ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 292

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
16 Lúnasa 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1340 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena gcinntear inneachar na dtéarmaí conarthacha i dtaca le haitheantas a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh ( 1 )

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1341 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na próisis shonracha tástála agus ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena gcórais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin ( 1 )

4

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha i dtaca leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag tríú tíortha agus ag údaráis rialaithe agus ag comhlachtaí rialaithe chun críche maoirseachta ar a n-aitheantas faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgí orgánacha allmhairithe agus na bearta atá le déanamh i bhfeidhmiú na maoirseachta sin ( 1 )

20

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1343 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2021 lena bhformheastar leasú ar na sonraíochtaí a bhaineann le tásc geografach na dí biotáillí cláraithe (Újfehértói meggypálinka)

25

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1344 ón gCoimisiún an 9 Lúnasa 2021 lena mbunaítear critéir chun an tréimhse ama a shainmhíniú ar lena linn a fhéadfar daoine a bhfuil bagairt don tslándáil ann dá ndeasca a thoirmeasc ó áitribh an Choimisiúin

27

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

16.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 292/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1340 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Aibreán 2021

lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena gcinntear inneachar na dtéarmaí conarthacha i dtaca le haitheantas a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 71a(5), an tríú fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2014/59/AE arna leasú le Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tugadh isteach coimircí áirithe chun forghníomhú éifeachtach na réiteach a fheabhsú i ndáil le conarthaí airgeadais atá faoi rialú ag dlí tríú tír.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 71a(1) de Threoir 2014/59/AE, ceanglaítear ar institiúidí agus ar eintitis téarmaí a áireamh lena n-aithnítear cumhachtaí um bac réitigh na n-údarás réitigh sna conarthaí airgeadais a dhéanann siad agus atá faoi rialú ag dlí tríú tír.

(3)

Chun éifeachtúlacht an réitigh a fheabhsú, leagtar síos le hAirteagal 68 de Threoir 2014/59/AE nár cheart a mheas go bhfuil bearta coiscthe géarchéime áirithe nó bearta bainistithe géarchéime áirithe ina n-ócáidí forfheidhmithe ná ina n-imeachtaí dócmhainneachta. Thairis sin, leis an airteagal sin, leagtar síos nár cheart leis na bearta sin go mbeadh contrapháirtithe conarthacha i gconarthaí ábhartha i dteideal cearta conarthacha áirithe a fheidhmiú de bharr cur i bhfeidhm beart den sórt sin agus dá bharr sin amháin. Dá bhrí sin, is gá toiliú na bpáirtithe maidir le bheith faoi cheangal na gceanglas sin a áireamh in inneachar na dtéarmaí conarthacha. Ina theannta sin, faoi Airteagail 33a, 69, 70 agus 71 de Threoir 2014/59/AE, féadfaidh na húdaráis réitigh, ar feadh tréimhse theoranta, oibleagáidí conarthacha íocaíochta nó seachadta atá dlite faoi chonradh le hinstitiúid nó le heintiteas faoi réiteach a chur ar fionraí, nó in imthosca áirithe, i gcás institiúid nó eintiteas roimh réiteach, féadfaidh siad teorainn a chur le leasanna urrúis a fhorfheidhmiú agus cearta áirithe na gcontrapháirtithe a chur ar fionraí, mar shampla, an ceart chun clabhsúr a chur ar olloibleagáidí nó iad a ghlanluacháil, íocaíochtaí amach anseo a luathú nó conarthaí airgeadais a fhoirceannadh ar bhealach eile. Ós rud é go bhféadfaí nach mbeadh cumhachtaí na n-údarás réitigh éifeachtach i gcás conarthaí airgeadais atá faoi dhlí tríú tír, ba cheart iad a aithint go sainráite i dtéarmaí na gconarthaí airgeadais.

(4)

Chun éifeachtacht an réitigh a áirithiú agus comhsheasmhacht na gcur chuige arna nglacadh ag na Ballstáit a chur chun cinn, agus chun a áirithiú gur féidir le húdaráis réitigh, institiúidí agus eintitis difríochtaí a chur san áireamh, difríochtaí idir córais dlí nó difríochtaí a eascraíonn as foirm shonraithe nó struchtúr sonraithe an chonartha, is iomchuí an t-inneachar sainordaitheach maidir leis na téarmaí conarthacha a leagan síos. Ba cheart samhlacha gnó éagsúla na n-institiúidí agus na n-eintiteas a chur san áireamh in inneachar na dtéarmaí conarthacha sin. Ós rud é, áfach, nach mbíonn éagsúlacht i gceist de ghnáth i gcomhréir le samhlacha gnó éagsúla na n-institiúidí agus na n-eintiteas maidir le conarthaí airgeadais in idirbhearta idirnáisiúnta, ní gá inneachar éagsúil a chruthú le haghaidh clásail réitigh chonarthacha.

(5)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

(6)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d'fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d'iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Inneachar na dtéarmaí conarthacha

Áireofar an méid seo a leanas sna téarmaí conarthacha i dtaca le haitheantas de chonartha airgeadais ábhartha a dhéanann institiúid nó eintiteas agus atá faoi rialú ag dlí tríú tír, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d) de Threoir 2014/59/AE:

(1)

aitheantas ó na páirtithe agus go nglacfaidh siad leis go bhféadfaidh an conradh a bheith faoi réir fheidhmiú cumhachtaí na n-údarás réitigh chun cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as conradh den sórt sin a chur ar fionraí nó a shrianadh faoi Airteagail 33a, 69, 70 agus 71 de Threoir 2014/59/AE arna dtrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme agus go mbeidh feidhm ag na coinníollacha arna leagadh amach in Airteagal 68 den Treoir sin arna thrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme.

(2)

tuairisc ar chumhachtaí an údaráis réitigh mar a leagtar amach in Airteagail 33a, 69, 70 agus 71 de Threoir 2014/59/AE, arna dtrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme, nó tagairt dóibh, agus tuairisc ar choinníollacha Airteagal 68 de Threoir 2014/59/AE arna thrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme nó tagairt dóibh.

(3)

aitheantas ó na páirtithe agus go nglacfaidh siad leis an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil siad faoi cheangal éifeacht na gcumhachtaí seo a leanas a chur chun feidhme:

fionraí aon oibleagáide íocaíochta nó seachadta i gcomhréir le hAirteagal 33a de Threoir 2014/59/AE arna thrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme;

fionraí aon oibleagáide íocaíochta nó seachadta i gcomhréir le hAirteagal 69 de Threoir 2014/59/AE arna thrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme;

teorannú ar fhorfheidhmiú aon leasa urrúis i gcomhréir le hAirteagal 70 de Threoir 2014/59/AE arna thrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme;

fionraí aon chirt chun foirceanta faoin gconradh i gcomhréir le hAirteagal 71 de Threoir 2014/59/AE arna thrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme;

(b)

go bhfuil siad faoi cheangal fhorálacha Airteagal 68 de Threoir 2014/59/AE arna thrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme;

(4)

aitheantas ó na páirtithe agus go nglacann siad leis go bhfuil na téarmaí conarthacha i dtaca le haitheantas uileghabhálach maidir leis na hábhair a thuairiscítear iontu cé is moite d’aon chomhaontú, socrú nó comhthuiscint eile idir na contrapháirtithe a bhaineann le hábhar an chomhaontaithe ábhartha.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát,

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 173, 12.6.2014, lch. 190.

(2)  Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE (IO L 150, 7.6.2019, lch. 296).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


16.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 292/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1341 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Aibreán 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na próisis shonracha tástála agus ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena gcórais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 4(6) agus pointe (a) d’Airteagal 6(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/2144 ardchórais áirithe feithicle a bheith i mótarfheithiclí de chatagóirí M agus N, lena n-áirítear córais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí (‘DDAW’). In Iarscríbhinn II a ghabhann leis leagtar síos buncheanglais maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca leis na córais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí.

(2)

Tá gá le rialacha mionsonraithe maidir leis na próisis shonracha tástála agus na ceanglais shonracha theicniúla maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil leis na córais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí.

(3)

Bíonn tionchar diúltach ag an tuirse ar chumais fhisiceacha, chognaíocha, sícealuaile agus próiseála céadfaí an tiománaí, cumais a bhfuil gá leo chun tiomáint go sábháilte. Tuirse a bheith ar an tiománaí, is fachtóir é sin in 10-25 % de na tuairteanna bóthair uile san Aontas.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 3, pointe (5), de Rialachán (AE) 2019/2144 is córas é an córas DDAW trína ndéantar measúnú ar mhúscailteacht an tiománaí trí chóras anailíse san fheithicil agus tugtar rabhaidh don tiománaí más gá trí bhíthin chomhéadan duine le meaisín na feithicle.

(5)

Tá córais DDAW níos éifeachtaí lasmuigh de cheantair uirbeacha mar is le linn ciantiomáint ar luas seasmhach is mó a tharlaíonn sé go laghdaítear múscailteacht an tiománaí mar gheall ar an tuirse. Thairis sin, leis na teicneolaíochtaí atá ar fáil bíonn sé deacair measúnú a dhéanamh ar phatrúin tiomána agus stiúrtha a bhíonn ag athrú de shíor agus duine ag tiomáint i gceantar uirbeach. Dá bhrí sin, ba cheart mótarfheithiclí ag a bhfuil uasluas dearaidh 70 km/h nó faoina bhun sin a dhíolmhú ón oibleagáid córais DDAW a bheith feistithe iontu.

(6)

Is trí bhealaí neamhdhíreacha a dhéantar measúnú le córais DDAW ar staid fhisiceach an duine, bealaí amhail an anailís chórais a dhéanamh ar phatrún tiomána agus stiúrtha an tiománaí agus a aithint nuair is patrún é is léiriú ar mhúscailteacht laghdaithe de dheasca tuirse; dá bhrí sin ní féidir scrúdú iomlán a dhéanamh ar na córais sin le sraith tástálacha sainithe ná le meaisín in-ríomhchláraithe a dhéanann aithris ar iompraíocht an duine. Ina ionad sin, ba cheart don mhonaróir tástáil bhailíochtaithe a mbeidh daoine páirteach inti a dhéanamh agus na torthaí a chur i láthair an údaráis cheadaithe in éineacht le prótacal tástála amháin ar a laghad chun cumas na gcóras DDAW rabhadh a thabhairt don tiománaí tuirseach a sheiceáil.

(7)

Agus é á chur san áireamh gur tomhas indíreach atá ann, gur athraitheach na héifeachtaí a bhaineann le codlatacht an duine, agus gur measartha neamhaibí na teicneolaíochtaí atá ann cheana, ba cheart ceanglais feidhmíochta na gcóras DDAW a leagan síos ar leibhéal atá réadúil agus insroichte. Ag an am céanna, ba cheart na ceanglais sin a bheith neodrach ó thaobh teicneolaíochta de ionas go gcothófar forbairt teicneolaíochtaí nua, agus dá bhrí sin, is ar chur chuige staidrimh ba cheart an measúnú ar fheidhmíocht na gcóras DDAW a bhunú, agus ceann amháin den dá ní seo a leanas á chur san áireamh – an mheánéifeachtúlacht i measc na suibiachtaí tástála, nó an éifeachtúlacht íosta le haghaidh 95 % acu. Ba cheart, mar sin féin, tosaíocht a thabhairt don dara rogha mar déantar foráil léi go bhfeidhmeoidh na córais DDAW ar bhealach atá chomh héifeachtach céanna le haghaidh gach tiománaí.

