ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 302

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
26 Lúnasa 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1401 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 agus (AE) 2020/1988 a mhéid a bhaineann leis na cainníochtaí is féidir a allmhairiú faoi tharaif-chuótaí áirithe

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1402 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le méadair gháis agus uirlisí tomhais eile a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

11

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1403 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le craenacha éadroma amach ón gcósta

17

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

26.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 302/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1401 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Lúnasa 2021

lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 agus (AE) 2020/1988 a mhéid a bhaineann leis na cainníochtaí is féidir a allmhairiú faoi tharaif-chuótaí áirithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 187 agus Airteagal 223(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 66(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar den toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1216/2009 agus (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (3), agus go háirithe Airteagal 9, an chéad mhír, pointí (a) go (d), agus Airteagal 16(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún (4), leagtar síos na rialacha maidir le bainistiú na dtaraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí maidir le táirgí talmhaíochta a bhainistítear le córas ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus déantar foráil ann maidir le rialacha sonracha.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 ón gCoimisiún (5), leagtar síos na rialacha maidir le riar taraif-chuótaí ar allmhairí atá ceaptha lena n-úsáid ar bhonn ord croineolaíoch na ndátaí a ghlactar leis na dearbhuithe custaim (an prionsabal “tagadh do sheal mar a tháinig tú féin”).

(3)

Leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, arna thabhairt i gcrích le Cinneadh (AE) 2021/1234 ón gComhairle (6), déanann an Comhaontú roinnt taraif-chuótaí a leasú maidir le cainníochtaí táirgí atá le hallmhairiú ón Téalainn.

(4)

Trí mhalartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, arna thabhairt i gcrích le Cinneadh (AE) 2021/1213 ón gComhairle (7), déanann an Comhaontú roinnt taraif-chuótaí a leasú maidir le cainníochtaí táirgí atá le hallmhairiú ón Airgintín. Leasaítear leis freisin córas bainistíochta na dtaraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.4099 agus 09.4104, agus cruthaítear dhá tharaifchuóta nua d’éanlaith chlóis de thionscnamh na hAirgintíne.

(5)

Na leasuithe a rinneadh leis na Comhaontuithe sin, ba cheart iad a léiriú i Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 agus (AE) 2020/1988.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 agus (AE) 2020/1988 a leasú dá réir.

(7)

De dheasca na práinne a bhaineann le cur chun feidhme na gComhaontuithe sin, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ciallaíonn sé sin go bhfuil feidhm freisin ag na leasuithe a rinneadh leis an Rialachán seo maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 i dtaca le tréimhsí taraif-chuótaí atá ar siúl fós an lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gcéad tréimhse iarratais ar cheadúnais tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir leis na leasuithe ar chainníochtaí na dtaraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.4412 agus 09.4213, chomh maith leis na leasuithe a bhaineann le cruthú taraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.4288, 09.4289 agus 09.4290, áfach, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe sin amhail ó thús na dtréimhsí taraif-chuóta a thosóidh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(8)

Is gá foráil idirthréimhseacha áirithe a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm leanúnach Airteagail 38 agus 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 i ndáil leis na tréimhsí taraif-chuóta atá ar siúl faoi láthair do na taraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.4099 agus 09.4104, go dtí go gcuirfear tús leis an gcéad tréimhse tharaif-chuóta den taraif-chuóta faoi shraithuimhir 09.4288, agus nuair a leasaítear na tréimhsí taraif-chuótaí atá ar siúl fós i dtaca leis na cainníochtaí atá ar fáil tar éis na leasuithe a dhéantar leis an Rialachán seo.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 mar a leanas:

(1)

Scriostar Airteagail 38 agus 40;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, VI agus XII i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“Sainiú na dtaraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.0124, 09.0131, 09.0126, 09.0127, 09.0128, 09.0129 agus 09.0130”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás taraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.0126, 09.0127, 09.0128 agus 09.0129, is é a bheidh i gceist leis na táirgí a thagann faoi réim chód AC ex 0714 10 00 táirgí seachas millíní a fhaightear ó phlúir agus ó mhin a thagann faoi réim chód AC 0714 10 00.”;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Leanfaidh Airteagail 38 agus 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 d’fheidhm a bheith acu maidir leis na tréimhsí taraif-chuóta atá ar siúl faoi láthair do na taraif-chuótaí faoi shraithuimhreacha 09.4099 agus 09.4104.

2.   Mura bhforáiltear a mhalairt in Iarscríbhinní II go XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, i gcás ina bhfuil tús curtha leis an tréimhse taraif-chuóta, a bhaineann le taraif-chuóta ar leith, ar lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfear an difríocht idir an chainníocht nua agus na cainníochtaí a leithdháileadh cheana ar fáil d’iarratais a thaiscfear tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

I gcás tréimhsí taraif-chuóta arna roinnt i bhfothréimhsí, déanfar an difríocht idir an chainníocht nua agus na cainníochtaí a leithdháileadh cheana a dháileadh go cothrom idir na fothréimhsí a bheidh fágtha.

