|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 305 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
31.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 305/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1416 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Meitheamh 2021
lena leasaítear Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le heitiltí isteach ón Ríocht Aontaithe a eisiamh ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 25a(1), an dara fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 25a de Threoir 2003/87/CE tugtar de chumhacht don Choimisiún forálacha a ghlacadh chun eitiltí a thagann ó thríú tír a eisiamh ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais (EU ETS). Ba cheart foráil a dhéanamh sna forálacha sin don idirghníomhaíocht is fearr is féidir idir EU ETS agus do bhearta tríú tír chun tionchar na heitlíochta ar an athrú aeráide a laghdú. |
|
(2) |
Tháinig an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ar chomhaontú i mí na Nollag 2020 (2). Maidir leis an gConradh Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“An Comhaontú”), shínigh an tAontas é ar bhonn Chinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle (3) agus rinne an tAontas é a fhormheas ar bhonn Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle (4). Cuireadh an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach go dtí go dtiocfadh sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021 (5). Foráiltear sa Chomhaontú go mbeidh córas éifeachtach praghsála carbóin i bhfeidhm ag gach páirtí lena gcumhdaítear an eitlíocht agus go ndéanfar eitiltí ó aeradróim atá suite ar chríoch an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) chuig aeradróim atá suite sa Ríocht Aontaithe a rialáil faoi EU ETS. De bhun Airteagal 28a(7) de Threoir 2003/87/CE, maidir leis an maolú in Airteagal 28a(1) de Threoir 2003/87/CE, ar dá bhun sin ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh ceanglais na Treorach sin maidir le hastaíochtaí ó eitiltí áirithe chuig aeradróim agus ó aeradróim atá suite i dtíortha lasmuigh den LEE, ní bheidh feidhm ag an maolú sin ach i gcomhréir le téarmaí an Chomhaontaithe. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, Treoir 2003/87/CE a leasú chun eitiltí ó aeradróim atá sa Ríocht Aontaithe chuig aeradróim atá suite in LEE a eisiamh ó EU ETS. D’fhonn cobhsaíocht a chothabháil a mhéid a bhaineann le cumhdach oibreoirí aerárthaí ag EU ETS, níor cheart go ndéanfadh eisiamh eitiltí ó aeradróim atá sa Ríocht Aontaithe chuig aeradróim atá suite in LEE difear do na forálacha lena n-eisiatar gníomhaíochtaí eitlíochta áirithe ó EU ETS bunaithe ar thairseacha sonraithe i dtéarmaí líon na n-eitiltí nó líon na n-astaíochtaí in aghaidh an oibreora. |
|
(4) |
Ba cheart Treoir 2003/87/CE a leasú dá réir. |
|
(5) |
Ós rud é go raibh an Comhaontú á chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí a bhíonn ann ón dáta sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I dTreoir 2003/87/CE, in Iarscríbhinn I, leasaítear an dara mír den iontráil “Eitlíocht” den cholún “Gníomhaíochtaí” sa tábla mar a leanas:
|
(1) |
i bpointe (j), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: “Maidir leis na heitiltí dá dtagraítear i bpointí (l) agus (m) nó a dhéantar go heisiach chun Ríthe agus Banríonacha atá i gcoróin agus a neasteaghlaigh, Cinn Stáit, Cinn Rialtais agus Airí Rialtais Ballstáit a iompar agus iad ar mhisean oifigiúil, ní fhéadfar iad a eisiamh faoin bpointe seo;” |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):
|
|
(3) |
cuirtear pointe (m) seo a leanas isteach:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón Dé hAoine 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.
(2) An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 444, 31.12.2020, lch. 14).
(3) Cinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle an 29 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 444, 31.12.2020, lch. 2).
(4) Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.04.2021, lch. 2).
(5) Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.04.2021, lch. 2560).
|
31.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 305/3 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1417 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Meitheamh 2021
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1139 i dtaca le sonraíochtaí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a mhéid a bhaineann leis an mbradán i Muir Bhailt le haghaidh na tréimhse 2021-2023
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá sé d’aidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 (2) deireadh a chur le hábhair mhuirí aischurtha de réir a chéile in iascaigh uile an Aontais trí oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme i gcás gabhálacha speiceas atá faoi réir teorainneacha gabhála. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 15(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le hiascaigh bradán i Muir Bhailt ón 1 Eanáir 2015. |
|
(3) |
I gcás nach mbunaítear aon phlean ilbhliantúil de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tugtar de chumhacht don Choimisiún, le hAirteagal 15(6) den Rialachán sin, pleananna maidir le hábhar muirí aischurtha a ghlacadh lena sonraítear mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír le haghaidh tréimhse tosaigh 3 bliana a fhéadfar a athnuachan go ceann 3 bliana eile. Na pleananna sin maidir le hábhar muirí aischurtha, tá siad le glacadh ar bhonn na moltaí comhpháirteacha arna bhforbairt ag na Ballstáit i gcomhairle leis na Comhairlí Comhairleacha ábhartha. |
|
(4) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1396/2014 ón gCoimisiún (3), bunaíodh plean maidir le hábhar muirí aischurtha a bhaineann le hiascaigh bradán, scadán, salán agus trosc i Muir Bhailt. Sa phlean sin maidir le hábhar muirí aischurtha, bhí díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír eadhon le haghaidh an bhradáin de thairbhe na rátaí arda marthanais a léiríodh maidir leis an speiceas sin dá bhforáiltear in Airteagal 15(4)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Chuaigh Rialachán (AE) Uimh. 1396/2014 in éag an 31 Nollaig 2017. An díolúine sin maidir le bradán Mhuir Bhailt, rinneadh í a athnuachan le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/211 ón gCoimisiún (4), a chuaigh in éag an 31 Nollaig 2020. |
