ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 321

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
13 Meán Fómhair 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1464 ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1465 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sainmhíniú na dtagairtí d’ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha nó tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha agus a n-úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha seachas na deochanna biotáilleacha dá dtagraítear

12

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1466 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 a mhéid a bhaineann le méid na n-urrús agus leis an tréimhse bhailíochta i gcomhair ceadúnais onnmhairiúcháin le haghaidh ríse

16

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1467 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin Tarmligthe (AE) 2016/1237 a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid maidir le ceadúnas onnmhairiúcháin le haghaidh ríse

18

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1468 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2021 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint Marrone di Castel del Rio (TGFC)

20

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1469 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a mhéid a bhaineann le deimhniú caighdeánach nua a chur leis le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch de thionscnamh an Aontais a aistrítear chuig tríú tír nó chuig tríú críoch agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír nó sa tríú críoch sin, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis an liosta de na tríú tíortha a údaraítear maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, ar táirgí de thionscnamh an Aontais iad agus a chuirtear ar ais chuig an Aontas ó thríú tír nó ó thríú críoch, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a mhéid a bhaineann leis an liosta de na tríú tíortha nó réigiúin díobh a údaraítear maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a theacht isteach san Aontas, ar táirgí agus earraí de thionscnamh an Aontais iad agus a chuirtear ar ais chuig an Aontas ó thríú tíortha nó réigiúin di ( 1 )

21

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1470 ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

32

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

13.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 321/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1464 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Meán Fómhair 2021

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) agus (3) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart leasú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhaineann le 19 nduine aonair agus sé eintiteas in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, cuirtear na heintitis seo a leanas isteach in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na daoine agus na heintitis a liostaítear thíos:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘4.

Denis Valentinovich BEREZOVSKIY

(Денис Валентинович БЕРЕЗОВСКИЙ)

Denys Valentynovych BEREZOVSKYY

(Денис Валентинович БЕРЕЗОВСЬКИЙ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.7.1974

Áit bhreithe: Kharkiv, Ukrainian SSR (‘Ukraine’ mar atá anois)

Ceapadh Berezovskiy ina cheannasaí ar an Ukrainian Navy an 1 Márta 2014 ach, ina dhiaidh sin, thug sé mionn do Crimean armed forces, agus ar an gcaoi sin, chuaigh sé siar ar a mhionn don Ukrainian Navy.

Bhí sé ina Leas-Cheannasaí ar an Black Sea Fleet de chuid an Russian Federation go dtí Deireadh Fómhair 2015.

Ceannasaí Gníomhach an Pacific Fleet de chuid an Russian Federation agus Leas-Aimiréal.

17.3.2014

17.

Sergei Vladimirovich ZHELEZNYAK

(Сергей Владимирович ЖЕЛЕЗНЯК)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 30.7.1970

Áit bhreithe: St Petersburg (dá ngairtí Leningrad tráth), Russian Federation

Iar-Leas-Spéicéir ar State Duma Russian Federation.

Thacaigh sé go gníomhach le himscaradh Russian Armed Forces in Ukraine agus le hionghabháil Crimea. Ba é a bhí i gceannas ar an léirsiú a thacaigh le himscaradh Russian Armed Forces in Ukraine.

Iar-Leas-Chathaoirleach ar an Foreign Affairs Committee de State Duma den Russian Federation; é ina chomhalta ann anois.

Comhalta den Presidium of the General Council den pháirtí United Russia.

17.3.2014

37.

Sergei Ivanovich MENYAILO

(Сергей Иванович МЕНЯЙЛО)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 22.8.1960

Áit bhreithe: Alagir, North-Ossetian Autonomous SSR, RSFSR (Russian Federation mar atá anois)

Iar-Ghobharnóir ar chathair na hÚcráine a ndearnadh ionghabháil uirthi, Sevastopol.

Iar-Ionadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán an Russian Federation don Siberian Federal District. Comhalta de Security Council den Russian Federation.

Ceann Gníomhach Northern Ossetia ón 9 Aibreán 2021.

29.4.2014

51.

Vladimir Nikolaevich PLIGIN (Владимир Николаевич ПЛИГИН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 19.5.1960

Áit bhreithe: Ignatovo, Vologodsk Oblast, USSR (Russian Federation mar atá anois)

Iarchomhalta State Duma agus iarChathaoirleach den Duma Constitutional Law Committee. Freagrach as glacadh reachtaíochta maidir le hionghabháil Crimea agus Sevastopol isteach sa Russian Federation a éascú.

Iarchomhalta den Supreme Council den pháirtí United Russia. Comhairleoir ag Volodin, Spéicéir an Duma. Is taighdeoir faoi láthair é ag an Institute of State and Law ag an Russian Academy of Sciences.

Comh-chathaoirleach an Russian Lawyers’ Association.

12.5.2014

53.

Oleg Grigorievich KOZYURA

(Олег Григорьевич КОЗЮРА)

Oleh Hryhorovych KOZYURA

(Олег Григорович КОЗЮРА)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 30.12.1965 nó 19.12.1962

Áit bhreithe: Simferopol, Crimea nó Zaporizhia, Ukraine

Iar-Cheann an Federal Migration Service office do Sevastopol. Freagrach as pasanna Rúiseacha a eisiúint go córasach agus go pras dóibh siúd atá ina gcónaí in Sevastopol.

Iar-Cheann Foirne ar an Legislative Assembly of Sevastopol.

Comhairleoir do Ghobharnóir Sevastopol.

12.5.2014

58.

Roman Viktorovich LYAGIN

(Роман Викторович ЛЯГИН)

Roman Viktorovych LIAHIN

(Роман Вiкторович ЛЯГIН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 30.5.1980

Áit bhreithe: Donetsk, Ukraine

Iar-Cheann ar Central Electoral Commission ‘Donetsk People’s Republic’. Bhí lámh ghníomhach aige in eagrú an reifrinn an 11 Bealtaine 2014 maidir le féinchinntiúchán ‘Donetsk People’s Republic’. Iar-‘Aire Saothair agus Beartais Shóisialta’.

Faoi réir imeachtaí coiriúla in Ukraine

12.5.2014

79.

Mikhail Vladimirovich DEGTYARYOV/DEGTYAREV (Михаил Владимирович ДЕГТЯРËВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 10.7.1981

Áit bhreithe: Kuibyshev (Samara), Russian Federation

Iarchomhalta den State Duma.

Mar bhall den Duma, d’fhógair sé oscailt fhoirmiúil ‘de facto embassy’ in ‘Donetsk People’s Republic’ (neamhaitheanta), mar a ghairtear de, i Moscow. Cuidíonn sé leis an mbonn a bhaint d’iomláine críche, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine nó cuidíonn sé leis an mbagairt ina gcoinne sin.

Iar-Chathaoirleach ar Russian State Duma Committee on Physical Education, Sport and Youth Affairs.

Ó 20 Iúil 2020 i leith, Gobharnóir Gníomhach ar Khabarovsk Krai.

Ón 6 Feabhra 2021, Comhordaitheoir an bhrainse réigiúnaigh de Liberal Democratic Party of Russia.

25.7.2014

84.

Fyodor Dmitrievich BEREZIN

(Фëдор Дмитриевич БЕРЕЗИН)

Fedir Dmytrovych BEREZIN

(Федiр Дмитрович БЕРЕЗIН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 7.2.1960

Áit bhreithe: Donetsk, Ukraine

Iar-‘leas-aire cosanta’ mar a ghairtear de, ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di. Tá baint aige le Igor Strelkov/Girkin, atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, thug Berezin tacaíocht do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine. Tá sé fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha. Cathaoirleach reatha ar Board of the DNR Writers’ Union agus Comhalta den People’s Council of the DNR.

25.7.2014

108.

Vladimir Abdualiyevich VASILYEV (Владимир Абдуалиевич ВАСИЛЬЕВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 11.8.1949

Áit bhreithe: Klin, Moscow Region, Russian Federation

Iar-Leas-Spéicéir den State Duma. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘Maidir le glacadh ‘Republic of Crimea’ sa Russian Federation agus foirmiú, laistigh den Russian Federation, eintiteas nua cónaidhme – ‘Republic of Crimea’ agus City of Federal Status Sevastopol’.

Iarcheann ar Republic of Dagestan.

Ón 5 Deireadh Fómhair 2020, Comhairleoir d’Uachtarán an Russian Federation.

12.9.2014

111.

Vladimir Stepanovich NIKITIN

(Владимир Степанович НИКИТИН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 5.4.1948

Áit bhreithe: Opochka, Russian Federation

Iarchomhalta de State Duma agus iar-Chéad-Leas-Chathaoirleach ar an Committee for CIS Affairs, Eurasian Integration and Relations with Compatriots of the State Duma. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘Maidir le glacadh ‘Republic of Crimea’ sa Russian Federation agus foirmiú, laistigh den Russian Federation, eintiteas nua cónaidhme ‘Republic of Crimea’ agus City of Federal Status Sevastopol’.

Comhalta de Presidium of the Central Committee of the Communist Party sa Russian Federation.

Ceannaire ar an ngluaiseacht phoiblí uile-Rúiseach ‘Russian Concord’, arb é is aidhm di sibhialtacht uathúil Rúiseach a chruthú agus seasamh na Rúise san iar-spás Sóivéadach agus in CIS a neartú.

12.9.2014

119.

Alexander Mikhailovich BABAKOV (Aлександр Михайлович БАБАКОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 8.2.1963

Áit bhreithe: Chisinau, Moldtsovan SSR (Republic of Moldova mar atá anois)

Iarchomhalta den State Duma. Iarchomhalta den State Duma, Cathaoirleach ar an State Duma Commission on Legislative Provisions for Development of the Military-Industrial Complex of the Russian Federation. Comhalta ar leith de ‘United Russia’ agus fear gnó a bhfuil infheistíochtaí móra aige in Ukraine agus in Crimea.

An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘Maidir le glacadh ‘Republic of Crimea’ sa Russian Federation agus bunú, laistigh den Russian Federation, eintiteas nua cónaidhme – ‘Republic of Crimea’ agus City of federal status Sevastopol’.

Comhalta de Federation Council of the Russian Federation faoi láthair. Comhalta den Committee on Foreign Affairs.

