|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 307 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
1.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 307/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1422 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Aibreán 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 i dtaca le deimhniú i gcás marú a dhéantar ar láthair an ghabháltais bunáitíochta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a rinneadh lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 18(7)(d) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2017/625, leagtar síos rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh na rialacha le reachtaíocht an Aontais a fhorchur i réimsí an bhia na sábháilteachta bia ag gach céim den phróiseas táirgthe, próiseála agus dáileacháin, i measc réimsí eile. Áirítear ar na rialuithe oifigiúla sin an chigireacht ante-mortem ar ainmhithe atá le marú. |
|
(2) |
Leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 (2) ón gCoimisiún na critéir agus na coinníollacha chun a chinneadh cathain a fhéadfar cigireachtaí réamhbháis a dhéanamh ar láthair an ghabháltais bunáitíochta. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1374 (3) ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ceadaítear bó-ainmhithe clóis agus muc-ainmhithe clóis agus each-ainmhithe clóis a mharú ar láthair an ghabháltais bunáitíochta faoi choinníollacha áirithe. Áirítear ar na coinníollacha sin cigireacht ante-mortem a dhéanamh ar ainmhithe sula maraítear iad agus toradh na cigireachta sin a fhianú i ndeimhniú oifigiúil a bheidh ag gabháil le corp na n-ainmhithe a maraíodh chuig seamlas formheasta i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624. |
|
(4) |
Ba cheart raon feidhme Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 a leathnú chun bó-ainmhithe clóis, muc-ainmhithe clóis agus each-ainmhithe clóis a thabhairt faoina scáth chun a áirithiú, i gcás ina maraítear iad ar láthair an ghabháltais bunáitíochta, nach gcuirfear sábháilteacht na feola i mbaol. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 a leasú dá réir sin. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1 Cuirfidh na húdaráis inniúla na critéir shonracha agus na coinníollacha sonracha a leagtar síos san Airteagal seo i bhfeidhm i gcásanna ábhartha na héanlaithe clóis, na géime feirme, na mbó-ainmhithe clóis, na muc-ainmhithe agus na n-each-ainmhithe clóis.” |
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 3: “3 I gcás bó-ainmhithe clóis agus muc-ainmhithe clóis, each-ainmhithe clóis agus géim feirme a mharaítear ar láthair an ghabháltais bunáitíochta i gcomhréir le Caibidil VIa de roinn I nó le pointe 3 de Roinn III d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, beidh an deimhniú oifigiúil a chuirtear i gcrích i gcomhréir leis an deimhniú oifigiúil eiseamláireach a leagtar amach i gCaibidil 3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 (*) ón gCoimisiún in éineacht leis na hainmhithe chuig an seamlas, sin nó seolfar é roimh ré in aon fhormáid, in ionad an deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(f) chuig an seamlas. (*) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha, deimhnithe oifigiúla caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha i dtaca le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).” " |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2019 maidir le rialacha sonracha i dtaca le rialuithe oifigiúla a dhéanamh faoi tháirgeadh na feola agus le haghaidh limistéir táirgthe agus athsheachadta na moileasc débhlaoscach beo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 17.5.2019, lch. 1)
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1374 an 12 Aibreán 2021 ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 297, 20.8.2021, lch. 1)
(4) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ag leagan síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55)
|
1.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 307/3 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1423 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Bealtaine 2021
lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe faoi Threoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a mhalartú go córasach, trí mheán leictreonach, i ndáil le diúltuithe údaruithe a dheonú chun airm thine áirithe a fháil nó a shealbhú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (1), agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 18(5), di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagail 9 agus 10 de Threoir (AE) 2021/555 déantar foráil maidir le deonú údaruithe chun airm thine a fháil nó a shealbhú a aicmítear i gcatagóir A nó i gcatagóir B, lena n-áirítear údarú a dheonú trí cheann atá ann cheana a dheimhniú, a athnuachan nó a fhadú. Ina theannta sin, le Caibidil 2 den Treoir sin déantar foráil maidir leis na húdaruithe sin a athbhreithniú go tráthrialta agus a tharraingt siar. |
|
(2) |