|
(5) |
Le Rialachán (AE) 2016/1139, bunaítear plean ilbhliantúil do na stoic a ndéantar iascaireacht orthu i Muir Bhailt agus déantar foráil maidir le mionsonraí chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i dtaca leis na stoic sin, lena n-áirítear an stoc bradán. Le hAirteagal 7(1)(a) den Rialachán sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán sin a fhorlíonadh trí mhionsonraí a shonrú maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a bhaineann le rátaí arda inmharthanachta. |
|
(6) |
Tá leas díreach i dtaca le bainistíocht iascaigh i Muir Bhailt ag an Danmhairg, ag an nGearmáin, ag an Eastóin, ag an Laitvia, ag an Liotuáin, ag an bPolainn, ag an bhFionlainn agus ag an tSualainn. An 12 Bealtaine 2020, chuir na Ballstáit sin moladh comhpháirteach (5) faoi bhráid an Choimisiúin, tar éis dóibh dul i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach Mhuir Bhailt. Fuarthas rannchuidiú eolaíoch ó chomhlachtaí eolaíocha ábhartha. Tugadh an moladh comhpháirteach cothrom le dáta an 8 Meán Fómhair 2020 agus an 16 Márta 2021. |
|
(7) |
Sa mholadh comhpháirteach leasaithe, moltar, i dtaca leis an díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le bradáin arna ngabháil le trealamh éighníomhach áirithe dá bhforáiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/211 ón gCoimisiún, gur cheart an díolúine sin a bheith infheidhme fós tar éis an 31 Nollaig 2020. Tugtar dreasacht leis sin trealamh a úsáid atá níos roghnaí agus bhfuil tionchar níos lú aige nuair a bheifear ag iascaireacht speiceas eile seachas an bradán. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh laghdú ar fhoghabhálacha éan agus mamach de thairbhe na díolúine. I réigiúin áirithe d’éascófaí bainistíocht na gcuótaí agus d’fhéadfaí stoic bradán fiáin a chosaint trí bhradáin fhiáine a ghabhtar a scaoileadh saor agus gan a choimeád ach bradáin shaothraithe. Níor cheart cléibh/potaí a dhíolmhú a thuilleadh, áfach, agus maidir le gaistí pontúin, níor cheart a áireamh ach gaistí a bhfuil mála gan snaidhm (‘Vittjanpåse’) ceangailte orthu. Thairis sin, moltar sa mholadh comhpháirteach an díolúine a theorannú do 8 % de na gabhálacha bliantúla ó chuóta bradán gach Ballstáit chun tuilleadh laghdaithe a dhéanamh ar aon tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag an díolúine sin ar an stoc. Ar deireadh, i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis an nGrúpa Saineolaithe um Iascach agus Dobharshaothrú, luadh, dá dtagraítear sa mholadh chomhpháirteach, gur cheart bradáin a ghabhtar le trealamh éighníomhach ábhartha sna hiascaigh uile a chumhdach leis an díolúine. |
|
(8) |
Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) athbhreithniú ar an bhfianaise eolaíoch a soláthraíodh leis an moladh comhpháirteach (6). Thagair STECF don mheasúnú a rinne sé roimhe seo (7) maidir le heangacha gaiste agus faidhclíonta, ach mheabhraigh sé go bhfuil gá le faisnéis bhreise i ndáil le deimhniú na dtoimhdí maidir le hinmharthanacht a rinneadh i gcás cliabh/potaí agus eangacha gabhainn. Ar an mbonn sin, ní áirítear a thuilleadh cléibh/potaí sa mholadh comhpháirteach nuashonraithe. Thairis sin, mhínigh na Ballstáit gur áiríodh eangacha gabhainn i sonraí a cuireadh isteach cheana, ach nár luadh eangacha gabhainn go sainráite sa staidéar ábhartha, agus go raibh staidéir bhreise ar bun. Dá bhrí sin, thug na Ballstáit gealltanas faisnéis bhreise a chur isteach maidir le rátaí marthanais i dtaca le bradáin arna ngabháil in eangacha gabhainn sula rachaidh an gníomh tarmligthe seo in éag. De bhrí gur luaigh STECF sa mheasúnú a rinne sé cheana go n-oibríonn eangacha gabhainn ar bhealach atá comhchosúil le heangacha gaiste agus le faidhclíonta agus go bhfuil gealltanas tugtha ag na Ballstáit sa mholadh comhpháirteach go ndéanfaidh siad tuilleadh taighde, ba cheart an díolúine a bheith infheidhme fós. Maidir le gaistí pontúin, thug STECF dá aire go bhféadfadh na gaistí pontúin a bhfuil mála gan snaidhm ceangailte orthu a bheith níos séimhe ná na cinn nach bhfuil mála den sórt sin orthu. Léirítear sna torthaí go raibh ráta marthanais 52 % ag bradáin arna ngabháil le gaistí pontúin a bhfuil mála gan snaidhm ceangailte orthu, ach go bhféadfadh an ráta marthanais a bheith i bhfad níos airde ag brath ar na himthosca comhshaoil. Tá tuilleadh tionscadail taighde ar bun. |
|
(9) |
Na bearta a moladh sa mholadh comhpháirteach, comhlíonann siad Airteagal 15(4)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus dá bhrí sin is féidir iad a chuimsiú sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus Airteagal 7(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/1139. Ar bhonn mheasúnú STECF, áfach, ba cheart an díolúine seo gan bheith ach sealadach, agus ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha bhreise agus na sonraí a mhol STECF a sholáthar in am trátha sula rachaidh an Rialachán seo in éag. |
|
(10) |
I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart teorainn 3 bliana a chur leis an Rialachán seo, chun measúnú nuashonraithe ar an díolúine agus forbairt na n-iascach lena mbaineann a áirithiú. |
|
(11) |
Ós rud é go ndeachaigh an maolú a deonaíodh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/211 ón gCoimisiún in éag an 31 Nollaig 2020, chun leanúnachas dlíthiúil a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo le héifeacht ón 1 Eanáir 2021. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus mar ábhar práinne, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leagtar síos rialacha leis an Rialachán seo agus tá feidhm aige maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i dtaca le bradáin arna ngabháil i Muir Bhailt le haghaidh na tréimhse 2021-2023.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
|
ciallaíonn “Muir Bhailt” ranna ICES IIIb, IIIc agus IIId, mar a shonraítear in Airteagal 4(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. |
Airteagal 3
Díolúine maidir le speicis a bhfuil rátaí arda marthanais acu
1. An díolúine maidir le speicis a bhfuil rátaí arda marthanais acu dá dtagraítear in Airteagal 15(4)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm aici maidir le bradáin arna ngabháil le faidhclíonta, eangacha gabhainn agus gach cineál eile eangaí gaiste, ach amháin gaistí pontúin nach bhfuil mála gan snaidhm ceangailte orthu.