(8)

Leis an Rialachán seo ba cheart scála tagartha a sholáthar a bheidh le húsáid ag monaróirí chun codlatacht an tiománaí a thomhas sna tástálacha a mbeidh daoine páirteach iontu. I gcás ina roghnóidh monaróirí modh tomhais malartach a úsáid, ba cheart é a dhoiciméadú go cuí agus ba cheart é a bheith coibhéiseach leis an scála tagartha sa Rialachán seo.

(9)

An tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144, tábla ina bhfuil an liosta ceanglas dá dtagraítear in Airteagail 4(5) agus 5(3) den Rialachán sin, níl aon tagairt ann do ghníomhartha rialála a mheid a bhaineann le córais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí. Dá bhrí sin, is gá tagairt don Rialachán seo a thabhairt isteach san Iarscríbhinn sin.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/2144 a leasú dá réir.

(11)

Ós rud é go mbeidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/2144 ón 6 Iúil 2022, is ón dáta céanna bheidh feidhm ag an Rialachán seo.

(12)

Tá dlúthnasc le Rialachán (AE) 2019/2144 ag forálacha an Rialacháin seo mar go mbaineann siad le rialacha maidir leis na próisis shonracha tástála agus ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena gcórais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí. De thoradh na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, is gá tagairt don Rialachán seo a chur le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144. Is iomchuí, dá bhrí sin, na forálacha sin a leagan síos in aon Rialachán Tarmligthe amháin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le mótarfheithiclí de chatagóirí M agus N, mar a shainmhínítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ar mó ná 70 km/h an n-uasluas dearaidh.

Airteagal 2

Ceanglais theicniúla maidir leis an gcóras rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí

Is i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a leagtar síos ceanglais theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca leis na córais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí.

Airteagal 3

Nósanna imeachta maidir le córais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí a bhailíochtú

Is i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a leagtar síos nósanna imeachta tástála i ndáil leis an monaróir córais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí a bhailíochtú.

Airteagal 4

Nósanna imeachta maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil agus maidir le tástáil fíorúcháin

Is i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I a leagtar síos nósanna imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil a sholáthróidh an monaróir agus le tástáil fíorúcháin ag na húdaráis cheadaithe agus na seirbhísí teicniúla.

Airteagal 5

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2144

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 6 Iúil 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 325, 16.12.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CUID 1

Ceanglais theicniúla maidir leis na córais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí (DDAW)

1.   Sainmhínithe

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.1.

ciallaíonn “iompraíocht truicearaithe” gníomhaíocht feithicle a ndéanann an córas rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí (DDAW) faireachán uirthi agus a dtugann sé rabhadh don tiománaí a luaithe a tharlaíonn an gníomhaíocht sin;

1.2.

Ciallaíonn “tairseach chodlatachta” cainníochtú ar leibhéal codlatachta an tiománaí ar a dtabharfaidh an córas DDAW rabhadh codlatachta don tiománaí, nó tabharfar an rabhadh roimhe sin.

2.   Riachtanais theicniúla ghinearálta

2.1.   Le córas rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí (DDAW) déanfar faireachán ar leibhéal codlatachta an tiománaí agus tabharfar rabhadh don tiománaí trí chomhéadan duine le meaisín (HMI) na feithicle.

2.2.   Beidh an córas DDAW deartha sa chaoi is go seachnófar nó go n-íoslaghdófar ráta earráide an chórais faoi na fíorchoinníollacha tiomána.

2.3.   Príobháideacht agus cosaint sonraí

2.3.1.

Feidhmeoidh an córas DDAW ina ghnáthmhodh oibríochta gan úsáid a bhaint as faisnéis bhithmhéadrach, lena n-áirítear aghaidh-aithint, ó aon duine atá san fheithicil.

2.3.2.

Beidh an córas DDAW deartha sa chaoi nach dtaifeadfaidh sé go leanúnach ach na sonraí is gá chun go bhfeidhmeoidh agus go n-oibreoidh an córas laistigh de chóras lúbiata.

2.3.3.

Déanfar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.

3.   Ceanglais theicniúla shonracha.

3.1.   Rialú ar an gcóras DDAW

3.1.1.

Ní bheidh an tiománaí in ann an córas DDAW a dhíghníomhachtú de láimh.

D’fhéadfadh sé, áfach, go mbeadh an tiománaí in ann na rabhaidh ó HMI an chórais DDAW a dhíghníomhachtú de láimh. Tar éis na rabhaidh ó HMI an chórais DDAW a dhíghníomhachtú de láimh, beidh an tiománaí in ann na rabhaidh ó HMI an chórais a athghníomhachtú trí gan níos mó ná an líon céanna gluaiseachtaí a bhí ag teastáil chun é a dhíghníomhachtú a dhéanamh.

3.1.2.

Díghníomhachtófar an córas DDAW go huathoibríoch sna cásanna a atá réamhshainithe ag an monaróir. Áirítear ar na cásanna sin, mar shampla, díghníomhachtú na rabhadh ag an tiománaí (pointe 3.1.1.). Athghníomhachtófar an córas DDAW go huathoibríoch a luaithe nach ann a thuilleadh do na dálaí as ar tháinig a dhíghníomhachtú uathoibríoch.

3.1.3.

Athshocrófar an córas DDAW, lena n-áirítear na rabhaidh ón HMI, go huathoibríoch chuig an gnáthmhodh oibríochta nuair a ghníomhachtófar máistirlasc rialaithe na feithicle. Is féidir le monaróir na feithicle an rogha a dhéanamh coinníoll a chur leis an athshocrú uathoibríoch sin: ar dhoras an tiománaí a bheith oscailte nó ar an bhfeithicil a bheith múchta ar feadh tréimhse nach faide ná 15 nóiméad.

3.1.4.

Díghníomhachtófar an córas DDAW go huathoibríoch nuair a bhainfear luas is airde ná 70 km/h amach.

3.1.5.

A luaithe gníomhachtaítear an córas DDAW, oibreoidh sé mar is gnáth laistigh den raon luais idir 65 km/h agus 130 km/h nó ag uasluas ceadaithe na feithicle, cibé acu is ísle.

Ní dhíghníomhachtófar an córas DDAW go huathoibríoch ar luas os cionn 130 km/h (cé gur féidir iompar an chórais a chur in oiriúint don staid dhíghrádaithe).

3.1.6.

Nuair a chomhlíonfaidh an fheithicil na critéir ghníomhachtaithe a leagtar amach i bpointe 3.1.4, beidh moill is lú ná 5 nóiméad idir sin agus an córas DDAW a bheith ag tosú faireachán gníomhach a dhéanamh ar codlatacht an tiománaí.

3.1.7.

Má thabharfar rabhadh le linn chéim foghlama an chórais DDAW (lenar féidir paraiméadair an chórais a chalabrú chun teacht le patrún tiomána agus iompair an tiománaí), measfar é sin mar dheireadh na céime foghlama.

Tosófar am gníomhachtaithe na céime foghlama a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha go léir, dá dtagraítear i bpointí 3.1 agus 3.2, maidir leis an córas DDAW a ghníomhachtú.

3.2.   Dálaí comhshaoil

3.2.1.

Feidhmeoidh an córas DDAW go héifeachtach i rith an lae agus na hoíche.

3.2.2.

Oibreoidh an córas DDAW in éagmais dálaí aimsire a chuireann srian le hoibriú an chórais.

3.2.3.

Ar a laghad, oibreoidh an córas DDAW go héifeachtach ar bhóthar il-lána, bíodh scoilt lárnach ar an mbóthar sin nó gan a leithéid, nuair a bheidh marcálacha lána le feiceáil ar dhá thaobh an lána.

3.3   Faireachán a dhéanamh ar chodlatacht an tiománaí

3.3.1.

Tabharfaidh an córas DDAW rabhadh don tiománaí ar leibhéal codlatachta arb ionann é agus 8 nó níos mó ar an scála codlatachta tagartha a leagtar amach san Aguisín (Scála Codlatachta Karolinska, dá ngairtear “KSS” anseo feasta).

Féadfaidh an córas DDAW rabhadh a thabhairt don tiománaí ag leibhéal codlatachta arb ionann é agus leibhéal 7 ar an KSS.

Ina theannta sin, féadfaidh an monaróir straitéis faisnéise maidir leis an HMI a chur chun feidhme roimh an rabhadh.

Leagtar amach na ceanglais mhionsonraithe maidir le bailíochtú an chórais DDAW ag an monaróir i gCuid 2.

3.3.2.

Leis an gcóras DDAW, déanfar anailís ar chórais feithiclí eile chun táscairí tiomána faoi chodlatacht a bhrath. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar tháscairí tiomána den sórt sin, ach gan bheith teoranta dóibh:

(a)

laghdú ar an líon micreacheartúchán laistigh de stiúradh an tiománaí, in éineacht le méadú ar an líon ceartúchán mór tapa;

(b)

méadú ar inathraitheacht na feithicle maidir lena suíomh cliathánach sa lána.

Moltar go ndéanfaidh an córas DDAW anailís ar chórais feithiclí eile chun táscairí tiomána faoi chodlatacht a bhrath trí fhaireachán a dhéanamh ar a suíomh sa lána, is e sin suíomh na feithicle i gcoibhneas le marcálacha cliathánacha an lána, nó ionchur stiúrtha, is é sin cainníochtú ar an gcaoi a ndéanann an tiománaí an roth stiúrtha a ionramháil, e.g. ráta cúlaithe an rotha stiúrtha, ráta luascála, diall caighdeánach maidir leis an suíomh ar an lána, etc.

Féadfar úsáid a bhaint as modh malartach chun feidhmíocht an tiománaí a thomhas trí anailís a dhéanamh ar chórais feithicle (“méadrachtaí”) ar choinníoll gur tomhas beacht láidir codlatachta tiománaí é.

Is féidir méadracht thánaisteach amháin nó níos mó a úsáid sa bhreis ar an moladh atá luaite sa dara fomhír de phointe 3.3.2. chun cuidiú le hiontaofacht agus stóinseacht an chórais. I measc samplaí na méadrachtaí sin, tá: méadrachtaí feithiclí breise, méadrachtaí ama (tomhais ama a bhaineann go díreach leis an gcaoi a n-oibríonn an tiománaí an fheithicil), méadrachtaí fiseolaíocha agus méadrachtaí rialaithe feithiclí.

3.4.   Ceanglais a bhaineann leis an gComhéadan Duine le Meaisín

3.4.1.   Cineál an rabhaidh

3.4.1.1.

Déanfar rabhaidh radhairc agus rabhaidh fuaime nó aon rabhadh eile a úsáideann córas DDAW chun an tiománaí a chur ar a airdeall a chur i láthair a luaithe is féidir tar éis tharlú na hiompraíochta truicearaithe agus féadfaidh siad éirí níos láidre go dtí go n-admhóidh an tiománaí iad.

Féadfar glacadh leis an méid seo a leanas mar “admháil” ón tiománaí: feabhas ar an iompraíocht tiomána ar bhonn an ionchur a úsáideadh don chóras DDAW (tá an straitéis le tuairisciú sna doiciméid a chuirfidh an monaróir ar fáil).

3.4.2.   Rabhadh Radhairc

3.4.2.1.

Beidh an rabhadh radhairc suite ionas go mbeidh sé infheicthe go héasca agus inaitheanta ag an tiománaí faoi sholas an lae agus le linn na hoíche agus ionas gur féidir é a idirdhealú ó fholáirimh eile.

