|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 224 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1018 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2021 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a mhéid a bhaineann le táscairí a nochtadh a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014 ( 1 ) |
|
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
24.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 224/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1017 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Aibreán 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 58(7) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíocht dhíreach le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 6(3) agus Airteagal 7(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, tá ar na Ballstáit méid na n-íocaíochtaí díreacha atá le deonú d’fheirmeoir i leith bliain féilire ar leith, de bhun Chaibidil 1 de Theideal III den Rialachán sin, a laghdú faoi 5 % ar a laghad i gcás an chuid den tsuim atá os cionn EUR 150 000. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán sin, táthar le toradh measta an laghdaithe sin a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise do bhearta faoi fhorbairt tuaithe. |
|
(2) |
I gcomhréir leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 11(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 19 Feabhra 2021 maidir lena gcinneadh maidir leis an laghdú ar mhéid na n-íocaíochtaí díreacha agus leis an toradh measta ar an laghdú i leith na bliana féilire 2021. Leis na fógraí a thug an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an Fhionlainn luadh meastachán os cionn nialais. |
|
(3) |
I gcomhréir leis an seachtú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Laitvia agus an Ísiltír fógra don Choimisiún maidir lena gcinneadh céatadán áirithe dá n-uasteorainn náisiúnta bhliantúil d’íocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2022 a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) sa bhliain féilire 2021. |
|
(4) |
I gcomhréir leis an seachtú fomhír d’Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 thug an Chróit, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil agus an tSlóvaic fógra don Choimisiún maidir lena gcinneadh méid áirithe dá leithdháiltí CETFT 2022 a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha don bhliain féilire 2021. |
|
(5) |
Dá bharr sin, ní mór Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a oiriúnú ionas go léireofar le huasteorainneacha náisiúnta agus glan-uasteorainneacha bliantúla le haghaidh íocaíochtaí díreacha na cinntí a dhéanfaidh an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an Fhionlainn. Chomh maith leis sin ní mór Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a oiriúnú ionas go léireofar go cothrom, leis an miondealú bliantúil de réir Bhallstát an Aontais, na cinntí sin. |
|
(6) |
Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Ós rud é go ndéanann na leasuithe a dhéantar leis an Rialachán seo ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 difear do chur i bhfeidhm an Rialacháin sin don bhliain 2021, go háirithe a mhéid a bhaineann le bunú tráthúil uasteorainneacha buiséadacha is infheidhme maidir le scéimeanna áirithe tacaíochta dírí, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart go mbeadh feidhm ag na leasuithe sin ón 1 Eanáir 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN I
I gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad cholún 2022:
|
|
“2022 |
|
an Bheilg |
82 800 894 |
|
an Bhulgáir |
284 028 644 |
|
an tSeicia |
267 027 708 |
|
an Danmhairg |
136 972 060 |
|
an Ghearmáin |
1 387 301 738 |
|
an Eastóin |
88 031 648 |
|
Éire |
311 641 628 |
|
an Ghréig |
651 537 600 |
|
an Spáinn |
1 081 564 825 |
|
an Fhrainc |
2 008 001 070 |
|
an Chróit |
276 679 401 |
|
an Iodáil |
1 355 921 375 |
|
an Chipir |
23 770 514 |
|
an Laitvia |
142 745 173 |
|
an Liotuáin |
195 495 162 |
|
Lucsamburg |
11 626 644 |
|
an Ungáir |
384 539 149 |
|
Málta |
19 334 497 |
|
an Ísiltír |
129 378 369 |
|
an Ostair |
520 024 752 |
|
an Pholainn |
1 004 725 539 |
|
an Phortaingéil |
455 640 620 |
|
an Rómáin |
967 049 892 |
|
an tSlóivéin |
110 170 192 |
|
an tSlóvaic |
234 975 909 |
|
an Fhionlainn |
354 551 956 |
|
an tSualainn |
211 889 741 |
|
Iomlán AE-27 |
12 697 426 700 |
|
Cúnamh teicniúil |
30 272 220 |
|
Iomlán |
12 727 698 920 ” |
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid a leanas in ionad an cholúin don bhliain féilire 2021:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid a leanas in ionad an cholúin don bhliain féilire 2021:
|
|
24.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 224/6 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1018 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Meitheamh 2021
lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a mhéid a bhaineann le táscairí a nochtadh a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta d’institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1) agus go háirithe Airteagal 434a de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 441 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ceanglaítear ar institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIInna) a nochtadh, ar bhonn bliantúil, luachanna na dtáscairí a úsáidtear chun a scór a chinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014 ón gCoimisiún (3), a glacadh ar bhonn Airteagal 441(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, leagtar amach na formáidí agus na dátaí aonfhoirmeacha maidir le nochtadh na luachanna a úsáidtear chun G-SIInna a shainaithint. Aisghaireadh Airteagal 441(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(2) |
Le hAirteagal 131 de Threoir 2013/36/AE leagtar síos na critéir chun G-SIInna a shainaithint. Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 (5) ón gCoimisiún sonraítear an mhodheolaíocht don tsainaithint sin agus sainítear fochatagóirí na G-SIInna. Leasaíodh Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/539 (6) ón gCoimisiún chun na caighdeáin idirnáisiúnta athbhreithnithe maidir le sainaithint G-SIInna a chur san áireamh mar a ghlac Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) iad i mí Iúil 2018 (7). Na caighdeáin idirnáisiúnta athbhreithnithe sin, agus go háirithe an ceanglas formáid aonfhoirmeach a úsáid le haghaidh na faisnéise maidir le luachanna na dtáscairí a úsáidtear chun scór G-SIIanna dá dtagraítear in Airteagal 441 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chinneadh, ba cheart iad a léiriú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún (8). |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 a leasú dá réir. |
|
(4) |
Le Rialachán (AE) 2019/876, tugadh isteach freisin Airteagal 434a i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena dtugtar de chumhacht don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh chun formáidí aonfhoirmeacha a shonrú le haghaidh na faisnéise is gá chun measúnú a dhéanamh ar phróifílí priacail institiúidí agus ar a mhéid atá na ceanglais a leagtar síos i gCuid a hAon go Cuid a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á gcomhlíonadh acu. Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún ar bhonn an Airteagail 434a sin agus tugtar isteach ceanglais nua in ionad na gceanglas sin a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014. Dá bhrí sin, is gá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014 a aisghairm. |
|
(5) |
Chun a áirithiú go ndéanfar aistriú gan uaim ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014 go Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith mar an gcéanna le dáta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637, is é sin an 28 Meitheamh 2021. Ar an gcúis chéanna, ba cheart gurb ionann dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, dáta roimh an dáta cur i bhfeidhm, is é sin an 28 Meitheamh 2021. |
|
(6) |
I mí na Nollag 2019, d’fhoilsigh CBMB Creat Basel comhdhlúite, lena n-áirítear ceanglais nuashonraithe Cholún 3 maidir le nochtadh (9), a tugadh isteach den chuid is mó i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 le Rialachán (AE) 2019/876. Chun na leasuithe sin a chur chun feidhme, bunaíodh creat nochta Cholún 3 atá comhsheasmhach agus iomlán trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637. Dá bhrí sin, nuair a nochtann G-SIInna an fhaisnéis maidir le luachanna na dtáscairí a úsáidtear chun a scór a chinneadh, ba cheart dóibh tuarascáil Cholún 3 a úsáid atá comhsheasmhach leis an Rialachán seo. |
|
(7) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach. |
|
(8) |
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637
Cuirtear an tAirteagal 6a seo a leanas isteach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637:
“Airteagal 6a
Táscairí a nochtadh a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo
1. Nochtfaidh G-SIInna an fhaisnéis maidir le luachanna na dtáscairí a úsáidtear chun a scór dá dtagraítear in Airteagal 441 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chinneadh trí úsáid a bhaint as an bhformáid aonfhoirmeach um nochtadh dá dtagraítear in Airteagal 434a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a úsáidfidh na húdaráis ábhartha chun luachanna na dtáscairí a bhailiú mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 ón gCoimisiún, cé is moite d’aon sonraí coimhdeacha agus ítimí meabhráin a bhailítear i gcomhréir leis an Airteagal sin.
2. Nochtfaidh G-SIInna an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ina dtuarascáil deireadh bliana Cholún 3. Déanfaidh G-SIInna an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a athnochtadh ina gcéad tuarascáil Cholún 3 tar éis chur isteach deiridh luachanna na dtáscairí chuig na húdaráis ábhartha, i gcás ina bhfuil na figiúirí a tíolacadh éagsúil ó na figiúirí a nochtadh i dtuarascáil deireadh bliana Cholún 3.”
Airteagal 2
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014 a aisghairm
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 28 Meitheamh 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1030/2014 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir leis na formáidí aonfhoirmeacha agus an dáta le haghaidh nochtadh na luachanna a úsáidtear chun institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo a shainaithint de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 30.9.2014, lch. 14).
(4) Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht a shonrú chun institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainaithint agus chun fochatagóirí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainiú (IO L 330, 15.11.2014, lch. 27).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/539 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht a shonrú chun institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainaithint agus chun fochatagóirí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainiú (IO L 108, 29.3.2021, lch. 10).
(7) Creat Basel - SCO40: Bainc dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo.
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún an 15 Márta 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nochtaí poiblí ag institiúidí i dtaca leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i dTeidil II agus III de Chuid a hOcht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1423/2013 ón gCoimisiún, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1555 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/200 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2295 ón gCoimisiún (IO L 136, 21.4.2021, lch. 1)
(9) Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, ceanglais maidir le Nochtadh DIS, Nollaig 2019.
