|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 274 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
|
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
|
|
|
|
COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA |
|
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
|
30.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 274/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1229 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Iúil 2021
maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 agus an chéad mhír d’Airteagal 322 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 11 Nollaig 2019, ghlac an Coimisiún teachtaireacht dar teideal “An Comhaontú Glas don Eoraip” ina cuireadh treochlár i láthair ina leagtar amach straitéis fháis nua don Eoraip agus cuspóirí uaillmhianacha chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun an comhshaol a chosaint. I gcomhréir leis an gcuspóir sprioc aeráide an Aontais do 2030 a bhaint amach, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus Aontas aeráid-neodrach a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, ar bhealach a bheidh éifeachtach agus cóir go sóisialta, fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip go mbeadh Sásra um Aistriú Cóir ann, lena soláthrófaí achmhainní chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an phróisis aistrithe i dtreo sprioc aeráide an Aontais do 2030 agus an chuspóra Aontas aeráid-neodrach a bheith ann faoi 2050, ag an am céanna, gan aon duine a fhágáil chun deiridh. Is iad na réigiúin agus na daoine is leochailí is mó a bhíonn neamhchosanta ar thionchar díobhálach an athraithe aeráide agus ar dhíghrádú an chomhshaoil. Ginfidh an t-aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach deiseanna nua eacnamaíocha, agus poitéinseal nach beag ann poist a chruthú, go háirithe i gcríocha atá ag brath ar bhreoslaí iontaise faoi láthair. Féadfaidh sé rannchuidiú leis an tslándáil fuinnimh agus leis an athléimneacht freisin. D’fhéadfadh an t-aistriú costais ghearrthéarmacha shóisialta agus eacnamaíocha a spreagadh i gcríocha ina bhfuil próiseas um dícharbónú mór ar bun, áfach, críocha atá lagaithe cheana féin ag éifeachtaí suaiteacha eacnamaíocha agus sóisialta ghéarchéim COVID-19. |
|
(2) |
Beidh athruithe struchtúracha móra ag teastáil ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon chun an t-aistriú a bhainistiú. Chun go n-éireoidh leis an aistriú, ní mór neamhionannais a laghdú leis an aistriú, éifeacht ghlan fostaíochta a chruthú leis, le poist nua ardcháilíochta, agus ní mór dó a bheith cóir agus inghlactha go sóisialta do gach duine, agus an t-iomaíochas á threisiú ag an am céanna. I ndáil leis sin, tá sé ríthábhachtach gur féidir tacú leis na críocha is mó a bheidh faoi thionchar diúltach de dheasca na haistrithe, go háirithe réigiúin mianadóireachta guail, chun a ngeilleagair áitiúla a éagsúlú agus a athbheochan agus chun deiseanna fostaíochta inbhuanaithe a chruthú do na hoibrithe a bhfuil tionchar ag an aistriú orthu. |
|
(3) |
An 14 Eanáir 2020, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal “Plean Infheistíochta don Eoraip - Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip”, inar bheartaigh sé Sásra um Aistriú Cóir atá dírithe ar na réigiúin agus ar na hearnálacha ina n-imreoidh an t-aistriú an tionchar is mó mar gheall ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise, amhail gual, móin agus sceall ola, nó a spleáchas ar phróisis thionsclaíocha atá dian ó thaobh gáis cheaptha teasa de, ach a bhfuil cumas níos lú acu na hinfheistíochtaí is gá a mhaoiniú. Dearbhaíodh chomh maith sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 21 Iúil 2020 go gcruthófaí Sásra um Aistriú Cóir. Tá trí cholún sa Sásra um Aistriú Cóir: Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) arna chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, Scéim Thiomnaithe um Aistriú Cóir faoi InvestEU, agus saoráid iasachta don earnáil phoiblí chun infheistíochtaí breise a fhorscaoileadh sna réigiúin lena mbaineann. Leis na trí cholún sin, tugtar tacaíocht chomhlántach do na réigiúin sin, d’fhonn an t-aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach faoi 2050 a chothú. |
|
(4) |
Chun clársceidealú agus cur chun feidhme CUAC a fheabhsú, bunófar pleananna críochacha um aistriú cóir, ina leagfar amach príomhchéimeanna agus amlíne phróiseas an aistrithe agus ina sainaithneofar na críocha is mó a ndéanfaidh an t-aistriú go geilleagar aeráid-neodrach difear dóibh agus a bhfuil inniúlacht níos lú acu dul i ngleic le dúshláin an aistrithe. Beidh na pleananna críochacha um aistriú cóir le hullmhú i gcomhar leis na húdaráis ábhartha áitiúla agus beidh na comhpháirtithe ábhartha uile rannpháirteach iontu i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Féadfar iad a leasú, mar aon leis na cláir chomhfhreagracha arna dtacú ag CUAC, i gcomhréir le forálacha Airteagal 24 den Rialachán sin, chun críocha nua a chur san áireamh, a mbeadh tionchar an-mhór ag an aistriú aeráide orthu ar bhealach nach rabhthas ag súil leis tráth ar glacadh ar dtús iad. |
|
(5) |
Ba cheart saoráid iasachta don earnáil phoiblí (“an tSaoráid”) a bhunú. Is í an tríú colún den Sásra um Aistriú Cóir í, arb é is aidhm di tacú le heintitis earnál poiblí infheistíochtaí a dhéanamh, i bhfianaise an phríomhróil atá ag an earnáil phoiblí chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna margaidh. Ba cheart do na hinfheistíochtaí sin na riachtanais forbartha a eascraíonn as na dúshláin aistrithe a chomhlíonadh, dúshláin a dtugtar tuairisc orthu sna pleananna críochacha um aistriú cóir faoi mar atá formheasta ag an gCoimisiún. Ba cheart do na gníomhaíochtaí a bhfuiltear ag brath orthu le haghaidh tacaíocht faoin tSaoráid a bheith comhsheasmhach agus comhlántach le gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin dá cholún eile den Sásra um Aistriú Cóir. Chun a ré a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027 (“CAI 2021-2027”) a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (6), ba cheart an tSaoráid a bhunú ar feadh tréimshe 7 mbliana. |
|
(6) |
Chun cur le comhtháthú agus éagsúlú eacnamaíoch na gcríoch a bhfuil tionchar ag an aistriú orthu, ba cheart raon leathan infheistíochtaí inbhuanaithe a chumhdach leis an tSaoráid, ar choinníoll go rannchuidíonn infheistíochtaí den sórt sin le riachtanais forbartha na gcríoch seo a chomhlíonadh, ar riachtanais iad atá mar thoradh ar an aistriú i dtreo sprioc aeráide an Aontais do 2030, arna bhunú i Rialachán (AE) 2021/1119, agus le hAontas aeráid-neodrach a bheith ann faoi 2050 ar a dhéanaí, mar a thuairiscítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir. Chun éifeachtacht na Saoráide a fheabhsú, ba cheart, faoin tSaoráid, an fhéidearthacht a bheith ann tacú le tionscadail incháilithe ar cuireadh tús le céim an chur chun feidhme maidir leo sular cuireadh an t-iarratas isteach go dtí an tSaoráid ag tairbhithe. Níor cheart go dtacófar leis an tSaoráid le hinfheistíochtaí lena chumhdaítear aon cheann de na gníomhaíochtaí a eisiatar faoi Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2012/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) ach féadfar a chumhdach leis infheistíochtaí i bhfuinneamh inathnuaite agus i soghluaisteacht ghlas agus inbhuanaithe, lena n-áirítear hidrigin ghlas a chur chun cinn, líonraí éifeachtúla le haghaidh téamh ceantair, taighde poiblí, an digiteáil, i mbonneagar comhshaoil don bhainistíocht chliste dramhaíola agus uisce, agus féadfar a chumhdach leis fuinneamh inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta lánpháirtithe, lena n-áirítear athchóiriú agus athnuachan foirgneamh, athnuachan agus athghiniúint uirbeach, an aistriú chuig geilleagar ciorclach, athchóiriú agus dí-éilliú talún agus éiceachóras, agus an prionsabal “íoc mar a thruaillítear” á chur san áireamh, an bhithéagsúlacht, chomh maith le huas-sciliú agus hathsciliú, bonneagar oiliúna agus sóisialta, lena n-áirítear saoráidí cúraim agus tithíocht shóisialta. |
|
(7) |
D’fhéadfaí a áireamh ar fhorbairtí bonneagair tionscadail trasteorann agus réitigh as a dtiocfaidh athléimneacht fheabhsaithe chun seasamh in aghaidh tubaistí éiceolaíocha chomh maith, go háirithe na tubaistí sin a thugtar chun suntais leis an athrú aeráide. Ba cheart tús áite a thabhairt do chur chuige infheistíochta cuimsitheach, go háirithe le haghaidh críocha a bhfuil riachtanais aistrithe thábhachtacha acu. D’fhéadfaí tacú le hinfheistíochtaí in earnálacha eile freisin dá mbeidís comhsheasmhach leis na pleananna críochacha um aistriú cóir a formheasadh. Trí thacú le hinfheistíochtaí nach ngineann sreabha leordhóthanacha ioncaim chun a gcuid costais infheistíochta a chumhdach, ba cheart, leis an tSaoráid, go mbeadh sé d’aidhm na hacmhainní breise is gá a sholáthar d’eintitis earnála poiblí, acmhainní chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chríochacha, shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a eascróidh as an gcoigeartú mar gheall ar an aistriú. Chun cabhrú le hinfheistíochtaí atá incháilithe faoin Saoráid agus ag a bhfuil tionchar mór dearfach comhshaoil, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an mbithéagsúlacht, a shainaithint, ba cheart don Choimisiún tacsanomaíocht an Aontais maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur san áireamh agus meastóireacht á déanamh aige ar an tSaoráid. Ba cheart do na comhpháirtithe airgeadais uile úsáid a bhaint, i gcás inarb infheidhme, as tacsanomaíocht an Aontais maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” chun foráil do thrédhearcacht maidir le tionscadail inbhuanaithe. |
|
(8) |
Ba cheart go ndéanfaí urraim do chearta bunúsacha agus comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a áirithiú, agus, go háirithe, ba cheart comhionannas inscne a áirithiú, de réir mar is iomchuí, i rith ullmhú, chur chun feidhme agus mheastóireacht na dtionscadal incháilithe faoin tSaoráid. Sa tslí chéanna, ba cheart do na tairbhithe agus don Choimisiún aon idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a sheachaint le linn ullmhú, chur chun feidhme, fhaireachán, thuairisciú agus mheastóireacht na dtionscadal incháilithe. Ba cheart cuspóirí na Saoráide a shaothrú i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (8) (“Comhaontú Pháras”) agus an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”. |
|
(9) |
Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (“an Rialachán Airgeadais”) agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint. |
|
(10) |
Ba cheart, leis an tSaoráid, tacaíocht a sholáthar i bhfoirm deontas arna gcur ar fáil ag an Aontas mar aon le hiasachtaí arna gcur ar fáil ag comhpháirtí airgeadais i gcomhréir lena rialacha, a mbeartais agus a nósanna imeachta maidir le hiasachtú. Ba cheart imchlúdach airgeadais na comhpháirte deontais, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún trí bhainistíocht indíreach, a bheith i bhfoirm maoinithe nach bhfuil nasctha le costais, i gcomhréir le hAirteagal 125 den Rialachán Airgeadais. Ba cheart an saghas sin maoinithe a bheith ina chuidiú le tionscnóirí tionscadail a spreagadh chun rannpháirtiú i gcuspóirí na Saoráide a bhaint amach agus chun cur leo i mbealach éifeachtúil i gcomparáid le méid na hiasachta. Ba cheart don Bhanc Eorpach Infheistíochta (“BEI”) an chomhpháirt iasachta a sholáthar. Ba cheart fhéidearthacht a bheith ann, an tSaoráid a leathnú freisin chun chur ar chumas comhpháirtithe airgeadais eile an chomhpháirt iasachta a sholáthar, i gcás ina gcuirtear acmhainní breise ar fáil le haghaidh na comhpháirte deontais nó i gcás ina bhfuil sí ag teastáil do cur chun feidhme cuí na saoráide. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoin rún an tSaoráid a leathnú agus comhpháirtithe airgeadais breise a roghnú, ag cur san áireamh a gcumas cuspóirí na Saoráide a chomhlíonadh, chun rannchuidiú le hacmhainní dílse agus chun cumhdach geografach iomchuí a áirithiú. |
|
(11) |
Ba cheart comhaontuithe riaracháin a shíniú idir an Coimisiún agus na comhpháirtithe airgeadais. Ba cheart na socruithe cur chun feidhme chun meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar na tionscadail a leagan amach sna comhaontuithe sin, chomh maith le cearta sonracha agus oibleagáidí gach páirtí faoi seach, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe maidir le hiniúchtaí, tuairisciú agus cumarsáid. Ba cheart go n-áireofaí leis na socruithe cumarsáide„ go háirithe, oibleagáid maidir le faisnéis a fhoilsiú i ndáil le gach tionscadal nó scéim iasachta ar leith a fhaigheann tacaíocht faoin tSaoráid. |
|
(12) |
Trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais infheistíochta na gcríoch is mó a bheidh faoi thionchar diúltach de dheasca na haistrithe aeráide, ba cheart don tSaoráid a bheith ina rannchuidiú tábhachtach chun gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú. Dá bhrí sin, cabhróidh acmhainní ó chomhpháirt deontais na Saoráide leis na cuspóirí aeráide a bhaint amach a mhéid céanna le CUAC. |
|
(13) |
Ba cheart EUR 250 000 000 den chomhpháirt deontais a mhaoiniú ó bhuiséad an Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 agus ba cheart é sin a bheith ina shuim phríomhthagartha, de réir bhrí phointe 18 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo achmhainní dílse nua a thabhairt isteach (10), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. |
|
(14) |
Ba cheart EUR 275 000 000 de chomhpháirt deontais na Saoráide a mhaoiniú le haisíocaíochtaí ó na hionstraimí airgeadais a bunaíodh faoi na cláir a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Eascraíonn an t-ioncam sin as cláir a bhfuil deireadh curtha leo gan beann ar an tSaoráid agus ba cheart é a mheas mar ioncam sannta seachtrach de mhaolú ar phointe (f) d’Airteagal 21(3) den Rialachán Airgeadais ar bhonn Airteagal 322(1) CFAE. |
|
(15) |
Ba cheart EUR 1 000 000 000 de chomhpháirt deontais na Saoráide a mhaoiniú le barrachas ionchasach an tsoláthair le haghaidh ráthaíocht an Aontais arna bunú le Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Dá bhrí sin, ba cheart maolú a dhéanamh ó phointe (a) d’Airteagal 213(4) den Rialachán Airgeadais, lena mbeartaítear oibleagáid maidir le haon bharrachas soláthairtí le haghaidh ráthaíocht buiséadach a chur ar ais sa bhuiséad, chun an barrachas sin a shannadh don tSaoráid. Ba cheart an t-ioncam sannta sin a mheas mar ioncam sannta seachtrach de mhaolú ar phointe (f) Airteagal 21(3) den Rialachán Airgeadais ar bhonn Airteagal 322(1) CFAE. |
|
(16) |
I gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 12(4) den Rialachán Airgeadais, féadfar na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d’ioncam sannta seachtrach a thabhairt ar aghaidh go huathoibríoch chuig an gclár comhleanúnach nó chuig an ngníomhaíocht chomhleanúnach. Leis an bhforáil sin ceadaítear sceideal ilbhliantúil an ioncaim shannta a mheaitseáil le bealach cur chun feidhme na dtionscadal arna maoiniú ag an tSaoráid. |
|
(17) |
Ba cheart foráil a dhéanamh d’acmhainní le haghaidh tacaíocht chomhairleach freisin chun ullmhú, forbairt agus cur chun feidhme tionscadal a chur chun cinn chomh maith le hullmhú tionscadal go luath sula dtíolacfaidh an tairbhithe an t-iarratas chuig an tSaoráid. Ba cheart sciar de na hacmhainní sin a dhíriú ar tacaíocht a thabhairt d’inniúlacht inginiúil na dtairbhithe chun inbhuanaitheacht na dtionscadal incháilithe a áirithiú. |
|
(18) |
Chun a áirithiú go mbeidh gach Ballstát in ann tairbhe a bhaint as an gcomhpháirt deontais, ba cheart sásra a bhunú chun sciartha náisiúnta a leithdháileadh roimh ré le linn na chéad chéime, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1056. Chun an cuspóir sin a thabhairt chun réitigh leis an ngá le héifeacht eacnamaíoch na Saoráide agus cur chun feidhme na Saoráide a optamú, áfach, níor cheart na sciartha náisiúnta sin a leithdháileadh roimh ré le haghaidh na tréimhse tar éis an 31 Nollaig 2025. Ina dhiaidh sin, ba cheart na hacmhainní atá fágtha agus atá ar fáil le haghaidh na comhpháirte deontais a sholáthar gan aon sciar náisiúnta a leithdháileadh roimh ré agus ar bhonn iomaíoch ar leibhéal an Aontais, agus san am céanna tuarthacht na hinfheistíochta a áirithiú agus cur chuige a bhunófar ar riachtanais chomh maith lena bheith ina chóineasú réigiúnach a leanúint. |
|
(19) |
Ba cheart na coinníollacha incháilitheachta sonracha agus critéir dhámhachtana sonracha a leagan amach sa chlár oibre agus sa ghlao ar thograí. Sna coinníollacha incháilitheachta agus sna critéir dhámhachtana sin ba cheart na nithe seo a leanas a chur san áireamh: ábharthacht an tionscadail i gcomhthéacs na riachtanas forbartha a dtugtar tuairisc orthu sna pleananna críochacha um aistriú cóir, an cuspóir foriomlán cóineasú réigiúnach agus críochach a chur chun cinn agus suntas na comhpháirte deontais maidir le hinmharthanacht an tionscadail. Ina theannta sin, ba cheart do na cláir oibre critéir dhámhachtana a shocrú i gcás nach mbeadh acmhainní leordhóthanach chun tacú le tionscadail incháilithe. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do thionscadail atá lonnaithe i réigiúin bheagfhorbartha, do thionscadail a chuireann go díreach le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach agus do thionscadail arna gcur chun cinn ag eintitis phoiblí a bhfuil pleananna dícharbónaithe glactha acu de réir ordlathas comhfhreagrach na gcritéar sin, nuair is infheidhme sin. Níor cheart Tacaíocht ón Aontas faoin tSaoráid a bheith ar fáil ach do na Ballstáit ar formheasadh plean críochach amháin um aistriú cóir dá gcuid ar a laghad. Sa chlár oibre agus sna glaonna ar thograí, ba cheart a chur san áireamh freisin na pleananna críochacha um aistriú cóir a chuirfidh na Ballstáit isteach chun comhleanúnachas a áirithiú thar cholúin dhifriúla an tSásra. Le go mbeidh an tionchar is fearr is féidir ag an tSaoráid, níor cheart go bhfaigheadh tionscadail aonair a fhaigheann tacaíocht faoin tSaoráid tacaíocht ó chláir eile de chuid an Aontais, seachas chun tionscadail a ullmhú. I gcás oibríochtaí atá comhdhéanta de thionscadail inaitheanta ar leithligh, is féidir tacú leis na tionscadail sin le cláir éagsúla de chuid an Aontais, áfach, i gcomhréir leis na rialacha incháilitheachta is infheidhme. |
