ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 277I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
2 Lúnasa 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/1275 ón gComhairle an 30 Iúil 2021 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1276 ón gComhairle an 30 Iúil 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1716 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

12

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1277 ón gComhairle an 30 Iúil 2021 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin

16

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1278 ón gComhairle an 30 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

24

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

2.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 277/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1275 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2021

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/1277 ón gComhairle an 30 Iúil 2021 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1277, lena mbunaítear creat le haghaidh bearta sriantacha spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar an staid sa Liobáin. Leagtar amach an comhthéacs polaitiúil agus na cúiseanna beartais chun na bearta sriantacha a bhunú sna haithrisí a ghabhann leis an gCinneadh sin. Leis an gCinneadh ón gComhairle, déantar foráil maidir le reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha, agus cosc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine nádúrtha, atá freagrach as an ngéarchéim thromchúiseach airgeadais, eacnamaíoch, shóisialta agus pholaitiúil sa Liobáin agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a bhfuil baint acu leo. Liostaítear na daoine, eintitis agus comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2021/1277.

(2)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha i bhfeidhm go haonfhoirmeach é i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme.

(3)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun leigheas éifeachtach agus éisteacht chóir a fháil, cearta maidir le cosaint, agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta sin.

(4)

An nós imeachta lena leasaítear an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart a áireamh ann na forais le liostú a sholáthar do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe, d’eintitis ainmnithe nó do chomhlachtaí ainmnithe chun deis a thabhairt dóibh barúlacha a chur isteach.

(5)

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun an deimhneacht dhlíthiúil is mó is féidir a áirithiú laistigh den Aontas, ba cheart na hainmneacha agus sonraí ábhartha eile a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, le heintitis agus le comhlachtaí a bhfuil a gcistí agus a n-acmhainní eacnamaíocha le reo i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart aon phróiseáil sonraí pearsanta a bheith i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 (2) agus (AE) 2018/1725 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(6)

Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a chéile a chur ar an eolas faoi na bearta a ghlactar de bhun an Rialacháin seo agus faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo.

(7)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “éileamh” aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlíthiúla nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó dá éis, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, agus go háirithe:

(i)

éileamh ar chomhlíonadh aon oibleagáide a thiocfadh chun cinn faoi chonradh nó idirbheart nó i ndáil le conradh nó idirbheart;

(ii)

éileamh ar shíneadh a chur le banna, le ráthaíocht airgeadais nó le slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, nó éileamh ar iad a íoc;

(iii)

éileamh ar chúiteamh i leith conartha nó idirbhirt;

(iv)

frithéileamh;

(v)

éileamh ar bhreithiúnas, dámhachtain eadrána nó cinneadh coibhéiseach, gan beann ar an áit ina ndéantar nó ina dtugtar iad, a aithint nó a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí bhíthin an nós imeachta exequatur;

(b)

ciallaíonn “conradh nó idirbheart” aon idirbheart gan beann ar an bhfoirm agus gan beann ar an dlí is infheidhme, bíodh sé comhdhéanta de chonradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó idir páirtithe éagsúla; chun na críche sin áirítear le “conradh” banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ábhartha a eascraíonn as an idirbheart nó a mbeadh baint aici leis an idirbheart;

(c)

ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis inniúla na mBallstát faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(d)

ciallaíonn “acmhainní eacnamaíocha” sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;

(e)

ciallaíonn “reo acmhainní eacnamaíocha” cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n-áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin;

(f)

ciallaíonn “reo cistí” cosc a chur ar aon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, rochtain ar, nó láimhseáil cistí ar aon dóigh as a n-eascródh aon athrú ar a dtoirt, líon, suíomh, úinéireacht, seilbh, tréith, ceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, bainistíocht phunainne san áireamh;

(g)

ciallaíonn “cistí” sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta don mhéid seo a leanas:

(i)

airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;

(ii)

taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;

(iii)

urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;

(iv)

ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn astu nó arna nginiúint astu;

(v)

creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó ceangaltais airgeadais eile;

(vi)

litreacha creidmheasa, billí luchta, billí díola;

(vii)

doiciméid ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;

(h)

ciallaíonn “críoch an Aontais” críocha na mBallstát a bhfuil an Conradh infheidhme maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chonradh, lena n-áirítear a n-aerspás.

Airteagal 2

1.   Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha go léir ar le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I iad nó atá ina sheilbh, faoina choimeád nó á rialú aige, reofar iad.

2.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis ná do chomhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, ná ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun sochair dóibh.

3.   Cuirfear na haimneacha san áireamh in Iarscríbhinn I, faoi mar a shainaithníonn an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh (CBES) 2021/1277:

(a)

daoine nádúrtha atá freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas nó den smacht reachta sa Liobáin, trí cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a leanas:

(i)

bac a chur ar an bpróiseas daonlathach polaitiúil nó an bonn a bhaint den phróiseas sin trí bhac leanúnach a chur ar bhunú rialtais nó trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil nó tríd an mbonn a bhaint go mór de thoghcháin a reáchtáil;

(ii)

bac a chur ar, nó an bonn a bhaint de, chur chun feidhme pleananna arna bhformheas ag údaráis na Liobáine lena dtacaíonn gníomhaithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear an tAontas, chun feabhas a chur ar chuntasacht agus ar dhea-rialachas san earnáil phoiblí nó chun athchóirithe criticiúla eacnamaíocha a chur chun feidhme, lena n-áirítear in earnáil na baincéireachta agus in earnáil an airgeadais agus lena n-áirítear reachtaíocht thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a ghlacadh maidir le honnmhairiú caipitil;

(iii)

mí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí, a mhéid a chumhdaítear na gníomhartha lena mbaineann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil;

(b)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu le daoine a ainmnítear faoi phointe (a).

Airteagal 3

1.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a)

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d)

go bhfuil siad riachtanach i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé ar ar cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(e)

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonófar faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 4

1.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh na húdaráis inniúla a n-údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun críoch daonnúil, amhail seachadadh an chúnaimh a chur ar fáil nó a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó aistriú oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar nó le haghaidh aslonnuithe ón Liobáin.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonófar faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 5

1.   De mhaolú ar Airteagal 2(1), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2 a liostú in Iarscríbhinn I, nó go bhfuil siad faoi réir cinneadh dlí nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun sochair duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I é an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonófar faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 6

1.   De mhaolú ar Airteagal 2(1), agus ar choinníoll gur íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn I, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:

(a)

go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I; agus

(b)

nach sárú ar Airteagal 2(2) í an íocaíocht.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonófar faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 7

1.   Le hAirteagal 2(2) ní chuirfear cosc ar chreidiúnú cuntas reoite ag institiúidí airgeadais nó creidmheasa a fhaigheann cistí arna n-aistriú ag tríú páirtithe ar chuntas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta liostaithe, ar choinníoll go reofar aon bhreis a chuirfear leis na cuntais sin freisin. Cuirfidh an institiúid airgeadais nó creidmheasa an t-údarás inniúil iomchuí ar an eolas faoi aon idirbheart den sórt sin gan mhoill.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2 a áireamh in Iarscríbhinn I; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh sa Bhallstát nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann,

ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) fós atá aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile.