3.4.2.2.

Táscaire seasta nó gealánach a bheidh sa rabhadh radhairc (e.g. leideoirí, teachtaireacht aníos, etc.).

3.4.2.3.

Moltar aon siombail nua a fhorbrófaí chun críche rabhaidh amhairc DDAW a dhéanamh trí úsáid a bhaint as eilimintí atá comhchosúil le ISO 2575:2010+A7:2017 K.21 agus/ó ISO 2575:2010+A7:2017 K.24, agus iad a dhéanamh ar bhealach atá comhsheasmhach le ISO 2575:2010+A7:2017 K.21 agus/ó ISO 2575:2010+A7:2017 K.24 freisin.

3.4.2.4.

Moltar codarsnacht na siombaile leis an gcúlra i solas na gréine, sreangsholas agus dálaí oíche a bheith i gcomhréir le ISO 15008:2017.

3.4.2.5.

Níor cheart na comhcheangail de dhathanna rabhaidh radhairc agus dathanna cúlra seo a leanas a úsáid: dearg/glas; buí/gorm; buí/dearg; dearg/corcairghorm.

3.4.3.   Rabhaidh fuaime

3.4.3.1.

Beidh an rabhaidh fuaime inaitheanta go héasca ag an tiománaí.

3.4.3.2.

Beidh formhór na rabhadh fuaime laistigh den speictream minicíochta 200-8 000 Hz agus laistigh den raon aimplitiúide 50-90 dB.

3.4.3.3.

Má úsáidtear foláirimh urlabhra, beidh an stór focal a úsáidfear comhsheasmhach le haon téacs a úsáidtear mar chuid den fholáireamh radhairc.

3.4.3.4.

Mairfidh an chuid inchloiste den fholáireamh ar a laghad a ligeann don tiománaí é a thuiscint.

3.5.   Rabhadh maidir le teip ar an DDAW

3.5.1.

Tabharfar comhartha rabhaidh radhairc leanúnach faoi theip (e.g. rabhadh lena léirítear na Cóid Diagnóise Fabht (DTCanna) atá ábhartha don chóras, is é sin leideoirí, teachtaireacht aníos, etc.) nuair a bhraithfear teip sa gcóras DDAW agus nach gcomhlíonfaidh an córas DDAW ceanglais na hIarscríbhinne seo dá bharr.

Is féidir comhartha rabhaidh radhairc sealadach faoi theip a úsáid mar fhaisnéis bhreise leis an gcomhartha rabhaidh optúil leanúnach faoi theip

3.5.2.

Ní bheidh eatramh ama suntasach idir gach féin-seiceáil DDAW, agus dá bhrí sin ní bheidh moill ar an gcomhartha rabhaidh faoi theip a thaispeáint, i gcás teip atá inbhraite go leictreach.

3.5.3.

Nuair a bhraithfear teip neamhleictreach (e.g. plúchadh braiteoirí, seachas plúchadh sealadach mar gheall ar ghloiniú gréine), taispeánfar an comhartha rabhaidh faoi theip mar a leagtar síos i bpointe 3.5.1.

3.5.4.

Teipeanna lena ngníomhachtaítear an comhartha rabhaidh a luaitear i bpointe 3.5.1, ach nach mbraitear faoi dhálaí statacha, coinneofar iad ar iad a bhrath agus leanfar dá dtaispeáint ó thosú na feithicle tar éis gach uair a ghníomhachtaítear máistirlasc rialaithe na feithicle, fad is a mhairfidh an teip nó an locht.

3.6.   Forálacha maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta.

3.6.1.

Chun críche tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar fheithiclí, beifear in ann na gnéithe seo a leanas den chóras DDAW a fhíorú:

(a)

stádas ceart oibriúcháin an chórais, trí stádas an chomhartha rabhaidh faoi theip a bhreathnú go soiléir tar éis do mháistirlasc rialaithe na feithicle a bheith ghníomhachtú agus aon bholgán a sheiceáil. I gcás ina dtaispeántar an comhartha rabhaidh faoi theip i spás coiteann (an limistéar ar féidir dhá cheann nó níos mó d’fheidhmeanna/siombailí faisnéise a thaispeáint air, ach ní ag an am céanna), ní mór a sheiceáil ar dtús go bhfuil an spás coiteann ag feidhmiú roimh an tseiceáil ar stádas an chomhartha rabhaidh faoi theip;

(b)

feidhmiúlacht cheart an chórais agus sláine na mbogearraí a bhaineann leis an gcóras, trí chomhéadan leictreonach feithicle a úsáid, amhail an ceann a leagtar síos i bpointe I.(14) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), i gcás ina ndéantar foráil ina leith le gnéithe teicniúla na feithicle agus ina gcuirtear ar fáil na sonraí is gá. Áiritheoidh monaróirí go gcuirfear an fhaisnéis theicniúil ar fáil faoin dóigh a n-úsáidfear comhéadan leictreonach na feithicle, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/621 (2) ón gCoimisiún.

3.6.2.

Tráth an chineálcheadaithe, tabharfar breac-chuntas rúnda sa mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil faoi Chuid 3 ar an modh chun cosaint a thabhairt ar mhodhnú simplí neamhúdaraithe ar oibriú an chomhartha rabhaidh faoi theip arna roghnú ag an monaróir. De rogha air sin, comhlíonfar an ceanglas cosanta sin nuair a bheidh modh tánaisteach chun stádas ceart oibriúcháin an chórais DDAW a sheiceáil ar fáil.

Aguisín a ghabhann le Cuid 1

Scála codlatachta tagartha le haghaidh an chórais DDAW

(Scála Codlatachta Karolinska)

Rátáil

Tuairisc bhéil

1

Fíor-airdeallach

2

An-airdeallach

3

Airdeallach

4

Airdeallach go leor

5

Ní airdeallach ná tuirseach

6

Roinnt comharthaí codlata

7

Tuirseach ach gan iarracht chun fanacht ina dhúiseacht

8

Tuirseach, roinnt iarrachta chun fanacht ina dhúiseacht

9

An-tuirseach, iarracht mhór chun fanacht ina dhúiseacht

CUID 2

Nósanna imeachta maidir le córais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí (DDAW) a bhailíochtú

1.   Tástáil bailíochtaithe ag an monaróir

1.1.   Ceanglais ghinearálta

1.1.1.

Déanfaidh monaróirí tástáil bailíochtaithe chun a áirithiú go mbeidh córais DDAW in ann faireachán a dhéanamh ar chodlatacht an tiománaí ar shlí atá cruinn, láidir agus bailí ó thaobh na heolaíochta de.

1.1.2.

Comhlíonfaidh tástáil bailíochtaithe an DDAW na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2 go 8. Déanfaidh an monaróir an próiseas bailíochtaithe a dhoiciméadú sa phacáiste doiciméadachta atá le soláthar ag an monaróir i gcomhréir le Cuid 3.

2.   Ceanglais tástála

2.1.

Déanfar an tástáil bailíochtaithe agus beidh daoine rannpháirteach inti. De rogha air sin, tiocfaidh na sonraí a úsáidfear le haghaidh an bhailíochtaithe ó na sonraí maidir le hiompar a bhailítear ó na daoine a bhí rannpháirteach.

2.2.

Beidh cúltaca sábháilteachta ag gabháil le haon tástáil bailíochtaithe a bhfuil daoine rannpháirteach inti, ar daoine iad a oibríonn mótarfheithicil i bhfíorthimpeallacht bóithre neamh-ionsamhlaithe ag baint léi.

Déanfaidh an cúltaca sábháilteachta idirghabháil má éiríonn an tiománaí codlatach ionas nach mbeidh sé nó sí in ann an mhótarfheithicil a rialú go sábháilte a thuilleadh.

Má dhéanann an cúltaca sábháilteachta idirghabháil, ní cheadófar don rannpháirtí tiomáint a thuilleadh mar chuid den tástáil.

Más tiománaí cúltaca atá sa chúltaca sábháilteachta, beidh gá le straitéis sábháilteachta iomchuí (mar shampla: troitheáin dhúbailte).

A luaithe a bheidh idirghabháil déanta ar an gcúltaca sábháilteachta, beidh feidhm ag an straitéis sábháilteachta arna ullmhú don tástáil sin. Mar shampla: glacfaidh tiománaí nach bhfuil codlatach stiúir ar an bhfeithicil agus ní cheadófar don tiománaí codlatach leanúint leis an tiomáint.

2.3.

Más rud é go ndéantar tástáil bailíochtaithe in insamhlóir, déanfaidh an monaróir na teorainneacha a bhaineann leis a dhoiciméadú maidir le tástáil ar fhíorbhóithre chun an córas DDAW a thástáil. Áireofar i ndoiciméadacht den sórt sin comparáid idir príomhshonraí ionchuir, arna n-úsáid don chóras DDAW, ón ionsamhlóir agus príomhshonraí ionchuir ón bhfeithicil faoi fhíordhálaí agus anailís ar bhailíocht thorthaí an bhailíochtaithe ionsamhlaithe.

3.   Sampla tástála

3.1.

Ginfidh gach rannpháirtí sa tástáil ar a laghad 1 chás fíordheimhneach amháin nó 1 chás bréagdhiúltach amháin, dá dtagraítear i bpointí 5.1.4. agus 5.1.5. An uimhir iomlán a fhaightear le suim na gcásanna fíordheimhneacha agus na cásanna bréagdhiúltacha, beidh sí cothrom le 10 nó níos mó ná sin. 10 rannpháirtí ar a laghad a bheidh i samplamhéid na rannpháirtithe. Ceadaítear do níos mó ná tástáil amháin a dhéanamh in aghaidh an rannpháirtí chun níos mó sonraí a fháil ó rannpháirtí ar leith.

Ríomhfar an íogaireacht in aghaidh an rannpháirtí ar dtús i gcás gach rannpháirtí, ansin déanfar an ghnáthíogaireacht agus a diall caighdeánach a ríomh ó na luachanna íogaireachta in aghaidh an rannpháirtí.

Ceadaítear go sainráite torthaí a sholáthar ó fhoghrúpa rannpháirtithe ó thástáil níos mó chun rannpháirtithe a chloíonn leis an gcur síos tuairisc thuas a chur san áireamh, agus na rannpháirtithe sin amháin.

3.2.

Tabharfar cuntas sa bhailíochtú ar na torthaí go léir ó rannpháirtithe a chloíonn le ceanglais phointe 3.1. Torthaí ó rannpháirtithe a bhfuil ar a laghad 1 chás fíordheimhneach amháin nó 1 chás bréagdhiúltach amháin acu, ní cheadaítear iad sin a chur as an áireamh.

3.3.

Comhfhreagróidh na rannpháirtithe do dhéimeagrafaíocht spriocdhírithe na feithicle (mar shampla, rannpháirtithe a bhfuil ceadúnas bailí acu chun an fheithicil ina bhfuil an córas DDAW suiteáilte a thiomáint).

3.4.

Ní bheidh baint ag aon duine de na 10 rannpháirtí den samplamhéid íosta le forbairt an chórais DDAW. Comhlíonfar ceann de na critéir inghlacthachta, de phointe 8, leis na torthaí ó na rannpháirtithe breise atá páirteach i bhforbairt an chórais DDAW agus gan torthaí uathu freisin.

4.   Dálaí comhshaoil

4.1.

Ar a laghad, déanfar an córas a thástáil faoi dhálaí an lae agus dálaí na hoíche ó phointe 4.1.1. nó pointe 4.1.2., agus déanfar taifead ar chás fíordheimhneach amháin ar a laghad faoi na dálaí uile (ar an iomlán, ní i gcás gach rannpháirtí a tástáladh faoin dála sin).