Tar éis go ndearnadh na páirtithe polaitiúla – ‘A Just Russia’, ‘For Truth’ agus ‘Patriots of Russia’ a chumasc, ceapadh Babakov ina Rúnaí ar Presidium ar Central Council an eintitis chumaiscthe.

12.9.2014

121.

Oleg Konstantinovich AKIMOV (ar a dtugtar Oleh AKIMOV freisin)

(Олег Константинович АКИМОВ)

Oleh Kostiantynovych AKIMOV

(Олег Костянтинович АКIМОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.9.1981

Áit bhreithe: Luhansk, Ukraine

Comhalta de chuid ‘Luhansk Economic Union’ in ‘National Council’ an ‘Luhansk People’s Republic’. Sheas sé mar iarrthóir sna ‘toghcháin’, mar a ghairtear dóibh, an 2 Samhain 2014, don phost mar ‘Ceann’, mar a ghairtear de, ar ‘Luhansk People’s Republic’. Bhí na ‘toghcháin’ sin ina sárú ar dhlí na hÚcráine agus, dá bhrí sin, bhí siad neamhdhleathach. Iar-‘Cheann’ ar ‘Federation of Trade Unions’, mar a ghairtear di. Comhalta den ‘People’s Council’ de chuid ‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear di.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, agus é ag glacadh páirte go foirmiúil mar iarrthóir sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine, agus a dhíchobhsaigh Ukraine a thuilleadh.

Tacaíonn sé go gníomhach le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine.

29.11.2014

130.

Ihor Vladymyrovych KOSTENOK (ar a dtugtar Igor Vladimirovich KOSTENOK freisin)

(Игорь Владимирович КОСТЕНОК)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.3.1961

Áit bhreithe: Vodyanske, Dobropillia Rayon, Donetsk oblast, Ukraine

Водянское, Добропольский район Донецкой области, Украина

Iar-‘Aire Oideachais’, mar a ghairtear de ‘Daon-Phoblacht Donetsk’.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine, agus a dhíchobhsaigh Ukraine a thuilleadh.

Faoi láthair, tá sé ag obair do Donetsk Academy of Management and Civil Service faoi ‘Ceann Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di.

Ó Mheán Fómhair 2018, Ollamh sa Department of State and Municipal Administration ag an Federal State Budgetary Educational Institution of Higher Education ‘Russian University of Economics. G.V. Plekhanov’.

29.11.2014

131.

Yevgeniy Vyacheslavovich ORLOV (ar a dtugtar Yevhen Vyacheslavovych ORLOV freisin)

(Евгений Вячеславович ОРЛОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 10.5.1980 nó 21.10.1983

Áit bhreithe: Snezhnoye, Donetsk oblast, Ukraine

г. Снежное, Донецкой области, Украина

Iar-Chomhalta de “National Council” de ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di. Iarchathaoirleach ar an ngluaiseacht phoiblí dar teideal ‘Free Donbass’.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine, agus a dhíchobhsaigh Ukraine a thuilleadh.

Leas-Chathaoirleach an DNR National Assembly Committee on Industry and Trade.

29.11.2014

137.

Eduard Aleksandrovich BASURIN

(Эдуард Александрович БАСУРИН)

Eduard Oleksandrovych BASURIN

(Едуард Олександрович БАСУРIН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 27.6.1966

Áit bhreithe: Donetsk, Ukraine

Urlabhraí agus Leas-Cheann ar ‘People’s Militia’ den ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine, agus a dhíchobhsaigh Ukraine a thuilleadh.

Leas-Cheann ar an ‘People’s Militia Department of the DNR’.

16.2.2015

138.

Alexandr Vasilievich SHUBIN

(Александр Васильевич ШУБИН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 20.5.1972 nó 30.5.1972

Áit bhreithe: Luhansk, Ukraine

Iar-‘Aire Ceartais’, mar a ghairtear de de chuid ‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear di, atá neamhdhleathach. Iar-Chathaoirleach ar ‘Central Election Commission’‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear di.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine, agus a dhíchobhsaigh Ukraine a thuilleadh.

Briseadh as a phost é mar chathaoirleach ar ‘Central Election Commission’‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear di, i mí an Mheithimh 2018.

Cláraithe mar nótaire in Luhansk.

Leanann sé de bheith ag tacú le beartais scarúnaíocha agus de na beartais sin a dhlisteanú.

16.2.2015

158.

Andrey Vladimirovich CHEREZOV (TSCHERESOW)

(Андрей Владимирович ЧЕРЕЗОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 12.10.1967

Áit bhreithe: Salair, Kemerovskaya Oblast, Russian Federation

Iar-Leas-Aire Fuinnimh an Russian Federation.

Tá cuid den fhreagracht air as an gcinneadh chun tuirbíní gáis, a sheachaid Siemens Gas Turbine Technologies OOO chuig OAO VO Technopromexport, a aistriú lena suiteáil in Crimea. Leis an gcinneadh sin cuidítear le soláthar cumhachta neamhspleách a bhunú do Crimea agus do Sevastopol chun tacú lena scaradh ó Ukraine, agus baintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine.

4.8.2017

160.

Sergey Anatolevich TOPOR-GILKA

(Сергей Анатольевич ТОПОР-ГИЛКА)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 17.2.1970

Áit bhreithe: Moldovan Soviet Socialist Republic (Republic of Moldova mar atá anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Ina cháil mar Ard-Stiúrthóir OAO ‘VO TPE’, bhí sé i gceannas ar an gcaibidlíocht le Siemens Gas Turbine Technologies OOO maidir le ceannach agus seachadadh na dtuirbíní gáis do ghléasra cumhachta in Taman, Krasnodar region, Russian Federation. Ina dhiaidh sin, agus é ina Ard-Stiúrthóir ar OOO ‘VO TPE’ is é freagrach as na gástuirbíní a aistriú go dtí Crimea agus as tionscadal tógála na ngléasraí cumhachta teirmí Balaklava agus Tavricheskaya a chur chun feidhme, áit ar suiteáladh na tuirbíní. Leis sin cuidítear le soláthar cumhachta neamhspleách a bhunú do Crimea agus do Sevastopol chun tacú lena scaradh ó Ukraine, agus baintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine.

4.8.2017

164.

Aleksandr Yurevich PETUKHOV

Aleksandr Yurievich PETUKHOV

(Александр Юрьевич ПЕТУХОВ)

Oleksandr Yuriyovych PIETUKHOV

(Олександр Юрiйович ПЄТУХОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 17.7.1970

Áit bhreithe: Ryazan, Russian Federation

Iar-Chathaoirleach an Sevastopol Electoral Commission. Sa cháil sin, ghlac sé páirt in eagrú thoghcháin uachtaránachta Russia an 18 Márta 2018 in Crimea agus in Sevastopol a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus ar an gcaoi sin, thacaigh sé go gníomhach le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine agus chuir sé na beartais sin chun feidhme.

Príomh-Chigire Cónaidhme an Moscow region.

Ón 6 Aibreán 2021, Cúntóir d’Ionadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán an Russian Federation do Central Federal District.

14.5.2018’;

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘7.

Russian community ‘Sobol’

Русская община ‘Соболь’

Na meáin shóisialta:

http://vk.com/sobolipress

http://www.русскоедвижение.рф/

Uimhir ghutháin:

(0652) 60-23-93

Rphost: SoboliPress@gmail.com

Seoladh: Ukraine, Crimea, Simferopol, str. Kiev, 4 (area bus station ‘Central’).

Eagraíocht pharaimíleata radacach, atá freagrach as tacú go hoscailte le húsáid na láimhe láidre chun deireadh a chur le smacht Ukraine ar Crimea, rud a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine.

Freagrach as oiliúint a chur ar scarúnaithe chun dul i mbun troda in aghaidh fhórsaí rialtais Ukraine in Eastern Ukraine, rud a chuir cobhsaíocht nó slándáil Ukraine i mbaol.

25.7.2014

11.

‘Vostok Brigade’

‘Бригада Восток’

(ar a dtugtar Vostok Battalion; ‘Батальон Восток’ freisin)

Na meáin shóisialta:

http://vk.com/patriotic_forces_of_donbas

http://patriot-donetsk.ru/

info.patriot.donbassa@gmail.com

Grúpa scarúnaíoch armtha neamhdhleathach a mheastar a bheith ar cheann de na grúpaí is tábhachtaí in Eastern Ukraine. Freagrach as dul i mbun troda in aghaidh fhórsaí rialtais Ukraine in Eastern Ukraine, rud a chuir cobhsaíocht nó slándáil Ukraine i mbaol.

Ghlac sé páirt ghníomhach sna hoibríochtaí míleata a raibh mar thoradh orthu urghabháil Donetsk Airport.

Ina bhall den ‘1st Army Corps’, mar a ghairtear de, de chuid ‘Donetsk People’s Republic’.

25.7.2014

18.

Cuideachta comhstoic ‘Production-Agrarian Union ‘Massandra’

Aкционерное общество ‘Производственно-аграрное объединение ‘Массандра’

(ar a dtugtaí State Unitary Enterprise of the ‘Republic of Crimea’‘Production-Agrarian Union ‘Massandra’ tráth’

Государственное унитарное предприятие Республики Крым “Производственно-аграрное объединение ‘Массандра’’

298650, Crimea, Yalta, Massandra, str. Vinodela Egorova 9.

298650, Крым, г. Ялта, пгт. Массандра, ул. Винодела Егорова, д. 9

Suíomh gréasáin: http://massandra.su

+7 978 936 75 04

+7 3654 23 31 96

+7 3654 26 16 83

Uimhir chlárúcháin: 1209100012648

Aistríodh úinéireacht an eintitis de shárú ar dhlí na hÚcráine. An 9 Aibreán 2014, ghlac ‘Presidium of the Parliament of Crimea’ cinneadh Uimhir 1991-6/14 ‘On the amendments to the Resolution of the State Council of the ‘Republic of Crime’ an 26 Márta 2014 Uimh. 1836-6/14 ‘On nationalization of the property of enterprises, institutions and organizations of agro-industrial complex, located in the territory of the ‘Republic of Crimea’ inar dearbhaíodh go rabhthas tar éis sócmhainní de chuid an ghnóthais stáit ‘National Association of producers ‘Massandra’ a ghabháil thar ceann ‘Republic of Crimea’. Tá ‘údaráis’ Crimea, más ea, tar éis an fiontar a choigistiú a mhórán nó a bheagán.