Airteagal 8

1.   Gan dochar do na rialacha infheidhme a bhaineann le tuairisciú, rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:

(a)

soláthróidh siad láithreach aon fhaisnéis a d’éascódh comhlíonadh an Rialacháin seo, amhail faisnéis faoi chuntais agus méideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 2(1), d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad ina gcónaí nó lonnaithe, agus déanfaidh siad an fhaisnéis sin a tharchur, go díreach nó tríd an mBallstát, chuig an gCoimisiún; agus

(b)

rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú.

2.   Aon fhaisnéis bhreise a gheobhaidh an Coimisiún go díreach, cuirfear ar fáil do na Ballstáit í.

3.   Aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch ar chucu a cuireadh ar fáil í nó a bhfuarthas í.

Airteagal 9

Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon turas, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 2.

Airteagal 10

1.   Má dhéantar cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo nó má dhiúltaítear cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, agus é sin a dhéanamh de mheon macánta ar an mbonn go bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní bheidh de thoradh ar an mbeart sin go mbeidh dliteanas d’aon sórt ar an duine nádúrtha nó dlítheanach ná ar an eintiteas nó comhlacht a chuireann an Rialachán chun feidhme, ná ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe, mura gcruthaítear go ndearnadh na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha a reo nó a choinneáil siar de dheasca faillí.

2.   Ní bheidh aon dliteanas d’aon sórt ar dhaoine nádúrtha ná dlítheanacha, eintitis ná comhlachtaí de thoradh gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad mura raibh a fhios acu, agus mura raibh cúis réasúnach acu amhras a bheith orthu, go sáródh a ngníomhaíochtaí na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 11

1.   Ní chomhlíonfar aon éileamh i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine nádúrtha nó dlítheanach, faoin eintiteas nó faoin gcomhlacht atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú, a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar an t-éileamh a chomhlíonadh le mír 1.

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithniú breithiúnach a fháil ar dhlíthiúlacht neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 12

1.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)

cistí a reoitear faoi Airteagal 2 agus údaruithe a dheonaítear faoi Airteagail 3, 4, 5 agus 6;

(b)

sárú agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais a thugann cúirteanna náisiúnta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo.

Airteagal 13

1.   I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a chur faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 2, leasóidh sí Iarscríbhinn I dá réir sin.

2.   Déanfaidh an an Chomhairle an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, rud a thabharfaidh deis don duine nádúrtha nó dlítheanach sin, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a chur isteach.

3.   I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach nó ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil isteach, athbhreithneoidh an Chomhairle an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht ar an eolas dá réir sin.

4.   Athbhreithneofar an liosta in Iarscríbhinn I go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad.

5.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn II a leasú ar bhonn faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit.

Airteagal 14

1.   Beidh in Iarscríbhinn I na forais atá le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a liostú.

2.   Beidh in Iarscríbhinn I, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh ainmneacha, áit agus dáta clárúcháin, uimhir chlárúcháin agus áit ghnó a bheith san áireamh san fhaisnéis sin.

Airteagal 15

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoi na rialacha sin dá dtagraítear i mír 1 tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

Airteagal 16

1.   Déanfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích. Airítear ar na cúraimí sin:

(a)

maidir leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

maidir leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú;

(c)

maidir leis an gCoimisiún:

(i)

Iarscríbhinn I a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;

(ii)

próiseáil faisnéise faoi thionchar na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo amhail fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

2.   Ní fhéadfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí sonraí ábhartha a phróiseáil, nuair is infheidhme, ar sonraí iad a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla na ndaoine nó le bearta slándála i ndáil leis na daoine sin, ach a mhéid is gá an phróiseáil sin a dhéanamh chun Iarscríbhinn I a ullmhú.

3.   Chun críocha an Rialacháin seo, déantar an Chomhairle, an tseirbhís de chuid an Choimisiúin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus an tArdionadaí a shannadh mar “rialaitheoir” de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725, chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 17

1.   Sannfaidh na Ballstáit na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sonróidh siad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II iad. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athrú ar sheoltaí a suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoina n-údaráis inniúla, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás inniúil sin, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

3.   I gcás ina leagtar amach leis an Rialachán seo ceanglas maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún, an Coimisiún a chur ar an eolas nó cumarsáid a dhéanamh leis ar shlí eile, is iad an seoladh agus na sonraí teagmhála eile a shonraítear in Iarscríbhinn II an seoladh agus na sonraí teagmhála atá le húsáid le haghaidh na cumarsáide sin.

Airteagal 18

Beidh feidhm ag an Rialachán seo:

(a)

laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear laistigh dá aerspás;

(b)

ar bord aon aerárthach nó soitheach faoi dhlínse Bhallstáit;

(c)

maidir le haon duine nádúrtha laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais ar náisiúnach Ballstáit é;

(d)

maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;

(e)

maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.

Airteagal 19

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  Féach leathanach 17 den Iris Oifigiúil seo.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN I

Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2

[…]


IARSCRÍBHINN II

Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún

AN BHEILG

https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions

AN BHULGÁIR

https://www.mfa.bg/en/101

AN tSEICIA

www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html

AN DANMHAIRG

http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/

AN GHEARMÁIN

http://www.bmwi.de/DE/Themen/Aussenwirtschaft/aussenwirtschaftsrecht,did=404888.html

AN EASTÓIN

http://www.vm.ee/est/kat_622/

ÉIRE

http://www.dfa.ie/home/index.aspx?id=28519

AN GHRÉIG

http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html

AN SPÁINN

http://www.exteriores.gob.es/Portal/en/PoliticaExteriorCooperacion/GlobalizacionOportunidadesRiesgos/Paginas/SancionesInternacionales.aspx

AN FHRAINC

http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/

AN CHRÓIT

http://www.mvep.hr/sankcije

AN IODÁIL

https://www.esteri.it/mae/it/politica_estera/politica_europea/misure_deroghe

AN CHIPIR

http://www.mfa.gov.cy/mfa/mfa2016.nsf/mfa35_en/mfa35_en?OpenDocument

AN LAITVIA

http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539

AN LIOTUÁIN

http://www.urm.lt/sanctions

LUCSAMBURG

https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html

AN UNGÁIR

https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato

MÁLTA

https://foreignaffairs.gov.mt/en/Government/SMB/Pages/Sanctions-Monitoring-Board.aspx