Le hAirteagal 18(4) de Threoir (AE) 2021/555 ceanglaítear ar údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a mhalartú maidir le diúltuithe údaruithe a dheonú ar fhorais slándála nó ar chúis a bhaineann le hiontaofacht an duine lena mbaineann, diúltuithe dá bhforáiltear in Airteagail 9 agus 10 den Treoir sin. Ós rud é nach sainmhínítear i dTreoir (AE) 2021/555 na coincheapa “forais slándála nó forais a bhaineann le hiontaofacht an duine lena mbaineann”, ba cheart do na Ballstáit cuspóirí Threoir (AE) 2021/555, agus go háirithe cuspóirí Airteagal 6(1)(b), a chur san áireamh agus na coincheapa sin á léirmhíniú acu. |
|
(3) |
An oibleagáid atá ann faoi Airteagal 18(4) de Threoir (AE) 2021/555 i ndáil le diúltuithe údaruithe a dheonú, tuigtear go gcumhdaítear leis an oibleagáid sin aon chinneadh riaracháin nó breithiúnach a dhéanann údarás poiblí de chuid Ballstáit arb é is cuspóir nó is éifeacht dó a chosc ar dhuine arm tine a fháil nó a shealbhú a thagann faoi raon feidhme Airteagal 9 nó 10 den Treoir sin, cibé acu is tar éis iarraidh ar údarú a dhéantar an cinneadh sin nó nach ea, is le hairm thine shonracha a bhaineann sé nó nach ea, agus is de bhun cumhachtaí a eascraíonn as an Treoir sin go sonrach a dhéantar é nó nach ea. Mar shampla, cumhdaítear leis an oibleagáid bratchosc ar dhuine ar leith airm thine a fháil nó a shealbhú, is cuma cé acu a rinne an duine sin iarraidh ar údarú roimhe sin nó nach ndearna. Cumhdaítear léi freisin aon chinneadh riaracháin nó breithiúnach lena ndéantar údarú atá ann cheana a tharraingt siar, nó lena ndiúltaítear údarú atá ann cheana a dheimhniú, a athnuachan nó a fhadú. Le hAirteagal 18(4) de Threoir (AE) 2021/555 ceanglaítear ar údaráis inniúla faisnéis a mhalartú maidir leis na cineálacha éagsúla cinnidh sin ar fad, ar choinníoll gur ar fhorais slándála a rinneadh an cinneadh, nó go mbaineann sé le hiontaofacht an duine. |
|
(4) |
Le hAirteagal 18(5) de Threoir (AE) 2021/555 ceanglaítear ar an gCoimisiún foráil a dhéanamh maidir le córas chun aon fhaisnéis a luaitear san Airteagal sin a mhalartú. Dá bhrí sin, bheadh córas i gceist chun an fhaisnéis a luaitear i mír 4 den Airteagal sin i ndáil le diúltuithe údaruithe a dheonú, chun an fhaisnéis sin a mhalartú. |
|
(5) |
Na forálacha comhair riaracháin in Airteagal 18 de Threoir (AE) 2021/555, forálacha a bhaineann le haistriú arm tine ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, tá siad faoi réir tionscadal píolótach faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, rud a bunaíodh leis an Rialachán sin, b’fhéidir é a úsáid mar uirlis éifeachtach freisin i gcur chun feidhme na forála comhair riaracháin a leagtar amach in Airteagal 18(4) de Threoir (AE) 2021/555 i ndáil le diúltuithe údaruithe a dheonú. Dá réir sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1427 ón gCoimisiún (3) cuirtear an fhoráil sin faoi réir tionscadal píolóltach faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012. Chun sonraí pearsanta daoine aonair agus a gceart chun príobháideachais a chosaint, sonraítear leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin gurb é a sheiceáil an gcuimsítear sonraí a bhaineann le daoine aonair ar leith i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, gurb é sin a fhéadfaidh na húdaráis náisiúnta a dhéanamh tríd an gcóras sin a úsáid, ní cuardach a dhéanamh de réir tagairt do chritéir níos ginearálta. Ina theannta sin tá coimircí sonracha i Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 lena rialaítear rochtain ar shonraí pearsanta agus próiseáil sonraí pearsanta i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, mar shampla na rialacha faoi Airteagal 9(4) lena gceadaítear rochtain ar bhonn riachtanais amháin. Dá bhrí sin, is iomchuí a shainaithint gurb é Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh an córas atá le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát chun faisnéis a mhalartú a bhaineann le diúltuithe údaruithe a dheonú, agus is iomchuí na socruithe mionsonraithe maidir leis an malartú sin a leagan síos. |
|
(6) |
Ionas nach mbeidh ualach riaracháin díréireach ar na Ballstáit, na socruithe mionsonraithe a leagtar síos leis an Rialachán seo i ndáil le faisnéis a mhalartú trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, níor cheart feidhm a bheith acu ach maidir le cinntí diúltaithe a dhéanann údaráis náisiúnta riaracháin nó bhreithiúnacha ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó ina dhiaidh. |
|
(7) |
Chun cearta cosanta sonraí na ndaoine aonair lena mbaineann a urramú, an fhaisnéis atá údarás inniúil le cur isteach i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, níor cheart a bheith inti ach a laghad is gá ionas go mbeidh údaráis inniúla Ballstát eile in ann a fhíorú an bhfuil duine ar leith faoi réir cinneadh diúltaithe a rinneadh ar fhorais slándála nó a bhaineann lena iontaofacht, nó an raibh sé faoi réir cinneadh dá leithéid roimhe seo. Dá bhrí sin, níor cheart a chuimsiú san fhaisnéis sin ach sonraí pearsanta amhail an t-ainm atá ar dhuine, a áit bhreithe agus a thír bhreithe, agus a náisiúntacht. |
|
(8) |
