háirithe, tá úsáid na n-ionchur seachtrach faoi réir srianta faoi Rialachán (AE) 2018/848 agus tá sé le taifeadadh mar atá i gcás leasacháin nó cothaithigh a úsáidtear i dtáirgeadh orgánach algaí, nach féidir a úsáid ach amháin nuair a údaraítear iad de bhun Airteagal 24 den Rialachán sin agus atá teoranta do shaoráidí laistigh agus atá le cur i bhfeidhm faoi choinníollacha áirithe. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí na húsáidí sin a thaifeadadh chun a léiriú go gcomhlíontar na coinníollacha is infheidhme. |
|
(18) |
Is gá freisin ceanglais a shocrú maidir le taifid a choimeád i ndáil leis na forálacha sonracha maidir le hógánaigh chun críocha pórúcháin nó tuilleadh fáis, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an am beacht ina dtarlaíonn siad le linn thimthriall an táirgthe ainmhithe agus tréimhse thosaigh tiontaithe. |
|
(19) |
Tá córais bheathaithe na n-ainmhithe dobharshaothraithe beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha chothaitheacha gach speicis ag na céimeanna éagsúla forbartha. Dá bhrí sin, agus na forálacha mionsonraithe maidir le hábhair bheatha údaraithe á gcur san áireamh, lena n-áirítear nuair is de thionscnamh neamhorgánach iad, ba cheart taifid a choimeád ar an gcóras beathaithe i gcás gach speicis lena mbaineann, le sonraí i gcomhair na gcéimeanna éagsúla forbartha. |
|
(20) |
Tá cúram sláinte ainmhithe dobharshaothraithe bunaithe ar chosc agus ar fhaireachán a dhéanamh ar fholláine na n-ainmhithe. Dá bhrí sin, is gá taifid a choimeád ar na gníomhaíochtaí éagsúla a cuireadh i bhfeidhm ionas go gcuirfear teorainn, a mhéid is féidir, leis an úsáid is féidir a bhaint as cóireálacha tréidliachta, cóireálacha a thagann faoi réir srianta diana ó thaobh a minicíochta mar aon leis an líon díobh a bhíonn ann, ag brath ar fhad shaolré an speicis lena mbaineann. Is gá na ceanglais chomhfhreagracha maidir le taifid a choimeád a leagan síos. |
|
(21) |
Is le cleachtais feirmeoireachta cearta a chinntear dea-bhail na n-ainmhithe. I gcomhthéacs an dobharshaothraithe, baineann ríthábhacht le cáilíocht an uisce agus le teorannacha an dlúis stoc agus le paraiméadair ábhartha cheimiceacha-fhisiceacha chun leas na n-ainmhithe a dhéanamh. Dá bhrí sin, is gá taifid de na sonraí sin a bheith ann mar aon le cineál na n-idirghabhálacha agus le tráth a ndéanta, ar idirghabhálacha iad a rinneadh chun faireachán a dhéanamh ar chothabháil na gcoinníollacha is fearr le haghaidh ainmhithe dobharshaothraithe agus ar na bearta a rinneadh chun rialacha maidir le táirgeadh orgánach a urramú sna céimeanna éagsúla a bhaineann le forbairt na n-ainmhithe sin. Sa dobharshaothrú orgánach, is féidir úsáid a bhaint as aerú, ach tá úsáid na hocsaigine teoranta do chásanna sonracha. Dá bhrí sin, ba cheart taifid a choimeád ar na cineálacha idirghabhála sin. |
|
(22) |
Gan dochar do na ceanglais maidir le taifid a choimeád faoi Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, ba cheart d’oibreoirí a tháirgeann bia próiseáilte orgánach agus/nó beatha phróiseáilte orgánach taifid mhionsonraithe a choimeád chun comhlíontacht a léiriú leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach, go háirithe maidir leis na bearta réamhchúraim a cuireadh i bhfeidhm ionas go n-áiritheofar sláine na dtáirgí orgánacha, na gcoinníollacha sonracha maidir le hionchuir sheachtracha a úsáid agus na dtáirgí glantacháin agus dífhabhtúcháin a úsáid. Thairis sin, ionas gur féidir an chothromaíocht iomchuí ionchuir agus aschuir a fhíorú, ba cheart d’oibreoirí na sonraí atá ar fáil a choimeád maidir leis an ionchur a úsáidtear agus i gcás táirgí ilchodacha, ba cheart dóibh na hoidis/na foirmlí ina n-iomláine chomh maith le fianaise dhoiciméadach a choimeád, i gcás inarb infheidhme, maidir le húdaruithe le haghaidh úsáid comhábhair talmhaíochta neamhorgánacha i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/848. |
|
(23) |
Gan dochar do na ceanglais maidir le taifid a choimeád faoi Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, ba cheart d’oibreoirí a tháirgeann fíon orgánach taifid mhionsonraithe a choimeád chun comhlíontacht leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach a léiriú, go háirithe i dtaca le haon táirge seachtrach agus le haon substaint sheachtrach a úsáidtear i dtáirgeadh fíona agus i ndáil le glanadh agus le dífhabhtú. |
|
(24) |
Gan dochar do na ceanglais maidir le taifid a choimeád faoi Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, ba cheart d’oibreoirí a tháirgeann giosta orgánach taifid mhionsonraithe a choimeád chun comhlíontacht leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach a léiriú, go háirithe i dtaca leis na táirgí agus na substaintí a úsáidtear i dtáirgeadh giosta agus le glanadh agus dífhabhtú. |
|
(25) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 a leasú dá réir. |
|
(26) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).