AN ÍSILTÍR

https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties

AN OSTAIR

http://www.bmeia.gv.at/view.php3?f_id=12750&LNG=en&version=

AN PHOLAINN

https://www.gov.pl/web/dyplomacja

AN PHORTAINGÉIL

http://www.portugal.gov.pt/pt/ministerios/mne/quero-saber-mais/sobre-o-ministerio/medidas-restritivas/medidas-restritivas.aspx

AN RÓMÁIN

http://www.mae.ro/node/1548

AN tSLÓIVÉIN

http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi

AN tSLÓVAIC

https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu

AN FHIONLAINN

http://formin.finland.fi/kvyhteistyo/pakotteet

AN tSUALAINN

http://www.ud.se/sanktioner

Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún Eorpach:

An Coimisiún Eorpach

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)

Rue de Spa/Spastraat 2

B-1049 Bruxelles/Brussel BELGIQUE/BELGIË

R-phost: relex-sanctions@ec.europa.eu


2.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 277/12


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1276 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2021

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/1716 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán (CBES) 2019/1716 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua.

(2)

An 10 Meitheamh 2021, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) dearbhú thar ceann an Aontais inar cháin sé gníomhaíochtaí údaráis Nicearagua i gcoinne pháirtithe an fhreasúra, na meán, iriseoirí agus oibrithe eile sna meáin, cosantóirí chearta an duine agus na sochaí sibhialta, lena n-áirítear trí iarrthóirí uachtaránachta agus ceannairí freasúra ionchasacha a choinneáil agus a ghabháil go córasach. Chuir an tArdionadaí in iúl go bhfuil an tAontas faoi réir chun na hionstraimí uile a úsáid i bhfianaise na staide i Nicearagua, lena n-áirítear bearta sriantacha breise a chur i bhfeidhm.

(3)

I bhfianaise na staide tromchúisí leanúnaí i Nicearagua, ba cheart ochtar a áireamh i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 262, 15.10.2019, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine a leanas ar an liosta de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, d’eintitis agus de chomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“7.

Rosario Maria MURILLO ZAMBRANA

Ailias: Rosario Maria MURILLO DE ORTEGA

Post/poist: Leas-Uachtarán Phoblacht Nicearagua (ó 2017), bean chéile an Uachtaráin, Daniel Ortega

Dáta breithe: 22 Meitheamh 1951

Áit bhreithe: Managua, Nicaragua

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Pasuimhir: A00000106 (Nicaragua)

Leas-Uachtarán Nicearagua, Céadbhean Nicearagua agus ceannaire an Sandinista Youth. Dar leis an Uachtarán, Daniel Ortega, roinneann Rosario Maria Murillo Zambrana an leathchuid den chumhacht leis. Bhí ról lárnach aici maidir leis an mbrú faoi chois léirsithe an fheasúra ag Nicaraguan National Police in 2018 a spreagadh agus a dearbhú a thabhairt dó. I Meitheamh 2021, bhagair sí go poiblí freasúra Nicearagua agus chaith sí amhras ar iriseoirí neamhspleácha.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta, an freasúra daonlathach a bhrú faoi chois agus as an mbonn a bhaint den daonlathas i Nicearagua.

2.8.2021

8.

Gustavo Eduardo PORRAS CORTÉS

Post/poist: Uachtarán National Assembly Phoblacht Nicearagua (ó Eanáir 2017)

Dáta breithe: 11 Deireadh Fómhair 1954

Áit bhreithe: Managua, Nicaragua

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Uachtarán National Assembly Nicearagua ó Eanáir 2017 agus comhalta den national direction of the Sandinista National Liberation Front (FSLN) ó 1996. Ina phost mar Uachtarán National Assembly Nicearagua, bhí sé freagrach as glacadh roinnt gníomhartha dlí diansmachta a chur chun cinn agus tá freagracht air maidir leis sin, ina measc sin dlí maithiúnais a choisceann aon fhiosrúchán i gcoinne déantóirí sáruithe ollmhóra ar chearta an duine in 2018, agus dlíthe a bhaineann an bonn den tsaoirse agus den phróiseas daonlathach i Nicearagua.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a bhrú faoi chois, agus as an mbonn a bhaint go mór den daonlathas agus den smacht reachta i Nicearagua.

2.8.2021

9.

Juan Antonio VALLE VALLE

Post/poist: Ceannaire sa Nicaraguan National Police

Céim: Ginearálta/Coimisinéir Sinsearach

Dáta breithe: 4 Bealtaine 1963

Áit bhreithe: Matagalpa, Nicaragua

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Ina phost ar chéim choimisinéir sinsearach an Nicaraguan National Police (NNP) agus ina sheasamh tosaigh sa phóilíní in Managua, tá Juan Antonio Valle Valle freagrach as gníomhartha brúidiúlachta na bpóilíní agus as an iomarca fornirt a úsáid arís agus arís eile, dar thoradh básanna na gcéadta sibhialtach, agus tá sé freagrach as gabhálacha agus coinneála treallacha, as sáruithe ar shaoirse cainte agus as léirsithe i gcoinne an rialtais a chosc.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach i Nicearagua a bhrú faoi chois.

2.8.2021

10.

Ana Julia GUIDO OCHOA

Ailias: Ana Julia GUIDO DE ROMERO

Post/poist: Ard-Aighne Phoblacht Nicearagua

Dáta breithe: 16 Feabhra 1959

Áit bhreithe: Matagalpa, Nicaragua

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Ina post mar Ard-Aighne, an státseirbhíseach is airde in Oifig an Ionchúisitheora, tá Ana Julia Guido Ochoa, atá dílis do réimeas Ortega, freagrach as an iliomad agóideoirí agus comhaltaí den fhreasúra polaitiúil a ionchúiseamh ar chúiseanna polaitiúla. Chruthaigh sí sainaonad a rinne líomhaintí i leith agóideoirí agus chuir sí cúisimh ina n-aghaidh. Thairis sin, tá sí freagrach as príomhiarrthóir an fhreasúra a dhícháiliú ó oifig phoiblí do na holltoghcháin.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a bhrú faoi chois agus as an mbonn a bhaint den smacht reachta i Nicearagua.

2.8.2021

11.

Fidel de Jesús DOMÍNGUEZ ÁLVAREZ

Post/poist: Ceannaire na bpóilíní in Leon, Coimisinéir Ginearálta an National Police

Dáta breithe: 21 Márta 1960

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Ina phost mar cheannaire ar na póilíní in Leon ón 23 Lúnasa 2018, tá Fidel de Jesús Domínguez Alvarez freagrach as an iliomad sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, go háirithe as gabhálacha treallacha agus coinneáil, lena n-áirítear baill teaghlaigh an fhreasúra pholaitiúil a fhuadach, úsáid iomarcach fornirt agus sárú ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar shaoirse na meán.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a bhrú faoi chois.