2. An díolúine dá dtagraítear i mír 1, beidh sí teoranta do chion nach mó ná 8 % de na gabhálacha iomlána bliantúla bradán ó chuóta bradán gach Ballstáit.
3. Bradáin a ghabhtar i gcomhréir leis an díolúine a bhunaítear i mír 1, scaoilfear saor isteach san fharraige láithreach iad.
Airteagal 4
Forálacha críochnaitheacha
Faoin 1 Bealtaine 2023, na Ballstáit sin a bhfuil leas díreach bainistíochta acu, cuirfidh siad faisnéis bhreise eolaíoch faoi bhráid an Choimisiúin a fhágfaidh go bhféadfar measúnú a dhéanamh ar ionadaíochas agus ar cháilíocht an mheastacháin ar mharthanas bradán aischurtha ó ghabhálacha le heangacha gabhainn agus gaistí pontúin a bhfuil mála gan snaidhm ceangailte orthu, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an mbásmhaireacht i ndiaidh an scaoilte saor.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2023. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 191, 15.7.2016, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh an 11 Nollaig 2013, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1396/2014 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2014 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha i Muir Bhailt (IO L 370, 30.12.2014, lch. 40).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/211 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2017 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha a mhéid a bhaineann le bradán i Muir Bhailt (IO L 41, 14.2.2018, lch. 1).
(5) “BALTFISH High Level Group Joint Recommendation on a derogation from the landing obligation in the Baltic Sea establishing a discard plan as regards salmon in the Baltic Sea (ICES Subdivisions 22-32)” (“Moladh Comhpháirteach Ghrúpa Ardleibhéal BALTFISH maidir le maolú ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i Muir Bhailt, lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha a mhéid a bhaineann leis an mbradán i Muir Bhailt (Foranna ICES 22-32)”), arna tharchur an 12 Bealtaine 2020. Leagan nuashonraithe an 8 Meán Fómhair 2020 arna sheoladh an 15 Meán Fómhair 2020 agus leagan nuashonraithe an 16 Márta 2021.
(6) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2694823/STECF+20-04+-+Eval+JRs+LO+and+TM+Reg.pdf/6176f9ad-0855-4985-b7de-64685862b6cb
(7) https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/812327/STECF+PLEN+14-02.pdf/e29cf181-8d63-40ef-8050-6d980b12528f?version=1.4&download=true
|
31.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 305/6 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1418 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Meitheamh 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha pionóis faoi scéimeanna cabhrach le haghaidh ainmhithe nó le bearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 63(4), 64(6) agus 77(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 31(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún (2), arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/841 ón gCoimisiún (3), gur cheart an méid iomlán cabhrach nó tacaíochta a bhfuil an tairbhí ina theideal a íoc bunaithe ar líon na n-ainmhithe arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 30(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014, ar choinníoll nach n-aimseofar níos mó ná trí ainmhí neamhchinntithe agus gur féidir na hainmhithe neamhchinntithe a shainaithint go leithleach trí bhíthin aon mhodh dá bhforáiltear sa chóras maidir le hainmhithe a shainaithint agus a chlárú mar a shainítear in Airteagal 2(1), pointe (7), den Rialachán sin. Mar sin féin, ní bhaineann sainaithint leithleach ainmhithe le speicis ainmhíocha seachas ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 31(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 nach gcuirfear an pionós riaracháin i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhfuil níos mó ná trí ainmhí neamhchinntithe, gan tagairt do chás ina bhfuil trí ainmhí neamhchinntithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair, nó níos lú ná sin, nach féidir a shainaithint go leithleach trí bhíthin aon mhodh dá bhforáiltear sa chóras chun ainmhithe a shainaithint agus a chlárú. |
|
(2) |
Mar thoradh air sin, leis an dara coinníoll in Airteagal 31(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 eisiatar ón maolú, a mhéid a bhaineann le pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm, gach speiceas ainmhíoch seachas ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair atá le cumhdach le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, is iomchuí Airteagal 31(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a athfhoirmliú sa chaoi nach mbeidh feidhm ag an gceanglas maidir le sainaithint leithleach ach ar ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair. |
|
(4) |