|
(20) |
Chun éifeachtacht chúnamh an Aontais a bharrfheabhsú agus chun cosc a chur le hathsholáthar tacaíochta agus infheistíochta féideartha ó acmhainní malartacha, níor cheart tacaíocht a sholáthar faoin tSaoráid ach do thionscadail nach ngineann sreabha leordhóthanacha ioncaim chun a gcuid costais infheistíochta a chumhdach. Gan aistrithe buiséadacha a chur san áireamh, ba cheart an t-ioncam sin a bheith ag teacht leis an ioncam a ghintear go díreach trí na gníomhaíochtaí a dhéantar sa tionscadal, amhail díolachán, táillí nó dolaí agus coigilteas incriminteach a ghintear trí shócmhainní atá ann cheana a uasghrádú. |
|
(21) |
Toisc gur cheart riachtanais forbartha éagsúla na réigiún ó Bhallstát go chéile a chur san áireamh sa chomhpháirt deontais, ba cheart an tacaíocht sin a choigeartú, i bhfabhar na réigiún beagfhorbartha. Agus é á chur san áireamh gur gnách go mbíonn acmhainneacht infheistíochta poiblí níos lú ag eintitis earnála poiblí i réigiúin bheagfhorbartha, ba cheart do na rátaí deontais a chuirtear i bhfeidhm ar iasachtaí a sholáthraítear do na heintitis sin a bheith níos airde i gcomparáid le réigiúin eile. |
|
(22) |
Chun cur chun feidhme éifeachtach na Saoráide a áirithiú, féadfar gá a bheith ann le tacaíocht chomhairleach a sholáthar maidir le hullmhú, forbairt agus cur chun feidhme tionscadal. Ba cheart tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil trí Mhol Comhairleach InvestEU do thionscadail incháilithe agus chun tionscadail a ullmhú sula gcuirfear na hiarratais isteach, agus aird ar leith á tabhairt ar thairbhithe a bhfuil acmhainneacht riaracháin níos ísle acu nó atá lonnaithe i réigiúin bheagfhorbartha. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann tacaíocht den sórt sin a dheonú freisin faoi chláir eile de chuid an Aontais. |
|
(23) |
Chun éifeachtacht na Saoráide a thomhas, a hacmhainneacht na cuspóirí a bhaint amach a thomhas agus tacú leis an ullmhúchán chun go bhféadfaí fad a chur léi níos faide anonn ná 2027, ba cheart don Choimisiún meastóireacht eatramhach agus meastóireacht chríochnaitheach a dhéanamh, lena n áirítear measúnú ar an bhféidearthacht forálacha maidir le measúnú tionchair inscne a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, agus ba cheart dó na tuarascálacha meastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12) ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an tSaoráid ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha agus, ag an am céanna, ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, a sheachaint. |
|
(24) |
Chun an cur chun feidhme a bhrostú agus chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní go tráthúil, ba cheart coimircí sonracha atá le háireamh sna comhaontuithe deontais a leagan síos leis an Rialachán seo. I bhfianaise an chuspóra sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a bheith ábalta aon tacaíocht ón Aontas a laghdú nó a fhoirceannadh i gcás ina mbíonn easpa tromchúiseach dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an tionscadail. Tá feidhm ag an Rialachán Airgeadais maidir leis an tSaoráid. Chun comhleanúnachas a áirithiú agus cláir chistiúcháin an Aontais á gcur chun feidhme, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán Airgeadais maidir leis an gcomhpháirt deontais agus le hacmhainní le haghaidh tacaíocht chomhairleach faoin tSaoráid. |
|
(25) |
I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (14), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (15) agus (AE) 2017/1939 ón gComhairle (16), táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear an chalaois, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear dó i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus, i leith na mBallstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE agus chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. |
|
(26) |
Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na heochairtháscairí feidhmíochta a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus dul chun cinn na Saoráide. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(27) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le cláir oibre agus leis na coinníollacha agus nósanna imeachta maidir le comhpháirtithe airgeadais seachas BEI a roghnú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). |
|
(28) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon go rachadh sé chun tairbhe na gcríoch is mó a bheidh faoi thionchar diúltach de dheasca an aistrithe i dtreo aeráid-neodracht trí aghaidh a thabhairt ar na riachtanais forbartha comhfhreagracha trí bhíthin infheistíochtaí poiblí a ghiaráil, a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonar, i ngeall ar na deacrachtaí a bhíonn ag eintitis phoiblí tacú le hinfheistíochtaí nach ngineann sreabha leordhóthanacha ioncaim chun a gcuid costais infheistíochta a chumhdach, agus ós rud é gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, mar gheall ar an ngá le creat comhleanúnach cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta faoi mar a leagtar amach é san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Bunaítear leis an Rialachán seo an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí (“an tSaoráid”) do ré CAI 2021-2027, i dtacaíocht le heintitis earnála poiblí trí dheontais ó bhuiséad an Aontais a chónascadh le hiasachtaí a bhronn na comhpháirtithe airgeadais, agus leagtar amach ann cuspóirí na Saoráide. Leagtar síos leis rialacha le haghaidh chomhpháirt deontais na Saoráide, agus na nithe seo a leanas á gcumhdach go sonrach: a buiséad, foirmeacha na tacaíochta ón Aontas agus forálacha maidir le hincháilitheacht.
Soláthrófar leis an tSaoráid tacaíocht a rachaidh chun sochair chríocha de chuid an Aontais a mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thromchúiseacha shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a eascróidh as an aistriú i dtreo sprioc aeráide an Aontais do 2030 agus i dtreo an chuspóra Aontas aeráid-neodrach a bheith ann faoi 2050.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “comhaontú riaracháin” ionstraim dlí lena mbunaítear an creat comhair idir an Coimisiún agus comhpháirtí airgeadais, creat lena leagtar amach na cúraimí agus na freagrachtaí sonracha maidir le cur chun feidhme na Saoráide i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
|
(2) |
ciallaíonn “tairbhí” eintiteas dlítheanach arna bhunú i mBallstát mar chomhlacht dlí phoiblí, nó mar chomhlacht arna rialú ag an dlí phríobháideach agus ar a gcuirtear misean seirbhíse poiblí de chúram air, ar shínigh an Coimisiún comhaontú deontais faoin tSaoráid leis; |
|
(3) |
ciallaíonn “comhpháirtithe airgeadais” BEI, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile, bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha agus institiúidí airgeadais, lena n-áirítear institiúidí príobháideacha airgeadais, a shíníonn an Coimisiún comhaontú riaracháin leo chun oibriú i gcomhar leo laistigh den tSaoráid; |
|
(4) |
ciallaíonn “tionscadal” aon ghníomhaíocht atá sainaitheanta ag an gCoimisiún mar cheann incháilithe do thacaíocht ón Aontas faoin tSaoráid, atá beartaithe ann féin cúram doroinnte de chineál beacht eacnamaíoch nó teicniúil a chur i gcrích, a bhfuil cuspóir réamhshainithe leis agus lena mbaineann tréimhse shocraithe inar ghá é a chur chun feidhme agus a thabhairt chun críche; |
|
(5) |
ciallaíonn “plean críochach um aistriú cóir” plean arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1056 agus arna fhormheas ag an gCoimisiún; |
|
(6) |
ciallaíonn “scéim iasachta” iasacht arna bronnadh ag comhpháirtithe airgeadais ar thairbhí a bhfuil mar aidhm léi roinnt tionscadal réamhchinntithe a mhaoiniú faoin tSaoráid; |
|
(7) |
ciallaíonn “réigiún beagfhorbartha” réigiún beagfhorbartha dá dtagraítear in Airteagal 108(2) de Rialachán (AE) 2021/1060. |
Airteagal 3
Cuspóirí
1. Is é cuspóir ginearálta na Saoráide aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha agus chomhshaoil a eascraíonn as an aistriú i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le haeráid agus fuinneamh agus an cuspóir Aontas aeráid-neodrach a bheith ann faoi 2050 ar a dhéanaí, a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, (an Dlí Aeráide Eorpach), agus é sin a dhéanamh chun tairbhe chríocha an Aontais a aithnítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir.
2. Is é is cuspóir sonrach don tSaoráid, infheistíochtaí ón earnáil phoiblí, lena dtugtar aghaidh ar riachtanais forbartha na gcríoch a shainaithnítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir a mhéadú, trí mhaoiniú na dtionscadal nach ngineann sreabha leordhóthanacha ioncaim chun a gcuid costais infheistíochta a chumhdach a éascú, d’fhonn cosc a chur le hathsholáthar tacaíochta agus infheistíochta féideartha ó acmhainní malartacha.
3. Agus iarracht á déanamh an cuspóir sonrach dá dtagraítear i mír 2 a shaothrú, tá sé d’aidhm ag an Rialachán seo freisin a áirithiú go soláthrófar tacaíocht chomhairleach maidir le hullmhú, forbairt agus cur chun feidhme tionscadal incháilithe i gcás inar gá, lena n-áirítear tacaíocht maidir le tionscadail a ullmhú sula gcuirtear an t-iarratas isteach. Soláthrófar an tacaíocht chomhairleach sin i gcomhréir leis na rialacha agus modhanna cur chun feidhme le haghaidh Mhol Comhairleach InvestEU a bunaíodh le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19).
Airteagal 4
Prionsabail chothrománacha
1. Déanfar urraim do chearta bunúsacha agus do comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, comhionannas inscne a áirithiú, de réir mar is iomchuí, le linn ullmhú, chur chun feidhme agus mheastóireacht tionscadal incháilithe.
2. Seachnóidh na tairbhithe agus an Coimisiún aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach le linn chur chun feidhme na Saoráide. Go háirithe, déanfar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, i gcás inarb ábhartha, a chur san áireamh le linn ullmhú agus chur chun feidhme tionscadal incháilithe.
3. Saothrófar cuspóirí na Saoráide i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, an prionsabal “gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as”, Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide agus an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”.
Airteagal 5
Buiséad
1. Gan dochar do na hacmhainní breise a leithdháileadh i mbuiséad an Aontais le haghaidh na tréimhse 2021-2027, maoineofar an chomhpháirt deontais faoin tSaoráid ó na foinsí seo a leanas:
|
(a) |
acmhainní ó bhuiséad an Aontais, ar mhéid arb ionann é agus EUR 250 000 000 i bpraghsanna reatha, agus |
|
(b) |
ioncam sannta dá dtagraítear i mír 2 suas le huasmhéid EUR 1 275 000 000 i bpraghsanna reatha. |
2. Soláthrófar an t-ioncam sannta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 trí aisíocaíochtaí a eascraíonn as ionstraimí airgeadais a bunaíodh faoi na cláir a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, suas le huasmhéid EUR 275 000 000, agus ó bharrachas an tsoláthair le haghaidh ráthaíocht an Aontais arna bunú le Rialachán (AE) 2015/1017, suas le huasmhéid EUR 1 000 000 000.
3. Féadfar na hacmhainní agus an t-ioncam sannta dá dtagraítear i mír 1 a chomhlánú le ranníocaíochtaí airgeadais ó na Ballstáit, ó thríú tíortha agus ó chomhlachtaí nach comhlachtaí a bunaíodh faoi CFAE nó faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach iad. Ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí airgeadais sin.
4. De mhaolú ar phointe (f) d’Airteagal 21(3) den Rialachán Airgeadais, ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna hacmhainní a eascraíonn as na haisíocaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagail seo. De mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 213(4) den Rialachán Airgeadais, ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna hacmhainní a eascraíonn as barrachas soláthair do rathaíocht an Aontais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagail seo.
5. Féadfar méid suas le 2 % de na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin le haghaidh cur chun feidhme na Saoráide, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialúcháin, iniúchta agus meastóireachta, lena n-áirítear i dtaca le córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, chomh maith le caiteachais riaracháin agus táillí na gcomhpháirtithe airgeadais.
6. Soláthrófar acmhainní suas le méid arb ionann é agus EUR 35 000 000 agus a áirítear iontu siúd dá dtagraítear i mír 1, le haghaidh na ngníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 3(3), as a dtacóidh EUR 10 000 000 ar a laghad le hacmhainn riaracháin na dtairbhithe, go háirithe sna réigiúin bheagfhorbartha.
7. Féadfar gealltanais bhuiséadacha do ghníomhaíochtaí a mhairfidh níos faide ná bliain airgeadais amháin a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla a íocfar thar thréimhse roinnt blianta.
CAIBIDIL II
TACAÍOCHT ÓN AONTAS
Airteagal 6
Foirm na tacaíochta ón Aontas agus modh cur chun feidhme
1. Déanfar tacaíocht ón Aontas a sholáthrófar faoin tSaoráid a sholáthar i bhfoirm deontas i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.
2. Cuirfear tacaíocht ón Aontas a sholáthrófar faoin tSaoráid chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.
Airteagal 7
Infhaighteacht acmhainní
1. Úsáidfear na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (3), tar éis soláthar a asbhaint le haghaidh caiteachas teicniúil agus riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 5(5), chun tionscadail a mhaoiniú i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.
2. Maidir le deontais a dámhadh de bhun glaonna ar thograí a fhoilseofar tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025, ní rachaidh tacaíocht ón Aontas arna dámhachtain ar thionscadail incháilithe i mBallstát thar na sciartha náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1056.
3. Maidir le deontais arna ndámhachtain de bhun glaonna ar thograí a foilseofar amhail ón 1 Eanáir 2026, soláthrófar tacaíocht ón Aontas arna dámhachtain ar thionscadail incháilithe gan aon sciar náisiúnta a leithdháileadh roimh ré agus ar bhonn iomaíoch ar leibhéal an Aontais go dtí go n-ídeofar na hacmhainní atá fós ann. Agus na deontais sin á ndámhachtain, cuirfear san áireamh an gá le hintuarthacht infheistíochta agus le cur chun cinn an chóineasaithe réigiúnaigh a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar na réigiúin bheagfhorbartha, i gcomhréir leis na critéir dhámhachtana dá bhforáiltear in Airteagal 14(2).
Airteagal 8
Comhaontuithe riaracháin le comhpháirtithe airgeadais
Roimh chur chun feidhme na Saoráide le comhpháirtí airgeadais, síneoidh an Coimisiún agus an comhpháirtí airgeadais comhaontú riaracháin. Leagfar amach sa chomhaontú cearta agus oibleagáidí faoi seach gach páirtí sa chomhaontú, lena n-áirítear socruithe iniúchóireachta agus cumarsáide, ar a n-áireofar, go háirithe, an oibleagáid maidir le faisnéis a fhoilsiú do gach tionscadal a mhaoinítear tríd an tSaoráid agus raon feidhme na scéimeanna iasachta.
CAIBIDIL III
INCHÁILITHEACHT
Airteagal 9
Tionscadail incháilithe
1. Is iad na tionscadail a rannchuidíonn leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas go léir, agus na tionscadail sin amháin, a bheidh incháilithe le haghaidh tacaíochta ón Aontas faoin tSaoráid:
|
(a) |
bíonn tionchar intomhaiste ag na tionscadail agus áirítear orthu táscairí aschuir, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thromchúiseacha shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a eascraíonn as an aistriú i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le haeráid agus fuinneamh agus an cuspóir Aontas aeráid-neodrach a bheith ann faoi 2050 ar a dhéanaí agus rachaidh siad chun tairbhe na gcríoch a sainaithnítear i bplean críochach um aistriú cóir, fiú mura bhfuil na tionscadail lonnaithe sna críocha sin; |
|
(b) |
ní fhaigheann na tionscadail tacaíocht faoi aon chlár eile de chuid an Aontais; |
|
(c) |
faigheann na tionscadail iasacht ó chomhpháirtí airgeadais faoin tSaoráid; agus |
|
(d) |
ní ghineann na tionscadail sreabha leordhóthanacha ioncaim chun a gcuid costais infheistíochta a chumhdach, d’fhonn cosc a chur le hathsholáthar tacaíochta agus infheistíochta féideartha ó acmhainní malartacha; |
2. De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, féadfaidh tionscadail a fhaigheann tacaíocht an Aontais faoin tSaoráid tacaíocht chomhairleach agus cúnaimh theicniúil a fháil ó chláir eile de chuid an Aontais freisin chun iad a ullmhú, a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
3. Ní thacóidh an tSaoráid le gníomhaíochtaí atá eisiata faoi Airteagal (9) de Rialachán (AE) 2021/1056.
Airteagal 10
Daoine agus eintitis incháilithe
D’ainneoin na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, is iad na heintitis dhlítheanacha arna bhunú i mBallstát mar chomhlacht dlí phoiblí nó mar chomhlacht arna rialú ag an dlí phríobháideach agus ar cuireadh misean seirbhíse poiblí de chúram air, agus iadsan amháin, a bheidh incháilithe le hiarratas a dhéanamh mar thairbhithe féideartha faoin Rialachán seo.
CAIBIDIL IV
DEONTAIS
Airteagal 11
Deontais
1. Beidh deontais i bhfoirm maoinithe nach mbeidh nasctha le costais, i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.
2. Ní rachaidh méid an deontais thar 15 % de mhéid na hiasachta a sholáthróidh an comhpháirtí airgeadais faoin tSaoráid. Maidir le tionscadail lonnaithe i gcríocha réigiún beagfhorbartha, ní rachaidh méid an deontais thar 25 % de mhéid na hiasachta a sholáthróidh an comhpháirtí airgeadais faoin tSaoráid.
3. Féadfar íocaíochtaí deontais arna ndámhachtain a roinnt ina dtráthchodanna éagsúla nasctha le dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcur chun feidhme de réir mar a leagtar amach sa chomhaontú deontais.