2.8.2021

12.

Alba Luz RAMOS VANEGAS

Post/poist: Uachtarán Supreme Court of Justice Phoblacht Nicearagua

Dáta breithe: 3 Meitheamh 1949

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Pasuimhir: A0009864 (Nicaragua)

Ina post mar Uachtarán Supreme Court of Justice Nicearagua, tá sí freagrach as na breithiúna a ionstraimiú ar mhaithe le leasanna réimeas Ortega, trí ghníomhaíochtaí freasúra a choiriúlú go roghnaíoch, trí phatrún na sáruithe ar chearta an phróisis chuí, gabhálacha treallacha, agus dícháiliú páirtithe polaitiúla agus iarrthóirí freasúra a bhuanú.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a bhrú faoi chois, agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta i Nicearagua.

2.8.2021

13.

Juan Carlos ORTEGA MURILLO

Post/poist: Stiúrthóir Canal 8 agus Difuso Comunicaciones. Ceannaire ar Sandinista Movement an 4 Bealtaine, Mac Uachtarán agus Leas-Uachtarán Phoblacht Nicearagua

Dáta breithe: 17 Deireadh Fómhair 1982

Náisiúntacht: Nicearaguach

Mac an Uachtaráin, Daniel Ortega, agus na Chéadmhná agus an Leas-Uachtaráin, Rosario Murillo. Stiúrthóir ar cheann de na príomhstáisiúin teilifíse bolscaireachta, Canal 8, agus ceannaire Sandinista Movement an 4 Bealtaine. Ina phost, chuir sé le srian a chur leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus le saoirse na meán. Bhagair sé go poiblí lucht gnó Nicearagua a chuireann i gcoinne réimeas Ortega. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus as an tsochaí shibhialta i Nicearagua a bhrú faoi chois. Toisc gur mac an Leas-Uachtaráin Rosario Murillo é, tá baint aige le daoine atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta a bhrú faoi chois i Nicearagua.

2.8.2021

14.

Bayardo ARCE CASTAÑO

Post/poist: Comhairleoir Eacnamaíoch d’Uachtarán Phoblacht Nicearagua

Dáta breithe: 21 Márta 1950

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Ina phost mar Chomhairleoir Eacnamaíoch don Uachtarán, Daniel Ortega, tá tionchar suntasach ag Bayardo Arce Castano ar bheartais réimeas Ortega. Dá bhrí sin, tá baint aige le daoine atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Nicearagua.

Thacaigh sé le forbairt na reachtaíochta lena gcuirtear cosc ar iarrthóirí freasúra páirt a ghlacadh i dtoghcháin. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a bhrú faoi chois.

2.8.2021”


CINNTÍ

2.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 277/16


CINNEADH (CBES) 2021/1277 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2021

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Liobáin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle conclúidí inar thug sí dá haire, agus ba chúis mhór imní di, go raibh an ghéarchéim airgeadais, eacnamaíoch, shóisialta agus pholaitiúil a bhfuil greim anois aici ar an Liobáin tar éis dul in olcas le roinnt míonna anuas agus gurb é pobal na Liobáine an dream ba mheasa a bhí buailte ag na deacrachtaí atá ag dul in olcas sa tír.

(2)

Chuir an Chomhairle i dtreis a phráinní atá sé d’údaráis na Liobáine athchóirithe a chur chun feidhme chun muinín an chomhphobail idirnáisiúnta a athbhunú. Dúirt an Chomhairle go bhfuil an tAontas réidh tacú leis na hathchóirithe ach nach mór an próiseas athchóirithe a bheith faoi úinéireacht na Liobáine. D’iarr an Chomhairle ar údaráis na Liobáine na gealltanais a bhí tugtha acu roimhe sin a chur chun feidhme, lena n-áirítear iad siúd a tugadh i gcomhthéacs chomhdháil CEDRE i mí Aibreáin 2018, agus dá bhfuil tacaíocht á fáil acu ón nGrúpa Idirnáisiúnta Tacaíochta don Liobáin (lena dtugtar le chéile na Náisiúin Aontaithe agus rialtais na Síne, na Gearmáine, na hIodáile, Chónaidhm na Rúise, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe, mar aon leis an Aontas Eorpach agus Léig na Stát Arabach) agus comhaltaí eile den chomhphobal idirnáisiúnta (lena n-áirítear an Banc Domhanda agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta). D’iarr an Chomhairle ar údaráis na Liobáine freisin athchóirithe a chur i gcrích go práinneach, lena gcuirfear leis na comhaontuithe ar ar tháinig ceannairí polaitiúla uile na Liobáine tar éis an phléasctha an 4 Lúnasa 2020, chun na difríochtaí polaitiúla a shárú chun tacú le hathchóirithe. Is éard a bheidh sna hathchóirithe sin athchóirithe eacnamaíocha agus rialachais go háirithe atá fóinteach agus domhain ar mhaithe le cobhsaíocht eacnamaíoch a athbhunú, soláthar seirbhísí poiblí a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar na leibhéil bochtaineachta atá ag dul in airde, neamhionannais a laghdú, airgeadas poiblí inbhuanaithe a chothú, inchreidteacht na hearnála airgeadais a athshlánú, neamhspleáchas na mbreithiúna a ráthú, urraim do chearta an duine agus don smacht reachta a áirithiú, éilliú a chomhrac agus na mianta dlisteanacha a chuir muintir na Liobáine in iúl go síochánta a chomhlíonadh. Chuir an Chomhairle in iúl freisin gur thacaigh sí leis an gCreat Athchóirithe, Téarnaimh agus Atógála (3RF) chun ‘An Liobáin a chur ar a dea-bhonnaibh arís’ faoi threoir phrionsabail na trédhearcachta, na cuimsitheachta agus na cuntasachta.

