ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 263

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
23 Iúil 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1209 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2021 lena dtionscnaítear athbhreithnithe onnmhaireora nua i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid thríchlóraisicianúraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, ar athbhreithnithe iad le haghaidh trí tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne, agus lena n-aisghairtear an dleacht a mhéid a bhaineann le hallmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sin agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1210 ón gComhairle an 22 Iúil 2021 maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána in 2021

7

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1211 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

13

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1212 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 maidir le foláirimh a fhógraítear de bharr bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus maidir le rianú teagmhálaithe a dhéanamh ar dhaoine a nochtadh a shainaithnítear i gcomhthéacs líonadh isteach Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí ( 1 )

32

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

23.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 263/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1209 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Iúil 2021

lena dtionscnaítear athbhreithnithe “onnmhaireora nua” i ndáil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid thríchlóraisicianúraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, ar athbhreithnithe iad le haghaidh trí tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne, agus lena n-aisghairtear an dleacht a mhéid a bhaineann le hallmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sin agus lena gcuirtear na hallmhairí sin faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 11(4) agus Airteagal 14(5) de,

Tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   IARRAIDH

(1)

Fuair an Coimisiún trí iarraidh ar athbhreithniú “onnmhaireora nua” faoi Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán.

(2)

Chuir Hebei Xingfei Chemical Co., Ltd iarraidh isteach an 13 Iúil 2020, chuir Inner Mongolia Likang Bio-Tech Co., Ltd (Likang) iarraidh isteach an 29 Iúil 2019 a nuashonraíodh an 12 Feabhra 2021, agus chuir Shandong Lantian Disinfection Technology Co., Ltd iarraidh isteach an 13 Aibreán 2021 (“na hiarratasóirí”), ar táirgeoirí onnmhairiúcháin aigéid thríchlóraisicianúraigh i nDaon-Phoblacht na Síne iad.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ

(3)

Is éard atá sa táirge faoi athbhreithniú aigéad tríchlóraisicianúrach agus ullmhóidí de, ar a dtugtar “siomclóisín” freisin faoin ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta (ANI), a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 2933 69 80 agus ex 3808 94 20 (cóid TARIC 2933698070 agus 3808942020), de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

3.   BEARTA ATÁ ANN CHEANA

(4)

Is éard atá sna bearta atá i bhfeidhm faoi láthair dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230 ón gCoimisiún (2) faoina gcuirtear allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, lena n-áirítear an táirge a tháirgeann an t-iarratasóir, faoi réir dhleacht frithdhumpála chinntitheach 42,6 %, cé is moite de roinnt cuideachtaí a luaitear go sonrach in Airteagal 1(2) den Rialachán sin agus atá faoi réir rátaí dleachta aonair.

4.   AN FORAS LEIS NA hATHBHREITHNITHE

(5)

Sholáthair na hiarratasóirí fianaise leordhóthanach nár onnmhairigh siad an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontais le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar a mbunaíodh na bearta frithdhumpála ar an gcéad dul síos (an 1 Aibreán 2003 go dtí an 31 Márta 2004).

(6)

Sholáthair na hiarratasóirí fianaise leordhóthanach lena léiriú nach bhfuil siad gaolmhar le haon táirgeoir onnmhairiúcháin a tháirgeann an táirge faoi athbhreithniú agus ar táirgeoirí iad atá faoi réir na ndleacht frithdhumpála atá i bhfeidhm.

(7)

Ar deireadh, sholáthair na hiarratasóirí fianaise leordhóthanach gur thosaigh siad ag onnmhairiú an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas tar éis dheireadh na chéad tréimhse imscrúdúcháin.

5.   NÓS IMEACHTA

5.1.   Tionscnamh

(8)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhianaise a bhí ar fáil agus tháinig sé ar an gconclúid gur leor an fhianaise a bhí ann chun údar cuí a thabhairt le hathbhreithniú “onnmhaireora nua” de bhun Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán, d’fhonn corrlach dumpála aonair a chinneadh le haghaidh gach iarratasóra. Má dhéantar amach gurb ann do dhumpáil, cinnfidh an Coimisiún leibhéal na dleachta ar faoina réir ba cheart allmhairí an táirge faoi athbhreithniú a chur, ar táirge é a tháirgeann gach ceann de na hiarratasóirí.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 11(3) agus (4) den bhun-Rialachán, cinnfear an gnáthluach le haghaidh na n-iarratasóirí ar bhonn na modheolaíochta a leagtar síos in Airteagal 2(7) den bhun-Rialachán de réir mar a bhí sé i bhfeidhm an 19 Nollaig 2017 toisc gur tionscnaíodh an t-athbhreithniú éaga is deireanaí ar na bearta roimh an 20 Nollaig 2017.

(10)

Táirgeoirí de chuid an Aontais arb eol iad a bheith bainteach, cuireadh ar an eolas iad faoin iarraidh ar athbhreithniú an 8 Aibreán 2021 agus tugadh deis dóibh a mbarúlacha a chur isteach go dtí an 23 Aibreán 2021.

(11)

Cuireann an Coimisiún ar a súile do na páirtithe freisin gur i bhfianaise ráig COVID-19, foilsíodh fógra (3) faoi iarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais a d’fhéadfadh feidhm a bheith acu maidir leis an nós imeachta seo.

5.2.   Aisghairm na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair agus clárú na n-allmhairí

(12)

De bhun Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán, ba cheart an dleacht frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair a aisghairm a mhéid a bhaineann le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar táirge é tháirgeann na hiarratasóirí. An tráth céanna, ba cheart na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán chun a áirithiú go bhféadfar dleachtanna frithdhumpála a ghearradh ó dháta clárúcháin na n-allmhairí sin más rud é go ndéantar amach san athbhreithniú gur ann do dhumpáil i ndáil le gach iarratasóir. Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire nach féidir, ag an bpointe seo, meastachán iontaofa a thabhairt maidir le méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, gan dochar d’Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán.

5.3.   Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

(13)

I bhfianaise líon beag idirbheart a bheith ar taifead, agus chun torthaí ionadaíocha a fháil, cumhdóidh an t-imscrúdú an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2021 (“tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin”).

5.4.   Imscrúdú a dhéanamh ar na hiarratasóirí

(14)

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, chuir an Coimisiún ceistneoir ar fáil do na hiarratasóirí sa chomhad is féidir leis na páirtithe leasmhara a cheadú, agus cuireadh an ceistneoir ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála freisin https://trade.ec.europa.eu/tdi/. Ní mór do na hiarratasóirí an ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán seo.

5.5.   Aighneachtaí eile i scríbhinn

(15)

Faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh den teorainn ama a shonraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán seo.

5.6.   An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

(16)

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin a iarraidh laistigh de na teorainneacha ama a shonraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo. Aon iarraidh ar éisteacht a fháil, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le céim thionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tar éis sin, ní mór iarraidh ar éisteacht a chur isteach laistigh de na sprioc-amanna sonracha a leagann an Coimisiún síos ina theachtaireachtaí chuig na páirtithe.

5.7.   Treoracha le haghaidh aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus le haghaidh ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

(17)

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipchirt. Ní mór do na páirtithe, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchirt tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear a) don Choimisiún an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.

(18)

Cuirfear an lipéad “Íogair” ar gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar sa Rialachán seo, ar cheistneoirí comhlánaithe agus ar chomhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo (4). Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi.

(19)

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Íogair” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán, achoimrí a gcuirfear lipéad orthu a shonrófar “Mar eolas do pháirtithe leasmhara”. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.

(20)

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

(21)

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear cóipeanna scanta cumhachtaí aturnae agus deimhniúcháin.

(22)

Chun rochtain a fháil ar TRON.tdi, tá cuntas EU Login ag teastáil ó pháirtithe leasmhara. Tá treoracha iomlána maidir le conas clárú agus conas TRON.tdi a úsáid ar fáil ar https://webgate.ec.europa.eu/tron/resources/documents/gettingStarted.pdf.

(23)

Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó as ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf.

(24)

Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, seachas sa chás go n-iarrfaidh siad na doiciméid uile ar an gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide go sainráite, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear na prionsabail a bhaineann le haighneachtaí a dhéanamh trí TRON.tdi agus trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 An Bhruiséil

AN BHEILG

TRON.tdi: https://webgate.ec.europa.eu/tron/tdi

Ríomhphost: TRADE-R746-TCCA@ec.europa.eu

6.   NEAMH-CHOMHOIBRIÚ

(25)

Má dhiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí deimhneacha nó diúltacha a thabhairt ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(26)

I gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis agus úsáidfear na fíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(27)

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach céanna don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

7.   OIFIGEACH ÉISTEACHTA

(28)

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh i gcomhair imeachtaí trádála. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.

(29)

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Is i scríbhinn ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

(30)

Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. I gcás ina gcuirfear iarrataí éisteachta isteach lasmuigh de na tréimhsí ama ábhartha, déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí déanacha den sórt sin, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus don imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

(31)

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/.

8.   SCEIDEAL AN IMSCRÚDAITHE

(32)

Tabharfar an t-imscrúdú chun críche, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán, laistigh de 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhme an Rialacháin seo.

9.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(33)

Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chaithfear le haon sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo.

(34)

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://ec.europa.eu/trade/policy/accessing-markets/trade-defence/

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, tionscnaítear athbhreithniú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230 faoi Airteagal 11(4) de Rialachán (AE) 2016/1036 chun a chinneadh ar cheart dleacht frithdhumpála aonair a fhorchur ar allmhairí aigéid thríchlóraisicianúraigh agus ullmhóidí de, ar a dtugtar “siomclóisín” freisin faoin ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta (ANI), agus a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 2933 69 80 agus ex 3808 94 20 (cóid TARIC 2933698070 agus 3808942020), de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an táirge faoi athbhreithniú”), ar táirge é a tháirgeann Inner Mongolia Likang Bio-Tech Co., Ltd lena n-onnmhairiú chuig an Aontas (cód TARIC breise C630).