I gcás nach féidir suas le trí ainmhí neamhchinntithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair a shainaithint go leithleach, ní fhoráiltear maidir le haon phionós in Airteagal 31(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014, rud a chiallaíonn gur chaill na hainmhithe sin a sainiúlacht agus a n-inrianaitheacht ó cibé foinse de chuid an chórais chun ainmhithe a shainaithint agus a chlárú. Is é an toradh atá air sin cás ina mbeadh pionóis ann de bharr neamh-chomhlíonadh nach bhfuil chomh tromchúiseach sin, bunaithe ar líon na n-ainmhithe neamhchinntithe amháin, agus cás nach mbeadh aon iarmhairtí ann de bharr neamh-chomhlíonadh atá níos tromchúisí toisc go mbaineann sé le hainmhithe (de chineál buaibheach, caorach nó gabhair) nach bhféadfaí a shainaithint. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh freisin maidir le pionóis riaracháin i leith neamh-chomhlíonadh níos tromchúisí i gcás nach féidir na hainmhithe neamhchinntithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair a shainaithint go leithleach trí bhíthin aon mhodh dá bhforáiltear sa chóras chun ainmhithe a shainaithint agus a chlárú, gan beann ar a líon. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Ar mhúnla Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/841, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hiarratais ar chabhair, le hiarratais ar thacaíocht agus le héilimh ar íocaíocht a chuirtear isteach le haghaidh blianta éilimh nó le haghaidh tréimhsí préimhe dar tús an 1 Eanáir 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 31 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 mar a leanas:
|
(a) |
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(b) |
i mír 2, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh: “I gcás ina bhfuil níos mó ná trí ainmhí neamhchinntithe ann nó i gcás ina bhfuil ainmhithe neamhchinntithe ann de chineál buaibheach, caorach nó gabhair nach féidir a shainaithint go leithleach trí bhíthin aon mhodh dá bhforáiltear sa chóras chun ainmhithe a shainaithint agus a chlárú, laghdófar mar a leanas an méid iomlán cabhrach nó tacaíochta a bhfuil an tairbhí ina theideal a fháil faoin scéim cabhrach nó faoin mbeart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann:”. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige maidir le hiarratais ar chabhair, iarratais ar thacaíocht agus éilimh ar íocaíocht a chuirtear isteach le haghaidh blianta éilimh nó le haghaidh tréimhsí préimhe dar tús an 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe agus leis na cúinsí faoina ndiúltófar nó faoina n-aistarraingeofar íocaíochtaí agus pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus le tras-chomhlíonadh (IO L 181, 20.6.2014, lch. 48).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/841 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le neamh-chomhlíonadh i ndáil leis an gcóras chun ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair a shainaithint agus a chlárú agus maidir le leibhéal na bpionós riaracháin a ríomh i ndáil le hainmhithe arna ndearbhú faoi scéimeanna cabhrach le haghaidh ainmhithe nó faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe (IO L 186, 27.5.2021, lch. 12).
|
31.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 305/8 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1419 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Lúnasa 2021
lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“Nagykunsági birspálinka”)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáille, úsáid ainmneacha deochanna biotáille i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáille, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 30(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hUngáire an 18 Deireadh Fómhair 2016 maidir le clárú an táisc gheografaigh “Nagykunsági birspálinka”. |
|
(2) |
Rialachán (AE) 2019/787 a thagann in ionad Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, tháinig sé i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2019. I gcomhréir le hAirteagal 49(1) den Rialachán sin, déantar Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, maidir le tásca geografacha, a aisghairm le héifeacht ón 8 Meitheamh 2019. |
|
(3) |
Ar chinneadh don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, d’fhoilsigh sé príomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar a fhoráiltear le hAirteagal 17(6) den Rialachán sin, i gcomhréir le hAirteagal 50(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/787. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787, níor tugadh aon fhógra freasúra don Choimisiún. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart an tásc “Nagykunsági birspálinka” a chlárú mar thásc geografach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an tásc geografach “Nagykunsági birspálinka” cláraithe. I gcomhréir le hAirteagal 30(4) de Rialachán (AE) 2019/787, an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán sin, deonaítear leis an Rialachán seo í don ainm “Nagykunsági birspálinka”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).
