ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 230

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
30 Meitheamh 2021


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/1068 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann lena chuid forálacha idirthréimhseacha maidir le hinnealra áirithe atá feistithe le hinnill sna raonta cumhachta atá níos mó ná, nó cothrom le, 56 kW agus níos lú ná 130 kW, agus níos mó ná, nó cothrom le, 300 kW, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 ( 1 )

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Faisnéis a bhaineann le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin

4

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/1069 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1579 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/92 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2021 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad

5

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leagtar síos bearta rialaithe speisialta ar feadh tréimhse theoranta a bhaineann le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh ( 1 )

10

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1071 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 maidir leis an sásra lena gcuirtear táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird

28

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/1072 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 maidir le maolú sealadach ar Chinneadh 2013/471/AE maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus dá gcomhaltaí malartacha agus maidir le haisíocaíocht speansas taistil na gcomhaltaí sin i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas

30

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

32

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

30.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1068 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann lena chuid forálacha idirthréimhseacha maidir le hinnealra áirithe atá feistithe le hinnill sna raonta cumhachta atá níos mó ná, nó cothrom le, 56 kW agus níos lú ná 130 kW, agus níos mó ná, nó cothrom le, 300 kW, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus nósanna imeachta maidir le cineálcheadú AE le haghaidh catagóirí éagsúla d’innill le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é.

(2)

Na dátaí is infheidhme maidir leis na teorainnluachanna astaíochtaí nua, dá ngairtear “Céim V” i Rialachán (AE) 2016/1628, leagtar amach iad chun faisnéis shoiléir chuimsitheach agus chun tréimhse ama iomchuí le haistriú go Céim V a sholáthar do mhonaróirí, agus an t-ualach riaracháin ar údaráis cheadúcháin á laghdú go suntasach san am céanna.

(3)

De dheasca ráig COVID-19 agus an chur isteach ar an slabhra soláthair agus ar tháirgeadh a bhaineann léi, bhí deacrachtaí ag monaróirí innealra, dá ngairtear “monaróirí buntrealaimh” nó “OEManna” i Rialachán (AE) 2016/1628, sprioc-amanna an 30 Meitheamh 2020 agus an 31 Nollaig 2020 a leagtar amach sa Rialachán sin a chomhlíonadh maidir le hinnealra atá feistithe le catagóirí áirithe inneall a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, innealra a chomhlíonann teorainnluachanna astaíochtaí nach bhfuil chomh dian céanna le teorainnluachanna astaíochtaí Chéim V. Dá bhrí sin, leasaíodh Rialachán (AE) 2016/1628 le Rialachán (AE) 2020/1040 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun síneadh 12 mhí a chur leis na sprioc-amanna sin.

(4)

Ó tharla go bhfuil moilleanna fós ann de dheasca an chur isteach leanúnaigh ar an slabhra soláthair agus ar tháirgeadh arb í paindéim COVID-19 is cúis leis, moilleanna maidir le hinnealra atá feistithe le catagóirí eile inneall (eadhon, innill sna raonta cumhachta atá níos mó ná, nó atá cothrom le, 56 kW agus atá níos lú ná 130 kW, agus atá níos mó ná, nó atá cothrom le, 300 kW) a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, innill a chomhlíonann teorainnluachanna astaíochtaí nach bhfuil chomh dian céanna le teorainneacha astaíochtaí Chéim V, tá dóchúlacht mhór ann nach mbeidh OEManna in ann sprioc-amanna an 30 Meitheamh 2021 agus an 31 Nollaig 2021 a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1628 a chomhlíonadh maidir le hinnealra atá feistithe leis na hinnill sin a tháirgeadh agus a chur ar an margadh gan damáiste tromchúiseach eacnamaíoch a bheith déanta do na monaróirí sin.

(5)

I bhfianaise na n-imthosca atá ann faoi láthair, agus chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, agus chun an cur isteach a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an margadh a sheachaint, is gá na forálacha idirthréimhseacha i Rialachán (AE) 2016/1628 a fhadú le haghaidh na gcatagóirí inneall sin.

(6)

Toisc nach mbeidh aon tionchar ag fadú na bhforálacha idirthréimhseacha ar an gcomhshaol, ós rud é go bhfuil na hinnill idirthréimhseacha lena mbaineann táirgthe cheana, fad 6 mhí ba cheart a bheith sa síneadh a chuirfear leis an tréimhse ábhartha chun an t-innealra atá feistithe leis na hinnill sin a tháirgeadh agus fad 9 mí ba cheart a bheith sa síneadh a chuirfear leis an tréimhse ábhartha chun an t-innealra atá feistithe leis na hinnill sin a chur ar an margadh.

(7)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon forálacha idirthréimhseacha áirithe de chuid Rialachán (AE) 2016/1628 a fhadú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(8)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla arb í paindéim COVID-19 is cúis leo, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1628 a leasú dá réir sin.

(10)

Ós rud é go bhfuil an idirthréimhse dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/1628 i gcás fochatagóirí áirithe inneall le dul in éag an 31 Nollaig 2021 agus go bhfuil go dtí an 30 Meitheamh 2021 ag OEManna chun innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá feistithe le hinnill idirthréimhseacha na bhfochatagóirí sin a tháirgeadh, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2016/1628 mar a leanas:

(1)

i mír 5, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“I gcás innill de gach fochatagóir arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill Chéim V a chur ar an margadh, seachas na hinnill dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír, cuirfear síneadh 9 mí leis an idirthréimhse agus cuirfear síneadh 6 mhí leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.”;

(2)

i mír 7, cuirtear an pointe seo a leanas léi:

“(e)

33 mhí ón dáta infheidhme chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sa chás a leagtar amach sa séú fomhír de mhír 5.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Tuairim an 9 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Irish Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meitheamh 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021.

(3)  Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 97/68/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53).

(4)  Rialachán (AE) 2020/1040 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann lena fhorálacha idirthréimhseacha chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ghéarchéim COVID-19 (IO L 231, 17.7.2020, lch. 1).


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

30.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/4


Faisnéis a bhaineann le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin

Tháinig an Comhaontú maidir le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin, arna shíniú sa Bhruiséil an 22 Meitheamh 2020, i bhfeidhm an 30 Meitheamh 2021, i gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Chomhaontú, toisc gur taisceadh an fógra deireanach an 30 Meitheamh 2021.


RIALACHÁIN

30.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/5


RIALACHÁN (AE) 2021/1069 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meitheamh 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1579 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/92 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe le haghaidh 2021 in uiscí an Aontais agus in uiscí nach de chuid an Aontais iad

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2020/1579 ón gComhairle (1), socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt. An 28 Bealtaine 2021, d’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (“ICES”) comhairle eolaíoch athbhreithnithe maidir le gabhálacha scadán i Murascaill na Boitnia in 2021. Leis an gcomhairle, tugtar an figiúr gabhála cothrom le dáta agus uasghrádaítear an chomhairle go comhairle chatagóir 1 maidir le huastáirgeacht inbhuanaithe (“MSY”). Ba cheart, ar an ábhar sin, na deiseanna iascaireachta scadán i Murascaill na Boitnia a choigeartú dá réir, agus dá bharr sin, ba cheart Rialachán (AE) 2020/1579 a leasú dá réir.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle (2), socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad.

(3)

De réir chomhairle ICES an 13 Aibreán 2021, ní ceart gabhálacha salán (Sprattus sprattus) i roinn 3a ICES (Kattegat/Skagerrak), agus i bhfolimistéar 4 ICES (an Mhuir Thuaidh), a bheith níos mó ná 106 715 thona le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022. Ba cheart, mar sin, na deiseanna iascaireachta le haghaidh salán don tréimhse sin a shocrú ag 87 186 thona in uiscí an Aontais i roinn 2a ICES agus i bhfolimistéar 4 ICES, agus ag 19 529 dtona i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse sin, i gcomhréir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe.

(4)

Le Rialachán (AE) 2021/92, socraítear ag nialas gabháil iomlán incheadaithe (TAC) ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais de chuid roinn 34.1.1 an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022, go dtí go n-eiseofar an chomhairle eolaíoch le haghaidh na tréimhse sin. Eiseoidh ICES a chomhairle le haghaidh an stoic sin ag deireadh mhí an Mheithimh 2021. Chun a áirithiú go bhféadfar leanúint de ghníomhaíocht iascaireachta go dtí go socrófar TAC ar bhonn na comhairle eolaíche is déanaí, ba cheart TAC sealadach 5 744 thona, arna bhunú ar na gabhálacha sa tríú ráithe de 2020, a bhunú.

(5)

Ba cheart na huimhreacha i bpointe 6 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/92 a leasú chun na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir roinnt Ballstát a léiriú chun méideanna áirithe d’ionchuir agus acmhainneacht feirmeoireachta tuinnín ghoirm a aistriú go sealadach eatarthu féin, go heisiach don bhliain 2021. Cuireadh na hathruithe sin in iúl don Choimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) trí phlean feirmeoireachta leasaithe de chuid an Aontais agus ní dhéanann siad difear don acmhainneacht iomlán feirmeoireachta ná d’acmhainneacht ionchuir an Aontais i Limistéar Choinbhinsiún ICCAT.

(6)

Tá feidhm ag na teorainneacha gabhála dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2020/1579 ón 1 Eanáir 2021. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag na forálacha a thugtar isteach leis an Rialachán leasaitheach seo maidir le teorainneacha gabhála le haghaidh scadán i Murascaill na Boitnia ón dáta sin. Ní dochar an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus don phrionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint mar nach bhfuil na deiseanna iascaireachta atá i gceist ídithe go fóill.

(7)

Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe chun go mbeifear in ann tús a chur in am, an 1 Iúil 2021, leis an séasúr iascaireachta le haghaidh salán agus ainseabhaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) 2020/1579

Leasaítear Rialachán (AE) 2020/1579 faoi mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán (AE) 2021/92

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/92 faoi mar a leagtar amach i gCodanna B agus C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2021.

Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Iúil 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. do C. ANTUNES


(1)  Rialachán (AE) 2020/1579 ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 2020 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/123 maidir le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 362, 30.10.2020, lch. 3).

(2)  Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lch. 31).


IARSCRÍBHINN

CUID A

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1579, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla maidir le deiseanna iascaireachta scadán i bhforanna 30-31 ICES:

“Speiceas:

an Scadán

Clupea harengus

Limistéar:

Foranna 30-31

(HER/30/31.)

an Fhionlainn

96 321

 

TAC anailíseach”

an tSualainn

21 164

 

 

an tAontas

117 485

 

 

TAC

117 485

 

CUID B

Leasaítear Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/92 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad thábla na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh salán agus foghabhálacha gaolmhara in uiscí de chuid an Aontais i roinn 3a ICES:

“Speiceas:

Salán agus foghabhálacha gaolmhara

Sprattus sprattus

Limistéar:

3a

(SPR/03A.)

an Danmhairg

13 086

 (1)  (2)

TAC anailíseach

an Ghearmáin

27

 (1)  (2)

an tSualainn

4 951

 (1)  (2)

an tAontas

18 064

 (1)  (2)

 

TAC

19 529

 (2)

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad thábla na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh salán agus foghabhálacha gaolmhara in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES agus i roinn 2a ICES de chuid na Ríochta Aontaithe:

“Speiceas:

Salán agus foghabhálacha gaolmhara

Sprattus sprattus

Limistéar:

Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais 4; Uiscí na Ríochta Aontaithe 2a

(SPR/2AC4-C)

an Bheilg

993

 (3)  (4)

TAC anailíseach

an Danmhairg

78 553

 (3)  (4)

an Ghearmáin

993

 (3)  (4)

an Fhrainc

993

 (3)  (4)

an Ísiltír

993

 (3)  (4)

an tSualainn

1 330

 (3)  (4)  (5)

an tAontas

83 855

 (3)  (4)

an Iorua

0

 (3)

Oileáin Fharó

0

 (3)  (6)

an Ríocht Aontaithe

3 331

 (3)

 

TAC

87 186

 (3)

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad thábla na ndeiseanna iascaireachta le haghaidh ainseabhaithe i bhfolimistéir ICES 9 agus 10 agus in uiscí an Aontais i roinn 34.1.1 CECAF:

“Speiceas:

An t-ainseabhaí

Engraulis encrasicolus

Limistéar:

9 agus 10; Uiscí an Aontais in 34.1.1 CECAF

(ANE/9/3411)

an Spáinn

2 747

 (7)

TAC réamhchúraim

an Phortaingéil

2 997

 (7)

an tAontas

5 744

 (7)

 

TAC

5 744

 (7)

CUID C

In Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/92, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6:

“6.

Uas-acmhainneacht i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú tuinníní gorma le haghaidh gach Ballstáit agus uas-ionchur tuinníní gorma a ghabhfar go fiáin a fhéadfaidh gach Ballstát a chionroinnt ar a fheirmeacha san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir.

Tábla A

Uas-acmhainneacht i dtaca le feirmeoireacht agus ramhrú tuinníní gorma

 

An líon feirmeacha

Acmhainneacht (i dtonaí)

an Spáinn

10

11 852

an Iodáil

13

9 564

an Ghréig

2

2 100

an Chipir

3

3 000

an Chróit

7

7 880

Málta

6

14 511

Tábla B (8)

Uas-ionchur tuinníní gorma a ghabhtar go fiáin (i dtonaí)

an Spáinn

6 850

an Iodáil

1 739,5

an Ghréig

785

an Chipir

2 195

an Chróit

2 947

Málta

10 260,5

an Phortaingéil

350


(1)  Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní agus cadóg (OTH/*03A). Foghabhálacha faoitíní agus cadóg arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(2)  Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022. Féadfar aistrithe an chuóta seo a dhéanamh chuig uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais in 2a agus 4. Tabharfar fógra, áfach, don Choimisiún agus don Ríocht Aontaithe roimh ré faoi aistrithe den sórt sin.”

(3)  Ní fhéadfar an cuóta a iascach ach ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022.

(4)  Féadfaidh suas le 2 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní (OTH/*2AC4C). Foghabhálacha faoitíní agus cadóg arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(5)  Lena n-áirítear corra gainimh.

(6)  Féadfaidh suas le 4 % de a bheith ina fhoghabhálacha scadán.”

(7)  Ní fhéadfar an cuóta a iascach ach ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meán Fómhair 2021.”

(8)  Cumhdaítear acmhainneacht feirmeoireachta na Portaingéile arb í 500 tona le hacmhainneacht neamhúsáidte an Aontais a leagtar amach i dtábla A.”.


30.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1070 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2021

lena leagtar síos bearta rialaithe speisialta ar feadh tréimhse theoranta a bhaineann le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar veicteoir-iompartha é ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, arb é is cúis leis víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, a bhíonn ar eallach agus ar bhuabhaill fhiáine Áiseacha, galar is féidir a bheith ina chúis le caillteanais shuntasacha eacnamaíocha, laghdú ar thoradh bainne, cnaíteacht thromchúiseach, damáiste buan do sheithí, deacrachtaí tánaisteacha éagsúla agus cothú éinirt ainsealaigh, agus tabhú toirmeasc gluaiseachta nó trádála. Tá sé ar liosta na ngalar infhógartha de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) (2).

(2)

Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear creat reachtach nua chun galair a chosc agus a rialú. Liostaítear ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/429, agus dá réir sin is galar liostaithe é chun críocha an Rialacháin sin, agus tá sé faoi réir na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú a leagtar síos ann. Ina theannta sin, liostaítear ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 (3) ón gCoimisiún mar ghalar i gcatagóir A, D agus E.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 (4) ón gCoimisiún, déantar forlíonadh ar na rialacha maidir le rialú galar i gcatagóirí A, B agus C a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, lena n-áirítear bearta rialaithe galar in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/429, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 go léir ón 21 Aibreán 2021 ar aghaidh.

(4)

Roimhe sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2008 (5) ón gCoimisiún, leagadh síos rialacha maidir le bearta rialaithe sláinte ainmhithe i ndáil le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sna Ballstáit nó i gcodanna díobh a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, lena n-áirítear na híoscheanglais le haghaidh cláir vacsaínithe in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a chuireann na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas. Is ábhar imní don Bhulgáir agus don Ghréig an liostú sin. Scoir Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2008 d’fheidhm a bheith aige an 20 Aibreán 2021, agus ba cheart na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chur in ionad na rialacha a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme sin.

(5)

Ó 2017 i leith, níor tuairiscíodh aon ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Eoraip, ach tá an galar sin fós in Anatóil na Tuirce agus sa Rúis, agus in Oirthear na hÁise, rud a dhéanann difear don Bhanglaidéis, don tSín agus don India. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh leathadh an ghalair sin a bheith ina riosca d’earnáil na talmhaíochta san Aontas.

(6)

Seachas an Bhulgáir agus an Ghréig, tá sé curtha in iúl ag an gCróit agus líon suntasach tríú tíortha comharsanachta, amhail an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv (6), Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia agus an Tuirc, tá sé curtha in iúl don Choimisiún acu go bhfuil vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh curtha san áireamh ina mbeartas rialaithe galar. Tá an chuid is mó de na tríú tíortha sin tar éis deireadh a chur le vacsaíniú agus tá bearta faireachais á gcoinneáil ar bun acu.

(7)

Tugann an staid eipidéimeolaíoch in Oirthear na hEorpa agus i réigiúin chomharsanachta le tuiscint go bhféadfadh riosca áirithe a bheith ann fós go dtiocfadh galar isteach arís nó go dtiocfadh sé chun cinn arís, i limistéir ardriosca ina bhfuil deireadh tagtha le vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh.

(8)

Bunaithe ar an bhfaisnéis eipidéimeolaíoch atá ar fáil go dtí seo, ar thorthaí an fhaireachais ar ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh agus ar vacsaíniú in aghaidh an ghalair sin, is iomchuí leanúint leis an vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sna limistéir ardriosca sa Bhulgáir agus sa Ghréig, ar a laghad. Ina theannta sin, i ngach Ballstát nó i gcodanna díobh ina bhfuil an vacsaíniú in aghaidh an ghalair sin laghdaithe nó deireadh iomlán curtha leis, ba cheart leanúint leis an bhfaireachas córasach, idir ghníomhach agus éighníomhach.

(9)

De réir thuarascáil eolaíoch an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) maidir le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, a formheasadh an 30 Eanáir 2020 (7) (Tuarascáil EFSA), ba cheart vacsaín homalógach a úsáid chun go laghdófaí an riosca maidir le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a leathadh a thuilleadh go dtí oirdheisceart na hEorpa. Dá gcuirfí deireadh leis an vacsaíniú agus dá dtiocfadh an galar sin chun cinn arís, bheadh gá le plean teagmhasach agus stoc-charnadh vacsaíní, fiú ar bhonn réigiúnach, chun go mbeifí in ann freagairt go tapa le vacsaíniú éigeandála.

(10)

Na bearta ginearálta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, agus sna rialacha forlíontacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ní chumhdaíonn siad gach gné riachtanach de vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh. Is iomchuí, dá bhrí sin, rialacha cur chun feidhme aonfhoirmeacha a leagan síos ar leibhéal an Aontais sa Rialachán seo chun bearta speisialta rialaithe galar a chumhdach ar feadh tréimhse theoranta ama, faoi choinníollacha is iomchuí i leith staid eipidéimeolaíoch an ghalair sin san Aontas agus i dtríú tíortha comharsanachta. Ba cheart an taithí a fuarthas agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2008 á chur i bhfeidhm a chur san áireamh sna bearta rialaithe a leagtar síos sa Rialachán seo, chomh maith leis na caighdeáin idirnáisiúnta a leagtar amach i gCaibidil 11.9 “Ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh” de Chód um Shláinte Ainmhithe Talún de chuid OIE (Cód OIE) (8).

(11)

Ba cheart foráil a dhéanamh sna rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le cur chuige réigiúnaithe, agus ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin in éineacht leis na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, ba cheart go liostófaí sa Rialachán seo criosanna srianta na mBallstát atá i mbun pleananna vacsaínithe coisctheacha ina bhfuil vacsaíní maolaithe beo i gcás nach bhfuil aon ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh (crios srianta I); agus limistéir ina bhfuil ráigeanna d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh (crios srianta II). Ba cheart na limistéir a áirítear i gcrios srianta I nó i gcrios srianta II a liostú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis a sholáthair údaráis inniúla na mBallstát dá ndéanann an galar sin difear.