Ní gá do gach rannpháirtí an dá dháil a thástáil.

Córais nach ndéanann an solas difear dóibh, ní gá dóibh an t-íoslíon cásanna fíordheimhneach a chomhlíonadh faoi gach ceann de na dálaí a luaitear thuas.

4.1.1.

I gcás tástáil neamh-ionsamhlaithe i bhfíorthimpeallacht bóithre:

(a)

Lá: tosóidh an tástáil tar éis éirí gréine agus roimh luí na gréine;

(b)

Oíche: tosóidh an tástáil tar éis luí na gréine agus roimh éirí gréine.

4.1.2.

I gcás tástáil ionsamhlaithe i bhfíorthimpeallacht bóithre:

(a)

Lá: leathnaíonn na dálaí faoi sholas timpeallach (ISO 15008: 2017);

(b)

Oíche: dáil soilsithe thimpeallaigh ísil faoina n-imrítear tionchar ar leibhéal oiriúnaithe an tiománaí ag an gcuid den bhóthar os a chomhair atá cumhdaithe le ceannsoilse na feithicle féin agus na soilse sráide mórthimpeall, agus ag gile scáileáin agus uirlise (ISO 15008: 2017).

5.   Codlatacht a thomhas

5.1.   Cur i bhFeidhm KSS

5.1.1.

Déanfar leibhéal codlatachta an rannpháirtí a thomhas trí úsáid a bhaint as an KSS.

5.1.1.1.

Cuirfear oiliúint ar rannpháirtithe ar an KSS sula gcuirfidh siad i bhfeidhm é mar chuid de thástáil bailíochtaithe an chórais DDAW.

Beidh an próiseas oiliúna mar an gcéanna do na rannpháirtithe go léir.

Déanfar an próiseas oiliúna a dhoiciméadú go soiléir sa sainchomhad fianaise arna sholáthar don tseirbhís theicniúil i gcomhréir le Cuid 3.

5.1.1.2.

Déanfar an fhoclaíocht chaighdeánaithe san Aguisín a ghabhann le Cuid 1 a úsáid agus déanfar gach leibhéal den KSS a lipéadú.

5.1.2.

Gheofar tomhais le linn na tástála ag eatraimh tuairim is 5 nóiméad, agus toimhdeofar go gcumhdaíonn gach tomhas an 5 nóiméad roimhe sin.

Ní bheidh feidhm ag na heatraimh a mholtar sula gcuirfidh an rannpháirtí an chéad rátáil féinmheasúnaithe ar fáil ar leibhéal 6 nó níos airde ar an KSS.

5.1.3.

Le linn na dtástálacha bailíochtaithe, moltar an rabhadh ón gcóras DDAW a bhalbhú, ionas nach n-athrófar stádas an rannpháirtí roimh an gcéad fhéinmheasúnú eile. Taifeadfar an t-am ar a thugtar an rabhadh ón DDAW (bíodh sé tostach nó ná bíodh) lena chruthú go soiléir an cás fíordheimhneach é.

5.1.4.

Caithfear le haon rabhadh ón gcóras DDAW mar chás fíordheimhneach más ag leibhéal 7 den KSS nó níos airde atá an chéad rátáil eile de chuid an rannpháirtí, nó an rátáil roimhe sin.

A luaithe a tharlaíonn cas fíordheimhneach, measfar nach mbaineann na pointí sonraí tar éis an cháis sin leis an tástáil shonrach seo. Más rud é go n-atosaíonn an tástáil tar éis scíthe, measfar gur tacar sonraí difriúil é (leis an rannpháirtí céanna).

5.1.5.

Más faoi bhun na tairsí codlatachta dá dtagraítear i bpointe 3.3.1. de Chuid 1 atá rátáil rannpháirtithe agus má tá os cionn nó cothrom leis an tairseach codlatachta atá an rátáil ina dhiaidh sin (e.g. féadfar gurb é 6-8 nó 7-8 an seicheamh rátála), beidh feidhm ag ceann acu seo a leanas:

(a)

Tabharfaidh an córas DDAW rabhadh agus caithfear leis mar chás fíordheimhneach agus críochnófar an tástáil shonrach mar atá i bpointe 5.1.4.; nó

(b)

ní thabharfaidh an córas DDAW rabhadh agus caithfear leis mar chás bréagdhiúltach, mura leanfar den tástáil ar feadh eatramh tástála breise ar a laghad, agus tabharfaidh an rannpháirtí ceann de na féinmheasúnuithe seo a leanas:

Le linn an eatraimh breise tástála, má sholáthraíonn na rannpháirtithe féinmheasúnú os cionn nó cothrom leis an tairseach chodlatachta arís, caithfear leis an léamh sin mar chás bréagdhiúltach (e.g. féadfar gurb é 7-8-8, 7-9-9 nó 7-9-8 an seicheamh rátála);

Le linn an eatraimh breise tástála, má sholáthraíonn na rannpháirtithe féinmheasúnú ag leibhéal 7 den KSS, caithfear leis an bpointe sonraí sin mar chás fíordhiúltach agus marcálfar é mar asluiteach (e.g.féadfar gurb é 6-8-7, 7-8-7 nó 7-9-7 an seicheamh). Déanfar gach asluiteach a dhoiciméadú sa phacáiste doiciméadachta;

Gan dochar do chásanna eile a fhéadfar a chur as an áireamh, le linn an eatraimh breise tástála, má sholáthraíonn na rannpháirtithe féinmheasúnú faoi bhun leibhéal 7 den KSS, ní chuirfear pointí sonraí ón tástáil shonrach sin san áireamh sna sonraí tástála foriomlána ós rud é gur dócha nárbh fhéidir brath ar rátálacha codlatachta na rannpháirtithe (e.g. féadfar gurb é 7-8-6 nó 6-8-6 an seicheamh rátála). Moltar seisiún oiliúna breise a chur ar fáil don rannpháirtí tar éis toradh den sórt sin.

5.2.   Tomhas malartach/Tomhais mhalartacha

5.2.1.

Féadfaidh monaróirí tomhas malartach nó tomhais mhalartacha a úsáid chun an córas DDAW a bhailíochtú faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

Má dhéantar faireachán díreach ar staid na rannpháirtithe leis an modh malartach, amhail Leictreinphalogram (LEG) nó PERCLOS (céatadán de dhúnadh na gcaipíní súile).

(b)

Má tá an modh malartach ag teacht leis an tomhas a thuairiscítear i bpointe 5.1. seachas an scála codlatachta a úsáideadh agus/nó an t-eatramh ama a úsáideadh;

(c)

Má dhéantar an tomhas trí anailís físe codlata a dhéanann 3 rátálaí (saineolaithe codlata) ar a laghad, nach mbíonn ag idirghníomhú leis an rannpháirtí ná lena chéile sula gcuirtear bailchríoch ar an bpróiseas rátála. Ní rachaidh eatramh ama an mhodha seo thar 5 nóiméad.

5.2.2.

I gcás ina n-úsáidtear tomhais mhalartacha ar KSS chun leibhéal codlatachta an rannpháirtí a chinneadh, cuirfidh an monaróir fianaise ar fáil go bhfuil an tomhas a roghnaíodh ina mhodh bailí cruinn chun measúnú a dhéanamh ar chodlatacht an tiománaí, agus go bhfuil an tairseach chodlatachta a úsáidtear sa tástáil bailíochtaithe coibhéiseach le leibhéal KSS dá dtagraítear i bpointe 3.3.1. de Chuid 1

Maidir leis an anailís físe codlata, baineann an fhianaise a bhfuiltear ag súil leis le caighdeán an fhíseáin a úsáidtear, infheictheacht an tsocraithe don rannpháirtí, an comhfhreagras idir an scála rátála agus KSS, oiliúint na rátálaithe (ina theannta sin tá leibhéal feidhmíochta íosta de “ráta comhréireachta” is fearr nó cothrom le 0.70 ag teastáil), faisnéis ar neamhspleáchas na rátálaithe leis an bhforbairt DDAW agus tuairisc ar an gcaoi a ríomhtar an rátáil deiridh bunaithe ar an ionchur ó na saineolaithe codlata.

Is scór é “ráta comhréireachta” arna ríomh ó rátáil saineolaí codlata ar fhíseán oiliúna aghaidhe

Image 1

A: Luach rátála codlatachta “fíor” an fhíseáin oiliúna

B: Leibhéal codlatachta a ndearna an saineolaí codlata meastóireacht air

D: Uasleibhéal codlatachta a tháinig chun cinn le linn an fhíseáin oiliúna

n: an líon pointí sonraí atá le rátáil le linn an fhíseáin oiliúna

5.2.3.

Má úsáidtear eatramh ama sa tomhas malartach atá éagsúil leis an eatramh atá sonraithe i bpointe 5.1.2, beidh feidhm ag pointe 5.1.5, i gcás ina bhfuil na heatraimh mheasúnaithe cothrom le 15 nóiméad nó níos giorra ná sin agus os cionn 5 nóiméad nó cothrom leis sin.

Más giorra an t-eatramh ama ná 5 nóiméad, ní bheidh feidhm ag an léirmhíniú ar phointe 5.1.5. Ina ionad sin, ní thagann cás bréagdhiúltach chun cinn ach amháin mura dtugann an DDAW rabhadh le linn na 10 nóiméad tar éis na rátála dheireanaí atá faoi bhun na tairsí codlatachta. Más rud é go bhfuil na rátálacha os cionn na tairsí codlatachta ar feadh 5 nóiméad nó níos mó, leanann rátáil faoi bhun na tairsí codlatachta é, caithfear leis an bpointe sonraí mar asluiteach. Déanfar gach asluiteach a dhoiciméadú sa phacáiste doiciméadachta;

5.2.4.

Más faide ná 15 nóiméad na heatraimh ama, féadfaidh na seirbhísí teicniúla smaoineamh ar na ceanglais ó phointe 8.1(a) agus ó phointe 8.1(b) a ardú de réir an mhéid a leagtar amach i bpointe 8.1(c) ionas gur fearr is féidir measúnú ceart a dhéanamh ar chodlatacht an tiománaí.

5.3.   Bearta comhlántacha

Féadfaidh monaróirí tomhas comhlántach nó tomhais chomhlántacha le KSS nó an tomhas malartach nó na tomhais mhalartacha a úsáid chun córas DDAW a bhailíochtú, rud a ndéanfar doiciméadú cuí air sa phacáiste doiciméadachta faoi Chuid 3.

I gcás ina n-úsáidfear anailís físe ó na saineolaithe codlata mar thomhas comhlántach, déanfar ar tástáil iontaofachta idir-rátála le beirt rátálaithe ar a laghad, agus áireofar na torthaí sa phacáiste doiciméadachta. Léireofar na leideanna aghaidhe agus na gluaiseachtaí agus iompraíochta coirp le haghaidh gach leibhéil codlatachta ar an KSS (de ghnáth is doiciméad rúnda é).

6.   Tairseach mhalartach codlatachta

6.1.

Má úsáidtear tomhais mhalartacha ar KSS chun córas DDAW a bhailíochtú, luafaidh an monaróir an tairseach atá á húsáid agus soláthrófar fianaise ina sonrófar an choibhéis idir an tairseach agus leibhéal KSS 8.

