ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 204

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
10 Meitheamh 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/930 ón gCoimisiún an 1 Márta 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear cineál, déine agus fad ghéarchor eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 181(1), pointe (b), agus Airteagal 182(1), pointe (b) den Rialachán sin ( 1 )

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/931 ón gCoimisiún an 1 Márta 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an modh chun idirbhearta díorthach ag a bhfuil tionscnóir riosca ábhartha amháin nó níos mó a shainaithint chun críocha Airteagal 277(5), an fhoirmle chun deilte mhaoirseachta na gcéadroghanna ar cheannach agus ar dhíol arna mapáil ar an gcatagóir riosca ráta úis a ríomh agus an modh chun a chinneadh an suíomh fada nó gearr é idirbheart sa phríomhthionscnóir riosca nó sa tionscnóir riosca is ábhartha sa chatagóir riosca ar leith chun críocha Airteagal 279a(3)(a) agus (b) sa chur chuige caighdeánaithe maidir le riosca creidmheasa an chontrapháirtí ( 1 )

7

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/932 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2021 lena gcuirtear ar fionraí údarú sóidiam lasalaicid A (Avatec 15 % cc) agus sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus le haghaidh béaróg (sealbhóir an údaraithe Zoetis Belgium S.A.) ( 1 )

13

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/933 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2021 lena ndéantar maolú ar a bhfuil i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 a mhéid a bhaineann le bearta áirithe chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a d’eascair as paindéim COVID-19

16

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2021 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras clasaiceach na muc ( 1 )

18

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/935 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 13ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-Rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le glacadh na leasuithe ar na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a bhaineann le hinnill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí, vaigíní lastais, inrochtaineacht an chórais iarnróid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, maidir le glacadh na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha is infheidhme maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh, agus an mbonneagar fochórais, maidir leis na tagairtí do dhoiciméid theicniúla dá dtagraítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a bhaineann le feidhmchláir teileamaitice le haghaidh lasta a thabhairt cothrom le dáta, agus maidir le hathbhreithniú ar ATMF i dtaca le heintitis a bhfuil cothabháil faoina gcúram

39

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/936 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe do mheaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2023 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014

42

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle ( IO L 150, 14.6.2018 ) ( IO L 0, 14.6.2018 )

47

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

10.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 204/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/930 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Márta 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear cineál, déine agus fad ghéarchor eacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 181(1), pointe (b), agus Airteagal 182(1), pointe (b) den Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 181(3) agus an tríú fomhír d’Airteagal 182(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 181(1), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear ar institiúidí, agus na paraiméadair riosca a bhainfidh leis na gráid rátála nó leis na comhthiomsuithe rátála á gcainníochtú acu, úsáid a bhaint as a bhféin-mheastacháin LGD atá iomchuí le haghaidh géarchor eacnamaíoch má tá na meastacháin sin níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach. Ar an gcaoi chéanna, ceanglaítear le hAirteagal 182(1), pointe (b), den Rialachán sin ar institiúidí úsáid a bhaint as féin-mheastacháin fachtóra coinbhéartachta (“CF”) atá iomchuí le haghaidh géarchor eacnamaíoch má tá na meastacháin sin níos coimeádaí ná an meán fadtréimhseach.

(2)

I bhfianaise shainiúlachtaí na bpunann éagsúil, ba cheart a cheangal ar institiúidí géarchor eacnamaíoch a shainaithint le haghaidh gach cineál neamhchosainte, mar atá sainmhínithe in Airteagal 142(1), pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(3)

Ba cheart an cineál géarchoir eacnamaíoch a shonrú i ndáil le cineál áirithe neamhchosainte trí thagairt a dhéanamh don tacar táscairí eacnamaíocha a mheastar a bheith ina n-athróga míniúcháin le haghaidh an timthrialla eacnamaíoch a bhaineann go sonrach le neamhchosaintí den chineál sin, nó ina dtáscairí den timthriall eacnamaíoch sin. Ba cheart táscairí maicreacnamaíocha agus táscairí a bhaineann le creidmheas araon a áireamh sa tacar táscairí eacnamaíocha. Déantar amhlaidh chun a áirithiú, i gcás neamhchosaintí de chineál inchomparáide, go n-aithneoidh institiúidí an géarchor eacnamaíoch céanna de ghnáth.

(4)

Cé go bhféadfadh leibhéal na LGDanna réadaithe agus na CFanna réadaithe a bheith píosa mhaith níos airde ná an meán fadtréimhseach mar thoradh ar ghéarchor eacnamaíoch, níor cheart a mheas gurb ionann na dálaí ar saintréithe de ghéarchor eacnamaíoch iad agus na dálaí a úsáidtear le haghaidh tástáil struis. D’fhéadfadh na coinníollacha a úsáidtear le haghaidh tástáil struis a bheith níos déine agus d’fhéadfaidís cásanna níos foircní a úsáid nár ghá iad a bheith bunaithe ar bhreathnuithe stairiúla. I Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus sna gníomhartha tarmligthe lena bhforlíontar é, déantar foráil leordhóthanach maidir le tástáil struis a dhéanamh i gcásanna ina n-éilítear sin, agus ní áirítear aon cheanglas den sórt sin le haghaidh tástáil struis sna forálacha a bhaineann le féin-mheastacháin LGD agus le féin-mheastacháin CF. Ina ionad sin, chun críocha féin-mheastacháin LGD agus féin-mheastacháin CF, ba cheart géarchor eacnamaíoch a shonrú bunaithe ar dhálaí eacnamaíocha a breathnaíodh go stairiúil.

(5)

Ba cheart déine an ghéarchoir eacnamaíoch a shonrú trí thagairt a dhéanamh do na luachanna 12 mhí ba dhéine arna mbreathnú thar réise ama stairiúil atá iomchuí don tacar táscairí eacnamaíocha ar saintréithe de ghéarchor iad maidir leis an gcineál áirithe neamhchosaintí atá faoi bhreithniú. I gcás gach táscaire eacnamaíoch sa tacar, ba cheart an luach 12 mhí is déine a úsáid toisc go leagann sé síos cothromaíocht idir cobhsaíocht agus sainaithint na ndálaí is déine a bhreathnaítear le linn réise ama iomchuí. Roghnaíodh an cur chuige sin chun an dearcadh 12 mhí a choimeád simplí agus toisc go bhféadfadh meán níos faide na dálaí díobhálacha a thugtar faoi deara i dtaobh táscaire eacnamaíoch a chaolú freisin. D’fhéadfadh luachanna níos minice, mar shampla luachanna ráithiúla, a bheith faoi réir tionchair shéasúracha. Ar an taobh eile, d’fhéadfadh luachanna nach mbíonn ann chomh minic sin, mar shampla luachanna a sheasann do mheáin 36 mhí, dálaí diana a cheilt.

(6)

Fiú i gcás táscairí eacnamaíocha a thuairiscítear go bliantúil, ní gá gurb ionann iad na 12 mhí lena mbaineann táscairí i ngach cás. Baineann roinnt táscairí le blianta féilire, roinnt eile le blianta airgeadais, roinnt eile le blianta cánach agus mar sin de. Chun críoch géarchoir eacnamaíoch a shainaithint, ba cheart go mbeadh sé indéanta dá bhrí sin, i gcás táscairí eacnamaíocha a thuairiscítear go bliantúil agus táscairí a thuairiscítear ar bhonn níos minice, go n-úsáidfí tréimhsí 12 mhí ina bhféadfadh aon phointe ama sa bhliain a bheith ina thúsphointe.

(7)

Ós rud é go bhféadfadh cineál neamhchosaintí a bheith comhdhéanta de neamhchosaintí a bhaineann le gnólachtaí, earnálacha nó limistéir gheografacha éagsúla, féadfaidh tréimhse géarchoir amháin nó “tréimhsí géarchoir” éagsúla ar leith a bheith i gceist le géarchor eacnamaíoch i ndáil le cineál neamhchosaintí. Ba cheart tréimhse ghéarchoir a aithint mar thréimhse ama shonraithe ina léirítear le táscaire eacnamaíoch ábhartha an luach 12 mhí is déine lena mbaineann. Má bhaintear amach na huasphointí nó na híosphointí a bhaineann leis an luach 12 mhí is déine a bhreathnaítear i ndáil le dhá tháscaire eacnamaíocha nó níos mó san am céanna nó go gairid i ndiaidh a chéile, ba cheart na táscairí eacnamaíocha sin go léir a lua leis an “tréimhse ghéarchoir” chéanna. Is é is cúis leis an bhforáil go bhféadfadh géarchor eacnamaíoch a bheith ann ina gcuimseofaí níos mó ná tréimhse géarchoir shuntasach amháin chun a áirithiú go gcuirfear gach táscaire eacnamaíoch ábhartha san áireamh agus tréimhsí géarchoir nach bhfuil forluiteach á sonrú, ar tréimhsí iad a ndéanfar anailís orthu i gcomhthéacs de mheastachán LGD maidir le géarchor agus meastachán CF maidir le géarchor.

(8)

Chun róchastacht a sheachaint, is iomchuí liosta táscairí eacnamaíocha a bhunú, táscairí a bheidh le cur san áireamh i ngach cás. Mar sin féin, i bhfianaise na sainiúlachtaí a bhaineann le punanna áirithe, ba cheart a cheangal ar institiúidí táscairí eacnamaíocha breise a chur san áireamh ar athróga míniúcháin nó táscairí iad maidir leis an timthriall eacnamaíoch a bhaineann go sonrach leis an gcineál áirithe neamhchosaintí.

(9)

I bhfianaise éagsúlacht leathan gheografach agus earnála na bpunann, ní féidir na foinsí sonraí beachta a leagan síos nach mór a úsáid le haghaidh gach táscaire liostaithe i ngach dlínse sa domhan agus i ngach earnáil. Thairis sin, ceanglaítear cheana féin ar institiúidí faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sonraí iontaofa a úsáid agus córais stóinsithe a bheith i bhfeidhm acu chun an meastachán ar gach paraiméadar riosca a bhailíochtú. Mar thoradh air sin, ceanglófar ar institiúidí i gcás ar bith cruinneas agus iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáideann siad chun luachanna táscaire a fháil a léiriú. Ní gá, dá bhrí sin, rialacha sonracha a leagan síos sa Rialachán seo maidir leis na foinsí sonraí beachta a úsáidfear.

(10)

Ba cheart d’institiúidí úsáid a bhaint as foinsí sonraí iontaofa iomchuí, ach níor cheart a cheangal orthu sonraí a fháil le haghaidh táscairí eacnamaíocha atá ar fáil má tá na costais a bhaineann leis sin díréireach, ag féachaint don chineál táscaire agus d’ábharthacht an chineáil neamhchosaintí atá á meas i gcomparáid leis na cineálacha eile neamhchosaintí sa phunann.

(11)

Ní mór na táscairí eacnamaíocha a mheas ina leibhéil nó ina n-athruithe ar na leibhéil de réir mar is iomchuí, agus an chaoi a dtuairiscítear an táscaire eacnamaíoch go coitianta agus a mhéid is féidir leis timthriallacht a léiriú á cur san áireamh.

(12)

Ba cheart táscaire eacnamaíoch a áireamh sa tacar ábhartha táscairí eacnamaíocha uair amháin in aghaidh gach dlínse, nó in aghaidh gach limistéir gheografaigh is lú nuair is iomchuí, arb ionann é agus sciar ábhartha den chineál neamhchosaintí atá á meas. Déantar sin chun a áirithiú go léiríonn an tacar táscairí go cothrom meascán geografach na neamhchosaintí sa chineál sin neamhchosaintí. Ba cheart feidhm a bheith ag riail chomhchosúil maidir le gach earnáil tionscail lena mbaineann sciar ábhartha den chineál neamhchosaintí. Níor cheart cead a thabhairt d’institiúidí na dlínsí nó na hearnálacha sin a ghrúpáil chun críocha géarchor eacnamaíoch a shainaithint ach amháin i gcás ina léiríonn dlínsí éagsúla nó earnálacha éagsúla tionsclaíochta comhghluaiseachtaí láidre i luachanna réadaithe táscairí eacnamaíocha.

(13)

Ba cheart an réise ama stairiúil a shonrú ar lena linn a dhéanfar scrúdú ar luachanna táscaire eacnamaíoch áirithe. Ba cheart réise ama réamhshocraithe 20 bliain a shocrú le haghaidh gach táscaire eacnamaíoch. Déantar sin lena chinntiú go gclúdaíonn an tréimhse breathnóireachta stairiúil dhá thimthriall eacnamaíocha ar a laghad. Mar sin féin, i gcás nach bhfuil luachanna atá dian go leor sna 20 bliain sin, ba cheart ceangal a bheith ar institiúidí breathnú níos faide siar i stair na sonraí. Ba cheart luachanna a mheas mar “gan a bheith dian go leor” mura bhfuil inathraitheacht an táscaire eacnamaíoch thar an tréimhse breathnóireachta 20 bliain sin ionadaíoch do raon dóchúil inathraitheachta an táscaire sin i leith na todhchaí.

(14)

Ar chúiseanna simplíochta agus inchomparáideachta, ba cheart tréimhse 12 mhí ar a laghad a bheith i gceist le tréimhse ghéarchoir. Chun cruinneas níos fearr a áirithiú sna torthaí, ba cheart caitheamh leis an tréimhse sin mar íosmhéid. Ba cheart go mbeadh ceangal ar institiúidí tréimhse níos faide a úsáid i gcás ina dtugann an luach/na luachanna is déine don táscaire eacnamaíoch nó do na táscairí eacnamaíocha a bhaineann le tréimhse ghéarchoir le tuiscint go mairfidh an géarchor ar feadh tréimhse níos faide. Ba cheart go mbeadh fad tréimhse géarchoir ina léiriú ar dhálaí díobhálacha in iompraíochtaí timthriallacha a bhaineann go sonrach leis an gcineál neamhchosaintí atá á mbreithniú, seachas athruithe struchtúracha sa gheilleagar as a dtiocfaidh éifeachtaí fadtéarmacha ar luachanna táscairí eacnamaíocha.

(15)

Leis na ceanglais chun meastachán a dhéanamh ar LGDanna agus CFanna i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear ar institiúidí sonraí dearaidh agus oibríochtúla a gcóras rátála a dhoiciméadú, lena n-áirítear dearadh a bpróiseas chun géarchor eacnamaíoch a shainaithint, agus fianaise a choinneáil chun a léiriú go bhfuil na ceanglais mheastacháin sa Rialachán sin á gcomhlíonadh. Ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 freisin ar institiúidí athbhreithniú a dhéanamh ar a meastacháin LGD agus CF agus ar aon sonraí ionchuir is gá chun na meastacháin sin a dhéanamh nuair a thiocfaidh faisnéis nua chun solais, agus i gcás ar bith, uair sa bhliain ar a laghad.

(16)

Tá dlúthnasc idir forálacha an Rialacháin seo ós rud é go ndéileálann siad le cineál, déine agus fad géarchoir eacnamaíoch a dhéanann difear do dhá pharaiméadar riosca éagsúla a úsáidtear chun críocha Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha (IRB) a chur i bhfeidhm, eadhon féin-mheastacháin LGD agus féin-mheastacháin CF. Lena áirithiú go bhfuil na forálacha is gá chun géarchor eacnamaíoch a shainaithint chun críocha LGD agus na forálacha is gá chun géarchor eacnamaíoch a shainaithint chun críocha CF comhsheasmhach agus go dtiocfaidh siad i bhfeidhm ag an am céanna, agus chun rochtain réidh ar na forálacha sin a áirithiú, is inmhianaithe na caighdeáin theicniúla rialála a cheanglaítear le hAirteagal 181(3) agus na caighdeáin theicniúla rialála a cheanglaítear le hAirteagal 182(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur san áireamh in aon Rialachán amháin.

(17)

I bhfianaise na hidirghníomhaíochta le gníomhartha eile de chuid an Aontais atá ábhartha d’fhéin-mheastacháin LGD agus d’fhéin-mheastacháin CF, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2021. Go háirithe, beidh ar institiúidí an tairseach ábharthachta athbhreithnithe a chomhlíonadh, tairseach arna leagan síos ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/171 ón gCoimisiún (2).

(18)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(19)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinneadh anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leo, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus d’iarr sé tuairim ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 den Rialachán sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cineál, déine agus fad géarchoir eacnamaíoch a shonrú

1.   Chun críocha Airteagal 181(1), pointe (b), nó 182(1), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfar géarchor eacnamaíoch a shainaithint maidir le gach cineál neamhchosaintí, mar atá sainmhínithe in Airteagal 142(1), pointe (2), den Rialachán sin.