(12)

D’fhéadfadh bó-ainmhithe atá vacsaínithe agus táirgí ó na bó-ainmhithe sin a bheith ina riosca maidir le leathadh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le toirmisc áirithe agus coinníollacha sonracha maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe nó de chineálacha éagsúla táirgí ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Chun suaitheadh neamhriachtanach ar thrádáil a sheachaint, ba cheart maoluithe áirithe ar na toirmisc sin agus ar na coinníollacha sonracha sin a leagan síos. Ba cheart prionsabail Chód OIE a mhéid a bhaineann le bearta maolaithe riosca in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a chur san áireamh sna maoluithe agus sna coinníollacha sonracha sin, chomh maith leis na rialacha maidir le galair ainmhithe a chosc agus a rialú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(13)

Maidir leis an riosca go leathfaí ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, baineann leibhéil éagsúla riosca le tráchtearraí éagsúla. Mar a léirítear i dTuarascáil EFSA, is airde an leibhéal riosca a bhaineann le gluaiseachtaí bó-ainmhithe beo, seamhan bó-ainmhithe agus seithí agus craicne bó-ainmhithe ionfhabhtaithe ó thaobh teagmhála agus iarmhairtí léi ná mar a bhaineann le táirgí eile amhail bainne agus táirgí déiríochta, seithí agus craicne cóireáilte nó feoil úr, ullmhóidí feola agus táirgí feola de thionscnamh bó-ainmhithe. Mar sin féin, ní leor an fhianaise eolaíoch ná thurgnamhach fós maidir lena ról i dtarchur víreas an chraicinn chnapánaigh. Ní féidir tarchur víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh trí sheamhan, ubháin agus suthanna ainmhithe den speiceas buaibheach a eisiamh. Ní fhéadfaidh bainne agus táirgí déiríochta, ná gruth buí, a bheith ina riosca maidir le scaipeadh víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh ach amháin nuair atá sé beartaithe iad a úsáid chun ainmhithe den speiceas soghabhálach a bheathú.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart bearta cosanta áirithe a chur ar fáil le haghaidh na dtráchtearraí sin ar bhonn Thuarascáil EFSA agus na gcaighdeán agus na moltaí ábhartha is déanaí ó OIE.

(15)

Is lú an riosca a bhaineann le gluaiseachtaí ainmhithe atá le marú láithreach ná mar a bhaineann le cineálacha eile gluaiseachtaí ainmhithe ar choinníoll go bhfuil bearta maolaithe riosca i bhfeidhm. Is iomchuí, dá bhrí sin, cead a thabhairt do na Ballstáit maoluithe ar thoirmisc áirithe a leagtar síos sa Rialachán seo a dheonú go heisceachtúil maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de bhó-ainmhithe atá ar coimeád, ó chriosanna srianta I agus II, chun iad a mharú láithreach i seamlas atá suite lasmuigh de chriosanna srianta I agus II sa Bhallstát céanna.

(16)

Na maoluithe maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de bhó-ainmhithe áirithe ó chriosanna srianta I nó II go criosanna srianta eile de chuid Ballstáit eile a bhfuil stádas galair comhchosúil acu, tá bonn cirt leo i gcás ina gcuirfear bearta maolaithe riosca sonracha i bhfeidhm. Chuige sin, ní mór nós imeachta um chainéalú sábháilte a bhunú faoi dhianrialú údaráis inniúla an Bhallstáit tionscnaimh, trasnaithe agus cinn scríbe.

(17)

Foráiltear le hAirteagal 143 de Rialachán (AE) 2016/429 go mbeidh deimhnithe sláinte ainmhithe ag gabháil le gluaiseachtaí ainmhithe, lena n-áirítear bó-ainmhithe. I gcás ina gcuirfear maoluithe ar an toirmeasc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe atá ar coimeád ó chriosanna srianta I, agus II i bhfeidhm maidir le coinsíneachtaí bó-ainmhithe atá ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a aistriú laistigh den Aontas, ba cheart tagairt don Rialachán seo a áireamh sna deimhnithe sláinte ainmhithe sin, chun a áirithiú go soláthrófar faisnéis leormhaith chruinn faoi shláinte sna deimhnithe sláinte ainmhithe sin.

(18)

I gcás ina ndéanfar foráil sa Rialachán seo maidir le maoluithe ar thoirmisc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha ó chriosanna srianta I agus II a ghabhann leis na deimhnithe sláinte ainmhithe, ba cheart tagairt don Rialachán seo a áireamh iontu, chun a áirithiú go soláthrófar faisnéis leormhaith chruinn faoi shláinte i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 (9).

(19)

Ba cheart iompar bó-ainmhithe agus fotháirgí ainmhithe ó na hainmhithe sin ó chriosanna srianta I agus II a dhéanamh faoi bhearta leasa ainmhithe agus bithshlándála chun nach leathfar ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh.

(20)

Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón 21 Aibreán 2021. Dá réir sin, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(21)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ar feadh tréimhse go dtí an 21 Aibreán 2023, agus taithí an Aontais maidir le rialú ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, staid eipidéimeolaíoch an ghalair sin faoi láthair sna Ballstáit agus i dtríú tíortha comharsanachta agus aon riail eile a bheidh ann amach anseo maidir le vacsaíniú a leagtar síos de bhun Airteagal 47 de Rialachán (AE) 2016/429 á gcur san áireamh.

(22)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RIALACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leagtar síos leis sa Rialachán seo bearta speisialta rialaithe galar in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit ar feadh tréimhse theoranta ama i limistéir ina gcríoch i gcás:

(a)

inar deimhníodh ráig den ghalar sin;

(b)

nár deimhníodh ráig den ghalar sin, ach ina gcinnfidh siad vacsaíniú in aghaidh an ghalair sin a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

Tá feidhm ag na bearta speisialta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le bó-ainmhithe agus seachtháirgí agus táirgí geirmeacha a fuarthas ó na bó-ainmhithe, agus tá siad á gcur leis na bearta rialaithe galar is infheidhme maidir le cosaint, faireachas agus criosanna srianta breise a arna mbunú ag údarás inniúil Ballstáit tar éis ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Ina theannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “bó-ainmhí” ainmhí den speiceas crúbach a bhaineann leis na geinis Bison, Bos (lena n-áirítear na fogheinis Bos, Bibos, Novibos, Poephagus) agus Bubalus (lena n-áirítear an fogheineas Anoa) agus sliocht chrosálacha na speiceas sin;

(2)

ciallaíonn “crios srianta I” cuid de chríoch Ballstáit a bhfuil teorannú geografach beacht léi:

(a)

atá suite lasmuigh de limistéar inar deimhníodh ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh;

(b)

ina ndéantar vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i gcomhréir le hAirteagal 3(2);

(c)

a liostaítear nó nach liostaítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I;

(d)

atá faoi réir rialacha speisialta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagail 3 go 6.

(3)

ciallaíonn “crios srianta II” cuid de chríoch Ballstáit a bhfuil an teorannú geografach beacht seo a leanas léi:

(a)

lena n-áirítear limistéar inar deimhníodh ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh;

(b)

ina ndéantar vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i gcomhréir le hAirteagal 3(1);

(c)

a liostaítear nó nach liostaítear i gCuid II d’Iarscríbhinn I;

(d)

tá sí faoi réir rialacha speisialta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 3 go 6.

CAIBIDIL II

BEARTA SPEISIALTA RIALAITHE GALAR IN AGHAIDH VÍREAS GHALAR AN CHRAICINN CHNAPÁNAIGH

ROINN 1

Criosanna srianta agus vacsaíniú a bhunú in aghaidh víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh

Airteagal 3

Criosanna srianta I agus II a bhunú

1.   I gcás ina ndeimhneofar ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbó-ainmhithe, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)

crios srianta II a bhunú:

(i)

lena gcumhdaítear ar a laghad na limistéir a áirítear sna criosanna cosanta, sna criosanna faireachais agus sna criosanna srianta breise a bhunaítear tar éis an galar sin a dheimhniú i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

(ii)

i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429;

(b)

vacsaíniú a chur chun feidhme in aghaidh an ghalair sin i gcrios srianta II dá dtagraítear i bpointe (a) mar a leanas:

(i)

i gcomhréir leis na rialacha maidir le pleananna vacsaínithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(ii)

faoi rialú an údaráis inniúil;

(iii)

tús áite a thabhairt d’úsáid vacsaíní homalógacha caolaithe beo;

(iv)

vacsaíniú a thabhairt do gach bó-ainmhí agus a sliocht atá ar coimeád sa chrios ina ndéantar vacsaíniú, go neamhspleách ar a ngnéas, ar a n-aois agus ar a stádas iompair nó táirgiúlachta, i gcomhréir le treoracha an mhonaróra.

I gcás, áfach, ina ndeimhneofar ráig amháin d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbó-ainmhithe atá ar coimeád i limistéar Ballstáit nach raibh an galar sin ann roimh an ráig sin, agus ina mbeidh na bearta a dhéantar i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 éifeachtach maidir le leathadh an ghalair a rialú, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh gan crios srianta II a bhunú.

2.   Féadfaidh an t-údarás inniúil crios srianta I a bhunú i limistéir nár deimhníodh go raibh ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh ann chun leathadh na ráige sin a chosc, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429. I gcrios srianta I sin, déanfaidh an t-údarás inniúil vacsaíniú in aghaidh an ghalair sin i gcomhréir le mír 1, pointe (b) den Airteagal seo.

3.   Déanfaidh údarás inniúil na mBallstát a bhfuil vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh á chur i bhfeidhm acu an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn II, Cuid III den Rialachán seo a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile sula gcuirfidh sé tús leis an vacsaíniú agus leis an bplean vacsaínithe dá dtagraítear i mír 1(b), pointe (i).

Airteagal 4

Toirmisc ar ghluaiseachtaí i gcriosanna srianta I agus II

1.   Cuirfidh an t-údarás inniúil toirmeasc ar ghluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí seo a leanas i gcriosanna srianta II:

(a)

bó-ainmhithe;

(b)

táirgí geirmeacha ó bhó-ainmhithe;

(c)

seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe lena n-áirítear bainne, gruth buí, táirgí déiríochta agus táirgí grutha bhuí atá beartaithe le haghaidh beatha ainmhithe.

2.   Cuirfidh an t-údarás inniúil toirmeasc ar ghluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí seo a leanas i gcriosanna srianta I:

(a)

bó-ainmhithe;

(b)

táirgí geirmeacha ó bhó-ainmhithe;

(c)

seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe seachas bainne, gruth buí, táirgí déiríochta agus táirgí grutha bhuí atá beartaithe le haghaidh beatha ainmhithe.

3.   De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2, féadfaidh an t-údarás inniúil na gluaiseachtaí dá bhforáiltear i gCaibidil III a údarú i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear inti.

ROINN 2

Criosanna srianta I agus II in iarscríbhinn I a áireamh

Airteagal 5

Crios srianta II a áireamh in Iarscríbhinn I, Cuid II

I gcás ina ndéanfar limistéar Ballstáit, ar chúiseanna eipidéimeolaíocha, a chumhdaítear i bpáirt nó go hiomlán faoi chrios srianta II a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), a áireamh i gCuid II d’Iarscríbhinn I, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas láithreach:

(a)

teorainneacha chrios srianta tosaigh II a oiriúnú chun a áirithiú go gcomhfhreagróidh sé do chrios srianta II a thuairiscítear san Iarscríbhinn sin;

(b)

an vacsaíniú dá bhforáiltear in Airteagal 3(1), pointe (b), agus na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) a leathnú go dtí crios srianta II a thuairiscítear san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 6

Crios srianta I a áireamh in Iarscríbhinn I, Cuid I

1.   I gcás ina mbeidh, ar chúiseanna eipidéimeolaíocha, limistéar Ballstáit nár deimhníodh ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh ann san áireamh i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)

vacsaíniú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (b), i gcrios srianta I a thuairiscítear san Iarscríbhinn sin;

(b)

na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chur chun feidhme i gcrios srianta I a thuairiscítear san Iarscríbhinn sin.

2.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil crios srianta I a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 3(2), cuirfear an crios srianta sin san áireamh i gCuid I d’Iarscríbhinn I.

CAIBIDIL III

COINNÍOLLACHA I nDÁIL LE GLUAISEACHTAÍ LAISTIGH DE LIMISTÉIR SHRIANTA AGUS Ó LIMISTÉIR SHRIANTA INA gCUIRTEAR I bhFEIDHM BEARTA RIALAITHE IN AGHAIDH GHALAR AN CHRAICINN CHNAPÁNAIGH

ROINN 1

Maoluithe ar na toirmisc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II

Airteagal 7

Maoluithe ar an toirmeasc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chrios srianta I

De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 4(2), pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó bhunaíochtaí atá suite i gcrios srianta a údarú chuig na háiteanna seo a leanas:

(a)

criosanna srianta I nó II de chuid an Bhallstáit chéanna nó Ballstáit eile ar choinníoll go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

rinneadh vacsaíniú ar na bó-ainmhithe sa choinsíneacht in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin;

(ii)

rinneadh gach bó-ainmhí atá ar coimeád i mbunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin a vacsaíniú nó a athvacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin nó tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta ar spreag vacsaíniú nó imdhíonacht ón máthair í roimhe sin ar an dáta seolta;

(iii)

bhí na bó-ainmhithe sa choinsíneacht ar coimeád ina mbunaíocht tionscnaimh ó rugadh iad nó ar feadh tréimhse leanúnach 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta; agus

(iv)

rinne an t-údarás inniúil an méid a leanas:

scrúdú cliniciúil, a raibh torthaí fabhracha air, ar na bó-ainmhithe go léir atá ar coimeád i mbunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin, lena n-áirítear na bó-ainmhithe sna coinsíneachtaí sin;

más gá, scrúdú saotharlainne, a raibh torthaí fabhracha air, ar bhó-ainmhithe atá ar coimeád i mbunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin, lena n-áirítear na bó-ainmhithe sna coinsíneachtaí sin;

(b)

aon cheann scríbe – lena n-áirítear limistéir lasmuigh de chriosanna srianta, criosanna srianta eile I nó criosanna srianta II – de chuid an Bhallstáit chéanna nó Ballstáit, más rud é, sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (a)(ii), (iii) agus (iv) den Airteagal seo, go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

rinneadh vacsaíniú ar na bó-ainmhithe sa choinsíneacht in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 60 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta seolta;

(ii)

i bhfoisceacht 20 km ar a laghad de bhunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin, ní raibh aon ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh le linn tréimhse trí mhí ar a laghad roimh an dáta seolta; agus

(iii)

rinneadh gach bó-ainmhí atá ar coimeád i bhfoisceacht 50 km de bhunaíocht tionscnaimh na coinsíneachta a vacsaíniú nó a athvacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 60 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin nó laistigh dá n-imdhíonacht ón máthair;

(c)

aon cheann scríbe – lena n-áirítear limistéir lasmuigh de chriosanna srianta, criosanna srianta eile I nó criosanna srianta II – de chuid Ballstáit eile nó i gcríocha eile i dtríú tíortha, más rud é, sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) den Airteagal seo, go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

comhlíonann na bó-ainmhithe gach ráthaíocht sláinte ainmhithe, ar bhonn toradh fabhrach ar mheasúnú riosca a rinneadh ar bhearta in aghaidh leathadh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a cheanglóidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh agus a fhormheasfaidh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe nó an Bhallstáit trasnaithe, roimh an dáta seolta;

(ii)

níor deimhníodh aon ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i bhfoisceacht 20 km ar a laghad de bhunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin ar feadh tréimhse trí mhí ar a laghad roimh an dáta seolta; agus

(iii)

rinneadh gach bó-ainmhí atá ar coimeád i bhfoisceacht 50 km de bhunaíocht tionscnaimh na coinsíneachta a vacsaíniú nó a athvacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 60 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin nó laistigh dá n-imdhíonacht ón máthair;

Airteagal 8

Maoluithe ar an toirmeasc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chrios srianta I

De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 4(1), pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó bhunaíochtaí atá suite i gcrios srianta II a údarú:

(a)

aon cheann scríbe, lena n-áirítear limistéir lasmuigh de chriosanna srianta, criosanna srianta I, criosanna srianta II eile de chuid an Bhallstáit chéanna nó Ballstáit, ar choinníoll go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

comhlíonann na bó-ainmhithe sa choinsíneacht gach ráthaíocht sláinte ainmhithe, ar bhonn toradh fabhrach ar mheasúnú riosca a dhéantar ar bhearta in aghaidh leathadh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a cheangail údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh agus a comhaontaíodh le húdarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe nó an Bhallstáit trasnaithe, roimh an dáta seolta;

(ii)

rinneadh na bó-ainmhithe sa choinsíneacht a vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin;

(iii)

rinneadh gach bó-ainmhí eile atá ar coimeád sa bhunaíocht tionscnaimh chéanna leis na bó-ainmhithe sa choinsíneacht a vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin nó fós laistigh den tréimhse imdhíonachta ar spreag vacsaíniú nó imdhíonacht ón máthair í roimhe sin ar an dáta sin;

(iv)

déanfaidh an t-údarás inniúil an méid a leanas:

scrúdú cliniciúil, a mbeidh torthaí fabhracha air, ar na bó-ainmhithe go léir atá ar coimeád i mbunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin, lena n-áirítear na bó-ainmhithe sna coinsíneachtaí sin;

más gá, scrúdú saotharlainne, a bhfuil torthaí fabhracha air, ar bhó-ainmhithe atá ar coimeád i mbunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin, lena n-áirítear na bó-ainmhithe sna coinsíneachtaí sin;

(v)

tá na bó-ainmhithe ar coimeád i mbunaíocht ó rugadh iad, nó ar feadh tréimhse 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta, i mbunaíocht nár deimhníodh aon ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i bhfoisceacht 20 km ar a laghad di le linn na dtrí mhí roimh an dáta seolta;

(vi)

rinneadh gach bó-ainmhí atá i bhfoisceacht 50 km de bhunaíocht tionscnaimh na coinsíneachta a vacsaíniú nó a athvacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní a leagtar amach in Iarscríbhinn II 60 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní nó laistigh dá n-imdhíonacht ón máthair;

(b)

aon cheann scríbe atá suite i gcrios srianta II eile de chuid an Bhallstáit chéanna, ar choinníoll go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

rinneadh gach bó-ainmhí atá ar coimeád i mbunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin a vacsaíniú nó a athvacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta agus tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin nó tá siad fós laistigh den tréimhse imdhíonachta ar spreag vacsaíniú nó imdhíonacht ón máthair í roimhe sin ar an dáta sin; agus

(ii)

rinneadh na bó-ainmhithe atá ar coimeád i mbunaíocht tionscnaimh na gcoinsíneachtaí sin a vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh 28 lá ar a laghad roimh an dáta seolta i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíní ar an dáta sin nó is sliocht neamhvacsaínithe iad atá níos lú ná sé mhí d’aois agus a rugadh do mháithreacha vacsaínithe 28 lá ar a laghad roimh bhreith a bhí fós laistigh den tréimhse imdhíonachta i gcomhréir leis an monaróir vacsaíní ar dháta na breithe, agus féadfar iad a aistriú go dtí bunaíocht eile.