Airteagal 12
Na deontais a laghdú nó a fhoirceannadh
1. De bhreis ar na forais a shonraítear in Airteagal 131(4) den Rialachán Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhpháirtí airgeadais, féadfaidh an Coimisiún méid an deontais a laghdú nó an comhaontú deontais a fhoirceannadh mura síneofar, laistigh de 2 bhliain ó dháta sínithe an chonartha deontais, an conradh soláthair, an conradh oibreacha nó an conradh seirbhísí is suntasaí go heacnamaíoch, i gcásanna ina bhfuil sé beartaithe an conradh sin a thabhairt i gcrích de bhun an chomhaontaithe deontais.
2. Nuair a dhéantar tacaíocht ón Aontas a chomhcheangal le scéimeanna iasachta nó nuair nach bhfuil conradh soláthair, conradh oibreacha ná conradh seirbhíse beartaithe, níl feidhm ag mír 1.
I gcásanna den sórt sin, tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhpháirtí airgeadais, féadfaidh an Coimisiún méid an deontais a laghdú nó an comhaontú deontais a fhoirceannadh, agus féadfaidh sé aon mhéid gaolmhar a ghnóthú, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú deontais.
CAIBIDIL V
SEIRBHÍSÍ UM THACAÍOCHT CHOMHAIRLEACH
Airteagal 13
Seirbhísí um thacaíocht chomhairleach
1. Faoin Rialachán seo cuirfear tacaíocht chomhairleach chun feidhme le bainistiú indíreach, i gcomhréir leis na rialacha agus na modhanna cur chun feidhme le haghaidh Mhol Comhairleach InvestEU.
2. Beidh na gníomhaíochtaí is gá chun tacú le hullmhú, le forbairt agus le cur chun feidhme tionscadal incháilithe le haghaidh tacaíocht chomhairleach agus maoineofar iad i gcomhréir le hAirteagal 5(6).
CAIBIDIL VI
CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ
Airteagal 14
Cláir oibre
1. Cuirfear an tSaoráid chun feidhme le cláir oibre arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 110 den Rialachán Airgeadais.
2. Áireofar sna cláir oibre critéir dhámhachtana a chuirtear i bhfeidhm aon uair a sháródh an tacaíocht deontais iomlán incháilithe na hacmhainní atá ar fáil. Áireofar leis na critéir sin, i gcás inarb infheidhme, na tosaíochtaí seo a leanas:
|
(a) |
tionscadail arna gcur chun cinn ag tairbhithe atá lonnaithe i réigiúin bheagfhorbartha |
|
(b) |
tionscadail a rannchuidíonn go díreach le gnóthú spriocanna an Aontais do 2030 maidir le haeráid agus fuinneamh agus leis an gcuspóir Aontais aeráid-neodrach a bheith ann faoi 2050 ar a dhéanaí; agus |
|
(c) |
tionscadail arna gcur chun cinn ag tairbhithe a ghlac pleananna don dícharbónú. |
3. Déanfaidh an Coimisiún na cláir oibre a ghlacadh trí ghníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 20.
Airteagal 15
Comhpháirtithe airgeadais a roghnú cé is moite de BEI
1. Leagfaidh an Coimisiún amach na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun comhpháirtithe airgeadais cé is moite de BEI a roghnú trí bhithín ghníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 20.
2. Léireofar cuspóirí na Saoráide leis na coinníollacha maidir le comhpháirtithe airgeadais cé is moite de BEI a roghnú.
3. Go háirithe, nuair a bheidh an Coimisiún ag roghnú na comhpháirtithe airgeadais, cuirfidh sé acmhainneacht comhpháirtithe airgeadais féideartha san áireamh i ndáil leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
chun a áirithiú go mbeidh a mbeartas maidir le hiasachtaí i gcomhréir le caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta an Aontais agus le spriocanna an Aontais do 2030 maidir le haeráid agus fuinneamh agus leis an gcuspóir Aontas aeráid-neodrach a bheith ann faoi 2050; |
|
(b) |
chun rannchuidiú le hacmhainní dílse leordhóthanacha chun go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag an deontas ón Aontas; |
|
(c) |
chun a áirithiú go mbeidh cumhdach geografach iomchuí ar an tSaoráid agus chun maoiniú tionscadal aonair níos lú a cheadú; |
|
(d) |
chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 155(2) agus (3) den Rialachán Airgeadais a bhaineann le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach, imghabháil cánach agus dlínsí neamh-chomhoibríocha a chur chun feidhme go hiomlán; |
|
(e) |
chun trédhearcacht agus infheictheacht leordhóthanach a áirithiú maidir le gach tionscadal a mhaoinítear tríd an tSaoráid. |
4. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhpháirtithe airgeadais a roghnaíodh i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Airteagal 16
Faireachán agus tuairisciú
1. In Iarscríbhinn II leagtar amach eochairtháscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus dhul chun cinn na Saoráide maidir le baint amach na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.
2. Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí maidir leis na táscairí dá dtagraítear i mír 1 ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Cuirfidh tairbhithe agus comhpháirtithe airgeadais na sonraí maidir leis na táscairí sin ar fáil don Choimisiún i gcomhréir leis na comhaontuithe deontais agus riaracháin, faoi seach.
3. Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain féilire, ag tosú le 2022, eiseoidh an Coimisiún tuairisc faoi chur chun feidhme na Saoráide. Sa tuairisc sin, cuirfear faisnéis ar fáil maidir le leibhéal chur chun feidhme na Saoráide i ndáil lena cuspóirí, lena coinníollacha agus lena táscairí feidhmíochta.
4. I gcás ina bhfaightear sa tuairisc mheastóireachta eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 17(2) nach gceadaítear measúnú cuí ar an tSaoráid leis na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 19 chun na heochairtháscairí feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leasú.
Airteagal 17
Meastóireacht
1. Déanfar meastóireacht ar chur chun feidhme na Saoráide agus ar an acmhainneacht atá aici na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach ar bhealach sách tráthúil chun gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh.
2. Déanfar meastóireacht eatramhach faoin 30 Meitheamh 2025 agus cuirfear tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an mheastóireacht eatramhach sin. Sa mheastóireacht eatramhach, déanfar measúnú ar:
|
(a) |
an méid a rannchuidigh an tacaíocht ón Aontas a soláthraíodh faoin tSaoráid le riachtanais na gcríoch a chuireann na pleananna críochacha um aistriú cóir chun feidhme; |
|
(b) |
an gcaoi ar cuireadh na prionsabail chothrománacha dá dtagraítear in Airteagal 4 san áireamh; |
|
(c) |
a riachtanaí atá sé measúnú tionchair inscne a dhéanamh; |
|
(d) |
chur i bhfeidhm na coinníollacha incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 9 agus ar an gcaoi ar cuireadh na hoibleagáidí infheictheachta i bhfeidhm; |
|
(e) |
an méid a rannchuidigh an tSaoráid leis na cuspóirí comhshaoil a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) freisin, ar bhonn na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht faoin tSaoráid, agus na critéir scagtha is infheidhme dá bhforáiltear sa Rialachán sin á gcur san áireamh. |
Féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil meastóireachta eatramhaí, ina gcuirfear san áireamh, go háirithe, coigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na coinníollacha incháilitheachta.
3. Ag deireadh na tréimhse cur chun feidhme, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2031, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach maidir le torthaí agus tionchar fadtéarmach na Saoráide a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfar na nithe a leagtar amach i mír 2 a mheas freisin.
Airteagal 18
Iniúchtaí
1. Is Iniúchtaí ar úsáid na tacaíochta ón Aontas arna soláthar faoin tSaoráid, lena n-áirítear iniúchtaí a rinne daoine nó eintitis seachas iad siúd a bhfuil sainordú acu ó institiúidí nó comhlachtaí an Aontais, a bheidh ina mbonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.
2. Déanfaidh na tairbhithe agus na comhpháirtithe airgeadais, i gcomhréir leis na comhaontuithe deontais agus riaracháin faoi seach, gach doiciméad atá ar fáil agus is gá a sholáthar don Choimisiún agus d’aon iniúchóirí ainmnithe le go gcuirfidh siad a gcuid cúraimí iniúchta i gcrích.
3. Is í an Chúirt Iniúchóirí a dhéanfaidh an t-iniúchadh seachtrach ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo maidir le húsáid na tacaíochta ón Aontas arna soláthar faoin tSaoráid, i gcomhréir le hAirteagal 287 CFAE. Chun na críocha sin, tabharfar rochtain don Chúirt Iniúchóirí, arna hiarraidh sin di, agus, ar aon doiciméad nó ar aon fhaisnéis is gá chun dul i mbun a cuid cúraimí iniúchóireachta, lena n-áirítear aon fhaisnéis maidir leis na meastóireachtaí ar iarratais agus maidir lena dtorthaí, i gcomhréir le hAirteagal 287(3) CFAE.
Airteagal 19
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(4) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 16(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú (dhá mhí) ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 20
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh an Coiste a bhunaítear le hAirteagal 115(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 21
Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht
1. Áiritheoidh tairbhithe agus comhpháirtithe airgeadais infheictheacht na tacaíochta ón Aontas arna soláthar faoin tSaoráid, go háirithe agus na tionscadail agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe a sholáthar do lucht spéise iomadúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.
2. Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an tSaoráid, leis na tionscadail a maoiníodh agus torthaí na dtionscadal sin. Áirítear leis sin, go háirithe, na Ballstáit a chur ar an eolas faoin rún atá ag an gCoimisiún an tSaoráid a oscailt do chomhpháirtithe airgeadais cé is moite de BEI agus na Ballstáit a chur ar an eolas faoi na glaonna ar thograí a foilsíodh, chomh maith le feasacht a mhúscailt maidir leis an tacaíocht theicniúil agus riaracháin arna soláthar do thairbhithe. Leis na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an tSaoráid, rannchuideofar freisin le cumarsáid a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na tionscadal arna maoiniú faoin tSaoráid a fhoilsiú agus a nuashonrú go rialta.
Airteagal 22
Forálacha idirthréimhseacha
Más gá, féadfar leithreasuithe a chur isteach sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 5(5) a chumhdach ionas go mbeifear in ann bainistiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027.
Airteagal 23
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. LOGAR
(1) IO C 373, 4.11.2020, lch. 1
(2) IO C 429, 11.12.2020, lch. 240
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Iúil 2021.
(4) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráid-neodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn, Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorainneacha agus Beartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(6) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
(7) Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
(8) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(9) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(10) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(11) Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1).
(12) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(13) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(14) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(15) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(16) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(17) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir le comhrac na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(18) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(19) Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107 26.3.2021, lch. 30).
(20) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
IARSCRÍBHINN I
Ionstraimí airgeadais ar féidir aisíocaíochtaí a úsáid astu le haghaidh na Saoráide
A. Ionstraimí Cothromais:
|
— |
An tSaoráid Eorpach Teicneolaíochta (ETF98): Cinneadh Uimh. 98/347/CE an 19 Bealtaine 1998 ón gComhairle maidir le bearta cúnaimh airgeadais le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá nuálach agus a chruthaíonn poist - an tionscnamh fáis agus fostaíochta (IO L 155, 29.5.1998, lch. 43); |
|
— |
TTP: Cinneadh ón gCoimisiún lena nglactar cinneadh comhlántach maoinithe i ndáil le gníomhaíochtaí a mhaoiniú don ghníomhaíocht “An margadh inmheánach in earraí agus beartais earnálacha” de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Fiontraíochta agus na Tionsclaíochta don bhliain 2007 agus lena nglactar an cinneadh réime maidir le maoiniú na réamhghníomhaíochta “An ról atá le himirt ag an Aontas Eorpach sa saol domhandaithe” agus maidir le maoiniú ceithre threoirthionscadal de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Fiontraíochta agus na Tionsclaíochta don bhliain 2007, is iad sin “Fiontraithe óga Erasmus”, “Bearta chun comhar agus comhpháirtíochtaí idir micrifhiontair agus FBManna a chur chun cinn”, “An tAistriú Teicneolaíoch” agus “Cinn Scríbe Eorpacha Sármhaitheasa” (C(2007)531); |
|
— |
An tSaoráid Eorpach Teicneolaíochta (ETF01): Cinneadh 2000/819/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2000 maidir le clár ilbhliantúil le haghaidh fiontair agus fiontraíochta agus go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) (2001-2005) (IO L 333, 29.12.2000, lch. 84); |
|
— |
An tSaoráid Bhonneagair Dhomhanda: Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007 go 2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15); |
|
— |
An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE): Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129), arna mhodhnú le Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1291/2013 agus (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1); |
|
— |
COSME EFG: Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33); |
|
— |
Cothromas InnovFin:
|
|
— |
An Réimse de chuid EaSI “Infheistíocht d’Fhothú Acmhainneachta”: Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (“EaSI”) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238). |
B. Ionstraimí Ráthaíochta:
|
— |
Saoráid Ráthaíochta FBManna “98 (SMEG98): Cinneadh 98/347/CE ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le bearta cúnaimh airgeadais le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá nuálach agus a chruthaíonn poist - an tionscnamh fáis agus fostaíochta (IO L 155, 29.5.1998, lch. 43); |
|
— |
Saoráid Ráthaíochta FBManna “01 (SMEG01): Cinneadh 2000/819/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2000 maidir le clár ilbhliantúil le haghaidh fiontair agus fiontraíochta agus go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) (2001-2005) (IO L 333, 29.12.2000, lch. 84); |
|
— |
Saoráid Ráthaíochta le haghaidh FBManna “07 (SMEG07): Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007 go 2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15); |
|
— |
Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach – Ráthaíocht (EPMF-G): Cinneadh Uimh. 283/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2010 lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 87, 7.4.2010, lch. 1); |
|
— |
Ionstraimí Comhroinnte Riosca:
|
|
— |
Ráthaíocht EaSI: Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (“EaSI”) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238); |
|
— |
Saoráid Ráthaíochta Iasachta COSME (COSME LGF): Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33); |
|
— |
Fiachas InnovFin:
|
|
— |
Saoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta (CCS GF): Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n-aisghairtear Cinntí Uimh. 1718/2006/CE, Uimh. 1855/2006/CE agus Uimh. 1041/2009/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 221); |
|
— |
Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn (SLGF): Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt; agus lena n-aisghairtear Cinntí Uimh. 1719/2006/CE, Uimh. 1720/2006/CE agus Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50); |
|
— |
Maoiniú Príobháideach le haghaidh Éifeachtúlacht Fuinnimh (PF4EE): Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185). |
C. Ionstraimí Roinnte Riosca:
|
— |
InnovFin:
|
|
— |
Ionstraim Fiachais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (CEF DI): Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 680/2007 agus (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129); |
|
— |
An tSaoráid Mhaoiniúcháin um Chaipiteal Nádúrtha (NCFF): Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185). |
D. Meáin Infheistíochta Thiomanta:
|
— |
An tSaoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach – Fonds commun de placements – fonds d’investissements spécialisés (EPMF FCP-FIS): Cinneadh Uimh. 283/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2010 lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 87, 7.4.2010, lch. 1); |
|
— |
Ciste Marguerite:
|
|
— |
An Ciste Eorpach um Éifeachtúlacht Fuinnimh (CEEF): Rialachán (AE) Uimh. 1233/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 lena mbunaítear clár chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh (IO L 346, 30.12.2010, lch. 5). |
IARSCRÍBHINN II
Eochairtháscairí feidhmíochta (1)
1.
Líon na ndeontas a dámhadh
2.
Líon na n-iasachtaí a síníodh|
2.1. |
Iasachtaí aonair |
|
2.2. |
Scéimeanna iasachta |
3.
Foriomlán na hinfheistíochta a slógadh, roinnte mar a leanas|
3.1 |
Méid an mhaoiniúcháin phríobháidigh a slógadh |
|
3.2 |
Méid an mhaoiniúcháin phoiblí a slógadh |
4.
Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht, arna mhiondealú mar a leanas|
4.1. |
Tír |
|
4.2. |
Réigiún NUTS 2 |
|
4.3. |
Críoch um aistriú cóir lena dtacaítear |
5.
Líon na dtionscadal a fhaigheann maoiniú faoin tSaoráid
6.
Líon na dtionscadal de réir earnála|
6.1. |
Iompar |
|
6.2. |
Bonneagar sóisialta |
|
6.3. |
Fóntas poiblí (uisce, fuíolluisce, téamh ceantair, fuinneamh, bainistiú dramhaíola) |
|
6.4. |
Tacaíocht dhíreach chun an t-aistriú i dtreo na haeráid-neodrachta a éascú (fuinneamh inathnuaite, dícharbónú, éifeachtúlacht fuinnimh) |
|
6.5. |
Cuspóirí comhshaoil |
|
6.6. |
Bonneagar uirbeach agus tithíocht |
|
6.7. |
Eile |
7.
Laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, i gcás inarb ábhartha
8.