Ar an gcaoi chéanna, chun sonraí pearsanta daoine aonair agus a gceart chun príobháideachais a chosaint, níor cheart faisnéis faoi na cúiseanna sonracha a ndearnadh cinneadh diúltaithe a thaifeadadh i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh. Go háirithe, níor cheart faisnéis maidir le taifead coiriúil duine ná lena stádas leighis nó síceolaíochta a thaifeadadh i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh. I gcás ina mbeadh tuilleadh faisnéise de dhíth ar údarás inniúil i mBallstát amháin faoi na cúiseanna atá le cinneadh diúltaithe a rinneadh i mBallstát eile, bheadh an t-údarás inniúil sin in ann teagmháil a dhéanamh leis an údarás ábhartha sa Bhallstát eile lasmuigh de Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh trí mhodh iomchuí cumarsáide a úsáid agus i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí. Chuige sin, agus na Ballstáit ag taifeadadh cinneadh diúltaithe i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, ba cheart dóibh ainm agus sonraí teagmhála an údaráis riaracháin nó bhreithiúnaigh a rinne an cinneadh diúltaithe a chur in iúl, sin agus ainm agus sonraí teagmhála an údaráis lenar féidir le húdaráis inniúla Ballstát eile dul i dteagmháil agus iad ag lorg tuilleadh faisnéise faoin gcinneadh diúltaithe, i gcás nach ionann an t-údarás sin agus an ceann a rinne an cinneadh. |
|
(9) |
Ba cheart diúltuithe a thaifeadadh i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh fiú dá bhféadfaí iad a bheith faoi réir achomharc riaracháin nó achomharc breithiúnach. Má chuirtear cinneadh diúltaithe ar neamhní nó má mheastar ar shlí eile go bhfuil sé neamhbhailí tar éis faisnéis a bhaineann leis a iontráil i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, ba cheart a cheangal ar an údarás lena mbaineann an iontráil maidir leis an diúltú sin a bhaint tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis an diúltú a chur ar neamhní nó a fháil amach go bhfuil sé neamhbhailí. |
|
(10) |
Chun a áirithiú go leanfaidh an fhaisnéis atá i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh de bheith cruinn agus iomlán, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a gcuid iontrálacha a thabhairt cothrom le dáta aon uair a dhéantar athrú ábhartha. Mar shampla, dá ndéanfaí toirmeasc 5 bliana a laghdú ina dhiaidh sin agus toirmeasc 3 bliana a dhéanamh de, bheadh ar an mBallstát an iontráil a thabhairt cothrom le dáta chun dáta deiridh nua an toirmisc a thaifeadadh. I gcás toirmisc a mhairfeadh níos mó ná 10 mbliana, lena n-áirítear toirmisc éiginnte, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit freisin athbhreithniú a dhéanamh ar an iontráil uair amháin gach 10 mbliana ar a laghad agus a dheimhniú go bhfuil sí fós bailí (nó í a thabhairt cothrom le dáta dá réir). |
|
(11) |
An tréimhse ama a bheidh rochtain ag na Ballstáit ar fhaisnéis maidir le diúltú ar leith i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, is gá an tréimhse sin a chinneadh. Leis an tréimhse sin ní mór cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá ann leis an gcóras malartaithe faisnéise a dhéanamh chomh héifeachtach úsáideach agus is féidir do na Ballstáit, agus an gá atá ann le sonraí pearsanta daoine aonair agus a gceart chun príobháideachais a chosaint. Is féidir gurb éard a bheadh i ndiúltú cinneadh simplí aonuaire lena ndiúltaítear iarraidh ar údarú, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé de chead ag an iarratasóir iarraidh ar údarú a dhéanamh arís aon uair feasta, nó is féidir gurb éard a bheadh ann cinneadh a mbeadh éifeacht leanúnach aige, amhail cinneadh diúltaithe arb í an éifeacht atá aige, go díreach nó go hindíreach, urchosc a chur ar an iarratasóir iarraidh ar údarú a dhéanamh arís go ceann tréimhse ama, nó cinneadh lena gcuirtear urchosc ar dhuine airm thine a bheith ina sheilbh aige go ceann tréimhse shocraithe nó éiginnte. Agus aird á tabhairt ar na cleachtais reatha sna Ballstáit maidir leis na cineálacha éagsúla diúltaithe is féidir a bheith ann, is iomchuí foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le faisnéis i ndáil le cinneadh diúltaithe a bheith inrochtana i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an cinneadh diúltaithe a dhéanamh i gcás cinntí simplí aonuaire, nó go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis deireadh a theacht le héifeacht an chinnidh diúltaithe i gcás cinntí a bhfuil éifeacht leanúnach acu. |
|
(12) |
Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo laistigh de 2 bhliain tar éis a theacht i bhfeidhm chun saincheisteanna cur chun feidhme a d’fhéadfadh na Ballstáit a tharraingt anuas a chur san áireamh. |
|
(13) |
Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar ionas go mbeidh a ndóthain ama ag na Ballstáit na nósanna imeachta is gá a chur i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme
Faisnéis a bhaineann le diúltuithe údaruithe ar fhorais slándála nó ar chúis a bhaineann le hiontaofacht an duine lena mbaineann, diúltuithe dá bhforáiltear in Airteagail 9 agus 10 den Treoir sin, tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le malartú na faisnéise sin tríd an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 18(5) de Threoir (AE) 2021/555.