25.7.2014

 

Federal State Budgetary Enterprise ‘Production-Agrarian Union ‘Massandra’ de chuid Administration of the President of the Russian Federation

Федеральное государственное унитарное предприятие ‘Производственно-аграрное объединение ‘Массандра’ Управления делами Президента Российской Федерации’

State concern ‘National Association of producers ‘Massandra’

Национальное производственно аграрное объединение ‘Массандра’

Nacionalnoye proizvodstvenno agrarnoye obyedinenye ‘Massandra’)

 

Athchláraithe an 1 Lúnasa 2014 mar Federal State Budgetary Enterprise’Proizvodstvenno agrarnoye obyedinenye ‘Massandra’ of the Administration of the President of the Russian Federation (Федеральное государственное унитарное предприятие ‘Производственно-аграрное объединение ‘Массандра’ Управления делами Президента Российской Федерации’). Bunaitheoir: The Administration of the President of the Russian Federation (Управления Делами Президента Российской Федерации).

An 1 Aibreán 2019, athchláraíodh mar State Unitary Enterprise of the ‘Republic of Crimea’ ‘Production-Agrarian Union ‘Massandra’. Athchláraithe mar chuideachta comhstoic ‘Production-Agrarian Union ‘Massandra’ an 1 Deireadh Fómhair 2020.

24.

Public movement ‘Donetsk Republic’

Общественное движение ‘Донецкая республика’

Faisnéis oifigiúil:

http://oddr.info/

orgotdel@oddr.info

Seoladh: Donetsk, Universitetskaya 19

г. Донецк, ул. Университетская, дом 19

‘Eagraíocht’ poiblí a rinne ionadaíocht ar na hiarrthóirí sna ‘toghcháin’, mar a tugadh orthu, in ‘Donetsk People’s Republic’ an 2 Samhain 2014 agus an 11 Samhain 2018. Bhí na ‘toghcháin’ sin ina sárú ar dhlí na hÚcráine agus neamhdhleathach dá réir.

Ó tharla gur ghlac sí páirt sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine, agus a dhíchobhsaíonn Ukraine a thuilleadh. Bunaithe ag Andriy PURGIN agus a bhí faoi cheannas Alexander ZAKHARCHENKO. Is í a d’ainmnigh Denis PUSHYLIN in 2018 chun bheith ina ‘Ceann’ ar ‘Donetsk People’s Republic’ mar a ghairtear di.

29.11.2014

28.

Luhansk Economic Union (Luganskiy Ekonomicheskiy Soyuz)

Луганский экономический союз

Faisnéis oifigiúil:

https://vk.com/public97306393

Teileagram: https://t.me/s/od_les_lnr

‘Eagraíocht shóisialta’ a rinne ionadaíocht ar na hiarrthóirí sna ‘toghcháin’, mar a tugadh orthu, a bhí neamhdhleathach in ‘Luhansk People’s Republic’ an 2 Samhain 2014 agus an 11 Samhain 2018. Is é a d’ainmnigh Oleg AKIMOV mar iarrthóir, le bheith ina ‘Ceann’ ar ‘Luhansk People’s Republic’ in 2014 agus mar chomhalta de ‘People’s Council of the Luhansk People’s Republic’ mar a thugtar air in 2018. Bhí na ‘toghcháin’ sin ina sárú ar dhlí Ukraine agus neamhdhleathach dá réir. Is é Zinaida NADION an cathaoirleach ar ‘Luganskiy Economicheskiy Soyuz’ faoi láthair, ar ionadaí é ar ‘People’s Council of the LPR’.

Ó tharla gur ghlac sí páirt sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine, agus a dhíchobhsaíonn Ukraine a thuilleadh.

29.11.2014

33.

Prizrak brigade

Бригада ‘Призрак’

Seoladh: District 50 Year of the USSR, 18; c. of Kirovsk

https://vk.com/battalionprizrak

http://prizrak.info/

mail@prizrak.info

+38 (072) 199-86-39

Grúpa scarúnaíoch armtha a thacaigh go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas Ukraine, agus a dhíchobhsaíonn Ukraine a thuilleadh.

Cuid den ‘2nd Army Corps’, mar a ghairtear de, de chuid ‘Lugansk People’s Republic’.

Dá ngairtear 14th Motorized Rifle Battalion freisin.

Mar chuid den People’s Militia of the ‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear de.

16.2.2015”.


13.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 321/12


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1465 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Iúil 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sainmhíniú na dtagairtí d’ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha nó tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha agus a n-úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha seachas na deochanna biotáilleacha dá dtagraítear

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú táirgí eile bia, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 50(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/787, rinneadh an fhoclaíocht a shoiléiriú agus a athrú go substaintiúil i bhforálacha áirithe maidir le táirgeadh agus lipéadú a bhaineann le deochanna biotáilleacha agus earraí bia a tháirgtear trí dheochanna biotáilleacha a úsáid mar chomhábhair.

(2)

Go háirithe, le Rialachán (AE) 2019/787, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus a chuirtear ina ionad le héifeacht ón 25 Bealtaine 2021, rinneadh athbhreithniú ó bhonn ar an sainmhíniú agus na coinníollacha maidir le húsáid tagairtí d’ainm dlíthiúil ceann amháin nó níos mó de chatagóirí deochanna biotáilleacha nó do thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha mar a leagtar síos in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ón gComhairle (2) agus i bpointe (d) d’Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún (3). Go deimhin, leis na forálacha comhfhreagracha nua in Airteagal 3(3) agus in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/787 ní cheadaítear tagairtí a úsáid ach amháin i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia seachas deochanna biotáilleacha agus licéar. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear aon tagairt i dtuairisc, i gcur i láthair ná i lipéadú deochanna biotáilleacha seachas licéir leis na forálacha nua maidir le tagairtí i Rialachán (AE) 2019/787. Rinneadh an rogha reachtach sin chun forluí a sheachaint idir tagairtí, arna rialú le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/787, agus meascáin, arna rialú le hAirteagal 13(3) agus (4) den Rialachán sin. Go deimhin, cáilíonn an teaglaim de dheoch bhiotáilleach amháin le deoch bhiotáilleach eile mar mheascán agus dá bhrí sin níor cheart í a lipéadú i gcomhréir leis na forálacha maidir le lipéadú le haghaidh tagairtí. Mar sin féin, cuireadh eisceacht isteach in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/787 chun tagairtí do dheochanna biotáilleacha eile a cheadú ar licéir, d’fhonn lipéadú líon suntasach táirgí a mheasann tomhaltóirí a bheith traidisiúnta agus aitheanta go ginearálta a chaomhnú. Mar sin féin, níor cuireadh san áireamh sa sainmhíniú nua ná sna ceanglais nua maidir le tagairtí dhá chás breise de mhodhanna táirgthe traidisiúnta, nach bhfuil ceachtar acu incháilithe mar mheascán, ina ndéantar tagairt do dheochanna biotáilleacha arb iad an t-aon chomhábhar alcólach amháin i ndeoch bhiotáilleach eile iad ná do dheochanna biotáilleacha ar ina mbairillí a aibíodh deochanna biotáilleacha eile. Dá bhrí sin, mura rialaítear iad mar thagairtí, beidh na cásanna sin ina gcásanna neamhdhleathacha faoi Rialachán (AE) 2019/787.

(3)

De réir Airteagal 10(7) de Rialachán (AE) 2019/787, tá toirmeasc ar ainm dlíthiúil ar chatagóir dí biotáillí nó ar thásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha a úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú aon dí nach gcomhlíonann na ceanglais shonracha ach amháin i gcás comhthéarmaí, tagairtí agus liostaí comhábhar.

(4)

Mar thoradh air sin agus tar éis dul i gcomhairle le tionscal na ndeochanna biotáilleacha agus leis na Ballstáit, is léir anois gurb é an toradh a bhíonn ar fhoclaíocht na bhforálacha maidir le tagairtí a athrú go gcuirtear toirmeasc ar an bhféidearthacht tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi mhodhanna táirgthe traidisiúnta atá in úsáid chun deochanna biotáilleacha áirithe a tháirgeadh, nuair a bhaineann an fhaisnéis sin le hainm deochanna biotáilleacha eile. Is éard atá sna modhanna sin deoch bhiotáilleach a úsáid mar an t-aon bhonn alcólach, gan earraí bia eile a chur léi ná caolú le huisce faoin neart alcóil is gá le haghaidh tuilleadh próiseála le bheith ina deoch bhiotáilleach éagsúil, agus deochanna biotáilleacha áirithe a stóráil le haghaidh na tréimhse aibithe iomláine nó cuid di i mbairillí adhmaid a raibh deoch bhiotáilleach eile iontu roimhe sin. Sa chás deireanach sin, i gcás na gcatagóirí deochanna biotáilleacha sin nó tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha a bhfuil toirmeasc ar alcól a chur leo, ní mór a raibh sna bairillí roimhe sin a fholmhú sula gcuirtear an deoch bhiotáilleach atá le haibiú ina dhiaidh sin iontu.

(5)

Baineadh úsáid as na modhanna sin go traidisiúnta ar feadh i bhfad in earnáil na ndeochanna biotáilleacha agus ba cheart iad a chumhdach le Rialachán (AE) 2019/787. Go deimhin, nuair a úsáidtear modhanna táirgthe traidisiúnta den sórt sin, cuirtear faisnéis thábhachtach úsáideach ar fáil do thomhaltóirí faoin táirge a roghnaíonn siad a cheannach agus a thomhailt agus déantar dealú leo idir brandaí éagsúla laistigh de chatagóirí nuair a thugtar le fios iad i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú na ndeochanna biotáilleacha comhfhreagracha. Go háirithe, tá sé ríthábhachtach a bheith ar an eolas faoi chineál na mbairillí a ndearnadh an deoch bhiotáilleach a aibiú iontu chun cuidiú le cuid d’ilchastacht na dí biotáillí sin a mhíniú.

(6)

Chun an fhéidearthacht a chaomhnú go bhféadfaidh táirgeoirí faisnéis a sholáthar maidir le modhanna táirgthe traidisiúnta, is iomchuí Airteagal 3(3) agus Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/787 a leasú chun tagairtí d’ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha nó do thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha a cheadú i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha eile a tháirgtear agus úsáid á baint as na modhanna traidisiúnta sin.