Airteagal 9

Coinníollacha sonracha maidir le húdarú gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II go seamlas lasmuigh de na criosanna sin a údarú, seamlas atá suite i gcríoch an Bhallstáit chéanna, chun iad a mharú láithreach

De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 4(2), pointe (a), agus Airteagal 4(1), pointe (a) den Rialachán seo, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II a údarú chuig seamlas lasmuigh de na criosanna sin, seamlas atá suite i gcríoch an Bhallstáit chéanna, ar choinníoll go n-aistreofar na bó-ainmhithe chun iad a mharú láithreach i gcomhréir leis na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (5) agus in Airteagal 28(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Airteagal 10

Maoluithe ar an toirmeasc ar ghluaiseacht coinsíneachtaí de sheamhan, ubhán agus suthanna bó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II

1.   De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 4(2), féadfaidh údarás inniúil Ballstáit gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheamhan, ubhán agus suthanna bó-ainmhithe a údarú ó bhunaíochtaí táirgí geirmeacha formheasta nó ó bhunaíochtaí eile atá suite i gcrios srianta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

criosanna srianta I nó II de chuid an Bhallstáit chéanna ar choinníoll go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

bhí an méid seo a leanas fíor faoi na hainmhithe bronntacha:

bhí siad vacsaínithe agus athvacsaínithe in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíne a úsáideadh, agus tugadh an chéad vacsaíniú ar a laghad 60 lá roimh dháta bailithe an tseamhain, na n-ubhán nó an tsutha; nó

rinneadh tástáil shéireolaíoch orthu chun antasubstaintí sonracha in aghaidh víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a bhrath lá an bhailithe agus ar a laghad 28 lá tar éis na tréimhse bailithe a mhéid a bhaineann le seamhan nó lá an bhailithe a mhéid a bhaineann le suthanna agus ubháin, tástáil a raibh torthaí diúltacha uirthi;

(ii)

coimeádadh na hainmhithe bronntacha, le linn na 60 lá roimh dháta bailithe an tseamhain, na n-ubhán nó na suthanna, in ionad inseamhnaithe shaorga nó i mbunaíocht iomchuí eile, nár deimhníodh aon ráig d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i bhfoisceacht 20 km ar a laghad de le linn na dtrí mhí roimh dháta bailithe an tseamhain, na n-ubhán nó na suthanna;

(iii)

rinneadh seiceáil chliniciúil ar na hainmhithe bronntacha 28 lá roimh dháta an bhailithe, agus le linn na tréimhse bailithe go léir chomh maith, agus níor léirigh siad aon siomptóm cliniciúil d’ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh;

(b)

aon cheann scríbe atá suite i gcrios srianta eile I nó II de chuid Ballstáit eile, ar choinníoll, sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), go mbeidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(i)

rinneadh na hainmhithe bronntacha a bhrath i leith víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh trí imoibriú slabhrúil polaiméaráise (PCR) a dhéanamh ar shamplaí fola a bailíodh nuair a tosaíodh ar an seamhan, ubháin nó suthanna a bhailiú agus ar a laghad gach 14 lá dá éis sin le linn thréimhse bhailithe an tseamhain nó lá an bhailithe i gcás suthanna agus ubhán, agus bhí torthaí diúltacha ar an mbrath sin;

(ii)

rinneadh brath i leith víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh ar an seamhan trí PCR agus bhí torthaí diúltacha ar an mbrath sin;

(c)

aon cheann scríbe atá suite sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile nó, i gcás chrios srianta I, i dtríú tír ar choinníoll, sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a), go gcomhlíonfaidh na hainmhithe bronntacha aon ráthaíocht iomchuí eile maidir le sláinte ainmhithe, ar bhonn toradh dearfach ar mheasúnú riosca a rinneadh ar thionchar an tseolta sin agus ar na bearta in aghaidh leathadh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, a cheanglaíonn údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe agus a fhormheasann údaráis inniúla Bhallstáit áiteanna trasnaithe agus seolta, sula seoltar an seamhan, na hubháin nó na suthanna sin.

2.   De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 4(1), pointe (b), féadfaidh an t-údarás inniúil gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheamhan, ubháin agus suthanna bó-ainmhithe a údarú ó bhunaíochtaí táirgí geirmeacha formheasta nó ó bhunaíochtaí táirgí geirmeacha formheasta agus ó bhunaíochtaí atá suite i gcrios srianta II chuig ceann scríbe atá suite i gcrios srianta eile de chuid an Bhallstáit chéanna.

Airteagal 11

Maolú ar an toirmeasc ar ghluaiseachtaí seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe ó chriosanna srianta I

De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 4(2), pointe (c), féadfaidh údarás inniúil Ballstáit gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe ó bhunaíochtaí atá suite i gcrios srianta a údarú chuig na háiteanna seo a leanas:

(a)

aon cheann scríbe atá suite sa Bhallstát céanna nó chuig ceann scríbe atá suite i gcriosanna srianta I nó II de chuid Ballstáit eile;

(b)

i gcás coinsíneachtaí seithí agus craicne, aon cheann scríbe atá suite in aon limistéar de chuid an Bhallstáit céanna nó Ballstáit eile nó tríú tír ar choinníoll go gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

rinneadh ceann de na cóireálacha dá dtagraítear i bpointe 28(b) go (e) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún ar na seithí agus craicne cóireáilte (10); nó

(ii)

rinneadh ceann de na cóireálacha a leagtar amach i Roinn XIV, Caibidil I, pointe (4)(b)(ii), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), agus glacadh gach réamhchúram ina leith chun athéilliú le hoibreáin phataigineacha a sheachaint tar éis na cóireála.

Airteagal 12

Maolú ar ghluaiseacht coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe ó chriosanna srianta II

De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 4(1), pointe (c), féadfaidh údarás inniúil Ballstáit gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe ó bhunaíochtaí atá suite i gcrios srianta II a údarú chuig na háiteanna seo a leanas:

(a)

i gcás seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte seachas seithí agus craicne, aon cheann scríbe atá suite sa Bhallstát céanna nó aon cheann scríbe atá suite i gcriosanna srianta I nó II de chuid Ballstáit eile ar choinníoll go ndéanfar na seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte a sheoladh faoi mhaoirseacht oifigiúil na n-údarás inniúil lena bpróiseáil nó lena ndiúscairt i ngléasra a formheasadh i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12);

(b)

i gcás seithí agus craicne bó-ainmhithe:

(i)

ceann scríbe atá suite i gcrios srianta II de chuid an Bhallstáit chéanna nó Ballstáit eile ar choinníoll gur seithí agus craicne amha neamhchóireáilte iad atá ceaptha mar bhia don duine nó seithí agus craicne neamhchóireáilte a sheoltar faoi mhaoirseacht oifigiúil na n-údarás inniúil lena bpróiseáil nó lena ndiúscairt i ngléasra ceadaithe;

(ii)

aon cheann scríbe atá suite sa Bhallstát céanna nó i mBallstát eile ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 11, pointe (b) comhlíonta;

(c)

i gcás gruth buí, bainne agus táirgí déiríochta, aon cheann scríbe atá suite in aon limistéar de chuid an Bhallstáit céanna nó Ballstáit eile ar choinníoll go ndearnadh cóireáil maolaithe riosca orthu maidir le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

ROINN 2

Oibleagáidí atá ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe

Airteagal 13

Oibleagáidí atá ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin

Ní aistreoidh oibreoirí coinsíneachtaí bó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna nó laistigh de Bhallstát eile sna cásanna a chumhdaítear faoi Airteagail 7, 8 agus 9 den Rialachán seo ach amháin má bhíonn deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin dá bhforáiltear in Airteagal 73(1) de Rialachán (AE) 2020/688 (13) ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na fianuithe seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear sa Rialachán seo:

(a)

“Bó-ainmhithe ó chrios srianta I i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a leagtar síos in Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 ón gCoimisiún.”;

(b)

“Bó-ainmhithe ó chrios srianta II i gcomhlíonadh na mbeart rialaithe speisialta in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 ón gCoimisiún.”;

(c)

“Bó-ainmhithe ó chrios srianta I nó II i gcomhréir leis na bearta speisialta rialaithe in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 ón gCoimisiún.”;

I gcás gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo laistigh den Bhallstát céanna, áfach, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach gá deimhniú sláinte ainmhithe a eisiúint dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 143(2) de Rialachán (AE) 2016/429.

Airteagal 14

Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha a fuarthas ó bhó-ainmhithe atá ar coimeád i mbunaíochtaí atá suite i gcriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin

Ní aistreoidh oibreoirí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha a fuarthas ó bhó-ainmhithe a fuarthas ó chriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin atá laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann nó chuig Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagail 10 den Rialachán, ach amháin má bhíonn deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 161(4) de Rialachán (AE) 2016/429 ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de na fianuithe seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear sa Rialachán seo:

(a)

“Táirgí geirmeacha… (seamhan, ubháin agus/nó suthanna – cuir in iúl de réir mar is iomchuí) a fuarthas ó bhó-ainmhithe atá ar coimeád i gcrios srianta I i gcomhréir le bearta rialaithe speisialta maidir le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 ón gCoimisiún .”;

(b)

“Táirgí geirmeacha … (seamhan, ubháin agus/nó suthanna – cuir in iúl de réir mar is iomchuí) a fuarthas ó bhó-ainmhithe atá ar coimeád i gcrios srianta I i gcomhréir le bearta rialaithe speisialta maidir le hionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1070 ón gCoimisiún.”.

I gcás gluaiseachtaí coinsíneachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo laistigh den Bhallstát céanna, áfach, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach gá deimhniú sláinte ainmhithe a eisiúint dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 161(2) de Rialachán (AE) 2016/429.

Airteagal 15

Oibleagáidí ar oibreoirí i dtaca le deimhnithe sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin

Ní aistreoidh oibreoirí coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó bhó-ainmhithe ó chriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin laistigh den Bhallstát céanna nó chuig Ballstát eile ach amháin i gcásanna a chumhdaítear le hAirteagal 12, má bhíonn na nithe seo a leanas ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin:

(a)

doiciméad tráchtála dá dtagraítear i gCaibidil III d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011; agus

(b)

deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 22(5) de Rialachán Tarmligthe(AE) 2020/687;

I gcás gluaiseachtaí de na coinsíneachtaí laistigh den Bhallstát céanna dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo, áfach, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach n-eiseofar deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 22(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

ROINN 3

Coinníollacha sonracha maidir le húdarú gluaiseachtaí coinsíneachtaí de bhó-ainmhithe atá ar coimeád i gcriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin agus maidir le nósanna imeachta um chainéalú

Airteagal 16

Coinníollacha ginearálta breise a bhaineann leis na modhanna iompair a úsáidtear le haghaidh gluaiseacht coinsíneachtaí de bhó-ainmhithe agus de sheachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó chriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin

Ní údaróidh údarás inniúil an Bhallstáit gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe agus seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte ó chriosanna srianta I agus II lasmuigh de na criosanna sin ach amháin más fíor an méid seo a leanas faoi na modhanna iompair a úsáidtear chun na coinsíneachtaí sin a aistriú:

(a)

i gcás bó-ainmhithe a iompar, gur fíor an méid seo a leanas faoi na modhanna iompair:

(i)

comhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 24(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687; agus

(ii)

rinneadh iad a ghlanadh agus a dhíghalrú i gcomhréir le hAirteagal 24(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 faoi rialú nó faoi mhaoirseacht údaráis inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.

(b)

nach n-áirítear orthu ach ainmhithe nó seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte nó seithí agus craicne neamhchóireáilte a bhfuil an stádas sláinte céanna acu.

Airteagal 17

Oibleagáidí an údaráis inniúil maidir le tionscnamh a bhunú maidir le nósanna imeachta um chainéalú

1.   Bunóidh údarás inniúil an Bhallstáit bunaíochta tionscnaimh nós imeachta um chainéalú, faoi rialú údaráis inniúla Bhallstát na n-áiteanna tionscnaimh, na n-áiteanna trasnaithe agus an chinn scríbe le haghaidh gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe nó seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte a chumhdaítear leis na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagail 8, 9 agus 12 i gcás ina mbeidh an ceann scríbe suite i mBallstát eile (“an nós imeachta um chainéalú”).

2.   Áiritheoidh údarás inniúil na bunaíochta tionscnaimh na nithe seo a leanas:

(a)

maidir leis na modhanna iompair a úsáidtear chun coinsíneachtaí bó-ainmhithe nó seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte dá dtagraítear i mír 1 a aistriú, go bhfuil clárú aonair déantar ar gach ceann acu, ag údarás inniúil Bhallstát na bunaíochta tionscnaimh, chun bó-ainmhithe nó seachtháirgí neamhphróiseáilte ainmhithe a iompar trí úsáid a bhaint as an nós imeachta um chainéalú:

go bhfuil sí séalaithe ag an tréidlia oifigiúil tar éis í a luchtú le haghaidh a seolta. Ní fhéadfaidh ach oifigeach de chuid údarás inniúil an chinn scríbe an séala a bhriseadh agus ceann nua a chur ina ionad; ní mór gach luchtú nó athsholáthar séalaí a chur in iúl don údarás inniúil ag an gceann scríbe, nó

córas um loingseoireacht satailíte a bheith ag gabháil le gach ceann acu chun a shuíomh, a tharchur agus a thaifead san fhíor-am, a dhéanamh amach.

(b)

déantar an t-iompar mar seo a leanas:

(i)

faoi mhaoirseacht tréidlia oifigiúil;

(ii)

go díreach, gan stopadh mura rud é go ndéantar tréimhse scíthe a cheanglaítear le Caibidil V d’Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 (14) ón gComhairle a chur i bpost rialaithe;

I gcás ina ndéanfar foráil maidir le tréimhse scíthe lae amháin nó níos mó ag post rialaithe le linn ghluaiseacht na coinsíneachta trí chrios srianta II, cosnófar na hainmhithe ar ionsaithe veicteoirí;

(iii)

ar an mbealach atá údaraithe ag an údarás inniúil san áit tionscnaimh.

3.   Chun críocha an chainéalaithe, déanfaidh údarás inniúil na bunaíochta tionscnaimh, sula seolfar an chéad choinsíneacht ó chriosanna srianta I nó II óna ndéantar nós imeachta um chainéalú, a áirithiú go mbeidh na socruithe is gá ar bun le húdaráis inniúla ábhartha na n-áiteanna trasnaithe agus na n-oibreoirí cinn scríbe chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go mbeidh an plean éigeandála comhaontaithe;

(b)

slabhra ceannais agus comhar iomlán na seirbhísí agus na n-oibreoirí i gcás tionóiscí le linn an iompair, cliseadh mór ar na modhanna iompair nó aon ghníomhaíocht chalaoiseach;

(c)

fógra láithreach ó oibreoirí don údarás inniúil maidir le haon tionóisc nó aon chliseadh mór ar na modhanna iompair.

Airteagal 18

Oibleagáidí údarás inniúil an chinn scríbe maidir le nósanna imeachta um chainéalú

Déanfaidh údarás inniúil an chinn scríbe, tar éis nós imeachta um chainéalú, an méid seo a leanas:

(a)

teacht isteach gach coinsíneachta a dheimhniú leis an údarás inniúil san áit tionscnaimh;

(b)

a áirithiú go bhfanfaidh na bó-ainmhithe i mbunaíocht cinn scríbe ar feadh fhad na tréimhse faireacháin i leith ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ach amháin i gcás inar seamlas í an bhunaíocht cinn scríbe;

(c)

a áirithiú, tar éis dhíluchtú na mbó-ainmhithe, nó tar éis dhíluchtú na seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte, go ndéanfar na modhanna iompair agus aon trealamh eile a úsáideadh in iompar na mbó-ainmhithe nó na seachtháirgí ainmhithe neamhphróiseáilte, a ghlanadh, a dhífhabhtú agus a chóireáil le feithidicídí údaraithe atá éifeachtach in aghaidh veicteoirí ionfhabhtaithe aitheanta víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh ina n-iomláine laistigh de limistéar dúnta den áit cinn scríbe faoi mhaoirseacht tréidlia oifigiúil.

Airteagal 19

Oibleagáidí an Bhallstáit ina bhfuil áit tionscnaimh na gcoinsíneachtaí bó-ainmhithe, táirgí geirmeacha nó seachtháirgí neamhphróiseáilte ainmhithe a bhaineann le faisnéis don Choimisiún agus do na Ballstáit ar mhaoluithe a dheonaítear ar bhonn measúnuithe riosca

I gcás ina n-údaróidh an t-údarás inniúil gluaiseachtaí coinsíneachtaí bó-ainmhithe nó táirgí geirmeacha ar bhonn toradh fabhrach ar mheasúnú riosca a rinneadh ar bhearta in aghaidh leathadh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, dá dtagraítear in Airteagail 7, 8 nó 10, cuirfidh an Ballstát tionscnaimh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi na ráthaíochtaí sláinte ainmhithe, agus faoi fhormheas údaráis inniúla na bunaíochta cinn scríbe.

CAIBIDIL IV

FORALACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an Dé hAoine 21 Aibreán 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  OIE – Galair liostaithe, ionfhabhtuithe agus inmhíoluithe atá i bhfeidhm in 2021. OIE – Cód um Shláinte Ainmhithe Talún, eagrán is fiche, 2019, ISBN 978-92-95108-85-1 (https://www.oie.int/en/animal-health-in-the-world/oie-listed-diseases-2021/).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus liosta de ghrúpaí speicis a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin, (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2008 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2016 i dtaca le bearta rialaithe sláinte ainmhithe maidir le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mBallstáit áirithe (IO L 310, 17.11.2016, lch. 51).

(6)  Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(7)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2020; 18 (2):6010.

(8)  OIE – Cód sláinte ainmhithe talún (2019). OIE - Terrestrial Animal Health Code, Twenty-eighth edition, 2019, ISBN 978-92-95108-85-1 (www.oie.int/en/standard-setting/terrestrial-code/access-online/).

(9)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a fhormheas agus maidir le ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus earraí atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

(13)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí lena mbaineann agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CRIOSANNA SRIANTA I agus II

(dá dtagraítear in Airteagal 3)

CUID I

Crios srianta I

1.   An Bhulgáir:

Críoch iomlán na Bulgáire

2.   An Ghréig:

A.

Na réigiúin seo a leanas sa Ghréig:

Réigiún Attica

Réigiún na Gréige Láir

Réigiún na Macadóine Láir

Réigiún na Créite

Réigiún na Macadóine Thoir agus na Tráicia

Réigiún Epirus

Réigiún na nOileán Iónach, gan aonad réigiúnach Kerkyra a chur san áireamh

Réigiún na Mara Aeigéiche Thuaidh, gan aonad réigiúnach Limnos a chur san áireamh

Réigiún Peloponnese

Réigiún na Mara Aeigéiche Theas

Réigiún na Teasála

Réigiún Iarthar na Gréige

Réigiún na Macadóine Thiar

B.

Na haonaid réigiúnacha seo a leanas sa Ghréig:

Aonad réigiúnach Limnos

Aonad réigiúnach Kerkyra

CUID II

Crios srianta II;

Níl aon cheann ann


IARSCRÍBHINN II

RIALACHA MAIDIR LE PLEANANNA VACSAÍNITHE A BHAINEANN LE hIONFHABHTÚ VÍREAS GHALAR AN CHRAICINN CHNAPÁNAIGH

(dá dtagraítear in Airteagal 3)

CUID I

Faisnéis atá le cur san áireamh sa phlean vacsaínithe dá dtagraítear in Airteagal 3

I gcás ina ndéanfaidh Ballstát vacsaíniú in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, déanfar an vacsaíniú sin i gcomhréir le plean vacsaínithe ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

tuairisc agus torthaí an mheasúnaithe a rinneadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2016/429, lena n-áirítear an staid eipidéimeolaíoch agus faisnéis ábhartha eile a úsáidtear mar bhonn don mheasúnú;

(b)

na príomhchuspóirí agus na príomhspriocanna atá leis an straitéis vacsaínithe a roghnaíodh agus leis an bplean vacsaínithe;

(c)

tuairisc gheografach mhionsonraithe an chreasa vacsaínithe ina bhfuil vacsaíniú le déanamh agus suíomh na mbunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe atá le vacsaíniú, lena n-áirítear léarscáileanna;

(d)

an t-údarás atá freagrach as an vacsaín a thabhairt do bhó-ainmhithe;

(e)

an córas chun tabhairt na vacsaíne a mhaoirsiú;

(f)

an líon bunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe atá suite sa chrios srianta agus an líon bunaíochtaí ina bhfuil vacsaíniú le déanamh, murab ionann iad;

(g)

an líon measta bó-ainmhithe, a gcatagóirí agus aois na n-ainmhithe atá le vacsaíniú;

(h)

an fad ama a mheastar a leanfaidh an vacsaíniú ar aghaidh, ó thús an vacsaínithe go dtí deireadh an fhaireachais a dhéanfar tar éis vacsaíniú;

(i)

achoimre ar shaintréithe na vacsaíne, lena n-áirítear ainm an táirge agus ainm an mhonaróra, agus bealaí tabhartha;

(j)

léiriú ina sonraítear an bhfuil an vacsaín á húsáid i gcomhréir le hAirteagal 110(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1); ;

(k)

na modhanna chun éifeachtacht an vacsaínithe a mheasúnú;

(l)

na rialacha sláinteachais agus bithshlándála atá le cur i bhfeidhm;

(m)

an córas chun taifid a choinneáil ar an vacsaíniú;

(n)

gnéithe eile atá ábhartha maidir leis an staid shonrach.