Cruthú post, i gcás inarb ábhartha
(1) Déanfar na táscairí ar fad a mhiondealú de réir réigiúin, i gcás inarb ábhartha. Déanfar na sonraí pearsanta ar fad a mhiondealú de réir inscne, i gcás inarb ábhartha.
|
30.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 274/20 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1230 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Iúil 2021
maidir le híocaíochtaí trasteorann san Aontas
(códú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a leasú go suntasach roinnt uaireanta (5). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú. |
|
(2) |
D’fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chinntiú agus chun trádáil trasteorann laistigh den Aontas a éascú, tá sé riachtanach go bhfuil na muirir ar íocaíochtaí trasteorann in euro agus na muirir ar íocaíochtaí comhfhreagracha laistigh de Bhallstát mar an gcéanna. |
|
(3) |
Maidir le hionstraimí íocaíochta atá, go príomha nó go heisiatach, páipéar-bhunaithe, amhail seiceanna, níl sé inmholta prionsabal chomhionannas na muirear a chur i bhfeidhm, ós rud é nach féidir, mar gheall ar na cineálacha íocaíochtaí atá i gceist, iad a phróiseáil ar bhealach chomh héifeachtúil céanna le híocaíochtaí leictreonacha. |
|
(4) |
Ba cheart go mbeadh feidhm ag prionsabal chomhionannas na muirear maidir le híocaíochtaí a tionscnaíodh nó a foirceannadh ar pháipéar nó in airgead a phróiseáiltear go leictreonach le linn an tslabhra fhorghníomhaithe íocaíochta, seachas seiceanna agus maidir leis na muirir go léir atá nasctha go díreach nó go hindíreach le hidirbheart íocaíochta, lena n-áirítear muirir atá nasctha go díreach le conradh. Áirítear le muirir indíreacha, muirir as ordú buan íocaíochta a shocrú, nó táillí as cárta íocaíochta nó cárta dochair nó cárta creidmheasa a úsáid, ar mar a chéile ar cheart dó a bheith d’idirbhearta íocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann laistigh den Aontas. |
|
(5) |
Chun ilroinnt na margaí íocaíochta a chosc, is iomchuí prionsabal chomhionannas na muirear a chur i bhfeidhm. Chun na críche sin, ba cheart íocaíocht náisiúnta, atá beagnach nó go hiomlán mar an gcéanna leis an íocaíocht trasteorann, a shainaithint do gach cineál íocaíochta trasteorann. Is féidir, inter alia, na critéir seo a leanas a úsáid, mar shampla, chun an íocaíocht náisiúnta a fhreagraíonn d’íocaíocht trasteorann a aithint: an cainéal a úsáidtear chun an íocaíocht a thionscnamh, a dhéanamh nó a fhoirceannadh, an méid uathoibrithe, aon ráthaíocht íocaíochta, stádas custaiméara agus an caidreamh leis an soláthraí seirbhíse íocaíochta, nó an ionstraim íocaíochta a úsáidtear, faoi mar a shainmhínitear i bpointe (14) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) í. Níor cheart go mbreathnófaí ar na critéir sin mar chritéir uileghabhálacha. |
|
(6) |
Ba cheart do na húdaráis inniúla treoirlínte a eisiúint chun íocaíochtaí comhfhreagracha a aithint nuair a mheasann siad go bhfuil sé riachtanach. Ba cheart don Choimisiún, agus cuidiú á fháil aige, i gcás inarb iomchuí, ón gCoiste um Íocaíochtaí arna bhunú le hAirteagal 85(1) de Threoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), treoir leordhóthanach a chur ar fáil agus cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla. |
|
(7) |
Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a éascú agus chun éagothromaíochtaí a sheachaint idir úsáideoirí seirbhíse íocaíochta sa limistéar euro agus iad sin sna Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro maidir le híocaíochtaí trasteorann in euro, is gá a áirithiú go mbeidh muirir ar íocaíochtaí trasteorann in euro laistigh den Aontas i gcomhréir le muirir ar íocaíochtaí náisiúnta comhfhreagracha a dhéantar in airgeadra náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an úsáideora seirbhíse íocaíochta lonnaithe. Meastar soláthraí seirbhíse íocaíochta a bheith lonnaithe sa Bhallstát ina bhfuil sé ag soláthar a sheirbhísí don úsáideoir seirbhíse íocaíochta. |
|
(8) |
Tá muirir comhshó airgeadra ina gcostas suntasach d’íocaíochtaí trasteorann i gcás nach ionann an t-airgeadra atá in úsáid i mBallstát an íocóra agus i mBallstát an íocaí. Ceanglaítear faoi Airteagal 45 de Threoir (AE) 2015/2366 go mbeadh na muirir agus na rátaí malairte a úsáidtear trédhearcach, sonraítear in Airteagal 52, pointe (3), den Treoir sin na ceanglais faisnéise i ndáil le hidirbhearta íocaíochta atá cumhdaithe ag creatchonradh agus cumhdaítear in Airteagal 59(2) den Treoir sin na ceanglais faisnéise atá ar pháirtithe a thairgeann seirbhísí comhshó airgeadra ag uathmheaisín bainc (UMB) nó ag an díolphointe. Is gá foráil a dhéanamh do bhearta breise chun go gcosnófar tomhaltóirí ar mhuirir iomarcacha ar sheirbhísí comhshó airgeadra, agus chun a áirithiú go dtabharfar do thomhaltóirí an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun an rogha comhshó airgeadra is fearr a dhéanamh. |
|
(9) |
Ba cheart go mbeadh na bearta atá le cur chun feidhme ina mbearta iomchuí, leordhóthanacha agus costéifeachtacha. Ag an am céanna, i gcásanna ina bhfuil ar an íocóir roghnú idir roghanna éagsúla comhshó airgeadra ag UMB nó ag an díolphointe, ba cheart go bhféadfaí leis an bhfaisnéis a sholáthraítear comparáid a dhéanamh, ionas go bhféadfadh an t-íocóir rogha eolach a dhéanamh. |
|
(10) |
Chun inchomparáideacht a bhaint amach, ba cheart na muirir comhshó airgeadra ar na híocaíochtaí cártabhunaithe go léir a shloinneadh ar an mbealach céanna, eadhon mar chéatadáin marcála suas os cionn na rátaí tagartha malairte eachtraí euro is déanaí atá ar fáil, arna n-eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE). D’fhéadfadh gur ghá marcáil suas a bhunú ar ráta atá díorthaithe ó dhá ráta BCE i gcás ina bhfuil comhshó á dhéanamh idir dhá airgeadra nach euro iad. |
|
(11) |
I gcomhréir leis na ceanglais faisnéise ghinearálta a bhaineann le comhshó airgeadra a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/2366, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí comhshó airgeadra an fhaisnéis a nochtadh maidir lena muirir comhshó airgeadra sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta. I gcás páirtithe a thairgeann seirbhísí comhshó airgeadra ag UMB nó ag an díolphointe, ba cheart dóibh faisnéis maidir lena muirir ar na seirbhísí sin a sholáthar ar bhealach soiléir agus inrochtana, mar shampla trína muirir a chur ar taispeáint ag an gcuntar nó go digiteach ar an teirminéal, nó ar an scáileán i gcás ceannacháin ar líne. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366, ba cheart go gcuirfeadh na páirtithe sin freisin, sula gcuirtear tús le hidirbheart, faisnéis shainráite ar fáil maidir leis an méid atá le híoc leis an íocaí san airgeadra atá in úsáid ag an íocaí agus an méid iomlán atá le híoc ag an íocóir in airgeadra chuntas an íocóra. Ba cheart go sonrófaí sa mhéid atá le híoc san airgeadra atá in úsáid ag an íocaí praghas na n-earraí nó na seirbhísí atá le ceannach agus d’fhéadfaí é sin a thaispeáint ag an tseiceáil amach seachas ar an teirminéal íocaíochta. De ghnáth is é an t-airgeadra áitiúil an t-airgeadra a bhíonn in úsáid ag an íocaí ach, i gcomhréir le prionsabal na saoirse conarthaí, d’fhéadfadh i roinnt cásanna gur airgeadra eile Aontais a bheadh i gceist. Ba cheart go mbeadh an méid iomlán atá le híoc ag an íocóir in airgeadra chuntas an íocóra déanta suas de phraghas na n-earraí nó na seirbhísí agus na muirir comhshó airgeadra. Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfaí an dá mhéid a dhoiciméadú ar admháil nó ar mheán marthanach eile. |
|
(12) |
I ndáil le hAirteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366, i gcás ina ndéantar seirbhís comhshó airgeadra a thairiscint ag UMB nó ag an díolphointe, ba cheart go mbeadh sé indéanta don íocóir an tseirbhís sin a dhiúltú agus íoc san airgeadra atá in úsáid ag an íocaí ina ionad sin. |
|
(13) |
Chun a chur ar chumas íocóirí comparáid a dhéanamh idir muirir a ghabhann leis na roghanna éagsúla comhshó airgeadra ag UMB nó ag an díolphointe, ní hamháin gur cheart do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta na n-íocóirí faisnéis atá go hiomlán inchomparáide a sholáthar maidir leis na muirir is infheidhme don chomhshó airgeadra i dtéarma agus coinníollacha a gcreatchonartha, ach ba cheart go ndéanfaidís freisin an fhaisnéis sin poiblí ar ardán leictreonach atá ar fáil go forleathan agus a bhfuil rochtain éasca orthu, go háirithe ar a suíomh gréasáin do chustaiméirí, ar a suíomh gréasáin baincéireachta baile agus ar a bhfeidhmchláir baincéireachta soghluaiste, ar bhealach atá éasca le tuiscint agus inrochtana. D’fhreastalódh sé sin ar fhorbairt suíomhanna gréasáin comparáide ionas go mbeadh sé níos éasca do thomhaltóirí praghsanna a chur i gcomparáid le chéile agus iad ag taisteal nó ag siopadóireacht thar lear. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfeadh soláthraithe seirbhíse íocaíochta na n-íocóirí i gcuimhne d’íocóirí na muirir comhshó airgeadra is infheidhme nuair a dhéanann siad íocaíocht chártabhunaithe in airgeadra eile, trí úsáid a bhaint as bealaí cumarsáide leictreonacha atá ar fáil go forleathan agus a bhfuil rochtain éasca orthu, amhail teachtaireachtaí SMS, ríomhphoist nó brúfhógraí trí aip baincéireachta soghluaiste an íocóra. Ba cheart go dtiocfadh soláthraithe seirbhíse íocaíochta ar chomhaontú le húsáideoirí seirbhíse íocaíochta maidir leis an mbealach cumarsáide leictreonaí trína soláthróidh siad an fhaisnéis maidir le muirir comhshó airgeadra, ag cur san áireamh an bealach is éifeachtaí chun teacht ar an íocóir. Chomh maith leis sin, ba cheart go nglacfadh soláthraithe seirbhíse íocaíochta freisin le hiarrataí ó úsáideoirí seirbhíse íocaíochta diúltú do theachtaireachtaí leictreonacha a fháil, ar teachtaireachtaí iad ina bhfuil faisnéis faoi mhuirir comhshó airgeadra. |
|
(14) |
Is iomchuí meabhrúcháin thréimhsiúla a úsáid i gcásanna ina bhfuil an t-íocóir ag fanacht thar lear ar feadh tréimhse fhada, mar shampla i gcás ina bhfuil an t-íocóir ar postú nó ag staidéar thar lear, nó i gcás ina n-úsáideann an t-íocóir cárta do cheannacháin ar líne san airgeadra áitiúil. D’áiritheofaí le hoibleagáid maidir le meabhrúcháin den sórt sin a sholáthar go mbeadh an t-íocóir ar an eolas agus é ag meas na roghanna éagsúla comhshó airgeadra. |
|
(15) |
Tá sé tábhachtach go n-éascófaí do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta íocaíochtaí trasteorann a dhéanamh. I dtaca leis sin, ba cheart caighdeánú a chur chun cinn, go háirithe, maidir le húsáid an aitheantóra uimhreach cuntais íocaíochta idirnáisiúnta (IBAN) agus an chóid aitheantóra gnó (BIC). Is iomchuí mar sin faisnéis leordhóthanach maidir leis an IBAN agus an BIC don chuntas i dtrácht a sholáthar d’úsáideoirí seirbhíse íocaíochta. |
|
(16) |
D’fhonn soláthar leanúnach, tráthúil agus éifeachtúil staidrimh chomhardú na n-íocaíochtaí faoi chreat Limistéir Aonair Íocaíochtaí Euro (SEPA) a ráthú, tá sé inmhianaithe a áirithiú maidir le sonraí íocaíochtaí atá ar fáil go réidh, amhail IBAN, BIC, méid an idirbhirt nó sonraí bunúsacha comhiomlánaithe maidir le híocaíochtaí a bhaineann le hionstraimí íocaíochta éagsúla, go bhféadfaí fós iad a bhailiú, más rud é nach gcuireann an próiseas bailiúcháin isteach ar phróiseáil íocaíochtaí uathoibhríoch agus gur féidir an próiseas bailiúcháin a uathoibriú go hiomlán. Níl aon tionchar ag an Rialachán seo ar oibleagáidí tuairiscithe chun críocha beartais eile, amhail sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, ná chun críocha fioscacha. |
|
(17) |
Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht d’údaráis inniúla a ndualgais faireacháin a chomhlíonadh go héifeachtúil agus na bearta uile is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann na soláthraithe seirbhíse íocaíochta forálacha an Rialacháin seo. |
|
(18) |
Chun a áirithiú gur féidir sásamh a fháil nuair a chuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm go mícheart, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do nósanna imeachta do ghearán nó achomhairc leordhóthanach agus éifeachtach chun díospóidí idir an úsáideoir seirbhíse íocaíochta agus an soláthraí seirbhíse íocaíochta a réiteach. Tá sé tábhachtach freisin go ndéantar údaráis inniúla agus comhlachtaí um shásamh agus gearán lasmuigh den chúirt a ainmniú. |
|
(19) |
Tá sé riachtanach a áirithiú go gcomhoibríonn údaráis inniúla agus comhlachtaí um shásamh lasmuigh den chúirt, laistigh den Aontas, ar shlí ghníomhach chun go réiteofar díospóidí trasteorann faoin Rialachán seo go rianúil agus go tráthúil. Ba cheart go mbeadh sé indéanta go ndéanfaí comhoibriú den chineál sin trí fhaisnéis a mhalartú i ndáil leis an dlí nó an cleachtas dlíthiúil ina ndlínse féin nó trí nósanna imeachta gearáin nó sásaimh a aistriú nó a ghlacadh más iomchuí. |
|
(20) |
Ní mór do na Ballstáit pionóis atá éifeachtach, chomhréireach agus athchomhairleach a leagan síos sa dlí náisiúnta in aghaidh neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo. |
|
(21) |
Bheadh buntáistí soiléire ag baint le leathnú an Rialacháin seo go hairgeadraí seachas an euro, go háirithe maidir le líon na n-íocaíochtaí a chumhdófar. Ionas go bhféadfadh Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu feidhmiú an Rialacháin seo a leathnú go híocaíochtaí trasteorann arna n-ainmniú ina n-airgeadra náisiúnta, ba cheart foráil a dhéanamh do nós imeachta fógartha. |
|
(22) |
Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, BCE agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm na rialach lena gcothromaítear costas na n-íocaíochtaí trasteorann in euro le costas na n-idirbheart náisiúnta in airgeadraí náisiúnta agus maidir le héifeachtacht na gceanglas faisnéise ar chomhshó airgeadra a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún anailís ar fhéidearthachtaí breise freisin, agus ar indéantacht theicniúil na bhféidearthachtaí sin, chun síneadh a chur leis an riail maidir le muirir chothroma ionas go gcuimseofaí gach airgeadra Aontais agus feabhas breise a chur ar thrédhearcacht agus inchomparáideacht na muirear comhshó airgeadra, chomh maith leis na páirtithe a bheith in ann cumasú agus díchumasú a dhéanamh ar an rogha glacadh le comhshó airgeadra seachas an rogha a chuireann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ar fáil. |
|
(23) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó iarmhairtí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le híocaíochtaí trasteorann agus maidir le trédhearcacht na muirear comhshó airgeadra laistigh den Aontas.
2. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí trasteorann, i gcomhréir le forálacha Threoir (AE) 2015/2366, atá ainmnithe in euro nó in airgeadraí náisiúnta na mBallstát a bhfuil fógra tugtha acu maidir lena gcinneadh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leathnú go dtí a n-airgeadra féin, i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo.
D’ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, tá feidhm ag Airteagal 4 agus Airteagal 5 maidir le híocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann atá ainmnithe in euro nó in airgeadra náisiúnta de chuid Ballstáit seachas an euro agus a dhéantar le seirbhís comhshó airgeadra.
3. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí a dhéanann soláthraithe seirbhíse íocaíochta ar a gcuntas féin nó thar ceann soláthraithe eile seirbhíse íocaíochta.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “íocaíocht trasteorann” idirbheart íocaíochta a phróiseáiltear go leictreonach a thionscnaíonn íocóir nó íocaí nó a thionscnaítear trí íocaí, i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí lonnaithe i mBallstáit dhifriúla. |
|
(2) |
ciallaíonn “íocaíocht náisiúnta” idirbheart íocaíochta a phróiseáiltear go leictreonach a thionscnaíonn íocóir nó íocaí nó a thionscnaítear trí íocaí i gcás ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí lonnaithe sa Bhallstát céanna. |
|
(3) |
ciallaíonn “íocóir” duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine nádúrtha nó duine dlítheanach a thugann ordú íocaíochta. |
|
(4) |
ciallaíonn “íocaí” duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá ceaptha mar fhaighteoir cistí lenar bhain idirbheart íocaíochta. |
|
(5) |
ciallaíonn “soláthraí seirbhíse íocaíochta” aon cheann de chatagóirí de dhaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir (AE) 2015/2366 agus na daoine nádúrtha nó na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 32 den Treoir sin, ach déanann sé na hinstitiúidí sin a eisiamh atá liostaithe i bpointe (2) go pointe (23) d’Airteagal 2(5) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a thairbhíonn de tharscaoileadh Ballstáit arna fheidhmiú faoi Airteagal 2(5) de Threoir (AE) 2015/2366. |
|
(6) |
ciallaíonn “úsáideoir seirbhíse íocaíochta” duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta mar íocóir nó mar íocaí, nó sa dá cháil. |
|
(7) |
ciallaíonn “idirbheart íocaíochta” gníomh, arna thionscnamh ag íocóir nó ag íocaí nó trí íocaí, lena gcuirtear, lena n-aistrítear nó lena n-aistarraingítear cistí, beag beann ar aon bhunoibleagáidí idir an t-íocóir agus an t-íocaí. |
|
(8) |
ciallaíonn “ordú íocaíochta” treoir a thugann íocóir nó íocaí dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta ag iarraidh go ndéanfar idirbheart íocaíochta. |
|
(9) |
ciallaíonn “muirear” aon mhéid a thoibhíonn soláthraí seirbhíse íocaíochta ar úsáideoir seirbhíse íocaíochta ar méid é atá nasctha go díreach nó go hindíreach le hidirbhearta íocaíochta, aon mhéid a thoibhíonn soláthraí seirbhíse íocaíochta nó páirtí a sholáthraíonn seirbhísí comhshó airgeadra i gcomhréir le hAirteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366 ar úsáideoir seirbhíse íocaíochta le haghaidh seirbhís comhshó airgeadra, nó teaglaim díobh sin. |
|
(10) |
ciallaíonn “cistí” nótaí bainc agus monaí, airgead scríbhinne agus airgead leictreonach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(11) |
ciallaíonn “tomhaltóir” duine dlítheanach atá ag gníomhú chun críocha eile seachas a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó nó a ghairm nó a gairm. |
|
(12) |
ciallaíonn “micreaghnóthas” gnóthas ar gnóthas é tráth an chonartha seirbhíse íocaíochta a thabhairt chun críche, faoi mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 agus in Airteagal 2(1) agus (3) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (10). |
|
(13) |
ciallaíonn “táille idirmhalartaithe” táille a íoctar idir soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra agus soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí do gach idirbheart dochair dhírigh. |
|
(14) |
ciallaíonn “dochar díreach” seirbhís íocaíochta ina gcuirtear cuntas íocaíochta íocóra do dhochar, i gcás ina dtionscnaíonn an t-íocaí idirbheart íocaíochta ar bhonn chomhthoil an íocóra, comhthoil do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí nó do sholáthraí seirbhíse íocaíochta féin an íocóra. |
|
(15) |
ciallaíonn “scéim dochair dhírigh” sraith choiteann rialacha, cleachtas agus caighdeán arna n-aontú idir soláthraithe seirbhíse íocaíochta maidir le hidirbhearta dochair dhírigh a fhorghníomhú. |
Airteagal 3
Muirir ar íocaíochtaí trasteorann agus íocaíochtaí náisiúnta comhfhreagracha
1. Na muirir a thoibheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta ar úsáideoir seirbhísé íocaíochta maidir le híocaíochtaí trasteorann in euro, beidh siad mar an gcéanna leis na muirir a thoibheoidh an soláthraí seirbhísé íocaíochta sin le haghaidh íocaíochtaí náisiúnta comhfhreagracha den luach céanna in airgeadra náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil soláthraí seirbhíse íocaíochta an úsáideora seirbhíse íocaíochta lonnaithe.
