ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 272

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
30 Iúil 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1241 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1242 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine

4

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1243 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú i mótarfheithiclí agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin ( 1 )

11

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1244 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, agus leis na ceanglais agus na nósanna imeachta i ndáil le rochtain ar fhaisnéis slándála feithiclí

16

 

*

Rialachán (AE) 2021/1245 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2021 lena bhformheastar leasú ar an tsonraíocht a bhaineann leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint (Coteaux du Pont du Gard (TGFC))

29

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1246 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe

30

 

*

Rialachán (AE) 2021/1247 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar mhandastróibin i bhfíonchaora agus i sútha talún ( 1 )

33

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1248 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 maidir le bearta i ndáil le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

46

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1249 ón gComhairle an 26 Iúil 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, i gceangal le Comhaontú LEE (Líne bhuiséid 07 20 03 01 – Slándáil Shóisialta) ( 1 )

67

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1250 ón gComhairle an 26 Iúil 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, i gceangal le Comhaontú LEE (An Ciste Eorpach Cosanta) ( 1 )

69

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1251 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 a mhéid a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

71

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1252 ón gComhairle an 29 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

73

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1241 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Iúil 2021

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44.

(2)

De bhun Airteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2016/44, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Is é tátal na Comhairle gur cheart an iontráil do dhuine amháin a scrios ós rud é go bhfuil sé básaithe, agus gur cheart na bearta sriantacha in aghaidh gach duine eile agus gach eintitis eile atá ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, ba cheart an fhaisnéis chéannachta do dhuine amháin a nuashonrú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III (Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)) a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, leasaítear Cuid A (Daoine) mar a leanas:

(1)

scriostar iontráil 3 (a bhaineann le TOHAMI, General Khaled);

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 6 (a bhaineann AL-MAHMOUDI, Baghdadi):

‘6.

AL-MAHMOUDI,

Baghdadi

dá ngairtear freisin

AL-MAHMOUDI

Al-Baghdadi, Ali

AL-MAHMOUDI

AL-BAGHDADI, Ali

Áit bhreithe: Alassa, An Libia

Náisiúntacht: An Libia

Inscne: fireann

Seoladh: Abu Dhabi, United Arab Emirates

Ina Phríomh-Aire i Rialtas an Choirnéil Qadhafi.

Dlúthbhaint aige le réimeas Muammar Qadhafi tráth.

21.3.2011’


30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1242 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Iúil 2021

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle an 23 Márta 2012 a bhaineann le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 961/2010 (1), agus go háirithe Airteagal 46(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Márta 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 267/2012.

(2)

An 18 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2020/847 (2), lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012.

(3)

Ag eascairt as breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-580/19 (3), ba cheart Sayed Shamsuddin Borborudi a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012.

(4)

Thairis sin, ar bhonn athbhreithniú ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle (4), ba cheart na bearta sriantacha in aghaidh gach duine agus gach eintitis atá ar an liosta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a choimeád, sa mhéid nach luaitear a n-ainmneacha in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus ba cheart 21 iontráil a áirítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a nuashonrú.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 88, 24.3.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/847 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 maidir le bearta sriantacha in aghaidh na hIaráine (IO L 196, 19.6.2020, lch. 1.).

(3)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 9 Meitheamh 2021, Sayed Shamsuddin Borborudi v Comhairle an Aontais Eorpaigh, T-580/19, ECLI:EU:T:2021:330.

(4)  Cinneadh 2010/413/CBES an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 mar a leanas:

(1)

faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.”, faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”, scriostar an iontráil seo a leanas: “25. Sayed Shamsuddin Borborudi”.

(2)

faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“8.

Ebrahim MAHMUDZADEH

 

Iar-Stiúrthóir Bainistíochta ar Iran Electronic Industries (féach Cuid B, Uimh. 20). Ina Ard-Stiúrthóir ar The Armed Forces Social Security Organization go Meán Fómhair 2020. Leas-Aire Cosanta na hIaráine go dtí mí na Nollag 2020.

23.6.2008

13.

Anis NACCACHE

 

Iar-riarthóir ar chuideachtaí Barzagani Tejarat Tavanmad Saccal; rinne a chuideachta iarracht earraí íogaire a fháil le haghaidh eintiteas a ainmnítear faoi Rún 1737 (2006).

23.6.2008

16.

An Seachaimiréal Mohammad SHAFI'I RUDSARI (ar a dtugtar freisin ROODSARI, Mohammad, Hossein, Shafiei; ROODSARI, Mohammad, Shafi’I; ROODSARI, Mohammad, Shafiei; RUDSARI, Mohammad, Hossein, Shafiei; RUDSARI, Mohammad, Shafi’I; RUDSARI, Mohammad, Shafiei)

 

IarLeas-Cheann Comhordúcháin MODAFL (féach Cuid B, Uimh. 29).

23.6.2008

17.

Abdollah SOLAT SANA (ar a dtugtar freisin Solatsana

Solat Sanna; Sowlat Senna; Sovlat Thana)

 

Stiúrthóir Bainistíochta an Uranium Conversion Facility (UCF) in Esfahan. Is í seo an tsaoráid a tháirgeann an t-ábhar beatha (UF6) do na saoráidí saibhriúcháin ag Natanz. An 27 Lúnasa 2006, fuair Solat Sana gradam speisialta ón Uachtarán Ahmadinejad as a ról.

23.4.2007

23.

Davoud BABAEI

 

Is é an ceann slándála reatha é ar institiúid taighde aonad lóistíochta na bhFórsaí Armtha – an Organisation of Defensive Innovation and Research (SPND) – a bhí á reáchtáil ag Mohsen Fakhrizadeh-Mahabadi. Tá na hábhair imní atá ag IAEA curtha in iúl aige do SPND a mhéid a bhaineann leis na gnéithe míleata a d’fhéadfadh a bheith ag baint le clár núicléach na hIaráine, a ndiúltaíonn an Iaráin comhoibriú ina leith. Mar cheann slándála, tá Babaei freagrach as nochtadh faisnéise, lena n-áirítear faisnéis do IAEA, a chosc.

1.12.2011

29.

Milad JAFARI (Milad JAFERI)

Dáta Breithe: 20.9.1974

Náisiúnach Iaránach a sholáthraíonn earraí, miotail den chuid is mó, do chuideachtaí tosaigh SHIG ainmnithe de chuid na Náisiún Aontaithe. Sheachaid earraí chuig SHIG idir Eanáir agus Samhain 2010. Rinneadh íocaíochtaí as cuid de na hearraí ag brainse lárnach Export Development Bank of Iran (EDBI), ainmnithe ag an Aontas, in Tehran tráth éigin tar éis mhí na Samhna 2010.

1.12.2011”

(3)

faoin gceannteideal “I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “B. Eintitis”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“2.

Armed Forces Geographical Organisation

 

Fochuideachta de MODAFL a measúnaíodh chun sonraí geospásúla a chur ar fáil don chlár Diúracán Balaistíoch.

23.6.2008

20.

Iran Electronics Industries

(lena n-áirítear gach brainse) agus fochuideachtaí:

PO Box 18575-365, Tehran, Iran

Fochuideachta faoi lánúinéireacht ag MODAFL (agus, dá bhrí sin, deirfiúr-eagraíocht le AIO, AvIO agus DIO). Is é an ról atá aige comhpháirteanna leictreonacha a mhonarú do chórais arm na hIaráine.

23.6.2008

 

(b)

Iran Communications Industries (ICI)

(ar a dtugtar freisin Sanaye Mokhaberat Iran;

Iran Communication Industries;

Iran Communications Industries Group;

Iran Communications Industries Co.)

PO Box 19295-4731, Pasdaran Avenue, Tehran, Iran; Seoladh eile: PO Box 19575-131, 34 Apadana Avenue, Tehran, Iran; Seoladh eile: Shahid Langary Street, Nobonyad Square Ave, Pasdaran, Tehran

Táirgeann Iran Communications Industries, fochuideachta de chuid Iran Electronics Industries (liostaithe ag an Aontas), earraí éagsúla lena n-áirítear córais chumarsáide, eitleonaic, gléasanna optaice agus leictrea-optaice, micrileictreonaic, teicneolaíocht faisnéise, tástáil agus tomhas, slándáil teileachumarsáide, cogaíocht leictreonach, monarú agus athchóiriú feadán radair, agus lainseálaithe diúracáin.

26.7.2010

28.

Mechanic Industries Group

(ar a dtugtar freisin: Mechanic Industries Organisation; Mechanical Industries Complex; Mechanical Industries Group; Sanaye

Mechanic)

 

Bhí páirteach i dtáirgeadh comhpháirteanna don chlár balaistíoch.

23.6.2008

37.

Schiller Novin

(ar a dtugtar freisin: Schiler Novin Co.; Schiller Novin Co.; Shiller Novin)

Gheytariyeh Avenue - no 153 - 3rd Floor - PO BOX 17665/153 6 19389 Tehran

Ag gníomhú dó thar ceann Defense Industries Organisation (DIO).

26.7.2010

38.

Shahid Ahmad Kazemi Industrial Group (SAKIG)

 

Eintiteas atá faoi cheannas Aerospace Industries Organisation (AIO) na hIaráine. Forbraíonn agus táirgeann SAKIG córais diúracáin dromchla-go-haer chun críoch míleata na hIaráine. Cothaíonn sé tionscadail mhíleata, diúracán agus aerchosanta, agus faigheann sé earraí ón Rúis, ón mBealarúis agus ón gCóiré Thuaidh.

26.7.2010

40.

State Purchasing Organisation (SPO, ar a dtugtar freisin State Purchasing Office; State Purchasing Organization)

 

Dealraíonn sé go n-éascaíonn SPO allmhairiú arm iomlán. Dealraíonn sé a bheith ina fhochuideachta de MODAFL.

23.6.2008

52.

Raad Iran (ar a dtugtar freisin Raad Automation Company; Middle East Raad Automation; RAAD Automation Co.; Raad Iran Automation Co.; RAADIRAN, Middle East RAAD Automation Co.; Automasion RAAD Khavar Mianeh; Automation Raad Khavar Mianeh Nabbet Co)

Unit 1, No 35, Bouali Sina Sharghi, Chehel Sotoun Street, Fatemi Square, Tehran

Cuideachta atá páirteach i soláthar inbhéartóirí do chlár saibhrithe toirmiscthe na hIaráine. Bunaíodh Raad Iran chun córais rialaithe a tháirgeadh agus a dhearadh agus déanann sé díol agus suiteáil ar inbhéartóirí agus ar Rialaitheoirí Loighce inchláraithe.

23.5.2011

86.

Karanir (ar a dtugtar freisin Karanir Sanat, Moaser; Tajhiz Sanat)

1139/1 Unit 104 Gol Building, Gol Alley, North Side of Sae, Vali Asr Avenue. PO Box 19395-6439, Tehran

Tá baint acu le trealamh agus ábhair a cheannach a bhfuil feidhmeanna díreacha acu i gclár núicléach na hIaráine.

1.12.2011

95.

Samen Industries (ar a dtugtar freisin Khorasan Metallurgy Industries)

2nd km of Khalaj Road End of Seyyedi St., POBox 91735-549, 91735 Mashhad, Iran, Teil. +98 5113853008, +98 5113870225

Blaosc-ainm ar Khorasan Metallurgy Industries atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, ar fochuideachta de Ammunition Industries Group (AMIG) é.

1.12.2011

99.

TABA (Iran Cutting Tools Manufacturing company - Taba Towlid Abzar Boreshi Iran;

ar a dtugtar freisin Iran Centrifuge Technology Co.; Iran's Centrifuge Technology Company; Sherkate Technology Centrifuge

Iran, TESA, TSA)

12 Ferdowsi, Avenue Sakhaee, avenue 30 Tir (sud), nr 66 – Tehran

Faoi úinéireacht TESA, atá ainmnithe ag an Aontas, atá rannpháirteach i dtrealamh agus in ábhair a bhfuil feidhmeanna díreacha acu i gclár núicléach na hIaráine a mhonarú.

1.12.2011

153.

Organisation of Defensive Innovation and Research (SPND)

 

Tacaíonn Organisation of Defensive Innovation and Research (SPND) go díreach le leathadh ghníomhaíochtaí núicléacha íogaire na hIaráine. Tá na hábhair imní atá ag IAEA curtha in iúl aige do SPND a mhéid a bhaineann leis na gnéithe míleata a d’fhéadfadh a bheith ag baint le clár núicléach na hIaráine. Is é Mohsen Fakhrizadeh-Mahabadi, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, a bhí ag reáchtáil SPND, ar cuid é den Ministry of Defence For Armed Forces Logistics (MODAFL) agus atá ainmnithe ag an Aontas.

22.12.2012

161.

Sharif University of Technology

An seoladh deiridh aige is eol dúinn: Azadi Ave/Street, PO Box 11365-11155, Tehran, Iran, Teil. +98 2166161 R-phost: info@sharif.ir

Tá roinnt comhaontuithe comhair ag Sharif University of Technology(SUT) le heagraíochtaí Rialtas na hIaráine atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe agus/nó ag an Aontas Eorpach, agus a fheidhmíonn i réimsí míleata nó a bhaineann le cúrsaí míleata, go háirithe i réimse tháirgeadh agus sholáthar na ndiúracán balaistíoch. Áirítear leis sin: comhaontú leis an Aerospace Industries Organisation atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach chun, i measc nithe eile, satailítí a tháirgeadh; oibriú i gcomhar le hAireacht Cosanta na hIaráine agus Iranian Revolutionary Guards Corps (IRGC) maidir le comórtais do bháid chliste; comhaontú níos leithne le hAerfhórsa IRGC lena gcumhdaítear caidreamh na hOllscoile, comhar eagraíochtúil agus straitéiseach a fhorbairt agus a neartú.

I dteannta a chéile, léirítear leis an méid sin rannpháirtíocht shuntasach le Rialtas na hIaráine i réimsí míleata nó i réimsí a bhaineann le cúrsaí míleata arb ionann iad agus tacaíocht do Rialtas na hIaráine.

8.11.2014”

(4)

faoin gceannteideal “II. Islamic Revolutionary Guard Corps”, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “A. Daoine”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“2.

An Seachaimiréal Ali FADAVI

 

Leas-Cheann ar Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC). Iar-Cheannasaí IRGC Navy.

26.7.2010

6.

IRGC Mohammad Ali JAFARI

 

Iar-Cheannasaí IRGC. Ina Cheann faoi láthair ar Hazrat Baqiatollah al-Azam Cultural and Social Headquarters.

23.6.2008”

(5)

faoin gceannteideal “II. Islamic Revolutionary Guard Corps.”, cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad na hiontrála comhfhreagraí sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal “B. Eintitis”:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“12.

Etemad Amin Invest Co Mobin

(ar a dtugtar freisin: Etemad Amin Investment Company Mobin; Etemad-e Mobin, Etemad Amin Invest Company Mobin; Etemad Mobin Co.;

Etemad Mobin Trust Co.; Etemade Mobin Company; Mobin Trust Consortium; Etemad-e Mobin Consortium)

Pasadaran Av. Tehran, Iran

Cuideachta atá faoi úinéireacht nó faoi rialú IRGC a rannchuidíonn le leasanna straitéiseacha an réimis a mhaoiniú.

26.7.2010”


30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/11


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1243 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Aibreán 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú i mótarfheithiclí agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus na leantóirí a ghabhann leo, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus le cosaint na ndaoine atá sna feithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 4(6) agus Airteagal 6(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a cheanglaítear le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/2144 go bhfeisteofar mótarfheithiclí chatagóir M agus chatagóir N le hardchórais feithicle áirithe, lena n-áirítear suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú. In Iarscríbhinn II, leagtar síos na buncheanglais maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú sna feithiclí sin.

(2)

Cuireann na córais chomhghlasála i gcás meisce feabhas ar shábháilteacht na tráchta trí dhaoine a bhfuil tiúchan alcóil thar luach teorann socraithe ina gcolainn a chosc ó mhótarfheithicil a thiomáint.

(3)

Tá gá le rialacha mionsonraithe maidir leis na ceanglais shonracha chun feithiclí a cheadú i ndáil le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú.

(4)

Sa tsraith Chaighdeán Eorpach EN 50436, sonraítear modhanna tástála agus ceanglais feidhmíochta riachtanacha le haghaidh na gcóras comhghlasála i gcás meisce, agus tá treoir ann d’údaráis, do chinnteoirí, do cheannaitheoirí agus d’úsáideoirí. Áirítear forálacha sonracha sna caighdeáin freisin, forálacha maidir le mótarfheithiclí sa tsraith sin chun suiteáil córas comhghlasála i gcás meisce a éascú.

(5)

Is le haghaidh suiteáil iardhíola a cheaptar córais chomhghlasála i gcás meisce den chuid is mó. Chun na críche sin, bíonn siad nasctha le ciorcaid leictreacha agus rialaithe na feithicle. Níor cheart go gcuirfeadh suiteáil den sórt sin isteach ar fheidhmiú ná ar chothabháil chuí na feithicle, níor cheart go ndéanfadh sé dochar do shábháilteacht ná do shlándáil na feithicle, ach ba cheart go mbeadh sé chomh simplí agus is féidir do shuiteálaithe speisialaithe agus oilte.

(6)

Dá bhrí sin, is gá ceangal a chur ar mhonaróirí feithiclí doiciméad a chur ar fáil ar a gcuid suíomhanna gréasáin ina mbeidh treoracha soiléire maidir le suiteáil na gcóras comhghlasála i gcás meisce (“doiciméad suiteála”) chun go mbeidh na teicneoirí in ann córas comhghlasála i gcás meisce a shuiteáil i gceart i ndéanamh áirithe feithicle.

(7)

Ós rud é go bhféadfadh baint a bheith ag cuid den fhaisnéis atá sa doiciméad suiteála le seirbhísí faisnéise slándála faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, níor cheart go mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil ach amháin d’oibreoirí neamhspleácha arna n-údarú ag eintitis chreidiúnaithe i gcomhréir le Foscríbhinn 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(8)

Níl aon tagairt do ghníomhartha rialála maidir le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú sa tábla ina bhfuil an liosta ceanglas in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144. Dá bhrí sin, is gá tagairt don Rialachán seo a chur isteach san Iarscríbhinn sin.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/2144 a leasú dá réir.

(10)

Ós rud é go mbeidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/2144 ón 6 Iúil 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceanglais maidir le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú

Maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil le suiteáil córas comhghlasála i gcás meisce a éascú, is rud é a bheidh faoi réir ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2144

Is i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 6 Iúil 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 325, 16.12.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Ceanglais theicniúla

1.   

Le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú, féadfar córas comhghlasála i gcás meisce a fheistiú nó a aisfheistiú a chomhlíonfaidh Caighdeáin Eorpacha EN 50436-1:2014 nó EN 50436-2:2014+A1:2015.

2.   

Maidir leis an gcóras feithicle a mhéid a bhaineann le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú i ngach mótarfheithicil chatagóir M agus chatagóir N, beidh sé i gcomhréir leis an ndéanamh feithicle ábhartha arna leagan síos i ndoiciméad suiteála an chórais comhghlasála i gcás meisce (“doiciméad suiteála”) a chomhlíonfaidh Caighdeán Eorpach EN 50436-7:2016. Chun na críche seo, cumhdóidh an doiciméad suiteála ar a laghad ceann amháin de na roghanna atá in EN 50436-7:2016 Iarscríbhinn C 3a, 3b nó 3c. Féadfaidh an monaróir feithicle an doiciméad suiteála a sholáthar, doiciméad a chomhlíonfaidh athbhreithnithe ina dhiaidh sin ar an gCaighdeán Eorpach, i gcomhaontú leis an údarás formheasa agus leis an tseirbhís theicniúil.

3.   

Doiciméad suiteála

3.1.   

Beidh tuairisc mhionsonraithe, léaráidí agus íomhánna lena dtugtar míniú ar shuiteáil córais comhghlasála i gcás meisce sa doiciméad suiteála, doiciméad lena gcumhdaítear aon cheann de na tacair faisnéise seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis maidir le fotha ceallra, talmhú, réiteach na feithicle agus cumasóir tosaithe;

(b)

an fhaisnéis maidir le fotha ceallra, talmhú, réiteach na feithicle agus líne ionchuir agus aschuir a cheadaíonn tosú nó a dhéanann é a chosc, agus brath roghnach acmhainn tiomána (e.g. feidhmiú an innill) nó líne comhartha feithicle atá faoi ghluaiseacht; nó

(c)

an fhaisnéis maidir le fotha ceallra, talmhú agus nasc an bhus sonraí leis an ríomhaire.

3.2.   

Aithneofar aon bhogearra, crua-earraí nó nós imeachta breise is gá chun suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce i bhfeithicil chaighdeánach a cheadú, agus sonrófar é sa doiciméad suiteála.

3.3.   

An gnáthshocrú ar an gcóras comhghlasála i gcás meisce, is é an socrú é a chuireann bac ar an tiomáint. Bainfear amach socrú ar an gcóras comhghlasála i gcás meisce, is é sin an socrú a chuireann bac ar an tiomáint, trí athsheachadán aschuir oscailte, comhartha aschuir comhfhreagrach nó trí theachtaireacht an bhus dhigitigh chomhfhreagraigh. Beidh dúnadh an athsheachadáin seo nó athrú an chomhartha aschuir bhacainnigh ina chomhartha aschuir neamhbhacainneach nó teachtaireacht bus sonraí neamhbhacainneach comhfhreagrach nuair a ghlactar le sampla anála a bhfuil tiúchan alcóil ann atá faoin teorainn a bhí socraithe roimh ré.

3.4.   

Ní dhéanfaidh córas comhghlasála i gcás meisce atá suiteáilte idirdhealú ach amháin i bpróiseas tosaithe an innill nó maidir le ligean don fheithicil gluaiseacht faoina cumhacht féin tar éis gníomhú máistirlasc rialaithe na feithicle agus ní bheidh tionchar ag an gcóras comhghlasála i gcás meisce ar inneall atá ag feidhmiú nó ar fheithicil atá faoi ghluaiseacht.

4.   

Rochtain ar fhaisnéis maidir le córas comhghlasála i gcás meisce a éascú

4.1.   

Cuirfidh monaróirí feithicle na socruithe agus na nósanna imeachta is gá i bhfeidhm lena n-áirithítear go bhfuil fáil ar fhaisnéis suiteála an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú, i bhfoirm na sonraí ábhartha den doiciméad suiteála caighdeánach, i gcomhréir le hIarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858. Ós rud é go bhféadfadh baint a bheith ag cuid den fhaisnéis le seirbhísí faisnéise slándála faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, tá rochtain ar fhaisnéis éascaithe na gcóras comhghlasála i gcás meisce srianta d’oibreoirí neamhspleácha a chomhlíonann an nós imeachta a leagtar amach i bhFoscríbhinn 3 a ghabhann leis an Iarscríbhinn sin.

5.   

Cuirfidh an monaróir feithicle dearbhú in iarscríbhinn sa doiciméad suiteála trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.


Foscríbhinn

Dearbhú an mhonaróra

(Monaróir):

(Seoladh an mhonaróra):

lena ndeimhnítear

Tugann sé rochtain ar dhoiciméad suiteála an chórais comhghlasála i gcás meisce i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1243 ón gCoimisiún (1) maidir leis an déanamh agus leis an gcineál feithicle seo a leanas: …

Liostaítear an príomhshuíomh/na príomhshuíomhanna gréasáin, áit ar féidir doiciméad suiteála an chórais comhghlasála i gcás meisce a rochtain, in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an dearbhú seo. Leagtar amach sonraí teagmhála ionadaí an mhonaróra fhreagraigh a shínigh an dearbhú seo in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an dearbhú seo.