2.   Leis seo, tionscnaítear athbhreithniú mar a thagraítear dó i mír 1 freisin maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú, ar táirge é a tháirgeann Hebei Xingfei Chemical Co., Ltd lena n-onnmhairiú chuig an Aontas (cód TARIC breise C629).

3.   Leis seo, tionscnaítear athbhreithniú mar a thagraítear dó i mír 1 freisin maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú, ar táirge é a tháirgeann Shandong Lantian Disinfection Technology Co., Ltd lena n-onnmhairiú chuig an Aontas (cód TARIC breise C695).

Airteagal 2

An dleacht frithdhumpála arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230, is leis seo a aisghairtear í a mhéid a bhaineann leis na hallmhairí a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo.

Airteagal 3

Glacfaidh na húdaráis chustaim náisiúnta na céimeanna iomchuí chun na hallmhairí a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a chlárú, de bhun Airteagal 11(4) agus Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036.

Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 4

1.   Ní mór do pháirtithe leasmhara scéala a thabhairt don Choimisiún le hiad féin a chur in aithne laistigh de 15 lá ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

2.   Chun a n-uiríll a chur san áireamh le linn an imscrúdaithe, ní mór do na páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí i scríbhinn a chur in iúl agus na freagraí ar an gceistneoir, iarrataí ar dhíolúintí, nó aon fhaisnéis eile a chur isteach laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Rialacháin seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mura sonraítear a mhalairt.

3.   Féadfaidh na páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh freisin ar éisteacht a fháil os comhair an Choimisiúin laistigh den teorainn ama chéanna de 37 lá. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le céim thionscnaimh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh a shonrú inti.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2230 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid thríchlóraisicianúraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 319, 5.12.2017, lch. 10).

(3)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52020XC0316%2802%29

(4)  Is doiciméad “Íogair” doiciméad a meastar é a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39-98).


CINNTÍ

23.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 263/7


CINNEADH (AE) 2021/1210 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Iúil 2021

maidir le beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach faoin tSaoráid Eorpach Síochána in 2021

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 (1), bunaíodh Saoráid Eorpach Síochána (“SES”) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), pointe (b)(ii), de Chinneadh (CBES) 2021/509, is féidir leis SES maoiniú a thabhairt do bhearta cúnaimh chun tacú le gnéithe míleata na n-oibríochtaí tacaíochta síochána faoi stiúir eagraíocht réigiúnach nó idirnáisiúnta.

(2)

Féadfaidh bearta cúnaimh faoi SES a bheith ina mbeart sonrach, sin nó ina gclár ginearálta le haghaidh tacaíochta a mbeidh fócas ar leith geografach nó téamach ag roinnt leis.

(3)

Admhaíonn an Chomhairle tábhacht straitéiseach leanúnach na Comhpháirtíochta Síochána agus Slándála idir an Afraic agus an tAontas Eorpach, faoi Straitéis Chomhpháirteach AE-an Afraic, go háirithe an creat comhair a bunaíodh faoin tSaoráid um Shíocháin san Afraic (APF) agus ról ceannasach an Aontais Afracaigh (AA) i gcaomhnú na síochána agus na slándála ar mhór-roinn na hAfraice mar a shonraítear in Airteagal 16 den Phrótacal a bhaineann le bunú Chomhairle Síochána agus Slándála an Aontais Afracaigh. Tá an Chomhairle fós tiomanta acmhainneachtaí an Aontais Afracaigh a fhorbairt sa réimse seo, cúnamh a sholáthar i dtaca le hoibríochtaí tacaíochta síochána arna stiúradh ag an Afraic agus chun an Struchtúr Afracach um Shíocháin agus um Shlándáil a neartú i dtreo a lánoibríochtaithe, i gcomhréir leis an Meabhrán Tuisceana idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach maidir leis an tSíocháin, an tSlándáil agus an Rialachas an 23 Bealtaine 2018, mar aon leis na sásraí comhair atá bunaithe a chothú, go háirithe cur chuige comhtháite bunaithe ar chomhpháirtíocht, ar chomhairliúchán agus ar chomhordú straitéiseach feabhsaithe.

(4)

Ba cheart aistriú rianúil thacaíocht an Aontais ó APF go SES a áirithiú trí bheart cúnaimh a ghlacadh atá i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach lena gcumhdaítear an dara leath de 2021 (an “Beart Cúnaimh”). Táthar ag súil go bhfuil tacaíocht bhreise leis an Aontas Afracach le bheith ann don tréimhse 2022-2024 tar éis an Bhirt Cúnaimh. Le clár ginearálta, ceadaítear leanúint de mhaoiniú iontaofa agus intuartha a chur ar fáil d’oibríochtaí tacaíochta síochána faoi stiúir na hAfraice atá sainordaithe nó údaraithe ag Comhairle Síochána agus Slándála an Aontais Afracaigh agus, ag an am céanna, áiritheofar an tsolúbthacht is gá chun freagairt go héifeachtach agus go héifeachtúil ar fhorbairtí coinbhleachta ar mhór-roinn na hAfraice. Eintitis a bhfuil taithí acu ar ghníomhaíochtaí faoin tSaoráid um Shíocháin san Afraic a chur chun feidhme, tá súil go bhféadfaidh siad gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh seo a chur chun feidhme. Déanfar gníomhaíochtaí faoin mbeart cúnaimh seo a chur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 agus i gcomhréir leis na Rialacha do chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES.

(5)

Ina litir dar dáta mí an Mheithimh 2021 a seoladh chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), d’iarr an tAontas Afracach ar an Aontas leanúint ar aghaidh ón 1 Iúil 2021 de thacaíocht a thabhairt d’oibríochtaí tacaíochta síochána faoi stiúir na hAfraice, ar oibríochtaí iad atá sainordaithe nó údaraithe ag Comhairle Síochána agus Slándála an Aontais Afracaigh.

(6)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí agus raon feidhme

1.   Leis seo, cuirtear ar bun beart cúnaimh i bhfoirm clár ginearálta chun tacú leis an Aontas Afracach, atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (an “Beart Cúnaimh”). Leis an mBeart Cúnaimh, maoineofar gníomhaíochtaí arna bhformheas ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála roimh an 31 Nollaig 2021.

2.   Is iad cuspóirí an Bhirt Cúnaimh minicíocht, fad agus déine na gcoinbhleachtaí foréigneacha san Afraic a laghdú agus ról an Aontais Afracaigh maidir leis an tsíocháin agus leis an tslándáil ar mhór-roinn na hAfraice a neartú.

3.   Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mBeart Cúnaimh gnéithe míleata na n-oibríochtaí tacaíochta síochána faoi stiúir na hAfraice atá sainordaithe nó údaraithe ag Comhairle Síochána agus Slándála an Aontais Afracaigh.

Airteagal 2

Tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh a fhormheas

1.   I gcomhréir le hAirteagal 59(7) de Chinneadh (CBES) 2021/509, sula dtabharfar tacaíocht le haghaidh aon ghníomhaíocht faoin mBeart Cúnaimh, beidh iarraidh ann ó Choimisiún an Aontais Afracaigh mar thairbhí an Bhirt Cúnaimh (an “tairbhí”).

2.   Tar éis iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an tArdionadaí, tar éis dul i gcomhairle leis an riarthóir um bearta cúnaimh arna cheapadh faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 (an “riarthóir um bearta cúnaimh”) a mhéid a bhaineann le cúrsaí cur chun feidhme airgeadais, moladh a thíolacadh maidir le scrúdú arna dhéanamh ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, agus formheas uaidh, ina dtabharfar breac-chuntas ar an tacaíocht atá beartaithe, lena n-áirítear a bhuiséad agus an t-eintiteas nó na heintitis a roghnófar as measc na n-eintiteas a liostaítear in Airteagal 5(2) den Chinneadh seo atá chun an tacaíocht bheartaithe, agus breithnithe a bhaineann le hanailíseanna ar íogaire agus rioscaí i ndáil le coinbhleachtaí a chur chun feidhme, mar aon le bearta maidir le faireachán agus rialú dá dtagraítear in Airteagal 6, de réir mar a cheanglaítear.

Airteagal 3

Socruithe airgeadais

1.   EUR 130 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh riarthóir na scéime glao ar thograí a dhéanamh tar éis glacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 104 000 000, a mhéid nach leor na cistí atá ar fáil chun íocaíochtaí a mhaoiniú in 2021. Ní úsáidfear cistí a ghlaofaidh an riarthóir ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2021 a chomhfhreagraíonn don bheart cúnaimh seo.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme.

3.   Beidh an caiteachas uile a bhaineann le gníomhaíochtaí arna bhformheas lena gcur chun feidhme faoin mBeart Cúnaimh incháilithe do mhaoiniú go ceann 60 mí amhail ón 1 Iúil 2021.

Airteagal 4

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú ag an gComhairle, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, a chomhlíonadh, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

úsáid chuí agus éifeachtúil a bhaint as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(b)

cothabháil leordhóthanach a dhéanamh ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil le linn a saolré;

(c)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig daoine nó eintitis eile seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré nó tráth a rachaidh an Beart Cúnaimh in éag nó a fhoirceannfar é.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

4.   Tabharfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh comhaontú maoiniúcháin i gcrích leis an tairbhí ina gcumhdófar an Beart Cúnaimh. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas faoin gcomhaontú atá le tabhairt i gcrích.