|
31.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 305/10 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1420 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Lúnasa 2021
lena ndéantar asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2021 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 105(1), (2) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Bunaíodh cuótaí iascaireachta le haghaidh na bliana 2020 leis na rialacháin seo a leanas:
|
|
(2) |
Bunaíodh cuótaí iascaireachta le haghaidh na bliana 2021 leis na rialacháin seo a leanas:
|
|
(3) |
De bhun Airteagal 105(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, i gcás inar shuigh an Coimisiún gur sháraigh Ballstát na cuótaí iascaireachta a leithdháileadh chuige, déanfaidh an Coimisiún asbhaintí ó chuótaí a leithdháilfear sa todhchaí chuig an mBallstát sin. |
|
(4) |
Foráiltear le hAirteagal 105(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 nach mór na hasbhaintí sin a dhéanamh sa bhliain nó sna blianta dár gcionn trí na fachtóirí iolraithe faoi seach a chur i bhfeidhm de réir mar a leagtar amach ann. |
|
(5) |
Sháraigh Ballstáit áirithe a gcuótaí iascaireachta le haghaidh na bliana 2020. Is iomchuí, dá bhrí sin, asbhaintí a dhéanamh ó na cuótaí iascaireachta arna leithdháileadh chucu in 2021 agus, i gcás inarb ábhartha, sna blianta ina dhiaidh sin, maidir leis na stoic a ndearnadh ró-iascaireacht orthu. |
|
(6) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1247 ón gCoimisiún (10) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2006 ón gCoimisiún (11), leagadh amach asbhaintí ó chuótaí iascaireachta maidir le Ballstáit agus speicis áirithe le haghaidh 2020. I gcás Ballstáit áirithe, áfach, b’airde na hasbhaintí a bhí le cur i bhfeidhm maidir le speicis áirithe ná na cuótaí a bhain leis na speicis chéanna a bhí ar fáil in 2020 agus dá bhrí sin, ní fhéadfaí iad a dhéanamh ina n-iomláine sa bhliain sin. Chun a áirithiú, i gcásanna den sórt sin, go ndéantar méid iomlán na stoc lena mbaineann a asbhaint, ba cheart na cainníochtaí atá fágtha a chur san áireamh agus asbhaintí á leagan síos le haghaidh 2021 agus, i gcás inarb iomchuí, ó chuótaí ina dhiaidh sin. |
|
(7) |
In 2019 chuaigh an Phortaingéil thar a cuóta maidir le tuinníní bána san Aigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T (ALB/AN05N). An asbhaint a d’eascraigh as an ró-iascaireacht sin, arb asbhaint í de 1 271,026 tona, bhí sí infheidhme in 2020. Arna iarraidh don Phortaingéil, roinneadh an asbhaint chomhfhreagrach go cothrom thar 2 bhliain (2020 agus 2021). Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1247, rinneadh an chéad leath den asbhaint, eadhon 635,513 tona ar chuóta 2020 na Portaingéile. Dá bhrí sin, ba cheart an chainníocht atá fágtha, is é sin 635,513 tona, a asbhaint ó chuóta na Portaingéile le haghaidh 2021. |
|
(8) |
A mhéid a bhaineann le corra gainimh i ranna 2a, 3a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES, ós rud é go ndearna an Danmhairg ró-iascaireacht ar a gabhálacha iomlána incheadaithe in uiscí an Aontais i limistéar bainistíochta 2r mar a shainítear in Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2020/123 in 2020, ceanglaítear uirthi asbhaintí a dhéanamh. In 2021 ceadaíodh líon an-bheag gabhálacha corr ghainimh sna huiscí sin chun faireachán a dhéanamh ar fhlúirse na coirre gainimh. Mar sin féin, maidir leis na hasbhaintí sin, ní féidir an córas faireacháin (12) a choinneáil ar bun leo, ar córas é a mhol an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) chun corra gainimh a bhainistiú. Dá bhrí sin, asbhaintí le haghaidh na gcuótaí a ndearna an Danmhairg ró-iascaireacht orthu i limistéar bainistíochta 2r in 2020, ba cheart na hasbhaintí sin a dhéanamh ó limistéar bainistíochta corr gainimh 3r in 2021. |
|
(9) |
Asbhaintí ó chuótaí iascaireachta, dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith acu gan dochar do na hasbhaintí is infheidhme maidir le cuótaí 2021 na Spáinne de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 ón gCoimisiún (13). |
|
(10) |
Ós rud é go sloinntear cuótaí i dtona, níor cheart ró-iascaireacht de chainníochtaí is lú ná 1 tona amháin a chur san áireamh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Maidir leis na cuótaí iascaireachta a shocraítear le Rialacháin (AE) 2020/1579, (AE) 2021/90, (AE) 2021/91 agus (AE) 2021/92 le haghaidh 2021, laghdófar iad mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Beidh feidhm ag mír 1 gan dochar d’asbhaintí dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2018/2025 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 lena socraítear le haghaidh 2019 agus 2020 na deiseanna iascaireachta i leith stoic áirithe éisc dhomhainfharraige do shoithí iascaireachta an Aontais (IO L 325, 20.12.2018, lch. 7).
(3) Rialachán (AE) 2019/1838 ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2019, lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/124 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 281, 31.10.2019, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2019/2236 ón gComhairle an 16 Nollaig 2019 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 336, 30.12.2019, lch. 14).
(5) Rialachán (AE) 2020/123 ón gComhairle an 27 Eanáir 2020 lena socraítear le haghaidh 2020 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 25, 30.1.2020, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2020/1579 ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 2020 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 maidir le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 362, 30.10.2020, lch. 3).
(7) Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 31, 29.1.2021, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2021/91 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear, le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022, na deiseanna iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais maidir le stoic éisc dhomhainfharraige áirithe (IO L 31, 29.1.2021, lch. 20).
(9) Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lch. 31).
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1247 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2020 lena ndéantar asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2020 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin (IO L 288, 3.9.2020, lch. 21).
(11) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2006 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2020 lena ndéantar asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2020 de dheasca ró-iascaireacht ar stoic eile sna blianta roimhe sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1247 (IO L 414, 9.12.2020, lch. 1).
(12) ICES. 2021. An chorr ghainimh (Ammodytes spp.) i ranna 4.b–c agus i bhForoinn 20, Limistéar Corr Gainimh 2r (lár agus deisceart na Mara Thuaidh). In Report of the ICES Advisory Committee [Tuarascáil ó Choiste Comhairleach ICES], 2021. Comhairle ó ICES 2021, san.sa.2r, https://doi.org/10.17895/ices.advice.7673.