2.   Agus géarchor eacnamaíoch á shainaithint i gcás cineál áirithe neamhchosaintí, beidh feidhm ag na rialacha sonraíochta seo a leanas:

(a)

déantar sainthréithiú ar an gcineál géarchoir eacnamaíoch le tacar táscairí eacnamaíocha a aicmítear mar tháscairí atá ábhartha le haghaidh neamhchosaintí laistigh den chineál neamhchosaintí sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 2 (“an tacar ábhartha táscairí”);

(b)

ó thaobh déine de, cuirtear géarchor eacnamaíoch in iúl leis an luach is déine a bhaineann le tréimhse 12 mhí (“an luach 12 mhí is déine”) a bhreathnaítear, i gcás gach táscaire eacnamaíoch sa tacar ábhartha táscairí, thar réise ama stairiúil arna cinneadh don táscaire eacnamaíoch sin i gcomhréir le hAirteagal 3 (“an réise ama is infheidhme”);

(c)

i ngéarchor eacnamaíoch tá tréimhse géarchoir shuntasach amháin nó níos mó lena gcumhdaítear na huasphointí agus na híosphointí a bhaineann leis na luachanna 12 mhí is déine le haghaidh na dtáscairí eacnamaíocha atá leagtha síos sa tacar ábhartha táscairí, agus fad gach tréimhse den sórt sin arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4 (“fad tréimhse géarchoir”).

3.   Chun críocha mhír 2, pointe (b), féadfar tús a chur leis na tréimhsí 12 mhí lena mbaineann luachanna táscaire eacnamaíoch tráth ar bith laistigh den réise ama is infheidhme.

4.   Chun críocha mhír 2, pointe (c):

(a)

Is é is tréimhse ghéarchoir ann tréimhse ina sroicheann táscaire eacnamaíoch a luach 12 mhí is déine;

(b)

más rud é, i gcás táscairí eacnamaíocha éagsúla a bhfuil comhghaolú suntasach eatarthu, go mbaintear amach na huasphointí nó na híosphointí a bhaineann leis na luachanna 12 mhí is déine go comhuaineach nó go gairid i ndiaidh a chéile, caithfear leis na tréimhsí géarchoir ina sroicheann na táscairí sin a luach 12 mhí is déine mar thréimhse géarchoir aonair amháin a chumhdaíonn na luachanna 12 mhí is déine i gcás na dtáscairí sin uile.

Airteagal 2

An tacar ábhartha táscairí

1.   Aicmeofar na táscairí eacnamaíocha seo a leanas de réir mar is ábhartha le haghaidh neamhchosaintí laistigh de chineál áirithe neamhchosaintí:

(a)

maidir le gach cineál neamhchosaintí:

(i)

an olltáirgeacht intíre (OTI);

(ii)

an ráta dífhostaíochta;

(iii)

rátaí mainneachtana comhiomlána arna soláthar go seachtrach, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;

(iv)

caillteanais chreidmheasa chomhiomlána arna soláthar go seachtrach, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;

(b)

anuas ar na táscairí eacnamaíocha a liostaítear i bpointe (a):

(i)

i gcás neamhchosaintí ar chorparáidí nó ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna): innéacsanna earnáilsonracha nó innéacsanna a bhaineann go sonrach le tionscal;

(ii)

i gcás neamhchosaintí maoine cónaithe ar fhéichiúnaithe corparáideacha nó miondíola: praghsanna tithe nó innéacsanna praghsanna tithe;

(iii)

i gcás neamhchosaintí maoine tráchtála dochorraithe ar fhéichiúnaithe corparáideacha nó ar fhéichiúnaithe miondíola ar fiontair bheaga agus mheánmhéide iad: praghsanna maoine tráchtála dochorraithe nó innéacsanna praghsanna de mhaoin tráchtála dhochorraithe, agus praghsanna cíosa de mhaoin tráchtála dhochorraithe nó innéacsanna praghsanna cíosa de mhaoin tráchtála dhochorraithe;

(iv)

i gcás neamhchosaintí miondíola seachas na cinn a thagann faoi phointe (i), (ii) nó (iii): fiachas iomlán teaghlaigh agus ioncaim indiúscartha pearsanta, i ngach cás ina bhfuil sé ar fáil;

(v)

I gcás neamhchosaintí iasachta speisialaithe:

i gcás maoin dhochorraithe: praghsanna maoine dochorraithe nó innéacsanna praghsanna maoine dochorraithe, praghsanna cíosa de mhaoin dhochorraithe, nó innéacsanna praghsanna cíosa de mhaoin dhochorraithe le haghaidh maoin chónaithe, maoin tráchtála nó maoin thionsclaíoch, de réir mar is infheidhme;

i gcás maoiniú tionscadal: praghsanna na dtáirgí foluiteacha arna soláthar;

i gcás maoiniú réad: innéacsanna don chineál comhthaobhachta ábhartha nó do na cineálacha comhthaobhachta ábhartha;

i gcás maoiniú tráchtearraí: praghsanna nó innéacsanna praghsanna don chineál ábhartha tráchtearra;

(vi)

neamhchosaintí ar institiúidí: innéacsanna creidmheasa airgeadais;

(c)

anuas ar na táscairí eacnamaíocha a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), aon táscairí eacnamaíocha eile ar athróga míniúcháin iad nó ar táscairí iad den timthriall eacnamaíoch a bhaineann go sonrach le neamhchosaintí den chineál neamhchosaintí atá á bhreithniú.

2.   Na táscairí eacnamaíocha a shainaithnítear le haghaidh neamhchosaintí laistigh de chineál neamhchosaintí i gcomhréir le mír 1, léireoidh siad an dáileadh geografach agus, i gcás inarb infheidhme, dáileadh earnálach na neamhchosaintí laistigh den chineál sin neamhchosaintí.

Chun na críche sin, áireofar táscaire eacnamaíoch sa tacar ábhartha táscairí a leagtar síos mar a leanas:

(a)

uair amháin in aghaidh gach dlínse nó, nuair is iomchuí, uair amháin in aghaidh gach limistéir gheografaigh laistigh de dhlínse, arna gcumhdach ag sciar ábhartha den chineál sin neamhchosaintí; agus

(b)

uair amháin in aghaidh gach earnála, nuair is infheidhme, arna gcumhdach ag sciar ábhartha den chineál sin neamhchosaintí.

I gcás ina léireofar le táscairí eacnamaíocha atá le háireamh i gcomhréir leis an dara fomhír, áfach, go bhfuil comhghluaiseacht láidir ann trasna na ndlínsí éagsúla, nó i gcás inarb iomchuí, i limistéir gheografacha éagsúla laistigh de dhlínse, nó, i gcás inarb infheidhme, in earnálacha éagsúla, féadfar táscaire eacnamaíoch comhchoiteann a roghnú chun na dlínsí, na limistéir gheografacha nó na hearnálacha sin a léiriú ar an iomlán.

Airteagal 3

An réise ama is infheidhme a chinneadh

Chun críocha Airteagal 1(2), pointe (b), is éard a bheidh sa réise ama stairiúil is infheidhme maidir le táscaire eacnamaíoch an tréimhse 20 bliain dar críoch tráth a shainaithníonn an institiúid an géarchor eacnamaíoch i gcomhréir leis an Rialachán seo. I gcás, áfach, nach bhfuil inathraitheacht táscaire eacnamaíoch thar an tréimhse 20 bliain sin ionadaíoch do raon inathraitheachta dóchúil an táscaire sin sa todhchaí, beidh an réise ama stairiúil is infheidhme maidir leis an táscaire sin fada go leor chun luachanna a sholáthar atá ionadaíoch don réimse inathraitheachta dóchúil.

Airteagal 4

An fad de thréimhse ghéarchoir

Chun críocha Airteagal 1(2), pointe (c), déanfar fad na tréimhse géarchoir a chinneadh mar a leanas:

(a)

i gcás a thagann faoi chuimsiú Airteagal 1(4), pointe (b), is é is tréimhse ghéarchoir an tréimhse sin atá fada go leor chun na huasphointí nó na híosphointí uile a chumhdach, is iad sin na huasphointí nó na híosphointí a bhaineann leis na luachanna 12 mhí ba dhéine arna mbreathnú i ndáil leis na táscairí eacnamaíocha éagsúla a bhaineann leis an tréimhse géarchoir aonair sin;

(b)

i ngach cás, bídís faoi chuimsiú Airteagal 1(4), pointe (b) nó ná bídís, i gcás nach n-imíonn na luachanna 12 mhí éagsúla arna mbreathnú don táscaire eacnamaíoch nó do na táscairí eacnamaíocha atá i gceist thar an réise ama is infheidhme, nach n-imíonn siad go suntasach ón luach 12 mhí is déine thar thréimhse shonrach leanúnach ama laistigh den réise ama is infheidhme, beidh an tréimhse ghéarchoir fada go leor chun an déine fhaidréiseach arna breathnú don táscaire eacnamaíoch nó do na táscairí eacnamaíocha atá i gceist a léiriú;

(c)

i ngach cás, bídís faoi chuimsiú Airteagal 1(4), pointe (b) nó ná bídís, ina léiríonn an táscaire eacnamaíoch nó na táscairí eacnamaíocha uasphointí nó íosphointí cóngarach do na huasphointí nó na híosphointí a bhaineann leis na luachanna 12 mhí ba dhéine a breathnaíodh don táscaire eacnamaíoch nó do na táscairí eacnamaíocha atá i gceist thar an réise ama is infheidhme agus nach n-imíonn na huasphointí agus na híosphointí cóngaracha go suntasach ón luach 12 mhí ba dhéine a breathnaíodh don táscaire sin nó do na táscairí sin thar an réise ama sin agus go bhfuil baint ag na huasphointí agus na híosphointí cóngaracha sin leis an riocht eacnamaíoch chéanna ar an iomlán, beidh an tréimhse ghéarchoir fada go leor chun an léiriú a dhéanamh ar an tréimhse fhaidréiseach ar lena linn a breathnaíodh na huasphointí nó na híosphointí cóngaracha sin;

(d)

i gcás a thagann faoi chuimsiú Airteagal 1(4), pointe (a), nuair nach bhfuil feidhm ag pointe (b) ná ag pointe (c) den Airteagal sin, is é a bheidh sa tréimhse ghéarchoir an tréimhse 12 mhí lena mbaineann an luach 12 mhí is déine.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/171 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca leis an tairseach ábharthachta le haghaidh oibleagáidí creidmheasa thar téarma (IO L 32, 6.2.2018, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


10.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 204/7


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/931 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Márta 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an modh chun idirbhearta díorthach ag a bhfuil tionscnóir riosca ábhartha amháin nó níos mó a shainaithint chun críocha Airteagal 277(5), an fhoirmle chun deilte mhaoirseachta na gcéadroghanna ar cheannach agus ar dhíol arna mapáil ar an gcatagóir riosca ráta úis a ríomh agus an modh chun a chinneadh an suíomh fada nó gearr é idirbheart sa phríomhthionscnóir riosca nó sa tionscnóir riosca is ábhartha sa chatagóir riosca ar leith chun críocha Airteagal 279a(3)(a) agus (b) sa chur chuige caighdeánaithe maidir le riosca creidmheasa an chontrapháirtí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 277(5) agus an tríú fomhír d’Airteagal 279a(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart d’institiúidí tionscnóirí riosca d’idirbheart díorthach a shainaithint trí na fachtóirí riosca ar a mbraitheann sreafaí airgid an idirbhirt sin a chinneadh. Chun a áirithiú go leanfaidh institiúidí cur chuige comhchuibhithe maidir leis an tsainaithint sin, ba cheart dóibh, ar a laghad, breithniú a dhéanamh ar na fachtóirí riosca a liostaítear i Roinn 3, Caibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(2)

Maidir leis an modh chun idirbhearta díorthach nach bhfuil ach aon tionscnóir riosca ábhartha amháin acu a shainaithint, chun na hidirbhearta díorthach sin a mhapáil sa chatagóir ábhartha riosca, ba cheart go mbeadh sé simplí i ngach cás ina bhfuil príomhthionscnóir riosca an idirbhirt díorthach, is é sin an t-aon tionscnóir riosca ábhartha, inaitheanta láithreach ó nádúr agus ó shreafaí airgid an idirbhirt sin.

(3)

Úsáideann institiúidí babhtálacha rátaí úis trasairgeadra chun an riosca malairte eachtraí a eascraíonn as cistiú nó as infheistíocht in airgeadraí eachtracha a fhálú. Cé go mbraitheann idirbhearta den sórt sin go príomha ar thionscnóirí riosca malairte eachtraí, is féidir leo a bheith ag brath freisin ar thionscnóirí riosca eile, amhail tionscnóirí riosca ráta úis. Mar sin féin, ós rud é gur léir ón taithí a fuarthas ar an margadh go mbíonn éifeacht na tionscnóirí riosca eile sin neamhábhartha go minic i gcás na gcineálacha áirithe idirbhirt sin, má thagann idirbheart faoin gcineál sin, ba cheart gur leor é sin chun idirbhearta den sórt sin a shainaithint mar idirbhearta díorthach nach bhfuil ach aon tionscnóir riosca ábhartha amháin acu.

(4)

Beag beann ar chineál agus ar shreafaí airgid d’idirbheart díorthach, níor cheart a mheas gur tionscnóir riosca ábhartha iad na rátaí úis a úsáidtear chun sreafaí airgid an idirbhirt (“an ráta lascaine”) a lascainiú. Bheadh sé díréireach agus trom ceanglas a chur ar institiúidí an ráta lascaine a chur san áireamh sa mhodh chun idirbhearta díorthach nach bhfuil ach aon tionscnóir riosca ábhartha amháin acu a shainaithint, mar is léir ón taithí eimpíreach gur gnách go mbíonn éifeacht níos teoranta ag an tionscnóir riosca ar luach idirbheart díorthach ná mar a bhíonn ag tionscnóirí riosca eile as a ndíorthaítear a sreafaí airgid.

(5)

Maidir le hidirbhearta díorthach a bhfuil níos mó ná tionscnóir riosca amháin ag gabháil leo, ba cheart d’institiúidí íogaireachtaí agus luaineacht na hionstraime foluití a chur san áireamh chun na tionscnóirí riosca sin atá ábhartha i ngach catagóir riosca agus na tionscnóirí riosca is ábhartha de na tionscnóirí riosca sin i ngach catagóir riosca a shainaithint.

(6)

Maidir le hidirbhearta díorthacha a bhfuil níos mó ná aon tionscnóir riosca amháin ag baint leo agus i gcás ina dtagraíonn na tionscnóirí riosca sin do chatagóirí riosca éagsúla, d’fhéadfadh sé nach bhféadfaí a bhaint de thátal as cé acu de na tionscnóirí riosca sin atá ábhartha, fiú tar éis íogaireachtaí agus luaineacht ionstraim fhorluiteach an idirbhirt a chur san áireamh. I gcásanna den sórt sin, ba cheart d’institiúidí, mar chur chuige simplí coimeádach cúltaca, tionscnóirí riosca uile an ábhair idirbhirt a mheas agus, dá bhrí sin, an t-idirbheart díorthach a leithdháileadh ar na catagóirí riosca a chomhfhreagraíonn do na tionscnóirí riosca sin ar bhonn na dtionscnóirí riosca is ábhartha laistigh de gach catagóir riosca.

(7)

Níor cheart an modh chun idirbhearta díorthach nach bhfuil ach aon tionscnóir riosca ábhartha amháin acu a shainaithint a dhéanamh tráth an tionscanta amháin, i gcás inar sainaithníodh nach bhfuil ach aon tionscnóir riosca amháin ag na hidirbhearta díorthach sin tráth an tionscanta, toisc gur buntréith de chuid na n-idirbheart sin é an tionscnóir riosca aonair sin agus nach meastar, dá bhrí sin, go n-athróidh siad. I gcás ina n-aithnítear, tráth an tionscanta, go bhfuil níos mó ná aon tionscnóir riosca amháin ag idirbhearta díorthacha, ba cheart an próiseas chun na tionscnóirí riosca ábhartha agus is ábhartha de na tionscnóirí riosca sin a shainaithint a dhéanamh ar bhonn ráithiúil ionas gur féidir aon athrú ar na hidirbhearta sin a léiriú go hiomchuí i mapáil an idirbhirt díorthach sin ar na catagóirí ábhartha riosca.