Arna dhéanamh i/sa …[Ionad]

An …[Dáta]

[Síniú] [Post][]

Iarscríbhinn A: suíomh/suíomhann gréasáin

Iarscríbhinn B: sonraí teagmhála


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1243ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú i mótarfheithiclí agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 272, 11).


IARSCRÍBHINN II

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2144

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró maidir le ceanglas E1:

“E1 Suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1243 ón gCoimisiún  (*1)

 

B

B

B

B

B

B

 

 

 

 

 

 


(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1243ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le suiteáil an chórais comhghlasála i gcás meisce a éascú i mótarfheithiclí agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 272, … 11).”.


30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/16


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1244 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Bealtaine 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, agus leis na ceanglais agus na nósanna imeachta i ndáil le rochtain ar fhaisnéis slándála feithiclí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (1), agus go háirithe Airteagal 61(11) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 61(2) de Rialachán 2018/858 ceanglaítear ar mhonaróirí feithiclí faisnéis dhiagnóiseach ar bord feithicle (OBD) agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (RMI) a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin féin. Níl critéir chomhchuibhithe ar bith ann, áfach, maidir leis an mbealach ina gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, rud a fhágann gur gá d’oibreoirí neamhspleácha iad féin a chur in oiriúint don iomad seirbhísí agus cineálacha téarmaíochta éagsúla.

(2)

Sa Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 9 Nollaig 2016 (2) maidir le hoibriú an chórais rochtana ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, thángthas ar an gconclúid go bhféadfaí an t-ualach ar oibreoirí neamhspleácha a mhaolú trí na suíomhanna gréasáin sin agus an téarmaíocht chomhfhreagrach a chaighdeánú.

(3)

Rochtain a fháil ar fhaisnéis DAB feithicle agus ar RMI feithicle, ós rud é gur cheart gurbh fhéidir sin beag beann ar an gcineál gléasra cumhachta atá ag feithicil, is gá a shoiléiriú nach le haghaidh ceanglais a bhaineann le hastaíochtaí amháin atá an rochtain sin éigeantach.

(4)

An 15 Meán Fómhair 2014, d’fhoilsigh an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) Codanna 1 go 5 de chaighdeán EN ISO 18541 “Feithiclí bóthair – Rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil mótarfheithiclí (RMI)”. Malartú faisnéise DAB feithicle agus RMI feithicle idir monaróirí agus oibreoirí neamhspleácha, is é is aidhm do na codanna sin an malartú sin a éascú trí na ceanglais theicniúla agus na nósanna imeachta a bhunú maidir le rochtain ar an bhfaisnéis sin a éascú. Is iomchuí, dá bhrí sin, tagairt a dhéanamh in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 do cheanglais Chodanna 1 go 5 de chaighdeán EN ISO 18541-2014.

(5)

Ós rud é go gcuimsítear i bhfaisnéis DAB feithicle agus in RMI feithicle faisnéis atá ríthábhachtach chun slándáil na feithicle a áirithiú, tá gnéithe áirithe slándála feithicle nár chóir rochtain a thabhairt orthu ach d’oibreoirí neamhspleácha a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos san Iarscríbhinn seo.

(6)

De réir mholtaí an Fhóraim maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoi Fheithiclí, moltaí dá dtagraítear in Airteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2018/858, ba cheart a áireamh ar na ceanglais sin eintitis chreidiúnaithe na hoibreoirí neamhspleácha lena mbaineann a fhormheas agus fostaithe na n-oibreoirí sin atá i mbun na ngníomhaíochtaí ábhartha a údarú. Is gá, dá bhrí sin, an nós imeachta a leagan síos maidir le hoibreoirí neamhspleácha a fhormheas agus a údarú le rochtain a fháil ar ghnéithe slándála feithiclí, rud ba cheart a bhunú ar an “Scéim um chreidiúnú, formheas agus údarú le rochtain a fháil ar Fhaisnéis faoi Dheisiú agus faoi Chothabháil a bhaineann leis an tSlándáil (RMI)”, scéim a bhailíochtaigh an Comhar Eorpach don Chreidiúnú an 19 Bealtaine 2016. Is gá a mheas freisin an bhfuil baint ag na hoibreoirí sin le gníomhaíochtaí neamhdhlisteanacha gnó.

(7)

Ina theannta sin, ról agus freagrachtaí na gcomhlachtaí atá bainteach le formheas agus údarú oibreoirí neamhspleácha agus a bhfostaithe le rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar faisnéis í a bhaineann leis an tslándáil, is gá an ról agus na freagrachtaí sin a leagan síos.

(8)

Ionas gur féidir leis na Ballstáit agus na húdaráis náisiúnta, chomh maith leis na hoibreoirí eacnamaíocha, ullmhú do chur i bhfeidhm na rialacha nua a thabharfar isteach leis an ngníomh seo, ba cheart an dáta cur i bhfeidhm a chur siar.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, leasaítear í i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 30 Iúil 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 151, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hoibriú an chórais rochtana ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, córas a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, COM(2016) 0782 final.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1:

“2.1.

Cuirfidh monaróir na socruithe agus na nósanna imeachta is gá i bhfeidhm, i gcomhréir leis an gcéad abairt den dara fomhír d’Airteagal 61(2), chun a áirithiú gur féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis DAB feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí trí shuíomhanna gréasáin. An oibleagáid atá ar mhonaróirí faisnéis DAB agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a sholáthar ar a suíomh gréasáin i bhformáid chaighdeánaithe, toimhdeofar go bhfuiltear i gcomhréir leis an oibleagáid sin ach na nithe a leanas a chomhlíonadh – Cuid 1 “Faisnéis ghinearálta agus sainiú cáis úsáide”, Cuid 2 “Ceanglais theicniúla”, Cuid 3 “Ceanglais feidhmíochta maidir leis an gcomhéadan úsáideora” de chaighdeán EN ISO 18541 – 2014, Cuid 4 “Tástáil chomhréireachta” de chaighdeán EN ISO 18541 – 2015 agus Cuid 5 “Foráil shonrach maidir le feithiclí tromshaothair”“Feithiclí bóthair — Rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil mótarfheithiclí (RMI)” de chaighdeán EN ISO 18541 – 2018. Rochtain ar fhaisnéis DAB feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, is ar bhealach sorochtana pras a dhéanfar an rochtain sin a dheonú.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.5.2:

“2.5.2.

lámhleabhair seirbhíse, lena n-áirítear taifid seirbhíse agus chothabhála, agus tagairtí sonraíochtaí teicniúla maidir le sreabháin, lena n-áirítear maidir le bealaí, leachtanna coscán agus leachtanna fuaraithe;”;

(3)

i bpointe 2.9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Chun críoch DAB feithicle, déanfar diagnóisic, faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil, faisnéis faoi fhaireachán agus faoi chigireacht, sruth sonraí díreach na feithicle, lena n-áirítear lochtchóid agus feidhmeanna diagnóiseacha, déanfar na nithe sin a chur ar fáil tríd an bport sonraí srathach ar an nascóir caighdeánaithe nasctha sonraí a shonraítear i mír 6.5.1.4, rud a dhéanfar i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i roinn 6.5.3. d’fhoscríbhinn 1 a ghabhann le hIarscríbhinn 11 a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) (*1) agus i gcomhréir le mír 4.7.3 d’Iarscríbhinn 9B agus na doiciméid caighdeáin tagartha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 6 a ghabhann leis an Iarscríbhinn sin a ghabhann le Rialachán Uimh. 49 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip(UN/ECE) (*2)

(*1)  Rialachán Uimh. 83 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann le hastú truailleán de réir riachtanais bhreosla inneall (IO L 42, 15.2.2012, lch. 1)."

(*2)  Rialachán Uimh. 49 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir leis na bearta atá le déanamh i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh agus innill adhainte deimhní atá le húsáid i bhfeithiclí, agus i gcoinne astú truailleán gásach ó innill adhainte deimhní a bhreoslaítear le gás nádúrtha nó le gás peitriliam leachtaithe atá le húsáid i bhfeithiclí (IO L 180, 8.7.2011, lch. 53).”;"

(4)

i bpointe 6.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“An oibleagáid atá ar mhonaróirí faisnéis DAB agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a sholáthar ar a suíomh gréasáin i bhformáid chaighdeánaithe, toimhdeofar go bhfuiltear i gcomhréir leis an oibleagáid sin ach na Codanna de chaighdeán EN ISO 18541 dá dtagraítear i bpointe 2.1. a chomhlíonadh.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.2:

“Rochtain ar ghnéithe slándála feithicle a thabhairt d’oibreoirí neamhspleácha, is faoi chosaint teicneolaíochta slándála a dhéanfar sin agus i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:”;

(6)

leasaítear pointe 6.3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“An nós imeachta dá dtagraítear i bpointe 6.2 chun oibreoirí neamhspleácha a cheadú agus a údarú le rochtain fháil ar ghnéithe slándála feithicle, leagtar amach é in bhFoscríbhinn 3. Ról agus freagrachtaí na gcomhlachtaí a bhfuil baint acu le creidiúnú, formheas agus údarú oibreoirí neamhspleácha, sonraítear iad trí bhíthin ceanglais feidhmiúla ina bhfuil samplaí agus cásanna úsáide, ceanglais a leagtar síos i bhFógra ón gCoimisiún.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“Chun críocha an nós imeachta sin, ní mheasfar go bhfuil oibreoirí ag gabháil do ghníomhaíocht dhlisteanach ghnó i gcás ina bhfógróidh siad nó ina dtáirgeoidh siad oibríochtaí deisithe nó cothabhála a d’imreodh tionchar diúltach ar fheidhmíocht astaíochtaí na feithicle. Cuimseofar ansin:

(a)

feistí rialaithe truaillithe nó córais rialaithe astaíochtaí a dhíghníomhachtú nó a bhaint, feidhmíocht na nithe sin a dhíghrádú, nó a mífheidhmiú a cheilt;

(b)

feistí sáraithe (*3) nó straitéisí sáraithe (*4) a shuiteáil;

(c)

feistí um fhaireachán a dhéanamh ar ídiú breosla nó fuinnimh leictrigh a dhíghníomhachtú nó a bhaint, nó baint do na feistí sin, nó baint do léamha odaiméadair;

(d)

baint don aonad rialaithe innill, an chumhacht rátaithe innill san áireamh.

(*3)  Faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(10) de Rialachán (AE) Uimh. 715/2007."

(*4)  Faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) Uimh. 595/2009.”;"

(7)

cuirtear isteach Foscríbhinn 3 seo a leanas:

Foscríbhinn 3

An nós imeachta maidir le hoibreoirí neamhspleácha a fhormheas agus a údarú le rochtain a fháil ar ghnéithe slándála feithicle (*5)

1.   Raon feidhme

Is san Fhoscríbhinn seo atá na ceanglais atá ann chun oibreoirí neamhspleácha a fhormheas agus a údarú, oibreoirí a bhfuil gá acu le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar faisnéis í a bhaineann leis an tslándáil (RMI).

Sonraítear go mion inti an próiseas agus na comhlachtaí is gá chun oibreoirí neamhspleácha a fhormheas agus a údarú le rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí ar faisnéis í a bhaineann leis an tslándáil maidir le feithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála agus le feithiclí tromshaothair.

2.   Sainmhínithe agus téarmaí giorraithe

2.1.   Sainmhínithe

Chun críocha na Foscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

2.1.1.   ‘Creidiúnú’

ciallóidh ‘creidiúnú’ creidiúnú faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 10 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008

2.1.2.   ‘Fostaí de chuid IO’

Ciallóidh ‘fostaí de chuid IO’ fostaí de chuid oibreoir neamhspleách (IO) formheasta ar fostaí é a mbeidh rochtain aige ar RMI a bhaineann leis an tslándáil a luaithe a údaróidh comhlacht um measúnú comhréireachta (CAB) é

2.1.3.   ‘Faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil a bhaineann leis an tslándáil’ nó ‘RMI a bhaineann leis an tslándáil’

‘Faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil a bhaineann leis an tslándáil’ nó ‘RMI a bhaineann leis an tslándáil’, ciallóidh sé sin an fhaisnéis, na bogearraí, na feidhmeanna agus na seirbhísí is gá chun na gnéithe a ndearna an monaróir cuid den fheithicil díobh ionas nach ngoidfear an fheithicil ná nach dtiomáinfear chun siúil í agus go bhféadfar í a rianú agus a fháil ar ais, chun na gnéithe sin a dheisiú agus a chothabháil.

2.1.4.   ‘Deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa’

Ciallóidh “deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa” an deimhniú arna eisiúint ag an CAB chuig na IOnna a chomhlíonann na critéir formheasa a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo, ar deimhniú é lena ndeimhnítear go bhfuil na IOnna sin formheasta agus gur féidir le fostaithe dá gcuid údarú a iarraidh chun rochtain a fháil ar RMI é a bhaineann leis an tslándáil.

2.1.5.   ‘Deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin’

Ciallóidh ‘deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin’ an deimhniú arna eisiúint ag an CAB chuig fostaithe de chuid IOnna a chomhlíonann na critéir údarúcháin a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo, ar deimhniú é lena ndeimhnítear go bhfuil na fostaithe sin údaraithe le rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil ar shuíomh gréasáin monaróra.

2.1.6.   ‘Lárionad iontaoibhe’ nó ‘TC’

Ciallóidh ‘lárionad iontaoibhe’ nó ‘TC’ an comhlacht arna ainmniú ag SERMI agus arna fhormheas ag an gCoimisiún agus atá freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

deimhnithe digiteacha agus stádas údarúcháin na bhfostaithe de chuid IOnna a bhainistiú agus na ceadchomharthaí slándála agus na deimhnithe digiteacha is gá a sholáthar don CAB le haghaidh fostaithe údaraithe de chuid IOnna;

(b)

faisnéis faoi stádas údarúcháin fostaí de chuid IO a sholáthar do mhonaróir feithicle.

2.1.7.   ‘Ceadchomhartha slándála’

Ciallóidh ‘ceadchomhartha slándála’ feiste lenar féidir IO a fhíordheimhniú ar bhealach slán.

2.1.8.   ‘Deimhniú digiteach’

Ciallóidh ‘deimhniú digiteach’ deimhniú digiteach a éilíonn síniú digiteach an lárionaid iontaoibhe eisiúna ionas go gceanglófar eochair phoiblí de chéannacht an fhostaí de chuid IO, rud atá i gcomhréir le caighdeán ISO 9594.

2.1.9.   ‘Bunachar sonraí údarúcháin’

Ciallóidh ‘bunachar sonraí údarúcháin’ bunachar sonraí atá i seilbh an lárionaid iontaoibhe ar bunachar é ina bhfuil na nithe seo a leanas – sonraí údarúcháin na bhfostaithe údaraithe anaithnidithe de chuid IOnna, agus clárúchán IOnna formheasta.

2.1.10.   ‘Bunachar sonraí deimhniúcháin’

Ciallóidh ‘bunachar sonraí deimhniúcháin’ bunachar sonraí atá i seilbh an lárionaid iontaoibhe ar mhaithe le bailíocht deimhnithe digiteacha fostaithe údaraithe de chuid IOnna agus aitheantóirí na bhfostaithe sin a bhainistiú.

2.1.11.   ‘Comhar Eorpach don Chreidiúnú’ nó ‘EA’

‘Comhar Eorpach don Chreidiúnú’ nó ‘EA’, ciallóidh sé sin an comhlacht atá aitheanta ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus atá freagrach as forbairt, cothabháil agus cur chun feidhme creidiúnaithe san Aontas.

2.1.12.   ‘Fóram um Rochtain ar RMI Feithicilí ar RMI é a bhaineann leis an tSlándáil’ nó ‘SERMI’

An ‘Fóram um Rochtain ar RMI Feithicilí ar RMI é a bhaineann leis an tSlándáil’ nó ‘SERMI’, ciallaíonn sé sin an t-eintiteas atá i gceannas ar an gCoimisiún a chomhordú agus comhairle a chur air maidir le cur chun feidhme na nósanna imeachta creidiúnúcháin, formheasa agus údarúcháin chun rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil.

2.1.13.   ‘Údaráis ábhartha”

Ciallóidh ‘údaráis ábhartha’ na húdaráis phoiblí sin a bhfuil sainordú dlíthiúil acu chun feidhmiú i réimse na cosanta, an imscrúdaithe agus an ionchúisimh maidir leis an gcoireacht ó thaobh slándáil feithiclí.

3.   Creidiúnú CABanna, formheas IOnna agus údarú fostaithe de chuid IOnna

CABanna atá creidiúnaithe ag comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin (‘NAB’), faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 11 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ar NAB é de chuid an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe, ní eiseoidh ach na CABanna sin deimhnithe maidir le hiniúchadh formheasa lena ndeimhnítear gur formheasadh IO agus deimhnithe maidir le hiniúchadh údarúcháin lena ndeimhnítear go bhfuil fostaí de chuid IO le rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil.

Is go ceann tréimhse 60 mí ón dáta a eiseofar na deimhnithe iniúchta lena mbaineann a dheonófar formheas an IO agus údarú an fhostaí de chuid IO.

Oibreoirí neamhspleácha ar mian leo RMI a bhaineann leis an tslándáil a fháil, gheobhaidh siad deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa ó CAB arna chreidiúnú ag NAB de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an IO bunaithe.

Fostaithe de chuid IOnna atá le RMI a bhaineann leis an tslándáil a láimhseáil, gheobhaidh siad deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin ó CAB arna chreidiúnú ag NAB de chuid an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an bhfostaí de chuid oibreoir neamhspleách.

Cuirfidh CABanna TCanna ar an eolas faoi aon deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa nó aon deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin a eisítear, agus a luaithe a dhéanfar sin, cruthóidh TCanna taifead údarúcháin agus eiseoidh siad ceadchomhartha slándála agus deimhniú digiteach, nithe a fhágfaidh gur féidir le suíomh gréasáin RMI an mhonaróra feithiclí fostaithe de chuid IOnna a aithint go huathúil. Tabharfaidh CABanna ceadchomhartha slándála agus an deimhniú digiteach d’fhostaithe aonair de chuid IOnna.

Féadfaidh monaróirí feithiclí táille a éileamh as fostaithe de chuid IOnna a chlárú ar shuíomhanna gréasáin RMI na monaróirí feithiclí sin agus as rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil. Beidh an táille sin i gcomhréir leis an gcostas a bhaineann leis an gclárú agus an soláthar rochtana sin. Déanfar na táillí atá dlite a shonrú ar shuíomhanna gréasáin RMI na monaróirí feithiclí. Gach aistriú sonraí digiteacha idir IOnna, TCanna agus CABanna, is trí idirbhearta gnólacht le gnólacht (B2B) a dhéanfar iad, idirbhearta ina n-úsáidfear prótacail shlána agus a dhéanfar ar bhealach tráthúil.

Image 1

An IO atá ag iarraidh údarú ó CAB, síneoidh sé dearbhú lena ndeimhnítear go bhfuil sé ag gabháil do ghníomhaíocht dhlisteanach ghnó dá dtagraítear i bpointe 6.3. den Iarscríbhinn seo. Ní fhormheasfar IO go dtí go mbeidh iniúchadh déanta ag an CAB a fhíoróidh gur síníodh an dearbhú sin, iniúchadh lena ndéanfar measúnú i dtaobh cé acu a chomhlíonann an IO agus a chuid fostaithe aonair na ceanglais a leagtar síos san Fhoscríbhinn seo nó nach gcomhlíonann.

Ní údarófar fostaithe aonair de chuid IOnna go dtí go mbeidh iniúchadh déanta ag CAB. Déanfaidh CABanna na doiciméid a cuireadh isteach a sheiceáil agus fíoróidh siad cé acu a rinne an fostaí de chuid IO lena mbaineann, a rinne sé nó nach ndearna sé iarratas ar údarú roimhe sin a dhiúltaigh an CAB lena mbaineann nó a dhiúltaigh aon CAB eile ar leibhéal an Aontais.

Cuirfidh CABanna chuig an TC na sonraí ar fad is gá ionas go dtáirgfidh an TC an deimhniú digiteach agus an ceadchomhartha slándála, nithe a chuirfidh an CAB chuig na fostaithe de chuid oibreoir neamhspleách.

Fostaithe de chuid oibreoir neamhspleách ar tugadh údarú dóibh, gheobhaidh siad an PIN a bhaineann leis an deimhniú digiteach óna CAB.

Image 2

3.1.   Forléargas ar an rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil

Soláthróidh monaróirí feithiclí rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil trína suíomh gréasáin, ar choinníoll na fostaithe de chuid IO a bheith údaraithe agus a bheith in ann an deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin a chur ar fáil, agus deimhniú maidir le hiniúchadh formheasa a bheith ag an IO a bhfuil na fostaithe de chuid IO ag obair thar a cheann.

Fostaithe údaraithe de chuid IO a oibríonn do IOnna formheasta, féadfaidh monaróirí rochtain a thairiscint dóibh ar shaoráid ordaithe ar líne le haghaidh codanna a bhaineann leis an tslándáil trí fheidhmchlár speisialaithe atá nasctha leis an suíomh gréasáin RMI..

Ar iarratas a fháil ar rochtain ar shuíomh gréasáin RMI, éileoidh suíomhanna gréasáin na monaróirí feithiclí aitheantas trí bhíthin an aitheantóra uathúil le haghaidh fostaí de chuid IO, agus iarrfaidh siad fíordheimhniú. Is trí dheimhnithe digiteacha amháin a dhéanfar fíordheimhniú fostaithe de chuid OI. Ar dheimhniú digiteach a fháil, fíoróidh suíomhanna gréasáin RMI na monaróirí feithiclí an t-aitheantóir uathúil le haghaidh fostaí de chuid IO agus stádas reatha an deimhnithe dhigitigh agus an údaraithe, rud a dhéanfaidh siad trí chumarsáid leis an TC a shainaithnítear sa deimhniú digiteach.

Gach aistriú sonraí digiteacha idir oibreoirí neamhspleácha, monaróirí feithiclí, TCanna agus CABanna, is trí idirbhearta gnólacht le gnólacht (B2B) a dhéanfar iad, idirbhearta ina n-úsáidfear prótacail shlána agus a dhéanfar ar bhealach tráthúil. A luaithe a fhíorófar an t-aitheantóir uathúil le haghaidh fostaí de chuid IO agus stádas údarúcháin an fhostaí de chuid IO, déanfaidh an monaróir feithiclí rochtain ar an RMI is gá a bhaineann leis an tslándáil a sholáthar trína shuíomh gréasáin.

Image 3

4.   Rialacha sonracha maidir le rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil

4.1.   Ról SERMI

4.1.1.   Freagrachtaí agus oibleagáidí

Déanfaidh SERMI faireachán ar chur chun feidhme an phróisis creidiúnúcháin ar fud na mBallstát agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Cuirfidh SERMI comhairle ar an gCoimisiún maidir le hiarratais ar athruithe ar an bpróiseas creidiúnúcháin.