Ní thagann diúltú faoi raon feidhme an Rialacháin seo ach amháin má rinneadh an cinneadh riaracháin nó breithiúnach lena gcoisctear ar an duine lena mbaineann na hairm thine ábhartha a fháil nó a shealbhú (cinneadh dá ngairtear “an cinneadh diúltaithe” sa Rialachán seo) ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó ina dhiaidh sin.
Airteagal 2
An córas malartaithe leictreonaigh
Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1427, sin é an córas dá dtagraítear in Airteagal 18(5) de Threoir (AE) 2021/555 chun faisnéis a mhalartú a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir léi.
Airteagal 3
Faisnéis atá le malartú
1. An fhaisnéis atá le malartú de bhun Airteagal 18(4) de Threoir (AE) 2021/555 i ndáil le diúltú údarú a dheonú ar fhorais slándála nó ar chúis a bhaineann le hiontaofacht an duine lena mbaineann, diúltú dá bhforáiltear in Airteagal 9 nó 10 den Treoir sin, is iad na nithe seo a leanas a bheidh san fhaisnéis sin:
|
(a) |
ainm an duine lena mbaineann; |
|
(b) |
dáta breithe an duine sin; |
|
(c) |
áit bhreithe agus tír bhreithe an duine sin; |
|
(d) |
náisiúntacht an duine sin; |
|
(e) |
an dáta a rinneadh an cinneadh diúltaithe; |
|
(f) |
uimhir thagartha náisiúnta an chinnidh diúltaithe nó aitheantóir uathúil eile atá aige, má tugadh uimhir nó aitheantóir den sórt sin don chinneadh diúltaithe sa Bhallstát ina ndearnadh é; |
|
(g) |
ainm agus sonraí teagmhála an údaráis riaracháin nó bhreithiúnaigh a rinne an cinneadh diúltaithe agus, más le húdarás eile atáthar le dul i dteagmháil chun tuilleadh faisnéise a lorg faoin diúltú; ainm agus sonraí teagmhála an údaráis sin; |
|
(h) |
an chatagóir as measc na dtrí chatagóir seo a leanas lena mbaineann an cinneadh diúltaithe:
|
|
(i) |
an dáta deiridh socraithe atá i gceist i gcás ina dtagann an cinneadh diúltaithe faoi phointe (h)(ii); |
|
(j) |
an chatagóir as measc na dtrí chatagóir seo a leanas lena mbaineann an cinneadh diúltaithe:
|
2. Anuas ar an bhfaisnéis a luaitear i bpointí (a) go (d) de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh tuilleadh sonraí aitheantais a sholáthar maidir leis an duine lena mbaineann, amhail cód cánach, uimhir phas nó uimhir cárta aitheantais, i gcás inar gá sin chun an duine sin a shainaithint i gceart.
3. An fhaisnéis a liostaítear i mír 1 agus, i gcás inarb infheidhme, na sonraí breise dá dtagraítear i mír 2, cuirfear isteach i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh iad laistigh de 30 lá féilire ón dáta a rinneadh an cinneadh diúltaithe, agus beidh rochtain orthu láithreach ag údaráis inniúla na mBallstát go léir.
Airteagal 4
Oibleagáidí maidir le faisnéis a bhaint, a thabhairt cothrom le dáta agus a athbhreithniú
1. I gcás ina gcuirtear cinneadh diúltaithe ar neamhní nó ina meastar ar shlí eile go bhfuil sé neamhbhailí tar éis faisnéis a bhaineann leis a iontráil i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, bainfidh an t-údarás inniúil an iontráil den chóras sin tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis an cinneadh diúltaithe a chur ar neamhní nó a fháil amach go bhfuil sé neamhbhailí.
2. I gcás ina bhfuil imthosca eile i gceist seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 agus ina scorann faisnéis a bhaineann le cinneadh diúltaithe a iontráladh i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh de bheith cruinn agus iomlán ar chúis ar bith, lena n-áirítear de thoradh chúlghairm nó leasú an chinnidh diúltaithe ina dhiaidh sin, déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis atá i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh maidir leis an diúltú sin a thabhairt cothrom le dáta laistigh de 30 lá féilire ón dáta a scor an fhaisnéis de bheith cruinn nó iomlán. I gcás inarb é cúlghairm an chinnidh diúltaithe a bheidh i gceist, cuirfear an dáta óna ngabhfaidh éifeacht leis an gcúlghairm (“dáta na cúlghairme”) leis an iontráil i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh.