(8)

Ceanglaítear le hAirteagal 279a(3), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go ndéanfar an fhoirmle atá le húsáid chun deilte mhaoirseachta na gcéadroghanna ar cheannach agus ar dhíol a ríomh, nuair a mhapáiltear í ar an gcatagóir riosca ráta úis, atá comhoiriúnach do dhálaí margaidh ina bhféadfadh rátaí úis a bheith diúltach a shonrú i gcomhréir le forbairtí rialála idirnáisiúnta. An 22 Márta 2018, d’fhoilsigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) (2)“Frequently asked questions on the Basel III standardised approach for measuring counterparty credit risk exposures” [na ceisteanna coitianta maidir le cur chuige caighdeánaithe Basel III chun neamhchosaintí ar riosca creidmheasa contrapháirtí a thomhas], inar míníodh gur cheart an deilte mhaoirseachta le haghaidh roghanna ráta úis i gcás timpeallacht rátaí úis diúltacha a chinneadh i gcomhréir le foirmle shonrach, ina gcuirtear aistriú lambda (λ) i bhfeidhm ar an spotráta úis nó ar an réamhráta úis agus ar phraghas ceangail na céadrogha a úsáidtear san fhoirmle sin chun a áirithiú go mbeidh an spotráta úis nó an réamhráta úis sin agus praghas ceangail na céadrogha deimhneach.

(9)

Le go mbeadh an spotráta nó an réamhráta úis agus praghas ceangail na céadrogha deimhneach, ba cheart an t-aistriú λ a bheith mór go leor chun a chur ar chumas institiúidí deilte mhaoirseachta idirbhirt a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos in Airteagal 279a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ach ba cheart an t-athrú sin a bheith sách beag gan claonadh neamhriachtanach a thabhairt isteach i dtoradh an ríomha deilte mhaoirseachta.

(10)

Ba cheart an luaineacht mhaoirseachta, atá ar cheann de na paraiméadair chun an deilte mhaoirseachta a ríomh, a chinneadh i bhfianaise na foirmle sonraí chun an deilte mhaoirseachta a ríomh i gcás céadroghanna ar dhíol agus ar cheannach sa chatagóir riosca ráta úis. Maidir leis sin, meastar go bhfuil luach na luaineachta maoirseachta i gcás céadroghanna ar dhíol agus ar cheannach sa chatagóir riosca ráta úis faoi mar a cinneadh sna caighdeáin idirnáisiúnta arna nglacadh ag CBMB, meastar go bhfuil an luach sin oiriúnach dá úsáid faoi dhlí an Aontais.

(11)

Le go bhféadfaidh institiúidí a chinneadh an suíomh fada nó gearr é idirbheart sa phríomhthionscnóir riosca, tionscnóir riosca ábhartha nó tionscnóir riosca is ábhartha de chatagóir riosca ar leith, ba cheart an fhaisnéis i dtaobh idirbhirt ar cheart d’institiúidí í a úsáid chun cinneadh den sórt sin a dhéanamh a leagan síos. Chun ualaí nach bhfuil gá leo ar institiúidí a sheachaint, ba cheart cead a bheith acu an fhaisnéis chéanna a úsáid agus an fhaisnéis a úsáideann siad chun tionscnóirí riosca ábhartha a shainaithint.

(12)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(13)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag an Údarás Baincéireachta Eorpach maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (3).

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

Modh chun idirbhearta nach bhfuil ach aon tionscnóir riosca ábhartha amháin acu a shainaithint, idirbhearta ag a bhfuil níos mó ná tionscnóir riosca ábhartha amháin agus chun na tionscnóirí riosca is ábhartha de na tionscnóirí riosca sin a shainaithint

Airteagal 1

Modh le haghaidh na tionscnóirí riosca d’idirbheart díorthach a shainaithint

1.   Chun idirbhearta nach bhfuil iontu ach aon tionscnóir riosca ábhartha amháin agus idirbhearta ag a bhfuil níos mó ná tionscnóir riosca ábhartha amháin a shainaithint, déanfaidh institiúidí tionscnóirí riosca uile an idirbhirt a shainaithint, tráth tionscanta gach idirbhirt, trí na fachtóirí riosca ar a mbraitheann sreafaí airgid an idirbhirt sin a chinneadh, ag féachaint do na fachtóirí riosca dá dtagraítear in Airteagal 325l go 325q de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar a laghad. Tionscnóirí riosca an idirbhirt, is iad na fachtóirí riosca a shainaithníonn na hinstitiúidí.

2.   Ní dhéanfaidh institiúidí na fachtóirí riosca ráta úis a úsáidtear chun sreafaí airgid an idirbhirt a lascainiú a mheas mar thionscnóirí riosca idirbhirt.

Airteagal 2

An modh chun na hidirbhearta sin nach bhfuil ach aon tionscnóir riosca ábhartha amháin acu a shainaithint

1.   Tar éis tionscnóirí riosca uile idirbhirt a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 1, déanfaidh institiúidí, tráth tionscanta gach idirbhirt, idirbhearta nach bhfuil ach aon tionscnóir riosca ábhartha amháin acu a shainaithint tríd an méid seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a)

i gcás ina mbraitheann sreafaí airgid an idirbhirt go heisiach ar thionscnóir riosca amháin a bhaineann le ceann de na catagóirí riosca dá dtagraítear in Airteagal 277(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, sainaithneoidh institiúidí gurb é an tionscnóir riosca sin an t-aon tionscnóir riosca ábhartha a ghabhann leis an idirbheart sin;

(b)

i gcás ina mbraitheann sreafaí airgid an idirbhirt ar níos mó ná aon tionscnóir riosca amháin agus i gcás nach sainaithníonn institiúidí go bhfuil ach aon tionscnóir riosca amháin don idirbheart sin ábhartha i gcomhréir leis an modh a leagtar síos in Airteagal 4(3) nó leis an modh a leagtar síos in Airteagal 4(4), déanfaidh institiúidí an tionscnóir riosca sin a shainaithint mar an t-aon tionscnóir riosca ábhartha don idirbheart sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás babhtálacha rátaí úis trasairgeadra dá dtagraítear i bpointe 2(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúidí an tionscnóir riosca malairte eachtraí a shainaithint mar an t-aon tionscnóir riosca ábhartha don idirbheart.

Airteagal 3

An modh chun na hidirbhearta sin a bhfuil níos mó ná aon tionscnóir riosca ábhartha amháin acu a shainaithint

Chun críocha Airteagal 277(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh institiúidí gach idirbheart seachas na cinn siúd dá dtagraítear in Airteagal 2 a shainaithint mar idirbhearta lena mbaineann níos mó ná aon tionscnóir riosca ábhartha amháin.

Airteagal 4

An modh le haghaidh na tionscnóirí riosca ábhartha a shainaithint agus na tionscnóirí riosca is ábhartha as na cinn sin a shainaithint

1.   Tar éis tionscnóirí riosca uile idirbhirt a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 1 agus má bhíonn sreafaí airgid an idirbhirt ag brath ar níos mó ná aon tionscnóir riosca amháin, sainaithneoidh institiúidí na tionscnóirí riosca ábhartha agus na tionscnóirí riosca is ábhartha as na cinn sin trí cheann de na modhanna a leagtar síos i míreanna 2, 3 agus 4 a chur i bhfeidhm, de réir mar is iomchuí.

2.   Cuirfidh institiúidí na céimeanna seo a leanas i bhfeidhm tráth tionscanta an idirbhirt:

(a)

measfaidh siad gur tionscnóirí riosca ábhartha iad tionscnóirí riosca uile an idirbhirt arna sainaithint i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 1;

(b)

i gcás gach catagóire riosca a chomhfhreagraíonn do na tionscnóirí riosca ábhartha sin, sainaithneoidh siad mar an tionscnóir riosca is ábhartha an tionscnóir riosca is mó a chomhfhreagraíonn d’fhorlíontán na catagóire riosca is airde as na cinn dá dtagraítear in Airteagail 280a go 280f de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

3.   Cuirfidh institiúidí na céimeanna seo a leanas i bhfeidhm tráth tionscanta an idirbhirt, agus ansin ar bhonn ráithiúil ar a laghad:

(a)

déanfaidh siad íogaireachtaí riosca na deilte a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325r de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le gach tionscnóir riosca a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 1 den Rialachán seo;

(b)

déanfaidh siad na híogaireachtaí ualaithe a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos in Airteagal 325f(6) den Rialachán sin bunaithe ar na híogaireachtaí a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a);

(c)

maidir le gach ceann de na catagóirí riosca dá dtagraítear in Airteagal 277(1) den Rialachán sin, ríomhfaidh siad an ceanglas cistí dílse a bhaineann le haicme riosca sonrach le haghaidh riosca margaidh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos in Airteagal 325f(8) den Rialachán sin, bunaithe ar na híogaireachtaí ualaithe go léir dá dtagraítear i bpointe (b) de thionscnóirí riosca arna sannadh don chatagóir riosca sin;

(d)

déanfaidh siad na ceanglais cistí dílse uile le haghaidh riosca margaidh dá dtagraítear i bpointe (c) a rangú ón gceann is mó go dtí an ceann is lú i ndearbhthéarmaí, d’fhonn sraith iontrálacha a laghdaíonn go haontonach a fháil, i gcás inarb ionann an iontráil a1 agus an dearbhthéarma is mó, arb é a2 an dara téarma is mó agus mar sin de;

(e)

maidir le gach iontráil ai arna ríomh agus arna rangú i gcomhréir le pointe (d) agus san ord mar thoradh ar a rangú, fíoróidh siad cé acu atá an coinníoll seo a leanas comhlíonta nó nach bhfuil:

Image 1

sa chás seo:

 

i = an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na catagóirí riosca dá dtagraítear in Airteagal 277(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna rangú i gcomhréir le pointe (d) agus san ord mar thoradh ar an rangú sin;

 

Y % = 60 %;

(f)

breithneoidh siad mar nithe ábhartha:

(i)

na tionscnóirí riosca a chomhfhreagraíonn do na catagóirí riosca dá gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (e) den mhír seo;

(ii)

na tionscnóirí riosca a chomhfhreagraíonn don chéad chatagóir riosca nach gcomhlíontar an coinníoll sin ina leith;

(g)

fíoróidh siad, i gcás gach ceann de na catagóirí riosca a chomhfhreagraíonn do thionscnóirí riosca nach bhfuil ábhartha i gcomhréir le pointe (f), fíoróidh siad má chomhlíonann an iontráil chomhfhreagrach ai an coinníoll a leanas:

Image 2

sa chás seo:

 

i = an t-innéacs lena gcuirtear in iúl na catagóirí riosca dá dtagraítear in Airteagal 277(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna rangú i gcomhréir le pointe (d) agus san ord mar thoradh ar an rangú sin, agus a chomhfhreagraíonn do thionscnóirí riosca nach bhfuil ábhartha i gcomhréir le pointe (f);

 

Z % = 30 %;

(h)

i dteannta na dtionscnóirí riosca ábhartha arna sainaithint i gcomhréir le pointe (f), measfaidh siad freisin gur tionscnóirí riosca ábhartha na tionscnóirí riosca sin a chomhfhreagraíonn do na catagóirí riosca dá gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (g);

(i)

maidir le gach ceann de na catagóirí riosca dá dtagraítear i bpointe (f) agus i bpointe (h), measfaidh siad gurb é an tionscnóir riosca is ábhartha don chatagóir riosca sin an tiománaí riosca a chomhfhreagraíonn don luach absalóideach is airde de na híogaireachtaí ualaithe dá dtagraítear i bpointe (b).

4.   Féadfaidh institiúidí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó atá díolmhaithe ón gceanglas tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 325a(1) den Rialachán sin, an tionscnóir riosca is ábhartha a shainaithint trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm tráth tionscanta an idirbhirt, agus ansin ar bhonn ráithiúil ar a laghad:

(a)

ríomhfaidh siad forlíontáin na catagóire riosca dá dtagraítear in Airteagail 280a go 280f de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, de réir mar is infheidhme, le haghaidh gach tionscnóir riosca a shainaithneofar i gcomhréir le hAirteagal 1. I gcás ina bhfuil níos mó ná tionscnóir riosca amháin atá sainaitheanta i gcomhréir le hAirteagal 1 sannta don chatagóir riosca céanna, coinneoidh institiúidí an tionscnóir riosca sa chatagóir riosca sin a chomhfhreagraíonn d’fhorlíontán na catagóire riosca is airde sa chatagóir riosca sin chun pointe (b) a chur i bhfeidhm;

(b)

cuirfidh siad na céimeanna a leagtar síos i mír 3, pointí (d) go (h), i bhfeidhm, áit a mbeidh na hiontrálacha a úsáidtear sna céimeanna sin bunaithe ar fhorlíontáin na catagóire riosca a ríomhtar i gcomhréir le pointe (a) den mhír seo;

(c)

Na tionscnóirí riosca ábhartha arna sainaithint mar thoradh ar an modh dá dtagraítear i bpointe (b), sainaithneoidh na hinstitiúidí gurb iad sin na tionscnóirí riosca is ábhartha sna catagóirí ábhartha riosca.

CAIBIDIL 2

Foirmle a úsáidfear chun ríomh a dhéanamh ar dheilte mhaoirseachta na gcéadroghanna ar cheannach agus ar dhíol arna mapáil ar an gcatagóir riosca ráta úis agus luaineacht mhaoirseachta atá oiriúnach don fhoirmle agus modh lena chinneadh an suíomh fada nó gearr é idirbheart sa phríomhthionscnóir riosca nó sa tionscnóir riosca is ábhartha i gcatagóir riosca ar leith

Airteagal 5

Foirmle chun ríomh a dhéanamh ar dheilte mhaoirseachta na gcéadroghanna ar cheannach agus ar dhíol arna mapáil ar an gcatagóir riosca ráta úis agus luaineacht mhaoirseachta atá oiriúnach don fhoirmle sin

1.   Ríomhfaidh institiúidí deilte mhaoirseachta (δ) na gcéadroghanna ar cheannach agus ar dhíol, nuair a mhapáiltear í ar an gcatagóir ráta úis, atá comhoiriúnach le dálaí an mhargaidh faoina bhféadfadh rátaí úis a bheith diúltach mar seo a leanas:

Image 3

sa chás seo:

 

Image 4

 

Image 5

 

N(x) = an fheidhm dáileacháin charnaigh d’athróg randamach normálta chaighdeánach lena léirítear an dóchúlacht go bhfuil athróg randamach normálta ar meán di náid agus ar athraitheas di aon níos lú ná “x” nó cothrom leis;

 

P = spotphraghas nó réamhphraghas ionstraim fhorluiteach na céadrogha;

 

K = praghas ceangail na céadrogha;

 

T = dáta éaga na céadrogha, arna shloinneadh i mblianta ag úsáid an choinbhinsiúin ábhartha maidir le laethanta oibre;

 

λ = aistriú leordhóthanach chun P agus K araon a aistriú go raon deimhneach, arna chinneadh i gcomhréir le mír 2;

 

σ = luaineacht mhaoirseachta na céadrogha arna cinneadh i gcomhréir le mír 3.

2.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh institiúidí an t-aistriú (λ) le haghaidh aon chéadroghanna ar cheannach agus ar dhíol a ríomh mar seo a leanas:

λj =max(tairseach - min(Pj ,Kj ),0)

sa chás seo:

 

Pj = spotphraghas nó réamhphraghas ionstraim fhorluiteach na céadrogha j;

 

Kj = praghas ceangail na céadrogha j;

 

Tairseach =0.10%

3.   Chun críocha mhír 1, cinnfidh institiúidí luaineacht mhaoirseachta na céadrogha ar bhonn chatagóir riosca an idirbhirt agus cineál ionstraim fhorluiteach na céadrogha i gcomhréir leis an tábla seo a leanas:

Tábla

Catagóir riosca

Ionstraim fhorluiteach

Luaineacht mhaoirseachta

An ráta úis

Gach ceann

50 %

Airteagal 6

An modh chun a chinneadh cé acu suíomh fada nó gearr é idirbheart sa phríomhthionscnóir riosca nó sa tionscnóir riosca is ábhartha i gcatagóir áirithe riosca

Cinnfidh institiúidí cé acu suíomh fada nó gearr é idirbheart sa phríomhthionscnóir riosca nó sa tionscnóir riosca is ábhartha i gcatagóir áirithe riosca trí cheachtar den dá mhodh a leanas a fheidhmiú:

(a)

déanfaidh siad íogaireachtaí riosca deilte na dtionscnóirí riosca sin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325r de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus sainaithneoidh siad an t-idirbheart mar shuíomh fada i dtionscnóir riosca i gcás ina mbeidh an íogaireacht riosca deilte chomhfhreagrach deimhneach nó mar shuíomh gearr i gcás ina mbeidh an íogaireacht riosca deilte chomhfhreagrach diúltach;

(b)

déanfaidh siad measúnú ar a mhéid a bhraitheann struchtúr sreafaí airgid na n-idirbheart ar an tionscnóir riosca sin nó cuspóir an idirbhirt a fhálú i ndáil leis an tionscnóir riosca sin agus sainaithneoidh siad an t-idirbheart mar shuíomh fada nó mar shuíomh gearr ar bhonn an mheasúnaithe sin.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Ceisteanna coitianta maidir le cur chuige caighdeánaithe Basel III chun neamhchosaintí ar riosca creidmheasa contrapháirtí a thomhas, 22 Márta 2018.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


10.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 204/13


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/932 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Meitheamh 2021

lena gcuirtear ar fionraí údarú sóidiam lasalaicid A (Avatec 15 % cc) agus sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus le haghaidh béaróg (sealbhóir an údaraithe Zoetis Belgium S.A.)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú, a dhiúltú nó a chur ar fionraí. Le hAirteagal 10 den Rialachán sin foráiltear maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1455/2004 ón gCoimisiún (3) údaraíodh sóidiam lasalaicid A (Avatec 15 % cc) agus sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) ar feadh 10 mbliana mar bhreiseáin bheathaithe a bhaineann le catagóir na gcoicideastat lena n-úsáid le haghaidh sicíní lena ramhrú agus le haghaidh béaróg. Rinneadh na breiseáin sin a iontráil ina dhiaidh sin i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirgí a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, rinneadh iarratas a thíolacadh chun sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus le haghaidh béaróg, agus iarradh go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir an bhreiseáin “coicideastait agus histeamonastait”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a éilítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(4)

Luaigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairimí an 16 Bealtaine 2017 (4) agus an 1 Iúil 2020 (5) go bhfágann measúnú na sonraí agus na ndoiciméad a chuir an t-iarratasóir isteach nach féidir teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht agus éifeachtúlacht an bhreiseán bheathaithe sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) le haghaidh sicíní lena ramhrú agus le haghaidh béaróg. Chuir an tÚdarás in iúl nach bhféadfadh aon leibhéal sábháilte den tsubstaint ghníomhach sóidiam lasalaicid A a shainaithint i gcás na spriocspeiceas nuair a chuirtear le beatha í. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin, toisc nach leor an líon staidéar a raibh torthaí dearfacha orthu, nár léiríodh go leormhaith éifeachtúlacht choicideastatach an bhreiseáin beathaithe ar an leibhéal dáileoige is ísle a moladh, is é sin 75 mg sóidiam lasalaicid A in aghaidh an kg de bheatha iomlán. Thairis sin, an tuarascáil faoi mhodh anailíse an bhreiseáin beathaithe agus é i mbeatha, tuarascáil arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, rinne an tÚdarás an tuarascáil sin a fhíorú.