3.   Chun críocha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988, an chainníocht a bheidh ar fáil don chuid eile den tréimhse taraif-chuóta atá ar siúl fós an lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, is í sin an difríocht idir an chainníocht nua agus na cainníochtaí a leithdháileadh cheana roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

I gcás méadú ar na cainníochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988, más rud é, ar lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, go bhfuil tús curtha cheana le tréimhse ábhartha an taraif-chuóta agus go bhfuil an chainníocht a bhí ar fáil roimhe sin ídithe, déanfar an difríocht idir an chainníocht nua agus an chainníocht roimhe sin a leithdháileadh ar oibreoirí de réir an oird chroineolaíoch ar dháta glactha an dearbhaithe custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht. Déanfar an difríocht sa dleacht a íocadh cheana a aisíoc le hoibreoirí a d’allmhairigh a gcuid earraí as an gcuóta roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

I gcás laghdú ar na cainníochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988, más rud é, ar lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, gur cuireadh tús cheana féin le tréimhse ábhartha an taraif-chuóta agus gur scaoileadh i saorchúrsaíocht cheana féin cainníocht atá níos airde ná an chainníocht arna leasú leis an Rialachán seo, ní bheidh sé de cheangal ar oibreoirí an dleacht iomlán a íoc i leith na gcainníochtaí laistigh den chuóta a allmhairíodh de bhreis ar na méideanna nua a bhí ar fáil.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Pointe (2) d’Airteagal 1 maidir leis na taraif-chuótaí lena mbaineann ón gcéad tréimhse iarratais ar cheadúnais tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, seachas pointí (1), (4), agus (5)(b), (g), agus (h) d’Iarscríbhinn I, a mbeidh feidhm acu maidir leis na tréimhsí taraif-chuóta a thosóidh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(3)   IO L 150, 20.5.2014, lch. 1.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas bainistíochta na dtaraif-chuótaí le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lch. 24).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le riaradh taraif-chuótaí ar allmhairí i gcomhréir leis an bprionsabal “tagadh do sheal mar a tháinig tú féin” (IO L 422, 14.12.2020, lch. 4).

(6)  Cinneadh (AE) 2021/1234 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994, a bhaineann le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXVV an Aontais de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (IO L 274, 30.7.2021, lch. 55).

(7)  Cinneadh (AE) 2021/1213 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV de chuid an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (IO L 264, 26.7.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, VI agus XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

scriostar na rónna a bhaineann leis na taraif-chuótaí a bhfuil na sraithuimhreacha 09.4099 agus 09.4104 orthu;

(b)

cuirtear isteach an ró seo a leanas i ndiaidh ró an taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.4286 air:

“09.4288

Torthaí agus glasraí

Allmhairiú

AE: scrúdú comhuaineach

Ní hea

Is ea

 

Ní hea”

(c)

cuirtear isteach na rónna seo a leanas i ndiaidh ró an taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.4283 air:

“09.4289

Feoil éanlaith chlóis:

Allmhairiú

AE: scrúdú comhuaineach

Is ea

I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 9(9) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 agus sa chás sin amháin

Go dtí deireadh na tréimhse taraif-chuóta

Is ea

09.4290

Feoil éanlaith chlóis:

Allmhairiú

AE: scrúdú comhuaineach

Is ea

I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 9(9) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 agus sa chás sin amháin

Go dtí deireadh na tréimhse taraifchuóta

Is ea”

(2)

in Iarscríbhinn II, sa tábla a bhaineann leis an taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.4131 air, sa ró “Cainníocht i gcileagraim”, cuirtear an chainníocht “276 440 000 kg” in ionad “269 214 000 kg”;

(3)

in Iarscríbhinn III, sa tábla a bhaineann leis an taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.4168 air, sa ró “Cainníocht i gcileagraim”, cuirtear an chainníocht “28 360 000 kg” in ionad “26 581 000 kg”;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

(a)

scriostar na táblaí a bhaineann leis na taraif-chuótaí a bhfuil na sraithuimhreacha 09.4099 agus 09.4104 orthu;

(b)

cuirtear isteach an tábla seo a leanas a bhaineann leis an taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.4288 air:

Sraithuimhir

09.4288

Comhaontú idirnáisiúnta nó gníomh eile

Cinneadh (AE) 2021/1213 ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe trí Mhalartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

Tréimhse taraif-chuótaí

Ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Bealtaine

Fothréimhsí taraif-chuótaí

Ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa

Ón 1 Meán Fómhair go dtí an 30 Samhain

Ón 1 Nollaig go dtí an 28 Feabhra nó an 29 Feabhra, de réir mar a bheidh

Ón 1 Márta go dtí an 31 Bealtaine

Iarratas ar cheadúnas

I gcomhréir le hAirteagail 6, 7 agus 8 den Rialachán seo

Tuairisc ar an táirge

Gairleog úr nó fuaraithe a thagann faoi chuimsiú chód AC 0703 20 00

Tionscnamh

An Airgintín

Cruthúnas ar thionscnamh tráth a dhéantar an t-iarratas ar cheadúnas. Más ann dó, an bhfuil an comhlacht údaraithe chun é a eisiúint