(6) Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lch. 1).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 mar a leanas:
|
1. |
Leasaítear Cuid I mar a leanas:
|
|
2. |
Leasaítear Cuid II mar a leanas:
|
|
3. |
Leasaítear Cuid III mar a leanas:
|
|
4. |
Leasaítear Cuid IV mar a leanas:
|
|
5. |
Leasaítear Cuid V mar a leanas:
|
|
6. |
i gCuid VI, cuirtear isteach an pointe 2.3 seo a leanas:
|
|
7. |
i gCuid VII, cuirtear isteach an pointe 1.5 seo a leanas:
|
|
22.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 334/9 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1692 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Meán Fómhair 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní V, XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir leis na hiontrálacha a bhaineann leis an mBotsuáin ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, táirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus feoil úr agus táirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de,
De bharr an méid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos, inter alia, na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus tá feidhm aige ón 21 Aibreán 2021. Ceann de na ceanglais sláinte ainmhithe sin is ea gur cheart gur ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin, a thiocfaidh na coinsíneachtaí sin. |
|
(2) |
Tá Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) mar fhorlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, is éard a fhoráiltear nach gceadófar coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha ná táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoina raon feidhme a thabhairt isteach san Aontas ach amháin más ó thríú tír nó ó thríú críoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch a thagann siad, a liostaítear le haghaidh an speicis agus na gcatagóirí áirithe sin ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch i gcomhréir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear do na speicis agus do na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. |
|
(4) |
Go háirithe, le hIarscríbhinn V, Iarscríbhinn XIV agus Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach anois na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr agus de tháirgí feola ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
|
(5) |
An 6 Meán Fómhair 2021, thug an Bhotsuáin fógra don Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) faoi ráig den fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI). Bhí an ráig sin ann i gceantar Kgatleng den tríú tír sin, agus deimhníodh í an 27 Lúnasa 2021 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(6) |
Sonraítear sna liostaí de thríú tíortha, de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chrios a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV agus i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 go n-údaraítear coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr agus de tháirgí feola ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas ón mBotsuáin. Ina theannta sin, faoi láthair, i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, ní cheanglaítear aon chóireáil mhaolaithe riosca chun coinsíneachtaí de tháirgí feola raitíteach ón tríú tír sin a theacht isteach san Aontas. |
|
(7) |
I ngeall ar an riosca a bhaineann le HPAI a thabhairt isteach san Aontas, riosca atá nasctha le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr agus de tháirgí feola ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas ón mBotsuáin, agus in éagmais ráthaíochtaí lena bhféadfaí an tríú tír sin a réigiúnú, níor cheart údarú a thabhairt a thuilleadh coinsíneachtaí den sórt sin a thabhairt isteach san Aontas. Ina theannta sin, ba cheart cóireáil laghdaithe riosca D a cheangal, i gcomhréir le hIarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, chun coinsíneachtaí de tháirgí feola raitíteach ón tríú tír sin a theacht isteach san Aontas. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, na hiontrálacha a bhaineann leis an mBotsuáin i liostaí de thríú tíortha, de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch a leagtar amach sna táblaí i gCodanna 1 d’Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV agus sa tábla i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch reatha sa tríú tír sin a chur san áireamh. |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn V, Iarscríbhinn XIV agus Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Tríd an staid eipidéimeolaíoch reatha sa Bhotsuáin a chur san áireamh maidir le HPAI, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn V, Iarscríbhinn XIV agus Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn V, Iarscríbhinn XIV agus Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn V, Cuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an mBotsuáin:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an mBotsuáin:
|
|
(3) |
in Iarscríbhinn XV, i gCuid 1, i Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an mBotsuáin:
|
CINNTÍ
|
22.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 334/12 |
CINNEADH (CBES) 2021/1693 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Meán Fómhair 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/2010 i dtaca le leathadh agus gáinneáil aindleathach mionairm, armáin éadroma (SALW) agus armlóin agus a dtionchar i Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib a chosc i gcreat na Straitéise AE i gcoinne Airm Thine, Mionairm agus Armáin Éadroma Aindleathacha agus a nArmlón, dar teideal “Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint”
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 17 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/2010 (1). |
|
(2) |
Foráiltear le Cinneadh (CBES) 2018/2010 do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh sin ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin. |
|
(3) |
D’iarr Eagraíocht na Stát Meiriceánach (OAS) go ndéanfaí tréimhse chur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2018/2010 a shíneadh 5 mhí, go dtí an 31 Bealtaine 2022, chun an mhoill ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí tionscadail faoi Chinneadh (CBES) 2018/2010 i ngeall ar thionchar phaindéim COVID-19 a cur san áireamh. |
|
(4) |
Is féidir leanúint leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2018/2010 go dtí an 31 Bealtaine 2022 gan aon iarmhairtí a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2018/2010 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5, mír 2, de Chinneadh (CBES) 2018/2010:
“2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Bealtaine 2022.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) Cinneadh (CBES) 2018/2010 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 chun tacú le leathadh aindleathach agus gáinneáil mionarm, armán éadrom agus armlón agus a dtionchar i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib a chomhrac faoi chuimsiú Straitéis an Aontais Eorpaigh in aghaidh Airm Thine, Mionairm agus Airm Éadroma Aindleathacha agus a nArmlón dar teideal “Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint” (IO L 322, 18.12.2018, lch. 27).
|
22.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 334/14 |
CINNEADH (CBES) 2021/1694 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Meán Fómhair 2021
chun tacú le huiliú, cur chun feidhme agus neartú an Choinbhinsiúin maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu (CCW)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh, 2016 (“Straitéis Dhomhanda an Aontais”), cuirtear i dtábhacht go gcuirfidh an tAontas dlús leis an méid a chuireann sé leis an gcomhshlándáil. |
|
(2) |
Tugtar ar aird i Straitéis Dhomhanda an Aontais go dtacaíonn an tAontas go láidir le conarthaí agus córais maidir le dí-armáil iltaobhach, neamhleathadh agus rialú arm a uiliú, a chur chun feidhme ina n-iomláine agus a fhorfheidhmiú. |
|
(3) |
Rialaítear le hionstraim amháin den sórt sin, eadhon Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a measfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu (“CCW”), úsáid gnáth-arm áirithe, i gcoinbhleacht armtha, a mheastar a bheith ina gcúis le ró-fhulaingt ag comhraiceoirí nó le díobháil neamh-idirdhealaitheach do phobail shibhialta. |
|
(4) |
Is mian leis an Aontas rannchuidiú le huiliú, chur chun feidhme agus neartú an CCW ionas go leanfaidh sé de bheith ina chuid láidir agus éifeachtach den chóras maidir le dí-armáil iltaobhach, neamhleathadh agus rialú arm. |
|
(5) |
Cinnfear ag an Séú Comhdháil Athbhreithnithe CCW, atá beartaithe do mhí na Nollag 2021, tosaíochtaí an CCW do na blianta beaga atá amach romhainn, chomh maith leis na straitéisí agus na sásraí chun na tosaíochtaí sin a chur i ngníomh. |
|
(6) |
Is mian leis an Aontas rannchuidiú le moltaí agus cinntí Séú Comhdháil Athbhreithnithe CCW a chur chun feidhme go héifeachtúil, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tacóidh an tAontas leis na tionscadail seo a leanas:
|
(1) |
Ullmhúchán don Séú Comhdháil Athbhreithnithe CCW agus obair leantach ina leith; |
|
(2) |
Tacaíocht d’uiliú CCW; |
|
(3) |
Plé a éascú maidir le saincheisteanna atá ábhartha do CCW nach bhfuil dóthain plé déanta orthu, atá ag teacht chun cinn agus a bhfuil baint leathan acu le gnéithe éagsúla. |
Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar na tionscadail sin san iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí’) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Is í Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) a dhéanfaidh cur chun feidhme theicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1.