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
CINNTÍ
|
24.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 224/9 |
CINNEADH (AE) 2021/1019 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Meitheamh 2021
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an Ciste sin a mhaoiniú, lena n-áirítear an dara tráthchuid le haghaidh 2021
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól den Chomhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh cúnaimh airgeadais le haghaidh na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (1), agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (2), agus go háirithe Airteagal 19(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 19 go 22 de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Coimisiún le togra a chur i láthair faoin 15 Meitheamh 2021 lena leagtar amach méid an dara tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2021, agus méid bliantúil athbhreithnithe na ranníocaíochta le haghaidh 2021, i gcás nach mbeidh an méid ag teacht leis na riachtanais iarbhír. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, an 6 Aibreán 2021, chuir an Banc Eorpach Infheistíochta (“BEI”) a chuid meastachán nuashonraithe maidir le gealltanais agus íocaíochtaí faoi na hionstraimí a ndéanann sé bainistíocht orthu chuig an gCoimisiún. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, foráiltear go n-ídeofar ar dtús, agus glaonna á ndéanamh ar ranníocaíochtaí, na méideanna a leagtar síos do Chistí Eorpacha Forbraíochta roimhe seo. Dá bhrí sin, ba cheart glao ar chistí a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 don Choimisiún agus do BEIgus. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an “Ríocht Aontaithe”) chun leanúint de bheith ina páirtí sa Chiste Eorpach Forbraíochta (CEF) go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, níltear chun sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF nó faoi CEFanna roimhe sin a athúsáid, i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020. |
|
(5) |
Le Cinneadh (AE) 2020/1708 ón gComhairle (4), socraítear méid bliantúil ranníocaíochtaí CEF na mBallstát le haghaidh 2021 ag EUR 3 700 000 000 don Choimisiún agus ag EUR 300 000 000 do BEI. |
|
(6) |
Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déanfaidh na Páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta ranníocaíochtaí aonair an CEI a íoc leis an gCoimisiún agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, mar an dara tráthchuid le haghaidh 2021, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 22 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.
(2) IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.
(3) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(4) Cinneadh (AE) 2020/1708 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na Ballstáit chun an Ciste Eorpach Forbraíochta a mhaoiniú, lena n áirítear an uasteorainn le haghaidh 2022, an méid bliantúil le haghaidh 2021, an chéad tráthchuid le haghaidh 2021 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024 (IO L 385, 17.11.2020, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
|
NA BALLSTÁIT & AN RÍOCHT AONTAITHE |
Scála 11ú CEF % |
An dara tráthchuid 2021 (EUR) |
Iomlán |
|
|
BEI |
An Coimisiún |
|||
|
11ú CEF |
11ú CEF |
|||
|
AN BHEILG |
3,24927 |
4 224 051,00 |
38 991 240,00 |
43 215 291,00 |
|
AN BHULGÁIR |
0,21853 |
284 089,00 |
2 622 360,00 |
2 906 449,00 |
|
AN tSEICIA |
0,79745 |
1 036 685,00 |
9 569 400,00 |
10 606 085,00 |
|
AN DANMHAIRG |
1,98045 |
2 574 585,00 |
23 765 400,00 |
26 339 985,00 |
|
AN GHEARMÁIN |
20,57980 |
26 753 740,00 |
246 957 600,00 |
273 711 340,00 |
|
AN EASTÓIN |
0,08635 |
112 255,00 |
1 036 200,00 |
1 148 455,00 |
|
ÉIRE |
0,94006 |
1 222 078,00 |
11 280 720,00 |
12 502 798,00 |
|
AN GHRÉIG |
1,50735 |
1 959 555,00 |
18 088 200,00 |
20 047 755,00 |
|
AN SPÁINN |
7,93248 |
10 312 224,00 |
95 189 760,00 |
105 501 984,00 |
|
AN FHRAINC |
17,81269 |
23 156 497,00 |
213 752 280,00 |
236 908 777,00 |
|
AN CHRÓIT |
0,22518 |
292 734,00 |
2 702 160,00 |
2 994 894,00 |
|
AN IODÁIL |
12,53009 |
16 289 117,00 |
150 361 080,00 |
166 650 197,00 |
|
AN CHIPIR |
0,11162 |
145 106,00 |
1 339 440,00 |
1 484 546,00 |
|
AN LAITVIA |
0,11612 |
150 956,00 |
1 393 440,00 |
1 544 396,00 |
|
AN LIOTUÁIN |
0,18077 |
235 001,00 |
2 169 240,00 |
2 404 241,00 |
|
LUCSAMBURG |
0,25509 |
331 617,00 |
3 061 080,00 |
3 392 697,00 |
|
AN UNGÁIR |
0,61456 |
798 928,00 |
7 374 720,00 |
8 173 648,00 |
|
MÁLTA |
0,03801 |
49 413,00 |
456 120,00 |
505 533,00 |
|
AN ÍSILTÍR |
4,77678 |
6 209 814,00 |
57 321 360,00 |
63 531 174,00 |
|
AN OSTAIR |
2,39757 |
3 116 841,00 |
28 770 840,00 |
31 887 681,00 |
|
AN PHOLAINN |
2,00734 |
2 609 542,00 |
24 088 080,00 |
26 697 622,00 |
|
AN PHORTAINGÉIL |
1,19679 |
1 555 827,00 |
14 361 480,00 |
15 917 307,00 |
|
AN RÓMÁIN |
0,71815 |
933 595,00 |
8 617 800,00 |
9 551 395,00 |
|
AN tSLÓIVÉIN |
0,22452 |
291 876,00 |
2 694 240,00 |
2 986 116,00 |
|
AN tSLÓVAIC |
0,37616 |
489 008,00 |
4 513 920,00 |
5 002 928,00 |
|
AN FHIONLAINN |
1,50909 |
1 961 817,00 |
18 109 080,00 |
20 070 897,00 |
|
AN tSUALAINN |
2,93911 |
3 820 843,00 |
35 269 320,00 |
39 090 163,00 |
|
AN RÍOCHT AONTAITHE |
14,67862 |
19 082 206,00 |
176 143 440,00 |
195 225 646,00 |
|
IOMLÁN - AE-27 & AN RÍOCHT AONTAITHE |
100,00 |
130 000 000,00 |
1 200 000 000,00 |
1 330 000 000,00 |
|
24.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 224/12 |
CINNEADH (AE) 2021/1020 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2021
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón mBeilg – EGF/2020/005 BE/Swissport
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (2), agus go háirithe pointe 9 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe, nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na n-oibrithe sin sa mhargadh saothair. |
|
(2) |
Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3). |
|
(3) |
An 22 Nollaig 2020, chuir an Bheilg iarratas isteach chun CED a shlógadh, i leith iomarcaíochtaí in Swissport sa Bheilg. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 3 719 224 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Bheilg isteach. |
|
(5) |
Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a thógfar chun úsáid a bhaint as CED, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ón dáta a ghlacfar é, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2021, slógfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun méid EUR 3 719 224 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe íocaíochta.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 8 Meitheamh 2021.
Arna dhéanamh in Strasbourg, 8 Meitheamh 2021,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
|
24.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 224/14 |
CINNEADH (AE) 2021/1021 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2021
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2020/003 DE/GMH Guss
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,
Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (2), agus go háirithe pointe 9 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe, nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíochta nua, agus cabhrú le hathimeascadh na n-oibrithe sin sa mhargadh saothair. |
|
(2) |
Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 mhilliún (praghsanna 2018) mar a leagtar síos in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3) |
|
(3) |
An 15 Nollaig 2020, chuir an Ghearmáin iarratas isteach ar CED a shlógadh i dtaca le hiomarcaíochtaí in GMH Guss GmbH sa Ghearmáin. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 1 081 706 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Ghearmáin isteach. |
|
(5) |
Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am a thógfar chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ón dáta a ghlacfar é, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I ndáil le buiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2021, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun méid EUR 1 081 706 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 8 Meitheamh 2021.
Arna dhéanamh in Strasbourg, 8 Meitheamh 2021,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
|
24.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 224/16 |
CINNEADH (AE) 2021/1022 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2021
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón Ísiltír – EGF/2020/004 NL/KLM
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de, Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa,
Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (2), agus go háirithe pointe 9 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála ar fud an domhain de thoradh an domhandaithe, nó de bhrí gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch eile, agus cabhrú le hathimeascadh na n-oibrithe sin sa mhargadh saothair. |
|
(2) |
Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018) faoi mar a leagtar síos in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3). |
|
(3) |
An 22 Nollaig 2020, chuir an Ísiltír iarratas isteach chun CED a shlógadh, i leith iomarcaíochtaí in KLM Royal Dutch Airlines san Ísiltír. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais chun ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 5 019 218 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Ísiltír isteach. |
|
(5) |
Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an bhfad ama a thógfaidh sé CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ón dáta a ghlacfar é, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2021, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun méid EUR 5 019 218 a sholáthar ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ina leithreasuithe íocaíochta.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 8 Meitheamh 2021.
Arna dhéanamh in Strasbourg, 8 Meitheamh 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
|
24.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 224/18 |
CINNEADH (AE) 2021/1023 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2021
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón bhFionlainn – EGF/2020/007 FI/Finnair
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (2), agus go háirithe pointe 9 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála ar fud an domhain de thoradh an domhandaithe, nó de bhrí gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch eile, agus cabhrú le hath-imeascadh na n-oibrithe sin sa mhargadh saothair |
|
(2) |
Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018) faoi mar a leagtar síos in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3). |
|
(3) |
An 30 Nollaig 2020, chuir an Fhionlainn iarratas isteach chun CED a shlógadh, i leith iomarcaíochtaí in Finnair Oyj agus i bhfochonraitheoir amháin san Fhionlainn. Mar fhorlíonadh ar an iarratas sin, bhí faisnéis bhreise a soláthraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar san iarratas sin na ceanglais chun ranníocaíocht airgeadais ó CED a shocrú, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 1 752 360 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Fhionlainn isteach. |
|
(5) |
Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an bhfad ama a thógfaidh sé CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ón dáta a ghlacfar é, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2021, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun méid EUR 1 752 360 a sholáthar ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ina leithreasuithe íocaíochta.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 8 Meitheamh 2021.
