ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 251

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
15 Iúil 2021


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

1

 

*

Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí

48

 

*

Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí

94

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

15.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 251/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1147 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2021

lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2) agus Airteagal 79(2) agus (4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhthéacs athruithe a bheith ag teacht ar dhúshláin na himirce amhail an riachtanas tacú le córais dhaingne sna Ballstáit maidir le glacadh, tearmann, lánpháirtíocht agus imirce, cosc a chur ar chásanna brú agus iad a láimhseáil ar bhealach sásúil, i ndlúthpháirtíocht, agus bealaí imirce dleathacha sábháilte a bhunú in áit daoine a bheith ag teacht ar bhealaí neamhrialta agus contúirteacha, tá sé ríthábhachtach infheistiú i mbainistiú éifeachtúil agus comhordaithe ar an imirce san Aontas d’fhonn a chuspóir a bhaint amach, mar atá, go mbeadh an tAontas ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais i gcomhréir le Airteagal 67(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)

Tugtar léiriú ar a thábhachtaí atá cur chuige comhordaithe a bheith ag an Aontas agus ag na Ballstáit sa Chlár Oibre Eorpach maidir le hImirce an 13 Bealtaine 2015, inar leagadh béim ar an ngá le comhbheartas comhsheasmhach agus soiléir ionas go gcuirfí muinín i réim an athuair i gcumas an Aontais iarrachtaí na hEorpa agus na mBallstát a thabhairt le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an imirce agus a bheith ag comhoibriú le chéile ar bhealach éifeachtach, i gcomhréir le prionsabal na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chóir na freagrachta idir na Ballstáit mar a leagtar amach in Airteagal 80 CFAE; dearbhaíodh é seo san athbhreithniú meántéarma an 27 Meán Fómhair 2017 agus sna tuarascálacha ar dhul chun cinn an 14 Márta 2018 agus an 16 Bealtaine 2018.

(3)

Dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an athuair, sna conclúidí uaithi an 19 Deireadh Fómhair 2017, an gá cur chuige cuimsitheach, pragmatach agus daingean a shaothrú maidir le bainistiú imirce a mbeidh sé mar aidhm leis smacht a áirithiú ar theorainneacha seachtracha agus líon na ndaoine atá ag teacht go neamhrialta agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis ar muir a laghdú;. ba cheart an cur chuige sin a bheith bunaithe ar úsáid sholúbtha chomhordaithe a bhaint as na hionstraimí uile de chuid an Aontais agus na mBallstát a bhfuil fáil orthu. Thairis sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach go n-áiritheofaí go méadófaí go mór ar an bhfilleadh trí ghníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an Bhallstáit araon, amhail comhaontuithe éifeachtacha agus socruithe éifeachtacha um athligean isteach.

(4)

Chun tacú le hiarrachtaí cur chuige cuimsitheach a áirithiú i leith bhainistiú na himirce a mbeadh muinín fhrithpháirteach, dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chóir na freagrachta idir na Ballstáit agus institiúidí an Aontais mar bhunús leis, agus é mar chuspóir a áirithiú go mbeidh comhbheartas inbhuanaithe ag an Aontas maidir le tearmann agus imirce, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit le hacmhainní leordhóthanacha airgeadais i bhfoirm an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (“an Ciste”).

(5)

Gach gníomhaíocht a chistítear faoin gCiste, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a dhéantar i dtríú tíortha, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán leis na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear in acquis an Aontais agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), agus ba cheart go mbeidís ag teacht le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí dlí idirnáisiúnta ina bhfuil siad ina bpáirtithe iontu, go háirithe trí chomhlíonadh phrionsabail an chomhionannais inscne, an neamh-idirdhealaithe agus leas an linbh a áirithiú.

(6)

Ba cheart tús áite a thabhairt do leas an linbh i ngach gníomhaíocht agus cinneadh a bhaineann le leanaí i mbun imirce, lena n-áirítear filleadh, agus lán aird á tabhairt ar cheart an linbh a thuairimí nó a tuairimí féin a chur in iúl.

(7)

Leis an gCiste, ba cheart tógáil ar na torthaí a baineadh amach agus na hinfheistíochtaí a dhearnadh le tacaíocht na n-ionstraimí a tháinig roimhe: an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) don tréimhse 2008-2013, an Ciste Eorpach Lánpháirtíochta a bunaíodh le Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (5) don tréimhse 2007-2013, an Ciste Eorpach um Fhilleadh a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) don tréimhse 2008-2013 agus an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) don tréimhse 2014-2020. Ag an am céanna, ba cheart na forbairtí ábhartha nua ar fad a chur san áireamh leis.

(8)

Ba cheart don Chiste tacú le dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chóir na freagrachta idir na Ballstáit agus le bainistiú éifeachtúil ar shreabha imirce, inter alia trí bhearta coiteanna a chur chun cinn i réimse an tearmainn, lena n-áirítear iarrachtaí na mBallstát maidir le daoine a ghlacadh a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu trí athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil agus maidir le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a aistriú idir Ballstáit, trí chosaint fheabhsaithe d’iarrthóirí tearmainn leochaileacha amhail leanaí, trí thacú le straitéisí lánpháirtíochta agus tríd an mbeartas maidir leis an imirce dhleathach a fhorbairt agus a neartú, trí bhealaí sábháilte agus dlíthiúla chun an Aontais a chruthú, mar shampla, rud a chuideodh freisin chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus todhchaí a shamhla sóisialta a áirithiú agus chun laghdú ar na dreasachtaí don imirce neamhrialta, le beartas inbhuanaithe um fhilleadh agus um athligean isteach.

(9)

I bhfianaise gur Ciste inmheánach é, agus gurb é an Ciste an phríomhionstraim chistiúcháin é le haghaidh tearmainn agus imirce ar leibhéal an Aontais, ba cheart an Ciste a bheith ag tacú go príomha le gníomhaíochtaí a fhónann do Bheartas inmheánach an Aontais maidir le tearmann agus imirce, i gcomhréir le cuspóirí an Chiste. Mar sin féin, ós rud é go rannchuidíonn gníomhaíochtaí áirithe a rinneadh lasmuigh den Aontas le cuspóirí an Chiste a bhaint amach agus go mbeadh breisluach Aontais i gceist leo i gcásanna áirithe, ba cheart an Ciste a bheith ag tacú le comhar agus comhpháirtíocht le tríú tíortha a neartú chun críche imirce a bhainistiú chun an imirce dhlíthiúil a dhaingniú agus filleadh agus athligean isteach a bheidh éifeachtach, sábháilte agus díniteach a fheabhsú agus an t-ath-lánpháirtiú tosaigh i dtríú tíortha a chur chun cinn. Bheadh an tacaíocht a chuirfear ar fáil faoin gCiste ar fáil gan dochar don athlonnú agus athshocrú a dhéantar ar bhonn deonach faoi láthair i gcás iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe den chosaint sin faoi chuimse chreat dlíthiúil an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn a mbeidh feidhm aige tráth a ghlacfar an Rialachán seo.

(10)

D’fhonn tairbhiú de shaineolas na ngníomhaireachtaí ábhartha, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirfear a gcuid eolais agus taithí san áireamh agus cláir na mBallstát á bhforbairt, a mhéid a bhaineann le réimsí a n-inniúlachtaí. Thairis sin, ba cheart go bhféadfadh an Ciste na gníomhaíochtaí seo a leanas a fhaigheann tacaíocht ón Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (“EASO”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a chomhlánú, d’fhonn feidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn a éascú agus a fheabhsú: an comhar praiticiúil a neartú, go háirithe malartú faisnéise maidir le tearmann agus dea-chleachtais; dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn agus rannchuidiú chun dlí an Aontais maidir le tearmann a chur chun feidhme ar bhonn aonfhoirmeach, ar bhonn ardchaighdeáin maidir le nósanna imeachta cosanta idirnáisiúnta, maidir le dálaí glactha agus maidir le measúnú ar riachtanais chosanta ar fud an Aontais; dáileadh inbhuanaithe cothrom a chumasú maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta; an cóineasú a éascú maidir le measúnú iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar fud an Aontais; acú le hiarrachtaí na mBallstát maidir leis an athlonnú; agus cúnamh breise oibríochtúil agus teicniúil a thabhairt do na Ballstáit chun a gcórais tearmainn agus glactha a bhainistiú, dóibh siúd a mbíonn a gcórais faoi bhrú díréireach go háirithe.

(11)

Ba cheart don Chiste tacú le hiarrachtaí an Aontais agus na mBallstát feabhas a chur ar chumas na mBallstát forbairt, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar a mbeartais tearmainn i bhfianaise a gcuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais.

(12)

Ba cheart don Chiste tacú le hiarrachtaí na mBallstát agus an Aontais an Comhchóras Eorpach Tearmainn a chur chun feidhme go hiomlán agus a fhorbairt a thuilleadh, gné sheachtrach an chomhchórais san áireamh.

(13)

Is cuid riachtanach de bheartas an Aontais i mbainistiú na himirce iad comhpháirtíochtaí agus comhar le tríú tíortha. Ba cheart go rannchuideodh an Ciste chun bealaí dlíthiúla agus sábháilte le haghaidh náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a mbíonn cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a bheith ag teacht isteach i gcríoch na mBallstát a chur in ionad a dteacht ar bhealaí neamhshábháilte agus neamhrialta, agus dlúthpháirtíocht a léiriú le tíortha i réigiúin ar aslonnaíodh líon mór daoine chucu a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu nó a bhfuil líon mór daoine aslonnaithe iontu trí chuidiú chun an brú ar na tíortha sin a mhaolú, agus ba cheart go rannchuideodh sé go héifeachtach le tionscnaimh athlonnaithe dhomhanda leis an Aontas agus na Ballstáit a bheith ag labhairt d’aon ghuth i bhfóraim idirnáisiúnta agus le tríú tíortha. Ba cheart don Chiste tacaíocht i bhfoirm dreasachtaí airgeadais a chur ar fáil d’iarrachtaí atá déanta ag na Ballstáit cosaint idirnáisiúnta agus réiteach buan a chur ar fáil do dhídeanaithe agus do dhaoine easáitithe a ligeadh isteach faoi chláir athlonnaithe nó faoi chláir um ligean isteach ar fhoras daonnúil.

(14)

I bhfianaise na sreabh imirce chuig an Aontas agus a thábhachtaí a bheidh sé lánpháirtíocht agus cuimsiú a áirithiú maidir le daoine a thagann chun na hEorpa, ar son ár bpobal áitiúil agus ar son fholláine fhadtéarmach ár sochaithe agus chobhsaíocht ár ngeilleagar, tá sé ríthábhachtach tacú le beartais na mBallstát maidir le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír a bheidh ag fanacht go dleathach, lena n-áirítear sna réimsí tosaíochta a sainaithníodh sa Phlean Gníomhaíochta um Lánpháirtiú agus um Chuimsiú 2021-2027. Ba cheart don Chiste tacú le bearta lánpháirtíochta atá saincheaptha do riachtanais náisiúnach tríú tír agus le bearta cothrománacha a bhfuil d’aidhm leo cur le hacmhainneacht na mBallstát straitéisí lánpháirtíochta a fhorbairt, malartú agus comhar a neartú, agus teagmháil, idirphlé cuiditheach agus glacacht idir náisiúnaigh tríú tír agus an tsochaí ghlactha a chur chun cinn.

(15)

Chun cur leis an éifeachtúlacht, chun an breisluach Eorpach is mó is féidir a bhaint amach agus chun comhleanúnachas fhreagairt an Aontais a áirithiú maidir le lánpháirtíocht na náisiúnach tríú tír a chothú, ba cheart na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gCiste a bheith comhsheasmhach le gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais agus a bheith comhlántach leo, ionstraimí seachtracha go háirithe, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Ba cheart don Chiste tacú le bearta atá saincheaptha le haghaidh riachtanais náisiúnach tríú tír a chuirtear chun feidhme de ghnáth le linn chéimeanna luatha na lánpháirtíochta, mar aon le bearta cothrománacha a thacóidh le hacmhainneachtaí na mBallstát i réimse na lánpháirtíochta, ach ba cheart gur faoi CSE+ agus CFRE a mhaoineofaí na hidirghabhálacha sin le haghaidh na náisiúnach tríú tír a mbeidh tionchar níos fadtéarmaí acu. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go gceanglófaí ar na húdaráis de chuid na mBallstát a bheidh freagrach as an gCiste a chur chun feidhme comhar agus comhordú a dhéanamh leis na húdaráis arna sainaithint ag Ballstáit chun críche idirghabhálacha CSE+ agus CFRE a bhainistiú agus, nuair is gá, comhoibriú agus comhordú lena n-údaráis bhainistíochta agus le húdaráis bhainistíochta chistí eile de chuid an Aontais a rannchuidíonn le lánpháirtiú na náisiúnach tríú tír.

(16)

Ba cheart a chlúdach i raon feidhme na mbeart maidir le lánpháirtiú, tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta chun cur chuige cuimsitheach maidir le lánpháirtiú a áirithiú, agus sainiúlachtaí an spriocghrúpa sin á gcur san áireamh. I gcás ina ndéantar bearta maidir le lánpháirtiú i gcomhcheangal le glacadh, ba cheart, i gcás inarb iomchuí, iarrthóirí tearmainn a áireamh freisin.

(17)

Ba cheart cur chun feidhme an Chiste sa réimse lánpháirtíochta sin a bheith comhsheasmhach le bunphrionsabail choiteanna an Aontais maidir le lánpháirtíocht, mar a shainítear i bPlean Gníomhaíochta maidir le Lánpháirtíocht agus Uilechuimsitheacht 2021-2027 iad.

(18)

Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit sin ar mian leo é foráil ina gcláir go bhféadfaí garghaolta náisiúnach tríú tír a bheith san áireamh i mbearta lánpháirtíochta agus tacú le haontacht teaghlaigh ar an gcaoi sin, a mhéid a bhfuil sé riachtanach chun na bearta sin a chur chun feidhme go héifeachtach. Tuigtear go gciallóidh “garghaol” céile, páirtí agus aon duine ag a bhfuil nasc díreach teaghlaigh sa líne shliochtach nó sa líne shinsearach leis an náisiúnach tríú tír ar a bhfuil an beart maidir le lánpháirtíocht dírithe agus nach gclúdófaí an té sin seachas sin faoi raon feidhme an Chiste.

(19)

I bhfianaise ról ríthábhachtach údaráis na mBallstát agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta i réimse na lánpháirtíochta agus chun rochtain na n-eintiteas sin ar chistiú ar leibhéal an Aontais a éascú, ba cheart don Chiste éascaíocht a dhéanamh d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun gníomhaíochtaí i réimse na lánpháirtíochta a chur chun feidhme, lena n-áirítear tríd an tsaoráid théamach agus trí ráta cómhaoinithe níos airde do na gníomhaíochtaí sin. I ndáil leis sin, ba cheart íosmhéid 5 % den leithdháileadh tosaigh ar an tsaoráid théamach a dhíriú ar chur chun feidhme na mbearta lánpháirtíochta ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha.

(20)

Sa bhreis ar an ráta cómhaoinithe dá bhforáiltear leis an gCiste le haghaidh tionscadal, moltar do na Ballstáit maoiniú ó bhuiséid a n-údarás poiblí a chur ar fáil i gcás ina mbeidh an cistiú sin riachtanach chun tionscadal a chur i gcrích, go háirithe nuair is ag eagraíocht sa tsochaí shibhialta atá an tionscadal á chur chun feidhme.

(21)

I bhfianaise na ndúshlán eacnamaíoch agus déimeagrafach atá roimh an Aontas san fhadtéarma agus i bhfianaise dhomhandú breise na himirce, tá sé ríthábhachtach bealaí dea-fheidhmiúla imirce dleathaí chuig an Aontas a bhunú ionas go mbeidh an tAontas ina cheann scríbe tarraingteach don imirce dhleathach i gcónaí, i gcomhréir le riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta na mBallstát, agus chun inbhuanaitheacht na gcóras leasa shóisialta agus forbairt gheilleagar an Aontais a áirithiú, agus cosaint ar dhúshaothrú a thabhairt ag an am céanna d’oibrithe imirceacha.

(22)

Ba cheart don Chiste tacú leis na Ballstáit straitéisí a chur ar bun don imirce dhleathach agus beartais don imirce dhleathach a neartú agus a fhorbairt, agus chun a n-acmhainneacht a fheabhsú maidir le forbairt, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar straitéisí, beartas agus bearta inimirce agus lánpháirtíochta maidir le náisiúnaigh tríú tír a bheidh ag fanacht go dleathach, ionstraimí de chuid an Aontais maidir le himirce dhleathach go háirithe. Ba cheart don Chiste tacú le malartú faisnéise, na gcleachtas is fearr agus comhair idir ranna éagsúla riaracháin agus idir leibhéil éagsúla rialtais, agus idir na Ballstáit.

(23)

Tá beartas éifeachtúil agus díniteach maidir le filleadh ina dhlúthchuid den chur chuige cuimsitheach atá á shaothrú ag an Aontas agus ag na Ballstáit maidir leis an imirce. Ba cheart don Chiste tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’iarrachtaí na mBallstát d’fhonn caighdeáin choiteanna maidir le filleadh a chur chun feidhme go héifeachtach agus a fhorbairt a thuilleadh, go háirithe mar a leagtar amach i dTreoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus béim a leagan ar an bhfilleadh deonach, agus cur chuige comhtháite comhordaithe i leith bainistiú ar fhilleadh a chur chun feidhme go héifeachtach agus a fhorbairt a thuilleadh. Ar mhaithe le beartais inbhuanaithe i leith filleadh, ba cheart an Ciste a bheith ag tabhairt tacaíocht chomhionann do bhearta gaolmhara i dtríú tíortha, amhail bearta chun filleadh agus athligean isteach sábháilte agus díniteach a éascú agus a ráthú agus hath-lánpháirtiú inbhuanaithe na bhfillithe, soláthar thacaíocht airgeadais nó chomhchineáil san áireamh.

(24)

Ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt don fhilleadh deonach agus ba cheart dóibh filleadh éifeachtach, sábháilte agus díniteach a áirithiú. Chun an filleadh deonach a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit dreasachtaí a bheartú amhail cóir fhabhrach i bhfoirm cúnamh níos fearr leis an bhfilleadh agus tacaíocht tosaigh don ath-lánpháirtiú. Tá filleadh deonach den sórt sin chun leas na bhfillithe agus na n-údarás araon ó thaobh a chost-éifeachtúlachta de.

(25)

Cé gur cheart go mbeadh tosaíocht ag an bhfilleadh deonach ar an bhfilleadh éigeantach, mar sin féin, bíonn siad idirnasctha agus éifeacht atreisithe acu ar a chéile agus ba cheart, dá bhrí sin, na Ballstáit a spreagadh chun na comhlántachtaí idir an dá chineál fillte sin a atreisiú. Tá an deis asbhaint a dhéanamh ina heilimint thábhachtach a chuireann le sláine na gcóras tearmainn agus imirce dleathaí. Dá bhrí sin, ba cheart don Chiste tacú le gníomhaíochtaí ó na Ballstáit chun asbhaintí a éascú agus a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais, i gcás inarb infheidhme, agus cearta bunúsacha agus dínit na bhfillithe á n-urramú go hiomlán.

(26)

Le bearta tacaíochta sonracha d’fhillithe, agus aird ar leith ar a riachtanais dhaonnúla agus chosanta sna Ballstáit agus sna tíortha a bhfilleann siad orthu, is féidir feabhas a chur ar na dálaí fillte agus ar ath-lánpháirtiú na bhfillithe. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhaoine leochaileacha.

(27)

Is cuid lárnach de bheartas an Aontais maidir le filleadh go mbeadh náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach á n-athligean isteach go héifeachtúil ag tríú tíortha, agus is uirlis lárnach é sa bhainistiú éifeachtúil ar shreabha imirce, mar go n-éascaítear filleadh tapa na n-imirceach neamhrialta. Tá comhar maidir le hathligean isteach ina ghné thábhachtach faoi chuimsiú idirphlé agus comhair le tríú tíortha tionscnaimh agus idirthurais i gcás imirceach neamhrialta, agus ba cheart tacaíocht a thabhairt dá chur chun feidhme i dtríú tíortha ar mhaithe le beartais éifeachtacha maidir le filleadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

(28)

De bhreis ar thacú le filleadh daoine mar a fhoráiltear sa Rialachán seo, ba cheart, leis an gCiste, tacú le bearta eile chun an imirce neamhrialta agus an gháinneáil ar imircigh a chomhrac agus comhlíontacht le rialacha na himirce dleathaí a spreagadh, agus sláine chórais inimirce na mBallstát a chosaint ar an gcaoi sin.

(29)

Baintear an bonn ó fhorbairt bheartais soghluaisteachta lucht saothair bunaithe ar scéimeanna imirce dleathaí nuair a dhéantar imircigh neamhrialta a fhostú, agus cuirtear cearta oibrithe imirceach i mbaol, ionas go mbeidh siad i gcontúirt a gcearta a bheith á sárú agus i gcontúirt mí-úsáide. Dá bhrí sin, ba cheart, leis an gCiste, tacú leis na Ballstáit, go díreach nó go hindíreach, agus Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) á cur chun feidhme acu, ar treoir í lena gcuirtear toirmeasc ar náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhostú agus lena bhforáiltear do smachtbhannaí i gcoinne fostóirí a sháraíonn an toirmeasc sin.

(30)

Ba cheart, leis an gCiste, tacú leis na Ballstáit, go díreach nó go hindíreach, agus Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) á cur chun feidhme acu, lena leagtar amach forálacha maidir le cúnamh, tacaíocht agus cosaint d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine. Ba cheart gné inscneshonrach na gáinneála ar dhaoine agus ar íospartaigh ar leanaí iad a chur san áireamh sna bearta sin, lena n-áirítear bearta chun iad a shainaithint go luath agus iad a tharchur chuig seirbhísí speisialaithe.

(31)

Ba cheart, leis an gCiste, na gníomhaíochtaí i réimse an fhillte a dhéanann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, arna rialú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), a chomhlánú, gan sruth breise cistiúcháin á chur ar fáil don Ghníomhaireacht sin.

(32)

I gcomhréir le prionsabal na héifeachtúlachta, ba cheart sineirgí agus comhsheasmhacht a lorg le cistí eile de chuid an Aontais agus ba cheart forluí idir na gníomhaíochtaí a sheachaint.

(33)

Chun an breisluach is fearr a fháil ó infheistíochtaí a mhaoinítear go hiomlán nó i bpáirt trí bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg go háirithe idir an Ciste agus cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear iad siúd faoi bhainistíocht roinnte. Chun an leas is mó is féidir a bhaint as na sineirgí sin, ba cheart príomhshásraí cumasúcháin a áirithiú, lena n-áirítear cistiú carnach do ghníomhaíocht ón gCiste agus ó chlár eile de chuid an Aontais, chomh fada agus nach mó an cistiú carnach sin ná costais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Chun na críche sin, ba cheart rialacha iomchuí a leagan amach sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht an costas nó an caiteachas céanna a dhearbhú faoin gCiste agus faoi chlár eile de chuid an Aontais araon, ar bhonn pro rata.

(34)

Ba cheart gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste a bheith á ndéanamh i sineirge agus comhleanúnach le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme go háirithe, ba cheart iarracht a dhéanamh teacht ar chomhleanúnachas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta bheartas seachtrach an Aontais, le prionsabal an chomhleanúnachais beartais maidir le forbairt agus comhsheasmhacht le doiciméid chlársceidealaithe straitéisigh le haghaidh na tíre nó an réigiúin i dtrácht, agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais. Maidir leis an ngné sheachtrach, ba cheart don Chiste a bheith dírithe ar thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí nach ndíríonn ar an bhforbairt agus a bhíonn ag fónamh do leas bheartais inmheánacha an Aontais agus ba cheart dóibh a bheith comhsheasmhach le gníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den Aontas. Ba cheart an Ciste a dhíriú ar an gcomhar le tríú tíortha a fheabhsú agus ar phríomhghnéithe bhainistiú na himirce a threisiú i réimsí ar díol suime iad ó thaobh bheartas imirce an Aontais de.

(35)

Ba cheart cistiúchán ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíochtaí ag na Ballstáit amháin. Ba cheart, leis an tacaíocht airgeadais arna tabhairt faoin Rialachán seo, rannchuidiú go háirithe, le cumas na mBallstát agus an Aontais i réimsí an tearmainn agus na himirce a neartú i gcomhréir le hAirteagal 80 CFAE.

(36)

Agus na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste á gcur chun cinn, ba cheart d’fhaighteoirí cistiúcháin ón Aontas faisnéis a chur ar fáil i dteanga nó i dteangacha an spriocphobail. Chun infheictheacht chistiú an Aontais a áirithiú, ba cheart d’fhaighteoirí an chistithe sin tagairt dá bhunús agus cumarsáid á déanamh acu maidir leis an ngníomhaíocht. Chuige sin, ba cheart do na faighteoirí a áirithiú go léireofar suaitheantas an Aontais ar aon teachtaireacht chuig na meáin nó chuig an bpobal, agus go luafar an tacaíocht airgeadais ón Aontas go sainráite.

(37)

Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann acmhainní airgeadais a úsáid faoin gCiste chun dea-chleachtais a chur chun cinn agus chun faisnéis a mhalartú a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste.

(38)

Ba cheart don Choimisiún faisnéis maidir leis an tacaíocht arna soláthar ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach a fhoilsiú ar bhealach tráthúil agus ba cheart dó faisnéis den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí. Ba cheart a bheith in ann na sonraí a shórtáil de réir cuspóir sonrach, ainm an tairbhí, an mhéid a gealladh go dlíthiúil agus chineál agus chuspóir an bhirt.

(39)

Féadfar a mheas nach bhfuil an acquis ábhartha de chuid an Aontais á chomhlíonadh ag Ballstát, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le húsáid tacaíochta oibriúcháin faoin gCiste seo, murar chomhlíon sé a chuid oibleagáidí faoi na Conarthaí i réimse an tearmainn agus na himirce, más léir go bhfuil baol ann go sáróidh an Ballstát luachanna an Aontais agus an acquis maidir le tearmann agus filleadh á chur chun feidhme aige, nó má sainaithníodh easnaimh sa réimse ábhartha i dtuarascáil mheastóireachta faoi shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (15).

(40)

Leis an gCiste, ba cheart a áirithiú go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Chun ceanglais trédhearcachta a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún faisnéis a fhoilsiú maidir le cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla na saoráide téamaí. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), ba cheart do gach Ballstát a áirithiú, faoi 6 mhí tar éis ó fhormheasadh a chláir, go bhfuil suíomh gréasáin curtha ar bun, ar a bhfuil fáisnéis maidir lena chlár ar fáil, lena gcumhdaítear cuspóirí, gníomhaíochtaí, deiseanna cistithe atá ar fáil agus an méid atá bainte amach.

(41)

Ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo na méideanna tosaigh do chlár na mBallstát, méideanna ina mbeidh méid socraithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 agus méid arna ríomh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos san Iarscríbhinn sin agus ar léiriú í ar riachtanais na mBallstát éagsúil agus ar an mbrú a bhíonn orthu i réimsí an tearmainn, na himirce, na lánpháirtíochta agus an fhillte. I bhfianaise na riachtanas speisialta atá ag na Ballstáit sin ina ndearnadh an líon is airde iarratais ar thearmann per capita in 2018 agus 2019, is iomchuí na méideanna socraithe don Chipir, Málta agus an Ghréig a mhéadú.

(42)

Ba cheart na méideanna tosaigh le haghaidh chláir na mBallstát a bheith mar bhonn d’infheistíochtaí fadtéarmacha na mBallstát. Chun athruithe ar shreabha imirce a chur san áireamh, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais i leith bainistiú tearmainn agus na gcóras glactha agus i leith lánpháirtiú náisiúnach tríú tír a fhanann go dleathach, agus chun an imirce dhleathach a fhorbairt agus an imirce neamhrialta a chomhrac le cur ar ais éifeachtúil, sábháilte agus dínitiúil, ba cheart méid breise a leithdháileadh ar na Ballstáit ag meántéarma na tréimhse clársceidealaithe agus critéir oibiachtúla á gcur san áireamh. Ba cheart an méid sin a bheith bunaithe ar shonraí staidrimh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, chun na hathruithe ar staid bhunlíne na mBallstát a léiriú.

(43)

Chun rannchuidiú le cuspóir beartais an Chiste a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí mar chuid dá gclár lena dtabharfar aghaidh ar chuspóirí sonracha an Chiste, go mbeidh na tosaíochtaí a roghnófar i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus go n-áirithíonn an leithdháileadh acmhainní idir na cuspóirí go mbeidh sé indéanta an cuspóir beartais foriomlán a ghnóthú. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit, i bprionsabal, leithdháileadh íosta a áirithiú chun an Comhchóras Eorpach Tearmainn a neartú agus a fhorbairt, chun an imirce dhleathach chuig na Ballstáit a neartú agus a fhorbairt i gcomhréir lena riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta, agus chun lánpháirtiú éifeachtach agus cuimsiú sóisialta na náisiúnach tríú tír a chur chun cinn agus rannchuidiú leis.

(44)

Ós rud é go mbíonn athrú de shíor ag teacht ar na dúshláin i réimse na himirce, is gá leithdháileadh an chistithe a chur in oiriúint do na hathruithe ar na sreabha imirce. Chun freagairt ar riachtanais phráinneacha agus ar athruithe ar bheartais agus ar thosaíochtaí an Aontais, agus chun an cistiú a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a mbaineann ardleibhéal breisluacha Aontais leo, ba cheart cuid den chistiú a leithdháileadh go tráthrialta, trí shaoráid théamach, ar ghníomhaíochtaí sonracha, gníomhaíochtaí Aontais, gníomhaíochtaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, cúnamh éigeandála, athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil agus chun tacaíocht bhreise a thabhairt do na Ballstáit a rannchuidíonn le hiarrachtaí dlúthpháirtíochta agus freagrachta. Tugann an tsaoráid théamach solúbthacht maidir le bainistiú an Chiste agus féadfar í a chur chun feidhme trí chláir na mBallstát freisin.

(45)

Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun cuid dá leithdháileadh don chlár a úsáid chun na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chistiú trí leas a bhaint as ranníocaíocht níos mó ón Aontas.

(46)

D’fhéadfaí cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoin gCiste a leithdháileadh freisin ar chláir na mBallstát chun gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme i dteannta a leithdháilte tosaigh. Ba cheart na gníomhaíochtaí sonracha sin a shainaithint ar leibhéal an Aontais agus ba cheart iad a bheith bainteach le gníomhaíochtaí a éilíonn comhoibriú nó gníomhaíocht a bhfuil gá leo chun dul i ngleic le forbairtí san Aontas óna dteastaíonn breis cistiúcháin a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó.

(47)

Ba cheart don Chiste rannchuidiú le tacaíocht do na costais oibriúcháin a bhaineann le cuspóirí sonracha an Chiste chun a chur ar chumas na mBallstát na hinniúlachtaí atá ríthábhachtach chun na cúraimí agus na seirbhísí arb ionann iad agus seirbhís phoiblí don Aontas ina iomláine a choinneáil ar bun. Ba cheart a bheith i gceist le tacaíocht den sórt sin costais shonracha a bhaineann le cuspóirí an Chiste a aisíoc ina n-iomláine agus ba cheart an méid sin a bheith mar chuid lárnach de chláir na mBallstát.

(48)

Chun cur chun feidhme chuspóir beartais an Chiste a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta trí chláir na mBallstát, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil leis an gCiste freisin le haghaidh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh chun críoch straitéiseach foriomlán a bhaint amach laistigh de raon feidhme idirghabhála an Chiste i ndáil le hanailís ar bheartais agus nuálaíocht, le foghlaim fhrithpháirteach thrasnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí, agus le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a thriail ar fud an Aontais.

(49)

Chun go neartófar acmhainneacht an Aontais aghaidh a thabhairt láithreach ar chásanna eisceachtúla imirce i mBallstát amháin nó níos mó arb é a bpríomhthréith insreabhadh mór nó díréireach náisiúnach tríú tír a dhéanann éilimh shuntasacha agus phráinneacha ar shaoráidí glactha agus coinneála na mBallstáit agus ar a gcórais agus ar a nósanna imeachta tearmainn agus imirce, nó chun dul i ngleic le cásanna eisceachtúla imirce i dtríú tíortha de thoradh forbairtí polaitiúla nó coinbhleachtaí, ba cheart a bheith in ann cúnamh éigeandála a chur ar fáil i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach sa Rialachán seo.

(50)

Leis an Rialachán seo, ba cheart a áirithiú go leantar de Ghréasán Imirce na hEorpa a bunaíodh le Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle (17), agus ba cheart cúnamh airgeadais a thabhairt i gcomhréir leis na cuspóirí atá aige agus leis na cúraimí atá air.

(51)

Tabharfar aghaidh ar chuspóir beartais an Chiste seo freisin trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíochtaí buiséadacha faoi ionuithe beartais an chláir InvestEU arma bhunú ag Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Ba cheart tacaíocht airgeadais a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, ar mhodh comhréireach agus níor cheart maoiniú príobháideach a dhúbláil nó a phlódú mar gheall ar ghníomhaíochtaí a dhéantar ná iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart breisluach soiléir de chuid an Aontais a bheith leis na gníomhaíochtaí a dhéantar.

(52)

Is ar bhonn deonach a dhéantar oibríochtaí measctha agus is oibríochtaí iad a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-in-aisíoctha tacaíochta, foirmeacha in-aisíoctha tacaíochta, nó iad araon, ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha in-aisíoctha tacaíochta ó institiúidí cur chun cinn/forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, mar aon le tacaíocht ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí.

(53)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán an Chiste arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (19) do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(54)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) (an “Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gCiste. Leagtar síos leis an Rialachán Airgeadais rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistiú indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha,.

(55)

Chun críche gníomhaíochtaí faoi bhainistíocht roinnte a chur chun feidhme, ba cheart an Ciste a bheith ina chuid de chreat comhleanúnach ina mbeidh an Rialachán seo, an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) 2021/1060.

(56)

Le Rialachán (AE) 2021/1060, bunaítear an creat gníomhaíochta do CFRE, do CSE+, don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, don Chiste um Aistriú Cóir, don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, don Chiste Slándála Inmheánaí, agus don Ionstraim le haghaidh Cúnamh Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, agus leagtar síos leis, go háirithe, na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht, bainistiú agus rialú maidir le cistí an Aontais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte. Ina theannta sin, is gá cuspóirí an Chiste sa Rialachán seo a shonrú, agus forálacha sonracha a leagan síos maidir leis na cineálacha gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú faoin gCiste.

(57)

Leagtar amach scéim réamh-mhaoiniúcháin le haghaidh an chiste i Rialachán (AE) 2021/1060 agus leagtar amach ráta sonrach réamh-mhaoiniúcháin sa Rialachán seo. Ina theannta sin, chun a áirithiú gur féidir freagairt go pras ar staideanna éigeandála a áirithiú, is iomchuí ráta réamh-mhaoinithe sonrach a bhunú le haghaidh cúnamh éigeandála. Leis an scéim réamh-mhaoiniúcháin, ba cheart a áirithiú gurb acmhainn do na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil do thairbhithe ó thús chur chun feidhme a gclár.

(58)

Ba cheart na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar an gcumas atá acu cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a sholáthar agus, go háirithe, na costais a bhaineann le rialuithe, na hualaí riaracháin, agus an baol a bhaineann le neamh-chomhlíonadh á gcur san áireamh. Agus an rogha sin á dhéanamh, ba cheart úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costais aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil nasctha le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a bhreithniú.

(59)

Chun an leas is fearr a bhaint as prionsabal na hiniúchóireachta aonair, is iomchuí rialacha sonracha a shocrú maidir le rialú agus iniúchadh tionscadal i gcás inarb iad eagraíochtaí idirnáisiúnta a ndearna an Coimisiún measúnú dearfach ar a gcórais rialaithe inmheánaigh na tairbhithe. I gcás tionscadal den sórt sin, ba cheart do na húdaráis bhainistíochta a bheith in ann teorainn a chur lena bhfíoruithe bainistíochta ar choinníoll go ndéanann an tairbhí na sonraí agus an fhaisnéis uile is gá maidir le dul chun cinn an tionscadail agus maidir le hincháilitheacht an chaiteachais fholuitigh a sholáthar go tráthúil. Ina theannta sin, i gcás tionscadal a dhéanann eagraíocht idirnáisiúnta den sórt sin a chur chun feidhme mar chuid de shampla iniúchóireachta, ba cheart don údarás iniúchóireachta a bheith in ann a chuid oibre a dhéanamh i gcomhréir le prionsabail an Chaighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Seirbhísí Gaolmhara (ISRS) 4400, Engagements to Perform Agreed-upon Procedures Regarding Financial Information [Cúraimí a Dhéanamh i ndáil le Nósanna Imeachta Arna gComhaontú maidir le Faisnéis Airgeadais].

(60)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (22), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (23) agus (AE) 2017/1939 (24) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le haisghabháil na gcistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú go hiomlán le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais, agus gach cúnamh is gá a thabhairt dóibh, i dtaobh leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(61)

Ba cheart cead rannpháirtíochta sa Chiste a thabhairt do thríú tír a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích acu leis an Aontas maidir leis na critéir agus na sásraí lena suitear an Stát a bheidh freagrach as iarraidh ar thearmann a taisceadh i mBallstát nó a taisceadh sa tríú tír a scrúdú, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe.

(62)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(63)

De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (26), beidh daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha nó críocha thar lear incháilithe le haghaidh cistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chiste agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(64)

De bhun Airteagal 349 CFAE agus i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal A stronger and renewed strategic partnership with the EU’s outermost regions [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas], arna formhuiniú ag an gComhairle ina conclúidí an 12 Aibreán 2018, ba cheart do na Ballstáit ábhartha a áirithiú go dtabharfar aghaidh ina gcláir agus ina straitéisí náisiúnta ar na dúshláin shonracha atá roimh na réigiúin is forimeallaí maidir le bainistiú na himirce de. Leis an gCiste, ba cheart tacú leis na Ballstáit sin le hacmhainní leordhóthanacha chun cuidiú leis na réigiúin sin an imirce a bhainistiú go hinbhuanaithe agus chun aon chásanna brú a láimhseáil.

(65)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (27), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gCiste seo ar bhonn na faisnéise a bhailítear i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna, ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus rórialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chiste ar an talamh. Chun an méid atá bainte amach ag an gCiste a thomhas, ba cheart táscairí agus spriocanna gaolmhara a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonracha de chuid an Chiste. Ar na táscairí sin, ba cheart táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla a áireamh.

(66)

Trí tháscairí agus trí thuairisciú airgeadais, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chiste, i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060 agus leis an Rialacháin seo. Ó 2023 ar aghaidh, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht lena gcumhdófar an bhliain chuntasaíochta is déanaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart faisnéis a bheith sna tuarascálacha sin faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme chláir na mBallstát. Ba cheart do na Ballstáit achoimrí ar na tuarascálacha sin a chur chuig an gCoimisiún. Ba cheart don Choimisiún na hachoimrí sin a aistriú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus iad a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin, in éineacht leis na naisc chuig suíomhanna gréasáin na mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/1060.

(67)

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (28) a chur chun feidhme, agus le gealltanas do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo rannchuidiú le sprioc 30 % de chaiteachas uile an chreat airgeadais ilbhliantúil a bheith á caitheamh ar phríomhshruthú na gcuspóirí aeráide agus ar oibriú i dtreo uaillmhian faoina léireofaí caiteachas bithéagsúlachta le 7,5 % den bhuiséad in 2024 agus 10 % in 2026 agus in 2027, agus na forluíonna atá ann cheana idir spriocanna aeráide agus spriocanna na bithéagsúlachta á gcur san áireamh. Ba cheart, leis an gCiste, tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramófaí caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus nach ndéanfaí aon díobháil shuntasach leo do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).

(68)

Maidir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) agus le haon ghníomh is infheidhme do chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir le cláir agus tionscadail lena dtacaítear leo faoin gCiste le linn clárthréimhse 2014-2020. Ós rud é go mbeidh forluí ann idir tréimhse chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus an chlárthréimhse a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus chun comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme tionscadal áirithe arna bhformheas faoin Rialachán sin, ba cheart forálacha maidir le céimniú na dtionscadal a leagan síos. Ba cheart gach céim ar leith den tionscadal a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na clárthréimhse faoina bhfaigheann sé cistiú.

(69)

Chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh tacaíochta faoi Iarscríbhinn III; liosta na ngníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh rátaí cómhaoinithe níos airde faoi Iarscríbhinn IV; tacaíocht oibriúcháin faoi Iarscríbhinn VII agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid obair ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(70)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe oibleagáidí maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na socruithe mionsonraithe a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Choimisiún i gcreat an chlársceidealaithe agus an tuairiscithe, os rud é nach bhfuil iontu ach socruithe teicniúla. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a bhaineann le cinntí maidir le dámhachtain cúnaimh éigeandála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cineál agus cuspóir cúnaimh den sórt sin, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(71)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo,, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an Aontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach d’fhonn na cuspóirí sin a ghnóthú.

(72)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(73)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(74)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll go bhféadfaidh an t-iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní incháilithe na costais do mhaoiniú an Aontais a thabhófar roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun nach gcuirfí isteach ar thacaíocht an Aontais ar bhealach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, ba cheart a bheith in ann a mheas, ar feadh tréimhse theoranta ama ag tús an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, go mbeidh na costais, arna dtabhú i ndáil le gníomhaíochtaí a dtacófar leo faoin Rialachán seo faoi bhainistíocht dhíreach agus ar cuireadh tús leo cheana, incháilithe do mhaoiniú an Aontais amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh.

(75)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (32).

(76)

Chun leanúnachas a áirithiú i dtaca le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar tús a chur leis an gcur chun feidhme amhail ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne, agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (an “Ciste”), don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Leis an Rialachán seo, leagtar síos cuspóirí an Chiste, an buiséad don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta” iarratasóir mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (c), de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33);

(2)

ciallaíonn “tairbhí de chosaint idirnáisiúnta” tairbhí de chosaint idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (b) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);

(3)

ciallaíonn “oibríocht mheasctha” gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráidí measctha de réir bhrí Airteagal 2, pointe (6), den Rialachán Airgeadais;

(4)

ciallaíonn “ball teaghlaigh” aon náisiúnach tríú tír a sainmhínítear mar bhall teaghlaigh faoi dhlí an Aontais is ábhartha don réimse beartais gníomhaíochta a bhfuiltear ag tacú leis faoin gCiste;

(5)

ciallaíonn “ligean isteach ar fhoras daonnúil” náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a ligean isteach ar chríoch na mBallstát ó thríú tír ar easáitíodh chuici go foréigneach iad, tar éis tarchur, arna iarraidh sin ag Ballstát, ón Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO), ó Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe (“UNHCR”) nó ó chomhlacht idirnáisiúnta ábhartha eile, agus cosaint idirnáisiúnta nó stádas daonnúil faoin dlí náisiúnta a dheonú dóibh faoin dlí idirnáisiúnta lena bhforáiltear do chearta agus oibleagáidí atá coibhéiseach leo sin in Airteagail 20 go 34 de Threoir 2011/95/AE do thairbhithe cosanta coimhdí;

(6)

ciallaíonn “tacaíocht oibriúcháin” cuid de leithdháileadh Ballstáit is féidir a úsáid mar thacaíocht leis na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí a dhéanamh agus as na seirbhísí a chur ar fáil ar cuid de sheirbhís phoiblí don Aontas iad;

(7)

ciallaíonn “aistriú” aistriú mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (5), de Threoir 2008/115/CE;

(8)

ciallaíonn “athlonnú” náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát ó thríú tír ar easáitíodh chuici iad a ligean isteach chuig críoch na mBallstát tar éis tarchur ó UNHCR, agus a ndéantar cosaint idirnáisiúnta a dheonú dóibh agus a bhfuil rochtain acu ar réiteach inmharthana i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta;

(9)

ciallaíonn “filleadh” filleadh mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe 3, de Threoir 2008/115/CE;

(10)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí sonracha” tionscadail thrasnáisiúnta nó náisiúnta a thugann breisluach Aontais i gcomhréir le cuspóirí an Chiste, a bhféadfadh Ballstát amháin, roinnt Ballstát nó na Ballstáit uile leithdháileadh breise ina leith a fháil dá gcláir;

(11)

ciallaíonn “náisiúnach tríú tír” aon duine, lena n-áirítear duine gan stát nó duine a bhfuil náisiúntacht neamhchinntithe aige nó aici, nach saoránach den Aontas é nó í, mar a shainmhínítear in Airteagal 20(1) CFAE;

(12)

ciallaíonn “mionaoiseach neamhthionlactha” mionaoiseach neamhthionlactha mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (l), de Threoir 2011/95/AE;

(13)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí Aontais” tionscadail trasnáisiúnta nó tionscadail a bhfuil leas áirithe acu don Aontas agus a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí an Chiste;

(14)

ciallaíonn “duine leochaileach” aon duine a shainmhínítear mar dhuine leochaileach faoi dhlí an Aontais is ábhartha don réimse beartais gníomhaíochta a dtacaítear leis faoin gCiste.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chiste

1.   Is é atá i gcuspóir beartais an Chiste, rannchuidiú le bainistiú éifeachtach na sreabh imirce agus leis an mbeartas coiteann tearmainn agus an beartas coiteann imirce a chur chun feidhme, a neartú agus a fhorbairt i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus lánurraim á tabhairt d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtí iontu.

2.   Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach i mír 1, leis an gCiste rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

gach gné den Chomhchóras Eorpach Tearmainn a neartú agus a fhorbairt, lena n-áirítear a ghné sheachtrach;

(b)

an imirce dhleathach chuig na Ballstáit a neartú agus a fhorbairt i gcomhréir lena riachtanais eacnamaíocha agus shóisialta, agus lánpháirtiú éifeachtach agus cuimsiú sóisialta na náisiúnach tríú tír a chur chun cinn agus rannchuidiú leis an méid sin;

(c)

rannchuidiú chun an imirce neamhrialta a chomhrac, filleadh agus athligean isteach a bheidh éifeachtach, sábháilte agus díniteach a fheabhsú, an t-ath-lánpháirtiú éifeachtach tosaigh i dtríú tíortha a chur chun cinn agus rannchuidiú leis an ath-lánpháirtiú sin;

(d)

an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus comhroinnt chóir na freagrachta eatarthu a fheabhsú, lena n-áirítear trí chomhar praiticiúil, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit sin is mó a ndéanann dúshláin na himirce agus an tearmainn difear dóibh.