Má úsáidtear scála ar lú a leibhéil thuairisciúla ná an KSS sa tomhas malartach, tagróidh an choibhéis idir an scála malartach agus an KSS don leibhéal comhfhreagrach is ísle i gcomparáid leis an KSS. Is é an t-aon eisceacht atá ann ná leibhéal an scála mhalartaigh lena n-áirítear an choibhéis le leibhéal KSS 8, agus sa chás sin déanfaidh sé tagairt don leibhéal comhfhreagrach is airde i gcomparáid leis an KSS.

Mar shampla, má chomhfhreagraíonn an leibhéal scála malartach “4” do raon idir “6 agus 7” ar an KSS, measfar “4” ar an scála malartach mar “6” ar an KSS.

Má chomhfhreagraíonn leibhéal malartach scála “A” do raon idir “6,5 agus 8,5” ar an KSS, measfar “A” ar an scála malartach mar “8” ar an KSS.

6.2.

Má úsáidtear tomhas comhlántach in éineacht leis an KSS nó le tomhas malartach chun córas DDAW a bhailíochtú, luafaidh an monaróir an tairseach atá á húsáid agus soláthrófar fianaise ina sonrófar an choibhéis idir an tairseach agus leibhéal KSS 8.

7.   Torthaí tástála

7.1.

Ní bhfaighidh an monaróir réidh le sonraí tástála ach sula ndéanfar aon anailís staidrimh in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

go bhfuil earráid le linn an nós imeachta tástála a dhéanamh;

(b)

go meastar go bhfuil rátálacha KSS an rannpháirtí neamhiontaofa;

(c)

nach mbailítear sonraí leordhóthanacha i gcás rannpháirtí (e.g. bhí fad na trialach róghearr nó níor ghin an rannpháirtí 1 chás fíordheimhneach ar a laghad nó 1 chás bréagdhiúltach).

7.2.

Doiciméadóidh an monaróir aon earráid a thiocfaidh chun cinn le linn na tástála mar chuid den fhianaise sa phacáiste doiciméadachta, agus é sin ar leithligh ó thorthaí na tástála, maille leis na sonraí earráideacha agus, más infheidhme, an chúis le sonraí na rannpháirtithe a chur as an áireamh ón anailís staidrimh.

8.   Critéir inghlacthachta

8.1

Measfaidh na seirbhísí teicniúla go bhfuil córas DDAW éifeachtach má chomhlíonfar an ceanglas (a) nó (b) seo a leanas arna modhnú, más gá, le ceanglas (c) le haghaidh tástálacha agus úsáid á baint as eatramh ama thar 15 nóiméad, agus le ceanglas (d) le haghaidh tástálacha a dhéanfar i dtimpeallacht ionsamhlaithe:

(a)

go bhfuil an mheáníogaireacht os cionn 40 % (íogaireacht arna ríomh ó mheáníogaireacht na rannpháirtithe go léir)

(b)

go mbeidh an chuimse íochtair ó eatramh muiníne 90 % na dtorthaí íogaireachta os cionn 20 %. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gnáthíogaireacht is mó ná 20 % ag 95 % de na rannpháirtithe ó thaobh staidrimh de, agus déantar é sin a fhíorú tríd an gcothromóid seo a chomhlíonadh:

Image 2

(c)

déanfar méadú 5 % ar an gceanglas a liostaítear i bhfophointe (a) agus déanfar méadú 2,5 % ar an gceanglas a liostaítear i bhfophointe (b) mura n-úsáidfear leis an modh tástála eatramh ama atá cothrom leis an 15 nóiméad a d’fhéadfadh a bheith ann faoi pointe 5.2.3 (féadfar cuimse uachtair a bheith ann idir an tomhas a mholtar agus an tomhas malartach) nó eatramh ama is lú na sin.

(d)

déanfar laghdú 5 % ar an gceanglas a liostaítear i bhfophointe (a) agus déanfar laghdú 2,5 % ar an gceanglas a liostaítear i bhfophointe (b) más rud é go ndéanfar an tástáil ar fhíorbhóithre.

Mar shampla, is ag ≥ 35 % a leagfar síos an mheáníogaireacht is gá le haghaidh tástáil ar fíorbhóithre ina n-úsáidfear eatramh ama atá cothrom le 15 nóiméad nó níos giorra ná sin, agus is ag ≥ 45 % a bheidh sa mheáníogaireacht a leagfar síos an mheáníogaireacht is gá le haghaidh tástáil ionsamhlóra le heatramh ama atá níos mó ná 15 nóiméad.

Méadracht feidhmíochta a ríomh

Ríomhfar an mhéadracht feidhmíochta mar a leanas:

 

Luach íogaireachta rannpháirtí:

Image 3

Meáníogaireacht gach rannpháirtí:

Image 4

 

Diall Caighdeánach (Íogaireacht):

Image 5

sa chás seo:

is éard atá in n(TP) an líon iomlán cásanna a shainaithnítear i gceart mar “chodlatach” ag an gcóras agus ag an tiománaí;

is éard atá in n(FN) an líon iomlán cásanna nuair a mheasann an córas nach bhfuil an tiománaí codlatacha ach go bhfuil sé codlatach i ndáiríre;

is éard atá in n(FP) an líon iomlán cásanna nuair a mheasann an córas go bhfuil an tiománaí codlatacha ach nach bhfuil sé codlatach i ndáiríre;

Is éard atá in n(TN) an líon iomlán cásanna a shainaithnítear i gceart ag an gcóras agus ag an tiománaí mar chásanna nuair nach bhfuil an tiománaí codlatach;

Is é Σ suim na rannpháirtithe ar an iomlán.

Nóta: Déantar dáileadh na dtorthaí a chomhfhogasú le dáileadh Gauss.

8.2.

Má tá gá le céim foghlama ag an gcóras DDAW, ní áireofar sna critéir inghlacthachta a liostaítear i bpointe 8.1 na torthaí a fuarthas le linn na céime foghlama nó le linn na 30 nóiméad tar éis chomhlíonadh na dála chun an DDAW a ghníomhachtú, cibé acu is giorra.

CUID 3

Nósanna imeachta maidir le measúnú ar doiciméadacht theicniúil maidir le tástáil fíorúcháin ag na húdaráis formheasa agus na seirbhísí teicniúla

1.   Pacáiste doiciméadachta

Soláthróidh an monaróir pacáiste doiciméadachta don údarás ceadaithe agus don tseirbhís teicniúla ina mbeidh fianaise ar éifeachtacht an chórais. Cumhdófar leis an bpacáiste doiciméadachta feidhmiúlacht an chórais agus bailíochtú an chórais araon.

1.1.   Feidhmiúlacht an chórais

Áirítear an méid seo a leanas sa phacáiste doiciméadachta ina sonrófar conas a fheidhmeofar an córas:

(a)

liosta de na hionchuir chórais go léir ina bhfuil na méadrachtaí príomha agus tánaisteacha;

(b)

tuairisc ar an gcaoi a bhfeidhmíonn na méadrachtaí agus ar an gcaoi a ndéanann siad faireachán ar iompar tiomána;

(c)

tuairisc ar an iompraíocht truicearaithe a bhfuil an córas ag déanamh faireachán uirthi;

(d)

fianaise ar an ngaol idir tiomáint faoi chodlatacht agus/nó iompraíocht stiúrtha agus an iompraíocht truicearaithe a roghnaíodh;

(e)

tairseach chodlatachta an chórais;

(f)

luas na feithicle ar a ngníomhófar an córas;

(g)

míniú ar fheidhmeanna gníomhachtaithe, athghníomhachtaithe agus díghníomhachtaithe an chórais;

(h)

doiciméad ina sonraítear feidhmiúlacht HMI an chórais. Áirítear leis sin fianaise gur comhlíonadh ceanglais HMI an DDAW (pointe 3.4. de Chuid 1), agus réasúnuithe má roghnaíonn an monaróir gan na moltaí a liostaítear i bpointí 3.4.2.3., 3.4.2.4. agus 3.4.2.5. de Chuid 1 a leanúint.

(i)

doiciméad ina soláthraítear prótacal tástála amháin ar a laghad a bheidh le tástáil ag an tSeirbhís Theicniúil, prótacal a dtabharfaidh an córas DDAW rabhadh ina leith nuair a bheidh sé déanta.

Ní chuirfear liosta na n-ionchur córais ar fáil don údarás ceadaithe nó don tseirbhís theicniúil ach amháin chun an córas DDAW le haghaidh an chineálcheadaithe a fhíorú. Ní chuirfear an liosta d’aon mhéadracht thánaisteach ar aghaidh ón tseirbhís theicniúil chuig an údarás ceadaithe.

1.2.   Bailíochtú an chórais

Áireofar an méid seo a leanas san fhianaise maidir le héifeachtacht an doiciméid córais:

(a)

an fhaisnéis maidir le líon agus déimeagrafaic na rannpháirtithe tástála a ndearnadh measúnú orthu.

(b)

tuairisc ar na dálaí tástála a ndearnadh measúnú orthu;

(c)

fianaise go n-oibríonn an córas go héifeachtach in aimsir nach gcuireann teorainn le hoibriú an chórais. Tabharfar le fios leis an bhfianaise na srianta aitheanta nó loighciúla i ngeall ar dhálaí aimsire, an dúshlán teicniúil agus an straitéis maidir le hiompraíocht an chórais faoi na dálaí aimsire seo (mar shampla báisteach throm, sneachta, teocht ard etc.).

(d)

tuairisc ar an modheolaíocht tástála iomlán a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an chórais agus ar an réasúnaíocht taobh thiar de, lena n-áirítear aon tomhas malartach nó comhlántach, agus tairseach chodlatachta eile (dá dtagraítear i bpointe 5.2, i bpointe 5.3. agus i bpointe 6. de Chuid 2 faoi seach);

(e)

tuairisc ar an teicníc anailíse staidrimh a úsáideadh. Má úsáidtear modh anailíse staidrimh atá difriúil leis an modh a leagtar amach i bpointe 8.1, soláthrófar fianaise maidir leis an teicníc anailíse staidrimh agus maidir leis an leibhéal suntasachta a úsáidtear;

(f)

anailís agus tuairisc ar na torthaí;

(g)

fianaise go dtugann an córas foláireamh do thiománaí tráth a baintear amach an leibhéal KSS a leagtar amach i bpointe 3.3.1. de Chuid 1, nó sula mbaintear é sin amach;

(h)

sonraí gach rannpháirtí chun críoch measúnaithe aimhrialtachta aimhrialta.

Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis maidir le déimeagrafaic na rannpháirtithe tástála dá dtagraítear i bhfophointe (a):

(i)

critéir chuimsithe nó eisiaimh a úsáideadh agus rannpháirtithe á roghnú, agus

(ii)

ráiteas maidir le leordhóthanacht na rannpháirtithe i ndáil leis an déimeagrafaíocht spriocdhírithe don fheithicil a leagtar amach i bpointe 3.3. de Chuid 2.

Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis maidir le modheolaíocht iomlán na tástála dá dtagraítear i bhfophointe (d):

(i)

fianaise gur modh bailí cruinn iad an tomhas comhlántach/na tomhais chomhlántacha nó an meascán de na tomhais phríomhúla (KSS nó an tomhas malartach) agus de na tomhais chomhlántacha chun measúnú a dhéanamh ar chodlatachta an tiománaí;

(ii)

faisnéis maidir leis an gcaoi a ndearnadh anailís ar shonraí na dtomhas príomhúil agus na dtomhas comhlántach agus an chaoi ar comhthiomsaíodh iad chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an chórais DDAW;

(iii)

fianaise gur coibhéiseach an tairseach chodlatachta a úsáidtear sa tástáil bailíochtaithe le leibhéal KSS dá dtagraítear i bpointe 3.3.1. de Chuid 1.