(3)

Déanann Rialtas na Liobáine 3RF, a sheol an tAontas, na Náisiúin Aontaithe agus an Banc Domhanda i mí na Nollag 2020, a chomhbhainistiú. Ina theannta sin, d’fhormheas Comhairle Airí na Liobáine an Plean don Téarnamh Airgeadais i mí Aibreáin 2020 agus chuir an comhphobal idirnáisiúnta fáilte roimhe. De bhreis air sin, i Ráiteas Comhpháirteach an 23 Meán Fómhair 2020, d'fhógair an Grúpa Idirnáisiúnta Tacaíochta go mba dhíol sásaimh dó an comhaontú ar tháinig ceannairí polaitiúla uile na Liobáine air maidir le treochlár cuimsitheach athchóirithe a mbeidh clár ama cur chun feidhme aige i gcomhréir leis na gealltanais a thug siad roimhe sin, lena n-áirítear iad siúd a tugadh i gcomhthéacs chomhdháil CEDRE in 2018, agus a bhfuil tacaíocht á fáil acu ón nGrúpa Idirnáisiúnta Tacaíochta agus comhaltaí eile den chomhphobal idirnáisiúnta.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 7 Nollaig 2020, lean an Chomhairle de bheith ag tathant ar an rialtas idirthréimhsiúil atá ann ó mhí Lúnasa 2020 gníomhú go mear agus go cinntitheach laistigh dá theorainneacha bunreachtúla, ach thug sí dá haire nach bhféadfaí clár a dtacaíonn Parlaimint na Liobáine leis go hiomlán agus a chuimsíonn gealltanais bheachta, inchreidte agus atá faoi cheangal ama lena dtugtar aghaidh ar dheacrachtaí na Liobáine a chur chun feidhme ina iomláine gan rialtas feidhmiúil. Dá bhrí sin, d’iarr sí ar gheallsealbhóirí uile na Liobáine agus ar na fórsaí polaitiúla uile tacaíocht a thabhairt chun rialtas a bhunú sa Liobáin go práinneach, ar rialtas é a bheidh dírithe ar mhisin, a bheidh inchreidte agus cuntasach, agus a bheidh in ann na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme.

(5)

Tá mór-imní curtha in iúl ag an gComhairle, arís agus arís eile, ón 7 Nollaig 2020 i leith, faoin tslí a bhfuil an staid sa Liobáin ag dul in olcas i gcónaí. D’ainneoin gur iarr an tAontas agus gníomhaithe idirnáisiúnta ábhartha eile arís is arís eile ar fhórsaí polaitiúla agus ar gheallsealbhóirí na Liobáine gníomhú ar mhaithe leis an leas náisiúnta agus gan a thuilleadh moille a chur le bunú rialtais lánchumhachtaithe a bheadh in ann freastal ar riachtanais phráinneacha na tíre agus athchóirithe criticiúla a chur chun feidhme, níl aon dul chun cinn déanta maidir le bunú an rialtais sin. Tá breis is 11 mhí ann ó d’éirigh an rialtas deireanach as i mí Lúnasa 2020 agus tá 9 mí ann ó d’ainmnigh Parlaimint na Liobáine Príomh-Aire ainmnithe nua i mí Dheireadh Fómhair 2020 a tharraing siar i mí Iúil 2021.

(6)

Idir an dá linn, tá an staid eacnamaíoch, shóisialta agus dhaonnúil sa Liobáin ag dul in olcas agus muintir na tíre ag fulaingt dá réir. Thuairiscigh an Banc Domhanda ina Fhaireachán Eacnamaíoch sa Liobáin i mí an Mheithimh 2021 go bhfuil spealadh eacnamaíoch dian, fadtréimhseach ann sa Liobáin, ar dócha go mbeidh sé ar cheann de na heachtraí géarchéime is measa ar fud an domhain ó lár an naoú haois déag i leith. Bhí an Banc Domhanda den tuairim gur ‘spealadh d’aon ghnó’ é seo nár leor na freagairtí beartais a tugadh dó de bharr easpa comhdhearcadh polaitiúil maidir le tionscnaimh bheartais éifeachtacha. Thuairiscigh an Banc Domhanda gur dócha go bhfuil breis is leath den daonra faoi bhun thairseach náisiúnta na bochtaineachta, go bhfuil an ráta dífhostaíochta ag dul in airde agus go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dteaghlach a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar sheirbhísí bunúsacha, lena n-áirítear cúram sláinte. Chuir an Banc Domhanda in iúl go mbeadh impleachtaí fadtéarmacha ag baint leis an meath géar ar sheirbhísí bunúsacha: ollimirce, caillteanas foghlama, drochthorthaí sláinte agus easpa líonta sábhála leordhóthanacha, i measc nithe eile. Mheas an Banc Domhanda go mbeadh sé an-deacair an damáiste buan don chaipiteal daonna a athshlánú agus mar thoradh air sin, gurbh fhéidir go mbeadh géarchéim na Liobáine uathúil i gcomparáid le géarchéimeanna domhanda eile. Anuas air sin, tugann an Banc Domhanda dá aire go bhfuil an baol ann, de dheasca na ndálaí socheacnamaíocha atá ag éirí níos déine, go mbeidh clistí sistéamacha náisiúnta ann, agus é níos dóchúla go spreagfaí corraíl shóisialta agus gan aon fheabhas ar na bacáin.

(7)

Tá pobal na Liobáine ag íoc go daor as neamhghníomhaíocht cheannairí polaitiúla na Liobáine. Is mór an bhagairt ar chobhsaíocht agus ar shlándáil na Liobáine an ghéarchéim eacnamaíoch, shóisialta, dhaonnúil agus pholaitiúil atá ann faoi láthair, agus d’fhéadfadh iarmhairtí a bheith ann do chobhsaíocht agus do shlándáil an réigiúin ar fad.

(8)

Tá an tAontas réidh leas a bhaint as na hionstraimí beartais uile atá aige chun rannchuidiú le teacht inbhuanaithe as an ngéarchéim atá ann faoi láthair agus chun freagairt d’aon mheath breise ar an daonlathas nó ar an smacht reachta, nó ar an staid eacnamaíoch, shóisialta agus dhaonnúil sa Liobáin. I bhfianaise thromchúis na staide, ba cheart creat a ghlacadh le haghaidh bearta sriantacha spriocdhírithe in aghaidh daoine nádúrtha atá freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas nó den smacht reachta sa Liobáin agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo.

(9)

Le bearta sriantacha spriocdhírithe den sórt seo, saothrófar cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) iad, agus rannchuideofar le gníomhaíocht an Aontais chun an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus chun tacú leo i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 21(2) CAE. Ní mór iad a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhsheasmhach le hAirteagal 3(5) CAE, go háirithe trí rannchuidiú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil, leis an dlúthpháirtíocht agus leis an meas frithpháirteach idir na pobail, agus le cearta an duine a chosaint, chomh maith leis an dlí idirnáisiúnta a dhian-urramú agus a fhorbairt, lena n-áirítear prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a urramú.

(10)

Ina mbagairt don daonlathas agus don smacht reachta, tá daoine a chuireann bac ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach nó a bhaineann an bonn de sin trí leanúint de bhac a chur ar bhunú rialtais nó trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil nó a bhaineann an bonn go mór de sin, lena n-áirítear go háirithe an t-olltoghchán atá ar na bioráin sa Liobáin, atá beartaithe do Bhealtaine 2022. Déanann na daoine sin a leasanna dílsithe a chur chun cinn, pé acu a leasanna pearsanta nó leasanna áirithe a gcomhphobail nó a ngrúpaí polaitiúla, chun aimhleas leas phobal na Liobáine, go háirithe trí fhéachaint le mí-úsáid a bhaint as na rialacha lena rialaítear comhlachas na bhfórsaí polaitiúla chun rialtas a bhunú, d’fhonn bunú rialtais nua a bhac agus an status quo a choimeád ar bun. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhartha sin a chuireann an daonlathas agus an smacht reachta i mbaol aon ghníomh a chuireann bac ar na toghcháin nó a bhaineann an bonn díobh.