CUID II

Íoscheanglais maidir le pleananna vacsaínithe in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh dá dtagraítear in Airteagal 3

Beidh na pleananna vacsaínithe in aghaidh ionfhabhtú víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla seo a leanas:

(a)

vacsaíniú na mbó-ainmhithe go léir, neamhspleách ar a n-inscne, aois agus stádas iompair nó táirgiúil laistigh de chriosanna srianta I agus II nuair is gá vacsaíniú a chur chun feidhme;

(b)

vacsaíniú shliocht na mbó-ainmhithe vacsaínithe atá níos sine ná ceithre mhí d’aois i gcomhréir le treoracha mhonaróir na vacsaíne a úsáidtear;

(c)

athvacsaíniú na mbó-ainmhithe go léir i gcomhréir le treoracha an mhonaróra;

(d)

go mbeidh na mionsonraithe maidir le gach bó-ainmhí vacsaínithe curtha isteach ag an údarás inniúil sa bhunachar sonraí tiomnaithe ar líne atá nasctha leis an mbunachar sonraí lárnach arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2019/2035 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

(e)

limistéar faireachais méadaithe 20 km ar a laghad a bhunú timpeall chriosanna srianta I agus II ina ndéantar vacsaíniú, ina ndéanfar faireachas treisithe agus ina mbeidh gluaiseacht bó-ainmhithe faoi réir rialuithe a dhéanfaidh an t-údarás inniúil;

(f)

cumhdach vacsaíní ar 95 % ar a laghad de thréada arb iad 75 % ar a laghad den líon bó-ainmhithe.

CUID III

Réamhfhaisnéis atá le cur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile sula gcuirfear tús leis an vacsaíniú dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe 3

Na Ballstáit a chuirfidh vacsaíniú in aghaidh víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, cuirfidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile sula dtosóidh siad ar an vacsaíniú:

(a)

réasúnú gearr i dtaobh tús a chur leis an vacsaíniú;

(b)

an speiceas bó-ainmhithe atá le vacsaíniú;

(c)

an líon measta bó-ainmhithe atá le vacsaíniú;

(d)

an fad ama a mheastar a leanfaidh an vacsaíniú ar aghaidh;

(e)

cineál agus ainm tráchtála na vacsaíne a cuireadh i bhfeidhm, ina léireofar an bhfuil an vacsaín le húsáid i gcomhréir le hAirteagal 110(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2019/6;

(f)

tuairisc ar an gcrios vacsaínithe measta.


(1)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe ar coimeád agus uibheacha goir (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).


30.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/28


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1071 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meitheamh 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 maidir leis an sásra lena gcuirtear táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (1), agus go háirithe Airteagal 6 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Eanáir 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/111 (2) lena gcuirtear onnmhairiú vacsaíní COVID-19 mar aon le substaintí gníomhacha, lena n-áirítear máistir-chillbhainc agus ceallbhainc infheidhme, a úsáidtear chun na vacsaíní sin a mhonarú, faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird, de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/479, ar feadh tréimhse 6 seachtaine. Ina dhiaidh sin, an 12 Márta 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 (3) lena gcuirtear onnmhairiú na dtáirgí céanna faoi réir údarú onnmhairiúcháin go dtí an 30 Meitheamh 2021, de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2015/479.

(2)

An 24 Márta 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 (4) lena dtugtar isteach, mar fhachtóir breise a bhaineann leis an tráth a bhítear ag smaoineamh ar údarú onnmhairiúcháin a dheonú, an gá atá le measúnú a dhéanamh ar cé acu a chuireann nó nach gcuireann an t-údarú sin slándáil an tsoláthair earraí a chumhdaítear faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 laistigh den Aontas i mbaol. Leis an Rialachán céanna, an díolúine a bhí ag tíortha cinn scríbe áirithe ó raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442, chinn an Coimisiún an díolúine sin a chur ar fionraí go sealadach.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 ón gCoimisiún, is Rialachán é a glacadh de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/479 agus bhí feidhm aige ar feadh tréimhse 6 seachtaine. Na bearta a tugadh isteach leis an Rialachán sin, cuireadh síneadh leo ina dhiaidh sin go dtí an 30 Meitheamh 2021 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/734 (5).

(4)

Idir an dá linn tháinig borradh faoi acmhainneacht táirgeachta na vacsaíní san Aontas, agus tháinig méadú ar sheachadadh dháileoga na vacsaíní in aghaidh COVID-19 san Aontas dá réir. Mar thoradh air sin, cuireadh dlús leis an bhfeachtas vacsaínithe san Aontas.

(5)

Tá an feachtas vacsaínithe sin fós ar siúl, áfach, agus tá éiginnteachtaí ann go fóill, go háirithe i ngeall ar theacht chun cinn na n-athraitheach nua ar víreas COVID-19. Dá bhrí sin, tá gá leanúnach ann le trédhearcacht ó thaobh seachadtaí onnmhairí agus ó thaobh sholáthairtí an Aontais de.

(6)

Ina theannta sin, an riosca go gcuirfeadh onnmhairí feidhmiú na gComhaontuithe Réamhcheannaigh idir an tAontas agus monaróirí na vacsaíní i mbaol, sin nó slándáil sholáthairtí na vacsaíní COVID-19 agus a substaintí gníomhacha san Aontas, is riosca é atá ann go fóill.

(7)

Dá bhrí sin, na bearta a tugadh isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521, ba cheart feidhm a beith acu i gcónaí go dtí an 30 Meán Fómhair 2021. Dá bhrí sin, ba cheart na Rialacháin sin a leasú dá réir.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/479,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm aige go dtí an 30 Meán Fómhair 2021.”.

Airteagal 2

In Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm aige go dtí an 30 Meán Fómhair 2021.”.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 83, 27.3.2015, lch. 34.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/111 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2021 lena gcuirtear onnmhairiú táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairithe a thabhairt ar aird (IO L 31 I, 30.1.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 ón gCoimisiún an 11 Márta 2021 lena gcuirtear onnmhairiú táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird (IO L 85, 12.3.2021, lch. 190).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena ndéantar socruithe sonracha maidir leis an sásra lena gcuirtear táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird (IO L 104, 25.3.2021, lch. 52).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/734 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 lena ndéantar socruithe sonracha maidir leis an sásra lena gcuirtear táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird (IO L 158, 6.5.2021, lch. 13).


CINNTÍ

30.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/30


CINNEADH (AE) 2021/1072 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Meitheamh 2021

maidir le maolú sealadach ar Chinneadh 2013/471/AE maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus dá gcomhaltaí malartacha agus maidir le haisíocaíocht speansas taistil na gcomhaltaí sin i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 301 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ó thosaigh ráig phaindéim COVID-19, d’fhág na bearta urghnácha coisctheacha agus srianta a rinne na Ballstáit – coraintín, beartais cianoibre a chur chun feidhme, agus srianta nó toirmisc ghluaiseachta agus taistil – go raibh sé dodhéanta nó fíordheacair ag comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (“an Coiste”) agus ag a gcomhaltaí malartacha (dá ngairtear “na tairbhithe” i dteannta a chéile) taisteal le freastal ar chruinnithe go fisiciúil.

(2)

I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla sin, agus chun a ráthú go bhféadfar gníomhaíochtaí an Choiste a dhéanamh go hiomchuí agus go hinbhuanaithe gach tráth ar mhaithe leis an leanúnachas institiúideach a áirithiú, ní mór maolú sealadach a dhéanamh ar Airteagail 2, 3 agus 4 de Chinneadh 2013/471/AE ón gComhairle (1) a mhéid a bhaineann le liúntais laethúla a íoc, agus speansais taistil a aisíoc, leis na tairbhithe. Níor cheart feidhm a bheith ag an maolú seo ach ar feadh na tréimhse a mbeidh deacrachtaí leanúnacha taistil nó srianta sláintíochta i gceist i dtaca le cruinnithe fisiciúla i ngeall ar phaindéim COVID-19 san Aontas.

(3)

Is ísle na costais riaracháin iarbhír a thabhaíonn tairbhí a dhéanann cianfhreastal trí mheán leictreonach ar chruinniú ná ráta an liúntais laethúil is infheidhme faoi láthair maidir le freastal go fisiciúil ar chruinnithe, bíodh is gur mar a chéile an t-achar ama a chaitheann tairbhí ag an gcruinniú. Ós mar sin atá, is iomchuí go n-oiriúnófaí dá réir an liúntas laethúil a íoctar leis na tairbhithe a dhéanann cianfhreastal ar chruinnithe.

(4)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choiste rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le deonú an liúntais laethúil i gcomhair cianfhreastail. Ba cheart a shainaithint go háirithe sna rialacha sin cásanna ina gcuirtear i mbaol an fhéidearthacht cruinnithe a eagrú nó freastal orthu i ngeall ar dheacrachtaí taistil a bhaineann le COVID-19 nó ar bhearta sriantacha gaolmhara.

(5)

Ba cheart don Choiste tuarascálacha rialta a thíolacadh chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chinnidh seo ionas gur féidir leis an gComhairle meastóireacht a dhéanamh ar a thionchar sin agus ar na coinníollacha atá fós ann a thugann bonn cirt don mhaolú a bheith i bhfeidhm. Ar bhonn na dtuarascálacha sin, ba cheart don Chomhairle breithniú a dhéanamh ar bhearta iomchuí a ghlacadh roimh dheireadh théarma oifige reatha an Choiste, go háirithe faoi chuimsiú athbhreithniú cuimsitheach arna dhéanamh amach anseo ar Chinneadh 2013/471/AE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagail 2, 3 agus 4 de Chinneadh 2013/471/AE, i gcás ina gcuireann bearta sriantacha a bhaineann le COVID-19 i mbaol an fhéidearthacht cruinniú a eagrú nó freastal go fisiciúil air, ní bheidh tairbhithe a chianfhreastalaíonn ar an gcruinniú ach i dteideal liúntas laethúil arna shocrú ag EUR 145.

Airteagal 2

Glacfaidh an Coiste forálacha mionsonraithe lena gcuirfear Airteagal 1 chun feidhme faoin 2 Meán Fómhair 2021.

Airteagal 3

Faoin 2 Eanáir 2022 agus gach 6 mhí dá éis sin, cuirfidh an Coiste tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Chinnidh seo, agus go háirithe maidir lena thionchar buiséadach agus maidir le deacrachtaí taistil a bhaineann le COVID-19 nó bearta sriantacha gaolmhara leanúint de bheith ann agus a chuireann i mbaol an fhéidearthacht cruinnithe a eagrú nó freastal go fisiciúil orthu.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. do C. ANTUNES


(1)  Cinneadh 2013/471/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus maidir le haisíoc speansas taistil chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a gcomhaltaí malartacha (IO L 253, 25.9.2013, lch. 22).


30.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 230/32


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1073 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2021

lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 9 (1) agus (3) de sin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/953 leagtar amach Deimhniú Digiteach COVID AE arb é is cuspóir dó a bheith mar chruthúnas go bhfuair duine vacsaín COVID-19, go bhfuair duine toradh diúltach ar thástáil nó gur théarnaigh duine ó ionfhabhtú.

(2)

Ionas go n-oibreoidh Deimhniú Digiteach COVID AE ar fud an Aontais, is gá sonraíochtaí teicniúla agus rialacha a bhunú chun sonraí a chur sna deimhnithe digiteacha COVID agus chun iad a eisiúint agus a fhíorú ar bhealach slán, chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, struchtúr comhchoiteann aitheantóir uathúil an deimhnithe a leagan síos agus barrachód bailí, slán agus idir-inoibritheach a eisiúint. Socraíonn an creat iontaoibhe an bhuntuiscint freisin ó thaobh féachaint le hidir-inoibritheacht le caighdeáin agus córais teicneolaíochta idirnáisiúnta a áirithiú, agus, mar sin, d’fhéadfadh sé an tsamhail a sholáthar maidir le comhar ar an leibhéal domhanda.

(3)

Beidh gá le struchtúr sonraí comhchoiteann agus comhaontú ar bhrí bheartaithe gach réimse sonraí i ndáil leis an bpálasta agus a luachanna féideartha ionas go mbeifí in ann Deimhniú Digiteach COVID AE a léamh agus a thuiscint. Chun idir-inoibritheacht den sórt sin a éascú, is gá struchtúr sonraí comhordaithe comhchoiteann a shainmhíniú le haghaidh an chreata de Dheimhniú Digiteach COVID AE. Rinne an Líonra ríomhShláinte a bunaíodh ar bhonn Threoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na treoirlínte a fhorbairt i ndáil leis an gcreat sin (2). Ba cheart na treoirlínte sin a chur san áireamh agus na sonraíochtaí teicniúla á leagan síos lena leagtar amach formáid agus bainistíocht iontaoibhe i gcomhair Dheimhniú Digiteach COVID AE. Ba cheart sonraíocht maidir le struchtúr sonraí agus sásraí ionchódaithe a shonrú, chomh maith le sásra ionchódaithe iompair i bhformáid optúil atá inléite ag meaisín (“QR”), ar féidir é a léiriú ar scáileán gairis mhóibíligh nó a bheith priontáilte ar phíosa páipéir.

(4)

Chomh maith leis na sonraíochtaí teicniúla maidir le formáid agus bainistíocht iontaoibhe Dheimhniú Digiteach COVID AE, ba cheart rialacha ginearálta a bhunú chun sonraí a chur sna deimhnithe d’fhonn iad a úsáid le haghaidh luachanna códaithe i gcomhthéacs Dheimhniú Digiteach COVID AE. Ba cheart don Choimisiún na tacair luachanna lena gcuirtear na rialacha sin chun feidhme a nuashonrú agus a fhoilsiú go tráthrialta, agus leas á bhaint as obair ábhartha an Líonra ríomhShláinte.

(5)

De bhun Rialachán (AE) 2021/953, ní mór na deimhnithe barántúla a chuimseofar i nDeimhniú Digiteach COVID AE a bheith inaitheanta ar leithligh trí aitheantóir uathúil an deimhnithe, ag cur san áireamh go bhféadfaí níos mó ná deimhniú amháin a eisiúint do shaoránaigh le linn na tréimhse má fhanann Rialachán (AE) 2021/953 i bhfeidhm. Beidh aitheantóir uathúil an deimhnithe comhdhéanta de theaghrán alfa-uimhriúil, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfuil aon sonraí ann a nascann le doiciméid nó le haitheantóirí eile é, sonraí amhail uimhreacha pas nó uimhreacha cárta aitheantais, ionas nach mbeifear in ann sealbhóir a shainaithint go díreach. Chun a áirithiú go bhfuil aitheantóir an deimhnithe uathúil, ba cheart sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le struchtúr comhchoiteann ina leith a leagan síos.

(6)

Tá slándáil, barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a chuimsítear i nDeimhniú Digiteach COVID AE agus a gcomhlíontacht le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí fíorthábhachtach chun go nglacfar leo sna Ballstáit uile. Baintear amach na cuspóirí sin trí bhíthin an chreata iontaoibhe lena leagtar amach na rialacha maidir le heisiúint agus fíorú iontaofa agus slán Dheimhnithe Digiteacha COVID AE, mar aon leis an mbonneagar lena mbaineann. I measc nithe eile, ba cheart an creat iontaoibhe a bheith bunaithe ar bhonneagar eochrach poiblí ag a mbeadh slabhra iontaoibhe ó údaráis sláinte na mBallstát nó ó údaráis iontaofa eile go dtí na heintitis aonair a eisíonn na Deimhnithe Digiteacha COVID AE. Dá bhrí sin, d’fhonn córas idir-inoibritheach ar fud an Aontais a áirithiú, chruthaigh an Coimisiún córas lárnach – tairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE (an “tairseach”) – ina stóráiltear eochracha poiblí a úsáidtear le haghaidh fíorú. Nuair a scantar deimhniú an chóid QR, fíoraítear an síniú digiteach leis an eochair phoiblí ábhartha, a stóráladh sa tairseach lárnach sin roimhe seo. Is féidir sínithe digiteacha a úsáid chun sláine agus barántúlacht sonraí a áirithiú. Bunaítear iontaoibh le Bonneagair Eochrach Poiblí trí eochracha poiblí a cheangal le heisitheoirí deimhnithe. Sa tairseach, úsáidtear deimhnithe eochrach poiblí iolracha le haghaidh barántúlachta. Chun malartú sonraí slán a áirithiú d’ábhar eochrach poiblí idir na Ballstáit agus chun idir-inoibritheacht fhairsing a chumasú, is gá na deimhnithe eochrach poiblí a bhunú a fhéadfar a úsáid agus faisnéis a sholáthar faoin gcaoi ar cheart iad a ghiniúint.

(7)

Foráiltear leis an gCinneadh seo go gcuirfear ceanglais Rialachán (AE) 2021/953 i bhfeidhm ar bhealach ina n-íoslaghdaítear próiseáil sonraí pearsanta go dtí an méid a bhfuil gá leis chun Deimhniú Digiteach COVID AE a chur i bhfeidhm agus a rannchuidíonn le cur chun feidhme ag rialaitheoirí deiridh ar bhealach lena n-urramaítear cosaint sonraí trí dhearadh.

(8)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953, tá na húdaráis nó na comhlachtaí ainmnithe eile atá freagrach as na deimhnithe a eisiúint ina rialaitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ina ról chun sonraí pearsanta a phróiseáil le linn an phróisis eisiúna. Ag brath ar an gcaoi a n-eagraíonn Ballstáit an próiseas eisiúna, féadfaidh údarás nó comhlacht ainmnithe amháin nó níos mó a bheith i gceist, mar shampla seirbhísí sláinte réigiúnacha. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, is de rogha an Bhallstáit é sin. Dá bhrí sin, is iad na Ballstáit féin is fearr is féidir a áirithiú, i gcás ina bhfuil roinnt údarás nó comhlachtaí ainmnithe eile i gceist, go ndéantar a bhfreagrachtaí faoi seach a leithdháileadh go soiléir, neamhspleách ar iad a bheith ina rialaitheoirí ar leithligh nó ina gcomhrialaitheoirí (lena n-áirítear seirbhísí sláinte réigiúnacha a bhunaíonn tairseach othar comhchoiteann chun na deimhnithe a eisiúint). Ar an gcaoi chéanna, maidir le fíorú deimhnithe a bheith á dhéanamh ag údaráis inniúla an Bhallstáit cinn scríbe nó idirthurais, nó ag oibreoirí na seirbhísí iompair paisinéirí trasteorann a gceanglaítear orthu de réir an dlí náisiúnta bearta sláinte poiblí áirithe a chur chun feidhme le linn phaindéim COVID-19, ní mór do na fíoraitheoirí sin a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi na rialacha maidir le cosaint sonraí.

(9)

Ní dhéantar aon sonraí pearsanta a phróiseáil trí thairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE, mar níl sa tairseach ach eochracha poiblí na n-údarás sínithe. Baineann na heochracha sin leis na húdaráis sínithe agus ní cheadaítear leo ath-shainaithint dhíreach ná neamhdhíreach duine nádúrtha ar eisíodh deimhniú dó. Ina ról mar bhainisteoir na tairsí, níor cheart don Choimisiún a bheith ina rialaitheoir ná ina phróiseálaí ar shonraí pearsanta.

(10)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug sé tuairim uaidh an 22 Meitheamh 2021.

(11)

Ag glacadh leis go bhfuil gá le sonraíochtaí teicniúla agus rialacha chun Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm ón 1 Iúil 2021, tá údar le cur i bhfeidhm láithreach an Chinnidh seo.

(12)

Dá bhrí sin, i bhfianaise an ghá le cur chun feidhme tapa Dheimhniú Digiteach COVID AE, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach in Iarscríbhinn I na sonraíochtaí teicniúla i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE lena leagtar síos an struchtúr cineálach sonraí, na sásraí ionchódaithe agus an sásra ionchódaithe iompair i bhformáid optúil atá inléite ag meaisín.

Airteagal 2

Leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo na rialacha maidir le sonraí a chur sna deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 3

Leagtar amach in Iarscríbhinn III na ceanglais lena leagtar síos struchtúr comhchoiteann aitheantóir uathúil an deimhnithe.

Airteagal 4

Leagtar amach in Iarscríbhinn IV na rialacha rialachais is infheidhme maidir le deimhnithe eochrach poiblí i ndáil le tairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE a thacaíonn le gnéithe idir-inoibritheachta an chreata iontaoibhe.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN I

FORMÁID AGUS BAINISTÍOCHT IONTAOIBHE

Struchtúr cineálach sonraí, sásraí ionchódaithe agus sásra ionchódaithe iompair i bhformáid optúil atá inléite ag meaisín (dá ngairtear ‘QR’ anseo feasta)

1.   Réamhrá

Tá struchtúr cineálach sonraí agus sásraí ionchódaithe do Dheimhniú Digiteach COVID AE (‘DDC’) le fáil sna sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Sonraítear iontu sásra ionchódaithe iompair i bhformáid optúil atá inléite ag meaisín (‘QR’) freisin, a bheidh le feiceáil ar scáileán gairis mhóibíligh nó é priontáilte amach. Tá formáidí coimeádáin deimhnithe sláinte na sonraíochtaí sin cineálach, ach úsáidtear iad sa chomhthéacs seo chun DDC a iompar.

2.   Téarmaíocht

Chun críoch na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn ‘eisitheoirí’ eagraíochtaí a úsáideann na sonraíochtaí sin chun deimhnithe sláinte a eisiúint agus ciallaíonn ‘fíoraitheoirí’ eagraíochtaí a ghlacann deimhnithe sláinte mar chruthúnas ar stádas sláinte. Ciallaíonn ‘rannpháirtithe’ eisitheoirí agus fíoraitheoirí. Ní mór roinnt gnéithe a leagtar amach san Iarscríbhinn seo a chomhordú idir na rannpháirtithe, amhail bainistíocht ainmspáis agus leithdháileadh eochracha cripteagrafacha. Glactar leis go dtugann páirtí, dá dtagraítear mar ‘Ardrúnaíocht’ anseo feasta, faoi na cúraimí sin.

3.   Formáid Coimeádáin Deimhnithe Sláinte Leictreonaigh

Dearadh an Fhormáid Coimeádáin Deimhnithe Sláinte Leictreonaigh (‘HCERT’) chun bealach aonfhoirmeach agus caighdeánach a sholáthar le haghaidh deimhnithe sláinte óna n-eisitheoirí éagsúla (‘eisitheoirí’). Is é is cuspóir do na sonraíochtaí sin an chaoi a ndéantar na deimhnithe sláinte sin a léiriú, a ionchódú agus a shíniú a chomhchuibhiú leis an gcuspóir idir-inoibritheacht a éascú.

Éilítear struchtúr sonraí comhchoiteann agus comhaontú ar thábhacht gach réimse sonraí an phálasta chun a bheith in ann DCC a eisíonn aon eisitheoir a léamh agus a léirmhíniú. D’fhonn idir-inoibritheacht den sórt sin a éascú, déantar struchtúr sonraí comhchoiteann comhordaithe a shainiú trí úsáid scéimre ‘JSON’ atá mar fhrámú DCC.

3.1.   Struchtúr an phálasta

Tá an pálasta struchtúrtha agus ionchódaithe mar CBOR agus síniú digiteach COSE leis. Tugtar ‘Ceadchomhartha Gréasáin CBOR’ (CWT) air de ghnáth, agus tugtar sainmhíniú air in RFC 8392 (1). Déantar an pálasta, mar a thugtar sainmhíniú air sna ranna seo a leanas, a iompar in éileamh hcert.

Ní mór do shláine agus barántúlacht bhunús sonraí an phálasta a bheith infhíoraithe ag an bhFíoraitheoir. D’fhonn an sásra sin a sholáthar, ní mór don eisitheoir CWT a shíniú ag úsáid scéim sínithe leictreonaigh neamhshiméadraigh mar a shainítear i sonraíocht COSE (RFC 8152 (2)).

3.2.   Éilimh CWT

3.2.1.   Forbhreathnú ar Struchtúr CWT

Ceanntásc Cosanta

Algartam Sínithe (alg, lipéad 1)

Aitheantóir Eochrach (kid, lipéad 4)

Pálasta

Eisitheoir (iss, eochair éilimh 1, roghnach, ISO 3166-1 alfa-2 d’eisitheoir)

Eisithe Ag (iat, eochair éilimh 6)

Am Éaga (exp, eochair éilimh 4)

Deimhniú Sláinte (hcert, eochair éilimh-260)

Deimhniú Digiteach COVID AE leagan1 (eu_DCC_v1, eochair éilimh 1)

Síniú

3.2.2.   Algartam Sínithe

Sonraítear i bparaiméadar an Algartaim Sínithe (alg) an t-algartam a úsáidtear chun an síniú a chruthú. Ní mór dó na treoracha SOG-IT reatha, mar a achoimrítear sna míreanna seo a leanas, a chomhlíonadh nó a shárú.

Sainítear algartam príomhúil amháin agus algartam tánaisteach amháin. Níor cheart an t-algartam tánaisteach a úsáid ach amháin mura bhfuil an t-algartam príomhúil inghlactha laistigh de na rialacha agus na rialacháin a fhorchuirtear ar an eisitheoir.

D’fhonn slándáil an chórais a áirithiú, ní mór do gach cur i bhfeidhm an t-algartam tánaisteach a ionchorprú. Ar an gcúis sin, ní mór an t-algartam príomhúil agus tánaisteach a chur chun feidhme.

Is iad seo a leanas na leibhéil SOG-IT atá socraithe le haghaidh an algartaim phríomhúil agus an algartaim thánaistigh:

An tAlgartam Príomhúil: Is Algartam Sínithe Dhigitigh Cuair Éilipsigh (ECDSA) mar a shainítear in (ISO/IEC 14888–3:2006) roinn 2.3, ag úsáid na bparaiméadar P–256 mar a shainítear in aguisín D (D.1.2.3) de (FIPS PUB 186–4) in éineacht le haisalgartam SHA–256 mar a shainítear in (ISO/IEC 10118–3:2004) feidhm 4, é an t-algartam príomhúil.

Comhfhreagraíonn sé do pharaiméadar algartaim COSE ES256.

An tAlgartam Tánaisteach: Is RSASSA-PSS mar a shainítear in (RFC 8230 (3)) le modal de 2048 ngiotán in éineacht le haisalgartam SHA–256 mar a shainítear in (ISO/IEC 10118–3:2004) feidhm 4, é an t-algartam tánaisteach.

Comhfhreagraíonn sé do pharaiméadar algartaim COSE: PS256.

3.2.3.   Aitheantóir Eochrach

Léiríonn an t-éileamh Aitheantóra Eochrach (kid) an Deimhniú Sínitheora Doiciméad (DSC) ina bhfuil an eochair phoiblí a úsáidfidh an fíoraitheoir chun cruinneas an tsínithe dhigitigh a sheiceáil. Rialú deimhnithe eochrach poiblí, lena n-áirítear ceanglais maidir le DSCanna, mar a shainítear in Iarscríbhinn IV.

Úsáideann fíoraitheoirí an t-éileamh Aitheantóra Eochrach (kid) chun an eochair phoiblí cheart a roghnú ó liosta d’eochracha a bhaineann leis an eisitheoir atá luaite in Éileamh an Eisitheora (iss). Féadfaidh eisitheoir roinnt eochracha a úsáid ag an am céanna chun críocha riaracháin agus nuair atá tar-rolladh eochrach á dhéanamh aige. Ní réimse slándáilchriticiúil é an tAitheantóir Eochrach. Ar an gcúis sin, féadfar é a chur ar cheanntásc neamhchosanta más gá. Ní mór d’fhíoraitheoirí an dá rogha a ghlacadh. Má tá an dá rogha ann, ní mór an tAitheantóir Eochrach sa cheanntásc cosanta a úsáid.

Mar gheall ar ghiorrú an aitheantóra (chun an méid a shrianadh) is beag seans, ach tá seans neamhnialasach ann, go mbeadh macasamhlacha kidanna de DSCanna sa liosta foriomlán de DSCanna a nglacann fíoraitheoir leo. Ar an gcúis sin, ní mór don fhíoraitheoir gach DSC a sheiceáil leis an kid sin.

3.2.4.   Eisitheoir

Is éard atá san éileamh Eisitheora (iss) luach sreanga a d’fhéadfadh Cód Tíre alfa-2 ISO 3166-1 de chuid an eintitis a eisíonn an deimhniú sláinte a bheith ann. Féadfaidh fíoraitheoir an t-éileamh sin a úsáid chun an tsraith DSC atá le húsáid le haghaidh fíorú a aithint. Úsáidtear Eochair Éilimh 1 chun an t-éileamh sin a aithint.

3.2.5.   Am Éaga

Beidh stampa ama san fhormáid Dáta Uimhriúil (mar a shonraítear in RFC 8392 (4), roinn 2) ag sonrú na tréimhse a bheidh an síniú áirithe sin thar an bPálasta bailí, agus i ndiaidh an dáta sin ní mór d’fhíoraitheoir diúltú don Phálasta mar a bheith in éag. Is é is cuspóir leis an bparaiméadar éaga teorainn le tréimhse bhailíochta an deimhnithe sláinte a fhórsáil. Úsáidtear Eochair Éilimh 4 chun an t-éileamh sin a aithint.

Níor cheart d’Am Éaga tréimhse bhailíochta DSC a shárú.

3.2.6.   Eisithe Ag

Beidh stampa ama san fhormáid Dáta Uimhriúil (mar a shonraítear in RFC 8392 (5), roinn 2) ag sonrú an ama ar cruthaíodh an deimhniú sláinte san éileamh Eisithe Ag (iat).

Níor cheart do réimse Eisithe Ag a bheith roimh thréimhse bhailíochta DSC.

Féadfaidh fíoraitheoirí beartais bhreise a chur i bhfeidhm chun bailíocht an deimhnithe sláinte a theorannú bunaithe ar am an eisiúna. Úsáidtear Eochair Éilimh 6 chun an t-éileamh sin a aithint.

3.2.7.   Éileamh Deimhnithe Sláinte

Is oibiacht JSON (RFC 7159 (6)) a bhfuil faisnéis maidir le stádas sláinte atá sa Deimhniú Sláinte (hcert). Féadfaidh cineálacha éagsúla deimhnithe sláinte a bheith ann faoin éileamh céanna, agus DCC ar cheann amháin díobh.

Is chun críche scéimre amháin atá JSON. Is é CBOR, mar a shainítear in (RFC 7049 (7)), an fhormáid léiriúcháin. Ní fhéadfaidh forbróirí feidhmchlár díchódú ná ionchódú ón bhformáid JSON ná chuici riamh, ach an struchtúr inchuimhne a úsáid.

Is é -260 an Eochair Éilimh atá le húsáid chun an t-éileamh sin a aithint.

Ba cheart na sreanga san oibiacht JSON a bheith NFC normalaithe de réir Comhdhéanamh Canónta Foirme Normalaithe a shainítear sa chaighdeán Unicode. Ba cheart feidhmchláir díchódaithe a bheith ceadaitheach agus láidir sna gnéithe sin, áfach, agus moltar go mór aon chineál iompaithe atá réasúnta a ghlacadh. Má thagtar ar shonraí neamhnormalaithe le linn an díchódaithe, nó i bhfeidhmeanna comparáide ina dhiaidh sin, ba cheart don fheidhm feidhmiú mar a mbeadh an t-inneachar normalaithe do NFC.

4.   Srathú agus cruthú an phálasta DCC

Mar phatrún srathaithe, úsáidtear an scéim seo a leanas:

Image 1

Tosaíonn an próiseas le baint sonraí, mar shampla, ó Stóras Sonraí Sláinte (nó ó fhoinse sheachtrach sonraí éigin), ag struchtúrú na sonraí a baineadh de réir na Scéimrí sainithe DCC. Féadfaidh iompú chuig an bhformáid sonraí sainithe agus aistriú le haghaidh inléiteacht dhaonna a tharlú sa phróiseas sin sula dtosaíonn an srathú go CBOR. Déanfar acrainmneacha na n-éileamh a mhapáil i ngach cás chun na hainmneacha roimh shrathú agus i ndiaidh díshrathú a léiriú.

Ní cheadaítear inneachar sonraí náisiúnta roghnach i ndeimhnithe a eisítear i ndiaidh Rialachán (AE) 2021/953 (8). Tá an t-inneachar sonraí teoranta do na gnéithe sonraí atá sainithe san íostacar sonraí a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán 2021/953.

5.   Ionchódú Iompair

5.1.   Amh

Maidir le comhéadain sonraí treallacha, féadfar an coimeádán HCERT agus a phálastaí a aistriú mar atá, ag úsáid aon iompar sonraí bunaidh 8 ngiotán atá sábháilte agus iontaofa. Féadfaidh cumarsáid neasréimse NFC, Bluetooth nó aistriú thar phrótacal sraithe feidhmchláir, mar shampla aistriú HCERT ón Eisitheoir go gaireas móibíleach an tsealbhóra, a bheith san áireamh leis na comhéadain sin.

Má tá an t-aistriú HCERT ón Eisitheoir chuig an sealbhóir bunaithe ar an gcomhéadan léirithe-amháin (mar shampla, SMS, ríomhphost), ar ndóigh ní bheidh feidhm leis an ionchódú Amh iompair.

5.2.   Barrachód

5.2.1.   Comhbhrú Pálasta (CWT)

D’fhonn an méid a laghdú agus luas agus iontaofacht a fheabhsú i bpróiseas léitheoireachta HCERT, comhbhrúfar CWT ag úsáid ZLIB (RFC 1950 (9)) agus an tsásra comhbhrúite Díbhoilscithe a shainítear in RFC 1951 (10).

5.2.2.   Cód QR 2T

D’fhonn láimhseáil níos fearr a bheith ar threalamh oidhreachta a dearadh le feidhmiú ar phálastaí ASCII, déantar CWT a ionchódú mar ASCII ag úsáid Base45 sula ndéanfar é a ionchódú go barrachód 2T.

Beidh an fhormáid QR mar a shainítear in (ISO/IEC 18004:2015) in úsáid le haghaidh giniúint barrachód 2T. Moltar ráta ceartaithe earráide ‘Q’ (thart ar 25 %). Ós rud é go n-úsáidtear Base45, ní mór do chód QR ionchódú alfa-uimhriúla a úsáid (Mód 2, arna léiriú leis na siombailí 0010).

D’fhonn fíoraitheoirí a chumasú le bheith in ann an cineál sonraí ionchódaithe a bhrath agus an scéim díchódaithe agus próiseála cheart a roghnú, beidh an tsreang Aitheantóra Comhthéacs ‘HC1:’ roimh na sonraí ionchódaithe Base45 (de réir na sonraíochta seo). Déanfaidh leaganacha den tsonraíocht seo amach anseo a bhfuil tionchar acu ar shiarchomhoiriúnacht Aitheantóra Comhthéacs nua a shainiú, cé go dtógfar an carachtar a thagann i ndiaidh ‘HC’ ón tacar carachtar [1-9A-Z]. Sainítear an t-ord incrimintí le bheith san ord sin, i.e. [1-9] i dtosach agus [A-Z] ansin.

Moltar an cód optúil a léiriú ar na meáin láithrithe agus méid trasnánach idir 35 mm agus 60 mm air chun freastal ar léitheoirí ag a bhfuil optaic sheasta i gcás ina gcaithfear na meáin léirithe a chur ar dhromchla an léitheora.

Má tá an cód optúil priontáilte ar pháipéar ag úsáid printéirí ísealtaifigh (< 300 dpi), ní mór aire a thabhairt le gach siombail (spota) den Chód QR a léiriú i gcearnóg iomlán. Beadh siombailí dronuilleogacha i roinnt rónna nó colún in QR mar thoradh ar scálú neamhchomhréireach, agus chuirfeadh sé sin srian ar inléiteacht i neart cásanna.

6.   Formáid Liosta Iontaoibhe (liosta CSCA agus DSC)

Ceanglaítear ar gach Ballstát liosta d’Údarás Deimhniúcháin na Tíre Sínithe (CSCA) amháin nó níos mó agus liosta de gach Deimhniú Sínitheora Doiciméad (DSC) bailí a sholáthar agus na liostaí sin a choinneáil cothrom le dáta.

6.1.   CSCA/DSC Simplithe

De réir an leagain seo de na sonraíochtaí, ní ghlacfaidh Ballstáit leis go n-úsáidtear aon fhaisnéis ó Liosta Deimhnithe Aisghairme (CRL); ná go bhfuil an Tréimhse Úsáide Eochrach Príobháidí fíoraithe ag na daoine a chuireann é chun feidhme.

Ina áit sin, is é an príomhshásra bailíochta an deimhniú a bheith ar an leagan is déanaí den liosta deimhnithe sin.

6.2.   ICAO eMRTD PKI agus Lárionaid Iontaoibhe

Féadfaidh na Ballstáit CSCA ar leithligh a úsáid – ach féadfaidh siad a ndeimhnithe eMRTD CSCA agus/nó DSC reatha a chur isteach freisin; agus féadfaidh siad a roghnú fiú iad sin a fháil ó lárionaid iontaoibhe (trádála) – agus iad sin a chur isteach. Mar sin féin, ní mór aon DSC a bheith sínithe i gcónaí ag CSCA a chuir an Ballstát sin isteach.

7.   Breithnithe Slándála

Le linn scéim a dhearadh ag úsáid na sonraíochta seo, déanfaidh na Ballstáit gnéithe slándála áirithe a aithint, a anailísiú agus déanfaidh siad faireachán orthu.

Ba cheart na gnéithe seo a leanas a bhreithniú ar a laghad:

7.1.   Am bailíochta sínithe HCERT

Éilítear ar eisitheoir HCERTanna tréimhse bhailíochta an tsínithe a theorannú ag sonrú am éaga sínithe. Éilítear leis sin ar shealbhóir an deimhnithe sláinte é a athnuachan ag eatraimh thréimhsiúla.

D’fhéadfaí an tréimhse bhailíochta inghlactha a shocrú le srianta praiticiúla. Mar shampla, d’fhéadfadh nach mbeadh féidearthacht ag taistealaí an deimhniú sláinte a athnuachan le linn turas ar an gcoigríche. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh eisitheoir ag breithniú na féidearthachta a bhaineann le comhréiteach slándála de shórt éigin, rud a éilíonn ar an eisitheoir DSC a aistarraingt (ag neamhbhailiú gach deimhnithe sláinte a eisíodh leis an eochair sin agus atá fós laistigh dá thréimhse bhailíochta). Féadfar na hiarmhairtí a bhaineann le cás mar sin a shrianadh trí eochracha Eisitheora a rolladh go tráthrialta agus athnuachan gach deimhnithe sláinte a éileamh, laistigh d’eatramh réasúnta.

7.2.   Bainistíocht eochracha

Tá an tsonraíocht seo ag brath go mór ar shásraí cripteagrafacha láidre chun sláinte sonraí agus fíorú bunúis sonraí a shocrú. Is riachtanach, dá bhrí sin, go gcoinnítear rúndacht na n-eochracha príobháideacha.

D’fhéadfaí rúndacht eochracha cripteagrafacha a chur i mbaol ar roinnt bealaí éagsúla, cuir i gcás:

D’fhéadfadh an próiseas giniúna eochrach a bheith lochtach agus bheadh eochracha laga ann dá bharr.

D’fhéadfadh na heochracha a bheith nochta mar gheall ar earráid daonna.

D’fhéadfadh déantóirí cionta seachtracha nó inmheánacha na heochracha a ghoid.

D’fhéadfaí na heochracha a ríomh ag úsáid crioptanailíse.

D’fhonn na rioscaí a bhaineann le halgartam sínithe a fhaightear a bheith lag a mhaolú, rud a cheadaíonn do na heochracha príobháideacha a bheith i mbaol trí chrioptanailís, moltar sa tsonraíocht seo do gach rannpháirtí algartam sínithe tánaiste tacachumais a chur chun feidhme bunaithe ar pharaiméadair éagsúla nó ar fhadhb mhatamaiticiúil atá éagsúil ón bhfadhb phríomhúil.

Maidir leis na rioscaí a luaitear a bhaineann le timpeallachtaí oibriúcháin na n-eisitheoirí, ba cheart bearta maolaithe a chur chun feidhme chun rialú éifeachtach a áirithiú, amhail na heochracha príobháideacha a ghiniúint, a stóráil agus a úsáid i Modúil Slándála Chrua-earraí (HSManna). Moltar go mór HSManna a úsáid chun deimhnithe sláinte a shíniú.

Gan beann ar cibé a chinneann eisitheoir HSManna a úsáid nó gan iad a úsáid, ba cheart sceideal tar-rollta eochracha a bhunú i gcás ina bhfuil an mhinicíocht tarr-rollta eochracha comhréireach le neamhchosaint na n-eochracha ar líonraí seachtracha, córais eile agus pearsanra. Le sceideal tarr-rollta a roghnaíodh go maith, cuirtear srian leis na rioscaí a bhaineann le deimhnithe sláinte a eisíodh trí bhotún freisin, ag cur ar chumas eisitheora deimhnithe sláinte den sórt sin a aisghairm ina mbaisceanna, trí eochair a aistarraingt, más gá.

7.3.   Bailíochtú sonraí ionchuir

Féadfar na sonraíochtaí seo a úsáid ar bhealach a thugann le fios nuair a fhaightear sonraí ó fhoinsí neamhiontaofa i gcórais a d’fhéadfadh go mbainfeadh cineál misin-chriticiúil leo. D’fhonn na rioscaí a bhaineann leis an veicteoir ionsaithe seo a íoslaghdú, ní mór gach réimse ionchuir a bhailíochtú i gceart de réir cineálacha, faid agus ionchuir sonraí. Déanfar an síniú eisitheora a fhíorú freisin sula ndéanfar aon phróiseáil ar ábhar HCERT. Mar sin féin, tugtar le fios le bailíochtú Shíniú an eisitheora go ndearnadh an Ceanntásc Cosanta Eisitheora a pharsáil i dtosach, ina bhféadfadh ionsaitheoir féideartha iarracht a dhéanamh faisnéis a chur isteach a rinneadh agus a dearadh go cúramach chun slándáil an chórais a chur i mbaol.

8.   Bainistíocht Iontaoibhe

Éilítear eochair phoiblí chun síniú HCERT a fhíorú. Cuirfidh na Ballstáit na heochracha poiblí sin ar fáil. Ar deireadh, ní mór go mbeidh liosta de na heochracha poiblí uile ag gach fíoraitheoir, agus ní mór go mbeidh sé toilteanach iontaoibh a bheith aige as an liosta sin (mar níl an eochair phoiblí mar chuid de HCERT).

(Níl ach) dhá shraith sa chóras; maidir le gach Ballstát, deimhniú amháin nó níos mó ar an leibhéal tíre a síníonn gach ceann díobh Deimhniú Sínitheora Doiciméad amháin nó níos mó a úsáidtear in oibriúcháin laethúla.

Tugtar Údarás Deimhniúcháin na Tíre Sínithe (CSCAnna) ar na deimhnithe Ballstát agus is deimhnithe féin-shínithe iad (go hiondúil). Féadfaidh Ballstáit níos mó ná ceann amháin a bheith acu (mar shampla, i gcás díláraithe réigiúnaigh). Síníonn na deimhnithe CSCA sin na Deimhnithe Sínitheora Doiciméad (DSCanna) a úsáidtear chun HCERTanna a shíniú go tráthrialta.

Is ról feidhmiúil í an ‘Ardrúnaíocht’. Déanfaidh sí DSC na mBallstát a chomhiomlánú agus a fhoilsiú go thráthrialta, tar éis iad a fhíorú in aghaidh an liosta deimhnithe CSCA (a cuireadh in iúl agus a fíoraíodh ar mhodh eile).

Soláthróidh an liosta DSCanna a fhaightear dá bharr sin an tacar comhiomlán d’eochracha poiblí inghlactha (agus na kidanna comhfhreagracha) ansin ar féidir leis na fíoraitheoirí a úsáid chun na sínithe thar HCERTanna a bhailíochtú. Ní mór d’fhíoraitheoirí an liosta sin a fháil agus a nuashonrú go tráthrialta.

Féadfar liostaí Ballstát-sonracha den sórt sin a oiriúnú i ndáil le formáid le haghaidh a suímh náisiúnta féin. Dá réir sin, d’fhéadfadh go mbeadh éagsúlacht i bhformáid comhaid an liosta iontaoibhe sin, mar shampla d’fhéadfadh sé a bheith i bhformáid JWKS (formáid shocraithe de réir RFC 7517 (11), roinn 5) sínithe nó mar aon fhormáid eile atá sonrach don teicneolaíocht a úsáidtear sa Bhallstát sin.

D’fhonn simplíocht a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit a ndeimhnithe reatha CSCA óna gcórais ICAO eMRTD a chur isteach, nó mar a mhol EDS, córas a chruthú go sonrach don réimse sláinte seo.

8.1.   An tAitheantóir Eochrach (kidanna)

Déantar an t-aitheantóir eochrach (kid) a ríomh nuair atá liosta de na heochracha poiblí iontaofa ó DSCanna á chur le chéile agus is éard atá ann méarlorg giorraithe (na chéad 8 mbeart) SHA-256 de DSC ionchódaithe i bhformáid (amh) DER.

Ní gá d’fhíoraitheoirí kid a ríomh bunaithe ar an DSC agus is féidir leo an t-aitheantóir eochrach sa deimhniú sláinte eisithe a mheaitseáil go díreach leis an kid ar an liosta iontaoibhe.

8.2.   Éagsúlachtaí sa tsamhail iontaoibhe ICAO eMRTD PKI

Cé go ndearnadh aithris ar dhea-cleachtas shamhail iontaoibhe ICAO eMRTD PKI, déanfar roinnt rudaí a shimpliú ar mhaithe le luas:

Féadfaidh Ballstát deimhnithe iomadúla CSCA a chur isteach.

Féadfar tréimhse bhailíochta DSC (úsáid eochrach) a shocrú ag fad ar bith gan CSCA a shárú agus d’fhéadfadh sé a bheith in easnamh.

Féadfaidh aitheantóirí beartais (Úsáid Eochrach Shínte) atá sonrach de réir deimhnithe sláinte a bheith sa DSC.

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú gan aon fhíorú a dhéanamh ar aisghairmeacha foilsithe riamh; ach brath go hiomlán ar na liostaí DSC a fhaigheann siad ar bhonn laethúil ón Ardrúnaíocht nó a chuireann siad i dtoll a chéile iad féin.


(1)  rfc8392 (ietf.org)

(2)  rfc8152 (ietf.org)

(3)  rfc8230 (ietf.org)

(4)  rfc8392 (ietf.org)

(5)  rfc8392 (ietf.org)

(6)  rfc7159 (ietf.org)

(7)  rfc7049 (ietf.org)

(8)  Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19, IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(9)  rfc1950 (ietf.org)

(10)  rfc1951 (ietf.org)

(11)  rfc7517 (ietf.org)


IARSCRÍBHINN II

RIALACHA CHUN CRÍCHE DEIMHNIÚ DIGITEACH COVID AE A LÍONADH

Is é is aidhm leis na rialacha ginearálta a bhaineann leis na tacair luacha a bunaíodh san Iarscríbhinn seo idir-inoibritheacht ar leibhéal séimeantach a áirithiú agus ceadóidh siad cur chun feidhme teicniúil aonfhoirmeach do DCC. Féadfar gnéithe atá san Iarscríbhinn seo a úsáid le haghaidh trí shuíomh éagsúla (vacsaíniú/tástáil/téarnamh), mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2021/953. Ní liostaítear ach gnéithe lena mbaineann riachtanas caighdeánaithe shéimeantaigh trí thacair luacha códaithe san Iarscríbhinn seo.

Tá na Ballstáit freagrach as aistriúchán na ngnéithe códaithe chuig an teanga náisiúnta.

Maidir le gach réimse sonraí nach luaitear sna tuairiscí tacair luacha seo a leanas, moltar ionchódú UTF-8 (ainm, ionad tástála, eisitheoir deimhnithe). Moltar réimsí sonraí a bhfuil dátaí féilire iontu (dáta breithe, dáta an vacsaínithe, dáta bhailiú an tsampla tástála, dáta an chéad toraidh dhearfaigh ar thástáil NAAT, dátaí bailíochta deimhnithe) a ionchódú ag leanúint ISO 8601.

Má tharlaíonn sé, ar chúis ar bith, nach féidir na córais cód roghnaithe a liostaítear thíos a úsáid, féadfar córais cód idirnáisiúnta eile a úsáid agus ba cheart comhairle maidir le cóid a mhapáil ón gcóras cód eile chuig an gcóras cód roghnaithe a chur i bhfeidhm. Féadfar téacs (ainmneacha taispeána) a úsáid i gcásanna eisceachtúla mar shásra cúltaca nuair nach bhfuil cód oiriúnach ar fáil sna tacair luacha shainithe.

Ba cheart do na Ballstáit a úsáideann códú eile ina gcórais cóid den sórt sin a mhapáil chuig na tacair luacha a dtugtar tuairisc orthu. Tá na Ballstáit freagrach as aon mhapáil den sórt sin.

Déanfaidh an Coimisiún na tacair luacha a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta le tacaíocht ón Líonra ríomhShláinte agus ón gCoiste Slándála Sláinte. Déanfar na tacair luacha nuashonraithe a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin ábhartha an Choimisiúin, chomh maith le leathanach gréasáin an Líonra ríomhShláinte. Ba cheart stair athruithe a sholáthar.

1.   An galar nó an toibreán ar ar díríodh/An galar nó an toibreán ónar théarnaigh an sealbhóir: COVID-19 (SARS-CoV-2 nó ceann dá chuid athraitheach)

Córas Cód Roghnaithe: SNOMED CT.

Le húsáid i ndeimhnithe 1, 2 agus 3.

Tagróidh na cóid roghnaithe do COVID-19, nó, má theastaíonn faisnéis níos mionsonraithe ar an athraitheach géiniteach de SARS-CoV-2, do na hathraithigh sin má tá gá le faisnéis mhionsonraithe mar sin ar son cúiseanna eipidéimeolaíocha.

Is sampla é an cód SNOMED CT 840539006 (COVID-19) de chód ar cheart a úsáid.

2.   Vacsaín in aghaidh COVID-19 nó próifiolacsas in aghaidh COVID-19

Córas Cód Roghnaithe: SNOMED CT nó Rangú ATC.

Le húsáid i ndeimhniú 1.

Is sampla iad seo a leanas de chóid ar cheart a úsáid ó na córais cód roghnaithe: cód SNOMED CT 1119305005 (vacsaín antaigine SARS-CoV-2), 1119349007 (vacsaín teachtaire RNA SARS-CoV-2) nó J07BX03 (vacsaíní COVID-19). Ba cheart an tacar luacha a leathnú nuair a fhorbraítear cineálacha nua vacsaíní agus nuair a úsáidtear iad.

3.   Táirge íocshláinte vacsaíne in aghaidh COVID-19

Córas Cód Roghnaithe (san ord roghnaithe):

Clár an Aontais de tháirgí íocshláinte le haghaidh vacsaíní ag a bhfuil údarú uile-AE (uimhreacha údaraithe)

Clár vacsaíní domhanda amhail ceann a d’fhéadfadh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a bhunú

Ainm an táirge íocshláinte vacsaíne i gcásanna eile. Má tá spásanna bána san ainm, ba cheart fleiscín (-) a chur ina n-áit.

Ainm an Tacair Luacha: Vacsaín.

Le húsáid i ndeimhniú 1.

Is sampla é AE/1/20/1528 (Comirnaty) de chód ar cheart a úsáid ó na córais cód roghnaithe. Is sampla é seo ar ainm vacsaíne ar cheart a úsáid mar chód: Sputnik-V (ag seasamh le haghaidh Sputnik V).

4.   Sealbhóir an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne in aghaidh COVID-19 nó monaróir na vacsaíne in aghaidh COVID-19

Córas Cód Roghnaithe:

Cód eagraíochta ó EMA (córas SPOR le haghaidh ISO IDMP)

Clár domhanda sealbhóirí an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne nó clár monaróirí, amhail ceann a d’fhéadfadh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a bhunú

Ainm na heagraíochta i gcásanna eile. Má tá spásanna bána san ainm, ba cheart fleiscín (-) a chur ina n-áit.

Le húsáid i ndeimhniú 1.

Is sampla é ORG-100001699 (AstraZeneca AB) de chód ar cheart a úsáid ón gcóras cód roghnaithe. Is sampla é seo ar ainm eagraíochta ar cheart a úsáid mar chód: Sinovac-Biotech (ag seasamh le haghaidh Sinovac Biotech).

5.   Uimhir i sraith dáileog chomh maith le líon foriomlán na ndáileog sa tsraith

Le húsáid i ndeimhniú 1.

Dhá réimse:

(1)

Uimhir na dáileoige a thugtar i sraith

(2)

Líon dáileog beartaithe le haghaidh sraith iomlán (sonrach le haghaidh duine tráth na tabhartha)

Mar shampla, tabharfaidh 1/1, 2/2 le fios go bhfuil an tabhairt críochnaithe; lena n-áirítear rogha 1/1 le haghaidh vacsaíní ag a bhfuil dá dháileog ann dóibh, ach gurb é prótacal an Bhallstáit dáileog amháin a thabhairt do shaoránaigh a diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu roimh an vacsaíniú. Ba cheart an líon iomlán dáileog sa tsraith a chur in iúl de réir na faisnéise atá ar fáil tráth a thugtar an dáileog. Mar shampla, má éilítear an tríú hinstealladh (teanndáileog) tráth an insteallta is déanaí a tugadh, léireofar an t-eolas sin sa dara huimhir réimse (mar shampla 2/3, 3/3 etc.).

6.   An Ballstát nó an tríú tír inar tugadh an vacsaín/ina ndearnadh an tástáil

Córas Cód Roghnaithe: Cóid Tíre ISO 3166.

Le húsáid i ndeimhnithe 1, 2 agus 3.

Inneachar an tacair luacha: an liosta iomlán de chóid a bhfuil 2 litir iontu, atá ar fáil mar thacar luacha a shainítear in FHIR (http://hl7.org/fhir/ValueSet/iso3166-1-2)

7.   An cineál tástála

Córas Cód Roghnaithe: LOINC.

Le húsáid i ndeimhniú 2, agus i ndeimhniú 3 má thugtar tacaíocht le haghaidh eisiúint deimhnithe téarnaimh bunaithe ar chineálacha eile tástála seachas NAAT isteach trí ghníomh tarmligthe.

Tagróidh na cóid sa tacar luacha seo do mhodh na tástála agus roghnófar iad chun idirdhealú a dhéanamh idir tástálacha NAAT agus tástálacha RAT mar a léirítear i Rialachán (AE) 2021/953 ar a laghad.

Is sampla é LP217198-3 (imdhíonmheasúnacht thapa) de chód ar cheart a úsáid ón gcóras cód roghnaithe.

8.   Monaróir agus ainm trádála na tástála a úsáideadh (roghnach i gcás thástáil NAAT)

Córas Cód Roghnaithe: Liosta ó na Tástálacha Meara Antaiginí HSC mar a choimeádann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (Bunachar Sonraí Feistí Diagnóiseacha In Vitro COVID-19 agus Modhanna Tástála

Le húsáid i ndeimhniú 2.

Beidh san áireamh in inneachar an Tacair Luacha an rogha tástála mire antaiginí mar a liostaítear sa liosta comhchoiteann agus nuashonraithe de thástálacha meara antaiginí COVID-19, arna mbunú ar bhonn Mholadh 2021/C 24/01 ón gComhairle agus a d’aontaigh an Coiste Slándála Sláinte. Déanann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde an liosta a choimeád sa Bhunachar Sonraí Feistí Diagnóiseacha In Vitro COVID-19 agus Modhanna Tástála ag: https://covid-19-diagnostics.jrc.ec.europa.eu/devices/hsc-common-recognition-rat

Maidir leis an gcóras cód sin, úsáidfear gach réimse ábhartha amhail aitheantóir na feiste, ainm agus monaróir na tástála, de réir fhormáid struchtúrtha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde atá ar fáil ag https://covid-19-diagnostics.jrc.ec.europa.eu/devices

9.   Toradh na tástála

Córas Cód Roghnaithe: SNOMED CT.

Le húsáid i ndeimhniú 2.

Ceadóidh na cóid a roghnófar idirdhealú idir torthaí tástála dearfacha agus diúltacha (braitheadh nó níor braitheadh). Féadfar luachanna breise (cuir i gcás neamhchinntithe) a chur leis má éilíonn na cásanna úsáide é.

Is sampla iad 260415000 (Níor braitheadh) agus 260373001 (Braitheadh) de chóid ar cheart a úsáid ón gcóras cód roghnaithe.


IARSCRÍBHINN III

STRUCHTÚR COMHCHOITEANN AITHEANTÓIR UATHÚIL AN DEIMHNITHE

1.   Réamhrá

Beidh aitheantóir uathúil deimhnithe (UCI) san áireamh le gach Deimhniú Digiteach COVID AE (DCC), agus tacóidh sé sin le hidir-inoibritheacht DCCanna. Féadfar UCI a úsáid chun an deimhniú a fhíorú. Beidh na Ballstáit freagrach as UCI a chur chun feidhme. Is modh le fírinneacht an deimhnithe a fhíorú agus, i gcás inarb infheidhme, lena nascadh le córas cláraithe (mar shampla, IIS) atá in UCI. Cumasóidh na haitheantóirí (agus iad ar páipéar agus digiteach) dearbhuithe ó na Ballstáit go bhfuair daoine aonair vacsaín nó gur tástáladh iad.

2.   Comhdhéanamh an aitheantóra deimhnithe uathúil

Leanfaidh UCI struchtúr agus formáid chomhchoiteann a éascaíonn léirmhínitheacht dhaonna agus/nó meaisíní na faisnéise agus d’fhéadfadh go mbainfeadh sé le gnéithe amhail an Ballstát vacsaínithe, an vacsaín féin agus aitheantóir sonrach Ballstáit. Áirithíonn sé solúbthacht ionas go mbeidh na Ballstáit in ann é a fhormáidiú, agus meas iomlán ar reachtaíocht maidir le cosaint sonraí. Leanann ord na ngnéithe ar leith ordlathas sainithe is féidir leasuithe ar na bloic sa todhchaí a éascú a fhad agus a choinnítear a shláine struchtúrach.

Déanfaidh na réitigh fhéideartha le haghaidh comhdhéanamh UCI speictream ina bhfuil an mhódúlacht agus an léirmhínitheacht dhaonna ar an dá phríomhpharaiméadar éagsúlaithe agus an t-aon saintréith bhunúsach.

Modúlacht: a mhéid atá an cód comhdhéanta de bhloic thógála ar leith ina bhfuil faisnéis atá difriúil ó thaobh na séimeantaice de

Léirmhínitheacht dhaonna: a mhéid atá brí le cód nó ar féidir le léitheoir daonna ciall a bhaint as

Uathúil go domhanda; déantar bainistíocht mhaith ar an aitheantóir Tíre nó Údaráis; agus táthar ag súil go déanfaidh gach tír (údarás) bainistíocht mhaith ar a deighleog den ainmspás gan aitheantóirí a athchúrsáil ná a atheisiúint riamh. Áirithíonn an meascán sin go bhfuil gach aitheantóir uathúil go domhanda.

3.   Ceanglais Ghinearálta

Ní mór na ceanglais uileghabhálacha seo a leanas a chomhlíonadh maidir le UCI:

(1)

Tacar carachtar: ní cheadaítear ach carachtair alfa-uimhriúla US-ASCII (‘A’ go ‘Z’, ‘0’ go ‘9’) le carachtair speisialta le haghaidh dealú ó RFC3986 (1) (2), eadhon {’/’,’#’,’:’};

(2)

Fad uasta: ba cheart do dhearthóirí iarracht a dhéanamh fad de 27-30 carachtar a bhaint amach (3);

(3)

Réimír leagain: tagraíonn sé sin do leagan an scéimre UCI. Is é ‘01’ an réimír leagain don leagan seo den doiciméad; tá dhá dhigit sa réimír leagain;

(4)

Réimír tíre: sonraítear an réimír tíre le ISO 3166-1. Coimeádtar cóid níos faide (e.g. 3 charachtar agus níos mó, mar shampla ‘UNHCR’) le húsáid sa todhchaí;

(5)

Iarmhír cóid/Suim sheiceála:

5.1.

Ba cheart do na Ballstáit suim sheiceála a úsáid nuair is dócha go dtarlódh tarchur, tras-scríbhinn (daonna) nó truailliú eile (is é sin nuair a úsáidtear an fhormáid phriontáilte).

5.2.

Níor cheart a bheith ag brath ar an tsuim sheiceála amháin chun an deimhniú a bhailíochtú agus níl sí mar chuid den aitheantóir go teicniúil ach úsáidtear í chun sláine an chóid a fhíorú. Ba cheart an achoimre ISO-7812-1 (LUHN-10) (4) ar UCI iomlán i bhformáid iompair dhigiteach/sreinge a bheith mar an tsuim sheiceála. Tá an tsuim sheiceála scartha ón gcuid eile de UCI le carachtar ’#’.

Ba cheart comhoiriúnacht droim ar ais a áirithiú: ní mór do Bhallstáit a athraíonn struchtúr a n-aitheantóirí thar am (laistigh den phríomhleagan, atá socruithe ag v1 faoi láthair) a áirithiú go léiríonn aon dá aitheantóir atá díreach mar an gcéanna an deimhniú/dearbhú vacsaínithe céanna. Nó, i bhfocail eile, ní féidir leis na Ballstáit aitheantóirí a athchúrsáil.

4.   Roghanna le haghaidh aitheantóirí deimhnithe uathúla i gcomhair deimhnithe vacsaínithe

Déantar foráil maidir le roghanna éagsúla atá ar fáil do na Ballstáit agus do pháirtithe eile a d’fhéadfadh a bheith ann i measc Ballstát éagsúla i (5) dtreoirlínte an Líonra ríomhShláinte maidir le deimhnithe vacsaínithe infhíoraithe agus bunghnéithe idir-inoibritheachta. Féadfaidh na Ballstáit roghanna éagsúla den sórt sin a úsáid i leaganacha difriúla de scéimre UCI.


(1)  rfc3986 (ietf.org)

(2)  D’fhéadfadh nach mbeadh gá le réimsí amhail Inscne, Uimhir baisce/luchtóige, Lárionad tabhartha, Aitheantas Gairmí Sláinte, An chéad dáta vacsaínithe eile, ach chun críche úsáide leighis amháin.

(3)  Maidir le cóid QR a chur chun feidhme, d’fhéadfadh na Ballstáit sraith bhreise carachtar, suas le fad iomlán 72 charachtar (lena n-áirítear an t-aitheantóir 27-30 carachtar féin), a bhreithniú le cur leis d’fhonn faisnéis eile a chur in iúl. Is iad na Ballstáit atá freagrach as sainiú na faisnéise sin.

(4)  Is síneadh é an t-algartam ‘Luhn mod N’ d’algartam Luhn (a dtugtar algartam ‘mod 10’ air freisin) a oibríonn le haghaidh cóid uimhriúla agus úsáidtear é chun suim sheiceála cártaí creidmheasa a ríomh, mar shampla. Ceadaíonn an síneadh sin don algartam oibriú le seichimh luachanna in aon bhonn (carachtair alfa-uimhriúla sa chás seo).

(5)  https://ec.europa.eu/health/sites/default/files/ehealth/docs/vaccination-proof_interoperability-guidelines_en.pdf


IARSCRÍBHINN IV

RIALÚ DEIMHNITHE EOCHRACH POIBLÍ

1.   Réamhrá

Is trí Thairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE (DCCG), a ghníomhaíonn mar stór lárnach do na heochracha poiblí, a dhéantar eochracha sínithe le haghaidh Deimhnithe Digiteacha COVID AE (DCCanna) a mhalartú go slán agus go hiontaofa idir na Ballstáit. Le DCCG, cumhachtaítear na Ballstáit leis na heochracha poiblí a chomhfhreagraíonn do na heochracha príobháideacha a úsáideann siad chun deimhnithe COVID a shíniú a fhoilsiú. Féadfaidh na Ballstáit atá ag brath DCCG a úsáid le hábhar cothrom le dáta a fháil ar eochracha poiblí ar bhonn tráthúil. Ina dhiaidh sin, féadfar DCCG a leathnú chun faisnéis bhreise iontaofa a sholáthraíonn na Ballstáit, amhail rialacha bailíochtúcháin le haghaidh DCCanna, a mhalartú. Is é Bonneagar Eochrach Poiblí (PKI) an tsamhail iontaoibhe de chreat DCC. Coinníonn gach Ballstáit Údarás Deimhniúcháin na Tíre Sínithe (CSCA) amháin, nó níos mó, ar bun agus baineann tréimhse sách fada le bailíocht na ndeimhnithe a eisíonn an t-údarás (na húdaráis) sin. I ndiaidh cinneadh ón mBallstát, féadfaidh CSCA a bheith mar CSCA mar a úsáideadh le haghaidh doiciméid iompair inléite ag meaisín, nó a bheith éagsúil ó CSCA mar sin. Eisíonn CSCA deimhnithe eochrach poiblí le haghaidh Sínitheoirí Doiciméad náisiúnta gearrshaolacha (i.e. sínitheoirí le haghaidh DCCanna), a dtugtar Deimhnithe Sínitheora Doiciméad (DSCanna) orthu. Gníomhaíonn CSCA mar chúltaca iontaofa ar bhealach is féidir leis na Ballstáit atá ag brath an deimhniú CSCA a úsáid chun barántúlacht agus sláine na DSCanna a athraíonn go tráthrialta a bhailíochtú. Nuair a bhailíochtaítear iad, féadfaidh na Ballstáit na deimhnithe sin (nó na heochracha poiblí atá le fáil iontu amháin) a sholáthar dá bhfeidhmeanna bailíochtaithe DCC. Seachas CSCAnna agus DSCanna, bíonn DCCG ag brath freisin ar PKI le hidirbhearta a fhíordheimhniú agus sonraí a shíniú mar an bonn fíordheimhniúcháin agus mar mhodh le sláine na gcainéal cumarsáide idir na Ballstáit agus DCCG a áirithiú.

Is féidir sínithe digiteacha a úsáid chun sláine agus barántúlacht sonraí a bhaint amach. Bunaítear iontaoibh le Bonneagair Eochrach Poiblí trí eochracha poiblí a cheangal le céannachtaí (nó eisitheoirí) fíoraithe. Tá gá leis sin chun go mbeidh rannpháirtithe eile in ann bunús na sonraí agus céannacht an pháirtithe cumarsáide a fhíorú chun cinneadh a dhéanamh faoi iontaofacht. In DCCG, úsáidtear deimhnithe eochrach poiblí iolracha ar mhaithe le barántúlacht. Sainítear cibé deimhnithe eochrach poiblí a úsáidtear agus conas a dhearfar iad san Iarscríbhinn seo d’fhonn idir-inoibritheacht leathan i measc na mBallstát a cheadú. Soláthraíonn sé tuilleadh sonraí ar na deimhnithe eochrach poiblí is gá agus tugann sé treoir ar theimpléid deimhnithe agus tréimhsí bailíochta le haghaidh na mBallstát ar mian leo CSCA dá gcuid féin a fheidhmiú. Ós rud é go mbeidh DCCanna infhíoraithe le haghaidh tréimhse shainithe (ag tosú ón dáta eisiúna, agus a rachaidh in éag tar éis tréimhse áirithe a shonraítear), is gá samhail fíorúcháin a shainiú le haghaidh gach sínithe a chuirtear i bhfeidhm ar na deimhnithe eochrach poiblí agus DCCanna.

2.   Téarmaíocht

Tá giorrúcháin agus téarmaíocht a úsáidtear san Iarscríbhinn seo le fáil sa tábla seo a leanas.

Aibíochta

Sainmhíniú

Deimhniú

Nó deimhniú eochrach poiblí. Deimhniú X.509 v3 a bhfuil eochair phoiblí eintitis ann

CSCA

Údarás Deimhniúcháin na Tíre Sínithe

DCC

Deimhniú Digiteach COVID AE Doiciméad digiteach sínithe a bhfuil faisnéis vacsaínithe, tástála nó téarnaimh ann

DCCG

Tairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE Úsáidtear an córas sin chun DSCanna a mhalartú idir na Ballstáit

DCCGTA

Deimhniú Chúltaca Iontaoibhe DCCG. Úsáidtear an eochair phríobháideach chomhfhreagrach chun an liosta de gach deimhniú CSCA a shíniú as líne

DCCGTLS

Deimhniú freastalaí TLS de chuid DCCG

DSC

Deimhniú Sínitheora Doiciméad Deimhniú Eochrach Poiblí de chuid údaráis sínithe doiciméad Ballstáit (mar shampla, córas a cheadaítear le DCCanna a shíniú). Eisíonn CSCA an Bhallstáit an deimhniú sin

EC-DSA

Algartam Sínithe Dhigitigh Cuair Éilipsigh Algartam sínithe cripteagrafach atá bunaithe ar chuair éilipseacha

Ballstát

Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh

mTLS

TLS frithpháirteach. Prótacal Slándála Shraith an Iompair le fíordheimhniú frithpháirteach

NB

Cúl náisiúnta de chuid Ballstáit

NBCSCA

Deimhniú CSCA de chuid Ballstáit (d’fhéadfadh ní ba mhó dá ceann amháin a bheith ann)

NBTLS

Deimhniú barántúlachta cliaint TLS de chuid cúil náisiúnta

NBUP

Deimhniú a úsáideann cúl náisiúnta chun pacáistí sonraí a uaslódáiltear chuig DCCG a shíniú

PKI

Bonneagar Eochrach Poiblí Samhail iontaoibhe bunaithe ar dheimhnithe eochrach poiblí agus údaráis deimhniúcháin

RSA

Algartam cripteagrafach neamhshiméadrach bunaithe ar fhachtóiriú slánuimhreacha a úsáidtear le haghaidh sínithe digiteacha nó criptiúchán neamhshiméadrach

3.   Sreafaí cumarsáide agus seirbhísí slándála DCCG

Tugtar forbhreathnú sa roinn seo ar shreafaí cumarsáide agus seirbhísí slándála i gcóras DCCG. Sainítear ann freisin cibé na heochracha agus na deimhnithe a úsáidtear chun cumarsáid, an fhaisnéis uaslódáilte, DCCanna agus liosta iontaoibhe sínithe de gach deimhniú CSCA ionduchtaithe a chosaint. Oibríonn DCCG mar mhol sonraí a éascaíonn malartú pacáistí sonraí sínithe le haghaidh na mBallstát.

Soláthraíonn DCCG na pacáistí sonraí uaslódáilte ‘mar atá siad’, rud a chiallaíonn nach gcuireann DCCG DSCanna leis na pacáistí a fhaigheann sé ná nó nach scriosann sé DSCanna ó na pacáistí a fhaigheann sé. Déanfar cúl náisiúnta (NB) na mBallstát a chumasú le sláine agus barántúlacht ó cheann go ceann na sonraí uaslódáilte a fhíorú. Thairis sin, úsáidfidh cúil náisiúnta agus DCCS fíordheimhniú frithpháirteach TLS chun nasc slán a bhunú. Tá sé sin sa bhreis ar na sínithe sna sonraí malartaithe.

3.1.   Fíordheimhniú agus bunú naisc

Úsáideann DCCG Slándáil Shraith an Iompair (TLS) le fíordheimhniú frithpháirteach chun cainéal fíordheimhnithe criptithe a bhunú idir cúl náisiúnta (NB) an Bhallstáit agus timpeallacht na Tairsí. Dá bhrí sin, tá deimhniú freastalaí TLS i seilbh ag DCCG, a ghiorraítear mar DCCGTLS, agus tá deimhniú cliaint TLS i seilbh ag an gcúl náisiúnta – a ghiorraítear mar NBTLS. Soláthraítear teimpléid deimhnithe i Roinn 5 Is féidir le gach cúl náisiúnta a dheimhniú TLS féin a sholáthar. Cuirfear an deimhniú sin ar gheal-liosta go sainráite agus dá réir sin féadfaidh údarás deimhniúcháin a bhfuil iontaoibh ag an bpobal as é a eisiúint (mar shampla, údarás deimhniúcháin a leanann ceanglais bhonnlíne an Fhóraim Brabhsálaí CA), nó féadfaidh údarás náisiúnta deimhniúcháin é a eisiúint nó féadfar é a fhéinsíniú. Tá gach Ballstát freagrach as a chuid sonraí náisiúnta agus as an eochair phríobháideach a úsáidtear chun an nasc a bhunú le DCCG a chosaint. Éilítear próiseas clárúcháin agus aitheantais dea-shainithe leis an gcur chuige ‘tabhair leat do dheimhniú féin’ chomh maith le nósanna imeachta cúlghairme agus athnuachana ar a dtugtar tuairisc i ranna 4.1 , 4.2 agus 4.3. Úsáideann DCCG geal-liosta i gcás ina gcuirtear deimhnithe TLS na gCúl Náisiúnta leo tar éis iad a chlárú go rathúil. Ní féidir ach le Cúil Náisiúnta a dhéanann iad féin a fhíordheimhniú le heochair phríobháideach a chomhfhreagraíonn do dheimhniú ón ngeal-liosta nasc slán a bhunú le DCCG. Bainfidh DCCG úsáid freisin as deimhniú TLS lena ligtear do Chúil Náisiúnta a fhíorú go bhfuil siad go deimhin ag bunú naisc leis an ‘bhfíor’-DCCG agus ní le heintiteas éigin atá ag iarraidh díobháil a dhéanamh a ligeann air féin gur DCCG atá ann. Soláthrófar an deimhniú DCCG do na Cúil Náisiúnta tar éis clárú rathúil. Eiseofar an deimhniú DCCGTLS ó Údarás Deimhniúcháin a bhfuil iontaoibh ag an bpobal as (a chuimsítear i ngach mórbhrabhsálaí). Tá sé mar chúram ar na Ballstáit a fhíorú go bhfuil a nasc le DCCG slán (mar shampla, trí mhéarlorg dheimhniú DCCGTLS an fhreastalaí a bhfuiltear nasctha leis a sheiceáil in aghaidh an ceann a soláthraíodh tar éis clárú).

3.2.   Údaráis Deimhniúcháin na Tíre Sínithe agus Samhail Bhailíochtaithe

Ní mór do na Ballstáit a bheidh páirteach sa chreat DCCG CSCA a úsáid chun DSCanna a eisiúint. Féadfaidh níos mó ná CSCA amháin a bheith ag na Ballstáit, i gcás dílárú réigiúnach, mar shampla. Is féidir le gach Ballstát údaráis deimhniúcháin atá ann cheana a úsáid nó is féidir leo údarás deimhniúcháin thiomnaithe (b’fhéidir féinsínithe) a bhunú le haghaidh an chórais DCC.

Ní mór do Bhallstáit a ndeimhniú/ndeimhnithe CSCA a thíolacadh don oibreoir DCCG i rith an nóis imeachta ionduchtaithe oifigiúil. Tar éis an Ballstát a chlárú go rathúil (féach roinn 4.1 chun tuilleadh sonraí a fháil), tabharfaidh an t-oibreoir DCCG liosta iontaoibhe sínithe cothrom le dáta, liosta ina mbeidh gach deimhniú CSCA atá gníomhach sa chreat DCC. Úsáidfidh an t-oibreoir DCCG eochairphéire neamhshiméadrach tiomnaithe chun an liosta iontaoibhe agus na deimhnithe a shíniú i dtimpeallacht as líne. Ní stórálfar an eochair phríobháideach ar chóras ar líne DCCG, sa chaoi is má chuirtear an córas ar líne i mbaol nach gcuireann sé sin ar a chumas d’ionsaitheoir an liosta iontaoibhe a chur i mbaol. Soláthrófar an deimhniú cúltaca iontaofa DCCG TA comhfhreagrach do na cúil náisiúnta i rith an phróisis ionduchtaithe.

Is féidir leis na Ballstáit an liosta iontaoibhe a aisghabháil ó DCCG le haghaidh a nósanna imeachta fíorúcháin. Sainítear CSCA mar an t-údarás deimhniúcháin a eisíonn DSCanna, mar sin ní mór do na Ballstáit a úsáideann ordlathas CA ilsraithe (mar shampla, Fréamh CA -> CSCA -> DSCanna) an t-údarás deimhniúcháin sóisearach a eisíonn DSCanna a sholáthar. Sa chás sin, má úsáideann Ballstát údarás deimhniúcháin atá ann cheana, ansin déanfaidh an córas DCC neamhaird d’aon rud os cionn CSCA agus ní chuirfidh siad ach CSCA ar an ngeal-liosta mar an cúltaca iontaoibhe (cé gur údarás deimhniúcháin sóisearach é). Tá sé sin cosúil leis an tsamhail ICAO, nach gceadaíonn ach díreach dhá leibhéal – ‘fréamh’-CSCA agus DSC le ‘duille’ a shíníonn an CSCA sin amháin.

I gcás ina n-oibríonn Ballstát a CSCA féin, tá an Ballstát freagrach as oibríocht shlán agus as príomhbhainistíocht an údaráis deimhniúcháin sin. Bíonn CSCA mar chúltaca iontaofa do DSCanna, agus dá bhrí sin tá sé fíor-riachtanach go dtabharfaí cosaint d’eochair phríobháideach CSCA ar mhaithe le sláine na timpeallachta DCC. Is í an tsamhail fíorúcháin in PKI de chuid DCC an tsamhail bhlaoisce, ina luaitear nach mór do gach deimhniú i mbailíochtú an chosáin deimhnithe a bheith bailí ag tráth ar leith (i.e. tráth bhailíochtú an tsínithe). Dá bhrí sin, beidh feidhm ag na srianta seo a leanas:

Ní eiseoidh CSCA deimhnithe a bheidh bailí níos faide ná an deimhniú CA féin;

Ní shíneoidh an sínitheoir doiciméad doiciméid a bheidh bailí níos faide ná DSC féin;

Ní mór do na Ballstáit a oibríonn a CSCA féin tréimhsí bailíochta a shainiú dá CSCA agus gach deimhniú a eiseofar agus ní mór dóibh cúram a ghlacadh as athnuachan na ndeimhnithe.

Tá moltaí i roinn 4.2 maidir le tréimhsí bailíochta.

3.3.   Sláine agus barántúlacht na sonraí a uaslódálfar

Is féidir leis na cúil náisiúnta DCCG a úsáid chun pacáistí sonraí atá sínithe go leictreonach a uaslódáil agus a íoslódáil tar éis fíordheimhniú rathúil frithpháirteach. Bíonn DSCanna na mBallstát sna pacáistí sonraí sin ar dtús báire. An t-eochairphéire a úsáideann an cúl náisiúnta le haghaidh shíniú leictreonach na bpacáistí sonraí a uaslódáiltear sa chóras DCCG, tugtar eochairphéire sínithe i gcomhair uaslódála chuig an gcúl náisiúnta ar an eochairphéire sin agus giorraítear an deimhniú eochrach poiblí comhfhreagrach le deimhniú NBUP. Tugann gach Ballstát a dheimhniú NBUP féin leis, ar féidir leis féin é a shíniú, nó is féidir le húdarás deimhniúcháin atá i bhfeidhm cheana é a eisiúint, amhail údarás deimhniúcháin poiblí (i.e. údarás deimhniúcháin a eisíonn deimhniú i gcomhréir le ceanglais bhonnlíne Fhóram CAB). Beidh an deimhniú NBUP difriúil le haon deimhniú eile a bhíonn á úsáid ag an mBallstát (i.e. CSCA, cliant TLS nó DSCanna).

Ní mór do na Ballstáit an deimhniú uaslódála a sholáthar don oibreoir DCCG i rith an nóis imeachta clárúcháin tosaigh (féach Roinn 4.1 chun tuilleadh sonraí a fháil). Tá gach Ballstát freagrach as a shonraí náisiúnta agus ní mór dó cosaint a thabhairt don eochair phoiblí a úsáidtear chun na huaslódálacha a shíniú.

Is féidir leis na Ballstáit eile na pacáistí sonraí sínithe a fhíorú ag úsáid na ndeimhnithe uaslódála a sholáthraíonn DCCG. Fíoraíonn DCCG barántúlacht agus sláine na sonraí uaslódáilte leis an deimhniú uaslódála NB sula soláthraítear iad do na Ballstáit eile.

3.4.   Ceanglais maidir le hailtireacht theicniúil DCCG

Is mar a leanas atá na ceanglais maidir le hailtireacht theicniúil DCCG:

Úsáideann DCCG fíorúchán TLS frithpháirteach chun nasc criptithe fíordheimhnithe a bhunú leis na Cúil Náisiúnta. Dá bhrí sin, coinníonn DCCG geal-liosta de dheimhnithe cliant NBTLS cláraithe;

Úsáideann DCCG dhá dheimhniú dhigiteacha (DCCGTLS agus DCCGTA) a bhfuil dhá eochairphéire ar leith ag gabháil leo. Coinnítear eochair phríobháideach eochairphéire DCCGTA as líne (ní ar na comhpháirteanna ar líne de DCCG);

Coinníonn DCCG liosta iontaoibhe de dheimhnithe NBCSCA atá sínithe le heochair phríobháideach DCCGTA;

Ní mór do na sifir a úsáidtear na ceanglais ó Roinn 5.1 a chomhlíonadh.

4.   Bainistíocht Shaolré an Deimhnithe

4.1.   Clárú na gCúl Náisiúnta

Ní mór do na Ballstáit clárú leis an oibreoir DCCG chun a bheith páirteach sa chóras DCCG. Tugtar tuairisc sa roinn seo ar an nós imeachta teicniúil agus oibríochta nach mór a chomhlíonadh chun cúl náisiúnta a chlárú.

Ní mór don oibreoir DCCG agus don Bhallstát faisnéis a mhalartú faoi theagmhálaithe teicniúla don phróiseas ionduchtaithe. Glactar leis go bhfuil na teagmhálaithe teicniúla dlisteanaithe ag a mBallstáit agus go ndéantar aitheantas/fíordheimhniú ar chainéil eile. Mar shampla, is féidir fíordheimhniú a bhaint amach nuair a sholáthraíonn teagmhálaí teicniúil Ballstáit na deimhnithe mar chomhaid atá criptithe le pasfhocal trí ríomhphost agus nuair a chomhroinneann sé an pasfhocal comhfhreagrach leis an oibreoir DCCG ar an teileafón. Féadfar cainéil shlána eile a bheidh sainithe ag an oibreoir DCCG a úsáid freisin.

Ní mór don Bhallstát trí dheimhniú dhigiteacha a sholáthar i rith an phróisis clárúcháin agus aitheantais:

Deimhniú TLS NBTLS an Bhallstáit

Deimhniú uaslódála NBUP an Bhallstáit

Deimhniú/deimhnithe CSCA NBCSCA an Bhallstáit

Ní mór do gach deimhniú a sholáthraítear cloí leis na ceanglais a shainítear i Roinn 5. Fíoróidh an t-oibreoir DCCG go gcloíonn an deimhniú a sholáthraítear le ceanglais Roinn 5. Tar éis an aitheantais agus an chlárúcháin, déanfaidh an t-oibreoir DCCG na nithe a leanas:

cuirfidh sé an deimhniú/na deimhnithe NBCSCA leis an liosta iontaoibhe arna shíniú leis an eochair phríobháideach a chomhfhreagraíonn don eochair phoiblí DCCGTA;

cuirfidh sé an deimhniú NBTLS leis an ngeal-liosta de chríochphointe DCCG TLS;

cuirfidh sé an deimhniú NBUP leis an gcóras DCCG;

soláthróidh sé an deimhniú eochrach poiblí DCCGTA agus DCCGTLS don Bhallstát.

4.2.   Údaráis deimhniúcháin, tréimhsí bailíochta agus athnuachan

I gcás inar mian le Ballstát CSCA dá chuid féin a oibriú, is féidir leis na deimhnithe CSCA a bheith ina ndeimhnithe féinsínithe. Feidhmíonn siad mar chúltaca iontaofa de chuid an Bhallstáit agus dá bhrí sin ní mór don Bhallstát an eochair phríobháideach a chomhfhreagraíonn d’eochair phoiblí an deimhnithe CSCA a chosaint go láidir. Moltar go n-úsáidfeadh na Ballstáit córas as líne dá CSCA, i.e. córas ríomhairí nach bhfuil nasctha le haon líonra. Úsáidfear rialúchán ildaoine chun an córas a rochtain (mar shampla, ag leanúint phrionsabal na gceithre shúil). Tar éis DSCanna a shíniú, cuirfear rialúcháin oibríochtúla i bhfeidhm agus déanfar an córas ina gcoinnítear an eochair phríobháideach CSCA a stóráil go sábháilte le rialúcháin rochtana láidre. Is féidir Modúil Shlándála Chrua-earraí nó Cártaí Cliste a úsáid chun cosaint bhreise a thabhairt don eochair phríobháideach CSCA. Tá tréimhse bhailíochta ag gabháil leis na deimhnithe digiteacha a fhorfheidhmíonn athnuachan an deimhnithe. Is gá athnuachan a dhéanamh chun eochracha cripteagrafacha as an nua a úsáid agus chun méideanna eochrach a oiriúnú nuair a chuireann feabhsúcháin nua sa ríomhaireacht nó ionsaithe nua slándáil an algartaim chripteagrafaigh a úsáidtear i mbaol. Beidh feidhm leis an tsamhail bhlaoisce (féach Roinn 3.2).

Moltar na tréimhsí bailíochta seo a leanas, ag glacadh le bailíocht bliana le haghaidh na ndeimhnithe digiteacha COVID:

CSCA: 4 bliana

DSC: 2 bhliain

Uaslódáil: 1–2 bhliain

Fíordheimhniú Cliaint TLS: 1–2 bhliain

Ar mhaithe le hathnuachan thráthúil, moltar na tréimhsí úsáide seo a leanas le haghaidh na n-eochracha príobháideacha:

CSCA: 1 bhliain

DSC: 6 mhí

Ní mór do na Ballstáit deimhnithe nua uaslódála agus deimhnithe TLS a chruthú go tráthúil, mar shampla, mí amháin, roimh dóibh dul in éag d’fhonn oibríocht chomhréidh a cheadú. Ba cheart deimhnithe CSCA agus DSCanna a athnuachan mí amháin ar a laghad sula dtagann deireadh le húsáid na heochrach príobháidí (ag cur na nósanna imeachta oibríochta is gá san áireamh). Ní mór do na Ballstáit deimhnithe CSCA, uaslódála agus TLS cothrom le dáta a sholáthar don oibreoir DCCG. Bainfear deimhnithe éagtha ón ngeal-liosta agus ón liosta iontaoibhe.

Ní mór do na Ballstáit agus don oibreoir DCCG súil a choimeád ar bhailíocht a ndeimhnithe féin. Níl aon eintiteas lárnach a choimeádann taifead ar bhailíocht na ndeimhnithe agus a chuireann na rannpháirtithe ar an eolas.

4.3.   Deimhnithe a chúlghairm

Go ginearálta, is féidir lena CA eisiúna na deimhnithe digiteacha a chúlghairm trí úsáid a bhaint as liostaí cúlghairme deimhnithe nó Freagróir Prótacail Stádais Deimhniúcháin Ar Líne (OCSP). Ba cheart do CSCAnna le haghaidh an chórais DCC liostaí cúlghairme deimhnithe (CRLanna) a sholáthar. Fiú mura n-úsáideann Ballstáit eile na CRLanna sin, ba cheart iad a chomhtháthú lena gcur i bhfeidhm sa todhchaí. I gcás ina gcinneann CSCA gan CRLanna a sholáthar, ní mór na DSCanna de chuid CSCA mar sin a athnuachan nuair a éireoidh CRLanna éigeantach. Níor cheart d’fhíoraitheoirí OCSP a úsáid chun DSCanna a fhíorú agus ba cheart dóibh CRLanna a úsáid. Moltar go ndéanfadh an cúl náisiúnta an bailíochtú is gá ar DSCanna a uaslódáiltear ón Tairseach DCC agus nach gcuirfí ach tacar DSC iontaofa agus bailíochtaithe ar aghaidh chuig bailíochtóirí náisiúnta DCC. Níor cheart do bhailíochtóirí DCC aon seiceáil aisghairme a dhéanamh ar DSC ina bpróiseas bailíochtaithe. Cúis amháin atá leis sin is ea chun príobháideachas sealbhóirí DCC a chosaint trí aon seans gur féidir le freagróir OCSP comhlachaithe faireachán a dhéanamh ar úsáid aon DSC ar leith a sheachaint.

Is féidir leis na Ballstáit a DSCanna a bhaint óna DCCG as a stuaim féin ag úsáid deimhnithe uaslódála agus TLS bailí. Nuair a bhaintear DSC ciallaíonn sé sin go n-éireoidh gach DCC a eisíodh leis an DSC sin neamhbhailí nuair a gheobhaidh na Ballstáit na liostaí DSC atá tugtha cothrom le dáta. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí cosaint don ábhar atá sna heochracha príobháideacha a chomhfhreagraíonn do DSCanna. Ní mór do na Ballstáit an t-oibreoir DCCG a chur ar an eolas nuair a chaithfidh siad deimhnithe uaslódála nó TLS a chúlghairm, i ngeall ar an gcúl náisiúnta a chur i mbaol, mar shampla. Is féidir leis an oibreoir DCCG an iontaoibh don deimhniú dá ndéantar difear a bhaint ansin, trína bhaint ón ngeal-liosta TLS, mar shampla. Is féidir leis an oibreoir DCCG na deimhnithe uaslódála a bhaint as an mbunachar sonraí DCCG. Beidh pacáistí arna síniú leis an eochair phríobháideach a chomhfhreagraíonn don deimhniú uaslódála sin neamhbhailí nuair a bhainfidh cúil náisiúnta iontaoibh an deimhnithe uaslódála aisghairme. I gcás nach mór deimhniú CSCA a chúlghairm, cuirfidh na Ballstáit an t-oibreoir DCCG ar an eolas chomh maith leis na Ballstáit eile a bhfuil caidrimh iontaoibhe acu leo. Eiseoidh an t-oibreoir DCCG liosta nua iontaoibhe i gcás nach bhfuil an deimhniú dá ndearnadh difear ann níos mó. Éireoidh gach DSC arna n-eisiúint ag CSCA mar sin neamhbhailí nuair a thabharfaidh Ballstáit stór iontaofa a gcúil náisiúnta cothrom le dáta. I gcás nach mór an deimhniú DCCGTLS nó an deimhniú DCCGTA a chúlghairm, ní mór don oibreoir DCCG agus do na Ballstáit oibriú le chéile chun nasc nua iontaofa TLS agus liosta iontaoibhe nua a bhunú.

5.   Teimpléid Deimhnithe

Leagtar amach ceanglais chripteagrafacha agus treoraíocht sa roinn seo chomh maith le ceanglais maidir le teimpléid deimhnithe. Le haghaidh na ndeimhnithe DCCG, sainmhínítear na teimpléid deimhnithe sa roinn seo.

5.1.   Ceanglais chripteagrafacha

Déanfar algartaim chripteagrafacha agus svuíteanna sifir TLS a roghnú bunaithe ar an moladh reatha ó Oifig Fheidearálach na Gearmáine um Shlándáil Faisnéise (BSI) nó SOG-IS. Tá na moltaí sin agus moltaí institiúidí eile agus eagraíochta caighdeánaithe cosúil lena chéile. Is féidir na moltaí a fháil sna treoirlínte teicniúla TR 02102-1 agus TR 02102-2 (1) nó Sásraí Cripteagrafacha Comhaontaithe SOG-IS (2).

5.1.1.   Ceanglais maidir le DSC

Beidh feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I, Roinn 3.2.2. Dá bhrí sin, moltar go láidir go n-úsáidfidh Sínitheoirí Doiciméad Algartam Sínithe Dhigitigh Cuair Éilipsigh (ECDSA) le NIST-p-256 (mar a shainmhínítear in Aguisín D de FIPS PUB 186-4). Ní thacaítear le cuair éilipseacha eile. Mar gheall ar shrianta spáis DCC, níor cheart do Bhallstáit RSA-PSS a úsáid, fiú má cheadaítear é mar algartam cúltaca. I gcás ina n-úsáideann Ballstáit RSA-PSS, ba cheart dóibh modal de mhéid 2048 nó uasmhéid de 3072 ghiotán a úsáid. Úsáidfear SHA-2 a bhfuil fad aschuir ≥ 256 ghiotán aige mar haisfheidhm chripteagrafach (féach ISO/IEC 10118-3:2004) don síniú DSC.

5.1.2.   Ceanglais maidir le deimhnithe TLS, Uaslódáil agus CSCA

Maidir le deimhnithe digiteacha agus sínithe cripteagrafacha i gcomhthéacs DCCG, tugtar achoimre ar na príomhriachtanais maidir le halgartaim chripteagrafacha agus fad eochrach sa tábla seo a leanas (amhail ó 2021):

Algartam Sínithe

Méid eochrach

Haisfheidhm

EC-DSA

Íosmhéid de 250 Giotán

SHA-2 le fad aschuir ≥ 256 Ghiotán

RSA-PSS (stuáil mholta) RSA-PKCS#1 v1.5 (stuáil oidhreachta)

Modal RSA 3000 Giotán ar a laghad (N) le heaspónant poiblí e > 2^16

SHA-2 le fad aschuir ≥ 256 Ghiotán

DSA

P príomha 3000 Giotán ar a laghad, eochair q 250 Giotán

SHA-2 le fad aschuir ≥ 256 Ghiotán

Is é NIST-p-256 an cuar éilipseach a mholtar le haghaidh EC-DSA toisc go gcuirtear i bhfeidhm é go forleathan.

5.2.   Deimhniú CSCA (NBCSCA)

Tugtar treoraíocht sa tábla seo a leanas maidir le teimpléad an deimhnithe NBCSCA má chinneann Ballstát CSCA dá chuid féin a fheidhmiú don chóras DCC.

Éilítear iontrálacha i gcló trom (ní mór iad a chur san áireamh sa deimhniú), moltar iontrálacha i gcló iodálach (ba cheart iad a chur san áireamh). Ní shainítear aon mholtaí maidir le réimsí atá in easnamh.

Réimse

Luach

Ábhar

cn=<ainm coitianta uathúil agus neamhfholamh>, o=<Soláthraí>, c=<An Ballstát a oibríonn CSCA>

Úsáid eochrach

síniú deimhnithe, síniú CRL (ar a laghad)

Srianta Bunúsacha

CA = fíorshrianta ar fhad cosáin = 0

Ní féidir le hainm an ábhair a bheith folamh agus ní mór é a bheith uathúil laistigh den Bhallstát a shonraítear. Ní mór don chód tíre (c) a bheith ar aon dul leis an mBallstát a úsáidfidh an deimhniú CSCA sin. Ní mór aitheantóir eochrach ábhair (SKI) uathúil a bheith sa deimhniú, de réir RFC 5280 (3).

5.3.   Deimhniú Sínitheora Doiciméad (DSC)

Soláthraítear treoraíocht sa tábla seo a leanas maidir leis an DSC. Éilítear iontrálacha i gcló trom (ní mór iad a chur san áireamh sa deimhniú), moltar iontrálacha i gcló iodálach (ba cheart iad a chur san áireamh). Ní shainítear aon mholtaí maidir le réimsí atá in easnamh.

Réimse

Luach

Sraithuimhir

sraithuimhir uathúil

Ábhar

cn=<ainm coitianta uathúil agus neamhfholamh>, o=<Soláthraí>, c=<An Ballstát a úsáideann DSC mar seo>

Úsáid Eochrach

síniú digiteach (ar a laghad)

Ní mór DSC a shíniú leis an eochair phearsanta a chomhfhreagraíonn do dheimhniú CSCA a úsáideann an Ballstát.

Ní mór na breisithe seo a leanas a úsáid:

Ní mór Aitheantóir Eochrach Údaráis (AKI) a bheith sa deimhniú, a mheaitseálann Aitheantóir Eochrach Ábhair (SKI) an deimhnithe CSCA eisiúna

Ba cheart Aitheantóir Eochrach Ábhair uathúil a bheith sa deimhniú (i gcomhréir le RFC 5280 (4))

Sa bhreis air sin, ba cheart breisiú an phointe dáilte CRL a bheith san áireamh sa deimhniú, lena léirítear an liosta cúlghairme deimhnithe (CRL) a sholáthraíonn CSCA a d’eisigh DSC.

Féadfaidh breisiú úsáide eochrach sínte a bheith in DSC le haitheantóirí beartais úsáide eochrach nialasacha, nó níos mó ná sin, a chuireann srianadh ar na cineálacha HCERTanna a cheadaítear don deimhniú sin a fhíorú. Má tá ceann amháin nó níos mó ann, déanfaidh na fíoraitheoirí úsáid eochrach a fhíorú in aghaidh HCERT stóráilte. Sainmhínítear na luachanna ÚsáidEochrachshínte seo a leanas ina leith sin:

Réimse

Luach

ÚsáidEochrachshínte

1.3.6.1.4.1.1847.2021.1.1 le haghaidh Eisitheoirí Tástála

ÚsáidEochrachshínte

1.3.6.1.4.1.1847.2021.1.2 le haghaidh Eisitheoirí Vacsaínithe

ÚsáidEochrachshínte

1.3.6.1.4.1.1847.2021.1.3 le haghaidh Eisitheoirí Téarnaimh

In éagmais aon bhreisithe úsáide eochrach (i.e. gan aon bhreisithe nó le breisithe nialasacha), féadfar an deimhniú sin a úsáid chun aon chineál HCERT a bhailíochtú. Féadfar sainmhíniú a sholáthar i ndoiciméid eile ar aitheantóirí beartais úsáide eochrach sínte breise ábhartha a úsáidtear maidir le HCERTanna a bhailíochtú.

5.4.   Deimhnithe Uaslódála (NBUP)

Soláthraítear treoraíocht sa tábla seo a leanas maidir leis an deimhniú uaslódála cúil náisiúnta. Éilítear iontrálacha i gcló trom (ní mór iad a chur san áireamh sa deimhniú), moltar iontrálacha i gcló iodálach (ba cheart iad a chur san áireamh). Ní shainítear aon mholtaí maidir le réimsí atá in easnamh.

Réimse

Luach

Ábhar

cn=<ainm coitianta uathúil agus neamhfholamh>, o=<Soláthraí>, c=<An Ballstát a úsáideann an deimhniú uaslódála seo>

Úsáid Eochrach

síniú digiteach (ar a laghad)

5.5.   Fíordheimhniú Cliaint TLS Cúil Náisiúnta (NBTLS)

Soláthraítear treoraíocht sa tábla seo a leanas maidir leis an deimhniú um fhíordheimhniú cliaint TLS cúil náisiúnta. Éilítear iontrálacha i gcló trom (ní mór iad a chur san áireamh sa deimhniú), moltar iontrálacha i gcló iodálach (ba cheart iad a chur san áireamh). Ní shainítear aon mholtaí maidir le réimsí atá in easnamh.

Réimse

Luach

Ábhar

cn=<ainm coitianta uathúil agus neamhfholamh>, o=<Soláthraí>, c=<An Ballstát ar an gcúl náisiúnta>

Úsáid Eochrach

síniú digiteach (ar a laghad)

Úsáid eochrach shínte

fíordheimhniú cliaint ( 1.3.6.1.5.5.7.3.2)

Féadfaidh an fíordheimhniú freastalaí um úsáid eochrach shínte ( 1.3.6.1.5.5.7.3.1) a bheith sa deimhniú freisin, ach ní éilítear é.

5.6.   Deimhniú sínithe an liosta iontaoibhe (DCCGTA)

Sainmhínítear deimhniú an Chúltaca Iontaoibhe DCCG sa tábla seo a leanas.

Réimse

Luach

Ábhar

cn = Tairseach na nDeimhnithe Glasa Digiteacha  (5) , o=<Soláthraí>, c=<tír>

Úsáid Eochrach

síniú digiteach (ar a laghad)

5.7.   Deimhnithe Freastalaí DCCG TLS (DCCGTLS)

Sainmhínítear an deimhniú DCCG TLS sa tábla seo a leanas.

Réimse

Luach

Ábhar

cn=<FQDN nó seoladh IP DCCG>, o=<Soláthraí>, c=<tír>

AinmMalartachÁbhair

dNSAinm: <Ainm DNS DCCG> nó SeoladhIP: <Seoladh IP DCCG>

Úsáid Eochrach

síniú digiteach (ar a laghad)

Úsáid Eochrach shínte

fíordheimhniú freastalaí ( 1.3.6.1.5.5.7.3.1)

Féadfaidh an fíordheimhniú cliaint um úsáid eochrach shínte ( 1.3.6.1.5.5.7.3.2) a bheith sa deimhniú freisin, ach ní éilítear é.

Eiseoidh údarás deimhniúcháin a bhfuil iontaoibh ag an bpobal as deimhniú DCCG TLS (a chuimsítear i ngach mórbhrabhsálaí agus córas oibriúcháin, de réir cheanglais bhunaidh Fhóram CAB).


(1)  BSI – Treoirlínte Teicniúla TR-02102 (bund.de)

(2)  SOG-IS - Doiciméid tacaíochta (sogis.eu)

(3)  rfc5280 (ietf.org)

(4)  rfc5280 (ietf.org)

(5)  Coinníodh an téarmeolaíocht ‘Deimhniú Glas Digiteach’ seachas ‘Deimhniú Digiteach COVID AE’ ar bun sa chomhthéacs seo ós rud é gurb é sin an téarmeolaíocht ar a ndearnadh cruachódú agus a cuireadh i bhfeidhm sa deimhniú sular chinn na comhreachtóirí téarmeolaíocht nua a úsáid.