3.   Faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 2, déanfar an Ciste a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 4

Comhpháirtíocht

Chun críocha an Chiste, áireofar sna comhpháirtíochtaí, de bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, údaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile nó comhlachais a dhéanann ionadaíocht ar údaráis den sórt sin, eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, eagraíochtaí neamhrialtasacha amhail eagraíochtaí dídeanaithe agus eagraíochtaí faoi threoir imirceach, institiúidí náisiúnta um chearta an duine mar aon le comhlachtaí náisiúnta um chomhionannas, agus comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta.

Airteagal 5

Raon feidhme na tacaíochta

1.   Faoi chuimsiú a chuspóirí agus i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II, tacóidh an Ciste, go háirithe, leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III.

Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun an liosta gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn III a leasú, d’fhonn gníomhaíochtaí nua a chur leis.

2.   Chun a chuspóirí a leagtar síos in Iarscríbhinn III a bhaint amach, féadfaidh an Ciste tacú, i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais, leis na gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i dtaca le tríú tíortha, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 7 nó 24, de réir mar is infheidhme.

3.   Maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha, áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, comhordú le beartais, straitéisí agus ionstraimí ábhartha an Aontais. Áiritheoidh siad na nithe seo a leanas go háirithe, maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha:

(a)

go ndéanfar iad i sineirge le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí eile de chuid an Aontais agus ar bhealach atá comhleanúnach leo;

(b)

go mbeidh siad comhleanúnach le beartas seachtrach an Aontais, go n-urramóidh siad prionsabal an chomhleanúchais beartais ar mhaithe le forbairt, agus go mbeidh siad comhsheasmhach leis na doiciméid chlársceidealaithe straitéisigh le haghaidh an réigiúin nó na tíre i dtrácht;

(c)

go ndíreofar leo ar bhearta nach bhfuil dírithe ar fhorbairt; agus

(d)

go rachaidh siad chun leas bheartais inmheánacha an Aontais agus go mbeidh siad comhsheasmhach le gníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den Aontas.

4.   Tacófar le cuspóirí an Chiste le bearta lena ndíreofar ar spriocghrúpa amháin nó níos mó faoi raon feidhme Airteagail 78 agus 79 CFAE.

Airteagal 6

Comhionannais inscne agus neamh-idirdhealú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go ndéanfar gné na hinscne a lánpháirtiú agus go gcuirfear peirspictíocht an chomhionannais inscne agus príomhshruthú inscne san áireamh agus go gcuirfear chun cinn iad i rith ullmhú, chur chun feidhme, fhaireachán, thuairisciú agus mheastóireacht na gclár agus na dtionscadal a dtacaítear leo faoin gCiste.

2.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún bearta iomchuí chun aon chineál idirdhealaithe a thoirmisctear le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) a eisiamh le linn cláir agus tionscadail a dtacaítear leo faoin gCiste a ullmhú agus a chur chun feidhme, agus le linn faireachán, tuairisciú agus meastóireacht a dhéanamh ar na cláir agus na tionscadail sin.

Airteagal 7

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gCiste

1.   Beidh an Ciste ar oscailt do thríú tíortha a chomhlíonfaidh na critéir a liostaítear i mír 2, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír sa Chiste.

2.   Chun go mbeidh tríú tír incháilithe le bheith comhlachaithe leis an gCiste amhail dá dtagraítear i mír 1, beidh comhaontú tugtha i gcrích aici leis an Aontas maidir leis na critéir agus na sásraí lena suitear an Stát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna taisceadh i mBallstát nó arna taisceadh sa tríú tír sin.

3.   Sa chomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na tríú tíre sa Chiste, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

comhar a chumasú leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i réimse an tearmainn, na himirce agus an fhillte de mheon phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chóir na freagrachta;

(b)

prionsabail an non-refoulement, an daonlathais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine a bheith mar bhonn taca acu le linn ré an Chiste;

(c)

cothromaíocht i dtaca le ranníocaíochtaí a rinne agus le sochair a fuair an tríú tír atá rannpháirteach sa Chiste a áirithiú;

(d)

coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sa Chiste, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais leis an gCiste, agus a gcostais riaracháin, a leagan síos;

(e)

gan aon chumhacht chinntitheach a thabhairt don tríú tír i leith an Chiste;

(f)

cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint a ráthú;

(g)

a fhoráil go ndeonóidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí i gcomhréir le hAirteagal 8.

Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír.

Airteagal 8

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chiste trí bhíthin cinnidh arna ghlacadh de bhun chomhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a gcuid inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

ROINN 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 9

Prionsabail ghinearálta

1.   Leis an tacaíocht arna soláthar faoin gCiste, comhlánófar idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus leagfar béim ar bhreisluach Aontais a chur le cuspóirí an Chiste a bhaint amach.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht a chuirtear ar fáil faoin gCiste agus a bheidh á cur ar fáil ag na Ballstáit comhsheasmhach le gníomhaíochtaí, beartais agus tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí comhlántach le tacaíocht a chuirtear ar fáil faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe na hionstraimí seachtracha, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE).

3.   Déanfar an Ciste a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, roinnte nó indíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b), agus (c), den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 10

An buiséad

1.   Is EUR 9 882 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chiste don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Úsáidfear an t-imchlúdach airgeadais mar a leanas:

(a)

déanfar EUR 6 270 000 000 a leithdháileadh ar chláir na mBallstát;

(b)

déanfar EUR 3 612 000 000 a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 11.

3.   Déanfar suas le 0,42 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar an gcúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún, dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfar suas le 5 % den leithdháileadh tosaigh ar Bhallstát ó aon cheann de na cistí faoin Rialachán sin faoi bhainistíocht roinnte a aistriú chuig an gCiste faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach ar iarraidh ón mBallstát sin. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 11

Forálacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na saoráide téamaí

1.   Déanfar an méid dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (b), a leithdháileadh ar bhealach solúbtha trí shaoráid théamach, lena úsáidtear bainistíocht roinnte, dhíreach nó indíreach mar a leagtar amach i gcláir oibre. I bhfianaise chineál inmheánach an Chiste inmheánach, fónfaidh an tsaoráid théamach go príomha do bheartas inmheánach an Aontais i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2).

Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach maidir lena comhpháirteanna, agus is iad seo a leanas na comhpháirteanna sin:

(a)

gníomhaíochtaí sonracha;

(b)

gníomhaíochtaí de chuid an Aontais;

(c)

cúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 31;

(d)

athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil;

(e)

tacaíocht do Bhallstáit chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe den chosaint idirnáisiúnta a aistriú mar chuid d’iarrachtaí dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 20; agus

(f)

Gréasán Imirce na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 26.

As an méid dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (b), den Rialachán seo, tabharfar tacaíocht don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 35 den Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Le cistiú ón tsaoráid théamach déanfar aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí a bhfuil ardbhreisluach Aontais ag baint leo nó úsáidfear é chun freagairt do riachtanais phráinneacha i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais mar a léirítear in Iarscríbhinn II.

Is do na gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Iarscríbhinn III amháin, lena n-áirítear athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil i gcomhréir le hAirteagal 19 mar chuid de ghné sheachtrach bheartas imirce an Aontais, a thabharfar tacaíocht ón gcistiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, cé is moite de chistiú le haghaidh cúnaimh éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 31(1), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b).

3.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le líonraí ábhartha, go háirithe d’fhonn na cláir oibre do ghníomhaíochtaí Aontais a mhaoinítear faoin gCiste a ullmhú agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

4.   Déanfar íosmhéid 20 % de na hacmhainní ón leithdháileadh tosaigh ar an tsaoráid théamach a leithdháileadh ar an gcuspóir sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (d).

5.   Nuair a sholáthraítear cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach do na Ballstáit, áiritheoidh an Coimisiún nach roghnófar tionscadail a bhfuil tionchar orthu ag tuairim réasúnaithe arna tabhairt ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear in amhras dlíthiúlacht agus rialtacht chaiteachas nó fheidhmíocht na dtionscadal sin.

6.   Chun críocha Airteagal 23 agus Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, i gcás ina gcuirtear cistiú ón tsaoráid théamach chun feidhme faoin mbainistíocht roinnte, áiritheoidh an Ballstát nach ndéanfar difear do ghníomhaíochtaí atá beartaithe le tuairim réasúnaithe arna tabhairt ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear in amhras dlíthiúlacht agus rialtacht chaiteachas nó fheidhmíocht na ngníomhaíochtaí, agus measúnóidh an Coimisiún cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an difear sin.

7.   Cinnfidh an Coimisiún an méid foriomlán atá le cur ar fáil don tsaoráid théamach faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na cinntí maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a ghlacadh don tsaoráid théamach, lena sainaithneofar na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a mbeidh á dtacú agus lena sonrófar na méideanna do gach ceann de na comhpháirteanna dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Leagfar amach i gcinntí maoiniúcháin, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. Féadfaidh cinntí bliantúla nó ilbhliantúla a bheith sna cinntí maoiniúcháin agus féadfar ceann amháin nó níos mó de chomhpháirteanna na saoráide téamaí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a chumhdach leo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(3) den Rialachán seo.

9.   Beidh an tsaoráid théamach ag tacú le gníomhaíochtaí a thagann faoi bheart cur chun feidhme 2(d) d’Iarscríbhinn II go háirithe, a dhéanann na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun feidhme. Chuige sin, déanfar íosmhéid 5 % den leithdháileadh tosaigh ar an tsaoráid théamach a dhíriú ar chur chun feidhme bearta lánpháirtíochta ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha.

10.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh dáileadh acmhainní ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2) cóir trédhearcach. Tuairisceoidh an Coimisiún maidir le húsáid agus dáileadh na saoráide téamaí ar na comhpháirteanna dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear maidir leis an tacaíocht a thugtar do ghníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha faoi ghníomhaíochtaí an Aontais.

11.   Tar éis dó cinneadh maoiniúcháin a ghlacadh dá dtagraítear i mír 8, féadfaidh an Coimisiún cláir na mBallstát a leasú dá réir sin.

ROINN 2

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte

Airteagal 12

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis an méid dá dtagraítear i bpointe (a) Airteagal 10(2), agus maidir le hacmhainní breise atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir leis an gcinneadh maoiniúcháin maidir leis an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 11.

2.   Déanfar tacaíocht faoin roinn seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 13

Acmhainní buiséadacha

1.   Déanfar an méid dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (a), a leithdháileadh ar chláir na mBallstát go táscach mar a leanas:

(a)

EUR 5 225 000 000 i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(b)

EUR 1 045 000 000 le haghaidh choigeartú na leithdháiltí ar chláir na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 17(1).

2.   I gcás nach leithdháiltear go hiomlán an méid dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar an méid atá fágtha a chur leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 10(2), pointe (b).

Airteagal 14

Réamh-mhaoiniú

1.   I gcomhréir le hAirteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an réamh-mhaoiniú don Chiste a íoc i dtráthchodanna bliantúla roimh an 1 Iúil gach bliain, faoi réir na cistí a bheith ar fáil, mar a leanas:

(a)

2021: 4 %;

(b)

2022: 3 %;

(c)

2023: 5 %;

(d)

2024: 5 %;

(e)

2025: 5 %;

(f)

2026: 5 %;

2.   I gcás ina nglacfar clár Ballstáit tar éis an 1 Iúil 2021, is i mbliain a ghlactha a íocfar na tráthchodanna is luaithe.

Airteagal 15

Rátaí cómhaoinithe

1.   Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tionscadail.

2.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tionscadal a chuirfear chun feidhme faoi ghníomhaíochtaí sonracha.

3.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán maidir le gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

4.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán do thacaíocht oibriúcháin.

5.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán maidir le cúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 31.

6.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán maidir le cúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát laistigh de na teorainneacha arna leagan amach in Airteagal 36(5), pointe (b)(iv), de Rialachán (AE) 2021/1060.

7.   Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár Ballstáit, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ón gCiste le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochta a chumhdaítear leis an ranníocaíocht dá dtagraítear i míreanna 1 go 6.

8.   Leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár Ballstáit i gcás gach cineál gníomhaíochta cé acu an gcuirtear an ráta cómhaoinithe i bhfeidhm:

(a)

i dtaca leis an ranníocaíocht iomlán, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí poiblí agus príobháideacha; nó

(b)

i dtaca leis an ranníocaíocht phoiblí amháin.

Airteagal 16

Cláir na mBallstát

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na tosaíochtaí a dtabharfar aghaidh orthu ina chlár comhsheasmhach le tosaíochtaí agus dúshláin an Aontais i réimse an tearmainn agus bhainistiú na himirce agus go bhfreagraíonn siad dóibh, agus go bhfuil siad i gcomhréir iomlán le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais, agus oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu á lánurramú acu. Agus tosaíochtaí a gclár á sainaithint acu, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ina gcláir ar na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

I bhfianaise chineál inmheánach an Chiste, fónfar go príomha do bheartas inmheánach an Aontais i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Rialachán seo ag cláir na mBallstát.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chláir na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Laistigh de na hacmhainní a leithdháiltear in Airteagal 13(1), agus gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh gach Ballstát leithdháileadh mar a leanas ina chlár:

(a)

íosmhéid 15 % dá acmhainní leithdháilte ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (a); agus

(b)

íosmhéid 15 % dá acmhainní leithdháilte ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (b).

3.   Ní fhéadfaidh na Ballstáit méid níos lú ná na híoschéatadáin dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh ach i gcás ina dtabharfaidh sé míniú mionsonraithe ar fáil ina chlár ag míniú an fáth nach gcuirfear baint amach an chuspóra ábhartha i mbaol dá ndéanfaí acmhainní faoi bhun an leibhéil sin a leithdháileadh.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún, agus cláir na mBallstát á bhforbairt, go gcuirfear eolas agus saineolas na ngníomhaireachtaí díláraithe ábhartha, go háirithe ESAO, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle (35) a chur san áireamh a mhéid a bhaineann lena réimsí inniúlachta, go luath agus go tráthúil, i bhforbairt chláir na mBallstát.

5.   Féadfaidh an Coimisiún ról a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, do ghníomhaireachtaí ábhartha díláraithe, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear i mír 4, sna cúraimí faireacháin agus meastóireachta mar a shonraítear i Roinn 5, go háirithe d’fhonn a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme le tacaíocht ón gCiste i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais.

6.   Tar éis moltaí a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, scrúdóidh an Ballstát lena mbaineann, i gcomhar leis an gCoimisiún, conas mar a thabharfar aghaidh ar na torthaí agus ar na moltaí trína chlár le tacaíocht ón gCiste, i gcás inarb iomchuí.

Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, leas a bhaint freisin as saineolas na ngníomhaireachtaí díláraithe maidir le saincheisteanna sonracha a thagann faoi raon inniúlachtaí na ngníomhaireachtaí sin.

7.   I gcás inar gá, déanfar clár an Bhallstáit faoi thrácht a leasú i gcomhréir le Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060 chun na moltaí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo a chur san áireamh.

8.   I gcomhar agus i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis na gníomhaireachtaí díláraithe ábhartha a mhéid a bhaineann le réimsi inniúlachtaí na ngníomhaireachtaí sin, mar is infheidhme, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann acmhainní faoina chlár a ath-leithdháileadh, agus é d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar na moltaí dá dtagraítear i mír 6 i gcás ina a mbaineann impleachtaí airgeadais leis na moltaí sin.

9.   Go háirithe, saothróidh na Ballstáit ina gcláir na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV atá i dteideal rátaí cómhaoinithe níos airde a fháil. I gcás imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun a áirithiú go ndéanfar an cistiú a chur chun feidhme go héifeachtach, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun liosta na ngníomhaíochtaí a bheidh incháilithe le haghaidh rátaí cómhaoinithe níos airde in Iarscríbhinn IV a leasú.

10.   D’fhéadfaí a áireamh i gcláir na mBallstát garghaolta daoine a chumhdaítear faoi na bearta lánpháirtíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a mhéid is gá chun na bearta sin a chur chun feidhme go héifeachtach.

11.   Cibé uair a chinnfidh Ballstát tionscadal a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír nó i dtríú tír le tacaíocht ón gCiste, rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún sula ndéanfar an tionscadal a fhormheas.

12.   Bunófar an clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2021/1060, ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo agus cuimseofar leis briseadh síos táscach ann ar na hacmhainní clársceidealaithe de réir cineál idirghabhála laistigh de gach cuspóir sonracha leagtar amach in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

Airteagal 17

Athbhreithniú meántéarma

1.   In 2024 déanfaidh an Coimisiún an méid breise dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), a leithdháileadh ar chláir na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus i míreanna 2 go 5 d’Iarscríbhinn I. Beidh éifeacht leis an gcistiú amhail ón 1 Eanáir 2025.

2.   I gcás nach gcumhdaítear 10 % ar a laghad de leithdháileadh tosaigh ar chlár dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (a), den Rialachán seo trí iarratais ar íocaíochtaí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (AE) 2021/1060, ní bheidh an Ballstát lena mbaineann incháilithe chun an leithdháileadh breise a fháil i leith a chláir dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), den Rialachán seo.

3.   Agus na cistí ón tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo á leithdháileadh amhail ón 1 Eanáir 2025, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le clocha míle an chreata feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/1060 a bhaint amach agus cuirfidh sé san áireamh aon laigí a sainaithníodh maidir leis an gcur chun feidhme.

Airteagal 18

Gníomhaíochtaí sonracha

1.   Féadfaidh Ballstát cistiú a fháil do ghníomhaíochtaí sonracha de bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 13(1), ar choinníoll go mbeidh an cistiú sin curtha in iúl amhlaidh ina dhiadh sin ina chlár agus go n-úsáidfear é chun rannchuidiú le cur chun feidhme chuspóirí an Chiste.

2.   Ní úsáidfear an cistiú do ghníomhaíochtaí sonracha eile i gClár an Bhallstáit, ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo agus de réir mar a dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí leasú ar chlár oibre an Bhallstáit.

Airteagal 19

Acmhainní le haghaidh athlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil

1.   De bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 13(1), pointe (a), gheobhaidh na Ballstáit méid EUR 10 000 le haghaidh gach duine a ligtear isteach trí athlonnú.

2.   De bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 13(1), pointe (a), gheobhaidh na Ballstáit méid EUR 6 000 le haghaidh gach duine a ligtear isteach trí fhoras daonnúil.

3.   Déanfar na méideanna dá dtagraítear i mír 2 a mhéadú go EUR 8 000 le haghaidh gach duine a ligeadh isteach trí ligean isteach daonnúil, agus a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na grúpaí leochaileacha seo a leanas:

(a)

mná agus leanaí i mbaol;

(b)

mionaoisigh neamhthionlactha;

(c)

daoine a bhfuil riachtanais leighis acu nach féidir aghaidh a thabhairt orthu ach trína ligean isteach ar fhoras daonnúil;

(d)

daoine a bhfuil ligean isteach ar fhoras daonnúil de dhíth orthu mar gheall ar riachtanais cosanta dhlíthiúla nó fisiciúla, lena n-áirítear íospartaigh fhoréigin nó céasta.

4.   I gcás ina ligeann Ballstát duine isteach a bhaineann le níos mó ná ceann amháin de na catagóirí dá dtagraítear faoi mhíreanna 2 agus 3, ní bhfaighidh sé an méid ach aon uair amháin i dtaca leis an duine sin.

5.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Ballstáit a bheith incháilithe freisin chun na méideanna faoi seach a fháil do bhaill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 má dhéantar na baill teaghlaigh sin a ligean isteach chun aontacht teaghlaigh a áirithiú.

6.   Beidh na méideanna dá dtagraítear san Airteagal seo i bhfoirm maoiniúcháin nach mbeidh nasctha le costais i gcomhréir le hAirteagal 125 den Rialachán Airgeadais.

7.   Déanfar na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 3 agus 5 a leithdháileadh ar chlár an Bhallstáit, den chéad uair sa chinneadh maoiniúcháin lena bhformheastar an clár sin. Ní úsáidfear na méideanna sin le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gclár an Bhallstáit ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo, a ndéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí leasú ar an gclár sin. Féadfar na méideanna sin a chur san áireamh sna hiarratais ar íocaíocht chuig an gCoimisiún, ar choinníoll go ndearnadh an duine ar leithdháileadh an méid ina leith a athlonnú nó a ligean isteach i bhfírinne.

8.   Chun críoch rialaithe agus iniúchta, coinneoidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun go mbeifear in ann na daoine a athlonnaíodh nó a ligeadh isteach agus dáta a n-athlonnaithe nó a ligin isteach a shainaithint i gceart.

9.   Chun na rátaí boilscithe reatha, forbairtí ábhartha i réimse an athlonnaithe, agus tosca eile lenarbh fhéidir an úsáid is fearr a bhaint as an dreasacht airgeadais a ghabhann leis na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun coigeartú a dhéanamh, má mheastar é a bheith iomchuí, agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, ar na méideanna sin.

Airteagal 20

Acmhainní le haghaidh aistriú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó aistriú tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta

1.   De bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 13(1) den Rialachán seo, gheobhaidh Ballstát méid breise EUR 10 000 le haghaidh gach iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát eile i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) nó de thoradh cineálacha comhchosúla athshocraithe.

2.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Ballstáit bheith incháilithe freisin chun na méideanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fháil maidir le gach ball teaghlaigh de chuid na ndaoine dá dtagraítear sa mhír sin, ar choinníoll gur aistríodh na baill teaghlaigh sin chun aontacht teaghlaigh a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 nó gur aistríodh iad de thoradh cineálacha comhchosúla athshocraithe.

3.   De bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 13(1), gheobhaidh na Ballstáit méid breise EUR 10 000 le haghaidh gach tairbhí de chosaint idirnáisiúnta a aistrítear ó Bhallstát eile.

4.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Ballstáit a bheith incháilithe freisin chun na méideanna faoi seach a fháil maidir le baill teaghlaigh de chuid na ndaoine dá dtagraítear i mír 3, más rud é gur aistríodh na baill teaghlaigh sin chun aontacht teaghlaigh a áirithiú.

5.   Gheobhaidh an Ballstát a chumhdóidh costas na n-aistrithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 ranníocaíocht EUR 500 le haghaidh gach iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhí de chosaint idirnáisiúnta a aistrítear go Ballstát eile.

6.   Beidh na méideanna dá dtagraítear san Airteagal seo i bhfoirm maoiniúcháin nach mbeidh bainteach le costais i gcomhréir le hAirteagal 125 den Rialachán Airgeadais.

7.   Leithdháilfear na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo ar chlár an Bhallstáit ar choinníoll go ndearnadh an duine ar leithdháileadh an méid ina leith, de réir mar is infheidhme, a aistriú i bhfírinne go Ballstát, nó a chlárú mar iarratasóir sa Bhallstát atá freagrach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 604/2013, de réir mar is infheidhme. Ní úsáidfear na méideanna sin le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gClár an Bhallstáit ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo a ndearna an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar an gclár sin.

8.   Chun críoch rialaithe agus iniúchta, coinneoidh Ballstáit an fhaisnéis is gá chun go mbeifear in ann na daoine a aistríodh agus dáta a n-aistrithe a shainaithint i gceart.

9.   Chun na rátaí boilscithe reatha, forbairtí ábhartha i réimse an athshocraithe a chur san áireamh chomh maith le tosca eile lena bhféadfaí an úsáid is fearr a bhaint as an dreasacht airgeadais a ghabhann leis na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 5 den Airteagal seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun coigeartú a dhéanamh, má mheastar gurb iomchuí sin, agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil, ar na méideanna sin.

Airteagal 21

Tacaíocht oibriúcháin

1.   Féadfaidh Ballstát suas le 15 % den mhéid a leithdháilfear ar a chlár a úsáid faoin gCiste chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú faoi chuspóirí sonracha an Chláir.

2.   Agus úsáid á baint aige as tacaíocht oibriúcháin, comhlíonfaidh Ballstát acquis ábhartha an Aontais agus an Chairt.

3.   Míneoidh Ballstát, ina chlár agus sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 35 den Rialachán seo, an chaoi a rannchuidíonn úsáid na tacaíochta oibriúcháin le cuspóirí an Chiste a bhaint amach. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an staid bhonnlíne sna Ballstáit a bhfuil curtha in iúl acu go bhfuil rún acu tacaíocht oibriúcháin a úsáid, sula ndéanfar clár an Bhallstáit a fhormheas. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit sin ar fáil a chur san áireamh agus, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis sin a bheidh ar fáil mar thoradh na mbeart faireacháin mar a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

4.   Díreofar an tacaíocht oibriúcháin ar ghníomhaíochtaí a chumhdaítear le caiteachas mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.

5.   Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistiúcháin a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun leasú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 22

Fíoruithe agus iniúchtaí bainistíochta ar thionscadail arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó lena ngníomhaireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c)(ii), den Rialachán Airgeadais, ar mheasúnaigh an Coimisiún a gcórais, a rialacha agus a nósanna imeachta a bheith dearfach de bhun Airteagal 154(4) agus (7) den Rialachán sin chun críche deontais arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais a chur chun feidhme go hindíreach (“eagraíochtaí idirnáisiúnta”).

2.   Gan dochar d’Airteagal 83, an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/1060 agus d’Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais, i gcás inar tairbhí an eagraíocht idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad fhomhír, pointe (9), de Rialachán (AE) 2021/1060, ní cheanglófar ar an údarás bainistíochta na fíoruithe bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 74(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/1060 a dhéanamh ar choinníoll go gcuirfidh an eagraíocht idirnáisiúnta na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 155(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), den Rialachán Airgeadais faoi bhráid an údaráis bainistíochta.

3.   Gan dochar d’Airteagal 155(1), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán Airgeadais, daingneofar leis an dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta go gcomhlíonann an tionscadal an dlí is infheidhme agus na coinníollacha maidir le tacaíocht don tionscadal.

4.   Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh costais le haisíoc de bhun Airteagal 53(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/1060, daingneofar leis an dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta, an méid seo a leanas:

(a)

rinneadh na sonraisc agus an cruthúnas gur íoc an tairbhí iad a fhíorú;

(b)

na taifid chuntasaíochta nó na cóid chuntasaíochta arna gcoinneáil ag an tairbhí le haghaidh idirbhearta atá nasctha leis an gcaiteachas a dearbhaíodh don údarás bainistíochta, rinneadh iad a fhíorú.

5.   I gcás ina mbeidh na costais le haisíoc de bhun Airteagal 53(1), pointí (b), (c) nó (d), de Rialachán (AE) 2021/1060, daingneofar leis an dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le caiteachas a aisíoc.

6.   Cuirfear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 155(1), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (c), den Rialachán Airgeadais ar fáil don údarás bainistíochta mar aon le gach éileamh ar íocaíocht arna thíolacadh ag an tairbhí.

7.   Déanfaidh an tairbhí na cuntais a thíolacadh chuig an údarás bainistíochta gach bliain faoin 15 Deireadh Fómhair. Beidh tuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta a tarraingíodh suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta ag gabháil leis na cuntais sin. Suífear leis an tuairim sin, cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn na córais rialaithe a cuireadh ar bun mar is ceart, agus cibé an bhfuil siad costéifeachtach agus an bhfuil na hidirbhearta foluiteacha dlíthiúil agus rialta nó nach bhfuil. Luafar sa tuairim freisin an gcuireann an obair iniúchóireachta in amhras na dearbhuithe a rinneadh sa dearbhú bainistíochta a chuir an eagraíocht idirnáisiúnta isteach, lena n-áirítear faisnéis maidir le drochamhras faoi chalaois. Tabharfar dearbhú sa tuairim sin go bhfuil an caiteachas a áirítear sna héilimh ar íocaíocht arna gcur faoi bhráid an údaráis bainistíochta ag an eagraíocht idirnáisiúnta dlíthiúil agus rialta.

8.   Gan dochar do na féidearthachtaí atá ann cheana chun tuilleadh iniúchtaí a dhéanamh amhail dá dtagraítear in Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh an t-údarás bainistíochta suas an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 74(1), an chéad fhomhír, pointe (f), den Rialachán (AE) 2021/1060. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid sin trí bheith ag brath ar na doiciméid a chuirfidh an eagraíocht idirnáisiúnta ar fáil de bhun mhíreanna 2 go 5 agus 7 den Airteagal seo, seachas dul i muinín na bhfíoruithe bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 74(1) den Rialachán (AE) 2021/1060.

9.   Áireofar sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 73(3) den Rialachán (AE) 2021/1060 na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

10.   Ní bheidh feidhm ag mír 2, agus dá bhrí sin, ceanglófar ar údarás bainistíochta fíoruithe bainistíochta a dhéanamh, sna cásanna seo a leanas:

(a)

sainaithníonn an t-údarás bainistíochta sin riosca sonrach neamhrialtachta nó léiriú calaoise i ndáil le tionscadal arna thionscnamh nó arna chur chun feidhme ag an eagraíocht idirnáisiúnta;

(b)

teipeann ar an eagraíocht idirnáisiúnta na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 agus 7 a chur faoi bhráid an údaráis bainistíochta sin;

(c)

tá na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 agus 7 a chuir an eagraíocht idirnáisiúnta isteach neamhiomlán.

11.   I gcás tionscadal, ina bhfuil eagraíocht idirnáisiúnta mar thairbhí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán (AE) 2021/1060, ar cuid de shampla é dá dtagraítear in Airteagal 79 den Rialachán sin, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta a chuid oibre a dhéanamh ar bhun fhoshampla de na hidirbhearta a bhaineann leis an tionscadal sin. I gcás ina n-aimsítear earráidí san fhoshampla, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta, más ábhartha, a iarraidh ar iniúchóir na heagraíochta idirnáisiúnta raon feidhme iomlán agus líon iomlán na n-earráidí sa tionscadal sin a mheasúnú.

ROINN 3

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach

Airteagal 23

Raon feidhme

Cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht faoin roinn seo chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin.

Airteagal 24

Eintitis incháilithe

1.   Tá na heintitis seo a leanas incháilithe do mhaoiniú ón Aontas:

(a)

eintitis dhlítheanacha atá bunaithe:

(i)

i mBallstát nó i dtír nó críoch thar lear atá bainteach leis;

(ii)

i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gCiste de bhun comhaontú sonrach faoi Airteagal 7, faoi réir í a bheith cumhdaithe ag an gclár oibre agus na coinníollacha ann;

(iii)

i dtríú tír a liostaítear sa chlár oibre, faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 3;

(b)

eintitis dlítheanacha arna gcruthú faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta is ábhartha chun críocha an Chiste.

2.   Níl daoine nádúrtha incháilithe do mhaoiniú ón Aontas.

3.   Eintitis amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) den mhír 1, beidh siad rannpháirteach mar chuid de chuibhreannas atá comhdhéanta de dhá eintiteas neamhspleácha ar a laghad, a bhfuil ceann amháin acu ar a laghad bunaithe i mBallstát.

Áiritheoidh eintitis atá rannpháirteach mar chuid de chuibhreannas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo go gcomhlíonfar, leis na gníomhaíochtaí ina bhfuil siad rannpháirteach, na prionsabail a chumhdaítear sa Chairt agus go rannchuideofar leis na gníomhaíochtaí sin le baint amach chuspóirí an Chiste.

Airteagal 25

Gníomhaíochtaí Aontais

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ciste a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Aontais a bhaineann le cuspóirí an Chiste, i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

2.   Féadfar cistiú a sholáthar le gníomhaíochtaí Aontais in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe i bhfoirm deontas, duaiseanna agus soláthair. Féadfaidh siad cistiú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin.

3.   Déanfar deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

4.   Féadfaidh saineolaithe seachtracha bheith ina mbaill den choiste meastóireachta a dhéanfaidh measúnú ar na tograí, dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais.

5.   Féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach trí ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach iad faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag Airteagal 37(7) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37).

Airteagal 26

Gréasán Imirce na hEorpa

1.   Tacóidh an Ciste le Gréasán Imirce na hEorpa agus soláthróidh sé cúnamh airgeadais atá ag teastáil dá chuid gníomhaíochtaí agus dá chuid forbartha amach anseo.

2.   Glacfaidh an Coimisiún an méid atá le cur ar fáil do Ghréasán Imirce na hEorpa faoi leithreasaí bliantúla an Chiste agus faoin gclár oibre lena leagtar síos na tosaíochtaí maidir lena chuid gníomhaíochtaí tar éis don Bhord Stiúrtha í a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 4(5), pointe (a), de Chinneadh 2008/381/CE. Beidh cinneadh an Choimisiúin ina chinneadh maoiniúcháin i gcomhréir le Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Chun a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil go tráthúil, féadfaidh an Coimisiún an clár oibre do Ghréasán Imirce na hEorpa a ghlacadh mar chinneadh maoiniúcháin ar leithligh.

3.   Beidh an cúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil do ghníomhaíochtaí Ghréasán Imirce na hEorpa i bhfoirm deontas do na Pointí Teagmhála Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh 2008/381/CE nó soláthair phoiblí, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Airteagal 27

Oibríochtaí measctha

Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523 agus Teideal X den Rialachán Airgeadais a dhéanfar oibríochtaí measctha arna gcinneadh faoin gCiste.

Airteagal 28

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an Ciste tacú le cúnamh teicniúil arna chur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann, ar ráta maoinithe 100 %.

Airteagal 29

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta Aontais, arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n-áirítear ag daoine nó eintitis seachas iad siúd a bhfuil sainordú ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí nó ó ghníomhaireachtaí an Aontais acu, a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht foriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 30

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistithe sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bheidh na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach, fiúntach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal,. Déanfar infheictheacht chistithe de chuid an Aontais a áirithiú agus déanfar faisnéis den sórt sin a sholáthar seachas i gcásanna a mbeidh údar cuí leo nuair nach féidir an taispeáint phoiblí a dhéanamh nó ina mbeadh scaoileadh na faisnéise srianta de réir dlí, go háirithe ar chúiseanna slándála, oird phoiblí, imscrúduithe coiriúla nó cosaint sonraí pearsanta. Chun infheictheacht chistithe de chuid an Aontais a áirithiú go mbeidh cistiú ón Aontas infheicthe, déanfaidh faighteoirí chistithe de chuid an Aontais tagairt d’fhoinse an chistithe sin agus iad i mbun cumarsáide poiblí faoin ngníomhaíocht lena mbaineann, agus cuirfidh siad suaitheantas an Aontais ar taispeáint.

2.   Chun an oiread daoine agus is féidir a chur ar an eolas, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gCiste, le gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun an Chiste agus le torthaí an Chiste, a chur chun feidhme.

Leis na hacmhainní airgeadais a leithdháiltear ar an gCiste, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin le cuspóirí an Chiste.

3.   Foilseoidh an Coimisiún cláir oibre na saoráide téamaí dá dtagraítear in Airteagal 11. Maidir le tacaíocht arna cur ar fáil faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 38(2) den Rialachán Airgeadais ar shuíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí agus déanfaidh sé an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Foilseofar an fhaisnéis sin i bhformáid oscailte mheaisín-inléite faoinar féidir sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint agus a chur i gcomparáid lena chéile.

ROINN 4

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, dhíreach nó indíreach

Airteagal 31

Cúnamh éigeandála

1.   Leis an gCiste, soláthrófar cúnamh airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha shonracha i staideanna éigeandála a mbeidh údar cuí leo de bharr ceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a)

cás imirce eisceachtúil faoina mbeadh insreabhadh mór nó díréireach náisiúnach isteach i dtríú tír in aon Bhallstát amháin nó níos mó, ag cur brú suntasach agus práinneach ar shaoráidí glactha agus coinneála na mBallstát sin, agus ar a gcórais agus nósanna imeachta maidir le tearmann agus imirce;

(b)

insreabhadh ollmhór daoine easáitithe de réir bhrí Threoir 2001/55/CE ón gComhairle (38);

(c)

cás imirce eisceachtúil i dtríú tír, lena n-áirítear tíortha ina mbeadh fuireach ar dhaoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu de bharr forbairtí polaitiúla nó coinbhleachtaí, go háirithe i gcás ina bhféadfadh impleachtaí a bheith aici do shreabha imirce i dtreo an Aontais.

Mar fhreagairt ar chásanna éigeandála den sórt sin a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh cúnamh éigeandála a chur ar fáil, lena n-áirítear cúnamh le haghaidh athshocrú deonach, faoi theorainn na n-acmhainní a bheadh ar fáil. Sna cásanna sin, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthúil.

2.   Déanfar bearta i dtríú tíortha a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 5(2) agus (3).

3.   Féadfar cúnamh éigeandála a leithdháileadh ar chláir na mBallstát de bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 13(1) agus Iarscríbhinn I ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl amhlaidh ina dhiaidh sin i gclár an Bhallstáit. Ní úsáidfear an cistiú seo le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gclár an Bhallstáit ach amháin in imthosca bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar chlár an Bhallstáit. Féadfaidh suas le 95 % de ranníocaíocht an Aontais a bheith sa réamh-mhaoiniú i gcomhair cúnamh éigeandála, ach cistí a bheith ar fáil.

4.   Deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, déanfar iad a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

5.   I gcás inar gá chun gníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfar a chumhdach le cúnamh éigeandála caiteachas arna thabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh don ghníomhaíocht sin ar chúnamh, ar choinníoll nár tabhaíodh an caiteachas sin roimh an 1 Eanáir 2021.

6.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo agus chun a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil go tráthúil le haghaidh cúnaimh éigeandála, féadfaidh an Coimisiún cinneadh maoiniúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, a ghlacadh ar leithligh le haghaidh cúnaimh éigeandála trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(4). Fanfaidh gníomh den sórt sin i bhfeidhm ar feadh thréimhse nach faide ná 18 mí.

Airteagal 32

Maoiniú carnach agus malartach

1.   Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di faoin gCiste, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear cistí faoi bhainistíocht roinnte, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 73(4) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh CFRE nó CSE+ tacú le gníomhaíochtaí ar sannadh an lipéad Séala Barr Feabhais dóibh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (45), den Rialachán sin. Ionas go ndéanfar lipéad Séala Barr Feabhais a shannadh dóibh, comhlíonfaidh na gníomhaíochtaí na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gCiste;

(b)

comhlíontar leo na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí;

(c)

ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.

ROINN 5

Faireachán, Tuairisciú agus Meastóireacht

foroinn 1

Forálacha Coiteanna

Airteagal 33

Faireachán agus tuairisciú

1.   I gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe ar an gCoimisiún de bhun Airteagal 41(3), an chéad fhomhír, pointe (h)(iii), den Rialachán Airgeadais, cuirfidh sé faisnéis maidir leis na príomhtháscairí feidhmíochta a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun Iarscríbhinn V a leasú d’fhonn na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na príomhtháscairí feidhmíochta a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn II táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chiste maidir le baint amach chuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2) a shocraítear in Iarscríbhinn VIII. Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Spriocanna carnacha a bheidh sna clocha míle a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029.

4.   Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta go ndéanfar na sonraí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir agus ar na torthaí a bhailiú ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb iomchuí, ar na Ballstáit.

5.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chiste i ndáil lena chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 37, chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, lena n-áirítear maidir le faisnéis tionscadail atá le cur ar fáil ag na Ballstáit. Ní bheidh feidhm ag aon leasú ar Iarscríbhinn VIII ach i gcás tionscadail a roghnófar tar éis theacht i bhfeidhm an leasaithe sin.

Airteagal 34

Meastóireacht

1.   Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma ar an Rialachán seo. De bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar measúnú sa mheastóireacht mheántéarma ar an méid seo a leanas:

(a)

éifeachtacht an Chiste, lena n-áirítear an dul chun cinn a bheidh déanta i ndáil lena chuspóirí a bhaint amach, agus an fhaisnéis ábhartha uile a bheidh ar fáil cheana, go háirithe na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 35 agus na táscairí aschuir agus toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, á cur san áireamh;

(b)

éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní arna leithdháileadh ar an gCiste agus éifeachtúlacht na mbeart bainistíochta agus rialaithe a bheidh curtha ar bun chun é a chur chun feidhme;

(c)

ábharthacht agus oiriúnacht leanúnach na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(d)

an comhordú, an comhleanúnachas agus an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gCiste agus an tacaíocht a sholáthraítear le cistí eile ón Aontas;

(e)

breisluach Aontais na ngníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gCiste.

Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht mheántéarma sin torthaí meastóireachta cúlghabhálaí ar éifeachtaí an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht don tréimhse 2014-2020.

2.   De bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar sa mheastóireacht chúlghabhálach na heilimintí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo. Thairis sin, déanfar meastóireacht ar thionchar an Chiste freisin.

3.   Déanfar an mheastóireacht mheántéarma agus an mheastóireacht chúlghabhálach go tráthúil chun cur leis an bpróiseas cinnteoireachta, lena n-áirítear athbhreithnithe ar an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí.

4.   Tabharfaidh an Coimisiún, sa mheastóireacht mheántéarma agus sa mheastóireacht chúlghabhálach, aird ar leith ar mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme le tríú tíortha, iontu, nó i dtaca leo, i gcomhréir le hAirteagal 7, Airteagal 16(11) agus Airteagal 24.

foroinn 2

rialacha maidir le bainistíocht roinnte

Airteagal 35

Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

1.   Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin 15 Feabhra gach bliain ina dhiaidh sin go 2031 agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faoi bhráid an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 41(7) de Rialachán (AE) 2021/1060.

Leis an tréimhse tuairiscithe, cumhdófar an bhliain chuntasaíochta deiridh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (29), de Rialachán (AE) 2021/1060, roimh bhliain tíolactha na tuarascála. Leis an tuarascáil a thíolacfar faoin 15 Feabhra 2023, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2021.

2.   Leagfar amach go háirithe sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

dul chun cinn maidir le cur chun feidhme chlár an Bhallstáit agus maidir le clocha míle agus spriocanna a leagtar amach ann a bhaint amach agus na sonraí is déanaí mar a cheanglaítear faoi Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/1060 á gcur san áireamh;

(b)

aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht chlár an Bhallstáit agus an ghníomhaíocht a rinneadh chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear faisnéis maidir le haon tuairim réasúnaithe arna heisiúint ag an gCoimisiún i ndáil le himeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste;

(c)

an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gCiste seo agus an tacaíocht a chuirtear ar fáil ó chistí eile de chuid an Aontais, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a rinneadh i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha;

(d)

rannchuidiú chlár an Bhallstáit le cur chun feidhme acquis ábhartha an Aontais agus pleananna gníomhaíochta ábhartha an Aontais agus le comhar agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit;

(e)

cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(f)

comhlíonadh na gcoinníollacha cumasaithe is infheidhme agus a gcur i bhfeidhm ar feadh na clárthréimhse, comhlíonadh cearta bunúsacha go háirithe;

(g)

an líon daoine a ligfear isteach trí athlonnú agus trí ligean isteach daonnúil faoi threoir na méideanna a leagtar amach in Airteagal 19;

(h)

líon na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó líon tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta arna n-aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile amhail dá dtagraítear in Airteagal 20;

(i)

cur chun feidhme tionscadal i dtríú tír nó i dtaca le tríú tír.

Áireofar sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht achoimre ina gcumhdófar na pointí ar fad a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na hachoimrí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil a aistriú go gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus go gcuirfear ar fáil go poiblí iad.

3.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a chur in iúl maidir leis na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaigheann sé iad. I gcás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl faoin spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha.

4.   Ar a shuíomh gréasáin, cuirfidh an Coimisiún na naisc ar fáil chuig na suíomhanna gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 49(1) den Rialachán (AE) 2021/1060.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

Airteagal 36

Ceanglais faireacháin agus tuairiscithe faoi bhainistíocht roinnte

1.   Le faireachán agus tuairisciú i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) 2021/1060 úsáidfear, mar is iomchuí, na cóid do na cineálacha idirghabhála a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo,. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun a áirithiú go ndéanfar an cistiú a chur chun feidhme go héifeachtach, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán seo chun Iarscríbhinn VI a leasú.

2.   Úsáidfear na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII den Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 16(1) agus le hAirteagail 22 agus 42 de Rialachán (AE) 2021/1060.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 37

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(1), an dara fomhír, Airteagal 16(9), Airteagal 19(9), Airteagal 20(9), Airteagal 21(5), Airteagal 33(2) agus (5) agus Airteagal 36(1) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1), an dara fomhír, Airteagal 16(9), Airteagal 19(9), Airteagal 20(9), Airteagal 21(5), Airteagal 33(2) agus (5) agus Airteagal 36(1) a chúlghairm aon tráth. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(1), an dara fomhír, Airteagal 16(9), Airteagal 19(9), Airteagal 20(9), Airteagal 21(5), Airteagal 33(2) nó (5) nó Airteagal 36(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 38

Nós imeachta coiste

1.   Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste do Chistí um Ghnóthaí Baile arna bhunú le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39). Beidh an coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 39

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí, ná do mhodhnú gníomhaíochtaí, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 516/2014, ar rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Speansais an chúnaimh theicniúil agus riaracháin is gá chun an t-aistriú idir an Ciste agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 516/2014, a áirithiú, féadfar na speansais sin a chumhdach freisin leis an imchlúdach airgeadais don Chiste.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 193(2), an dara fomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais, agus é á chur san áireamh go mbeidh moill ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus chun leanúnachas a áirithiú, féadfar a mheas, ar feadh tréimhse theoranta, go mbeidh na costais arna dtabhú i ndáil le gníomhaíochtaí faoi bhainistíocht dhíreach arna dtacú faoin Rialachán seo agus ar cuireadh tús leo cheana, incháilithe don mhaoiniú amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh.

4.   Féadfaidh na Ballstáit leanúint ar aghaidh tar éis an 1 Eanáir 2021 tacú le tionscadal arna roghnú agus arna thosú faoi Rialachán (AE) Uimh. 516/2014, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

baineann dhá chéim leis an tionscadal, ar féidir iad a shainaithint ó thaobh airgeadais de, le rianta iniúchóireachta ar leith;

(b)

is mó ná EUR 500 000 costas iomlán an tionscadail;

(c)

áireofar íocaíochtaí arna ndéanamh ag an údarás freagrach le tairbhithe don chéad chéim den tionscadal in iarrataí ar íocaíocht chuig an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus áireofar caiteachas don dara céim den tionscadal in iarratais ar íocaíocht faoi Rialachán (AE) 2021/1060;

(d)

leis an dara céim den tionscadal, comhlíonfar an dlí is infheidhme agus tá sí incháilithe le haghaidh tacaíochta ón gCiste faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2021/1060;

(e)

geallfaidh an Ballstát go dtabharfaidh sé an tionscadal chun críche, féachfaidh sé chuige go mbeidh sé oibríochtúil agus déanfaidh sé é a thuairisciú sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht arna tíolacadh faoin 15 Feabhra 2024.

Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo agus ag forálacha Rialachán (AE) 2021/1060 maidir leis an dara céim de thionscadal dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach le tionscadail a roghnaíodh faoi bhainistíocht roinnte de bhun Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 7 Iúil 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 184.

(2)  IO C 461, 21.12.2018, lch. 147.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (IO C 23, 21.1.2021, lch. 356) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 14 Meitheamh 2021 (IO C 259, 2.7.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena gcruthaítear an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe don tréimhse 2008 go 2013 mar chuid den Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce” agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/904/CE ón gComhairle (IO L 144, 6.6.2007, lch. 1).

(5)  Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2007 lena mbunaítear an Ciste Eorpach chun náisiúnaigh tríú tíortha a Lánpháirtiú don tréimhse 2007 go 2013 mar chuid den chlár ginearálta um “Dhlúthpháirtíocht agus um Bainistiú Sreabha Imirce” (IO L 168, 28.6.2007, lch. 18).

(6)  Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhilleadh don tréimhse 2008 go 2013 mar chuid den Chlár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce” (IO L 144, 6.6.2007, lch. 45).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 168).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (IO L 132, 29.5.2010, lch. 11).

(9)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(10)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(11)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).

(12)  Treoir 2009/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 lena bhforáiltear do chaighdeáin íosta i ndáil le smachtbhannaí agus bearta i gcoinne fostóirí náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach (IO L 168, 30.6.2009, lch. 24).

(13)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(16)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha comhchoiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo siúd agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Thacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorann agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(17)  Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 lena mbunaítear Gréasán Imirce na hEorpa (IO L 131, 21.5.2008, lch. 7).

(18)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(19)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(20)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(22)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(23)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(24)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(25)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(26)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (“Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(27)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(28)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(29)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(30)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lch. 112).

(31)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(32)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(33)  Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coitianta chun cosaint idirnáisiúnta a thabhairt agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

(34)  Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosanta coimhdí agus inneachar na cosanta a thugtar (IO L 337, 20.12.2011, lch. 9).

(35)  Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1).

(36)  Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).

(37)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha do rannpháirtíocht agus do scaipeadh, lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(38)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

(39)  Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le hAghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (Féach leathanach 48 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN I

CRITÉIR MAIDIR LE LEITHDHÁILEADH CISTÍ AR CHLÁIR NA mBALLSTÁT

1.   

Déanfar na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil faoi Airteagal 13 a mhiondealú idir na Ballstáit mar a leanas:

(a)

ag tús na clárthréimhse, gheobhaidh gach Ballstát méid seasta EUR 8 000 000 ón gCiste, cé is moite den Chipir, de Mhálta agus den Ghréig, a bhfaighidh gach ceann acu méid seasta EUR 28 000 000;

(b)

leithdháilfear fuílleach na n-acmhainní buiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 13 bunaithe ar na critéir seo a leanas:

35 % le haghaidh tearmainn;

30 % le haghaidh imirce dhleathach agus lánpháirtíochta;

35 % chun cur i gcoinne imirce neamhrialta, filleadh san áireamh.

2.

Cuirfear na critéir a leanas sa réimse um thearmann san áireamh agus déanfar iad a ualú mar a leanas:

(a)

30 % i gcomhréir le líon na ndaoine atá in aon cheann de na catagóirí seo a leanas:

aon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát a bhfuil an stádas arna shainmhíniú ag Coinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 maidir le Stádas Dídeanaithe arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967 dáfa dó;

aon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát a bhfuil ceart aige nó aici chun cineál cosanta coimhdí de réir bhrí Threoir 2011/95/AE;

aon náisiúnach tríú tír nó aon duine gan stát a bhfuil ceart aige nó aici chun cosaint shealadach de réir bhrí Threoir 2001/55/CE (1);

(b)

60 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát a chuir isteach ar chosaint idirnáisiúnta;

(c)

10 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír nó na ndaoine gan stát atá á n-athlonnú nó a athlonnaíodh i mBallstát.

3.

Tabharfar na critéir seo a leanas sa réimse um imirce dhleathach san áireamh agus déanfar iad a ualú mar a leanas:

(a)

50 % i gcomhréir le líon iomlán na náisiúnach tríú tír atá ina gcónaí go dleathach i mBallstát;

(b)

50 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír a fuair an chéad chead cónaithe; ní chuirfear na catagóirí daoine seo a leanas san áireamh, áfach:

náisiúnaigh tríú tír a bhfuil an chéad chead cónaithe obair-bhainteach a bheidh bailí ar feadh níos lú ná 12 mhí á eisiúint dóibh;

náisiúnaigh tríú tír a ligtear isteach chun críocha staidéir, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí i gcomhréir le Treoir 2004/114/CE ón gComhairle (2) nó, i gcás inarb infheidhme, le Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3);

náisiúnaigh tríú tír a ligtear isteach chun críocha taighde eolaíoch i gcomhréir le Treoir 2005/71/CE ón gComhairle (4) nó, i gcás inarb infheidhme, le Treoir (AE) 2016/801.

4.

Tabharfar na critéir seo a leanas sa réimse maidir le himirce neamhrialta, lena n-áirítear filleadh, a throid san áireamh agus déanfar iad a ualú mar a leanas:

(a)

70 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír nach gcomhlíonann na coinníollacha chun teacht isteach agus fanacht i gcríoch an Bhallstáit nó nach gcomhlíonann na coinníollacha sin a thuilleadh agus atá faoi réir cinneadh um fhilleadh faoin dlí náisiúnta, i.e. cinneadh nó gníomh riaracháin nó breithiúnach, ina luaitear nó ina ndearbhaítear gur fanacht neamhdhleathach í agus lena bhforchuirtear oibleagáid um fhilleadh;

(b)

30 % i gcomhréir le líon na náisiúnach tríú tír a d’fhág críoch an Bhallstáit go hiarbhír tar éis ordú riaracháin nó breithiúnach chun imeacht, cibé acu an ar bhonn deonach nó faoi chomhéigean a d’fhág siad.

5.

Bunófar na figiúirí tagartha don leithdháileadh tosaigh ar na sonraí staidrimh bliantúla ón gCoimisiún (Eurostat) i ndáil leis na blianta 2017, 2018 agus 2019 ar bhonn sonraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le dlí an Aontais. Maidir leis an athbhreithniú meántéarma, is ar na sonraí staidrimh bliantúla ón gCoimisiún (Eurostat) i ndáil leis na blianta 2021, 2022 agus 2023, ar bhonn sonraí arna gcur ar fáil ag Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais a bhunófar na figiúirí tagartha. I gcás nach bhfuil na staidrimh lena mbaineann curtha ar fáil ag Ballstáit don Choimisiún (Eurostat), cuirfidh siad na sonraí sealadacha ar fáil chomh luath agus is féidir.

6.

Sula nglactar na sonraí sin dá dtagraítear i mír 5 mar fhigiúirí tagartha, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht, ar chomparáideacht agus ar chríochnúlacht na faisnéise staidrimh i gcomhréir le gnáthnósanna imeachta oibríochta. Ar iarraidh ón gCoimisiún (Eurostat), déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis riachtanach ar fad a chur ar fáil dó chun na críche sin.

(1)  Sonraí nár cheart a chur san áireamh ach sa chás go ndéantar Treoir 2001/55/CE a ghníomhachtú.

(2)  Treoir 2004/114/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh tríú tír isteach chun críocha staidéar, malartaithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí (IO L 375, 23.12.2004, lch. 12).

(3)  Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha dul isteach agus cónaithe náisiúnach tríú tíortha chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).

(4)  Treoir 2005/71/CE ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2005 maidir le nós imeachta sonrach chun náisiúnaigh tríú tír a ligean isteach chun críche taighde eolaíoch (IO L 289, 3.11.2005, lch. 15).


IARSCRÍBHINN II

BEARTA CUR CHUN FEIDHME

1.   

Rannchuideoidh an Ciste leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (a), trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme a leanas:

(a)

feidhmiú aonfhoirmeach acquis an Aontais agus na dtosaíochtaí a bhaineann leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a áirithiú;

(b)

tacaíocht d’acmhainneacht chórais tearmainn na mBallstát maidir le bonneagair agus seirbhísí i gcás inar gá, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

(c)

comhar agus comhpháirtíocht le tríú tíortha a fheabhsú chun críche bainistiú a dhéanamh ar an imirce, lena n-áirítear trína n-acmhainneachtaí a fheabhsú chun cosaint daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a fheabhsú i gcomhthéacs na n-iarrachtaí maidir le comhar domhanda;

(d)

cúnamh teicniúil agus cúnamh oibríochtúil a sholáthar do Bhallstát amháin nó do roinnt Ballstát eile, lena n-áirítear i gcomhar le EASO.

2.   

Rannchuideoidh an Ciste leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (b), trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

tacú le forbairt agus cur chun feidhme beartas lena ndéantar an imirce dhleathach a chur chun cinn agus lena ndéantar acquis an Aontais um imirce dhleathach a chur chun feidhme, lena n-áirítear athaontú teaghlaigh agus forfheidhmiú caighdeán saothair;

(b)

tacú le bearta chun dul isteach rialta san Aontas agus cónaí ann a éascú;

(c)

comhar agus comhpháirtíocht le tríú tíortha a fheabhsú chun críche bainistiú a dhéanamh ar an imirce, lena n-áirítear trí bhealaí dleathacha dul isteach san Aontas, i gcomhthéacs iarrachtaí i ndáil le comhar domhanda i réimse na himirce;

(d)

bearta lánpháirtíochta a chur chun cinn maidir le cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch na náisiúnach tríú tír agus bearta cosanta le haghaidh daoine leochaileacha i gcomhthéacs na mbeart lánpháirtíochta, athaontú teaghlaigh a éascú, ullmhú do rannpháirtíocht ghníomhach na náisiúnach tríú tír sa tsochaí ghlactha agus dá nglacacht aici, le rannpháirtíocht údarás náisiúnta agus, go háirithe, údarás réigiúnach nó áitiúil agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí dídeanaithe agus eagraíochtaí faoi cheannas imirceach agus comhpháirtithe sóisialta.

3.   

Rannchuideoidh an Ciste leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (c), trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

a áirithiú go ndéanfar acquis an Aontais agus na tosaíochtaí beartais maidir le bonneagar, nósanna imeachta agus seirbhísí a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach;

(b)

tacú le cur chuige comhtháite agus comhordaithe maidir le bainistiú ar fhilleadh, ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát, maidir le hacmhainneachtaí a fhorbairt chun filleadh éifeachtach, díniteach agus inbhuanaithe a dhéanamh agus maidir le laghdú ar na dreasachtaí le haghaidh imirce neamhrialta;

(c)

tacú le filleadh cuidithe deonach, le baill teaghlach a lorg agus leis an ath-lánpháirtiú, agus leasanna an linbh á urramú freisin;

(d)

neartú ar an gcomhar le tríú tíortha agus ar a n-acmhainneacht maidir le hathligean isteach agus filleadh inbhuanaithe.

4.   

Rannchuideoidh an Ciste leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (d), trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

an dlúthpháirtíocht agus an comhar le tríú tíortha a ndéanann sreabha imirce difear dóibh a fheabhsú, lena n-áirítear trí athlonnú san Aontas agus trí bhealaí dlíthiúla eile i ndáil le cosaint san Aontas;

(b)

tacú le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.


IARSCRÍBHINN III

RAON FEIDHME NA TACAÍOCHTA

1.   

Leis an gCiste, laistigh den chuspóir beartais a leagtar amach in Airteagal 3(1), tacófar go háirithe:

(a)

le straitéisí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a bhunú agus a fhorbairt maidir le tearmann, imirce dhleathach, lánpháirtíocht, filleadh agus imirce neamhrialta i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais;

(b)

le struchtúir, uirlisí agus córais riaracháin a chur ar bun, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC), agus an fhoireann a oiliúint, lena n-áirítear fhoireann na n-údarás áitiúla agus geallsealbhóirí ábhartha eile i gcomhar le gníomhaireachtaí díláraithe ábhartha, i gcás inarb iomchuí;

(c)

le pointí teagmhála a bhunú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun treoir neamhchlaonta, faisnéis phraiticiúil agus cúnamh a sholáthar do thairbhithe féideartha agus d’eintitis incháilithe maidir le gach gné den Chiste seo;

(d)

le beartais agus nósanna imeachta a fhorbairt agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu lena n-áirítear faisnéis agus sonraí a bhailiú, a mhalartú agus a anailísiú, lena n-áirítear scaipeadh sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla agus staidrimh i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta, agus uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh coitianta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun dul chun cinn a thomhas agus forbairtí beartais a mheasúnú;

(e)

le faisnéis, na cleachtais is fearr agus straitéisí a mhalartú; le foghlaim fhrithpháirteach, staidéir agus taighde; le gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus oibríochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme; agus le líonraí comhair thrasnáisiúnta a chur ar bun;

(f)

le seirbhísí cúnaimh agus tacaíochta a chur ar fáil ar bhealach inscne-íogair agus atá comhsheasmhach le stádas agus riachtanais an duine lena mbaineann, daoine leochaileacha go háirithe;

(g)

le gníomhaíochtaí a dhírítear ar chosaint éifeachtach d’imircigh linbh, lena n-áirítear cur chun feidhme measúnuithe ar leas an linbh, neartú na gcóras caomhnóireachta, chomh maith le forbairt beartas agus nósanna imeachta maidir le cosaint leanaí agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu;

(h)

le gníomhaíochtaí a dhírítear ar fheasacht a fheabhsú i measc na ngeallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne i dtaca le beartais maidir le tearmann, lánpháirtíocht, imirce dhleathach agus filleadh, agus aird ar leith ar dhaoine leochaileacha, lena n-áirítear mionaoisigh;

2.   

Leis an gCiste, laistigh den chuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (a), tacófar go háirithe:

(a)

le cabhair ábhartha a chur ar fáil, lena n-áirítear cúnamh ag an teorainn;

(b)

le nósanna imeachta tearmainn a sheoladh i gcomhréir leis an acquis tearmainn, lena n-áirítear soláthar seirbhísí tacaíochta amhail aistriúchán agus ateangaireacht, cúnamh dlí, rianú teaghlaigh agus seirbhísí eile atá comhsheasmhach le stádas an duine lena mbaineann;

(c)

le hiarratasóirí a shainaithint a bhfuil riachtanais speisialta nós imeachta nó ghlactha acu, lena n-áirítear sainaithint luath na n-íospartach gáinneála d’fhonn iad a chur chuig sainseirbhísí amhail seirbhísí síceasóisialta agus athshlánaithe;

(d)

le sainseirbhísí amhail seirbhísí cáilithe síceasóisialta agus athshlánaithe a sholáthar d’iarratasóirí a bhfuil riachtanais speisialta nós imeachta nó ghlactha acu;

(e)

le bonneagar cóiríochta glactha a bhunú nó a fheabhsú, amhail bonneagar ar mhionscála a thugann aghaidh ar riachtanais teaghlach a bhfuil mionaoisigh iontu, lena n-áirítear an soláthar ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus lena n-áirítear go bhféadfadh níos mó ná aon Bhallstát amháin na saoráidí sin a úsáid ar bhonn comhpháirteach;

(f)

le cur le hacmhainneacht na mBallstát faisnéis faoin tír thionscnaimh a bhailiú, a anailísiú agus a chomhroinnt i measc a gcuid údarás inniúil;

(g)

le gníomhaíochtaí a bhaineann le cláir Athlonnaithe an Aontais nó le scéimeanna náisiúnta athlonnaithe agus scéimeanna um ligean isteach daonnúil lena n-áirítear nósanna imeachta a sheoladh chun iad a chur chun feidhme;

(h)

le cur le hacmhainneachtaí tríú tíortha chun feabhas a chur ar chosaint daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt chun córais chosanta a fhorbairt do leanaí ar imirce;

(i)

le roghanna malartacha éifeachtacha ar an gcoinneáil a bhunú, a fhorbairt agus a fheabhsú, go háirithe i ndáil le mionaoisigh neamhthionlactha agus teaghlaigh, agus lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cúram neamh-institiúidithe arna lánpháirtiú i gcórais náisiúnta cosanta leanaí.

3.   

Faoi chuimsiú an chuspóra shonraigh a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (b), leis an gCiste, tacófar:

(a)

le pacáistí faisnéise agus feachtais chun feasacht ar bhealaí dleathacha imirce chuig an Aontas a mhúscailt, lena n-áirítear faoi acquis an Aontais um imirce dhleathach;

(b)

le scéimeanna soghluaisteachta chuig an Aontas a fhorbairt, amhail scéimeanna imirce ciorclaí nó sealadaí, lena n-áireofaí oiliúint chun fostaitheacht a fheabhsú;

(c)

le comhar idir tríú tíortha agus na gníomhaireachtaí earcaíochta, na seirbhísí fostaíochtaí agus seirbhísí imirce na mBallstát;

(d)

le measúnú ar scileanna agus cáilíochtaí, lena n-áirítear taithí ghairmiúil, a fuarthas i dtríú tír, agus aitheantas dóibh, mar aon le measúnú ar a dtrédhearcacht agus a gcoibhéis leo siúd de chuid Bhallstát;

(e)

le cúnamh i gcomhthéacs iarratais ar athaontú teaghlaigh chun cur chun feidhme comhchuibhithe a áirithiú i gcás Treoir 2003/86/CE ón gComhairle (1);

(f)

le cúnamh, lena n-áirítear cúnamh dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil i ndáil le hathrú stádais le haghaidh náisiúnach tríú tír atá ina gcónaí go dleathach cheana féin i mBallstát, go háirithe i ndáil le stádas cónaithe dleathach faoi mar a shainítear é ar leibhéal an Aontais a fháil;

(g)

le cúnamh do náisiúnaigh tríú tír atá ag iarraidh a gcearta a fheidhmiú, go háirithe maidir le soghluaisteacht, faoi ionstraimí an Aontais i ndáil le himirce dhleathach;

(h)

le bearta lánpháirtíochta amhail tacaíocht shaincheaptha i gcomhréir le riachtanais na náisiúnach tríú tír agus cláir lánpháirtíochta a dhíríonn ar chomhairleoireacht, oideachas, teagasc teanga agus oiliúint eile amhail cúrsaí insealbhaithe saoránachta agus treoir ghairmiúil;

(i)

le gníomhaíochtaí lena gcuirtear comhionannas chun cinn i ndáil leis an rochtain ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha ag náisiúnaigh tríú tír agus lena soláthar do na seirbhisí sin do náisiúnaigh tríú tír, lena n-áirítear rochtain ar oideachas, cúram sláinte agus tacaíocht shíceasóisialta agus seirbhisí den sórt sin a chur in oiriúint do riachtanais an spriocghrúpa;

(j)

le comhar idir comhlachtaí rialtais agus neamhrialtais ar dhóigh chomhtháite, lena n-áirítear trí ionaid tacaíochta chomhordaithe um lánpháirtíocht, amhail ionaid ilfhreastail;

(k)

le gníomhaíochtaí lena gcumasaítear agus lena dtacaítear le teacht isteach agus rannpháirtíocht ghníomhach náisiúnach tríú tír sa tsochaí ghlactha agus gníomhaíochtaí lena gcuirtear glacadh sa tsochaí ghlactha chun cinn;

(l)

le malartuithe agus idirphlé a chur chun cinn idir náisiúnaigh tríú tír, an tsochaí ghlactha agus údaráis phoiblí, lena n-áirítear trí chomhairliúchán le náisiúnaigh tríú tír, agus trí idirphlé idirchultúrtha agus idirchreidimh;

(m)

le tógáil ar acmhainneacht na seirbhísí lánpháirtíochta arna soláthar ag údaráis áitiúla agus geallsealbhóirí ábhartha eile.

4.   

Faoi chuimsiú an chuspóra shonraigh a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (c), leis an gCiste, tacófar go háirithe:

(a)

le bonneagar oscailte glactha nó coinneála a bhunú nó a fheabhsú, lena n-áirítear go bhféadfadh níos mó ná Ballstát amháin na saoráidí sin a úsáid ar bhonn comhpháirteach;

(b)

le bearta ar roghanna éifeachtacha ar an gcoinneáil iad a thionscnamh, a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a fheabhsú lena n-áirítear bainistiú pobalbhunaithe de réir cáis, i dtaca le mionaoisigh neamhthionlactha agus teaghlaigh go háirithe;

(c)

le córais neamhspleácha agus éifeachtacha chun faireachán a dhéanamh ar an bhfilleadh éigeantach a thionscnamh agus a atreisiú, mar a leagtar síos in Airteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE;

(d)

le cur i gcoinne na ndreasachtaí don imirce neamhrialta, lena n-áirítear imircigh neamhrialta a fhostú, trí chigireachtaí éifeachtacha agus imleora bunaithe ar mheasúnú riosca, foireann a chur faoi oiliúint, sásraí a chur ar bun agus a chur chun feidhme trínar féidir le himircigh neamhrialta íocaíochtaí a éileamh ar ais agus gearáin a dhéanamh in aghaidh a bhfostóirí, agus feachtais faisnéise agus múscailte feasachta chun fostóirí agus imircigh neamhrialta a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí de bhun Threoir 2009/52/CE;

(e)

le hullmhúchán maidir le filleadh, lena n-áirítear bearta a ndéantar cinntí um fhilleadh mar gheall orthu, náisiúnaigh tríú tír a shainaithint, doiciméid taistil a eisiúint agus baill teaghlaigh a lorg;

(f)

le comhar leis na húdaráis chonsalacha agus le seirbhísí inimirce nó le húdaráis agus le seirbhísí ábhartha eile de thríú tíortha d’fhonn doiciméid taistil a fháil, filleadh a éascú agus athligean isteach a áirithiú lena n-áirítear trí oifigigh idirchaidrimh tríú tír a imlonnú;

(g)

le cúnamh maidir le filltí, go háirithe maidir le filleadh deonach cuidithe agus faisnéis maidir le cláir um fhilleadh deonach cuidithe, lena n-áirítear trí threoir shonrach a sholáthar maidir le leanaí i nósanna imeachta um fhilleadh;

(h)

le hoibríochtaí um dhíbirt, lena n-áirítear bearta gaolmhara, i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais, cé is moite de thacaíocht do threalamh comhéigneach;

(i)

le bearta chun tacú le filleadh inbhuanaithe an fhillí agus lena ath-lánpháirtiú, lena n-áirítear dreasachtaí airgid, oiliúint, socrúchán agus cúnamh fostaíochta agus tacaíocht tosaithe do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha;

(j)

le háiseanna agus seirbhísí tacaíochta i dtríú tíortha a áirithíonn cóiríocht shealadach iomchuí agus glacadh ar theacht do na fillithe agus, i gcás inarb iomchuí, aistriú tapa chuig cóiríocht phobalbhunaithe;

(k)

le comhar le tríú tíortha a bhaineann le cur i gcoinne na himirce neamhrialta agus a bhaineann le filleadh agus athligean isteach éifeachtach;

(l)

le bearta a bhfuil d’aidhm leo eolas a thabhairt ar na bealaí dleathacha imirce is iomchuí agus ar na rioscaí a ghabhann leis an inimirce neamhrialta;

(m)

le cúnamh agus gníomhaíochtaí i dtríú tíortha a chuidíonn chun feabhas a chur ar an gcomhar éifeachtach idir tríú tíortha agus an tAontas agus a Bhallstáit a bhaineann le filleadh agus athligean isteach agus chun tacú le hath-lánpháirtiú sa tsochaí tionscnaimh.

5.   

Faoi chuimsiú an chuspóra shonraigh a leagtar in Airteagal 3(2), pointe (d), leis an gCiste, tacófar go háirithe:

(a)

le haistrithe deonacha ó Bhallstát amháin go Ballstát eile a chur chun feidhme i gcás iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta;

(b)

le tacaíocht oibriúcháin i dtéarmaí baill foirne ar iasacht nó cúnamh airgeadais arna sholáthar ag Ballstát do Bhallstát eile a ndéanann dúshláin imirce difear dó, lena n-áirítear tacaíocht a chuirtear ar fáil don Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn;

(c)

le cur chun feidhme deonach scéimeanna náisiúnta um athlonnú nó um ligean isteach ar fhoras daonnúil;

(d)

le tacaíocht ó Bhallstát do Bhallstát eile a ndéanann dúshláin imirce difear dó, ó thaobh bonneagar glactha a bhunú nó a fheabhsú.


(1)  Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le ceart chun athaontú teaghlaigh (IO L 251, 3.10.2003 lch. 12.).


IARSCRÍBHINN IV

GNÍOMHAÍOCHTAÍ ATÁ INCHÁILITHE LE hAGHAIDH RÁTAÍ CÓMHAOINITHE NÍOS AIRDE I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAIL 15(3) AGUS 16(9)

Bearta lánpháirtíochta arna gcur chun feidhme ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí dídeanaithe agus eagraíochtaí faoi threoir imirceach;

Gníomhaíochtaí chun roghanna malartacha éifeachtacha ar choinneáil a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

Cláir um fhilleadh cuidithe deonach agus ath-lánpháirtíocht agus gníomhaíochtaí eile lena mbaineann;

Bearta lena spriocdhírítear ar dhaoine leochaileacha agus ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a bhfuil riachtanais speisialta glacachta agus/nó nós imeachta acu, lena n-áirítear bearta chun cosaint éifeachtach ar mhionaoisigh a áirithiú, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha, lena n-áirítear trí chórais chúraim mhalartacha, neamh-institiúidithe.


IARSCRÍBHINN V

CROÍTHÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 33(1)

Déanfar gach táscaire a bhaineann le daoine a thuairisciú de réir aoisghrúpaí (< 18, 18-60, > 60) agus de réir inscne.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (a)

1.

Líon na rannpháirtithe a mheasann go bhfuil an oiliúint úsáideach dá gcuid oibre.

2.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn 3 mhí tar éis na gníomhaíochta oiliúna go bhfuil na scileanna agus na hinniúlachtaí a sealbhaíodh le linn na hoiliúna á n-úsáid acu.

3.

An líon daoine a cuireadh i roghanna malartacha ar choinneáil, ina sonrófar, ar leithligh:

3.1.

an líon díobh ar mionaoisigh neamhthionlactha iad a cuireadh i roghanna malartacha ar choinneáil;

3.2.

an líon díobh ar teaghlaigh iad a cuireadh i roghanna malartacha ar choinneáil.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (b)

1.

Líon na rannpháirtithe a raibh cúrsa teanga ar bun acu a raibh feabhas leibhéal amháin ar a laghad, de réir an Chreata Chomhchoitinn Tagartha Eorpaigh le haghaidh Teangacha nó a choibhéis náisiúnta, tagtha ar a leibhéal inniúlachta i dteanga na tíre óstaí tar éis dóibh an cúrsa teanga a chríochnú;

2.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn gur chabhraigh an ghníomhaíocht lena lánpháirtiú;

3.

Líon na rannpháirtithe a rinne iarratas aitheantas nó measúnú a fháil ar a gcáilíocht nó scileanna a fuarthas i dtríú tír;

4.

Líon na rannpháirtithe a rinne iarratas ar stádas fadtéarmach cónaithe.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (c)

1.

Líon na bhfillithe a filleadh go deonach;

2.

Líon na bhfillithe a díbríodh;

3.

Líon na bhfillithe atá faoi réir roghanna malartacha ar choinneáil.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (d)

1.

Líon na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó na dtairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a aistríodh ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

2.

Líon na ndaoine a athlonnaíodh.

3.

Líon na ndaoine a ligeadh isteach ar fhoras daonnúil.

IARSCRÍBHINN VI

CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA

TÁBLA 1: CÓID DO DHIMINSEAN AN RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

I.

An Comhchóras Eorpach Tearmainn

001

Coinníollacha glactha

002

Nósanna imeachta tearmainn

003

Cur chun feidhme acquis an Aontais

004

Imircigh ar leanaí iad

005

Daoine a bhfuil riachtanais ghlactha agus nós imeachta speisialta acu

006

Cláir athlonnaithe de chuid an Aontais nó scéimeanna náisiúnta athlonnaithe nó ligin isteach ar fhoras daonnúil (Iarscríbhinn II, pointe 2(g))

007

Tacaíocht oibriúcháin

II.

Imirce dhleathach agus lánpháirtiú

001

Straitéisí lánpháirtíochta a fhorbairt

002

Íospartaigh na gáinneála ar dhaoine

003

Bearta lánpháirtíochta – faisnéis agus treoraíocht, ionaid ilfhreastail

004

Bearta lánpháirtíochta – oiliúint teanga

005

Bearta lánpháirtíochta – saoránaíocht agus oiliúint eile

006

Bearta lánpháirtíochta – tabhairt isteach, rannpháirtíocht, malartuithe sa tsochaí óstach

007

Bearta lánpháirtíochta – bunriachtanais

008

Bearta réamhimeachta

009

Scéimeanna soghluaisteachta

010

Cónaí dleathach a fháil

011

Daoine leochaileacha, lena n-áirítear mionaoisigh neamhthionlactha

012

Tacaíocht oibriúcháin

III.

Filleadh

001

Roghanna malartacha ar choinneáil

002

Coinníollacha glactha/coinneála

003

Nósanna imeachta um fhilleadh

004

Filleadh cuidithe deonach

005

Cúnamh ath-lánpháirtíochta

006

Oibríochtaí um Dhíbirt/Fhilleadh

007

Córas faireacháin ar fhilleadh éigeantach

008

Daoine leochaileacha, lena n-áirítear mionaoisigh neamhthionlactha

009

Bearta a thugann aghaidh ar dhreasachtaí le haghaidh imirce neamhrialta

010

Tacaíocht oibriúcháin

IV.

Dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chóir freagrachta

001

Aistrithe chuig Ballstát eile (“athshocrú”)

002

Tacaíocht ó Bhallstát amháin le Ballstát eile, lena n-áirithítear tacaíocht arna tabhairt do EASO

003

Athlonnú (Airteagal 19)

004

Ligean isteach ar fhoras daonnúil (Airteagal 19)

005

Tacaíocht, i dtéarmaí bhonneagar glactha, do Bhallstát eile

006

Tacaíocht oibriúcháin

V.

Cúnamh teicniúil

001

Faisnéis agus cumarsáid

002

Ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

003

Meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

004

Fothú acmhainneachta


TÁBLA 2: CÓID DO DHIMINSEAN AN CHINEÁIL GHNÍOMHAÍOCHTA

001

Straitéisí náisiúnta a fhorbairt

002

Fothú acmhainneachta

003

Oideachas agus oiliúint do náisiúnaigh tríú tír

004

Uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt

005

Faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú

006

Gníomhaíochtaí/oibríochtaí comhpháirteacha idir na Ballstáit

007

Feachtais agus faisnéis

008

Saineolaithe a mhalartú agus a thabhairt ar iasacht

009

Staidéir, treoirthionscadail, measúnuithe riosca

010

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla

011

Cúnamh agus seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír

012

Bonneagar

013

Trealamh


TÁBLA 3: CÓID DO DHIMINSEAN NA RIALAITHE MIONSONAITHE MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME

001

Gníomhaíochtaí atá faoi chumhdach Airteagal 15(1)

002

Gníomhaíochtaí sonracha

003

Gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV

004

Tacaíocht oibriúcháin

005

Cúnamh éigeandála


TÁBLA 4: CÓID DO DHIMINSEAN NA dTÉAMAÍ SONRACHA

001

Comhar le tríú tíortha

002

Gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le triú tíortha

003

Ní ceachtar díobh seo thuas


IARSCRÍBHINN VII

CAITEACHAS ATÁ INCHÁILITHE LE hAGHAIDH TACAÍOCHT OIBRIÚCHÁIN

Faoi na cuspóirí sonracha uile a leagtar amach in Airteagal 3(2), cumhdófar le tacaíocht oibriúcháin iad seo a leanas:

costais foirne;

costais seirbhíse, amhail trealamh a chothabháil nó a athsholáthar, lena n-áirítear córais TFC;

costais seirbhíse, amhail bonneagar a chothabháil agus a dheisiú.


IARSCRÍBHINN VIII

TÁSCAIRÍ ASCHUR AGUS TORTHAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 33(3)

Déanfar gach táscaire a bhaineann le daoine a thuairisciú de réir aoisghrúpa (< 18, 18-60, > 60) agus de réir inscne.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (a)

Táscairí aschuir

1.

Líon na rannpháirtithe a fuair tacaíocht, ina sonrófar, ar leithligh:

1.1.

líon na rannpháirtithe sin a fuair cúnamh dlíthiúil;

1.2.

líon na rannpháirtithe sin a thairbhigh de chineálacha eile tacaíochta seachas cúnamh dlíthiúil, lena n-áirítear faisnéis agus cúnamh i rith an nós imeachta tearmainn (1);

1.3.

líon na rannpháirtithe leochaileacha sin a fuair cúnamh.

2.

Líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna;

3.

Líon na n-áiteanna nuachruthaithe sa bhonneagar glactha i gcomhréir le acquis an Aontais, ina sonrófar, ar leithligh:

3.1.

líon na n-áiteanna nuachruthaithe sin do mhionaoisigh neamhthionlactha;

4.

Líon na n-áiteanna a athchóiríodh/athfheistíodh sa bhonneagar glactha i gcomhréir le acquis an Aontais, ina sonrófar, ar leithligh.

4.1.

líon na n-áiteanna sin a athchóiríodh nó a athfheistíodh do mhionaoisigh neamhthionlactha;

Táscairí toraidh

5.

Líon na rannpháirtithe a mheasann go bhfuil an oiliúint úsáideach dá gcuid oibre.

6.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn 3 mhí tar éis na gníomhaíochta oiliúna go bhfuil na scileanna agus na hinniúlachtaí a sealbhaíodh le linn na hoiliúna á n-úsáid acu;

7.

An líon daoine a cuireadh i roghanna malartacha ar choinneáil, ina sonrófar, ar leithligh:

7.1.

an líon díobh ar mionaoisigh neamhthionlactha iad a cuireadh i roghanna malartacha ar choinneáil;

7.2.

an líon díobh ar teaghlaigh iad a cuireadh i roghanna malartacha ar choinneáil.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (b)

Táscairí aschuir

1.

Líon na rannpháirtithe i mbearta réamhimeachta,

2.

Líon na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ar tugadh tacaíocht dóibh chun bearta lánpháirtíochta a chur chun feidhme,

3.

Líon na rannpháirtithe a fuair tacaíocht, ina sonrófar, ar leithligh:

3.1.

líon na rannpháirtithe sin a bhfuil cúrsa teanga ar bun acu;

3.2.

líon na rannpháirtithe sin a bhfuil cúrsa insealbhaithe saoránachta ar bun acu;

3.3.

líon na rannpháirtithe sin a fuair treoir phearsantaithe ghairmiúil.

4.

Líon na bpacáistí agus na bhfeachtas faisnéise chun feasacht a mhúscailt maidir le bealaí dleathacha imirce chuig an Aontas;

5.

Líon na rannpháirtithe a fhaigheann faisnéis nó cúnamh chun iarratas a dhéanamh ar athaontú teaghlaigh;

6.

Líon na rannpháirtithe a thairbhíonn de scéimeanna soghluaisteachta;

7.

Líon na dtionscadal lánpháirtíochta arb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an tairbhí;

Táscairí toraidh

8.

Líon na rannpháirtithe a raibh cúrsa teanga ar bun acu a raibh feabhas leibhéal amháin ar a laghad, de réir an Chreata Chomhchoitinn Tagartha Eorpaigh le haghaidh Teangacha nó a choibhéis náisiúnta, tagtha ar a leibhéal inniúlachta i dteanga na tíre óstaí tar éis dóibh an cúrsa teanga a chríochnú.

9.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn gur chabhraigh an ghníomhaíocht lena lánpháirtiú.

10.

Líon na rannpháirtithe a rinne iarratas aitheantas nó measúnú a fháil ar a gcáilíocht nó scileanna a fuarthas i dtríú tír.

11.

Líon na rannpháirtithe a rinne iarratas ar stádas cónaithe fadtéarmach.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (c)

Táscairí aschuir

1.

Líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna.

2.

Líon na n-ítimí trealaimh arna gceannach, lena n-áirítear líon na gcóras TFC arna gceannach/nuashonrú.

3.

Líon na bhfillithe a fuair cúnamh ath-lánpháirtíochta.

4.

Líon na n-áiteanna a cruthaíodh in ionaid choinneála.

5.

Líon na n-áiteanna a athfheistíodh/nó athchóiríodh in ionaid choinneála.

Táscairí toraidh

6.

Líon na bhfillithe a filleadh go deonach.

7.

Líon na bhfillithe a díbríodh.

8.

Líon na bhfillithe atá faoi réir roghanna malartacha ar choinneáil.

Cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2), pointe (d)

Táscairí aschuir

1.

An líon ball foirne arna n-oiliúint.

2.

Líon na rannpháirtithe a fuair tacaíocht réamhimeachta.

Táscairí toraidh

3.

Líon na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta nó na dtairbhithe cosanta idirnáisiúnta a aistríodh ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

4.

Líon na ndaoine a athlonnaíodh.

5.

Líon na ndaoine a ligeadh isteach ar fhoras daonnúil.

(1)  Is táscaire é sin a ghineann an córas go huathoibríoch chun críoch tuairiscithe, trí líon na rannpháirtithe a fuair cúnamh dlíthiúil a dhealú ó líon na rannpháirtithe a fuair tacaíocht. Is SFC2021 a ghineann na sonraí don táscaire chun críoch tuairiscithe. Ní gá do na Ballstáit sonraí a thuairisciú don táscaire seo, ná ní gá dóibh clocha míle ná spriocanna a shocrú.


15.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 251/48


RIALACHÁN (AE) 2021/1148 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2021

lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 77(2) agus 79(2), pointe (d) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart cuspóir an Aontais maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaint amach, inter alia, trí bhearta coiteanna maidir le trasnú teorainneacha inmheánacha ag daoine agus maidir le rialú teorann ag teorainneacha seachtracha agus tríd an gcomhbheartas víosaí agus ag an am céanna, an chothromaíocht chúramach idir saorghluaiseacht daoine ar thaobh amháin agus slándáil ar an taobh eile á caomhnú.

(2)

De bhun Airteagal 80 CFAE, tá beartais an Aontais maidir le seiceálacha teorann, le tearmann agus le hinimirce agus a gcur chun feidhme le rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta idir na Ballstáit, lena n-áirítear na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leis.

(3)

I nDearbhú na Róimhe arna shíniú an 25 Márta 2017, dhearbhaigh ceannairí 27 mBallstát a dtiomantas do dhul i mbun oibre i dtreo Eoraip shábháilte shlán agus d’Aontas a chruthú ina mothóidh na saoránaigh go léir sábháilte agus ina bhféadfaidh siad gluaiseacht faoi shaoirse, Aontas ina mbeidh na teorainneacha seachtracha daingnithe agus a mbeidh beartas imirce aige a bheidh éifeachtúil, freagrach agus inbhuanaithe, lena n-urramófar noirm idirnáisiúnta, chomh maith le hEoraip atá meáite ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht eagraithe a chomhrac.

(4)

Gach gníomhaíocht a chistítear faoin Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosa (an “Ionstraim”), a bhunaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a dhéantar i dtríú tíortha, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán leis na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear in acquis an Aontais, agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”), agus ba cheart iad a bheith i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu, go háirithe trí chomhlíonadh phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an non-refoulement a áirithiú.

(5)

Is é cuspóir beartais na hionstraime bainistiú comhtháite teorainneacha láidir éifeachtach san Eoraip ag na teorainneacha seachtracha a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus ar an gcaoi sin, rannchuidiú le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh den Aontas, agus, ag an am céanna, saorghluaiseacht na ndaoine atá laistigh de á cosaint agus acquis ábhartha an Aontais á urramú go hiomlán, mar aon le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta eile a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu.

(6)

Tá an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid go ndéanann siad cúramaí rialaithe ag teorainneacha, freagrach ar bhonn comhroinnte as bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, arna chur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ba cheart, leis an mbainistiú sin, rannchuidiú le trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, inimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc, agus sreabha imirceacha a bhainistiú go héifeachtach.

(7)

Ar cheann de phríomhchuspóirí chur chuige an Aontais a tíolacadh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 dar teideal “Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann”, sainaithníodh taisteal dlisteanach a éascú agus, ag an am céanna, imirce neamhrialta agus rioscaí slándála a chosc.

(8)

Tá tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais fíor-riachtanach chun bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme le tacú leis na Ballstáit, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha ag an am céanna, trasnú na dteorainneacha seachtracha a bhainistiú go héifeachtúil agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo ag na teorainneacha sin, rud a rannchuideodh le haghaidh a thabhairt ar choireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag gabháil léi.

(9)

Ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit chun cur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun cinn agus chun a áirithiú go mbeidh bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip go hiarbhír oibríochtúil. Tá na comhchodanna seo a leanas, inter alia, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1896, i mbainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip: rialú ag teorainneacha; oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála le linn faireachas teorann; anailís riosca; comhar idir na Ballstáit, lena n-áirítear tacaíocht arna comhordú ag Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta: comhar idirghníomhaireachta, lena n-áirítear malartú rialta faisnéise; comhar le tríú tíortha, bearta teicniúla agus oibríochtúla laistigh de limistéar Schengen a bhaineann le rialú ag teorainneacha agus atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar inimirce neamhdhlíthiúil agus chun chur i gcoinne na coireachta trasteorann ar bhealach níos fearr; úsáid na teicneolaíochta úrscothaí; sásra rialaithe cáilíochta agus sásraí dlúthpháirtíochta.

(10)

Leis an Ionstraim, ba cheart a bheith in ann an tacaíocht is gá a chur ar fáil do na Ballstáit chun íoschaighdeáin choiteanna maidir le faireachas ar theorainneacha seachtracha a chur chun feidhme, i gcomhréir le hinniúlachtaí na mBallstát, na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta agus an Choimisiúin faoi seach.

(11)

De bhrí go bhfuil údaráis chustaim na mBallstát ag glacadh le líon níos mó freagrachtaí a bhaineann le réimse na slándála go minic agus a chuirtear i gcrích ag na teorainneacha seachtracha, tá sé tábhachtach comhar idirghníomhaireachta a chothú mar chomhchuid de bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896. Is gá comhlántacht a áirithiú maidir le rialú ag teorainneacha agus rialú custaim ag na teorainneacha seachtracha trí thacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit. Le comhar idirghníomhaireachta, ní hamháin go neartófar rialuithe custaim chun gach cineál gáinneála a chomhrac, ach éascófar trádáil dhlisteanach agus taisteal freisin agus rannchuideofar le haontas custaim a bheidh slán agus éifeachtúil.

(12)

Dá bhrí sin, is gá an ciste a bheidh ina chomharba ar an gCiste Slándála Inmheánaí 2014-2020, arna bhunú le Rialacháin (AE) Uimh. 513/2014 (4) agus (AE) Uimh. 515/2014 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhunú, inter alia, trí Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (“an Ciste”) a chur ar bun.

(13)

Mar gheall ar na sainghnéithe dlíthiúla maidir le Teideal V CFAE agus na bunúis dlí éagsúla is infheidhme a bhaineann leis na beartais maidir le teorainneacha seachtracha agus maidir le rialú custaim, ní fhéadfar, ó thaobh an dlí de, an Ciste a bhunú mar ionstraim aonair.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Ciste a bhunú mar chreat cuimsitheach le haghaidh thacaíocht airgeadais an Aontais i réimse an bhainistithe teorann agus an bheartais víosaí ina gcuimsítear an Ionstraim chomh maith leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Threalamh Rialaithe Custaim, a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ba cheart comhlánú a dhéanamh ar an gcreat le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ar cheart tagairt a dhéanamh dó sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le bainistíocht roinnte.

(15)

Ba cheart, leis an Ionstraim, cur le torthaí agus infheistíochtaí a réamhtheachtaithe, an Ciste um Theorainneacha Seachtracha don tréimhse ó 2007 go 2013, a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse ó 2014 go 2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, agus ba cheart í a leathnú chun forbairtí nua a chur san áireamh.

(16)

Chun rialú aonfhoirmeach ardcháilíochta ag teorainneacha seachtracha a áirithiú agus chun taisteal dlisteanach thar theorainneacha seachtracha a éascú, ba cheart an Ionstraim a bheith ina rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, lena n-áirítear bearta a bhaineann le beartas, le dlí, le comhar córasach, le comhroinnt an ualaigh, le measúnú ar an staid agus le himthosca athraitheacha maidir le pointí trasnaithe d’imircigh neamhrialta, le pearsanra, le trealamh agus le teicneolaíocht, a d’fhéadfadh údaráis inniúla na mBallstát agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a dhéanamh ar leibhéil éagsúla, ag gníomhú i gcomhar le gníomhairí eile amhail comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála, agus Ceartais (eu-LISA), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), agus, i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

(17)

Leis an Ionstraim, ba cheart rannchuidiú le héifeachtúlacht próiseála víosaí a fheabhsú i dtaobh nósanna imeachta víosa a éascú do thaistealaithe bona fide agus i dtaobh na rioscaí a bhaineann le slándáil agus le himirce neamhrialta a bhrath agus a mheas. Go háirithe, ba cheart cúnamh airgeadais a chur ar fáil leis an Ionstraim chun tacú le próiseáil víosaí a dhigiteáil agus é mar chuspóir aige sin nósanna imeachta maidir le víosaí atá tapa, slán agus áisiúil don chliant a chur ar fáil chun tairbhe na n-iarratasóirí ar víosa agus na gconsalachtaí araon. Ba cheart cumhdach na seirbhísí consalachta ar fud an domhain a áirithiú leis an Ionstraim freisin. Ba cheart cur chun feidhme aonfhoirmeach agus nuachóiriú an chomhbheartais víosaí, chomh maith leis na bearta a eascraíonn as Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a chumhdach leis an Ionstraim freisin agus, ina theannta sin, cúnamh do na Ballstáit chun víosaí a eisiúint, lena n-áirítear víosaí a bhfuil bailíocht chríochach theoranta acu arna n-eisiúint ar fhorais dhaonnúla, ar chúiseanna leasa náisiúnta nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta i gcomhréir le acquis an Aontais maidir le víosaí.