(5)

Dá bhrí sin, ní rud é a suíodh nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag an mbreiseán beathaithe ar shláinte ainmhithe agus go bhfuil éifeacht choicideastatach aige ar na spriocspeicis, nuair a úsáidtear é faoi na coinníollacha atá beartaithe. Is féidir an chonclúid seo a leathnú go dtí an t-údarú atá ann cheana maidir leis an mbreiseán beathaithe sóidiam lasalaicid A (Avatec 15 % cc) ina bhfuil an tiúchan céanna den tsubstaint ghníomhach sóidiam lasalaicid A.

(6)

Dá bhrí sin, an t-údarú atá ann cheana do na breiseáin bheathaithe sóidiam lasalaicid A (Avatec 15 % cc) agus sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) le haghaidh sicíní lena ramhrú agus le haghaidh béaróg, ní chomhlíonann sé a thuilleadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(7)

Maidir leis na sonraí forlíontacha maidir le sábháilteacht úsáide agus éifeachtúlacht sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) i gcás na spriocspeiceas, d’fhéadfadh sé go dtabharfadh na sonraí sin eilimintí nua i gceist, eilimintí a cheadódh athmhachnamh ar an measúnú a rinneadh ar an mbreiseán beathaithe sin. Dá bharr sin, áitíonn an t-iarratasóir ar údarú sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) gur féidir staidéir bhreise a dhéanamh chun sábháilteacht agus éifeachtúlacht an bhreiseáin beathaithe i gcás na spriocspeiceas a léiriú. Chuige sin, gheall an t-iarratasóir go gcuirfeadh sé sonraí forlíontacha ar fáil de réir sceideal ama ina liostófar na staidéir a bheidh le déanamh agus ina mbeidh sé beartaithe go mbeidh toradh na staidéar sin ar fáil faoin 31 Nollaig 2021. Is éard a bheadh sna staidéir sin staidéir éifeachtúlachta maidir le lamháltas agus maidir le “talamh an chró” le haghaidh sicíní lena ramhrú agus le haghaidh béaróg.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, ba cheart údarú na mbreiseán beathaithe sóidiam lasalaicid A (Avatec 15 % cc) agus sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) a chur ar fionraí go dtí go gcuirfidh an t-iarratasóir sonraí forlíontacha isteach agus go dtí go mbeidh measúnú déanta orthu. Ba cheart an beart fionraíochta a athbhreithniú tar éis don Údarás measúnú cuí a dhéanamh ar na sonraí sin.

(9)

Ós rud é go bhféadfadh úsáid sóidiam lasalaicid A (Avatec 15 % cc) agus sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) a bheith ina húdar riosca do shláinte ainmhithe, ba cheart na breiseáin bheathaithe agus an beatha ainmhithe ina bhfuil siad a tharraingt siar ón margadh a luaithe is féidir. Ar chúiseanna praiticiúla, áfach, ba cheart idirthréimhse theoranta a cheadú chun na táirgí lena mbaineann a tharraingt siar ón margadh ionas go mbeidh oibreoirí in ann an oibleagáid maidir le tarraingt siar a chomhlíonadh mar is ceart.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An t-údarú a chur ar fionraí

An t-údarú chun na breiseáin bheathaithe sóidiam lasalaicid A (Avatec 15 % cc) agus sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) a úsáid le haghaidh sicíní lena ramhrú agus le haghaidh béaróg, cuirfear ar fionraí é.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   Na stoic atá ann cheana de na breiseáin bheathaithe sóidiam lasalaicid A (Avatec 15 % cc) agus sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) le haghaidh sicíní lena ramhrú agus le haghaidh béaróg, agus na stoic de na réamh-mheascán ina bhfuil na breiseáin bheathaithe sin, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí an 30 Iúil 2021 agus féadfar iad a úsáid go dtí an 30 Lúnasa 2021 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 30 Meitheamh 2021.

2.   Ábhair bheatha agus beatha cumaisc a tháirgtear leis na breiseáin bheathaithe nó leis na réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 1, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí an 30 Lúnasa 2021 agus féadfar iad a úsáid go dtí an 30 Meán Fómhair 2021 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 30 Meitheamh 2021.

Airteagal 3

Athbhreithniú

Déanfar an Rialachán seo a athbhreithniú faoin 31 Nollaig 2023, tar éis don Údarás tuairim nua a ghlacadh maidir le sábháilteacht agus éifeachtúlacht an bhreiseáin beathaithe sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) lena úsáid le haghaidh sicíní lena ramhrú agus le haghaidh béaróg.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1455/2004 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2004 maidir le húdarú ar feadh 10 mbliana le haghaidh an bhreiseáin “Avatec 15 %” in ábhair bheathaithe, breiseán a bhaineann leis an ngrúpa coicideastait agus le substaintí íocshláinte eile (IO L 269, 17.8.2004, lch. 14).

(4)  EFSA Journal 2017; 15(8):4857.

(5)  EFSA Journal 2020; 18(8):6202.


10.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 204/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/933 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Meitheamh 2021

lena ndéantar maolú ar a bhfuil i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 a mhéid a bhaineann le bearta áirithe chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim a d’eascair as paindéim COVID-19

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 25 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún (2), leagtar síos an sainmhíniú ar “bliain scoile” chun críocha na scéime cabhrach dá dtagraítear faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (an “scéim scoile”). Na bearta a chuir na Ballstáit i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, ar a n-áirítear dúnadh sealadach na bhforas oideachais, chuir siad isteach ar chur chun feidhme na scéime scoile sa scoilbhliain 2020/2021. Chuir na bearta sin cosc sealadach ar dháileadh torthaí, glasraí agus bainne i bhforais oideachais agus ar chur i gcrích na mbeart tionlacain oideachais agus na ngníomhaíochtaí poiblíochta, faireacháin agus meastóireachta. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le maolú ar Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 chun síneadh a chur le fad na scoilbhliana 2020/2021, ionas go bhféadfaidh na Ballstáit leanúint de na gníomhaíochtaí atá beartaithe le haghaidh na scoilbhliana sin a chur i gcrích go dtí an 30 Meán Fómhair 2021.

(2)

In Airteagal 4(3), (4) agus (5) agus Airteagal 5(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, leagtar síos an tréimhse a fhéadfar a chumhdach le hiarratais ar chabhair chun táirgí a sholáthar agus a dháileadh agus chun na bearta tionlacain oideachais a dhéanamh, agus leagtar síos an teorainn ama i dtaca le hiarratais ar chabhair a chur isteach agus i dtaca leis an gcabhair a íoc faoin scéim scoile. I bhfianaise an tsínidh le fad na scoilbhliana 2020/2021, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú ar Airteagal 4(3), (4) agus (5) agus Airteagal 5(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 i dtaca leis na hiarratais ar chabhair le haghaidh ghníomhaíochtaí na scéime scoile a bheidh ar siúl tar éis an 31 Iúil 2021, ionas go bhféadfar glacadh le hiarratais a chumhdaíonn tréimhsí is giorra ná 2 sheachtain agus chun na teorainneacha ama a leagan síos i dtaca le hiarratais ar chabhair a chur isteach agus i dtaca leis an gcabhair a íoc.

(3)

In Airteagal 7(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, leagtar amach, i dtaca le cabhair ón Aontas a fhágtar gan iarraidh, na rialacha maidir le hath-leithdháileadh na cabhrach sin i measc na mBallstát atá rannpháirteach sa scéim scoile agus a thug fógra go bhfuil siad toilteanach méid is mó ná an leithdháileadh táscach a gheobhaidh siad a úsáid. Méid an leithdháilte tháscaigh a fhéadfar a ath-leithdháileadh ar Bhallstát eile, tá sé le bunú ar an úsáid a bhain an Ballstát sin as leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas sa scoilbhliain roimhe sin. Mar thoradh ar na rialacha maidir le gaibhniú a chuir na Ballstáit i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19, lena n-áirítear dúnadh sealadach na bhforas oideachais, d’fhéadfadh sé go mbainfí níos lú úsáide as cabhair ón Aontas sa scoilbhliain 2020/2021. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le maolú ar Airteagal 7(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, chun nach gcuirfear san áireamh, agus an chabhair ón Aontas a fhágtar gan iarraidh á ath-leithdháileadh i measc na mBallstát atá rannpháirteach sa scéim scoile sa scoilbhliain 2022/2023, nach gcuirfear san áireamh leibhéal úsáide na cabhrach ón Aontas sa scoilbhliain 2020/2021.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   De mhaolú ar Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, cuirtear síneadh le fad na scoilbhliana 2020/2021 go dtí an 30 Meán Fómhair 2021.

2.   De mhaolú ar Airteagal 4(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, agus i dtaca le hiarratais ar chabhair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sa scoilbhliain 2020/2021 a bheidh ar siúl tar éis an 31 Iúil 2021, féadfaidh na hiarratais sin tréimhsí is giorra ná 2 sheachtain a chumhdach.

3.   De mhaolú ar Airteagal 4(4) agus (5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, agus i dtaca le hiarratais ar chabhair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sa scoilbhliain 2020/2021 a bheidh ar siúl tar éis an 31 Iúil 2021, cuirfear na hiarratais sin isteach faoin 30 Meán Fómhair 2021. Mura gcloítear leis an teorainn ama sin, ní íocfar an chabhair.

4.   De mhaolú ar Airteagal 5(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, agus i dtaca le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí sa scoilbhliain 2020/2021 a bheidh ar siúl tar éis an 31 Iúil 2021, íocfaidh na húdaráis inniúla an chabhair sin faoin 15 Deireadh Fómhair 2021.

5.   De mhaolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 7(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, ní bheidh feidhm ag an ríomh a leagtar síos sa chéad fhomhír sin maidir le ríomh leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh na scoilbhliana 2022/2023.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le cabhair ón Aontas chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachas (IO L 5, 10.1.2017, lch. 1).


10.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 204/18


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/934 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Meitheamh 2021

lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras clasaiceach na muc

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é fiabhras clasaiceach na muc a ghabhann do mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus do mhuc-ainmhithe fiáine agus is féidir tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, is féidir leis cur isteach ar ghluaiseacht coinsíneachtaí na hainmhithe sin agus táirgí ó na hainmhithe sin laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. Is féidir le leathadh an ghalair difear suntasach a dhéanamh do tháirgiúlacht earnáil na feirmeoireachta i ngeall ar chaillteanais dhíreacha agus indíreacha araon.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/764/AE ón gCoimisiún (2), leagtar síos bearta rialaithe sláinte ainmhithe maidir le fiabhras clasaiceach na muc sna Ballstáit agus leasaíodh é roinnt uaireanta chun forbairtí i staid eipidéimeolaíoch an Aontais a chur san áireamh go príomha maidir leis an ngalar sin. Beidh an maolú sin i bhfeidhm go dtí an 21 Aibreán 2021.

(3)

Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear creat reachtach nua chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha chuig ainmhithe nó go daoine. Liostaítear fiabhras clasaiceach na muc faoi Airteagal 5(1)(a)(ii) den Rialachán sin, agus tá sé faoi réir na rialacha coiscthe agus rialaithe galar a leagtar síos ann. Ina theannta sin, in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3) liostaítear fiabhras clasaiceach na muc mar ghalar i gCatagóir A, D agus E a ghabhann do Suidae agus do Tayassuidae, agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (4) forlíontar na rialacha maidir le rialú galar i gCatagóir A, B agus C a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, lena n-áirítear bearta rialaithe galar maidir le fiabhras clasaiceach na muc. Beidh feidhm ag na trí ghníomh sin ón 21 Aibreán 2021.

(4)

Maidir le bearta rialaithe reatha an Aontais i dtaca le fiabhras clasaiceach na muc a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2013/764/AE, is gá na bearta sin a ailíniú leis an gcreat reachtach nua maidir le sláinte ainmhithe arna bhunú le Rialachán (AE) 2016/429. Is gá freisin rialacha an Aontais a ailíniú a mhéid is féidir le caighdeáin idirnáisiúnta, amhail na caighdeáin a leagtar amach i gCaibidil 15.2 ‘Ionfhabhtú le víreas fhiabhras clasaiceach na muc’ den Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (5) (cód OIE).

(5)

De bharr staid fhoriomlán fhiabhras clasaiceach na muc sna Ballstáit a mbaineann an galar sin leo, ar leibhéil eipidéimeolaíoch agus bainistithe riosca araon, tá riosca leanúnach ann go bhféadfadh an galar sin leathadh a thuilleadh san Aontas. Leis na bearta ginearálta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, ní chumhdaítear na mionsonraí sonracha agus na gnéithe sonracha uile maidir le leathadh agus staid eipidéimeolaíoch fhiabhras clasaiceach na muc. Dá bhrí sin, is iomchuí bearta speisialta rialaithe galar a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta ama, faoi choinníollacha atá iomchuí do staid eipidéimeolaíoch fhiabhras clasaiceach na muc na muc san Aontas chun a áirithiú go gcuirfear na bearta is gá chun feidhme go haonfhoirmeach san Aontas aon uair a bheidh riosca ann maidir le leathadh an ghalair sin.

(6)

I Rialachán (AE) 2016/429 sainmhínítear ráig mar chás a dhearbhaítear go hoifigiúil de ghalar liostaithe nó de ghalar atá ag teacht chun cinn ar ainmhí amháin nó níos mó i mbunaíocht nó in áit eile a gcoimeádtar ainmhithe nó a bhfuil siad suite. Ba cheart a chur san áireamh sna rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo an i muc-ainmhithe fiáine nó i muc-ainmhithe atá ar coimeád a tharla ráig d’fhiabhras clasaiceach na muc na muc.

(7)

Ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le cur chuige réigiúnaithe a mbeidh feidhm aige de bhreis ar na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ba cheart an Rialachán seo criosanna srianta na mBallstát lena mbaineann fiabhras clasaiceach na muc a liostú chun cur chuige an réigiúnaithe arna bhunú le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/764/AE a choinneáil ar bun.

(8)

Maidir le rioscaí i ndáil le leathadh fhiabhras clasaiceach na muc, baineann leibhéil éagsúla riosca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe agus tráchtearraí mucúla éagsúla. Mar riail ghinearálta, is le gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád, táirgí geirmeacha agus seachtháirgí ainmhithe de bhunadh mucúil ó chriosanna srianta a bhaineann leibhéal riosca níos airde ó thaobh nochtadh agus iarmhairtí de, ná le gluaiseachtaí coinsíneachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear go háirithe feoil úr agus táirgí feola. Dá bhrí sin, gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád, agus táirgí éagsúla ardriosca de bhunadh mucúil ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart toirmeasc a chur ar na gluaiseachtaí sin ar bhealach atá comhréireach leis an riosca a bhaineann leo agus ar bhealach a chuireann san áireamh na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2154 ón gCoimisiún (6).