(a)

Cuirfidh SERMI comhairle ar an gCoimisiún maidir le hiarratais ar athruithe ar an bpróiseas creidiúnúcháin. Déanfaidh SERMI faireachán ar chur chun feidhme an phróisis creidiúnúcháin ar fud na mBallstát agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir;

(b)

rachaidh SERMI i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir leis na critéir roghnúcháin TC a chruthú;

(c)

cuirfidh SERMI comhairle ar an gCoimisiún maidir le treoirlínte teicniúla cur chun feidhme a thabhairt isteach i ndáil le hidirghníomhaíocht idir na heintitis atá rannpháirteach sa phróiseas;

(d)

leanfaidh SERMI rialacha an EA maidir le húinéireacht scéime;

(e)

na páirtithe leasmhara a ghabhann don phróiseas creidiúnúcháin, formheasa agus údarúcháin chun rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil, is iadsan a dhéanfaidh ionadaíocht do chomhaltaí SERMI.

4.1.2.   Lárionaid iontaoibhe a roghnú

Is é SERMI a roghnóidh an TC agus cuirfear fógra chuig an gCoimisiún ina leith lena fhormheas.

TCanna a roghnófar, beidh siad i gcomhréir le caighdeán ETSI TS 319 411-3, agus comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le sínithe leictreonacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), i dteannta na gceanglas a leagtar síos i bpointe 4.6 den Fhoscríbhinn seo.

Ina theannta sin, beidh na nithe seo a leanas ag na TCanna:

an inniúlacht theicniúil agus bhainistíochta atá ábhartha maidir leis an bpróiseas creidiúnúcháin, chomh maith leis an inmharthanacht agus an taithí airgeadais;

foireann a bhfuil na scileanna agus an taithí riachtanach acu agus atá ar fáil de réir mar is gá le haghaidh an phróisis creidiúnaithe;

an cumas feidhmiú ar fud na mBallstát;

próiseas dearbhaithe cáilíochta atá á chur i bhfeidhm ar an leibhéal oibríochtúil.

4.2.   Ról na NABanna

Beidh an NAB freagrach as CABanna a chreidiúnú chun IOnna a fhormheas agus fostaithe de chuid IOnna a údarú le rochtain a fháil ar RMI a bhaineann leis an tslándáil.

4.2.1.   Freagrachtaí agus ceanglais

Na freagrachtaí atá ar an NAB agus na ceanglais atá ann ina leith, leagtar amach iad in Airteagail 8 go 12 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

4.2.2.   Critéir maidir le CABanna a chreidiúnú

Déanfar CABanna a chreidiúnú ina gcomhlachtaí cigireachta de chineál A i gcomhréir le ISO/IEC 17020:2012. Comhlíonfaidh CABanna na ceanglais maidir leis an leibhéal is airde neamhspleáchais.

Ina theannta sin, na ceanglais a leagtar síos i bpointí 4.3.1 go 4.3.2, déanfaidh an NAB measúnú ar chumas CABanna na ceanglais sin a chomhlíonadh.

An pearsanra a bheidh i gceannas ar iniúchtaí maidir le IOnna, an leibhéal eolais a bheidh acu ar an ngnó deisithe agus cothabhála mótarfheithiclí agus ar mhionsonraí an mhargaidh iardhíola mótarfheithiclí, is leibhéal iomchuí a bheidh ansin le haghaidh na dtascanna a bheidh ar bun acu.

4.3.   Ról na CABanna

Beidh an CAB freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar IOnna agus ar a gcuid fostaithe faoi seach agus as deimhnithe maidir le hiniúchadh formheasa agus deimhnithe maidir le hiniúchadh údarúcháin a eisiúint i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn seo, agus as deimhnithe den sórt sin a chúlghairm.

4.3.1.   Freagrachtaí agus ceanglais

(a)

Na sonraí a chuirtear isteach ionas go bhformheastar IO, coinneoidh CABanna na sonraí sin;

(b)

Bunóidh CABanna cainéal slán cumarsáide leis an TC agus soláthróidh siad torthaí an iniúchta don TC ionas go n-eiseofar an ceadchomhartha slándála agus deimhniú digiteach;

(c)

Tabharfaidh CABanna fógra d’fhostaithe de chuid IOnna sé mhí sula rachaidh a n-údarú in éag;

(d)

Coimeádfaidh CABanna bunachar sonraí ar bun ina mbeidh sonraí a chuirtear isteach ionas go n-údaraítear fostaithe de chuid IOnna;

(e)

CABanna a dhiúltaíonn IOnna a fhormheas nó fostaí de chuid IO a údarú, cuirfidh siad in iúl don TC torthaí an iniúchta maidir leis an IO nó an fostaí sin;

(f)

Ní dhéanfaidh CABanna ach na sonraí is gá le haghaidh an phróisis formheasa nó údarúcháin a bhailiú agus a úsáid;

(g)

Na sonraí uile a bhaineann le IO agus le fostaithe de chuid IO, coimeádfaidh CABanna faoi rún iad agus áiritheoidh siad nach mbeidh rochtain ach ag fostaithe údaraithe ar na sonraí sin;

(h)

Uair sa bhliain, soláthróidh CABanna staitisticí do SERMI agus don Choimisiún maidir le líon na bhformheasanna agus na n-údaruithe a eisíodh chomh maith le líon na ndiúltuithe;

(i)

Coinneoidh na CABanna taifid shlána maidir le hiniúchtaí formheasa agus iniúchtaí údarúcháin ar feadh tréimhse cúig bliana;

(j)

I gcás torthaí diúltacha ar iniúchadh maidir le IO, cuirfidh CABanna gach CAB eile sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe ar an eolas faoi na torthaí sin;

(k)

IOnna agus fostaithe de chuid IOnna a fuair toradh diúltach iniúchta, féadfaidh siad faisnéis bhreise a sholáthar don CAB lena gceartaítear mioneaspaí laistigh de 15 lá oibre ón uair a fuair siad an toradh diúltach iniúchta. Cinnfidh CABanna dá réir sin an bhfuil toradh an iniúchta le hathrú;

(l)

Tabharfaidh CABanna fógra do IOnna sé mhí sula rachaidh a bhformheas in éag;

(m)

Déanfaidh CABanna iniúchtaí randamacha neamhfhógartha ar an láthair ar IOnna laistigh de thréimhse bhailíochta 60 mí an fhormheasa, agus déanfaidh siad iniúchadh randamach ar an láthair amháin ar a laghad ar gach IO formheasta le linn thréimhse bhailíochta 60 mí an fhormheasa;

(n)

Ar bhonn gearán faoi IO formheasta nó faoi fhostaí údaraithe de chuid IO, seiceálfaidh CABanna go bhfuil an IO nó an fostaí de chuid IO lena mbaineann ag comhlíonadh na gcritéar ar formheasadh nó ar údaraíodh iad dá réir. Cinnfidh an CAB le linn a imscrúdaithe an bhfuil gá le hiniúchadh ar an láthair.

(o)

Chun críoch iniúchtaí ar an láthair, féadfaidh CABanna cúnamh ó údaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar an mBallstát ina bhfuil siad bunaithe;

(p)

Na critéir ar formheasadh IOnna nó ar údaraíodh fostaithe de chuid IOnna dá réir, i gcás nach gcomhlíonfaidh siad a thuilleadh iad, déanfaidh CABanna formheas IOnna agus údarú fostaithe de chuid IOnna a chúlghairm. Dá réir sin, deimhniú digiteach na bhfostaithe de chuid IOnna lena mbaineann, iarrfaidh CABanna ar an TC deimhniú digiteach na bhfostaithe lena mbaineann a chur ar fionraí agus a aisghairm.

4.3.2.   Athnuachan an fhormheasa

Déanfaidh CABanna iniúchadh ar an láthair arna iarraidh sin ag IO nó 6 mhí roimh bhailíocht an fhormheasa a dhul in éag, agus i gcás toradh dearfach iniúchta, déanfaidh siad an formheas a athnuachan.

Eiseoidh CABanna deimhniú nua maidir le hiniúchadh formheasa le haghaidh IO a chomhlíonann na critéir formheasa.

Déanfaidh CABanna measúnú ar iarratais ar athnuachan ar údaruithe agus eiseoidh siad deimhniú maidir le hiniúchadh údarúcháin d’fhostaithe de chuid IOnna ar fostaithe iad a chomhlíonann na critéir údaraithe.

4.3.3.   Critéir maidir le formheas IO ag an CAB

Seiceálfaidh CABanna an méid seo a leanas sula ndéanfaidh siad IO a fhormheas, agus seiceálfaidh siad na nithe céanna le linn aon iniúchadh ar an láthair i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an fhormheasa:

(a)

úinéireacht dhoiciméadaithe IO, ainm an stiúrthóra bainistíochta;

(b)

an liosta a sholáthraíonn an IO d’fhostaithe atá le húdarú;

(c)

faisnéis faoi fhreagracht na bhfostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus faoina bhfeidhm;

(d)

an bhfuil árachas dliteanais ag an IO lena ngabhann íosmhéid cumhdaigh milliún Euro maidir le díobháil choirp agus íosmhéid cumhdaigh 0,5 milliún Euro maidir le damáiste do mhaoin;

(e)

ar cúlghaireadh formheas an IO ar chúiseanna mí-úsáide;

(f)

ar sholáthair an IO cruthúnas ar ghníomhaíocht i réimse na mótarfheithiclí;

(g)

an dearbhú lena ndeimhnítear go bhfuil gníomhaíocht dhlisteanach ghnó dá dtagraítear i bpointe 6.3 á saothrú ag an IO, an bhfuil sé sínithe ag an IO, agus an amhlaidh le linn iniúchadh ar an láthair atá gníomhaíocht dhlisteanach ghnó á déanamh go héifeachtach ag an IO;

(h)

an bhfuil taifead coiriúil glan ag an IO nó ag fostaithe an IO;

(i)

an bhfuil dearbhú sínithe ag ionadaí dlíthiúil an IO lena n-áirithítear comhlíonadh na gceanglas nós imeachta a leagtar síos i bpointe 4.3.4 i gcás gach oibríocht a bhaineann le slándáil feithiclí.

4.3.4.   Critéir maidir le formheas fostaithe de chuid IOnna ag an CAB

Fíoróidh CABanna an méid seo a leanas sula ndéanfaidh siad fostaí a údarú ina fhostaí de chuid IO, agus fíoróidh siad na nithe céanna le linn aon iniúchadh ar an láthair i gcaitheamh thréimhse bhailíochta an fhormheasa:

(a)

nach raibh údarú ag an bhfostaí lena mbaineann roimhe sin arb údarú é a cúlghaireadh de dheasca a mhí-úsáide;

(b)

go bhfuil taifead coiriúil glan ag an bhfostaí;

(c)

go bhfuil comhaontú fostaíochta idir an fostaí lena mbaineann agus IO formheasta;

(d)

go bhfuil cárta aitheantais tírshonrach bailí nó doiciméad coibhéiseach ag an bhfostaí lena mbaineann.

4.4.   Ról na IOnna

4.4.1.   Freagrachtaí agus ceanglais

(a)

iarrfaidh IOnna iniúchadh ar a CAB chun formheas a fháil;

(b)

cuirfidh IOnna a CAB ar an eolas maidir le hathruithe ar a gcuid sonraí teagmhála;

(c)

cuirfidh IOnna a CAB ar an eolas nuair a dhíscaoilfear a ngnó;

(d)

Gach idirbheart agus oibríocht maidir le RMI a bhaineann leis an tslándáil, déanfaidh IOnna iad a thaifeadadh;

(e)

cuirfidh IOnna a CAB ar an eolas maidir le haon fhoirceannadh fostaíochta a bhaineann le haon duine dá gcuid fostaithe údaraithe;

(f)

aon chion nó aon mhí-iompar a rinne a gcuid fostaithe údaraithe agus a bhfuil baint aige le RMI a bhaineann leis an tslándáil, tuairisceoidh IOnna do na húdaráis ábhartha é;

(g)

cinnteoidh IOnna nach n-úsáidfidh a gcuid fostaithe aon deimhniú ach a ndeimhniú féin maidir le hiniúchadh údarúcháin;

(h)

áiritheoidh IOnna go n-íocfar gach táille a bhaineann le húdarú a gcuid fostaithe;

(i)

áiritheoidh IOnna go gcuirfear oiliúint ar a gcuid fostaithe i gcomhair gníomhaíochtaí deisiúcháin a bhaineann le cothabháil mótarfheithiclí, le hathchlárú mótarfheithiclí agus le feidhmeanna slándála agus sábháilteachta mótarfheithiclí;

(j)

iarrfaidh IOnna ar a CAB iniúchadh ar an láthair a dhéanamh le linn na sé mhí sula rachaidh a ndeimhniú maidir le hiniúchadh formheasa in éag.

4.5.   An ról atá ag fostaithe de chuid IO

4.5.1.   Freagrachtaí agus ceanglais

(a)

iarrfaidh fostaithe de chuid IO údarú ar a CAB;

(b)

déanfaidh fostaithe de chuid IO iad féin a chlárú i gcóras RMI an mhonaróra feithiclí;

(c)

beidh rochtain ag fostaithe de chuid IO ar RMI a bhaineann leis an tslándáil i gcomhréir le caighdeán EN ISO 18541 – 2014;

(d)

gach taifead maidir le RMI a bhaineann leis an tslándáil a íoslódáiltear ó chóras RMI an mhonaróra feithiclí, áiritheoidh fostaithe de chuid IO nach stórálfar na taifid sin níos faide ná mar is gá chun an oibríocht a dteastaíonn an fhaisnéis lena haghaidh a chur i gcrích;

(e)

i gcás inarb infheidhme, cuirfidh fostaithe de chuid IO in iúl don IO is fostóir acu nach bhfuil gá lena ndeimhniú digiteach a thuilleadh;

(f)

an ceadchomhartha slándála, an deimhniú digiteach agus an PIN, ní dhéanfaidh fostaí de chuid IO aon cheann de na nithe sin a roinnt le haon tríú páirtí;

(g)

beidh fostaithe de chuid IO freagrach as an gceadchomhartha slándála pearsanta agus an PIN a úsáid i gceart;

(h)

cuirfidh fostaithe a IO agus a TC ar an eolas faoina gceadchomhartha slándála a chailleadh nó a mhí-úsáid laistigh de 24 uair an chloig tar éis an chaillteanais sin nó na mí-úsáide sin;

(i)

aon iarraidh nó aon ghníomh ó fhostaithe eile de chuid IO i ndáil le RMI a bhaineann leis an tslándáil nach gníomhaíocht dhlisteanach ghnó é dá dtagraítear i bpointe 6.3. den Iarscríbhinn seo, tuairisceoidh fostaithe de chuid IO na hiarrataí nó na gníomhartha sin do na húdaráis ábhartha.

4.6.   Ról an lárionaid iontaoibhe

Cruthóidh TCanna na deimhnithe digiteacha agus seolfaidh siad na deimhnithe sin chuig na IOnna agus a gcuid fostaithe trí na CABanna éagsúla. Coimeádfaidh TCanna bunachar sonraí de dheimhnithe maidir le hiniúchadh údarúcháin a eisíodh. Soláthróidh TCanna rochtain do mhonaróirí feithiclí ar chomhéadan chun stádas na ndeimhnithe digiteacha agus na ndeimhnithe maidir le hiniúchadh údarúcháin a fhíorú.

An fhaisnéis maidir le fostaithe de chuid IO, coinneoidh na TCanna sa bhunachar sonraí údarúcháin iad ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná 60 mí. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná a bhfuil fágtha de thréimhse bhailíochta an fhormheasa a deonaíodh don IO ina bhfuil an fostaí ag obair.

4.6.1.   Freagrachtaí agus ceanglais

(a)

féadfaidh TCanna deimhnithe digiteacha a chur ar fionraí agus a aisghairm arna iarraidh sin ag an CAB;

(b)

soláthróidh TCanna don IO agus dá chuid fostaithe na bogearraí chun na deimhnithe digiteacha a úsáid;

(c)

oibreoidh TCanna 24 uair an chloig sa lá, 7 lá na seachtaine.

4.7.   Ról na monaróirí feithiclí

Gach IO formheasta agus gach fostaí údaraithe de chuid IO, soláthróidh monaróirí feithiclí rochtain dóibh ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil ar faisnéis í a bhaineann leis an tslándáil. Fostaithe de chuid IO atá ag lorg rochtain ar an bhfaisnéis sin, déanfaidh monaróirí feithiclí cumarsáid le TCanna chun stádas údarúcháin agus fíordheimhnithe na bhfostaithe sin a fhíorú.

4.7.1.   Freagrachtaí agus ceanglais

(a)

áiritheoidh monaróirí feithiclí go ndéanfar a suíomh gréasáin a oiriúnú chun tacú le rochtain IOnna ar RMI a bhaineann leis an tslándáil;

(b)

áiritheoidh monaróirí feithiclí go ndéanfaidh siad na sonraíochtaí teicniúla a chuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin SERMI a íoslódáil.

4.7.2.   Ceanglais nós imeachta le haghaidh monaróirí feithiclí

Ní thabharfaidh monaróirí feithiclí rochtain ar RMI a bhaineann leis an tslándáil mura rud é gur comhlíonadh gach ceann de na ceanglais nós imeachta seo a leanas:

(1)

Ceanglais nós imeachta le haghaidh feithiclí goidte

Coinneoidh monaróirí feithiclí taifead ar gach feithicil dá mbranda a dtuairiscíonn na húdaráis gur goideadh iad.

Cuirfidh monaróirí feithiclí próiseas i bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh inrianaitheacht agus cuntasacht shoiléir ann agus go mbeidh na húdaráis ábhartha in ann na sonraí a sholáthraíonn an monaróir feithiclí a rianú chuig an bhfostaí de chuid IO dar tugadh rochtain ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an bhfeithicil ghoidte.

(2)

Ceanglais nós imeachta maidir le faisnéis a stóráil

Stórálfaidh monaróirí feithiclí an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach rochtain a dheonófar ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil ar faisnéis í a bhaineann leis an tslándáil:

(a)

Uimhir Aitheantais Feithicle (VIN) na feithicle ar iarradh an fhaisnéis ina leith;

(b)

an dáta a rinneadh an iarraidh;

(c)

cláruimhir na feithicle ar iarradh an fhaisnéis ina leith, i gcás ina bhfuil an uimhir sin le fáil;

(d)

athraitheach cineáil na feithicle ar iarradh an fhaisnéis ina leith agus leagan na feithicle sin, i gcás ina bhfuil sin le fáil.

Déanfaidh monaróirí feithiclí na sonraí sin a stóráil ar feadh 5 mbliana.

.

(*5)  Na ceanglais a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo, tá siad bunaithe ar na ceanglais a leagtar síos sa ‘Scéim um chreidiúnú, formheas agus údarú le rochtain a fháil ar Fhaisnéis faoi Dheisiú agus faoi Chothabháil a bhaineann leis an tSlándáil (RMI)’, scéim a bhailíochtaigh an Comhar Eorpach um Chreidiúnú an 19 Bealtaine 2016 (https://www.vehiclesermi.eu/)"

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73)."


(*1)  Rialachán Uimh. 83 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú feithiclí a mhéid a bhaineann le hastú truailleán de réir riachtanais bhreosla inneall (IO L 42, 15.2.2012, lch. 1).

(*2)  Rialachán Uimh. 49 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) — Forálacha aonfhoirmeacha maidir leis na bearta atá le déanamh i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill dócháin inmheánaigh agus innill adhainte deimhní atá le húsáid i bhfeithiclí, agus i gcoinne astú truailleán gásach ó innill adhainte deimhní a bhreoslaítear le gás nádúrtha nó le gás peitriliam leachtaithe atá le húsáid i bhfeithiclí (IO L 180, 8.7.2011, lch. 53).”;

(*3)  Faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(10) de Rialachán (AE) Uimh. 715/2007.

(*4)  Faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) Uimh. 595/2009.”;

(*5)  Na ceanglais a leagtar amach san Fhoscríbhinn seo, tá siad bunaithe ar na ceanglais a leagtar síos sa ‘Scéim um chreidiúnú, formheas agus údarú le rochtain a fháil ar Fhaisnéis faoi Dheisiú agus faoi Chothabháil a bhaineann leis an tSlándáil (RMI)’, scéim a bhailíochtaigh an Comhar Eorpach um Chreidiúnú an 19 Bealtaine 2016 (https://www.vehiclesermi.eu/)

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).”


30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/29


RIALACHÁN (AE) 2021/1245 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Iúil 2021

lena bhformheastar leasú ar an tsonraíocht a bhaineann leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint (“Coteaux du Pont du Gard” (TGFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint “Coteaux du Pont du Gard” a chuir an Fhrainc ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(2)

D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar an tsonraíocht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(3)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Coteaux du Pont du Gard” (TGFC), is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)   IO C 112, 30.3.2021, lch. 2.


30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/30


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1246 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Iúil 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 183, pointe (b), de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar de thoradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1216/2009 agus (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 5(6), pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún (3) rialacha mionsonraithe chun córas na ndleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme, agus le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe.

(2)

Is éard a léiríonn faireachán rialta ar na sonraí a úsáidtear chun praghsanna ionadaíocha d’fheoil éanlaithe agus do tháirgí uibheacha a shocrú, sin agus an faireachán rialta ar ghealacáin uibhe, gur cheart na praghsanna allmhairithe ionadaíocha ar tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh cuid de na hearraí a chur san áireamh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a leasú dá réir sin.

(4)

Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Wolfgang BURTSCHER

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)   IO L 150, 20.5.2014, lch. 1.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas dleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme agus chun praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnálacha na feola éanlaithe clóis agus na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe, agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 163/67/CEE (IO L 145, 29.6.1995, lch. 47).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN I

Cód AC

Tuairisc ar na hearraí

Praghas ionadaíoch

(EUR/100 kg)

An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3

(EUR/100 kg)

Tionscnamh (1)

0207 14 10

Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite

140,3

176,2

60

42

BR

TH


(1)  Ainmníocht na dtíortha arna socrú le Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht na dtíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).”


30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/33


RIALACHÁN (AE) 2021/1247 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Iúil 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar mhandastróibin i bhfíonchaora agus i sútha talún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcás mandastróibin, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (MRLanna) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 cuireadh isteach iarratas ar lamháltas allmhairiúcháin maidir le mandastróibin a úsáidtear i gCeanada ar shútha talún agus ar fhíonchaora. Maíonn an t-iarratasóir go sáraítear na MRLanna atá luaite i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 nuair a úsáidtear an tsubstaint sin sa dóigh a n-údaraítear í a úsáid ar bharra den sórt sin i gCeanada, agus maíonn sé gur gá MRLanna níos airde chun bacainní trádála ar allmhairiú fíonchaora agus sútha talún a sheachaint.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne an Ballstát lena mbaineann meastóireacht ar an iarratas agus cuireadh an tuarascáil mheastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

(4)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú ar an iarratas agus ar an tuarascáil mheastóireachta, agus rinne sé scrúdú go háirithe ar na rioscaí atá ann don tomhaltóir agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe, agus thug sé tuairimí réasúnaithe faoi na MRLanna atá beartaithe (2). Chuir sé an tuairim sin ar aghaidh chuig an iarratasóir, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus chuir sé ar fáil don phobal í.

(5)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais go léir maidir le sonraí agus go raibh na modhnuithe ar MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí inghlactha i dtaca le sábháilteacht na dtomhaltóirí ar bhonn measúnú ar theagmháil le tomhaltóirí i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Chuir sé an fhaisnéis is déanaí faoi airíonna tocsaineolaíocha na substainte san áireamh. Léiríodh nach baol do dhuine an iontógáil laethúil inghlactha a shárú mar gheall ar theagmháil ar feadh a shaoil leis an tsubstaint sin trí chaitheamh na dtáirgí bia go léir a bhféadfadh sí a bheith iontu. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil gá le géardháileog thagartha a bhunú mar gheall ar phróifíl ghéarthocsaineachta íseal na substainte.