(7)

Thairis sin, i gcás tagairtí do dheochanna biotáilleacha a bhí i mbairillí roimhe sin a úsáideadh chun deochanna biotáilleacha eile a aibiú ina dhiaidh sin, leis an bhforáil maidir le lipéadú a tugadh isteach le pointe (b) d’Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2019/787, lena gceanglaítear go bhfuil an tagairt le bheith i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear le haghaidh ainm na dí alcólaí agus aon chomhthéarma, chuirfí ualach díréireach ar thionscal na mbiotáillí, lena gceanglófaí go n-athrófaí na mílte lipéad agus cartán agus go ndéanfaí athrú gan ghá ar leagan amach lipéadaithe a bhfuil taithí na mblianta ag tomhaltóirí air. Ina theannta sin, in a lán cásanna d’fhágfadh ceanglas den sórt sin gur ar éigean a bheadh an tagairt infheicthe ag an tsúil mura méadófaí go mór ar chlómhéid an ainm dhlíthiúil, rud nár cheart a bheith riachtanach nuair is tagairt shimplí shoiléir do cheann de na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin nó d’ainm táisc gheografaigh le haghaidh deochanna biotáilleacha é an t-ainm dlíthiúil i gcás nach bhféadfadh mearbhall a bheith ann. Dá bhrí sin, is iomchuí maolú ar an gceanglas lipéadaithe sin agus a cheangal, ina ionad sin, go mbeadh tagairtí i gclómhéid nach mó ná nach feiceálaí ná ainm dlíthiúil na dí biotáillí agus, i gcás ina n-úsáidtear iad, ná aon chomhthéarma.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/787 a leasú dá réir.

(9)

Ba cheart idirthréimhse a chur ar fáil chun na ceanglais maidir le lipéadú a leagtar síos le haghaidh tagairtí le Rialachán (AE) 2019/787 a chur i bhfeidhm ar dheochanna biotáilleacha seachas licéir. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin ón 31 Nollaig 2022 ionas go bhféadfaí leanúint de dheochanna biotáilleacha lena mbaineann a lipéadaíodh roimh an dáta sin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 a chur ar an margadh gan gá iad a athlipéadú.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) 2019/787 agus chun folús rialála d’aon sórt a sheachaint, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón 25 Bealtaine 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“(3)

ciallaíonn ‘tagairt’ tagairt dhíreach nó indíreach do cheann amháin nó níos mó de na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear sna catagóirí deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó do cheann amháin nó níos mó de thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, seachas tagairt i gcomhthéarma nó ar liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 13(2) go (4) i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú na nithe seo a leanas:

(a)

earra bia seachas deoch bhiotáilleach,

(b)

deoch bhiotáilleach a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d’Iarscríbhinn I, nó

(c)

deoch bhiotáilleach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12(3a);”

(2)

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach mír 3a seo a leanas:

“3a.   De mhaolú ar mhír 1, i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú dí biotáillí seachas deochanna biotáilleacha a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d’Iarscríbhinn I ceadófar an tagairt d’ainm dlíthiúil dá bhforáiltear i gcatagóir deochanna biotáilleacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin nó do thásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha ar choinníoll:

(a)

maidir leis an deoch bhiotáilleach dá dtagraítear sa tagairt:

(i)

gur úsáideadh í mar an t-aon bhonn alcólach amháin chun an deoch bhiotáilleach dheiridh a tháirgeadh, a chomhlíonfaidh na ceanglais le haghaidh catagóir deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I,

(ii)

nár cumascadh í le haon earraí bia seachas na hearraí bia a úsáideadh lena táirgeadh nó le táirgeadh na dí biotáillí deiridh i gcomhréir le hIarscríbhinn I nó leis an tsonraíocht táirge ábhartha, agus

(iii)

nár caolaíodh í trí uisce a chur léi sa chaoi go mbeadh a neart alcóil faoi bhun an nirt íosta dá bhforáiltear faoi chatagóir na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó leis an tsonraíocht táirge le haghaidh an táisc gheografaigh lena mbaineann an deoch bhiotáilleach dá dtagraítear sa tagairt; nó

(b)

gur stóráladh an deoch bhiotáilleach ar feadh na tréimhse aibithe iomláine nó cuid di i mbairille adhmaid a úsáideadh roimhe sin chun an deoch bhiotáilleach dá dtagraítear sa tagairt a aibiú, ar choinníoll:

(i)

gur folmhaíodh a raibh ann roimhe sin ón mbairille adhmaid i gcás na gcatagóirí sin de dheochanna biotáilleacha nó na dtásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha a bhfuil toirmeasc ar alcól a chur leo, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh,

(ii)

go ndéantar an tagairt laistigh den tuairisc ar an mbairille a úsáidtear chun an deoch bhiotáilleach a eascraíonn as a aibiú,

(iii)

nach bhfuil an tagairt chomh feiceálach céanna le hainm dlíthiúil na dí biotáillí nó aon chomhthéarma a úsáidtear, agus

(iv)

de mhaolú ar phointe (b) de mhír 4, go léirítear an tagairt i gclómhéid nach mó ná an chlómhéid a úsáidtear le haghaidh ainm dlíthiúil na dí biotáillí nó aon chomhthéarma a úsáidtear.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

“4.   Maidir leis na tagairtí dá dtagraítear i mír 2, mír 3 agus mír 3a:”.

Airteagal 2

Deochanna biotáilleacha dá dtagraítear in Airteagal 12(3a) de Rialachán (AE) 2019/787 nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le lipéadú a leagtar síos san Airteagal sin agus in Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2019/787 arna leasú leis an Rialachán seo ach a chomhlíonann ceanglais Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 agus a lipéadaíodh roimh an 31 Nollaig 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 25 Bealtaine 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2013 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha (IO L 201, 26.7.2013, lch. 21).


13.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 321/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1466 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Iúil 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 a mhéid a bhaineann le méid na n-urrús agus leis an tréimhse bhailíochta i gcomhair ceadúnais onnmhairiúcháin le haghaidh ríse

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 178 agus Airteagal 223(3), pointí (a), (b) agus (c), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i dtaca leis an gcóras ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin.

(2)

An oibleagáid i ndáil le ceadúnais le haghaidh onnmhairí “ríse scilligthe (donn)” atá faoi chód AC 1006 20 agus onnmhairí “ríse lánmheilte nó leathmheilte, bíodh sí snasta nó glónraithe nó ná bíodh”, atá faoi chód AC 1006 30, cuireadh deireadh leis an oibleagáid sin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún (3) arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1467 ón gCoimisiún (4).

(3)

Dá bhrí sin, na forálacha cur chun feidhme maidir le méid na n-urrús agus maidir leis an tréimhse bhailíochta i gcomhair na gceadúnas onnmhairiúcháin sin, chomh maith leis an gceanglas fógra i dtaca leis na ceadúnais sin, is gá na forálacha agus an ceanglas sin a scriosadh.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 a leasú dá réir.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 19a, scriostar pointe (b);

(2)

in Iarscríbhinn II, Cuid II, scriostar pointe A.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis an gcóras ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin (IO L 206, 30.7.2016, lch. 44).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le rialacha cur chun feidhme an chórais ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis na rialacha maidir le scaoileadh agus forghéilleadh urrús arna dtaisceadh le haghaidh na gceadúnas sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2535/2001, (CE) Uimh. 1342/2003, (CE) Uimh. 2336/2003, (CE) Uimh. 951/2006, (CE) Uimh. 341/2007 agus (CE) Uimh. 382/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2390/98, (CE) Uimh. 1345/2005, (CE) Uimh. 376/2008 agus (CE) Uimh. 507/2008 ón gCoimisiún (IO L 206, 30.7.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1467 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin Tarmligthe (AE) 2016/1237 a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid maidir le ceadúnas onnmhairiúcháin le haghaidh ríse (féach leathanach 18 den Iris Oifigiúil seo).


13.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 321/18


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1467 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Iúil 2021

lena leasaítear Rialacháin Tarmligthe (AE) 2016/1237 a mhéid a bhaineann leis an oibleagáid maidir le ceadúnas onnmhairiúcháin le haghaidh ríse

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 66(3), pointí (c) agus (e) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún (3) forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i dtaca leis an gcóras ceadúnas le haghaidh táirgí talmhaíochta lena n-áirítear liosta na dtáirgí atá faoi réir ceadúnas onnmhairiúcháin nó allmhairiúcháin a thíolacadh.

(2)

Le hAirteagal 2(2), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 i gcomhar leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, Cuid II, pointe A, déantar foráil maidir le hoibleagáid i dtaca le ceadúnas le haghaidh onnmhairí “ríse scilligthe (donn)” atá faoi chód AC 1006 20 agus le haghaidh onnmhairí “rís leathmheilte nó rís lánmheilte, bíodh sí snasta nó glónraithe nó ná bíodh” atá faoi chód AC 1006 30.

(3)

Faoi láthair, is féidir faireachán éifeachtach a dhéanamh ar onnmhairí ar bhealaí eile. D’fhonn an tsimplithe agus chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar oibreoirí a mhaolú, ba cheart deireadh a chur leis an gceanglas maidir le ceadúnais onnmhairiúcháin le haghaidh rís scilligthe (donn) agus rís leathmheilte nó lánmheilte, bíodh sí snasta nó glónraithe nó ná bíodh.

(4)

Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir leis na ceadúnais onnmhairiúcháin arna n-eisiúint le haghaidh rís scilligthe (donn) agus le haghaidh rís leathmheilte agus lánmheilte, bíodh sí snasta nó glónraithe nó ná bíodh, a gcuirtear deireadh leis an oibleagáid maidir le ceadúnais onnmhairiúcháin ina leith leis an Rialachán seo agus a bheidh fós bailí ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237

I gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237, scriostar pointe A.