Airteagal 5

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na Rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoi SES a chur chun feidhme, agus ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Féadfaidh aon cheann de na heintitis seo a leanas na gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur chun feidhme ina n-iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear trí dheontais a fhéadfar a dhámhachtain gan glao ar thograí:

(a)

Coimisiún an Aontais Afracaigh;

(b)

Aontas na Magraibe Arabaí;

(c)

Comhphobal na Stát Saiheile agus Sahárach;

(d)

an Cómhargadh d’Oirthear agus Deisceart na hAfraice;

(e)

Comhphobal Oirthear na hAfraice;

(f)

Fórsa Fuireachais Oirthear na hAfraice;

(g)

Comhphobal Eacnamaíoch Stáit Lár na hAfraice;

(h)

Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar;

(i)

an tÚdarás Idir-rialtasach maidir le Forbairt;

(j)

Cumas Réigiúnach na hAfraice Thuaidh;

(k)

Comhphobal Forbartha Dheisceart na hAfraice;

(l)

G5 na Saiheile;

(m)

an Coimisiún um Imchuach Loch Shead;

(n)

Oifig Ard-Choimisinéir um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe;

(o)

Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe;

(p)

Oifig na Náisiún Aontaithe le haghaidh Seirbhísí Tionscadail;

(q)

Oifig Tacaíochta na Náisiún Aontaithe sa tSomáil;

(r)

cibé aireachtaí, ranna Rialtais, nó gcomhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile dlí phoiblí de chuid na mBallstát, nó comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu, faoi mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn, a mhéid a thugtar ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh.

3.   Daingneoidh an riarthóir um bearta cúnaimh acmhainneacht eintitis ar leith gníomhaíocht nó cuid de ghníomhaíocht a chur chun feidhme sula bhformheasfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála tacaíocht don ghníomhaíocht.

Airteagal 6

Faireachán, Meastóireacht agus Rialú

1.   Bunófar bearta chun faireachán, meastóireacht agus rialú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Leis na bearta dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar go háirithe go gcomhlíonfaidh an tairbhí agus aon eintiteas eile a bhaineann tairbhe dhíreach as tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus go gcomhlíonfaidh an tairbhí aon ghealltanais agus oibleagáidí eile arna mbunú faoi na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 4.

3.   Ag brath ar an tacaíocht fhormheasta le haghaidh gníomhaíocht faoin mBeart Cúnaimh, d’fhéadfaí a áireamh ar na bearta dá dtagraítear i mír 1 faireachán ar dhul chun cinn i ndáil le coinníollacha agus tagarmharcanna arna gcomhaontú leis an tairbhí, creataí um chomhlíonadh an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta agus ceanglais an díchill chuí a bhunú agus faireachán a dhéanamh orthu, rialú iarlastála sócmhainní chun úsáid iomchuí a áirithiú agus atreorú a sheachaint, agus straitéisí díscoir agus scoir a shainaithint.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   I gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh seo a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, nó an Beart Cúnaimh iomlán a chur ar fionraí, arna iarraidh sin do Bhallstát nó don Ardionadaí, sna cásanna seo a leanas:

(a)

má tá a oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta á sárú ag an tairbhí, go háirithe an dlí um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, nó mura gcomhlíonann sé na gealltanais a tugadh faoi na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 4;

(b)

má cuireadh an conradh le gníomhaí cur chun feidhme ar fionraí nó má foirceannadh é tar éis sárú ar a oibleagáidí faoin gconradh;

(c)

mura gceadófar a thuilleadh, de bharr na staide sa limistéar geografach lena mbaineann, an beart a chur chun feidhme agus, ag an am céanna, a áirithiú go bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha ag gabháil leis;

(d)

mura bhfreastalóidh saothrú an bhirt ar a chuspóirí a thuilleadh nó mura mbeidh an saothrú sin chun leasa an Aontais a thuilleadh.

I gcásanna práinneacha agus eisceachtúla, féadfaidh an tArdionadaí cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a chur ar fionraí ina iomláine nó i bpáirt ar bhonn sealadach go dtí go ndéanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh ina leith.

2.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle an Beart Cúnaimh seo a fhoirceannadh.

Airteagal 8

Comhsheasmhacht ghníomhaíocht an Aontais

I gcomhréir le hAirteagal 8 de Chinneadh (CBES) 2021/509, áiritheofar comhsheasmhacht idir gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh agus gníomhaíochtaí eile i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála agus bearta faoi ionstraimí i réimsí eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, chomh maith le beartais eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Cur Chuige Comhtháite i leith coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Iúil 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).


IARSCRÍBHINN

Liosta d’aireachtaí, ranna rialtais agus comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile dlí phoiblí de chuid na mBallstát, agus comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu a mhéid a tugadh ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha dóibh, a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí faoin mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme ina n-iomláine nó i bpáirt (1):

Deutsche Gesellschaft für Internationale Zusammenarbeit

Expertise France


(1)  Ní bhaineann an liosta seo ach leis an mbeart cúnaimh arna bhunú leis an gCinneadh seo ón gComhairle, agus ní eisiatar leis an fhéidearthacht go bhféadfar eintitis eile a ainmniú do bhearta cúnaimh sa todhchaí, lena n-áirítear iad siúd atá i bhfoirm clár ginearálta.


23.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 263/13


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1211 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Iúil 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (1), agus go háirithe Airteagal 16 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le hAirteagal 6(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ar úinéirí long a áirithiú nach ndéanfar longa atá le hathchúrsáil a athchúrsáil ach amháin i saoráidí athchúrsála long a áirítear i Liosta Eorpach na saoráidí athchúrsála long arna fhoilsiú de bhun Airteagal 16 den Rialachán sin.

(2)

Leagtar amach an Liosta Eorpach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 ón gCoimisiún (2).

(3)

Chuir an Ísiltír in iúl don Choimisiún, i dtaca le saoráid athchúrsála long (3) atá lonnaithe ina críoch, go bhfuil údarú ag an tsaoráid sin ón údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Chuir an Ísiltír an fhaisnéis uile is ábhartha i leith na saoráide sin ar fáil don Choimisiún, is é sin an fhaisnéis ábhartha a bhaineann lena cur ar an Liosta Eorpach. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta chun an tsaoráid sin a áireamh.

(4)

Chuir an Spáinn in iúl don Choimisiún, i dtaca le saoráid athchúrsála long (4) atá lonnaithe ina críoch, go bhfuil údarú ag an tsaoráid sin ón údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Chuir an Spáinn an fhaisnéis uile is ábhartha i leith na saoráide sin ar fáil don Choimisiún, is é sin an fhaisnéis ábhartha a bhaineann lena cur ar an Liosta Eorpach. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta chun an tsaoráid sin a áireamh.

(5)

Chuir an Iorua in iúl don Choimisiún, i dtaca le saoráid athchúrsála long (5) atá lonnaithe ina críoch, go bhfuil údarú ag an tsaoráid sin ón údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Chuir an Iorua an fhaisnéis uile is ábhartha i leith na saoráide sin ar fáil don Choimisiún, is é sin an fhaisnéis ábhartha a bhaineann lena cur ar an Liosta Eorpach. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta chun an tsaoráid sin a áireamh.

(6)

Chuaigh an t-údarú a bhí ag saoráid athchúrsála long atá lonnaithe sa Phortaingéil (6) in éag an 26 Samhain 2020. Tá faisnéis faighte ón bPortaingéil ag an gCoimisiún, i dtaca leis an údarú a tugadh don tsaoráid sin chun athchúrsáil long a dhéanamh, go ndearnadh an t-údarú sin a athnuachan roimh dhul in éag dó, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Ba cheart, dá bhrí sin, dáta éaga áireamh na saoráide sin sa Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta.

(7)

Chuaigh údarú saoráide athchúrsála long atá lonnaithe san Eastóin (7) in éag an 15 Feabhra 2021. Tá faisnéis faighte ón Eastóin ag an gCoimisiún, i dtaca leis an údarú a tugadh don tsaoráid sin chun athchúrsáil long a dhéanamh, go ndearnadh an t-údarú sin a athnuachan roimh dhul in éag dó, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Ba cheart, dá bhrí sin, dáta éaga áireamh na saoráide sin sa Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta.

(8)

Bhí údarú dhá shaoráid athchúrsála long atá lonnaithe sa Danmhairg (8) le dul in éag an 30 Meitheamh 2021 agus an 15 Meán Fómhair 2021 faoi seach. Tá faisnéis faighte ón Danmhairg ag an gCoimisiún, i dtaca leis na húdaruithe a tugadh do na saoráidí sin chun athchúrsáil long a dhéanamh, go ndearnadh na húdaruithe sin a athnuachan roimh dhul in éag dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Ba cheart, dá bhrí sin, dáta éaga áireamh na saoráidí sin sa Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta.

(9)

Bhí an t-údarú atá ag dhá shaoráid athchúrsála long atá lonnaithe san Ísiltír (9) le dul in éag an 21 Iúil 2021 agus an 27 Meán Fómhair 2021 faoi seach. Tá faisnéis faighte ón Ísiltír ag an gCoimisiún, i dtaca leis na húdaruithe a tugadh do na saoráidí sin chun athchúrsáil long a dhéanamh, go ndearnadh na húdaruithe sin a athnuachan roimh dhul in éag dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013. Ba cheart, dá bhrí sin, dáta éaga áireamh na saoráidí sin sa Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta.

(10)

I dtaca le dhá shaoráid athchúrsála long atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe (10) agus a bhí san áireamh sa Liosta, chuaigh an t-áireamh sin in éag ag deireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear faoin gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, eadhon an 31 Nollaig 2020. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta chun na saoráidí sin a bhaint as an liosta.