(9)

Leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún (7) forlíontar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le formheas bunaíochtaí táirgí geirmeacha, le cláir na mbunaíochtaí táirgí geirmeacha atá le coinneáil ag na húdaráis inniúla, leis na hoibleagáidí atá ar oibreoirí maidir le taifid a choimeád, leis na ceanglais maidir le hinrianaitheacht agus sláinte ainmhithe, agus leis na ceanglais maidir le deimhniú sláinte ainmhithe agus fógra a thabhairt maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád chun cosc a chur ar leathadh galar in-tarchurtha ainmhithe laistigh den Aontas ag na táirgí sin. Dá bhrí sin, ba cheart na rialacha a leagtar síos leis an Rialachán seo tagairt a dhéanamh do Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (8) a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a bhfuil ceanglas lena coinneáil ar údarás inniúil bunaíochtaí formheasta táirgí geirmeacha le haghaidh muc-ainmhithe.

(10)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) leagtar síos rialacha maidir le sláinte ainmhithe i dtaca le seachtháirgí ainmhithe chun na rioscaí do shláinte ainmhithe a eascraíonn as na seachtháirgí sin a chosc agus a íoslaghdú. Ina theannta sin, leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (10) rialacha áirithe maidir le sláinte ainmhithe i dtaca le seachtháirgí ainmhithe a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, lena n-áirítear rialacha maidir leis na ceanglais deimhniúcháin le haghaidh gluaiseachtaí coinsíneachtaí seachtháirgí ainmhithe san Aontas. Ní chumhdaítear leis na gníomhartha dlíthiúla sin na sonraí sonracha agus na gnéithe sonracha uile maidir leis an riosca go leathfaidh fiabhras clasaiceach na muc trí sheachtháirgí ainmhithe a fuarthas ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ó mhuc-ainmhithe fiáine sna criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, is iomchuí bearta speisialta rialaithe galar a leagan síos sa Rialachán seo, bearta a bhaineann le seachtháirgí ainmhithe agus le gluaiseachtaí coinsíneachtaí na seachtháirgí sin ó chriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, chun a áirithiú go gcuirfear na bearta is gá chun feidhme go haonfhoirmeach san Aontas aon uair a bheidh riosca ann maidir le leathadh an ghalair sin.

(11)

Chun aon suaitheadh gan ghá ar thrádáil a sheachaint, is iomchuí coinníollacha agus maoluithe áirithe a leagan síos i ndáil leis na toirmisc dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart na maoluithe sin a chur san áireamh freisin na rialacha ginearálta maidir le galair ainmhithe a chosc agus a rialú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus prionsabail Chód OIE a mhéid a bhaineann le bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras clasaiceach na muc.

(12)

Foráiltear le hAirteagal 143 de Rialachán (AE) 2016/429 gur cheart deimhnithe sláinte ainmhithe a bheith ag gabháil le gluaiseachtaí coinsíneachtaí ainmhithe, lena n-áirítear muc-ainmhithe atá ar coimeád. I gcás ina gcuirfear i bhfeidhm maoluithe ón toirmeasc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe atá ar coimeád ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, maoluithe maidir le coinsíneachtaí a bhfuil sé beartaithe iad a aistriú laistigh den Aontas, ba cheart tagairt don Rialachán seo a áireamh sna deimhnithe sláinte ainmhithe sin, chun a áirithiú go soláthrófar faisnéis leormhaith agus chruinn faoi shláinte ainmhithe sna deimhnithe sláinte ainmhithe sin. Is gá maolú a dhéanamh ar na rioscaí a eascróidh as gluaiseachtaí coinsíneachtaí, agus as gluaiseachtaí lena n-úsáid go príobháideach, d’fheoil úr, de tháirgí feola úire agus d’aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch a fuarthas ó mhuc-ainmhithe fiáine, ó choirp mhuc-ainmhithe fiáine, atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine, agus muc-ainmhithe fiáine, ar gluaiseachtaí iad ó chriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin laistigh den Bhallstát céanna lena mbaineann agus chuig Ballstáit eile. Ba cheart na rioscaí maidir le leathadh galair a laghdú trí thoirmeasc a chur ar oibreoirí gluaiseachtaí na dtáirgí sin agus gluaiseachtaí muc-ainmhithe fiáine a dhéanamh laistigh de na Ballstáit lena mbaineann agus ó na Ballstáit sin agus chuig Ballstáit eile, mar a leagtar síos in Airteagal 101 de Rialachán Tarmligthe 2020/688 ón gCoimisiún (11).

(13)

Foráiltear le hAirteagal 167(1)(b) de Rialachán (AE) 2016/429 go ngabhfaidh deimhnithe sláinte ainmhithe arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh le coinsíneachtaí de tháirgí de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear coinsíneachtaí de bhunadh mucúil, a cheadaítear a n-aistriú ó chrios srianta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 71(3) den Rialachán sin faoi réir bearta áirithe rialaithe galar. I gcás ina ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le maoluithe ar thoirmisc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, ba cheart tagairt don Rialachán seo a áireamh sna deimhnithe sláinte ainmhithe, chun a áirithiú go soláthrófar faisnéis shláinte atá leormhaith agus chruinn i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2154.

(14)

Maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí feoil úr nó feoil phróiseáilte agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, nó a choimeádtar lasmuigh de na criosanna srianta sin ach a mharaítear laistigh díobh, ba cheart iad a bheith faoi réir ceanglais deimhniúcháin nach bhfuil chomh docht sin chun srianta trádála neamhriachtanacha a bhfuil ualach rómhór ag baint leo a sheachaint. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann na gluaiseachtaí coinsíneachtaí sin laistigh de chríoch an Bhallstáit chéanna agus chuig Ballstáit eile a údarú bunaithe ar na marcanna sláinte nó ar na marcanna aitheantais a chuirtear orthu sna bunaíochtaí, ar choinníoll go n-ainmnítear na bunaíochtaí sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Níor cheart do na húdaráis inniúla bunaíochtaí a ainmniú ach amháin i gcás ina bhfuil na muc-ainmhithe atá ar coimeád agus a dtáirgí atá incháilithe le haghaidh gluaiseachtaí lasmuigh de na criosanna srianta sin scartha go soiléir ó na hainmhithe agus táirgí sin nach bhfuil incháilithe le haghaidh gluaiseachtaí údaraithe den sórt sin.

(15)

Ina theannta sin, i gcásanna sonracha, ba cheart feoil úr ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád a mharcáil i gcomhréir leis na ceanglais maidir le marcáil feola úire ó chriosanna cosanta agus faireachais a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 nó ba cheart an fheoil úr agus na táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád a mharcáil le marcanna speisialta. Níor cheart na marcanna speisialta sin a mheascadh leis an marc sláinte dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún (12) ná leis an marc aitheantais dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(16)

Tá gá le bearta áirithe maolaithe riosca agus bearta bithshlándála treisithe chun fiabhras clasaiceach na muc i mbunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád a chosc agus a rialú. Ba cheart na bearta sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus ba cheart bunaíochtaí a chumhdach leo atá faoi réir maoluithe maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar san criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis. Ba cheart na bearta sin aghaidh a thabhairt ar na nósanna imeachta agus ar an mbonneagair atá i bhfeidhm i mbunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád; ba cheart na bearta sin aghaidh a thabhairt freisin ar an riosca a bhaineann le hainmhithe (seachas na muca atá ar coimeád) ag fánaíocht san áitreabh agus sna foirgnimh. Is airde an riosca sin nuair a bhaineann sé le muc-ainmhithe fiáine ag dul isteach san áitreabh agus sna foirgnimh. I gcás ina bhfuil speicis eile i gceist (peataí nó lotnaidí), agus iad ag gníomhú mar fhóimítí, is ann don riosca i gcónaí agus ní mór aghaidh a thabhairt air, freisin.

(17)

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (an Comhaontú um Tharraingt Siar), agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/429, agus gníomhartha de chuid an Choimisiúin atá bunaithe air, maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar. Dá bhrí sin, ba cheart an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann a áireamh sna tagairtí do na Ballstáit sa Rialachán seo.

(18)

Ós rud é go mbeidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/429 le héifeacht ón 21 Aibreán 2021, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais chun na bearta a chur i bhfeidhm go tráthúil.

(19)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ar feadh tréimhse cúig mbliana ar a laghad, agus taithí an Aontais sa chomhrac i gcoinne fhiabhras clasaiceach na muc agus staid eipidéimeolaíoch reatha an ghalair sin agus beartais bainistithe galar i bhfeidhm maidir leis an ngalar sin sna Ballstáit lena mbaineann á gcur san áireamh. Ba cheart faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar fhad na mbeart sin agus ar na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nuair a thiocfaidh eilimintí nua chun solais.

(20)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Sa Rialachán seo leagtar síos na nithe seo a leanas:

(a)

bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras clasaiceach na muc atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama ag na Ballstáit (14) ina bhfuil criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo (na Ballstáit lena mbaineann).

Tá feidhm ag na bearta speisialta rialaithe galar sin maidir le muc-ainmhithe atá ar coimeád agus le muc-ainmhithe fiáine mar aon le táirgí de bhunadh ainmhíoch, tháirgí geirmeacha agus seachtháirgí ainmhithe a fuarthas ó mhuc-ainmhithe, agus tá siad sa bhreis ar na bearta is infheidhme maidir le cosaint agus faireachas na gcriosanna srianta agus na criosanna ionfhabhtaithe arna mbunú ag údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 21(1) agus Airteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(b)

bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras clasaiceach na muc atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama ag gach Ballstát.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

gluaiseachtaí coinsíneachtaí de na nithe seo a leanas ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I:

(i)

muc-ainmhithe a choimeádtar i mbunaíochtaí atá suite i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(ii)

táirgí geirmeacha, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus seachtháirgí ainmhithe a fuarthas ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád dá dtagraítear i bpointe (a)(i);

(b)

gluaiseachtaí díobh seo a leanas:

(i)

coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe fiáine sna Ballstáit lena mbaineann;

(ii)

coinsíneachtaí agus gluaiseachtaí lena n-úsáid go príobháideach ag sealgairí táirgí de bhunadh ainmhíoch agus seachtháirgí ainmhithe a fuarthas ó mhuca fiáine sna criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I nó a phróiseáiltear i mbunaíochtaí atá suite sna criosanna srianta sin;

(c)

oibreoirí gnólachtaí bia a láimhseálann coinsíneachtaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).

3.   Leis na bearta rialaithe galar dá dtagraítear i mír 1, cumhdaítear an méid seo a leanas:

(a)

Leagtar síos le Caibidil II rialacha speisialta maidir le criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a bhunú i gcás ráig d’fhiabhras clasaiceach na muc;

(b)

Leagtar síos i gCaibidil III bearta speisialta rialaithe galar is infheidhme maidir le coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus táirgí a fuarthas uathu sna Ballstáit lena mbaineann;

(c)

Leagtar síos i gCaibidil IV bearta speisialta maolaithe riosca le haghaidh gnólachtaí bia sna Ballstáit lena mbaineann;

(d)

Leagtar síos i gCaibidil V bearta speisialta rialaithe galar is infheidhme maidir le muc-ainmhithe fiáine sna Ballstáit lena mbaineann;

(e)

Leagtar síos i gCaibidil VI na forálacha críochnaitheacha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Sa bhreis air sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘muc-ainmhí’ ainmhí de na speicis crúbach den fhine Suidae a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/429;

(b)

ciallaíonn ‘táirgí geirmeacha’ seamhan, úicítí agus suthanna mucúla a fuarthas ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád le haghaidh atáirgeadh saorga;

(c)

ciallaíonn ‘ábhair i gCatagóir 2’ seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (CE) 1069/2009 a fuarthas ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád;

(d)

ciallaíonn ‘ábhair i gCatagóir 3’ seachtháirgí ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 10 de Rialachán (CE) 1069/2009 a fuarthas ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád.

CAIBIDIL II

RIALACHA SPEISIALTA MAIDIR LE CRIOSANNA SRIANTA A BHUNÚ I gCÁS RÁIG D’FHIABHRAS CLASAICEACH NA MUC AGUS BEARTA SPEISIALTA RIALAITHE GALAR A CHUR I bhFEIDHM SNA BALLSTÁIT UILE

Airteagal 3

Rialacha speisialta maidir le criosanna srianta agus criosanna ionfhabhtaithe a bhunú i gcás ráig d’fhiabhras clasaiceach na muc

I gcás ráig d’fhiabhras clasaiceach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád nó i muc-ainmhithe fiáine, bunóidh údaráis inniúla na mBallstát ceann amháin den dá rud seo a leanas:

(a)

i gcás ráig i muc-ainmhithe atá ar coimeád, crios srianta i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687; nó

(b)

i gcás ráig i muc-ainmhithe fiáine, crios ionfhabhtaithe i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Airteagal 4

Rialacha speisialta maidir le criosanna srianta in Iarscríbhinn I a liostú i gcás ráig d’fhiabhras clasaiceach na muc i muc-ainmhithe fiáine i mBallstát

1.   Tar éis ráig d’fhiabhras clasaiceach na muc i muc-ainmhithe fiáine i limistéar Ballstáit, liostófar an limistéar sin mar chrios srianta in Iarscríbhinn I.

2.   Áiritheoidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann go ndéanfar teorannacha an chreasa ionfhabhtaithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 a choigeartú gan mhoill chun go gcuimseofar ar a laghad an crios srianta ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo i gcás an Bhallstáit sin.

Airteagal 5

Cur i bhfeidhm ginearálta na mbeart speisialta rialaithe galar i gcriosanna srianta

Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na bearta speisialta rialaithe galar a leagtar síos in Airteagail 3 agus 4 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm sna criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo sa bhreis ar na bearta rialaithe galar atá le cur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 sna criosanna seo a leanas:

(a)

na criosanna srianta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

(b)

na criosanna ionfhabhtaithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

CAIBIDIL III

BEARTA RIALAITHE GALAR IS INFHEIDHME MAIDIR LE COINSÍNEACHTAÍ MUC-AINMHITHE A CHOIMEÁDTAR I gCRIOSANNA SRIANTA AGUS TÁIRGÍ A DHÉANTAR ASTU SNA BALLSTÁIT LENA mBAINEANN

ROINN 1

toirmisc shonracha ar ghluaiseachtaí de choinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus dá dtáirgí sna Ballstáit lena mbaineann

Airteagal 6

Toirmeasc sonrach ar ghluaiseachtaí ó na criosanna srianta de choinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta

Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann toirmeasc ar ghluaiseachtaí ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I de choinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta sin.

Airteagal 7

Toirmeasc sonrach ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí ó na criosanna srianta de tháirgí geirmeacha a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta

Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann toirmeasc ar ghluaiseachtaí ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I de choinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta sin.

Airteagal 8

Toirmeasc sonrach ar ghluaiseachtaí ó na criosanna srianta coinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta

Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann toirmeasc ar ghluaiseachtaí ó na criosanna srianta sin a liostaítear in Iarscríbhinn I de choinsíneachtaí de sheachtháirgí ainmhithe a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta sin.

Airteagal 9

Toirmeasc sonrach ar ghluaiseachtaí ó na criosanna srianta de choinsíneachtaí d’fheoil úr agus de tháirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta

1.   Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann toirmeasc ar ghluaiseachtaí ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I de choinsíneachtaí d’fheoil úr agus de tháirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta sin.

2.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an toirmeasc dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal sin maidir le coinsíneachtaí de tháirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ar táirgí iad a ndearnadh an chóireáil ábhartha maolaithe riosca orthu maidir le fiabhras clasaiceach na muc, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, i mbunaíochtaí a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 23(1) den Rialachán seo.

ROINN 2

Coinníollacha ginearálta maidir le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí ó na criosanna srianta coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta

Airteagal 10

Coinníollacha ginearálta maidir le maoluithe ar an toirmeasc sonrach i ndáil le gluaiseachtaí ó na criosanna srianta coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta

1.   De mhaolú ar an toirmeasc sonrach dá bhforáiltear in Airteagal 6, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann gluaiseachtaí a údarú ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I le haghaidh coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta sin sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagail 18 go 22, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha sonracha a leagtar síos sna hAirteagail sin, agus na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687; agus

(b)

na coinníollacha ginearálta maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

gluaiseachtaí coinsíneachtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád ó chriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, a leagtar síos in Airteagal 11;

(ii)

bunaíochtaí le haghaidh muc-ainmhithe atá ar coimeád atá suite i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, a leagtar síos in Airteagal 12;

(iii)

na modhanna iompair a úsáidtear chun muc-ainmhithe atá ar coimeád a iompar ó chriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, a leagtar síos in Airteagal 13.