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 ón gCoimisiún an 5 Márta 2013 lena bhforáiltear maidir le hasbhaintí ó chuótaí iascaireachta áirithe arna leithdháileadh ar an Spáinn in 2013 agus sna blianta ina dhiaidh sin de dheasca ró-iascaireacht ar chuóta áirithe ronnaigh in 2009 (IO L 62, 6.3.2013, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
ASBHAINTÍ Ó CHUÓTAÍ IASCAIREACHTA NA BLIANA 2021 I LEITH STOIC A nDEARNADH RÓ-IASCAIREACHT ORTHU
|
Ballstát |
Cód speicis |
Cód an limistéir |
Ainm an speicis |
Ainm an limistéir |
Cuóta tosaigh 2020 (i gcileagraim) |
Gabhálacha arna gceadú 2020 (Cainníocht iomlán arna hoiriúnú i gcileagraim) (1) |
Gabhálacha iomlána 2020 (cainníocht i gcileagraim) |
Ídiú cuóta i gcomparáid leis na gabhálacha arna gceadú |
Ró-iascaireacht i gcomparáid leis na gabhálacha arna gceadú (cainníocht i gcileagraim) |
Fachtóir iolraithe (2) |
Asbhaintí nach ndearnadh ó bhliain/bhlianta roimhe (5) (cainníochtaí i gcileagraim) |
Asbhaintí le cur i bhfeidhm in 2021 (cainníocht i gcileagraim) |
|
|
DE |
HER |
4AB. |
An scadán |
Uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua in 4 lastuaidh de 53° 30′ T |
39 404 000 |
18 997 930 |
20 355 612 |
107,15 % |
1 357 682 |
/ |
/ |
/ |
1 357 682 |
|
DE |
MAC |
2CX14- |
An ronnach |
6, 7, 8a, 8b, 8d agus 8e; Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 5b; uiscí idirnáisiúnta in 2a, 12 agus 14 |
23 416 000 |
21 146 443 |
22 858 079 |
108,09 % |
1 711 636 |
/ |
/ |
/ |
1 711 636 |
|
DK |
COD |
1N2AB. |
An trosc |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
/ |
/ |
1 606 |
Ní bhaineann le hábhar |
1 606 |
1,00 |
/ |
/ |
1 606 |
|
DK |
DGS |
15X14 |
An fíogach gobach |
Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 1, 5, 6, 7, 8, 12 agus 14 |
/ |
/ |
4 718 |
Ní bhaineann le hábhar |
4 718 |
1,00 |
/ |
/ |
4 718 |
|
DK |
HER |
03A. |
An scadán |
3a |
10 309 000 |
7 482 731 |
7 697 049 |
102,86 % |
214 318 |
/ |
/ |
/ |
214 318 |
|
DK |
HER |
4AB. |
An scadán |
Uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua in 4 lastuaidh de 53° 30′ T |
59 468 000 |
75 652 933 |
81 089 507 |
107,19 % |
5 436 574 |
/ |
/ |
/ |
5 436 574 |
|
DK |
MAC |
2A34. |
An ronnach |
3a agus 4; Uiscí an Aontais in 2a, 3b, 3c agus Foranna 22-32 |
19 998 000 |
17 987 493 |
18 625 387 |
103,55 % |
637 894 |
/ |
/ |
/ |
637 894 |
|
DK |
MAC |
2A4A-N |
An ronnach |
Uiscí na hIorua in 2a agus 4a |
14 453 000 |
13 507 878 |
13 531 201 |
100,17 % |
23 323 |
/ |
/ |
/ |
23 323 |
|
DK |
POK |
1N2AB. |
An liúdar |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
/ |
7 800 |
88 733 |
1 137,60 % |
80 933 |
1,00 |
/ |
/ |
80 933 |
|
DK |
PRA |
N1GRN. |
An séacla Artach |
Uiscí na Graonlainne in NAFO 1 |
1 400 000 |
2 800 000 |
2 818 891 |
100,67 % |
18 891 |
/ |
/ |
/ |
18 891 |
|
DK |
SAN |
234_2R |
Corr ghainimh |
Uiscí an Aontais ina bhfuil limistéar bainistíochta 2r le haghaidh corra gainimh |
59 106 000 |
56 042 763 |
57 756 024 |
103,06 % |
1 713 261 (7) |
/ |
/ |
/ |
1 713 261 (7) |
|
ES |
COD |
1/2B. |
An trosc |
1 agus 2b |
11 688 000 |
9 576 615 |
9 581 250 |
100,05 % |
4 635 |
/ |
/ |
/ |
4 635 |
|
ES |
GHL |
1N2AB. |
An haileabó Graonlannach |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
/ |
/ |
22 402 |
Ní bhaineann le hábhar |
22 402 |
1,00 |
A |
/ |
33 603 |
|
ES |
OTH |
1N2AB. |
Speicis eile |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
/ |
/ |
22 078 |
Ní bhaineann le hábhar |
22 078 |
1,00 |
/ |
/ |
22 078 |
|
ES |
RJU |
9-C. |
An roc dústríoctha |
Uiscí an Aontais in 9 |
15 000 |
15 000 |
21 072 |
140,48 % |
6 072 |
1,00 |
/ |
2 067 |
8 139 |
|
EE |
COD |
1N2AB. |
An trosc |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
/ |
300 000 |
316 377 |
105,46 % |
16 377 |
/ |
/ |
/ |
16 377 |
|
FR |
GHL |
1N2AB. |
An haileabó Graonlannach |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
/ |
/ |
8 988 |
Ní bhaineann le hábhar |
8 988 |
1,00 |
/ |
/ |
8 988 |
|
FR |
NEP |
08C. |
Gliomach na hIorua |
8c |
0 |
0 |
5 342 |
Ní bhaineann le hábhar |
5 342 |
1,00 |
/ |
/ |
5 342 |
|
FR |
WHM |
ATLANT |
An mairlín geal Atlantach |