1.2.1.

Más rud é go ndearnadh an bailíochtú ar fheithicil eile, beidh sna doiciméadacht faisnéis lena nasctar an próiseas bailíochtaithe le ceanglais chineálcheadaithe na feithicle.

e.g. Doiciméid a sholáthar a léiríonn na cosúlachtaí teicniúla nó an t-oiriúnú ba ghá chun an córas DDAW a chumasú maidir leis an bhfeithicil a chuirtear i láthair lena cineálcheadú. Beidh na ceanglais maidir leis na rannpháirtithe comhchosúil freisin (déimeagrafaíocht, rannpháirtíocht tiománaí ghairmiúil).

1.2.2.

Más rud é go ndearnadh an bailíochtú mar chuid de thaighde chun a shuí go gcomhlíontar ceanglais theicniúla an chórais DDAW, beidh sa doiciméadacht faisnéis lena nasctar an tástáil bailíochtaithe leis na ceanglais cheadaithe faoi seach don mhótarfheithicil lena mbaineann.

e.g. Nasc breise a soláthar idir an méid atá cumasaithe sa leagan den chóras DDAW atá suiteáilte sa mhótarfheithicil agus athríomh ar na luachanna comhionanna íogaireachta ó na sonraí a tháirgtear le linn na céime taighde.

2.   Measúnú ag seirbhís theicniúil ar phacáiste doiciméadachta an chórais DDAW agus ar thuarascáil tástála an chórais sin

2.1

Seiceálfaidh an tseirbhís theicniúil gur chruthaigh an monaróir ar bhonn na dtástálacha a rinneadh i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo go gcomhlíonann an DDAW na critéir theicniúla a leagtar síos i gCuid 1 agus na critéir bhailíochtaithe a leagtar síos i gCuid 2. Meastar go dtiocfaidh na gníomhaíochtaí seo a leanas chun cinn:

(a)

seiceáil a dhéanamh go gcomhlíonann na leibhéil feidhmíochta thuairiscithe na tairsí íosta is gá dá dtagraítear i bpointe 3.3.1. de Chuid 1;

(b)

athbhreithniú a dhéanamh ar an tuarascáil tástála chun a fhíorú an gcomhlíonann an mhodheolaíocht fholuiteach, arna cur i láthair sa tuarascáil tástála, na ceanglais a leagtar amach i gCuid 2;

(c)

measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil tástála ón tástáil bailíochtaithe a rinne an monaróir.

Fíorófar leis an measúnú ar an tuarascáil tástála an bhfuil an fhianaise fholuiteach maidir leis na tástálacha a rinneadh ag comhfhreagairt do na torthaí tástála a tuairiscíodh go leibhéal éifeachta foriomláine, ar chaoi a bhfágann go ndeimhneofar go bhfuil an dearbhú feidhmíochta leordhóthanach. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar shonraí na rannpháirtithe le haghaidh aimhrialtachtaí staidrimh amhail an líon asluiteach.

Féadfaidh an tseirbhís theicniúil leas a bhaint as acmhainní de réir a lánrogha féin chun measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil tástála. Féadfar a áireamh ar na modhanna sin athbhreithniú ar na tacair iomlána sonraí amha ó líon áirithe tiomántán tástála arna roghnú ag an tseirbhís theicniúil (lena n-áirítear aon sonraí nár cuireadh san áireamh san anailís) agus codanna eile den tástáil bailíochtaithe a athdhéanamh ar bhonn sonraí a bailíodh (d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé indéanta ach le haghaidh roinnt modhanna bailíochtaithe, amhail anailís físe codlata).

2.2

Déanfaidh an tseirbhís theicniúil measúnú ar acmhainn an phrótacail tástála, atá beartaithe ag an monaróir, cás tiomána faoi chodlatacht a bhrath, agus an fhaisnéis maidir le feidhmiúlacht an chórais dá bhforáiltear faoi phointe 1.1 á cur san áireamh. Is ar bhonn an phrótacail atá beartaithe a dhéanfaidh an tseirbhís theicniúil an tástáil freisin.

2.2.1.

Glacfar leis gur éirigh leis an tástáil a luaithe a thabharfaidh an córas DDAW rabhadh don thiománaí faoi chodlatacht.

2.2.2.

Mura n-éiríonn leis an tástáil rabhadh a thabhairt do thiománaí faoi chodlatacht, féadfaidh an tseirbhís theicniúil é a dhéanamh arís suas le dhá uair.

2.2.3.

Déanfaidh an tseirbhís theicniúil anailís ar bhunchúis aon tástála nár éirigh léi agus cuirfear an anailís i gceangal leis an tuarascáil tástála. Mura féidir an bhunchúis a nascadh le diall sa suiteáil tástála, féadfaidh an tseirbhís theicniúil tástáil a dhéanamh ar aon athrú paraiméadar laistigh de raon na bparaiméadar a shainmhínítear sa phrótacal tástála arna sholáthar ag an monaróir.

2.2.4.

Áireofar tagairt do chód an phrótacail tástála faoi seach, arna reáchtáil ag an tseirbhís theicniúil, sa roinn “Nótaí” den Deimhniú ar Chineálcheadú ionas go mbeidh údaráis inniúla in ann, agus gníomhaíochtaí faireachais margaidh á ndéanamh acu, prótacal na tástála a iarraidh ar an tseirbhís theicniúil a rinne an tástáil.

(1)  Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta do mhótarfheithiclí agus dá leantóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/621 an 17 Aibreán 2019 ón gCoimisiún maidir leis an bhfaisnéis theicniúil is gá chun tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh ar na hítimí a bheidh le tástáil, maidir le húsáid na modhanna molta agus lena mbunaítear rialacha mionsonraithe i ndáil le formáid na sonraí agus i ndáil leis na nósanna imeachta chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis theicniúil ábhartha (IO L 108, 23.4.2019, lch. 5)


IARSCRÍBHINN II

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2144

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 cuirtear an méid seo a leanas in ionad na sraithe do cheanglas E2:

Ábhar

Gníomhartha rialála

Forálacha teicniúla sonracha breise

M1

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

STU

Comhpháirt

“E2 Rabhadh codlatachta agus aire tiománaí

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1341 (*1) ón gCoimisiún

 

B

B

B

B

B

B

 

 

 

 

 

 


(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1341 an 23 Aibreán 2021 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na próisis shonracha tástála agus ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca leis na córais rabhaidh codlatachta agus aire tiománaí agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 292, 16.8.2021, lch. 4).”


16.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 292/20


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1342 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Bealtaine 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha i dtaca leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag tríú tíortha agus ag údaráis rialaithe agus ag comhlachtaí rialaithe chun críche maoirseachta ar a n-aitheantas faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgí orgánacha allmhairithe agus na bearta atá le déanamh i bhfeidhmiú na maoirseachta sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 48(4) agus 57(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 48(1) de Rialachán (AE) 2018/848, rachaidh an t-aitheantas do thríú tíortha chun críocha coibhéise faoi Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (2) le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha isteach san Aontas in éag an 31 Nollaig 2026.

(2)

De bhun Airteagal 57(1) de Rialachán (AE) 2018/848, rachaidh an t-aitheantas a thugtar d’údaráis rialaithe agus do chomhlachtaí rialaithe chun críocha coibhéise faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha isteach san Aontas in éag an 31 Nollaig 2024.

(3)

Nuair a chuirtear ar mhargadh an Aontais iad go dtí deireadh na n-idirthréimhsí sin, ní mór táirgí orgánacha a allmhairítear isteach san Aontas faoi na scéimeanna allmhairiúcháin sin a tháirgeadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le táirgeadh agus faoi réir socruithe rialaithe atá coibhéiseach leo sin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 chomh maith leis na rialacha gaolmhara cur chun feidhme a leagtar síos i Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 (3) agus (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún (4).

(4)

Dá bhrí sin, ag gach céim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileadh i dtríú tíortha, ba cheart d’oibreoirí leanúint dá ngníomhaíochtaí a chur faoi bhráid córas rialaithe tríú tír a aithnítear chun críocha coibhéise dá dtagraítear in Airteagal 48(1) de Rialachán (AE) 2018/848, nó faoi bhráid údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 57(1) den Rialachán sin.

(5)

D’fhonn a áirithiú go ndéanfar maoirseacht iomchuí ar na tríú tíortha sin nó ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe lena mbaineann, is gá rialacha a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a n-aitheantas le linn na n-idirthréimhsí. Chun na críche sin, ba cheart a shonrú sa Rialachán seo, go háirithe, an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag na tríú tíortha nó ag na húdaráis rialaithe agus ag na comhlachtaí rialaithe don Choimisiún chun an mhaoirseacht sin a fheidhmiú, lena n-áirítear trí bhíthin scrúdú ar an láthair. Ina theannta sin, ba cheart a leagan amach sa Rialachán seo na bearta atá le déanamh ag an gCoimisiún i bhfeidhmiú na maoirseachta sin, lena n-áirítear tríú tíortha aitheanta nó údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe aitheanta a chur ar fionraí nó a aistarraingt ó na liostaí a bhunaítear de bhun Airteagal 48(3) agus Airteagal 57(2) de Rialachán (AE) 2018/848.

(6)

Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848 go dtí go rachaidh aitheantas na dtríú tíortha nó na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe in éag,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maoirseacht ar thríú tíortha

1.   Áireofar an méid seo a leanas sa tuarascáil bhliantúil atá le seoladh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 48(2) de Rialachán (AE) 2018/848, faoin 31 Márta gach bliain, ag tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 48(1) den Rialachán sin agus a áirítear ar an liosta arna bhunú le Rialachán Cur Chun Feidhme atá le glacadh de bhun Airteagal 48(3) de Rialachán (AE) 2018/848 (“tríú tír”):

(a)

faisnéis maidir le forbairt an táirgthe orgánaigh sa tríú tír, lena n-áirítear na táirgí a tháirgtear, an limistéar arna shaothrú, na réigiúin táirgthe, líon na dtáirgeoirí, agus na gníomhaíochtaí próiseála bia;

(b)

faisnéis maidir le cineál na dtáirgí talmhaíochta orgánacha agus na mbia-earraí a onnmhairítear chuig an Aontas;

(c)

tuairisc ar na gníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta a rinne údarás inniúil an tríú tír an bhliain roimhe sin, ar na torthaí a fuarthas agus ar na bearta ceartaitheacha a rinneadh;

(d)

aon nuashonrú ar na caighdeáin táirgthe a chuirtear i bhfeidhm sa tríú tír a measadh a bheith coibhéiseach leis na rialacha maidir le táirgeadh dá dtagraítear i dTeidil III agus IV de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007;

(e)

aon nuashonrú ar na bearta rialaithe a chuirtear i bhfeidhm sa tríú tír, a measadh éifeachtacht choibhéiseach a bheith acu leo siúd dá dtagraítear i dTeideal V de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, agus dearbhú gur cuireadh na bearta rialaithe sin i bhfeidhm go buan agus go héifeachtach;

(f)

aon nuashonrú eile ar shainchomhad teicniúil an tríú tír;

(g)

an suíomh gréasáin Idirlín nó seoladh eile inar féidir teacht ar liosta atá cothrom le dáta de na hoibreoirí atá faoi réir an chórais rialaithe, mar aon le pointe teagmhála ina bhfuil faisnéis ar fáil go héasca faoina stádas deimhniúcháin agus faoi na catagóirí táirgí lena mbaineann;

(h)

aon fhaisnéis eile a mheasann an tríú tír a bheith ábhartha.