(11)

Ina mbagairt don daonlathas agus don smacht reachta freisin, tá daoine a chuireann bac ar chur chun feidhme pleananna a dtacaíonn gníomhaithe idirnáisiúnta ábhartha leo chun feabhas a chur ar chuntasacht agus ar dhea-rialachas san earnáil phoiblí nó a chuireann bac ar athchóirithe criticiúla eacnamaíocha a chur chun feidhme, lena n-áirítear in earnáil na baincéireachta agus in earnáil an airgeadais. Is iad sin go háirithe na hathchóirithe ar thug údaráis na Liobáine gealltanas ina dtaobh agus a bhfuil tacaíocht an Aontais agus gníomhaithe idirnáisiúnta ábhartha eile acu. Teipeadh arís agus arís eile na hathchóirithe sin a chur chun feidhme agus bearta inchreidte leordhóthanacha a ghlacadh chun an t-éilliú a chomhrac agus an imghabháil cánach a chomhrac, chun dlí maidir le rialú caipitil a ghlacadh, agus chun bearta eile a ghlacadh chun an trédhearcacht agus cuntasacht iomlán do mhuintir na Liobáine a rathú.

(12)

Ina mbagairt don daonlathas agus don smacht reachta freisin, tá daoine a bhíonn ag gabháil do mhí-iompar tromchúiseach airgeadais, lena n-áirítear an t-éilliú agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil. Is saincheist shistéamach é an mí-iompar airgeadais laistigh den chóras polaitiúil agus institiúideach agus is é is bunchúis leis an ngéarchéim eacnamaíoch, shóisialta, dhaonnúil agus pholaitiúil reatha. Tá freagracht mhór ar na gníomhaithe sin atá páirteach sa mhí-iompar airgeadais, nó a bhaineann tairbhe phearsanta as, as staid uafásach shocheacnamaíoch agus dhaonnúil reatha mhuintir na Liobáine.

(13)

Meabhraítear don Chomhairle gur páirtí í an Liobáin i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe an 31 Deireadh Fómhair 2003 agus go bhfuil gealltanais tugtha ag údaráis na Liobáine freisin sa chomhrac i gcoinne an éillithe go háirithe i gcomhdháil CEDRE in 2018, sa Phlean don Téarnamh Airgeadais i mí Aibreáin 2020 agus sa treochlár cuimsitheach athchóirithe i mí Mheán Fómhair 2020.

(14)

Tá gá le breis gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine seo a leanas:

(a)

daoine nádúrtha atá freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas nó den smacht reachta sa Liobáin, trí cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a leanas:

(i)

bac a chur ar an bpróiseas daonlathach polaitiúil nó an bonn a bhaint den phróiseas sin trí bhac leanúnach a chur ar bhunú rialtais nó trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil nó tríd an mbonn a bhaint go mór de thoghcháin a reáchtáil;

(ii)

bac a chur ar, nó an bonn a bhaint de, chur chun feidhme pleananna arna bhformheas ag údaráis na Liobáine lena dtacaíonn gníomhaithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear an tAontas, chun feabhas a chur ar chuntasacht agus ar dhea-rialachas san earnáil phoiblí nó chun athchóirithe criticiúla eacnamaíocha a chur chun feidhme, lena n-áirítear in earnáil na baincéireachta agus in earnáil an airgeadais agus lena n-áirítear reachtaíocht thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a ghlacadh maidir le honnmhairiú caipitil;

(iii)

mí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí, a mhéid a chumhdaítear na gníomhartha lena mbaineann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil;

(b)

daoine nádúrtha a bhfuil baint acu le daoine a ainmnítear faoi phointe (a);

mar a liostaítear san Iarscríbhinn.

Na pleananna athchóirithe a cuireadh i láthair ag comhdháil CEDRE 2018, Plean don Téarnamh Airgeadais i mí Aibreáin 2020, treochlár cuimsitheach athchóirithe i mí Mheán Fómhair 2020 agus Creat Athchóirithe, Téarnaimh agus Atógála na Liobáine (3RF) i mí na Nollaig 2020, sin iad na pleananna dá dtagraítear i bpointe (ii) de phointe (a).

2.   Ní chuirfear de cheangal le mír 1 ar aon Bhallstát teacht isteach chuig a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.

3.   I gcás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, beidh mír 1 gan dochar don chás sin, eadhon:

(a)

mar thír óstach ar eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta;

(b)

mar thír óstach ar chomhdháil idirnáisiúnta a bheidh á tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó atá faoina gcoimirce;

(c)

faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

(d)

de bhun Chonradh Idir-réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

4.   Beidh feidhm ag mír 3 freisin i gcásanna ina bhfuil an Ballstát ina thír óstach de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).

5.   Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi gach cás ina dtugann an Ballstát díolúine de bhun mhíreanna 3 nó 4.

6.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a forchuireadh a dheonú faoi mhír 1 i gcás ina mbíonn údar leis ar fhorais an riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh, nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó ar chruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n-óstáil aige, nó atá á n-óstáil ag Ballstát a bhfuil Cathaoirleacht aige ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sriantach chun cinn go díreach, lena n-áirítear an daonlathas agus an smacht reatha a chur chun cinn sa Liobáin.

7.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a forchuireadh a dheonú faoi mhír 1 más amhlaidh go bhfuil gá le teacht isteach nó le hidirthuras chun próiseas breithiúnach a chomhlíonadh.

8.   Tabharfaidh aon Bhallstát ar mian leis díolúintí a dheonú dá dtagraítear i míreanna 6 nó 7 fógra don Chomhairle i scríbhinn ina leith. Measfar an díolúine sin a bheith deonaithe mura ndéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann Ballstát amháin nó níos mó agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a dheonú.

9.   I gcás, de bhun mhíreanna 3, 4, 6 nó 7, ina n-údaraíonn Ballstát teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha do dhaoine a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh an t-údarú teoranta go docht don chuspóir ar chuige a thugtar é agus do na daoine lena mbaineann sin go díreach.