2. Na muirir a thoibheoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta ar úsáideoir seirbhíse íocaíochta maidir le híocaíochtaí trasteorann san airgeadra náisiúnta de chuid Ballstáit a thug fógra faoin gcinneadh uaidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leathnú chuig a airgeadra náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 13, beidh siad mar an gcéanna leis na muirir a thoibheoidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta sin ar úsáideoirí seirbhíse íocaíochta maidir le híocaíochtaí náisiúnta comhfhreagracha den luach céanna agus san airgeadra céanna.
3. Agus measúnú á dhéanamh ag soláthraí seirbhíse íocaíochta ar leibhéal na muirear ar íocaíocht trasteorann, chun críche mír 1 a chomhlíonadh, déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaíocht náisiúnta chomhfhreagrach a aithint. Eiseoidh na húdaráis inniúla treoirlínte chun íocaíochtaí náisiúnta comhfhreagracha a aithint nuair a mheasann siad go bhfuil sé riachtanach. Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát go gníomhach laistigh den Choiste um Íocaíochtaí arna bhunú le hAirteagal 85(1) de Threoir 2007/64/CE chun comhsheasmhacht treoirlínte maidir le híocaíochtaí comhfhreagracha náisiúnta a áirithiú.
4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 ar mhuirir comhshó airgeadra.
Airteagal 4
Muirir comhshó airgeadra a bhaineann le hidirbhearta cártabhunaithe
1. I ndáil leis na ceanglais faisnéise maidir le muirir comhshó airgeadra agus leis an ráta malairte is infheidhme, mar a leagtar amach in Airteagal 45(1), Airteagal 52, pointe (3), agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366, déanfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta, agus páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí comhshó airgeadra ag uathmheaisín bainc (UMB) nó ag an díolphointe, amhail dá dtagraítear in Airteagal 59(2) den Treoir sin, na muirir iomlána comhshó airgeadra a shloinneadh mar chéatadán marcála suas os cionn na rátaí tagartha malairte eachtraí euro is déanaí atá ar fáil arna n-eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE). Déanfar an mharcáil suas sin a nochtadh don íocóir sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta.
2. Déanfaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta an mharcáil suas dá dtagraítear i mír 1 poiblí freisin ar bhealach intuigthe a bhfuil sé éasca rochtain a fháil air ar ardán leictreonach atá ar fáil go forleathan agus inrochtana go héasca.
3. De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh páirtí a sholáthraíonn seirbhís comhshó airgeadra ag UMB nó ag an díolphointe an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don íocóir sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta:
|
(a) |
an méid atá le híoc leis an íocaí san airgeadra atá in úsáid ag an íocaí; |
|
(b) |
an méid atá le híoc ag an íocóir in airgeadra chuntas an íocóra. |
4. Déanfaidh páirtí a sholáthraíonn seirbhísí comhshó airgeadra ag UMB nó ag an díolphointe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar taispeáint go soiléir ag an UMB nó ag an díolphointe. Sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta, cuirfidh an páirtí sin an t-íocóir ar an eolas freisin go bhfuil an fhéidearthacht ann íoc san airgeadra a úsáideann an t-íocaí agus go bhféadfadh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra an comhshó airgeadra a dhéanamh ina dhiaidh sin. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 a chur ar fáil gan mhoill don íocóir ar mheán marthanach tar éis thús an idirbhirt íocaíochta freisin.
5. Maidir le gach cárta íocaíochta a d’eisigh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra chuig an íocóir agus atá nasctha leis an gcuntas céanna, seolfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra teachtaireacht leictreonach chuig an íocóir ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 gan mhoill mhíchuí tar éis do sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ordú íocaíochta a fháil le haghaidh aistarraingt airgid ag UMB nó le haghaidh íocaíocht ag an díolphointe atá ainmnithe in aon airgeadra Aontais atá éagsúil ó airgeadra chuntas an íocóra.
D’ainneoin na chéad fhomhíre, seolfar teachtaireacht den sórt sin uair amháin i ngach mí ina bhfaigheann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ordú íocaíochta ón íocóir atá ainmnithe san airgeadra céanna.
6. Tiocfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta ar chomhaontú leis an úsáideoir seirbhíse íocaíochta maidir leis an mbealach nó na bealaí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go forleathan agus atá inrochtana go héasca trína ndéanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an teachtaireacht dá dtagraítear i mír 5 a sheoladh.
Déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an fhéidearthacht a thairiscint d’úsáideoirí seirbhíse íocaíochta diúltú na teachtaireachtaí leictreonacha a fháil, ar teachtaireachtaí iad dá dtagraítear i mír 5.
Féadfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus an t-úsáideoir seirbhíse íocaíochta teacht ar chomhaontú nach bhfuil feidhm ag mír 5 ná ag an mír seo go hiomlán nó go páirteach i gcás nach tomhaltóir é an t-úsáideoir seirbhíse íocaíochta.
7. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar saor in aisce agus ar bhealach neodrach agus intuigthe.
Airteagal 5
Muirir comhshó airgeadra a bhaineann le haistrithe creidmheasa
1. I gcás ina ndéanann soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra seirbhís comhshó airgeadra a thairiscint i ndáil le haistriú creidmheasa, mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366, a gcuirtear tús leis go díreach ar líne, ag úsáid shuíomh gréasáin nó feidhmchlár baincéireachta móibílí an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta, déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta, i dtaca le hAirteagal 45(1) agus Airteagal 52, pointe (3), den Treoir sin, an t-íocóir a chur ar an eolas sula gcuirtear tús leis an idirbheart íocaíochta, ar bhealach soiléir, neodrach agus intuigthe, maidir leis na muirir mheasta ar na seirbhísí comhshó airgeadra is infheidhme i leith an aistrithe creidmheasa.
2. Sula gcuirfear tús le hidirbheart íocaíochta, déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an t-íocóir a chur ar an eolas, ar bhealach soiléir, neodrach agus intuigthe, faoi mhéid mheasta iomlán an aistrithe creidmheasa in airgeadra chuntas an íocóra, lena n-áirítear aon táille idirbhirt agus aon mhuirir comhshó airgeadra. Tabharfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta eolas freisin faoin méid measta atá le haistriú leis an íocaí san airgeadra atá in úsáid ag an íocaí.
Airteagal 6
Bearta chun uathoibriú íocaíochtaí a éascú
1. Déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta, i gcás inarb infheidhme, aitheantóir uimhreach cuntais íocaíochta idirnáisiúnta (IBAN) úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus cód aitheantóra gnó (BIC) an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta a chur in iúl don úsáideoir seirbhíse íocaíochta.
Ina theannta sin, i gcás inarb infheidhme, léireoidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta IBAN úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus BIC an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta ar ráitis chuntais, nó in iarscríbhinn a ghabhann leo.
Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an fhaisnéis a cheanglaítear faoin mír seo ar fáil saor in aisce don úsáideoir seirbhíse íocaíochta.
2. Féadfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta muirir a thobhach sa bhreis ar na muirir a toibhíodh i gcomhréir le hAirteagal 3(1) ar úsáideoir na seirbhíse íocaíochta i gcás ina dtreoraíonn an t-úsáideoir sin don soláthraí seirbhíse íocaíochta íocaíocht trasteorann a dhéanamh gan an IBAN a chur in iúl agus i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), an BIC gaolmhar le haghaidh an chuntais íocaíochta sa Bhallstát eile. Beidh na muirir sin iomchuí agus i gcomhréir leis na costais. Beidh siad aontaithe idir an soláthraí seirbhíse íocaíochta agus an úsáideoir seirbhíse íocaíochta. Cuirfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an úsáideoir seirbhíse íocaíochta ar an eolas maidir le méid na muirear breise in am agus i dtráth sula mbeidh an úsáideoir seirbhíse íocaíochta faoi cheangal ag comhaontú den chineál sin.
3. I gcás inarb iomchuí, maidir leis an gcineál idirbhirt íocaíochta atá i gceist, le haghaidh sonraisciú earraí agus seirbhísí san Aontas, cuirfidh soláthróir earraí agus seirbhísí a ghlacann le híocaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a IBAN féin agus BIC a sholáthraí seirbhíse íocaíochta in iúl dá chustaiméirí.
Airteagal 7
Oibleagáidí tuairiscithe maidir le comhardú na n-íocaíochtaí
1. Ní dhéanfaidh na Ballstáit foráil maidir le hoibleagáidí tuairiscthe náisiúnta atá bunaithe ar shocraíocht agus a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta i gcomhair staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí a bhaineann le hidirbhearta íocaíochta a gcustaiméirí.
2. Gan dochar do mhír 1, féadfaidh Ballstáit sonraí comhiomlánaithe nó faisnéis ábhartha eile atá ar fáil go héasca a bhailiú, ar choinníoll nach mbeidh aon tionchar ag an mbailiúchán sin ar phróiseáil dhíreach íocaíochtaí agus gur féidir le soláthraithe seirbhíse íocaíochta é a uathoibriú go hiomlán.
Airteagal 8
Na hÚdaráis inniúla
Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú i dtaobh na n-údarás inniúil ar tugadh fógra dó maidir leo i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009.
Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na húdaráis inniúla faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo agus gach beart is gá a ghlacadh chun an comhlíonadh sin a áirithiú.
Airteagal 9
Nósanna imeachta gearáin do sháruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo
1. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le nósanna imeachta chun go bhféadfaidh úsáideoirí seirbhíse íocaíochta agus páirtithe leasmhara eile gearáin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil maidir le cásanna ina gcuirfear i leith soláthraithe seirbhíse íocaíochta gur sháraigh siad an Rialachán seo.
2. I gcás inarb iomchuí agus gan dochar don cheart chun imeachtaí a thabhairt os comhair cúirte i gcomhréir le dlí náisiúnta nós imeachta, cuirfidh na húdaráis inniúla in iúl d’aon pháirtí a chuir gearán isteach go bhfuil nósanna imeachta um ghearán agus sásamh ann lasmuigh den chúirt dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 10.
Airteagal 10
Nósanna imeachta ghearán agus sásamh lasmuigh den chúirt
1. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le nósanna imeachta leordhóthanacha agus éifeachtacha i dtaca le gearán agus sásamh lasmuigh den chúirt chun díospóidí a bhaineann le cearta agus oibleagáidí a eascraíonn ón Rialachán seo idir úsáideoirí seirbhíse íocaíochta a réiteach. Chun na críche sin déanfaidh na Ballstáit na comhlachtaí freagracha a ainmniú.
2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú i dtaobh na gcomhlachtaí ar tugadh fógra dó maidir leo i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009.
3. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach bhfuil feidhm ag an Airteagal seo ach amháin i gcás úsáideoirí seirbhíse íocaíochta ar tomhaltóirí nó micreaghnóthais iad. Sa chás sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún dá réir sin.
Airteagal 11
Comhar trasteorann
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus na comhlachtaí atá freagrach as na nósanna imeachta um ghearán agus sásamh lasmuigh den chúirt sna Ballstáit dhifriúla, dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 10, go gníomhach agus go pras chun díospóidí trasteorann a réiteach. Áiritheoidh na Ballstáit go dtarlóidh an comhar sin.
Airteagal 12
Pionóis
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfaidh difear do na rialacha agus na bearta ar tugadh fógra dó ina leith i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 924/2009.
Airteagal 13
Cur i bhfeidhm maidir le hairgeadraí eile seachas an euro
Cuirfidh Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige agus a chinneann cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leathnú chuig a airgeadra náisiúnta fógra chuig an gCoimisiún dá réir sin.
Foilseofar an fógra sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh éifeacht ag cur i bhfeidhm leathnaithe an Rialacháin seo maidir le hairgeadra náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann 14 lá tar éis an fhoilseacháin sin.
Airteagal 14
Athbhreithniú
1. Faoin 19 Aibreán 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm agus tionchar an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, BCE agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar tuarascáil í ina mbeidh, go háirithe:
|
(a) |
meastóireacht ar an gcaoi a gcuireann soláthraithe seirbhíse íocaíochta Airteagal 3 den Rialachán seo i bhfeidhm; |
|
(b) |
meastóireacht ar fhorbairt líon na n-íocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann agus na muirear ar na híocaíochtaí sin in airgeadraí náisiúnta na mBallstát agus in euro ón dáta a glacadh Rialachán (AE) 2019/518 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), eadhon, an 19 Márta 2019; |
|
(c) |
meastóireacht ar thionchar Airteagal 3 den Rialachán seo maidir le forbairt na muirear comhshó airgeadra agus muirear eile a bhaineann le seirbhísí íocaíochta, d’íocóirí agus d’íocaithe araon; |
|
(d) |
meastóireacht ar thionchar measta Airteagal 3(1) den Rialachán seo a leasú ionas go gcumhdófaí airgeadraí na mBallstát uile; |
|
(e) |
meastóireacht ar an gcaoi a ndéanann seirbhísí comhshó airgeadra na ceanglais faisnéise a chur i bhfeidhm a leagtar síos in Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Rialachán seo agus sna dlíthe náisiúnta lena ndéantar Airteagal 45(1), Airteagal 52, pointe (3), agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366 a chur chun feidhme agus cibé an bhfuil na rialacha sin tar éis feabhas a chur ar thrédhearcacht na muirear comhshó airgeadra; |
|
(f) |
meastóireacht ar cibé an raibh ar sheirbhísí comhshó airgeadra aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí le cur i bhfeidhm praiticiúil Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Rialachán seo agus na dlíthe náisiúnta lena ndéantar Airteagal 45(1), Airteagal 52, pointe (3), agus Airteagal 59(2) de Threoir (AE) 2015/2366 a chur chun feidhme agus, más rud é go raibh orthu, cá mhéad; |
|
(g) |
anailís chostais-tairbhe ar na bealaí agus na teicneolaíochtaí cumarsáide atá in úsáid ag soláthraithe seirbhísí comhshó airgeadra, nó atá ar fáil dóibh, agus ar féidir leo feabhas breise a chur ar thrédhearcacht na muirear comhshó airgeadra, lena n-áirítear meastóireacht ar cibé an bhfuil bealaí áirithe ar cheart a cheangal ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta iad a chur ar fáil i gcomhair sheoladh na faisnéise dá dtagraítear in Aireagal 4; ba cheart go n-áireofaí san anailís sin freisin measúnú ar a indéanta atá sé go teicniúil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (3) den Rialachán seo a nochtadh go comhuaineach, roimh thús gach idirbhirt, le haghaidh na roghanna comhshó airgeadra go léir atá ar fáil ag an UMB nó ag an díolphointe; |
|
(h) |
anailís chostais-tairbhe ar thabhairt isteach na féidearthachta le haghaidh íocóirí an rogha a bhlocáil glacadh le comhshó airgeadra a thairgeann páirtí seachas soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra ag UMB nó ag an díolphointe agus a roghanna ina leith sin a athrú; |
|
(i) |
anailís chostais-tairbhe ar cheanglas a thabhairt isteach ar sholáthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra, go gcuirfidís i bhfeidhm, agus iad ag soláthar seirbhísí comhshó airgeadra a bhaineann le hidirbheart indibhidiúil íocaíochta, an ráta comhshó is infheidhme tráth a chuirtear tús le hidirbheart agus an t-idirbheart á imréiteach agus á ghlanadh. |
2. Cumhdóidh an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 ar a laghad an tréimhse ón 15 Nollaig 2019 go dtí an 19 Deireadh Fómhair 2021. Agus an tuarascáil á hullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as sonraí arna mbailiú ag Ballstáit i ndáil le mír 1 agus cuirfidh sé san áireamh sainiúlachtaí na n-idirbheart éagsúil íocaíochta, ag idirdhealú go háirithe idir idirbhearta a tosaíodh ag UMB agus ag an díolphointe.
Airteagal 15
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.
Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. LOGAR
(1) IO C 65, 25.2.2021, lch. 4.
(2) IO C 56, 16.2.2021, lch. 43.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 13 Iúil 2021.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le híocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 (IO L 266, 9.10.2009, lch. 11).
(5) Féach Iarscríbhinn I.
(6) Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(7) Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoir 97/7/CE, Treoir 2002/65/CE, Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 97/5/CE (IO L 319, 5.12.2007, lch. 1).
(8) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(9) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh, leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(10) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus ghnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochair dhíreacha in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).
(12) Rialachán (AE) 2019/518 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 maidir le muirir áirithe ar íocaíochtaí trasteorann san Aontas agus muirir comhshó airgeadra (IO L 91, 29.3.2019, lch. 36).