(18)

Leis an Ionstraim, ba cheart tacú le bearta a bhfuil nasc acu le rialú ag teorainneacha seachtracha i gcríoch tíortha a bhfuil acquis Schengen mar chuid de chur chun feidhme an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip, lena neartaítear feidhmiú foriomlán limistéar Schengen.

(19)

Chun bainistiú na dteorainneacha seachtracha a fheabhsú, chun taisteal dlisteanach a éascú, chun rannchuidiú le cosc a chur le trasnuithe teorainneacha neamhrialta agus é a chomhrac, chun an comhbheartas víosaí a chur chun feidhme agus chun rannchuidiú le hardleibhéal slándála laistigh de réimse saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, ba cheart, leis an ionstraim, tacú le forbairt a dhéanamh ar chórais mhórscála TF i gcomhréir le dlí an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha. Leis an Ionstraim, ba cheart tacú freisin le bunú na hidir-inoibritheachta, a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2019/817 (12) agus (AE) 2019/818 (13) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sna Ballstáit idir na córais faisnéise de chuid an Aontais, eadhon an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), Eurodac, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), Córas Faisnéise Schengen (SIS), a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2018/1860 (17), (AE) 2018/1861 (18) agus (AE) 2018/1862 (19) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an córas láraithe ar leibhéal an Aontais chun Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), chun go mbeidh na córais faisnéise sin de chuid an Aontais agus a gcuid sonraí ag forlíonadh a chéile. Chomh maith leis sin, ba cheart, leis an Ionstraim, rannchuidiú le forbairtí riachtanacha ar an leibhéal náisiúnta tar éis chur chun feidhme na gcomhchodanna idir-inoibritheachta ar an leibhéal lárnach, eadhon an tairseach chuardaigh Eorpach (ESP), seirbhís chomhroinnte meaitseála bithmhéadraí (BMS comhroinnte), stóras coiteann sonraí céannachta (CIR) agus brathadóir ilchéannachta (MID).

(20)

Chun leas a bhaint as eolas agus saineolas na ngníomhaireachtaí díláraithe a bhfuil inniúlacht acu i réimsí an bhainistithe teorainneacha, an bheartais víosaí agus na gcóras mórscála TF, ba cheart don Choimisiún, ar bhealach tráthúil, rannpháirt a thabhairt do na gníomhaireachtaí ábhartha in obair an Choiste um Chistí Gnóthaí Baile arna bhunú leis an Rialachán seo, go háirithe ag tús agus ag meántéarma thréimhse an chlársceidealaithe. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann freisin rannpháirt a thabhairt do na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais san fhaireachán agus sa mheastóireacht, go háirithe d’fhonn a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí, a dtacófar leo leis an ionstraim, i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais. Leis an ionstraim, ba cheart na gníomhaíochtaí a chomhlánú agus a threisiú lena gcuirtear bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na freagrachta comhroinnte agus na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arb ionann iad agus dhá cholún an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh.

(21)

A mhéid a iarrfaidh na Ballstáit a ndéanfar difear dóibh amhlaidh, ba cheart leis an Ionstraim tacú le cur chun feidhme chur chuige na dteophointí mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2015 dar teideal “Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce” agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Meitheamh agus an 26 Meitheamh 2015 agus a shonraítear tuilleadh i Rialachán (AE) 2019/1896. Le cur chuige na dteophointí, cuirtear tacaíocht oibríochtúil ar fáil do na Ballstáit sin a bhfuil dúshláin dhíréireacha imirce rompu ag na teorainneacha seachtracha. Leis an gcur chuige sin, cuirtear cúnamh comhtháite, cuimsitheach agus spriocdhírithe ar fáil de mheon na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta comhroinnte. Is é a chiallaíonn sin, go háirithe, agus a gcláir a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte á dtarraingt suas ag na Ballstáit, gur cheart dóibh na huirlisí anailíse agus na treoirlínte oibríochtúla agus teicniúla a d’fhorbair an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chur san áireamh chomh maith leis na curaclaim oiliúna a d’fhorbair sí, amhail an lárchuraclam coiteann chun gardaí teorann a oiliúint, lena n-áirítear comhchodanna na gcuraclaim sin a bhaineann le cearta bunúsacha agus le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta. Chun comhlántacht idir cúraimí agus freagrachtaí na mBallstát maidir le rialú na dteorainneacha seachtracha, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú agus neamhéifeachtúlacht costais a sheachaint, ba cheart don Choimisiún, ar bhealach tráthúil, dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir leis na dréachtchláir arna dtíolacadh ag na Ballstáit a mhéid a thagann siad faoi réim inniúlachtaí na gníomhaireachta sin, go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi thacaíocht oibriúcháin.

(22)

De mheon na dlúthpháirtíochta agus na freagrachta comhroinnte maidir le teorainneacha seachtracha a chosaint, i gcás ina ndéanfar leochaileachtaí nó rioscaí a shainaithint, go háirithe tar éis mheastóireacht Schengen i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (21), ba cheart don Bhallstát lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar an ábhar ar bhealach leordhóthanach trí úsáid a bhaint as acmhainní faoina chlár chun moltaí a chur chun feidhme, ar moltaí iad a glacadh de bhun an Rialacháin sin agus i gcomhréir leis na measúnuithe leochaileachta arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896.

(23)

Ba cheart, leis an Ionstraim, cúnamh airgeadais a sholáthar do na Ballstáit sin a chuireann forálacha acquis Schengen maidir le teorainneacha seachtracha agus víosaí i bhfeidhm go hiomlán agus do na Ballstáit sin atá ag ullmhú do bheith iomlán rannpháirteach in Schengen, agus ba cheart do na Ballstáit í a úsáid ar mhaithe le comhbheartas an Aontais maidir leis na teorainneacha seachtracha a bhainistiú.

(24)

Cé go dtugtar, leis an Ionstraim seo, tacaíocht d’infheistíochtaí na mBallstát i mbainistiú teorainneacha, níor cheart leis an ionstraim cistiú a chur ar fáil le haghaidh bonneagar nua buan agus d’fhoirgnimh bhuana ag na teorainneacha inmheánacha áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós. Ag na teorainneacha sin, áfach, ba cheart, leis an Ionstraim, tacú le hinfheistíochtaí i mbonneagar sochorraithe le haghaidh rialú teorann agus leis an mbonneagar atá ann cheana a chothabháil, a uasghrádú go teoranta nó a athsholáthar, ar bonneagar é atá riachtanach chun leanúint de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) a chomhlíonadh.

(25)

I gcomhréir le Prótacal Uimh. 5 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003 maidir le hidirthuras daoine de thalamh idir réigiún Kaliningrad agus codanna eile de Chónaidhm na Rúise, leis an Ionstraim ba cheart aon chostas breise a íoc, ar costas é a thabhaítear i gcur chun feidhme fhorálacha sonracha acquis an Aontais lena gcumhdaítear idirthuras den sórt sin, eadhon Rialacháin (CE) Uimh. 693/2003 (23) agus (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle (24). Maidir leis an ngá atá le tacaíocht leanúnach airgeadais i gcomhair táillí tarscaoilte, ba cheart é a bheith ag brath, áfach, ar an gcóras víosaí atá i bhfeidhm ag an Aontas le Cónaidhm na Rúise.

(26)

Chun rannchuidiú le cuspóir beartais na hIonstraime a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-áirítear ina gcláir gníomhaíochtaí a thugann aghaidh ar chuspóirí sonracha uile na hIonstraime, agus go n-áirithítear, le leithdháileadh acmhainní i measc na gcuspóirí sonracha, gur féidir na cuspóirí sin a bhaint amach.

(27)

I gcomhréir le prionsabal na héifeachtúlachta, ba cheart sineirgí agus comhsheasmhacht a lorg le cistí eile de chuid an Aontais, agus ba cheart forluí idir na gníomhaíochtaí a sheachaint.

(28)

Tá filleadh náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag Ballstát ar cheann de chomhchodanna an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1896. Mar gheall ar a nádúr agus ar a cuspóir, áfach, ní thagann bearta i réimse an fhillte faoi raon feidhme thacaíocht na hIonstraime ach cumhdaítear faoi Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25) iad.

(29)

Chun aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach atá ag údaráis chustaim na mBallstát ag na teorainneacha seachtracha agus chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain acmhainní ar fáil dóibh chun raon leathan a gcuid cúraimí ag na teorainneacha sin a chur chun feidhme, leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Threalamh Rialaithe Custaim, ba cheart an cistiú riachtanach a sholáthar do na húdaráis náisiúnta sin chun infheistíocht a dhéanamh i dtrealamh chun rialú custaim a dhéanamh, chomh maith le trealamh ar féidir cuspóirí eile a bheith leis i dteannta rialú custaim, amhail rialú a dhéanamh ar theorainneacha.

(30)

Den chuid is mó, d’fhéadfadh trealamh rialaithe custaim agus córais um theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) a bheith curtha in oiriúint go cothrom nó go teagmhasach do rialuithe ar chomhlíonadh le gníomhartha dlí eile an Aontais, amhail forálacha maidir le bainistiú teorainneacha, le víosaí nó le comhar póilíneachta. Dá bhrí sin, tá an Ciste curtha le chéile mar dhá ionstraim chomhlántacha a bhfuil dhá raon feidhme éagsúla ach comhlántacha acu chun trealamh a cheannach. Ar thaobh amháin, leis an Ionstraim, tabharfar tacaíocht airgeadais do threalamh agus do chórais TFC arb é a bpríomhchuspóir an bainistiú comhtháite teorainneacha agus féadfar iad a úsáid freisin i réimse comhlántach an rialaithe custaim. Ar an taobh eile, ní hamháin go mbeidh tacaíocht airgeadais ar fáil ón Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Threalamh Rialaithe custaim do threalamh arb é a phríomhchuspóir rialuithe custaim agus féadfar é a úsáid freisin chun críoch breise amhail rialuithe ag teorainneacha agus slándáil. Le dáileadh den sórt sin atá á dhéanamh ar róil, cothófar leis comhar idirghníomhaireachta mar chomhchuid den bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1896 agus, dá réir sin, féadfaidh na húdaráis chustaim agus na húdaráis teorann oibriú le chéile agus tionchar bhuiséad an Aontais a uasmhéadú trí chomhroinnt agus trí idir-inoibritheacht an trealaimh rialaithe.

(31)

Tá faireachas teorann ar muir ar cheann d’fheidhmeanna a dhéanann gardaí cósta i réimse muirí an Aontais. Na húdaráis náisiúnta a chuireann feidhmeanna garda cósta i gcrích, tá freagracht orthu freisin i leith raon leathan cúraimí, a bhfhéadfadh an tsábháilteacht mhuirí, an tslándáil mhuirí, oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, rialú teorann, rialú ar iascach, rialú custaim, forfheidhmiú ginearálta an dlí agus cosaint an chomhshaoil ar áireamh leo ach gan bheith teoranta dóibh sin. I ngeall ar raon leathan fheidhmeanna garda cósta, cuirtear faoi shainchúram bheartais éagsúla de chuid an Aontais iad, agus ba cheart dóibh sineirgí a lorg chun torthaí níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a bhaint amach.

(32)

Agus gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Ionstraim a bhaineann le faireachas teorann muirí á gcur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar a n-oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir. I ndáil leis sin, ba cheart é a bheith indéanta trealamh agus córais a dtacófar leo faoin Ionstraim a úsáid in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríocht faireachais teorann ar muir.

(33)

I dteannta comhar an Aontais maidir le feidhmeanna garda cósta idir an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), ba cheart comhleanúnachas feabhsaithe i ndáil leis na gníomhaíochtaí sa réimse muirí a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta freisin. Ba cheart sineirgí idir na gníomhaithe éagsúla sa réimse muirí a bheith i gcomhréir le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus le straitéisí um shlándáil mhuirí.

(34)

Chun comhlántacht na ngníomhaíochtaí muirí a neartú agus chun comhsheasmhacht na ngníomhaíochtaí sin a threisiú, chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus chun srianta buiséadacha a laghdú i réimse gníomhaíochtaí costasacha amhail an réimse muirí, ba cheart é a bheith indéanta, sa bhreis air sin, an Ionstraim a úsáid chun tacú le hoibríochtaí muirí de chineál ilchuspóireach.

(35)

Ba cheart a bheith in ann freisin úsáid a bhaint as trealamh agus córais TFC arna maoiniú faoin Ionstraim, chun cuspóirí an Chiste Slándála Inmheánaí arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) agus an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1147. Ba cheart trealamh agus córais TFC den sórt sin a bheith ar fáil i gcónaí agus a bheith in-imscartha le haghaidh gníomhaíochtaí rialaithe teorann atá éifeachtach agus slán agus ba cheart úsáid threalamh agus chórais TFC le haghaidh chuspóirí an Chiste Slándála Inmheánaí agus an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht a bheith teoranta ó thaobh ama de.

(36)

Ba cheart, leis an Ionstraim, i gcomhréir lena cuspóirí sonracha, fónamh go príomha do bheartas inmheánach an Aontais. Ag an am céanna, ba cheart, leis an Ionstraim, a bheith in ann, i gcás inarb iomchuí, tacú le gníomhaíochtaí i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme ar bhonn sineirge agus comhleanúnachas iomlán le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas agus ba cheart na bearta sin a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais. Ba cheart, go háirithe, gníomhaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme ar bhealach lena n-áirithítear comhleanúnachas iomlán le beartas seachtrach an Aontais, ar bhealach lena urramaítear an prionsabal maidir le comhtháthú an bheartais le haghaidh forbartha agus ar bhealach a bheadh comhsheasmhach leis na doiciméid chlársceidealaithe straitéisigh le haghaidh na tíre nó an réigiúin i gceist. Ba cheart gníomhaíochtaí den sórt sin a bheith dírithe freisin ar bhearta nach bhfuil dírithe ar fhorbairt, fónamh do leasanna bheartais inmheánacha an Aontais agus a bheith comhsheasmhach leis na gníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den Aontas. Ina mheastóireachtaí meántéarma agus siarghabhálacha, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar ghníomhaíochtaí a chur chun feidhme i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha.

(37)

Ba cheart cistiú ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil ina leith i gcomparáid le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit amháin. Ós rud é go bhfuil seasamh níos fearr ag an Aontas ná mar atá ag na Ballstáit creat a sholáthar chun dlúthpháirtíocht an Aontais a léiriú maidir le bainistiú ag teorainneacha agus leis an gcomhbheartas víosaí agus chun ardán a chur ar fáil chun comhchórais mhórscála TF a fhorbairt a bheidh mar bhonn taca leis na beartais sin, leis an tacaíocht airgeadais arna soláthar faoin Rialachán seo, rannchuideofaí, go háirithe, le cumas náisiúnta agus cumas an Aontais a neartú sna réimsí sin.

(38)

Agus gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim á gcur chun cinn, ba cheart d’fhaighteoirí cistiúcháin ón Aontas faisnéis a chur ar fáil i dteanga nó i dteangacha an spriocphobail. Chun infheictheacht chistiú an Aontais a áirithiú, ba cheart d’fhaighteoirí an chistithe sin tagairt dá bhunús agus cumarsáid á déanamh acu maidir leis an ngníomhaíocht. Chuige sin, ba cheart d’fhaighteoirí a áirithiú, maidir le gach cumarsáid chuig na meáin nó chuig an bpobal, go mbeidh suaitheantas an Aontais le sonrú iontu agus go luafar go sainráite an tacaíocht airgeadais ón Aontas.

(39)

Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann acmhainní airgeadais a úsáid faoin Ionstraim seo chun dea-chleachtais agus an malartú faisnéise a chur chun cinn a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na hIonstraime.

(40)

Ba cheart don Choimisiún faisnéis maidir leis an tacaíocht arna soláthar ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach a fhoilsiú ar bhealach tráthúil agus ba cheart dó faisnéis den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí. Ba cheart a bheith in ann na sonraí a shórtáil de réir cuspóir sonrach, ainm an tairbhí, an mhéid a gealladh go dlíthiúil agus chineál agus chuspóir an bhirt.

(41)

Féadfar a mheas nach bhfuil an acquis ábhartha de chuid an Aontais á chomhlíonadh ag Ballstát, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le tacaíocht oibriúcháin faoin Ionstraim, i gcás nár chomhlíon sé a chuid oibleagáidí faoi na Conarthaí sna réimsí a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus beartas víosaí, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí maidir le cearta bunúsacha, i gcás ina bhfuil baol soiléir ann go sáródh an Ballstát sin luachanna an Aontais agus an acquis maidir le bainistiú teorainneacha agus beartas víosaí á chur chun feidhme aige, nó i gcás inar sainaithníodh easnaimh sa réimse ábhartha i dtuarascáil mheastóireachta faoi fhaireacháin Schengen agus sásra meastóireachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013.

(42)

Leis an Ionstraim, ba cheart a áirithiú go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Chun ceanglais trédhearcachta a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún faisnéis a fhoilsiú maidir le cláir oibre bhliantúla agus ilbhliantúla na saoráide téamaí. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1060, ba cheart do gach Ballstát a áirithiú, laistigh de 6 mhí ó formheasadh a chláir, go bhfuil suíomh gréasáin curtha ar bun, ar a bhfuil fáisnéis maidir lena chlár ar fáil, lena gcumhdaítear cuspóirí, gníomhaíochtaí, deiseanna cistithe atá ar fáil agus an méid atá bainte amach.

(43)

Ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo na méideanna tosaigh le haghaidh chláir na mBallstát, méideanna ina mbeidh méideanna socraithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus arna ríomh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos san Iarscríbhinn sin agus, ar critéir iad lena léirítear fad na gcodanna talún agus mara agus na leibhéil tionchair ag codanna talún agus mara, an t-ualach oibre ag na haerfoirt agus ag na consalachtaí agus líon na gconsalachtaí. I bhfianaise riachtanais speisialta atá ag na Ballstáit sin ina ndearnadh an líon is airde iarratas ar thearmann per capita in 2018 agus in 2019, is iomchuí na méideanna socraithe a mhéadú don Chipir, do Mhálta agus don Ghréig.

(44)

Ba cheart do na méideanna tosaigh le haghaidh chláir na mBallstát a bheith mar bhonn d’infheistíochtaí fadtéarmacha na mBallstát. Chun athruithe ar an staid bhonnlíne a chur san áireamh, amhail brú ar theorainneacha seachtracha agus an t-ualach oibre ag na teorainneacha seachtracha agus ag consalachtaí, ba cheart méid breise a leithdháileadh ar na Ballstáit ag meántéarma na clárthréimhse agus ba cheart an méid sin a bheith bunaithe ar na sonraí staitistiúla i gcomhréir le hIarscríbhinn I, agus staid chur chun feidhme a gclár á cur san áireamh.

(45)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht mheántéarmach a dhéanamh ar an Rialachán seo. Ba cheart an mheastóireacht mheántéarmach sin a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar bhreisluach Aontais na hIonstraime agus forléargas trédhearcach ar an gcaoi inar cuireadh an Ionstraim chun feidhme a sholáthar.

(46)

De bhrí go mbíonn dúshláin i réimse an bhainistithe teorainneacha agus an bheartais víosaí ag teacht chun cinn de shíor, is gá leithdháileadh cistithe a chur in oiriúint d’athruithe i dtosaíochtaí i dtaca le beartas víosaí agus bainistiú teorainneacha, lena n-áirítear athruithe de thoradh brú méadaithe ag an teorainn, agus is gá cistiú a stiúradh i dtreo na dtosaíochtaí a bhfuil breisluach Aontais is airde ag baint leo. Chun freagairt ar riachtanais phráinneacha agus ar athruithe ar bheartais agus ar thosaíochtaí an Aontais, agus chun cistiú a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a bhfuil ardleibhéal breisluacha Aontais ag baint leo, ba cheart cuid den chistiú a leithdháileadh go tráthrialta, trí shaoráid théamach, ar ghníomhaíochtaí sonracha, ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus ar chúnamh éigeandála. Leis an tsaoráid théamach, tá solúbthacht ann i mbainistiú na hionstraime agus d’fhéadfaí, freisin, í a chur chun feidhme trí chláir na mBallstát.

(47)

Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun cuid dá leithdháileadh don chlár a úsáid chun na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chistiú trí leas a bhaint as ranníocaíocht níos airde ón Aontas.

(48)

Ba cheart don Ionstraim a bheith ina rannchuidiú le tacaíocht a thabhairt do na costais oibriúcháin a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus leis an gcomhbheartas víosaí agus le córais mhórscála TF agus chun cur ar chumas na mBallstát na cumais sin atá ríthábhachtach don Aontas ina iomláine a choinneáil. Ba cheart costais shonracha a bhaineann le cuspóirí na hIonstraime a aisíoc ina n-iomláine a bheith i gceist le tacaíocht den sórt sin agus ba cheart an méid sin a bheith mar chuid lárnach de chláir na mBallstát.

(49)

D’fhéadfaí cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoin Ionstraim a leithdháileadh ar chláir na mBallstát chun gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme i dteannta a leithdháilte tosaigh. Ba cheart na gníomhaíochtaí sonracha sin a shainaithint ar leibhéal an Aontais agus ba cheart baint a bheith acu le gníomhaíochtaí a bhfuil breisluach Aontais acu agus lena gceanglaítear comhar idir na Ballstáit nó gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh ina leith chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí san Aontais ar gá cistiú breise a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó ina leith, amhail trealamh teicniúil a cheannach trí chláir na mBallstát, ar trealamh é a bhfuil gá ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta leis chun a gníomhaíochtaí oibríochtúla a fheidhmiú, próiseáil iarratas ar víosa a nuachóiriú, córais mhórscála TF a fhorbairt agus idir-inoibritheacht idir na córais sin a bhunú. Ba cheart don Choimisiún na gníomhaíochtaí sonracha sin a leagan amach ina chláir oibre.

(50)

Chun cur chun feidhme chuspóir beartais na hIonstraime sin a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta trí chláir na mBallstát, ba cheart tacaíocht a sholáthar leis an Ionstraim freisin do ghníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh chun críoch straitéiseacha foriomlána a bhaint amach laistigh de raon feidhme idirghabhála na hIonstraime i ndáil le hanailís ar bheartais agus nuálaíocht, le foghlaim fhrithpháirteach thrasnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí agus le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a thriail ar fud an Aontais.

(51)

Chun acmhainneacht an Aontais a neartú chun aghaidh a thabhairt láithreach ar riachtanais phráinneacha agus shonracha i staid éigeandála, amhail insreabhadh mór nó díréireach de náisiúnaigh tríú tír, go háirithe ag na codanna sin den teorainn a sainaithníodh leibhéal tionchair ard nó géibheannach ina leith faoi Rialachán (AE) 2019/1896, nó i staideanna eile inar tugadh bunús cuí leo go bhfuil gá le gníomhaíocht láithreach ag na teorainneacha seachtracha, ba cheart é a bheith indéanta cúnamh éigeandála a sholáthar, i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach sa Rialachán seo.

(52)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán na hIonstraime arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (29), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Déantar an príomh-mhéid tagartha a leithdháiltear ar an ionstraim a mhéadú de EUR 1 bhilliún i bpraghsanna 2018 mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (30).

(53)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an Ionstraim. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(54)

Chun gníomhaíochtaí faoin mbainistíocht roinnte a chur chun feidhme, ba cheart an Ionstraim a bheith ina cuid de chreat comhleanúnach ina mbeidh an Rialachán seo, an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) 2021/1060.

(55)

Le Rialachán (AE) 2021/1060, bunaítear an creat gníomhaíochta do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, don Chiste um Aistriú Cóir, don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíochta, don Chiste Slándála Inmheánaí agus don Ionstraim le haghaidh Cúnamh Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, agus leagtar síos ann, go háirithe, na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht, bainistiú agus rialú cistí an Aontais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte. Ina theannta sin, is gá cuspóirí na hIonstraime i leith bainistiú teorainneacha agus beartas víosaí sa Rialachán seo a shonrú, agus forálacha sonracha a leagan síos a bhaineann le gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú faoin Ionstraim.

(56)

Leagtar amach scéim réamh-mhaoiniúcháin le haghaidh na hIonstraime i Rialachán (AE) 2021/1060, agus leagtar amach ráta sonrach réamh-mhaoiniúcháin sa Rialachán seo. Ina theannta sin, chun a áirithiú gur féidir freagairt go pras ar staideanna éigeandála, is iomchuí ráta réamh-mhaoiniúcháin sonrach a bhunú le haghaidh cúnamh éigeandála. Leis an scéim réamh-mhaoiniúcháin, ba cheart a áirithiú gurb acmhainn don Bhallstát tacaíocht a chur ar fáil do thairbhithe ó thús chur chun feidhme a gclár.

(57)

Ba cheart na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar an gcumas atá acu cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a sholáthar agus, go háirithe, na costais a bhaineann le rialuithe, ualaí riaracháin agus an baol a bhaineann le neamhchomhlíonadh á gcur san áireamh. Agus an cinneadh sin á dhéanamh, ba cheart úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil baint aige le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a mheas.

(58)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní incháilithe na costais do mhaoiniú an Aontais a thabhófar roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun nach gcuirfí isteach ar thacaíocht an Aontais ar bhealach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, ba cheart a bheith in ann a mheas, ar feadh tréimhse theoranta ama ag tús an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, go mbeidh na costais, arna dtabhú i ndáil le gníomhaíochtaí a dtacófar leo faoin Rialachán seo faoi bhainistíocht dhíreach agus ar cuireadh tús leo cheana, incháilithe do mhaoiniú an Aontais amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh.

(59)

Chun an leas is fearr a bhaint as prionsabal an iniúchta aonair, is iomchuí rialacha sonracha a shocrú maidir le rialú agus iniúchadh tionscadal inarb iad eagraíochtaí idirnáisiúnta, a ndearna an Coimisiún measúnú dearfach ar a gcórais rialaithe inmheánacha, na tairbhithe. I gcás tionscadal den sórt sin, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis bhainistíochta a bhfíoruithe bainistíochta a theorannú ar choinníoll go ndéanann an tairbhí na sonraí agus an fhaisnéis uile is gá maidir le dul chun cinn an tionscadail agus incháilitheacht an chaiteachais fholuitigh a sholáthar go tráthúil. Ina theannta sin, i gcás inar cuid de shampla iniúchóireachta é tionscadal a chuireann eagraíocht idirnáisiúnta den sórt sin chun feidhme, ba cheart don údarás iniúchóireachta a bheith in ann a chuid oibre a dhéanamh i gcomhréir le prionsabail an Chaighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Seirbhísí Gaolmhara (ISRS) 4400, “Cúraimí a dhéanamh i ndáil le Nósanna Imeachta arna gComhaontú maidir le Faisnéis Airgeadais”.

(60)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (33), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (34) agus (AE) 2017/1939 (35) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le haisghabháil na gcistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú go hiomlán le hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais, agus gach cúnamh is gá a thabhairt dóibh, i dtaobh leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(61)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(62)

De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (37), tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha nó críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí na hIonstraime agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(63)

De bhun Airteagal 349 CFAE agus i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017, dar teideal “Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas Eorpach”, arna formhuiniú ag an gComhairle ina conclúidí an 12 Aibreán 2018, ba cheart do na Ballstáit ábhartha a áirithiú go dtabharfar aghaidh ina gcláir ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, ar bagairtí iad nach mór do na réigiúin is forimeallaí dul i ngleic leo. Leis an Ionstraim, ba cheart tacú leis na Ballstáit sin trí acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun cuidiú leis na réigiúin is forimeallaí de réir mar is iomchuí.

(64)

De bhun mhír 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (38), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an Ionstraim ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna, ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na hIonstraime ar an talamh. Chun an méid atá bainte amach ag an Ionstraim a thomhas, ba cheart táscairí agus spriocanna gaolmhara a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach den Ionstraim. Ar na táscairí sin, ba cheart táscairí cáilíochta agus cainníochtúla a áireamh.

(65)

Ag léiriú a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais chun Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (39) a chur chun feidhme, agus leis an ngealltanas maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo rannchuidiú leis an sprioc foriomlán a bhaint amach gurbh é 30 % de chaiteachas uile an chreata airgeadais ilbhliantúil a bheadh á chaitheamh ar phríomhshruthú cuspóirí aeráide agus le dul i mbun oibre i dtreo na huaillmhéine gurbh é 7,5 % den bhuiséad a bheadh á chaitheamh ar chaiteachas bithéagsúlachta in 2024 agus 10 % in 2026 agus in 2027, agus an forluí atá ann cheana idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta á chur san áireamh. Ba cheart, leis an Ionstraim, tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramófaí caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus nach ndéanfaí aon díobháil shuntasach leo do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40).

(66)

Maidir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) agus le haon ghníomh is infheidhme maidir le clárthréimhse 2014-2020, ba cheart leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir le cláir agus tionscadail lena dtacaítear leo faoin Ionstraim le linn chlárthréimhse 2014-2020. Ós rud é go mbeidh forluí idir tréimhse chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus an chlárthréimhse a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus chun comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme tionscadal áirithe arna bhformheas faoin Rialachán sin, ba cheart forálacha maidir le céimniú na dtionscadal a leagan síos. Ba cheart gach céim ar leith den tionscadal a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na clárthréimhse faoina bhfaigheann sé cistiú.

(67)

Trí tháscairí agus trí thuairisciú airgeadais, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hIonstraime i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060 agus an Rialacháin seo. Ón mbliain 2023 ar aghaidh, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht lena gcumhdófar an bhliain chuntasaíochta is déanaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart faisnéis a bheith sna tuarascálacha sin maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme chláir na mBallstát. Ba cheart do na Ballstáit achoimrí ar na tuarascálacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart don Choimisiún na hachoimrí sin a aistriú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus iad a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin, in éineacht le naisc chuig suíomhanna gréasáin na mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/1060.

(68)

Chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn III, an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh rátaí cómhaoinithe níos airde in Iarscríbhinn IV, tacaíocht oibriúcháin faoi Iarscríbhinn VII agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(69)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42). Ba cheart úsáid an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun le haghaidh gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe oibleagáidí maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na socruithe mionsonraithe a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Choimisiún i gcreat an chlársceidealaithe agus an tuairiscithe, ós rud é gur de chineál teicniúil amháin iad. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a bhaineann le cinntí maidir le dámhactain cúnaimh éigeandála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cineál agus cuspóir cúnaimh den sórt sin, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(70)

Níor cheart rannpháirtíocht Bhallstáit san Ionstraim seo a bheith ag teacht lena rannpháirtíocht in ionstraim airgeadais shealadach de chuid an Aontais lena dtacaítear leis na Ballstáit is tairbhithe chun, inter alia, gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an Aontais chun acquis Schengen maidir le teorainneacha agus víosaí agus rialú ag teorainneacha seachtracha a chur chun feidhme.

(71)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(72)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme (43), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, rud a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointí A agus B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (44).

(73)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme (45), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointí A agus B de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (46).

(74)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme (47), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointí A agus B de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (48).

(75)

Chun cineál agus modhanna rannpháirtíocht na dtíortha atá comhlachaithe le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen san Ionstraim, agus na modhanna a bhaineann leis an rannpháirtíocht sin, a shonrú, ba cheart socruithe breise a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus na tíortha sin faoi fhorálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais faoi seach. Ba cheart gurb éard a bheadh i socruithe den sórt sin comhaontuithe idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 218 CFAE. D’fhonn aon bhearna a d’fhéadfadh a bheith ann idir an tráth a mbeidh an ionstraim sin ceangailteach ar an tír lena mbaineann agus teacht i bhfeidhm na socruithe a íoslaghdú, is iomchuí tús a chur leis an gcaibidlíocht faoi shocruithe den chineál sin a luaithe is féidir tar éis do pé tír a bheidh i gceist fógra a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún faoina cinneadh glacadh le hábhar na hionstraime agus é a chur chun feidhme ina dlíchóras inmheánach. Ba cheart socruithe den chineál sin a thabhairt i gcrích tar éis don tír lena mbaineann fógra a thabhairt i scríbhinn gur comhlíonadh a ceanglais inmheánacha ar fad.

(76)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, ba cheart don Danmhairg a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(77)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (49);dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(78)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093.

(79)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar an cur chun feidhme a thosú ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (“an Ionstraim”), mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (“an Ciste”), don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Leis an Rialachán seo, i gcomhpháirt le Rialachán (AE) 2021/1077, bunaítear an Ciste don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Leis an Rialachán seo, leagtar síos cuspóir beartais na hIonstraime, cuspóirí sonracha na hIonstraime agus bearta chun na cuspóirí sonracha sin a chur chun feidhme, an buiséad don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “pointe trasnaithe teorann” pointe trasnaithe teorann mar a shainmhínítear é i bpointe 8 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(2)

ciallaíonn “bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip” bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/1896;

(3)

ciallaíonn “teorainneacha seachtracha” teorainneacha seachtracha mar a shainmhínítear iad i bpointe 2 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399 agus teorainneacha inmheánacha áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós;

(4)

ciallaíonn “cuid den teorainn sheachtrach” cuid den teorainn sheachtrach mar a shainmhínítear í i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1896;

(5)

ciallaíonn “teophointe” teophointe mar a shainmhínítear é i bpointe (23) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1896;

(6)

ciallaíonn “teorainneacha inmheánacha áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós”:

(a)

an chomhtheorainn idir Ballstát a chuireann acquis Schengen chun feidhme go hiomlán agus Ballstát a bhfuil de cheangal air acquis Schengen a chur chun feidhme ina iomláine, i gcomhréir lena Ionstraim Aontachais féin, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena n-údaraítear dó an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán ina leith go fóill;

(b)

an chomhtheorainn idir dhá Bhallstát a bhfuil de cheangal orthu acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine, i gcomhréir lena nIonstraimí Aontachais faoi seach, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena n-údaraítear dóibh an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán i bhfeidhm ina leith go fóill;

(7)

ciallaíonn “staid éigeandála” staid de thoradh brú práinneach eisceachtúil, inar thrasnaigh líon mór nó líon díréireach náisiúnach tríú tír, ina bhfuil siad ag trasnú nó ina meastar go dtrasnóidh siad teorainneacha seachtracha Ballstáit amháin nó níos mó nó ina dtarlóidh teagmhais a bhaineann le hinimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann ag teorainneacha seachtracha Ballstáit amháin nó níos mó, agus a mbíonn tionchar suntasach ag na heachtraí sin ar shlándáil na teorann a mhéid sin go gcuirfear feidhmiú limistéar Schengen i mbaol, nó aon staid eile a bhfuil údar cuí-réasúnaithe ann gur gá gníomhaíocht phráinneach ina leith, laistigh de chuspóirí na hIonstraime;

(8)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí sonracha” tionscadail thrasnáisiúnta nó náisiúnta as a n-eascraíonn breisluach Aontais i gcomhréir le cuspóirí na hIonstraime seo a d’fhéadfadh Ballstát amháin, roinnt Ballstát nó na Ballstáit uile leithdháileadh breise ina leith a fháil dá gcláir;

(9)

ciallaíonn “tacaíocht oibriúcháin” cuid de leithdháileadh Ballstáit is féidir a úsáid mar thacaíocht leis na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí a chomhlíonadh agus seirbhísí, ar cuid de sheirbhís phoiblí don Aontas iad, a sholáthar;

(10)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí de chuid an Aontais” tionscadail thrasnáisiúnta nó tionscadail a bhfuil leas áirithe acu don Aontas agus a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí na hIonstraime seo.

Airteagal 3

Cuspóirí na hIonstraime

1.   Mar chuid den Chiste, is é cuspóir beartais na hIonstraime bainistiú comhtháite teorainneacha láidir éifeachtach san Eoraip ag na teorainneacha seachtracha a áirithiú, rannchuidiú ar an gcaoi sin le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh den Aontas agus, ag an am céanna, saorghluaiseacht na ndaoine atá laistigh de a chosaint, agus lánurraim á tabhairt do acquis ábhartha an Aontais, agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu.

2.   Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach i mír 1, leis an Ionstraim rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

tacú le bainistiú comhtháite teorainneacha éifeachtach san Eoraip ag na teorainneacha seachtracha arna chur chun feidhme ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach mar fhreagracht chomhroinnte idir an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus na húdaráis náisiúnta atá freagrach as teorainneacha a bhainistiú, trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú, an inimirce neamhdhlíthiúil agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc agus sreabha imirce a bhainistiú go héifeachtach;

(b)

tacú leis an gcomhbheartas víosaí chun cur chuige comhchuibhithe a áirithiú i ndáil le víosaí a eisiúint agus chun taisteal dlisteanach a éascú agus, chun cuidiú le rioscaí imirce agus slándála a chosc ag an am céanna.

3.   Faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 2, déanfar an Ionstraim a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 4

Neamh-idirdhealú agus urraim do chearta bunúsacha

Déanfar gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Ionstraim a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán leis na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear in acquis an Aontais agus sa Chairt agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais maidir le cearta bunúsacha, go háirithe trí chomhlíonadh phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an non-refoulement a áirithiú.

Airteagal 5

Raon feidhme na tacaíochta

1.   Faoina cuspóirí agus i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II, leis an Ionstraim, tacófar, go háirithe, leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III.

Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an liosta gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn III a leasú chun gníomhaíochtaí nua a chur leis.

2.   Chun a cuspóirí a bhaint amach, féadfar, leis an Ionstraim, i gcomhréir le tosaíochtaí de chuid an Aontais tacú le gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 20.

3.   Maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, comhordú le beartais, straitéisí agus ionstraimí ábhartha an Aontais a áirithiú. Áiritheoidh siad, go háirithe, maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha:

(a)

go ndéantar iad i sineirge le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí eile de chuid an Aontais agus ar bhealach atá comhsheasmhach leo;

(b)

go mbeidh siad comhsheasmhach le beartas seachtrach an Aontais, go ndéanfaidh siad prionsabal an chomhtháthaithe beartais ar mhaithe le forbairt a urramú agus go mbeidh siad comhsheasmhach leis na doiciméid chlársceidealaithe straitéisigh le haghaidh an réigiúin nó na tíre i gceist;

(c)

go ndíreofar leo ar bhearta nach bhfuil dírithe ar fhorbairt; agus

(d)

go rachaidh siad chun leas bheartais inmheánacha an Aontais agus go mbeidh siad comhsheasmhach le gníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den Aontas.

4.   Ní bheidh na bearta seo a leanas incháilithe:

(a)

gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 d’Iarscríbhinn III ag na teorainneacha inmheánacha sin áit nach bhfuil deireadh curtha leis na rialuithe fós;

(b)

gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú teorann a thabhairt isteach an athuair go sealadach agus go heisceachtúil ag teorainneacha inmheánacha de réir bhrí phointe 1 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399;

(c)

gníomhaíochtaí arb é rialú custaim is príomhchuspóir dóibh.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina dtarlóidh staid éigeandála, féadfar gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mheas mar ghníomhaíochtaí incháilithe.

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

ROINN 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 6

Prionsabail ghinearálta

1.   Leis an tacaíocht arna soláthar faoin Ionstraim, comhlánófar idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus leagfar béim ar bhreisluach Aontais a chur le cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht arna soláthar faoin Ionstraim agus a sholáthraíonn na Ballstáit comhsheasmhach le gníomhaíochtaí, beartais agus tosaíochtaí ábhartha an Aontais, agus go mbeidh sí comhlántach leis an tacaíocht arna soláthar faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais.

3.   Déanfar an Ionstraim a chur chun feidhme faoi bhainistíocht, dhíreach, roinnte nó indíreach i gcomhréir le pointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 7

An buiséad

1.   EUR 5 241 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme na hIonstraime don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Mar thoradh ar an gcoigeartú a bhaineann go sonrach leis an gclár dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, déanfar an méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a mhéadú le leithdháileadh breise de EUR 1 000 000 000 i bpraghsanna tairiseacha 2018 mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

3.   Úsáidfear an t-imchlúdach airgeadais mar a leanas:

(a)

Déanfar EUR 3 668 000 000 a leithdháileadh ar chláir na mBallstát, agus déanfar EUR 200 568 000 as an méid sin a leithdháileadh ar an Scéim Idirthurais Speisialta dá dtagraítear in Airteagal 17;

(b)

Déanfar EUR 1 573 000 000 a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.

4.   Déanfar an leithdháileadh breise dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.

5.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, déanfar suas le 0,52 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar an gcúnamh teicniúil, dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060, le haghaidh chur chun feidhme na hIonstraime.

6.   I gcomhréir le forálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais faoi seach, déanfar socruithe chun cineál agus modhanna rannpháirtíocht na dtíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen san Ionstraim a shonrú. A luaithe is féidir tar éis don tír lena mbaineann fógra a thabhairt faoina cinneadh glacadh le hábhar na hionstraime sin agus í a chur chun feidhme ina dlíchóras inmheánach, i gcomhréir leis an gcomhaontú comhlachais ábhartha, cuirfidh an Coimisiún moladh faoi bhráid na Comhairle, maidir le tús a chur leis an gcaibidlíocht faoi na socruithe sin faoi Airteagal 218(3) CFAE. Ar an moladh a fháil, gníomhóidh an Chomhairle gan mhoill chun cinneadh a dhéanamh i ndáil le tús na caibidlíochta sin a údarú. Cuirfear na rannchuidithe airgeadais ó na tíortha sin leis na hacmhainní foriomlána atá ar fáil ón imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1.

7.   I gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfar suas le 5 % den leithdháileadh tosaigh ar Bhallstát ó aon cheann de na cistí faoin Rialachán sin faoi bhainistíocht roinnte a aistriú chuig an Ionstraim faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach arna iarraidh sin don Bhallstát sin. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 8

Forálacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm na saoráide téamaí

1.   Déanfar an méid dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(3) a leithdháileadh ar bhealach solúbtha trí shaoráid théamach trí úsáid a bhaint as bainistíocht roinnte, dhíreach nó indíreach mar a leagtar amach i gcláir oibre. I bhfianaise chineál inmheánach na hionstraime, fónfaidh an tsaoráid théamach go príomha do bheartas inmheánach an Aontais i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2).

Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach maidir lena chomhchodanna, agus is iad na nithe seo a leanas na comhchodanna sin:

(a)

gníomhaíochtaí sonracha;

(b)

gníomhaíochtaí de chuid an Aontais; agus

(c)

cúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 25.

As an méid dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(3) den Rialachán seo, tabharfar tacaíocht don chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún, dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Le cistiú ón tsaoráid théamach, tabharfar aghaidh ar thosaíochtaí a bhfuil ardbhreisluach Aontais ag baint leo nó úsáidfear é chun freagairt ar riachtanais phráinneacha, i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais mar a léirítear in Iarscríbhinn II, lena n-áirítear an gá atá le teorainneacha seachtracha a chosaint agus coireacht trasteorann ag na teorainneacha seachtracha a chosc agus a bhrath, go háirithe smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, agus inimirce neamhrialta chomh maith le sreabha imirce a bhainistiú go héifeachtach agus tacú leis an gcomhbheartas víosaí.

Cé is moite de chistiú arna úsáid le haghaidh cúnamh éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 25, ní úsáidfear an cistiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ach amháin chun tacú leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn III.

3.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le líonraí ábhartha, go háirithe d’fhonn na cláir oibre do ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais a mhaoinítear faoin Ionstraim a ullmhú agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

4.   Nuair a sholáthraítear cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach do na Ballstáit, áiritheoidh an Coimisiún nach roghnófar tionscadail a bhfuil tionchar orthu ag tuairim réasúnaithe arna tabhairt ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE, tionscadail lena gcuirtear in amhras dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht tionscadal.

5.   Chun críocha Airteagal 23 agus Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, i gcás ina gcuirtear cistiú ón tsaoráid théamach chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann nach ndéanfar difear do ghníomhaíochtaí atá beartaithe le tuairim réasúnaithe arna tabhairt ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear in amhras dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht na ngíomhaíochtaí agus measúnóidh an Coimisiún cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an difear sin.

6.   Cinnfidh an Coimisiún an méid foriomlán atá le cur ar fáil don tsaoráid théamach faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais.

7.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a ghlacadh don tsaoráid théamach, lena sainaithneofar na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a mbeidh á dtacú agus lena sonrófar na méideanna do gach ceann de na comhchodanna dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Féadfaidh cinntí bliantúla nó ilbhliantúla a bheith sna cinntí maoiniúcháin agus féadfar ceann amháin nó níos mó de chomhchodanna na saoráide téamaí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a chumhdach leo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(3) den Rialachán seo.

8.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar acmhainní a leithdháileadh go cothrom agus go trédhearcach ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2). Tuairisceoidh an Coimisiún ar úsáid agus ar leithdháileadh na saoráide téamaí idir na comhchodanna dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear an tacaíocht arna soláthar do ghníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha faoi ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais.

9.   Tar éis dó cinneadh maoiniúcháin a ghlacadh dá dtagraítear i mír 7, féadfaidh an Coimisiún cláir na mBallstát a leasú dá réir sin.

ROINN 2

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte

Airteagal 9

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis an méid dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(3) agus leis na hacmhainní breise atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir leis an gcinneadh maoiniúcháin maidir leis an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.

2.   Déanfar tacaíocht faoin roinn seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 10

Acmhainní buiséadacha

1.   Déanfar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(3) a leithdháileadh ar chláir na mBallstát go táscach mar a leanas:

(a)

EUR 3 057 000 000 i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(b)

EUR 611 000 000 le haghaidh choigeartú na leithdháiltí ar chláir na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

2.   I gcás nach leithdháilfear go hiomlán an méid dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar an méid atá fágtha a chur leis an méid dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(3).

Airteagal 11

Réamh-mhaoiniú

1.   I gcomhréir le hAirteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an réamh-mhaoiniú don Ionstraim a íoc i dtráthchodanna bliantúla roimh an 1 Iúil gach bliain, faoi réir na gcistí atá ar fáil, mar seo a leanas:

(a)

2021: 4 %;

(b)

2022: 3 %;

(c)

2023: 5 %;

(d)

2024: 5 %;

(e)

2025: 5 %;

(f)

2026: 5 %.