(6)

Ar bhonn na tuairime réasúnaithe ón Údarás agus na tosca a bhaineann leis an ábhar a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air á gcur san áireamh, comhlíontar ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leis na modhnuithe atá á mbeartú ar na MRLanna.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.

(2)  Tuarascálacha eolaíocha ó EFSA atá ar fáil ar líne: http://www.efsa.europa.eu: Reasoned opinion on the setting of import tolerances for mandestrobin in strawberries and table and wine grapes [Tuairim réasúnaithe maidir le lamháltais iompórtála a leagan síos i ndáil le mandastróibin i sútha talún agus i bhfíonchaora boird agus i bhfíniúnacha coiteanna]. Iris EFSA 2018;16(8):5395.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh mandastróibin:

" Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)

Cód uimhir

Grúpaí agus samplaí de tháirgí aonair a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo  (1)

Mandastróibin

(1)

(2)

(3)

0100000

TORTHAÍ, iad ÚR nó REOITE; CNÓNNA CRANN

 

0110000

Torthaí citris

0,01 (*1)

0110010

Seadóga

 

0110020

Oráistí

 

0110030

Líomóidí

 

0110040

Líomaí

 

0110050

Mandairíní

 

0110990

Eile (2)

 

0120000

Cnónna crann

0,01 (*1)

0120010

Almóinní

 

0120020

Cnónna Brasaíleacha

 

0120030

Cnónna caisiú

 

0120040

Castáin

 

0120050

Cnónna cócó

 

0120060

Cnónna coill

 

0120070

Macadaimia

 

0120080

Cnónna peacáin

 

0120090

Eithní cnónna péine

 

0120100

Cnónna pistéise

 

0120110

Gallchnónna

 

0120990

Eile (2)

 

0130000

Torthaí póma

0,01 (*1)

0130010

Úlla

 

0130020

Piorraí

 

0130030

Cainchí

 

0130040

Torthaí ón meispeal Gearmánach

 

0130050

Locuatanna

 

0130990

Eile (2)

 

0140000

Torthaí cloiche

 

0140010

Aibreoga

2

0140020

Silíní (iad milis)

3

0140030

Péitseoga

2

0140040

Plumaí

0,5

0140990

Eile (2)

0,01 (*1)

0150000

Caora agus torthaí beaga

 

0151000

(a)

fíonchaora

5

0151010

Fíonchaora boird

 

0151020

Fíniúnacha coiteanna

 

0152000

(b)

sútha talún

3

0153000

(c)

torthaí cána

0,01 (*1)

0153010

Sméara dubha

 

0153020

Eithreoga

 

0153030

Sútha craobh (iad dearg agus buí)

 

0153990

Eile (2)

 

0154000

(d)

torthaí beaga eile agus caora eile

0,01 (*1)

0154010

Fraocháin

 

0154020

Mónóga

 

0154030

Cuiríní (iad dubh, dearg agus bán)

 

0154040

Spíonáin (iad glas, dearg agus buí)

 

0154050

Mogóirí róis

 

0154060

Maoildearga (iad dubh agus bán)

 

0154070

Torthaí ón sceach gheal asaróil

 

0154080

Caora troim

 

0154990

Eile (2)

 

0160000

Torthaí ilghnéitheacha ag a bhfuil

0,01 (*1)

0161000

(a)

craiceann inite

 

0161010

Dátaí

 

0161020

Figí

 

0161030

Ológa boird

 

0161040

Cumcuait

 

0161050

Torthaí réaltúla

 

0161060

Dátphlumaí Seapánacha

 

0161070

Plumaí láva

 

0161990

Eile (2)

 

0162000

(b)

craiceann do-ite, é beag

 

0162010

Cíobhaíonna (iad glas, dearg agus buí)

 

0162020

Lítsíonna

 

0162030

Páiseoga

 

0162040

Piorraí deilgneacha

 

0162050

Réalt-úlla

 

0162060

Dátphlumaí Meiriceánacha

 

0162990

Eile (2)

 

0163000

(c)

craiceann do-ite, é mór

 

0163010

Abhacáid

 

0163020

Bananaí

 

0163030

Mangónna

 

0163040

Papánna

 

0163050

Pomagránaití

 

0163060

Céiriomoighe

 

0163070

Guábhaí

 

0163080

Anainn

 

0163090

Torthaí aráin

 

0163100

Duraígh

 

0163110

Úlla deilgneacha

 

0163990

Eile (2)

 

0200000

GLASRAÍ, iad ÚR nó REOITE

0,01 (*1)

0210000

Glasraí fréimhe agus tiúbair

 

0211000

(a)

prátaí

 

0212000

(b)

glasraí fréimhe agus tiúbair trópaiceacha

 

0212010

Casabhaigh

 

0212020

Prátaí milse

 

0212030

Ionaim

 

0212040

Ararút

 

0212990

Eile (2)

 

0213000

(c)

glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatas siúcra

 

0213010

Meacain bhiatais

 

0213020

Meacain dhearga

 

0213030

Soiliriac/soilire tornapa

 

0213040

Meacain ragaim

 

0213050

Bliosáin ghréine

 

0213060

Meacain bhána

 

0213070

Fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg

 

0213080

Raidisí

 

0213090

Salsabh

 

0213100

Svaeideanna

 

0213110

Tornapaí

 

0213990

Eile (2)

 

0220000

Glasraí bleibíní

 

0220010

Gairleog

 

0220020

Oinniúin

 

0220030

Seallóidí

 

0220040

Oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil

 

0220990

Eile (2)

 

0230000

Glasraí a thugann torthaí

 

0231000

(a)

Solanaceae agus Malvaceae

 

0231010

Trátaí

 

0231020

Piobair mhilse/piobair chloigíneacha

 

0231030

Ubhthorthaí

 

0231040

Ocra

 

0231990

Eile (2)

 

0232000

(b)

guird a bhfuil craiceann inite acu

 

0232010

Cúcamair

 

0232020

Gircíní

 

0232030

Cúirséid

 

0232990

Eile (2)

 

0233000

(c)

guird a bhfuil craiceann do-ite acu

 

0233010

Mealbhacáin

 

0233020

Puimcíní

 

0233030

Mealbhacáin uisce

 

0233990

Eile (2)

 

0234000

(d)

arbhar milis

 

0239000

(e)

glasraí eile a thugann torthaí

 

0240000

Glasraí praisí (seachas fréamhacha praisí agus barra duilleog óga praisí)

 

0241000

(a)

praiseach bhlátha

 

0241010

Brocailí

 

0241020

Cóiliseacha

 

0241990

Eile (2)

 

0242000

(b)

praiseach chinn

 

0242010

Bachlóga Bruiséile

 

0242020

Cabáistí cinn

 

0242990

Eile (2)

 

0243000

(c)

praiseach dhuilleach

 

0243010

Cabáistí Síneacha

 

0243020

Cáil

 

0243990

Eile (2)

 

0244000

(d)

cálráibí

 

0250000

Glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite

 

0251000

(a)

leitísí agus plandaí sailéid

 

0251010

Ceathrúna uain

 

0251020

Leitísí

 

0251030

Searbháin muc

 

0251040

Biolair agus eascróga agus peacáin eile

 

0251050

Biolair thalún

 

0251060

Roicéad Rómánach/rucola

 

0251070

Mustard dearg

 

0251080

Barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí)

 

0251990

Eile (2)

 

0252000

(b)

spionáistí agus duilleoga comhchosúla

 

0252010

Spionáistí

 

0252020

Puirsleáin

 

0252030

Seardas/duilleoga biatais

 

0252990

Eile (2)

 

0253000

(c)

duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla

 

0254000

(d)

biolair uisce

 

0255000

(e)

sreabháin na Beilge

 

0256000

(f)

luibheanna agus bláthanna inite

 

0256010

Costóg

 

0256020

Síobhas

 

0256030

Duilleoga soilire

 

0256040

Peirsil

 

0256050

Sáiste

 

0256060

Marós

 

0256070

Tím

 

0256080

Basal agus bláthanna inite

 

0256090

Duilleog labhrais

 

0256100

Dragan

 

0256990

Eile (2)

 

0260000

Léagúim

 

0260010

Pónairí (a bhfuil faighneoga acu)

 

0260020

Pónairí (gan faighneoga)

 

0260030

Piseanna (a bhfuil faighneoga acu)

 

0260040

Piseanna (gan faighneoga)

 

0260050

Lintilí

 

0260990

Eile (2)

 

0270000

Glasraí gais

 

0270010

Lus súgach

 

0270020

Cardúin

 

0270030

Soilirí

 

0270040

Finéal Fhlórans

 

0270050

Bliosáin chruinne

 

0270060

Cainneanna

 

0270070

Biabhóg

 

0270080

Péacáin bhambú

 

0270090

Croíthe pailme

 

0270990

Eile (2)

 

0280000

Fungais, caonaigh agus léicin

 

0280010

Fungais shaothraithe

 

0280020

Fungais fhiáine

 

0280990

Caonaigh agus léicin

 

0290000

Algaí agus orgánaigh phrócaróit

 

0300000

PISEÁNAIGH

0,01 (*1)

0300010

Pónairí

 

0300020

Lintilí

 

0300030

Piseanna

 

0300040

Lúipíní/pónairí lúipíní

 

0300990

Eile (2)

 

0400000

OLASHÍOLTA AGUS OLATHORTHAÍ

0,01 (*1)

0401000

Olashíolta

 

0401010

Ros lín

 

0401020

Piseanna talún

 

0401030

Síolta poipín

 

0401040

Síolta seasamain

 

0401050

Síolta lus na gréine

 

0401060

Síolta ráibe

 

0401070

Pónairí soighe

 

0401080

Síolta mustaird

 

0401090

Síolta cadáis

 

0401100

Síolta puimcín

 

0401110

Síolta cróch bréige

 

0401120

Síolta borráiste

 

0401130

Caimilín

 

0401140

Síolta cnáibe

 

0401150

Pónairí ricne

 

0401990

Eile (2)

 

0402000

Olathorthaí

 

0402010

Ológa le haghaidh táirgeadh ola

 

0402020

Eithní pailme ola

 

0402030

Torthaí pailme ola

 

0402040

Capac

 

0402990

Eile (2)

 

0500000

GRÁNAIGH

0,01 (*1)

0500010

Eorna

 

0500020

Ruán agus bréag-ghránaigh eile

 

0500030

Arbhar Indiach/arbhar

 

0500040

Muiléad coiteann

 

0500050

Coirce

 

0500060

Rís

 

0500070

Seagal

 

0500080

Sorgam

 

0500090

Cruithneacht

 

0500990

Eile (2)

 

0600000

TAENNA, CAIFE, INSILTÍ LUIBHE, CÓCÓ AGUS CARÚIB

0,05 (*1)

0610000

Taenna

 

0620000

Pónairí caife

 

0630000

Insiltí luibhe ó

 

0631000

(a)

bláthanna

 

0631010

Camán meall

 

0631020

Roiseog

 

0631030

Rós

 

0631040

Seasmain

 

0631050

Teile

 

0631990

Eile (2)

 

0632000

(b)

duilleoga agus luibheanna

 

0632010

Sú talún

 

0632020

Rooibos

 

0632030

Maité

 

0632990

Eile (2)

 

0633000

(c)

fréamhacha

 

0633010

Caorthann corraigh

 

0633020

Ginsing

 

0633990

Eile (2)

 

0639000

(d)

aon chuid eile den phlanda

 

0640000

Pónairí cócó

 

0650000

Carúib

 

0700000

LEANNLUSANNA

0,05 (*1)

0800000

SPÍOSRAÍ

 

0810000

Spíosraí ó shíolta

0,05 (*1)

0810010

Ainís

 

0810020

Calaindí

 

0810030

Soilire

 

0810040

Lus an choire

 

0810050

Cuimín

 

0810060

Lus mín

 

0810070

Finéal

 

0810080

Feinigréag

 

0810090

Noitmig

 

0810990

Eile (2)

 

0820000

Spíosraí ó thorthaí

0,05 (*1)

0820010

Ilspíosra/pimeantó

 

0820020

Piobar Szechuan

 

0820030

Cearbhas

 

0820040

Cardamam

 

0820050

Caor aitil

 

0820060

Piobarchaor (í dubh, glas agus bán)

 

0820070

Fanaile

 

0820080

Tamarain

 

0820990

Eile (2)

 

0830000

Spíosraí ó choirt

0,05 (*1)

0830010

Cainéal

 

0830990

Eile (2)

 

0840000

Spíosraí ó fhréamhacha agus ó riosóm

 

0840010

Liocras

0,05 (*1)

0840020

Sinséar (10)

 

0840030

Tuirmiric/curcuma

0,05 (*1)

0840040

Meacain ragaim (11)

 

0840990

Eile (2)

0,05 (*1)

0850000

Spíosraí ón mbachlóg

0,05 (*1)

0850010

Clóibh

 

0850020

Caprais

 

0850990

Eile (2)

 

0860000

Spíosraí ó phistil bláthanna

0,05 (*1)

0860010

Cróch

 

0860990

Eile (2)

 

0870000

Spíosraí arail

0,05 (*1)

0870010

Maicis

 

0870990

Eile (2)

 

0900000

PLANDAÍ SIÚCRA

0,01 (*1)

0900010

Fréamhacha biatas siúcra

 

0900020

Cánaí siúcra

 

0900030

Fréamhacha siocaire

 

0900990

Eile (2)

 

1000000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - AINMHITHE TALÚN

 

1010000

Tráchtearraí ó

0,01 (*1)

1011000

(a)

mucra

 

1011010

Matán

 

1011020

Saill

 

1011030

An t-ae

 

1011040

An duán

 

1011050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1011990

Eile (2)

 

1012000

(b)

bó-ainmhithe

 

1012010

Matán

 

1012020

Saill

 

1012030

An t-ae

 

1012040

An duán

 

1012050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1012990

Eile (2)

 

1013000

(c)

caoraigh

 

1013010

Matán

 

1013020

Saill

 

1013030

An t-ae

 

1013040

An duán

 

1013050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1013990

Eile (2)

 

1014000

(d)

gabhair

 

1014010

Matán

 

1014020

Saill

 

1014030

An t-ae

 

1014040

An duán

 

1014050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1014990

Eile (2)

 

1015000

(e)

eachaí

 

1015010

Matán

 

1015020

Saill

 

1015030

An t-ae

 

1015040

An duán

 

1015050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1015990

Eile (2)

 

1016000

(f)

éanlaith chlóis

 

1016010

Matán

 

1016020

Saill

 

1016030

An t-ae

 

1016040

An duán

 

1016050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1016990

Eile (2)

 

1017000

(g)

ainmhithe talún feirme eile

 

1017010

Matán

 

1017020

Saill

 

1017030

An t-ae

 

1017040

An duán

 

1017050

Scairteach inite (seachas an t-ae agus an duán)

 

1017990

Eile (2)

 

1020000

Bainne

0,01 (*1)

1020010

Eallach

 

1020020

Caoirigh

 

1020030

Gabhair

 

1020040

Capaill

 

1020990

Eile (2)

 

1030000

Uibheacha éan

0,01 (*1)

1030010

An chearc

 

1030020

Lacha

 

1030030

Géanna

 

1030040

Gearg

 

1030990

Eile (2)

 

1040000

Mil agus táirgí beachaireachta eile (7)

0,05 (*1)

1050000

Débheathaigh agus Reiptílí

0,01 (*1)

1060000

Ainmhithe inveirteabracha talún

0,01 (*1)

1070000

Ainmhithe veirteabracha talún fiáine

0,01 (*1)

1100000

TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHÍOCH - ÉISC, TÁIRGÍ ÉISC AGUS AON TÁIRGE BIA MARA NÓ FIONNUISCE ILE (8)

 

1200000

TÁIRGÍ NÓ CODANNA DE THÁIRGÍ A ÚSAIDTEAR CHUN BEATHA AINMHITHE A THÁIRGEADH AGUS CHUIGE SIN AMHÁIN (8)

 

1300000

TÁIRGÍ BIA PRÓISEÁILTE (9)

 


(*1)  teorainn cinnidh anailísigh níos ísle

(1)  Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I"


30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/46


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1248 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Iúil 2021

maidir le bearta i ndáil le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (1), agus go háirithe Airteagal 99(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 101(5) de Rialachán (AE) 2019/6, ceanglaítear ar dháileoirí mórdhíola dea-chleachtas dáileacháin a chomhlíonadh do tháirgí íocshláinte tréidliachta, cleachtas atá glactha ag an gCoimisiún.

(2)

Le bearta maidir le dea-chleachtas dáileacháin, ba cheart sainaitheantas, sláine, inrianaitheacht agus cáilíocht táirgí íocshláinte tréidliachta a áirithiú ar feadh an tslabhra soláthair. Thairis sin, ba cheart a ráthú leis na bearta sin go ndéanfar na táirgí íocshláinte tréidliachta a stóráil, a iompar agus a láimhseáil go hiomchuí, agus anuas air sin ba cheart a áirithiú go bhfanfaidh siad laistigh den slabhra soláthair dlíthiúil le linn a stórála agus a n-iompair.

(3)

Tá roinnt caighdeán agus treoirlínte idirnáisiúnta ann maidir le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte a bhíonn á n-úsáid ag an duine (2) (3) (4) (5). Ar leibhéal an Aontais, glacadh treoirlínte maidir le dea-chleachtas dáileacháin i dtaca le táirgí íocshláinte a bhíonn á n-úsáid ag an duine agus na táirgí íocshláinte sin amháin (6). An taithí a fuarthas agus an córas reatha á chur i bhfeidhm faoi Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), is taithí í ba cheart a chur san áireamh sna bearta comhfhreagracha tréidliachta, i bhfianaise na gcosúlachtaí agus na ndifríochtaí a d’fhéadfadh a bheith idir na ceanglais maidir le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte a bhíonn á n-úsáid ag an duine agus do tháirgí íocshláinte tréidliachta.

(4)

Is minic dáileoirí ag déileáil le táirgí íocshláinte a bhíonn á n-úsáid ag an duine agus táirgí íocshláinte tréidliachta araon. Ina theannta sin, is minic cúram na cigireachta ar na saineolaithe céanna maidir le cigireachtaí dea-chleachtais dáileacháin a dhéanamh ar an dá chineál táirge íocshláinte. Dá bhrí sin, chun ualach míriachtanach riaracháin ar an tionscal agus ar na húdaráis inniúla a sheachaint, is praiticiúil bearta comhchosúla a chur i bhfeidhm maidir le réimse na tréidliachta agus i réimse an duine, mura bhfuil riachtanais shonracha ann lena n-éilítear a mhalairt.

(5)

Níor cheart na ceanglais maidir le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta a bheith níos déine ná na ceanglais chomhfhreagracha do tháirgí íocshláinte a bhíonn á n-úsáid ag an duine ionas nach mbeidh tionchar diúltach ann ar an soláthar táirgí íocshláinte tréidliachta san Aontas.

(6)

Leis na bearta maidir le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart comhsheasmhacht a áirithiú leis na bearta cur chun feidhme maidir le dea-chleachtas monaraíochta do tháirgí íocshláinte tréidliachta agus do shubstaintí gníomhacha a úsáidtear mar ábhair thosaigh dá bhforáiltear in Airteagal 93(2) de Rialachán (AE) 2019/6 agus maidir le dea-chleachtas dáileacháin do shubstaintí gníomhacha a úsáidtear mar ábhair thosaigh i dtáirgí íocshláinte tréidliachta dá bhforáiltear in Airteagal 95(8) den Rialachán sin agus ba cheart na bearta sin a chomhlánú.

(7)

Ag gníomhú do dhuine ina dháileoir mórdhíola táirgí íocshláinte tréidliachta, ní mór údarú dáileacháin mórdhíola a bheith aige i gcomhréir le hAirteagal 99(1) de Rialachán (AE) 2019/6 agus dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 101(5) den Rialachán sin. I gcomhréir le hAirteagal 99(5) den Rialachán sin, ceadaítear le húdarú monaraíochta dáileachán mórdhíola na táirgí íocshláinte tréidliachta atá cumhdaithe ag an údarú monaraíochta sin. Dá bhrí sin, monaróirí a dhéanann aon ghníomhaíocht dáileacháin den sórt sin lena dtáirgí íocshláinte tréidliachta féin, beidh orthu dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta a chomhlíonadh freisin.

(8)

Leis an sainmhíniú ar dháileachán mórdhíola mar a leagtar síos in Airteagal 4(36) de Rialachán (AE) 2019/6, ní eisiatar dáileoirí mórdhíola atá seanbhunaithe faoi chórais chustaim shonracha amhail saorchriosanna nó stórais chustaim, nó sealbhóirí atá ag feidhmiú faoi na córais sin. Dá bhrí sin, na hoibleagáidí uile a bhaineann le gníomhaíochtaí dáileacháin mórdhíola (amhail onnmhairiú, coinneáil nó soláthar) beidh feidhm acu freisin maidir leis na dáileoirí mórdhíola sin i ndáil le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta.

(9)

Ba cheart do ghníomhaithe tríú páirtí atá bainteach le dáileachán mórdhíola táirgí íocshláinte tréidliachta cloí le ranna ábhartha an dea-chleachtais dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta agus ba cheart ranna ábhartha an dea-chleachtais a bheith ina gcuid dá n-oibleagáidí conarthacha. Ní mór do na comhpháirtithe uile sa slabhra soláthair cur chuige comhsheasmhach a chleachtadh ionas go mbeidh rath ar an gcomhrac i gcoinne táirgí íocshláinte tréidliachta falsaithe.

(10)

Tá gá le córas cáilíochta chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an dea-chleachtais dáileacháin, córas a leagfadh amach go soiléir na freagrachtaí, na próisis agus na prionsabail bhainistíochta riosca i ndáil le gníomhaíochtaí an dáileora mórdhíola. Is í bainistíocht na heagraíochta ba cheart a bheith freagrach as an gcóras cáilíochta sin, córas a éilíonn ceannaireacht agus rannpháirtíocht ghníomhach uaithi, agus ba cheart gealltanas ón bpearsanra a bheith ina thacú leis an gcóras.

(11)

Dáileachán cuí na dtáirgí íocshláinte tréidliachta, is rud é atá ag brath go mór ar líon leordhóthanach pearsanra inniúil a bheith ann i gcomhair na gcúram uile a bhfuil an dáileoir mórdhíola freagrach astu. Ba cheart tuiscint shoiléir a bheith ag pearsanra ar fhreagrachtaí aonair agus ba cheart na freagrachtaí sin a thaifeadadh.

(12)

Ba cheart áitreabh, suiteálacha agus trealamh atá oiriúnach leordhóthanach a bheith ag na daoine a dháileann táirgí íocshláinte tréidliachta chun a áirithiú go ndéanfar táirgí íocshláinte tréidliachta a stóráil agus a dháileadh i gceart.

(13)

Ba cheart doiciméadacht ar fónamh a bheith ina cuid riachtanach d’aon chóras cáilíochta atá ann. Ba cheart ceanglas a bheith ann doiciméadacht i scríbhinn a bheith ann chun earráidí a bhaineann le cumarsáid ó bhéal a chosc agus chun rianú na n-oibríochtaí ábhartha le linn dháileachán mórdhíola táirgí íocshláinte tréidliachta a cheadú. Ba cheart doiciméid de gach cineál a shainmhíniú agus ba cheart cloí leo.