Airteagal 2

Forálacha idirthréimhseacha

An t-urrús a taisceadh i leith ceadúnas onnmhairiúcháin le haghaidh rís scilligthe (donn) agus le haghaidh rís leathmheilte nó lánmheilte, bíodh sí snasta nó glónraithe nó ná bíodh, scaoilfear é, arna iarraidh sin don sealbhóir teidealach, ach na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)

nach bhfuil bailíocht an cheadúnais imithe in éag ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

go bhfuil an ceadúnas úsáidte go páirteach nó nach bhfuil aon úsáid in aon chor bainte as fós ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1237 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le rialacha cur chun feidhme an chórais ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis na rialacha maidir le scaoileadh agus forghéilleadh urrús arna dtaisceadh le haghaidh na gceadúnas sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2535/2001, (CE) Uimh. 1342/2003, (CE) Uimh. 2336/2003, (CE) Uimh. 951/2006, (CE) Uimh. 341/2007 agus (CE) Uimh. 382/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2390/98, (CE) Uimh. 1345/2005, (CE) Uimh. 376/2008 agus (CE) Uimh. 507/2008 ón gCoimisiún (IO L 206, 30.7.2016, lch. 1).


13.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 321/20


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1468 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Meán Fómhair 2021

lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint “Marrone di Castel del Rio” (TGFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1) agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hIodáile ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint “Marrone di Castel del Rio” atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1263/96 ón gCoimisiún (2).

(2)

Ós rud é gur leasuithe nach mion atá i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin (3).

(3)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Marrone di Castel del Rio” (TGFC), is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1263/96 ón gCoimisiún an 1 Iúil 1996, lena bhforlíontar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle (IO L 163, 2.7.1996, lch. 19).

(3)   IO C 193, 20.5.2021, lch. 10.


13.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 321/21


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1469 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a mhéid a bhaineann le deimhniú caighdeánach nua a chur leis le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch de thionscnamh an Aontais a aistrítear chuig tríú tír nó chuig tríú críoch agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír nó sa tríú críoch sin, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis an liosta de na tríú tíortha a údaraítear maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, ar táirgí de thionscnamh an Aontais iad agus a chuirtear ar ais chuig an Aontas ó thríú tír nó ó thríú críoch, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a mhéid a bhaineann leis an liosta de na tríú tíortha nó réigiúin díobh a údaraítear maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a theacht isteach san Aontas, ar táirgí agus earraí de thionscnamh an Aontais iad agus a chuirtear ar ais chuig an Aontas ó thríú tíortha nó réigiúin di

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1), Airteagal 238(3) agus Airteagal 239(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2), agus go háirithe Airteagal 90, an chéad mhír, pointe (a) agus pointe (e), agus Airteagal 126(3) agus Airteagal 127(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le galair ainmhithe is in-tarchurtha chuig ainmhithe nó chuig daoine, lena n-áirítear ceanglais i dtaca le sláinte ainmhithe a dheimhniú go hoifigiúil le haghaidh gluaiseachtaí éagsúla ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear ceanglais i dtaca lena dtabhairt isteach san Aontas. Déantar na ceanglais sin a bhaineann hainmhithe beo, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas a shonrú a thuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (3).

(2)

Le Rialachán (AE) 2017/625 leagtar síos rialacha maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de, i measc nithe eile, rialacha maidir le sábháilteacht bia ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh, mar aon le ceanglais maidir le sláinte agus leas ainmhithe agus seachtháirgí ainmhithe.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (4) leagtar síos deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe oifigiúla i dtaobh teacht isteach san Aontas ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch, táirgí ilchodacha, táirgí geirmeacha, seachtháirgí ainmhithe, péacán lena gcaitheamh ag an duine agus síolta a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun péacáin lena gcaitheamh ag an duine a tháirgeadh.

(4)

Mar sin féin, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, níl aon deimhniú caighdeánach lena gcumhdófaí teacht isteach san Aontas na dtáirgí agus na n-earraí sin, ar táirgí agus earraí de thionscnamh an Aontas iad agus a aistrítear chuig tríú tír nó chuig tríú críoch, agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas ón tríú tír nó ón tríú críoch sin tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe. Dá bhrí sin, is gá an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le deimhnithe caighdeánacha den sórt sin agus chun aon bhriseadh míchuí trádála a sheachaint i gcásanna den sórt sin.

(5)

In Airteagal 229 de Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear gur gá coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch atá ag teacht isteach san Aontas a theacht ó thríú tír nó ó thríú críoch, nó ó chrios nó deighleog díobh, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin.

(6)

Déanann Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó thríú críocha nó ó chriosanna díobh, nó ó dheighleoga díobh i gcás ainmhithe dobharshaothraithe. Le hAirteagal 3, an chéad mhír, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, foráiltear nach ceadmhach coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha ná táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoina raon feidhme a theacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó thríú tír nó ó thríú críoch, nó ó chrios nó ó dheighleog di, a liostaítear le haghaidh an speicis áirithe sin ainmhithe, na dtáirgí geirmeacha áirithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch áirithe i gcomhréir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe.

(7)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (5) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh, nó i gcás ainmhithe dobharshaothraithe, de dheighleoga díobh, ónar ceadmhach na speicis agus na catagóirí ainmhithe sin agus na catagóirí sin de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas.

(8)

Déantar foráil in Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir leis an liosta de na tríú tíortha a údaraítear maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch ar de thionscnamh an Aontais iad agus a chuirtear ar ais chuig an Aontas tar éis a n-iompartha trí thríú tír nó tríú críoch. Ba cheart an Iarscríbhinn sin a leasú chun go liostófar na tríú tíortha nó na tríú críocha a údaraítear maidir le coinsíneachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch de thionscnamh an Aontais a theacht isteach san Aontas, ar coinsíneachtaí iad a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a stórála sna tríú tíortha nó tríú críocha sin, agus chun coinníollacha sonracha is gá a chomhlíonadh i gcásanna den sórt sin a shannadh.

(9)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2017/625 nach dtiocfaidh coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe isteach san Aontas ach ó thríú tír nó réigiún sa tír sin atá ar liosta arna tharraingt suas ag an gCoimisiún chun na críche sin.

(10)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (6), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe a bhfuil siad beartaithe lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais ábhartha a bhunaítear sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625 nó ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad.

(11)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún (7), leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin ónar ceadmhach táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a theacht isteach san Aontas agus forlíontar na liostaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis. Chun gur féidir táirgí de bhunadh ainmhíoch nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 a leasú chun go liostófar na tríú tíortha nó na réigiúin a údaraítear maidir le coinsíneachtaí na dtáirgí sin de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe de thionscnamh an Aontais a theacht isteach san Aontas, ar coinsíneachtaí iad a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a stórála sna tríú tíortha nó sna réigiúin sin, agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, (AE) 2021/404 agus (AE) 2021/405 a leasú dá réir.

(13)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 mar a leanas:

1.

cuirtear isteach an tAirteagal 30a seo a leanas idir Airteagal 30 agus Airteagal 31.

“Airteagal 30a

Deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil caighdeánach i dtaca le táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a theacht isteach san Aontas, ar táirgí agus earraí de thionscnamh an Aontais iad a aistrítear chuig tríú tír nó tríú críoch agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír nó sa tríú críoch sin

An deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 1(3), pointe (b)(i), atá le húsáid i dtaobh táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe de thionscnamh an Aontais a theacht isteach san Aontas, ar táirgí agus earraí iad a aistrítear chuig tríú tír nó chuig tríú críoch agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír nó sa tríú críoch, beidh an deimhniú sin ag comhfhreagairt don deimhniú caighdeánach STORAGE-TC-PAO arna tharraingt suas i gcomhréir leis an deimhniú caighdeánach a leagtar amach i gCaibidil 53 d’Iarscríbhinn III.”;

2.

leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Cuirtear isteach an tAirteagal 26a seo a leanas idir Airteagal 26 agus Airteagal 27 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.

“Airteagal 26a

Liosta de na tríú tíortha a údaraítear maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a theacht isteach san Aontas, ar de thionscnamh an Aontais a aistrítear chuig tríú tír nó réigiún di agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír sin nó i réigiún di

I gcás coinsíneachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe de thionscnamh an Aontais a aistrítear ó thríú tír nó réigiún di agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír sin nó i réigiún di, ní údarófar iad maidir le teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin díobh a údaraítear maidir le teacht isteach san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE.”.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha i dtaca le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 mar a leanas:

1.

i liosta na ndeimhnithe, cuirtear catagóir nua leis i ndiaidh na hiontrála “TRANSIT-COMP”, dar teideal “idirthuras tríd an Aontas chuig tríú tír nó chuig tríú críoch, tríd an idirthuras a dhéanamh láithreach nó tar éis táirgí ilchodacha a stóráil san Aontas”:

táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe, ar táirgí agus earraí de thionscnamh an Aontais iad a aistrítear chuig tríú tír nó tríú críoch agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír nó sa tríú críoch sin

STORAGE-TC-PAO

Caibidil 53: Deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil caighdeánach i dtaca le táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a theacht isteach san Aontas, ar táirgí agus earraí de thionscnamh an Aontais iad a aistrítear chuig tríú tír nó tríú críoch agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe sa tríú tír nó sa tríú críoch sin”

2.

cuirtear isteach an Chaibidil 53 seo a leanas i ndiaidh Chaibidil 52:

“CAIBIDIL 53

DEIMHNIÚ SLÁINTE AINMHITHE/OIFIGIÚIL CAIGHDEÁNACH I dTACA LE TÁIRGÍ DE BHUNADH AINMHÍOCH AGUS EARRAÍ ÁIRITHE A THEACHT ISTEACH SAN AONTAS, AR TÁIRGÍ AGUS EARRAÍ DE THIONSCNAMH AN AONTAIS IAD A AISTRÍTEAR CHUIG TRÍÚ TÍR NÓ TRÍÚ CRÍOCH AGUS A AISTRÍTEAR AR AIS CHUIG AN AONTAS TAR ÉIS A nDÍLUCHTAITHE, A STÓRÁLA AGUS A nATHLUCHTAITHE SA TRÍÚ TÍR NÓ SA TRÍÚ CRÍOCH SIN (DEIMHNIU CAIGHDEÁNACH STORAGE-TC-PAO)

Image 1

Image 2

TÍR

Deimhniú caighdeánach STORAGE-TC-PAO)

Cuid II: Deimhniúchán

II.

Faisnéis sláinte

II.a

Tagairt an deimhnithe

II.b

Tagairt CBFRO

II.1.