2.   I gcás ina nglacfar clár Ballstáit tar éis an 1 Iúil 2021, íocfar na tráthchodanna is luaithe i mbliain a ghlactha.

Airteagal 12

Rátaí cómhaoinithe

1.   Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tionscadail.

2.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tionscadail a chuirfear chun feidhme faoi réir gníomhaíochtaí sonracha.

3.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

4.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tacaíocht oibriúcháin, lena n-áirítear an Scéim Idirthurais Speisialta dá dtagraítear in Airteagal 17.

5.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán i gcomhréir le hAirteagal 85(2) nó (3) de Rialachán (AE) 2018/1240.

6.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh cúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 25.

7.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i bpointe (b)(vi) d’Airteagal 36(5) de Rialachán (AE) 2021/1060.

8.   Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár de chuid Ballstáit, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ón Ionstraim le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochta a chumhdaítear leis an ranníocaíocht dá dtagraítear i míreanna 1 go 7.

9.   Leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár de chuid Ballstáit le haghaidh gach cineál gníomhaíochta cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe i leith na nithe seo a leanas:

(a)

an ranníocaíocht iomlán, lena n-áirítear an ranníocaíocht phoiblí agus phríobháideach; nó

(b)

an ranníocaíocht phoiblí amháin.

Airteagal 13

Cláir na mBallstát

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na tosaíochtaí a dtugtar aghaidh orthu ina chlár comhsheasmhach le tosaíochtaí agus dúshláin an Aontais i réimse an bhainistithe teorann agus an bheartais víosaí agus go bhfreagraíonn siad dóibh, agus go bhfuil siad i gcomhréir go hiomlán le acquis ábhartha an Aontais agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu. Agus tosaíochtaí a gclár á sainaithint acu, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ina gcláir ar na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

I bhfianaise chineál inmheánach na hIonstraime, le cláir na mBallstát, fónfar go príomha do bheartas inmheánach an Aontais i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chláir na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Laistigh de na hacmhainní arna leithdháileadh in Airteagal 10(1), agus gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh gach Ballstát, laistigh dá chlár, 10 % ar a laghad a leithdháileadh ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2).

3.   Ní fhéadfaidh Ballstát méid níos lú ná an t-íoschéatadán dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh ach amháin i gcás ina dtabharfaidh sé míniú mionsonraithe ina chlár lena léiriú cén fáth nach gcuirfí baint amach an chuspóra ábhartha i mbaol dá ndéanfaí acmhainní faoi bhun an leibhéil sin a leithdháileadh.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar eolas agus saineolas na ngníomhaireachtaí díláraithe ábhartha, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, eu-LISA agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle (50), a chur san áireamh a mhéid a bhaineann lena réimsí inniúlachta, go luath agus go tráthúil, i bhforbairt chláir na mBallstát.

5.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta maidir leis na gníomhaíochtaí faoi thacaíocht oibriúcháin chun comhleanúnachas agus comhlántacht ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaigh um an nGarda Teorann agus Cósta agus ghníomhaíochtaí na mBallstát a áirithiú i dtaca le bainistiú teorann agus chun maoiniú dúbailte a sheachaint agus cost-éifeachtúlacht a bhaint amach. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le eu-LISA, i gcás inar gá, i dtaobh na ngníomhaíochtaí a áirítear faoi thacaíocht oibriúcháin dá bhfuil saineolas ar leith ag eu-LISA i gcomhréir lena sainordú.

6.   Féadfaidh an Coimisiún rannpháirt a thabhairt do ghníomhaireachtaí díláraithe ábhartha, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear in mír 4, maidir leis na cúraimí faireacháin agus meastóireachta mar a shonraítear i Roinn 5, go háirithe d’fhonn a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme le tacaíocht ón Ionstraim i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus lena thosaíochtaí comhaontaithe.

7.   Tar éis na moltaí a ghlacadh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus na moltaí a eisiúint faoi chuimsiú chur i gcrích na measúnuithe leochaileachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896, scrúdóidh an Ballstát lena mbaineann, i gcomhar leis an gCoimisiún, an cur chuige is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin le tacaíocht na hIonstraime seo.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, an Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a cheadú a bheith rannpháirteach sa phróiseas lena ndéanfar scrúdú ar an gcur chuige is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí dá dtagraítear i mír 7 le tacaíocht na hIonstraime seo. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, leas a bhaint as an saineolas atá ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais i leith saincheisteanna sonracha a thagann faoi réimsí a n-inniúlachtaí.

9.   Agus mír 7 á cur chun feidhme aige, cinnfidh an Ballstát lena mbaineann gur tosaíocht de chuid a chláir a bheidh i gcur chun feidhme beart chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh atá ann, go háirithe bearta chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh thromchúiseacha agus measúnuithe neamhchomhlíontacha.

10.   I gcás inar gá, déanfar clár na mBallstát atá i gceist a leasú i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060 chun na moltaí dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a chur san áireamh.

11.   I gcomhar agus i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le réimsí inniúlachtaí na Gníomhaireachta sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann acmhainní a ath-leithdháileadh faoina chlár, lena n-áirítear na hacmhainní atá clársceidealaithe do thacaíocht oibriúcháin, agus é d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar na moltaí dá dtagraítear i mír 7 ina bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leis na moltaí sin.

12.   Nuair a chinnfidh Ballstát tionscadal a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír nó i dtríú tír le tacaíocht na hIonstraime, rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún sula bhformheasfar an tionscadal.

13.   Gach uair a chinneann Ballstát gníomhaíocht a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír, i dtríú tír nó i ndáil le tríú tír le tacaíocht na hIonstraime a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar thrasnuithe teorann neamhúdaraithe agus ar choireacht trasteorann agus le hiad a bhrath, a shainaithint, a rianú, a chosc agus a ghabháil chun an inimirce neamhrialta agus an choireacht trasteorann a bhrath, a chosc agus a chomhrac agus d’fhonn rannchuidiú le himircigh a chosaint agus rannchuidiú le beatha imirceach a shábháil, áiritheoidh an Ballstát sin go gcuirfidh sé fógra chuig an gCoimisiún faoi aon chomhaontú comhair déthaobhach nó iltaobhach leis an tríú tír sin i gcomhréir le hAirteagal 76(3) de Rialachán (AE) 2019/1896.

14.   Maidir le trealamh, lena n-áirítear modhanna iompair, agus córais TFC, a bhfuil gá leis chun rialú éifeachtach slán ag teorainneacha a dhéanamh, lena n-áirítear le haghaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus a ceannaíodh le tacaíocht na hIonstraime seo:

(a)

áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na caighdeáin a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagail 16 agus 64 de Rialachán (AE) 2019/1896 nuair a bheidh na nósanna imeachta ceannaigh á seoladh le haghaidh an trealaimh agus chórais TFC atá le forbairt le tacaíocht ón Ionstraim;

(b)

déanfar gach trealamh oibriúcháin mórscála i gcomhair bainistiú teorann, amhail modhanna iompair agus faireachais aeir agus mhuirí a cheannaigh na Ballstáit a chlárú sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta d’fhonn an trealamh sin a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 64(9) de Rialachán (AE) 2019/1896;

(c)

sa bhreis air sin, féadfar úsáid a bhaint astu sna réimsí comhlántacha seo a leanas: rialú custaim, oibríochtaí muirí de chineál ilchuspóireach agus chun cuspóirí an Chiste Slándála Inmheánaí agus an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht;

(d)

cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, chun tacú le pleanáil chomhleanúnach maidir le forbairt cumais don Ghníomhaireacht um an nGarda Teorann agus Cósta agus le húsáid fhéideartha soláthair chomhpháirtigh mar chuid den cheanglas tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 29, maidir leis an bpleanáil ilbhliantúil infhaighte i dtaca leis an trealamh atá beartaithe a cheannach faoin Ionstraim agus tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

Ní bheidh trealamh agus córais TFC dá dtagraítear sa chéad fhomhír incháilithe do chúnamh airgeadais ón Ionstraim ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an ceanglas a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír.

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, leanfaidh trealamh agus córais TFC den sórt sin de bheith ar fáil agus in-imscartha le haghaidh gníomhaíochtaí rialaithe teorann atá éifeachtach agus slán. Ní rachaidh úsáid trealaimh sna réimsí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír thar 30 % de thréimhse iomlán úsáide an trealaimh sin. Le córais TFC arna bhforbairt chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, cuirfear sonraí agus seirbhísí ar fáil do na córais bainistithe teorainneacha ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht maidir le hilúsáid dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír agus maidir leis an áit an imscaratha le haghaidh trealamh ilchuspóireach agus chórais TFC.

15.   I gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme ag Ballstáit faoin Ionstraim, tabharfaidh siad aird ar leith ar a n-oibleagáidí idirnáisiúnta a bhaineann le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir. Féadfar trealamh agus córais TFC dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír de mhír 14 a úsáid le haghaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála i staideanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríochtaí faireachais teorann ar muir.

16.   Bunófar an oiliúint i réimse an bhainistithe teorann a dhéanfar le tacaíocht na hionstraime seo ar na caighdeáin chomhchoiteanna Eorpacha atá comhchuibhithe, ábhartha agus a bhfuil cáilíocht an oideachais agus na hoiliúna i réimse na ngardaí teorann agus cósta dearbhaithe, go háirithe an lárchuraclam coiteann dá dtagraítear in Airteagal 62(6) de Rialachán (AE) 2019/1896.

17.   Saothróidh na Ballstáit go háirithe na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV ina gcláir. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua agus chun cur chun feidhme éifeachtach cistithe a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an liosta de ghníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh rátaí cómhaoinithe níos airde in Iarscríbhinn IV a leasú.

18.   Beidh clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2021/1060 bunaithe ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo agus cuimseofar leis miondealú táscach ar na hacmhainní clársceidealaithe de réir chineál na hidirghabhála laistigh de gach cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

Airteagal 14

Athbhreithniú meántéarma

1.   In 2024, déanfaidh an Coimisiún an méid breise dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(1) a leithdháileadh ar chláir na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 agus i míreanna 2 go 10 d’Iarscríbhinn I. Bunófar an leithdháileadh ar na sonraí staidrimh is déanaí a bheidh ar fáil maidir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 agus i míreanna 2 go 10 d’Iarscríbhinn I. Beidh an cistiú éifeachtach amhail ón 1 Eanáir 2025.

2.   I gcás nach gcumhdaítear 10 % ar a laghad de leithdháileadh tosaigh ar chlár dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo trí iarratais ar íocaíocht eatramhach arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (AE) 2021/1060, ní bheidh an Ballstát lena mbaineann incháilithe chun an leithdháileadh breise ar a chlár dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo a fháil.

3.   Agus na cistí ón tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo á leithdháileadh amhail ón 1 Eanáir 2025, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le clocha míle an chreata feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/1060 a bhaint amach agus aon laigí a sainaithníodh maidir leis an gcur chun feidhme.

Airteagal 15

Gníomhaíochtaí sonracha

1.   Féadfaidh Ballstát cistiú a fháil do ghníomhaíochtaí sonracha de bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 10(1), ar choinníoll go mbeidh an cistiú sin curtha in iúl ina dhiadh sin ina chlár agus go n-úsáidfear é chun rannchuidiú le cur chun feidhme chuspóirí na hIonstraime seo.

2.   Ní úsáidfear an cistiú do ghníomhaíochtaí sonracha le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gclár an Bhallstáit, ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí leasú ar chlár an Bhallstáit.

Airteagal 16

Tacaíocht oibriúcháin

1.   Féadfaidh Ballstát suas le 33 % den mhéid a leithdháilfear ar a chlár faoin Ionstraim a úsáid chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú do na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí agus na seirbhísí a thabhairt chun críche arb ionann iad agus seirbhís phoiblí don Aontas iad.

2.   Agus úsáid á baint acu as tacaíocht oibriúcháin, comhlíonfaidh Ballstát acquis ábhartha an Aontais.

3.   Míneoidh Ballstát, ina chlár agus sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 29, conas a rannchuideofar, le húsáid na tacaíochta oibriúcháin, le cuspóirí na hIonstraime seo a bhaint amach. Sula bhformheasfaidh sé clár an Bhallstáit, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an staid bhonnlíne sna Ballstáit a bhfuil curtha in iúl acu go bhfuil rún acu úsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus, i gcás inarb iomchuí, le eu-LISA faoi raon feidhme réimsí inniúlachtaí na ngníomhaireachtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 13(4), agus an fhaisnéis a chuirfidh na Ballstáit sin ar fáil agus, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis atá ar fáil mar thoradh ar mheastóireachtaí agus mheasúnuithe leochaileachta Schengen, lena n-áirítear na moltaí a thagann as meastóireachtaí agus measúnuithe leochaileachta Schengen, á cur san áireamh aige.

4.   Gan dochar do phointe (c) d’Airteagal 5(4), díreofar an tacaíocht oibriúcháin ar ghníomhaíochtaí a chumhdaítear le caiteachas mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.

5.   Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua agus chun cur chun feidhme éifeachtach cistithe a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun Iarscríbhinn VII a leasú i leith caiteachas atá incháilithe le haghaidh tacaíocht oibriúcháin.

Airteagal 17

Tacaíocht oibriúcháin don Scéim Idirthurais Speisialta

1.   Leis an Ionstraim, cuirfear tacaíocht ar fáil chun táillí tarscaoilte ó víosaí arna n-eisiúint chun costais idirthurais agus costais bhreise a tabhaíodh le linn chur chun feidhme na scéime um Idirthuras Éascaithe i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 693/2003 agus (CE) Uimh. 694/2003 a chumhdach.

2.   Maidir leis na hacmhainní a leithdháilfear ar an Liotuáin faoin Scéim Idirthurais Speisialta i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 7(3), cuirfear ar fáil iad mar thacaíocht oibriúcháin bhreise don Liotuáin, lena n-áirítear le haghaidh infheistíocht i mbonneagair, i gcomhréir leis an gcaiteachas atá incháilithe le haghaidh tacaíocht oibriúcháin laistigh dá chlár, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.

3.   De mhaolú ar Airteagal 16(1), féadfaidh an Liotuáin an méid a leithdháilfear uirthi i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 7(3) a úsáid chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú de bhreis ar an méid dá dtagraítear in Airteagal 16(1).

4.   Déanfaidh an Coimisiún agus an Liotuáin athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo i gcás athruithe a imríonn tionchar ar an Scéim Idirthurais Speisialta a bheith ann nó ar fheidhmiú na Scéime sin.

5.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ón Liotuáin, déanfar athbhreithniú ar na hacmhainní a leithdháilfear faoin Scéim Idirthurais Speisialta i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 7(3), agus déanfar iad a choigeartú i gcás inar gá, sula nglactar clár oibre deiridh na saoráide téamaí dá dtagraítear in Airteagal 8, laistigh de theorainneacha na n-acmhainní buiséadacha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(3), tríd an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.

Airteagal 18

Fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí ar thionscadail arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó lena ngníomhaireachtaí dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais a ndearna an Coimisiún measúnú dearfach ar a gcórais, a rialacha agus a nósanna imeachta de bhun Airteagal 154(4) agus (7) den Rialachán sin chun críche deontais arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais a chur chun feidhme go hindíreach (“eagraíochtaí idirnáisiúnta”).

2.   Gan dochar do phointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 83 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus d’Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais, i gcás inar tairbhí an eagraíocht idirnáisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060, ní cheanglófar ar an údarás bainistíochta na fíoruithe bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 a dhéanamh ar an gcoinníoll go gcuirfidh an eagraíocht idirnáisiúnta na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais faoi bhráid an údaráis bainistíochta.

3.   Gan dochar do phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais, daingneofar leis an dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta go gcomhlíontar, leis an tionscadal, an dlí is infheidhme agus na coinníollacha maidir le tacaíocht don tionscadal.

4.   Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh costais le haisíoc de bhun phointe (a) d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, daingneofar leis an dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta an méid seo a leanas:

(a)

rinneadh sonraisc agus an cruthúnas gur íoc an tairbhí iad a fhíorú;

(b)

na taifid chuntasaíochta nó na cóid chuntasaíochta arna gcoinneáil ag an tairbhí le haghaidh idirbhearta a bhaineann leis an gcaiteachas a dearbhaíodh leis an údarás bainistíochta, rinneadh iad a fhíorú.

5.   I gcás ina mbeidh costais le haisíoc de bhun phointe (b), (c) nó (d) d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, daingneofar sa dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le caiteachas a aisíoc.

6.   Cuirfear na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais ar fáil don údarás bainistíochta mar aon le gach éileamh ar íocaíocht arna thíolacadh ag an tairbhí.

7.   Cuirfidh an tairbhí na cuntais faoi bhráid an údaráis bainistíochta gach bliain faoin 15 Deireadh Fómhair. Beidh tuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta ag gabháil leis na cuntais, tuairim a tarraingíodh suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta. Suífear leis an tuairim sin cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn na córais rialaithe a cuireadh ar bun mar is ceart, agus atá nó nach bhfuil siad costéifeachtach, agus cé acu atá nó nach bhfuil na bun-idirbhearta dlíthiúil agus rialta. Luafar sa tuairim sin freisin cé acu a chuireann nó nach gcuireann an obair iniúchóireachta in amhras na dearbhuithe a rinneadh sna dearbhuithe bainistíochta atá le tíolaic ag an eagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear faisnéis i dtaca le hamhras faoi chalaois. Déanfar leis an tuairim sin a chinntiú gur caiteachas dlíthiúil agus rialta atá sa chaiteachas sin atá san áireamh sna héilimh ar íocaíocht a chuireann an eagraíocht idirnáisiúnta faoi bhráid an údaráis bainistíochta.

8.   Gan dochar do na féidearthachtaí atá ann cheana chun tuilleadh iniúchtaí a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 a tharraingt suas. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid sin trí bheith ag brath ar na doiciméid a chuirfidh an eagraíocht idirnáisiúnta ar fáil de bhun mhíreanna 2 go 5 agus 7 den Airteagal seo, seachas a bheith ag brath ar na fíoruithe bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 74(1) den Rialachán sin.

9.   Áireofar na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo sa doiciméad lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 73(3) den Rialachán (AE) 2021/1060.

10.   Ní bheidh feidhm ag mír 2, agus dá bharr sin ceanglófar ar údarás bainistíochta fíoruithe bainistíochta a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:

(a)

sainaithníonn an t-údarás bainistíochta sin riosca sonrach neamhrialtachta nó léiriú calaoise i ndáil le tionscadal arna thionscnamh nó arna chur chun feidhme ag an eagraíocht idirnáisiúnta;

(b)

teipeann ar an eagraíocht idirnáisiúnta sin na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 agus 7 a chur faoi bhráid an údaráis bainistíochta sin; nó

(c)

tá na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 agus 7 a thíolaic an eagraíocht idirnáisiúnta neamhiomlán.

11.   I gcás inar cuid de shampla dá dtagraítear in Airteagal 79 de Rialachán (AE) 2021/1060 tionscadal inar tairbhí í eagraíocht idirnáisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 den Rialachán sin, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta a chuid oibre a dhéanamh ar bhonn foshampla d’idirbhearta a bhaineann leis an tionscadal sin. I gcás ina n-aimseofar earráidí san fhoshampla, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta, más ábhartha, iarraidh ar iniúchóir na heagraíochta idirnáisiúnta measúnú a dhéanamh ar raon feidhme iomlán agus ar líon iomlán na n-earráidí sa tionscadal sin.

ROINN 3

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach

Airteagal 19

Raon feidhme

Cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht faoin Roinn seo chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin.

Airteagal 20

Eintitis incháilithe

1.   Tá na heintitis seo a leanas incháilithe do mhaoiniú ón Aontas:

(a)

eintitis dhlítheanacha atá bunaithe:

(i)

i mBallstát, nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)

i dtríú tír a liostaítear sa chlár oibre, faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 3.

(b)

eintitis dhlítheanacha arna gcruthú faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta is ábhartha chun críocha na hIonstraime.

2.   Ní bheidh daoine nádúrtha incháilithe do mhaoiniú ón Aontas.

3.   Eintitis dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) de mhír 1, beidh siad rannpháirteach mar chuid de chuibhreannas atá comhdhéanta de dhá eintiteas neamhspleácha ar a laghad, a bhfuil ceann amháin acu ar a laghad bunaithe i mBallstát.

Áiritheoidh eintitis atá rannpháirteach mar chuid de chuibhreannas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo go gcomhlíonfar, leis na gníomhaíochtaí ina mbeidh siad rannpháirteach, na prionsabail a chumhdaítear sa Chairt agus go rannchuideofar leis na gníomhaíochtaí sin le baint amach chuspóirí na hIonstraime.

Airteagal 21

Gníomhaíochtaí de chuid an Aontais

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ionstraim a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhaineann le cuspóirí na hIonstraime, i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

2.   Féadfar cistiú a sholáthar le gníomhaíochtaí de chuid an Aontais in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar.

3.   Deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, déanfar iad a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

4.   Féadfaidh saineolaithe seachtracha a bheith ina gcomhaltaí den choiste meastóireachta a dhéanfaidh measúnú ar na tograí, dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais.

5.   Trí bhíthin ranníocaíochtaí a dhéantar le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag Airteagal 37(7) de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (51).

Airteagal 22

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiúin

I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfar, leis an Ionstraim, tacú le cúnamh teicniúil arna chur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann, ag ráta maoinithe 100 %.

Airteagal 23

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n-áirítear ag daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí nó ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais, a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 24

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach, fiúntach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. Déanfar infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais a áirithiú agus déanfar faisnéis den sórt sin a sholáthar, seachas i gcásanna ina mbeidh údar cuí leo nuair nach féidir nó nach iomchuí faisnéis den sórt sin a thaispeáint go poiblí nó i gcás ina mbeidh scaoileadh faisnéise den sórt sin srianta de réir an dlí, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann leis an tslándáil, leis an ord poiblí, le himscrúduithe coiriúla nó le cosaint sonraí pearsanta. Chun infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais a áirithiú, ba cheart d’fhaighteoirí an chistithe de chuid an Aontais tagairt a dhéanamh d’fhoinse an chistithe sin agus cumarsáid á déanamh acu go poiblí maidir leis an ngníomhaíocht lena mbaineann, agus cuirfidh siad suaitheantas an Aontais ar taispeáint.

2.   Chun an oiread daoine agus is féidir a chur ar an eolas, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Ionstraim seo, le gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na hIonstraime agus leis na torthaí a fhaightear a chur chun feidhme.

Beidh na hachmhainní a leithdháilfear ar an gCiste ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin le na cuspóirí na hIonstraime.

3.   Foilseoidh an Coimisiún cláir oibre na saoráide téamaí dá dtagraítear in Airteagal 8. Maidir le tacaíocht arna cur ar fáil faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 38(2) den Rialachán Airgeadais ar shuíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí agus déanfaidh sé an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Foilseofar an fhaisnéis sin i bhformáid oscailte atá meaisín-inléite ionas gur féidir na sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint agus a chur i gcomparáid le chéile.

ROINN 4

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, dhíreach nó indíreach

Airteagal 25

Cúnamh éigeandála

1.   Leis an gCiste, soláthrófar cúnamh airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus shonracha i staideanna éigeandála a bhfuil údar cuí leo.

Mar fhreagairt ar an staid éigeandála den sórt sin a bhfuil údar cuí léi, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh cúnamh éigeandála a sholáthar laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil.

2.   Féadfaidh cúnamh éigeandála a bheith i bhfoirm deontais a dhámhfar go díreach ar ghníomhaireachtaí díláraithe.

3.   Féadfar cúnamh éigeandála a leithdháileadh ar chláir na mBallstát de bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 10(1), ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl amhlaidh ina dhiaidh sin i gcláir na mBallstát. Ní úsáidfear an cistiú sin le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gclár na mBallstát ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar chlár an Bhallstáit. Féadfaidh suas le 95 % den ranníocaíocht ón Aontas a bheith sa réamh-mhaoiniú le haghaidh cúnamh éigeandála, ach cistí a bheith ar fáil.

4.   Deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, déanfar iad a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

5.   I gcás inar gá chun gníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfar a chumhdach le cúnamh éigeandála caiteachas arna thabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh don ghníomhaíocht sin, ar choinníoll nár tabhaíodh an caiteachas sin roimh an 1 Eanáir 2021.

6.   Soláthrófar cúnamh éigeandála ar bhealach atá go hiomlán comhsheasmhach le acquis ábhartha an Aontais agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu.

7.   Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo agus chun a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil go tráthúil le haghaidh cúnamh éigeandála, féadfaidh an Coimisiún cinneadh maoiniúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, a ghlacadh ar leithligh le haghaidh cúnamh éigeandála trí bhíthin gníomh cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 32(4). Fanfaidh gníomh den sórt sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná 18 mí.

Airteagal 26

Maoiniú carnach agus maoiniú malartach

1.   Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di faoin gCiste, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di freisin ó chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht roinnte, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

2.   I gcomhréir le Airteagal 73(4) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó Ciste Sóisialta na hEorpa Plus tacú le gníomhaíochtaí ar dámhadh lipéad Séala Barr Feabhais mar a shainmhínítear i bpointe (45) d’Airteagal 2 den Rialachán sin. Ionas go ndéanfar lipéad Séala Barr Feabhais a dhámhachtain orthu, comhlíonfar na gníomhaíochtaí na coinníollacha carnacha seo a leanas leis na gníomhaíochtaí:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin Ionstraim;

(b)

comhlíontar leo na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí; agus

(c)

ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

ROINN 5

Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

Foroinn 1

Forálacha comhchoiteanna

Airteagal 27

Faireachán agus tuairisciú

1.   I gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun phointe (h)(iii) den chéad fhomhír d’Airteagal 41(3) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh an Coimisiún faisnéis faoi fheidhmíocht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle trí úsáid a bhaint as na príomhtháscairí feidhmíochta a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun Iarscríbhinn V a leasú chun na coigeartuithe riachtanacha a dhéanamh ar na príomhtháscairí feidhmíochta a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII táscairí aschuir agus toraidh a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn na hIonstraime maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2). Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Spriocanna carnacha a bheidh sna clocha míle a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029.

4.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil freisin ar úsáid na saoráide téamaí dá dtagraítear in Airteagal 8 chun tacú le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha agus sciar den tsaoráid théamach a úsáidtear chun tacú le gníomhaíochtaí den sórt sin.

5.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí an chláir, go mbaileofar iad go héifeachtúil, go héifeachtach agus ar bhealach tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí chistí an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar na Ballstáit.

6.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn na hIonstraime i dtreo bhaint amach a cuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, lena n-áirítear maidir le faisnéis tionscadail a bheidh le cur ar fáil ag na Ballstáit. Ní bheidh feidhm ag aon leasú ar Iarscríbhinn VIII ach maidir le tionscadail a roghnófar tar éis theacht i bhfeidhm an leasaithe sin.

Airteagal 28

Meastóireacht

1.   Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma ar an Rialachán seo. De bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar measúnú sa mheastóireacht mheántéarma ar na nithe seo a leanas:

(a)

éifeachtacht na hIonstraime, lena n-áirítear an dul chun cinn a bheidh déanta i dtreo bhaint amach a cuspóirí, agus an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil cheana á cur san áireamh, go háirithe na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 29 agus na táscairí aschuir agus toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;

(b)

éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní arna leithdháileadh ar an ionstraim agus éifeachtúlacht na mbeart bainistíochta agus rialaithe arna gcur i bhfeidhm chun í a chur chun feidhme;

(c)

ábharthacht agus oiriúnacht leanúnach na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(d)

an comhordú, an comhleanúnachas agus an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin Ionstraim agus an tacaíocht a sholáthraítear le cistí eile de chuid an Aontais;

(e)

breisluach Aontais na ngníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin Ionstraim.

Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht mheántéarma sin torthaí na meastóireachta cúlghabhálaí ar éifeachtaí na hIonstraime maidir le tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, do thréimhse 2014-2020.

2.   De bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar sa mheastóireacht chúlghabhálach na heilimintí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo. Thairis sin, déanfar meastóireacht ar thionchair na hIonstraime.

3.   Déanfar an mheastóireacht mheántéarma agus an mheastóireacht chúlghabhálach ar bhealach tráthúil chun rannchuidiú leis an bpróiseas cinnteoireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, leis an athbhreithniú ar an Rialachán seo.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh faisnéis sna meastóireachtaí meántéarma agus chúlghabhálacha ar fáil go poiblí, seachas i gcásanna ina bhfuil údar cuí leo, ina bhfuil srian ar an bhfaisnéis sin a scaoileadh de réir an dlí, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann le feidhmiú nó slándáil na dteorainneacha seachtracha mar chuid den bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip, den tslándáil, ord poiblí, imscrúduithe coiriúla nó cosaint sonraí pearsanta.

5.   Tabharfaidh an Coimisiún, sa mheastóireacht mheántéarma agus sa mheastóireacht chúlghabhálach uaidh, aird ar leith ar an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí a chuirfidh tríú tíortha chun feidhme, a chuirfear chun feidhme iontu, nó a chuirfear chun feidhme i dtaca leo, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus le hAirteagal 13(12) agus (13).

Foroinn 2

Rialacha maidir le bainistíocht roinnte

Airteagal 29

Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

1.   Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin 15 Feabhra gach bliain ina dhiaidh sin go 2031 agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faoi bhráid an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 41(7) de Rialachán(AE) 2021/1060.

Leis an tréimhse thuairiscithe, cumhdófar an bhliain chuntasaíochta deiridh, mar a shainmhínítear i bpointe (29) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060, roimh an mbliain a thíolacfar an tuarascáil. Leis an tuarascáil a thíolacfar faoin 15 Feabhra 2023, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2021.

2.   Leagfar amach sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe a leanas:

(a)

an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme chlár an Bhallstáit agus maidir le clocha míle agus spriocanna a leagtar amach ann a bhaint amach, agus na sonraí is déanaí mar a cheanglaítear faoi Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/1060 á gcur san áireamh;

(b)

aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht chlár an Bhallstáit agus an ghníomhaíocht arna déanamh chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear faisnéis maidir le haon tuairim réasúnaithe arna heisiúint ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE a bhaineann le cur chun feidhme na hIonstraime;

(c)

an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin Ionstraim agus an tacaíocht a chuirtear ar fáil ó chistí eile de chuid an Aontais, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a dhéantar i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha;

(d)

rannchuidiú chlár na mBallstát le cur chun feidhme acquis agus pleananna gníomhaíochta ábhartha an Aontais;

(e)

cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(f)

comhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin is infheidhme agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin i rith na clárthréimhse, go háirithe coinníollacha cumasúcháin a bhaineann le comhlíonadh na gceart bunúsach;

(g)

leibhéal an chaiteachais i gcomhréir le hAirteagal 85(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1240 atá san áireamh sna cuntais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) 2021/1060;

(h)

cur chun feidhme tionscadal i dtríú tír nó i dtaca le tríú tír.

Áireofar sa tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht achoimre lena gcumhdófar na pointí ar fad a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na hachoimrí a chuireann na Ballstáit ar fáil a aistriú go gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus go gcuirfear ar fáil go poiblí iad.

3.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a chur in iúl maidir leis na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaigheann sé na tuarascálacha sin. I gcás nach gcuirfidh an Coimisiún barúlacha in iúl faoin spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis an tuarascáil.

4.   Ar a shuíomh gréasáin, cuirfidh an Coimisiún na naisc chuig na suíomhanna gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).

Airteagal 30

Faireachán agus tuairisciú faoi bhainistíocht roinnte

1.   Le faireachán agus tuairisciú i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) 2021/1060 úsáidfear, de réir mar is iomchuí, na cóid maidir leis na cineálacha idirghabhála a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua agus chun cur chun feidhme éifeachtach an chistithe a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun Iarscríbhinn VI a leasú.

2.   Úsáidfear na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 16(1), agus Airteagail 22 agus 42 de Rialachán (AE) 2021/1060.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 5(1), Airteagal 13(17), Airteagal 16(5), Airteagal 27(2) agus (6) agus Airteagal 30(1) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagail 5(1), Airteagal 13(17), Airteagal 16(5), Airteagal 27(2) agus (6) agus d’Airteagal 30(1) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun na dara fomhíre d’Airteagail 5(1), Airteagal 13(17), Airteagal 16(5), Airteagal 27(2) agus (6) nó Airteagal 30(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 32

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh coiste (“an Coiste um Chistí Gnóthaí Baile”) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtabharfaidh an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 33

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Speansais an chúnaimh theicniúil agus riaracháin is gá chun an t-aistriú idir an Ionstraim agus na bearta a glacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 a áirithiú, féadfar na speansais sin a chumhdach leis an imchlúdach airgeadais don Ionstraim.

3.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, agus é á chur san áireamh go mbeidh moill ar theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus chun leanúnachas a áirithiú, féadfar a mheas, ar feadh tréimhse theoranta, go mbeidh na costais arna dtabhú i ndáil le gníomhaíochtaí faoi bhainistíocht dhíreach arna dtacú faoin Rialachán seo agus ar cuireadh tús leo cheana, incháilithe don mhaoiniú amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má tabhaíodh na costais seo iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh.

4.   Féadfaidh na Ballstáit tar éis an 1 Eanáir 2021 de bheith ag tacú le tionscadal a roghnaíodh agus a tosaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leanas:

(a)

tá dhá chéim ag an tionscadal is féidir a shainaithint ó thaobh airgeadais de le rianta iniúchta ar leith;

(b)

is mó ná EUR 2 500 000 costas iomlán an tionscadail;

(c)

áireofar íocaíochtaí a dhéanfaidh an t-údarás freagrach le tairbhithe don chéad chéim den tionscadal sna hiarrataí ar íocaíocht chuig an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus áireofar caiteachas don dara céim den tionscadal in iarratais ar íocaíocht faoi Rialachán (AE) 2021/1060;

(d)

leis an dara céim den tionscadal, comhlíonfar an dlí is infheidhme agus tá sí incháilithe le haghaidh tacaíocht ón Ionstraim faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2021/1060;

(e)

geallfaidh an Ballstát go dtabharfaidh sé an tionscadal chun críche, féachfaidh sé chuige go mbeidh sé oibríochtúil agus déanfaidh sé é a thuairisciú sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht arna tíolacadh faoin 15 Feabhra 2024.

Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo agus ag forálacha Rialachán (AE) 2021/1060 maidir leis an dara céim de thionscadal dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir le tionscadail a roghnaíodh faoi bhainistíocht roinnte de bhun Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 34

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 7 Iúil 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 184.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 14 Meitheamh 2021 (IO C 265, 5.7.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 93).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).

(6)  Rialachán (AE) 2021/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (IO L 234, 2.7.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lanpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosa (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(8)  Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste um Theorainneacha Seachtracha don tréimhse 2007 go 2013 mar chuid den chlár Ginearálta um Dhlúthpháirtíocht agus um Bainistiú Sreabha Imirce” (IO L 144, 6.6.2007, lch. 22).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).

(10)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 11 Bealtaine 2016, maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Bhallstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).

(12)  Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

(13)  Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

(14)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).

(15)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlamaint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le bunú “Eurodac” chun méarloirg a chur i gcomparáid lena chéile ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i mBallstát ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát agus maidir le hiarrataí ó údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát agus ó Europol ar chomparáidí le sonraí Eurodac chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach le haghaidh bainistiú oibríochtúil córas TF ar mhórscála sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (IO L 180, 29.6.2013, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).

(18)  Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).

(19)  Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlamaint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

(20)  Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(22)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlamaint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena mbunaítear Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) sonrach, Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) agus lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus an Lámhleabhar Coiteann (IO L 99, 17.4.2003, lch. 8).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le formáidí aonfhoirmeacha le haghaidh Doiciméid Idirthurais Éascaithe (FTD) agus Doiciméid Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 (IO L 99, 17.4.2003, lch. 15).

(25)  Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(26)  Rialachán(CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lch. 18).

(28)  Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear Ciste Slándála Inmheánaí (féach leathanach 94 den Iris Oifigiúil seo).

(29)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(30)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 443 I, 22.12.2020, lch. 11).

(31)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(32)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(33)  Rialachán (CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(34)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(35)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(36)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(37)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(38)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(39)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(40)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(41)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lch. 112).

(42)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(43)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(44)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(45)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(46)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(47)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(48)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(49)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(50)  Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1).

(51)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Critéir maidir le leithdháileadh cistithe ar chláir na mballstát

1.

Déanfar na hacmhainní buiséadacha atá ar fail faoi Airteagal 10 a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

(a)

gheobhaidh gach Ballstát méid seasta EUR 8 000 000 i bpraghsanna reatha ón Ionstraim ag tús na clárthréimhse amháin, cé is moite den Chipir, de Mhálta agus den Ghréig a gheobhaidh méid seasta EUR 28 000 000 i bpraghsanna reatha;

(b)

méid EUR 200 568 000 don Scéim Idirthurais Speisialta dá dtagraítear in Airteagal 17 a leithdháilfear ar an Liotuáin ag tús na clárthréimhse amháin; agus

(c)

leithdháilfear na hacmhainní buiséadacha atá fágtha dá dtagraítear in Airteagal 10 bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(i)

30 % i gcomhair teorainneacha seachtracha talún;

(ii)

35 % i gcomhair teorainneacha seachtracha muirí;

(iii)

20 % i gcomhair aerfort;

(iv)

15 % i gcomhair oifigí consalacha.

2.

Déanfar na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil faoi phointe (c)(i) agus (ii) de mhír 1 maidir le teorainneacha seachtracha talún agus teorainneacha seachtracha muirí a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

(a)

70 % i gcomhair fad ualaithe a dteorainneacha seachtracha talún agus a dteorainneacha seachtracha muirí; agus

(b)

30 % don ualach oibre ag a dteorainneacha seachtracha talún agus a dteorainneacha seachtracha muirí, mar a chinnfear i gcomhréir le pointe (a) de mhír 6.

Déanfar an fad ualaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo a shuíomh trí fhachtóirí ualaithe dá dtagraítear i mír 10 a chur i bhfeidhm i gcás gach cuid shonrach den teorainn sheachtrach.

3.

Déanfar na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil faoi phointe (c)(iii) de mhír 1 maidir le haerfoirt a roinnt ar na Ballstáit i gcomhréir leis an ualach oibre atá ag a n-aerfoirt, mar a chinnfear i gcomhréir le pointe (b) de mhír 6.

4.

Déanfar na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil faoi phointe (c)(iv) de mhír 1 maidir le hoifigí consalacha a roinnt ar na Ballstáit mar a leanas:

(a)

50 % do líon oifigí consalacha na mBallstát, gan consalachtaí oinigh a áireamh, sna tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus

(b)

50 % don ualach oibre a bhaineann le beartas víosaí a bhainistiú ag oifigí consalacha na mBallstát sna tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806, mar a chinnfear i gcomhréir le pointe (c) de mhír 6 den Iarscríbhinn seo.

5.

Chun críche acmhainní faoi phointe (c)(ii) de mhír 1 den Iarscríbhinn seo a leithdháileadh, ciallóidh “teorainneacha seachtracha muirí” teorainn fhorimeallach na farraige is teorann do na Ballstáit mar a shainítear i gcomhréir le hAirteagail 4 go 16 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige. Mar sin féin, cuirfear san áireamh, leis an sainmhíniú ar “theorainneacha seachtracha muirí”, cásanna ina ndearnadh oibríochtaí fadtréimhseacha ar bhonn rialta lasmuigh de theorainn fhorimeallach na farraige is teorann do na Ballstáit i limistéir ina bhfuil bagairt ard chun inimirce neamhdhlíthiúil nó teacht isteach neamhdhleathach a chosc. Ar an gcaoi sin, déanfar an sainmhíniú ar “theorainneacha seachtracha muirí” a chinneadh trí na sonraí oibríochtúla a chuir na Ballstáit lena mbaineann ar fáil le dhá bhliain anuas agus a ndearna an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a mheas chun críocha na tuarascála dá dtagraítear i mír 9 den Iarscríbhinn seo, a chur san áireamh. Bainfear úsáid go heisiach as an sainmhíniú sin chun críocha an Rialacháin seo.

6.

Chun críocha an leithdháilte tosaigh den chistiúchán, beidh an measúnú ar an ualach oibre bunaithe ar na meánfhigiúirí is déanaí atá ar fáil lena gcumhdaítear na blianta 2017, 2018 agus 2019. Chun críocha an athbhreithnithe meántéarma, bunófar an measúnú ar an ualach oibre ar na meánfhigiúirí is déanaí atá ar fáil lena gcumhdaítear na blianta 2021, 2022 agus 2023. Beidh an measúnú ar an ualach oibre bunaithe ar na fachtóirí seo a leanas:

(a)

ag teorainneacha seachtracha talún agus teorainneacha seachtracha muirí:

(i)

70 % do líon trasnuithe na dteorainneacha seachtracha ag pointí trasnaithe teorann;

(ii)

30 % don líon náisiúnach tríú tír a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag na teorainneacha seachtracha;

(b)

ag aerfoirt:

(i)

70 % do líon trasnuithe na dteorainneacha seachtracha ag pointí trasnaithe teorann údaraithe;

(ii)

30 % don líon náisiúnach tríú tír a ndiúltaítear cead isteach dóibh ag na teorainneacha seachtracha;

(c)

ag oifigí consalacha:

(i)

líon na n-iarratas ar víosa le haghaidh gearrfhanachtaí nó idirthurais aerfoirt.

7.

Déanfar na figiúirí tagartha don líon oifigí consalacha dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 a ríomh ar bhonn na faisnéise ar tugadh fógra don Choimisiún fúithi i gcomhréir le hAirteagal 40(4) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

I gcás nach gcuirfidh na Ballstáit na staitisticí lena mbaineann ar fáil, bainfear úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil i leith na mBallstát sin. I gcás nach mbeidh aon sonraí ar fáil i leith Ballstáit, is é nialas an figiúr tagartha a bheidh ann.

8.

Is é a bheidh sna figiúirí tagartha don ualach oibre dá dtagraítear:

(a)

i bpointí (a)(i) agus (b)(i) de mhír 6, beidh na staitisticí is déanaí a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais;

(b)

i bpointe (a)(ii) agus (b)(ii) de mhír 6 na staitisticí is déanaí a bheidh curtha ar fáil ag an gCoimisiún (Eurostat) ar bhonn na sonraí a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais;

(c)

i bpointe (c) de mhír 6 na staitisticí is déanaí dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009.

I gcás nach gcuirfidh na Ballstáit na staitisticí lena mbaineann ar fáil, bainfear úsáid as na sonraí is déanaí atá ar fáil i leith na mBallstát sin. I gcás nach mbeidh aon sonraí ar fáil i leith Ballstáit, is é nialas an figiúr tagartha a bheidh ann.

9.

Soláthróidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta tuarascáil don Choimisiún ar acmhainní atá miondealaithe de réir teorainneacha seachtracha talún, teorainneacha seachtracha muirí agus aerfoirt, dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1. Féadfar codanna den tuarascáil sin a aicmiú i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 92 de Rialachán (AE) 2019/1896. Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, cuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta leagan neamhaicmithe den tuarascáil ar fáil go poiblí.

10.

Chun críocha an leithdháilte tosaigh, déanfar a shainaithint leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 9 den Iarscríbhinn seo an meánleibhéal tionchair i gcás gach cuid den teorainn bunaithe ar na meánfhigiúirí is déanaí lena gcumhdaítear na blianta 2017, 2018 agus 2019. Chun críocha an athbhreithnithe meántéarma, déanfar a shainaithint leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 9 den Iarscríbhinn seo an meánleibhéal tionchair i gcás gach cuid den teorainn bunaithe ar na meánfhigiúirí is déanaí lena gcumhdaítear na blianta 2021, 2022 agus 2023. Cinnfear léi na fachtóirí ualaithe sonracha seo a leanas in aghaidh na coda trí na leibhéil tionchair a cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 34(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/1896 a chur i bhfeidhm:

(a)

fachtóir 1 maidir le leibhéal tionchair íseal;

(b)

fachtóir 3 maidir le meánleibhéal tionchair;

(c)

fachtóir 5 maidir le leibhéal tionchair ard agus criticiúil.


(1)  Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

Bearta cur chun feidhme

1.

Leis an Ionstraim, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

feabhas a chur ar an rialú teorann i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2019/1896 trí:

(i)

treisiú a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí chun seiceálacha agus faireachas a dhéanamh ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear bearta chun trasnuithe dlisteanacha ag teorainneacha a éascú agus, i gcás inarb iomchuí bearta a bhaineann leis na hábhair seo a leanas:

coireacht trasteorann ag na teorainneacha seachtracha, go háirithe smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine agus an sceimhlitheoireacht, a chosc agus a bhrath;

leibhéil imirce atá ard go leanúnach a bhainistiú ag teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear trí threisiú teicniúil agus, oibríochtúil agus trí shásraí agus nósanna imeachta chun daoine leochaileacha agus mionaoisigh neamhthionlactha a shainaithint, agus chun daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a shainaithint nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, faisnéis a chur ar fáil do na daoine sin, agus na daoine sin a tharchur;

(ii)

bearta oibríochtúla agus teicniúla a chur chun feidhme i limistéar Schengen a bhfuil baint acu le rialú teorann agus, san am céanna, saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas a choimirciú;

(iii)

anailís a dhéanamh ar na rioscaí atá ann don tslándáil inmheánach agus anailís ar aon bhagairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú nó do shlándáil na dteorainneacha seachtracha;

(b)

forbairt a dhéanamh ar an gGarda Teorann agus Cósta Eorpach trí thacaíocht a sholáthar do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha bearta a dhéanamh a bhaineann le forbairt cumais agus fothú acmhainneachtaí comhchoiteanna, soláthar comhpháirteach a dhéanamh, caighdeáin chomhcoiteanna a bhunú, agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chuíchóiriú;

(c)

comhar idirghníomhaireachta a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta i measc na n-údarás náisiúnta atá freagrach as rialú teorann nó as cúraimí eile a dhéantar ag na teorainneacha, agus comhar a fheabhsú ar leibhéal an Aontais idir na Ballstáit, nó idir na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus comhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais nó tríú tíortha, ar an taobh eile;

(d)

cur i bhfeidhm acquis an Aontais maidir le teorainneacha seachtracha a áirithiú, lena n-áirítear trí chur chun feidhme moltaí ó shásraí rialaithe cáilíochta amhail sásra meastóireachta Schengen i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, measúnuithe leochaileachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896 agus sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta;

(e)

córais mhórscála TF a bhunú, a oibriú agus a chothabháil de bhun dhlí an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha, go háirithe SIS, ETIAS, an EES, agus Eurodac chun críocha bainistithe teorainneacha, lena n-áirítear idir-inoibritheacht na gcóras mórscála TF sin agus a mbonneagar cumarsáide, agus gníomhaíochtaí chun cur le cáilíocht sonraí agus soláthar faisnéise;

(f)

acmhainneacht a mhéadú chun cúnamh a thabhairt do dhaoine atá i gcruachás ar muir agus tacú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála i gcásanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríocht faireachais teorann ar muir;

(g)

tacú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála i gcomhthéacs faireachas teorann a dhéanamh ar muir.