Comhlíonfaidh UNODA a chúram faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le UNODA.
Airteagal 3
1. Is é EUR 1 603 517,64 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme.
2. Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid tagartha airgeadais a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 2. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú riachtanach i gcrích le UNODA. Sonróidh an comhaontú sin go gcaithfidh UNODA infheictheacht ranníocaíocht an Aontais a áirithiú, ar bhealach atá iomchuí le méid na ranníocaíochta sin.
4. Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí agus é sin á dhéanamh dó agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú sin chun críche.
Airteagal 4
1. Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha rialta ráithiúla arna n-ullmhú ag UNODA. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn le meastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle.
2. Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú chuig an gComhairle maidir le gnéithe airgeadais na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Rachaidh sé in éag 24 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag, áfach, sé mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm mura mbeidh aon chomhaontú tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
IARSCRÍBHINN
DOICIMÉAD TIONSCADAIL
Tionscadal chun tacú le huiliú, cur chun feidhme agus neartú an Choinbhinsiúin maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a mheasfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu (CCW) - HR(2021) 124
RÉASÚNAÍOCHT AGUS CÚLRA
Tháinig Coinbhinsiún 1980 ar Thoirmisc nó Srianta ar Úsáid Gnáth-Arm Áirithe a mheasfaí a bheith Ródhíobhálach nó a mheasfaí Éifeachtaí Neamh-Idirdhealaitheacha a bheith acu (CCW), nó “an Coinbhinsiún maidir le Gnáth-Airm Áirithe” mar is fearr aithne air, i bhfeidhm an 2 Nollaig 1983. Is é Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Taiscí an Choinbhinsiúin agus na bPrótacal atá i gceangal leis.
Is é atá i CCW, ar príomh-ionstraim den dlí daonnúil idirnáisiúnta é, bratchoinbhinsiún, lena leagtar amach an raon feidhme ginearálta agus na rialacha oibríochta, agus cúig phrótacal atá i gceangal leis, lena dtoirmisctear nó lena rialaítear cineál sonrach arm le gach aon cheann díobh. Is ionstraim dlí neamhspleách é gach aon phrótacal freisin lena mbaineann a bhallraíocht féin agus, i gcásanna áirithe, a shásra féin cur chun feidhme.
Tá sé cruthaithe gur sásra solúbtha é an Coinbhinsiún lenar féidir aghaidh a thabhairt ar réimse leathan dúshlán atá ag teacht chun cinn maidir le meáin agus modhanna na cogaíochta, rud a rannchuidíonn leis an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta (DDI) a chódú agus a fhorbairt de réir a chéile. Go háirithe, leis an tsolúbthacht sin, bhíothas in ann prótacail nua a chur leis an gCoinbhinsiún – Prótacal IV um airm léasair dhalltacha in 1996 agus Prótacal V maidir le fuílligh phléascacha chogaidh in 2003 – a cuireadh leis na trí phrótacal bhunaidh a glacadh in 1980. Thairis sin, in 2001, leathnaíodh raon feidhme an Choinbhinsiúin agus na bprótacal a ghabhann leis chun go mbeadh feidhm acu maidir le coinbhleachtaí armtha neamh-idirnáisiúnta. Ina theannta sin, pléadh saincheisteanna éagsúla nach gcumhdaítear leis na prótacail i bhformáid Grúpa Saineolaithe Rialtais, arb iad teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i réimse na gcóras arm uathrialaitheach marfach (LAWS) an ceann is déanaí díobh.
1. TIONSCADAIL
1.1. Tionscadal 1: Ullmhúchán don Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin agus obair leantach a dhéanamh ina leith
1.1.1. Cuspóir an tionscadail
Le Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin CCW, atá beartaithe a bheith ar siúl i mí na Nollag 2021, tugtar an deis do na hArdpháirtithe Conarthacha athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar oibriú agus ar stádas an Choinbhinsiúin agus na bprótacal a ghabhann leis, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis na cinntí a rinneadh le déanaí a chur chun feidhme. Meastar freisin go socróidh na hArdpháirtithe Conarthacha tosaíochtaí an Choinbhinsiúin do na blianta atá le teacht, chomh maith leis na straitéisí agus na sásraí chun na tosaíochtaí sin a chur i ngníomh. Is iomaí duine a smaoiníonn ar 2021 mar am cinniúnach chun an bealach chun cinn a chinneadh do CCW.
Mar thoradh ar an líon teoranta laethanta a cuireadh ar leataobh do chruinniú an Choiste Ullmhúcháin agus don Chomhdháil féin, ar an réimse leathan saincheisteanna is ábhartha don Choinbhinsiún agus a bhféadfadh an Chomhdháil aghaidh a thabhairt orthu, mar aon leis an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19 ar an bhféidearthacht tabhairt faoin ngnáthphróiseas comhairleach mar ullmhúchán don Chomhdháil Athbhreithniúcháin, ar cloch mhíle thar a bheith tábhachtach í, tá géarghá le tacaíocht a thabhairt don obair ullmhúcháin shubstainteach don Chomhdháil lena gcomhlánaítear an próiseas foirmiúil. Ina theannta sin, de bhrí go bhfuil baint ag roinnt earnálacha éagsúla (na hearnálacha míleata, daonnúla, taidhleoireachta, eolaíochta) le comhlíonadh chur chun feidhme CCW a áirithiú, maidir le hidirphlé il-gheallsealbhóra lena gcuirtear saineolas ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach roimh an gComhdháil, ní hamháin go bhfuil sé inmhianaithe ach tá sé riachtanach chun Comhdháil Athbhreithniúcháin lánbhrí a bhaint amach.