(11)

Chuir an Fhrainc agus an Iorua an Coimisiún ar an eolas maidir le hathruithe ar ainm agus ar shonraí teagmhála saoráide athchúrsála long (11) amháin atá lonnaithe i ngach ceann de na tíortha sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

(12)

Chuir an Spáinn an Coimisiún ar an eolas faoi athruithe agus nuashonruithe ar an bhfaisnéis a bhaineann le saoráid athchúrsála long (12) atá lonnaithe ar a críoch. Baineann siad sin le sonraí teagmhála na saoráide atá i gceist, leis an modh athchúrsála a chuirtear i bhfeidhm, le méid na long is féidir a athchúrsáil, agus leis an uas-aschur bliantúil athchúrsála long a bhaintear amach sa tsaoráid sin. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta dá réir.

(13)

Tá faisnéis nuashonraithe faighte ag an gCoimisiún i dtaca leis na teorainneacha agus na coinníollacha faoina n-oibríonn saoráidí athchúrsála long sa Tuirc, go háirithe maidir le bainistiú dramhaíola guaisí. Níl baint ag Comhlachas Athchúrsála Long na Tuirce (SRAT) le bainistiú ná le láimhseáil dramhaíola guaisí a thuilleadh. Thairis sin, tá tuilleadh sonraí faighte ag an gCoimisiún maidir leis an nós imeachta, dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, chun plean athchúrsála long sa Tuirc a fhormheas. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta dá réir.

(14)

Cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi athruithe ar ainm agus sonraí teagmhála saoráide athchúrsála long (13) atá lonnaithe sa Tuirc. Ba cheart, dá bhrí sin, an Liosta Eorpach a thabhairt cothrom le dáta dá réir.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 a leasú dá réir.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 330, 10.12.2013, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2016 lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathchúrsáil long (IO L 345, 20.12.2016, lch. 119).

(3)  “Hoondert Services & Decommissioning B.V.”.

(4)  “DESGUACE INDUSTRIAL Y NAVAL, S.L.U. (DINA)”.

(5)  “Green Yard Kleven AS”.

(6)  “Navalria — Docas, Construções e Reparações Navais”.

(7)  “BLRT Refonda Baltic OÜ”.

(8)  “Fornæs ApS” agus “Smedegaarden A/S”.

(9)  “Damen Verolme Rotterdam B.V.” agus “Scheepssloperij Nederland B.V.”.

(10)  “Able UK Limited” agus “Dales Marine Services Ltd.”.

(11)  “Les recycleurs Bretons” (an Fhrainc) agus “Kvaerner AS” (an Iorua).

(12)  “DDR VESSELS XXI, S.L”.

(13)  “Isiksan Gemi Sokum Pazarlama Ve Tic. Ltd. Sti.”.


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

Liosta Eorpach na saoráidí athchúrsála long dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

CUID A

Saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i mBallstát

Ainm na saoráide

An modh athchúrsála

Cineál agus méid na long is féidir a athchúrsáil

Aon teorainn nó aon choinníoll a bhaineann le hoibriú na saoráide athchúrsála long, lena n-áirítear an méid a bhaineann le bainistiú dramhaíola guaisí

Mionsonraí maidir leis an nós imeachta sainráite nó intuigthe chun go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an plean athchúrsála loinge a fhormheas (1)

An t-aschur uasta bliantúil athchúrsála long, is é sin suim mheáchan na long arna shloinneadh in LDT a athchúrsáladh bliain ar leith sa tsaoráid sin (2)

An dáta a rachaidh áireamh sa Liosta Eorpach in éag (3)

AN BHEILG

NV Galloo Recycling Ghent

Scheepszatestraat 9

9000 Gent

An Bheilg

Teil. +32 (0)9/2512521

R-phost: peter.wyntin@galloo.com

Beart le cé (beart fliuch), fána

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 265 mhéadar

Leithead: 37 méadar

Snámh: 12,5 méadar

 

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 30 lá

34 000  (4)

31 Márta 2025

AN DANMHAIRG

FAYARD A/S

Kystvejen 100

DK-5330 Munkebo

An Danmhairg

www.fayard.dk

Teil. +45 75920000

R-phost: fayard@fayard.dk

Duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 415 mhéadar

Leithead: 90 méadar

Snámh: 7,8 méadar

Rialaítear an tsaoráid athchúrsála long de réir na reachtaíochta is infheidhme agus de réir na gcoinníollacha a leagtar amach i gCead Comhshaoil an 7 Samhain 2018 arna eisiúint ag Bardas Kerteminde. Ag gabháil leis an gCead Comhshaoil, tá coinníollacha maidir le huaireanta oibriúcháin, maidir le coinníollacha speisialta oibriúcháin, maidir le láimhseáil agus stóráil dramhaíola agus gabhann leis, freisin, coinníoll go gcaithfear an ghníomhaíocht a dhéanamh i nduga tirim.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 14 lá.

0 (5)

7 Samhain 2023

Fornæs ApS

Rolshøjvej 12-16

8500 Grenaa

An Danmhairg

www.fornaes.com

Teil. +45 86326393

R-phost: recycling@fornaes.dk

Beart le cé, duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 150 méadar

Leithead: 25 mhéadar

Snámh: 7 méadar

OLLTONNÁISTE: 10 000

Tá sé de cheart ag bardas Nordjurs dramhaíl ghuaiseach a leithdháileadh ar shaoráidí glactha a rinneadh a fhormheas maidir le neamhdhíobháil don chomhshaol.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 14 lá.

30 000  (6)

12 Bealtaine 2026

Jatob ApS

Langerak 12

9900 Frederikshavn

An Danmhairg

www.jatob.dk

Teil. +45 86681689

R-phost: post@jatob.dk mathias@jatob.dk

Beart le cé, sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 150 méadar

Leithead: 30 méadar

Doimhneacht: 6 mhéadar

Tugtar láimhseáil agus stóráil na gcodán dramhaíola trí bhíthin Údarú Comhshaoil. D’fhéadfadh sé go n-úsáidfí an laithreán le haghaidh stóráil idirmheánach dramhaíola guaisí ar feadh tréimhse chomh fada le bliain.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 14 lá.

13 000  (7)

9 Márta 2025

Modern American Recycling Services Europe (M.A.R.S)

Sandholm 60

9900 Frederikshavn

An Danmhairg

www.modernamericanrecyclingservices.com/

R-phost: kim@mars-eu.dk

Sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 290 méadar Leithead: 90 méadar Snámh: 14 mhéadar

Tá sainmhíniú ar na coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid athchúrsála long i gCead Comhshaoil an 9 Márta 2018 arna eisiúint ag Bardas Frederikshavn.

Tá sé de cheart ag bardas Frederikshavn dramhaíl ghuaiseach a leithdháileadh ar shaoráidí glactha arna bhformheas maidir le neamhdhíobháil don chomhshaol.

Ní fhéadfaidh an tsaoráid dramhaíl ghuaiseach a stóráil ar feadh tréimhse is faide ná bliain amháin.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 14 lá.

0 (8)

23 Lúnasa 2023

Smedegaarden A/S

Vikingkaj 5

6700 Esbjerg

An Danmhairg

www.smedegaarden.net

Teil. +45 75128888

R-phost:

m@smedegaarden.net

Beart le cé, sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 200 méadar*

Leithead: 48 méadar

Snámh: 7,5 méadar

(*Má tá an fad >170 méadar,

tá formheas ó

Bhardas Esbjerg

riachtanach)

Tá na coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid athchúrsála long sainmhínithe i gCead Comhshaoil an 4 Meitheamh 2015 arna eisiúint ag Bardas Esbjerg.

Tá sé de cheart ag Bardas Esbjerg dramhaíl ghuaiseach a leithdháileadh ar shaoráidí glactha dramhaíola guaisí arna bhformheas maidir le neamhdhíobháil don chomhshaol.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 14 lá

20 000  (9)

11 Márta 2026

Stena Recycling A/S

Grusvej 6

6700 Esbjerg

An Danmhairg

www.stenarecycling.dk

Teil. +45 20699190

R-phost: jakob.kristensen@stenarecycling.com

Duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 40 méadar Leithead: 40 méadar Snámh: 10 méadar

Sainítear na coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid athchúrsála long i gCead Comhshaoil an 5 Deireadh Fómhair 2017 arna eisiúint ag Bardas Esbjerg.

Tá sé de cheart ag Bardas Esbjerg dramhaíl ghuaiseach a leithdháileadh ar shaoráidí glactha arna bhformheas maidir le neamhdhíobháil don chomhshaol, mar atá leagtha amach sa Chead Comhshaoil don tsaoráid athchúrsála long

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 14 lá

0 (10)

7 Feabhra 2024

AN EASTÓIN

BLRT Refonda Baltic OÜ

Kopli 103, 11712 Taillinn, an Eastóin

Teil. +372 6102933

Facs +372 6102444

R-phost: refonda@blrt.ee

www.refonda.ee

Ar snámh ag an gcé agus sa duga snámhach

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 197 méadar

Leithead: 32 mhéadar

Snámh: 9,6 méadar

Cead dramhaíola Uimh. KL-511809. Ceadúnas bainistíochta dramhaíola guaisí Uimh. 0546. Rialacha Chalafort Vene-Balti, Lámhleabhar maidir le Athchúrsáil Long MSR-Refonda. Córas Bainistíochta Comhshaoil, Bainistiú Dramhaíola PE 4.4.6-1-13

Ní ceadmhach don tsaoráid ach na hábhair ghuaiseacha dá bhfuil sí ceadúnaithe a athchúrsáil.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 30 lá.