2.

Leis an Ionstraim, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

seirbhísí éifeachtúla soláimhsithe a sholáthar d’iarratasóirí ar víosa agus, ag an am céanna, slándáil agus sláine an chur chuige maidir le víosaí a chothabháil, agus dínit an duine agus sláine an iarratasóra agus sealbhóirí víosa a urramú go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008;

(b)

tacú leis na Ballstáit i dtaca le víosaí a eisiúint, lena n-áirítear víosaí le bailíocht chríochach theoranta, dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, a eisítear ar chúiseanna daonchairdiúla, ar chúiseanna leasa náisiúnta, nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta;

(c)

cur i bhfeidhm aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le víosaí a áirithiú, lena n-áirítear forbairt bhreise agus nuachóiriú an chomhbheartais maidir le víosaí;

(d)

foirmeacha difriúla comhair idir na Ballstáit a fhorbairt i dtaca le próiseáil víosaí;

(e)

córais mhórscála TF a bhunú, a oibriú agus a chothabháil de bhun dhlí an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha, go háirithe VIS, lena n-áirítear idir-inoibritheacht chórais mhórscála TF sin agus a mbonneagar cumarsáide, agus gníomhaíochtaí chun cur le cáilíocht sonraí agus soláthar faisnéise.


IARSCRÍBHINN III

Raon feidhme na tacaíochta

1.

Faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2), tabharfar tacaíocht, leis an Ionstraim, go háirithe do na nithe seo a leanas:

(a)

bonneagar, foirgnimh agus córais agus seirbhísí atá ag teastáil ag pointí trasnaithe teorann agus le haghaidh faireachas teorann idir pointí trasnaithe teorann;

(b)

trealamh oibriúcháin, lena n-áirítear modhanna iompair agus córais TFC is gá le haghaidh rialú teorann éifeachtach slán ag pointí trasnaithe teorann agus le haghaidh faireachas ar theorainneacha, i gcomhréir leis na caighdeáin arna mbunú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, i gcás inarb ann do na caighdeáin sin;

(c)

oiliúint i réimse an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip nó cuidiú lena fhorbairt, agus riachtanais oibríochtúla agus anailís riosca á gcur san áireamh, lena n-áirítear dúshláin arna sainaithint sna moltaí dá dtagraítear in Airteagal 13(7), agus i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha;

(d)

oifigigh idirchaidrimh inimirce a imscaradh go comhpháirteach chuig thríú tíortha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus gardaí teorann agus saineolaithe ábhartha eile a thabhairt ar iasacht do na Ballstáit nó ó Bhallstát do thríú tír, an comhar idir líonraí saineolaithe nó oifigigh idirchaidrimh agus a n-acmhainneacht oibríochtúil a threisiú, agus dea-chleachtais a mhalartú agus dlús a chur le hacmhainn líonraí Eorpacha beartais an Aontais a mheasúnú, a chur chun cinn agus a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt dóibh;

(e)

dea-chleachtais agus saineolas, staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile a mhalartú arb aidhm dóibh an bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip a chur chun feidhme nó a fhorbairt, lena n-áirítear bearta arb aidhm dóibh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach a fhorbairt, amhail acmhainneachtaí comhchoiteanna a fhothú, soláthar comhpháirteach a dhéanamh, caighdeáin chomhcoiteanna a bhunú agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chuíchóiriú, agus bearta a bhaineann le tarchur daoine leochaileacha a bhfuil cúnamh de dhíth orthu agus daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta;

(f)

gníomhaíochtaí lena ndéantar forbairt ar mhodhanna nuálacha nó teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile a imscaradh, go háirithe trí thorthaí tionscadal taighde slándála a imscaradh, i gcás ina gcinnfidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ag gníomhú dó faoi Airteagal 66 de Rialachán (AE) 2019/1896, go rannchuidíonn an t-imscaradh sin le cumas oibríochtúil an Gharda Eorpaigh Teorann agus Cósta a fhorbairt;

(g)

gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla, atá riachtanach chun na beartais um theorainneacha seachtracha a chur chun feidhme, lena n-áirítear rialachas limistéar Schengen a neartú trí fhorbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an sásra meastóireachta, arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 chun cur i bhfeidhm acquis Schengen agus Rialachán (AE) 2016/399 a fhíorú, lena n-áirítear caiteachas misean do shaineolaithe de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát atá rannpháirteach i gcuairteanna ar láithreáin agus bearta chun moltaí a eisíodh de thoradh measúnuithe íogaireachta a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1896;

(h)

gníomhaíochtaí chun cur le cáilíocht sonraí arna stóráil i gcórais TFC agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú na gceart atá ag ábhar sonraí chun faisnéis a fháil, chun a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú agus a scriosadh agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin;

(i)

sainaithint, méarlorgaireacht, clárú, seiceálacha slándála, faisnéisiú, soláthar faisnéise, scagthástáil liachta agus íogaireachta agus, i gcás inar gá, cúram leighis agus náisiúnaithe ó thríú tíortha a tharchur chuig an nós imeachta iomchuí ag na teorainneacha seachtracha;

(j)

gníomhaíochtaí arb aidhm dóibh cur le feasacht maidir le beartais teorainneacha seachtracha i measc geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

(k)

na huirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh lena n-urramaítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe a fhorbairt;

(l)

tacaíocht oibriúcháin le haghaidh bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip.

2.

Faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) tabharfar tacaíocht, leis an Ionstraim, do na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

bonneagar agus foirgnimh atá ag teastáil chun iarratais ar víosa a phróiseáil agus don chomhar consalach, lena n-áirítear bearta slándála, chomh maith le gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar fheabhas a chur ar cháilíocht na seirbhíse d’iarratasóirí ar víosa;

(b)

trealamh oibriúcháin agus córais TFC atá ag teastáil chun iarratais ar víosaí a phróiseáil agus comhar consalach;

(c)

oiliúint a chur ar bhaill foirne consalaí agus foirne eile lena rannchuidítear leis an gcomhbheartas víosaí agus leis an gcomhar consalach;

(d)

dea-chleachtais agus saineolaithe a mhalartú, lena n-áirítear saineolaithe a thabhairt ar iasacht, mar aon le dlús a chur le hacmhainneacht líonraí Eorpacha beartais agus cuspóirí an Aontais a mheasúnú, a chur chun cinn agus tacú leo, agus iad a fhorbairt tuilleadh;

(e)

staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile, amhail gníomhaíochtaí arb aidhm dóibh eolas a fheabhsú trí bhíthin anailísí, faireacháin agus meastóireachta;

(f)

gníomhaíochtaí lena ndéantar forbairt ar mhodhanna nuálacha nó teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile a imscaradh, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú;

(g)

gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus teicniúla, lena n-áirítear rialachas limistéar Schengen a neartú trí fhorbairt agus cur chun feidhme a dhéanamh ar an sásra meastóireachta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, lena n-áirítear caiteachas misean do shaineolaithe de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát atá rannpháirteach i gcuairteanna ar láithreáin;

(h)

gníomhaíochtaí chun feasacht a mhúscailt i measc geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne maidir le beartais víosaí, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

(i)

uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt, lena n-urramaítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe;

(j)

tacaíocht oibriúcháin chun an comhbheartas víosaí a chur chun feidhme;

(k)

tacú leis na Ballstáit i dtaca le víosaí a eisiúint, lena n-áirítear víosaí le bailíocht chríochach theoranta, dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, a eisítear ar chúiseanna daonchairdiúla, ar chúiseanna leasa náisiúnta, nó de bharr oibleagáidí idirnáisiúnta.

3.

Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach in Airteagal 3(1), leis an Ionstraim, tacófar leis na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

bonneagair agus foirgnimh atá ag teastáil chun córais mhórscála TF agus comhchodanna bonneagair cumarsáide atá bainteach leo a óstáil;

(b)

trealamh agus córais chumarsáide atá ag teastáil chun dea-fheidhmiú córas mórscála TF a áirithiú;

(c)

gníomhaíochtaí oiliúna agus cumarsáide i dtaca le córais mhórscála TF;

(d)

córais mhórscála TF a fhorbairt agus a uasghrádú;

(e)

staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le córais mhórscála TF lena n-áirítear a n-idir-inoibritheacht a chur chun feidhme;

(f)

gníomhaíochtaí lena ndéantar forbairt ar mhodhanna nuálacha nó teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile a imscaradh, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú;

(g)

na huirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt do chórais mhórscála TF i réimse an bheartais víosaí agus teorainneacha, lena n-uarramaítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe á urramú;

(h)

gníomhaíochtaí chun cur le cáilíocht sonraí arna stóráil i gcórais TFC agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú na gceart atá ag ábhair sonraí chun faisnéis a fháil, a shonraí nó a sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh, agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin;

(i)

tacaíocht oibriúcháin chun córais mhórscála TF a chur chun feidhme.


(1)  Rialachán (AE) 2019/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 198, 25.7.2019, lch. 88).


IARSCRÍBHINN IV

Gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh rátaí cómhaoinithe níos airde i gcomhréir le hairteagal 12(3) agus airteagal 13(17)

(1)

Trealamh oibriúcháin a cheannach trí bhíthin scéimeanna comhpháirteacha soláthair i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, a bheidh le cur ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta le haghaidh a gníomhaíochtaí oibríochtúla i gcomhréir le hAirteagal 64(14) de Rialachán (AE) 2019/1896;

(2)

Bearta lena dtacaítear le comhar idirghníomhaireachta idir Ballstát agus tríú tír comharsanachta a bhfuil comhtheorainn talún nó mhuirí ag an Aontas léi;

(3)

Forbairt a dhéanamh ar an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta trí thacaíocht a sholáthar do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as bainistiú teorainneacha bearta a dhéanamh a bhaineann le forbairt acmhainneachta agus acmhainneachtaí comhchoiteanna a fhothú, soláthar comhpháirteach a dhéanamh, caighdeáin chomhcoiteanna a bhunú, agus aon bhearta eile chun an comhar agus an comhordú idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chuíchóiriú, mar a shonraítear i bpointe (b) de mhír 1 d’Iarscríbhinn II;

(4)

Oifigigh idirchaidrimh dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a imscaradh go comhpháirteach;

(5)

Bearta faoi chuimsiú an rialaithe teorann lena ndéantar íospartaigh na gáinneála ar dhaoine a shainaithint ar bhealach níos fearr agus tacú leo láithreach, chomh maith le sásraí tarchuir leordhóthanacha a fhorbairt agus tacú leo i gcás na spriocghrúpaí sin, agus bearta faoi chuimsiú an rialaithe teorann lena ndéantar comhar trasteorann a fheabhsú maidir le lucht gáinneála a bhrath;

(6)

Forbairt a dhéanamh ar chórais chomhtháite chun leanaí a chosaint ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear trí oiliúint leordhóthanach a chur ar fhoirne agus trí mhalartú dea-chleachtas i measc na mBallstát agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta;

(7)

Bearta lena ndéanfar modheolaíochtaí nó teicneolaíochtaí nua a imscaradh, a aistriú, a thástáil agus a bhailíochtú, lena n-áirítear treoirthionscadail agus bearta leantacha ar thionscadail taighde atá cistithe ag an Aontas, dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, agus bearta chun cur le cáilíocht na sonraí atá stóráilte i gcórais TFC i réimse an bheartais víosaí agus na dteorainneacha, agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú na gceart atá ag ábhar sonraí chun faisnéis a fháil, a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh, agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin, i gcomhthéacs gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme na hIonstraime seo;

(8)

Bearta lena spriocdhírítear ar dhaoine leochaileacha a shainaithint agus ar tharchur chuig na seirbhísí cosanta agus ar chúnamh a thabhairt dóibh;

(9)

Bearta lena ndéanfar limistéir ina mbeidh teophointí a bhunú agus a bhainistiú sna Ballstáit a bhfuil brú díréireach imirce orthu nó a d’fhéadfadh a bheith orthu;

(10)

Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar fhoirmeacha comhair difriúla idir na Ballstáit i dtaca le próiseáil víosaí, mar a shonraítear i bpointe (d) de mhír 2 d’Iarscríbhinn II;

(11)

Láithreacht chonsalach nó ionadaíocht na mBallstát a mhéadú i dtríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith acu agus iad ag trasnú na teorainneacha eachtracha de réir bhrí Rialachán (AE) 2018/1806, go háirithe i dtriú tíortha nach bhfuil láithreacht ag aon Bhallstát iontu faoi láthair;

(12)

Bearta darb aidhm idir-inoibritheacht chórais TFC a fheabhsú.


IARSCRÍBHINN V

Croítháscairí feidhmíochta dá dtagraítear in airteagal 27(1)

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2):

1.

An líon ítimí trealaimh atá cláraithe sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

2.

An líon ítimí trealaimh a chuirtear ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

3.

Líon na gcineálacha comhair idir na húdaráis náisiúnta agus lárionaid comhordúcháin náisiúnta EUROSUR a tionscnaíodh/a feabhsaíodh.

4.

Líon na dtrasnuithe teorann trí chórais rialaithe uathoibrithe teorann agus trí ríomhgheataí;

5.

Líon na moltaí de thoradh mheastóireachtaí Schengen agus de thoradh measúnuithe leochaileachta i réimse an bhainistithe teorainneacha ar tugadh aghaidh orthu.

6.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn 3 mhí tar éis na gníomhaíochta oiliúna go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a sealbhaíodh le linn na gníomhaíochta oiliúna.

7.

Líon na ndaoine a bhfuil iarratas déanta acu ar chosaint idirnáisiúnta ag pointí trasnaithe teorann.

8.

Líon na ndaoine ar dhiúltaigh na húdaráis teorann cead isteach dóibh.

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2)

1.

Líon na gconsalachtaí nua/uasghrádaithe lasmuigh de limistéar Schengen:

1.1.

díobh sin, líon na gconsalachtaí ar a ndearnadh uasghrádú chun cur le soláimhsitheacht d’iarratasóirí ar víosa.

2.

Líon na moltaí de thoradh mheastóireachtaí Schengen i réimse an chomhbheartais víosaí ar tugadh aghaidh orthu.

3.

Líon na n-iarratas ar víosa trí mhodhanna digiteacha.

4.

Líon na gcineálacha comhair a tionscnaíodh/a feabhsaíodh ina ndearnadh comhar a bhunú i measc na mBallstát i dtaca le próiseáil víosaí.

5.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn 3 mhí tar éis gníomhaíochta oiliúna go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a sealbhaíodh le linn na gníomhaíochta oiliúna sin.

IARSCRÍBHINN VI

CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA

TÁBLA 1: CÓID DO DHIMINSEAN AN RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

I.

Bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip

001

Seiceálacha teorann

002

Faireachas teorann – trealamh aeir

003

Faireachas teorann – trealamh talún

004

Faireachas teorann – trealamh muirí

005

Faireachas teorann – córais faireachais teorann uathoibríocha

006

Faireachas teorann – bearta eile

007

Bearta oibríochtúla agus teicniúla i limistéar Schengen a bhfuil baint acu le rialú teorann

008

Comhfheasacht staide agus malartú faisnéise

009

Anailís riosca

010

Sonraí agus faisnéis a phróiseáil

011

Teophointí

012

Bearta a bhaineann le daoine leochaileacha a shainaithint agus a tharchur

013

Bearta a bhaineann le daoine a shainaithint agus a tharchur, a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, nó ar mian leo iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta

014

An Garda Eorpach Teorann agus Cósta a fhorbairt

015

Comhar idirghníomhaireachta – ar an leibhéal náisiúnta

016

Comhar idirghníomhaireachta – ar leibhéal an Aontais

017

Comhar idirghníomhaireachta – le tríú tíortha

018

Oifigigh idirchaidrimh a imscaradh go comhpháirteach

019

Córais mhórscála TF – Eurodac chun críoch bainistithe teorainneacha

020

Córais mhórscála TF – Córais dul Isteach/Imeachta (EES)

021

Córais mhórscála TF – an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) – eile

022

Córais mhórscála TF – an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) – – Airteagal 85(2) de Rialachán (AE) 2018/1240

023

Córais TF ar mhórscála – an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) – Airteagal 85(3) de Rialachán (AE) 2018/1240

024

Córais mhórscála TF – Córas Faisnéise Schengen (SIS)

025

Córais mhórscála TF – Idir-inoibritheacht

026

Tacaíocht oibriúcháin – bainistiú comhtháite teorainneacha

027

Tacaíocht oibriúcháin – córais mhórscála TF chun críoch bainistithe teorainneacha

028

Tacaíocht oibriúcháin – Scéim Idirthurais Speisialta

029

Cáilíocht sonraí agus an ceart atá ag ábhair sonraí chun faisnéis a fháil agus chun a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú agus a scriosadh agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin

II.

Comhbheartas víosaí

001

Feabhas a chur ar phróiseáil iarratas ar víosa

002

Feabhas a chur ar éifeachtúlacht, ar sholáimhsitheacht na seirbhíse don chliant agus ar an tslándáil ag na consalachtaí

003

Slándáil doiciméad/comhairleoirí doiciméad

004

Comhar consalachta

005

Cumhdach consalachta

006

Córais mhórscála TF – Córas Faisnéise Víosaí (VIS)

007

Córais eile TFC chun iarratais ar víosaí a phróiseáil

008

Tacaíocht oibriúcháin – an Comhbheartas Víosaí

009

Tacaíocht oibriúcháin – córais mhórscála TF chun iarratais ar víosaí a bhainistiú

010

Tacaíocht oibriúcháin – Scéim Idirthurais Speisialta

011

Víosaí ag a bhfuil bailíocht chríochach theoranta a eisiúint

012

Cáilíocht sonraí agus an ceart atá ag ábhair sonraí chun faisnéis a fháil agus chun a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a rochtain, a cheartú agus a scriosadh agus chun srian a chur le próiseáil na sonraí sin

III.

Cúnamh teicniúil

001

Faisnéis agus cumarsáid

002

Ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

003

Meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

004

Forbairt acmhainneachta


TÁBLA 2: CÓID DO CHINEÁL AN DIMINSIN GNÍOMHAÍOCHTA

001

Bonneagar agus foirgnimh

002

Modhanna iompair

003

Trealamh oibriúcháin eile

004

Córais chumarsáide

005

Córais TF

006

Oiliúint

007

Malartú dea-chleachtas – idir na Ballstáit

008

Malartú dea-chleachtas – le tríú tíortha

009

Saineolaithe a imscaradh

010

Staidéir, cruthúnais choincheapa, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí comhchosúla

011

Gníomhaíochtaí cumarsáide

012

Uirlisí, modhanna agus táscairí staidrimh a fhorbairt

013

Tionscadal taighde nó obair leantach eile a imscaradh


TÁBLA 3: CÓID DO DHIMINSEAN AN CHUR CHUN FEIDHME

001

Gníomhaíochtaí a chuimsítear le hAirteagal 12(1)

002

Gníomhaíochtaí sonracha

003

Gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV

004

Tacaíocht oibriúcháin

005

Gníomhaíochtaí a chuimsítear le hAirteagal 12(5)

006

Cúnamh éigeandála


TÁBLA 4: CÓID DO DHIMINSEAN NA DTEAMAÍ SONRACHA

001

Comhar le tríú tíortha

002

Gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha

003

Moltaí de thoradh mheastóireachtaí Schengen a chur chun feidhme

004

Moltaí de thoradh measúnuithe leochaileachta a chur chun feidhme

005

Gníomhaíochtaí ag tacú le forbairt agus oibriú EUROSUR

006

Ní ceachtar díobh seo thuas


IARSCRÍBHINN VII

Caiteachas atá incháilithe le haghaidh tacaíocht oibriúcháin

(a)

Faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2), cumhdófar le tacaíocht oibriúcháin na costais seo a leanas a mhéid nach bhfuil siad á gcumhdach ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhthéacs a gníomhaíochtaí oibríochtúla:

(1)

costais foirne, lena n-áirítear le haghaidh oiliúna;

(2)

trealamh agus bonneagar a chothabháil agus a dheisiú;

(3)

costais seirbhíse faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(4)

costais reatha le haghaidh oibríochtaí;

(5)

costais a bhaineann le réadmhaoin, lena n-áirítear costais a bhaineann le cíos agus bonneagar.

Féadfaidh Ballstát is óstach de réir bhrí phointe (20) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1896 úsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin chun críocha na gcostas reatha a ghlanadh, a thabhaíonn sé de thoradh a rannpháirtíochta féin sna gníomhaíochtaí oibríochtúla dá dtagraítear sa phointe sin agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, nó chun críocha a ghníomhaíochtaí rialaithe teorann náisiúnta.

(b)

Faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2), cumhdófar leis an tacaíocht oibriúcháin:

(1)

costais foirne, lena n-áirítear le haghaidh oiliúna;

(2)

costais seirbhíse;

(3)

trealamh agus bonneagar a chothabháil agus a dheisiú;

(4)

costais a bhaineann le réadmhaoin, lena n-áirítear costais a bhaineann le cíos agus bonneagar.

(c)

Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach in Airteagal 3(1), cumhdófar leis an tacaíocht oibriúcháin do chórais mhórscála TF:

(1)

costais foirne, lena n-áirítear le haghaidh oiliúna;

(2)

bainistiú agus cothabháil oibríochtúil ar chórais mhórscála TF agus a mbonneagair chumarsáide, lena n-áirítear idir-inoibritheacht na gcóras sin agus an cíos ar áitreabh daingnithe.

(d)

I dteannta leis na costais a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) den Iarscríbhinn seo a chumhdach, cuirfear tacaíocht ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 17(1) trí thacaíocht oibriúcháin laistigh de chlár na Liotuáine.


ARSCRÍBHINN VIII

Táscairí aschuir agus torthaí dá dtagraítear in airteagal 27(3)

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2)

Táscairí aschuir

1.

Líon na n-ítimí trealaimh a ceannaíodh do phointí trasnaithe teorann:

1.1.

díobh sin, líon na gcóras rialaithe uathoibrithe teorann/córais féinfhreastail/ríomhgheataí a ceannaíodh.

2.

Líon na n-ítimí bonneagair atá á chothabháil/á dheisiú.

3.

Líon na dteophointí atá á thacú.

4.

Líon na saoráidí do phointí trasnaithe teorann a tógadh nó a uasghrádaíodh.

5.

Líon na n-aerfheithiclí a ceannaíodh.

5.1.

díobh sin, líon na n-aerfheithiclí gan foireann a ceannaíodh.

6.

Líon na modhanna iompair mhuirí a ceannaíodh.

7.

Líon na modhanna iompair talún a ceannaíodh.

8.

Líon na rannpháirtithe a fuair tacaíocht:

8.1.

díobh sin, líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna.

9.

Líon na n-oifigeach idirchaidrimh inimirce a imscaradh chuig tríú tíortha.

10.

Líon na bhfeidhmiúlachtaí TF a forbraíodh/a ndearnadh cothabháil orthu/a uasghrádaíodh.

11.

Líon na gcóras mórscála TF a forbraíodh/a ndearnadh cothabháil orthu/a uasghrádaíodh:

11.1.

díobh sin, líon na gcóras mórscála TF a forbraíodh.

12.

Líon na dtionscadal comhair le tríú tíortha.

13.

Líon na ndaoine a bhfuil iarratas déanta acu ar chosaint idirnáisiúnta ag pointí trasnaithe teorann.

Táscairí toraidh

14.

Líon na n-ítimí trealaimh atá cláraithe sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

15.

Líon na n-ítimí trealaimh a chuirtear ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

16.

Líon na gcineálacha comhair idir na húdaráis náisiúnta agus lárionaid comhordúcháin náisiúnta EUROSUR (NCC) a tionscnaíodh/a feabhsaíodh.

17.

Líon na dtrasnuithe teorann trí chórais rialaithe uathoibrithe teorann agus ríomhgheataí.

18.

Líon na moltaí de thoradh mheastóireachtaí Schengen agus de thoradh measúnuithe leochaileachta i réimse an bhainistithe teorainneacha ar tugadh aghaidh orthu.

19.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn 3 mhí tar éis na gníomhaíochta oiliúna go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a sealbhaíodh le linn na gníomhaíochta oiliúna.

20.

Líon na ndaoine ar dhiúltaigh na húdaráis teorann cead isteach dóibh.

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2)

Táscairí aschuir

1.

Líon na dtionscadal a thacaíonn le próiseáil víosaí a dhigiteáil.

2.

Líon na rannpháirtithe a fuair tacaíocht:

2.1.

díobh sin, líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna.

3.

Líon na foirne a imscaradh chuig consalachtaí i dtríú tíortha:

3.1.

díobh sin, an líon foirne a imscaradh chun próiseáil víosaí a dhéanamh.

4.

Líon na bhfeidhmiúlachtaí TF a forbraíodh/a ndearnadh cothabháil orthu/a uasghrádaíodh.

5.

Líon na gcóras mórscála TF a forbraíodh/a ndearnadh cothabháil orthu/a uasghrádaíodh:

5.1.

díobh sin, líon na gcóras mórscála TF a forbraíodh.

6.

Líon na n-ítimí bhonneagair atá á chothabháil/á dheisiú.

7.

Líon na réadmhaoine ar cíos/dímheasta.

Táscairí toraidh

8.

Líon na gconsalachtaí nua/uasghrádaithe lasmuigh de limistéar Schengen:

8.1.

díobh sin, líon na gconsalachtaí a ndearnadh uasghrádú orthu chun cur le soláimhsitheacht d’iarratasóirí ar víosa.

9.

Líon na moltaí de thoradh mheastóireachtaí Schengen i réimse an chomhbheartais víosaí ar tugadh aghaidh orthu.

10.

Líon na n-iarratas ar víosa trí mhodhanna digiteacha.

11.

Líon na gcineálacha comhair a tionscnaíodh/a feabhsaíodh ina ndearnadh comhar a bhunú i measc na mBallstát i dtaca le próiseáil víosaí.

12.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn 3 mhí tar éis na gníomhaíochta oiliúna go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a sealbhaíodh le linn na gníomhaíochta oiliúna.

15.7.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 251/94


RIALACHÁN (AE) 2021/1149 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 7 Iúil 2021

lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1), Airteagal 84, agus Airteagal 87(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cé gur inniúlacht eisiach de chuid na mBallstát í an tslándáil náisiúnta i gcónaí, teastaíonn comhar agus comhordú ar leibhéal an Aontais chun í a chosaint. Ba cheart cuspóir an Aontais maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais de bhun Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaint amach, inter alia, trí bhíthin beart chun an choireacht a chosc agus a chomhrac agus trí bhíthin beart ar mhaithe le comhordú agus le comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus údaráis náisiúnta eile de chuid na mBallstát, lena n-áirítear comhordú agus comhar le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, agus le tríú tíortha ábhartha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chomh maith le cabhair ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta.

(2)

Don tréimhse ó 2015 go 2020, rinne an Coimisiún, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa sainmhíniú ar thosaíochtaí coiteanna mar a leagtar amach iad sa Chlár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil in Aibreán 2015, a ndearna an Chomhairle iad a athdhearbhú sa Straitéis Athnuaite Slándála Inmheánaí i Meitheamh 2015 agus Parlaimint na hEorpa ina Rún in Iúil 2015, sin é le rá an sceimhlitheoireacht agus an radacú, an choireacht thromchúiseach agus eagraithe, agus an chibearchoireacht a chosc is a chomhrac. Rinneadh na tosaíochtaí coiteanna sin a athdhearbhú don tréimhse ó 2015 go 2025 i dteachtaireacht an 24 Iúil 2020 ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal the EU Security Union Strategy [Straitéis Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh].

(3)

I nDearbhú na Róimhe arna shíniú an 25 Márta 2017, dhearbhaigh ceannairí 27 mBallstát, na Comhairle Eorpaí, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin Eorpaigh a dtiomantas i ndáil le hoibriú i dtreo Eoraip shábháilte agus shlán agus i ndáil le hAontas a chruthú, ar Aontas é ina mothóidh na saoránaigh go léir sábháilte agus ina bhféadfaidh siad gluaiseacht faoi shaoirse, ina mbeidh na teorainneacha seachtracha daingnithe agus a mbeidh beartas imirce aige a bheidh éifeachtúil, freagrach agus inbhuanaithe, lena n-urramófar noirm idirnáisiúnta, chomh maith le hEoraip atá meáite ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht eagraithe a chomhrac.

(4)

D’iarr an Chomhairle Eorpach an 15 Nollaig 2016 go leanfaí d’idir-inoibritheacht córas faisnéise agus bunachar sonraí a sholáthar. Leag Comhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2017 béim ar an ngá a bhí le feabhas a chur ar idir-inoibritheacht idir bunachair sonraí agus, an 12 Nollaig 2017, chuir an Chomhairle togra ar aghaidh le haghaidh Rialachán maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise de chuid an Aontais (comhar póilíneachta agus breithiúnais, tearmann agus imirce).

(5)

Chun acquis Schengen a chaomhnú agus rannchuidiú le hardleibhéal slándála san Aontas a áirithiú, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, ón 6 Aibreán 2017, seiceálacha córasacha a dhéanamh in aghaidh bunachair sonraí ábhartha maidir le saoránaigh an Aontais a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha an Aontais. Ina theannta sin, d’eisigh an Coimisiún moladh chuig na Ballstáit maidir le húsáid fheabhsaithe a bhaint as seiceálacha póilíní agus as comhar trasteorann. Ba cheart go mbeadh dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, soiléireacht maidir le roinnt na gcúraimí, urraim do chearta agus saoirsí bunúsacha agus don smacht reachta, aird ghéar ar an gcomhthéacs domhanda agus ar an gcomhsheasmhacht is gá le gné sheachtrach na slándála ar na príomhphrionsabail a threoraíonn an tAontas agus gníomhaíochtaí na mBallstát i dtaca le fíoraontas slándála éifeachtach a fhorbairt.

(6)

Chun an cuspóir seo a bhaint amach, ba cheart gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun daoine, spásanna poiblí agus bonneagar ríthábhachtach a chosaint ar bhagairtí atá níos trasnáisiúnta ina gcineál i gcónaí agus chun tacú leis an obair a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát. Bíonn an sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe agus an choireacht eagraithe, an choireacht ghluaisteach, an gháinneáil ar dhrugaí agus ar airm, an t-éilliú, sciúradh airgid, an chibearchoireacht, teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear teacht i dtír gnéasach ar leanaí, bagairtí ilchineáil, chomh maith le bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíoch agus núicléacha, agus an gháinneáil ar dhaoine, inter alia, ina ndúshláin i gcónaí maidir le slándáil inmheánach an Aontais. Iarracht chomhroinnte is ea an tslándáil inmheánach ar cheart d’institiúidí an Aontais, do ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus do na Ballstáit rannchuidiú léi go comhpháirteach.

(7)

Chun rannchuidiú le fíoraontas slándála éifeachtach a fhorbairt agus a chur chun feidhme arb aidhm dó ardleibhéal slándála inmheánaí a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart Ciste Slándála Inmheánaí (“an Ciste”) a bhunú agus a bhainistiú chun tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit.

(8)

Ba cheart cistiú ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil ina leith i gcomparáid le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit amháin. I gcomhréir le hAirteagal 84 agus Airteagal 87(2) CFAE, ba cheart go dtacófaí, leis an gCiste, le bearta chun tacú le gníomhaíocht na mBallstát agus iad a chur chun cinn i réimse chosc na coireachta, oiliúint chomhpháirteach na foirne agus an chomhair póilíneachta, mar aon le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla a mbeidh baint ag údaráis inniúla na mBallstát agus gníomhaireachtaí an Aontais leo go háirithe a mhéid a bhaineann le faisnéis a mhalartú, comhar oibríochtúil méadaithe agus tacú le hiarrachtaí riachtanacha cumais a neartú ar mhaithe leis cosc agus comhrac na coireachta eagraithe agus tromchúisí. Leis an gCiste, ba cheart tacaíocht a thabhairt chun oiliúint a chur ar bhaill foirne agus saineolaithe ábhartha, i gcomhréir le prionsabail ghinearálta Scéim Eorpach um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (LETS). Ba cheart nach dtacófaí, leis an gCiste, le costais oibriúcháin agus gníomhaíochtaí a bhaineann le feidhmeanna riachtanacha na mBallstát i dtaca le riail agus reacht a choimeád agus an tslándáil inmheánach agus náisiúnta a chosaint dá dtagraítear in Airteagal 72 CFAE.

(9)

Ba cheart an Ciste a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leis na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a mhéid a bhaineann le cearta an duine. Go háirithe, ba cheart an Ciste seo a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha, amhail ceart duine ar a dhínit, an ceart chun beatha, an toirmeasc ar chéastóireacht agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, cearta an linbh, agus an ceart chun leigheas éifeachtach, chomh maith le lánurraim a thabhairt do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 3 CAE, leis an gCiste, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí a áirithíonn go ndéantar leanaí a chosaint ar fhoréigean, mí-úsáid, dúshaothrú agus faillí. Leis an gCiste, ba cheart tacú freisin le coimircí agus cúnamh do leanaí atá ina bhfinnéithe nó ina n-íospartaigh, go háirithe iadsan atá gan tionlacan nó a bhfuil gá le caomhnóireacht acu ar shlí eile.

(11)

I gcomhréir leis na tosaíochtaí comhroinnte a sainaithníodh ar leibhéal an Aontais chun ardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas, leis an gCiste, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na príomhbhagairtí slándála agus, go háirithe, leis an sceimhlitheoireacht agus an radacú a chosc agus a chomhrac, an choireacht thromchúiseach agus an chibearchoireacht chomh maith le cúnamh agus cosaint a thabhairt d’íospartaigh na coireachta. Ba cheart a áirithiú, leis an gCiste, go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag an Aontas agus ag na Ballstáit freisin chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí atá ag forbairt agus ag teacht chun cinn, amhail an gháinneáil, lena n-áirítear trí bhealaí ar líne, bagairtí ilchineáil agus bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus eithneacha, d’fhonn fíoraontas slándála a bhunú. Ba cheart é sin a shaothrú trí bhíthin cúnamh airgeadais chun tacú le malartú faisnéise níos fearr, an comhar oibríochtúil a mhéadú agus cumais náisiúnta agus chomhchoiteanna a fheabhsú.

(12)

Ba cheart don chúnamh airgeadais a sholáthraítear tríd an gCiste tacú go háirithe le malartuithe faisnéise, comhar póilíneachta, comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, cosc i réimse na coireachta tromchúisí agus eagraithe, an gháinneáil aindleathach ar airm, éilliú, sciúradh airgid, an gháinneáil ar dhrugaí, an choireacht chomhshaoil, an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhaoine, dúshaothrú na ndídeanaithe agus na n-imirceach neamhrialta, dúshaothrú tromchúiseach an lucht oibre, teacht i dtír gnéasach agus mí-úsáid ghnéasach, lena n-áirítear teacht i dtír gnéasach agus mí-úsáid ghnéasach leanaí agus ban, dáileadh íomhánna de mhí-úsáid leanaí agus pornagrafaíochta leanaí agus an chibearchoireacht. Leis an gCiste, ba cheart tacú le daoine, spásanna poiblí agus bonneagar criticiúil a chosaint ar theagmhais slándáilbhunaithe agus ba cheart tacú le hullmhacht agus le bainistiú éifeachtach rioscaí agus géarchéimeanna slándáilbhunaithe, lena n-áirítear oiliúint chomhpháirteach, agus trí fhorbairt a dhéanamh ar chomhbheartas, amhail straitéisí, timthriallacha beartais, cláir agus pleananna gníomhaíochta, chomh maith le reachtaíocht agus comhar praiticiúil.

(13)

Ba cheart tacaíocht airgeadais a sholáthar leis an gCiste chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn mar gheall ar an méadú suntasach le blianta beaga anuas ar mhéid cineálacha áirithe coireanna atá á ndéanamh trí bhíthin an idirlín, amhail calaois íocaíochta, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus an gháinneáil ar airm.

(14)

Ba ceart don Chiste cur le torthaí agus infheistíochtaí a réamhtheachtaithe: an clár um an gCoireacht a Chosc agus a Chomhrac agus an clár um an Sceimhlitheoireacht agus rioscaí Slándáilbhunaithe eile a Chosc, Ullmhú Dóibh agus a n-Iarmhairtí a Bhainistiú (CIPS) don tréimhse 2007-2013, agus an ionstraim um an gcomhar póilíneachta chun an choireacht a chosc agus a chomhrac agus um ghéarchéimeanna a bhainistiú mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Le raon feidhme an Chiste, ba cheart go bhféadfaí forbairtí nua a chur san áireamh freisin.

(15)

Ní mór an tionchar a bhíonn ag cistiú ón Aontas a uasmhéadú trí acmhainní airgeadais poiblí agus príobháideacha a shlógadh, a chomhthiomsú agus a luamhánú. Leis an gCiste, ba cheart rannpháirtíocht ghníomhach fhónta na sochaí sibhialta a chur chun cinn agus a spreagadh, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, chomh maith leis an earnáil thionsclaíoch Eorpach, i bhforbairt agus cur chun feidhme an bheartais slándála, agus, i gcás inarb ábhartha, gníomhaithe ábhartha eile, comhlachtaí de chuid an Aontais, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta rannpháirteach ann i dtaca le cuspóir an Chiste. Ba cheart a áirithiú, áfach, nach mbainfear feidhm as tacaíocht ón gCiste chun cúraimí reachtacha nó poiblí a tharmligean chuig gníomhaithe príobháideacha.

(16)

Baineann gné thrasteorann leis an sceimhlitheoireacht agus leis an gcoireacht thromchúiseach agus eagraithe, rud a éilíonn freagairt chomhordaithe agus comhar comhordaithe laistigh de na Ballstáit agus ina measc, agus le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. D’fhéadfadh sé go mbeadh faisnéis atá luachmhar chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach agus eagraithe a chomhrac go héifeachtach a bheith ag údaráis inniúla uile na mBallstát, lena n-áirítear seirbhísí speisialaithe um fhorfheidhmiú an dlí. Chun dlús a chur le malartuithe faisnéise, agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise a chomhroinntear, tá sé ríthábhachtach an mhuinín fhrithpháirteach a chothú. Ba cheart bealaí nua maidir leis an gcomhar agus le faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear maidir le hanailís ar bhagairtí, a fhiosrú agus a scrúdú, agus na creataí atá ann cheana laistigh agus lasmuigh de chreat an Aontais a chur san áireamh: amhail Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh (INTCEN), Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa (ECTC), Comhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa agus an Grúpa Frithsceimhlitheoireachta. Leis an gCiste, ba cheart tacú leis na húdaráis inniúla sin de chuid na mBallstát atá freagrach as cionta coiriúla, dá dtagraítear in Airteagal 87 CFAE a chosc, a bhrath agus a imscrúdú a mhéid a chumhdaítear a gcuid gníomhaíochtaí faoi raon feidhme an Chiste. Ba cheart do na gníomhaíochtaí a gheobhaidh cistiú urraim iomlán a thabhairt don stádas dlíthiúil atá ag na húdaráis inniúla éagsúla, ag na struchtúir Eorpacha éagsúla, agus ag na prionsabail úinéireachta faisnéise riachtanacha.

(17)

Chun leas a bhaint as eolas agus saineolas na ngníomhaireachtaí díláraithe de chuid an Aontais a bhfuil inniúlachtaí acu i réimsí an bhainistithe teorainneacha, an bheartais víosaí agus na gcóras mórscála TF, ba cheart don Choimisiún, ar bhealach tráthúil, rannpháirt a thabhairt do na gníomhaireachtaí díláraithe ábhartha in obair an Choiste um Chistí Gnóthaí Baile, a cuireadh ar bun le Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), go háirithe ag tús agus ag meántéarma na clárthréimhse. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann freisin rannpháirt a thabhairt do na gníomhaireachtaí díláraithe ábhartha de chuid an Aontais san fhaireachán agus sa mheastóireacht, go háirithe d’fhonn a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí, a dtacófar leo leis an gCiste, i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais.

(18)

Laistigh de chreat cuimsitheach de straitéis drugaí an Aontais a mholann cur chuige cothrom atá bunaithe ar laghdú comhuaineach ar sholáthar agus éileamh, ba cheart, leis an gcúnamh airgeadais a sholáthraítear faoin gCiste, tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí atá dírithe ar an ngáinneáil ar dhrugaí a chosc agus a chomhrac trí sholáthar agus éileamh a laghdú, go háirithe bearta atá dírithe ar tháirgeadh, ar mhonarú, ar eastóscadh, ar dhíol, ar iompar, ar allmhairiú nó ar onnmhairiú drugaí mídhleathacha, mar aon le seilbh a bheith orthu agus iad a cheannach, d’fhonn a bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí gáinneála drugaí. Leis an gCiste ba cheart go gcumhdófaí freisin gnéithe coisctheacha bheartais drugaí. Chun tuilleadh sineirgí agus comhtháthú a bhaint amach i réimse na ndrugaí, ba cheart na heilimintí sin de na cuspóirí a bhaineann le drugaí, a cumhdaíodh faoin gclár um Cheartas don tréimhse 2014-2020, a ionchorprú sa Chiste.

(19)

Chun a áirithiú go rannchuideoidh an Ciste go héifeachtach le leibhéal slándála inmheánaí níos airde ar fud an Aontais, agus ar an mbealach sin go rannchuideoidh sé le fíoraontas slándála a fhorbairt, ba cheart an Ciste a úsáid ar dhóigh a soláthraítear an breisluach Aontais is mó le gníomhaíochtaí na mBallstát.

(20)

Leis an gCiste, níor cheart tacú le hinfheistíochtaí i dtrealamh, i modhanna iompair ná i saoráidí ach i gcás ina mbíonn breisluach Aontais soiléir ag infheistíochtaí den sórt sin agus a mhéid is gá do na hinfheistíochtaí sin chun cuspóirí an Chiste a bhaint amach. Mar shampla, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh ar na hinfheistíochtaí sin: infheistíochtaí i dtrealamh a theastaíonn le haghaidh fóiréinsice, faireachas ceilte, pléascán agus brath drugaí mar aon le haon sainchuspóir eile laistigh de chuspóirí an Chiste. Níor cheart aon infheistíochtaí a mhaoiniú leis an gCiste ar infheistíochtaí iad nach ábhartha ach ar bhonn náisiúnta amháin agus nó ar infheistíochtaí iad nach den riachtanas iad ach chun obair laethúil na n-údarás inniúil a chur i gcrích, amhail éide, gluaisteáin, busanna, scútair, stáisiúin phóilíneachta, ionaid oiliúna neamhspeisialaithe agus trealamh oifige.

(21)

Ar mhaithe le leas na dlúthpháirtíochta san Aontas, agus le meon freagrachta comhroinnte as an tslándáil san Aontas, i gcás ina sainaithnítear laigí nó rioscaí, de thoradh mheastóireacht Schengen go háirithe, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar na laigí sin trí úsáid a bhaint as acmhainní faoina chlár chun moltaí a glacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle a chur chun feidhme (5).

(22)

Chun rannchuidiú le cuspóir beartais an Chiste a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar aghaidh ina gcláir ar chuspóirí sonracha uile an Chiste, go bhfuil na tosaíochtaí a roghnófar i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn II, agus go n-áirithítear le leithdháileadh acmhainní idir cuspóirí gur féidir an cuspóir beartais foriomlán a bhaint amach.

(23)

I gcomhréir le prionsabal na héifeachtúlachta, ba cheart sineirgí agus comhsheasmhacht a lorg le cistí eile de chuid an Aontais, agus ba cheart forluí idir na gníomhaíochtaí a sheachaint.

(24)

Chun gnóthú éifeachtach na gcuspóirí beartais a uasmhéadú, le go mbainfear leas as barainneachtaí scála agus le go seachnófar forluí idir gníomhaíochtaí, ba cheart an Ciste a bheith comhleanúnach agus comhlántach le cláir eile de chuid an Aontais i réimse na slándála. Leis an gCiste, ba cheart sineirgí a áirithiú go háirithe leis an gCiste Tearmainn, Imirce agus Lánpháirtíochta, an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, ina bhfuil an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1148 agus an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), mar aon le Cistí eile an Bheartais Comhtháthaithe a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7),

an chuid de Chlár Fís Eorpach a bhaineann le taighde slándála a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), an Clár um Cheartas a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/693 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), an Clár don Eoraip Dhigiteach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus Clár InvestEU a bunaíodh le Rialachán 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart sineirgí a lorg go háirithe i dtaca le slándáil bonneagair agus spásanna poiblí, an chibearshlándáil, cosaint íospartach, agus le cosc an radacaithe.

(25)

Ar mhaithe le feabhas a chur ar na comhlántachtaí atá idir an Ciste agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, ba cheart a bheith in ann trealamh ilchuspóra agus córais TFC a bhfuil a bpríomhúsáid i gcomhréir leis an Rialachán a úsáid chun cuspóirí na hIonstraime le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí a bhaint amach.

(26)

Ba cheart bearta fhaigheann tacaíocht tríd an ionstraim i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha a chur chun feidhme i sineirgíocht agus i gcomhtháthú le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas agus ba cheart na bearta sin a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí an Aontais. Agus na gníomhaíochtaí sin á gcur chun feidhme, ba cheart, go háirithe, comhtháthú iomlán a lorg le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíochta sheachtrach an Aontais, agus lena bheartas eachtrach agus lena chúnamh forbartha a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. A mhéid a bhaineann le gné sheachtrach an Chiste, ba cheart don Chiste feabhas a chur ar an gcomhar le tríú tíortha i réimsí is ábhartha do leas slándála inmheánaí an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart cistiú ó shaoráid théamach a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha, faoi chuimsiú chuspóirí an Chiste, go háirithe chun rannchuidiú leis an gcoireacht, lena n-áirítear an gháinneáil ar dhrugaí agus an gháinneáil ar dhaoine, a chomhrac agus a chosc, agus chun rannchuidiú le líonraí smuigleála coiriúla trasteorann a chomhrac.