(14)

Ba cheart tuairisc a thabhairt leis na nósanna imeachta ar na gníomhaíochtaí dáileacháin uile a dhéanann difear de shainaitheantas, d’inrianaitheacht agus do cháilíocht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta.

(15)

Ba cheart taifid a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí nó ar na teagmhais shuntasacha ar fad, agus na taifid sin a choinneáil chun inrianaitheacht thionscnamh agus cheann scríbe na dtáirgí íocshláinte tréidliachta a áirithiú, chomh maith le sainaithint na soláthraithe uile táirgí íocshláinte tréidliachta den sórt sin, nó iad sin ar fad a dtugtar soláthar dóibh. Ba cheart go bhfágfadh na taifid sin go mbeidh sé níos fusa baisc de tháirge íocshláinte tréidliachta a aisghairm, más gá, sin agus go mbeidh sé níos fusa imscrúdú a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte tréidliachta falsaithe nó ar tháirgí íocshláinte tréidliachta a bhfuil tuairim ina leith go mb”fhéidir gur falsaíodh iad.

(16)

Maidir le sonraí pearsanta na bhfostaithe, sonraí na ngearánach nó sonraí aon duine nádúrtha eile a phróiseáil, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

(17)

Ba cheart go dtabharfadh an córas cáilíochta tuairisc iomlán ar gach príomhoibríocht i ndoiciméadacht iomchuí.

(18)

Maidir le gearáin, le táirgí a chuirtear ar ais, le táirgí íocshláinte tréidliachta a bhfuil tuairim ina leith go mb”fhéidir gur falsaíodh iad agus le táirgí aisghairthe ba cheart iad a thaifeadadh agus a láimhseáil go cúramach i gcomhréir leis na nósanna imeachta seanbhunaithe. Ba cheart na taifid a chur ar fáil do na húdaráis inniúla. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar tháirgí íocshláinte tréidliachta a chuirtear ar ais sula dtabharfar cead iad a athdhíol.

(19)

Aon ghníomhaíocht a chumhdaítear le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta agus a dhéantar a sheachfhoinsiú, is gníomhaíocht í ba cheart a shainiú, a chomhaontú agus a rialú chun míthuiscintí a sheachaint a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shláine an táirge íocshláinte tréidliachta. Ba cheart dualgais gach páirtí a leagan síos go soiléir i gconradh i scríbhinn idir an té a chuireann an conradh ar fáil agus an té a ghlacann leis an gconradh.

(20)

Gan beann ar an modh iompair, ba cheart go bhféadfaí a léiriú nár fágadh na táirgí íocshláinte tréidliachta gan chosaint ar dhálaí a d’fhéadfadh a gcáilíocht agus a sláine a chur i mbaol. Is cur chuige riosca-bhunaithe ba cheart a úsáid nuair a dhéanfar pleanáil ar iompar táirgí íocshláinte tréidliachta agus nuair a iomprófar na táirgí sin.

(21)

Is gá féinchigireacht a dhéanamh go rialta chun faireacháin ar chur chun feidhme an dea-chleachtais dháileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta, agus ar chomhlíonadh an dea-chleachtais sin, agus chun na bearta ceartaitheacha agus coisctheacha is gá a mholadh.

(22)

Is i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta dá dtagraítear in Airteagal 145 de Rialachán (AE) 2019/6 atá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo leagtar síos na bearta maidir le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le sealbhóirí údaraithe monaraíochta a dhéanann dáileachán mórdhíola na dtáirgí íocshláinte tréidliachta atá cumhdaithe ag an údarú monaraíochta sin, agus maidir le sealbhóirí údaraithe dáileacháin mórdhíola, lena n-áirítear na sealbhóirí atá seanbhunaithe faoi chórais chustaim shonracha amhail saorchriosanna nó stórais chustaim, nó sealbhóirí atá ag feidhmiú faoi na córais sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta” an chuid den dearbhú cáilíochta ag gach céim den slabhra soláthair lena n-áirithítear go gcoinneofar ar bun cáilíocht táirgí íocshláinte tréidliachta ag gach céim den slabhra soláthair ón suíomh monaraíochta go dtí na daoine dá dtagraítear in Airteagal 101(2) de Rialachán (AE) 2019/6;

(b)

ciallaíonn “saorchrios” aon saorchrios arna ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 243 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(c)

ciallaíonn “stóras custaim” aon cheann de na stórais dá dtagraítear in Airteagal 240(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(d)

ciallaíonn “córas cáilíochta” iomlán na ngnéithe uile atá i gcóras lena gcuirtear beartas cáilíochta chun feidhme agus lena n-áirithítear go gcomhlíontar cuspóirí cáilíochta;

(e)

ciallaíonn “bainistiú riosca cáilíochta” próiseas córasach a chuirtear i bhfeidhm go réamhghníomhach agus go cúlghabhálach araon, maidir leis na rioscaí do cháilíocht an táirge íocshláinte tréidliachta ar feadh shaolré an táirge a mheasúnú agus na rioscaí sin a rialú, a chur in iúl agus a athbhreithniú;

(f)

ciallaíonn “bailíochtú” clár doiciméadaithe lena dtugtar ardleibhéal dearbhaithe go mbeidh toradh comhsheasmhach ar phróiseas, ar mhodh nó ar chóras ar leith a chomhlíonann critéir inghlacthachta réamhchinntithe;

(g)

ciallaíonn “nós imeachta” tuairisc dhoiciméadaithe ar na hoibríochtaí atá le déanamh, na réamhchúraimí atá le déanamh, mar aon leis na bearta atá le cur i bhfeidhm a bhaineann go díreach nó go hindíreach le dáileachán táirgí íocshláinte tréidliachta;

(h)

ciallaíonn “doiciméadacht” na nósanna imeachta, na treoracha, na conarthaí, na taifid agus na sonraí i scríbhinn, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach;

(i)

ciallaíonn “soláthar” teacht ar tháirgí íocshláinte tréidliachta, iad a fháil nó iad a cheannach ó mhonaróirí, ó allmhaireoirí nó ó dháileoirí mórdhíola eile;

(j)

ciallaíonn “coinneáil” táirgí íocshláinte tréidliachta a stóráil;

(k)

ciallaíonn “soláthar” na gníomhaíochtaí uile a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta a sholáthar, a dhíol nó a bhronnadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 101(2) de Rialachán (AE) 2019/6;

(l)

ciallaíonn “iompar” táirgí íocshláinte tréidliachta a aistriú ó shuíomh amháin go dtí suíomh eile gan iad a stóráil gan údar maith ar feadh tréimhsí ama;

(m)

ciallaíonn “athrú” imeacht ó dhoiciméadacht fhormheasta nó ó chaighdeán seanbhunaithe;

(n)

ciallaíonn “táirge íocshláinte tréidliachta falsaithe” aon táirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil léiriú bréagach ann ar aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

an sainaitheantas a bhaineann leis, lena n-áirítear an pacáistiú agus an lipéadú, an t-ainm atá air nó an comhdhéanamh maidir le haon cheann de na comhábhair lena n-áirítear támháin agus neart na gcomhábhar thar a chéile;

(ii)

foinse an táirge, lena n-áirítear an monaróir, tír a mhonaraíochta, tír a thionscnaimh nó sealbhóir an údaraithe margaíochta; nó

(iii)

stair an táirge, lena n-áirítear na taifid agus na doiciméid a bhaineann leis na bealaí dáilte a úsáidtear;

(o)

ciallaíonn “éilliú” eisíontais de chineál ceimiceach nó micribhitheolaíoch, nó ábhar de chineál coimhthíoch, a thabhairt isteach go míchuibhiúil i dtáirge íocshláinte tréidliachta nó ar an táirge sin le linn é a tháirgeadh, a shampláil, a phacáistiú nó a athphacáistiú, a stóráil nó a iompar;

(p)

ciallaíonn “calabrú” an tacar oibríochtaí lena suitear an gaol, faoi choinníollacha sonraithe, idir luachanna a léirítear le hionstraim tomhais nó le córas tomhais, nó luachanna a léirítear le tomhais ábhartha, agus na luachanna comhfhreagracha de chaighdeán tagartha is fios;

(q)

ciallaíonn “cáilíocht” an ghníomhaíocht lena gcruthaítear go bhfeidhmíonn aon trealamh i gceart agus go bhfaightear as na torthaí a bhfuiltear ag súil leo;

(r)

ciallaíonn “sínithe” taifead an duine aonair a rinne gníomhaíocht nó athbhreithniú ar leith. Is é is féidir a bheith sa taifead sin túslitreacha, síniú lámhscríofa iomlán, séala pearsanta, nó ríomhshíniú ardleibhéil faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(11) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10);

(s)

ciallaíonn “baisc” cainníocht shainithe d’ábhar tosaigh, d’ábhar pacáistithe nó de tháirge a phróiseáiltear in aon phróiseas amháin nó i sraith próiseas, ionas go mbeidh súil leis gur rud aonchineálach é;

(t)

ciallaíonn “dáta éaga” an dáta a chuirtear ar phacáistíocht táirge íocshláinte tréidliachta lena n-ainmnítear an tréimhse ama a bhfuil súil leis go bhfanfaidh an táirge íocshláinte tréidliachta sin laistigh de shonraíochtaí bunaithe seilfré ar choinníoll go stóráiltear é faoi na dálaí sainithe, dáta nár cheart an táirge a úsáid ina diaidh;

(u)

ciallaíonn “uimhir bhaisce” sraith shainiúil uimhreacha nó litreacha lena sainaithnítear baisc go huathúil.

CAIBIDIL II

BAINISTIÚ CÁILÍOCHTA

Airteagal 3

Forbairt córas cáilíochta agus an córas sin a choinneáil ar bun

1.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a dhéanfaidh córas cáilíochta a fhorbairt agus an córas sin a choinneáil ar bun.

2.   Is é a chuirfear san áireamh leis an gcóras cáilíochta méid, struchtúr agus castacht ghníomhaíochtaí na ndaoine sin agus na n-athruithe dá bhforáiltear maidir leis na gníomhaíochtaí sin.

3.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a áiritheoidh go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag gach cuid den chóras cáilíochta le pearsanra inniúil, agus le háitribh, trealamh agus saoráidí atá oiriúnach leordhóthanach.

Airteagal 4

Ceanglais maidir leis an gcóras cáilíochta

1.   Is é a leagfar amach sa chóras cáilíochta na freagrachtaí, na próisis agus na prionsabail maidir le bainistiú riosca cáilíochta i ndáil le gníomhaíochtaí na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Déanfar na gníomhaíochtaí dáileacháin mórdhíola uile a shainiú go soiléir agus déanfar athbhreithniú córasach orthu. Beidh údar maith le gach céim chriticiúil de ghníomhaíochtaí dáileacháin mórdhíola agus le hathruithe suntasacha agus, i gcás inarb ábhartha, beidh siad faoi réir a mbailíochtaithe.

2.   Is rud é an córas cáilíochta a chuimseoidh an struchtúr eagraíochtúil, na nósanna imeachta, na próisis agus na hacmhainní, mar aon leis na gníomhaíochta atá riachtanach ionas go gcaomhnófar cáilíocht agus sláinte na dtáirgí íocshláinte tréidliachta laistigh den slabhra soláthair dlíthiúil le linn a stórála nó a n-iompair.

3.   Déanfar doiciméadú iomlán ar an gcóras cáilíochta. Déanfar faireachán ar an éifeachtacht atá ann. Déanfar gach gníomhaíocht a bhaineann leis an gcóras cáilíochta a shainiú agus a dhoiciméadú.

4.   Déanfar lámhleabhar cáilíochta nó cur chuige comhionann i leith doiciméadacht a bhunú agus cuimseofar leis an lámhleabhar tuairisc ar aon neamhréireanna sa chóras cáilíochta maidir le láimhseáil táirgí íocshláinte tréidliachta de chineálacha éagsúla.

5.   Déanfar córas athraithe rialaithe a bhunú agus ionchorprófar ann na prionsabail maidir le bainistiú riosca cáilíochta agus is córas comhréireach éifeachtach a bheidh ann.

6.   Is éard a áiritheofar leis an gcóras cáilíochta comhlíonadh na n-oibleagáidí seo a leanas:

(a)

na ceanglais maidir le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith comhlíonta ag soláthar, coinneáil, iompar nó onnmhairiú na dtáirgí íocshláinte tréidliachta;

(b)

na freagrachtaí bainistíochta a bheith sonraithe go soiléir;

(c)

na táirgí íocshláinte tréidliachta a sheachadadh chuig na coinsíní cearta laistigh de thréimhse ama iomchuí;

(d)

taifid a bheith déanta ag an am céanna;

(e)

doiciméadú agus cigireacht ar athruithe a bheith déanta;

(f)

bearta ceartaitheacha agus coisctheacha iomchuí (“CAPA”) a bheith déanta i gcomhréir leis na prionsabail maidir le bainistiú riosca cáilíochta;

(g)

meastóireacht a bheith déanta ar athruithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stóráil agus do dháileachán táirgí íocshláinte tréidliachta.

Airteagal 5

Bainistiú gníomhaíochtaí seachfhoinsithe

Is rud é an córas cáilíochta a cumhdóidh an rialú agus an t-athbhreithniú ar aon ghníomhaíocht seachfhoinsithe a bhaineann le dáileachán mórdhíola táirgí íocshláinte tréidliachta. Is éard a chuimseofar sa rialú agus san athbhreithniú sin bainistiú riosca cáilíochta agus áireofar an méid seo a leanas:

(a)

measúnú ar oiriúnacht agus inniúlacht an té a ghlacann leis an gconradh chun an ghníomhaíocht a dhéanamh agus an stádas údaraithe a sheiceáil, más gá;

(b)

sainiú na bhfreagrachtaí agus na bpróiseas cumarsáide i gcomhair gníomhaíochtaí cáilíochta na bpáirtithe lena mbaineann;

(c)

faireachán agus athbhreithniú rialta ar fheidhmíocht an té a ghlacann leis an gconradh, agus sainaithint agus cur chun feidhme aon fheabhas riachtanacha ar bhonn rialta.

Airteagal 6

Athbhreithniú agus faireachán na bainistíochta

1.   Le bainistíocht na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) bunófar próiseas foirmiúil chun an córas cáilíochta a athbhreithniú ar bhonn tráthrialta agus cuirfear chun feidhme é.

2.   Beidh an méid seo a leanas san áireamh san athbhreithniú:

(a)

tomhas ar oiread de chuspóirí an chórais cháilíochta a baineadh amach;

(b)

measúnú ar an méid seo a leanas:

(i)

táscairí feidhmíochta is féidir a úsáid chun faireacháin ar éifeachtacht na bpróiseas laistigh den chóras cáilíochta, amhail gearáin, athruithe, CAPA, athruithe ar phróisis;

(ii)

aiseolas ar ghníomhaíochta seachfhoinsithe;

(iii)

próisis fhéinmheasúnaithe lena n-áirítear measúnuithe riosca agus iniúchtaí; agus

(iv)

torthaí measúnuithe seachtracha amhail cigireachtaí, torthaí agus iniúchtaí ar chustaiméirí;

(c)

rialacháin, treoir agus saincheisteanna cáilíochta atá ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcóras cáilíochta;

(d)

nuálaíochtaí a d’fhéadfadh an córas cáilíochta a fheabhsú;

(e)

athruithe ar an timpeallacht ghnó agus ar chuspóirí.

3.   Déanfar toradh gach athbhreithniú bainistíochta ar an gcóras cáilíochta a dhoiciméadú go tráthúil agus a chur in iúl go héifeachtach go hinmheánach.

Airteagal 7

Bainistiú riosca cáilíochta

1.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a chuirfidh bainistiú riosca cáilíochta i bhfeidhm.

2.   Is éard a áiritheofar le bainistiú riosca cáilíochta gur ar eolas eolaíoch agus ar thaithí ar an bpróiseas a bheidh an mheastóireacht ar an riosca maidir le cáilíocht bunaithe agus go mbeidh nasc léi chuig cosaint an ghrúpa ainmhithe nó ainmhí ar cuireadh cóir air, leis na daoine atá freagrach as an ainmhí agus as cóir an ainmhí, le tomhaltóir an bhia-ainmhí agus leis an gcomhshaol.

3.   Beidh leibhéal mionsonraithe agus doiciméadachta an phróisis bainistithe riosca cáilíochta i gcomhréir le leibhéal an riosca ó thaobh cáilíochta de.

CAIBIDIL III

CEANGLAIS PEARSANRA

Airteagal 8

Oibleagáidí na ndaoine atá freagrach as dáileachán mórdhíola

1.   Na daoine atá freagrach as dáileachán mórdhíola dá dtagraítear in Airteagal 101(3) de Rialachán (AE) 2019/6 (“na daoine atá freagrach”), áiritheoidh siad go gcomhlíonfar dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta. De bhreis ar an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 100(2)(a) den Rialachán sin, beidh inniúlacht agus taithí iomchuí ag na daoine atá freagrach mar aon le heolas agus oiliúint maidir le comhlíonadh dea-chleachtais dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta.

2.   Is iad na daoine atá freagrach a bheidh freagrach go pearsanta as comhlíonadh a gcuid oibleagáidí agus féadfar teagmháil a dhéanamh leo uair ar bith.

3.   Féadfaidh na daoine atá freagrach a gcuid cúraimí a tharmligean ach ní a gcuid freagrachtaí.

4.   I gcás nach mbeidh na daoine atá freagrach ar fáil, is iad na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a cheapfaidh ionadaí le haghaidh na tréimhse ama is gá chun leanúnachas gnó a áirithiú.

5.   Is le tuairisc i scríbhinn ar phost na ndaoine atá freagrach a shaineofar pé údarás a bheidh acu cinntí a dhéanamh maidir lena bhfreagrachtaí. Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a bhronnfaidh an t-údarás sainmhínithe, na hacmhainní agus an fhreagracht is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh ar na daoine atá freagrach.

6.   Déanfaidh na daoine atá freagrach a gcúraimí a chomhlíonadh ionas go n-áiritheofar gur féidir leis na daoine ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a léiriú go gcomhlíonann siad dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta agus go ndéantar na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 101(4) de Rialachán (AE) 2019/6 a chomhlíonadh.

7.   Áireofar na nithe seo a leanas ar oibleagáidí na ndaoine atá freagrach:

(a)

a áirithiú go ndéanfar córas cáilíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun;

(b)

díriú ar bhainistiú gníomhaíochtaí údaraithe agus ar chruinneas agus cáilíocht na dtaifead;

(c)

a áirithiú go ndéanfar cláir oiliúna tosaigh agus leanúnacha a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun;

(d)

aon oibríocht aisghairthe i gcomhair táirgí íocshláinte tréidliachta a chomhordú agus a dhéanamh go pras;

(e)

a áirithiú go ndéileálfar go héifeachtach le gearáin ábhartha ó chustaiméirí;

(f)

a áirithiú go ndéanfar soláthróirí agus custaiméirí a fhormheas;

(g)

formheas a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a ligfear ar fochonradh a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar dhea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta;

(h)

a áirithiú go ndéanfar féinchigireachtaí go tráthrialta de réir clár réamhshocraithe agus a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na CAPA is gá;

(i)

taifid iomchuí a choimeád ar aon chúram tarmligthe;

(j)

cinneadh a dhéanamh maidir leis an réiteach deiridh faoina bhfuil i ndán do tháirgí íocshláinte tréidliachta a chuirtear ar ais, a dhiúltaítear, a aisghairtear nó a fhalsaítear;

(k)

formheas a dhéanamh ar earraí a chuirfear ar ais chuig an stoc indíolta;

(l)

a áirithiú go gcomhlíonfar aon cheanglas breise a fhorchuirtear ar tháirgí íocshláinte tréidliachta áirithe faoin dlí náisiúnta;

(m)

athruithe a dhoiciméadú agus cinneadh a dhéanamh maidir le CAPA chun athruithe a cheartú agus chun gan ligean dóibh tarlú arís agus faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht CAPA sin.

Airteagal 9

Pearsanra eile

1.   Beidh líon leordhóthanach pearsanra inniúil bainteach le gach céim de dháileachán mórdhíola táirgí íocshláinte tréidliachta. Beidh an líon sin comhréireach le méid agus le raon feidhme na ngníomhaíochtaí.

2.   Déanfar struchtúr eagraíochtúil na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a leagan amach i gcairt eagraíochta. Sa chairt sin léireofar go soiléir na róil aonair, na freagrachtaí aonair agus caidreamh gach ball den phearsanra le chéile. Beidh tuiscint ag gach ball den phearsanra ar an ról atá acu agus ar a gcuid freagrachtaí féin.

3.   Déanfar ról agus freagrachtaí na bhfostaithe atá ag obair i bpríomhphoist a leagan amach i dtuairiscí poist i scríbhinn, mar aon le haon socruithe maidir le hionadú.

Airteagal 10

Oiliúint a chur ar phearsanra

1.   Maidir leis an bpearsanra ar fad a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí dáileacháin mórdhíola, cuirfear oiliúint orthu i dtaca le ceanglais dhea-chleachtais dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta. Thairis sin, beidh an inniúlacht iomchuí agus an taithí iomchuí ag pearsanra sula dtéann siad i mbun a gcuid cúraimí.

2.   Cuirfear oiliúint thosaigh agus oiliúint leanúnach ar phearsanra, oiliúint atá ábhartha don ról atá acu agus í bunaithe ar nósanna imeachta agus i gcomhréir le clár oiliúna scríofa. Déanfaidh na daoine atá freagrach a n-inniúlacht maidir le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta a choinneáil ar bun trí oiliúint rialta.

3.   Áireofar san oiliúint táirgí íocshláinte tréidliachta falsaithe a shainaithint agus iad a chosc ó dhul isteach sa slabhra soláthair.

4.   Cuirfear oiliúint shonrach ar phearsanra a bhíonn ag déileáil le táirgí íocshláinte tréidliachta, táirgí a éilíonn dálaí láimhseála níos déine, amhail táirgí guaiseacha, táirgí a bhfuil rioscaí speisialta mí-úsáide ag baint leo, lena n-áirítear substaintí támhshuanacha agus síceatrópacha, agus táirgí atá íogair ó thaobh teochta de.

5.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a choimeádfaidh taifead ar an oiliúint ar fad agus déanfaidh siad measúnú agus athbhreithniú go tráthrialta ar éifeachtúlacht na hoiliúna sin.

Airteagal 11

Sláinteachas

Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a bhunóidh nósanna imeachta iomchuí a bhaineann le sláinteachas pearsanra, lena n-áirítear sláinte phearsanta agus an éide chuí, rud atá ábhartha do na gníomhaíochtaí a bhíonn á ndéanamh. Déanfaidh an pearsanra na nósanna imeachta sin a chomhlíonadh.

CAIBIDIL IV

ÁITREABH AGUS TREALAMH

Airteagal 12

Áitreabh

1.   Déanfar an t-áitreabh a dhearadh nó a oiriúnú chun a áirithiú go gcoinnítear ar bun na dálaí stórála is gá. Beidh siad slán fónta ó thaobh struchtúir de, agus beidh toilleadh leordhóthanach iontu chun go bhféadfar táirgí íocshláinte tréidliachta a stóráil agus a láimhseáil go sábháilte iontu. Cuirfear soilsiú leordhóthanach ar fáil sna limistéir stórála le go bhféadfar gach oibríocht a dhéanamh go cruinn sábháilte iontu. Déanfar táirgí íocshláinte tréidliachta a stóráil in áit a bhfuil an spás is gá inti chun glanadh agus cigireacht a cheadú. Ní mór na pailléid a choinneáil glan deisithe.