24 364  (11)

15 Feabhra 2026

AN SPÁINN

DESGUACE INDUSTRIAL Y NAVAL, S.L.U. (DINA)

Vega de Tapia, s/n

48903 Barakaldo-Bizkaia

An Spáinn

Teil. +34 944971152

R-phost: redena@redena.es

www.redena.es

Rampa díchóimeála

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 120 méadar

Leithead: 20 méadar

Snámh: 6 mhéadar

Tá na teorainneacha san áireamh san údarú comhshaoil comhtháite.

Formheas sainráite - Is í Oifig Mháistir an Chuain an t-údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa

2 086  (12)

3 Márta 2026

DDR VESSELS XXI, S.L.

Calafort ‘El Musel’

Gijon

An Spáinn

Teil. +34 630144416

R-phost: abarredo@ddr-vessels.com

Beart le cé, rampa díchóimeála

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 169,9 méadar

(Féadfar longa os cionn an mhéid sin ar féidir leo iompú nialais nó gluaiseacht rampaí diúltach a oibriú, is féidir iad a ghlacadh ag brath ar thoradh staidéir féidearthachta mhionsonraithe)

Leithead: 25 mhéadar

Tá na teorainneacha san áireamh san údarú comhshaoil comhtháite.

Formheas sainráite - Is í Oifig Mháistir an Chuain an t-údarás inniúil don chinneadh formheasa

3 600  (13)

28 Iúil 2025

AN FHRAINC

Démonaval Recycling

ZI du Malaquis

Rue François Arago

76580 LE TRAIT

Teil. +33 769791280

R-phost: patrick@demonaval-recycling.fr

Beart le cé, duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 140 méadar

Leithead: 25 mhéadar

Doimhneacht: 5 mhéadar

Sainítear teorainneacha comhshaoil san údarú maorachta.

Formheas sainráite – Is é an t-aire comhshaoil an t-údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa.

0 (14)

11 Nollaig 2022

GARDET & DE BEZENAC Recycling / Groupe BAUDELET ENVIRONNEMENT – GIE MUG

616, Boulevard Jules Durand

76600 Le Havre

An Fhrainc

Teil. +33 235951634

R-phost: infos@gardet-bezenac.com

Duga snámhach agus sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 150 méadar

Leithead: 18 méadar

Doimhneacht: 7 méadar

LDT: 7 000

Sainmhínítear teorainneacha comhshaoil san údarú maorachta.

Formheas sainráite – Is é an t-aire comhshaoil an t-údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa.

16 000  (15)

30 Nollaig 2021

Grand Port Maritime de Bordeaux

152, Quai de Bacalan - CS 41320 - 33082 Bordeaux Cedex

An Fhrainc

Teil. +33 556905800

R-phost: maintenance@bordeaux-port.fr

Beart le cé, duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 240 méadar

Leithead: 37 méadar

Doimhneacht: 17 méadar

Sainmhínítear teorainneacha comhshaoil san údarú maorachta.

Formheas sainráite – Is é an t-aire comhshaoil an t-údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa.

18 000  (16)

21 Deireadh Fómhair 2021

Recycleurs Bretons - Navaléo

170 rue Jacqueline Auriol

29470 Guipavas

An Fhrainc

Teil. +33 298011106

R-phost: navaleo@navaleo.fr

Beart le cé, duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 225 mhéadar

Leithead: 34 mhéadar

Doimhneacht: 27 méadar

Sainmhínítear teorainneacha comhshaoil san údarú maorachta.

Formheas sainráite – Is é an t-aire comhshaoil an t-údarás inniúil le haghaidh an chinnidh formheasa.

15 000  (17)

19 Meitheamh 2025

AN IODÁIL

San Giorgio del Porto S.p.A.

Calata Boccardo 8

16128 – Genova –

An Iodáil

Teil. +39 (0)10 251561

R-phost:

segreteria@sgdp.it;

sangiorgiodelporto@legalmail.it

www.sgdp.it

Beart le cé, duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 350 méadar

Leithead: 75 mhéadar

Doimhneacht: 16 mhéadar

OLLTONNÁISTE: 130 000

Tá na teorainneacha agus na srianta san áireamh san údarú comhshaoil comhtháite.

Formheas sainráite

38 564  (18)

6 Meitheamh 2023

AN LAITVIA

‘Galaksis N’, Ltd.

Kapsedes street 2D,

Liepāja, LV – 3414

An Laitvia

Teil. +371 29410506

R-phost: galaksisn@inbox.lv

Beart le cé (beart fliuch), duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 165 mhéadar

Leithead:22 mhéadar

Doimhneacht: 7 méadar

OLLTONNÁISTE: 12 000

Féach cead náisiúnta Uimh. LI12IB0053

Formheas sainráite – fógra i scríbhinn i gceann 30 lá oibre

0 (19)

17 Iúil 2024

AN LIOTUÁIN

UAB APK

Minijos 180 (beart 133A), LT 93269, Klaipėda,

An Liotuáin

Teil. +370 (46) 365776

Facs +370 (46) 365776

R-phost: uab.apk@gmail.com

Beart le cé (beart fliuch)

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 130 méadar

Leithead: 35 mhéadar

Doimhneacht: 10 méadar

OLLTONNÁISTE: 3 500

Féach an cead náisiúnta Uimh. TL-KL.1-15/2015

Formheas sainráite – fógra i scríbhinn i gceann 30 lá oibre

1 500  (20)

12 Márta 2025

UAB Armar

Minijos 180 (beart 131 A), LT 93269, Klaipėda,

An Liotuáin

Teil. +370 68532607

R-phost: armar.uab@gmail.com; albatrosas33@gmail.com

Beart le cé (beart fliuch)

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 80 méadar

Leithead: 16 mhéadar

Doimhneacht: 5 mhéadar

OLLTONNÁISTE: 1 500

Féach an cead náisiúnta Uimh. TL-KL.1-51/2017

Formheas sainráite – fógra i scríbhinn i gceann 30 lá oibre

3 910  (21)

19 Aibreán 2022

UAB Demeksa

Nemuno g. 42A (beart 121), LT 93277 Klaipėda

An Liotuáin

Teil. +370 63069903

R-phost: uabdemeksa@gmail.com

Beart le cé (beart fliuch)

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 58 méadar

Leithead: 16 mhéadar

Doimhneacht: 5 mhéadar

OLLTONNÁISTE: 3500

Féach an cead náisiúnta Uimh. TL-KL.1-64/2019

Formheas sainráite – fógra i scríbhinn i gceann 30 lá oibre

0 (22)

22 Bealtaine 2024

UAB Vakarų refonda

Minijos 180 (beart 129, 130, 131A, 131, 132, 133A), LT 93269, Klaipėda,

An Liotuáin

Teil. +370 (46) 483940 / 483891

Facs +370 (46) 483891

R-phost: refonda@wsy.lt

Beart le cé (beart fliuch)

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 230 méadar

Leithead: 55 mhéadar

Doimhneacht: 14 mhéadar

OLLTONNÁISTE: 70 000

Féach an cead náisiúnta Uimh. (11.2)-30-161/2011/TL-KL.1-18/2015

Formheas sainráite – fógra i scríbhinn i gceann 30 lá oibre

20 140  (23)

30 Aibreán 2025

AN ÍSILTÍR

Damen Verolme Rotterdam B.V.

Prof. Gerbrandyweg 25

3197 KK Rotterdam

An Ísiltír

Teil. +31 9/181234353

R-phost: MZoethout@damenverolme.com

Duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 400 méadar

Leithead: 90 méadar

Doimhneacht: 12 mhéadar

Airde: 90 méadar

Tá cead chun oibriú ag an laithreán; cuimsíonn an cead sin teorainneacha agus coinníollacha maidir le hoibriú ar bhealach fónta ó thaobh an chomhshaoil de.

Formheas sainráite

0 (24)

21 Bealtaine 2026

Hoondert Services & Decommissioning B.V.

Spanjeweg 4

4455 TW Nieuwdorp

Teil. +31 113352510

R-phost: info@hsd.nl

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin ar feadh na cé, arna iompar i dtír le haghaidh scríobadh

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 175 mhéadar

Leithead: 40 méadar

Doimhneacht: 10 méadar

Tá cead chun oibriú ag an laithreán; cuimsíonn an cead sin teorainneacha agus coinníollacha maidir le hoibriú ar bhealach fónta ó thaobh an chomhshaoil de.

Formheas sainráite

30 000  (25)

26 Eanáir 2026

Sagro Aannemingsmaatschappij Zeeland B.V.

Estlandweg 10

4455 SV Nieuwdorp

An Ísiltír

Fón: +31 113351710

Ríomhphost: slf@sagro.nl

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin ar feadh na cé, arna iompar i dtír le haghaidh scríobadh

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 120 méadar

Leithead: 20 méadar

Doimhneacht: 6 mhéadar

Tá cead chun oibriú ag an laithreán; cuimsíonn an cead sin teorainneacha agus coinníollacha maidir le hoibriú ar bhealach fónta ó thaobh an chomhshaoil de.

Formheas sainráite

15 000  (26)

28 Márta 2024

Scheepssloperij Nederland B.V.

Havenweg 1

3295 XZ

s-Gravendeel

Postbus 5234

3295 ZJ

s-Gravendeel

An Ísiltír

Teil. +31 180463990

R-phost: gsnoek@sloperij-nederland.nl

Múráil fhliuch agus sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 200 méadar

Leithead: 33 mhéadar

Doimhneacht: 5,5 méadar

Airde: 45 mhéadar (Botlekbridge)

Tá cead chun oibriú ag an laithreán; cuimsíonn an cead sin teorainneacha agus coinníollacha maidir le hoibriú ar bhealach fónta ó thaobh an chomhshaoil de.