Níl

Cruthúnas ar tionscnamh le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht

Ní ann dó

Cainníocht i gcileagraim

19 147 000 kg, arna roinnt mar a leanas:

0 kg don fhothréimhse ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa

0 kg don fhothréimhse ón 1 Meán Fómhair go dtí an 30 Samhain

11 700 000 kg don fhothréimhse ón 1 Nollaig go dtí an 28/29 Feabhra

7 447 000 kg don fhothréimhse ón 1 Márta go dtí an 31 Bealtaine

Cóid AC

0703 20 00

Dleacht chustaim laistigh den chuóta

9,6 % ad valorem

Cruthúnas ar thrádáil

Is ann dó. 25 thona

Urrús i gcomhair ceadúnas allmhairiúcháin

EUR 60 in aghaidh 1 000 kg

Iontrálacha sonracha atá le déanamh ar an iarratas ar cheadúnas agus ar an gceadúnas

Is i roinn 8 den iarratas ar cheadúnas allmhairiúcháin agus den cheadúnas allmhairiúcháin a shonrófar an tír thionscnaimh; an bosca sa roinn sin ina bhfuil freagra dearfach, déanfar é a chrosáil

Tréimhse bailíochta ceadúnais;

I gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo

Inaistritheacht ceadúnais

Is féidir

Cainníocht tagartha

Ní hea

Oibreoir atá cláraithe i mbunachar sonraí LORI

Níl sé cláraithe

Coinníollacha sonracha

Ní ann dóibh”

(5)

leasaítear Iarscríbhinn XII mar a leanas:

(a)

sa tábla a bhaineann leis an taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.4212 air, sa ró “Cainníocht i gcileagraim”, cuirtear an chainníocht “81 968 000 kg” in ionad “68 385 000 kg”;

(b)

leasaítear an tábla a bhaineann leis na taraif-chuótaí a bhfuil an tsraithuimhir 09.4213 air mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró “Tionscnamh”:

Tionscnamh

Gach tríú tír ach amháin an Bhrasaíl, an Téalainn, an Airgintín agus an Ríocht Aontaithe”

(ii)

sa ró “Cainníocht i gcileagraim”, cuirtear “368 000 kg” in ionad na cainníochta “824 000 kg”;

(c)

sa tábla a bhaineann leis an taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.4215 air, sa ró “Cainníocht i gcileagraim”, cuirtear an chainníocht “53 866 000 kg” in ionad “109 441 000 kg”;

(d)

sa tábla a bhaineann leis an taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.4254 air, sa ró “Cainníocht i gcileagraim”, cuirtear an chainníocht “2 435 000 kg” in ionad “8 019 000 kg”;

(e)

sa tábla a bhaineann leis an taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.4255 air, sa ró “Cainníocht i gcileagraim”, cuirtear an chainníocht “1 940 000 kg” in ionad “1 162 000 kg”;

(f)

sa tábla a bhaineann leis an taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.4257 air, sa ró “Cainníocht i gcileagraim”, cuirtear an chainníocht “10 000 kg” in ionad “0 kg”;

(g)

leasaítear an tábla a bhaineann leis na taraif-chuótaí a bhfuil an tsraithuimhir 09.4412 air mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró “Tionscnamh”:

Tionscnamh

Gach tríú tír ach amháin an Bhrasaíl, an Téalainn, an Airgintín agus an Ríocht Aontaithe”

(ii)

sa ró “Cainníocht i gcileagraim”, cuirtear “788 000 kg” in ionad na cainníochta “2 868 000 kg”;

(h)

cuirtear na táblaí a leanas leis, táblaí a bhaineann leis na taraif-chuótaí a bhfuil na sraithuimhreacha 09.4289 agus 09.4290 orthu;

Sraithuimhir

09.4289

Comhaontú idirnáisiúnta nó gníomh eile

Cinneadh (AE) 2021/1213 ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe trí Mhalartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

Tréimhse taraif-chuótaí

Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig

Fothréimhsí taraif-chuótaí

Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta

Ón 1 Aibreán do dtí an 30 Meitheamh

Ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair

Ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig:

Iarratas ar cheadúnas

I gcomhréir le hAirteagail 6, 7 agus 8 den Rialachán seo

Tuairisc ar an táirge

Sicín

Tionscnamh

An Airgintín

Cruthúnas ar thionscnamh tráth a dhéantar an t-iarratas ar cheadúnas. Más ann dó, an bhfuil an comhlacht údaraithe chun é a eisiúint

Níl

Cruthúnas ar thionscnamh le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht

Beidh. I gcomhréir le hAirteagail 57, 58 agus 59 de Rialachán (AE) 2015/2447

Cainníocht i gcileagraim

2 080 000 kg, arna roinnt mar a leanas: 25 % do gach fothréimhse

Cóid AC

0207 14 10

0207 14 50

0207 14 70

Dleacht chustaim laistigh den chuóta

EUR 0

Cruthúnas ar thrádáil

Is ann dó. Níl cruthúnas ar thrádáil ag teastáil ach i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 9(9) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 agus sa chás sin amháin. 25 thona

Urrús i gcomhair ceadúnas allmhairiúcháin

EUR 50 in aghaidh 100 kg

Iontrálacha sonracha atá le déanamh ar an iarratas ar cheadúnas agus ar an gceadúnas

Is i roinn 8 den iarratas ar cheadúnas allmhairiúcháin agus den cheadúnas allmhairiúcháin a shonrófar an tír thionscnaimh; An bosca sa roinn sin ina bhfuil freagra dearfach, déanfar é a chrosáil

Tréimhse bailíochta ceadúnais

I gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo

Inaistritheacht ceadúnais

Is féidir

Cainníocht tagartha

Is ea

Oibreoir cláraithe i mbunachar sonraí LORI

Coinníollacha sonracha

Ní ann dóibh


Sraithuimhir

09.4290

Comhaontú idirnáisiúnta nó gníomh eile

Cinneadh (AE) 2021/1213 ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe trí Mhalartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

Tréimhse taraif-chuótaí

Ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh

Fothréimhsí taraif-chuótaí

Ní ann dóibh

Iarratas ar cheadúnas

I gcomhréir le hAirteagail 6, 7 agus 8 den Rialachán seo

Tuairisc ar an táirge

Feoil éanlaith chlóis, saillte nó faoi sháile

Tionscnamh

An Airgintín

Cruthúnas ar thionscnamh tráth a dhéantar an t-iarratas ar cheadúnas. Más ann dó, an bhfuil an comhlacht údaraithe chun é a eisiúint

Níl

Cruthúnas ar thionscnamh le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht

Is ann dó. I gcomhréir le hAirteagail 57, 58 agus 59 de Rialachán (AE) 2015/2447

Cainníocht i gcileagraim

456 000 kg

Cóid AC

Ex02109939

Dleacht chustaim laistigh den chuóta

15,4 %

Cruthúnas ar thrádáil

Is ann dó. Níl cruthúnas ar thrádáil ag teastáil ach i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 9(9) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 agus sa chás sin amháin. 25 thona

Urrús i gcomhair ceadúnas allmhairiúcháin

EUR 50 in aghaidh 100 kg

Iontrálacha sonracha atá le déanamh ar an iarratas ar cheadúnas agus ar an gceadúnas

Is i roinn 8 den iarratas ar cheadúnas allmhairiúcháin agus den cheadúnas allmhairiúcháin a shonrófar an tír thionscnaimh; An bosca sa roinn sin ina bhfuil freagra dearfach, déanfar é a chrosáil

Tréimhse bailíochta ceadúnais

I gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo

Inaistritheacht ceadúnais

Is féidir

Cainníocht tagartha

Is ea

Oibreoir atá cláraithe i mbunachar sonraí LORI

Is ea

Coinníollacha sonracha

Ní ann dóibh”


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 mar a leanas:

(1)

sa roinn faoin gceannteideal “Taraif-chuótaí in earnáil na ngránach”, sa tábla a bhaineann leis an taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.0138 air, sa ró “Cainníocht”, cuirtear an chainníocht “307 105 000 kg” in ionad “306 812 000 kg”;

(2)

sa roinn faoin gceannteideal, leasaítear “Tariff-Chuóta in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus an fhíona phróiseáilte” mar a leanas:

(a)

in ionad an cheannteidil, cuirtear “Taraif-chuótaí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus an fhíona phróiseáilte”;

(b)

roimh an tábla a bhaineann leis an taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.6715 air, cuirtear isteach an tábla seo a leanas a bhaineann le taraif-chuóta a bhfuil an tsraithuimhir 09.0067 air:

Sraithuimhir

09.0067

Bunús dlí sonrach

Cinneadh (AE) 2021/1213 ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe trí Mhalartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAirgintíne de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

Tuairisc ar an táirge agus cóid AC

Sú fíonchaor agus úrfhíon chun sú fíonchaor agus/nó táirgí de chuid earnáil neamh-fhíon amhail deochanna neamhalcólacha, subha agus anlainn a tháirgeadh:

ex 2009 61 90 (féach cóid TARIC)

ex 2009 69 11 (féach cóid TARIC)

ex 2009 69 19 (féach cóid TARIC)

ex 2009 69 51 (féach cóid TARIC)

ex 2009 69 90 (féach cóid TARIC)