Arna dhéanamh in Strasbourg, 8 Meitheamh 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na mblianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
|
24.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 224/20 |
CINNEADH (AE) 2021/1024 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Meitheamh 2021
lena leasaítear Cinneadh 2009/908/AE, lena leagtar síos bearta do chur chun feidhme an Chinnidh ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle, agus maidir le cathaoirleacht comhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh 2009/881/AE ón gComhairle Eorpach an 1 Nollaig 2009 maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas,
|
(1) |
Le Cinneadh 2009/908/AE (2) leag an Chomhairle síos bearta do chur chun feidhme Chinneadh 2009/881/AE ón gComhairle Eorpach. Na comhlachtaí ullmhúcháin nach bhfuil an Uachtaránacht 6 mhí ina chathaoirleach orthu, liostaítear iad in Iarscríbhinn III de Chinneadh 2009/908/AE, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 2, an tríú fomhír, de Chinneadh 2009/881/AE ón gComhairle Eorpach. |
|
(2) |
De réir Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh 2009/908/AE, tá an Mheitheal um Próiseáil Sonraí Dlíthiúla liostaithe i measc chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle a bhfuil Ardrúnaíocht na Comhairle ina chathaoirleach orthu. |
|
(3) |
I bhfianaise taithí na Meithle um Próiseáil Sonraí Dlíthiúla, agus cineál na gcúraimí arna ndéanamh aici, ba cheart an Uachtaránacht 6 mhí a bheith ina cathaoirleach ar an meitheal sin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2009/908/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Iarscríbhinn III de Chinneadh 2009/908/AE, scriostar an téacs arb é “an Mheitheal um Próiseáil Sonraí Dlíthiúla”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.
Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. LEÃO
(1) IO L 315, 2.12.2009, lch. 50.
(2) Cinneadh 2009/908/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009, lena leagtar síos bearta do chur chun feidhme an Chinnidh ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle, agus maidir le cathaoirleacht comhlachtaí ullmhúcháin de chuid na Comhairle (IO L 322, 9.12.2009, lch. 28).
|
24.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 224/22 |
CINNEADH (CBES) 2021/1025 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Meitheamh 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 11 Bealtaine 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/809 (1), ar Cinneadh é lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de. |
|
(2) |
An 16 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/795 (2), lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809, trí shíneadh a chur lena thréimhse chur chun fheidhme go dtí an 10 Lúnasa 2021. |
|
(3) |
An 26 Márta 2021, d’iarr Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA), atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/809, síneadh ocht mí eile ar thréimhse chur chun feidhme an Chinnidh (CBES) sin. Chuirfeadh an síneadh atá iarrtha ar chumas UNODA leanúint de chúnamh a chur ar fáil do Bhallstáit na Náisiún Aontaithe a bhfuil Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“UNSCR 1540”) á chur chun feidhme acu, rannchuidiú a thuilleadh le hathbhreithniú cuimsitheach leanúnach, rannchuidiú a thuilleadh le cúnamh a chur ar fáil do Choiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú le UNSCR 1540 go dtí deireadh a shainordaithe reatha ar an 28 Aibreán 2022, agus na caillteanais a eascraíonn as tionscadail atá fós gan seachadadh de bharr phaindéim COVID-19 a mhaolú. |
|
(4) |
Níl aon impleacht ó thaobh acmhainní airgeadais de le leanúint de na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2017/809 go dtí an 25 Aibreán 2022. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2017/809 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2017/809:
“2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 25 Aibreán 2022.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2017/809 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta (IO L 121, 12.5.2017, lch. 39).
(2) Cinneadh (CBES) 2020/795 ón gComhairle an 16 Meitheamh 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/809 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta (IO L 193, 17.6.2020, lch. 14).
|
24.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 224/24 |
CINNEADH (CBES) 2021/1026 ÓN gCOMHAIRLE
an 21 Meitheamh 2021
chun tacú le Clár Cibearshlándála agus Athléimne achtaagus Dearbhaithe Faisnéise na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiúchur chun feidhme Straitéis AE igcoinne Leathadh Arm Ollscriosta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 12 Nollaig 2003, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (“Straitéis AE”), a bhfuil liosta de bhearta chun leathadh den sórt sin a chomhrac i gCaibidil III de. |
|
(2) |
Le Straitéis AE, leagtar béim ar an ról ríthábhachtach atá ag an gCoinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Fhorbairt, Táirgeadh, Stoc-Charnadh agus Úsáid Arm Ceimiceach agus maidir lena nDíothú (CWC) agus ag an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) chun domhan a chruthú atá saor ó airm cheimiceacha. Tá cuspóirí Straitéis AE comhlántach leo siúd atá á saothrú ag OPCW i gcomhthéacs a fhreagrachta as CWC a chur chun feidhme. |
|
(3) |
An 22 Samhain 2004, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/797/CBES (1) maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW. Tar éis don Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin dul in éag, tháinig Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/913/CBES ón gComhairle (2), agus ina dhiaidh sin arís tháinig Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/185/CBES ón gComhairle (3). Tar éis Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/185/CBES, tháinig Cinntí 2009/569/CBES (4), 2012/166/CBES (5), 2013/726/CBES (6), (CBES) 2015/259 (7), (CBES) 2017/2302 (8), (CBES) 2017/2303 (9) agus (CBES) 2019/538 (10) ón gComhairle. |
|
(4) |
Is gá leanúint den dianchúnamh spriocdhírithe sin ón Aontas chuig OPCW i gcomhthéacs chur chun feidhme gníomhach Chaibidil III de Straitéis AE. |
|
(5) |
Tá gá le tuilleadh tacaíochta ón Aontas don Chlár Cibearshlándála agus Athléimneachta agus Dearbhaithe Faisnéise OPCW, a bhfuil sé d’aidhm aige feabhas a chur ar chumas OPCW leibhéil iomchuí cibearshlándála agus athléimneachta a choinneáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn i ndáil leis an gcibearshlándáil, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Chun gnéithe ar leith de Straitéis AE a chur i bhfeidhm láithreach agus go praiticiúil, tacóidh an tAontas le tionscadal de chuid OPCW a bhfuil na cuspóirí seo a leanas aige:
|
— |
bonneagar TFC a uasghrádú i gcomhréir le creat institiúideach leanúnachais gnó OPCW, ag díriú go mór ar an athléimneacht; agus |
|
— |
rialú rochtana faoi phribhléid a áirithiú, mar aon le bainistiú faisnéise fisiciúla, loighciúla agus cripteagrafaíche agus deighilt a dhéanamh i ngach líonra straitéiseach agus misin de chuid OPCW. |
2. I gcomhthéacs mhír 1, is iad seo a leanas gníomhaíochtaí thionscadal OPCW, atá i gcomhréir leis na bearta a leagtar amach i gCaidibil III de Straitéis AE, a dtacóidh an tAontas leo:
|
— |
timpeallacht chumasúcháin a oibríochtú le haghaidh iarrachtaí leanúnacha cibearshlándála agus athléimneachta laistigh d’oibríochtaí ilshuíomh OPCW; |
|
— |
réiteach saincheaptha a cheapadh le haghaidh comhtháthú agus cumrú córas ar an áitreamh agus néalbhunaithe le córais ICT OPCW agus réitigh Bainistithe Rochtana faoi Phribhléid (PAM); agus |
|
— |
tionscamh agus tástáil réiteach PAM. |
3. Leagtar amach san Iarscríbhinn tuairisc mhionsonraithe ar ghníomhaíochtaí OPCW dá dtagraítear i mír 2 a fhaigheann tacaíocht ón Aontas.
Airteagal 2
1. Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) freagrach as an gCinnidh seo a chur chun feidhme.
2. Is í Rúnaíocht Theicniúil OPCW (“an Rúnaíocht Theicniúil”) a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1. Déanfaidh sé an cúram sin faoi fhreagracht agus rialú an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an Rúnaíocht Theicniúil.
Airteagal 3
1. Is é EUR 2 151 823 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an tionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme.
2. Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar bhainistiú cuí an chaiteachais dá dtagraítear i mír 2. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú riachtanach i gcrích leis an Rúnaíocht Theicniúil. Sonróidh an comhaontú sin go n-áiritheoidh an Rúnaíocht Theicniúil infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, ar bhealach atá iomchuí lena méid, agus sonrófar ann bearta chun forbairt sineirgí a éascú agus chun dúbláil gníomhaíochtaí a sheachaint.
4. Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú chun críche.
Airteagal 4
Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag an Rúnaíocht Theicniúil. Beidh na tuarascálacha sin ón Ardionadaí ina mbonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle. Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi ghnéithe airgeadais an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.
Airteagal 5
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag 24 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag sé mhí tar éis a theacht i bhfeidhm, áfach, mura mbeidh an comhaontú sin tugtha i gcrích faoin tréimhse sin.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 21 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/797/CBES ón gComhairle an 22 Samhain 2004 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 349, 25.11.2004, lch. 63).
(2) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/913/CBES ón gComhairle an 12 Nollaig 2005 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 331, 17.12.2005, lch. 34).
(3) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/185/CBES ón gComhairle an 19 Márta 2007 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 85, 27.3.2007, lch. 10).
(4) Cinneadh 2009/569/CBES ón gComhairle an 27 Iúil 2009 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 197, 29.7.2009, lch. 96).
(5) Cinneadh 2012/166/CBES ón gComhairle an 23 Márta 2012 chun tacú le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 87, 24.3.2012, lch. 49).
(6) Cinneadh 2013/726/CBES ón gComhairle an 9 Nollaig 2013 lena dtacaítear le Rún 2118 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus EC-M-33/Dec 1 ó Chomhairle Feidhmiúcháin na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW), i gcreat chur chun feidhme straitéis AE i gcoinne iomadú na n-arm ollscriosta (IO L 329, 10.12.2013, lch. 41).
(7) Cinneadh (CBES) 2015/259 ón gComhairle an 17 Feabhra 2015 chun tacú le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 43, 18.2.2015, lch. 14).
(8) Cinneadh (CBES) 2017/2302 ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 chun tacú le gníomhaíochtaí OPCW chun cabhrú le hoibríochtaí glantacháin ag an iar-láithreán stórála arm ceimiceach sa Libia faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 329, 13.12.2017, lch. 49).
(9) Cinneadh (CBES) 2017/2303 ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 chun tacú le cur chun feidhme leanúnach Rún 2118 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus cinneadh EC-M-33/DEC.1 ó Chomhairle Feidhmiúcháin OPCW maidir le díothú airm cheimiceacha na Siria) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 329, 13.12.2017, lch. 55).
(10) Cinneadh (CBES) 2019/538 ón gComhairle an 1 Aibreán 2019 chun tacú le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 93, 2.4.2019, lch. 3).