An tAigéan Atlantach |
/ |
/ |
1 225 |
Ní bhaineann le hábhar |
1 225 |
1,00 |
C |
/ |
2 450 |
|
IE |
ALB |
AN05N |
Tuinnín colgach an Tuaiscirt |
An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T |
2 891 010 |
2 743 260 |
2 938 449 |
107,12 % |
195 189 |
/ |
C (6) |
/ |
195 189 |
|
LV |
HER |
3D-R30 |
An scadán |
Uiscí an Aontais i bhForanna 25-27, 28.2, 29 agus 32 |
4 253 000 |
6 135 144 |
6 138 817 |
100,06 % |
3 673 |
/ |
C (6) |
/ |
3 673 |
|
LV |
SPR |
3BCD-C |
An salán |
Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32 |
29 073 000 |
28 618 753 |
28 635 182 |
100,06 % |
16 429 |
/ |
C (6) |
/ |
16 429 |
|
NL |
HER |
4AB. |
An scadán |
Uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua in 4 lastuaidh de 53° 30′ T |
51 717 000 |
50 896 907 |
51 002 687 |
100,21 % |
105 780 |
/ |
/ |
/ |
105 780 |
|
NL |
WHB |
8C3411 |
An faoitín gorm |
8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1 |
/ |
/ |
12 235 |
Ní bhaineann le hábhar |
12 235 |
1,00 |
/ |
/ |
12 235 |
|
PL |
HER |
1/2- |
An scadán |
Uiscí an Aontais, uiscí Fharó, uiscí na hIorua agus uiscí idirnáisiúnta in 1 agus 2 |
593 000 |
1 226 015 |
1 329 820 |
108,47 % |
103 805 |
/ |
/ |
/ |
103 805 |
|
PL |
MAC |
2CX14- |
An ronnach |
6, 7, 8a, 8b, 8d agus 8e; Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 5b; uiscí idirnáisiúnta in 2a, 12 agus 14 |
1 649 000 |
4 724 236 |
5 185 187 |
109,76 % |
460 951 |
/ |
/ |
/ |
460 951 |
|
PT |
ALB |
AN05N |
Tuinnín colgach an Tuaiscirt |
An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5° T |
2 273 970 |
1 638 457 |
1 595 315 |
97,37 % |
-43 142 (8) |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
635 513 (9) |
635 513 (9) |
|
PT |
ALF |
3X14- |
Alfainsíní |
Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 12 agus 14 |
164 000 |
155 278 |
158 601 |
102,14 % |
3 323 |
/ |
A (6) |
/ |
3 323 |
|
PT |
BET |
ATLANT |
An tuinnín mórshúileach |
An tAigéan Atlantach |
3 058 330 |
3 058 330 |
3 069 582 |
100,37 % |
11 252 |
/ |
C (6) |
/ |
11 252 |
|
PT |
HKE |
8C3411 |
An colmóir |
8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1 |
2 614 000 |
1 996 154 |
2 135 737 |
106,99 % |
139 583 |
/ |
C (6) |
/ |
139 583 |
|
PT |
SWO |
AS05N |
An colgán |
An tAigéan Atlantach, laisteas de 5° T |
299 030 |
299 030 |
309 761 |
103,59 % |
10 731 |
/ |
/ |
/ |
10 731 |
(1) Cuótaí atá ar fáil do Bhallstát de bhun na Rialachán ábhartha maidir le deiseanna iascaireachta tar éis malartuithe deiseanna iascaireachta a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22), aistrithe cuótaí ó 2019 go 2020 i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle lena dtugtar isteach coinníollacha breise le haghaidh bhainistíocht TACanna agus cuótaí ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3) agus le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó athleithdháileadh agus asbhaint deiseanna iascaireachta i gcomhréir le hAirteagal 37 agus Airteagal 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
(2) De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Beidh feidhm ag asbhaint atá comhionann le ró-iascaireacht * 1,00 i ngach cás inar cothrom le 100 tona nó níos lú ná sin an ró-iascaireacht.
(3) De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus ar choinníoll gur mó ná 10 % an ró-iascaireacht.
(4) Léiríonn an litir “A” gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1,5 i bhfeidhm de bharr go ndearnadh ró-iascaireacht leanúnach sna blianta 2018, 2019 agus 2020. Léiríonn an litir “C” gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1,5 i bhfeidhm de bharr go bhfuil an stoc faoi réir plean ilbhliantúil.
(5) Cainníochtaí atá fágtha ó bhliain/bhlianta roimhe.
(6) Níl an fachtóir iolraithe breise infheidhme mar nach ndeachaigh an ró-iascaireacht thar 10 % de na gabhálacha arna gceadú.
(7) Le hasbhaint ó limistéar bainistíochta corr gainimh 3r.
(8) Ós rud é nach bhfuil Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 infheidhme maidir le stoc ALB/AN05N, ní féidir an chainníocht sin nár úsáideadh a úsáid chun an leath eile den asbhaint atá dlite in 2021 a laghdú.