Cóid TARIC

2009 61 90 10

2009 69 11 11

2009 69 11 19

2009 69 19 10

2009 69 51 10

2009 69 90 20

Tionscnamh

Gach tríú tír ach amháin an Ríocht Aontaithe

Cainníocht

2 525 000 kg de ghlanmheáchan

Tréimhse an taraif-chuóta

Ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Lúnasa

Fothréimhse an taraif-chuóta

Ní bhaineann le hábhar

Cruthúnas tionscnaimh

Ní bhaineann le hábhar

Dleacht chustaim laistigh den chuóta

Na dleachtanna ad valorem a chuirtear in iúl maidir le gach cód AC agus, maidir leis na táirgí a thagann faoi chuimsiú chód AC 2009 69 11 , an dleacht shonrach arna sloinneadh in euro/kg dá bhforáiltear i gComhtharaif Chustaim an Aontais Eorpaigh:

Do chód AC ex 2009 61 90 : 22,4 % ad valorem

Do chód AC ex 2009 69 11 : 40 % ad valorem + EUR 20,6 in aghaidh 100 kg de ghlanmheáchan

Do chód AC ex 2009 69 19 : 40 % ad valorem

Do chód AC ex 2009 69 51 : 22,4 % ad valorem

Do chód AC ex 2009 69 90 : 22,4 % ad valorem

Urrús atá le taisceadh i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1987;

An difríocht idir an dleacht chustaim laistigh den chuóta agus ráta dleachta tríú tír erga omnes.

Coinníollacha sonracha

Déanfar claochlú an tsú fíonchaor agus an úrfhíona sin laistigh de shé mhí tar éis scaoileadh na dtáirgí lena mbaineann i saorchúrsaíocht”

(3)

leasaítear an roinn faoin gceannteideal “Taraif-chuotaí in earnáil na mairteola agus na laofheola” mar a leanas:

(a)

sa tábla a bhaineann leis na taraif-chuótaí a bhfuil na sraithuimhreacha 09.0161 agus 09.0162 orthu, sa ró “dleacht chustaim laistigh den chuóta”, cuirtear “15 % ad valorem” in ionad na bhfocal “20 % ad valorem”;

(b)

sa tábla a bhaineann leis na taraif-chuótaí a bhfuil na sraithuimhreacha 09.0163 agus 09.0164 orthu, sa ró “dleacht chustaim laistigh den chuóta”, cuirtear “15 %” in ionad an chéatadáin “20 %”;

(4)

sa roinn faoin gceannteideal “Taraif-chuótaí in earnáil na caoireola agus na feola gabhair”, sa tábla a bhaineann leis na taraif-chuótaí a bhfuil na sraithuimhreacha 09.2101, 09.2102, 09.2011 orthu, sa ró “Cainníocht”, cuirtear an chainníocht “19 090 000 kg” in ionad “17 006 000 kg”.


CINNTÍ

26.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 302/11


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1402 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Lúnasa 2021

maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le méadair gháis agus uirlisí tomhais eile a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le Caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), uirlisí tomhais atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na buncheanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus sna hIarscríbhinní uirlis-shonracha ábhartha, ceanglais a chumhdaítear faoi na caighdeáin chomhchuibhithe sin nó faoi na codanna sin díobh.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8558 (3) ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec), agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú chun tacú le Treoir 2014/32/AE i ndáil le huirlisí áirithe tomhais, sin agus athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin sin, agus iad a thabhairt i gcrích.

(3)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8558, rinne CEN agus Cenelec athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 1359, EN 12261, EN 12405-1 agus EN 14236. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas faoi seach – EN 1359:2017 maidir le méadair gháis scannáin; EN 12261:2018 maidir le méadair gháis tuirbín; EN 12405-1:2018 maidir le gairis tiontaithe toirte gáis; agus EN 14236:2018 maidir le méadair ultrasonacha gáis tí.

(4)

Caighdeáin EN 1359:2017, EN 12261:2018, EN 12405-1:2018, agus EN 14236:2018, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN agus Cenelec féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin sin an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8558.

(5)

Caighdeáin EN 1359:2017, EN 12261:2018, EN 12405-1:2018, agus EN 14236:2018, is caighdeáin iad a chomhlíonann na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2014/32/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Mar sin féin, na caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha dá dtagraítear i gclásal 2 “Tagairtí normatacha” de chaighdeáin EN 1359:2017, EN 12261:2018, EN 12405-1:2018, agus EN 14236:2018, is gá a shoiléiriú cé na leaganacha díobh atá le cur i bhfeidhm chun glacadh leis go bhfuil comhréireacht ann.