Déantar gníomhaíochtaí ullmhúcháin ar feadh na cé, go dtí gur féidir an chabhail a tharraingt isteach ar an sleamhnán agus úsáid á baint as unlas ag a bhfuil cumas tarraingthe 2 000 tona aige.

Formheas sainráite

17 500  (27)

12 Bealtaine 2026

AN IORUA

ADRS Decom Gulen

Seoladh na saoráide:

Sløvågen 2,

5960 Dalsøyra,

An Iorua

Seoladh na hoifige:

Statsminister Michelsens vei 38,

5230 Paradis,

An Iorua

https://adrs.no/

Beart le cé, sleamhnán, duga tirim/fliuch

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 360 méadar

Leithead: Gan teorainn

Doimhneacht: Gan teorainn

Féach cead náisiúnta Uimh. 2019,0501.T

Formheas sainráite

0 (28)

1 Deireadh Fómhair 2024

AF Offshore Decom

Raunesvegen 597,

5578 Nedre Vats

An Iorua

https://afgruppen.no/selskaper/af-offshore-decom/

Beart le cé

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 290 méadar

Leithead: gan teorainn

Doimhneacht: gan teorainn

Féach an cead náisiúnta Uimh. 2005,0038.T

Formheas sainráite

31 000  (29)

28 Eanáir 2024

Green Yard AS

Angholmen,

4485 Feda,

An Iorua

www.greenyard.no

Duga tirim (laistigh), sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 230 méadar

Leithead: 25 mhéadar

Doimhneacht: 20 méadar

Féach an cead náisiúnta Uimh. 2018,0833.T

Ní mór móroibríochtaí díchóimeála a dhéanamh taobh istigh.

Na hoibríochtaí díchóimeála agus gearrtha amháin atá ceadaithe lasmuigh faoin spéir, is mionoibríochtaí iad is gá chun longa a chur in oiriúint don tsaoráid laistigh. Féach an cead chun tuilleadh sonraí a fháil.

Formheas sainráite

0 (30)

28 Eanáir 2024

Green Yard Kleven AS

6065 Ulsteinvik

An Iorua

www.kleven.no

Beart le cé, sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 170 méadar

Leithead: 35 mhéadar

Doimhneacht: Gan teorainn

Féach an cead náisiúnta Uimh. 2021,0011.T

Formheas sainráite

0 (31)

9 Aibreán 2026

Fosen Gjenvinning AS

Stokksundveien 1432,

7177 Revsnes

An Iorua

Teil. +47 400 39 479 R-phost: knut@fosengjenvinning.no

Beart le cé

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, seachas rigí nó soithí a úsáidtear le haghaidh hidreacharbóin a eastóscadh

Uastoisí na long:

Fad: 150 méadar

Leithead: 20 méadar

Doimhneacht: 7 méadar

Féach an cead náisiúnta Uimh. 2006,0250.T

Formheas sainráite

8 000  (32)

9 Eanáir 2024

Aker Solutions AS (Stord)

Eldøyane 59

5411 Stord

An Iorua

www.akersolutions.com

Beart le cé (beart fliuch), sleamhnán

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 230 méadar

Leithead: Gan teorainn

Doimhneacht: Gan teorainn

Féach an cead náisiúnta Uimh. 2013,0111.T

Formheas sainráite

43 000  (33)

28 Eanáir 2024

Lutelandet Industrihamn

Lutelandet Offshore AS

6964 Korssund,

An Iorua

www.lutelandetoffshore.com

Beart le cé

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: Gan teorainn

Leithead: Gan teorainn

Doimhneacht: Gan teorainn

Féach an cead náisiúnta

Uimh. 2014,0646.T

Formheas sainráite

14 000  (34)

28 Eanáir 2024

Norscrap West AS

Hanøytangen 122,

5310 Hauglandhella,

An Iorua

www.norscrap.no

Beart le cé, sleamhnán snámhach, duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 150 méadar

Leithead: 34 mhéadar

Doimhneacht: gan teorainn

Féach an cead náisiúnta Uimh. 2017,0864.T

8 000 LDT ar a mhéad ar shleamhnán snámha. Ní mór longa atá níos mó ná 8 000 LDT a laghdú sula ndéantar iad a tharraingt isteach chuig an sleamhnán

Formheas sainráite

4 500  (35)

1 Márta 2024

AN PHORTAINGÉIL

Navalria - Docas, Construções e Reparações Navais

Porto Comercial, Terminal Sul, Apartado 39, 3811-901 Aveiro

An Phortaingéil

Teil. +351 234378970, +351 232767700

R-phost: info@navalria.pt

Duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 104 mhéadar

Leithead: 6,5 méadar

Snámh: 6,5 méadar

Sainmhínítear na coinníollacha a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an ngníomhaíocht i sonraíochtaí atá i gceangal le Teideal AL Uimh. 5/2015/CCDRC an 26 Eanáir 2016.

Tarlaíonn dí-éilliú agus díchóimeáil ar phlána cothrománach agus ar phlána claonta, de réir mhéid na loinge. Tá acmhainn ainmniúil 700 tona ag an bplána cothrománach. Tá acmhainn ainmniúil 900 tona ag an bplána claonta.

Formheas sainráite

1 900  (36)

31 Nollaig 2021

AN FHIONLAINN

Turun Korjaustelakka Oy (Turku Repair Yard Ltd)

Navirentie, 21110 Naantali

an Fhionlainn

Teil. +358 244511

R-phost: try@turkurepairyard.com

Beart le cé, duga tirim

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 250 méadar

Leithead: 40 méadar

Snámh: 7,9 méadar

Tá na teorainneacha san áireamh san údarú comhtháite comhshaoil.

Formheas sainráite

20 000  (37)

1 Deireadh Fómhair 2023

AN RÍOCHT AONTAITHE

Harland and Wolff (Belfast) Ltd

Oileán na Banríona

Béal Feirste

BT3 9DU

Teil. +44 2890534189 Facs +44 2890458515

R-phost: Eoghan.Rainey@harland-wolff.com

Duga tirim agus beart fliuch

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 556 mhéadar

Leithead: 93 mhéadar

Snámh: 7,5 méadar

DWT: 550,000

Údaraítear an suíomh trí cheadúnas bainistithe dramhaíola, uimhir údaraithe LN/20/11 a chuireann teorainn leis na hoibríochtaí agus a chuireann coinníollacha ar oibreoir na saoráide.

Formheas sainráite

12 000  (38)

16 Meitheamh 2025

CUID B

Saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i dtríú tír

Ainm na saoráide

An modh athchúrsála

Cineál agus méid na long is féidir a athchúrsáil

Aon teorainn nó aon choinníoll a bhaineann le hoibriú na saoráide athchúrsála long, lena n-áirítear an méid a bhaineann le bainistiú dramhaíola guaisí

Mionsonraí maidir leis an nós imeachta sainráite nó intuigthe chun go ndéanfaidh an t-údarás inniúil an plean athchúrsála loinge a fhormheas (39)

An t-aschur uasta bliantúil athchúrsála long, is é sin suim mheáchan na long arna shloinneadh in LDT a athchúrsáladh bliain ar leith sa tsaoráid sin (40)

An dáta a rachaidh áireamh sa Liosta Eorpach in éag (41)

AN TUIRC

Avsar Gemi Sokum San. Dis Tic. Ltd. Sti.

Gemi Söküm Tesisleri,

Parcel 5 Aliağa

İzmir 35800,

An Tuirc

Teil. +90 2326182107 – 08 - 09

R-phost: info@avsargemiltd.com

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013, seachas rigí

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn

Leithead: 50 méadar

Snámh: 15 mhéadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, deimhniú ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 15 lá

Tá an plean athchúrsála loinge (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

54 224  (42)

2 Nollaig 2025

Isiksan Gemi Sokum Pazarlama Ve Tic. A.Ş

Gemi Söküm Tesisleri,

Parcel 22 Aliağa

İzmir 35800,

An Tuirc

Teil. +90 2326182165

R-phost: info@isiksanship.com

www.isiksanship.com

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn

Leithead: 75 mhéadar

Snámh: 17 méadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, deimhniú lena mbaineann teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 15 lá

Tá an plean athchúrsála loinge (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

91 851  (43)

7 Iúil 2024

EGE CELIK SAN. VE TIC. A.S.

Gemi Söküm Tesisleri,

Parcel 10 Aliağa,

Izmir 35800,

An Tuirc

Teil. +90 2326182162

R-phost: pamirtaner@egecelik.com

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn

Leithead: 50 méadar

Doimhneacht: 15 mhéadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, deimhniú lena mbaineann teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 15 lá

Tá an plean athchúrsála loinge (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

55 503  (44)

12 Feabhra 2025

LEYAL GEMİ SÖKÜM SANAYİ ve TİCARET

LTD.

Gemi Söküm Tesisleri,

Parcel 3-4 Aliağa,

Izmir 35800,

An Tuirc

Teil. +90 2326182030

R-phost: info@leyal.com.tr

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn

Leithead: 100 méadar

Snámh: 15 mhéadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, deimhniú ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 15 lá

Tá an plean athchúrsála loinge (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

55 495  (45)

9 Nollaig 2023

LEYAL-DEMTAŞ GEMİ SÖKÜM SANAYİ ve TİCARET A.Ş.

Gemi Söküm Tesisleri,

Parcel 25 Aliağa,

Izmir 35800,

An Tuirc

Teil. +90 2326182065

R-phost: demtas@leyal.com.tr

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn

Leithead: 63 mhéadar

Doimhneacht: 15 mhéadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, deimhniú ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 15 lá

Tá an plean athchúrsála loinge (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

50 350  (46)

9 Nollaig 2023

ÖGE GEMİ SÖKÜM İTH. İHR. TİC. SAN.AŞ.