Chun dlús a chur leis an ullmhúchán substainteach don Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin, tá sé mar aidhm leis an gcolún seo, i ndlúthchomhar le sealbhóirí oifige CCW sa Ghinéiv, an obair a rinneadh le blianta beaga anuas a mheas, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta agus ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach. Trí thabhairt faoi ghníomhaíochtaí den chineál sin thabharfaí tacaíocht do na hArdpháirtithe Conarthacha chun an méid seo a leanas a dhéanamh: i) eolas cothrom le dáta a fháil faoi rudaí a thiteann amach atá ábhartha don Choinbhinsiún agus do gach ceann de na prótacail a ghabhann leis, ii) bearnaí agus dúshláin a aithint i ndáil le cur chun feidhme CCW mar aon le bealaí chun aghaidh a thabhairt orthu, iii) ábhair a d’fhéadfaí a bhreithniú ag an gComhdháil Athbhreithniúcháin a shainiú go tráthúil agus iv) seasaimh ghaolmhara náisiúnta agus réigiúnacha a fhorbairt, chomh maith le tograí féideartha lena mbreithniú ag an gComhdháil. Is é an cuspóir atá ann an deis is fearr is féidir a chur ar fáil do phlé níos eolasaí agus níos doimhne agus, dá réir sin, do thorthaí substainteacha ar an Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin.
Ina theannta sin, tá deis sa Chomhdháil Athbhreithniúcháin freisin chun uirlisí, foinsí faisnéise agus sásraí atá ann cheana a mheasúnú agus a fhorbairt a thuilleadh chun CCW a chur chun feidhme, amhail na tuarascálacha náisiúnta bliantúla ar an gCoinbhinsiún ina iomláine, Prótacal II Leasaithe agus Prótacal V. Agus luach na dtuarascálacha á aithint i dtaca le faisnéis a sholáthar faoi bheartas agus gníomhaíocht ar leibhéal na tíre, chomh maith le comhoibriú agus cúnamh idirnáisiúnta, cuireadh de chúram, ag an gCúigiú Comhdháil Athbhreithniúcháin in 2016, ar Chathaoirligh Chruinnithe bliantúla na nArdpháirtithe Conarthacha rátaí tuairiscithe níos airde a spreagadh. Mar sin féin, fanann na rátaí, faoi bhun 60 faoin gcéad de ghnáth, agus níor cuireadh anailís chórasach cháilíochtúil ar na tuarascálacha ar fáil fós. Tá sampla eile le feiceáil sa straitéis chun cúnamh teicniúil idirnáisiúnta a chur chun cinn agus acmhainneachtaí náisiúnta a neartú chun na bagairtí ó Ghairis Phléascacha Sheiftithe (IED) a chomhrac. Is éard atá i gceist leis sin Ceistneoir deonach 2015, a bhfuil leagan athbhreithnithe de le cur i láthair in 2021, agus Dearbhú 2016 maidir le IEDanna, ina ndírítear ar chosc, ar mhalartú faisnéise, ar mhaolú bagairtí agus ar oideachas maidir le rioscaí.
I ndiaidh na Comhdhála Athbhreithniúcháin, tionólfar pléití i ndlúthchomhar le sealbhóirí oifige CCW chun mionsaothrú a dhéanamh ar straitéisí agus ar ghníomhaíochtaí leantacha chun na cinntí a rinneadh ag an gComhdháil a chur chun feidhme. Leis na pléití sin, féachfar le tacú leis na hArdpháirtithe Conarthacha bealaí praiticiúla a shainaithint chun faireachán a dhéanamh ar iarrachtaí cur chun feidhme, ar bhonn náisiúnta agus réigiúnach, don tréimhse 5 bliana go dtí an Seachtú Comhdháil Athbhreithniúcháin.
1.1.2. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal
|
a) |
Idirphlé il-gheallsealbhóirí chun raon leathan tuairimí a roinnt maidir le comhlíonadh CCW. |
|
b) |
Tuiscint chomhroinnte ag na hArdpháirtithe Conarthacha ar na réimsí tosaíochta chun an Chomhdháil Athbhreithniúcháin a ullmhú. |
|
c) |
Feasacht mhéadaithe i measc shaineolaithe náisiúnta CCW agus rannchuidiú méadaithe uathu. |
|
d) |
Tuiscint níos doimhne ag toscairí CCW ar na dúshláin a bhaineann le cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach agus bealaí chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí sin. |
|
e) |
Deiseanna d’Ardpháirtithe Conarthacha tograí atá le tabhairt isteach ag an Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin a fhorbairt agus a shoiléiriú. |
|
f) |
Tacaíocht do shealbhóirí oifige i ndáil le hullmhúchán substaintiúil don Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin agus cur chun feidhme na gcinntí ón gComhdháil. |
1.1.3. Cur síos ar an tionscadal
Tionólfar suas le ceithre chruinniú théamacha roimh an Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin, agus ina diaidh, ar na hábhair seo a leanas:
|
i) |
na saincheisteanna a pléadh ó bhí an Chomhdháil Athbhreithniúcháin dheireanach ann in 2016, ar saincheisteanna iad nach mór tuilleadh anailíse a dhéanamh orthu; |
|
ii) |
rudaí a thit amach le déanaí atá ábhartha do phríomh-airteagail CCW agus do na cúig phrótacal a ghabhann leis; |
|
iii) |
roghanna chun cabhrú le sealbhóirí oifige cinntí a rinneadh le linn an Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin a chur chun feidhme. |
Rachfar i gcomhairle roimh ré le sealbhóirí oifige CCW agus leis na hArdpháirtithe Conarthacha chun na téamaí ar a ndíreofar ag gach cruinniú a chinneadh. Is é a bheidh mar aidhm ag na cruinnithe idirphlé a éascú i measc na nArdpháirtithe Conarthacha. Beidh cuir i láthair ó shaineolaithe mar chuid de na cruinnithe agus tabharfar deis d’ionadaithe ó earnálacha éagsúla, lena n-áirítear an Rialtas, an tsochaí shibhialta agus ó lucht acadúil, tuairimí a mhalartú. Go háirithe, cabhróidh cruinnithe i dtaca leis an dara sraith d’ábhair leis na hArdpháirtithe Conarthacha ullmhú don athbhreithniú, atá le tionól ag an gComhdháil Athbhreithniúcháin, ar gach airteagal agus prótacal den Choinbhinsiún. Ar bhonn níos nithiúla, cuirfear na gnéithe ar fáil d’Ardpháirtithe Conarthacha chun a chinneadh an rachadh athbhreithniú níos dlúithe, gníomhaíocht leantach nó leasú chun tairbhe d’aon airteagal den Choinbhinsiún nó do na prótacail a ghabhann leis, i bhfianaise na dtreochtaí agus na ndúshlán atá ann faoi láthair. Dréachtófar achoimre ar na pléití tar éis gach cruinnithe.