Fianú sláinte

Deimhnímse, an tréidlia oifigiúil, a bhfuil mo shíniú faoi seo, maidir leis an gcoinsíneacht táirgí de bhunadh ainmhíoch nó earraí a bhfuil tuairisc orthu i gCuid I:

II.1.1.

gur coinsíneacht de thionscnamh an Aontais í agus gur táirgeadh san Aontas í agus go bhfuil sí incháilithe lena cur ar an margadh san Aontas, agus

II.1.2.

gur pacáladh í san Aontas agus, i gcás táirgí de bhunadh ainmhíoch, gur marcáladh í san Aontas i gcomhréir le Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, agus

II.1.3.

go bhfuil sí le dul isteach san Aontas, agus

II.1.4.

nach ndearnadh crioscaíl uirthi agus nach ndearnadh aon láimhseáil eile uirthi seachas díluchtú, stóráil, athluchtú, agus iompar in (1)…. agus i gcás táirgí de bhunadh ainmhíoch, go ndearnadh í a stóráil agus a iompar i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

II.2.

Fianú stórála

Deimhnímse, an tréidlia oifigiúil, a bhfuil mo shíniú faoi seo, maidir leis an gcoinsíneacht táirgí de bhunadh ainmhíoch nó earraí a bhfuil tuairisc orthu i gCuid I:

II.2.1.

gur stóráladh í i mbunaíocht/i mbunaíochtaí formheasta/cláraithe, agus

II.2.2.

go ndearnadh í a athluchtú sa bhunaíocht fhormheasta/chláraithe faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil.

Nótaí

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críoch an deimhnithe seo, cuimsítear an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann nuair a dhéantar tagairt don ‘Aontas’ sa deimhniú seo.

Tá an deimhniú seo beartaithe le haghaidh coinsíneachtaí táirgí a theacht isteach san Aontas a chumhdaítear leis na deimhnithe a leagtar síos in Airteagail 8 go 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235, ar coinsíneachtaí de thionscnamh Ballstáit den Aontais iad, a aistrítear go tríú tír nó go tríú críoch a liostaítear in Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún faoin gcoinníoll sonrach ‘Coinsíneachtaí de thionscnamh an Aontais a aistrítear chuig tríú tír nó tríú críoch, agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a stórála’ agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas ón tríú tír nó ón tríú críoch tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe.

Déanfar an deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil sin a chomhlánú de réir na nótaí a bhaineann le comhlíonadh na ndeimhnithe dá bhforáiltear i gCaibidil 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235.

Cuid I:

Tagairt bhosca 1.7

:

Tabhair ainm agus cód tíre ISO na tíre inar táirgeadh, inar monaraíodh nó inar pacáladh na hearraí (agus é lipéadaithe leis an marc aitheantais).

Cuid II:

(1)

Cód an chreasa i gcomhréir le colún 2 den tábla a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404; i gcás criosanna a liostaítear faoin gcoinníoll sonrach ‘Coinsíneachtaí de thionscnamh an Aontais a aistrítear chuig tríú tír nó tríú críoch, agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a stórála’ i gcolún 6 den tábla sin.

 

An tréidlia oifigiúil

 

 

Ainm (i gceannlitreacha)

 

 

 

 

Dáta

Cáilíocht agus teideal

 

 

 

Stampa

Síniú”

 

 


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

1.

i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, le Geansaí, le hOileán Mhanann agus le Geirsí:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-0

Ainmhithe agus táirgí geirmeacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún

 

Deimhnithe caighdeánacha le haghaidh gluaiseachtaí laistigh den Aontas

Ó Bhallstát amháin go Ballstáit eile tríd an Ríocht Aontaithe nó trína Spleáchríocha Corónach

 

 

 

 

Táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a chumhdaítear leis na deimhnithe a leagtar síos in Airteagail 8 go 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235

STORAGE-TC-PAO

Coinsíneachtaí de thionscnamh an Aontais a aistrítear chuig tríú tír nó tríú críoch, agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe

 

 

 

GG

Geansaí

GG-0

Ainmhithe agus táirgí geirmeacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692

 

Deimhnithe caighdeánacha le haghaidh gluaiseachtaí laistigh den Aontas

Ó Bhallstát amháin go Ballstáit eile tríd an Ríocht Aontaithe nó trína Spleáchríocha Corónach

 

 

 

 

Táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a chumhdaítear leis na deimhnithe a leagtar síos in Airteagail 8 go 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235

STORAGE-TC-PAO

Coinsíneachtaí de thionscnamh an Aontais a aistrítear chuig tríú tír nó tríú críoch, agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe

 

 

 

IM

Oileán Mhanann

IM-0

Ainmhithe agus táirgí geirmeacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692

 

Deimhnithe caighdeánacha le haghaidh gluaiseachtaí laistigh den Aontas

Ó Bhallstát amháin go Ballstáit eile tríd an Ríocht Aontaithe nó trína Spleáchríocha Corónach

 

 

 

 

Táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a chumhdaítear leis na deimhnithe a leagtar síos in Airteagail 8 go 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235

STORAGE-TC-PAO

Coinsíneachtaí de thionscnamh an Aontais a aistrítear chuig tríú tír nó tríú críoch, agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe

 

 

 

JE

Geirsí

JE-0

Ainmhithe agus táirgí geirmeacha a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692

 

Deimhnithe caighdeánacha le haghaidh gluaiseachtaí laistigh den Aontas

Ó Bhallstát amháin go Ballstáit eile tríd an Ríocht Aontaithe nó trína Spleáchríocha Corónach

 

 

 

 

Táirgí de bhunadh ainmhíoch agus earraí áirithe a chumhdaítear leis na deimhnithe a leagtar síos in Airteagail 8 go 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235

STORAGE-TC-PAO

Coinsíneachtaí de thionscnamh an Aontais a aistrítear chuig tríú tír nó tríú críoch, agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe”

 

 

 

2.

i gCuid 3, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann leis an gcoinníoll sonrach “Ó Bhallstát amháin go Ballstáit eile tríd an Ríocht Aontaithe nó trína Spleáchríocha Corónach”, agus roimh an iontráil “Coinsíneachtaí uisceacha - Ón Rúis chuig an Rúis”:

“Coinsíneachtaí de thionscnamh an Aontais a aistrítear chuig tríú tír nó tríú críoch, agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a n-athluchtaithe

Coinsíneachtaí na dtráchtearraí dá dtagraítear i gCuid 1, colún 4, ar de thionscnamh an Aontais iad agus a aistrítear chuig an gcrios dá dtagraítear i gCuid 1, colún 2, agus a aistrítear ar ais chuig an Aontas tar éis a ndíluchtaithe, a stórála agus a athluchtaithe sa tríú tír nó sa tríú críoch sin, ceadófar dóibh teacht isteach san Aontas ar choinníoll go mbeidh an deimhniú caighdeánach ‘STORAGE-TC-PAO’ a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún ag gabháil leo, mar aon leis na doiciméid a ghabhann leis an gcoinsíneacht lena honnmhairiú chuig an tríú tír nó chuig an tríú críoch.”


CINNTÍ

13.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 321/32


CINNEADH (CBES) 2021/1470 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

An 12 Márta 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/448 (2), agus ar an gcaoi sin rinne sí na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

(3)

I bhfianaise go bhfuiltear go leanúnach ag baint an bhoinn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó gur bagairt ar an méid sin na gníomhaíochtaí atáthar a dhéanamh, ba cheart Cinneadh 2014/145/CBES a athnuachan go ceann 6 mhí eile.

(4)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na hainmniúcháin aonair a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES agus chinn sí an fhaisnéis a bhaineann le 19 nduine aonair agus sé eintiteas a leasú.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 15 Márta 2022.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/448 ón gComhairle an 12 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 87, 15.3.2021, lch. 35).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha a bhaineann leis na daoine agus leis na heintitis a liostaítear thíos:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“4.

Denis Valentinovich BEREZOVSKIY

(Денис Валентинович БЕРЕЗОВСКИЙ)

Denys Valentynovych BEREZOVSKYY

(Денис Валентинович БЕРЕЗОВСЬКИЙ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.7.1974

Áit bhreithe: Kharkiv, Ukrainian SSR (Ukraine mar atá anois)

Ceapadh Berezovskiy ina cheannasaí ar an Ukrainian Navy an 1 Márta 2014 ach, ina dhiaidh sin, thug sé mionn do Crimean armed forces, agus ar an gcaoi sin, chuaigh sé siar ar a mhionn don Ukrainian Navy.

Bhí sé ina Leas-Cheannasaí ar an Black Sea Fleet de chuid an Russian Federation go dtí Deireadh Fómhair 2015.

Ceannasaí Gníomhach an Pacific Fleet de chuid Chónaidhm na Rúise agus Leas-Aimiréal.

17.3.2014

17.

Sergei Vladimirovich ZHELEZNYAK

(Сергей Владимирович ЖЕЛЕЗНЯК)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 30.7.1970

Áit bhreithe: St Petersburg (dá ngairtí Leningrad tráth), Russian Federation

Iar-Leas-Spéicéir ar State Duma Russian Federation.

Thacaigh sé go gníomhach le himscaradh Russian Armed Forces san Úcráinagus le hionghabháil Crimea. Ba é a bhí i gceannas ar an léirsiú a thacaigh le himscaradh Russian Armed Forces san Úcráin.

Iar-Leas-Chathaoirleach ar an Foreign Affairs Committee de State Duma den Russian Federation; é ina chomhalta ann anois.

Comhalta den Presidium of the General Council den pháirtí United Russia.

17.3.2014

37.

Sergei Ivanovich MENYAILO

(Сергей Иванович МЕНЯЙЛО)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 22.8.1960

Áit bhreithe: Alagir, North-Ossetian Autonomous SSR, RSFSR (Russian Federation mar atá anois)

Iar-Ghobharnóir ar chathair na hÚcráine a ndearnadh ionghabháil uirthi, Sevastopol.

Iar-Ionadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán an Russian Federation don Siberian Federal District. Comhalta de Security Council Chónaidhm na Rúise.

Ceann Gníomhach Northern Ossetia ón 9 Aibreán 2021.

29.4.2014

51.

Vladimir Nikolaevich PLIGIN

(Владимир Николаевич ПЛИГИН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 19.5.1960

Áit bhreithe: Ignatovo, Vologodsk Oblast, USSR (Russian Federation mar atá anois)

Iarchomhalta State Duma agus iarChathaoirleach den Duma Constitutional Law Committee. Freagrach as glacadh reachtaíochta maidir le hionghabháil Crimea agus Sevastopol isteach i gCónaidhm na Rúise a éascú.