IARSCRÍBHINN
DOICIMÉAD TIONSCADAIL
1. Cúlra
Tá sé de cheangal ar OPCW bonneagar a chothabháil lena gceadaítear ceannasacht faisnéise ar bhealach atá i gcomhréir le haicmiúcháin rochtana faoi phribhléid, chun gnáthaimh agus bagairtí atá ann cheana a láimhseáil go cuí, agus é in ann cosaint ag an am céanna ar rioscaí atá ag teacht chun cinn. Tá rioscaí tromchúiseacha agus rioscaí atá ag teacht chun cinn fós roimh OPCW i ndáil leis an gcibearshlándáil agus leis an gcibear-athléimneacht. Tá OPCW á ionsaí ag gníomhaithe a bhfuil ardscileanna agus acmhainní acu agus spreagadh iontu. Leanann na gníomhaithe sin de rúndacht agus sláine shócmhainní faisnéise agus bonneagair OPCW a ionsaí go minic. Chun freagairt ar na hábhair imní a cuireadh i bhfios go láidir maidir le cibear-ionsaithe a rinneadh le déanaí, ceisteanna polaitiúla reatha, agus géarchéim COVID-19, agus aird á tabhairt ar na riachtanais uathúla a bhaineann le cineál oibre OPCW i ndáil le sainordú CWC a chur i gcrích, is léir go bhfuil gá le hinfheistíocht bhunriachtanach i gcumais theicniúla.
Faoi Chiste Speisialta OPCW don Chibearshlándáil, don Leanúnachas Gnó agus don tSlándáil Bonneagair Fhisiciúil, tá a Chlár Cibearshlándála agus Athléimneachta agus Dearbhaithe Faisnéise (Clár OPCW) ceaptha ag OPCW, clár ina bhfuil 47 ngníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chibearshlándála a bhí ann le déanaí. Tá Clár OPCW ailínithe leis an dea-chleachtas a chuireann eintitis amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) chun cinn nó a úsáideann coincheapa a bhaineann leis an Treoir Eorpach maidir le Slándáil na gCoras Gréasán agus Faisnéise (NIS) a bhaineann le teileachumarsáid agus cosaint. Clúdaíonn Clár OPCW na réimsí téamacha seo a leanas le chéile; córais gréasán rúnaicmithe agus neamh-rúnaicmithe; beartas agus rialachas; brath agus freagairt; oibríochtaí agus cothabháil; agus teileachumarsáid. Go bunúsach, tá an Clár OPCW ceaptha chun OPCW a chumasú deiseanna a laghdú d’ionsaitheoirí ar dhea-acmhainní agus/nó státurraithe a n-aidhmeanna a bhaint amach, agus rioscaí ó bhagairtí seachtracha agus ó bhagairtí ar an taobh istigh araon a mhaolú ó thaobh an duine agus ó thaobh na teicneolaíochta de. Tá an tacaíocht ón Aontas struchtúrtha mar thionscadal ina bhfuil trí ghníomhaíocht a chomhfhreagraíonn do dhá cheann de 47 ngníomhaíocht Chlár OPCW.
2. Cuspóir an tionscadail
Is é cuspóir foriomlán an Tionscadail a áirithiú go bhfuil sé d’acmhainn ag Rúnaíocht OPCW leibhéal iomchuí cibearshlándála agus athléimneachta a choinneáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chibearshlándála athfhillteacha agus atá ag teacht chun cinn i gceanncheathrú OPCW agus i saoráidí cúnta, chun cur i gcrích shainordú OPCW agus cur chun feidhme éifeachtach CWC a chumasú.
3. Cuspóirí
|
— |
Bonneagar TFC a uasghrádú i gcomhréir le creat institiúideach leanúnachais gnó OPCW, ag díriú go mór ar an athléimneacht; |
|
— |
Rialú rochtana faoi phribhléid a áirithiú, mar aon le bainistiú faisnéise fisiciúla, loighciúla agus cripteagrafaíche agus deighilt a dhéanamh i ngach líonra straitéiseach agus misin. |
4. Torthaí
Is iad seo a leanas na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, a rannchuidíonn an Tionscadal leo:
|
— |
go gcuirfidh trealamh agus seirbhísí TFC iontaofacht láidir córas ar fáil (hibrideach/iomarcaíocht gheografach) agus go n-éascaíonn siad infhaighteacht mhéadaithe córas agus seirbhísí TFC chun tacú le leanúnachas gnó; |
|
— |
go n-íoslaghdófar cumas aon fhachtóir aonair nó aon duine aonair tionchar díobhálach a imirt ar rúndacht agus ar shláine faisnéise nó córas laistigh den OPCW. |
5. Gníomhaíochtaí
5.1. Gníomhaíocht 1 – Timpeallacht chumasúcháin a oibríochtú le haghaidh iarrachtaí leanúnacha cibearshlándála agus athléimneachta laistigh d’oibríochtaí ilshuíomh OPCW
Féachann an ghníomhaíocht seo le timpeallacht chumasúcháin a áirithiú chun pleanáil leanúnachais gnó OPCW a chur i bhfeidhm go rianúil a mhéid a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus leis an athléimneacht. Bainfear é sin amach trí dhul i ngleic le huasghráduithe bonneagair – ath-ailtireacht agus/nó cartlannú do leanúnachas gnó OPCW thar oibríochtaí ilshuíomh. Mar aon le comhtháthú rialachais rochtana faoi phribhléid sna próisis phleanála agus freagartha leanúnachais gnó a éascú agus a chumasú tuilleadh.
5.2. Gníomhaíocht 2 – Réiteach saincheaptha a cheapadh le haghaidh comhtháthú agus cumrú córas ar an áitreabh agus néalbhunaithe le córais TFC OPCW agus réitigh Bainistithe Rochtana faoi Phribhléid (PAM)
Díríonn an ghníomhaíocht seo ar an timpeallacht chumasúcháin a aistriú go dearadh saincheaptha do chomhtháthú agus do chumrú córas ar an áitreabh agus néalbhunaithe le córais TFC OPCW agus réitigh PAM. Táthar ag súil go méadófar éifeachtúlacht bhonneagar na gcóras TFC dá bharr sin agus go gceapfar córas comhtháite PAM le haghaidh sócmhainní criticiúla ar féidir leis bagairtí a dhíspreagadh, a bhrath, agus a bheidh i gcomhréir le cumais fiaigh bhagartha chomhchuimseacha.
5.3. Gníomhaíocht 3 – Tionscnamh agus tástáil réiteach PAM
Cuireann an ghníomhaíocht seo leis an mbonneagar a cuireadh chun feidhme agus leis na réitigh PAM a ceapadh chun comhtháthú agus cumraíocht a ghlacadh ón teoiric go dtí an cleachtas. Ní mór córais a mhapáil, a phróifíliú agus a neadú sna córais atá ann cheana agus aird á tabhairt ar thosca gaolmhara beartais agus daonna. Ina dhiaidh sin, fíoraíonn tástáil chríochnúil agus áirithítear stóinseacht an chórais (tá fíordheimhniú láidir ag gach córas nua le haghaidh úsáideoirí agus feistí, aicmiú agus cosaint faisnéise iomchuí, agus ardchosc ar chaillteanas sonraí) ó thaobh an chur chun feidhme de agus le himeacht ama, beidh Rúnaíocht OPCW in ann bearnaí a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu a mhéid is féidir.
6. Fad ama
Meastar go dtabhófar agus go gcríochnófar thar thréimhse 24 mhí an fad iomlán measta don chur chun feidhme a chistítear tríd an tionscadal seo.
7. Tairbhithe
Pearsanra Rúnaíocht Theicniúil OPCW, orgáin ceaptha beartais, fochomhlachtaí agus geallsealbhóirí CWC, lena n-áirítear Stáit is Páirtithe, a bheidh ina dtairbhithe faoin tionscadal.
8. Infheictheacht an Aontais
Déanfaidh OPCW gach beart is iomchuí, laistigh de bhreithniúcháin réasúnta slándála, chun a phoibliú gurbh é an tAontas a mhaoinigh an tionscadal seo.
|
24.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 224/29 |
CINNEADH (AE) 2021/1027 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Meitheamh 2021
lena gcuirtear de chúram ar an gCoimisiún Eorpach - Oifig um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla (PMO) - feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin agus don údarás arna chumhachtú chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích a bhaineann le hárachas in aghaidh riosca galair cheirde nó tionóiscí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint do Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 2(2) de na Rialacháin Foirne sin agus Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta sin,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2017/262 ón gComhairle an 6 Feabhra 2017 lena gcinntear, i dtaca le hArdrúnaíocht na Comhairle, an t-údarás ceapacháin agus an t-údarás arna chumhachtú chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/811/AE (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh faoi árachas i gcoinne riosca galair cheirde nó tionóiscí faoi Airteagal 73 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) agus faoi Airteagail 28 agus 95 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (“na Coinníollacha Fostaíochta”). De bhun Airteagal 73 de na Rialacháin Foirne, leagtar amach coinníollacha an árachais sin i rialacha comhchoiteanna arna dtarraingt suas trí chomhaontú comhchoiteann idir na hinstitiúidí uile agus arna dtaifeadadh ag Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 13 Nollaig 2005. |
|
(2) |
Is í Oifig um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla (PMO) an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as teidlíochtaí airgeadais bhaill foirne an Choimisiúin agus, trí chomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse (SLAnna), institiúidí agus comhlachtaí áirithe eile de chuid an Aontais, a riar agus a íoc. |
|
(3) |
Faoin SLA a tugadh i gcrích idir PMO agus Ardrúnaíocht na Comhairle (“an Ardrúnaíocht”) an 3 Bealtaine 2019, tá PMO freagrach as teidlíochtaí indibhidiúla, cearta pinsin agus sochair dhífhostaíochta le haghaidh baill foirne na hArdrúnaíochta a riar agus a íoc. Sna réimsí sin, feidhmíonn PMO cumhachtaí áirithe de chuid an údaráis ceapacháin agus an údaráis arna chumhachtú chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích de bhun Chinneadh (AE) 2019/792 ón gComhairle (3). |
|
(4) |
Foráiltear le SLA an 3 Bealtaine 2019, inter alia, go bhféadfar raon feidhme na seirbhísí a thairgeann PMO a leathnú chun bainistiú árachas in aghaidh riosca galair cheirde nó tionóiscí fhoireann na hArdrúnaíochta a chumhdach. Ós rud é gur comhchoiteann iad na coinníollacha a bhaineann le hárachas do na hinstitiúidí uile agus go bhfuil na cumais agus taithí riachtanach ag PMO, is iomchuí seirbhísí den sórt sin a chur de chúram ar PMO. |
|
(5) |
Chun go mbeidh aistriú seirbhísí den sórt sin éifeachtach, ba cheart don Chomhairle feidhmiú na gcumhachtaí ábhartha a thugtar don údarás ceapacháin agus don údarás arna chumhachtú chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích d’fhoireann Ardrúnaíocht na Comhairle a chur de chúram ar an PMO. |
|
(6) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú d’fhoireann Ardrúnaíocht na Comhairle, ba cheart a shoiléiriú nach mór iarrataí agus gearáin a bhaineann le hárachas i gcoinne an riosca a bhaineann le galair cheirde nó le tionóiscí ceirde a thaisceadh leis an gCoimisiún. Chun na críche céanna, ba cheart a shoiléiriú gur cheart achomhairc ghaolmhara chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a dhéanamh i gcoinne an Choimisiúin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Cuirtear de chúram ar Oifig Riaracháin agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla (PMO) an Choimisiúin Eorpaigh feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar leis na Rialacháin Foirne don údarás ceapacháin agus leis na Coinníollacha Fostaíochta don údarás arna chumhachtú chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích i dtaca le foireann na hArdrúnaíochta, a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 73 de na Rialacháin Foirne agus Airteagail 28 agus 95 de na Coinníollacha Fostaíochta.
2. Déanfar iarrataí agus gearáin a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thaisceadh leis an údarás ceapacháin nó leis an údarás arna chumhachtú chun conarthaí fostaíochta an Choimisiúin a thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 90c de na Rialacháin Foirne agus Airteagail 46 agus 117 de na Coinníollacha Fostaíochta, faoi seach. Is de bhun Airteagal 91a de na Rialacháin Foirne agus Airteagail 46 agus 117 de na Coinníollacha Fostaíochta a dhéanfar achomhairc chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcoinne an Choimisiúin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2021.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 22 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.
(2) IO L 39, 16.2.2017, lch. 4.
(3) Cinneadh (AE) 2019/792 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2019 lena gcuirtear de chúram ar an gCoimisiún Eorpach - Oifig Riaracháin agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla (PMO) - feidhmiú cumhachtaí áirithe arna dtabhairt don údarás ceapacháin agus don údarás arna chumhachtú chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích (IO L 129, 17.5.2019, lch. 3).
|
24.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 224/31 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1028 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Meitheamh 2021
lena nglactar bearta maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraí Lárchóras ETIAS a rochtain, a leasú, a léirscriosadh agus a réamh-léirscriosadh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (1), agus go háirithe Airteagal 73(3), an tríú fomhír, pointí (b) (i) agus (ii) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2018/1240, bunaítear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (“ETIAS”), córas is infheidhme maidir le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus atá ag iarraidh dul isteach ar chríoch na mBallstát. |
|
(2) |
Roimh an gCóras Faisnéise ETIAS a fhorbairt, is gá bearta a ghlacadh maidir le cur chun feidhme teicniúil an chórais sin. |
|
(3) |
Na bearta a leagtar síos leis an gCinneadh seo, ba cheart iad a fhorlíonadh le Sonraíochtaí Teicniúla an Chórais Faisnéise ETIAS. Ar bhonn na mbeart a leagtar síos leis an gCinneadh seo, an Ghníomhaireacht Eorpach chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), ba cheart di a bheith in ann dearadh ailtireacht fhisiceach an Chórais Faisnéise ETIAS a shainiú mar aon le sonraíochtaí teicniúla an chórais sin, agus an Córas Faisnéise ETIAS a fhorbairt a chomh maith. |
|
(4) |
An chaoi a ndéanfaidh na húdaráis sonraí i Lárchóras ETIAS a rochtain, a leasú agus a léirscriosadh, ba cheart an méid sin a chuimsiú i bhforbairt theicniúil agus cur chun feidhme an Chórais Faisnéise ETIAS. |
|
(5) |
A mhéid a bhaineann le rochtain ag na húdaráis teorann chun stádas údaraithe taistil a fháil ag na teorainneacha, rochtain ag na húdaráis inimirce chun na coinníollacha maidir le dul isteach ar chríoch na mBallstát nó fanacht uirthi a fhíorú, rochtain ag na lárphointí rochtana chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, agus rochtain ag Aonaid Náisiúnta ETIAS chun comhaid a aisghabháil lena dtacófar leis an measúnú riosca, ba cheart an rochtain sin a dheonú trí chomhéadan teicniúil trínar féidir na bonneagair teorann náisiúnta, na lárphointí rochtana, córais náisiúnta na n-údarás inimirce agus córais faisnéise eile an Aontais nó córais náisiúnta eile a chomhcheangal le Lárchóras ETIAS. Na sonraíochtaí teicniúla a d’fhorbair eu-LISA, ba cheart doiciméad maidir le rialú an chomhéadain a bheith san áireamh iontu, doiciméad ina dtabharfar tuairisc ar an gcomhéadan teicniúil a bheidh ann idir Lárchóras ETIAS ar thaobh amháin agus córais faisnéise eile an Aontais agus córais náisiúnta ar an taobh eile. |
|
(6) |
Nuair a chuirfear tús le hoibríochtaí na tairsí cuardaigh Eorpaí arna bunú de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), na cuardaigh a dhéanfaidh na húdaráis teorann, na húdaráis inimirce nó na lárphointí rochtana, ba cheart na cuardaigh sin a bheith déanta tríd an tairseach chuardaigh Eorpach. |
|
(7) |
A mhéid a bhaineann le rochtain chun próiseáil láimhe a dhéanamh ar iarratais, lena n-áirítear i gcás Europol nuair a thugann sé tuairim d’Aonaid Náisiúnta ETIAS, mar aon le rochtain ag Láraonad ETIAS agus ag Aonaid Náisiúnta ETIAS chun sonraí a leasú agus a léirscriosadh, ba cheart rochtain a dheonú trí bhogearra arna cheapadh chun na críche sin ag eu-LISA. Ba cheart do Europol an bogearra sin a úsáid freisin chun rochtain a iarraidh ar shonraí i Lárchóras ETIAS chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. An chaoi a ndéanfaidh Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS agus Europol an bogearra sin a fhíordheimhniú agus a rochtain, ba cheart é sin a shonrú. |
|
(8) |
Úsáideoirí cuí-údaraithe ó Láraonad ETIAS, ó Aonaid Náisiúnta ETIAS agus ó Europol, ba cheart dóibh logáil isteach sa bhogearra trí bhíthin phróifílí poist na n-úsáideoirí. Láraonad ETIAS, Aonaid Náisiúnta ETIAS agus Europol, ba cheart dóibh a bheith in ann ceadanna caighdeánacha, róil agus próifílí poist a shannadh d’úsáideoirí nó próifílí poist a shaincheapadh trí bhíthin róil agus ceadanna réamhbhunaithe sa bhogearra chun go léireofar an chaoi a ndéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, agus na Ballstáit, an chaoi a ndéanfaidh siad Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS a bhunú agus a oibriú, agus i gcás Europol, chun go léireofar modhanna oibre Europol. |
|
(9) |
Neamh-chomhoiriúnachtaí idir róil agus ceadanna réamhbhunaithe, ba cheart iad a réamhchinneadh sa bhogearra chun cosc a chur ar úsáideoirí próifílí poist a chruthú a mbeidh róil agus ceadanna neamh-chomhoiriúnacha ag baint leo. Chun dualgais a dheighilt agus chun freagrachtaí contrártha ar úsáideoirí a sheachaint, níor cheart na ceadanna a bhaineann le próiseáil na n-iarratas a chónascadh leis na ceadanna a bhaineann le sonraí a leasú agus a léirscriosadh ná leis na ceadanna a bhaineann le nósanna imeachta achomhairc. |
|
(10) |
I gcomhréir leis na prionsabail maidir le cosaint sonraí, go háirithe cosaint sonraí de réir dearaidh agus de réir réamhshocraithe, ba cheart cead a bheith ag úsáideoirí an bhogearra na sonraí a chomhfhreagraíonn do na ceadanna arna sannadh dá bpróifílí poist a fheiceáil agus na sonraí sin amháin. I ngeall air sin, d’fhéadfadh taispeáintí éagsúla úsáideora a bheith ann, ag brath ar an bpróifíl poist atá in úsáid. |
|
(11) |
Ba cheart an bogearra a fhorbairt le feidhmiúlachtaí ginearálta bogearra a thacaíonn le Láraonad ETIAS agus le hAonaid Náisiúnta ETIAS ó thaobh a gcúraimí a bhaineann le sonraí a rochtain, a leasú agus a léirscriosadh. |
|
(12) |
Chomh maith leis sin, ba cheart roinnt feidhmiúlachtaí sonracha a bheith san áireamh ann chun tacú le húsáideoirí ó thaobh a gcúraimí a bhaineann le sonraí a rochtain agus a leasú agus nuair atá próiseáil láimhe á déanamh acu ar iarratais ar gineadh amas i ndáil leis le linn uathphróiseáil na n-iarratas. |
|
(13) |
I measc na bhfeidhmiúlachtaí sonracha sin, an t-am atá fágtha ag úsáideoirí chun na sprioc-amanna a sannadh dóibh a chomhlíonadh maidir leis na céimeanna éagsúla ó thaobh an t-iarratas a scrúdú mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1240, ba cheart don bhogearra an t-am sin a thaispeáint go soiléir d’úsáideoirí i gcónaí. |
|
(14) |
Ba cheart d’fheidhmiúlachtaí sonracha eile tacú le hAonaid Náisiúnta ETIAS le linn phróiseáil láimhe na n-iarratas nuair atá measúnú á dhéanamh ar na rioscaí. Ba cheart don bhogearra asbhaint sonraí teoranta a stóráiltear i Lárchóras ETIAS a chumasú chun go mbeadh sé níos éasca d’Aonaid Náisiúnta ETIAS córais faisnéise nó bunachair sonraí eile an Aontais a cheadú (Córas Faisnéise Schengen (SIS), an Córas Faisnéise Víosaí (VIS), an Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) nó Eurodac), nó faisnéis a cheadú i mbunchórais náisiúnta, faisnéis a bhaineann leis na hamais a ghintear le linn uathphróiseáil na n-iarratas. Ba cheart an Córas Faisnéise ETIAS a fhorbairt sa chaoi gur féidir comhaid a chruthú go huathoibríoch agus iad a chur ar fáil lena n-asbhaint ag Aonaid Náisiúnta ETIAS nuair atá próiseáil láimhe á déanamh ar iarratais i gcomhréir le hAirteagal 26 nó Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/1240. Is gá sainaithint a dhéanamh ar na feidhmiúlachtaí agus na heilimintí sonraí ar cheart iad a ullmhú go huathoibríoch mar chuid de na comhaid, ag brath ar an amas a ghintear le linn uathphróiseáil na n-iarratas. Is gá thairis sin feidhmiúlachtaí sonracha a bheith ag an mbogearra trínar féidir sonraí a asbhaint i gcomhthéacs nósanna imeachta achomhairc náisiúnta agus trínar féidir torthaí na measúnuithe riosca a uaslódáil mar aon le sonraí a bhaineann le nósanna imeachta achomhairc náisiúnta a thaifeadadh. An t-údar cuí is bonn leis an gcinneadh i leith údarú taistil a eisiúint nó a dhiúltú, níor cheart d’úsáideoirí a bheith in ann é a uaslódáil de réir fheidhmiúlachtaí sonracha an bhogearra lena ndéanfar torthaí na measúnuithe riosca a uaslódáil. |
|
(15) |
Ba cheart do eu-LISA sonraí logála isteach a shannadh do na Ballstáit ionas gur féidir leo ról amháin nó níos mó nó próifíl poist úsáideora amháin nó níos mó a shocrú le haghaidh bhaill foirne chuí-údaraithe na lárphointí rochtana agus le haghaidh údaráis teorann agus inimirce. |
|
(16) |
I bhfianaise na hoibleagáide atá ann cheana faoi Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann, agus í ina cáil mar rialaitheoir sonraí i gcomhréir le hAirteagal 3, pointe (8), den Rialachán sin, agus eu-LISA, agus é ina cháil mar rialaitheoir i ndáil le bainistiú slándála faisnéise Lárchóras ETIAS, ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála atá beartaithe ar chosaint sonraí pearsanta de bhun Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2018/1725. |
|
(17) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní raibh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2018/1240 agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é, áfach, go gcuireann Rialachán (AE) 2018/1240 le acquis Schengen, thug an Danmhairg fógra an 21 Nollaig 2018, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, maidir lena cinneadh Rialachán (AE) 2018/1240 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta. |
|
(18) |
Is éard atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu agus ní thagann sé faoi raon feidhme Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (4); Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(19) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is éard atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (5) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6). |
|
(20) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (7) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE (8) ón gComhairle. |
|
(21) |
Maidir le Lichtinstéin, is éard atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (9) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE (10) ón gComhairle. |
|
(22) |
A mhéid a bhaineann leis an mBulgáir, an Chipir, an Chróit agus an Rómáin, is éard atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach. |
|
(23) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 22 Eanáir 2021. |
|
(24) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Theorainneacha Cliste (ETIAS), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an gCinneadh seo bunaítear bearta maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1240 a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
1. |
sonraí a rochtain i gcomhréir le hAirteagail 22 go 29, Airteagail 33 go 44 agus Airteagal 47 go 53 den Rialachán sin; |
|
2. |
sonraí a leasú, a léirscriosadh agus a réamh-léirscriosadh i gcomhréir le hAirteagal 55 den Rialachán sin. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn “ról” tacar ceadanna atá nasctha le cuspóir sonrach le haghaidh sonraí a phróiseáil i gCóras an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS); |
|
(b) |
ciallaíonn “próifíl poist” feidhm phoist amháin nó níos mó a chuimsíonn ról amháin nó níos mó; |
|
(c) |
ciallaíonn “úsáideoir” ball foirne cuí-údaraithe ó Lárionad ETIAS, Aonad Náisiúnta ETIAS, Europol nó lárphointe rochtana mar aon le húdaráis teorann nó inimirce ag a bhfuil sonraí logála isteach a sainíodh do ról nó próifíl poist amháin nó níos mó; |
|
(d) |
ciallaíonn “cead” an ceart chun oibríocht próiseála sonraí a dhéanamh. |
CAIBIDIL II
FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN mBOGEARRA
Airteagal 3
Scéim fíordheimhniúcháin agus bainistiú rochtana
1. Cé is moite de rochtain ar iontrálacha ar liostaí faire a ndéanfar rochtain orthu i gcomhréir leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena leagtar síos bearta maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla an liosta faire agus na huirlise meastóireachta tionchair (11), beidh rochtain ag úsáideoirí ó Láraonad ETIAS, Aonaid Náisiúnta ETIAS agus Europol ar shonraí a stóráiltear i Lárchóras ETIAS agus Europol, tríd an mbogearra dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 (“an bogearra”).
2. Agus an bogearra á fhorbairt aige, déanfaidh eu-LISA an méid seo a leanas:
|
(a) |
scéim fíordheimhniúcháin a bhunú lena logálfar isteach sa bhogearra; |
|
(b) |
ceadanna caighdeánacha, róil agus próifílí poist a chur ar fáil do Láraonad ETIAS, Aonaid Náisiúnta ETIAS agus Europol. |
3. Cuirfidh an bogearra na modhanna teicniúla ar fáil do Láraonad ETIAS, Aonaid Náisiúnta ETIAS agus Europol chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
róil nua a chruthú agus róil atá ann cheana a leasú nó a léirscriosadh; |
|
(b) |
sonraí logála isteach a chruthú chun gur féidir leis na húsáideoirí oibríochtaí próiseála sonraí a dhéanamh i gcomhréir leis na róil sannta; |
|
(c) |
rialáil a dhéanamh, laistigh dá n-eagraíocht, ar shannadh na ról caighdeánach d’úsáideoirí agus ar bhainistiú na ról sin. |
4. Na róil a chruthaigh nó a leasaigh Láraonad ETIAS, Aonaid Náisiúnta ETIAS agus Europol, ní bheidh siad le feiceáil ach ag Láraonad ETIAS, Aonad Náisiúnta ETIAS nó Europol faoi seach.
5. Cuirfidh an bogearra cosc ar róil neamh-chomhoiriúnacha a shannadh d’úsáideoirí. I gcás na n-úsáideoirí a bhfuil roinnt próifílí poist acu, déanfaidh an bogearra a áirithiú nach mbeidh siad in ann ach próifíl poist amháin a úsáid ag am ar leith, agus go mbeidh siad in ann próifílí poist a mhalartú gan logáil amach.
6. Is iad Láraonad ETIAS, Aonaid Náisiúnta ETIAS agus Europol a bheidh freagrach as próifílí poist a shannadh d’úsáideoirí laistigh dá n-eagraíocht tríd an mbogearra. Féadfar gach próifíl poist, ról nó cead a shannadh do roinnt úsáideoirí laistigh d’aon eagraíocht amháin.
7. Féadfaidh úsáideoirí ainmneacha bréige a úsáid. Beifear in ann na hainmneacha bréige sin a rianú chuig céannachtaí oifigiúla na n-úsáideoirí ar an leibhéal náisiúnta nó laistigh de Europol.
8. An scéim fíordheimhniúcháin agus na ceadanna, róil agus próifílí poist caighdeánacha dá dtagraítear i mír 2 agus an cosc atá ar róil neamh-chomhoiriúnacha shannadh dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, is mar chuid de na sonraíochtaí teicniúla dá bhforáiltear in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2018/1240 a bheidh siad.
Airteagal 4
Feidhmeanna ginearálta an bhogearra
1. Beidh ar a laghad ceann amháin de na feidhmeanna seo a leanas ag an mbogearra lena dtacófar le húsáideoirí sonraí a rochtain, a leasú agus a léirscriosadh:
|
(a) |
an fhéidearthacht a bheith ann tacar réamhshocraithe scagairí a úsáid chun taispeáint na sonraí a oiriúnú do gach próifíl poist atá logáilte isteach sa bhogearra; |
|
(b) |
sábháil uathoibríoch na sonraí a chuirtear leis an gcomhad iarratais nó na ndréachtleasuithe ar shonraí sa chomhad iarratais, i gcás inarb infheidhme, agus logáil amach uathoibríoch an úsáideora tar éis tréimhse neamhghníomhaíochta réamhbhunaithe; |
|
(c) |
an fhéidearthacht a bheith ann rochtain ar amas ag úsáideoir eile a bhlocáil ar feadh tréimhse teoranta, lena n-airítear amais den sórt sin a mharcáil mar amais atá infheicthe ag úsáideoirí eile; |
|
(d) |
an rogha a bheith ann dul chun cinn a shábháil maidir le próiseáil iarratais ag Láraonad ETIAS nó Aonaid Náisiúnta ETIAS; |
|
(e) |
an rogha a bheith ann marcáil agus taifeadadh a dhéanamh, tráth ar bith, ar aon mhíchruinneas sonraí nó aon phróiseáil atá ina sárú ar Rialachán (AE) 2018/1240 ag Láraonad ETIAS nó Aonaid Náisiúnta ETIAS; |
|
(f) |
cumarsáid agus malartú faisnéise a chumasú idir na húsáideoirí ó Láraonad ETIAS, Aonaid Náisiúnta ETIAS agus Europol; |
|
(g) |
na nótaí sealadacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (f) den Chinneadh seo a scriosadh go huathoibríoch tráth a chuirfear críoch leis an bpróiseáil láimhe ag Láraonad ETIAS agus ag Aonaid Náisiúnta ETIAS; |
|
(h) |
na nótaí sealadacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (f) den Chinneadh seo a chosc ar bheith infheicthe ag úsáideoirí eile seachas úsáideoirí an Aonaid chéanna nó Europol; |
|
(i) |
cead a thabhairt do Lárionad ETIAS iarrataí ó Europol dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (m) den Chinneadh seo a phróiseáil; |
|
(j) |
an fhéidearthacht a bheith ann aisghabháil sonraí a éascú arna iarraidh sin do dhuine is ábhar do na sonraí, lena n-áirítear teimpléid chun freagra a thabhairt don duine is ábhar do na sonraí mar aon le, i gcas inarb ábhartha, forléargas ar na hathruithe a rinneadh ar na sonraí, roghnú na sonraí pearsana nó na húdair chuí dá dtagraítear in Airteagal 64(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2018/1240; |
|
(k) |
i gcás ina leasófar údarú taistil ar bhonn iarraidh ó shealbhóir an údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) 2018/1240, beidh na húsáideoirí in ann a chur in iúl do shealbhóir an údaraithe taistil gur eisíodh údarú taistil leasaithe. |
2. Tabharfaidh eu-LISA tuairisc ar na sonraí maidir le feidhmeanna ginearálta an bhogearra sna sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2018/1240.