2.   Cuirfidh an tríú tír an Coimisiún ar an eolas gan mhoill, tríd an ardán leictreonach, Córas Faisnéise na Feirmeoireachta Orgánaí (OFIS), faoi aon athrú a dhéanfar ar na bearta atá i bhfeidhm sa tríú tír sin nó ar a gcur chun feidhme, agus go háirithe ar a córas rialaithe.

3.   Cuirfidh an tríú tír an Coimisiún ar an eolas gan mhoill, trí OFIS, faoi aon athrú a dhéanfar ar na sonraí riaracháin a áirítear ar an liosta arna bhunú le Rialachán Cur Chun Feidhme atá le glacadh de bhun Airteagal 48(3) de Rialachán (AE) 2018/848.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, aon fhaisnéis bhreise a iarraidh ar an tríú tír, lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó de na tuarascálacha ar scrúdú ar an láthair arna mbunú ag saineolaithe neamhspleácha a thíolacadh.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar mheasúnú riosca nó i gcás neamhchomhlíonadh a bhfuil amhras ann ina leith, scrúdú ar an láthair a eagrú sa tríú tír ag saineolaithe a ainmneoidh sé.

6.   I gcás ina bhfuair an Coimisiún fógra ó Bhallstát lena gcuirtear ar an eolas é faoi amhras a bhfuil bunús leis faoi neamhrialtacht nó sárú a mhéid a bhaineann le táirgí orgánacha allmhairithe na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 a chomhlíonadh agus faoi chaighdeáin táirgthe agus bearta rialaithe a nglactar leo mar bhearta coibhéiseacha ar bhonn an mheasúnaithe a rinneadh, tabharfaidh sé fógra ina leith d’údarás inniúil an tríú tír. Déanfaidh an t-údarás inniúil sin imscrúdú ar thionscnamh na neamhrialtachta nó an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus déanfaidh sé, laistigh de 30 lá féilire tar éis fógra an Choimisiúin, toradh an imscrúdaithe agus an beart a rinneadh a chur in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát lena mbaineann.

Airteagal 2

Maoirseacht ar údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe

1.   Ar bhonn tuarascálacha bliantúla agus i bhfianaise aon fhaisnéis eile a gheofar, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar maoirseacht iomchuí ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 57(1) de Rialachán (AE) 2018/848 agus a áirítear ar an liosta a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme atá le glacadh de bhun Airteagal 57(2) de Rialachán (AE) 2018/848 (“údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe”) trí athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a n-aitheantas. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún cúnamh a iarraidh ar na Ballstáit. Cinnfear cineál na maoirseachta a dhéanfar ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe ar bhonn cur chuige rioscabhunaithe maidir le neamhchomhlíonadh, agus líon na dtáirgí deimhnithe agus a n-onnmhairí chuig an Aontas á gcur san áireamh go háirithe, chomh maith le torthaí na meastóireachta rialta ar an láthair, an fhaireachais agus an athmheasúnaithe ilbhliantúil ar a ngníomhaíochtaí ag comhlacht creidiúnaithe nó, de réir mar is iomchuí, ag údarás inniúil.

2.   Faoin 28 Feabhra gach bliain, cuirfidh na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe tuarascáil bhliantúil chuig an gCoimisiún. Leis an tuarascáil bhliantúil, déanfar faisnéis an tsainchomhaid theicniúil a áirítear san iarratas tosaigh ar aitheantas, mar a modhnaíodh go deireanach é, a nuashonrú. Cuimseofar sa tuarascáil na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

forbhreathnú ar ghníomhaíochtaí an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe sa tríú tír nó sna tríú tíortha ar aithníodh é ina leith, lena n-áirítear líon na n-oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí lena mbaineann agus cineál na dtáirgí talmhaíochta agus na mbia-earraí, a sórtáiltear de réir catagóirí agus a ghrúpáiltear de réir cóid taraife;

(b)

aon nuashonrú ar na caighdeáin táirgthe a chuirtear i bhfeidhm sa tríú tír nó sna tríú tíortha agus a n-aithnítear an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ina leith, lena n-áirítear measúnú ar choibhéis na gcaighdeán sin leis na rialacha maidir le táirgeadh dá dtagraítear i dTeidil III agus IV de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007;

(c)

aon nuashonrú ar na bearta rialaithe a cuireadh i bhfeidhm sa tríú tír nó sna tríú tíortha agus a n-aithnítear an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ina leith, lena n-áirítear measúnú ar an gcoibhéis leis na bearta dá dtagraítear i dTeideal V de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, agus dearbhú gur cuireadh na bearta rialaithe sin i bhfeidhm go buan agus go héifeachtach;

(d)

tuairisc ar na gníomhaíochtaí rialaithe a rinne an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an bhliain roimhe sin sa tríú tír nó sna tríú tíortha ar aithníodh é ina leith, na torthaí a fuarthas, na neamhrialtachtaí agus na sáruithe a tugadh faoi deara agus na bearta ceartaitheacha a rinneadh;

(e)

aon nuashonrú eile ar fhaisnéis an tsainchomhaid theicniúil a seoladh leis an iarratas tosaigh ar aitheantas agus aon nuashonrú eile air;

(f)

cóip den tuarascáil mheasúnaithe is déanaí a d’eisigh an comhlacht creidiúnaithe nó, i gcás inarb iomchuí, údarás inniúil, ina mbeidh torthaí na meastóireachta rialta ar an láthair, an fhaireachais agus an athmheasúnaithe ilbhliantúil ar ghníomhaíochtaí an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe sa tríú tír nó sna tríú tíortha ar aithníodh é ina leith. Deimhneofar sa tuarascáil mheasúnaithe sin go ndearnadh measúnú sásúil ar an údarás rialaithe nó ar an gcomhlacht rialaithe maidir lena chumas na coinníollacha is infheidhme maidir lena aithint ag an gCoimisiún a chomhlíonadh agus go bhfuil a ghníomhaíochtaí curtha chun feidhme go héifeachtach aige i gcomhréir leis na coinníollacha sin. Ina theannta sin, léireofar agus deimhneofar sa tuarascáil mheasúnaithe coibhéis na gcaighdeán táirgthe agus na mbeart rialaithe dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c);

(g)

an suíomh gréasáin Idirlín ar a bhfuil liosta na n-oibreoirí atá faoi réir an chórais rialaithe ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais, chomh maith le pointe teagmhála ina bhfuil faisnéis ar fáil go héasca maidir lena stádas deimhniúcháin, na catagóirí táirgí lena mbaineann, chomh maith le hoibreoirí agus táirgí atá curtha ar fionraí agus an deimhniú bainte díobh;

(h)

aon fhaisnéis eile a mheasann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bheith ábhartha

Cuirfear an tuarascáil bhliantúil agus aon fhaisnéis bhreise arna hiarraidh ag an gCoimisiún maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar fáil trí OFIS.

3.   Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise a bhaineann leis an tuarascáil bhliantúil a iarraidh. Cuirfear an fhaisnéis bhreise sin ar fáil i bhfoirm leictreonach.

Airteagal 3

Athbhreithniú ar aitheantas a thabhairt do thríú tíortha

Faoi chuimsiú an athbhreithnithe rialta a dhéanann sé ar aitheantas do thríú tíortha de bhun Airteagal 48(2) de Rialachán (AE) 2018/848, cuirfidh an Coimisiún na rialacha seo a leanas i bhfeidhm agus leasóidh sé liosta na dtríú tíortha dá réir sin de bhun Airteagal 48(3) den Rialachán sin:

(a)

féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, na sonraíochtaí atá ar an liosta a leasú ar bhonn na faisnéise a fhaightear;

(b)

féadfaidh an Coimisiún iontráil tríú tír ón liosta a chur ar fionraí ar bhonn na faisnéise a fuarthas, nó i gcás nár thug tríú tír faisnéis leordhóthanach de réir mar a cheanglaítear nó nár aontaigh sí le scrúdú ar an láthair;

(c)

déanfaidh an Coimisiún iontráil tríú tír ón liosta a chur ar fionraí más rud é, tar éis di iarraidh a fháil ón gCoimisiún, nach ndéanann an tríú tír gníomhaíocht cheartaitheach thráthúil iomchuí laistigh de thréimhse arna cinneadh ag an gCoimisiún de réir a thromchúisí atá an fhadhb, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 30 lá;

(d)

déanfaidh an Coimisiún iontráil tríú tír ón liosta a aistarraingt sna cásanna seo a leanas:

(i)

nach seolann an tríú tír an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo in am;

(ii)

go bhfuil an fhaisnéis a áirítear sa tuarascáil bhliantúil sin neamhiomlán;

(iii)

tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún laistigh de thréimhse arna cinneadh ag an gCoimisiún de réir a thromchúisí atá an fhadhb, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 30 lá, ní choinníonn an tríú tír an fhaisnéis ar fáil ná ní chuireann sí an fhaisnéis go léir a bhaineann lena sainchomhad teicniúil nó lena córas rialaithe in iúl; nó

(iv)

tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún, nach n-aontaíonn an tríú tír le scrúdú ar an láthair.

Airteagal 4

Athbhreithniú ar aithint údarás rialaithe agus comhlachtaí rialaithe

1.   Faoi chuimsiú an athbhreithnithe rialta a dhéanann sé ar aitheantas d’údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe de bhun Airteagal 2(1) den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún na rialacha seo a leanas i bhfeidhm agus leasóidh sé liosta na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe dá réir sin de bhun Airteagal 57(2) de Rialachán (AE) 2018/848:

(a)

féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, na sonraíochtaí a bhaineann le húdarás rialaithe nó le comhlacht rialaithe atá ar an liosta a leasú ar bhonn na faisnéise a fuarthas;

(b)

féadfaidh an Coimisiún iontráil údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe ón liosta a chur ar fionraí ar bhonn na faisnéise a fuarthas, nó i gcás nár thug an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe faisnéis leordhóthanach de réir mar a cheanglaítear nó nár aontaigh sé le scrúdú ar an láthair;

(c)

déanfaidh an Coimisiún iontráil údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe ón liosta a chur ar fionraí más rud é, tar éis dó iarraidh a fháil ón gCoimisiún, nach ndéanann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe gníomhaíocht cheartaitheach thráthúil iomchuí laistigh de thréimhse arna cinneadh ag an gCoimisiún de réir a thromchúisí atá an fhadhb, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 30 lá;

(d)

déanfaidh an Coimisiún iontráil tríú tír ar an liosta a aistarraingt sna cásanna seo a leanas:

(i)

nach seolann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo in am;

(ii)

go bhfuil an fhaisnéis a áirítear sa tuarascáil bhliantúil neamhiomlán;

(iii)

nach gcoinníonn an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an fhaisnéis ar fad a bhaineann lena shainchomhad teicniúil nó lena chóras rialaithe ar fáil nó ní chuireann sé in iúl an fhaisnéis sin;

(iv)

nach gcoinníonn an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe faisnéis ar fáil a bhaineann leis na himscrúduithe ar neamhchomhlíonadh;

(v)

nach ndéanann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe bearta ceartaitheacha leordhóthanacha mar fhreagairt ar an neamhchomhlíonadh agus ar na sáruithe a tugadh faoi deara;

(vi)

nach n- aontaíonn an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe le scrúdú ar an láthair a theastaíonn ón gCoimisiún, nó sa chás go mbíonn toradh diúltach ann ar scrúdú ar an láthair de bharr mhífheidhmiú córasach na mbeart rialaithe; nó

(vii)

in aon chás eile, go bhfuil baol ann go gcuirfí an tomhaltóir amú maidir le fíorchineál na dtáirgí arna ndeimhniú ag an údarás rialaithe nó ag an gcomhlacht rialaithe.