(27)

Agus an tsaoráid théamach á cur chun feidhme aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go dtugtar aghaidh leis an gcistiú ar na dúshláin agus ar na riachtanais a bhaineann le cuspóirí an Chiste a bhaint amach.

(28)

Ba cheart cistiú ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí a bhféadfadh idirghabháil an Aontais breisluach a chur ar fáil ina leith i gcomparáid le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit amháin. De bhrí go bhfuil gné thrasteorann ag baint leis an tslándáil, tá gá le freagairt láidir chomhordaithe ón Aontas. Leis an tacaíocht airgeadais arna soláthar faoin Rialachán seo, ba cheart rannchuidiú, go háirithe, le cumas náisiúnta agus cumas an Aontais a neartú i réimse na slándála.

(29)

Féadfar a mheas nach bhfuil an acquis ábhartha de chuid an Aontais á chomhlíonadh ag Ballstát a mhéid a bhaineann le tacaíocht oibriúcháin faoin gCiste, i gcás nár chomhlíon sé a chuid oibleagáidí faoi na Conarthaí i réimse na slándála, i gcás ina bhfuil baol soiléir ann go sáródh an Ballstát sin luachanna an Aontais agus an acquis maidir leis an tslándáil á chur chun feidhme aige, nó i gcás inar sainaithníodh easnaimh sa réimse ábhartha i dtuarascáil mheastóireachta faoi shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013.

(30)

Leis an gCiste, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le solúbthacht agus simpliú méadaithe, agus ceanglais maidir leis an intuarthacht á n-urramú ag an am céanna, agus ba cheart a áirithiú go ndáilfear acmhainní go cothrom agus go trédhearcach chun na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart cur chun feidhme an Chiste a bheith faoi threoir phrionsabail na héifeachtúlachta, na héifeachtachta, na hábharthachta, agus an chomhtháthaithe, an bhreisluacha Aontais, agus cháilíocht an chaiteachais. Thairis sin, ba cheart an Ciste a chur chun feidhme ar an mbealach is cairdiúla don úsáideoir.

(31)

Chun an breisluach is fearr a fháil ó infheistíochtaí a chistítear go hiomlán nó i bpáirt ó bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg, go háirithe, idir an Ciste agus cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear iad siúd faoi bhainistíocht chomhroinnte. Chun na sineirgí sin a uasmhéadú, ba cheart príomhshásraí cumasúcháin a áirithiú, lena n-áirítear cistiú carnach do ghníomhaíocht ón gCiste agus ó chlár eile de chuid an Aontais. Níor cheart gur mó cistiú carnach den sórt sin ná costais incháilithe iomlána na gníomhaíochta sin. Chun na críche sin, ba cheart rialacha iomchuí a leagan amach sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht an costas nó an caiteachas céanna a dhearbhú faoin gCiste agus faoi chlár eile de chuid an Aontais araon, ar bhonn pro rata.

(32)

Agus gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste á gcur chun cinn, ba cheart d’fhaighteoirí cistithe ón Aontas faisnéis a chur ar fáil i dteanga nó i dteangacha an spriocphobail. Chun infheictheacht chistiú an Aontais a áirithiú, ba cheart d’fhaighteoirí an chistithe sin tagairt dá bhunús agus cumarsáid á déanamh acu maidir leis an ngníomhaíocht. Chuige sin, ba cheart d’fhaighteoirí a áirithiú, maidir le gach teachtaireacht chuig na meáin nó chuig an bpobal, go mbeidh suaitheantas an Aontais le sonrú iontu agus go luafar go sainráite an tacaíocht airgeadais ón Aontas.

(33)

Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann acmhainní airgeadais a úsáid faoin gCiste chun dea-chleachtais agus an malartú faisnéise a chur chun cinn a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste.

(34)

Ba cheart don Choimisiún faisnéis maidir leis an tacaíocht arna soláthar ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach a fhoilsiú ar bhealach tráthúil agus ba cheart dó faisnéis den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí. Ba cheart a bheith in ann na sonraí a shórtáil de réir cuspóir sonrach, ainm an tairbhí, an mhéid a gealladh go dlíthiúil agus chineál agus chuspóir an bhirt.

(35)

Ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo na méideanna tosaigh le haghaidh chláir na mBallstát, arna ríomh ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

(36)

Ba cheart do na méideanna tosaigh le haghaidh chláir na mBallstát a bheith mar bhonn d’infheistíochtaí fadtéarmacha na mBallstát sa tslándáil. Chun athruithe ar bhagairtí slándála inmheánaí agus seachtraí nó ar an staid bhonnlíne a chur san áireamh, ba cheart méid breise a leithdháileadh ar na Ballstáit ag meántéarma na clárthréimhse agus ba cheart an méid sin a bheith bunaithe ar na sonraí staidrimh, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, agus staid chur chun feidhme a gclár á cur san áireamh.

(37)

De bhrí go mbíonn dúshláin i réimse na slándála ag teacht chun cinn de shíor, is gá leithdháileadh cistithe a chur in oiriúint d’athruithe ar bhagairtí slándála inmheánaí agus seachtraí agus is gá cistiú a stiúradh i dtreo na dtosaíochtaí a bhfuil breisluach Aontais is airde ag baint leo. Chun freagairt ar riachtanais phráinneacha agus ar athruithe ar bheartais agus ar thosaíochtaí an Aontais, agus chun cistiú a stiúradh i dtreo gníomhaíochtaí a bhfuil ardleibhéal breisluacha Aontais ag baint leo, ba cheart cuid den chistiú a leithdháileadh go tráthrialta, trí shaoráid théamach, ar ghníomhaíochtaí sonracha, ar ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais agus ar chúnamh éigeandála.

(38)

Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun cuid dá leithdháileadh don chlár a úsáid chun na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a chistiú trí leas a bhaint as ranníocaíocht níos airde ón Aontas, go príomha mar gheall ar a mbreisluach suntasach Aontais nó a dtábhacht mhór don Aontas.

(39)

D’fhéadfaí cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoin gCiste a leithdháileadh ar chláir na mBallstát chun gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme a bhfuil comhar i measc na mBallstát riachtanach ina leith, nó ar chur chun feidhme gníomhachtaí sonracha i gcásanna inar gá cistiú breise a chur ar fáil do Bhallstát amháin nó níos mó de thoradh cúinsí atá tagtha chun cinn san Aontas. Ba cheart don Choimisiún na gníomhaíochtaí sonracha sin a leagan amach ina chláir oibre.

(40)

Ba cheart don Chiste a bheith ina rannchuidiú le tacaíocht a thabhairt do na costais oibriúcháin a bhaineann leis an tslándáil inmheánach chun cur ar chumas na mBallstát na cumais sin atá ríthábhachtach don Aontas ina iomláine a choinneáil. Ba cheart costais shonracha a bhaineann le cuspóirí an Chiste a aisíoc ina n-iomláine a bheith i gceist le tacaíocht den sórt sin agus ba cheart an méid sin a bheith mar chuid lárnach de chláir na mBallstát.

(41)

Chun cur chun feidhme chuspóir beartais an Chiste a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta trí chláir na mBallstát, ba cheart tacaíocht a sholáthar leis an gCiste freisin do ghníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh chun críoch straitéiseacha foriomlána a bhaint amach laistigh de raon feidhme idirghabhála an Chiste i ndáil le hanailís ar bheartais agus nuálaíocht, le foghlaim fhrithpháirteach thrasnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí agus le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí nua a thriail ar fud an Aontais nó i measc Ballstáit áirithe. Leis an gCiste, ba cheart tacú le hiarrachtaí na mBallstát, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, dea-chleachtas a mhalartú agus oiliúint chomhpháirteach a chur chun cinn, lena n-áirítear feasacht a mhúscailt i measc foirne forfheidhmithe dlí maidir leis an radacú, agus le gach cineál idirdhealaithe, ba shiocair leis an bhforéigean, amhail an frithsheimíteachas, an frithghiofógachas agus cineálacha eile ciníochais. Chun na críche sin, d’fhéadfaí sainchláir mhalartaithe d’fhoireann shóisearach forfheidhmithe dlí a mhaoiniú.

(42)

Chun acmhainneacht an Aontais a neartú chun freagairt láithreach a thabhairt ar theagmhais a bhaineann leis an tslándáil nó ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn ar an Aontas, ba cheart é a bheith indéanta cúnamh éigeandála a sholáthar, i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, níor cheart cúnamh éigeandála den sórt sin a chur ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do bhearta nuair nach mbíonn i gceist acu ach bearta teagmhais nó bearta fadtéarmacha nó chun aghaidh a thabhairt ar chásanna arbh éigean gníomhú ina leith mar nach ndearna na húdaráis inniúla pleanáil agus freagairt leordhóthanach.

(43)

Chun an tsolúbthacht gníomhaíochta is gá a áirithiú agus chun freagairt ar riachtanais atá ag teacht chun cinn ba cheart go bhféadfaí acmhainní airgeadais breise iomchuí a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí díláraithe ionas go mbeidh siad in ann cúraimí éigeandála áirithe a dhéanamh. I gcásanna ina bhfuil an cúram atá le déanamh de chineál atá chomh práinneach sin nach bhféadfaí leasú ar a mbuiséad a thabhairt chun críche in am, ba cheart gníomhaireachtaí díláraithe a bheith incháilithe mar thairbhithe cúnaimh éigeandála, lena n-áirítear i bhfoirm deontas, atá comhsheasmhach le tosaíochtaí agus tionscnaimh a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais ag institiúidí an Aontais.

(44)

Ó tharla gné thrasnáisiúnta ag roinnt le gníomhaíochtaí an Aontais agus chun an ghníomhaíocht chomhordaithe a chur chun cinn ar mhaithe le comhlíonadh an chuspóra sin arb é an leibhéal is airde slándáil a áirithiú san Aontas é, ba cheart gníomhaireachtaí díláraithe a bheith incháilithe go heisceachtúil le tairbhe a bhaint as gníomhaíochtaí de chuid an Aontais, lena n-áirítear i bhfoirm deontas, i gcás ina gcuidíonn siad le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais a chumhdaítear faoi inniúlachtaí na ngníomhaireachtaí díláraithe agus nach gcumhdaítear na gníomhaíochtaí sin faoin ranníocaíocht a dhéanann an tAontas faoin mbuiséad bliantúil le buiséad na ngníomhaireachtaí díláraithe sin. Ba cheart an tacaíocht sin a bheith comhsheasmhach leis na tosaíochtaí agus na tionscnamh arna sainaithint ar leibhéal an Aontais ag institiúidí an Aontais chun breisluach Aontais a áirithiú.

(45)

Ba cheart aghaidh a thabhairt ar chuspóir beartais an Chiste seo freisin trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíochtaí buiséadacha faoi ionuithe beartais Chlár InvestEU a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/523. Ba cheart tacaíocht airgeadais den sórt sin a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha, ar mhodh comhréireach, níor cheart maoiniú príobháideach a dhúbláil nó a phlódú mar gheall ar ghníomhaíochtaí a dhéantar ná iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Ba cheart breisluach soiléir Aontais a bheith le gníomhaíochtaí.

(46)

Is ar bhonn deonach a dhéantar oibríochtaí measctha agus is oibríochtaí iad a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-inaisíoctha tacaíochta, foirmeacha in-aisíoctha tacaíochta, nó iad araon, ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha in-aisíoctha tacaíochta ó institiúidí cur chun cinn, institiúidí forbartha nó ó institiúidí airgeadais poiblí eile, mar aon le tacaíocht ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí.

(47)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chiste arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (13), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(48)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gCiste. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(49)

Chun gníomhaíochtaí faoin mbainistíocht roinnte a chur chun feidhme, ba cheart an Ciste a bheith ina chuid de chreat comhleanúnach ina mbeidh an Rialachán seo, an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) 2021/1060.

(50)

Le Rialachán (AE) 2021/1060, bunaítear an creat gníomhaíochta do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, don Chiste Comhtháthaithe, don Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, don Chiste um Aistriú Cóir, don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíochta, don Chiste Slándála Inmheánaí agus don Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, agus leagtar síos ann, go háirithe, na rialacha a bhaineann le clársceidealú, faireachán agus meastóireacht, bainistiú agus rialú cistí an Aontais arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ina theannta sin, is gá cuspóirí an Chiste a shonrú sa Rialachán seo, agus forálacha sonracha a leagan síos a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a fhéadfar a mhaoiniú faoin gCiste.

(51)

Leagtar amach scéim réamh-mhaoiniúcháin le haghaidh an Chiste i Rialachán (AE) 2021/1060, agus socraítear ráta sonrach réamh-mhaoiniúcháin sa Rialachán seo. Ina theannta sin, chun a áirithiú gur féidir freagairt go pras ar staideanna éigeandála, is iomchuí ráta réamh-mhaoiniúcháin sonrach a bhunú le haghaidh cúnamh éigeandála. Leis an scéim réamh-mhaoiniúcháin, ba cheart a áirithiú gurb acmhainn don Bhallstát tacaíocht a chur ar fáil do thairbhithe ó thús chur chun feidhme a gclár.

(52)

Ba cheart na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar an gcumas atá acu cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a sholáthar agus, go háirithe, na costais a bhaineann le rialuithe, ualaí riaracháin agus an baol a bhaineann le neamhchomhlíonadh á gcur san áireamh. Agus an cinneadh sin á dhéanamh, ba cheart úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costas aonaid, chomh maith le maoiniú nach bhfuil baint aige le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais a mheas.

(53)

Chun an leas is fearr a bhaint as prionsabal an iniúchta aonair, is iomchuí rialacha sonracha a shocrú maidir le rialú agus iniúchadh tionscadal inarb iad eagraíochtaí idirnáisiúnta, a ndearna an Coimisiún measúnú dearfach ar a gcórais rialaithe inmheánacha, na tairbhithe. I gcás tionscadal den sórt sin, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis bhainistíochta a bhfíoruithe bainistíochta a theorannú ar choinníoll go ndéanann an tairbhí na sonraí agus an fhaisnéis uile is gá maidir le dul chun cinn an tionscadail agus incháilitheacht an chaiteachais fholuitigh a sholáthar go tráthúil. Ina theannta sin, i gcás inar cuid de shampla iniúchóireachta é tionscadal a chuireann eagraíocht idirnáisiúnta den sórt sin chun feidhme, ba cheart don údarás iniúchóireachta a bheith in ann a chuid oibre a dhéanamh i gcomhréir le prionsabail an Chaighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Seirbhísí Gaolmhara (ISRS) 4400, Engagements to Perform Agreed-upon Procedures Regarding Financial Information [Cúraimí a dhéanamh i ndáil le Nósanna Imeachta arna gComhaontú maidir le Faisnéis Airgeadais].

(54)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní incháilithe do mhaoiniú an Aontais na costais a thabhófar roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun nach gcuirfí isteach ar thacaíocht an Aontais ar bhealach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, ba cheart a bheith in ann a mheas, ar feadh tréimhse theoranta ama ag tús an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, go mbeidh na costais, arna dtabhú i ndáil le gníomhaíochtaí a dtacófar leo faoin Rialachán seo faoi bhainistíocht dhíreach agus ar cuireadh tús leo cheana, incháilithe do mhaoiniú an Aontais amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh.

(55)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (16), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (17) agus (AE) 2017/1939ón gComhairle (18), táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le haisghabháil na gcistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 833/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939 cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú go hiomlán le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus gach cúnamh is gá a thabhairt dóibh, i dtaobh leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(56)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(57)

De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (20), tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha nó críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chiste agus faoi réir aon socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(58)

De bhun Airteagal 349 CFAE agus i gcomhréir le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal A stronger and renewed strategic partnership with the EU’s outermost regions [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas Eorpach], arna formhuiniú ag an gComhairle ina conclúidí an 12 Aibreán 2018, ba cheart do na Ballstáit ábhartha a áirithiú go dtabharfar aghaidh ina gcláir ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, ar bagairtí iad nach mór do na réigiúin is forimeallaí dul i ngleic leo. Leis an gCiste, ba cheart tacú leis na Ballstáit sin trí acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun cuidiú leis na réigiúin is forimeallaí de réir mar is iomchuí.

(59)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (21), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gCiste ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chiste ar an talamh. Chun an méid atá bainte amach ag an gCiste a thomhas, ba cheart táscairí agus spriocanna gaolmhara a bhunú i ndáil le gach cuspóir sonrach den Chiste. Ar na táscairí sin, ba cheart táscairí cáilíochta agus cainníochtúla a áireamh.

(60)

Trí tháscairí agus trí thuairisciú airgeadais, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chiste i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060 agus an Rialacháin seo. Ón mbliain 2023 ar aghaidh, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht lena gcumhdófar an bhliain chuntasaíochta is déanaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart faisnéis a bheith sna tuarascálacha sin maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme chláir na mBallstát. Ba cheart do na Ballstáit achoimrí ar na tuarascálacha sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart don Choimisiún na hachoimrí sin a aistriú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus iad a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin, in éineacht le naisc chuig suíomhanna gréasáin na mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2021/1060.

(61)

Ag léiriú a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais chun Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (22) a chur chun feidhme, agus leis an ngealltanas maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo rannchuidiú leis an sprioc iomlán a bhaint amach gurbh é 30 % de chaiteachas uile an chreata airgeadais ilbhliantúil a bheadh á chaitheamh ar phríomhshruthú cuspóirí aeráide agus le dul i mbun oibre i dtreo na huaillmhéine gurbh é 7,5 % den bhuiséad a bheadh á chaitheamh ar chaiteachas bithéagsúlachta in 2024 agus 10 % in 2026 agus in 2027, agus an forluí atá ann cheana idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta á chur san áireamh. Ba cheart, leis an gCiste, tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramaítear caighdeáin agus tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus nach ndéanfaí aon díobháil shuntasach leo do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(62)

Maidir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus le haon ghníomh is infheidhme maidir le clárthréimhse 2014-2020, ba cheart leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir le cláir agus tionscadail lena dtacaítear leo faoin ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíochta géarchéime mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí le linn chlárthréimhse 2014-2020. Ós rud é go mbeidh forluí idir tréimhse chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus an chlárthréimhse a chumhdaítear leis an Rialachán seo, agus chun comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme tionscadal áirithe arna bhformheas faoin Rialachán sin, ba cheart forálacha maidir le céimniú na dtionscadal a leagan síos. Ba cheart gach céim ar leith den tionscadal a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na clárthréimhse faoina bhfaigheann sé cistiú.

(63)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(64)

Chun eilimintí neamhriachtanacha sa Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an liosta gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh rátaí cómhaoinithe níos airde a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, le tacaíocht oibriúcháin faoi Iarscríbhinn VII agus le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat faireacháin agus meastóireachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(65)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar síos oibleagáidí coiteanna ar Bhallstáit, go háirithe maidir le faisnéis a sholáthar don Choimisiún, agus ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil leis na socruithe mionsonraithe a bhaineann le faisnéis a sholáthar don Choimisiún faoi chuimsiú an chlársceidealaithe agus an tuairiscithe, ós rud é gur de chineál teicniúil amháin iad. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a bhaineann le cinntí maidir le dámhachtain cúnaimh éigeandála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le cineál agus cuspóir cúnaimh den sórt sin, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(66)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(67)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(68)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (26).

(69)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar an cur chun feidhme a thosú ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (“an Ciste”) ar feadh ré chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027.

2.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos na nithe seo a leanas:

(a)

cuspóir beartais an Chiste;

(b)

cuspóirí sonracha an Chiste agus bearta chun na cuspóirí sin a chur chun feidhme;

(c)

an buiséad don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027;

(d)

foirmeacha chistiú an Aontais agus na rialacha chun an cistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “oibríocht mheasctha” gníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráid mheasctha de réir bhrí phointe (6) d’Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-inaisíoctha tacaíochta agus/nó ionstraimí airgeadais ó bhuiséad an Aontais le foirmeacha in-aisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(2)

ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis na mBallstát atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, dá dtagraítear in Airteagal 87(1) CFAE, lena n-áirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile forfheidhmithe dlí;

(3)

ciallaíonn “cosc”, a mhéid a bhaineann leis an gcoireacht, gach beart atá beartaithe chun an choireacht agus braistint neamhshláine saoránach a laghdú, nó rannchuidiú leis sin a dhéanamh ar chaoi eile, dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh 2009/902/CGB ón gComhairle (27);

(4)

ciallaíonn “bonneagar criticiúil” sócmhainn, líonra, córas nó cuid de chóras atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, sláinte, sábháilteacht, slándáil, leas eacnamaíoch nó sóisialta na ndaoine a chothabháil, agus a mbeadh tionchar suntasach ag a bhriseadh, a shárú nó a scriosadh i mBallstát nó san Aontas mar thoradh ar an mainneachtain na feidhmeanna sin a chothabháil;

(5)

ciallaíonn “cibearchoireacht” coireannaa mbaineann a ndéanamh le córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (córais TFC) toisc gur gá sin, mar uirlisí chun an choir a dhéanamh nó mar phríomhspriocanna na coire (coireanna cibearbhunaithe), nó coireanna traidisiúnta ar féidir a méid agus a réimse a mhéadú trí úsáid a bhaint as ríomhairí, líonraí ríomhaireachta nó córais TF eile (coireanna cibearchumasaithe);

(6)

ciallaíonn “gníomhaíocht oibríochtúil de chuid thimthriall beartais an Aontais/EMPACT” gníomhaíocht a dhéantar faoi chuimsiú thimthriall beartais an Aontais um choireacht eagraithe thromchúiseach idirnáisiúnta tríd an Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT), arb é is aidhm di na bagairtí coireachta eagraithe tromchúisí is tábhachtaí ar an Aontas a chomhrac tríd an gcomhar idir na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a spreagadh;

(7)

ciallaíonn “malartú faisnéise” bealach slán ina ndéantar bailiú, stóráil, próiseáil, anailísiú, aistriú agus rochtain ar fhaisnéis atá ábhartha do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 87 CFAE agus do Europol agus do ghníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais i ndáil le cosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta coiriúla, go háirithe an choireacht thromchúiseach eagraithe trasteorann agus an sceimhlitheoireacht;

(8)

ciallaíonn “coireacht eagraithe” iompar inphionóis a bhaineann le rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 1 de Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle (28);

(9)

ciallaíonn “ullmhacht” aon ghníomhaíocht arb é is aidhm di go sonrach na rioscaí a bhaineann le hionsaithe féideartha sceimhlitheoireachta nó le teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil a chosc nó a laghdú faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(10)

ciallaíonn “sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen” an sásra meastóireachta agus faireacháin a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013;

(11)

ciallaíonn “sceimhlitheoireacht” aon cheann de na gníomhartha intinniúla agus na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29);

(12)

ciallaíonn “staid éigeandála” aon teagmhas a bhaineann leis an tslándáil, aon bhagairt nua atá ag teacht chun cinn nó aon leochaileacht a braitheadh le déanaí faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ag a bhfuil drochthionchar nach beag ar shlándáil na ndaoine, spásanna poiblí nó bonneagair chriticiúil i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, nó a bhféadfadh an tionchar sin a bheith ag roinnt leis nó léi;

(13)

ciallaíonn “airgead taispeána” fíorairgead tirim a thaispeántar le linn imscrúdú coiriúil mar chruthú ar leachtacht agus sócmhainneacht d’amhrastaigh nó do dhaoine eile a bhfuil faisnéis acu maidir le hinfhaighteacht nó seachadadh, nó a ghníomhaíonn mar idirghabhálaithe, chun bréagcheannach a dhéanamh ar mhaithe le hamhrastaigh a ghabháil, ionaid táirgeachta neamhdhleathacha a shainaithint nó deireadh a chur le grúpa coireachta eagraithe;

(14)

ciallaíonn “radacú” próiseas céimnithe casta a mbíonn antoisceachas foréigneach agus sceimhlitheoireacht mar thoradh air, agus, ina dtaobhaíonn duine aonair nó grúpa daoine aonair chuige le hidé-eolaíocht nó creideamh radacach a úsáideann nó a bhfuil glacadh aige le foréigean, lena n-áirítear gníomhartha sceimhlitheoireachta, chun sprioc shonrach pholaitiúil, reiligiúnach nó idé-eolaíoch a bhaint amach;

(15)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí sonracha” tionscadail thrasnáisiúnta nó náisiúnta as a n-eascraíonn breisluach Aontais i gcomhréir le cuspóirí an Chiste a d’fhéadfadh Ballstát amháin, roinnt Ballstát nó na Ballstáit uile leithdháileadh breise ina leith a fháil dá gcláir;

(16)

ciallaíonn “tacaíocht oibriúcháin” cuid de leithdháileadh Ballstáit is féidir a úsáid chun tacú leis na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí a chur i gcrích agus seirbhísí a sholáthar arb ionann iad agus seirbhís phoiblí don Aontas iad, a mhéid a rannchuidíonn siad le hardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas;

(17)

ciallaíonn “gníomhaíochtaí Aontais” tionscadail thrasnáisiúnta nó tionscadail a bhfuil leas áirithe acu don Aontas a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí an Chiste.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chiste

1.   Is é cuspóir an Chiste rannchuidiú le hardleibhéal slándála san Aontas a áirithiú, go háirithe tríd an sceimhlitheoireacht agus an radacú, an choireacht thromchúiseach eagraithe, agus an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac, trí chúnamh agus cosaint a thabhairt d’íospartaigh na coireachta, agus trí ullmhú do theagmhais, rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil, cosaint a thabhairt orthu agus iad a bhainistiú go héifeachtach, faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2.   Faoin gcuspóir beartais a leagtar amach i mír 1, leis an gCiste, rannchuideofar leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)

an malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus, i gcás inarb ábhartha, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus laistigh díobh, a fheabhsú agus a éascú;

(b)

comhar trasteorann, lena n-áirítear oibríochtaí comhpháirteacha, idir údaráis inniúla a fheabhsú agus a ghéarú i dtaca leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach eagraithe a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi; agus

(c)

tacú le cumais na mBallstát a neartú i ndáil leis an gcoireacht, an sceimhlitheoireacht agus an radacú a chosc agus a chomhrac, mar aon le teagmhais, rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil a bhainistiú, lena n-áirítear trí chomhar méadaithe idir údaráis phoiblí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe príobháideacha i mBallstáit éagsúla.

3.   Faoi na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 2, déanfar an Ciste a chur chun feidhme trí bhíthin na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 4

Urraim do chearta bunúsacha

Déanfar gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gCiste a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus do dhínit an duine. Go háirithe, le gníomhaíochtaí den sórt sin, comhlíonfar an Chairt, dlí cosanta sonraí an Aontais agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (CECD). Agus gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme acu faoin gCiste, déanfaidh na Ballstáit, nuair is féidir, aird ar leith a thabhairt ar chúnamh agus cosaint a thabhairt do dhaoine leochaileacha, go háirithe leanaí agus mionaoisigh gan tionlacan.

Airteagal 5

Raon feidhme na tacaíochta

1.   Laistigh dá chuspóirí agus i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II, leis an gCiste, tacófar, go háirithe, le gníomhaíochtaí den chineál a liostaítear in Iarscríbhinn III.

2.   Chun a chuspóirí a bhaint amach, féadfar, leis an gCiste, i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais agus faoi réir coimircí iomchuí, tacú, i gcás inarb iomchuí, le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, i gcomhréir le hAirteagal 19.

3.   Maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, in éineacht leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach, comhordú le beartais, straitéisí agus ionstraimí ábhartha an Aontais. Áiritheoidh siad, go háirithe, maidir le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus i ndáil le tríú tíortha:

(a)

go ndéanfar iad i sineirge agus i gcomhtháthú le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas a fhaigheann tacaíocht trí ionstraimí eile de chuid an Aontais;

(b)

go mbeidh siad comhsheasmhach le beartas seachtrach an Aontais, go ndéanfaidh siad prionsabal an chomhtháthaithe beartais ar mhaithe le forbairt a urramú agus go mbeidh siad comhsheasmhach leis na doiciméid chlársceidealaithe straitéisigh le haghaidh an réigiúin nó na tíre i gceist;

(c)

go ndíreofar leo ar bhearta nach bhfuil dírithe ar fhorbairt; agus

(d)

go rachaidh siad chun leas bheartais inmheánacha an Aontais agus go mbeidh siad comhsheasmhach le gníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den Aontas.

4.   Féadfar úsáid a bhaint as trealamh agus córais TFC arna maoiniú faoin gCiste sa réimse comhlántach a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1148. Beidh trealamh agus córais TFC den sórt sin ar fáil i gcónaí agus beidh siad in-imscartha chun cuspóirí an Chiste a bhaint amach.

Maidir le húsáid trealaimh sa réimse comhlántach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní bheidh níos mó ná 30 % den tréimhse iomlán ina n-úsáidtear an trealamh sin i gceist.

Córais TFC a úsáidtear sa réimse comhlántach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, soláthrófar leo sonraí agus seirbhísí chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas ina dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht faoi aon úsáid bhreise den sórt sin agus faoin áit ina n-imscartar trealamh agus córais TFC.

5.   Ní bheidh na nithe seo a leanas incháilithe:

(a)

gníomhaíochtaí atá teoranta don ord poiblí a choinneáil ar an leibhéal náisiúnta;

(b)

gníomhaíochtaí a dhéantar chun críche míleata nó cosanta;

(c)

trealamh arb é rialú custaim is príomhchuspóir dó;

(d)

trealamh comhéigeantach, lena n-áirítear armáin, armlón, pléascáin agus smachtíní círéibe, cé is moite de chríocha oiliúna;

(e)

luach saothair agus airgead taispeána d’fhaisnéiseoirí lasmuigh de chreat gníomhaíochta oibríochtúla de chuid thimthriall beartais an Aontais/EMPACT.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina dtarlaíonn staid éigeandála, féadfar gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a mheas mar ghníomhaíochtaí incháilithe.

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

ROINN 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 6

Prionsabail ghinearálta

1.   Leis an tacaíocht arna soláthar faoin gCiste, comhlánófar idirghabhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus leagfar béim ar bhreisluach Aontais a chur le cuspóirí an Chiste a bhaint amach.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit go mbeidh an tacaíocht arna soláthar faoin gCiste agus a sholáthraíonn na Ballstáit comhsheasmhacht le gníomhaíochtaí, beartais agus tosaíochtaí ábhartha an Aontais agus go mbeidh sí comhlántach leis an tacaíocht arna soláthar faoi ionstraimí eile de chuid an Aontais.

3.   Déanfar an Ciste a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, dhíreach nó indíreach i gcomhréir le pointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 7

An buiséad

1.   Is é EUR 1 931 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chiste don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Úsáidfear an t-imchlúdach airgeadais mar a leanas:

(a)

déanfar EUR 1 352 000 000 a leithdháileadh ar chláir na mBallstát;

b)

déanfar EUR 579 000 000 a leithdháileadh ar an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.

3.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, déanfar suas le 0,84 % den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar an gcúnamh teicniúil, dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060 le haghaidh chur chun feidhme an Chiste.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfar suas le 5 % den leithdháileadh tosaigh ar Bhallstát ó aon cheann de na cistí faoin Rialachán sin faoi bhainistíocht roinnte a aistriú chuig an gCiste faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach arna iarraidh sin don Bhallstát sin. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 8

Forálacha ginearálta maidir le cur chun feidhme na saoráide téamaí

1.   Déanfar an méid dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(2) a leithdháileadh ar bhealach solúbtha trí shaoráid théamach, trí úsáid a bhaint as bainistíocht roinnte, dhíreach nó indíreach mar a leagtar amach i gcláir oibre.

Bainfear úsáid as cistiú ón tsaoráid théamach maidir lena comhpháirteanna agus is iad na nithe seo a leanas na comhpháirteanna sin:

(a)

gníomhaíochtaí sonracha;

(b)

gníomhaíochtaí de chuid an Aontais; agus

(c)

cúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 25.

As an méid dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7(2) den Rialachán seo, tabharfar tacaíocht freisin don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060.

2.   Le cistiú ón tsaoráid théamach, tabharfar aghaidh ar thosaíochtaí a bhfuil ardbhreisluach Aontais ag baint leo nó úsáidfear é chun freagairt ar riachtanais phráinneacha, i gcomhréir le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais mar a léirítear in Iarscríbhinn II. Úsáidfear cistiú ón tsaoráid théamach chun tacú le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha, faoi chuimsiú chuspóirí an Chiste, go háirithe chun rannchuidiú leis an gcoireacht a chomhrac agus a chosc, lena n-áirítear an gháinneáil ar dhrugaí, an gháinneáil ar dhaoine agus líonraí smuigleála coiriúla trasteorann a chomhrac.

A mhéid is féidir, is comhréireach leis na dúshláin agus na riachtanais a bheidh leithdháileadh acmhainní na saoráide téamaí ar na tosaíochtaí éagsúla chun a áirithiú gur féidir cuspóirí an Chiste a bhaint amach.

3.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le líonraí ábhartha, go háirithe d’fhonn na cláir oibre do ghníomhaíochtaí an Aontais a mhaoinítear faoin gCiste a ullmhú agus meastóireacht a dhéanamh orthu.

4.   Nuair a sholáthraítear cistiú ón tsaoráid théamach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach do na Ballstáit, áiritheoidh an Coimisiún nach roghnófar tionscadail a bhfuil tionchar orthu ag tuairim réasúnaithe arna tabhairt ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE, tionscadail lena gcuirtear in amhras dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht na dtionscadal sin.

5.   Chun críocha Airteagal 23 agus Airteagal 24(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, i gcás ina gcuirtear cistiú ón tsaoráid théamach chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann nach ndéanfar difear do ghníomhaíochtaí atá beartaithe le tuairim réasúnaithe arna tabhairt ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear in amhras dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíocht na ngníomhaíochtaí.

6.   Cinnfidh an Coimisiún an méid foriomlán atá le cur ar fáil don tsaoráid théamach faoi leithreasuithe bliantúla bhuiséad an Aontais.

7.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinntí maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a ghlacadh don tsaoráid théamach, lena sainaithneofar na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí a mbeidh á dtacú agus lena sonrófar na méideanna do gach ceann de na comhpháirteanna dá dtagraítear sa dara fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Le cinntí maoiniúcháin den sórt seo, leagfar amach, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. Féadfaidh cinntí bliantúla nó ilbhliantúla a bheith sna cinntí maoiniúcháin agus féadfar ceann amháin nó níos mó de chomhpháirteanna na saoráide téamaí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo a chumhdach leo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3) den Rialachán seo.

8.   Tar éis dó cinneadh maoiniúcháin a ghlacadh dá dtagraítear i mír 7, féadfaidh an Coimisiún cláir na mBallstát a leasú dá réir.

ROINN 2

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte

Airteagal 9

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an roinn seo maidir leis an méid dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(2) agus leis na hacmhainní breise atá le cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir leis an gcinneadh maoiniúcháin maidir leis an tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8.

2.   Déanfar tacaíocht faoin roinn seo a chur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) 2021/1060.

Airteagal 10

Acmhainní buiséadacha

1.   Déanfar an méid dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7(2) a leithdháileadh ar chláir na mBallstát go táscach mar a leanas:

(a)

EUR 1 127 000 000 i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(b)

EUR 225 000 000 le haghaidh choigeartú na leithdháiltí ar chláir na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

2.   I gcás nach leithdháilfear go hiomlán an méid dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar an méid atá fágtha a chur leis an méid dá dtagraítear i bpointe (b) Airteagal 7(2).

Airteagal 11

Réamh-mhaoiniú

1.   I gcomhréir le hAirteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar an réamh-mhaoiniú don Chiste a íoc i dtráthchodanna bliantúla roimh an 1 Iúil gach bliain, faoi réir na gcistí atá ar fáil, mar a leanas:

(a)

2021: 4 %;

(b)

2022: 3 %;

(c)

2023: 5 %;

(d)

2024: 5 %;

(e)

2025: 5 %;

(f)

2026: 5 %.

2.   I gcás ina nglacfar clár de chuid Ballstáit tar éis an 1 Iúil 2021, íocfar na tráthchodanna is luaithe i mbliain a ghlactha.

Airteagal 12

Rátaí cómhaoinithe

1.   Ní sháróidh an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais 75 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tionscadail.

2.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tionscadail a chuirtear chun feidhme faoi ghníomhaíochtaí sonracha.

3.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 90 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

4.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh tacaíocht oibriúcháin.

5.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh cúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 25.

6.   Féadfar an ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais a mhéadú go 100 % den chaiteachas incháilithe iomlán le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i bpointe (b)(vi) d’Airteagal 36(5) de Rialachán (AE) 2021/1060.

7.   Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár de chuid Ballstáit, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ón gCiste le haghaidh na gcineálacha gníomhaíochta a chumhdaítear leis an ranníocaíocht dá dtagraítear i míreanna 1 go 6.

8.   Leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún ina bhformheasfar clár de chuid Ballstáit le haghaidh gach cineáil gníomhaíochta cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe i leith na nithe seo a leanas:

(a)

an ranníocaíocht iomlán, lena n-áirítear na ranníocaíochtaí poiblí agus príobháideacha; nó

(b)

an ranníocaíocht phoiblí agus an ranníocaíocht sin amháin.

Airteagal 13

Cláir na mBallstát

1.   Áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil na tosaíochtaí a dtugtar aghaidh orthu ina chláir comhsheasmhach le tosaíochtaí agus dúshláin an Aontais i réimse na slándála agus go bhfreagraíonn siad dóibh, agus go bhfuil siad i gcomhréir go hiomlán le acquis ábhartha an Aontais agus le tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais. Agus tosaíochtaí a gclár á sainaithint acu, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ina gcláir ar na bearta cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chláir na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán(AE) 2021/1060.

2.   Chun críocha mhír 1, agus gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, leithdháilfidh gach Ballstát:

(a)

íosmhéid 10 % de na hacmhainní arna leithdháileadh faoi Airteagal 10(1) ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2); agus

(b)

íosmhéid 10 % de na hacmhainní arna leithdháileadh faoi Airteagal 10(1) ar an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2).

3.   Ní fhéadfaidh Ballstát méid níos lú ná na híoschéatadáin dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh ach amháin i gcás ina dtabharfaidh sé míniú mionsonraithe ina chlár lena léiriú cén fáth nach gcuirfí baint amach an chuspóra ábhartha i mbaol dá ndéanfaí acmhainní faoi bhun an leibhéil sin a leithdháileadh.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar eolas agus saineolas na ngníomhaireachtaí díláraithe ábhartha a chur san áireamh, go luath agus go tráthúil, agus cláir na mBallstát á bhforbairt.

5.   Chun an forluí a sheachaint, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais maidir le ceapadh a gcuid gníomhaíochtaí, go háirithe agus gníomhaíochtaí oibríochtúla de chuid thimthriall beartais an Aontais/EMPACT nó gníomhaíochtaí arna gcomhordú ag an Tascfhórsa Comhpháirteach in aghaidh na Cibearchoireachta á gcur chun feidhme acu, agus maidir le ceapadh a ngníomhaíochtaí oiliúna.

6.   Féadfaidh an Coimisiún rannpháirt a thabhairt do ghníomhaireachtaí ábhartha, i gcás inarb iomchuí, maidir leis na cúraimí faireacháin agus meastóireachta mar a shonraítear i Roinn 5, go háirithe d’fhonn a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme le tacaíocht ón gCiste i gcomhréir le acquis ábhartha an Aontais agus tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais.

7.   Féadfar uasmhéid 35 % de leithdháileadh cláir de chuid Ballstáit a úsáid chun trealamh a cheannach, le haghaidh modhanna iompair nó chun saoráidí a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo a thógáil. Ní fhéadfar an t-uasmhéid sin a shárú ach i gcásanna cuí-réasúnaithe.

8.   Ina gcláir, tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht d’aghaidh a thabhairt ar an méid seo a leanas:

(a)

tosaíochtaí comhaontaithe an Aontais agus acquis an Aontais i réimse na slándála, go háirithe malartú éifeachtúil faisnéise ábhartha agus cruinne agus cur chun feidhme chomhpháirteanna an chreata le haghaidh idir-inoibritheacht chórais faisnéise AE;

(b)

moltaí a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo a dhéantar faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(c)

easnaimh thírshonracha a bhfuil impleachtaí airgeadais ag baint leo a shainaithnítear faoi chuimsiú riachtanais oiliúna amhail moltaí an tSeimeastair Eorpaigh i réimse an éillithe.

9.   I gcás inar gá, déanfar clár an Bhallstáit atá i gceist a leasú i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060 chun na moltaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 8 den Airteagal seo a chur san áireamh.

10.   Saothróidh na Ballstáit go háirithe na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IV ina gcláir. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua agus chun cur chun feidhme éifeachtach cistithe a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn IV a leasú.

11.   Gach uair a chinneann Ballstát tionscadal a fhaigheann tacaíocht ón gCiste a chur chun feidhme i gcomhar le tríú tír, i dtríú tír nó i ndáil le tríú tír, rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún sula ndéanfar an tionscadal a fhormheas.

12.   Beidh clársceidealú dá dtagraítear in Airteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2021/1060 bunaithe ar na cineálacha idirghabhála a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo agus cuimseofar leis miondealú táscach ar na hacmhainní clársceidealaithe de réir chineál na hidirghabhála laistigh de gach cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 3(2) den Rialachán seo.

Airteagal 14

Athbhreithniú meántéarma

1.   In 2024, déanfaidh an Coimisiún an méid breise dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(1) a leithdháileadh ar chláir na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (2) den chéad mhír d’Iarscríbhinn I. Beidh an cistiú éifeachtach amhail ón 1 Eanáir 2025.

2.   I gcás nach gcumhdaítear 10 % ar a laghad de leithdháileadh tosaigh ar chlár dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo trí iarratais ar íocaíocht arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán(AE) 2021/1060, ní bheidh an Ballstát lena mbaineann incháilithe chun an leithdháileadh breise ar a chlár dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 10(1) den Rialachán seo a fháil.

3.   Agus na cistí ón tsaoráid théamach dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo á leithdháileadh amhail ón 1 Eanáir 2025, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le clocha míle an chreata feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/1060 a bhaint amach agus laigí a sainaithníodh maidir leis an gcur chun feidhme.

Airteagal 15

Gníomhaíochtaí sonracha

1.   Féadfaidh Ballstát cistiú a fháil do ghníomhaíochtaí sonracha de bhreis ar a leithdháileadh faoi Airteagal 10(1), ar choinníoll go mbeidh an cistiú sin curtha in iúl ina dhiaidh sin mar sin ina chlár agus go n-úsáidfear é chun rannchuidiú le cur chun feidhme chuspóirí an Chiste, lena n-áirítear bagairtí nua atá ag teacht chun cinn a chumhdach.

2.   Ní úsáidfear cistiú do ghníomhaíochtaí sonracha le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gclár an Bhallstáit, ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí leasú ar chlár an Bhallstáit.

Airteagal 16

Tacaíocht oibriúcháin

1.   Féadfaidh Ballstát suas le 20 % den mhéid a leithdháilfear ar a chlár faoin gCiste a úsáid chun tacaíocht oibriúcháin a mhaoiniú do na húdaráis phoiblí atá freagrach as na cúraimí a chur i gcrích agus na seirbhísí a sholáthar arb ionann iad agus seirbhís phoiblí don Aontas.

2.   Agus úsáid á baint acu as tacaíocht oibriúcháin, comhlíonfaidh Ballstát acquis an Aontais maidir leis an tslándáil.

3.   Míneoidh Ballstát, ina chlár agus sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 30, conas a rannchuideofar, le húsáid na tacaíochta oibriúcháin, le cuspóirí an Chiste a bhaint amach. Sula bhformheasfaidh sé clár an Bhallstáit, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an staid bhonnlíne sna Ballstáit a bhfuil curtha in iúl acu go bhfuil rún acu úsáid a bhaint as tacaíocht oibriúcháin, agus an fhaisnéis a sholáthróidh na Ballstáit sin, mar aon le haon mholtaí ó shásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta amhail sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen nó sásraí rialaithe cáilíochta nó meastóireachta eile, á gcur san áireamh, de réir mar is infheidhme.

4.   Díreofar an tacaíocht oibriúcháin ar ghníomhaíochtaí a chumhdaítear le caiteachas mar a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.

5.   Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua nó chun cur chun feidhme éifeachtach cistithe a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn VII a leasú i leith caiteachas atá incháilithe le haghaidh tacaíocht oibriúcháin.

Airteagal 17

Fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí ar thionscadail arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó lena ngníomhaireachtaí dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais a ndearna an Coimisiún measúnú dearfach ar a gcórais, a rialacha agus a nósanna imeachta de bhun Airteagal 154(4) agus (7) den Rialachán sin chun críche deontais arna maoiniú ó bhuiséad an Aontais a chur chun feidhme go hindíreach (“eagraíochtaí idirnáisiúnta”).

2.   Gan dochar do phointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 83 de Rialachán (AE) 2021/1060 ná d’Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais, i gcás inar tairbhí an eagraíocht idirnáisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021//1060, ní cheanglófar ar an údarás bainistíochta na fíoruithe bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 a dhéanamh ar an gcoinníoll go gcuirfidh an eagraíocht idirnáisiúnta na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais faoi bhráid an údaráis bainistíochta.

3.   Gan dochar do phointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais, daingneofar leis an dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta go gcomhlíontar, leis an tionscadal, an dlí is infheidhme agus na coinníollacha maidir le tacaíocht don tionscadal.

4.   Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh costais le haisíoc de bhun phointe (a) d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, daingneofar sa dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta an méid seo a leanas:

(a)

rinneadh sonraisc agus an cruthúnas gur íoc an tairbhí iad a fhíorú;

(b)

na taifid chuntasaíochta nó na cóid chuntasaíochta arna gcoinneáil ag an tairbhí le haghaidh idirbhearta a bhaineann leis an gcaiteachas a dearbhaíodh leis an údarás bainistíochta, rinneadh iad a fhíorú.

5.   I gcás ina mbeidh costais le haisíoc de bhun phointe (b), (c) nó (d) d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2021//1060, daingneofar sa dearbhú bainistíochta a bheidh le tíolacadh ag an eagraíocht idirnáisiúnta gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le caiteachas a aisíoc.