(7)

An obair a rinne CEN agus Cenelec ar bhonn na hiarrata ón gCoimisiún, is é an toradh a bhí uirthi go ndearnadh athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, caighdeáin a foilsíodh i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (4): EN 1359:1998/A1:2006; EN 12261:2002/A1:2006; EN 12405-1:2005+A2:2010; agus EN 14236:2007. Dá bhrí sin, is gá na tagairtí do na caighdeáin sin a tharraingt siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin, is gá í a chur siar ionas go mbeidh a ndóthain ama ag monaróirí ullmhú do na caighdeáin athbhreithnithe nó leasuithe ar chaighdeáin a chur i bhfeidhm.

(8)

Caighdeáin chomhchuibhithe EN 14154-1:2005+A2:2011, EN 14154-2:2005+A2:2011, agus EN 14154-3:2005+A2:2011 maidir le méadair uisce, is caighdeáin iad a rinne CEN agus Cenelec a tharraingt siar. Ní den úrscothacht na caighdeáin sin a thuilleadh, ba cheart a mheas go bhfuil siad as feidhm. Dá bhrí sin is gá na tagairtí do na caighdeáin sin a tharraingt siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5). Ionas go mbeidh an t-am is gá ag monaróirí chun iad féin a oiriúnú, is gá tarraingt siar na dtagairtí do na caighdeáin sin a chur siar 6 mhí.

(9)

Ar mhaithe leis an tsoiléireacht agus an deimhneacht dhlíthiúil, na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/32/AE, caighdeáin a chomhlíonann na buncheanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ba cheart liosta iomlán de na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in aon ghníomh amháin. Dá bhrí sin, na tagairtí eile do chaighdeáin a foilsíodh ar dtús i dTeachtaireacht 2012/C 218/08 (6) ón gCoimisiún, ba cheart na tagairtí sin a chuimsiú sa Chinneadh seo freisin, is é sin trína mbailíocht a dheimhniú nó trí dháta a leagan síos ar a ndéanfar iad a tharraingt siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin ba cheart an Teachtaireacht sin a aisghairm ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Mar sin féin, na tagairtí do na caighdeáin a ndéantar iad a tharraingt siar leis an gCinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith ag an Teachtaireacht chéanna go fóill i ndáil leis na tagairtí sin, ós rud é gur gá tarraingt siar na dtagairtí sin a chur siar.

(10)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe maidir le huirlisí tomhais, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/32/AE agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, déantar leis seo iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Aisghairtear Teachtaireacht 2012/C 218/08 ón gCoimisiún. Beidh feidhm aici go fóill i ndáil leis na tagairtí do na caighdeáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo go dtí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí tomhais a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 149).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8558 final ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le huirlisí áirithe tomhais.

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2004/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huirlisí tomhais (IO C 218, 24.7.2012, lch. 7).

(5)   IO C 218, 24.7.2012, lch. 7.

(6)   IO C 218, 24.7.2012, lch. 7.


IARSCRÍBHINN I

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

1.

EN 1359:2017

Méadair gháis - Méadair gháis scannáin

Srianta:

(a)

chun críocha an chlásail “dhá Thagairt normatacha”, tá feidhm ag na leaganacha seo a leanas de chaighdeáin:

(i)

EN ISO 4892-3:2016;

(ii)

ISO 7724-3:1984

2.

EN 12261:2018

Méadair gháis - Méadair gháis tuirbín

Srianta: chun críocha an chlásail “dhá Thagairt normatacha”, tá feidhm ag na leaganacha seo a leanas de chaighdeáin:

(i)

EN 10204:2004

(ii)

EN 60079-0:2018 arna cheartú le EN 60079-0:2018/AC:2020-02

(iii)

EN 60079-11:2012

(iv)

EN 60529:1991 arna leasú agus arna cheartú le EN 60529:1991/A2:2013/AC:2019-02

(v)

EN 60947-5-6:2000

(vi)

EN 62246-1:2015

3.

EN 12405-1:2018

Méadair ghais - Gairis tiontaithe - Cuid 1: Tiontú toirte

Srianta: chun críocha an chlásail “dhá Thagairt normatacha”, tá feidhm ag na leaganacha seo a leanas de chaighdeáin:

(i)

EN 437:2021

(ii)

EN 1776:2015

(iii)

EN 55011:2016 arna leasú le EN 55011:2016/A2:2021

(iv)

EN 60068-2-1:2007

(v)

EN 60068-2-2:2007

(vi)

EN 60068-2-30:2005

(vii)

EN 60068-2-31:2008

(viii)

EN 60068-2-64:2008 arna leasú le EN 60068-2-64:2008/A1:2019

(ix)

EN 60068-2-78:2013

(x)

EN 60068-3-1:2011

(xi)

EN 60079-0:2018/AC:2020-02

(xii)

EN 60079-1:2014/AC:2018-09

(xiii)

EN 60079-2:2014/AC:2015

(xiv)

EN 60079-5:2015

(xv)

EN 60079-6:2015

(xvi)

EN 60079-7:2015/A1:2018

(xvii)

EN 60079-11:2012

(xviii)

EN 60079-25:2010/AC:2013

(xix)

EN 60529:1991/A2:2013/AC:2019-02

(xx)

EN 60751:2008

(xxi)

EN 60950-1:2006/A2:2013

(xxii)

EN 61000-4-2:2009

(xxiii)

EN 61000-4-3:2006/A2:2010

(xxiv)

EN 61000-4-4:2012

(xxv)

EN 61000-4-5:2014/A1:2017

(xxvi)

EN 61000-4-6:2014/AC:2015

(xxvii)

EN 61000-4-8:2010

(xxviii)

EN 61000-4-11:2020/AC:2020-06

(xxix)

EN 61000-4-29:2000

4.