3. I gcás iontráil i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh maidir le cinneadh diúltaithe a thagann faoi Airteagal 3(1)(h)(i), déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar an iontráil uair amháin gach 10 mbliana ar a laghad ón dáta a rinneadh an cinneadh diúltaithe, agus a luaithe a dhéanfar gach ceann de na hathbhreithnithe sin tabharfaidh sé an iontráil cothrom le dáta chun a dheimhniú go bhfuil an cinneadh diúltaithe i bhfeidhm i gcónaí nó, má rinneadh an cinneadh a chúlghairm, chun dáta na cúlghairme a thaifeadadh i gcomhréir le mír 2.
4. I gcás iontráil maidir le cinneadh diúltaithe a thagann faoi Airteagal 3(1)(h)(ii) agus lena mbaineann dáta deiridh socraithe is faide anonn ná 10 mbliana tar éis an dáta a rinneadh an cinneadh diúltaithe, déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú ar an iontráil uair amháin gach 10 mbliana ar a laghad ón dáta a rinneadh an cinneadh diúltaithe go dtí an dáta a thaifeadtar i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh is dáta deiridh socraithe, agus a luaithe a dhéanfar gach ceann de na hathbhreithnithe sin tabharfaidh an t-údarás inniúil an iontráil cothrom le dáta chun a dheimhniú go bhfuil an cinneadh diúltaithe i bhfeidhm i gcónaí nó, má rinneadh an cinneadh a chúlghairm, chun dáta na cúlghairme a chur isteach i gcomhréir le mír 2.
5. Má dhéantar cinneadh diúltaithe a chúlghairm, an oibleagáid i mír 3 nó, de réir mar is infheidhme, an oibleagáid i mír 4, scoirfidh sí d’fheidhm a bheith aici maidir leis an iontráil a luaithe a thabharfar an iontráil cothrom le dáta chun dáta na cúlghairme a chur isteach i gcomhréir le mír 2.
Airteagal 5
An tréimhse a bhíonn rochtain ar fhaisnéis i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh
1. Faisnéis a mhalartaítear trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh rochtain uirthi i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh go ceann 10 mbliana ó cibé cé acu dáta díobh seo a leanas is déanaí, a mhéid is infheidhme iad maidir leis an gcinneadh diúltaithe atá i gceist, agus aon nuashonrú a rinneadh de bhun Airteagal 4 á chur san áireamh:
|
(a) |
an dáta a thaifeadtar i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh arb é an dáta a rinneadh an cinneadh diúltaithe é; |
|
(b) |
an dáta a thaifeadtar i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh arb é an dáta é a tugadh an iontráil cothrom le dáta go deireanach chun a dheimhniú go bhfuil an cinneadh diúltaithe fós i bhfeidhm; |
|
(c) |
an dáta a thaifeadtar i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh is dáta deiridh socraithe don chinneadh diúltaithe. |
Mar sin féin, i gcás iontráil i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh faoi réir na hoibleagáide atá ann faoi Airteagal 4(4), má mhainníonn an t-údarás inniúil an oibleagáid sin a chomhlíonadh, scoirfear den rochtain atá ar an iontráil i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh ar dhul in éag don spriocdháta a leagtar síos leis an Airteagal sin maidir leis an oibleagáid chéanna a chomhlíonadh.
2. D’ainneoin mhír 1, i gcás aon chinneadh diúltaithe dá dtaifeadtar dáta i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh is dáta óna ngabhfaidh éifeacht le cúlghairm an chinnidh, scoirfear den rochtain atá ar an iontráil i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh ar dhul in éag don tréimhse 10 mbliana ón dáta a thaifeadtar i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh is dáta cúlghairme.
Airteagal 6
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo laistigh de 2 bhliain tar éis dháta a theacht i bhfeidhm.
Airteagal 7
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 31 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 115, 6.4.2021, lgh. 1-25.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1427 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2021 maidir le tionscadal píolótach chun na forálacha maidir le comhar riaracháin a chur chun feidhme trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, forálacha a bhaineann le cinntí diúltaithe i leith údaruithe a dheonú agus a leagtar amach i dTreoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Féach leathanach 20 den Iris Oifigiúil seo).