IARSCRÍBHINN I
An Rialachán aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air
|
Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
|
|
Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
Na tagairtí a dhéantar le hAirteagal 17 d’Airteagail 2, 3, 4, 5, 7 agus 8 agus an méid sin amháin |
|
Rialachán (AE) 2019/518 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
|
IARSCRÍBHINN II
Tábla comhghaoil
|
Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 1(1), (2) agus (3) |
Airteagal 1(1), (2) agus (3) |
|
Airteagal 1(4) |
- |
|
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
|
Airteagal 3(1) |
Airteagal 3(1) |
|
Airteagal 3(1a) |
Airteagal 3(2) |
|
Airteagal 3(2) |
Airteagal 3(3) |
|
Airteagal 3(4) |
Airteagal 3(4) |
|
Airteagal 3a |
Airteagal 4 |
|
Airteagal 3b |
Airteagal 5 |
|
Airteagal 4(1) |
Airteagal 6(1) |
|
Airteagal 4(3) |
Airteagal 6(2) |
|
Airteagal 4(4) |
Airteagal 6(3) |
|
Airteagal 5 |
Airteagal 7 |
|
Airteagal 6 |
- |
|
Airteagal 7 |
- |
|
Airteagal 9, an chéad mhír |
Airteagal 8, an chéad mhír |
|
Airteagal 9, an dara mír |
Airteagal 8, an dara mír |
|
Airteagal 9, an tríú mír |
- |
|
Airteagal 9, an ceathrú mír |
Airteagal 8, an tríú mír |
|
Airteagal 10(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 9(1) |
|
Airteagal 10(1), an dara fomhír |
- |
|
Airteagal 10(2) |
Airteagal 9(2) |
|
Airteagal 11 |
Airteagal 10 |
|
Airteagal 12 |
Airteagal 11 |
|
Airteagal 13 |
Airteagal 12 |
|
Airteagal 14(1) |
Airteagal 13 |
|
Airteagal 14(2) |
- |
|
Airteagal 14(3) |
- |
|
Airteagal 15 |
Airteagal 14 |
|
Airteagal 16 |
Airteagal 15 |
|
Airteagal 17 |
Airteagal 16 |
|
- |
Iarscríbhinn I |
|
- |
Iarscríbhinn II |
|
30.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 274/32 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1231 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Iúil 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ó glacadh Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ghlac Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) roinnt cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le caomhnú a dhéanamh ar acmhainní iascaigh atá faoina cúram, ag an 41ú agus an 42ú cruinniú bliantúil a bhí aici, in 2019 agus 2020 faoi seach. |
|
(2) |
Is chuig Pháirtithe Conarthacha NAFO a dhírítear na cinntí sin, ach cuirtear oibleagáidí ar oibreoirí leo chomh maith (mar shampla ar mháistir an tsoithigh). Tá bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe (CEM) nua NAFO atá ina gceangal ar Pháirtithe Conarthacha uile NAFO tagtha i bhfeidhm. Tá siad le hionchorprú i ndlí an Aontais sa mhéid is nach ndéantar foráil dóibhcheana le dlí an Aontais. |
|
(3) |
Ba cheart Rialachán (AE) 2019/833 a chur in oiriúint chun noirm maidir le mogalltomhais NAFO a chur i bhfeidhm, chun an sainmhíniú a úsáideann NAFO ar “shoitheach iascaireachta” a thabhairt isteach chun go bhféadfadh údaráis rialaithe agus fhorfheidhmithe an Aontais oibriú i gcomhréir le Páirtithe Conarthacha NAFO eile, agus chun an sreabhadh faisnéise idir údaráis na mBallstát, an Coimisiún agus Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO a fheabhsú. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), is é an misean atá ag an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), inter alia, comhordú oibríochtúil na ngníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta iascaigh de chuid Ballstáit a eagrú chun cláir rialaithe agus chigireachta idirnáisiúnta a chur chun feidhme amhail Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach NAFO, agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit faisnéis maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta agus gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta a thuairisciú don Choimisiún agus do thríú páirtithe. Is iomchuí, dá bhrí sin, gurb é EFCA an comhlacht a ghlacfaidh faisnéis ó Bhallstáit maidir le rialú agus cigireacht amhail tuarascálacha cigireachta ar muir agus fógraí maidir leis an scéim breathnóirí rialaithe agus is é a tharchuirfidh an fhaisnéis sin chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO. |
|
(5) |
Is éard atá i nós imeachta CEM le haghaidh Páirtithe Conarthacha maidir le faisnéis a tharchur chuig suíomh gréasáin Monatóireachta, Rialála agus Faireachais (MCS) NAFO, faisnéis a sheoladh lena tarchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO. Is gá, dá bhrí sin, na forálacha ábhartha i Rialachán (AE) 2019/833 a thabhairt cothrom le dáta chun an t-athrú sin a léiriú agus chun soiléiriú a dhéanamh ar na bealaigh a úsáidfidh Ballstáit chun an fhaisnéis ábhartha a tharchur. |
|
(6) |
Is gá freisin forálacha CEM a thabhairt isteach maidir le cosaint an tsiorca bheagcheannaigh (Somniosus microcephalus), chun na forálacha a bhaineann le socruithe maidir le cairtfhostú a ailíniú leis na forálacha i CEM agus chun an gá atá le toiliú Stát Calafoirt an Pháirtithe Conarthaigh a thabhairt do chigirí Pháirtí Conarthaigh eile lena n-imscaradh a shonrú. |
|
(7) |
Meastar go leasófar roinnt forálacha CEM ag cruinnithe bliantúla NAFO de bharr bearta teicniúla nua arna dtabhairt isteach i ndáil le bithmhais stoic a athrú agus de bharr athbhreithniú ar srianta limistéar maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill. Dá bhrí sin, chun leasuithe ar CEM a dhéanfar amach anseo a ionchorprú go tapa i ndlí an Aontais roimh thús an tséasúir iascaireachta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le: rialáil maidir le mogallmhéideanna, greillí nó grátaí sórtála agus slabhraí scoránaithe in iascaireacht ar an séacla Artach agus i dtaca le srianta limistéar maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(8) |
Ba ceart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/833 a leasú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/833
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (d) agus (e):
|
|
(4) |
in Airteagal 7(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
|
|
(5) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 9a Trosc i Roinn 3M 1. Beidh feidhm ag na bearta rialaithe seo a leanas maidir le soithí ag a bhfuil níos mó ná 1 250 kg de ghabhálacha troisc ó Roinn 3M ar bord:
2. Déanfaidh gach Ballstát cigireacht ar shoithí ag a bhfuil níos lú ná 1 250 kg de ghabhálacha troisc ó Roinn 3M ar bord ar bhonn bainistithe riosca. 3. Áiritheoidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige go dtraschuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO gan mhoill chun go ndéanfar í a phostáil ar shuíomh gréasáin MCS.”. |
|
(6) |
Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
|
(7) |
in Airteagal 12, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: “9. Cuirfear cosc ar iascaireacht spriocdhírithe ar an siorc beagcheannach (Somniosus microcephalus) sa Limistéar Rialála. 10. Déanfaidh soithigh iascaireachta a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain acu gach iarracht réasúnta gabháil de thaisme agus básmhaireacht a íoslaghdú, agus, i gcás ina bhfuil siad ina mbeatha, na siorcanna beagcheannacha a scaoileadh saor ar bhealach a ndéanfaidh a laghad díobháil is féidir dóibh.”. |
|
(8) |
leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
|
(9) |
in Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: “3a. Soithí iascaireachta a bhfuil iascach tráil spriocdhírithe ar throisc i Roinn 3M á seoladh acu, bainfidh siad úsáid as greille shórtála nach mó an spás idir na barraí atá inti ná 55 mm chun laghdú a dhéanamh ar ghabhálacha na n-eiseamal troisc níos lú. Coiméadfar an ghreille shórtála sa phainéal uachtair ar thaobh an tráil os comhair an tsoic-fhoircinn.”. |
|
(10) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: “Airteagal 18 Srianta limistéar maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill 1. Go dtí an 31 Nollaig 2021, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill in aon cheann de na limistéir a léirítear i bhFigiúr 3 de CEM dá dtagraítear i bpointe 14 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus a shainítear trí na comhordanáidí a shonraítear i dTábla 5 de CEM dá dtagraítear i bpointe 15 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangal ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1. 2. Go dtí an 31 Nollaig 2021, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill i limistéar Roinn 3O mar a léirítear i bhFigiúr 4 de CEM dá dtagraítear i bpointe 16 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus mar a shainítear trí na comhordanáidí a shonraítear i dTábla 6 de CEM dá dtagraítear i bpointe 17 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangal ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1. 3. Go dtí an 31 Nollaig 2021, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill i limistéir 1-13 mar a léirítear i bhFigiúr 5 de CEM dá dtagraítear i bpointe 18 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus mar a shainítear trí na comhordanáidí a shonraítear i dTábla 7 de CEM dá dtagraítear i bpointe 19 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangal ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.’. |
|
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23: “Airteagal 23 Socruithe maidir le cairtfhostú 1. Chun críche an Airteagail seo, tagraíonn ‘Páirtí Conarthach um chairtfhostú’ do Pháirtí Conarthach a bhfuil leithdháileadh ina sheilbh aige mar a léirítear in Iarscríbhinn I.A agus in Iarscríbhinn I.B a ghabhann le CEM, nó an Ballstát a bhfuil leithdháileadh deiseanna iascaireachta ina sheilbh aige, agus tagraíonn ‘Páirtí Conarthach Stáit brataí’ don Pháirtí Conarthach nó don Bhallstát ina bhfuil an soitheach cairtfhostaithe cláraithe. 2. Is féidir leithdháileadh iomlán iascaireachta Pháirtí Chonarthaigh um chairtfhostú nó cuid de a shaothrú trí shoitheach údaraithe cairtfhostaithe a úsáid (‘soitheach cairtfhostaithe’) a bhfuil bratach Pháirtí Chonarthaigh eile ar foluain air, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
3. Gach gabháil agus foghabháil ar ghabh an soitheach cairtfhostaithe í i gcomhréir leis an socrú maidir le cairtfhostú, fágfar an fhreagracht a ghabhann leo faoin bPáirtí Conarthach um chairtfhostú. 4. Ní údaróidh Páirtí Conarthach an Stáit brataí an soitheach cairtfhostaithe, le linn dó oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh faoin socrú maidir le cairtfhostú, iascaireacht a dhéanamh ar aon cheann de leithdháiltí Pháirtí Conarthach an Stáit brataí sin nó faoi chairtfhostú eile ag an am céanna. 5. Ní ceadmhach trasloingsiú ar muir a dhéanamh gan údarú roimh ré ón bPáirtí Conarthach um chairtfhostú, a áiritheoidh go ndéanfar é faoi mhaoirseacht breathnóra atá ar bord. 6. Tabharfaidh an Páirtí Conarthach Stáit brataí fógra do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO i scríbhinn sula gcuirfear tús leis an socrú maidir le cairtfhostú go dtoilíonn sé don socrú maidir le cairtfhostú agus cóip den fhógra a d’eisigh Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO ina bhfuil sonraí an chairtfhostaithe a thíolacadh don soitheach cairtfhostaithe. 6a. I gcás ina bhfuil an soitheach cairtfhostaithe ina shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais, tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don Choimisiún i scríbhinn sula gcuirfear tús leis an socrú maidir le cairtfhostú. I gcás ina measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha a leagtar síos in CEM, tabharfaidh sé fógra do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO faoin toiliú i ndáil leis an socrú maidir le cairtfhostú. 6b. Roimh an dáta ar a mbeidh éifeacht leis an socrú maidir le cairtfhostú, tíolacfaidh an Páirtí Conarthach um chairtfhostú an fhaisnéis seo a leanas i scríbhinn do Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO agus don soitheach cairtfhostaithe a choinneoidh cóip de ar bord gach tráth:
6c. I gcás inarb é an tAontas an Páirtí Conarthach um chairtfhostú, cuirfidh an Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6b in iúl don Choimisiún sula mbeidh feidhm ag an socrú maidir le cairtfhostú. I gcás ina measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha a leagtar síos i CEM, tarchuirfidh sé an fhaisnéis chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO. 7. I gcás ina bhfuil an soitheach cairtfhostaithe ina shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais, tabharfaidh an Ballstát brataí fógra don Choimisiún láithreach tráth a tharlaíonn aon cheann de na teagmhais seo a leanas:
8. Coinneoidh an Páirtí Conarthach Stáit brataí taifead leithleach ar shonraí gabhála agus foghabhála ar toradh oibríochtaí iascaireachta iad i gcomhréir le cairtfhostú gach soithigh atá faoina bhratach agus tabharfaidh siad tuairisc orthu don Choimisiún a tharchuirfidh í chuig an bPáirtí Conarthach um chairtfhostú agus chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.”; |
|
(12) |
leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:
|
|
(13) |
leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
|
|
(14) |
leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:
|
|
(15) |
leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
|
|
(16) |
leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:
|
|
(17) |
leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:
|
|
(18) |
leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:
|
|
(19) |
leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:
|
|
(20) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45: “Airteagal 45 Amharc a fháil ar shoithí Pháirtí Neamhchonarthaigh agus cigireacht a dhéanamh orthu sa Limistéar Rialála Déanfaidh gach Ballstát nó, i gcás inarb iomchuí, EFCA, a dhéanann cigireacht agus/nó faireachas sa Limistéar Rialála atá údaraithe faoin Scéim Cigireachta agus Faireachais Chomhpháirteach agus a bhfaightear amharc le linn na cigireachta sin ar shoitheach Pháirtí Neamhchonarthaigh a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta sa Limistéar Rialála, nó a ndéantar é a aithint lena linn, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
|
(21) |
in Airteagal 50(2), cuirtear na pointí seo a leanas leis:
|
|
(22) |
leasaítear an Iarscríbhinn mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. LOGAR
(1) IO C 429, 11.12.2020, lch. 279.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 13 Iúil 2021.
(3) Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle (IO L 141, 28.5.2019, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lch. 18).
|
30.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 274/41 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1232 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Iúil 2021
maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2), i gcomhar le hAirteagal 114(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leagtar síos rialacha lena n-áirithítear an ceart chun príobháideachais agus chun rúndachta maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i malartuithe sonraí in earnáil na cumarsáide leictreonaí. Sonrú agus comhlánú ar Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) atá sa Treoir sin. |
|
(2) |
Tá feidhm ag Treoir 2002/58/CE maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a sholáthar. Go dtí an 21 Nollaig 2020, bhí feidhm ag an sainmhíniú ar “seirbhís cumarsáide leictreonaí” a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (c), de Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). An dáta sin, le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), rinneadh Treoir 2002/21/CE a aisghairm. Áirítear sa sainmhíniú ar “seirbhís cumarsáide leictreonaí” in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2018/1972 seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), den Treoir sin. Dá bhrí sin, an 21 Nollaig 2020, tugadh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir, lena n-áirítear, mar shampla, Prótacal Idirlín Guthaithe, seirbhísí teachtaireachtaí agus seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe, laistigh de raon feidhme Threoir 2002/58/CE. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 6(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”). Le hAirteagal 7 den Chairt cosnaítear an ceart bunúsach atá ag gach duine go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú, agus áirítear air sin rúndacht na cumarsáide. Tá an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint in Airteagal 8 den Chairt. |
|
(4) |
Le hAirteagal 3(1) de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, 1989 (UNCRC) agus le hAirteagal 24(2) den Chairt, foráiltear nach mór leas an linbh a bheith ina phríomhthosaíocht i ngach gníomhaíocht a bhaineann le leanaí a dhéanann údaráis phoiblí nó a dhéanann institiúidí príobháideacha. In Airteagal 3(2) UNCRC agus in Airteagal 24(1) den Chairt, tagraítear freisin don cheart atá ag leanaí chun cibé cosaint agus cúram is gá ar mhaithe lena ndea-bhail. |
|
(5) |
Tá cosaint leanaí, as líne agus ar líne araon, ar cheann de thosaíochtaí an Aontais. Is sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus cearta bunúsacha iad mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí, go háirithe ar chearta leanaí a bheith cosanta ar gach cineál foréigin, mí-úsáide agus faillí, drochíde nó teacht i dtír, lena n-áirítear mí-úsáid ghnéasach, dá bhforáiltear le UNCRC agus leis an gCairt. Tháinig go leor buntáistí don tsochaí agus don gheilleagar as an digitiú, ach tháinig dúshláin as freisin, lena n-áirítear méadú ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne. An 24 Iúil 2020, ghlac an Coimisiún teachtaireacht dar teideal “Straitéis de chuid an Aontais maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí” (an “Straitéis”). Is é is aidhm don Straitéis freagairt éifeachtach a chur ar fáil, ar leibhéal an Aontais, i dtaca le coir na mí-úsáide gnéasaí leanaí. |
|
(6) |
I gcomhréir le Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ní rialaítear leis an Rialachán seo beartais na mBallstát maidir le gníomhaíochtaí gnéasacha comhthoiliúla a bhféadfadh leanaí a bheith rannpháirteach iontu agus ar féidir iad a mheas a bheith ina gcuid den ghnáthphróiseas foghlama gnéasachta le linn fhorbairt an duine, agus aird á tabhairt ar na traidisiúin éagsúla chultúrtha agus dhlíthiúla agus ar dhóigheanna nua chun caidreamh i measc leanaí agus ógánach a bhunú agus a chothú, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide. |
|
(7) |
Tá roinnt soláthraithe de sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir áirithe (“soláthraithe”), amhail seirbhísí poist gréasáin agus seirbhísí teachtaireachtaí, ag úsáid teicneolaíochtaí sonracha cheana féin ar bhonn deonach chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a gcuid seirbhísí agus í a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí, trí scanadh a dhéanamh ar an inneachar, amhail íomhánna agus téacs, nó ar shonraí tráchta cumarsáidí trí úsáid a bhaint, i gcásanna áirithe, as sonraí stairiúla. D’fhéadfadh an teicneolaíocht a úsáidtear le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin a bheith ina teicneolaíocht haiseála le haghaidh íomhánna agus físeán agus ina haicmitheoirí agus ina hintleacht shaorga chun anailís a dhéanamh ar shonraí téacs nó tráchta. Agus teicneolaíocht haiseála á húsáid, tuairiscítear an t-ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne nuair a fhaightear amas dearfach, rud a chiallaíonn meaitseáil a eascraíonn as comparáid idir íomhá nó físeán agus síniú digiteach uathúil neamh-ath-intiontaithe (“hais”) ó bhunachar sonraí atá á choimeád ag eagraíocht a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí ina bhfuil ábhar fíoraithe mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne. Téann na soláthraithe sin i dteagmháil le beolínte náisiúnta chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a thuairisciú agus le heagraíochtaí, atá lonnaithe laistigh den Aontas agus eagraíochtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha araon, a bhfuil sé d’aidhm acu leanaí a shainaithint, teacht i dtír gnéasach leanaí agus mí-úsáid ghnéasach leanaí a laghdú agus íospairt leanaí a chosc. D’fheadfadh sé nach mbeadh eagraíochtaí den sórt sin faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/679. I dteannta a chéile, tá ról luachmhar ag gníomhaíochtaí deonacha den sórt sin chun sainaithint agus tarrtháil íospartach a chumasú, ar íospartaigh iad a sáraítear go mór a gcearta bunúsacha chun dínit an duine agus chun sláine coirp agus meabhraí. Tá gníomhaíochtaí deonacha den sórt sin tábhachtach freisin chun scaipeadh breise ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a laghdú agus chun rannchuidiú le ciontóirí a shainaithint agus a imscrúdú agus le cionta mí-úsáide gnéasaí leanaí a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. |
|
(8) |