EN 14236:2018

Méadair ultrasonacha gáis tí

Srianta:

(a)

chun críocha an chlásail “dhá Thagairt normatacha”, tá feidhm ag na leaganacha seo a leanas de chaighdeáin:

(i)

EN 55032:2015/A11:2020

(ii)

EN 60068-2-5:2018

(iii)

EN 60068-2-30:2005

(iv)

EN IEC 60079-0:2018/AC:2020-02

(v)

EN 60079-10-1:2021

(vi)

EN 60079-10-2:2015

(vii)

EN 60079-11:2012

(viii)

EN IEC 60079-15:2019

(ix)

EN IEC 60086-1:2021

(x)

EN IEC 60086-4:2019/AC:2020-05

(xi)

EN 60529:1991/A2:2013/AC:2019-02

(xii)

EN 60695-11-5:2017

(xiii)

EN 60695-11-10:2013/AC:2014

(xiv)

EN 61000-4-2:2009

(xv)

EN IEC 61000-4-3:2020

(xvi)

EN 61000-4-8:2010

(xvii)

EN 61000-4-9:2016

(xviii)

EN IEC 61000-6-1:2019

(xix)

EN IEC 61000-6-2:2019

(xx)

EN ISO 1518-1:2019

(xxi)

EN ISO 1518-2:2019

(xxii)

EN ISO 2409:2020

(xxiii)

EN ISO 4892-3:2016

(xxiv)

EN ISO 6270-1:2018

(xxv)

EN ISO 6272-1:2011

(xxvi)

EN ISO 9227:2017

(xxvii)

ISO 834-1:1999/AMD 1:2012

(xxviii)

ISO 7724-3:1984

5.

EN 62058-11:2010

Trealamh méadraithe leictreachais (a.c.) - Iniúchadh inghlacthachta - Cuid 11: Modhanna ginearálta iniúchta inghlacthachta

6.

EN 62058-21:2010

Trealamh méadraithe leictreachais (a.c.) - Iniúchadh inghlacthachta - Cuid 21: Ceanglais áirithe maidir le méadair leictrimeicniúla le haghaidh fuinneamh gníomhach (aicmí 0,5, 1 agus 2 agus innéacsanna aicme A agus B)

7.

EN 62058-31:2010

Trealamh méadraithe leictreachais (a.c.) - Iniúchadh inghlacthachta - Cuid 31: Ceanglais áirithe maidir le méadair statacha le haghaidh fuinneamh gníomhach (aicmí 0,2 S, 0,5 S, 1 agus 2, agus innéacsanna aicme A, B agus C)

8.

EN 62059-32-1:2012

Trealamh méadraithe leictreachais - Iontaofacht - Cuid 32-1: Marthanacht - Cobhsaíocht saintréithe méadreolaíocha a thástáil trí theocht ardaithe a chur i bhfeidhm


IARSCRÍBHINN II

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

1.

EN 1359:1998

Méadair gháis - Méadair gháis scannáin

EN 1359:1998/A1:2006

26 Feabhra 2023

2.

EN 1434-1:2007

Méadair theasa - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta

26 Feabhra 2023

3.

EN 1434-2:2007

Méadair theasa - Cuid 2: Ceanglais tógála

EN 1434-2:2007/AC:2007

26 Feabhra 2023

4.

EN 1434-4:2007

Méadair theasa - Cuid 4: Tástálacha formheasta múnlaí

EN 1434-4:2007/AC:2007

26 Feabhra 2023

5.

EN 1434-5:2007

Méadair theasa - Cuid 5: Tástálacha fíorúcháin thosaigh

26 Feabhra 2023

6.

EN 12261:2002

Méadair gháis - Méadair gháis tuirbín

EN 12261:2002/AC:2003

EN 12261:2002/A1:2006

26 Feabhra 2023

7.

EN 12405-1:2005+A2:2010

Méadair gháis - Gairis tiontaithe - Cuid 1: Tiontú toirte

26 Feabhra 2023

8.

EN 12480:2002

Méadair gháis - Méadair gháis díláithriúcháin rothlacha

EN 12480:2002/A1:2006

26 Feabhra 2023

9.

EN 14154-1:2005+A2:2011

Méadair uisce - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta

26 Feabhra 2022

10.

EN 14154-2:2005+A2:2011

Méadair uisce - Cuid 2: Suiteáil agus coinníollacha úsáide

26 Feabhra 2022

11.