2.   I gcás nach mbeidh áitreabh á oibriú go díreach ag na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), is conradh a bheidh i bhfeidhm. Ní fhéadfaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) áitreabh ar conradh a úsáid ach amháin i gcás ina bhfuil an t-áitreabh sin cumhdaithe ag údarú dáileacháin mórdhíola ar leithligh.

3.   Stórálfar táirgí íocshláinte tréidliachta i limistéir deighilte atá marcáilte go soiléir agus is pearsanra údaraithe amháin a mbeidh rochtain acu air.

4.   Aon chóras a chuirtear in ionad leithscaradh fisiceach, de réir mar is infheidhme, amhail leithscaradh leictreonach bunaithe ar chóras ríomhairithe, cuirfidh sé an tslándáil choibhéiseach ar fáil agus beidh sé faoi réir bailíochtú iomchuí.

5.   Táirgí íocshláinte tréidliachta a bhfuil cinneadh le déanamh ina leith maidir lena ndiúscairt, nó táirgí íocshláinte tréidliachta a baineadh den stoc indíolta, déanfar na táirgí sin a leithscaradh go fisiceach nó, i gcás ina bhfuil córas leictreonach coibhéiseach ar fáil, déanfar iad a leithscaradh go leictreonach, agus áirítear orthu sin táirgí íocshláinte tréidliachta a cuireadh ar ais.

6.   Táirgí íocshláinte tréidliachta a fhaightear ó thríú tír ach nach bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh an Aontais, déanfar iad a leithscaradh go fisiceach agus go leictreonach, i gcás ina bhfuil córas leictreonach ar fáil.

7.   Aon táirge íocshláinte tréidliachta a chuaigh in éag, aon táirge íocshláinte tréidliachta a aisghaireadh agus aon táirge íocshláinte tréidliachta a diúltaíodh, déanfar iad a leithscaradh láithreach go fisiceach agus déanfar iad a stóráil i limistéar tiomnaithe atá glan ar gach táirge íocshláinte tréidliachta eile. Cuirfear leibhéal iomchuí slándála i bhfeidhm sna limistéir sin chun a áirithiú go bhfágtar na hítimí sin i mball ar leith ón stoc indíolta. Déanfar na limistéir sin a shainaithint go soiléir.

8.   Déanfar na háitribh a dhearadh nó a oiriúnú chun a áirithiú maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta atá faoi réir bearta sonracha stórála agus láimhseála, amhail substaintí támhshuanacha agus síceatrópacha, go ndéanfar iad a stóráil i gcomhréir le treoracha i scríbhinn agus go mbeidh siad faoi réir bearta slándála iomchuí.

9.   Cuirfear limistéar tiomnaithe amháin nó níos mó ar fáil agus beidh bearta iomchuí sábháilteachta agus slándála i bhfeidhm chun táirgí íocshláinte tréidliachta guaiseacha a stóráil, chomh maith le táirgí íocshláinte tréidliachta lena mbaineann rioscaí sábháilteachta speisialta ó dhóiteán nó ó phléascadh, amhail gáis íocshláinte, ábhair indóite, leachtanna agus solaid so-adhainte.

10.   Cosnófar táirgí íocshláinte tréidliachta ar an aimsir trí bhíthin bánna fála agus bánna seolta. Beidh spás leordhóthanach idir na limistéir fála agus seolta agus na limistéir stórála. Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun rialú a choinneáil ar bun maidir le hearraí isteach agus earraí amach. Déanfar limistéir ghlactha a ainmniú ina scrúdófar seachadtaí tar éis iad a fháil agus beidh siad feistithe go hiomchuí.

11.   Déanfar rochtain neamhúdaraithe ar gach limistéar den áitreabh údaraithe a chosc le feistí iomchuí amhail córas aláraim ionraidh a ndéantar faireachán air agus rialú rochtana iomchuí. Déanfar cuairteoirí a thionlacan i gcónaí.

12.   Beidh áitribh agus saoráidí stórála glan agus saor ó bhruscar agus ó dheannach. Cuirfear i bhfeidhm cláir ghlantacháin, treoracha agus taifid. Déanfar trealamh glantacháin iomchuí agus oibreáin ghlantacháin iomchuí a roghnú agus a úsáid ionas nach mbeidh truailliú ann.

13.   Beidh an t-áitreabh tirim agus coinneofar é laistigh de theorainneacha teochta inghlactha.

14.   Beidh nósanna imeachta iomchuí ann maidir le haon doirteadh a ghlanadh chun a áirithiú nach mbeidh aon riosca éillithe ann.

15.   Déanfar feithiclí a ghlanadh go rialta. An trealamh a roghnófar agus a úsáidfear chun feithiclí a ghlanadh, ní bheidh sé ina fhoinse éillithe.

16.   Déanfar áitreabh a dhearadh agus a fheistiú chun cosaint a thabhairt ar fheithidí, ar chreimirí nó ar ainmhithe eile a theacht isteach. Beidh clár coisctheach srianadh lotnaidí i bhfeidhm.

17.   Beidh seomraí scíthe, seomraí folctha agus leithris na bhfostaithe fada go leor ó láthair na limistéar stórála. Cuirfear toirmeasc sna limistéir stórála ar bhia, ar ól, ar ábhar tobac agus ar tháirgí íocshláinte le haghaidh úsáid phearsanta.

Airteagal 13

Rialú teochta agus comhshaoil

1.   Beidh trealamh agus nósanna imeachta oiriúnacha i bhfeidhm chun an timpeallacht ina stóráiltear táirgí íocshláinte tréidliachta a sheiceáil. Ar na tosca comhshaoil a bheidh le cur san áireamh tá teocht, solas, taise agus glaineacht an áitribh.

2.   Déanfar cleachtadh mapála teochta tosaigh ar an limistéar stórála sula n-úsáidfear é, faoi dhálaí ionadaíocha. Déanfar trealamh monatóireachta teochta a shuí i gcomhréir le torthaí an chleachtaidh mhapála, chun a áirithiú go suitear feistí faireacháin sna limistéir ina mbíonn réimse ollmhór luaineachta. De réir thorthaí cleachtadh measúnaithe riosca, déanfar an cleachtadh mapála an athuair nó tráth ar bith a dhéantar modhnuithe suntasacha ar an tsaoráid nó ar an trealamh rialaithe teochta. I gcás áitreabh beag de chúpla méadar cearnach atá ag teocht an tseomra, déanfar measúnú ar rioscaí féideartha, amhail téitheoirí, agus suífear monatóirí teochta dá réir.

Airteagal 14

Trealamh

1.   Déanfar an trealamh ar fad a bhfuil tionchar aige ar stóráil agus ar dháileachán táirgí íocshláinte tréidliachta a dhearadh, a shuí agus a chothabháil de réir caighdeán atá oiriúnach chun na críche atá beartaithe dó. Beidh an chothabháil phleanáilte i bhfeidhm maidir leis an bpríomhthrealamh atá ríthábhachtach i dtaca le feidhmiúlacht na hoibríochta.

2.   Trealamh a úsáidtear chun an comhshaol a rialú nó a fhaireachán san áit ina stóráiltear na táirgí íocshláinte tréidliachta, beidh sé faoi réir calabrú in eatraimh shainithe bunaithe ar mheasúnú riosca agus iontaofachta.

3.   Beidh calabrú trealaimh inrianaithe go caighdeán tomhais náisiúnta nó idirnáisiúnta. Suífear córais aláraim iomchuí chun foláirimh a thabhairt i gcás ina n-athrófar na dálaí stórála thar a bhfuil réamhshainithe. Déanfar leibhéil na n-aláram a shocrú go hiomchuí agus déanfar iad a thástáil go rialta chun feidhmiúlacht leordhóthanach a áirithiú.

4.   Deisiúchán agus cothabháil trealaimh agus oibríochtaí calabraithe, déanfar iad ar bhealach nach gcuirfear sláine na dtáirgí íocshláinte tréidliachta i mbaol.

5.   Ní bhainfear úsáid as feithiclí lochtacha ná trealamh lochtach agus déanfar iad a lipéadú chun é sin a chur in iúl nó cuirfear iad as seirbhís.

6.   An trealamh nach bhfuil ábhartha chun críocha na ngníomhaíochtaí mórdhíola, ní dhéanfar é a stóráil sa limistéar ina stóráiltear táirgí íocshláinte tréidliachta.

7.   Déanfar taifid leordhóthanacha maidir le gníomhaíochtaí deisithe, cothabhála agus calabraithe i dtaca le príomhthrealamh, amhail fuarstórais, córais aláraim ionraidh agus rochtana a ndéantar faireachán orthu, cuisneoirí, teirmiméadar, nó gléasanna eile a dhéanann teocht agus bogthais a thaifeadadh, aonaid láimhseála aeir agus aon trealamh a úsáidtear in éineacht leis an slabhra soláthair ar aghaidh, agus coinneofar na torthaí.

Airteagal 15

Córais ríomhairithe

1.   Sula gcuirtear córas ríomhairithe i bhfeidhm, léireofar, trí staidéir iomchuí bailíochtaithe nó fíoraithe, go bhfuil sé ar a chumas ag an chórais na torthaí inmhianaithe a bhaint amach, torthaí atá cruinn, comhsheasmhach agus in-atáirgthe.

2.   Beidh tuairisc mhionsonraithe i scríbhinn ar an gcóras ríomhairithe ar fáil, tuairisc lena n-áirítear léaráidí i gcás inarb iomchuí. Coinneofar an tuairisc sin cothrom le dáta. Tabharfar tuairisc sa doiciméad ar phrionsabail, cuspóirí, bearta slándála, raon feidhme agus príomhghnéithe an chórais, ar an gcaoi a n-úsáidtear an córas agus ar an gcaoi a fheidhmíonn sé i gcomhar le córais eile.

3.   Is iad na daoine a bhfuil údarú acu agus iad sin amháin a dhéanfaidh na sonraí a chur isteach sa chóras ríomhairithe nó a leasóidh é.

4.   Déanfar na sonraí a dhaingniú trí mhodhanna fisiceacha nó leictreonacha agus cosnófar iad ar mhodhnuithe a dhéantar de thaisme nó ar mhodhnuithe neamhúdaraithe. Déanfar na sonraí stóráilte a sheiceáil go tráthrialta maidir le inrochtaineacht. Déanfar cóip chúltaca de na sonraí go tráthrialta. Coinneofar cúltaca sonraí ag suíomh slán ar leithligh ar feadh 5 bliana ar a laghad nó ar feadh na tréimhse a shonraítear sa dlí náisiúnta is infheidhme, i gcás gur faide an tréimhse sin ná 5 bliana.

5.   Déanfar sainiú ar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint i gcás ina dteipeann ar an gcóras nó ina mbriseann sé síos. Áireofar air sin córais chun sonraí a aisghabháil.

Airteagal 16

Cáilíocht agus bailíochtú

1.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a shainaithneoidh an cháilíocht maidir le príomhthrealamh agus an bailíochtú maidir le príomhphróiseas is ga chun a áirithiú go suiteálfar i gceart iad agus go n-oibríonn siad i gceart. Is trí úsáid a bhaint as cur chuige doiciméadaithe measúnaithe riosca a chinnfear raon feidhme agus fairsinge na ngníomhaíochtaí cáilíochta agus bailíochtaithe sin, amhail na próisis stórála, roghnaithe agus phacála.

2.   Is faoi réir cáilíochta nó bailíochtaithe a bheidh an trealamh agus na próisis, faoi seach, sula gcuirtear tús lena n-úsáid agus tar éis aon athruithe suntasacha, amhail deisiú nó cothabháil.

3.   Ullmhófar tuarascálacha cáilíochta agus bailíochtaithe ina ndéanfar achoimre ar na torthaí a fuarthas agus ina ndéanfar trácht ar aon athruithe a tugadh faoi deara. Cuirfear prionsabail CAPA i bhfeidhm, i gcás inar gá. Déanfaidh an pearsanra iomchuí fianaise a chur ar fáil agus a fhormheas go bhfuil bailíochtú sásúil déanta ar phróiseas nó ar phíosa trealaimh agus gur glacadh leis an bpróiseas nó an píosa trealaimh sin.

CAIBIDIL V

DOICIMÉADACHT, NÓSANNA IMEACHTA AGUS TAIFEAD A CHOIMEÁD

Airteagal 17

Ceanglais dhoiciméadachta

1.   Beidh na ceanglais seo a leanas comhlíonta ag an doiciméadacht:

(a)

beidh rochtain uirthi go héasca nó beidh sé in-aisghafa;

(b)

beidh sí cuimsitheach a dóthain a mhéid a bhaineann le raon feidhme ghníomhaíochtaí na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(c)

scríobhfar í i bhfriotal a thuigeann an pearsanra;

(d)

scríobhfar í i bhfriotal shoiléir atá gan débhrí.

2.   Is daoine údaraithe iomchuí a dhéanfaidh an doiciméadacht a fhormheas, a shíniú agus a dhátú, de réir mar a cheanglaítear. Ní lámhscríofa a bheidh sí, mura mbeidh bonn cirt le taifid lámhscríofa ar chúiseanna praiticiúla. Sa chás sin, cuirfear dóthain spáis ar fáil chun na taifid sin a dhéanamh.

3.   I gcás ina dtugtar earráidí faoi deara sa doiciméadacht, ceartófar iad gan mhoill, maille le hinrianaitheacht shoiléir i dtaobh cé a cheartaigh iad agus cathain a ceartaíodh iad.

4.   Déanfar gach athrú sa doiciméadacht a shíniú agus a dhátú. Tar éis an athraithe beidh an fhaisnéis bhunaidh fós inléite. I gcás inarb iomchuí, déanfar taifead ar chúis an athraithe.

5.   Coinneofar doiciméid ar feadh 5 bliana ar a laghad nó ar feadh na tréimhse a shonraítear sa dlí náisiúnta is infheidhme, i gcás gur faide an tréimhse sin ná 5 bliana. Scriosfar sonraí pearsanta a thúisce nach gá iad a stóráil a thuilleadh chun críche gníomhaíochtaí dáileacháin.

6.   Beidh rochtain éasca ag gach fostaí ar an doiciméadacht uile is gá le haghaidh na dtascanna a chuirtear i gcrích.

7.   Luafar gaolmhaireachtaí agus bearta rialaithe maidir le doiciméid bhunaidh agus cóipeanna oifigiúla, láimhseáil sonraí agus taifead maidir le gach córas páipéarbhunaithe, leictreonach agus hibrideach.

Airteagal 18

Nósanna imeachta

1.   Tabharfar tuairisc sna nósanna imeachta ar na gníomhaíochtaí dáileacháin mórdhíola a dhéanann difear do cháilíocht táirgí íocshláinte tréidliachta. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin na nithe seo a leanas:

(a)

seachadtaí a fháil agus a sheiceáil; rialú soláthróirí agus custaiméirí;

(b)

stóráil;

(c)

glanadh agus cothabháil an áitribh agus an trealaimh, lena n-áirítear rialú lotnaidí;

(d)

dálaí stórála a sheiceáil agus a thaifeadadh;

(e)

táirgí íocshláinte tréidliachta a chosaint le linn a n-iompair;

(f)

slándáil stoc ar an láthair agus slándáil coinsíneachtaí atá faoi bhealach;

(g)

aistarraingt ón stoc indíolta;

(h)

láimhseáil táirgí íocshláinte tréidliachta a cuireadh ar ais;

(i)

pleananna aisghairthe;

(j)

cáilíocht agus bailíochtú;

(k)

nósanna imeachta agus bearta chun táirgí íocshláinte tréidliachta do-úsáidte a dhiúscairt;

(l)

nósanna imeachta maidir le gearáin a imscrúdú agus a réiteach;

(m)

nósanna imeachta chun táirgí íocshláinte tréidliachta a shainaithint, táirgí a bhfuil tuairim ina leith go mb’fhéidir gur falsaíodh iad.

2.   Is iad na daoine atá freagrach a dhéanfaidh na nósanna imeachta a fhormheas, a shíniú agus a dhátú.

3.   Úsáidfear nósanna imeachta atá bailí agus formheasta. Beidh na doiciméid soiléir agus mionsonraithe go hiomchuí. Luafar teideal, cineál agus cuspóir na ndoiciméad. Déanfar doiciméid a athbhreithniú go rialta agus a choinneáil cothrom le dáta. Cuirfear rialú leaganacha i bhfeidhm ar nósanna imeachta. Tar éis doiciméad a leasú, beidh córas ann chun cosc a chur ar úsáid neamhairdeallach an leagain dhímholta. Nósanna imeachta dímholta nó nósanna imeachta atá imithe i léig, bainfear ó na stáisiúin oibre iad agus déanfar iad a chartlannú.

Airteagal 19

Taifid

1.   Coinneofar taifid i bhfoirm sonrasc ceannacháin nó díolacháin, duillíní seachadta, nó i bhfoirm leictreonach, maidir le haon idirbheart i dtáirgí íocshláinte tréidliachta a fuarthas nó a soláthraíodh.

2.   De bhreis ar na dtaifead mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 101(7) de Rialachán (AE) 2019/6, áireofar sna taifid aon cheanglas breise a shonraítear sa dlí náisiúnta, de réir mar is iomchuí.

3.   Déanfar taifid an tráth a dhéantar gach oibríocht. I gcás ina mbíonn siad lámhscríofa, beidh siad scríofa i lámhscríbhneoireacht shoiléir inléite dhoscriosta.

CAIBIDIL VI

OIBRÍOCHTAÍ

Airteagal 20

Ceanglais maidir le hoibríochtaí

1.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a áiritheoidh nach gcaillfear sainaitheantas an táirge íocshláinte tréidliachta le linn an dáileacháin mhórdhíola agus bainfidh siad úsáid as gach modh atá ar fáil chun an riosca go dtiocfaidh táirgí íocshláinte tréidliachta falsaithe isteach sa slabhra soláthair dlíthiúil a íoslaghdú.

2.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a áiritheoidh go ndéanfar dáileachán mórdhíola táirgí íocshláinte tréidliachta de réir na faisnéise ar an bhforphacáistiú.

3.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a áiritheoidh an méid seo a leanas maidir leis na táirgí íocshláinte tréidliachta go léir a dháileann siad san Aontas:

(a)

go bhfuil siad cumhdaithe ag údarú margaíochta arna dheonú ag údarás inniúil nó ag an gCoimisiún, de réir mar is infheidhme;

(b)

go bhfuil siad cumhdaithe ag clárúchán arna dheonú ag údarás inniúil;

(c)

go bhfuil siad faoi dhíolúine, arna ndeonú ag údarás inniúil, ó na ceanglais maidir le húdarú margaíochta;

(d)

go bhfuil siad cumhdaithe ag formheas maidir le trádáil go comhthreorach arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe;

(e)

go bhfuil siad cumhdaithe ag cead úsáide i gcomhréir le hAirteagal 110(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/6, nó;

(f)

i gcás táirgí atá le húsáid faoi Airteagal 112(2), Airteagal 113(2) nó Airteagal 114(4) de Rialachán (AE) 2019/6, go bhfuil siad á n-allmhairiú ag sealbhóirí údaraithe monaraíochta arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 90 den Rialachán sin nó i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 106(3) den Rialachán sin, de réir mar is infheidhme.

4.   Tabharfar tuairisc iomlán ar phríomhoibríochtaí uile na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) sa chóras cáilíochta i ndoiciméadacht iomchuí.

Airteagal 21

Incháilitheacht a fhíorú agus soláthróirí a fhormheas

1.   I gcás ina bhfaightear táirgí íocshláinte tréidliachta ó dhuine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), fíoróidh an dáileoir mórdhíola fála go gcomhlíonann an soláthraí dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta faoi mar a leagtar síos sa Rialachán seo agus go bhfuil údarú acu. Gheofar an fhaisnéis sin ó na húdaráis inniúla náisiúnta nó ó bhunachar sonraí an Aontais maidir le monaraíocht, allmhairiú agus dáileachán mórdhíola dá dtagraítear in Airteagal 91(1) de Rialachán (AE) 2019/6. Déanfar fíorú iomchuí ar incháilitheacht agus ar fhormheas soláthróirí sula soláthrófar aon táirgí íocshláinte tréidliachta. Déanfar an próiseas sin a rialú le nós imeachta agus déanfar na torthaí a dhoiciméadú agus a sheiceáil go tráthrialta bunaithe ar phrionsabail bhainistithe riosca cáilíochta.

2.   Nuair a bheidh conradh á dhéanamh le soláthróirí nua, is iad na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a dhéanfaidh na seiceálacha díchill chuí, mar a thugtar orthu, chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht, inniúlacht agus iontaofacht an pháirtí eile. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sna seiceálacha díchill chuí:

(a)

cáil nó iontaofacht an tsoláthróra;

(b)

tairiscintí táirgí íocshláinte tréidliachta ar mó seans iad a bheith falsaithe;

(c)

tairiscintí móra táirgí íocshláinte tréidliachta ar táirgí iad nach mbíonn ar fáil ach i gcainníochtaí teoranta;

(d)

ardéagsúlacht thar a bheith neamhghnách i dtáirgí íocshláinte tréidliachta a láimhseálann an soláthraí;

(e)

praghsanna thar a bheith íseal.

Airteagal 22

Incháilitheacht a fhíorú agus soláthróirí a fhormheas

1.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a dhéanfaidh seiceálacha tosaigh agus, de réir mar is iomchuí, seiceálacha tráthrialta féachaint an gcomhlíonann a gcustaiméirí na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 101(2) de Rialachán (AE) 2019/6. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sin cóipeanna d’údaruithe custaiméara arna n-eisiúint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a iarraidh, stádas a fhíorú ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil agus fianaise ar cháilíochtaí nó ar theidlíocht a iarraidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a dhéanfaidh faireachán ar a n-idirbhearta agus a dhéanfaidh imscrúdú ar aon mhírialtacht i bpatrúin dhíolacháin támhshuanacha, substaintí síceatrópacha nó substaintí contúirteacha eile. Déanfar imscrúdú ar phatrúin díolacháin neamhghnácha a d’fhéadfadh a bheith ina n-atreorú nó ina mí-úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta agus déanfar iad a thuairisciú do na húdaráis inniúla i gcás inar gá.

Airteagal 23

Táirgí íocshláinte tréidliachta a fháil

1.   Na daoine atá freagrach as táirgí íocshláinte tréidliachta a fháil, áiritheoidh siad go bhfuil an choinsíneacht atá ag teacht i gceart, go dtagann na táirgí íocshláinte tréidliachta ó sholáthraithe formheasta agus nach ndearnadh damáiste dóibh le linn a n-iompair.

2.   Tabharfar tús áite do tháirgí íocshláinte tréidliachta a éilíonn bearta speisialta stórála nó slándála agus, nuair a bheidh seiceálacha iomchuí déanta, déanfar na táirgí sin a aistriú láithreach chuig saoráidí stórála iomchuí.

3.   Baisceanna de tháirgí íocshláinte tréidliachta atá ceaptha le margadh an Aontais ní aistreofar chuig an stoc indíolta iad sula mbeidh dearbhú faighte i gcomhréir le nósanna imeachta, go n-údaraítear iad lena ndíol. I gcás baisceanna a thagann ó Bhallstát eile, sula n-aistreofar chuig an stoc indíolta iad, déanfaidh pearsanra cuí-oilte seiceáil chúramach ar an tuarascáil rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 97(6) agus (9) de Rialachán (AE) 2019/6, torthaí na dtástálacha is gá, de réir mar is infheidhme, dá dtagraítear in Airteagal 97(7) den Rialachán sin nó cruthúnas eile scaoilte chuig an margadh i dtrácht bunaithe ar chóras coibhéiseach.