Má tá dóthain ama ann roimh an gComhdháil Athbhreithniúcháin, eagrófar ceardlanna réigiúnacha nó foréigiúnacha chun deis a thabhairt do chleachtóirí náisiúnta páirt a ghlacadh i bpléití leantacha, laistigh de ghrúpa níos lú, faoin eolas arna nochtadh ag na cruinnithe téamacha. Is iad taidhleoirí, ionadaithe ó earnáil na cosanta agus gníomhaireachtaí náisiúnta um chomhrac mianach de chuid na nArdpháirtithe Conarthacha a bheidh mar spriocphobal. Tabharfar cuireadh freisin d’eagraíochtaí réigiúnacha agus do Stáit shínithe. Breathnófar freisin ar fhor-rochtain ar leith a chur ar fáil d’Ardpháirtithe Conarthacha nár ghlac páirt i bpróisis CCW a bhí ann le déanaí, chun cuimsiú seasamh éagsúil a uasmhéadú agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin atá roimh na Stáit sin. Féachann na ceardlanna le comhthuiscint a chothú ar shaincheisteanna tábhachtacha agus le faisnéis a roinnt maidir le hiarrachtaí náisiúnta agus réigiúnacha chun CCW a chur chun feidhme, rud a d’fhéadfadh cur le coincheapú na dtograí atá le breithniú ag an gComhdháil Athbhreithniúcháin (1).
Thairis sin, d’fhéadfadh na ceardlanna cabhrú leis na hArdpháirtithe Conarthacha measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na n-uirlisí nó na dtreoracha atá ann cheana maidir le CCW a chur chun feidhme agus a chinneadh an bhfuil gá le cinn nua chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na hiarrachtaí náisiúnta i ndáil leis sin, lena n-áirítear faisnéis a mhalartú ar bhealach níos gníomhaí i measc na Stát. Mar shampla, is féidir seisiúin a dhíriú ar scrúdú a dhéanamh ar na comóntachtaí agus na treochtaí i measc na dtuarascálacha náisiúnta bliantúla maidir le comhlíonadh CCW, Prótacal II Leasaithe agus Prótacal V, chomh maith le bealaí chun cabhrú le meaitseáil idir Stáit a bhfuil cúnamh teicniúil de dhíth orthu agus iad siúd atá toilteanach é a sholáthar. Ina theannta sin, d’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh, le linn na seisiún, ar éifeachtacht na straitéise in aghaidh IEDanna agus ar bhearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa straitéis sin i gcreat CCW, bunaithe ar na dúshláin a shainaithint sa rialáil náisiúnta agus réigiúnach, san ullmhacht agus san acmhainneacht chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt IEDanna. I ndáil leis sin, déanfar gach iarracht is féidir, leis an tionscadal seo, feabhas a chur ar chórasú agus digiteáil na faisnéise caighdeánaithe a chuirtear ar fáil sna tuarascálacha náisiúnta, rud a d’fhéadfadh cur le hinrochtaineacht na faisnéise agus le trédhearcacht, chomh maith le hanailís agus cinnteoireacht atá bunaithe ar shonraí.
1.2. Tionscadal 2: Tacaíocht don uiliú
1.2.1. Cuspóir an tionscadail
Tá 125 Ardpháirtí Chonarthacha ag CCW, agus ceithre Stát (an Éigipt, an Nigéir, an tSúdáin agus Vítneam) a shínigh an Coinbhinsiún ach nár dhaingnigh é. D’ainneoin inoiriúnaitheacht CCW agus a ábhartha atá sé do raon leathan saincheisteanna práinneacha ar an leibhéal domhanda, tá ráta uilithe faoi bhun 50 faoin gcéad aige i réigiúin áirithe, rud a chuireann teorainn leis an limistéar geografach ina gcloítear leis na gnáthchaighdeáin a bhaineann leis agus rud a bhfuil tionchar aige ar chuimsitheacht agus éagsúlacht na bpeirspictíochtaí i bpríomhphlé.
Thacaigh Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/528/CBES an 23 Iúil 2007 leis an bPlean Gníomhaíochta chun uilíocht CCW a chur chun cinn, plean a ghlac an Tríú Comhdháil Athbhreithniúcháin, agus mar thoradh air sin tháinig méadú ar líon na nArdpháirtithe Conarthacha i CCW ó 100 in 2006 go 110 in 2009 (2). Ag an gCúigiú Comhdháil Athbhreithniúcháin in 2016, d’aithin Ardpháirtithe Conarthacha CCW go bhfuil an t-uiliú ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an gCoinbhinsiún, agus thug siad sainordú do shealbhóirí oifige machnamh a dhéanamh ar phlean gníomhaíochta nua a fhorbairt (CCW/CONF.V/10). Is é is aidhm don tionscadal seo tacú le Stáit nach bhfuil ina bpáirtithe tuiscint níos doimhne a fháil ar chuspóir agus ar fheidhmiú an Choinbhinsiúin, agus ar na buntáistí a bhaineann le ballraíocht agus iad a spreagadh chun páirt níos mó a ghlacadh i gcruinnithe CCW agus i ngníomhaíochtaí ábhartha. Féachann sé le hanailís a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann le huilíocht an Choinbhinsiúin a chur chun cinn, agus le cuidiú le sealbhóirí oifige agus le Stáit for-rochtain a dhéanamh ar bhealach comhordaithe, marthanach agus nuálach. Thairis sin, táthar ag súil leis an tionscadal go leathnófar agus go gcothabhálfar líonra na saineolaithe agus na gcleachtóirí ar an leibhéal náisiúnta a leanfaidh de bheith ag plé le pobal CCW tar éis thimthriall an tionscadail. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas feasacht agus tuiscint ar CCW a mhúscailt sna fóraim réigiúnacha agus bhaile, lena n-áirítear leas a bhaint as na deiseanna atá ann do pháirtithe neamh-ArdChonarthacha cloí leis an gCoinbhinsiún. Agus cuirfidh an líonra sin le líon na gcainteoirí ónar féidir tarraingt le haghaidh cruinnithe saineolaithe CCW dá réir sin.