2.   Sula ndéanfar aistarraingt i gcomhréir le pointe (d) de mhír 1, iarrfaidh an Coimisiún ar an údarás rialaithe nó ar an gcomhlacht rialaithe na staideanna dá dtagraítear sa phointe sin a leigheas laistigh de thréimhse arna cinneadh ag an gCoimisiún de réir a thromchúisí atá an fhadhb, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 30 lá.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh feidhm ag Airteagail 1 agus 3 ón 31 Nollaig 2026.

Beidh feidhm ag Airteagail 2 agus 4 ón 31 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha ó thríú tíortha (IO L 334, 12.12.2008, lch. 25).


16.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 292/25


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1343 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Lúnasa 2021

lena bhformheastar leasú ar na sonraíochtaí a bhaineann le tásc geografach na dí biotáillí cláraithe

(Újfehértói meggypálinka)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáille, úsáid ainmneacha deochanna biotáille i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáille, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 30(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 21 i gcomhar le hAirteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), scrúdaigh an Coimisiún iarratas na hUngáire an 18 Aibreán 2017 maidir le formheas ar leasú ar an gcomhad teicniúil a mhéid a bhaineann leis an tásc geografach “Újfehértói meggypálinka” atá faoi chosaint ag Rialachán (CE) Uimh. 110/2008.

(2)

Rialachán (AE) 2019/787 a thagann in ionad Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, tháinig sé i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2019. I gcomhréir le hAirteagal 49(1) den Rialachán sin, déantar Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, maidir le tásca geografacha, a aisghairm le héifeacht ón 8 Meitheamh 2019. Faoi Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) 2019/787, ba cheart na comhaid theicniúla arna gcur isteach roimh an 8 Meitheamh 2019 mar chuid d’aon iarratas faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a mheas mar shonraíochtaí táirgí.

(3)

Ar chinneadh don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 17(6) den Rialachán sin, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 50(4) de Rialachán (AE) 2019/787.

(4)

Ós rud é cuireadh isteach aon fhógra freasúra chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787, ba cheart na leasuithe ar na sonraíochtaí a fhormheas de bhua Airteagal 30(2) den Rialachán sin is infheidhme mutatis mutandis a mhéid a bhaineann le leasuithe ar na sonraíochtaí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá na leasuithe ar na sonraíochtaí a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Újfehértói meggypálinka” formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Thar ceann an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(3)   IO C 147, 26.4.2021, lch. 7.


CINNTÍ

16.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 292/27


CINNEADH (AE) 2021/1344 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Lúnasa 2021

lena mbunaítear critéir chun an tréimhse ama a shainmhíniú ar lena linn a fhéadfar daoine a bhfuil bagairt don tslándáil ann dá ndeasca a thoirmeasc ó áitribh an Choimisiúin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1), pointe (b) agus Airteagal 21 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Teastaíonn sé ón gCoimisiún feidhmiú i dtimpeallacht shlán shábháilte. Dá réir sin, tá gá le cur chuige comhtháite comhleanúnach maidir lena shlándáil, lena gcuirfear leibhéil iomchuí chosanta ar fáil do dhaoine, do shócmhainní agus d’fhaisnéis atá i gcomhréir le rioscaí sainaitheanta, agus lena n-áirithítear go gcuirfear slándáil ar fáil ar bhealach éifeachtúil tráthúil. Tá bagairtí agus dúshláin mhóra i réimse na slándála le sárú ag an gCoimisiún, go háirithe maidir leis an sceimhlitheoireacht agus le spiaireacht pholaitiúil agus spiaireacht tráchtála.

(2)

Chun slándáil daoine, sócmhainní agus faisnéise a áirithiú, déanann an Coimisiún, go háirithe Stiúrthóireacht Slándála a Ard-Stiúrthóireachta um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil, bearta de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 a bhfuil feidhm acu maidir le gach roinn de chuid an Choimisiúin agus in áitribh uile an Choimisiúin. Ar na bearta sin tá bearta teoranta maidir le daoine a bhfuil bagairt don tslándáil ann dá ndeasca, lena n-áirítear daoine a thoirmeasc ó áitribh an Choimisiúin ar feadh tréimhse ama de bhun Airteagal 12(1), pointe (b) den Chinneadh sin,

(3)

Foireann an Choimisiún atá sainordaithe go cuí i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 12 de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443, ba cheart dóibh, agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le duine nó daoine a thoirmeasc ó áitribh an Choimisiúin, i gcás ina measfar, de bhun Airteagal 12(1), pointe (b) den Chinneadh sin, go bhfuil bagairt ar a shlándáil dá dheasca nó dá ndeasca, ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar an mbaol sin de réir an cháis, agus maidir leis na cúinsí ábhartha aonair.

(4)

D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an srian ar rochtain maidir le háitreabh amháin de chuid an Choimisiúin, roinnt áitribh nó fiú na háitribh ar fad.

(5)

Ba cheart dóchúlacht, tromchúis agus fad na bagartha a chur san áireamh i dtréimhse an toirmisc.

(6)

Níor cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le toirmeasc ar rochtain ar áitribh an Choimisiúin, ar cinneadh é a glacadh i gcomhthéacs imeachtaí cur ar fionraí de bhun Airteagal 23 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

(7)

Níor cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo maidir le baill foirne de chuid an Choimisiúin atá ag obair i dToscaireachtaí an Aontais ar cheart dóibh a bheith faoi réir na rialacha slándála maidir leis tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí .

(8)

I gcomhréir leis na rialacha nós imeachta inmheánacha, an comhalta den Choimisiún atá freagrach as cúrsaí slándála, tá sé tugtha de chumhacht dó trí bhíthin Chinneadh C(2016) 2797 ón gCoimisiún (2) rialacha cur chun feidhme a leagan síos lena mbunófar na critéir is gá chun na tréimhsí ama is infheidhme maidir le toirmeasc ar rochtain ar áitribh an Choimisiúin a shainmhíniú de bhun Airteagal 12 de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443. Rinneadh an chumhacht sin a fho-tharmligean chuig Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil trí bhíthin Chinneadh C(2021) 2684 ón gCoimisiún (3).

(9)

Na bearta slándála de bhun an Chinnidh seo, ba cheart iad na prionsabail maidir le slándáil sa Choimisiún a leagtar síos in Airteagal 3 de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 a chomhlíonadh, agus urraim á tabhairt do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go háirithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an gCinneadh seo, leagtar amach na critéir chun an tréimhse ama a shainmhíniú ar lena linn a fhéadfar daoine a bhfuil bagairt don tslándáil ann dá ndeasca a thoirmeasc ó áitribh an Choimisiúin de bhun Airteagal 12(1), pointe (b) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443.

2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le gach roinn de chuid an Choimisiúin agus i ngach áitreabh de chuid an Choimisiúin. Beidh na baill foirne de chuid an Choimisiúin atá ag obair i dToscaireachtaí an Aontais faoi réir na rialacha slándála don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (4).

3.   Ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le himeachtaí cur ar fionraí de bhun Airteagal 23 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (5).

Airteagal 2

Raon feidhme an toirmisc

1.   Féadfaidh feidhm a bheith ag an toirmeasc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) maidir le háitreabh amháin de chuid an Choimisiúin, roinnt áitreabh nó na háitribh ar fad.

2.   I gcás ina roinneann an Coimisiún áitreabh le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, cuirfidh an Coimisiún an cinneadh maidir le toirmeasc a chur ar rochtain ar chodanna an áitribh ina bhfuil an Choimisiúin in iúl do na hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí sin.

Airteagal 3

Tréimhse an toirmisc

1.   Beidh tréimhse an toirmisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) bunaithe ar mheastachán ar fhad dóchúlacht agus tromchúis na bagartha don tslándáil.

2.   Áireofar na nithe seo a leanas sna critéir chun measúnú a dhéanamh ar thromchúis na bagartha don tslándáil:

(a)

an méid dochair a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh na bagartha sin, maidir le beatha, sláine coirp, folláine nó sláinte daoine, agus an damáiste a d’fhéadfadh a bheith ann do shócmhainní agus d’fhaisnéis;

(b)

cé acu atá nó nach bhfuil baint ag an mbagairt le cion coiriúil a dhéanamh;

(c)

cé acu ar bhonn faillí, mórfhaillí nó intinne atá an bhagairt;

(d)

cé acu foréigneach, ionsaitheach nó atriallach atá iompar an duine a bhfuil bagairt ann dá dheasca;

(e)

méid an chaillteanais airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann don Choimisiún;

(f)

méid an damáiste a d’fhéadfaí a dhéanamh do chlú an Choimisiúin.

3.   I gcás nach féidir tréimhse na bagartha a mheas go leorchinnte agus gur bagairt an-tromchúiseach atá inti, féadfar toirmeasc a chur ar an duine a bhfuil bagairt ann dá dheasca go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Tá feidhm aige sin, go háirithe, i gcás ina mbaineann ceann de na saintréithe seo a leanas leis an mbagairt:

(a)

is é atá i gceist leis an mbagairt a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí agus i líonraí sceimhlitheoireachta nó spiaireachta;

(b)

is é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ar an mbagairt sin go gcaillfí beatha, go ndéanfaí díobháil nó dochar tromchúiseach, nó damáiste suntasach do mhaoin, go gcuirfí faisnéis íogair nó rúnaicmithe i mbaol, go gcuirfí isteach ar chórais TF nó ar acmhainní riachtanacha oibríochtúla de chuid an Choimisiúin;

(c)

is éard atá i gceist leis an mbagairt iompar foréigneach, ionsaitheach nó atriallach, iompar a bhfuil sé d’éifeacht aige cur isteach go mór ar fheidhmiú sheirbhísí an Choimisiúin.

Airteagal 4

Athbhreithniú ar thoirmisc

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar aon chinneadh a dhéanfar de bhun Airteagal 12(1), pointe(b) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 arna iarraidh sin don duine lena mbaineann, ar choinníoll go léiríonn an duine sin eilimintí substainteacha nua lena féidir athscrúdú a dhéanamh ar an toirmeasc. Bunóidh an Coimisiún a athbhreithniú ar na critéir as ar eascair an toirmeasc tosaigh.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Gertrud INGESTAD

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil


(1)   IO L 72, 17.3.2015, lch. 41.

(2)  Cinneadh C(2016) 2797 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2016 maidir le cumhachtú a bhaineann le slándáil.

(3)  Cinneadh C(2021) 2684 ón gCoimisiún an Dé Máirt 13 Aibreán 2021 lena ndeonaítear fo-tharmligean cumhachtaí a deonaíodh i gCinneadh C(2016) 2797 ón gCoimisiún maidir le cumhachtú a bhaineann le slándáil.

(4)  Cinneadh ADMIN(2017) 10 ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 19 Meán Fómhair 2017 maidir leis na rialacha slándála don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (IO C 126, 10.4.2018, lch. 1).

(5)  Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh an Chomhphobail Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Chomhphobail Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach (IO P 045, 14.6.1962, lch. 1385).