|
1.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 307/9 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1424 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Lúnasa 2021
maidir le údarú ullmhóid Enterococcus faecium DSM 7134 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú a athnuachan, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 998/2010 (sealbhóir an údaraithe Lactosan GmbH & Co KG)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú agus a athnuachan. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 998/2010 ón gCoimisiún (2) údaraíodh ullmhóid Enterococcus faecium DSM 7134 ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, chuir sealbhóir an údaraithe sin iarratas isteach maidir le údarú ullmhóid Enterococcus faecium DSM 7134 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú a athnuachan, agus iarradh go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin zóiteicniúla”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(4) |
Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairim an 27 Eanáir 2021 (3) gur chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil go gcomhlíonann an breiseán na coinníollacha maidir le húdarú atá ann cheana. Ina theannta sin, chinn an tÚdarás nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag ullmhóid Enterococcus faecium DSM 7134 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol. Chinn sé freisin nach greannaitheoir craicinn ná súl atá sa bhreiseán ach gur cheart a mheas gur íogróir craicinn agus gur íogróir riospráide atá ann. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin. D’fhíoraigh an tÚdarás freisin an tuarascáil ar na modhanna a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
Léiríonn an measúnú ar ullmhóid Enterococcus faecium DSM 7134 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan. |
|
(6) |
Mar thoradh ar údarú ullmhóid Enterococcus faecium DSM 7134 mar bhreiseán beathaithe a athnuachan, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 998/2010 a aisghairm. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa “cobhsaitheoirí fhlóra na stéige”, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 998/2010.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 998/2010 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2010 maidir le húdarú Enterococcus faecium DSM 7134 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe Lactosan GmbH & Co KG) (IO L 290, 6.11.2010, lch. 22).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(3):6451.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||
|
CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||
|
Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige |
|||||||||||||||
|
4b1841 |
Lactosan GmbH & Co KG |
Enterococcus faecium DSM 7134 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid Enterococcus faecium DSM 7134 ina bhfuil íoschion de na nithe seo a leanas: Púdar: 1x1010 CFU/g de bhreiseán Gráinníní (micrimchochlaithe): 1x1010 CFU/g de bhreiseán |
Sicíní lena ramhrú |
- |
5 x 108 |
- |
|
21 Meán Fómhair 2031 |
||||||
|
Tréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Enterococcus faecium DSM 7134 |
|||||||||||||||
|
Modh anailíse (1) Maidir le háireamh: Modh an leata ar phláta agus úsáid á baint as agar aisíde eisciline domlais (EN 15788). Maidir le sainaitheantas: Leictreafóiréis ghlóthaí bhíogréimse (PFGE). |
|||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
|
1.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 307/12 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1425 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Lúnasa 2021
maidir le húdarú crágaigh mangainéise de lísín agus aigéid ghlútamaigh mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach maidir le húdarú crágaigh mangainéise de lísín agus aigéid ghlútamaigh. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le húdarú ullmhóid crágaigh mangainéise de lísín agus aigéid ghlútamaigh mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, breiseán atá le haicmiú i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin chothaitheacha” agus san fheidhmghrúpa “comhdhúile de riandúile”. |
|
(4) |
Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairimí an 10 Eanáir 2020 (2) agus 27 Eanáir 2021 (3) nach bhfuil tionchar díobhálach ag crágach mangainéise de lísín agus aigéid ghlútamaigh ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Chinn an tÚdarás go bhfuil riosca d’úsáideoirí ag baint leis an mbreiseán a láimhseáil, riosca a bhaineann leis an mbreiseán a ionanálú agus gur cheart a mheas gur greannaitheoir súl agus gur íogróir craicinn agus riospráide atá ann. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin. Chinn an tÚdarás go bhfuil an breiseán éifeachtúil le haghaidh sicíní lena ramhrú; is féidir an cinneadh seo a leathnú chuig gach speiceas ainmhíoch eile. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
Léiríonn an measúnú ar chrágach mangainéise de lísín agus aigéid ghlútamaigh, go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir “breiseáin chothaitheacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “comhdhúile de riandúile”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(2):6001.
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(3):6454.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
|||||||||
|
Cion dúile (Mn) i mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin chothaitheacha Feidhmghrúpa: comhdhúile de riandúile |
||||||||||||||||||
|
3b509 |
- |
Crágach mangainéise de lísín agus aigéad glútamach |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid crágach mangainéise le lísín agus crágaigh mangainéise le haigéad glútamach i gcóimheas 1:1 i bhfoirm phúdrach le cion mangainéise idir 15 % agus 17 %, cion lísín idir 20 % agus 21,5 %, cion aigéid ghlútamaigh idir 22 % agus 24 %, uaschion taise 3,5 % agus uaschion nicile 4 ppm. |