De bhrí go bhfágann an ceanglas atá ar Stáit toiliú a bheith faoi cheangal ag dhá Phrótacal ar a laghad agus iad ag dul isteach sa Choinbhinsiún, go bhfágann sé go bhfuil an bhallraíocht i ngach Prótacal éagsúil, tacóidh an tionscadal seo le huiliú phrótacail an Choinbhinsiúin freisin. (3)
1.2.2. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal
|
a) |
Rannchuidiú le cur chuige comhordaithe, straitéiseach a bhunú i measc sealbhóirí oifige agus na nArdpháirtithe Conarthacha maidir le huilíocht. |
|
b) |
Tuiscint níos doimhne ar CCW i measc na n-údarás agus na saineolaithe náisiúnta ábhartha. |
|
c) |
Líonra saineolaithe agus cleachtóirí a chruthú do rannpháirtíocht leanúnach i gcreat iarrachtaí uilithe agus cur chun feidhme CCW ar leibhéal na tíre nó ar an leibhéal réigiúnach. |
|
d) |
Líon méadaithe Páirtithe Neamh-Ardchonarthacha a gealladh a rachaidh isteach sa CCW chun dul i mbun ghníomhaíochtaí CCW. |
|
e) |
Cloí níos cothroime ó thaobh geografaíochta de le CCW agus lena phrótacail. |
|
f) |
Gnéithe a fhorbairt lena mbreithniú ag sealbhóirí oifige chun go bhféadfaí Plean Gníomhaíochta nuashonraithe maidir le huiliú a mhúnlú. |
1.2.3. Cur síos ar an tionscadal
Tionólfar suas le sé cheardlann fhoréigiúnacha maidir le huiliú. I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta is déanaí maidir le huiliú, (4) tabharfar tosaíocht do Stáit nach páirtithe iad atá thíos le mianaigh agus le hiarsmaí pléascacha cogaidh, agus do réigiún ina bhfuil leibhéil ísle comhlíonta orthu, mar a mholtar thíos:
|
Réigiún |
Foréigiúin spriocdhírithe |
|
An Afraic |
Iad Uile |
|
An Áise agus an tAigéan Ciúin |
Oirdheisceart na hÁise An tAigéan Ciúin |
|
Oirthear na hEorpa |
Cugas |
|
Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib |
Muir Chairib |
Cuirfear fad agus ábhar na gceardlann in oiriúint do chomhthéacsanna foréigiúnacha, do thosaíochtaí agus do chumais, lena n-áirítear an tionchar a bhíonn ag cineálacha éagsúla arm atá faoi chúram CCW. Cuirfear an tionscadal chun feidhme i ndlúthchomhar le trí lárionad réigiúnacha UNODA san Afraic, san Áise agus san Aigéan Ciúin, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib.
Ós rud é go bhfuil an saineolas míleata agus an ghníomhaíocht dhaonnúil ábhartha do chur chun feidhme an Choinbhinsiúin, tabharfar cuireadh freisin d’ionadaithe ón earnáil cosanta agus do ghníomhaireachtaí náisiúnta um dhímhianú agus um ghníomhaireachtaí frithphléascacha, agus do shaineolaithe ar an mbeartas taidhleoireachta. Féachfar sna ceardlanna freisin le rannpháirtíocht Ardpháirtithe Conarthacha CCW ón réigiún faoi seach a lorg chun deis a thabhairt do mhalartú idir piaraí tarlú, chomh maith le hionadaithe ó eagraíochtaí réigiúnacha. I gcás inar féidir, tabharfar cuireadh do shealbhóirí oifige CCW agus do thoscairí na Stát comhfhreagrach atá bunaithe sa Ghinéiv.
I gcás páirtithe neamh-Ardchonarthacha a léiríonn go bhfuil spéis acu dul isteach i CCW le linn na gceardlann foréigiúnach, féadfar idirphlé tírshonrach a eagrú le grúpa geallsealbhóirí níos mó. Ina theannta sin, rachfar i dteagmháil arís le rannpháirtithe uile na gceardlann i dtreo dheireadh an tionscadail chun aiseolas a lorg agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn.
Ina theannta sin, eagrófar pléití grúpa bhig idir Ardpháirtithe Conarthacha i bprótacal ar leith agus iad siúd atá ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún ach nár tháinig isteach sa phrótacal, ionas gur féidir leis an gcéad cheann acu sin freagairt ar ábhair imní agus ar cheisteanna maidir le cur chun feidhme agus comhlíonadh náisiúnta. Tá sé seo ann chun uilíocht ní hamháin CCW ina iomláine a chur chun cinn, ach na prótacail chomh maith.
Tiomsófar nó forbrófar ábhair éagsúla oideachais agus for-rochtana ar CCW, agus cuirfear ar fáil iad ar leathanach tionscadail shuíomh gréasáin UNODA. Leis an tionscadal seo, tógfar ar an rath agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghníomhaíochtaí uilithe a rinneadh faoi chuimsiú Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2007 ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun tacú le CCW (2007/528/CBES), chomh maith le hiarrachtaí comhchosúla ag coinbhinsiúin eile dí-armála atá bunaithe sa Ghinéiv.