2.   Sula ndeonófar údaruithe dá bhforáiltear in Airteagail 18 go 22, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann measúnú ar na rioscaí a eascraíonn as na húdaruithe sin agus ní mór a léiriú sa mheasúnú sin gur diomaibhseach an riosca go leathfaidh fiabhras clasaiceach na muc.

Airteagal 11

Coinníollacha ginearálta breise maidir le gluaiseachtaí ó na criosanna srianta coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta

1.   Maidir le gluaiseachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, ní dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann gluaiseachtaí ó na criosanna srianta sin a údarú ach sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 18 go 22, faoi réir comhlíonadh na gcoinníollacha sonracha a leagtar síos sna hAirteagail sin ar choinníoll:

(a)

gur coimeádadh na muc-ainmhithe laistigh dá mbunaíocht seolta agus nár aistríodh iad uaidh sin ar feadh tréimhse 90 lá ar a laghad roimh an dáta gluaiseachta, nó ó rugadh iad, i gcás ina bhfuil siad níos óige ná 90 lá d’aois, agus i rith na tréimhse 30 lá díreach roimh an dáta seolta nár tugadh isteach sa bhunaíocht sin aon mhuc-ainmhí eile atá ar coimeád ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I chuig aon cheann de na limistéir seo a leanas:

(i)

an bhunaíocht seolta sin; nó

(ii)

aonad eipidéimeolaíoch na bunaíochta seolta sin, áit ina raibh na muc-ainmhithe a bhí le haistriú coinnithe go hiomlán scartha. Tar éis don údarás inniúil measúnú riosca a dhéanamh, cinnfidh sé teorainneacha an aonaid eipidéimeolaíoch sin, agus deimhneoidh an t-údarás inniúil go áiritheofar maidir leis an struchtúr, an méid agus an fhad idir na haonaid eipidéimeolaíocha éagsúla agus i dtaca leis na hoibríochtaí atá á ndéanamh, go mbeidh saoráidí ar leith ann le haghaidh muc-ainmhithe atá ar coimeád ó thaobh tithíocht a chur ar fáil dóibh, iad a choimeád agus iad a bheathú ionas nach féidir le víreas fhiabhras clasaiceach na muc leathadh ó aonad eipidéimeolaíoch amháin go ceann eile;

(b)

go ndearnadh scrúdú cliniciúil ar na muc-ainmhithe a coimeádadh sa bhunaíocht seolta, lena n-áirítear na hainmhithe sin atá le haistriú, agus go fuarthas torthaí fabhracha ar an scrúdú sin maidir le fiabhras clasaiceach na muc:

(i)

ag tréidlia oifigiúil;

(ii)

laistigh den tréimhse 24 uair an chloig roimh am gluaiseachta na coinsíneachta; agus

(iii)

i gcomhréir le hAirteagail 3(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus le pointe A.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis;

(c)

i gcás inarbh ghá, agus treoracha an údaráis inniúil á leanúint, go ndearnadh tástálacha sainaitheantais pataigine nó tástálacha chun antasubstaintí a bhrath roimh dháta gluaiseachta na coinsíneachta ón mbunaíocht seolta:

(i)

tar éis an scrúdaithe chliniciúil dá dtagraítear i bpointe (b) le haghaidh muc-ainmhithe a choimeádtar sa bhunaíocht, lena n-áirítear na hainmhithe sin atá le haistriú; agus

(ii)

i gcomhréir le pointe A.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

2.   Gheobhaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, i gcás inarb ábhartha, torthaí diúltacha ar thástálacha sainaitheantais pataigine dá dtagraítear i bpointe (1)(c) sula n-údarófar gluaiseacht choinsíneachta.

Airteagal 12

Coinníollacha ginearálta breise le haghaidh bunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád atá suite i gcriosanna srianta

Maidir le gluaiseachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i mbunaíochtaí atá suite i gcriosanna srianta atá lasmuigh de na criosanna sin a liostaítear in Iarscríbhinn I, ní dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann na gluaiseachtaí sin a údarú ach sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagail 18 go 22 faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha sonracha a leagtar síos sna hAirteagail sin agus ar choinníoll:

(a)

go mbeidh cuairt tugtha ag tréidlia oifigiúil ar an mbunaíocht seolta uair amháin ar a laghad tar éis liostú na gcriosanna srianta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus go mbeidh an bhunaíocht sin faoi réir cuairteanna rialta ó thréidlianna oifigiúla dá bhforáiltear in Airteagal 26(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 dhá uair sa bhliain ar a laghad, agus eatramh ceithre mhí ar a laghad idir na cuairteanna sin;

(b)

go gcuirfidh an bhunaíocht seolta ceanglais bhithshlándála chun feidhme maidir le fiabhras clasaiceach na muc:

(i)

i gcomhréir leis na bearta bithshlándála treisithe le haghaidh bunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád atá suite i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn II; agus

(ii)

de réir mar atá bunaithe ag an mBallstát atá i gceist;

(c)

go ndéanfar faireachas leanúnach trí thástáil le tástálacha sainaitheantais pataigine agus tástálacha chun antasubstaintí a bhrath le haghaidh fhiabhras clasaiceach na muc sa bhunaíocht seolta agus:

(i)

go mbeidh sé i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis;

(ii)

gach seachtain agus i ngach aonad eipidéimeolaíoch, go mbeidh torthaí diúltacha mar thoradh ar an tástáil a dhéanfar ar an gcéad dá mhuc-ainmhí atá ar coimeád, ar a laghad, ar muc-ainmhithe marbha iad atá os cionn 60 lá d’aois, nó, murab ann d’ainmhithe marbha den sórt sin atá os cionn 60 lá d’aois, torthaí diúltacha mar thoradh ar an tástáil a dhéanfar ar aon mhuc-ainmhí atá ar coimeád tar éis é a bhaint den diúl atá marbh;

(iii)

go ndéanfar an faireachas ar feadh na tréimhse faireacháin le haghaidh fhiabhras clasaiceach na muc, ar a laghad, tréimhse a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 roimh ghluaiseacht na coinsíneachta ón mbunaíocht seolta.

Airteagal 13

Coinníollacha ginearálta breise maidir leis na modhanna iompair a úsáidtear le haghaidh muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta a iompar ó na criosanna srianta sin

Ní dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann gluaiseachtaí a údarú ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I le haghaidh na coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta sin ach amháin más rud é gur fíor an méid seo a leanas faoi na modhanna iompair a úsáidtear chun na coinsíneachtaí sin a iompar:

(a)

go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 24(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687; agus

(b)

go ndéantar iad a ghlanadh agus a dhíghalrú i gcomhréir le hAirteagal 24(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 faoi rialú nó faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann.

ROINN 3

Oibleagáidí atá ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe

Airteagal 14

Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí ó na criosanna srianta coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta

Maidir le coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ní aistreoidh oibreoirí iad ó na criosanna srianta sin chuig Ballstát eile sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagail 18 den Rialachán seo, ach amháin má tá deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin, deimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 143(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ina bhfuil an fianú seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo:

“Muc-ainmhithe a coimeádadh i gcrios srianta i gcomhréir leis na bearta speisialta rialaithe a bhaineann le fiabhras clasaiceach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 ón gCoimisiún.”.

Airteagal 15

Na hoibleagáidí atá ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí ó na criosanna srianta coinsíneachtaí d’fheoil úr agus de tháirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád i gcriosanna srianta

1.   Maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ní aistreoidh oibreoirí iad ó na criosanna srianta sin chuig Ballstát eile sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagail 22 den Rialachán seo, ach amháin má tá deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin, deimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 167(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ina bhfuil an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2154; agus

(b)

an fianú seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo:

‘Feoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcrios srianta i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras clasaiceach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 ón gCoimisiún’.

2.   Maidir le coinsíneachtaí táirgí feola próiseáilte, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, ní aistreoidh oibreoirí iad ó na criosanna srianta sin chuig Ballstát eile, ach amháin faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

go ndearnadh ar na táirgí feola próiseáilte, lena n-áirítear cásálacha, an chóireáil ábhartha maolaithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

(b)

go ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe leis na coinsíneachtaí sin dá bhforáiltear in Airteagal 167(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ina bhfuil an méid seo a leanas:

(i)

an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2154; agus

(ii)

an fianú seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo:

‘Táirgí feola próiseáilte, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras clasaiceach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 ón gCoimisiún.’

3.   Maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i limistéir lasmuigh de na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a mharaítear i seamlais atá suite sna criosanna srianta sin, ní aistreoidh oibreoirí iad ó na criosanna srianta sin chuig Ballstát eile, ach amháin i gcás ina bhfuil na nithe seo a leanas ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin:

(a)

deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 167(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ina bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2154; agus

(b)

an fianú seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo:

‘Feoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i limistéir lasmuigh de chriosanna srianta agus a mharaítear i gcriosanna srianta i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras clasaiceach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 ón gCoimisiún.’

4.   Maidir le coinsíneachtaí táirgí feola próiseáilte, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus a phróiseáiltear sna criosanna srianta sin, ní aistreoidh oibreoirí iad ó na criosanna srianta sin chuig Ballstát eile, ach amháin faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

go ndearnadh ar na táirgí feola próiseáilte, lena n-áirítear cásálacha, an chóireáil ábhartha maolaithe riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

(b)

go ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe leis na coinsíneachtaí sin dá bhforáiltear in Airteagal 167(1) de Rialachán (AE) 2016/429 ina bhfuil an méid seo a leanas:

(i)

an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2154; agus

(ii)

an fianú seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo:

‘Táirgí feola próiseáilte, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i limistéir lasmuigh de chriosanna srianta agus a phróiseáiltear i gcriosanna srianta i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras clasaiceach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 ón gCoimisiún.’

5.   Féadfaidh údarás inniúil na mBallstáit lena mbaineann a chinneadh maidir le marc sláinte nó, i gcás inarb ábhartha, marc aitheantais dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a cuirtear ar an bhfeoil úr nó phróiseáilte agus ar tháirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, i mbunaíochtaí a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 23(1) den Rialachán seo, go bhféadfaidh na marcanna sin a chur in ionad an deimhnithe sláinte ainmhithe le haghaidh ghluaiseachtaí ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcas na gcoinsíneachtaí seo a leanas:

(a)

feoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, chuig Ballstát eile, mar a leagtar síos i mír 1;

(b)

táirgí feola próiseáilte, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, chuig Ballstát eile, mar a leagtar síos i mír 2;

(c)

táirgí feola úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i limistéir lasmuigh de na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a mharaítear i seamlais atá suite sna criosanna srianta sin, chuig Ballstát eile, mar a leagtar síos i mír 3;

(d)

táirgí feola próiseáilte, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i limistéir lasmuigh de na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus a phróiseáiltear sna criosanna sin chuig Ballstát eile, mar a leagtar síos i mír 4.

Airteagal 16

Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí ó na criosanna srianta coinsíneachtaí táirgí geirmeacha a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i mbunaíochtaí atá suite i gcriosanna srianta

Maidir le coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, ní aistreoidh oibreoirí iad ó na criosanna srianta sin chuig Ballstát eile sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagail 19 den Rialachán seo, ach amháin má tá deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin dá bhforáiltear in Airteagal 161(4) de Rialachán (AE) 2016/429. Beidh sa deimhniú sláinte ainmhithe an fianú seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo:

‘Táirgí geirmeacha a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a coimeádadh i gcrios srianta i gcomhréir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras clasaiceach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 ón gCoimisiún.’

Airteagal 17

Na hoibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí ó na criosanna srianta coinsíneachtaí ábhar i gCatagóir 2 agus 3 a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta

Maidir le coinsíneachtaí ábhar i gCatagóir 2 agus 3 a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, ní aistreoidh oibreoirí iad ó na criosanna sin chuig Ballstát eile sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagail 20 agus 21, ach amháin má tá na nithe seo a leanas ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin:

(a)

an doiciméad tráchtála dá dtagraítear i gCaibidil III d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011; agus

(b)

deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 22(5) de Rialachán Tarmligthe(AE) 2020/687.

ROINN 4

Coinníollacha shonracha maidir le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí ó na criosanna srianta coinsíneachtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád agus táirgí uathu sna Ballstáit lena mbaineann

Airteagal 18

Coinníollacha sonracha maidir le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí ó na criosanna srianta coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha

1.   De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 6, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann gluaiseachtaí a údarú ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I le haghaidh coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta sin chuig bunaíocht atá suite i gcríoch Ballstát eile agus chuig tríú tíortha, ar choinníoll:

(a)

nár taifeadadh aon fhianaise ar fhiabhras clasaiceach na muc sna 12 mhí roimhe sin sa bhunaíocht seolta agus go bhfuil an bhunaíocht sin lasmuigh de chrios cosanta nó crios faireachais a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

(b)

comhlíontar na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

(c)

go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagail 10 go 13.

2.   Áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát uile maidir leis na coinsíneachtaí muc-ainmhithe atá faoi réir gluaiseacht údaraithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go bhfanfaidh siad sa bhunaíocht chinn scríbe ar feadh na tréimhse faireacháin a cheanglaítear i gcás fhiabhras clasaiceach na muc, ar a laghad, tréimhse a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 nó go gcuirtear chun seamlais iad láithreach.

Airteagal 19

Coinníollacha sonracha maidir le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí ó chriosanna srianta coinsíneachtaí táirgí geirmeacha a fuarthas ó bhunaíochtaí táirgí geirmeacha atá suite i gcriosanna srianta chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha

De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 7, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann gluaiseachtaí a údarú ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I le haghaidh coinsíneachtaí táirgí geirmeacha ó bhunaíochtaí táirgí geirmeacha atá suite sna criosanna srianta chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha, ar choinníoll:

(a)

go ndearnadh na táirgí geirmeacha a bhailiú nó a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil i mbunaíochtaí agus fuarthas iad ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád, bunaíochtaí agus muc-ainmhithe a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 11(1)(b) agus (c), Airteagal 11(2) agus Airteagal 12;

(b)

gur coimeádadh deontóirí fireanna agus deontóirí baininne na muc-ainmhithe i mbunaíochtaí táirgí geirmeacha de réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(i)

ar feadh tréimhse 90 lá ar a laghad roimh dháta bailithe nó táirgthe na dtáirgí geirmeacha;

(ii)

i gcás nár tugadh isteach aon mhuc-ainmhí atá ar coimeád eile ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I ar feadh tréimhse 90 lá, ar a laghad, roimh dháta bailithe nó táirgthe na dtáirgí geirmeacha.

Airteagal 20

Coinníollacha sonracha maidir le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí ó chriosanna srianta coinsíneachtaí ábhar i gCatagóir 2 a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta lena ndiúscairt i mBallstát eile nó i dtríú tír

1.   De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 8 den Rialachán seo, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann gluaiseachtaí ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a údarú le haghaidh coinsíneachtaí seachtháirgí ainmhithe ábhar i gCatagóir 2 a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta sin chuig gléasra próiseála lena bpróiseáil faoi mhodhanna 1 go 5, mar a leagtar amach i gCaibidil III d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, nó chuig gléasra loiscthe nó comhloiscthe, dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(a), (b) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, atá suite i mBallstát eile nó i dtríú tír, ar choinníoll:

(a)

go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

(b)

comhlíontar na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagal 10(2);

(c)

feistítear córas um loingseoireacht satailíte ar an modh iompair chun a shuíomh a chinneadh, a tharchur agus a thaifead san fhíor-am.

2.   An t-oibreoir iompair atá freagrach as gluaiseachtaí coinsíneachtaí ábhar i gCatagóir 2, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

é a chur ar a chumas don údarás inniúil gluaiseacht an mhodha iompair a rialú san fhíor-am trí chóras um loingseoireacht satailíte; agus

(b)

taifid leictreonacha ar an ngluaiseacht sin a choimeád ar feadh tréimhse dhá mhí ar a laghad ó dháta na gluaiseachta.

3.   Údaráis inniúla na mBallstát seolta agus cinn scríbe choinsíneachta ábhar i gCatagóir 2, déanfaidh siad na rialuithe ar sheoladh na coinsíneachta sin a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 48(1) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009.

Airteagal 21

Coinníollacha sonracha maidir le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí ó chriosanna srianta de choinsíneachtaí d'ábhair i gCatagóir 3 a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta chuig Ballstát eile nó chuig tríú tír lena bpróiseáil a thuilleadh nó lena dtiontú

1.   De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 8 den Rialachán seo, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann gluaiseachtaí ó chriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a údarú le haghaidh coinsíneachtaí ábhar i gCatagóir 3 a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta sin chuig gléasra nó bunaíocht arna formheas ag an údarás inniúil chun ábhair i gCatagóir 3 a phróiseáil ina mbeatha próiseáilte, ina bhia peataí phróiseáilte, táirgí díorthaithe atá lena n-úsáid lasmuigh den slabhra bia, nó chun ábhair i gCatagóir 3 a thiontú ina mbithghás nó ina múirín de réir Airteagal 24(1)(a), (e) agus (g) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, ar gléasra nó bunaíocht iad atá suite i mBallstát eile nó i dtríú tír, ar choinníoll:

(a)

go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

(b)

go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagal 10(2);

(c)

go bhfaightear na hábhair i gCatagóir 3 ó mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ó bhunaíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagail 11 agus 12;

(d)

go bhfeistítear córas um loingseoireacht satailíte ar an modh iompair chun a shuíomh a chinneadh, a tharchur agus a thaifead san fhíor-am;

(e)

go n-aistrítear na seachtháirgí ainmhithe go díreach ón seamlas arna ainmniú i gcomhréir le Airteagal 23(1) chuig ceann de na háiteanna seo a leanas:

(i)

gléasra próiseála le haghaidh phróiseáil na dtáirgí díorthaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinní X agus XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011;

(ii)

gléasra bia peataí arna fhormheas chun bia peataí próiseáilte a tháirgeadh dá dtagraítear i gCaibidil II, pointe 3(b)(i), (ii) agus (iii) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011;

(iii)

gléasra bithgháis nó múirínithe arna fhormheas chun seachtháirgí ainmhithe a thiontú ina muirín nó ina mbithghás i gcomhréir leis na paraiméadair chaighdeánacha tiontaithe dá dtagraítear i gCaibidil III, Roinn 1, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

2.   An t-oibreoir iompair atá freagrach as gluaiseachtaí coinsíneachtaí ábhar i gCatagóir 3, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

é a chur ar a chumas don údarás inniúil gluaiseacht an mhodha iompair a rialú san fhíor-am trí chóras um loingseoireacht satailíte; agus

(b)

taifid leictreonacha ar an ngluaiseacht sin a choinneáil ar feadh tréimhse dhá mhí ar a laghad ó dháta na gluaiseachta.

Airteagal 22

Coinníollacha sonracha maidir le maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí ó na criosanna srianta coinsíneachtaí feoil úr nó táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha

De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 9, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann gluaiseachtaí amach as na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a údarú le haghaidh coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta sin chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha, ar choinníoll:

(a)

go coimeádadh na muc-ainmhithe i mbunaíocht nach raibh aon fhianaise inti ar fhiabhras clasaiceach na muc sna 12 mhí roimh dháta na gluaiseachta agus go bhfuil an bhunaíocht sin suite lasmuigh de chrios cosanta nó de chrios faireachais arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

(b)

go comhlíontar na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagal 28(2) go (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

(c)

go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagal 10(2);

(d)

go bhfaightear an fheoil úr agus na táirgí úra ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i mbunaíochtaí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a leagtar síos in Airteagail 11 agus 12;

(e)

gur táirgeadh an fheoil úr agus na táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, i mbunaíochtaí arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 23(1).

CAIBIDIL IV

BEARTA SPEISIALTA MAOLAITHE RIOSCA MAIDIR LE FIABHRAS CLASAICEACH NA MUC LE hAGHAIDH GNÓLACHTAÍ BIA SNA BALLSTÁIT LENA mBAINEANN

Airteagal 23

Ainmniú speisialta le haghaidh seamlas, ionaid gearrtha, fuarstóras, agus bunaíochtaí próiseála feola agus láimhseála géimfheola

1.   Faoi réir na gceanglas maidir le gluaiseacht údaraithe a leagtar síos in Airteagal 22, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, tar éis iarratas a fháil ó oibreoir gnólachtaí bia, bunaíochtaí a ainmniú chun críche mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus muc-ainmhithe fiáine sna criosanna srianta sin, a mharú agus chun feoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, ó na muc-ainmhithe sin a ghearradh, a phróiseáil agus a stóráil.

2.   Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a chinneadh nach mbeidh gá leis an ainmniú dá dtagraítear i mír 1 i gcás bunaíochtaí ina maraítear muc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus muc-ainmhithe fiáine san criosanna srianta, ar bunaíochtaí iad a dhéanann feoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, ó na muc-ainmhithe sin a phróiseáil, a ghearradh agus a stóráil, ar choinníoll:

(a)

an fheoil úr agus na táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, atá de bhunadh mucúil, go ndéantar iad a mharcáil le marc speisialta sláinte dá dtagraítear in Airteagal 25;

(b)

an fheoil úr agus na táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, atá de bhunadh mucúil ó na bunaíochtaí sin, nach bhfuil siad beartaithe ach le haghaidh an Bhallstáit chéanna lena mbaineann;

(c)

seachtháirgí ainmhithe de bhunadh mucúil ó na bunaíochtaí sin, nach ndéantar iad a phróiseáil ná a dhiúscairt ach laistigh den Bhallstát céanna.

3.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann na nithe seo a leanas:

(a)

nasc a chur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile chuig suíomh gréasáin an údaráis inniúil ar a bhfuil liosta de na bunaíochtaí ainmnithe agus a gcuid gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1;

(b)

an liosta dá bhforáiltear i bpointe (a) a choinneáil cothrom le dáta.

Airteagal 24

Coinníollacha speisialta i ndáil le bunaíochtaí a ainmniú le haghaidh marú, gearradh, próiseáil agus stóráil na feola úire agus na dtáirgí úire, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I

Ní ainmneoidh údarás inniúil na mBallstát lena mbaineann bunaíochtaí le haghaidh mharú, ghearradh, phróiseáil agus stóráil na feola úire agus na dtáirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus ó mhuc-ainmhithe fiáine sna criosanna srianta sin, faoi réir na gceanglas maidir le gluaiseacht údaraithe a leagtar síos in Airteagal 22 ach amháin ar choinníoll:

(a)

gearradh, próiseáil agus stóráil na feola úire agus na dtáirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, go bhfuil na próisis sin scartha amach ó fheoil úr agus ó tháirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I nach gcomhlíonann an méid seo a leanas:

(i)

na coinníollacha ginearálta breise a leagtar síos in Airteagail 11, 12 agus 13; agus

(ii)

na coinníollacha sonracha a leagtar síos in Airteagal 22;

(b)

tá treoracha nó nósanna imeachta doiciméadaithe i bhfeidhm ag oibreoir na bunaíochta, treoracha nó nósanna imeachta arna bhformheas ag údarás inniúil údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann chun a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír (a).

Airteagal 25

Marcanna speisialta sláinte

Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann a áirithiú go ndéanfar na táirgí de bhunadh ainmhíoch seo a leanas a mharcáil le marc speisialta sláinte nó, i gcás inarb ábhartha, le marc aitheantais nach marc ubhchruthach é agus nach féidir é a mheascadh leis an marc sláinte nó an marc aitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004:

(a)

an fheoil úr agus na táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fuarthas ó mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, mura mbeidh feidhm ag coinníollacha sonracha maidir le gluaiseachtaí ó na criosanna srianta sin coinsíneachtaí muc-ainmhithe a choimeádtar sna criosanna srianta sin, mar atá leagtha síos in Airteagal 22; agus

(b)

an fheoil úr agus na táirgí feola ó mhuc-ainmhithe fiáine a fuarthas laistigh de na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a aistrítear ón mbunaíocht a ainmnítear i gcomhréir le Airteagal 23(1).

CAIBIDIL V

BEARTA SPEISIALTA RIALAITHE GALAR IS INFHEIDHME MAIDIR LE MUC-AINMHITHE FIÁINE SNA BALLSTÁIT

Airteagal 26

Toirmisc speisialta i ndáil le gluaiseachtaí muc-ainmhithe fiáine

Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann toirmeasc ar ghluaiseachtaí muc-ainmhithe fiáine ag oibreoirí mar a fhoráiltear in Airteagal 101 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún sna háiteanna seo a leanas:

(a)

laistigh de chríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann;

(b)

as críoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann chuig:

(i)

Ballstáit eile; agus

(ii)

tríú tíortha.

Airteagal 27

Toirmisc shonracha maidir le gluaiseachtaí feola úire, táirgí feola agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch a fuarthas ó mhuc-ainmhithe fiáine, laistigh de na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus amach astu

1.   Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann toirmeasc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí d’fheoil úr, táirgí feola agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch a fuarthas ó mhuc-ainmhithe fiáine laistigh de na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I agus amach astu.

2.   Cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann toirmeasc ar ghluaiseachtaí feola úire, táirgí feola agus aon táirgí eile de bhunadh ainmhíoch a fuarthas ó mhuc-ainmhithe fiáine laistigh de na criosanna srianta a líostaítear in Iarscríbhinn I agus amach astu sna cásanna seo a leanas:

(a)

úsáid phríobháideach;

(b)

má bhaineann sé le gníomhaíochtaí fiagaí a sholáthraíonn méideanna beaga de ghéimfheoil mhucúil fhiáin nó de ghéimfheoil de bhunadh mucúil go díreach don tomhaltóir deiridh nó do bhunaíochtaí miondíola áitiúla a sholáthraíonn an tomhaltóir deiridh go díreach, mar a fhoráiltear in Airteagal 1(3)(e) de Rialachán (AE) 853/2004.

Airteagal 28

Coinníollacha sonracha le haghaidh maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’fheoil úr, de tháirgí feola próiseáilte agus d’aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch a fuarthas ó mhuc-ainmhithe fiáine laistigh de na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I

De mhaolú ar an toirmeasc dá bhforáiltear in Airteagal 27, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann gluaiseachtaí ítimí dá dtagraítear in Airteagal 27 a údarú ó bhunaíocht atá suite i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I laistigh de na criosanna srianta sin ar choinníoll:

(a)

go ndearnadh tástálacha sainaitheantais pataigine agus tástálacha chun antasubstaintí a bhrath le haghaidh fhiabhras clasaiceach na muc i gcás gach muc-ainmhí fiáin a úsáidtear chun táirgí feola a tháirgeadh agus a phróiseáil sna criosanna srianta sin;

(b)

go bhfuair an t-údarás inniúil torthaí diúltacha ar na tástálacha dá dtagraítear i bpointe (a) roimh na cóireála dá dtagraítear i bpointe (c);

(c)

go ndearnadh na táirgí feola ó mhuc-ainmhithe fiáine a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil i mbunaíochtaí arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 23(1).

Airteagal 29

Coinníollacha sonracha le haghaidh maoluithe lena n-údaraítear gluaiseachtaí coinsíneachtaí táirgí feola próiseáilte agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch a fuarthas ó mhuc-ainmhithe fiáine ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I

De mhaolú ar na toirmisc dá bhforáiltear in Airteagal 27, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann gluaiseachtaí coinsíneachtaí na hítimí dá dtagraítear in Airteagal 27 a údarú ó bhunaíocht atá suite i criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha, ar choinníoll:

(a)

go ndearnadh tástálacha sainaitheantais pataigine agus tástálacha chun antasubstaintí a bhrath le haghaidh fhiabhras clasaiceach na muc i gcás gach muc-ainmhí fiáin a úsáidtear chun táirgí feola a tháirgeadh agus a phróiseáil sna criosanna srianta sin;

(b)

go bhfuair an t-údarás inniúil torthaí diúltacha le haghaidh na tástálacha dá dtagraítear i bpointe (a) roimh na cóireála dá dtagraítear i bpointe (c) agus (d);

(c)

go ndearnadh na táirgí feola ó mhuc-ainmhithe fiáine a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil i mbunaíochtaí arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 23(1);

(d)

gur cuireadh cóireáil ábhartha maolaithe riosca ar na táirgí feola ó mhuc-ainmhithe fiáine le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na criosanna srianta i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 a mhéid a bhaineann le fiabhras clasaiceach na muc.

Airteagal 30

Na hoibleagáidí atá ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí ó na criosanna srianta coinsíneachtaí táirgí feola próiseáilte, agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch a fuarthas ó mhuc-ainmhithe fiáine ó na criosanna srianta sin

Maidir le coinsíneachtaí de tháirgí feola próiseáilte agus aon táirge eile de bhunadh ainmhíoch a fuarthas ó mhuc-ainmhithe fiáine ó na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ní aistreoidh oibreoirí iad chuig Ballstát eile ná chuig tríú tíortha sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagail 29 den Rialachán seo, ach amháin má tá deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leis na coinsíneachtaí sin, dá bhforáiltear le hAirteagal 167(1) de Rialachán (AE) 2016/429, ina bhfuil an méid seo a leanas:

(a)

an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2154; agus

(b)

an fianú seo a leanas ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo:

‘Táirgí feola próiseáilte a fuarthas ó mhuc-ainmhithe fiáine i gcomhréir leis na bearta speisialta rialaithe a bhaineann le fiabhras clasaiceach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/934 ón gCoimisiún.’.

CAIBIDIL VI

FORALACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón tríú lá tar éis lá a fhoilsithe go dtí an 13 Meitheamh 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/764/AE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2013 i dtaca le bearta rialaithe sláinte ainmhithe maidir le fiabhras clasaiceach na muc i mBallstáit áirithe (IO L 338, 17.12.2013, lch. 102).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 i dtaca le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe maidir le rialú a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).

(5)  OIE Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún, 28ú hEagrán, 2019.

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2154 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe, le deimhniúchán agus le fógra a thabhairt i dtaca le gluaiseachtaí laistigh den Aontas de tháirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe talún (IO L 431, 21.12.2020, lch. 5).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a fhormheas agus leis na ceanglais maidir le hinrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí laistigh den Aontas de tháirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád (IO L 174, 3.6.2020, lch. 1).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, le cláir dhíothaithe agus le stádas saor ó ghalair i dtaca le galair áirithe atá liostaithe agus atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte a mhéid a bhaineann le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus ítimí atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).

(11)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 ón gCoimisiún maidir le rialuithe oifigiúla (IO L 131, 17.5.2019, lch. 51).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

(14)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an Rialacháin seo, baineann tagairtí do na Ballstáit leis an Ríocht Aontaithe i dtaca le Tuaisceart Éireann de.


IARSCRÍBHINN I

CRIOSANNA SRIANTA

1.   an Bhulgáir

Críoch iomlán na Bulgáire.

2.   an Rómáin

Críoch iomlán na Rómáine.


IARSCRÍBHINN II

BEARTA BITHSHLÁNDÁLA TREISITHE LE hAGHAIDH BUNAÍOCHTAÍ MUC-AINMHITHE ATÁ AR COIMEÁD ATÁ SUITE I gCRIOSANNA SRIANTA A LIOSTAÍTEAR IN IARSCRÍBHINN I

(dá dtagraítear in Airteagal 12, pointe (b)(i))

1.

Na bearta bithshlándála treisithe seo a leanas, dá dtagraítear in Airteagal 12, pointe (b)(i), beidh feidhm acu maidir le bunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád atá suite i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, i gcás gluaiseachtaí údaraithe coinsíneachtaí díobh seo a leanas:

(a)

muc-ainmhithe a choinnítear i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, dá bhforáiltear in Airteagal 18;

(b)

táirgí geirmeacha a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choinnítear i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, dá bhforáiltear in Airteagal 19;

(c)

seachtháirgí ainmhithe a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choinnítear i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, dá bhforáiltear in Airteagal 21;

(d)

feoil úr agus táirgí feola, lena n-áirítear cásálacha, a fhaightear ó mhuc-ainmhithe a choinnítear sna criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I, dá dtagraítear in Airteagal 22.

2.