Iarchomhalta den Supreme Council den pháirtí United Russia. Comhairleoir ag Volodin, Spéicéir an Duma. Is taighdeoir faoi láthair é ag an Institute of State and Law ag an Russian Academy of Sciences.

Comhchathaoirleach an Russian Lawyers’ Association.

12.5.2014

53.

Oleg Grigorievich KOZYURA

(Олег Григорьевич КОЗЮРА)

Oleh Hryhorovych KOZYURA

(Олег Григорович КОЗЮРА)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 30.12.1965 nó 19.12.1962

Áit bhreithe: Simferopol, Crimea nó Zaporizhia, Ukraine

Iar-Cheann an Federal Migration Service office do Sevastopol. Freagrach as pasanna Rúiseacha a eisiúint go córasach agus go pras dóibh siúd atá ina gcónaí in Sevastopol.

Iar-Cheann Foirne ar an Legislative Assembly of Sevastopol.

Comhairleoir do Ghobharnóir Sevastopol.

12.5.2014

58.

Roman Viktorovich LYAGIN

(Роман Викторович ЛЯГИН)

Roman Viktorovych LIAHIN

(Роман Вiкторович ЛЯГIН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 30.5.1980

Áit bhreithe: Donetsk, Ukraine

Iar-Cheann ar Central Electoral Commission ‘Donetsk People’s Republic’. Bhí lámh ghníomhach aige in eagrú an reifrinn an 11 Bealtaine 2014 maidir le féinchinntiúchán ‘Donetsk People’s Republic’. Iar-‘Aire Saothair agus Beartais Shóisialta’.

Faoi réir imeachtaí coiriúla san Úcráin.

12.5.2014

79.

Mikhail Vladimirovich DEGTYARYOV/DEGTYAREV

(Михаил Владимирович ДЕГТЯРËВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 10.7.1981

Áit bhreithe: Kuibyshev (Samara), Russian Federation

Iarchomhalta den State Duma.

Mar bhall den Duma, d’fhógair sé oscailt fhoirmiúil ‘de facto embassy’ in ‘Donetsk People’s Republic’ (neamhaitheanta), mar a ghairtear di, i Moscó. Cuidíonn sé leis an mbonn a bhaint d’iomláine críche, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó cuidíonn sé leis an mbagairt ina gcoinne sin.

Iar-Chathaoirleach ar Russian State Duma Committee on Physical Education, Sport and Youth Affairs.

Ó 20 Iúil 2020 i leith, Gobharnóir Gníomhach ar Khabarovsk Krai.

Ón 6 Feabhra 2021, Comhordaitheoir an bhrainse réigiúnaigh de Liberal Democratic Party of Russia.

25.7.2014

84.

Fyodor Dmitrievich BEREZIN

(Фëдор Дмитриевич БЕРЕЗИН)

Fedir Dmytrovych BEREZIN

(Федiр Дмитрович БЕРЕЗIН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 7.2.1960

Áit bhreithe: Donetsk, Ukraine

Iar-‘leas-aire cosanta’ mar a ghairtear dó, ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di. Tá baint aige le Igor Strelkov/Girkin, atá freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, thug Berezin tacaíocht do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Tá sé fós gníomhach maidir le tacú le gníomhaíochtaí nó beartais scarúnaíocha. Cathaoirleach reatha ar Board of the DNR Writers’ Union agus Comhalta den People’s Council of the DNR.

25.7.2014

108.

Vladimir Abdualiyevich VASILYEV

(Владимир Абдуалиевич ВАСИЛЬЕВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 11.8.1949

Áit bhreithe: Klin, Moscow Region, Russian Federation

Iar-Leas-Spéicéir den State Duma. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘Maidir le glacadh “Republic of Crimea” sa Russian Federation agus foirmiú, laistigh den Russian Federation, eintiteas nua cónaidhme – “Republic of Crimea” agus City of Federal Status Sevastopol’.

Iarcheann ar Republic of Dagestan.

Ón 5 Deireadh Fómhair 2020, Comhairleoir d’Uachtarán an Russian Federation.

12.9.2014

111.

Vladimir Stepanovich NIKITIN

(Владимир Степанович НИКИТИН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 5.4.1948

Áit bhreithe: Opochka, Russian Federation

Iarchomhalta den State Duma agus iarChéad-Leas-Chathaoirleach ar an Committee for CIS Affairs, Eurasian Integration and Relations with Compatriots of the State Duma. An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘Maidir le glacadh “Republic of Crimea” sa Russian Federation agus foirmiú, laistigh den Russian Federation, eintiteas nua cónaidhme “Republic of Crimea” agus City of Federal Status Sevastopol’.

Comhalta de Presidium of the Central Committee of the Communist Party sa i gCónaidhm na Rúise.

Ceannaire ar an ngluaiseacht phoiblí uile-Rúiseach ‘Russian Concord’, arb é is aidhm di sibhialtacht uathúil Rúiseach a chruthú agus seasamh na Rúise san iar-spás Sóivéadach agus in CIS a neartú.

12.9.2014

119.

Alexander Mikhailovich BABAKOV

(Aлександр Михайлович БАБАКОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 8.2.1963

Áit bhreithe: Chisinau, Moldovan SSR (Republic of Moldova mar atá anois)

Iarchomhalta den State Duma. Iarchomhalta den State Duma, Cathaoirleach ar an State Duma Commission on Legislative Provisions for Development of the Military-Industrial Complex of the Russian Federation. Comhalta ar leith de ‘United Russia’ agus fear gnó a bhfuil infheistíochtaí móra aige san Úcráin agus in Crimea.

An 20 Márta 2014, vótáil sé i bhfabhar dréacht-Dlí Bunreachtúil Cónaidhme ‘Maidir le glacadh “Republic of Crimea” sa Russian Federation agus bunú, laistigh den Russian Federation, eintiteas nua cónaidhme – “Republic of Crimea” agus City of federal status Sevastopol’.

Comhalta de Federation Council of the Russian Federation faoi láthair. Comhalta den Committee on Foreign Affairs.

Tar éis go ndearnadh na páirtithe polaitiúla – ‘A Just Russia’, ‘For Truth’ agus ‘Patriots of Russia’ a chumasc, ceapadh Babakov ina Rúnaí ar Presidium ar Central Council an eintitis chumaiscthe.

12.9.2014

121.

Oleg Konstantinovich AKIMOV (ar a dtugtar Oleh AKIMOV freisin)

(Олег Константинович АКИМОВ)

Oleh Kostiantynovych AKIMOV

(Олег Костянтинович АКIМОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.9.1981

Áit bhreithe: Luhansk, Ukraine

Comhalta de chuid ‘Luhansk Economic Union’ in ‘National Council’ an ‘Luhansk People’s Republic’. Sheas sé mar iarrthóir sna ‘toghcháin’, mar a ghairtear dóibh, an 2 Samhain 2014, don phost mar ‘Ceann’, mar a ghairtear dó, ar ‘Luhansk People’s Republic’. Bhí na ‘toghcháin’ sin ina sárú ar dhlí na hÚcráine agus, dá bhrí sin, bhí siad neamhdhleathach. Iar-‘Cheann’ ar ‘Federation of Trade Unions’, mar a ghairtear di. Comhalta den ‘People’s Council’ de chuid ‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear di.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, agus é ag glacadh páirt go foirmiúil mar iarrthóir sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Tacaíonn sé go gníomhach le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

29.11.2014

130.

Ihor Vladymyrovych KOSTENOK (ar a dtugtar Igor Vladimirovich KOSTENOK freisin)

(Игорь Владимирович КОСТЕНОК)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 15.3.1961

Áit bhreithe: Vodyanske, Dobropillia Rayon, Donetsk oblast, Ukraine

Водянское, Добропольский район Донецкой области, Украина

Iar-‘Aire Oideachais’, mar a ghairtear dó in ‘Daon-Phoblacht Donetsk’.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Faoi láthair, tá sé ag obair do Donetsk Academy of Management and Civil Service faoi ‘Ceann Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di.

Ó Mheán Fómhair 2018, Ollamh sa Department of State and Municipal Administration ag an Federal State Budgetary Educational Institution of Higher Education ‘Russian University of Economics. G.V. Plekhanov’.

29.11.2014

131.

Yevgeniy Vyacheslavovich ORLOV (ar a dtugtar Yevhen Vyacheslavovych ORLOV freisin)

(Евгений Вячеславович ОРЛОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 10.5.1980 nó 21.10.1983

Áit bhreithe: Snezhnoye, Donetsk oblast, Ukraine

г. Снежное, Донецкой области, Украина

Iar-Chomhalta de ‘National Council’de ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di. Iarchathaoirleach ar an ngluaiseacht phoiblí dar teideal ‘Free Donbass’.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Leas-Chathaoirleach an DNR National Assembly Committee on Industry and Trade.

29.11.2014

137.

Eduard Aleksandrovich BASURIN

(Эдуард Александрович БАСУРИН)

Eduard Oleksandrovych BASURIN

(Едуард Олександрович БАСУРIН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 27.6.1966

Áit bhreithe: Donetsk, Ukraine

Urlabhraí agus Leas-Cheann ar ‘People’s Militia’ den ‘Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear di.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Leas-Cheann ar an ‘People’s Militia Department of the DNR’.

16.2.2015

138.

Alexandr Vasilievich SHUBIN

(Александр Васильевич ШУБИН)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 20.5.1972 nó 30.5.1972

Áit bhreithe: Luhansk, Ukraine

Iar-‘Aire Ceartais’, mar a ghairtear dó de chuid ‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear di, atá neamhdhleathach. Iar-Chathaoirleach ar ‘Central Election Commission’‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear di.

Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó sa cháil sin, tá tacaíocht ghníomhach tugtha aige, dá bhrí sin, do ghníomhaíochtaí agus do bheartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh an Úcráin a thuilleadh.

Briseadh as a phost é mar chathaoirleach ar ‘Central Election Commission’‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear di, i mí an Mheithimh 2018.

Cláraithe mar nótaire in Luhansk.

Leanann sé de bheith ag tacú le beartais scarúnaíocha agus de na beartais sin a dhlisteanú.

16.2.2015

158.