1.3. Tionscadal 3: Plé a éascú maidir le saincheisteanna atá ábhartha do CCW nach bhfuil dóthain plé déanta orthu, atá ag teacht chun cinn agus atá trasghearrtha
1.3.1 Cuspóir an tionscadail
Is é is aidhm don tionscadal seo saincheisteanna atá ábhartha don Choinbhinsiún a shainaithint agus a phlé, i ndlúthchomhar le sealbhóirí oifige CCW, ar saincheisteanna iad nach bhfuil dóthain plé déanta orthu, atá ag teacht chun cinn agus atá trasghearrtha, chun an próiseas foirmiúil a chomhlánú. Leis na gníomhaíochtaí sin, cuirfear fóram neamhfhoirmiúil, a bheidh bunaithe sa Ghinéiv, ar fáil do na hArdpháirtithe Conarthacha sa CCW chun na saincheisteanna sin a fhiosrú trí mhalartú idir geallsealbhóirí éagsúla chun tuiscint níos fearr ar na naisc idir saincheisteanna éagsúla a mhúscailt, agus chun comhlántacht na n-iarrachtaí laistigh d’earnálacha agus thar earnálacha a áirithiú.
1.3.2. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal:
|
a. |
Idirphlé cuimsitheach agus trasréigiúnach le geallsealbhóirí éagsúla chun obair leantach a dhéanamh ar shaincheisteanna nach ndearna dóthain plé orthu le linn chruinnithe CCW agus i bhfóraim eile. |
|
b. |
Forbairt na dtorthaí agus na ndoiciméad deiridh ina leagtar amach na hábhair a tarraingíodh anuas agus a pléadh agus, de réir mar is infheidhme, lena n-áirítear cuspóirí agus moltaí le haghaidh tuilleadh gníomhaíochta chun ionchur substainteach a chur ar fáil do chruinnithe CCW, go háirithe cruinnithe na saineolaithe. |
|
c. |
Líonra saineolaithe, cleachtóirí, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, le rannpháirtithe ón saol acadúil, ón tsochaí shibhialta, ón tionsclaíocht agus ón óige a chruthú chun páirt a ghlacadh i bpléití CCW. |
|
d. |
Tionscnaimh, imeachtaí agus torthaí anailíseacha a bhaineann le, agus atá ábhartha do CCW, a scaipeadh laistigh den líonra agus do lucht féachana níos leithne. |
|
e. |
éagsúlacht inscne níos mó a chur chun cinn i measc saineolaithe a ghlacann páirt i gcruinnithe CCW agus in idirphlé gaolmhar. |
1.3.3. Cur síos ar an tionscadal
Is féidir roinnt gníomhaíochtaí a shainaithint cheana féin, agus tiocfaidh gníomhaíochtaí eile chun cinn mar thoradh ar chinntí an Séú Comhdháil Athbhreithniúcháin a luaithe a bheidh an tionscadal ar siúl. Ag eascairt as sin, sainaithneoidh an tionscadal saincheisteanna nach bhfuil dóthain fiosraithe déanta orthu, ach ar fiú tuilleadh anailíse agus plé a dhéanamh orthu. Ar bhonn an phróisis sin, eagrófar sraith cruinnithe comhchéime agus seimineáir/seimineáir ghréasáin hibrideacha faoi stiúir lucht acadúil agus lucht tionscail ar mhaithe le pléití idir saineolaithe agus cleachtóirí, chun aird a tharraingt ar na saincheisteanna sin agus chun iad a scrúdú a thuilleadh. I measc na moltaí maidir le hábhair tá, inter alia, éabhlóid an Choinbhinsiúin, bealaí cuir chuige nuálacha chun cuspóir agus cuspóirí an Choinbhinsiúin agus a phrótacail a chomhlíonadh, chomh maith le rannpháirtíocht fhóinteach na mban i gcinntí dí-armála, beartais agus clársceidealaithe. Ina theannta sin, agus más féidir, eagrófar imeachtaí eile maidir leis na hábhair sin sa Ghinéiv ar imeall chruinnithe CCW.
Ina theannta sin, déanfar príomhghníomhaithe i Rialtais, in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, sa saol acadúil, sa tsochaí shibhialta, i ngrúpaí don óige agus sa tionsclaíocht, chomh maith leis na tionscnaimh dá gcuid atá ann cheana agus atá pleanáilte lena bhféadfaí cur le plé maidir le CCW, déanfar iad a mhapáil chun cuidiú le hiarrachtaí cur chun feidhme a dhéanfar amach anseo. Agus leas á bhaint as an méid sin, baileofar agus scaipfear faisnéis maidir le himeachtaí agus tionscnaimh atá ar na bacáin, arna n-eagrú ag príomhghníomhaithe, mar aon le torthaí agus conclúidí staidéar agus taighde atá ábhartha do CCW.
Tiomsófar torthaí agus torthaí na ngníomhaíochtaí uile faoin tionscadal sin, i gcás inar féidir agus go measfar go mbeidh siad úsáideach agus iad aistrithe, agus cuirfear ar fáil don phobal iad, inter alia, chun geallsealbhóirí nua a thabhairt isteach ar bhealach a bheidh cuimsitheach go geografach agus ó thaobh teanga de. Ina theannta sin, más féidir agus más iomchuí, ceapfar gníomhaíochtaí leantacha, ina rachfar i gcomhairle le príomhpháirtithe leasmhara amhail sealbhóirí oifige CCW reatha agus roimhe seo.
2. MODHEOLAÍOCHT
Déanfar gníomhaíochtaí an tionscadail seo ar líne den chuid is mó, agus déanfar ábhair a fhorbairt agus a dháileadh go digiteach. Ar na heisceachtaí suntasacha atá ann, tá gníomhaíochtaí a bhfuil láithreacht fhisiciúil indéanta ina leith agus nach féidir módúlachtaí cianda a chur ina n-ionad, nó a mbeadh formáid duine le duine níos costéifeachtaí ina leith ná formáid fhíorúil. Ina theannta sin, tiomsófar achoimrí ar chruinnithe téamacha agus ar phlé le saineolaithe, agus cuirfear ar fáil iad d’Ardpháirtithe Conarthacha CCW, agus do ghníomhaithe leasmhara eile ar shuíomh gréasáin an tionscadail.