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
Éisc: 100 (iomlán) Speicis eile: 150 (iomlán) |
|
An 21 Meán Fómhair 2031 |
|||||||||
|
Saintréithriú na substaintí gníomhacha: Foirmlí ceimiceacha: Aigéad mangainéis-2,6- dé-aimíniheacsánóch, clóiríd agus salann sulfáite hidrigine: C6H19ClN2O8SMn Aigéad mangainéis-2-aimínipeantáindé-óch, sóidiam agus salann sulfáite hidrigine: C5H10NNaO9SMn |
||||||||||||||||||
|
Modhanna anailíse (*1): Maidir leis an mangainéis iomlán atá sa bhreiseán beathaithe agus sna réamh-mheascáin a chainníochtú:
Maidir leis an mangainéis iomlán in ábhair bheatha agus i mbeatha cumaisc a chainníochtú:
Maidir le cion lísín agus aigéid ghlútamaigh atá sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
Maidir le struchtúr crágtha an bhreiseáin bheathaithe a chruthú:
|
||||||||||||||||||
(*1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
|
1.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 307/17 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1426 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Lúnasa 2021
maidir le húdarú próitéáise séirín arna táirgeadh ag Bacillus licheniformis DSM 19670 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe: DSM Nutritional Products Ltd., atá á ionadú san Aontas ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o.)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta i leith an t-údarú sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas ar údarú ullmhóide próitéáise séirín arna táirgeadh ag Bacillus licheniformis (DSM 19670). Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas sin le húdarú próitéáise séirín arna táirgeadh ag Bacillus licheniformis (DSM 19670) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, ar breiseán é atá le haicmiú i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus san fheidhmghrúpa “feabhsaitheoirí díleáiteachta”. |
|
(4) |
Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairim an 27 Eanáir 2021 (2) nach bhfuil tionchar díobhálach ag próitéáis séirín arna táirgeadh ag Bacillus licheniformis DSM 19670 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Chinn an tÚdarás gur cheart a mheas gur greannaitheoir craicinn, gur íogróir féideartha craicinn agus gur íogróir riospráide atá sa bhreiseán. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin sin. Chinn an tÚdarás go bhféadfadh an breiseán a bheith éifeachtúil le haghaidh sicíní lena ramhrú. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
Léiríonn an measúnú ar phróitéáis séirín arna táirgeadh ag Bacillus licheniformis DSM 19670 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa “feabhsaitheoirí díleáiteachta”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(3):6448.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||
|
Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||
|
Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta |
|||||||||||||
|
4a13 |
DSM Nutritional Products Ltd., atá á ionadú san Aontas ag DSM Nutritional Products Sp. z o.o. |
Próitéáis séirín (EC 3.4.21.-) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Ullmhóid sholadach agus leachtach próitéáise séirín (EC 3.4.21.-) arna táirgeadh ag Bacillus licheniformis DSM 19670 a bhfuil gníomhaíocht íosta 75 000 PROT (1)/g |
Sicíní lena ramhrú |
- |
15 000 PROT |
|
|
21 Meán Fómhair 2031 |
||||
|
Tréithriú na substainte gníomhaí: Próitéáis séirín (EC 3.4.21.-) arna tháirgeadh ag Bacillus licheniformis DSM 19670 |
|||||||||||||
|
Modh anailíse (2) Maidir le gníomhaíocht próitéáise séirín atá sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascáin, i mbeatha chumaisc agus in ábhair bheathaithe a chainníochtú:
|
|||||||||||||
(1) Is é 1 PROT amháin méid na heinsíme lena scaoiltear 1 μmol de p-níotranailín ó 1mM de shubstráit (Suc-Ala-Ala-Pro-Phe-pNA) in aghaidh an nóiméid ag pH 9,0 agus ag teocht 37 °C.
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports
CINNTÍ
|
1.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 307/20 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1427 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Bealtaine 2021
maidir le tionscadal píolótach chun na forálacha maidir le comhar riaracháin a chur chun feidhme trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh, forálacha a bhaineann le cinntí diúltaithe i leith údaruithe a dheonú agus a leagtar amach i dTreoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is éard atá i gCóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, feidhmchlár bogearraí a bhfuil fáil air tríd an idirlíon agus a d’fhorbair an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit, chun cabhrú leis na Ballstáit na ceanglais maidir le malartú faisnéise a leagtar síos i ngníomhartha de chuid an Aontais a chomhlíonadh trí shásra cumarsáide láraithe a sholáthar lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise agus cúnamh frithpháirteach. |
|
(2) |
Faoi Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, is féidir leis an gCoimisiún tionscadail phíolótacha a dhéanamh chun éifeachtacht IMI a mheas ó thaobh chur chun feidhme na bhforálacha maidir le comhair riaracháin i ngníomhartha de chuid an Aontais nach liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(3) |