Andrey Vladimirovich CHEREZOV (TSCHERESOW)

(Андрей Владимирович ЧЕРЕЗОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 12.10.1967

Áit bhreithe: Salair, Kemerovskaya Oblast, Russian Federation

Iar-Leas-Aire Fuinnimh Chónaidhm na Rúse.

Tá cuid den fhreagracht air as an gcinneadh chun tuirbíní gáis, a sheachaid Siemens Gas Turbine Technologies OOO chuig OAO VO Technopromexport, a aistriú lena suiteáil in Crimea. Leis an gcinneadh sin cuidítear le soláthar cumhachta neamhspleách a bhunú do Crimea agus do Sevastopol chun tacú lena scaradh ón Úcráin, agus baintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

4.8.2017

160.

Sergey Anatolevich TOPOR-GILKA

(Сергей Анатольевич ТОПОР-ГИЛКА)

Inscne: fireann;

Dáta breithe: 17.2.1970

Áit bhreithe: Moldovan Soviet Socialist Republic (Republic of Moldova mar atá anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Ina cháil mar Ard-Stiúrthóir OAO ‘VO TPE’, bhí sé i gceannas ar an gcaibidlíocht le Siemens Gas Turbine Technologies OOO maidir le ceannach agus seachadadh na dtuirbíní gáis do ghléasra cumhachta in Taman, Krasnodar region, Russian Federation. Ina dhiaidh sin, agus é ina Ard-Stiúrthóir ar OOO ‘VO TPE’ is é freagrach as na gástuirbíní a aistriú go dtí Crimea agus as tionscadal tógála na ngléasraí cumhachta teirmí Balaklava agus Tavricheskaya a chur chun feidhme, áit ar suiteáladh na tuirbíní. Leis sin cuidítear le soláthar cumhachta neamhspleách a bhunú do Crimea agus do Sevastopol chun tacú lena scaradh ón Úcráin, agus baintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

4.8.2017

164.

Aleksandr Yurevich PETUKHOV

Aleksandr Yurievich PETUKHOV

(Александр Юрьевич ПЕТУХОВ)

Oleksandr Yuriyovych PIETUKHOV

(Олександр Юрiйович ПЄТУХОВ)

Inscne: fireann

Dáta breithe: 17.7.1970

Áit bhreithe: Ryazan, Russian Federation

Iar-Chathaoirleach an Sevastopol Electoral Commission. Sa cháil sin, ghlac sé páirt in eagrú thoghcháin uachtaránachta na Rúise an 18 Márta 2018 in Crimea agus in Sevastopol a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus ar an gcaoi sin, thacaigh sé go gníomhach le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus chuir sé na beartais sin chun feidhme.

Príomh-Chigire Cónaidhme an Moscow region.

Ón 6 Aibreán 2021, Cúntóir d’Ionadaí Lánchumhachtach d’Uachtarán Chónaidhm na Rúise do Central Federal District.

14.5.2018”;

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“7.

Russian community ‘Sobol’

Русская община ‘Соболь’

Na meáin shóisialta:

http://vk.com/sobolipress

http://www.русскоедвижение.рф/

Uimhir ghutháin:

+652 60-23-93

R-phost: SoboliPress@gmail.com

Seoladh: Ukraine, Crimea, Simferopol, str. Kiev, 4 (area bus station ‘Central’).

Eagraíocht pharaimíleata radacach, atá freagrach as tacú go hoscailte le húsáid na láimhe láidre chun deireadh a chur le smacht na hÚcráine ar Crimea, rud a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

Freagrach as oiliúint a chur ar scarúnaithe chun dul i mbun troda in aghaidh fhórsaí rialtais na hÚcráine in Oirthear na hÚcráine, rud a chuir cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine i mbaol.

25.7.2014

11.

‘Vostok Brigade’

‘Бригада Восток’

(ar a dtugtar Vostok Battalion; ‘Батальон Восток’ freisin)

Na meáin shóisialta:

http://vk.com/patriotic_forces_of_donbas

http://patriot-donetsk.ru/

info.patriot.donbassa@gmail.com

Grúpa scarúnaíoch armtha neamhdhleathach a mheastar a bheith ar cheann de na grúpaí is tábhachtaí in Oirthear na hÚcráine. Freagrach as dul i mbun troda in aghaidh fhórsaí rialtais na hÚcráine in Oirthear na hÚcráine, rud a chuir cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine i mbaol.

Ghlac sé páirt ghníomhach sna hoibríochtaí míleata a raibh mar thoradh orthu urghabháil Donetsk Airport.

Ina bhall den ‘1st Army Corps’, mar a ghairtear dó, de chuid ‘Donetsk People’s Republic’.

25.7.2014

18.

Cuideachta comhstoic ‘Production-Agrarian Union “Massandra”’

Aкционерное общество ‘Производственно-аграрное объединение “Массандра”’

(ar a dtugtaí State Unitary Enterprise of the ‘Republic of Crimea’‘Production-Agrarian Union “Massandra”’ tráth

Государственное унитарное предприятие Республики Крым “Производственно-аграрное объединение “Массандра”’

Federal State Budgetary Enterprise ‘Production-Agrarian Union “Massandra”’ de chuid Administration of the President of the Russian Federation

Федеральное государственное унитарное предприятие ‘Производственно-аграрное объединение “Массандра” Управления делами Президента Российской Федерации’

State concern ‘National Association of producers “Massandra”’

Национальное производственно аграрное объединение ‘Массандра’

Nacionalnoye proizvodstvenno agrarnoye obyedinenye ‘Massandra’)

298650, Crimea, Yalta, Massandra, str. Vinodela Egorova 9.

298650, Крым, г. Ялта, пгт. Массандра, ул. Винодела Егорова, д. 9

Suíomh gréasáin: http://massandra.su

+7 9789367504

+7 3654233196

+7 3654261683

Uimhir chlárúcháin: 1209100012648

Aistríodh úinéireacht an eintitis de shárú ar dhlí na hÚcráine. An 9 Aibreán 2014, ghlac ‘Presidium of the Parliament of Crimea’ cinneadh Uimh. 1991-6/14 ‘On the amendments to the Resolution of the State Council of the “Republic of Crimea”’ an 26 Márta 2014 Uimh. 1836-6/14 ‘On nationalization of the property of enterprises, institutions and organizations of agro-industrial complex, located in the territory of the “Republic of Crimea”’ inar dearbhaíodh go rabhthas tar éis sócmhainní de chuid an ghnóthais stáit ‘National Association of producers “Massandra”’ a ghabháil thar ceann ‘Republic of Crimea’. Tá ‘údaráis’ Crimea, más ea, tar éis an fiontar a choigistiú a mhórán nó a bheagán.

Athchláraithe an 1 Lúnasa 2014 mar Federal State Budgetary Enterprise ‘Proizvodstvenno agrarnoye obyedinenye “Massandra” of the Administration of the President of the Russian Federation (Федеральное государственное унитарное предприятие ‘Производственно-аграрное объединение “Массандра” Управления делами Президента Российской Федерации’). Bunaitheoir: The Administration of the President of the Russian Federation (Управления Делами Президента Российской Федерации).

An 1 Aibreán 2019, athchláraíodh mar State Unitary Enterprise of the ‘Republic of Crimea’‘Production-Agrarian Union “Massandra”’. Athchláraithe mar chuideachta comhstoic ‘Production-Agrarian Union “Massandra”’ an 1 Deireadh Fómhair 2020.

25.7.2014

24.

Public movement ‘Donetsk Republic’

Общественное движение ‘Донецкая республика’

Faisnéis oifigiúil:

http://oddr.info/

orgotdel@oddr.info

Seoladh: Donetsk, Universitetskaya 19

г. Донецк, ул. Университетская, дом 19

‘Eagraíocht’ poiblí a rinne ionadaíocht ar na hiarrthóirí sna ‘toghcháin’, mar a tugadh orthu, in ‘Donetsk People’s Republic’ an 2 Samhain 2014 agus an 11 Samhain 2018. Bhí na ‘toghcháin’ sin ina sárú ar dhlí na hÚcráine agus neamhdhleathach dá réir.

Ó tharla gur ghlac sí páirt sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh. Bunaithe ag Andriy PURGIN agus a bhí faoi cheannas Alexander ZAKHARCHENKO. Is í a d’ainmnigh Denis PUSHYLIN in 2018 chun bheith ina ‘Ceann’ ar ‘Donetsk People’s Republic’ mar a ghairtear di.

29.11.2014

28.

Luhansk Economic Union (Luganskiy Ekonomicheskiy Soyuz)

Луганский экономический союз

Faisnéis oifigiúil:

https://vk.com/public97306393

Teileagram: https://t.me/s/od_les_lnr

‘Eagraíocht shóisialta’ a rinne ionadaíocht ar na hiarrthóirí sna ‘toghcháin’, mar a tugadh orthu, a bhí neamhdhleathach in ‘Luhansk People’s Republic’ an 2 Samhain 2014 agus an 11 Samhain 2018. Is é a d’ainmnigh Oleg AKIMOV mar iarrthóir, le bheith ina ‘Ceann’ ar ‘Luhansk People’s Republic’ in 2014 agus mar chomhalta de ‘People’s Council of the Luhansk People’s Republic’ mar a thugtar air in 2018. Bhí na ‘toghcháin’ sin ina sárú ar dhlí na hÚcráine agus neamhdhleathach dá réir. Is é Zinaida NADION an cathaoirleach ar ‘Luganskiy Economicheskiy Soyuz’ faoi láthair, ar ionadaí é ar ‘People’s Council of the LPR’.

Ó tharla gur ghlac sí páirt sna ‘toghcháin’ neamhdhleathacha sin, thacaigh sí go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.

29.11.2014

33.

Prizrak brigade

Бригада ‘Призрак’

Seoladh: District 50 Year of the USSR, 18; c. of Kirovsk

https://vk.com/battalionprizrak

http://prizrak.info/

mail@prizrak.info

+38 072199-86-39

Grúpa scarúnaíoch armtha a thacaigh go gníomhach le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.

Cuid den ‘2nd Army Corps’, mar a ghairtear dó, de chuid ‘Lugansk People’s Republic’.

Dá ngairtear 14th Motorized Rifle Battalion freisin.

Mar chuid den People’s Militia of the ‘Luhansk People’s Republic’, mar a ghairtear dó.

16.2.2015”.