Airteagal 24

Stóráil

1.   Stórálfar táirgí íocshláinte tréidliachta leo féin glan ar tháirgí eile ar dócha go n-athróidh na táirgí eile sin iad agus cosnófar iad ó éifeachtaí díobhálacha solais, teochta, taise agus fachtóirí seachtracha eile. Tabharfar aird ar leith ar tháirgí íocshláinte tréidliachta a éilíonn dálaí stórála speisialta.

2.   Coimeádáin de tháirgí íocshláinte tréidliachta a thagann isteach, glanfar iad, más gá, roimh an stóráil. Aon ghníomhaíocht a dhéanfar ar na hearraí isteach, ní imreoidh siad tionchar ar cháilíocht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta.

3.   Déanfar oibríochtaí trádstórais chun a áirithiú go gcoinneofar ar bun na dálaí stórála iomchuí agus chun slándáil stoc iomchuí a cheadú.

4.   Déanfar an stoc a rothlú de réir an phrionsabail “an t-earra a bhfuil an dáta éaga is túisce leis, sin é an t-earra is túisce a chuirfear amach”. Déanfar eisceachtaí a dhoiciméadú.

5.   Déanfar táirgí íocshláinte tréidliachta a láimhseáil agus a stóráil ar bhealach a dhéanfaidh doirteadh, briseadh, éilliú agus meascadh a chosc. Ní stórálfar táirgí íocshláinte tréidliachta go díreach ar an urlár ach amháin i gcás ina bhfuil an pacáiste deartha chun stóráil den sórt sin a cheadú, mar shampla i gcás roinnt sorcóirí gáis íocshláinte.

6.   Táirgí íocshláinte tréidliachta a bhfuil an dáta éaga ag teannadh leo, déanfar iad a leithscaradh láithreach bonn ón stoc indíolta go fisiceach nó, i gcás ina bhfuil córas leictreonach coibhéiseach ar fáil, déanfar iad a leithscaradh go leictreonach.

7.   Déanfar fardail stoic go rialta agus ceanglais an dlí náisiúnta á gcur san áireamh. Déanfar neamhrialtachtaí stoic a imscrúdú agus a dhoiciméadú.

Airteagal 25

Scriosadh táirgí íocshláinte tréidliachta atá as feidhm

1.   Táirgí íocshláinte tréidliachta a bhfuil sé beartaithe iad a scriosadh, déanfar iad a shainaithint go hiomchuí, iad a choinneáil i mbaill ar leith, agus a láimhseáil i gcomhréir le nós imeachta.

2.   Déanfar táirgí íocshláinte tréidliachta a scriosadh i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir leis na táirgí sin a láimhseáil, a iompar agus a dhiúscairt.

3.   Na taifid ar gach táirge íocshláinte tréidliachta a scriosadh, déanfar iad a choimeád ar feadh tréimhse arna sainiú sa chóras cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 26

Roghnú

Beidh rialuithe i bhfeidhm chun a áirithiú go roghnófar an táirge íocshláinte tréidliachta is ceart. Beidh seilfré iomchuí fágtha ag an táirge íocshláinte tréidliachta a roghnófar agus ní bheidh damáiste déanta dó le linn a stórála.

Airteagal 27

Soláthar

1.   Beidh doiciméad leictreonach nó doiciméad fisiceach ag gabháil leis na soláthairtí uile agus sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 101(7) de Rialachán (AE) 2019/6, áireofar sa doiciméad uimhir uathúil lena gceadófar an t-ordú seachadta, na dálaí iompair agus stórála is infheidhme agus na ceanglais bhreise a shonraítear sa dlí náisiúnta a aithint.

2.   Coinneofar taifid leictreonacha nó fhisiceacha ionas go mbeifear ar an eolas maidir le suíomh an táirge íocshláinte tréidliachta.

Airteagal 28

Onnmhairiú

1.   I gcás ina mbeidh táirgí íocshláinte tréidliachta á n-onnmhairiú ag dáileoirí mórdhíola, ar táirgí iad nach ndearna údarás inniúil náisiúnta, ná an Coimisiún, de réir mar is infheidhme, údarú margaíochta a dheonú ina leith i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) 2019/6, déanfaidh dáileoirí mórdhíola bearta iomchuí chun cosc a chur ar na táirgí íocshláinte tréidliachta sin margadh an Aontais a bhaint amach.

2.   I gcás ina soláthraíonn na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) táirgí íocshláinte tréidliachta do dhaoine i dtríú tíortha, ní sholáthróidh siad na táirgí sin ach do dhaoine atá údaraithe nó atá i dteideal táirgí íocshláinte tréidliachta a fháil le haghaidh dáileachán mórdhíola nó le haghaidh soláthar don phobal i gcomhréir le forálacha dlíthiúla agus riaracháin is infheidhme an tríú tír lena mbaineann.

Caibidil VII

Gearáin, táirgí a chuirtear ar ais, táirgí íocshláinte tréidliachta a bhfuil tuairim ina leith go mb’fhéidir gur falsaíodh iad agus táirgí aisghairthe

Airteagal 29

Gearáin

1.   Déanfar taifead ar ghearáin agus na sonraí bunaidh uile ann. Déanfar idirdhealú idir gearáin a bhaineann le cáilíocht táirge íocshláinte tréidliachta agus na gearáin sin a bhaineann le dáileachán mórdhíola.

I gcás gearán a bhaineann le cáilíocht táirge íocshláinte tréidliachta agus locht a d’fhéadfadh a bheith ar tháirge, cuirfear an monaróir nó sealbhóir an údaraithe margaíochta ar an eolas gan mhoill.

Déanfar imscrúdú go grinn ar aon ghearán maidir le dáileachán táirgí íocshláinte tréidliachta chun bunús an ghearáin nó an chúis atá leis a shainaithint.

2.   Ceapfar duine chun gearáin a láimhseáil agus cuirfear pearsanra leordhóthanach ar fáil chun tacú leis an duine sin.

3.   I gcás inar gá, déanfar bearta leantacha iomchuí (lena n-áirítear CAPA) tar éis an gearán a imscrúdú agus a mheas, lena n-áirítear, i gcás ina gceanglaítear sin, fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta.

Airteagal 30

Táirgí a chuirtear ar ais

1.   Déanfar táirgí íocshláinte tréidliachta a chuirtear ar ais a láimhseáil de réir próiseas scríofa riosca bhunaithe agus chineál an táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann, aon dála stórála speisialta a cheanglaítear ina leith agus an t-am a chuaigh thart ó soláthraíodh é á chur san áireamh. Déileálfar le táirgí a chuirtear ar ais i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le socruithe conarthacha idir na páirtithe.

2.   Ní chuirfear ar ais go dtí an stoc indíolta táirgí íocshláinte tréidliachta a d’fhág cúram na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil na táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhforphacáistiú nár osclaíodh agus nach ndearnadh aon damáiste dó agus go bhfuil bail mhaith orthu;

(b)

nach bhfuil na táirgí íocshláinte tréidliachta dulta in éag agus nár aisghaireadh iad;

(c)

maidir leis na táirgí íocshláinte tréidliachta a fuarthas ar ais ó chustaiméir nach bhfuil údarú dáileacháin mórdhíola aige nó ó chógaslanna nó ó dhaoine atá údaraithe táirgí íocshláinte tréidliachta a sholáthar don phobal i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, gur cuireadh ar ais iad laistigh de theorainn ama shainithe inghlactha arna cinneadh trí úsáid a bhaint as prionsabail bhainistithe riosca cáilíochta;

(d)

nach bhfuil na táirgí íocshláinte tréidliachta curtha ar ais ag úinéir an ainmhí chuig an gcógaslann ná chuig daoine eile atá údaraithe chun táirgí íocshláinte tréidliachta a sholáthar don phobal i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, ach amháin i gcás ina gceadaítear táirge a chur ar ais ar an mbealach sin faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin;

(e)

gur léirigh an custaiméir gur iompraíodh, gur stóráladh agus gur láimhseáladh na táirgí íocshláinte tréidliachta i gcomhréir lena riachtanais stórála shonracha;

(f)

go ndearna duine atá oilte go leor inniúil agus údaraithe chuige sin scrúdú agus measúnú ar na táirgí íocshláinte tréidliachta;

(g)

go bhfuil fianaise réasúnta ag na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) gur soláthraíodh an táirge íocshláinte tréidliachta don chustaiméir atá ag cur an táirge íocshláinte tréidliachta ar ais, arna fhianú ag cóipeanna den nóta seachadta bunaidh nó le tagairt a dhéanamh d’uimhreacha sonraisc, do bhaiscuimhreacha, don dáta éaga etc., mar a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta, agus nach bhfuil aon chúis lena chreidiúint gur falsaíodh an táirge íocshláinte tréidliachta.

3.   Maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a éilíonn dálaí sonracha stórála teochta amhail teocht íseal, ní chuirfear ar ais chuig an stoc indíolta iad ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise dhoiciméadaithe ann gur stóráladh an táirge faoi na dálaí stórála údaraithe le linn na dtréimhsí i bpointí (a) go (f). Más amhlaidh gur tharla aon athrú, déanfar measúnú riosca, ina léireofar sláine an táirge íocshláinte tréidliachta. Cumhdófar leis an bhfianaise na céimeanna uile seo a leanas:

(a)

seachadadh chuig an gcustaiméir;

(b)

scrúdú an táirge íocshláinte tréidliachta;

(c)

oscailt na pacáistíochta iompair;

(d)

an táirge íocshláinte tréidliachta a chur ar ais sa phacáistíocht;

(e)

bailiú agus cuir ar ais chuig na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(f)

cuir ar ais chuig cuisneoir an láithreáin dáileacháin mórdhíola.

4.   Suífear táirgí a chuirtear ar ais chuig an stoc indíolta sa chaoi go bhfeidhm éifeachtach leis an gcóras “an t-earra a bhfuil an dáta éaga is túisce leis, is é sin an t-earra is túisce a chuirtear amach”.

5.   Táirgí íocshláinte tréidliachta goidte a aisghabhadh, ní chuirfear ar ais chuig an stoc indíolta ná ní dhíolfar le custaiméirí iad.

Airteagal 31

Táirgí íocshláinte tréidliachta a falsaíodh

1.   De bhreis ar an bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 101(6) de Rialachán (AE) 2019/6, cuirfidh dáileoirí mórdhíola stop láithreach le dáileachán aon táirge íocshláinte tréidliachta atá sainaitheanta acu mar tháirge falsaithe nó a bhfuil tuairim ina leith go mb’fhéidir gur falsaíodh é agus gníomhóidh siad de réir na dtreoracha arna sonrú ag na húdaráis inniúla. Cuirfear nós imeachta ar bun chuige sin. Déanfar an teagmhas agus na sonraí bunaidh uile ann a thaifead agus a imscrúdú.

2.   Déanfar aon táirge íocshláinte tréidliachta a bhfuil tuairim ina leith go mb’fhéidir gur falsaíodh é a fhaightear sa slabhra soláthair a leithscaradh láithreach go fisiceach nó, i gcás ina bhfuil córas leictreonach coibhéiseach ar fáil, go leictreonach. Aon táirge íocshláinte tréidliachta falsaithe a fhaightear sa slabhra soláthair déanfar é a leithscaradh láithreach go fisiceach, é a stóráil i limistéar tiomnaithe atá glan ar gach táirge íocshláinte tréidliachta eile agus é a lipéadú go hiomchuí. Déanfar na gníomhaíochtaí iomchuí go léir i ndáil le táirgí den sórt sin a dhoiciméadú agus déanfar na taifid a choimeád.

Airteagal 32

Aisghairmeacha

1.   Beidh doiciméadú agus nósanna imeachta i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh táirgí íocshláinte tréidliachta a gheofar agus a dháilfear inrianaithe chun críocha aon aisghairm táirge.

2.   I gcás ina n-aisghairfear táirge íocshláinte tréidliachta, is iad na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a dhéanfaidh na custaiméirí uile lena mbaineann agus a bhfuil an táirge dáilte orthu a chur ar an eolas, leis an leibhéal práinne iomchuí le treoracha soiléire inghníomhaithe.

3.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a chuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha ar an eolas maidir le gach táirge íocshláinte tréidliachta a aisghairtear. I gcás ina ndéantar an táirge íocshláinte tréidliachta a onnmhairiú, is iad na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chuirfidh cliaint an tríú tír nó údaráis inniúla an tríú tír ar an eolas maidir leis an aisghairm mar a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta.

4.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a dhéanfaidh meastóireacht rialta ar éifeachtacht na socruithe maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a aisghairm ar bhonn prionsabal bainistithe riosca cáilíochta.

5.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a áiritheoidh gur féidir oibríochtaí aisghairthe a thionscnamh go pras agus ag am ar bith.

6.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a leanfaidh na treoracha i dteachtaireacht aisghairme, a dhéanfaidh na húdaráis inniúla a fhormheas, más gá.

7.   Déanfar aon oibríocht aisghairme a thaifeadadh tráth a dhéantar í. Ba cheart na taifid a chur ar fáil go héasca do na húdaráis inniúla.

8.   Beidh rochtain éasca ag na daoine atá freagrach as an aisghairm ar na taifid dáileacháin agus sna taifid sin beidh faisnéis leordhóthanach maidir le dáileoirí agus maidir le custaiméirí arna soláthar go díreach (le seoltaí, uimhreacha teileafóin agus modhanna cumarsáide leictreonaí laistigh agus lasmuigh d’uaireanta oibre, baiscuimhreacha de réir mar a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta agus cainníochtaí arna seachadadh), lena n-áirítear na taifid sin maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta onnmhairithe agus samplaí de tháirgí íocshláinte tréidliachta.

9.   Déanfar dul chun cinn an phróisis aisghairme a thaifeadadh i dtuarascáil chríochnaitheach lena n-áirítear réiteach idir cainníochtaí an táirge íocshláinte tréidliachta aisghairthe a sheachadadh agus a aisghabhadh.

CAIBIDIL VIII

GNÍOMHAÍOCHTAÍ SEACHFHOINSITHE

Airteagal 33

Oibleagáidí an té a chuireann an conradh ar fáil

1.   Is é an té chuireann an conradh ar fáil a bheidh freagrach as aon ghníomhaíocht a thugtar ar conradh.

2.   Is é an té chuireann an conradh ar fáil a bheidh freagrach as measúnú a dhéanamh ar inniúlacht an té a ghlacann leis an gconradh chun an obair is gá a dhéanamh go rathúil agus as a áirithiú, trí bhíthin an conradh agus trí iniúchtaí, go gcomhlíontar prionsabail an dea-chleachtais dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta. An té a chuireann an conradh ar fáil déanfaidh sé iniúchadh ar an te a ghlacann leis an gconradh sula gcuirtear tús leis na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe agus tráth ar bith a dhéantar athrú orthu. Saineofar minicíocht na hiniúchóireachta bunaithe ar riosca, ag brath ar chineál na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe. I gcás ina ndearnadh athrú ar ghníomhaíochtaí seachfhoinsithe, cuirfidh an té a chuireann an conradh ar fáil measúnú riosca i bhfeidhm mar chuid de rialú athraithe lena chinneadh an bhfuil gá le hath-iniúchadh. An té a ghlacann leis an gconradh, ceadóidh sé don té a chuireann an conradh ar fáil iniúchadh a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe.

3.   An té a chuireann an conradh ar fáil, cuirfidh sé an fhaisnéis uile is gá ar fáil don té a ghlacann leis an gconradh chun na hoibríochtaí conraithe a chur i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais shonracha maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus i gcomhréir le haon cheanglais ábhartha eile.

Airteagal 34

Oibleagáidí an té a ghlacann leis an gconradh

1.   Beidh trealamh, nósanna imeachta, eolas agus taithí leordhóthanach ag an té a ghlacann leis an gconradh, agus beidh pearsanra inniúil aige chun an obair a dhéanamh a ordóidh an té a chuireann an conradh ar fáil agus más gá, don ghníomhaíocht, áitreabh.

2.   Ní dhéanfaidh an té a ghlacann leis an gconradh aon obair atá faoin gconradh a ligean amach ar fochonradh do thríú páirtí gan réamh-mheastóireacht agus formheas an té a chuireann an conradh ar fáil ar na socruithe ná gan iniúchadh ar an tríú páirtí a bheith déanta ag an té a chuireann an conradh ar fáil nó ag an té a ghlacann leis an gconradh. Forálfar leis na socruithe a dhéanfar idir an té a ghlacann leis an gconradh agus aon tríú páirtí go gcuirfear an fhaisnéis maidir le dáileachán mórdhíola ar fáil ar an gcaoi chéanna agus a cuireadh ar fáil í an chéad lá riamh idir an té a chuireann an conradh ar fáil agus an té a ghlacann leis an gconradh.

3.   Staonfaidh an té a ghlacann leis an gconradh ó aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do cháilíocht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta a láimhseáladh thar ceann an té a chuireann an conradh ar fáil.

4.   Aon fhaisnéis a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar cháilíocht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta, cuirfidh an té a ghlacann leis an gconradh ar aghaidh í chuig an té a chuireann an conradh ar fáil i gcomhréir le ceanglais an chonartha.

CAIBIDIL IX

FÉINCHIGIREACHTAÍ

Airteagal 35

Clár na bhféinchigireachtaí

Cuirfear clár féinchigireachta chun feidhme lena gcumhdófar gach gné den dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta mar aon le comhlíonadh an Rialacháin seo agus na nósanna imeachta laistigh de thréimhse ama shainithe.

Airteagal 36

Féinchigireachtaí a dhéanamh agus a thaifeadadh

1.   Féadfar féinchigireachtaí a roinnt i bhféinchigireachtaí aonair éagsúla a bhfuil raon feidhme teoranta acu.

2.   Is pearsanra inniúil ainmnithe a dhéanfaidh féinchigireachtaí ar bhealach neamhchlaonta mionsonraithe. Ní féidir iniúchtaí arna ndéanamh ag saineolaithe seachtracha neamhspleácha a úsáid in ionad féinchigireachta.

3.   Déanfar gach féinchigireacht a thaifeadadh. Beidh na barúlacha ar fad a tugadh le linn na cigireachta sna tuarascálacha. Cuirfear cóip den tuarascáil ar fáil don lucht bainistíochta agus do dhaoine ábhartha eile.

4.   I gcás ina dtugtar neamhrialtachtaí nó easnaimh faoi deara, cinnfear an chúis atá leo agus doiciméadófar CAPA agus déanfar obair leantach ina leith. Déanfar athbhreithniú ar éifeachtacht CAPA.

CAIBIDIL X

IOMPAR

Airteagal 37

Ceanglais iompair

1.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a sholáthraíonn táirgí íocshláinte tréidliachta, sin iad a bheidh freagrach as cosaint a thabhairt do na táirgí íocshláinte tréidliachta sin ar bhriseadh, ar thruailliú agus ar ghoid, agus as a áirithiú go gcoinneofar ar bun na dálaí teochta laistigh de theorainneacha inghlactha le linn an iompair agus déanfaidh siad, nuair is féidir, faireachán ar na dálaí sin.

2.   Le linn an iompair, déanfar na dálaí stórála nó iompair is gá, de réir mar is iomchuí, do tháirgí íocshláinte tréidliachta a choinneáil ar bun laistigh de na teorainneacha sainithe mar a thugann na monaróirí agus sealbhóirí na n-údaruithe margaíochta tuairisc air, nó mar atá luaite ar an bhforphacáistiú.

3.   I gcás ina dtarlaíonn athrú amhail athrú teochta nó damáiste do tháirge íocshláinte tréidliachta le linn an iompair, déanfar é sin a thuairisciú do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus do choinsíní na dtáirgí íocshláinte tréidliachta lena mbaineann chun gur féidir leo measúnú a dhéanamh ar an tionchar féideartha ar cháilíocht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta lena mbaineann. Beidh nós imeachta i bhfeidhm maidir le hathruithe teochta a imscrúdú agus a láimhseáil.

4.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a áiritheoidh maidir le feithiclí agus trealamh a úsáidtear chun táirgí íocshláinte tréidliachta a dháileadh, a stóráil nó a láimhseáil go bhfuil siad oiriúnach dá n-úsáid agus go bhfuil an trealamh sin feistithe go hiomchuí chun nochtadh na dtáirgí íocshláinte tréidliachta do dhálaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá gcáilíocht agus dá sláine pacáistíochta a chosc.

5.   Beidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun na feithiclí agus an trealamh go léir atá páirteach sa phróiseas dáilte, lena n-áirítear glantachán agus réamhchúraimí sábháilteachta, a oibriú agus a chothabháil.

6.   An trealamh a roghnófar agus a úsáidfear chun feithiclí a ghlanadh, ní bheidh sé ina fhoinse éillithe.

7.   Úsáidfear measúnú riosca ar bhealaí seachadta leis an háiteanna a bhfuil gá le rialuithe teochta a chinneadh. An trealamh a úsáidtear don fhaireachán teochta le linn an iompair laistigh d’fheithiclí nó de choimeádáin, déanfar é a chothabháil agus beidh sé faoi réir calabraithe a dhéanfar go tráthrialta, tráthanna a chinnfear ar bhonn phrionsabal an bhainistithe riosca cáilíochta.

8.   Úsáidfear feithiclí agus trealamh tiomnaithe, i gcás inar féidir, agus táirgí íocshláinte tréidliachta agus táirgí íocshláinte a bhíonn á n-úsáid ag an duine araon á láimhseáil. I gcás ina n-úsáidfear feithiclí agus trealamh nach bhfuil tiomnaithe, beidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun a áirithiú nach gcuirfear cáilíocht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta i mbaol.

9.   Is chuig an seoladh a luaitear ar an nóta seachadta a dhéanfar seachadtaí agus rachaidh siad chuig áitreabh an choinsíní nó faoina chúram. Ní fhágfar táirgí íocshláinte tréidliachta ar áitribh eile choíche.

10.   I gcás seachadtaí éigeandála lasmuigh de ghnáthuaireanta gnó, ainmneofar daoine agus beidh nósanna imeachta ar fáil.

11.   I gcás ina bhfuil an iompar faoi chúram tríú páirtí, cuimseofar sa chonradh atá i bhfeidhm ceanglais Airteagal 33 agus 34 agus luafar go soiléir ann oibleagáidí an tríú páirtí sin maidir le comhlíonadh dea-chleachtais dáileacháin do tháirgí íocshláinte tréidliachta a áirithiú. Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a chuirfidh na soláthraithe seirbhísí iompair ar an eolas faoi na dálaí iompair ábhartha is infheidhme maidir leis an gcoinsíneacht.

12.   I gcás ina n-áirítear díluchtú agus athluchtú nó stóráil idirthurais ag mol iompair ar an mbealach iompair, beidh aon saoráid stórála idirmheánach glan agus slán agus beifear in ann faireachán a dhéanamh ar theocht leo, de réir mar is infheidhme.

13.   Déanfar foráil maidir le fad na stórála sealadaí a íoslaghdú fad a bheifear ag feitheamh leis an gcéad chéim eile den bhealach iompair.

Airteagal 38

Coimeádáin, pacáistíocht agus lipéadú

1.   Déanfar táirgí íocshláinte tréidliachta a iompar i gcoimeádáin nach bhfuil aon éifeacht dhíobhálach acu ar cháilíocht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta agus a thugann cosaint leordhóthanach ar thionchair sheachtracha, lena n-áirítear éilliú.