Le Treoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), déantar foráil maidir le comhar riaracháin idir na Ballstáit i ndáil le rialuithe i dtaca le fáil agus seilbh arm tine. Le hAirteagal 18 den Treoir sin, tá sé de cheangal ar an gCoimisiún socruithe mionsonraithe a leagan síos maidir leis an malartú córasach faisnéise trí mhodhanna leictreonacha dá dtagraítear san Airteagal sin. Ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423 (3) lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir leis an malartú córasach faisnéise a luaitear i mír 4 den Airteagal sin a bhaineann le cinntí diúltaithe i leith údaruithe a dheonú. D’fhéadfadh IMI a bheith ina uirlis éifeachtach ó thaobh chur chun feidhme na forála maidir le comhar riaracháin a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin Tharmligthe sin. Dá bhrí sin, ba cheart an fhoráil maidir le comhar riaracháin a bheith faoi réir tionscadal píolótach faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012. |
|
(4) |
Ba cheart do IMI an fheidhmiúlacht theicniúil a sholáthar, lena n-áirítear stór a bhunú, chun gur féidir le húdaráis inniúla na mBallstát a n-oibleagáidí a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423 a chomhlíonadh. |
|
(5) |
Ba cheart do IMI comhar riaracháin idir údaráis na mBallstát a éascú, trí chead a thabhairt dóibh stór IMI a chuardach chun seiceáil a dhéanamh an bhfuil cosc ar dhuine ar leith arm tine a fháil nó seilbh a bheith aige air. Chun urraim a thabhairt do chearta cosanta sonraí na ndaoine a ndéantar sonraí a thaifeadadh sa stór i ndáil leo, ba cheart d’údaráis náisiúnta a bheith in ann an fhaisnéis a bhaineann le duine ar leith a chuardach, agus an fhaisnéis sin amháin. Níor cheart dóibh a bheith in ann cuardach a dhéanamh de réir critéir eile, cuir i gcás, cuardach a dhéanamh ar gach diúltú le linn tréimhse áirithe nó i gcás Ballstát áirithe. |
|
(6) |
Chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta arna malartú mar chuid den tionscadal píolótach a bhlocáil a luaithe nach mbeidh gá leo a thuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, an dáta a mheasfar nach bhfuil gá leis na sonraí sin a thuilleadh chun críocha an Airteagail sin, ba cheart an dáta sin a dhéanamh soiléir. Ba cheart an dáta sin a beith i gcomhréir leis an dáta a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423 mar an dáta nach mbeidh rochtain a thuilleadh ar fhaisnéis maidir leis an gcinneadh diúltaithe in IMI. Is iomchuí a shoiléiriú, tráth a dhéanfar na sonraí a bhlocáil, go ndéanfar iad a scriosadh go huathoibríoch in IMI 3 bliana ina dhiaidh sin, gan gá le dúnadh foirmiúil a bheith ann. |
|
(7) |
De bhun Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, tá an Coimisiún chun meastóireacht ar thoradh an tionscadail phíolótaigh a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Is iomchuí an dáta a shonrú faoinar cheart an mheastóireacht a bheith curtha isteach. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An tionscadal píolótach
Mír 4 d’Airteagal 18 de Threoir (AE) 2021/555, a mhéid a thagann an malartú faisnéise a luaitear sa mhír sin faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423, beidh sí faoi réir tionscadal píolótach chun an fhoráil maidir le comhar riaracháin arna leagan síos sa mhír sin a chur chun feidhme, trí bhíthin Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”), faoi mar a mhionsonraítear a thuilleadh sa Rialachán Tarmligthe sin.
Airteagal 2
Údaráis inniúla
Chun críocha an tionscadail phíolótaigh, measfar gurb údaráis inniúla iad na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 18(3) de Threoir (AE) 2021/555.
Airteagal 3
Comhar riaracháin idir údaráis inniúla
Chun críocha an tionscadail phíolótaigh, cuirfidh IMI an fheidhmiúlacht seo a leanas ar fáil:
|
(a) |
stór le haghaidh faisnéis maidir le cinntí diúltaithe a stóráil agus a chomhroinnt i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423; |
|
(b) |
áis chuardaigh lenar féidir le húdaráis inniúla an stór a chuardach chun a sheiceáil an bhfuil faisnéis ann maidir le cinntí diúltaithe i ndáil le duine ar leith; |
|
(c) |
áis lenar féidir iontrálacha a bhaint agus a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423; |
|
(d) |
córas lena seoltar meabhrúcháin ríomhphoist chuig na húdaráis inniúla go rialta chun a mheabhrú dóibh iontrálacha áirithe a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423. |
Airteagal 4
Sonraí pearsanta a choinneáil
Chun sonraí pearsanta a bhlocáil de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, sonraí arna stóráil agus arna gcomhroinnt sa stór mar chuid den tionscadal píolótach, an dáta a bhfuil sé le meas gurb é an dáta nach gá sonraí pearsanta a stóráil ná a chomhroinnt a thuilleadh é, i gcás gach cinneadh diúltaithe, is éard a bheidh sa dáta sin an dáta nach mbeidh rochtain a thuilleadh ar fhaisnéis a bhaineann leis an gcinneadh diúltaithe sin, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423. Déanfar na sonraí blocáilte a scriosadh go huathoibríoch in IMI 3 bliana tar éis an dáta a rinneadh iad a bhlocáil.
Airteagal 5
Faireachán agus tuairisciú
Cuirfidh an Coimisiún staitisticí ar fáil do na Ballstáit maidir leis an méid iontrálacha arna dtaifeadadh sa stór. Ní áireofar faisnéis maidir le cinntí diúltaithe aonair sa tuairisciú sin.
Airteagal 6
Meastóireacht
An mheastóireacht a dhéanfar ar thoradh an tionscadail phíolótaigh de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, cuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í faoin [… IO: cuir isteach an dáta arb é 3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo].
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 1.
(2) Treoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (IO L 115, 6.4.2021, lgh. 1-25).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2021 lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe faoi Threoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an malartú córasach faisnéise, trí mhodhanna leictreonacha, i dtaca le diúltú údaruithe a dheonú i ndáil le fáil nó seilbh arm tine áirithe (Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo).