ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 224I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
24 Meitheamh 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/1030 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/1031 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

15

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

24.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 224/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1030 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle (2), déantar foráil maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo agus toirmisctear leis cistí nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar do dhaoine, d’eintitis nó do chomhlachtaí atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois, nó a mbaineann a gcuid gníomhaíochtaí an bonn ón daonlathas nó ón smacht reachta sa Bhealarúis ar bhealach eile nó a thairbhíonn de réimeas Lukashenka nó a thacaíonn leis an réimeas sin. Cuirtear toirmeasc leis freisin ar sholáthar cúnaimh theicniúil a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht atá liostaithe i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh nó a bhaineann le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí sin. Forchuirtear leis toirmeasc ar onnmhairiú trealaimh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh cur faoi chois inmheánach chuig aon duine, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena úsáid sa Bhealarúis, agus toirmisctear cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar. Díolmhaítear leis trealamh dé-atlain ón toirmeasc onnmhairiúcháin agus déantar foráil ann maidir le maoluithe ón toirmeasc onnmhairiúcháin i leith cineálacha áirithe raidhfilí spóirt mionchalabracha, piostail spóirt mhionchalabracha agus armlón mionchalabrach, agus ón toirmeasc ar chúnamh nó ar sheirbhísí a bhaineann leis sin, agus é á aithint san am céanna gur cheart onnmhairiú trealaimh den sórt sin a theorannú. Cuireann sé toirmeasc freisin ar aeriompróirí na Bealarúise tuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi nó eitilt thairsti.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, tugtar éifeacht do na bearta dá bhforáiltear le Cinneadh 2012/642/CBES.

(3)

Le Cinneadh CBES 2021/1031 ón gComhairle (3) tugtar isteach tuilleadh smachtbhannaí spriocdhírithe eacnamaíocha atá dírithe ar na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 agus an 25 Bealtaine 2021 a chur chun feidhme tar éis cur faoi deara neamhdhleathach eitilt de chuid Ryanair laistigh den Aontas Eorpach tuirlingt go héigeantach, i Mionsc na Bealarúise, an 23 Bealtaine 2021. Le Cinneadh (CBES) 2021/1031 tugtar isteach srianta breise a bhaineann le trádáil arm. Toirmisctear leis freisin díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú trealaimh, teicneolaíochta nó bogearraí atá ceaptha go príomha lena n-úsáid i bhfaireachán ar an idirlíon agus ar chumarsáid teileafóin ar líonraí soghluaiste nó seasta ag údaráis na Bealarúise, nó thar a gceann, nó chun an chumarsáid sin a idircheapadh. Cuirtear toirmeasc leis ar ítimí dé-úsáide a dhíol, a sholáthar nó a aistriú le haghaidh úsáid mhíleata agus chuig daoine sonraithe, chuig eintitis shonraithe nó chuig comhlachtaí sonraithe sa Bhealarúis. Sa bhreis air sin, tugtar srianta breise trádála isteach leis, ar srianta iad a bhaineann le táirgí peitriliam, clóiríde potaisiam (“potais”) agus earraí a úsáidtear chun táirgí tobac a tháirgeadh nó a mhonarú. Ina theannta sin, forchuirtear leis srianta ar rochtain ar mhargaí caipitil an Aontais maidir le Rialtas na Bealarúise chomh maith le hinstitiúidí agus eintitis airgeadais sa Bhealarúis atá faoi úinéireacht an Stáit. Tugtar isteach leis toirmeasc ar árachas agus athárachas a sholáthar do Rialtas na Bealarúise agus do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí poiblí na Bealarúise. Forchuirtear leis toirmisc áirithe ar an mBanc Eorpach Infheistíochta i ndáil le tionscadail san earnáil phoiblí. Ní mór na leasuithe sin a léiriú i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“7.   ciallaíonn ‘earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide’ na hítimí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (*).

8.   ciallaíonn ‘seirbhísí infheistíochta’ na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i)

orduithe i ndáil le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó a ghlacadh agus a tharchur;

(ii)

orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant;

(iii)

déileáil ar a chuntas féin;

(iv)

bainistiú punainne;

(v)

comhairle infheistíochta;

(vi)

ionstraimí airgeadais a fhrithghealladh agus/nó ionstraimí airgeadais a chur ar bhonn ceangaltas daingean;

(vii)

ionstraimí airgeadais a sholáthar gan bonn ceangaltais dhaingin;

(viii)

aon seirbhís a bhaineann le ligean isteach chun trádáil ar mhargadh rialáilte nó chun trádáil ar shaoráid trádála iltaobhach.

9.   ciallaíonn ‘urrúis inaistrithe’ na haicmí urrús seo a leanas atá soshannta ar an margadh caipitil, seachas ionstraimí íocaíochta:

(i)

scaireanna i gcuideachtaí agus in urrúis eile atá comhionann le scaireanna i gcuideachtaí, i gcomhpháirtíochtaí nó in eintitis eile, agus admhálacha taisclainne i leith scaireanna;

(ii)

bannaí nó cineálacha eile fiachais urrúsaithe, lena n-áirítear admhálacha taisclainne i leith urrúis den sórt sin;

(iii)

aon urrús eile lena dtugtar an ceart aon urrús inaistrithe den sórt sin a fháil nó a dhíol.

10   ciallaíonn ‘ionstraimí margaidh airgid’ na haicmí ionstraimí a ndéileáiltear leo de ghnáth ar an margadh airgid, amhail billí cisteáin, deimhnithe taisce agus páipéar tráchtála agus gan ionstraim íocaíochta a áireamh.

11.   ciallaíonn ‘institiúid creidmheasa’ gnóthas a bhfuil sé de ghnó aige taiscí nó cistí in-aisíoctha eile a fháil ón bpobal agus creidmheas a dheonú dá chuntas féin.

(*)  Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).”;"

(2)

in Airteagal 1a, scriostar míreanna 4, 5 agus 6;

(3)

in Airteagal 1b, scriostar míreanna 4, 5 agus 6;

(4)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

“Airteagal 1c

1.   Maidir le trealamh, teicneolaíocht nó bogearraí, a shainaithnítear in Iarscríbhinn IV, bídís de thionscnamh an Aontais nó ná bídís, beidh toirmeasc ar na hearraí sin a dhíol le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid inti, agus beidh toirmeasc ar na hearraí sin a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chucu nó lena n-úsáid inti, go díreach nó go hindíreach, mura ndearna údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, faoi mar a shainaithnítear é ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II, réamhúdarú a thabhairt.

2.   Ní dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II, aon údarú faoi mhír 1 a dheonú má tá forais réasúnacha acu chun a chinneadh go n-úsáidfí an trealamh, an teicneolaíocht nó na bogearraí i gceist le haghaidh cur faoi chois ag rialtas na Bealarúise, comhlachtaí, corparáidí nó gníomhaireachtaí poiblí, nó ag aon duine nó eintiteas agus iad ag gníomhú thar a gceann nó faoina dtreoir.

3.   Áireofar in Iarscríbhinn IV trealamh, teicneolaíocht nó bogearraí atá ceaptha go príomha lena n-úsáid i bhfaireachán ar chumarsáid idirlín nó ghutháin nó chun an chumarsáid sin a idircheapadh.

4.   An Ballstát lena mbaineann, cuirfidh sé na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 1d

1.   Mura ndearna údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, faoi mar a shainaithnítear é ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II, réamhúdarú a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 1c(2), beidh toirmeasc:

(a)

ar chúnamh teicniúil nó seirbhísí bróicéireachta a bhaineann leis an trealamh, an teicneolaíocht agus na bogearraí a shainaithnítear in Iarscríbhinn IV, nó a bhaineann le suiteáil, soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid an trealaimh agus na dteicneolaíochtaí a shainaithnítear in Iarscríbhinn IV nó le suiteáil, soláthar, oibriú nó uasdátú aon bhogearra a shainaithnítear in Iarscríbhinn IV, a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis;

(b)

ar mhaoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis an trealamh, an teicneolaíocht agus na bogearraí a shainaithnítear in Iarscríbhinn IV a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis;

(c)

ar aon seirbhís faireacháin nó idircheaptha teileachumarsáide nó idirlín d’aon chineál a sholáthar do rialtas na Bealarúise, do chomhlachtaí, corparáidí agus gníomhaireachtaí poiblí na Bealarúise nó d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó eintiteas agus iad ag gníomhú thar a gceann nó faoina dtreoir, nó chun a dtairbhe dírí nó indírí.

2.   Chun críocha phointe (c) de mhír 1, ciallaíonn ‘seirbhísí faireacháin nó idircheaptha teileachumarsáide nó idirlín’ na seirbhísí sin lena soláthraítear, go háirithe trí úsáid a bhaint as trealamh, teicneolaíocht nó bogearraí a shainaithnítear in Iarscríbhinn IV, rochtain ar shonraí teileachumarsáide agus glaonna isteach agus amach ag duine is ábhar do na sonraí sin, agus na sonraí sin a sholáthar, chun iad a asbhaint, a dhíchódú, a thaifeadadh, a phróiseáil, a stóráil, anailís a dhéanamh orthu, nó aon ghníomhaíocht ghaolmhar eile.

Airteagal 1e

1.   Beidh toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide, bídís de thionscnamh an Aontais nó ná bídís, a dhíol le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis, agus ar iad a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chucu, go díreach nó go hindíreach, más rud é go bhfuil na hítimí i gceist ceaptha, nó go bhféadfadh siad a bheith ceaptha, go hiomlán nó go páirteach, le haghaidh úsáid mhíleata nó le haghaidh úsáideoir deiridh míleata.

I gcás inarb iad fórsaí míleata na Bealarúise an t-úsáideoir deiridh, measfar gur le haghaidh úsáid mhíleata aon earra agus teicneolaíocht dé-úsáide a fhaigheann siad.

2.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009, ní dheonóidh na húdaráis inniúla údarú le haghaidh onnmhairí d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis ná ar n-úsáid sa Bhealarúis, má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint gur úsáideoir deiridh míleata atá san úsáideoir deiridh nó go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hítimí.

Féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú, áfach, i gcás ina mbaineann an t-onnmhairiú le hoibleagáid a fhorghníomhú, arb oibleagáid í a eascraíonn as conradh arna thabhairt i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, nó as conarthaí coimhdeacha is gá chun conradh den sórt sin a fhorghníomhú.

An fhaisnéis ábhartha uile atá de dhíth dá n-iarratas ar údarú onnmhairiúcháin, soláthróidh onnmhaireoirí an fhaisnéis sin do na húdaráis inniúla.

Airteagal 1f

1.   Beidh toirmeasc ar earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide bídís de thionscnamh an Aontais nó ná bídís, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí sa Bhealarúis mar a liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Beidh toirmeasc:

(a)

ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar agus ar sholáthar, monarú, cothabháil agus úsáid na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, mar a liostaítear in Iarscríbhinn V;

(b)

ar mhaoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, a bhaineann leis na hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear go háirithe deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, le haghaidh aon díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú ar na hearraí agus an teicneolaíocht sin, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, mar a liostaítear in Iarscríbhinn V.

3.   Na toirmisc i míreanna 1 agus 2 beidh siad gan dochar d’fhorghníomhú na gconarthaí a thabharfar i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, nó do chonarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú, agus do sholáthar an chúnaimh is gá chun na cumais atá ann cheana laistigh den Aontas a chothabháil agus a choimeád slán.

4.   Na toirmisc i míreanna 1 agus 2, ní bheidh feidhm acu maidir le honnmhairiú, díolachán, soláthar ná aistriú earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide agus ní bheidh feidhm acu maidir le soláthar gaolmhar cúnaimh theicniúil nó airgeadais, chun na cumais núicléacha shibhialta atá ann cheana a chothabháil agus a choimeád slán, le haghaidh úsáid neamh-mhíleata nó le haghaidh úsáideoir deiridh neamh-mhíleata.

Airteagal 1g

1.   Na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn VI, bídís de thionscnamh an Aontais nó ná bídís, beidh toirmeasc ar na hearraí sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú, nó a onnmhairiú le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.

2.   Áireofar in Iarscríbhinn VI na hearraí a úsáidtear chun táirgí tobac a tháirgeadh nó a mhonarú.

3.   Beidh na toirmisc i mír 1 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.

Airteagal 1h

1.   Beidh toirmeasc:

(a)

ar tháirgí peitriliam a liostaítear in Iarscríbhinn VII a allmhairiú isteach san Aontas más rud é:

(i)

gur de thionscnamh na Bealarúise iad; nó

(ii)

gur onnmhairíodh ón mBealarúis iad;

(b)

ar tháirgí peitriliam a cheannach atá lonnaithe sa Bhealarúis nó ar de thionscnamh na Bealarúise iad;

(c)

ar tháirgí peitriliam a iompar más de thionscnamh na Bealarúise iad, nó má táthar á n-onnmhairiú ón mBealarúis go dtí aon tír eile;

(d)

ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear díorthaigh airgeadais, chomh maith le hárachas agus athárachas, a bhaineann leis na toirmisc a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c).

2.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i mír 1 maidir le ceannach táirgí peitriliam sa Bhealarúis a theastaíonn chun freastal ar bhunriachtanais an cheannaitheora sa Bhealarúis nó ar riachtanais tionscadal daonnúil sa Bhealarúis.

3.   Beidh na toirmisc i mír 1 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.

Airteagal 1i

1.   Beidh toirmeasc ar tháirgí clóiríde potaisiam (‘potais’) mar a liostaítear in Iarscríbhinn VIII, bídís de thionscnamh na Bealarúise nó ná bídís, a allmhairiú, a cheannach nó a aistriú ón mBealarúis, go díreach nó go hindíreach.

2.   Beidh na toirmisc i mír 1 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.

Airteagal 1j

Toirmiscfear seirbhísí infheistíochta a cheannach, a dhíol, a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, ar seirbhísí iad lena n-eisítear urrúis inaistrithe agus ionstraimí margaidh airgid, a bhfuil aibíocht is mó ná 90 lá acu, nó a chuidíonn lena n-eisiúint, nó lena ndéileáiltear leis na hurrúis agus na hionstraimí sin ar shlí eile, arb urrúis agus ionstraimí iad arna n-eisiúint tar éis an 29 Meitheamh 2021 ag:

(a)

Poblacht na Bealarúise, a rialtas, a comhlachtaí poiblí, a corparáidí nó a gníomhaireachtaí;

(b)

mórinstitiúid creidmheasa nó institiúid eile atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50 % di faoi úinéireacht phoiblí nó faoi rialú poiblí ón 1 Meitheamh 2021 amach, mar a liostaítear in Iarscríbhinn IX;

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn IX; nó

(d)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) den Airteagal seo nó a liostaítear in Iarscríbhinn IX.

Airteagal 1k

1.   Beidh toirmeasc ar aon socrú a dhéanamh, nó ar bheith mar chuid d’aon socrú, go díreach nó go hindíreach, chun iasachtaí nó creidmheas nua ar mó ná 90 lá a n-aibíocht a dhéanamh, tar éis an 29 Meitheamh 2021 leis na páirtithe seo a leanas:

(a)

Poblacht na Bealarúise, a rialtas, a comhlachtaí poiblí, a corparáidí nó a gníomhaireachtaí; nó

(b)

mórinstitiúid creidmheasa nó institiúid eile atá bunaithe sa Bhealarúis a bhfuil níos mó ná 50 % di faoi úinéireacht phoiblí nó faoi rialú poiblí ón 1 Meitheamh 2021 amach, mar a liostaítear in Iarscríbhinn IX; nó

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn IX; nó

(d)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht agus é ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i bpointe (c).

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc maidir le hiasachtaí ná creidmheasanna a bhfuil cuspóir sonrach doiciméadaithe acu maoiniú a sholáthar d’allmhairiú nó onnmhairiú neamhthoirmiscthe earraí agus seirbhísí neamhairgeadais idir an tAontas agus aon tríú Stát, lena n-áirítear an caiteachas le haghaidh earraí agus seirbhísí ó thríú Stát eile is gá chun na conarthaí onnmhairiúcháin nó allmhairiúcháin a fhorghníomhú.

3.   Féadfaidh údarás inniúil Bhallstáit údarú a dheonú freisin, faoi cibé téarmaí is iomchuí leis, chun na hiasachtaí nó creidmheasanna dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt nó a bheith mar chuid díobh, má chinnfidh sé:

(i)

gurb éard is aidhm do na gníomhaíochtaí lena mbaineann tacaíocht a sholáthar do phobal sibhialtach na Bealarúise, amhail cúnamh daonnúil, tionscadail chomhshaoil agus sábháilteacht núicléach nó gur gá an iasacht nó an creidmheas chun cúlchiste íosta dlíthiúil nó rialála nó ceanglais dá samhail a chomhlíonadh chun critéir shócmhainneachta agus leachtachta a chomhlíonadh le haghaidh eintitis airgeadais sa Bhealarúis atá faoi thromlach na húinéireachta ag institiúidí airgeadais an Aontais; agus

(ii)

nach mbeidh i gceist leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go soláthrófar cistí ná acmhainní eacnamaíochta, go díreach nó go indíreach, do dhuine, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2 ná go soláthrófar cistí ná acmhainní chun sochair dóibh.

Agus na coinníollacha faoi phointí (i) agus (ii) á gcur i bhfeidhm, éileoidh an t-údarás inniúil faisnéis leordhóthanach a mhéid a bhaineann le húsáid an údaraithe arna dheonú, lena n-áirítear faisnéis maidir le cuspóir na ngníomhaíochtaí lena mbaineann agus maidir le contrapháirtithe na ngníomhaíochtaí sin.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas, , faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo, laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

4.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le híostarraingtí ná eisíocaíochtaí arna ndéanamh faoi chonradh arna thabhairt i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021 ar choinníoll na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)

maidir le téarmaí agus coinníollacha uile na n-íostarraingtí nó na n-eisíocaíochtaí sin:

(i)

gur comhaontaíodh iad roimh an 25 Meitheamh 2021; agus

(ii)

nár modhnaíodh iad ar an dáta sin nó dá éis; agus

(b)

roimh an 25 Meitheamh 2021 socraíodh dáta aibíochta conarthaí chun na cistí uile a cuireadh ar fáil a aisíoc ina n-iomláine agus chun na gealltanais, na cearta agus na hoibleagáidí uile faoin gconradh a chealú; i dtéarmaí agus coinníollacha na n-íostarraingtí agus na n-eisíocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) áirítear forálacha a bhaineann le fad na tréimhse aisíocaíochta le haghaidh gach íostarraingthe nó eisíocaíochta, an ráta úis arna chur i bhfeidhm nó modh ríofa an ráta úis, agus an t-uasmhéid.

Airteagal 1l

Toirmiscfear árachas nó athárachas a sholáthar:

(i)

do Rialtas na Bealarúise, a chomhlachtaí poiblí, a chorparáidí nó a ghníomhaireachtaí; nó

(ii)

d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i bpointe (i).

Airteagal 1m

Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon turas, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh, go díreach nó go hindíreach, dul timpeall ar na toirmisc a leagtar amach in Airteagail 1e, 1f, 1 g, 1h, 1i, 1j, 1k agus 1l.

Airteagal 1n

De bhreis ar na toirmisc atá leagtha amach in Airteagal 1k, maidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI):

(a)

beidh toirmeasc air aon eisíocaíocht nó íocaíocht a dhéanamh faoi aon chomhaontú atá ann cheana a rinneadh idir Poblacht na Bealarúise, nó aon údarás poiblí di, agus BEI agus beidh toirmeasc air aon eisíocaíocht nó íocaíocht a dhéanamh i dtaca leis na comhaontuithe sin; agus

(b)

cuirfidh sé ar fionraí na Conarthaí Seirbhíse Cúnaimh Theicniúil uile atá ann cheana a bhaineann le tionscadail arna maoiniú faoi na comhaontuithe dá dtagraítear i bpointe (a), agus atá ceaptha chun tairbhe dhíreach nó indíreach Phoblacht na Bealarúise nó aon údaráis phoiblí dá cuid, atá le déanamh sa Bhealarúis.”;

(5)

leasaítear Iarscríbhinn III mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

(6)

cuirtear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn IV de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006;

(7)

cuirtear Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn V de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006;

(8)

cuirtear Iarscríbhinní IV, V, VI agus VII den Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinní VI, VII, VIII agus IX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/1031 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (Féach leathanach 15 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn III, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“9a

Oibreáin rialaithe círéibe, mar a shainmhínítear in Airteagal 1A004.a.4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1749 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú.”.


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN IV

TREALAMH, TEICNEOLAÍOCHT AGUS BOGEARRAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1c AGUS IN AIRTEAGAL 1d

Nóta Ginearálta

D’ainneoin inneachar na hIarscríbhinne seo, ní bheidh feidhm aici maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

trealamh, teicneolaíocht nó bogearraí a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (1) nó an Liosta Comhchoiteann Míleata; nó

(b)

bogearraí atá deartha lena suiteáil ag an úsáideoir gan a thuilleadh tacaíocht shubstaintiúil ón soláthróir agus atá ar fáil i gcoitinne don phobal trína ndíol gan srian ó stoc ag pointí miondíolacháin, trí bhíthin na nithe seo a leanas:

(i)

idirbhearta thar an gcuntar;

(ii)

idirbhearta postdíola;

(iii)

idirbhearta leictreonacha; nó

(iv)

dirbhearta fóndíola; nó

(c)

bogearraí atá san fhearann poiblí.

Tagraíonn catagóirí A, B, C, D agus E do na catagóirí dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 428/2009.

An trealamh, an teicneolaíocht agus na bogearraí dá dtagraítear in Airteagal 1c agus in Airteagal 1d:

A.

Liosta trealaimh:

Trealamh le haghaidh domhain-iniúchadh paicéad,

Trealamh Idircheaptha Líonra lena n-áirítear Trealamh Bainistíochta Idircheaptha (IMS) agus Trealamh Faisnéise maidir leis an Nasc Coinneála Sonraí,

Trealamh faireacháin radaimhinicíochta,

Trealamh imbhuailte líonra agus satailíte,

Trealamh cian-ionfhabhtaithe,

Trealamh aitheanta/próiseála cainteora,

Trealamh idircheaptha agus faireacháin IMSI (2), MSISDN (3), IMEI (4), TMSI (5),

Bogearraí ionraidh (6),

Trealamh atá deartha nó modhnaithe chun crioptanailís a dhéanamh,

Trealamh oirbheartaíochta idircheaptha agus faireacháin SMS (7) /GSM (8) /GPS (9) /GPRS (10) /UMTS (11) /CDMA (12) /PSTN (13)

Trealamh idircheaptha agus faireacháin fhaisnéis DHCP (14) /SMTP (15), GTP (16)

Trealamh Aitheanta Pátrún agus Trealamh Próifílithe Pátrún

Trealamh Cian-Fhóiréinsice

Trealamh Innill Próiseála Séimeantaí

Trealamh códscaoilte WEP agus WPA

realamh idircheaptha le haghaidh prótacal dílsithe agus caighdeánach VoIP

B.

Ní úsáidtear.

C.

Ní úsáidtear.

D.

‘Bogearraí’ chun an trealamh atá sonraithe i bpointe A ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’ agus ‘bogearraí’ ag a bhfuil saintréithe an trealaimh atá sonraithe i bpointe A nó lena bhfeidhmítear nó lena n-ionsamhlaítear feidhmeanna an trealaimh sin.

E.

‘Teicneolaíocht’ chun an trealamh atá sonraithe i bpointe A ‘a fhorbairt’, ‘a tháirgeadh’ nó ‘a úsáid’.

Trealamh, teicneolaíocht agus bogearraí a thagann faoi na catagóirí sin, ní thagann siad faoi raon feidhme na hIarscríbhinne seo ach amháin sa mhéid go dtagann siad faoin tuairisc ghinearálta ‘córais idircheaptha agus faireacháin cumarsáide idirlín, teileafóin agus satailíte’.

Chun críoch na hIarscríbhinne seo, ciallaíonn 'faireachán' inneachar glao nó sonraí líonra a fháil, a asbhaint, a dhíchódú, a thaifeadadh, a phróiseáil, a anailísiú agus a chartlannú.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú agus ar aistriú mar aon le rialú a dhéanamh ar bhróicéireacht agus ar idirthuras ítimí dé-úsáide (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).

(2)  Seasann “IMSI” d’Aitheantas Suibscríobhaí Mhóibíligh Idirnáisiúnta. Is é atá ann cód aitheantais uathúil do gach gléas teileafónaíochta móibílí, comhtháite sa chárta SIM, trínar féidir SIM den sórt sin a aithint trí líonraí GSM agus UMTS.

(3)  Seasann “MSISDN” d’Uimhir Líonra Dhigitigh Seirbhísí Comhtháite Suibscríobhaí Mhóibíligh. Is uimhir uathúil í trína n-aithnítear síntiús i líonra móibíleach GSM nó UMTS. Go simplí, is éard atá inti an uimhir theileafóin a ghabhann leis an gcárta SIM i bhfón póca agus dá bhrí sin aithnítear léi suibscríobhaí móibíleach mar aon le IMSI, chun glaonna a threorú tríd.

(4)  Seasann “IMEI” d’Aitheantas Trealaimh Mhóibíligh Idirnáisiúnta. Is uimhir é a bhíonn uathúil de ghnáth lena n-aithnítear GSM, WCDMA, fóin phóca IDEN chomh maith le roinnt fóin satailíte. De ghnáth bíonn sé clóite taobh istigh d’urrann ceallra an fóin. Is féidir idircheapadh (cúléisteacht) a shonrú de réir na huimhreach IMEI, IMSI agus MSISDN atá aige.

(5)  Seasann “TMSI” d’Aitheantas Suibscríobhaí Mhóibíligh Sealadach. Is í an t-aitheantas sin is minice a sheoltar idir an fón póca agus an líonra.

(6)  Bogearraí saindeartha nó sainmhodhnaithe lena seachnaítear brath trí uirlisí faireacháin nó lena sáraítear frithbhearta cosantacha ag ríomhaire nó ag ghléas ag a bhfuil acmhainn líonra, chun sonraí nó faisnéis a asbhaint as ríomhaire nó as gléas ag a bhfuil acmhainn líonra, nó chun sonraí an chórais nó an úsáideora a mhodhnú.

(7)  Seasann “SMS” do Chóras Gearrtheachtaireachtaí.

(8)  Seasann “GSM” do Chóras Domhanda do Chumarsáid Mhóibíleach.

(9)  Seasann “GPS” do Chóras Suite Domhanda.

(10)  Seasann “GPRS” do Radaisheirbhísí Ginearálta Paicéad.

(11)  Seasann “UMTS” do Chóras Uilíoch Móibíleach Teileachumarsáide.

(12)  Seasann “CDMA” d’Ilrochtain chódroinnte.

(13)  Seasann “PSTN” do Líonraí Poiblí Lasctheileafón.

(14)  Seasann “DHCP” do Phrótacal Óstchumraíochta Dinimiciúla.

(15)  Seasann “SMTP” do Phrótacal Simplí Aistrithe Poist.

(16)  Seasann “GTP” do Phrótacal Tollánaithe Radaisheirbhísí Ginearálta Paicéad.


IARSCRÍBHINN III

“IARSCRÍBHINN V

LIOSTA DE NA DAOINE NÁDÚRTHA NÓ DLÍTHEANACHA, NA hEINTITIS AGUS NA COMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1f

[…]


IARSCRÍBHINN IV

“IARSCRÍBHINN VI

LIOSTA EARRAÍ A ÚSÁIDTEAR CHUN TÁIRGÍ TOBAC DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1g A THÁIRGEADH NÓ A MHONARÚ

Ainm an earra

Cód an tráchtearra (1)

Scagairí

ex 4823 90 85

Páipéir do thoitíní

4813

Blasanna le haghaidh tobac

ex 3302 90

Innealra le haghaidh tobac a ullmhú nó a dhéanamh suas

8478


(1)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=OJ:L:2020:361:FULL&from=EN


IARSCRÍBHINN V

“IARSCRÍBHINN VII

LIOSTA NA dTÁIRGÍ PEITRILIAM DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1H

Ainm an earra

Cód an tráchtearra (1)

olaí peitriliam agus olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha (cé is moite d’amhola); ullmhóidí ina bhfuil >= 70 % de réir meáchain d’olaí peitriliam nó d’olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha, agus is iad na holaí sin bun-chomhábhair na n-ullmhóidí, nach bhfuil sonraithe in áit eile; dramh-olaí ina gcuimsítear peitriliam nó mianraí biotúmanacha go príomha

2710

gás peitriliam agus hidreacarbóin ghásacha eile

2711

glóthach peitriliam, céir phairifín, céir pheitriliam mhicricriostalta, céir bhog, ózaiceirít, céir ligníte, céir mhóna, céaracha mianraí eile, agus táirgí comhchosúla a fhaightear trí shintéis nó trí phróisis eile, bídís daite nó ná bídís

2712

cóc peitriliam, biotúman peitriliam agus iarmhair eile d’ola peitriliam nó ó olaí a fhaightear ó mhianraí bhiotúmanacha, nach bhfuil sonraithe in áit eile.

2713

maisteoga biotúmanacha, ciorruithe agus meascáin bhiotúmanacha eile atá bunaithe ar asfalt nádúrtha, ar bhiotúman nádúrtha, ar bhiotúman peitriliam, ar tharra mianrach nó ar phic tarra mhianrach

2715


(1)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=OJ:L:2020:361:FULL&from=EN


IARSCRÍBHINN VI

“IARSCRÍBHINN VIII

LIOSTA NA dTÁIRGÍ CLÓIRÍDE POTAISIAM (‘POTAIS’) DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1i

Ainm an earra

An cód Ainmníochta Comhcheangailte (AC) (1)

Clóiríd photaisiam ina bhfuil cion potaisiam a mheastar mar K2O, de réir meáchain, nach bhfuil os cionn 40 % ar an táirge tirim ainhidriúil

3104 20 10

Clóiríd photaisiam ina bhfuil cion potaisiam a mheastar mar K2O, ar mó ná 62 % de réir meáchain a gcion nítrigine arna ríomh ar bhonn an táirge thirim ainhidriúil

3104 20 90

Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil na trí dhúil leasaitheacha nítrigin, fosfar agus potaisiam

3105 20 10

3105 20 90

Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil an dá dhúil leasaitheacha fosfar agus potaisiam

3105 60 00

Leasacháin eile ina bhfuil clóiríd photaisiam

ex 3105 90 20

ex 3105 90 80


(1)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=OJ:L:2020:361:FULL&from=EN


IARSCRÍBHINN VII

“IARSCRÍBHINN IX

LIOSTA NA nINSTITIÚIDÍ CREIDMHEASA NÓ NA nINSTITIÚIDÍ EILE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1j AGUS IN AIRTEAGAL 1k

Belarusbank

Belinvestbank

Belagroprombank


CINNTÍ

24.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 224/15


CINNEADH (CBES) 2021/1031 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2021

lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1), maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise.

(2)

An 24 agus an 25 Bealtaine 2021, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar cháin sí go láidir tuirlingt éigeantach eitilte de chuid Ryanair i Mionsc na Bealarúise an 23 Bealtaine 2021, a chuir an tsábháilteacht eitlíochta i mbaol, agus coinneáil an iriseora Raman Pratasevich agus Sofia Sapega ag údaráis na Bealarúise. D’iarr sí ar an gComhairle tuilleadh smachtbhannaí eacnamaíocha spriocdhírithe a ghlacadh.

(3)

I bhfianaise thromchúis na heachtra sin, agus i bhfianaise an ghéaraithe atá tagtha ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Bhealarúis, agus an chos ar bolg foréigneach atá á ndéanamh ar an tsochaí shibhialta, ar an bhfreasúra daonlathach agus ar iriseoirí mar aon le daoine ar de mhionlaigh náisiúnta iad, ba cheart bearta eacnamaíocha spriocdhírithe breise a ghlacadh.

(4)

Sa chomhthéacs sin, is iomchuí tuilleadh srianta a thabhairt isteach maidir le trádáil arm.

(5)

Is iomchuí freisin toirmeasc a chur ar dhíol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú trealaimh, teicneolaíochta nó bogearraí a bheartaítear go príomha lena n-úsáid ag údaráis na Bealarúise nó thar a gceann, chun faireachán a dhéanamh ar chumarsáid idirlín agus teileafóin ar líonraí soghluaiste nó seasta nó chun í a idircheapadh.

(6)

Thairis sin, ba cheart toirmeasc a chur ar ítimí dé-úsáide le haghaidh úsáid mhíleata a dhíol le daoine, eintitis nó comhlachtaí sonraithe sa Bhealarúis nó a sholáthar dóibh nó a aistriú chucu.

(7)

Ina theannta sin, is iomchuí tuilleadh srianta trádála a thabhairt isteach a bhaineann le táirgí peitriliam, clóiríd photaisiam (“potais”) agus earraí a úsáidtear chun táirgí tobac a tháirgeadh nó a mhonarú.

(8)

Ina theannta sin, ba cheart srianta ar rochtain ar mhargaí caipitil an Aontais a fhorchur i ndáil le Rialtas na Bealarúise, chomh maith le hinstitiúidí agus eintitis airgeadais na Bealarúise atá faoi úinéireacht stáit. Ba cheart toirmeasc a thabhairt isteach freisin maidir le hárachas agus athárachas a sholáthar do Rialtas na Bealarúise agus do chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí poiblí na Bealarúise.

(9)

Ba cheart toirmisc áirithe a chur ar an mBanc Eorpach Infheistíochta i ndáil le tionscadail san earnáil phoiblí. Ba cheart a cheangal ar na Ballstáit gníomhaíochtaí a dhéanamh d’fhonn rannpháirtíocht na mbanc forbartha iltaobhacha a bhfuil siad ina gcomhaltaí díobh a theorannú sa Bhealarúis.

(10)

Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, scriostar míreanna 3, 4 agus 5;

(2)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 2b

1.   Toirmeascfar trealamh, teicneolaíocht nó bogearraí a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú díreach nó indíreach chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, nó lena n-úsáid sa Bhealarúis, a bheartaítear go príomha lena n-úsáid ag údaráis na Bealarúise nó thar a gceann, chun faireachán a dhéanamh ar chumarsáid idirlín agus teileafóin ar líonraí soghluaiste nó seasta nó chun í a idircheapadh, lena n-áirítear soláthar aon seirbhísí faireacháin nó idircheaptha teileachumarsáide nó idirlín de chineál ar bith, chomh maith le soláthar cúnaimh airgeadais agus theicniúil chun trealamh, teicneolaíocht nó bogearraí den sórt sin a shuiteáil, a oibriú nó a nuashonrú, ag náisiúnaigh de Bhallstáit nó ó chríocha na mBallstát.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú an trealaimh, na teicneolaíochta nó na mbogearraí a údarú, lena n-áirítear soláthar aon seirbhísí faireacháin nó idircheaptha teileachumarsáide nó idirlín de chineál ar bith, chomh maith le soláthar gaolmhar cúnaimh airgeadais agus theicniúil, dá dtagraítear i mír 1, má tá forais réasúnacha acu lena chinneadh nach n-úsáidfeadh Rialtas na Bealarúise, comhlachtaí poiblí, corparáidí nó gníomhaireachtaí, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon eintiteas nádúrtha nó dlítheanach a bheadh ag gníomhú thar a gceann nó faoina dtreoir, an trealamh, an teicneolaíocht nó na bogearraí sin le haghaidh diansmachta.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

3.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na gnéithe ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.

Airteagal 2c

1.   Toirmeascfar díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú díreach nó indíreach na n-earraí dé-úsáide agus na teicneolaíochta dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (2) le haghaidh úsáid mhíleata sa Bhealarúis nó le haghaidh aon úsáideoir deiridh míleata sa Bhealarúis ag náisiúnaigh na mBallstát nó ó chríocha na mBallstát nó ag a bhfuil bratárthaí nó aerárthaí in úsáid acu, cibé a thionscnaítear nó nach dtionscnaítear na hearraí agus an teicneolaíocht sin ar a gcríoch.

2.   Toirmeascfar:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar agus toirmeascfar na hearraí agus an teicneolaíocht sin a sholáthar, a mhonarú, a chothabháil agus a úsáid, go díreach nó go hindíreach a mhéid a bhaineann le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, le haghaidh úsáid mhíleata sa Bhealarúis nó le haghaidh aon úsáideoir deiridh míleata sa Bhealarúis;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann leis na hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear go háirithe deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, ar aon díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú de na hearraí agus den teicneolaíocht sin, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, le haghaidh úsáid mhíleata sa Bhealarúis nó le haghaidh aon úsáideoir deiridh míleata sa Bhealarúis.

3.   Beidh na toirmisc i míreanna 1 agus 2 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021 ná do chonarthaí coimhdeacha atá riachtanach chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.

Airteagal 2d

1.   Toirmeascfar díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú díreach nó indíreach na n-earraí dé-úsáide agus na teicneolaíochta dé-úsáide a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II den Chinneadh seo ag náisiúnaigh na mBallstát nó ó chríoch na mBallstát nó a úsáideann a soithí brataí nó a n-aerárthaí, cibé a thionscnaítear nó nach dtionscnaítear na hearraí agus an teicneolaíocht sin ar a gcríoch.

2.   Toirmeascfar:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na hearraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar agus toirmeascfar na hearraí agus an teicneolaíocht sin a sholáthar, a mhonarú, a chothabháil agus a úsáid, go díreach nó go hindíreach a mhéid a bhaineann le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann le hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear go háirithe deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, ar aon díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú de na hearraí agus den teicneolaíocht sin, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II.

3.   Beidh na toirmisc i míreanna 1 agus 2 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021 ná do chonarthaí coimhdeacha atá riachtanach chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú, ná do sholáthar an chúnaimh riachtanaigh chun na cumais atá ann cheana laistigh den Aontas a chothabháil agus a choinneáil slán.

4.   I gcás úsáid neamh-mhíleata nó i gcás úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le honnmhairiú, díol, soláthar nó aistriú earraí agus teicneolaíochta dé-úsáide, ná maidir le soláthar gaolmhar cúnaimh theicniúil nó airgeadais chun na cumais núicléacha sibhialta atá ann cheana a chothabháil agus a choinneáil slán.

Airteagal 2e

1.   Toirmeascfar earraí a úsáidtear i dtáirgeadh nó monarú táirgí tobac a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i mBealarúis nó le húsáid i mBealarúis, ag náisiúnaigh na mBallstát nó ó chríoch na mBallstát nó toirmeascfar a soithí brataí nó aerárthaí a úsáid, cibé an dtionscnaítear nó nach dtionscnaítear na hearraí sin ar a gcríoch.

2.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na nithe ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.

3.   Beidh na toirmisc i mír 1 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.

Airteagal 2f

1.   Toirmeascfar ceannach, allmhairiú nó aistriú táirgí peitriliam ó Bhealarúis.

2.   Toirmeascfar cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, cúnamh airgeadais nó maoiniú a sholáthar go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear díorthaigh airgeadais, mar aon le hárachas agus athárachas, a bhaineann leis na toirmisc dá dtagraítear i mír 1.

3.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na nithe ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.

4.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i mír 1 maidir le ceannach táirgí peitriliam sa Bhealarúis a theastaíonn chun freastal ar bhunriachtanais an cheannaitheora sa Bhealarúis nó ar riachtanais tionscadal daonnúil sa Bhealarúis.

5.   Beidh na toirmisc i míreanna 1 agus 2 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.

Airteagal 2g

1.   Toirmeascfar ceannach, allmhairiú nó aistriú táirgí clóiríde potaisiam (‘potais’) ó Bhealarúis.

2.   Déanfaidh an tAontas na bearta is gá chun na nithe ábhartha atá le cumhdach leis an Airteagal seo a chinneadh.

3.   Beidh na toirmisc i mír 1 gan dochar d’fhorghníomhú conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.

Airteagal 2h

Maidir le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí don mhargadh airgid a bhfuil aibíocht nach mó ná 90 lá acu, toirmeascfar iad a cheannach, a dhíol, seirbhísí infheistíochta nó cúnamh a sholáthar i gcás a n-eisiúint, go díreach nó go hindíreach, nó déileáil leo ar bhealach ar bith eile, ar urrúis nó ionstraimí iad arna n-eisiúint tar éis an 29 Meitheamh 2021 ag:

(a)

Poblacht na Bealarúise, a rialtas, a comhlachtaí, corparáidí nó gníomhaireachtaí poiblí;

(b)

institiúid mhór creidmheasa nó eile arna bunú i mBealarúis ar a bhfuil níos mó ná 50 % d’úinéireacht nó rialú poiblí amhail ón 29 Meitheamh 2021 mar a liostaítear in Iarscríbhinn III;

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil a chearta dílsithe faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach is airde ná 50 % ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn III;

(d)

aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú dó thar ceann nó faoi threoir duine dlítheanaigh, eintitis nó comhlachta dá dtagraítear i bpointe (c) den Airteagal seo nó a liostaítear in Iarscríbhinn III.

Airteagal 2i

1.   Toirmeascfar aon socrú a dhéanamh go díreach nó go hindíreach, nó a bheith ina chuid de, chun iasachtaí nua nó creidmheas a dhéanamh ag a mbeidh aibíocht is faide ná 90 lá, tar éis an 29 Meitheamh 2021 chuig:

(a)

Poblacht na Bealarúise, a rialtas, a comhlachtaí, corparáidí nó gníomhaireachtaí poiblí;

(b)

institiúid mhór creidmheasa nó eile arna bunú i mBealarúis ar a bhfuil níos mó ná 50 % d’úinéireacht nó rialú poiblí amhail ón 29 Meitheamh 2021, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III:

(c)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil a chearta dílsithe faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach is airde ná 50 % ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn III;

(d)

aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú dó thar ceann nó faoi threoir duine dlítheanaigh, eintitis nó comhlachta dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo nó a liostaítear in Iarscríbhinn III.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear i mír 1 maidir le hiasachtaí ná creidmheasanna a bhfuil cuspóir sonrach agus doiciméadaithe acu chun maoiniú a sholáthar le haghaidh allmhairiú nó onnmhairiú neamhthoirmiscthe earraí agus seirbhísí neamhairgeadais idir an tAontas agus aon tríú stát, lena n-áirítear an caiteachas le haghaidh earraí agus seirbhísí ó thríú stát eile is gá chun conarthaí onnmhairiúcháin nó allmhairiúcháin a fhorghníomhú.

3.   Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit údarú a dheonú freisin, faoi cibé téarmaí a mheasann sé a bheith iomchuí, chun na hiasachtaí nó na creidmheasanna dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt nó chun bheith mar chuid díobh más rud é gur chinn an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(a)

gur chun críche tacaíocht a thabhairt do phobal sibhialta na Bealarúise, amhail cúnamh daonnúil, tionscadail chomhshaoil, agus sábháilteacht núicléach, na gníomhaíochtaí atá i gceist nó go bhfuil gá leis an iasacht nó leis an gcreidmheas chun cúlchiste íosta dlíthiúil nó rialála nó ceanglais chomhchosúla a chomhlíonadh chun na critéir sócmhainneachta agus leachtachta d’eintitis airgeadais sa Bhealarúis atá faoi úinéireacht institiúidí airgeadais an Aontais a chomhlíonadh; agus

(b)

nach ionann na gníomhaíochtaí nó an iasacht nó an creidmheas lena mbaineann agus cistí nó acmhainní eacnamaíocha a bheith á gcur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhuine, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 4 nó chun tairbhe an duine, an eintitis nó an chomhlachta sin.

Agus na coinníollacha faoi phointí (a)agus (b) á gcur i bhfeidhm, éileoidh an t-údarás inniúil faisnéis leordhóthanach maidir le húsáid an údaraithe a deonaíodh, lena n-áirítear faisnéis maidir le cuspóir na ngníomhaíochtaí lena mbaineann agus maidir lena gcontrapháirtithe.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin Airteagal seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

4.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le tarraingt anuas ná le heisíocaíochtaí a rinneadh faoi chonradh a tugadh i gcrích roimh an 25 Meitheamh 2021 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

téarmaí agus coinníollacha uile na dtarraingtí anuas nó na n-eisíocaíochtaí sin:

(i)

comhaontaíodh iad roimh an 25 Meitheamh 2021; agus

(ii)

níor modhnaíodh iad ar an dáta sin nó ina dhiaidh; agus

(b)

roimh an 25 Meitheamh 2021 a socraíodh dáta aibíochta conarthach chun na cistí uile a cuireadh ar fáil a aisíoc ina n-iomláine agus chun na gealltanais, na cearta agus na hoibleagáidí faoin gconradh a chur ar ceal; áirítear i dtéarmaí agus coinníollacha na dtarraingtí anuas agus na n-eisíocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) forálacha maidir le fad na tréimhse aisíocaíochta le haghaidh gach aon tarraingt anuas nó gach aon eisíocaíocht, an ráta úis a chuirtear i bhfeidhm nó modh ríofa an ráta úis, agus an t-uasmhéid.

Airteagal 2j

Toirmeascfar árachas nó athárachas a sholáthar do:

(a)

rialtas na Bealarúise, a chomhlachtaí, corparáidí nó gníomhaireachtaí poiblí;

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú dó thar ceann nó faoi threoir duine dlítheanaigh, eintitis nó comhlachta dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 2k

Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon turas, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh, go díreach nó go hindíreach, dul timpeall ar na toirmisc a leagtar amach in Airteagail 2c, 2d, 2e, 2f, 2g, 2h, 2i agus 2j.

Airteagal 2l

De bhreis ar na toirmisc atá leagtha amach in Airteagal 2i, toirmeascfar an méid seo a leanas:

(a)

aon eisíocaíocht nó íocaíocht a rinne an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) faoi aon chomhaontuithe atá ann cheana a rinneadh idir Poblacht na Bealarúise nó aon údarás poiblí dá cuid agus an BEI, nó i gceangal le haon chomhaontuithe den chineál sin;

(b)

leanúint d’aon Chonarthaí Seirbhíse Cúnaimh Theicniúil ag BEI atá ann cheana a bhaineann le tionscadail arna maoiniú faoi na comhaontuithe dá dtagraítear i bpointe (a), agus atá beartaithe chun tairbhe dhíreach nó indíreach Phoblacht na Bealarúise nó aon údaráis phoiblí dá cuid a dhéanamh sa Bhealarúis

Airteagal 2m

Déanfaidh na Ballstáit an beart is gá chun rannpháirtíocht na mbanc forbartha iltaobhacha, ar comhaltaí díobh iad, sa Bhealarúis a theorannú, go háirithe an Banc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, lena n-áirítear trí vóta a chaitheamh in aghaidh iasachtaí nua nó cineálacha eile maoinithe do na heintitis a luaitear in Airteagal 2i, cé is moite díobh siúd a luaitear i míreanna (2) agus (3) de, agus gan difear a dhéanamh do thionscadail lena maoinítear tacaíocht ón earnáil phríobháideach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.”;

(3)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairiú, aistriú, bróicéireacht agus idirthuras ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

1.   

Athainmnítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar Iarscríbhinn I;

2.   

cuirtear isteach na hIarscríbhinní seo a leanas:

“IARSCRÍBHINN II

LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2d

IARSCRÍBHINN III

LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 2h AGUS 2i

Belarusbank

Belinvestbank (Banc Athfhoirgníochta agus Forbartha na Bealarúise)

Belagroprombank

”.