6.   Cuirfear na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais ar fáil don údarás bainistíochta mar aon le gach éileamh ar íocaíocht arna thíolacadh ag an tairbhí.

7.   Cuirfidh an tairbhí na cuntais faoi bhráid an údaráis bainistíochta gach bliain faoin 15 Deireadh Fómhair. Beidh tuairim ó chomhlacht neamhspleách iniúchóireachta ag gabháil leis na cuntais, tuairim a tarraingíodh suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta. Suífear leis an tuairim sin cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn na córais rialaithe a cuireadh ar bun mar is ceart agus atá nó nach bhfuil siad costéifeachtach, agus cé acu atá nó nach bhfuil na bun-idirbhearta dlíthiúil agus rialta. Luafar sa tuairim freisin cé acu a chuireann nó nach gcuireann an obair iniúchóireachta in amhras na dearbhuithe a rinneadh sna dearbhuithe bainistíochta a thíolaic an eagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear faisnéis i dtaca le hamhras faoi chalaois. Déanfar leis an tuairim sin a chinntiú gur caiteachas dlíthiúil agus rialta atá sa chaiteachas sin atá san áireamh sna héilimh ar íocaíocht a chuireann an eagraíocht idirnáisiúnta faoi bhráid an údaráis bainistíochta.

8.   Gan dochar do na féidearthachtaí atá ann cheana tuilleadh iniúchtaí a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 74(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 a tharraingt suas. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta an méid sin trí bheith ag brath ar na doiciméid a chuirfidh an eagraíocht idirnáisiúnta ar fáil de bhun mhíreanna 2 go 5 agus 7 den Airteagal seo, seachas bheith ag brath ar na fíoruithe bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 74(1) den Rialachán sin.

9.   Áireofar na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo sa doiciméad lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2021//1060.

10.   Ní bheidh feidhm ag mír 2, agus dá bharr sin ceanglófar ar údarás bainistíochta fíoruithe bainistíochta a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:

(a)

sainaithníonn an t-údarás bainistíochta sin riosca sonrach neamhrialtachta nó léiriú calaoise i ndáil le tionscadal arna thionscnamh nó arna chur chun feidhme ag an eagraíocht idirnáisiúnta;

(b)

teipeann ar an eagraíocht idirnáisiúnta sin na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 agus 7 a chur faoi bhráid an údaráis bainistíochta sin; nó

(c)

tá na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 agus 7 a thíolaic an eagraíocht idirnáisiúnta neamhiomlán.

11.   I gcás inar cuid de shampla dá dtagraítear in Airteagal 79 de Rialachán (AE) 2021/1060 tionscadal inar tairbhí í eagraíocht idirnáisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 den Rialachán sin, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta a chuid oibre a dhéanamh ar bhonn foshampla d’idirbhearta a bhaineann leis an tionscadal sin. I gcás ina n-aimseofar earráidí san fhoshampla, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta, más ábhartha, a iarraidh ar iniúchóir na heagraíochta idirnáisiúnta measúnú a dhéanamh ar raon feidhme iomlán agus ar líon iomlán na n-earráidí sa tionscadal sin.

ROINN 3

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach

Airteagal 18

Raon feidhme

Cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht faoin Roinn seo chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin.

Airteagal 19

Eintitis incháilithe

1.   Tá na heintitis seo a leanas incháilithe do mhaoiniú ón Aontas:

(a)

eintitis dhlítheanacha atá bunaithe:

(i)

i mBallstát, nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)

i dtríú tír atá liostaithe sa chlár oibre, faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 3;

(b)

eintitis dhlítheanacha arna gcruthú faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta is ábhartha chun críocha an Chiste.

2.   Níl daoine nádúrtha incháilithe do mhaoiniú ón Aontas.

3.   Eintitis dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) de mhír 1, beidh siad rannpháirteach mar chuid de chuibhreannas atá comhdhéanta de dhá eintiteas neamhspleácha ar a laghad, a bhfuil ceann amháin acu ar a laghad bunaithe i mBallstát.

Áiritheoidh eintitis atá rannpháirteach mar chuid de chuibhreannas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo go gcomhlíonfar, leis na gníomhaíochtaí ina mbeidh siad rannpháirteach, na prionsabail a chumhdaítear sa Chairt agus go rannchuideofar le baint amach chuspóirí an Chiste.

Airteagal 20

Gníomhaíochtaí Aontais

1.   Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ciste a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Aontais a bhaineann le cuspóirí an Chiste.

2.   Féadfar cistiú a sholáthar le gníomhaíochtaí Aontais in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfar cistiú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar leo freisin.

3.   Go heisceachtúil, féadfaidh gníomhaireachtaí díláraithe a bheith incháilithe do chistiú faoi chuimsiú gníomhaíochtaí Aontais nuair a chuidíonn siad le cur chun feidhme gníomhaíochtaí Aontais a thagann faoi inniúlacht na ngníomhaireachtaí díláraithe sin, agus nach bhfuil na gníomhaíochtaí sin cumhdaithe ag an ranníocaíocht ón Aontas le buiséad na ngníomhaireachtaí díláraithe sin tríd an mbuiséad bliantúil.

4.   Deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, déanfar iad a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

5.   Féadfaidh saineolaithe seachtracha a bheith ina gcomhaltaí den choiste meastóireachta a dhéanfaidh measúnú ar na tograí, dá dtagraítear in Airteagal 150 den Rialachán Airgeadais.

6.   Trí bhíthin ranníocaíochtaí a dhéantar le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag Airteagal 37(7) de Rialachán (AE) 2021/695.

Airteagal 21

Oibríochtaí measctha

Déanfar oibríochtaí measctha faoin gCiste a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523 agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 22

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfar, leis an gCiste, tacú le cúnamh teicniúil arna chur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann, ag ráta maoinithe 100 %.

Airteagal 23

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid na ranníocaíochta ón Aontas arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena n-áirítear daoine nó eintitis nach bhfuil sainordú acu ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí nó ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais, a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 24

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach, fiúntach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. Déanfar infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais a áirithiú agus déanfar faisnéis den sórt sin a sholáthar, seachas i gcásanna a bhfuil údar cuí leo nuair nach féidir nó nach iomchuí faisnéis den sórt sin a thaispeáint go poiblí nó i gcás ina mbeidh scaoileadh faisnéise den sórt sin srianta de réir an dlí, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann leis an tslándáil, leis an ord poiblí, le himscrúduithe coiriúla nó le cosaint sonraí pearsanta. Chun infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais a áirithiú, déanfaidh faighteoirí an chistithe de chuid an Aontais tagairt d’fhoinse an chistithe sin agus cumarsáid á déanamh acu go poiblí maidir leis an ngníomhaíocht lena mbaineann, agus cuirfidh siad suaitheantas an Aontais ar taispeáint.

2.   Chun an oiread daoine agus is féidir a chur ar an eolas, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gCiste le gníomhaíochtaí a dhéantar de bhun an Chiste agus leis na torthaí a fhaightear a chur chun feidhme.

Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gCiste ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin le cuspóirí an Chiste.

3.   Foilseoidh an Coimisiún cláir oibre na saoráide téamaí dá dtagraítear in Airteagal 8. Maidir le tacaíocht a chuirfear ar fáil faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 38(2) den Rialachán Airgeadais ar shuíomh gréasáin atá ar fáil go poiblí agus déanfaidh sé an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Foilseofar an fhaisnéis sin i bhformáid oscailte atá meaisín-inléite ionas gur féidir na sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint agus a chur i gcomparáid le chéile.

ROINN 4

Tacaíocht agus cur chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte, dhíreach nó indíreach

Airteagal 25

Cúnamh éigeandála

1.   Leis an gCiste, soláthrófar cúnamh airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha agus shonracha i staideanna éigeandála a bhfuil údar cuí leo.

Mar fhreagairt ar staid éigeandála den sórt sin a bhfuil údar cuí léi, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh cúnamh éigeandála a sholáthar laistigh de theorainneacha na n-acmhainní atá ar fáil.

2.   Féadfaidh cúnamh éigeandála a bheith i bhfoirm deontais a dhámhfar go díreach do na gníomhaireachtaí díláraithe.

3.   Féadfar cúnamh éigeandála a leithdháileadh ar chláir na mBallstát de bhreis ar an leithdháileadh faoi Airteagal 10(1), ar choinníoll go mbeidh sé curtha in iúl amhlaidh ina dhiaidh sin i gcláir an Bhallstáit. Ní úsáidfear an cistiú sin le haghaidh gníomhaíochtaí eile i gclár an Bhallstáit ach amháin in imthosca a bhfuil údar cuí leo agus má dhéanann an Coimisiún iad a fhormheas trí bhíthin leasú ar chlár an Bhallstáit. Féadfaidh suas le 95 % den ranníocaíocht ón Aontas a bheith sa réamh-mhaoiniú le haghaidh cúnamh éigeandála, ach cistí a bheith ar fáil.

4.   Deontais a chuirfear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, déanfar iad a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

5.   I gcás inar gá chun gníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfar a chumhdach le cúnamh éigeandála caiteachas arna thabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh don ghníomhaíocht sin, ar choinníoll nár tabhaíodh an caiteachas sin roimh an 1 Eanáir 2021.

6.   Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo agus chun a áirithiú go mbeidh acmhainní ar fáil go tráthúil le haghaidh cúnamh éigeandála, féadfaidh an Coimisiún cinneadh maoiniúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, a ghlacadh ar leithligh le haghaidh cúnamh éigeandála trí bhíthin gníomh cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 33(4). Fanfaidh gníomh den sórt sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná 18 mí.

Airteagal 26

Maoiniú carnach agus maoiniú malartach

1.   Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di faoin gCiste, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di freisin ó chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht roinnte, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

2.   I gcomhréir le Airteagal 73(4) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó Ciste Sóisialta na hEorpa Plus tacú le gníomhaíochtaí ar sannadh lipéad Séala Barr Feabhais mar a shainmhínítear i bpointe (45) d’Airteagal 2 den Rialachán sin dóibh. Ionas go ndéanfar lipéad Séala Barr Feabhais a shannadh dóibh, comhlíonfar na coinníollacha carnacha seo a leanas leis na gníomhaíochtaí:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gCiste;

(b)

comhlíontar leo na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí; agus

(c)

ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

ROINN 5

Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

Foroinn 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 27

Faireachán agus tuairisciú

1.   I gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun phointe (h)(iii) den chéad fhomhír d’Airteagal 41(3) den Rialachán Airgeadais, cuirfidh an Coimisiún faisnéis faoi na príomhtháscairí feidhmíochta a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn V a leasú chun na coigeartuithe is gá a dhéanamh ar na príomhtháscairí feidhmíochta a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chiste maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2). Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag nialas. Spriocanna carnacha a bheidh sna clocha míle a shocraítear do 2024 agus sna spriocanna a shocraítear do 2029.

4.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar sonraí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí an chláir ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí chistí an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar na Ballstáit.

5.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chiste i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 32, chun Iarscríbhinn VIII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, lena n-áirítear maidir le faisnéis tionscadail a bheidh le cur ar fáil ag na Ballstáit. Ní bheidh feidhm ag aon leasú ar Iarscríbhinn VIII ach amháin maidir le tionscadail a roghnófar tar éis theacht i bhfeidhm an leasaithe sin.

Airteagal 28

Tuairisciú ar an tsaoráid théamach

Tuairisceoidh an Coimisiún ar úsáid agus ar dháileadh na saoráide téamaí, dá dtagraítear in Airteagal 8, idir a comhpháirteanna, lena n-áirítear ar an tacaíocht arna soláthar do ghníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha faoi ghníomhaíochtaí an Aontais. Nuair a dhéanann Parlaimint na hEorpa, ar bhonn na faisnéise a cuireadh faoina bráid, moltaí maidir le gníomhaíochtaí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh faoin tsaoráid théamach, féachfaidh an Coimisiún leis na moltaí sin a chur san áireamh.

Airteagal 29

Meastóireacht

1.   Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma ar an Rialachán seo. De bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, déanfar measúnú sa mheastóireacht mheántéarma ar an méid seo a leanas:

(a)

éifeachtacht an Chiste, lena n-áirítear an dul chun cinn a bheidh déanta i dtreo bhaint amach a chuspóirí, agus an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil cheana á cur san áireamh, go háirithe na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 30 agus na táscairí aschuir agus toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;

(b)

éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní arna leithdháileadh ar an gCiste agus éifeachtúlacht na mbeart bainistíochta agus rialaithe arna gcur i bhfeidhm chun é a chur chun feidhme;

(c)

ábharthacht agus oiriúnacht leanúnach na mbeart cur chun feidhme a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(d)

an comhordú, an comhtháthú agus an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gCiste agus an tacaíocht a sholáthraítear le cistí eile de chuid an Aontais;

(e)

breisluach Aontais na ngníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gCiste.

Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht mheántéarma sin torthaí na meastóireachta cúlghabhálaí ar éifeachtaí an Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020.

2.   De bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, áireofar sa mheastóireacht chúlghabhálach na heilimintí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo. Thairis sin, déanfar meastóireacht ar thionchar an Chiste.

3.   Déanfar an mheastóireacht mheántéarma agus an mheastóireacht chúlghabhálach ar bhealach tráthúil chun rannchuidiú leis an bpróiseas cinnteoireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, leis an athbhreithniú ar an Rialachán seo.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún nach n-áireofar sna meastóireachtaí faisnéis a bhféadfadh a scaipeadh oibríochtaí slándála a chur i mbaol.

5.   Sa mheastóireacht mheántéarma agus sa mheastóireacht chúlghabhálach, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme le tríú tíortha, a chuirfear chun feidhme i dtríú tíortha, nó a chuirfear chun feidhme i ndáil le tríú tíortha, i gcomhréir le hAirteagal 13(11) agus Airteagal 19.

Foroinn 2

Rialacha maidir le bainistíocht roinnte

Airteagal 30

Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

1.   Faoin 15 Feabhra 2023 agus faoin 15 Feabhra gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2031 agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faoi bhráid an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 41(7) de Rialachán (AE) 2021/1060.

Leis an tréimhse thuairiscithe, cumhdófar an bhliain chuntasaíochta deiridh, mar a shainmhínítear i bpointe 29 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021//1060, roimh an mbliain a thíolacfar an tuarascáil. Leis an tuarascáil a thíolacfar faoin 15 Feabhra 2023, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2021.

2.   Leagfar amach sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht, go háirithe, faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme chlár an Bhallstáit agus maidir le clocha míle agus spriocanna a leagtar amach ann a bhaint amach, agus na sonraí is déanaí mar a cheanglaítear faoi Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/1060 á gcur san áireamh;

(b)

aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht chlár an Bhallstáit agus don ghníomhaíocht arna déanamh chun aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear faisnéis maidir le haon tuairim réasúnaithe arna heisiúint ag an gCoimisiún i leith imeachtaí um shárú faoi Airteagal 258 CFAE a bhaineann le cur chun feidhme an Chiste;

(c)

an chomhlántacht idir na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gCiste agus an tacaíocht a chuirtear ar fáil ó chistí eile de chuid an Aontais, go háirithe na gníomhaíochtaí sin a dhéantar i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha;

(d)

rannchuidiú chlár an Bhallstáit le cur chun feidhme acquis agus pleananna gníomhaíochta ábhartha an Aontais;

(e)

cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(f)

comhlíonadh na gcoinníollacha cumasúcháin is infheidhme agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin i rith na clárthréimhse, go háirithe comhlíonadh na gceart bunúsach;

(g)

cur chun feidhme tionscadal i dtríú tír nó i ndáil le tríú tír.

Áireofar sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht achoimre ina gcumhdófar na pointí ar fad a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na hachoimrí a chuireann na Ballstáit ar fáil a aistriú go gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus go gcuirfear ar fáil go poiblí iad.

3.   Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a chur in iúl maidir le tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaigheann sé na tuarascálacha sin. I gcás nach gcuirfidh an Coimisiún barúlacha in iúl faoin spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis an tuarascáil.

4.   Ar a shuíomh gréasáin, soláthróidh an Coimisiún na naisc chuig na suíomhanna gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) 2021/1060.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Airteagal 31

Faireachán agus tuairisciú faoi bhainistíocht roinnte

1.   Le faireachán agus tuairisciú i gcomhréir le Teideal IV de Rialachán (AE) 2021//1060, úsáidfear, de réir mar is iomchuí, na cóid maidir leis na cineálacha idirghabhála a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo. Chun aghaidh a thabhairt ar imthosca gan choinne nó imthosca nua agus chun cur chun feidhme éifeachtach an chistithe a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 chun Iarscríbhinn VI a leasú.

2.   Úsáidfear na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 16(1) agus Airteagail 22 agus 42 de Rialachán (AE) 2021//1060.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 32

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(10), Airteagal 16(5), Airteagal 27(2) agus (5) agus Airteagal 31(1) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(10), Airteagal 16(5), Airteagal 27(2) agus (5) agus Airteagal 31(1) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(10), Airteagal 16(5), Airteagal 27(2) agus (5) nó Airteagal 31(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 33

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Chistí Gnóthaí Baile a bunaíodh le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1148 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 34

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas na ngníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Ionstraim Phóilíneachta an Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020 (“ISF Póilíní”), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014. Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Speansais an chúnaimh theicniúil agus riaracháin is gá chun an t-aistriú idir an Ciste agus na bearta a glacadh de bhun ISF Póilíní a áirithiú, féadfar na speanais sin a chumhdach leis an imchlúdach airgeadais don Chiste freisin.

3.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, ag cur san áireamh theacht i bhfeidhm mhoillithe an Rialacháin seo agus chun leanúnachas a áirithiú, ar feadh tréimhse teoranta, féadfar a mheas gurb incháilithe iad na costais arna dtabhú i ndáil leis na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Rialachán seo faoi bhainistíocht dhíreach, agus a bhfuil tús curtha leo cheana, do mhaoiniú amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas nó an iarraidh ar chúnamh.

4.   Féadfaidh na Ballstáit tar éis an 1 Eanáir 2021 leanúint de thacaíocht a thabhairt do thionscadal a roghnaíodh agus a tosaíodh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 513/2014, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha a leanas:

(a)

tá dhá chéim ag an tionscadal is féidir a shainaithint ó thaobh an airgeadais de, le rianta iniúchta ar leith;

(b)

is mó ná EUR 500 000 costas iomlán an tionscadail;

(c)

áireofar íocaíochtaí a dhéanfaidh an t-údarás freagrach le tairbhithe don chéad chéim den tionscadal sna hiarrataí ar íocaíocht chuig an gCoimisiún faoi Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 agus áireofar caiteachas don dara céim den tionscadal in iarratais ar íocaíocht faoi Rialachán (AE) 2021/1060;

(d)

leis an dara céim den tionscadal, comhlíonfar an dlí is infheidhme agus tá sé incháilithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2021/1060;

(e)

geallfaidh an Ballstát go dtabharfaidh sé an tionscadal chun críche, féachfaidh sé chuige go mbeidh sé oibríochtúil agus déanfaidh sé é a thuairisciú sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht arna tíolacadh faoin 15 Feabhra 2024.

Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo agus ag forálacha Rialachán (AE) 2021//1060 maidir leis an dara céim de thionscadal dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir le tionscadail a roghnaíodh faoi bhainistíocht roinnte de bhun Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

Airteagal 35

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 7 Iúil 2021

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. LOGAR


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 189.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ag an gcéad léamh an 14 Meitheamh 2021 (IO C 268, 6.7.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2007/125/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 93).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (féach leathanach 48 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(6)  Rialachán (AE) 2021/1077 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim (IO L 234, 2.7.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosa (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(8)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle (IO L 156, 5.5.2021, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) 2021/693 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Cheartas agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 (IO L 156, 5.5.2021, lch. 21).

(11)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (AE) (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(13)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28

(14)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(16)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(17)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(18)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(19)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(20)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (“an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(21)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(22)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(23)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lch. 112).

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(26)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(27)  Cinneadh 2009/902/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear an Líonra Eorpach um Chosc na Coireachta (EUCPN) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/427/CGB (IO L 321, 8.12.2009, lch. 44).

(28)  Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).

(29)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).


IARSCRÍBHINN I

CRITÉIR MAIDIR LE LEITHDHÁILEADH CISTITHE AR CHLÁIR NA mBALLSTÁT

Leithdháilfear na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear in Airteagal 10 ar chláir na mBallstát mar seo a leanas:

(1)

leithdháilfear méid socraithe aonuaire EUR 8 000 000 ar gach Ballstát ag tús na clárthréimhse;

(2)

leithdháilfear na hacmhainní buiséadacha atá fágtha dá dtagraítear in Airteagal 10 de réir na gcritéar seo a leanas:

(a)

déanfar 45 % de na hacmhainní buiséadacha atá fágtha a leithdháileadh i gcomhréir inbhéartach le holltáirgeacht intíre gach Ballstáit (caighdeán na cumhachta ceannaigh in aghaidh an áitritheora);

(b)

déanfar 40 % de na hacmhainní buiséadacha atá fágtha a leithdháileadh i gcomhréir le méid daonra gach Ballstáit;

(c)

déanfar 15 % de na hacmhainní buiséadacha atá fágtha a leithdháileadh i gcomhréir le méid críoch gach Ballstáit.

Bunófar leithdháileadh tosaigh na n-acmhainní buiséadacha atá fágtha dá dtagraítear i bpointe (2) den chéad mhír ar na sonraí staidrimh bliantúla arna dtáirgeadh ag an gCoimisiún (Eurostat) lena gcumhdaítear an bhliain 2019. Maidir leis an measúnú meántéarmach, is é a bheidh sna figiúirí tagartha na sonraí staidrimh bliantúla a bheidh foilsithe ag an gCoimisiún (Eurostat) lena gcumhdófar an bhliain 2023. I gcás nach mbeidh na sonraí do bhliain ar leith curtha ar fáil don Choimisiún (Eurostat) ag Ballstát, féadfaidh an Coimisiún na sonraí staidrimh is déanaí atá ar fáil roimh an mbliain lena mbaineann a úsáid don Bhallstát sin.


IARSCRÍBHINN II

BEARTA CUR CHUN FEIDHME

1.   

Leis an gCiste, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) den Rialachán seo a bhaint amach trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

cur i bhfeidhm aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le slándáil a áirithiú trí thacú le faisnéis ábhartha a mhalartú, mar shampla trí bhíthin Prüm, Taifead Ainmneacha Paisinéirí an Aontais (EU PNR) agus SIS II, lena n-áirítear trí cur chun feidhme moltaí ó shásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta amhail sásra meastóireachta agus faireacháin Schengen nó sásraí rialaithe cáilíochta agus meastóireachta eile;

(b)

córais faisnéise AE agus díláraithe a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo a chur ar bun, a chur in oiriúint agus a chothabháil, lena n-áirítear a n-idir-inoibritheacht a áirithiú, agus uirlisí iomchuí a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí arna sainaithint;

(c)

úsáid ghníomhach a mhéadú i dtaca le córais faisnéise AE agus díláraithe a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo á áirithiú go bhfuil sonraí ar ardcháilíocht á soláthar dóibh; agus

(d)

tacú le bearta ábhartha náisiúnta lena n-áirítear idirnascadh na mbunachar sonraí náisiúnta a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo agus nasc na mbunachar sonraí sin le bunachair sonraí an Aontais dá bhforáiltear i mbunúis dlí ábhartha, más ábhartha chun na cuspóirí sonracha a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) a chur chun feidhme.

2.   

Leis an gCiste, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) a bhaint amach trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

líon na n-oibríochtaí forfheidhmithe dlí a mhéadú lena bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, oibríochtaí lena bhfuil baint ag gníomhaithe ábhartha eile, go háirithe trí úsáid foirne comhpháirteacha imscrúdaithe, patróil chomhpháirteacha, dearg-thóir, faireachas discréideach agus sásraí eile don chomhar oibríochtúil a fheabhsú agus a éascú i gcomhthéacs thimthriall beartais an Aontais, agus béim ar leith á leagan ar oibríochtaí trasteorann;

(b)

feabhas a chur ar an gcomhordú agus comhar na n-údarás inniúil a mhéadú laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstát agus le gníomhaithe ábhartha eile, mar shampla trí líonraí d’aonaid speisialaithe náisiúnta, líonraí agus struchtúir chomhair de chuid an Aontais, agus lárionaid de chuid an Aontas; agus

(c)

an comhar idirghníomhaireachta ar leibhéal an Aontais a fheabhsú i measc na mBallstát, agus idir na Ballstáit agus na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, chomh maith le feabhas a chur ar chomhar ar an leibhéal náisiúnta i measc na n-údarás inniúil laistigh de gach Ballstát.

3.   

Leis an gCiste, rannchuideofar leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 3(2) a bhaint amach trí dhíriú ar na bearta cur chun feidhme seo a leanas:

(a)

an oiliúint, na cleachtaí agus an fhoghlaim fhrithpháirteach, cláir speisialaithe malartaithe agus comhroinnt an dea-chleachtais a mhéadú in údaráis inniúla na mBallstát agus eatarthu, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, agus le tríú tíortha agus le gníomhaithe ábhartha eile;

(b)

leas a bhaint as sineirgí trí acmhainní agus eolas a chomhroinnt agus dea-chleachtas a roinnt idir na Ballstáit agus gníomhaithe ábhartha eile, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta trí bhíthin, mar shampla, ionaid chomhpháirteacha barr feabhais a chruthú, measúnuithe riosca comhpháirteacha a fhorbairt, nó lárionaid choiteanna tacaíochta oibríochtúla le haghaidh oibríochtaí arna gcur i gcrích go comhpháirteach;

(c)

bearta, coimircí, sásraí agus dea-chleachtais a chur chun cinn agus a fhorbairt chun sainaithint luath, cosaint agus tacaíocht a thabhairt d’fhinnéithe, do sceithirí agus d’íospartaigh na coireachta agus, chuige sin, comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir údaráis phoiblí agus gníomhaithe ábhartha eile;

(d)

trealamh ábhartha a fháil agus saoráidí speisialaithe oiliúna agus bonneagar riachtanach eile a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leis a chur ar bun nó a uasghrádú chun ullmhacht, teacht aniar, feasacht an phobail agus freagairt leordhóthanach a mhéadú a mhéid a bhaineann le bagairtí slándála; agus

(e)

bonneagar criticiúil a chosaint i gcoinne teagmhas a bhaineann leis an tslándáil trí leochaileachtaí a bhrath, a mheasúnú agus a dhúnadh.


IARSCRÍBHINN III

RAON FEIDHME NA TACAÍOCHTA

Laistigh dá chuspóirí, leis an gCiste, féadfar tacú leis na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

córais TFC, lena rannchuidítear le baint amach chuspóirí an Rialacháin seo, a chur ar bun, a chur in oiriúint agus a chothabháil, oiliúint ar úsáid na gcóras sin, agus idir-inoibritheacht, comhpháirteanna agus cáilíocht sonraí na gcóras sin a thástáil agus a fheabhsú;

(b)

faireachán ar chur chun feidhme dhlí an Aontais agus chuspóirí beartais an Aontais sna Ballstáit i réimse na gcóras faisnéise atá ábhartha ó thaobh na slándála de, lena n-áirítear cosaint sonraí, príobháideacht agus slándáil sonraí;

(c)

gníomhaíochtaí oibríochtúla de chuid thimthriall beartais an Aontais/EMPACT;

(d)

gníomhaíochtaí lena dtacaítear le freagairt éifeachtach chomhordaithe ar chásanna géarchéime agus trína nascfar le chéile na sainchumais, na lárionaid saineolais agus na lárionaid feasachta staide atá ann cheana a bhaineann go sonrach le hearnálacha, lena n-áirítear iad siúd don tsláinte, don chosaint shibhialta, don sceimhlitheoireacht agus don chibearchoireacht;

(e)

gníomhaíochtaí trína bhforbraítear modhanna nuálacha nó a n-imscartar teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú;

(f)

gníomhaíochtaí a fheabhsaíonn an teacht aniar a mhéid a bhaineann bagairtí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear an gháinneáil trí bhealaí ar líne, bagairtí hibrideacha, úsáid mhailíseach aerchóras gan foireann agus bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha;

(g)

tacaíocht a chur ar fáil do líonraí téamacha nó trastéamacha d’aonaid speisialaithe náisiúnta agus pointí teagmhála náisiúnta chun feabhas a chur ar mhuinín fhrithpháirteach, ar mhalartú agus scaipeadh feasa gnó, faisnéise, taithí agus na ndea-chleachtas, ar chomhthiomsú acmhainní agus saineolais in ionaid chomhpháirteacha barr feabhais;

(h)

oideachas agus oiliúint do bhaill foirne agus do shaineolaithe in údaráis ábhartha forfheidhmithe dlí agus bhreithiúnacha agus i ngníomhaireachtaí riaracháin ábhartha, agus riachtanais oibríochtúla agus anailís ar rioscaí á gcur san áireamh, i gcomhar le CEPOL agus, nuair is infheidhme, leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach, lena n-áirítear oideachas agus in oiliúint maidir le beartais um chosc, a dhíríonn go sonrach ar chearta bunúsacha agus neamh-idirdhealú;

(i)

comhar leis an earnáil phríobháideach, mar shampla sa chomhrac i gcoinne na cibearchoireachta, chun an mhuinín a thógáil agus feabhas a chur ar an gcomhordú, ar an bpleanáil teagmhais agus ar mhalartú agus scaipeadh na faisnéise agus na ndea-chleachtas i measc gníomhaithe poiblí agus gníomhaithe príobháideacha, lena n-áirítear le linn spásanna poiblí agus bonneagar criticiúil a chosaint;

(j)

gníomhaíochtaí lena gcumasaítear pobail chun roinnt cineálacha cur chuige áitiúil agus beartais um chosc a fhorbairt, mar aon le gníomhaíochtaí múscailte feasachta agus gníomhaíochtaí cumarsáide, i measc geallsealbhóirí agus an phobail i gcoitinne maidir le beartais slándála an Aontais;

(k)

maoiniú trealaimh, modhanna iompair, córas chumarsáide agus saoráidí a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo;

(l)

maoiniú chostas na mball foirne a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste nó le gníomhaíochtaí a bhfuil gá le rannpháirtíocht foirne ina leith ar chúiseanna teicniúla nó cúiseanna a bhaineann le slándáil.


IARSCRÍBHINN IV

GNÍOMHAÍOCHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 12(3) AGUS AIRTEAGAL 13(10)

(1)   

Tionscadail arb é is aidhm dóibh an radacú a chosc agus a throid

(2)   

Tionscadail arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar idir-inoibritheacht chórais faisnéise de chuid an Aontais agus córais náisiúnta TFC, sa mhéid go bhforáiltear amhlaidh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí na mBallstát

(3)   

Tionscadail arb é is aidhm dóibh na bagairtí is tábhachtaí ó choireacht thromchúiseach eagraithe a chomhrac, faoi chuimsiú gníomhaíochtaí oibríochtúla de chuid thimthriall beartais an Aontais/EMPACT

(4)   

Tionscadail arb é is aidhm dóibh an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac, go háirithe teacht i dtír gnéasach ar leanaí ar líne, agus coireanna arb é an t-idirlíon an príomhardán chun fianaise a bhailiú

(5)   

Tionscadail arb é is aidhm dóibh slándáil agus teacht aniar an bhonneagair chriticiúil a fheabhsú


IARSCRÍBHINN V

CROÍTHÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 27(1)

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2)

1.

Líon na gcóras TFC arna ndéanamh idir-inoibritheach sna Ballstáit/le córais faisnéise an Aontais agus córais faisnéise díláraithe a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo/le bunachair sonraí idirnáisiúnta

2.

Líon na n-aonad riaracháin a bhfuil sásraí/nósanna imeachta/uirlisí/treoir nua maidir le malartú faisnéise curtha ar bun acu, nó a chuir iad sin atá ann cheana in oiriúint, le haghaidh malartú faisnéise le Ballstáit eile/comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais/tríú tíortha/eagraíochtaí idirnáisiúnta

3.

Líon na rannpháirtithe a mheasann go bhfuil an ghníomhaíocht oiliúna úsáideach dá gcuid oibre

4.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn trí mhí tar éis na gníomhaíochta oiliúna go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a d’fhoghlaim siad le linn na gníomhaíochta oiliúna sin

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2)

5.

An luach measta ar shócmhainní calctha i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann

6.

Cainníocht na ndrugaí aindleathacha a urghabhadh i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann de réir an táirge (1)

7.

Cainníocht na n-arm a urghabhadh i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann de réir an airm (2)

8.

Líon na n-aonad riaracháin a bhfuil sásraí/nósanna imeachta/uirlisí/treoir atá ann cheana forbartha/curtha in oiriúint acu le haghaidh comhar le Ballstáit eile/comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais/tríú tíortha/eagraíochtaí idirnáisiúnta

9.

Líon na foirne atá bainteach le hoibríochtaí trasteorann

10.

Líon na moltaí meastóireachta Schengen ar tugadh aghaidh orthu

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 3(2)

11.

Líon na dtionscnamh a forbraíodh/ar cuireadh leo chun an radacú a chosc

12.

Líon na dtionscnamh a forbraíodh/ar cuireadh leo chun finnéithe agus sceithirí a chosaint/chun tacú leo

13.

An líon bonneagar criticiúil/spásanna poiblí a bhfuil saoráidí nua/oiriúnaithe acu chun cosaint ar rioscaí a bhaineann leis an tslándáil

14.

Líon na rannpháirtithe a mheasann go bhfuil an ghníomhaíocht oiliúna úsáideach dá gcuid oibre

15.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn trí mhí tar éis dóibh an ghníomhaíocht oiliúna a chríochnú go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a d’fhoghlaim siad le linn na gníomhaíochta oiliúna sin

(1)  Miondealú ar chineálacha drugaí (bunaithe ar na catagóirí a úsáidtear i dtuarascálacha maidir le drugaí aindleathacha: Tuarascáil an Aontais Eorpaigh maidir le Drugaí, an Tuarascáil Eorpach maidir le Drugaí agus Feasachán Staidrimh EMCDDA):

cannabas;

ópóideacha, hearóin san áireamh;

cócaon;

drugaí sintéiseacha, lena n-áirítear spreagthach de chineál amfataimín (amfataimín agus meitiolamfataimín san áireamh) agus MDMA;

substaintí nua sícighníomhacha;

drugaí aindleathacha eile.

(2)  Miondealú ar chineálacha arm (bunaithe ar an reachtaíocht atá ann cheana, eadhon Treoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú. Tá na catagóirí atá beartaithe níos simplí, i gcomparáid leis na catagóirí a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/477/CEE agus i gcomhréir leo siúd atá laistigh de Chóras Faisnéise Schengen, a úsáideann údaráis náisiúnta):

airm chogaidh: airm thine uathoibríocha agus airm thine throma (fritancanna, teilgeoir roicéad, moirtéal, srl.);

airm thine ghearra eile: gunnáin agus piostail (airm chúirtéise nó acústacha san áireamh);

airm thine fhada eile: raidhfilí agus gunnaí gráin (airm chúirtéise nó acústacha san áireamh);


IARSCRÍBHINN VI

CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA

TÁBLA 1: CÓID DO DHIMINSEAN AN RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

001.

TER–Comhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta

002.

TER–An radacú a chosc agus a chomhrac

003.

TER–Cosaint agus teacht aniar spásanna poiblí agus targaidí boga eile

004.

TER–Cosaint agus teacht aniar an bhonneagair chriticiúil

005.

TER–Ceimiceach Bitheolaíoch Radaighníomhach Núicléach

006.

TER–Pléascáin

007.

TER–Bainistiú géarchéime

008.

TER–Eile

009.

OC–Éilliú

010.

OC–An choireacht eacnamaíoch agus airgeadais

011.

OC–Sciúradh fáltas ón gcoiriúlacht

012.

OC–Drugaí

013.

OC–An gháinneáil ar airm thine

014.

An gháinneáil ar nithe cultúrtha

015.

OC–An gháinneáil ar dhaoine

016.

OC–Smuigleáil imirceach

017.

OC–An choireacht chomhshaoil

018.

OC–An choireacht mhaoine eagraithe

019.

OC–Eile

020.

CC–Cibearchoireacht – Eile

021.

CC–Cibearchoireacht – Cosc

022.

CC–Cibearchoireacht – Imscrúduithe a éascú

023.

CC–Cibearchoireacht – Cúnamh d’íospartaigh

024.

CC–Teacht i dTír Gnéasach ar Leanaí – Cosc

025.

CC–Teacht i dTír Gnéasach ar Leanaí – Imscrúduithe a éascú

026.

CC–Teacht i dTír Gnéasach ar Leanaí – Cúnamh d’íospartaigh

027.

CC–Teacht i dTír Gnéasach ar Leanaí, lena n-áirítear dáileadh íomhánna de mhí-úsáid leanaí agus pornagrafaíochta leanaí

028.

CC–Eile

029.

GEN–Malartú faisnéise

030.

GEN-Comhar póilíneachta nó idirghníomhaireachta (custaim, gardaí teorann, seirbhísí faisnéise)

031.

GEN–Fóiréinsic

032.

GEN–Tacaíocht d’íospartaigh

033.

GEN–Tacaíocht oibriúcháin

034.

TA-Cúnamh teicniúil - faisnéis agus cumarsáid

035.

TA-Cúnamh teicniúil - ullmhúchán, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

036.

TA-Cúnamh teicniúil - meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

037.

TA-Cúnamh teicniúil - fothú acmhainneachta


TÁBLA 2: CÓID DO CHINEÁL AN DIMINSIN GNÍOMHAÍOCHTA

001.

Córais TFC, idir-inoibritheacht, cáilíocht sonraí (gan trealamh san áireamh)

002.

Líonraí, ionaid barr feabhais, struchtúir chomhair, gníomhaíochtaí agus oibríochtaí comhpháirteacha

003.

Foirne Comhpháirteacha Imscrúdaithe nó oibríochtaí comhpháirteacha eile

004.

Saineolaithe a thabhairt ar iasacht nó a imscaradh

005.

Oiliúint

006.

Dea-chleachtais a mhalartú, ceardlanna, comhdhálacha, imeachtaí, feachtais múscailte feasachta, gníomhaíochtaí cumarsáide

007.

Staidéir, treoirthionscadail, measúnuithe riosca

008.

Trealamh

009.

Modhanna iompair

010.

Foirgnimh, saoráidí

011.

Feidhmiú tionscadal taighde agus obair leantach eile


TÁBLA 3: CÓID DO DHIMINSEAN AN CHUR CHUN FEIDHME

001.

Gníomhaíochtaí a chumhdaítear le hAirteagal 12(1)

002.

Gníomhaíochtaí sonracha

003.

Gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV

004.

Tacaíocht oibriúcháin

005.

Cúnamh éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 25


TÁBLA 4: CÓID DO DHIMINSEAN NA dTÉAMAÍ SONRACHA

001.

Comhar le tríú tíortha

002.

Gníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó i ndáil le tríú tíortha

003.

Cur chun feidhme na moltaí ag eascairt as Meastóireacht Schengen i réimse an chomhair póilíneachta

004.

Ceann ar bith de na roghanna thuas


IARSCRÍBHINN VII

CAITEACHAS ATÁ INCHÁILITHE LE hAGHAIDH TACAÍOCHT OIBRIÚCHÁIN

1.   

Faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2), cumhdófar an méid seo a leanas leis an tacaíocht oibriúcháin laistigh de chláir na mBallstát:

(a)

cothabháil chórais TFC an Aontais a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo agus, i gcás inarb ábhartha, chórais náisiúnta TFC a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo agus deasc chabhrach le haghaidh córais den sórt sin;

(b)

costais a bhaineann le baill foirne a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo.

2.   

Faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2), cumhdófar an méid seo a leanas leis an tacaíocht oibriúcháin laistigh de cláir na mBallstát:

(a)

trealamh teicniúil nó modhanna iompair a chothabháil a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le coireacht thromchúiseach eagraithe a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi a chosc, a bhrath, agus a imscrúdú;

(b)

costais a bhaineann le baill foirne a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo.

3.   

Faoin gcuspóir sonrach leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 3(2), cumhdófar an méid seo a leanas leis an tacaíocht oibriúcháin laistigh de chláir na mBallstát:

(a)

trealamh teicniúil nó modhanna iompair a chothabháil a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le coireacht thromchúiseach eagraithe a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi a chosc, a bhrath, agus a imscrúdú;

(b)

costais a bhaineann le baill foirne a rannchuidíonn le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo.

4.   

Ní chumhdófar caiteachas a bhaineann le gníomhaíochtaí nach bhfuil incháilithe faoi Airteagal 5(5).


IARSCRÍBHINN VIII

TÁSCAIRÍ ASCHUIR AGUS TORTHAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 27(3)

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 3(2)

Táscairí aschuir

1.

Líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna

2.

Líon na gcruinnithe de shaineolaithe, na gceardlanna agus na gcuairteanna staidéir

3.

Líon na gcóras TFC curtha ar bun/curtha in oiriúint/cothaithe

4.

Líon na n-earraí trealaimh a ceannaíodh

Táscairí toraidh

5.

Líon na gcóras TFC arna ndéanamh idir-inoibritheach sna Ballstáit/le córais faisnéise an Aontais agus córais faisnéise díláraithe a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo/le bunachair sonraí idirnáisiúnta

6.

Líon na n-aonad riaracháin a bhfuil sásraí/nósanna imeachta/uirlisí/treoir nua maidir le malartú faisnéise curtha ar bun acu, nó a chuir iad sin atá ann cheana in oiriúint, le haghaidh malartú faisnéise le Ballstáit eile/comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais/tríú tíortha/eagraíochtaí idirnáisiúnta

7.

Líon na rannpháirtithe a mheasann go bhfuil an oiliúint úsáideach dá gcuid oibre

8.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn trí mhí tar éis na gníomhaíochta oiliúna go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a d’fhoghlaim siad le linn na gníomhaíochta oiliúna sin

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 3(2)

Táscairí aschuir

1.

Líon na n-oibríochtaí trasteorann, ina sonraítear ar leithligh:

1.1.

líon na bhfoirne comhpháirteacha imscrúdaithe

1.2.

líon na ngníomhaíochtaí oibríochtúla de chuid thimthriall beartais an Aontais/EMPACT

2.

Líon na gcruinnithe de shaineolaithe, na gceardlanna, na gcuairteanna staidéir agus na bhfreachnamh coiteann

3.

Líon na n-earraí trealaimh a ceannaíodh

4.

Líon na modhanna iompair a cheannaítear le haghaidh oibríochtaí trasteorann

Táscairí toraidh

5.

An luach measta ar shócmhainní calctha i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann

6.

Cainníocht na ndrugaí aindleathacha a urghabhadh i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann de réir an táirge (1)

7.

Cainníocht na n-arm a urghabhadh i gcomhthéacs oibríochtaí trasteorann de réir an airm (2)

8.

Líon na n-aonad riaracháin a bhfuil sásraí/nósanna imeachta/uirlisí/treoir atá ann cheana forbartha/curtha in oiriúint acu le haghaidh comhar le Ballstáit eile/comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais/tríú tíortha/eagraíochtaí idirnáisiúnta

9.

Líon na foirne atá bainteach le hoibríochtaí trasteorann

10.

Líon na moltaí meastóireachta Schengen ar tugadh aghaidh orthu

Cuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 3(2)

Táscairí aschuir

1.

Líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oiliúna

2.

Líon na gclár malartaithe, na gceardlanna agus na gcuairteanna staidéir

3.

Líon na n-earraí trealaimh a ceannaíodh

4.

Líon na modhanna iompair a ceannaíodh

5.

Líon na n-earraí bonneagair/saoráidí a bhfuil ábharthacht slándála ag baint leo/uirlisí/sásraí a tógadh/a ceannaíodh/a ndearnadh a uasghrádú

6.

Líon na dtionscadal chun an choireacht a chosc

7.

Líon na dtionscadal chun cúnamh a thabhairt d’íospartaigh na coireachta

8.

Líon na n-íospartach coireachta ar tugadh cúnamh dóibh

Táscairí toraidh

9.

Líon na dtionscnamh a forbraíodh/ar cuireadh leo chun an radacú a chosc

10.

Líon na dtionscnamh a forbraíodh/ar cuireadh leo chun finnéithe agus sceithirí a chosaint/chun tacú leo

11.

An líon bonneagar criticiúil/spásanna poiblí a bhfuil saoráidí nua/oiriúnaithe acu chun cosaint ar rioscaí a bhaineann leis an tslándáil

12.

Líon na rannpháirtithe a mheasann go bhfuil an ghníomhaíocht oiliúna úsáideach dá gcuid oibre

13.

Líon na rannpháirtithe a thuairiscíonn trí mhí tar éis dóibh an ghníomhaíocht oiliúna a chríochnú go bhfuil siad ag baint úsáid as na scileanna agus na hinniúlachtaí a d’fhoghlaim siad le linn na gníomhaíochta oiliúna

(1)  Miondealú ar chineálacha drugaí (bunaithe ar na catagóirí a úsáidtear i dtuarascálacha maidir le drugaí aindleathacha: Tuarascáil an Aontais Eorpaigh maidir le Drugaí, an Tuarascáil Eorpach maidir le Drugaí agus Feasachán Staidrimh EMCDDA):

cannabas;

ópóideacha, hearóin san áireamh;

cócaon;

drugaí sintéiseacha, lena n-áirítear spreagthach de chineál amfataimín (amfataimín agus meitiolamfataimín san áireamh) agus MDMA;

substaintí nua sícighníomhacha;

drugaí aindleathacha eile.

(2)  Miondealú ar chineálacha arm (bunaithe ar an reachtaíocht atá ann cheana, eadhon Treoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus seilbh arm a rialú. Tá na catagóirí atá beartaithe níos simplí, i gcomparáid leis na catagóirí a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/477/CEE, agus i gcomhréir leo siúd atá laistigh de Chóras Faisnéise Schengen, a úsáideann údaráis náisiúnta):

airm chogaidh: airm thine uathoibríocha agus airm thine throma (fritancanna, teilgeoir roicéad, moirtéal, srl.);

airm thine ghearra eile: gunnáin agus piostail (airm chúirtéise nó acústacha san áireamh);

airm thine fhada eile: raidhfilí agus gunnaí gráin (airm chúirtéise nó acústacha san áireamh).