D’ainneoin an chuspóra dhlisteanaigh a ghabhann leo, is ionann gníomhaíochtaí deonacha a dhéanann soláthraithe chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus cur isteach ar na cearta bunúsacha go n-ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú agus go ndéanfar sonraí pearsanta úsáideoirí uile seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir (“úsáideoirí”) a chosaint. Ní féidir údar a thabhairt le haon teorannú a dhéanfar ar fheidhmiú an chirt bhunúsaigh go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, lena n-áirítear maidir le rúndacht na cumarsáide, ar na forais go raibh teicneolaíochtaí áirithe in úsáid ag soláthraithe tráth nach raibh seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir ag teacht faoin sainmhíniú ar “seirbhísí cumarsáide leictreonaí”. Níl féidir teorainneacha den sórt sin a dhéanamh ach amháin faoi choinníollacha áirithe. De bhun Airteagal 52(1) den Chairt, ní mór foráil le dlí do theorainneacha den sórt sin agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart maidir le hurraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh agus maidir le cosaint sonraí pearsanta a urramú agus, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, caithfear gá a bheith leo agus ní mór dóibh freagairt go hiarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don ghá atá le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. I gcás ina bhfuil faireachán ginearálta agus neamh-idirdhealaitheach agus anailís ghinearálta agus neamh-idirdhealaitheach ar chumarsáid gach úsáideora i gceist le teorainneacha den sórt sin, cuireann siad isteach ar an gceart chun rúndachta cumarsáide. |
|
(9) |
Go dtí an 20 Nollaig 2020, is le Rialachán (AE) 2016/679, agus leis an Rialachán sin amháin, a rialaíodh an phróiseáil arna déanamh ag soláthraithe ar shonraí pearsanta trí bhíthin bearta deonacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí. Le Treoir (AE) 2018/1972, a bhí le trasuí faoin 20 Nollaig 2020, tugadh soláthraithe laistigh de raon feidhme Threoir 2002/58/CE. Chun leanúint de bhearta deonacha den sórt sin a úsáid tar éis an 20 Nollaig 2020, ba cheart do sholáthraithe na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Leanfaidh Rialachán (AE) 2016/679 d’fheidhm a bheith aige maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar trí bhíthin bearta deonacha den sórt sin. |
|
(10) |
Níl aon fhoráil shonrach i dTreoir 2002/58/CE a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann soláthraithe ar shonraí pearsanta i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí. Mar sin féin, de bhun Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE, is féidir leis na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh chun srian a chur le raon feidhme na gceart agus na n-oibleagáidí dá bhforáiltear, inter alia, in Airteagail 5 agus 6 den Treoir sin, a bhaineann le rúndacht na cumarsáide agus sonraí tráchta, chun cionta coiriúla a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. In éagmais bearta reachtacha náisiúnta den sórt sin agus go dtí go nglacfar creat dlí fadtéarmach chun dul i ngleic le mí-úsáid ghnéasach leanaí ar leibhéal an Aontais, ní féidir le soláthraithe a bheith ag brath a thuilleadh ar Rialachán (AE) 2016/679 chun leanúint de bhearta deonacha a úsáid chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí tar éis an 21 Nollaig 2020. Ní dhéantar foráil sa Rialachán seo maidir le foras dlíthiúil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag soláthraithe chun críche mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí, agus chun na críche sin amháin, ach déantar foráil ann maidir le maolú ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE. Leagtar síos leis an Rialachán seo coimircí breise nach mór do na soláthraithe a urramú más mian leo brath air. |
|
(11) |
D’fhéadfadh próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 a bheith i gceist le próiseáil sonraí chun críocha an Rialacháin seo. Dá ndéanfaí íomhánna agus físeáin a phróiseáil le modhanna teicniúla sonracha lena gceadaítear duine nádúrtha a shainaithint nó a fhíordheimhniú go huathúil, meastar gur próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta é. |
|
(12) |
Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le maolú sealadach ar Airteagail 5(1) agus 6(1) de Threoir 2002/58/CE, lena gcosnaítear rúndacht na cumarsáide agus sonraí tráchta. An úsáid dheonach a bhaineann soláthraithe as teicneolaíochtaí chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil a mhéid is gá chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí, tagann sí faoi raon feidhme an mhaolaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar choinníoll go gcomhlíontar, le húsáid den sórt sin, na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí faoi réir na gcoimircí agus na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679. |
|
(13) |
Glacadh Treoir 2002/58/CE ar bhonn Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). De bhreis air sin, níor ghlac na Ballstáit uile bearta reachtacha i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE chun srian a chur le raon feidhme na gceart agus na n-oibleagáidí a bhaineann le rúndacht na cumarsáide agus na sonraí tráchta a leagtar amach sa Treoir sin, agus, má ghlactar bearta den sórt sin, tá baol suntasach ilroinnte ann is dóigh a mbeidh tionchar diúltach aici ar an margadh inmheánach. Dá bharr sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith bunaithe ar Airteagal 114 CFAE. |
|
(14) |
Ós rud é go gcáilíonn sonraí a bhaineann le cumarsáid leictreonach lena mbaineann daoine nádúrtha mar shonraí pearsanta de ghnáth, ba cheart an Rialachán seo a bheith bunaithe ar Airteagal 16 CFAE chomh maith, lena dtugtar bunús dlí ar leith chun rialacha a ghlacadh a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus ag na Ballstáit nuair a bhíonn gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin. |
|
(15) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a bheith á soláthar ag soláthraithe chun críche mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí, agus chun na críche sin amháin, a mhéid a thagann an phróiseáil sin faoi raon feidhme an mhaolaithe dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. |
|
(16) |
Ba cheart na cineálacha teicneolaíochtaí a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo a bheith ar na cinn is lú a chuireann isteach ar an bpríobháideachas i gcomhréir leis an úrscothacht atá in úsáid sa tionscal. Níor cheart na teicneolaíochtaí sin a úsáid chun téacs a scagadh agus a scanadh go córasach i gcumarsáid ach amháin má dhéantar sin chun patrúin a bhrath lena dtugtar le fios go bhféadfadh cúiseanna nithiúla amhrais a bheith ann faoi mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne, agus níor cheart a bheith in ann, leis na teicneolaíochtaí sin, substaint inneachar na cumarsáide a thuiscint. I gcás na teicneolaíochta a úsáidtear chun sirtheoireacht leanaí a shainaithint, ba cheart na cúiseanna nithiúla amhrais sin a bheith bunaithe ar thosca riosca arna sainaithint go hoibiachtúil amhail difríocht aoise agus an bhaint is dócha a bheith ag leanbh sa chumarsáid scanta. |
|
(17) |
Ba cheart nósanna imeachta agus sásraí sásaimh iomchuí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú gur féidir le daoine aonair gearáin a thaisceadh le soláthraithe. Tá nósanna imeachta agus sásraí den sórt sin ábhartha go háirithe i gcás ina ndearnadh inneachar nach mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne é a bhaint nó a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí nó d’eagraíocht a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí. |
|
(18) |
Chun cruinneas agus iontaofacht a áirithiú a mhéid is féidir, ba cheart, leis an teicneolaíocht a úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir leis an úrscothacht sa tionscadal, líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) a theorannú a mhéid is féidir agus ba cheart, i gcás inar gá, aon earráid den sórt sin a d’fhéadfadh a bheith ann mar sin féin a cheartú gan mhoill. |
|
(19) |
Maidir leis na sonraí inneachair agus na sonraí tráchta a phróiseáiltear agus na sonraí pearsanta a ghintear agus na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo á ndéanamh, agus an tréimhse ar lena linn a stóráiltear na sonraí ina dhiaidh sin i gcás mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta a shainaithint, ba cheart iad a bheith fós teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh. Ba cheart aon sonraí a scriosadh láithreach agus go do-athraithe a luaithe nach mbeidh fíorghá leo a thuilleadh ar mhaithe le ceann de na críocha a shonraítear sa Rialachán seo, lena n-áirítear i gcás nach sainaithnítear aon mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta ar braitheadh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta. Níor cheart gur dhochar an méid sin don fhéidearthacht sonraí inneachair agus sonraí tráchta ábhartha a stóráil i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE. Ní dhéanann an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm aon oibleagáide dlíthiúla faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta maidir le sonraí a chaomhnú a bhfuil feidhm aici maidir le soláthraithe. |
|
(20) |
Ní chuireann an Rialachán seo cosc ar sholáthraí a thuairiscigh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne d’údaráis forfheidhmithe dlí iarraidh ar na húdaráis sin a admháil go bhfuarthas an tuairisc. |
|
(21) |
Chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú i leith na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun an mhaolaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart do sholáthraithe, faoin 3 Feabhra 2022, agus faoin 31 Eanáir gach bliain ina dhiaidh sin, tuarascálacha a fhoilsiú agus a chur faoi bhráid an údaráis inniúil maoirseachta arna ainmniú de bhun Rialachán (AE) 2016/679 (“údarás maoirseachta”) agus faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart a chumhdach le tuarascálacha den sórt sin an phróiseáil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear cineál agus líon na sonraí a phróiseáiltear, na forais shonracha ar a mbeifear ag brath chun sonraí pearsanta a phróiseáil de bhun Rialachán (AE) 2016/679, na forais ar a mbeifear ag brath i gcomhair aon aistriú sonraí pearsanta lasmuigh den Aontas de bhun Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679, i gcás inarb infheidhme, líon na gcásanna de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a sainaithníodh, agus idirdhealú á dhéanamh idir ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne agus sirtheoireacht leanaí, líon na gcásanna inar thaisc úsáideoir gearán leis an sásra sásaimh inmheánaigh nó inar lorg sé nó sí leigheas breithiúnach agus toradh gearán agus imeachtaí breithiúnacha den sórt sin, líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) na dteicneolaíochtaí éagsúla a úsáidtear, na bearta a chuirtear i bhfeidhm chun an ráta earráide a theorannú agus an ráta earráide a bhaintear amach leo, an beartas coinneála agus na coimircí cosanta sonraí a chuirtear i bhfeidhm de bhun Rialachán (AE) 2016/679, agus ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí ar roinneadh sonraí leo de bhun an Rialacháin seo. |
|
(22) |
Chun tacú leis na húdaráis mhaoirseachta na cúraimí atá orthu a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún a iarraidh ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte a eisiúint maidir le comhlíonadh Rialachán (AE) 2016/679 ag an bpróiseáil a thagann faoi raon feidhme an mhaolaithe a leagtar síos sa Rialachán seo. Nuair a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta measúnú i dtaobh an i gcomhréir leis an úrscothacht sa tionscal teicneolaíocht seanbhunaithe nó teicneolaíocht nua atá le húsáid, i dtaobh an í an teicneolaíocht is lú í lena gcuirtear isteach ar an bpríobháideachas agus i dtaobh an oibríonn sí ar bhunús dlí leordhóthanach faoi Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart do na treoirlínte sin cabhrú, go háirithe, leis na húdaráis maoirseachta sin comhairle a chur ar fáil faoi chuimsiú an nós imeachta réamhchomhairliúcháin a leagtar amach sa Rialachán sin. |
|
(23) |
Leis an Rialachán seo, cuirtear srian leis an gceart go ndéanfar rúndacht na cumarsáide a chosaint agus maolaítear ar an gcinneadh a glacadh faoi Threoir (AE) 2018/1972 seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a chur faoi réir na rialacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir leis na seirbhísí cumarsáide leictreonaí eile uile i dtaca leis an bpríobháideachas chun críche mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar na seirbhísí sin agus í a thuairisciú d’údaráis forfheidhmithe dlí nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint de na seirbhísí sin, agus chun na críche sin amháin. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a theorannú go 3 bliana óna dháta cur i bhfeidhm ionas go mbeidh an t-am is gá ann chun creat dlí fadtéarmach nua a ghlacadh. I gcás ina nglactar an creat dlí fadtéarmach agus ina dtiocfaidh sé i bhfeidhm roimh an dáta sin, ba cheart an Rialachán seo a aisghairm leis an gcreat dlí fadtéarmach sin. |
|
(24) |
Maidir le gach gníomhaíocht eile a thagann faoi raon feidhme Threoir 2002/58/CE, ba cheart soláthraithe a bheith faoi réir na n-oibleagáidí sonracha a leagtar amach sa Treoir sin agus, dá bhrí sin, faoi réir chumhachtaí faireacháin agus imscrúdaitheacha na n-údarás inniúil arna n-ainmniú de bhun na Treorach sin. |
|
(25) |
Is uirlis thábhachtach é criptiú ó cheann go ceann chun slándáil agus rúndacht chumarsáid na n-úsáideoirí a ráthú, lena n-áirítear cumarsáid leanaí. D’fhéadfadh tríú páirtithe mailíseacha mí-úsáid a bhaint as aon lagú ar chriptiú. Níor cheart, dá bhrí sin, aon ní sa Rialachán seo a léiriú mar ní lena gcuirtear toirmeasc nó lena ndéantar lagú ar chriptiú ó cheann go ceann. |
|
(26) |
Is ceart bunúsach a ráthaítear faoi Airteagal 7 den Chairt é an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú, lena n-áirítear rúndacht na cumarsáide. Dá bhrí sin, is réamhriachtanas é freisin chun go mbeidh cumarsáid shlán idir íospartaigh mí-úsáide gnéasaí leanaí agus duine fásta iontaofa nó eagraíochtaí atá gníomhach sa chomhrac i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí, agus don chumarsáid idir íospartaigh agus a ndlíodóirí. |
|
(27) |
Níor cheart gur dhochar an Rialachán seo do na rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil faoin dlí náisiúnta, amhail rialacha maidir le cumarsáid ghairmiúil a chosaint, idir dochtúirí agus a n-othair, idir iriseoirí agus a bhfoinsí, nó idir dlíodóirí agus a gcliaint, go háirithe ós rud é go bhfuil rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint ríthábhachtach chun feidhmiú éifeachtach chearta na cosanta a áirithiú mar chuid bhunriachtanach den cheart chun triail chóir a fháil. Ina theannta sin, níor cheart gur dhochar an Rialachán seo do rialacha náisiúnta maidir le cláir d’údaráis phoiblí nó eagraíochtaí a thairgeann comhairleoireacht do dhaoine aonair atá i gcruachás. |
|
(28) |
Ba cheart do sholáthraithe ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí a ndéanann siad mí-úsáid ghnéasach leanaí fhéideartha ar líne a thuairisciú dóibh faoin Rialachán seo a chur in iúl don Choimisiún. Cé gurb iad na soláthraithe, ag gníomhú mar rialaitheoirí, agus iadsan amháin, atá freagrach as measúnú a dhéanamh i dtaobh cén tríú páirtí ar féidir leo sonraí pearsanta a roinnt leis faoi Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart don Choimisiún trédhearcacht a áirithiú maidir le cásanna féideartha de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a aistriú trí liosta de na heagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí a chuirtear in iúl dó a phoibliú ar a shuíomh gréasáin. Ba cheart an liosta poiblí sin a bheith inrochtana go héasca. Ba cheart do na soláthraithe a bheith in ann an liosta sin a úsáid freisin chun eagraíochtaí ábhartha a shainaithint sa chomhrac domhanda in aghaidh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne. Níor cheart gur dhochar an liosta sin d’oibleagáidí na soláthraithe atá ag gníomhú mar rialaitheoirí faoi Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear maidir lena n-oibleagáid aon aistriú sonraí pearsanta lasmuigh den Aontas a dhéanamh de bhun Chaibidil V den Rialachán sin agus lena n-oibleagáid na hoibleagáidí uile faoi Chaibidil IV den Rialachán sin a chomhlíonadh. |
|
(29) |
An staidreamh atá le soláthar ag na Ballstáit faoin Rialachán seo, is táscairí tábhachtacha é chun meastóireacht a dhéanamh ar bheartais, lena n-áirítear bearta reachtacha. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach go n-aithneofaí an tionchar a bhíonn ag íospairt thánaisteach atá ina dlúthchuid de chomhroinnt íomhánna agus físeán d’íospartaigh mí-úsáide gnéasaí leanaí a d’fhéadfadh a bheith á scaipeadh ar feadh na mblianta agus nach léirítear go hiomlán i staidreamh den sórt sin. |
|
(30) |
I gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe an ceanglas go n-áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta na hacmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais atá de dhíth orthu chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha den sórt sin ag na húdaráis mhaoirseachta chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú go héifeachtach faoin Rialachán seo. |
|
(31) |
I gcás ina ndearna soláthraí measúnú tionchair ar chosaint sonraí agus ina ndeachaigh sé i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta maidir le teicneolaíocht i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar an soláthraí sin faoin Rialachán seo measúnú tionchair breise ar chosaint sonraí nó comhairliúchán breise a dhéanamh ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl ag na húdaráis mhaoirseachta nach mbeadh ardriosca do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha mar thoradh ar an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí leis an teicneolaíocht sin nó go mbeadh bearta déanta ag an rialaitheoir chun riosca den sórt sin a mhaolú. |
|
(32) |
Ba cheart é a bheith de cheart ag úsáideoirí leigheas éifeachtach breithiúnach a fháil i gcás inar sáraíodh a gcearta mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta agus sonraí eile chun na críche mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir agus í a thuairisciú agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint de na seirbhísí sin, mar shampla i gcás inar tuairiscíodh inneachar nó céannacht úsáideora d’eagraíocht a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí nó d’údaráis forfheidhmithe dlí nó i gcás inar baineadh inneachar úsáideora nó ina ndearnadh cuntas úsáideora a bhlocáil nó inar cuireadh seirbhís a thairgtear d’úsáideoir ar fionraí. |
|
(33) |
I gcomhréir le Treoir 2002/58/CE agus le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, ba cheart próiseáil sonraí pearsanta agus sonraí eile a bheith teoranta do na catagóirí de shonraí inneachair agus sonraí tráchta gaolmhara, a mhéid is fíorghá chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach. |
|
(34) |
Leis an maolú dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, ba cheart na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagail 5(1) agus 6(1) de Threoir 2002/58/CE a chuimsiú, atá infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus neamhphearsanta araon a phróiseáiltear i gcomhthéacs seirbhís cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir a sholáthar. |
|
(35) |
Is é cuspóir an Rialacháin seo maolú sealadach a chruthú ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE gan ilroinnt sa mhargadh inmheánach a chruthú. Thairis sin, is é is dóichí nárbh fhéidir leis na Ballstáit uile reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh in am. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Leis an Rialachán seo, tugtar isteach maolú atá sealadach agus a bhfuil teorainn dhocht aige ar infheidhmeacht Airteagail 5(1) agus 6(1) de Threoir 2002/58/CE, mar aon le sraith coimircí chun a áirithiú nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a leagtar síos a ghnóthú. |
|
(36) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus thug sé a thuairim uaidh an 10 Samhain 2020, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha sealadacha atá teoranta go docht lena maolaítear ar oibleagáidí áirithe a leagtar síos i dTreoir 2002/58/CE, nach bhfuil de chuspóir leo ach soláthraithe seirbhísí áirithe cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir (“soláthraithe”) a chumasú chun teicneolaíochtaí sonracha a úsáid, gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil a mhéid is fíorghá chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí.