Airteagal 2

1.   Cistí agus acmhainní eacnamaíocha ar leis, ar i seilbh nó ar faoi rialú iad seo a leanas iad:

(a)

daoine nádúrtha atá freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas nó den smacht reachta sa Liobáin, trí cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a leanas:

(i)

bac a chur ar an bpróiseas daonlathach polaitiúil nó an bonn a bhaint den phróiseas sin trí bhac leanúnach a chur ar bhunú rialtais nó trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil nó tríd an mbonn a bhaint go mór de thoghcháin a reáchtáil;

(ii)

bac a chur ar, nó an bonn a bhaint de, chur chun feidhme pleananna arna bhformheas ag údaráis na Liobáine lena dtacaíonn gníomhaithe idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear an tAontas, chun feabhas a chur ar chuntasacht agus ar dhea-rialachas san earnáil phoiblí nó chun athchóirithe criticiúla eacnamaíocha a chur chun feidhme, lena n-áirítear in earnáil na baincéireachta agus in earnáil an airgeadais agus lena n-áirítear reachtaíocht thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a ghlacadh maidir le honnmhairiú caipitil;

(iii)

mí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí, a mhéid a chumhdaítear na gníomhartha lena mbaineann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil;

(b)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, a bhfuil baint acu le daoine a ainmnítear faoi phointe (a);

mar a liostaítear san Iarscríbhinn, déanfar iad a reo.

Na pleananna athchóirithe a cuireadh i láthair ag comhdháil CEDRE 2018, Plean don Téarnamh Airgeadais i mí Aibreáin 2020, treochlár cuimsitheach athchóirithe i mí Mheán Fómhair 2020 agus Creat Athchóirithe, Téarnaimh agus Atógála na Liobáine (3RF) i mí na Nollaig 2020, sin iad na pleananna dá dtagraítear i bpointe (ii) de phointe (a).

2.   Ní chuirfear aon chistí ná acmhainní eacnamaíocha ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis, ná do chomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, ná ní chuirfear ar fáil iad do thairbhe iad sin.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a)

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as earraí bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

go bhfuil siad ceaptha chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

go bhfuil siad ceaptha chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d)

gur den riachtanas iad i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún maidir leis an bhforas ar a measann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain, ar a laghad, roimh an údarú; nó

(e)

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

4.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 a liostú san Iarscríbhinn, nó go bhfuil sé faoi réir cinneadh dlí nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun leas duine nádúrtha ná dlítheanach, eintitis ná comhlachta a liostaítear san Iarscríbhinn é an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

5.   Ní chuirfear de chosc le mír 1 ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar eintiteas nó ar chomhlacht atá liostaithe san Iarscríbhinn, íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a rinneadh, nó faoi oibleagáid a tháinig chun cinn, roimh an dáta a liostaíodh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin san Iarscríbhinn sin, ar choinníoll gur chinn an Ballstát lena mbaineann nach bhfaighidh duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht, go díreach nó go hindíreach.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir le breiseanna mar a leanas arna gcur le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta ar tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbearta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann;

ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i mír 1 fós atá aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile.

Airteagal 3

1.   De mhaolú ar Airteagal 2(1) agus (2), féadfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun críoch dhaonnúil, amhail seachadadh an chúnaimh a chur ar fáil nó a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó aistriú na n-oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar nó le haghaidh aslonnuithe as an Liobáin.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údaruithe arna ndeonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 4

1.   Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó Bhallstát nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an ‘tArdionadaí’), an liosta san Iarscríbhinn a bhunú agus a leasú.

2.   Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht lena mbaineann más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, trína dtabharfar deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don eintiteas nó don chomhlacht sin barúlacha a thíolacadh.

3.   I gcás ina dtíolacfar barúlacha, nó i gcás ina dtíolacfar fianaise shubstaintiúil nua, athbhreithneoidh an Chomhairle na cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 5

1.   Áireofar san Iarscríbhinn na forais chun na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 a liostú.

2.   I gcás ina mbeidh fáil ar a leithéid, cuirfear san Iarscríbhinn sin pé faisnéis is gá chun daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, féadfaidh an méid a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; uimhir chlárúcháin; agus áit ghnó.

Airteagal 6

1.   Próiseálfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí sonraí pearsanta chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a chur i gcrích, go háirithe:

(a)

maidir leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

maidir leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.

2.   Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe agus le ciontuithe coiriúla nó bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun an Iarscríbhinn a ullmhú.

3.   Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar ‘rialaitheoir’ de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 7

Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh difear dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht ná aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ar ráthaíocht nó ar shlánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é gur ceann de na páirtithe seo a leanas a dhéanann an t-éileamh:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú, a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann amháin de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 8

D’fhonn tionchar na mbeart a leagtar amach sa Chinneadh seo a uasmhéadú, spreagfaidh an tAontas tríú Stáit chun bearta sriantacha a ghlacadh cosúil leis na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.

Airteagal 9

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí 31 Iúil 2022 agus coinneofar faoi shíor-athbhreithniú é. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.

Agus athbhreithniú á dhéanamh aici ar bhearta sriantacha arna ndéanamh de bhun Airteagail 1(1)(a)(iii) agus 2(1)(a)(iii), cuirfidh an Chomhairle san áireamh, de réir mar is iomchuí, an bhfuil na daoine i dtrácht faoi réir imeachtaí breithiúnacha nó nach bhfuil i ndáil leis an iompar ar ina leith a liostaíodh iad.

Airteagal 10

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Liosta de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2

[…]


2.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 277/24


CINNEADH (CBES) 2021/1278 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2021

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1720 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 14 Deireadh Fómhair 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1720 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua.

(2)

An 10 Meitheamh 2021, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an Ardionadaí’) dearbhú thar ceann an Aontais inar cháin sé gníomhaíochtaí údaráis Nicearagua i gcoinne pháirtithe an fhreasúra, na meán, iriseoirí agus oibrithe eile sna meáin, cosantóirí chearta an duine agus na sochaí sibhialta, lena n-áirítear trí iarrthóirí uachtaránachta agus ceannairí freasúra ionchasacha a choinneáil agus a ghabháil go córasach. Chuir an tArdionadaí in iúl go bhfuil an tAontas faoi réir chun na hionstraimí uile a úsáid i bhfianaise na staide i Nicearagua, lena n-áirítear bearta sriantacha breise a chur i bhfeidhm.

(3)

I bhfianaise na staide tromchúisí leanúnaí i Nicearagua, ba cheart ochtar a áireamh i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua (IO L 262, 15.10.2019, lch. 58).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine seo a leanas ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘7.

Rosario Maria MURILLO ZAMBRANA

Alias: Rosario Maria MURILLO DE ORTEGA

Post / poist: Leas-Uachtarán Phoblacht Nicearagua (ó 2017), bean chéile an Uachtaráin, Daniel Ortega

Dáta breithe: 22 Meitheamh 1951

Áit bhreithe: Managua, Nicaragua

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Pasuimhir: A00000106 (Nicaragua)

Leas-Uachtarán Nicearagua, Céadbhean Nicearagua agus ceannaire an Sandinista Youth. Dar leis an Uachtarán, Daniel Ortega, roinneann Rosario Maria Murillo Zambrana an leathchuid den chumhacht leis. Bhí ról lárnach aici maidir leis an mbrú faoi chois léirsithe an fheasúra ag Nicaraguan National Police in 2018 a spreagadh agus a dearbhú a thabhairt dó. I Meitheamh 2021, bhagair sí go poiblí freasúra Nicearagua agus chaith sí amhras ar iriseoirí neamhspleácha.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta, an freasúra daonlathach a bhrú faoi chois agus as an mbonn a bhaint den daonlathas i Nicearagua.