Airteagal 5
Feidhmiúlachtaí sonracha an bhogearra
1. Beidh ar a laghad na feidhmiúlachta sonracha seo a leanas ag an mbogearra lena dtacófar le húsáideoirí agus sonraí á rochtain acu i gcomhréir le Caibidlí III, IV agus VI de Rialachán (AE) 2018/1240:
|
(a) |
feidhmiúlacht lena dtaispeánfar na comhaid iarratais mar an taispeáint réamhshocraithe de réir an mhéid ama atá fágtha go dtí an chéad chéim eile den phróiseáil láimhe, mar aon le scagairí eile a bheidh ar fáil chun an taispeáint a shaincheapadh de réir an úsáideora, chun na comhaid iarratais a thaispeáint de réir na n-aicmí seo a leanas:
|
|
(b) |
feidhmiúlacht chun an t-am atá fágtha a ríomh agus a thaispeáint go soiléir mar aon le rabhaidh maidir le sprioc-amanna le haghaidh phróiseáil láimhe na n-iarratas, lena n-áirítear an uair a cheadaítear Aontais Náisiúnta ETIAS nó Europol; |
|
(c) |
feidhmiúlacht lena gcuirfear deais bhainistíochta ar fáil do Láraonad ETIAS, Aonaid Náisiúnta ETIAS nó Europol ina mbeidh forléargas ar stádas na n-oibríochtaí próiseála láimhe le fáil; |
|
(d) |
feidhmiúlacht lena dtabharfar an rogha chun iarratas a mharcáil le haghaidh aird ar leith nó láimhseáil ad-hoc; |
|
(e) |
feidhmiúlacht lena dtabharfar an rogha fógra a iarraidh faoin gcinneadh a rinne Aonad Náisiúnta ETIAS an Bhallstáit atá freagrach i leith iarratas ar ceadaíodh Aonad Náisiúnta ETIAS i ndáil leis; |
|
(f) |
feidhmiúlacht lena gcuirfear ar a chumas do Láraonad ETIAS agus Aonaid Náisiúnta ETIAS nótaí sealadacha i ndáil leis an gcomhad iarratais a chur leis nó a scriosadh; |
|
(g) |
feidhmiúlachtaí lena dtacófar le hAonaid Náisiúnta ETIAS próiseáil láimhe a dhéanamh ar iarratais de bhun Airteagail 26 agus 28 de Rialachán (AE) 2018/1240 mar a leanas:
|
|
(h) |
feidhmiúlacht trínar féidir an fhaisnéis ábhartha is gá a asbhaint le haghaidh nósanna imeachta achomhairc náisiúnta i gcás inar tionscnaíodh na nósanna imeachta sin, agus trínar féidir a thaifeadadh i Lárchóras ETIAS gur tionscnaíodh nós imeachta achomhairc, in éineacht le huimhreacha tagartha an achomhairc náisiúnta agus toradh an nós imeachta sin; |
|
(i) |
feidhmiúlacht trínar féidir an fhaisnéis nó an doiciméadacht bhreise dá dtagraítear in Airteagal 27(2) agus (8) de Rialachán (AE) 2018/1240 a asbhaint agus aistriúcháin na doiciméadachta sin a uaslódáil agus a stóráil sa chomhad iarratais; |
|
(j) |
feidhmiúlacht trínar féidir obair leantach a dhéanamh i leith thoradh na n-achomharc náisiúnta de bhun Airteagal 37(3), Airteagal 40(3) agus Airteagal 41(7) de Rialachán (AE) 2018/1240, lena n-áirítear sonraí a leasú nó a léirscriosadh i Lárchóras EITAS nó i gcás inarb ábhartha, údarú taistil nua a eisiúint; |
|
(k) |
feidhmiúlacht chun comhaid iarratais a shannadh agus chun a n-infheictheacht a theorannú nó a chumasú le haghaidh úsáideoirí laistigh d’aon Aonad Náisiúnta ETIAS amháin nó laistigh de Láraonad ETIAS, ionas gur féidir leis na húsáideoirí comhordú a dhéanamh; |
|
(l) |
feidhmiúlacht lena gcuirfear ar a chumas do Europol na sonraí a tharchuireann Láraonad ETIAS chuige a asbhaint, mar a thagraítear dó in Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2018/1240; |
|
(m) |
feidhmiúlacht lena dtabharfar rochtain do Láraonad ETIAS ar Lárchóras ETIAS chun iarrataí ó Europol a phróiseáil maidir le sonraí a stóráiltear i Lárchóras ETIAS a cheadú, gan féachaint ar pharaiméadair chuardaigh na hiarrata ó Europol nó ar thorthaí an chuardaigh, agus chun fógra a thabhairt do Europol faoi tharchur na sonraí de bhun Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2018/1240; |
|
(n) |
feidhmiúlacht lena gcuirfear ar a chumas do Europol comhad a asbhaint ina bhfuil na sonraí is toradh ar an iarraidh ar cheadú dá dtagraítear i bpointe (m); |
|
(o) |
feidhmiúlacht lena sannfar iarrataí ar cheadú d’úsáideoirí sonracha laistigh de Europol; |
|
(p) |
feidhmiúlacht lena gcuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí ó Láraonad ETIAS nó ó Aonaid Náisiúnta ETIAS a bheith ag obair ar amais éagsúla go comhuaineach laistigh d’aon chomhad iarratais amháin agus chun comhordú a dhéanamh ar mhaithe le teacht ar thuairim i gcásanna ina sainaithneofar níos mó ná amas amháin san Aonad sin maidir leis an aon chomhad iarratais amháin; |
|
(q) |
feidhmiúlacht lena n-áiritheofar nach bhféadfaidh ach úsáideoir amháin, laistigh de Láraonad ETIAS nó d’Aonad Náisiúnta ETIAS, a bheith ag obair ar an aon amas amháin, ag aon am amháin, i gcomhad iarratais; |
|
(r) |
feidhmiúlacht trínar féidir údarú taistil eisithe a aisghabháil de láimh chun é a neamhniú nó a chúlghairm. |
2. Leis an bhfeidhmiúlacht dá dtagraítear i bpointe (q), cuirfear ar a gcumas do na húsáideoirí na hamais nach féidir obair a dhéanamh orthu ag am ar leith a fheiceáil. Na húsáideoirí a bhfuil sonraí logála isteach cuí acu, beidh siad in ann ábhar an amais a fheiceáil i gcónaí.
3. Sna sonraíochtaí teicniúla dá bhforáiltear in Airteagal 73(3) den Rialachán (AE) 2018/1240, tabharfaidh eu-LISA tuairisc ar shonraí na bhfeidhmiúlachtaí sonracha atá ag an mbogearra dá dtagraítear i mír 1, formáid na sonraí sna comhaid asbhainte dá dtagraítear i mír 1, pointí (g), (l), (m) agus (n) den Airteagal seo agus an cur chuige teicniúil i leith taifead a choimeád ar na hoibríochtaí próiseála sonraí uile dá dtagraítear in Airteagal 26(7) den Rialachán sin.
CAIBIDIL III
ROCHTAIN, LEASÚ, LÉIRSCRIOSADH AGUS RÉAMH-LÉIRSCRIOSADH
Airteagal 6
Rochtain, leasú, léirscriosadh agus réamh-léirscriosadh chun críocha Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2018/1240
1. Chun críocha Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2018/1240, ligfidh an bogearra do Láraonad ETIAS nó d’Aonaid Náisiúnta ETIAS na sonraí a stóráiltear i Lárchóras ETIAS a chuardach. Beidh na réimsí cuardaigh seo a leanas ar fáil:
|
(a) |
sloinne (ainm teaghlaigh); |
|
(b) |
céadainm nó céadainmneacha (ainm nó ainmneacha baiste); |
|
(c) |
cineál agus uimhir an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil; |
|
(d) |
uimhir an iarratais; |
|
(e) |
náisiúntacht nó náisiúntachtaí; |
|
(f) |
dáta breithe; |
|
(g) |
gnéas; |
|
(h) |
tréimhse ama. |
2. Chun aisghabháil an chomhaid iarratais a éascú, ligfidh an bogearra d’úsáideoirí cuardach a dhéanamh trí shonraí a sholáthar a chomhfhreagraíonn do na réimsí cuardaigh dá dtagraítear i mír 1, pointe (c) nó (d) den Airteagal seo.
3. Mura bhfuil na sonraí dá dtagraítear i mír 1, pointí (c) nó (d) ar fáil, ligfidh an bogearra d’úsáideoirí cuardach a dhéanamh trí shonraí a sholáthar a chomhfhreagraíonn do na réimsí cuardaigh dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b), (e), (f), (g) agus (h). Ligfidh an bogearra d’úsáideoirí cuardach a dhéanamh i gcás ina mbeidh na sonraí a chomhfhreagraíonn do cheann de na réimsí cuardaigh (b), (e), (g) in easnamh. Beidh sé roghnach sonraí a sholáthar a chomhfhreagraíonn don réimse cuardaigh (h).
4. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le cuardaigh a dhéanfar i gcomhréir le mír 2:
|
(a) |
déanfar na réimsí cuardaigh dá dtagraítear i mír 1, pointí (c) agus (d) a chuardach sa mhód beacht; |
|
(b) |
déanfar na réimsí cuardaigh eile uile dá dtagraítear i mír 1 a chuardach sa mhód neamhbheacht. |
5. Taispeánfar an comhad iarratais in éineacht le haon chomhad iarratais eile atá ceangailte leis, agus i gcomhréir leis na ceadanna agus na róil arna sainiú d’úsáideoirí.
6. Chun na comhaid iarratais a léirscriosadh de bhun Airteagal 55(5) de Rialachán (AE) 2018/1240, cuirfidh feidhmiúlacht de chuid an bhogearra ar a gcumas d’úsáideoirí Aonaid Náisiúnta ETIAS cuardaigh a dhéanamh agus roinnt comhaid iarratais a aisghabháil le chéile. Ligfidh an bogearra do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 55(5) den Rialachán sin an fhaisnéis struchtúrtha ina bhfuil réimsí cuardaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fáil lena n-úsáid ag Aonaid Náisiúnta ETIAS. Beidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo mutatis mutandis maidir leis na cuardaigh sin.
7. Roimh aon athrú de bhun Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2018/1240 a thaifeadadh i Lárchóras ETIAS, iarrfaidh an bogearra ar an úsáideoir an leasú nó an léirscriosadh a dheimhniú trína shonraí úsáideora a chur isteach.
CAIBIDIL IV
ROCHTAIN AR SHONRAÍ CHUN CHRÍOCHA FHORFHEIDHMIÚ AN DLÍ
Airteagal 7
Rochtain ar shonraí ag Europol
1. Iarrataí ar rochtain ó Europol de bhun Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2018/1240, cuirfear isteach tríd an mbogearra iad.
2. Déanfaidh Europol na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 52(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1240 a líonadh isteach i bhfoirm i gcomhréir le hAirteagal 53 den Rialachán sin. Déanfaidh Europol a shonrú cé na sonraí, más ann dóibh, a bhféadfar iad a chuardach sa mhód neamhbheacht.
3. Aonad speisialaithe Europol dá dtagraítear in Airteagal 53(3) de Rialachán (AE) 2018/1240, aonad atá freagrach as iarrataí a fhíordheimhniú roimh ré, cuirfidh sé san áireamh san iarraidh an measúnú i dtaobh an gcomhlíonann an iarraidh na coinníollacha uile dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin. Beidh sé dodhéanta go teicniúil an iarraidh a chur faoi bhráid Láraonad ETIAS mura bhfuil an measúnú sin san áireamh.
4. Déanfaidh Lárchóras ETIAS cosc a chur go huathoibríoch ar rochtain ar shonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(2), pointe (h) de Rialachán (AE) 2018/1240. Chomh maith leis sin, déanfaidh Lárchóras ETIAS cosc a chur go huathoibríoch ar rochtain ar shonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(2), pointe (i), agus Airteagal 17(4), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2018/1240 i gcás nach mbeidh sé léirithe ag aonad speisialaithe Europol go ndearnadh na húdair chuí ábhartha is gá de bhun Airteagal 53(1) den Rialachán sin a sholáthar agus a fhíorú. Léireoidh aonad speisialaithe Europol san iarraidh go ndearnadh na fíoruithe is gá.
Airteagal 8
Rochtain ar shonraí trí lárphointí rochtana
1. Déanfaidh na lárphointí rochtana Lárchóras ETIAS a chuardach leis na sonraí a liostaítear in Airteagal 52(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1240 tríd an tairseach chuardaigh Eorpach arna bunú de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/817. Féadfar na sonraí a liostaítear in Airteagal 52(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1240 a chuardach sa mhód neamhbheacht.
2. Go dtí go mbeidh an tairseach chuardaigh Eorpach oibríochtúil le haghaidh úsáid ag lárphointí rochtana, is trí Lárchóras ETIAS go díreach a dhéanfar na cuardaigh sin.
3. I gcás ina bhfaighfear iarraidh ó aonad oibríocha de chuid na n-údarás ainmnithe, fíoróidh agus deimhneoidh an lárphointe rochtana go gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) 2018/1240.
4. I gcás inarb infheidhme, fíoróidh agus deimhneoidh an lárphointe rochtana gurb ann d’údar cuí le rochtain ar na sonraí a liostaítear in Airteagal 17(2), pointe (i), agus Airteagal 17(4), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2018/1240, i gcomhréir le hAirteagal 51 den Rialachán sin.
5. I gcás ina ndéanfaidh an lárphointe rochtana Lárchóras ETIAS a rochtain, cuirfidh Lárchóras ETIAS cosc go huathoibríoch ar rochtain ar na sonraí a liostaítear in Airteagal 17(2), pointe (h), de Rialachán (AE) 2018/1240.
Na sonraí a liostaítear in Airteagal 17(2), pointe (i), agus Airteagal 17(4), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2018/1240, ní dhéanfaidh Lárchóras ETIAS na sonraí sin a aisghabháil ach amháin i gcás ina mbeidh sé deimhnithe ag an lárphointe rochtana go bhfuil údar cuí leis na sonraí sin a rochtain de bhun mhír 4 den Airteagal seo.
I gcásanna eisceachtúla, de mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, beidh na lárphointí rochtana in ann a léiriú go mbaineann an iarraidh le cás práinne agus beidh siad in ann an iarraidh ó aonad oibríochta de chuid na n-údarás ainmnithe a phróiseáil láithreach. Na fíoruithe agus na deimhnithe dá bhforáiltear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, is ar bhonn ex post a dhéanfar iad, i gcomhréir le hAirteagal 51(4) de Rialachán (AE) 2018/1240.
CAIBIDIL V
ROCHTAIN AR SHONRAÍ AG ÚDARÁIS TEORANN AGUS INIMIRCE CHUN CRÍOCH FÍORAITHE
Airteagal 9
Rochtain ar shonraí ag na húdaráis teorann ag na teorainneacha seachtracha
1. Déanfaidh na húdaráis teorann Lárchóras ETIAS a rochtain chun na sonraí is gá a cheadú le haghaidh chomhlíonadh a ndualgas.
Beidh rochtain ag na húdaráis teorann ar Lárchóras ETIAS chun é a chuardach leis na sonraí seo a leanas ón gcuid den doiciméad taistil atá meaisín-inléite:
|
(a) |
sloinne (ainm teaghlaigh); céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); |
|
(b) |
dáta breithe; gnéas; náisiúntacht nó náisiúntachtaí; |
|
(c) |
cineál agus uimhir an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil; |
|
(d) |
an dáta a imeoidh bailíocht an doiciméid taistil in éag. |
Na sonraí uile a liostaítear sa dara fomhír, úsáidfear iad chun an cuardach a thionscnamh. Na sonraí a liostaítear i bpointe (a), féadfar iad a chuardach sa mhód neamhbheacht agus déanfar na sonraí eile uile a chuardach sa mhodh beacht.
2. Leis na cuardaigh a dhéanfar leis na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, gheofar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointí (a) go (d), de Rialachán (AE) 2018/1240.
3. I gcomhréir le hAirteagal 47(4) de Rialachán (AE) 2018/1240, beidh na húdaráis teorann in ann Lárchóras ETIAS a rochtain chun faisnéis bhreise a cuireadh leis an gcomhad iarratais a cheadú i gcomhréir le hAirteagal 39(1), pointe (e), nó Airteagal 44(6), pointe (f), den Rialachán sin. Chun na críche sin, beidh rochtain ag na húdaráis teorann, tríd an tairseach chuardaigh Eorpach, ar Lárchóras ETIAS chun é a chuardach leis na sonraí a liostaítear i mír 1, an dara fomhír den Airteagal seo.
Go dtí go mbeidh an tairseach chuardaigh Eorpach oibríochtúil le haghaidh úsáid ag na húdaráis teorann, is trí Lárchóras ETIAS go díreach a dhéanfar na cuardaigh sin.
4. Leis na cuardaigh a dhéanfar i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, gheofar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 39(1), pointe (e), nó Airteagal 44(6), pointe (f), de Rialachán (AE) 2018/1240.
Airteagal 10
Rochtain ar shonraí ag na húdaráis inimirce
1. Tríd an Tairseach Chuardaigh Eorpach beidh rochtain ag na húdaráis inimirce ar Lárchóras ETIAS chun é a chuardach ar mhaithe lena sheiceáil nó a fhíorú an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le dul isteach ar chríoch na Ballstát nó fanacht uirthi, agus ar mhaithe le bearta iomchuí i ndáil leis sin a dhéanamh. De bhun Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, beidh rochtain ag na húdaráis inimirce ar Lárchóras ETIAS chun é a chuardach leis na sonraí a liostaítear in Airteagal 17(2), pointí (a) go (e), den Rialachán sin.
Aon teaglaim de na sonraí a liostaítear in Airteagal 17(2), pointí (a), go (e), de Rialachán (AE) 2018/1240, féadfar iad a úsáid chomh fada agus a úsáidfear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(2), pointe (a), den Rialachán sin. Féadfar na cuardaigh sin a dhéanamh sa mhód neamhbheacht.
Go dtí go mbeidh an tairseach chuardaigh Eorpach oibríochtúil le haghaidh úsáid ag na húdaráis inimirce, is trí Lárchóras ETIAS go díreach a dhéanfar na cuardaigh sin.
2. Leis na cuardaigh a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, gheofar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 49(3) de Rialachán (AE) 2018/1240.
3. Chomh maith leis sin, beidh rochtain ag na húdaráis inimirce ar Lárchóras ETIAS chun críche fillidh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 65(3) de Rialachán (AE) 2018/1240.
Beidh rochtain ag na húdaráis inimirce ar Lárchóras ETIAS chun é a chuardach leis na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
Aon teaglaim de na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar iad a úsáid chomh fada agus a úsáidfear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1240.
4. Leis na cuardaigh a dhéanfar i gcomhréir le míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, gheofar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 65(3), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2018/1240. Na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 17(2), pointe (k), den Rialachán sin, ní bhfaighfear iad ach amháin má úsáidtear “dáta breithe” sa chuardach.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meitheamh 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 236, 19.9.2018, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, IO L 135, 22.5.2019, lch. 27.
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(4) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(5) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(6) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(7) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(8) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(9) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(10) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(11) C(2021) 4123.