Gemi Söküm Tesisleri,

Parcel 23 Aliağa,

Izmir 35800,

An Tuirc

Teil. +90 2326182105

R-phost: oge@ogegemi.com

www.ogegemi.com

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn

Leithead: 70 méadar

Doimhneacht: 15 mhéadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, deimhniú lena mbaineann teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 15 lá

Tá an plean athchúrsála loinge (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

62 471  (47)

12 Feabhra 2025

Simsekler Gida Gemi Sokum Insaat Sanayi Tic. Ltd.Sti

Gemi Söküm Tesisleri,

Parcel 11-12 Aliağa,

Izmir 35800,

An Tuirc

Teil. +90 2326182036

R-phost: shipyard@simseklergroup.com.tr

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn

Leithead: 95 mhéadar

Doimhneacht: 15 mhéadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, deimhniú ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 15 lá

Tá an plean athchúrsála loinge (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

51 569  (48)

2 Nollaig 2025

Sök Denizcilik Tic. Ltd. Sti

Gemi Söküm Tesisleri,

Parcel 8-9 Aliağa,

Izmir 35800,

An Tuirc

Teil. +90 2326182092

R-phost: info@sokship.com

Tabhairt i dtír

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: gan teorainn

Leithead: 90 méadar

Doimhneacht: 15 mhéadar

Tá Cead Díchóimeála Long ag an láithreán, arna eisiúint ag an Aireacht Comhshaoil agus Pleanála Uirbí, mar aon le Deimhniú um Údarú Díchóimeála Long, arna eisiúint ag an Aireacht Iompair agus Bonneagair, deimhniú ina sonraítear teorainneacha agus coinníollacha faoina n-oibríonn an tsaoráid.

Formheas intuigthe, lena ngabhann uastréimhse athbhreithniúcháin 15 lá

Tá an plean athchúrsála loinge (PAL) ina chuid de shraith doiciméad, suirbhéanna agus ceadanna/ceadúnas a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil d’fhonn cead a fháil long a dhíchóimeáil. Ní dhéantar an PAL a fhormheas ná a dhiúltú go sainráite mar dhoiciméad neamhspleách.

66 167  (49)

12 Feabhra 2025

STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ

International Shipbreaking Limited L.L.C

18601 R.L Ostos Road Brownsville TX, 78521 Na

Stáit Aontaithe

Teil. +1956-831-2299

R-phost: chris.green@internationalshipbreaking.com

robert.berry@internationalshipbreaking.com

Beart le cé (beart fliuch), fána

Longa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

Uastoisí na long:

Fad: 366 mhéadar Leithead : 48 méadar Snámh: 9 méadar

Sainmhínítear na coinníollacha faoina n-údaraítear an tsaoráid a oibriú i gceadanna, i ndeimhnithe agus in údaruithe arna n-eisiúint chuig an tsaoráid ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil, Coimisiún Texas um Cháilíocht Comhshaoil, Oifig Ghinearálta Talún Texas agus Garda Cósta na Stát Aontaithe.

Toirmeascann an tAcht um Rialú Substaintí Tocsaineacha na Stát Aontaithe allmhairiú isteach sna Stáit Aontaithe soithí faoi bhratach coigríche a bhfuil tiúchan défheinile polaclóirínithe ar mó í ná 50 cuid in aghaidh an mhilliúin.

Tá ag an tsaoráid dhá shleamhnán le rampaí le haghaidh athchúrsáil deiridh soithigh (an Sleamhnán Thoir agus an Sleamhnán Thiar). Is ar rampa an tSleamhnáin Thoir amháin a dhéanfar longa atá faoi bhratach Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a athchúrsáil.

Faoi láthair níl aon nós imeachta i ndlí na Stát Aontaithe a bhaineann le pleananna athchúrsála loinge a fhormheas

120 000  (50)

9 Nollaig 2023


(1)  Dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 maidir le hathchúrsáil long

(2)  Dá dtagraítear sa tríú habairt d’Airteagal 32(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

(3)  Comhfhreagraíonn dáta éaga an áirimh sa Liosta Eorpach do dháta éaga an cheada nó an údaraithe arna deonaíodh don tsaoráid sa Bhallstát.

(4)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 50 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(5)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 30 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(6)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 50 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(7)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 30 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(8)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 200 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(9)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 50 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(10)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 45 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(11)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 36 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(12)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 6 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(13)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 60 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(14)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 15 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(15)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 18 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(16)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 23 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(17)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 40 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(18)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 60 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(19)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 10 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long.

(20)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 30 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.

(21)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 6 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.

(22)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 10 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana

(23)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 45 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana.

(24)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, go teoiriciúil is é 100 000 LDT in aghaidh na bliana uasacmhainn athchúrsála long bhliantúil na saoráide.

(25)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, go teoiriciúil is é 100 000 LDT in aghaidh na bliana uasacmhainn athchúrsála long bhliantúil na saoráide.

(26)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, go teoiriciúil is é 100 000 LDT in aghaidh na bliana uasacmhainn athchúrsála long bhliantúil na saoráide.

(27)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, go teoiriciúil is é 40 000 LDT in aghaidh na bliana uasacmhainn bhliantúil athchúrsála long na saoráide.

(28)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 75 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana

(29)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 75 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana

(30)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 30 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana

(31)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 30 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana

(32)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 10 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana

(33)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 85 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana

(34)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 200 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana

(35)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 100 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana

(36)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 5 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long

(37)  De réir na faisnéise a cuireadh isteach, is é 40 000 LDT in aghaidh na bliana an uasacmhainn bhliantúil theoiriciúil atá ag an tsaoráid le haghaidh athchúrsáil long

(38)  De réir an cheada atá ag an tsaoráid, tá an tsaoráid údaraithe 300 000 LDT ar a mhéad a athchúrsáil in aghaidh na bliana

(39)  Dá dtagraítear in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 maidir le hathchúrsáil long

(40)  Dá dtagraítear in Airteagal 32(1)(a), an tríú abairt, de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013

(41)  Tá áireamh saoráide athchúrsála long atá lonnaithe i dtríú tír sa Liosta Eorpach bailí ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh Cur Chun Feidhme ábhartha ón gCoimisiún lena bhforáiltear go n-áireofar an tsaoráid sin, mura sonrófar a mhalairt.

(42)  Is é 60 000 LDT in aghaidh na bliana uasacmhainn theoiriciúil bhliantúil athchúrsála long na saoráide.

(43)  Is é 120 000 LDT in aghaidh na bliana uasacmhainn theoiriciúil bhliantúil athchúrsála long na saoráide.

(44)  Is é 60 000 LDT in aghaidh na bliana uasacmhainn theoiriciúil bhliantúil athchúrsála long na saoráide.

(45)  Is é 80 000 LDT in aghaidh na bliana uasacmhainn theoiriciúil bhliantúil athchúrsála long na saoráide.

(46)  Is é 60 000 LDT in aghaidh na bliana uasacmhainn theoiriciúil bhliantúil athchúrsála long na saoráide.

(47)  Is é 90 000 LDT in aghaidh na bliana uasacmhainn theoiriciúil bhliantúil athchúrsála long na saoráide.

(48)  Is é 70 000 LDT in aghaidh na bliana uasacmhainn theoiriciúil bhliantúil athchúrsála long na saoráide.

(49)  Is é 100 000 LDT in aghaidh na bliana uasacmhainn theoiriciúil bhliantúil athchúrsála long na saoráide.

(50)  Is é 120 000 LDT in aghaidh na bliana uasacmhainn theoiriciúil bhliantúil athchúrsála long na saoráide.’


23.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 263/32


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1212 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Iúil 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 maidir le foláirimh a fhógraítear de bharr bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus maidir le rianú teagmhálaithe a dhéanamh ar dhaoine a nochtadh a shainaithnítear i gcomhthéacs líonadh isteach Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/858 ón gCoimisiún (2), leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 (3) trí bhonneagar teicniúil a bhunú chun gur féidir sonraí pearsanta a bhailítear trí fhoirm aimsithe paisinéirí (“PLF”) a mhalartú ar bhealach slán tráthúil éifeachtach idir údaráis inniúla an Chórais Luathrabhaidh agus Freagartha (“EWRS”) de chuid na mBallstát – bonneagar ar a dtugtar an “t-ardán malartaithe PLF”. Leis an mbonneagar teicniúil sin is féidir faisnéis a tharchur ó chórais PLF dhigiteacha náisiúnta na mBallstát atá ann cheana chuig údaráis inniúla eile de chuid EWRS ar bhealach idir-inoibritheach agus uathoibríoch.

(2)

Le hardán malartaithe PLF, is féidir le húdaráis inniúla EWRS sna Ballstáit tacair dhea-shainithe sonraí a mhalartú, tacair a bhailítear trí PLFanna, chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 a dhéanamh ar dhaoine a nochtadh agus chun na críche sin amháin. Ina theannta sin, ar an ardán sin is féidir sonraí eipidéimeolaíocha teoranta eile is gá le haghaidh rianú teagmhálaithe a mhalartú, i gcomhréir le prionsabal íoslaghdaithe na próiseála sonraí pearsanta.

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253, ní cheadaítear malartú sonraí pearsanta faoi láthair maidir le daoine a bhfuil PLF líonta isteach acu agus a bhí i ndlúth-theagmháil (4) le paisinéir ionfhabhtaithe a bhfuil PLF líonta isteach aige freisin, cé go bhfuil malartú na sonraí sin riachtanach chun rianú éifeachtach teagmhálaithe a dhéanamh tar éis cás dearfach COVID-19 a shainaithint agus a cheanglaítear faoi Airteagal 9(1) de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE.