EN 14154-3:2005+A2:2011

Méadair uisce - Cuid 3: Modhanna agus trealamh tástála

26 Feabhra 2022

12.

EN 14236:2007

Méadair ultrasonacha gáis tí

26 Feabhra 2023

13.

EN 50470-1:2006

Trealamh méadraithe leictreachais (a.c.) - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta, tástálacha agus dálaí tástála - Trealamh méadraithe (innéacsanna aicme A, B agus C)

26 Feabhra 2023

14.

EN 50470-2:2006

Trealamh méadraithe leictreachais (a.c.) - Cuid 2: Ceanglais áirithe - Méadair leictrimeicniúla le haghaidh fuinneamh gníomhach (innéacsanna aicme A agus B)

26 Feabhra 2023

15.

EN 50470-3:2006

Trealamh méadraithe leictreachais (a.c.) - Cuid 3: Ceanglais áirithe - Méadair statacha le haghaidh fuinneamh gníomhach (innéacsanna aicme A agus B)

26 Feabhra 2023


26.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 302/17


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1403 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Lúnasa 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le craenacha éadroma amach ón gcósta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), táirgí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó na codanna sin díobh.

(2)

Le litir BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92 an 12 Nollaig 1994, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 94/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Cuireadh Treoir 2014/34/AE in ionad na Treorach sin gan athrú a dhéanamh ar na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 94/9/CE.

(3)

Go háirithe, iarradh ar CEN agus Cenelec caighdeán a dhréachtú maidir le dearadh agus tástáil trealaimh atá le húsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach mar a léirítear i gCaibidil I den chlár caighdeánaithe a comhaontaíodh idir CEN agus Cenelec agus an Coimisiún, clár a cuireadh i gceangal le hiarratas BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92. Ina theannta sin iarradh ar CEN agus Cenelec na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú d’fhonn iad a ailíniú le buncheanglais sláinte agus sábháilteachta Threoir 94/9/CE.

(4)

Ar bhonn iarraidh BC/CEN/46-92 – RC/CLC/05-92, dhréachtaigh CEN caighdeán comhchuibhithe EN 13852-3:2021 maidir le craenacha éadroma amach ón gcósta.

(5)

Caighdeán EN 13852-3:2021 a dhréachtaigh CEN, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann an caighdeán sin iarraidh BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92.

(6)

Na caighdeáin dá dtagraítear i gclásal 2 “Tagairtí normatacha” de chaighdeán EN 13852-3:2021, is gá a shoiléiriú cé na leaganacha díobh atá le cur i bhfeidhm chun glacadh leis go bhfuil comhréireacht ann.

(7)

An colún “Barúlacha/Nótaí” de Thábla ZB.1 i gcaighdeán EN 13852-3:2021, chun críocha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 is colún é sin nach ceart a fhoilsiú mar gheall go bhfuil sé i neamhréir le ceanglais i bpríomhchorp normatach an chaighdeáin, agus mar gheall ar an éiginnteacht dhlíthiúil a eascraíonn as an léirmhíniú atá i dteideal an cholúin sin ar an éifeacht dhlíthiúil a ghabhann le glacadh leis go bhfuil comhréireacht ann.

(8)

Comhlíonann caighdeán EN 13852-3:2021 na ceanglais is aidhm dó a chumhdach, ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/34/AE. Is iomchuí dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian..

(9)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 ón gComisiún (4), liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE. Ba cheart an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 13852-3:2021 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 a leasú dá réir.

(11)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202, leasaítear í i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12

(2)  Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta ar trealamh agus córais iad le haghaidh a n-úsáide in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309).

(3)  Treoir 94/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Márta 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta ar trealamh agus córais iad le haghaidh a n-úsáide in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (IO L 100, 19.4.1994, lch. 1).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le trealamh agus córais chosanta le haghaidh a n-úsáide in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 189, 15.7.2019, lch. 71).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an iontráil seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“4.

EN 13852-3:2021

Craenacha amach ón gcósta — Cuid 3: Craenacha éadroma amach ón gcósta

Fógra 1: Na tagairtí normatacha dá dtagraítear i gclásal 2 de chaighdeán comhchuibhithe EN IEC 60079-0:2018, is é an léamh a dhéanfar orthu gur tagairtí do EN IEC 60079-0:2018 arna leasú le EN IEC 60079-0:2018/AC:2020-02 atá iontu.

Fógra 2: Na tagairtí normatacha dá dtagraítear i gclásal 2 de chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 80079-36:2016, seo a leanas an léamh a dhéanfar orthu – EN ISO 80079-36:2016 arna leasú le EN ISO 80079-36:2016/AC:2019

Srian: ní chumhdaíonn an foilseachán seo an chuid seo a leanas den chaighdeán:

an colún ‘Barúlacha/Nótaí’ i dTábla ZB.1”