ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 311

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
3 Meán Fómhair 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1434 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2021 lena bhfoirceanntar athbhreithniú ar Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 443/2011 agus (AE) Uimh. 444/2011 ón gComhairle lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach agus an dleacht frithdhumpála chinntitheach chun allmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada a chumhdach

1

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

3.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 311/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1434 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Meán Fómhair 2021

lena bhfoirceanntar athbhreithniú ar Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 443/2011 agus (AE) Uimh. 444/2011 ón gComhairle lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach agus an dleacht frithdhumpála chinntitheach chun allmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada a chumhdach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) agus go háirithe Airteagal 9(1) de, agus do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036, agus do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1267 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

Fuair an Coimisiún Eorpach iarraidh ar dhíolúine ó na bearta frithdhumpála agus frithchúitimh is infheidhme maidir le hallmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, a mhéid a bhaineann leis an gcuideachta Verbio Diesel Canada Corporation (“an t-iarratasóir”). Rinneadh an t-iarratas de bhun Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036 agus de bhun Airteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2016/1037 agus taisceadh é an 13 Iúil 2020.

(2)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an bhfianaise a bhí ar fáil san iarratas agus chinn sé gur leor an fhianaise a bhí ann chun údar cuí a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036 agus de bhun Airteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2016/1037 chun a chinneadh an féidir díolúine ó na bearta leathnaithe a thabhairt don iarratasóir.

(3)

An 16 Nollaig 2020 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2098 ón gCoimisiún (5), chuir an Coimisiún tús le hathbhreithniú ar Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 443/2011 (6) agus (AE) Uimh. 444/2011 (7) ón gComhairle. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2098 ón gCoimisiún, aisghaireadh na dleachtanna frithdhumpála a forchuireadh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1518 ón gCoimisiún (8) a mhéid a bhaineann le hallmhairí bithdhíosail ag an iarratasóir, agus ordaíodh do na húdaráis chustaim na céimeanna iomchuí a thabhairt chun na hallmhairí sin a chlárú. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(4)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara uile barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála, nó leis an dá cheann acu, laistigh den tréimhse ama a leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2098. Ní bhfuarthas aon bharúil ná iarraidh ar éisteacht.

2.   TARRAINGT SIAR AN IARRATAIS AGUS FOIRCEANNADH AN IMEACHTA

(5)

I litir an 2 Iúil 2021, tharraing an t-iarratasóir an iarraidh siar go hoifigiúil, iarraidh a taisceadh an 13 Iúil 2020.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 agus le hAirteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2016/1037, féadfar imeachtaí a fhoirceannadh i gcás ina ndéanfar an iarraidh a tharraingt siar, ach amháin mura mbeadh an foirceannadh sin chun leas an Aontais. Níor tháinig aon chúinse chun cinn le linn an imscrúdaithe a léirigh go mbeadh sé chun leas an Aontais leanúint ar aghaidh leis an gcás.

(7)

Dá bhrí sin, is é conclúid an Choimisiúin gur cheart an t-imscrúdú athbhreithniúcháin a fhoirceannadh. Dá réir sin, ba cheart deireadh a chur le clárú allmhairí an iarratasóra, agus an dleacht frithdhumpála ar leibhéal na tíre ar fad is infheidhme i leith ‘gach cuideachta eile’ in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1518 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún.(172,2 EUR/tona), ba cheart an dleacht sin a thobhach go cúlghabhálach ar na hallmhairí sin ó dháta tionscnaimh an imscrúdaithe athbhreithniúcháin.

(8)

Cuireadh na páirtithe leasmhara ar an eolas dá réir sin agus tugadh deis dóibh a mbarúlacha a chur in iúl. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(9)

Na bearta a leagtar síos leis an gCinneadh seo, is i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 atá siad, rud dá dtagraíonn Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2016/1037 freisin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An t-athbhreithniú ar cuireadh tús leis le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2098 ón gCoimisiún, déantar é a fhoirceannadh.

Airteagal 2

An dleacht frithdhumpála is infheidhme i leith “gach cuideachta eile” a leagtar amach in Airteagail 1(2) agus 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1518 ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún, cuirtear i bhfeidhm arís é ón 16 Nollaig 2020 i leith maidir le hallmhairí na cuideachta Verbio Diesel Canada Corporation.

An dleacht frithdhumpála dá dtagraítear i mír 1, déanfar í a thobhach le héifeacht ón 16 Nollaig 2020 ar na hallmhairí arna gclárú de bhun Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2098 ón gCoimisiún.

Airteagal 3

Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2098 ón gCoimisiún.

Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(3)   IO L 277, 2.8.2021, lch. 34.

(4)   IO L 277, 2.8.2021, lch. 62.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2098 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2020 lena dtionscnaítear athbhreithniú ar Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 443/2011 agus (AE) Uimh. 444/2011 ón gComhairle faoi seach, lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach agus an dleacht frithdhumpála chinntitheach chun allmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, athbhreithniú chun a chinneadh an féidir díolúine ó na bearta sin a thabhairt do tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid Cheanada, lena n-aisghairtear an dleacht frithdhumpála a mhéid a bhaineann le hallmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin agus lena gcuirtear allmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin faoi réir a gcláraithe (IO L 425, 16.12.2020, lch. 13).

(6)  (OJ L 122, 11.5.2011, p. 1).

(7)  (OJ L 122, 11.5.2011, p. 12).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1518 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (IO L 239, 15.9.2015, lch. 69).