2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le scanadh cumarsáide fuaime.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir” seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir (AE) 2018/1972; |
|
(2) |
ciallaíonn “ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne”:
|
|
(3) |
ciallaíonn “sirtheoireacht leanaí” aon iompar intinneach ar cion coiriúil é faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/93/AE; |
|
(4) |
ciallaíonn “mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne” ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne agus sirtheoireacht leanaí. |
Airteagal 3
Raon feidhme an mhaolaithe
1. Airteagail 5(1) agus 6(1) de Threoir 2002/58/CE, ní bheidh feidhm acu maidir le rúndacht cumarsáide a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann soláthraithe ar shonraí pearsanta agus sonraí eile i dtaca le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir a sholáthar ar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
is fíor an méid seo a leanas maidir leis an bpróiseáil:
|
|
(b) |
tá na teicneolaíochtaí a úsáidtear chun na críche a leagtar amach i bpointe (a)(i) den mhír seo i gcomhréir leis an úrscothacht atá in úsáid sa tionscal agus is iad na teicneolaíochtaí is lú iad lena gcuirtear isteach ar an bpríobháideachas, lena n-áirítear maidir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú a leagtar síos in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/679 agus, a mhéid a úsáidtear iad chun téacs i gcumarsáid a scanadh, ní féidir leo substaint inneachar na cumarsáide a bhaint de thátal as agus ní féidir a dhéanamh leo ach patrúin a bhrath lena dtugtar le fios go bhféadfadh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bheith ann; |
|
(c) |
i leith aon teicneolaíocht shonrach a úsáidtear chun na críche a leagtar amach i bpointe (a)(i) den mhír seo, rinneadh measúnú tionchair roimh ré ar chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 agus nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán sin; |
|
(d) |
maidir le teicneolaíocht nua, rud a chiallaíonn teicneolaíocht a úsáidtear chun na críche ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhrath nár bhain aon soláthraí úsáid aisti i ndáil le seirbhísí a soláthraíodh d’úsáideoirí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir (“úsáideoirí”) san Aontas roimh an 2 Lúnasa 2021, agus maidir le teicneolaíocht a úsáideadh chun na críche sirtheoireacht fhéideartha leanaí a shainaithint, tuairiscíonn an soláthraí ar ais don údarás inniúil maidir leis na bearta a rinneadh chun a léiriú go bhfuil comhairle i scríbhinn arna heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 36(2) de Rialachán (AE) 2016/679 á comhlíonadh ag an údarás inniúil maoirseachta arna ainmniú de bhun Chaibidil VI, Roinn 1, den Rialachán sin (“údarás maoirseachta”) le linn an nós imeachta réamhchomhairliúcháin. |
|
(e) |
tá na teicneolaíochtaí a úsáidtear iontaofa go leor sa chaoi a dteorannaíonn siad a mhéid is féidir an ráta earráide i dtaca le hinneachar arb é atá ann mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus, i gcás ina dtarlaíonn earráidí den sórt sin ó am go chéile, ceartaítear a n-iarmhairtí gan mhoill; |
|
(f) |
tá na teicneolaíochtaí a úsáidtear chun patrúin fhéideartha sirtheoireachta leanaí a bhrath teoranta d’úsáid na bpríomhtháscairí ábhartha agus do thosca riosca arna sainaithint go hoibiachtúil amhail difríocht aoise agus an bhaint is dócha a bheith ag leanbh leis an gcumarsáid scanta, gan dochar don cheart chun athbhreithniú daonna; |
|
(g) |
is fíor an méid seo a leanas maidir leis na soláthraithe:
|
|
(h) |
i gcás inar sainaithníodh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta, déantar na sonraí inneachair agus na sonraí tráchta gaolmhara a phróiseáiltear chun na críche a leagtar amach i bpointe (a)(i), agus sonraí pearsanta a ghintear trí phróiseáil den sórt sin, a stóráil ar bhealach slán, chun na gcríoch seo a leanas, agus chun na gcríoch seo a leanas amháin:
|
|
(i) |
ní stóráiltear na sonraí níos faide ná mar is fíorghá chun na críche ábhartha a leagtar amach i bpointe (h) agus, in aon chás, tráth nach faide ná 12 mhí ón dáta ar sainaithníodh an mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne amhrasta; |
|
(j) |
déantar gach cás ina bhfuil amhras réasúnaithe agus fíoraithe ann i dtaobh mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a thuairisciú gan mhoill do na húdaráis náisiúnta inniúla forfheidhmithe dlí nó d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí. |
2. Go dtí an 3 Aibreán 2022, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (c), maidir le soláthraithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
|
(a) |
bhí úsáid á baint acu as teicneolaíocht shonrach roimh an 2 Lúnasa 2021 chun na críche a leagtar amach i mír 1, pointe (a)(i), gan nós imeachta réamhchomhairliúcháin a bheith curtha i gcrích acu i leith na teicneolaíochta sin; |
|
(b) |
tosaíonn siad nós imeachta réamhchomhairliúcháin roimh an 3 Meán Fómhair 2021; agus |
|
(c) |
comhoibríonn siad go cuí leis an údarás inniúil maoirseachta i dtaca leis an nós imeachta réamhchomhairliúcháin dá dtagraítear i bpointe (b). |
3. Go dtí an 3 Aibreán 2022, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (d), maidir le soláthraithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
|
(a) |
bhí úsáid á baint acu as teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), roimh an 2 Lúnasa 2021 gan nós imeachta réamhchomhairliúcháin a bheith curtha i gcrích acu i leith na teicneolaíochta sin; |
|
(b) |
tosaíonn siad nós imeachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (d), roimh an 3 Meán Fómhair 2021; agus |
|
(c) |
comhoibríonn siad go cuí leis an údarás inniúil maoirseachta i dtaca leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (d). |
Airteagal 4
Treoirlínte ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí
Faoin 3 Meán Fómhair 2021, agus de bhun Airteagal 70 de Rialachán (AE) 2016/679, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíontar Rialachán (AE) 2016/679 leis an bpróiseáil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, i gcás na dteicneolaíochtaí atá ann cheana agus na dteicneolaíochtaí nua arna n-úsáid chun na críche a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a)(i), den Rialachán seo.
Airteagal 5
Leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha
I gcomhréir le hAirteagal 79 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 15(2) de Threoir 2002/58/CE, beidh sé de cheart ag úsáideoirí leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcás ina measann siad gur sáraíodh a gcearta mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta agus sonraí eile chun na críche a leagtar amach Airteagal 3(1), pointe (a)(i), den Rialachán seo.
Airteagal 6
Údaráis mhaoirseachta
Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta arna n-ainmniú de bhun Chaibidil VI, Roinn 1, de Rialachán (AE) 2016/679 faireachán ar an bpróiseáil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir lena n-inniúlachtaí agus lena gcumhachtaí faoin gCaibidil sin.
Airteagal 7
Liosta poiblí d’eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí
1. Faoin 3 Meán Fómhair 2021, déanfaidh soláthraithe liosta d’ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí a dtuairiscíonn siad mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne dóibh faoin Rialachán seo a chur in iúl don Choimisiún. Déanfaidh soláthraithe aon athruithe ar an liosta sin a chur in iúl don Choimisiún ar bhonn rialta.
2. Faoin 3 Deireadh Fómhair 2021, poibleoidh an Coimisiún liosta d’ainmneacha na n-eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí arna gcur in iúl dó faoi mhír 1. Coimeádfaidh an Coimisiún an liosta poiblí sin cothrom le dáta.
Airteagal 8
Staidreamh
1. Faoin 3 Lúnasa 2022, agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit ar fáil go poiblí agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin tuarascálacha ina mbeidh staidreamh maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
líon iomlán na dtuarascálacha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a braitheadh agus a thíolaic soláthraithe agus eagraíochtaí a ghníomhaíonn ar mhaithe le leas an phobail i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí do na húdaráis náisiúnta inniúla forfheidhmithe dlí, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil, ar líon absalóideach na gcásanna agus na cásanna sin a tuairiscíodh roinnt uaireanta agus an cineál soláthraí ar braitheadh an mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne ar a sheirbhís; |
|
(b) |
líon na leanaí a sainaithníodh trí ghníomhaíochtaí de bhun Airteagal 3, arna idirdhealú de réir inscne; |
|
(c) |
líon na ndéantóirí coire a ciontaíodh. |
2. Déanfaidh an Coimisiún an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhiomlánú agus cuirfidh sé san áireamh é nuair a bheidh an tuarascáil cur chun feidhme de bhun Airteagal 9 á hullmhú.
Airteagal 9
Tuarascáil cur chun feidhme
1. Ar bhonn na dtuarascálacha arna dtíolacadh de bhun Airteagal 3(1), pointe (g)(vii), agus ar bhonn an staidrimh arna sholáthar de bhun Airteagal 8, déanfaidh an Coimisiún, faoin 3 Lúnasa 2023, tuarascáil a ullmhú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.
2. Sa tuarascáil cur chun feidhme, breithneoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
na coinníollacha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus sonraí eile a leagtar amach in Airteagal 3(1), pointe (a)(ii), agus pointí (b), (c) agus (d); |
|
(b) |
comhréireacht an mhaolaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear measúnú ar an staidreamh arna thíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 8; |
|
(c) |
forbairtí sa dul chun cinn teicneolaíoch maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus a mhéid a fheabhsaítear cruinneas agus a laghdaítear líon agus cóimheasa earráidí (bréagdheimhneacha) de bharr na bhforbairtí sin. |
Airteagal 10
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige go dtí an 3 Lúnasa 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. LOGAR
(1) IO C 10, 11.1.2021, lch. 63.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Iúil 2021.
(3) Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(4) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(5) Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Chreat-Treoir) (IO L 108, 24.4.2002, lch. 33).
(6) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).
(7) Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
TREORACHA
|
30.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 274/52 |
TREOIR (AE) 2021/1233 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Iúil 2021
lena leasaítear Treoir (AE) 2017/2397 a mhéid a bhaineann le bearta idirthréimhseacha chun teastais tríú tír a aithint
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar amach bearta idirthréimhseacha chun bailíocht leanúnach teastas cáilíochta, leabhar taifid seirbhíse agus logleabhar arna n-eisiúint roimh dheireadh a tréimhse thrasuite a áirithiú agus chun am réasúnta a thabhairt do bhaill oilte den chriú iarratas a dhéanamh ar dheimhniú cáilíochta de chuid an Aontais, nó ar dheimhniú eile a aithnítear a bheith coibhéiseach. Cé is moite de cheadúnais loingseoireachta na Réine dá dtagraítear in Airteagal 1(5) de Threoir 96/50/CE ón gComhairle (4), áfach, níl feidhm ag na bearta idirthréimhseacha sin maidir leis na teastais cháilíochta, na leabhair taifid seirbhíse agus na logleabhair arna n-eisiúint ag tríú tíortha dá dtugann na Ballstáit aitheantas faoi láthair faoina gceanglais náisiúnta, nó comhaontuithe idirnáisiúnta, is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Threoir (AE) 2017/2397. |
|
(2) |
Le hAirteagal 10(3), (4) agus (5) de Threoir (AE) 2017/2397, leagtar síos an nós imeachta agus na coinníollacha maidir le teastais, leabhair taifid seirbhíse nó logleabhair arna n-eisiúint ag údaráis tríú tír a aithint. |
|
(3) |
Toisc go bhfuil an nós imeachta chun doiciméid tríú tír a aithint bunaithe ar an measúnú ar na córais deimhniúcháin sa tríú tír iarrthach, agus é mar aidhm aige a chinneadh an bhfuil eisiúint na dteastas cáilíochta, na leabhar taifid seirbhíse nó na logleabhar a shonraítear san iarraidh faoi réir ceanglais atá comhionann leo siúd a leagtar síos i dTreoir (AE) 2017/2397, ní dócha go gcuirfear an nós imeachta aitheantais i gcrích roimh an 17 Eanáir 2022. |
|
(4) |
Chun aistriú rianúil a áirithiú chuig an gcóras aitheantais le haghaidh doiciméid tríú tír dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2017/2397, is gá foráil a dhéanamh maidir le bearta idirthréimhseacha lena dtugtar an t-am is gá do thríú tíortha chun a gceanglais a ailíniú leo siúd a leagtar síos sa Treoir sin, agus le go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar a gcórais deimhniúcháin chomh maith agus, i gcás inarb iomchuí, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 10(5) den Treoir sin. D’áiritheofaí leis na bearta sin freisin deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh na ndaoine aonair agus na n-oibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach in earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre. I bhfianaise na gcuspóirí sin, is iomchuí scoithdháta a leagan síos le haghaidh doiciméid tríú tír a thagann faoi raon feidhme na mbeart idirthréimhseach sin faoi threoir na tréimhse chun an Treoir sin a thrasuí, ar cuireadh síneadh 2 bhliain léi. |
|
(5) |
Chun comhsheasmhacht leis na bearta idirthréimhseacha is infheidhme maidir leis na Ballstáit de bhun Airteagal 38 de Threoir (AE) 2017/2397 a áirithiú, níor cheart feidhm a bheith ag na bearta idirthréimhseacha is infheidhme maidir le teastais cháilíochta, leabhair taifid seirbhíse agus logleabhair arna n-eisiúint ag tríú tíortha agus arna n-aithint ag na Ballstáit tar éis an 17 Eanáir 2032. Thairis sin, ba cheart aitheantas le haghaidh na dteastas cáilíochta, na leabhar taifid seirbhíse agus na logleabhar sin a theorannú d’uiscebhealaí intíre an Aontais atá lonnaithe sa Bhallstát lena mbaineann. |
|
(6) |
Chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na bearta idirthréimhseacha is infheidhme maidir le teastais cháilíochta arna n-eisiúint ag na Ballstáit, is iomchuí a shoiléiriú, a mhéid a bhaineann le teastais tríú tír, go n-áirítear freisin sna ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 10(3) de Threoir (AE) 2017/2397 na ceanglais maidir le malartú na dteastas atá ann cheana a leagtar amach in Airteagal 38(1) agus (3) den Treoir sin. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do chuideachtaí iompair agus d’oibrithe iompair ar uiscebhealaí intíre, ba cheart Treoir (AE) 2017/2397 a leasú dá réir. |
|
(8) |
I gcomhréir le hAirteagal 39(4) de Threoir (AE) 2017/2397, níl sé d’oibleagáid ar na Ballstáit sin nach bhfuil loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre indéanta go teicniúil iontu an Treoir sin a thrasuí. Ba cheart feidhm a bheith ag an maolú céanna, mutatis mutandis, maidir leis an Treoir seo. |
|
(9) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon bearta idirthréimhseacha chun teastais tríú tír a aithint, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. |
|
(10) |
Chun é a chur ar chumas na mBallstát a bheith in ann dul ar aghaidh go pras le trasuí na mbeart dá bhforáiltear leis an Treoir seo, ba cheart di teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir (AE) 2017/2397 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, teastas cáilíochta ar bith, leabhar taifid seirbhíse ar bith nó logleabhar ar bith a eisíodh i gcomhréir le rialacha náisiúnta tríú tír lena leagtar síos ceanglais atá comhionann leo siúd a leagtar síos sa Treoir seo, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach in Airteagal 38(1) agus (3), beidh siad bailí ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais, faoi réir an nós imeachta agus na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo.”; |
|
(2) |
in Airteagal 38, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “7. Go dtí an 17 Eanáir 2032, féadfaidh na Ballstáit leanúint d’aitheantas a thabhairt, ar bhonn a gceanglas náisiúnta, nó comhaontuithe idirnáisiúnta, infheidhme roimh an 16 Eanáir 2018, do dheimhnithe cáilíochta, leabhair taifid seirbhíse agus logleabhair arna n-eisiúint ag tríú tír roimh an 18 Eanáir 2024. Beidh an t-aitheantas teoranta do na huiscebhealaí intíre i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann.”. |
Airteagal 2
1. Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a thabhairt i bhfeidhm chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 17 Eanáir 2022. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna ina ndéanfar an tagairt sin.
Beidh feidhm ag an maolú a leagtar síos in Airteagal 39(4) de Threoir (AE) 2017/2397 maidir leis an Treoir seo, mutatis mutandis.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. LOGAR
(1) IO C 220, 9.6.2021, lch. 87.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Iúil 2021.
(3) Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle (IO L 345, 27.12.2017, lch. 53).
(4) Treoir 96/50/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le comhchuibhiú na gcoinníollacha a bhaineann le deimhnithe náisiúnta máistrí báid chun earraí agus paisinéirí a iompar d’uiscebhealach intíre sa Chomhphobal (IO L 235, 17.9.1996, lch. 31).
II Gníomhartha neamhreachtacha
COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA
|
30.7.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 274/55 |
CINNEADH (AE) 2021/1234 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Iúil 2021
maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994, i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXVV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Meitheamh 2018 thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht ar chomhaontú le Ríocht na Téalainne i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí a áirítear i Sceideal CLXXV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. |
|
(2) |
Tá an chaibidlíocht tugtha i gcrích, agus cuireadh inisealacha le Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994, i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXVV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (“an Comhaontú”) an 7 Eanáir 2021. |
|
(3) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2021/373 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú an 7 Bealtaine 2021. |
|
(4) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (GATT) 1994 i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXVV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (3).
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 4 (1) den Chomhaontú (4).
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil 2021, 13 Iúil 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. ŠIRCELJ
(1) Toiliú an 23 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2021/373 ón gComhairle an 22 Feabhra 2021 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an chomhaontaithe idir an tAontas agus Ríocht na Téalainne de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994, i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXVV AE de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (IO L 72, 3.3.2021, lch. 1).
(3) Ní ann do théacs an Chomhaontaithe sa Ghaeilge.
(4) Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.