2.   Is ar an méid seo a leanas a bhunófar rogha an choimeádáin agus an phacáistíochta:

(a)

na ceanglais maidir le stóráil agus iompar na dtáirgí íocshláinte tréidliachta;

(b)

an spás is gá do líon na dtáirgí íocshláinte tréidliachta;

(c)

na foirmeacha cógaisíochta, lena n-áirítear réamh-mheascáin íocleasaithe freisin;

(d)

foircneacha na teochta seachtraí a bhfuiltear ag súil leo;

(e)

an uastréimhse a mheastar a bheidh i gceist le haghaidh an iompair, lena n-áirítear stóráil idirthurais na n-údarás custaim;

(f)

stádas cáilíochta na pacáistíochta;

(g)

stádas bailíochtaithe na gcoimeádán loingseoireachta.

3.   Beidh lipéid ar choimeádáin lena soláthrófar faisnéis leordhóthanach maidir le ceanglais láimhseála agus stórála agus réamhchúraimí chun a áirithiú go ndéanfar na táirgí íocshláinte tréidliachta a láimhseáil agus a dhaingniú i gcónaí. Is rudaí iad na coimeádáin lena mbeifear in ann ábhar na gcoimeádán agus an fhoinse a shainaithint.

Airteagal 39

Táirgí a éilíonn dálaí faoi leith

1.   Maidir le seachadtaí ina bhfuil táirgí íocshláinte tréidliachta a éilíonn dálaí faoi leith amhail substaintí támhshuanacha nó síceatrópacha, is iad na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) choinneoidh ar bun slabhra soláthair sábháilte agus slán do na táirgí sin i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha síos ag na Ballstáit lena mbaineann. Beidh córais rialaithe bhreise i bhfeidhm chun na táirgí sin a sheachadadh. Beidh prótacal ann chun aghaidh a thabhairt ar aon ghoid a tharlaíonn.

2.   Táirgí íocshláinte tréidliachta ina bhfuil ábhair atá an-ghníomhach, iomprófar iad i gcoimeádáin agus i bhfeithiclí atá sábháilte, tiomnaithe agus slán i gcomhréir leis na bearta sábháilteachta is infheidhme.

3.   I gcás táirgí íocshláinte tréidliachta atá íogair ó thaobh teochta de, bainfear úsáid as trealamh atá faoi réir cáiliú, amhail pacáistiú teirmeach, coimeádáin atá faoi rialú teochta nó feithiclí atá faoi rialú teochta, chun a áirithiú go gcoinneofar ar bun dálaí cearta iompair idir an monaróir, an dáileoir mórdhíola agus an custaiméir, murar léiríodh cobhsaíocht an táirge le dálaí eile iompair.

4.   I gcás ina úsáidtear feithiclí atá faoi rialú teochta, déanfar an trealamh faireacháin teochta a úsáidtear le linn an iompair a choinneáil ar bun agus beidh sé faoi réir calabraithe go tráthrialta. Déanfar mapáil teochta faoi dhálaí ionadaíocha agus cuirfear éagsúlachtaí séasúracha san áireamh.

5.   I gcás ina n-iarrann custaiméirí a bhfuil údar cuí acu, agus i gcás go dtarlaíonn teagmhais, is iad na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a thabharfaidh faisnéis do na custaiméirí chun a léiriú go gcomhlíonadh na dálaí stórála teochta nó iompair maidir leis na táirgí íocshláinte tréidliachta.

6.   I gcás ina n-úsáidtear pacáistí fionnuara i mboscaí inslithe, suífear iad ionas go n-áiritheofar nach mbeidh an táirge íocshláinte tréidliachta i dteagmháil dhíreach leis an bpacáiste fionnuar.

7.   Cuirfear oiliúint ar phearsanra maidir leis na nósanna imeachta chun boscaí inslithe a chóimeáil, lena n-áirítear nósanna imeachta de réir an tséasúir, agus maidir le hathúsáid pacáistí fuara.

8.   Beidh córas i bhfeidhm ag na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun athúsáid pacáistí fionnuara a rialú lena áirithiú nach n-úsáidtear pacáistí atá fuaraithe go neamhiomlán trí dhearmad. Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a áiritheoidh go bhfuil leithscaradh fisiceach leordhóthanach idir pacaí oighir reoite agus pacaí oighir fuaraithe.

9.   Na daoine dá dtagraítear in Airteagal 1(2), sin iad a thabharfaidh tuairisc ar an bpróiseas maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta íogaire a sheachadadh agus athruithe teochta séasúracha a rialú i nós imeachta.

CAIBIDIL XI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 4, 7.1.2019, lch. 43.

(2)  Dea-chleachtais stórála agus dháileacháin do tháirgí íocshláinte, I: Coiste Saineolaithe EDS maidir le Sonraíochtaí i dtaca le hUllmhóidí Cógaisíochta: an 54ú tuarascáil. An Ghinéiv: An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte; 2020: Iarscríbhinn 7 (Uimh. 1025 den tSraith de Thuarascálacha Teicniúla ó EDS).

(3)  Treoir maidir le dea-chleachtais dháileacháin le haghaidh cógaisíochta. I: Coiste Saineolaithe EDS maidir le Sonraíochtaí i dtaca le hUllmhóidí Cógaisíochta: an 37ú tuarascáil. An Ghinéiv: An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte; 2003: Iarscríbhinn 9 (Uimh. 908 den tSraith de Thuarascálacha Teicniúla ó EDS).

(4)  Samhail-treoir maidir le stóráil agus iompar táirgí cógaisíochta atá íogair ó thaobh ama agus ó thaobh teochta de. I: Coiste Saineolaithe EDS maidir le Sonraíochtaí i dtaca le hUllmhóidí Cógaisíochta: an 45ú tuarascáil. An Ghinéiv: An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte; 2011: Iarscríbhinn 9 (Uimh. 961 den tSraith de Thuarascálacha Teicniúla ó EDS).

(5)  Treoir PIC/S maidir le dea-chleachtas dáileacháin do tháirgí íocshláinte, PIC/S, PE 011-1, 1.6.2014.

(6)  Treoirlínte an 5 Samhain 2013 maidir le Dea-Chleachtas Dáileacháin do tháirgí íocshláinte a bhíonn á n-úsáid ag an duine (2013/C 343/01) (IO C 343, 23.11.2013, lch. 1.)

(7)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte a bhíonn á n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).

(8)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).


CINNTÍ

30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/67


CINNEADH (AE) 2021/1249 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Iúil 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, i gceangal le Comhaontú LEE (Líne bhuiséid 07 20 03 01 – Slándáil Shóisialta)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 46 agus 48 i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), i gceangal le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)

Is iomchuí leanúint de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i ngníomhaíochtaí an Aontais arna gcistiú ó bhuiséad ginearálta an Aontais a mhéid a bhaineann le saorghluaiseacht oibrithe, comhordú scéimeanna slándála sóisialta agus bearta le haghaidh imirceach, lena n-áirítear imircigh as tríú tíortha.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeifear in ann leanúint de chomhar leathnaithe den sórt seo ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh.

(5)

Ba cheart seasamh an Aontais laistigh de Chomhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Féach doiciméad ST 10507/21 ar https://www.consilium.europa.eu/ga/documents-publications/public-register/


30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/69


CINNEADH (AE) 2021/1250 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Iúil 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE a bhaineann le leasú ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, i gceangal le Comhaontú LEE (An Ciste Eorpach Cosanta)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3), Airteagal 182(4), Airteagal 183 agus Airteagal 188(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1), agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE a chinneadh Prótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (“Prótacal 31”), i gceangal le Comhaontú LEE, inter alia, a leasú.

(3)

Tá Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 31 maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse, i gceangal le Comhaontú LEE, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (4).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149).

(4)  Féach doiciméad ST 10693/21 ar http://register.consilium.europa.eu.


30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/71


CINNEADH (CBES) 2021/1251 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Iúil 2021

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 a mhéid a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333 (1).

(2)

De bhun Airteagal 17(2) de Chinneadh (CBES) 2015/1333, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCinneadh sin.

(3)

Is é tátal na Comhairle gur cheart an iontráil maidir le duine amháin, atá básaithe, agus maidir le duine eile, a raibh bearta sriantacha infheidhme ina leith go dtí an 2 Aibreán 2021, a scriosadh agus gur cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus gach eintitis eile atá ar na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, ba cheart an fhaisnéis chéannachta a bhaineann le duine amháin a uasdátú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 17, scriostar míreanna 3 agus 4;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn IV i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  Cinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a mhéid a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (IO L 206, 1.8.2015, lch. 34).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 8(2)), leasaítear Cuid A (Daoine) mar a leanas:

(a)

scriostar iontráil 4 (a bhaineann le TOHAMI, General Khaled);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 7 (a bhaineann le AL-MAHMOUDI, Baghdadi):

“7.

AL-MAHMOUDI, Baghdadi

dá ngairtear freisin

AL-MAHMOUDI

Al-Baghdadi, Ali

AL-MAHMOUDI AL-BAGHDADI, Ali

Áit bhreithe: Alassa, An Libia

Náisiúntacht: An Libia

Inscne: fireann

Seoladh: Abu Dhabi, United Arab Emirates

Ina Phríomh-Aire i Rialtas an Choirnéil Qadhafi.

Dlúthbhaint aige le réimeas Muammar Qadhafi tráth.

21.3.2011”

(c)

scriostar iontráil 15 (a bhaineann le GHWELL, Khalifa);

(2)

in Iarscríbhinn IV, (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 9(2)), leasaítear Cuid A (Daoine) mar a leanas:

(a)

scriostar iontráil 4 (a bhaineann le TOHAMI, General Khaled);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 7 (a bhaineann le AL-MAHMOUDI, Baghdadi):

“7.

AL-MAHMOUDI, Baghdadi

dá ngairtear freisin

AL-MAHMOUDI

Al-Baghdadi, Ali

AL-MAHMOUDI AL-BAGHDADI, Ali

Áit bhreithe: Alassa, An Libia

Náisiúntacht: An Libia

Inscne: fireann

Seoladh: Abu Dhabi, United Arab Emirates

Ina Phríomh-Aire i Rialtas an Choirnéil Qadhafi.

Dlúthbhaint aige le réimeas Muammar Qadhafi tráth.

21.3.2011”

(c)

scriostar iontráil 20 (a bhaineann le GHWELL, Khalifa).


30.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/73


CINNEADH (CBES) 2021/1252 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Iúil 2021

lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Iúil 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/413/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine.

(2)

An 18 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/849 (2), lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES.

(3)

Ag eascairt as breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-580/19 (3), ba cheart Sayed Shamsuddin Borborudi a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 26(3) de Chinneadh 2010/413/CBES, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh sin freisin.

(5)

Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart na bearta sriantacha i gcoinne gach duine agus gach eintiteas ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES a choimeád, sa mhéid nach luaitear a n-ainmneacha in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus ba cheart 21 n-iontráil atá in Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/413/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle an 26 Iúil 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2007/140/CBES (IO L 195, 27.7.2010, lch. 39).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/849 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/413/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine (IO L 196, 19.6.2020, lch. 8).

(3)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Meitheamh 2021, Sayed Shamsuddin Borborudi v Comhairle an Aontais Eorpaigh, T-580/19, ECLI:AE:T:2021:330.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES mar a leanas:

(1)

faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine’ scriostar an iontráil seo a leanas: ‘25. Sayed Shamsuddin Borborudi’.

(2)

faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal ‘A. Daoine’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘8.

Ebrahim MAHMUDZADEH

 

Iar-Stiúrthóir Bainistíochta ar Iran Electronic Industries (féach Cuid B, Uimh. 20). Ina Ard-Stiúrthóir ar The Armed Forces Social Security Organization go Meán Fómhair 2020. Leas-Aire Cosanta na hIaráine go dtí mí na Nollag 2020.

23.6.2008

13.

Anis NACCACHE

 

Iar-riarthóir ar chuideachtaí Barzagani Tejarat Tavanmad Saccal; rinne a chuideachta iarracht earraí íogaire a fháil le haghaidh eintiteas a ainmnítear faoi Rún 1737 (2006).

23.6.2008

16.

An Seachaimiréal Mohammad SHAFI'I RUDSARI (ar a dtugtar freisin ROODSARI, Mohammad, Hossein, Shafiei; ROODSARI, Mohammad, Shafi’I; ROODSARI, Mohammad, Shafiei; RUDSARI, Mohammad, Hossein, Shafiei; RUDSARI, Mohammad, Shafi’I; RUDSARI, Mohammad, Shafiei)

 

IarLeas-Cheann Comhordúcháin MODAFL (féach Cuid B, uimh°29).

23.6.2008

17.

Abdollah SOLAT SANA (ar a dtugtar freisin Solatsana Solat Sanna; Sowlat Senna; Sovlat Thana)

 

Stiúrthóir Bainistíochta an Uranium Conversion Facility (UCF) in Esfahan. Is í seo an tsaoráid a tháirgeann an t-ábhar beatha (UF6) do na saoráidí saibhriúcháin ag Natanz. An 27 Lúnasa 2006, fuair Solat Sana gradam speisialta ón Uachtarán Ahmadinejad as a ról.

23.4.2007

23.

Davoud BABAEI

 

Is é an ceann slándála reatha é ar institiúid taighde aonad lóistíochta na bhFórsaí Armtha – an Organisation of Defensive Innovation and Research (SPND) – a bhí á reáchtáil ag Mohsen Fakhrizadeh-Mahabadi. Tá na hábhair imní atá ag IAEA curtha in iúl aige do SPND a mhéid a bhaineann leis na gnéithe míleata a d’fhéadfadh a bheith ag baint le clár núicléach na hIaráine, a ndiúltaíonn an Iaráin comhoibriú ina leith. Mar cheann slándála, tá Babaei freagrach as nochtadh faisnéise, lena n-áirítear faisnéis do IAEA, a chosc.

1.12.2011

29.

Milad JAFARI (Milad JAFERI)

Dáta Breithe: 20.9.1974

Náisiúnach Iaránach a sholáthraíonn earraí, miotail den chuid is mó, do chuideachtaí tosaigh SHIG ainmnithe de chuid na Náisiún Aontaithe. Sheachaid earraí chuig SHIG idir Eanáir agus Samhain 2010. Rinneadh íocaíochtaí as cuid de na hearraí ag brainse lárnach Export Development Bank of Iran (EDBI), ainmnithe ag an Aontas, san Iaráin (EDBI) in Tehran tráth éigin tar éis mhí na Samhna 2010.

1.12.2011’

(3)

faoin gceannteideal ‘I. Daoine agus eintitis a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí diúracán núicléach nó le gníomhaíochtaí diúracán balaistíoch agus daoine agus eintitis a thugann tacaíocht do Rialtas na hIaráine.’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal ‘B. Eintitis’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘2.

Armed Forces Geographical Organisation

 

Fochuideachta de MODAFL a measúnaíodh chun sonraí geospásúla a chur ar fáil don chlár Diúracán Balaistíoch.

23.6.2008

20.

Iran Electronics Industries

(lena n-áirítear gach brainse) agus fochuideachta:

PO Box 18575-365, Tehran, Iran

Fochuideachta faoi lánúinéireacht ag MODAFL (agus, dá bhrí sin, deirfiúr-eagraíocht le AIO, AvIO agus DIO). Is é an ról atá aige comhpháirteanna leictreonacha a mhonarú do chórais arm na hIaráine.

23.6.2008

 

(b) Iran Communications Industries (ICI)

(ar a dtugtar freisin Sanaye Mokhaberat Iran; Iran Communication Industries; Iran Communications Industries Group; Iran Communications Industries Co.)

PO Box 19295-4731, Pasdaran Avenue, Tehran, Iran; Seoladh eile: PO Box 19575-131, 34 Apadana Avenue, Tehran, Iran; Seoladh eile: Shahid Langary Street, Nobonyad Square Ave, Pasdaran, Tehran

Táirgeann Iran Communications Industries, fochuideachta de chuid Iran Electronics Industries (liostaithe ag an Aontas), earraí éagsúla lena n-áirítear córais chumarsáide, eitleonaic, gléasanna optaice agus leictrea-optaice, micrileictreonaic, teicneolaíocht faisnéise, tástáil agus tomhas, slándáil teileachumarsáide, cogaíocht leictreonach, monarú agus athchóiriú feadán radair, agus lainseálaithe diúracáin.

26.7.2010

28.

Mechanic Industries Group

(ar a dtugtar freisin: Mechanic Industries Organisation; Mechanical Industries Complex; Mechanical Industries Group; Sanaye Mechanic)

 

Bhí páirteach i dtáirgeadh comhpháirteanna don chlár balaistíoch.

23.6.2008

37.

Schiller Novin

(ar a dtugtar freisin: Schiler Novin Co.; Schiller Novin Co.; Shiller Novin)

Gheytariyeh Avenue - no 153 - 3rd Floor - PO BOX 17665/153 6 19389 Tehran

Ag gníomhú dó thar ceann Defense Industries Organisation (DIO).

26.7.2010

38.

Shahid Ahmad Kazemi Industrial Group (SAKIG)

 

Eintiteas atá faoi cheannas Aerospace Industries Organisation (AIO) na hIaráine. Forbraíonn agus táirgeann SAKIG córais diúracáin dromchla-go-haer chun críocha míleata na hIaráine. Cothaíonn sé tionscadail mhíleata, diúracán agus aerchosanta, agus faigheann sé earraí ón Rúis, ón mBealarúis agus ón gCóiré Thuaidh.

26.7.2010

40.

State Purchasing Organisation (SPO, ar a dtugtar freisin State Purchasing Office; State Purchasing Organization)

 

Dealraíonn sé go n-éascaíonn an SPO allmhairiú arm iomlán. Dealraíonn sé a bheith ina fhochuideachta de MODAFL.

23.6.2008

52.

Raad Iran (ar a dtugtar freisin Raad Automation Company; Middle East Raad Automation; RAAD Automation Co.; Raad Iran Automation Co.; RAADIRAN, Middle East RAAD Automation Co.; Automasion RAAD Khavar Mianeh; Automation Raad Khavar Mianeh Nabbet Co)

Unit 1, No 35, Bouali Sina Sharghi, Chehel Sotoun Street, Fatemi Square, Tehran

Cuideachta atá páirteach i soláthar inbhéartóirí do chlár saibhrithe toirmiscthe na hIaráine. Bunaíodh Raad Iran chun córais rialaithe a tháirgeadh agus a dhearadh agus déanann sé díol agus suiteáil ar inbhéartóirí agus ar Rialaitheoirí Loighce inchláraithe.

23.5.2011

86.

Karanir (ar a dtugtar freisin Karanir Sanat, Moaser; Tajhiz Sanat)

1139/1 Unit 104 Gol Building, Gol Alley, North Side of Sae, Vali Asr Avenue. PO Box 19395-6439, Tehran

Tá baint acu le trealamh agus ábhair a cheannach a bhfuil feidhmeanna díreacha acu i gclár núicléach na hIaráine.

1.12.2011

95.

Samen Industries (ar a dtugtar freisin Khorasan Metallurgy Industries)

2nd km of Khalaj Road End of Seyyedi St., POBox 91735-549, 91735 Mashhad, Iran, Tel.: +98 511 3853008, +98 511 3870225

Blaosc-ainm ar Khorasan Metallurgy Industries atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, ar fochuideachta de Ammunition Industries Group (AMIG) é.

1.12.2011

99.

TABA (Iran Cutting Tools Manufacturing company - Taba Towlid Abzar Boreshi Iran; ar a dtugtar freisin Iran Centrifuge Technology Co.; Iran's Centrifuge Technology Company; Sherkate Technology Centrifuge Iran, TESA, TSA)

12 Ferdowsi, Avenue Sakhaee, avenue 30 Tir (sud), nr 66 – Tehran

Faoi úinéireacht TESA, atá ainmnithe ag an Aontas, atá rannpháirteach i dtrealamh agus in ábhair a bhfuil feidhmeanna díreacha acu i gclár núicléach na hIaráine a mhonarú.

1.12.2011

153.

Organisation of Defensive Innovation and Research (SPND)

 

Tacaíonn Organisation of Defensive Innovation and Research (SPND) go díreach le leathadh gníomhaíochtaí núicléacha íogaire na hIaráine. Tá na hábhair imní atá ag IAEA curtha in iúl aige do SPND a mhéid a bhaineann leis na gnéithe míleata a d’fhéadfadh a bheith ag baint le clár núicléach na hIaráine. Is é Mohsen Fakhrizadeh-Mahabadi, atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe, a bhí ag reáchtáil SPND, ar cuid é den Ministry of Defence For Armed Forces Logistics (MODAFL) agus atá ainmnithe ag an Aontas.

22.12.2012

161.

Sharif University of Technology

An seoladh deiridh aige is eol dúinn: Azadi Ave/Street, PO Box 11365-11155, Tehran, Iran, Teil. +98 21 66 161 Rphost: info@sharif.ir

Tá roinnt comhaontuithe comhair ag Sharif University of Technology(SUT) le heagraíochtaí Rialtas na hIaráine atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe agus/nó ag an Aontas Eorpach, agus a fheidhmíonn i réimsí míleata nó a bhaineann le cúrsaí míleata, go háirithe i réimse tháirgeadh agus sholáthar na ndiúracán balaistíoch. Áirítear leis sin: comhaontú leis an Aerospace Industries Organisation atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach chun, i measc nithe eile, satailítí a tháirgeadh; oibriú i gcomhar le hAireacht Cosanta na hIaráine agus Iranian Revolutionary Guards Corps (IRGC) maidir le comórtais do bháid chliste; comhaontú níos leithne le hAerfhórsa IRGC lena gcumhdaítear caidreamh na hOllscoile, comhar eagraíochtúil agus straitéiseach a fhorbairt agus a neartú.

I dteannta a chéile, léirítear leis an méid sin rannpháirtíocht shuntasach le Rialtas na hIaráine i réimsí míleata nó i réimsí a bhaineann le cúrsaí míleata arb ionann iad agus tacaíocht do Rialtas na hIaráine.

8.11.2014’

(4)

faoin gceannteideal ‘II. Islamic Revolutionary Guard Corps’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal ‘A. Daoine’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘2.

An Seachaimiréal Ali FADAVI

 

Leas-Cheann ar Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC). Iar-Cheannasaí IRGC Navy.

26.7.2010

6.

IRGC Mohammad Ali JAFARI

 

Iar-Cheannasaí IRGC. Ina Cheann faoi láthair ar Hazrat Baqiatollah al-Azam Cultural and Social Headquarters.

23.6.2008’

(5)

faoin gceannteideal ‘II. Islamic Revolutionary Guard Corps.’, cuirtear an iontráil seo a leanas in ionad na hiontrála comhfhreagraí sa liosta a leagtar amach faoin bhfo-cheannteideal ‘B. Eintitis’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘12.

Etemad Amin Invest Co Mobin

(ar a dtugtar freisin: Etemad Amin Investment Company Mobin; Etemad-e Mobin, Etemad Amin Invest Company Mobin; Etemad Mobin Co.; Etemad Mobin Trust Co.; Etemade Mobin Company; Mobin Trust Consortium; Etemad-e Mobin Consortium)

Pasadaran Av. Tehran, Iran

Cuideachta atá faoi úinéireacht nó faoi rialú IRGC a rannchuidíonn le leasanna straitéiseacha an réimis a mhaoiniú.

26.7.2010’