3. TUAIRISCIÚ AGUS MEASÚNÚ
Cuirfidh UNODA tuarascáil deiridh airgeadais agus insinte faoi bhráid an Ardionadaí agus an Choimisiúin ina mbeidh, inter alia, na ceachtanna a foghlaimíodh, chomh maith le tuarascáil ghairid gach 6 mhí maidir leis an dul chun cinn a dhéantar.
4. ACHAR AMA
24 mhí a mhairfidh fad molta chur chun feidhme an tionscadail.
5. INFHEICTHEACHT AE
Déanfar gach beart iomchuí chun a phoibliú gur chistigh an tAontas na gníomhaíochtaí a dhéanfar. Déanfar na bearta sin i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún agus leis an Lámhleabhar um Gníomhaíochtaí Cumarsáide agus Infheictheachta le haghaidh Ghníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais arna leagan síos agus arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach. Áiritheofar infheictheacht rannchuidiú an Aontais le brandáil agus le poiblíocht iomchuí, agus béim á leagan ar ról an Aontais, chun trédhearcacht a ghníomhaíochtaí a áirithiú, agus chun feasacht a mhúscailt ar na cúiseanna atá leis an gCinneadh seo, chomh maith le feasacht ar thacaíocht an Aontais don Chinneadh seo agus ar thorthaí na tacaíochta sin. Beidh bratach an Aontais ar taispeáint go feiceálach ar ábhar a tháirgeann na tionscadail sin, i gcomhréir le treoirlínte an Aontais maidir leis an mbratach a úsáid agus a atáirgeadh go cruinn.
6. GNÍOMHAIREACHT CUR CHUN FEIDHME
Cuirfear de chúram ar UNODA an tionscadal seo a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gcomhaontú ranníocaíochta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún Eorpach agus UNODA.
Cuirfear an tionscadal chun feidhme trí dhlúthchomhar agus trí dhlúthchomhordú dlúth le trí lárionad réigiúnacha UNODA san Afraic, san Áise, san Aigéan Ciúin, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib. Lorgófar deiseanna go gníomhach chun gníomhaíochtaí comhpháirteacha nó gníomhaíochtaí leantacha a dhéanamh le comhpháirtithe (amhail UNIDIR, ICRC agus UNMAS), agus le heagraíochtaí eile de réir mar is ábhartha chun dúbailt a sheachaint, tionchar gach iarrachta a iolrú, agus chun scaipeadh na dtorthaí a uasmhéadú.
(1) Mura mbeidh dálaí fabhracha ann chun ceardlanna réigiúnacha nó foréigiúnacha a eagrú roimh an gComhdháil Athbhreithniúcháin, breithneofar ar na ceardlanna sin mar ghníomhaíochtaí iarchomhdhála chun obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcinntí ón gComhdháil. Roinnfear na conclúidí agus na moltaí ó na pléití réigiúnacha le toscairí atá lonnaithe sa Ghinéiv, chun cuidiú leo plean a fhorbairt chun na críche sin.
(2) Ceithre Stát ón Afraic, dhá cheann ón Meánoirthear agus ón Meánmhuir, ceann amháin ón Áise Láir, ceann amháin ó Mheiriceá Laidineach agus ó Mhuir Chairib, agus dhá cheann ón Eoraip.
(3) Prótacal I maidir le Mionghiotaí Do-bhraite (118 nArdpháirtí Chonarthacha), Prótacal Leasaithe II maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Mianach, Bobghaistí agus Feistí Eile, arna leasú an 3 Bealtaine 1996 (106 Ardpháirtí Chonarthacha), Prótacal III maidir le Toirmisc nó Srianta ar Úsáid Armán Loiscneach (115 Ard-Pháirtí Chonarthacha), Prótacal IV um airm léasair dhalltacha (109 nArd-Pháirtí Chonarthacha) agus Prótacal V maidir le Fuílligh Pléascacha Chogaidh (96 Ard-Pháirtí Chonarthacha). Tá Prótacal bunaidh II a glacadh in 1980 fós i bhfeidhm agus 95 Ardpháirtí Chonarthacha páirteach ann, agus níor tháinig roinnt díobh sin isteach sa leagan leasaithe de.
(4) ‘Accelerated Plan of Action on Universalization of the Convention and its annexed Protocols’ [Plean Gníomhaíochta Luathaithe maidir le hUiliú an Choinbhinsiúin agus na bPrótacal a ghabhann leis] (CCW/CONF.IV/4/Add.1)
|
22.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 334/22 |
CINNEADH (CBES) 2021/1695 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Meán Fómhair 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/615 maidir le tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí in oirchill na Comhdhála Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT) 2020
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Aibreán 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/615. (1) |
|
(2) |
An 29 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/906 (2), lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2019/615. |
|
(3) |
An 8 Aibreán 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/579 (3), lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2019/615. |
|
(4) |
Le Cinneadh (CBES) 2019/615, foráiltear do thréimhse cur chun feidhme 30 mí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de, le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de (“an tréimhse cur chun feidhme”). |
|
(5) |
D’iarr Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) go gcuirfí síneadh eile leis an tréimhse cur chun feidhme go dtí an 15 Eanáir 2022, mar gheall ar ghéarchéim dhomhanda COVID-19 agus a tionchar ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/615. |
|
(6) |
Is féidir leanúint leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/615 go dtí an 15 Eanáir 2022 gan aon iarmhairtí a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/615 a leasú dá réir sin. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2019/615, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 15 Eanáir 2022.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) Cinneadh (CBES) 2019/615 ón gComhairle an 15 Aibreán 2019 maidir le tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí in oirchill na Comhdhála Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT) 2020 (IO L 105, 16.4.2019, lch. 25).
(2) Cinneadh (CBES) 2020/906 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/615 maidir le tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí in oirchill na Comhdhála Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT) 2020 (IO L 207, 30.6.2020, lch. 36).
(3) Cinneadh (CBES) 2021/579 ón gComhairle an 8 Aibreán 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/615 maidir le tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí in oirchill na Comhdhála Athbhreithnithe de chuid na bPáirtithe sa Chonradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT) 2020 (IO L 123, 9.4.2021, lch. 21).