(4)

Is gá sonraí a mhalartú a bhaineann leis na daoine sin a nochtadh i gcás ina bhfanfaidh na daoine sin ar feadh tréimhse theoranta i gceann scríbe ar leith agus, dá thoradh sin, i gcás nach mbeidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit is ceann scríbe in ann dul i dteagmháil leis na daoine sin agus iad a thástáil le linn dóibh a bheith ag fanacht ann. Tá gá leis an malartú sonraí sin freisin i gcás ina mbeidh údaráis EWRS an Bhallstáit chónaithe inniúil chun dul i dteagmháil leis na daoine a nochtadh agus chun tuilleadh treoracha a thabhairt dóibh. Sna cásanna sin, agus ar choinníoll go bhfuil PLFanna líonta isteach ag na daoine sin freisin, ba cheart don Bhallstát a d’aithin paisinéir atá ionfhabhtaithe agus a thionscain na bearta rianaithe teagmhálaithe leas a bhaint as an ardán malartaithe PLF chun foláirimh a chur chuig Ballstáit an chéad imeachta nó an imeachta deiridh, nó chuig Ballstát cónaithe na ndaoine sin a nochtadh. Ba cheart na sonraí pearsanta atá le malartú i gcásanna den sórt sin a bheith teoranta do shonraí aitheantais agus teagmhála.

(5)

Chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann le paisinéirí ionfhabhtaithe agus na sonraí pearsanta a bhaineann le daoine a nochtadh a aithint go soiléir óna chéile, ba cheart d’údaráis inniúla EWRS a chur in iúl an dtagraíonn na sonraí malartaithe do phaisinéir atá ionfhabhtaithe nó do dhuine a nochtadh.

(6)

Ba cheart malartú sonraí pearsanta daoine a nochtadh a bheith faoi réir na gceanglas céanna maidir le cosaint sonraí pearsanta agus atá i bhfeidhm maidir le malartú sonraí pearsanta na bpaisinéirí atá ionfhabhtaithe.

(7)

Níor cheart d’údaráis inniúla EWRS na sonraí atá acu a chomhroinnt, i ndáil leis na céimeanna turais ar ina leith a bhailíonn na Ballstáit faisnéis ina gcuid PLFanna, ach amháin i gcás inar gá sin chun daoine a nochtadh a shainaithint. Ba cheart a shoiléiriú nach bhfuil aon oibleagáid ar na Ballstáit faisnéis a bhailiú i leith gach céime den turas.

(8)

D’fhéadfadh sé nach mbeadh córais náisiúnta PLF na mBallstát ar fáil go sealadach i gcásanna áirithe, mar shampla, mar gheall ar bhriseadh teicniúil. Sna cásanna sin, ba cheart údaráis inniúla EWRS a bheith in ann an tacar céanna sonraí pearsanta a mhalartú tríd an ardán malartaithe PLF, ar sonraí iad a thagann as foinsí eile seachas as a gcuid PLFanna náisiúnta, eadhon ó na hiompróirí, ón bpaisinéir ionfhabhtaithe nó ó dhaoine a nochtadh. Ba cheart bailiú sonraí pearsanta ó na foinsí sin a bheith bunaithe ar an dlí náisiúnta agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chomhlíonadh.

(9)

Sainítear in Iarscríbhinn I de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/858 an tacar íosta sonraí PLF atá le bailiú trí bhíthin an PLF náisiúnta, rud atá riachtanach le haghaidh rianú éifeachtach teagmhálaithe trasteorann bunaithe ar shonraí PLF. Ba cheart a shoiléiriú in Iarscríbhinn I nach bhfuil gá leis an áit imeachta agus an áit teachta, ná leis an am imeachta, i gcás inar féidir an fhaisnéis sin a fháil ó uimhir aitheantais na modhanna iompair, mar is leor an fhaisnéis sin chun críche rianaithe teagmhálaithe.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 a leasú dá réir sin.

(11)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 13 Iúil 2021.

(12)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte arna bhunú le hAirteagal 18 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2a(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Faoi EWRS bunaítear ardán chun sonraí PLF faoi phaisinéirí atá ionfhabhtaithe agus daoine a nochtadh a mhalartú go slán chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 a dhéanann údaráis inniúla EWRS ar dhaoine a nochtadh, agus chun na críche sin amháin, mar chomhlánú ar an bhfeidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíocha atá sa chóras sin cheana féin.”;

(2)

leasaítear Airteagal 2b mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“1.   Agus fógra á thabhairt acu faoi fholáireamh san ardán malartaithe PLF, déanfaidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit ina sainaithnítear an paisinéir atá ionfhabhtaithe na sonraí PLF seo a leanas a tharchur chuig údaráis inniúla EWRS Bhallstát chéad imeachta an phaisinéara nó áit chónaithe an phaisinéara, i gcás nach ionann an áit chónaithe agus áit chéad imeachta, nó chuig Ballstát imeachta deiridh an phaisinéara atá ionfhabhtaithe, i gcás nach n-éileoidh an Ballstát ach PLF a líonadh isteach le haghaidh chéim dheiridh an turais:”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“1a.   Déanfaidh údaráis inniúla EWRS na sonraí PLF dá dtagraítear i mír 1 maidir leis na daoine a nochtadh a tharchur freisin, tríd an ardán malartaithe PLF, chuig údaráis inniúla EWRS Bhallstáit chéad imeachta nó cónaithe na ndaoine sin, nó chuig Ballstát imeachta deiridh an phaisinéara atá ionfhabhtaithe i gcás nach n-éileoidh an Ballstát ach PLF a líonadh isteach le haghaidh chéim dheiridh an turais, ar choinníoll gur bailíodh na sonraí sin i gcomhthéacs na mbeart rianaithe teagmhálaithe a rinneadh tar éis paisinéir ionfhabhtaithe a shainaithint, agus ar choinníoll gur gá iad a tharchur chun críche rianaithe teagmhálaithe.

1b.   Déanfaidh údaráis inniúla EWRS atá ag tarchur na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 1a a chur in iúl cibé acu an ndéanann siad tagairt do phaisinéir atá ionfhabhtaithe nó do dhuine a nochtadh.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Féadfaidh údaráis inniúla EWRS Bhallstát chéad imeachta nó imeachta deiridh an phaisinéara atá ionfhabhtaithe nó an duine a nochtadh na sonraí PLF a fhaightear a tharchur chuig Ballstát imeachta seachas an Ballstát atá dearbhaithe sa PLF mar Bhallstát an imeachta, i gcás ina mbeidh faisnéis bhreise ann a thugann le fios gur cheart don Bhallstát sin an rianú teagmhálaithe a dhéanamh.”;

(d)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“Más gá chun daoine a nochtadh a shainaithint, agus fógra á thabhairt acu faoi fholáireamh san ardán malartaithe PLF, déanfaidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit ina sainaithnítear an paisinéir atá ionfhabhtaithe na sonraí PLF seo a leanas a tharchur, i ndáil le gach céim de thuras an phaisinéara sin atá ar fáil, chuig údaráis inniúla EWRS na mBallstát uile:”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

“(a)

áit imeachta gach aistir lena mbaineann, mura féidir an áit a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi phointe (e);

(b)

ceann scríbe gach aistir lena mbaineann, mura féidir an áit sin a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi phointe (e);”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

am imeachta gach aistir lena mbaineann, mura féidir an t-am a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi phointe (e);”;

(e)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“6.   I gcás nach mbeidh fáil ar chóras náisiúnta PLF Ballstáit go sealadach, féadfaidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit a bhailigh na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1, mír 3 agus mír 5 ó na hiompróirí, ón bpaisinéir atá ionfhabhtaithe nó ón duine a nochtadh, ar bhonn an dlí náisiúnta, na sonraí sin a tharchur tríd an ardán malartaithe PLF chun críoch rianaithe teagmhálaithe, le linn na tréimhse sealadaí nach mbeidh fáil ar an gcóras PLF.”.

(3)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 293, 5.11.2013, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/858 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 maidir le foláirimh a fhógraítear de bharr bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus maidir le rianú teagmhálaithe paisinéirí a shainaithnítear trí Fhoirmeacha Aimsithe Paisinéirí (IO L 188, 28.5.2021, lch. 106).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2017 lena leagtar síos nósanna imeachta chun fógra a thabhairt faoi fholáirimh mar chuid den chóras luathrabhaidh agus freagartha a bunaíodh i ndáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus chun freagairtí ar na bagairtí sin a mhalartú, a cheadú agus a chomhordú de bhun Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 37, 14.2.2017, lch. 23).

(4)  Tá treoraíocht tugtha ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (“ECDC”) maidir leis an sainmhíniú ar dhlúth-theagmhálaí. Féach doiciméad ECDC ar Contact tracing: public health management of persons, including healthcare workers, who have had contact with COVID-19 cases in the European Union – third update [Rianú teagmhálaithe: bainistiú sláinte poiblí daoine, lena n-áirítear oibrithe cúraim sláinte, a bhí i dteagmháil le cásanna COVID-19 san Aontas Eorpach – an tríú nuashonrú], dar dáta an 18 Samhain 2020.

(5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 mar a leanas:

(1)

scriostar pointe (7);

(2)

leasaítear pointe (8) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

“(8) an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach céim de thuras ar ina leith a éilíonn an Ballstát PLF a líonadh isteach:”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad fophointe (a) agus fhophointe (b):

“(a)

an áit imeachta, mura féidir an áit a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi fhophointe (f);

(b)

an ceann scríbe, mura féidir an áit a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi fhophointe (f);”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (e):

“(e)

am imeachta, mura féidir an t-am a shainaithint tríd an bhfaisnéis faoi fhophointe (f);”.