(9) Ar iarraidh sin don Phortaingéil, roinneadh an asbhaint de 1 271 026 cileagram a bhí dlite in 2020 mar gheall ar ró-iascaireacht in 2019 go cothrom thar 2 bhliain (2020 agus 2021).
|
31.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 305/17 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1421 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Lúnasa 2021
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 16
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (2) glacadh caighdeáin agus léirmhíniúcháin idirnáisiúnta áirithe a bhí ann cheana an 15 Deireadh Fómhair 2008. |
|
(2) |
Bhí paindéim COVID-19 ina cúis le suaitheadh seachtrach nach bhfacthas a leithéid riamh, suaitheadh a chuir isteach ar an Aontas agus ar a gheilleagar, agus i ngeall air sin, tá gá le bearta a dhíreoidh ar mhaolú na ndrochthionchar a imríodh ar shaoránaigh agus ar chuideachtaí, i gcás inar féidir. |
|
(3) |
Tá bearta déanta ag na Ballstáit agus ag an Aontas chun faoiseamh airgeadais a sholáthar do chuideachtaí, lena n-áirítear sos íocaíochta bunaithe ar moratoria príobháideacha nó poiblí, chun cosc a chur le féimheachtaí agus le caillteanas post nach bhfuil gá leo, agus chun bonn taca a chur faoin téarnamh tapa. |
|
(4) |
Ar an 28 Márta 2020, d’fhoilsigh an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (IASB) Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID-19 (Leasú ar IFRS 16), a glacadh le Rialachán (AE) 2020/1434 ón gCoimisiún (3). |
|
(5) |
An 31 Márta 2021, d’fhoilsigh IASB Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID-19 tar éis an 30 Meitheamh 2021 (Leasú ar IFRS 16). |
|
(6) |
Leis an leasú ar Léasanna Chaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 16, leathnaítear an faoiseamh oibríochtúil roghnach sealadach a bhaineann le COVID-19 le haghaidh léasaithe maidir le conarthaí léasa dar dlite faoiseamh íocaíochtaí i dtosach an 30 Meitheamh 2021, nó roimhe sin, chuig conarthaí léasa dar dlite faoiseamh agus íocaíochtaí i dtosach an 30 Meitheamh 2022, nó roimhe sin. |
|
(7) |
Tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais, chinn an Coimisiún maidir leis an leasú ar Léasanna IFRS 16 go gcomhlíontar na critéir maidir leis an nglacadh mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 a leasú dá réir sin. |
|
(9) |
Socraítear le IASB dáta éifeachtach an leasaithe ar Léasanna IFRS 16 amhail ón 1 Aibreán 2021. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag forálacha an Rialacháin seo chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na heisitheoirí lena mbaineann agus chun a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht ann maidir le caighdeáin chuntasaíochta eile mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008. |
|
(10) |
Ag féachaint don phráinn atá leis an bhfaoiseamh oibríochtúil sin a bhaineann le COVID-19, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Rialála Cuntasaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008, leasaítear Léasanna Chaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 16 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 1, cuirfidh gach cuideachta i bhfeidhm iad amhail ón 1 Aibreán 2021 i gcás blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2021 ar a dhéanaí, nó ina dhiaidh sin.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 243, 11.9.2002, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2020/1434 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 16 (IO L 331, 12.10.2020, lch. 20).
IARSCRÍBHINN
Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID-19 tar éis an 30 Meitheamh 2021
Leasú ar IFRS 16
Leasú ar Léasanna IFRS 16
Leasaítear mír 46B. Cuirtear mír C1C agus míreanna C20BA go C20BC leis.
LÉASAÍ
Tomhas
Tomhas dá éis sin
Modhnuithe ar an léas
|
46B |
An beart praiticiúil i mír 46A, níl feidhm aige ach amháin maidir le lamháltais chíosa a tharlaíonn mar iarmhairt dhíreach ar phaindéim COVID-19 agus mura gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
Foscríbhinn C
An dáta éifeachtach agus aistriú
AN DÁTA ÉIFEACHTACH
|
C1C |
Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID-19 tar éis an 30 Meitheamh 2021 , a eisíodh i mí an Mhárta 2021, leasaíodh leo mír 46B agus cuireadh isteach leo míreanna C20BA-C20BC. Cuirfidh an léasaí an leasú sin i bhfeidhm le haghaidh tréimhsí bliantúla tuairiscithe dar tús an 1 Aibreán 2021 nó ina dhiaidh sin. Ceadaítear iarratas a dhéanamh níos luaithe ná sin, lena n-áirítear i ráitis airgeadais nár údaraíodh lena n-eisiúint an 31 Márta 2021. |
TRASDUL
Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID-19 le haghaidh léasaithe
|
C20BA |
Cuirfidh léasaí Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID-19 i bhfeidhm go cúlghabhálach tar éis an 30 Meitheamh 2021 (féach mír C1C), agus aitheantas á thabhairt aige don éifeacht charnach a bheadh ag an leasú sin a chur i bhfeidhm i dtosach mar choigeartú ar iarmhéid tosaigh an tuillimh choimeádta (nó comhpháirt eile de chothromas, de réir mar is iomchuí) ag tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann an léasaí an leasú i bhfeidhm den chéad uair. |
|
C20BB |
Sa tréimhse tuairiscithe ina gcuireann léasaí Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID-19 i bhfeidhm den chéad uair tar éis an 30 Meitheamh 2021 , ní cheanglaítear ar léasaí an fhaisnéis a cheanglaítear le mír 28(f) de IAS 8 a nochtadh. |
|
C20BC |
Agus mír 2 den Chaighdeán seo á cur i bhfeidhm aige, cuirfidh léasaí an beart praiticiúil i mír 46A i bhfeidhm i gcomhréir le conarthaí incháilithe a bhfuil na tréithe comhchosúla iontu agus atá in imthosca comhchosúla, gan beann ar cé acu a tháinig an conradh chun bheith incháilithe le haghaidh an bhirt phraiticiúil mar gheall gur Lamháltas Cíosa a bhaineann le COVID-19 i bhfeidhm (féach mír C1A) nó Lamháltais Chíosa a bhaineann le COVID-19 tar éis an 30 Meitheamh 2021 a bhí á chur i bhfeidhm ag an léasaí (féach mír C1C). |