2.8.2021

8.

Gustavo Eduardo PORRAS CORTÉS

Post / poist: Uachtarán National Assembly Phoblacht Nicearagua (ó Eanáir 2017)

Dáta breithe: 11 Deireadh Fómhair 1954

Áit bhreithe: Managua, Nicaragua

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Uachtarán National Assembly Nicearagua ó Eanáir 2017 agus comhalta den national direction of the Sandinista National Liberation Front (FSLN) ó 1996. Ina phost mar Uachtarán National Assembly Nicearagua, bhí sé freagrach as glacadh roinnt gníomhartha dlí diansmachta a chur chun cinn agus tá freagracht air maidir leis sin, ina measc sin dlí maithiúnais a choisceann aon fhiosrúchán i gcoinne déantóirí sáruithe ollmhóra ar chearta an duine in 2018, agus dlíthe a bhaineann an bonn den tsaoirse agus den phróiseas daonlathach i Nicearagua.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a bhrú faoi chois, agus as an mbonn a bhaint go mór den daonlathas agus den smacht reachta i Nicearagua.

2.8.2021

9.

Juan Antonio VALLE VALLE

Post / poist: Ceannaire sa Nicaraguan National Police

Céim: Ginearálta/Coimisinéir Sinsearach

Dáta breithe: 4 Bealtaine 1963

Áit bhreithe: Matagalpa, Nicaragua

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Ina phost ar chéim choimisinéir sinsearach an Nicaraguan National Police (NNP) agus ina sheasamh tosaigh sa phóilíní in Managua, tá Juan Antonio Valle Valle freagrach as gníomhartha brúidiúlachta na bpóilíní agus as an iomarca fornirt a úsáid arís agus arís eile, dar thoradh básanna na gcéadta sibhialtach, agus tá sé freagrach as gabhálacha agus coinneála treallacha, as sáruithe ar shaoirse cainte agus as léirsithe i gcoinne an rialtais a chosc.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach i Nicearagua a bhrú faoi chois.

2.8.2021

10.

Ana Julia GUIDO OCHOA

Alias: Ana Julia Guido de Romero

Post / poist: Ard-Aighne Phoblacht Nicearagua

Dáta breithe: 16 Feabhra 1959

Áit bhreithe: Matagalpa, Nicaragua

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Ina post mar Ard-Aighne, an státseirbhíseach is airde in Oifig an Ionchúisitheora, tá Ana Julia Guido Ochoa, atá dílis do réimeas Ortega, freagrach as an iliomad agóideoirí agus comhaltaí den fhreasúra polaitiúil a ionchúiseamh ar chúiseanna polaitiúla. Chruthaigh sí sainaonad a rinne líomhaintí i leith agóideoirí agus chuir sí cúisimh ina n-aghaidh. Thairis sin, tá sí freagrach as príomhiarrthóir an fhreasúra a dhícháiliú ó oifig phoiblí do na holltoghcháin.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a bhrú faoi chois agus as an mbonn a bhaint den smacht reachta i Nicearagua.

2.8.2021

11.

Fidel de Jesús DOMÍNGUEZ ÁLVAREZ

Post / poist: Ceannaire na bpóilíní in Leon, Coimisinéir Ginearálta an National Police

Dáta breithe: 21 Márta 1960

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Ina phost mar cheannaire ar na póilíní in Leon ón 23 Lúnasa 2018, tá Fidel de Jesús Domínguez Alvarez freagrach as an iliomad sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, go háirithe as gabhálacha treallacha agus coinneáil, lena n-áirítear baill teaghlaigh fhreasúra pholaitiúil a fhuadach, úsáid iomarcach fornirt agus sárú ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus ar shaoirse na meáin.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a bhrú faoi chois.

2.8.2021

12.

Alba Luz RAMOS VANEGAS

Post / poist: Uachtarán Supreme Court of Justice Phoblacht Nicearagua

Dáta breithe: 3 Meitheamh 1949

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Pasuimhir: A0009864 (Nicaragua)

Ina post mar Uachtarán Supreme Court of Justice Nicearagua, tá sí freagrach as na breithiúna a ionstraimiú ar mhaithe le leasanna réimeas Ortega, trí ghníomhaíochtaí freasúra a choiriúlú go roghnaíoch, trí phatrún na sáruithe ar chearta an phróisis chuí, gabhálacha treallacha, agus dícháiliú páirtithe polaitiúla agus iarrthóirí freasúra a bhuanú.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a bhrú faoi chois, agus as an mbonn a bhaint go mór den smacht reachta i Nicearagua.

2.8.2021

13.

Juan Carlos ORTEGA MURILLO

Post / poist: Stiúrthóir Canal 8 agus Difuso Comunicaciones. Ceannaire ar Sandinista Movement an 4 Bealtaine, Mac Uachtarán agus Leas-Uachtarán Phoblacht Nicearagua

Dáta breithe: 17 Deireadh Fómhair 1982

Náisiúntacht: Nicearaguach

Mac an Uachtaráin, Daniel Ortega, agus na Chéadmhná agus an Leas-Uachtaráin, Rosario Murillo. Stiúrthóir ar cheann de na príomhstáisiúin teilifíse bolscaireachta, Canal 8, agus ceannaire Sandinista Movement an 4 Bealtaine. Ina phost, chuir sé le srian a chur leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus le saoirse na meán. Bhagair sé go poiblí lucht gnó Nicearagua a chuireann i gcoinne réimeas Ortega. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus as an tsochaí shibhialta i Nicearagua a bhrú faoi chois. Toisc gur mac an Leas-Uachtaráin Rosario Murillo é, tá baint aige le daoine atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta a bhrú faoi chois i Nicearagua.

2.8.2021

14.

Bayardo ARCE CASTAÑO

Post / poist: Comhairleoir Eacnamaíoch d’Uachtarán Phoblacht Nicearagua

Dáta breithe: 21 Márta 1950

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Nicearaguach

Ina phost mar Chomhairleoir Eacnamaíoch don Uachtarán, Daniel Ortega, tá tionchar suntasach ag Bayardo Arce Castano ar bheartais réimeas Ortega. Dá bhrí sin, tá baint aige le daoine atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i Nicearagua.

Thacaigh sé le forbairt na reachtaíochta lena gcuirtear cosc ar iarrthóirí freasúra páirt a ghlacadh i dtoghcháin. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a bhrú faoi chois.

2.8.2021’