Oibreoirí bunaíochtaí muc-ainmhithe a choinnítear i gcriosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I atá suite sna Ballstáit lena mbaineann, i gcás gluaiseachtaí údaraithe lasmuigh de na criosanna srianta sin, déanfaidh siad a áirithiú go gcuirfear na bearta bithshlándála treisithe seo a leanas i bhfeidhm sna bunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád sin:

(a)

ní ceart aon teagmháil dhíreach nó indíreach a bheith ann idir na muc-ainmhithe atá ar coimeád agus, ar a laghad:

(i)

muc-ainmhithe eile atá ar coimeád ó bhunaíochtaí eile;

(ii)

muc-ainmhithe fiáine;

(b)

daoine a thagann isteach san áitreabh ina gcoimeádtar na muc-ainmhithe agus daoine a fhágann an áitreabh sin, ní mór dóibh bearta sláinteachais iomchuí a dhéanamh, amhail éadaí agus coisbhirt a athrú;

(c)

ní mór do dhaoine a thagann isteach san áitreabh ina gcoimeádtar muc-ainmhithe a lámha a ní agus a dhíghalrú ag an mbealach isteach;

(d)

daoine a dhéanann teagmháil le muc-ainmhithe atá ar coimeád sa bhunaíocht, níor cheart aon ghníomhaíocht fiaigh a bhaineann le muc-ainmhithe fiáine a bheith déanta acu nó níor cheart aon teagmháil eile a bheith acu le muc-ainmhithe fiáine ar feadh tréimhse 48 n-uaire an chloig ar a laghad roimh dhul isteach sa bhunaíocht dóibh;

(e)

toirmeasc ar dhaoine nó ar mhodhanna iompair neamhúdaraithe dul isteach sa bhunaíocht, lena n-áirítear na háitribh ina gcoimeádtar muc-ainmhithe;

(f)

coimeád taifead leordhóthanach a dhéanamh ar dhaoine agus ar mhodhanna iompair a théann isteach sa bhunaíocht ina gcoimeádtar na muc-ainmhithe;

(g)

maidir le háitreabh agus foirgnimh na bunaíochta ina gcoimeádtar muc-ainmhithe:

(i)

ní mór iad a bheith tógtha sa chaoi nach bhfuil aon ainmhithe eile in ann dul isteach san áitreabh ná sna foirgnimh agus nach bhfuil teagmháil acu leis na muc-ainmhithe atá ar coimeád ná lena mbeatha agus lena n-ábhar easrach;

(ii)

ní mór a bheith in ann lámha a ní agus a dhíghalrú iontu;

(iii)

ní mór a bheith in ann an t-áitreabh a ní agus a dhíghalrú;

(iv)

ní mór áiseanna feistis iomchuí a bheith iontu chun coisbhearta agus éadaí a athrú ag an mbealach isteach san áitreabh ina gcoimeádtar muc-ainmhithe;

(h)

fálú stocdhíonach a bheith timpeall ar an áitreabh ina gcoimeádtar na muc-ainmhithe agus ar na foirgnimh ina gcoimeádtar a gcuid beatha agus easrach, ar a laghad;

(i)

plean bithshlándála arna fhormheas ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a bheith ann, plean lena gcuirtear próifíl na bunaíochta agus an reachtaíocht náisiúnta san áireamh; áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa phlean bithshlándála sin:

(i)

limistéir ‘ghlana’ agus limistéir ‘shalacha’ a bhunú le haghaidh na foirne, limistéir atá oiriúnach do thíopeolaíocht na feirme, amhail seomraí feistis, cithfholcadán, seomra bia;

(ii)

na socruithe lóistíochta a bhunú agus a athbhreithniú, más infheidhme, maidir le muc-ainmhithe nua atá ar coimeád a thabhairt isteach sa bhunaíocht;

(iii)

na nósanna imeachta maidir leis na saoráidí, na córacha iompair agus an trealamh a ní agus a dhíghalrú agus maidir le sláinteachas na foirne;

(iv)

rialacha a leagan amach maidir le bia le haghaidh na foirne ar an láthair agus toirmeasc a chur ar an bhfoireann muc-ainmhithe a choimeád, i gcás inarb ábhartha agus más infheidhme;

(v)

clár tiomnaithe d’fheasacht leanúnach na foirne ar an mbunaíocht;

(vi)

socruithe lóistíochta a bhunú agus a athbhreithniú, más infheidhme, chun deighilt chuí idir aonaid eipidéimeolaíocha éagsúla a áirithiú agus chun nach mbeidh teagmháil, bíodh sé díreach nó indíreach, ag muc-ainmhithe le seachtháirgí ainmhithe ná aonaid eile;

(vii)

na nósanna imeachta agus na treoracha maidir le ceanglais bhithshlándála a fhorfheidhmiú le linn thógáil an áitribh nó na bhfoirgneamh, nó le linn dheisiú an áitribh nó na bhfoirgneamh;

(viii)

iniúchadh inmheánach nó féinmheastóireacht chun comhlíonadh bhearta na bithshlándála a áirithiú.


CINNTÍ

10.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 204/39


CINNEADH (AE) 2021/935 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Meitheamh 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 13ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-Rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le glacadh na leasuithe ar na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a bhaineann le hinnill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí, vaigíní lastais, inrochtaineacht an chórais iarnróid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, maidir le glacadh na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha is infheidhme maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh, agus an mbonneagar fochórais, maidir leis na tagairtí do dhoiciméid theicniúla dá dtagraítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a bhaineann le feidhmchláir teileamaitice le haghaidh lasta a thabhairt cothrom le dáta, agus maidir le hathbhreithniú ar ATMF i dtaca le heintitis a bhfuil cothabháil faoina gcúram

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (“COTIF”), i gcomhréir le Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle (1).

(2)

Tá na Ballstáit uile, seachas an Chipir agus Málta, ina bpáirtithe in COTIF.

(3)

De bhun phointe (f) d’Airteagal 13 § 1 de COTIF, bunaíodh Coiste Saineolaithe Teicniúla (“CTE”) na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (“OTIF”).

(4)

De bhun phointe (b) d’Airteagal 20§ 1 de COTIF, agus i gcomhréir le hAirteagal 6 d’Fhoscríbhinn F (“APTU”), tá CTE inniúil, inter alia, chun na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha (“UTP”) a ghlacadh nó a leasú maidir le hinnill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí (“UTP LOC PAS”), le vaigíní lastais (“UTP WAG”), le hinrochtaineacht an chórais iarnróid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (“UTP PRM”), maidir leis na doiciméid theicniúla faoi shonraíocht theicniúil d’idir-inoibritheacht a bhaineann le feidhmchláir teileamaitice le haghaidh lasta (“TAF TSI”) dá dtagraítear i bhFoscríbhinn I don UTP maidir le feidhmchláir teileamaitice le haghaidh lasta (“UTP TAF”), agus maidir le STAnna is infheidhme maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh (“UTP TCRC”) agus le UTPanna is infheidhme maidir leis an mbonneagar fochórais (“UTP INF”).

(5)

Ar deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 15 § 2 d’Fhoscríbhinn G (“ATMF”), tá CTE inniúil maidir le hathbhreithniú ar ATMF a mholadh i dtaca le heintitis a bhfuil cothabháil faoina gcúram (“ECCanna”).

(6)

Chuir CTE sa chlár dá 13ú seisiún a bheidh ar siúl an 22 Meitheamh 2021 tograí le haghaidh cinntí maidir le leasú a dhéanamh ar UTP LOC PAS, UTP WAG agus UTP PRM, maidir le UTP TCRC and UTP INF a ghlacadh, maidir le tagairtí do dhoiciméid theicniúla sna TAF TSI a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann le Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha FTL, a thabhairt cothrom le dáta, agus maidir le athbhreithniú a dhéanamh ar ATMF i dtaca leis na ECCanna.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa CTE a bhunú agus, a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar ATMF, i gCoiste Athbhreithnithe OTIF, ós rud é go mbeidh na cinntí atá beartaithe in a gceangal ar an Aontas.

(8)

Is éard is cuspóirí do na cinntí sin atá na beartaithe, UTP LOC PAS, UTP WAG agus UTP PRM a ailíniú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/387 ón gCoimisiún (2) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/772 ón gCoimisiún (3) faoi seach, UTP TCRC nua agus UTP INF nua a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún (4) agus Rialachán (AE) Uimh. 1299/2014 ón gCoimisiún (5) arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/776 (6), agus athbhreithniú ar ATMF, i dtaca le ECCanna, a mholadh do Choiste Athbhreithnithe OTIF chun é a ailíniú le Treoir (AE) 2016/798 (7).

(9)

Tá na cinntí atá beartaithe i gcomhréir le dlí agus le cuspóirí straitéiseacha an Aontais toisc go gcuireann siad le hailíniú reachtaíocht OTIF le forálacha coibhéiseacha dhlí an Aontais, agus ar an ábhar sin ba cheart don Aontas tacú leo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 13ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla an Choinbhinsiúin maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980 maidir le glacadh na leasuithe ar na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha maidir le hinnill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí, maidir le vaigíní lastais, le hinrochtaineacht an chórais iarnróid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, a mhéid a bhaineann le glacadh na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha is infheidhme maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh agus leis an mbonneagar fochórais, agus a mhéid a bhaineann le tagairtí do dhoiciméid theicniúla a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht maidir le feidhmchláir teileamaitice le haghaidh lasta a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis na saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a bhaineann le feidhmchláir teileamaitice le haghaidh lasta a thabhairt cothrom le dáta, agus i ndáil leis an athbhreithniú ar ATMF i dtaca le heintitis a bhfuil cothabháil faoina gcúram:

(1)

vótáil i bhfabhar na leasuithe atá beartaithe ag an gCoiste Saineolaithe Teicniúla ar na Saintreoracha Aonfhoirmeacha Teicniúla maidir le hinnill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí, mar a leagtar amach iad i nDoiciméad Oibre ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla dar teideal iarscríbhinn TECH-20041-CTE13-UTP LOC PAS agus i gcinneadh TECH-20041 LOC PAS;

(2)

vótáil i bhfabhar na leasaithe atá beartaithe ag an gCoiste Saineolaithe Teicniúla ar na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha maidir le rothstoc – vaigíní lastais, mar a leagtar amach iad i nDoiciméad Oibre ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla dar teideal dréachtleasuithe TECH-20042-CTE13 agus i gCinneadh TECH-20042 WAG;

(3)

vótáil i bhfabhar na leasuithe atá beartaithe ag an gCoiste Saineolaithe Teicniúla ar na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha maidir le hinrochtaineacht an chórais iarnróid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, mar a leagtar amach iad i nDoiciméad Oibre ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla dar teideal dréachtleasuithe CTE TECH-20043-CTE UTP PRM agus i gCinneadh TECH-20043 PRM;

(4)

vótáil i bhfabhar STAnna a ghlacadh is infheidhme maidir le comhdhéanamh traenach agus seiceálacha comhoiriúnachta bealaigh atá beartaithe ag an gCoiste Saineolaithe Teicniúla agus mar a leagtar amach iad i nDoiciméad Oibre ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla dar teideal CTE TECH-20039 UTP TCRC agus i gcinneadh TECH-20039 TCRC;

(5)

vótáil i bhfabhar na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha is infheidhme maidir leis an mbonneagar fochórais a ghlacadh, a mhol an Coiste Saineolaithe Teicniúla mar a leagtar amach iad i nDoiciméad Oibre ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla dar teideal dréacht leasuithe TECH-20040-UTP INF agus i gcinneadh TECH-20040 INF;

(6)

vótáil i bhfabhar thogra an Choiste Saineolaithe Teicniúla na tagairtí do dhoiciméid theicniúla sna STInna maidir le FTL a liostaítear i bhFoscríbhinn I a ghabhann le STAnna maidir le FTL a thabhairt cothrom le dáta, mar a leagtar amach iad i nDoiciméad Oibre ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla dar teideal TECH-21009-CTE agus i gcinneadh FTL UTP;

(7)

vótáil i bhfabhar athbhreithniú ar ATMF a mhéid a bhaineann le heintitis a bhfuil cothabháil faoina gcúram, mar a leagtar amach iad i nDoiciméad Oibre ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla dar teideal Cinneadh TECH-20045 ATMF.

Airteagal 2

A luaithe a ghlacfar na cinntí ó Choiste Saineolaithe Teicniúla, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus áirítear leis sin dáta a dteacht i bhfeidhm a lua.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 3 Meitheamh 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P.N. SANTOS


(1)  Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (IO L 51, 23.2.2013, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/387 ón gCoimisiún an 9 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 321/2013, (AE) Uimh. 1302/2014 agus (AE) 2016/919 i dtaca leis an limistéar úsáide a leathnú agus leis na céimeanna aistrithe (IO L 73, 10.3.2020, lch. 6).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/772 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 i dtaca le fardal na sócmhainní d’fhonn bacainní ar inrochtaineacht a shainaithint, faisnéis a chur ar fáil d’úsáideoirí agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le hinrochtaineacht (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistithe tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/757/AE (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 5).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1299/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras “bonneagair“ chóras iarnróid an Aontais Eorpaigh (IO L 356, 12.12.2014, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/776 an 16 Bealtaine 2019 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 321/2013, (AE) Uimh. 1299/2014, (AE) Uimh. 1301/2014, (AE) Uimh. 1302/2014, (AE) Uimh. 1303/2014 agus (AE) 2016/919 ón gCoimisiún agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/665/AE i dtaca le hailíniú le Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus cur chun feidhme na gcuspóirí sonracha a leagtar amach i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún (IO L 139I, 27.5.2019, lch. 108).

(7)  Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis an tsábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).


10.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 204/42


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/936 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Meitheamh 2021

maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe do mheaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2023 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), maidir le táirge ar cuireadh caighdeáin chomhchuibhithe i bhfeidhm ina leith agus ar foilsíodh a uimhreacha tagartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ní mór do na Ballstáit a mheas go gcomhlíonann an táirge sin ceanglais ábhartha uile an bhirt cur chun feidhme is infheidhme lena mbaineann na caighdeáin sin. Leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún (3) agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tar éis gníomh tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán sin ina socraítear ceanglais shonracha maidir le lipéadú, foilseoidh an Coimisiún tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena gcomhlíontar na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa den ghníomh tarmligthe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe sin i bhfeidhm le linn measúnú comhréireachta táirge, measfar go bhfuil na ceanglais ábhartha tomhais agus ríofa den ghníomh tarmligthe á gcomhlíonadh ag an múnla. Leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún (5) agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis na ceanglais tomhais agus ríofa le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí.

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)4329 (6), chuir an Coimisiún iarraidh isteach chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) agus chuig Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) chun na caighdeáin chomhchuibhithe a bhí ann cheana do mhiasniteoirí tí, do mheaisíní níocháin tí agus do mheaisíní triomadóir-niteoir tí a athbhreithniú chun tacú le Rialacháin (AE) 2019/2022 agus (AE) 2019/2023 agus le Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2017 agus (AE) 2019/2014.

(4)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)4329, rinne Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe EN 60456:2016 agus EN 50229:2015 a athbhreithniú d’fhonn an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a thabhairt san áireamh. An toradh a bhí air seo gur glacach an leasú EN 60456:2016/A11:2020 agus caighdeán comhchuibhithe nua EN IEC 62512:2020, arna leasú le EN IEC 62512:2020/A11:2020.

(5)

Rinne an Coimisiún in éineacht le Cenelec measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe EN 60456:2016, arna leasú le EN 60456:2016/A11:2020, agus EN IEC 62512:2020, arna leasú le EN IEC 62512:2020/A11:2020, an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 4329.

(6)

Comhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe EN 60456:2016, arna leasú le EN 60456:2016/A11:2020, agus EN IEC 62512:2020, arna leasú le EN IEC 62512:2020/A11:2020, na ceanglais is aidhm leo a chumhdach, ar ceanglais iad a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2023 agus i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014.

(7)

Níor cheart pointe ZA.4.9 ná pointe ZA.4.10 de na caighdeáin chomhchuibhithe EN 60456:2016 agus EN IEC 62512:2020 a fhoilsiú ó tharla go ndéantar tagairt sna pointí sin do chur i bhfeidhm na bhfoilseachán Eorpach um chaighdeánú CLC/TS 50577 agus CLC/TS 50707:2019. Tá tagairt d’fhoilseacháin Eorpacha um chaighdeánú i gcaighdeán comhchuibhithe ar neamhréir le nádúr na gcaighdeán comhchuibhithe. Dhá ionstraim ar leith a bhfuil feidhmeanna difriúla acu is ea na foilseacháin Eorpacha um chaighdeánú agus na caighdeáin chomhchuibhithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) agus Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Tá tagairt den chineál sin contrártha freisin don iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)4329, nach gclúdaítear ann ach caighdeáin chomhchuibhithe.

(8)

An colún “Barúlacha/Nótaí*” a ghabhann le Tábla ZZA.1 i gcaighdeáin chomhchuibhithe EN 60456:2016 agus EN IEC 62512:2020 chun críocha Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 agus an colún “Barúlacha/Nótaí*” a ghabhann le Tábla ZZB.1 sna caighdeáin sin chun críocha Rialachán (AE) 2019/2023, níor cheart iad a fhoilsiú mar gheall ar neamhréireacht na gcolún sin le ceanglais i bpríomhchorp normatach na gcaighdeán agus mar gheall ar an éiginnteacht dhlíthiúil a eascraíonn as léirmhíniú éifeacht dhlíthiúil na toimhde comhréireachta a áirítear san fhonóta a ghabhann leis na colúin sin.

(9)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an tagairt do na caighdeáin chomhchuibhithe EN 60456:2016, arna leasú le EN 60456:2016/A11:2020, agus EN IEC 62512:2020, arna leasú le EN IEC 62512:2020/A11:2020, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le srian.

(10)

Cuirtear an caighdeán comhchuibhithe EN 60456:2016, arna leasú le EN 60456:2016/A11:2020, in ionad na gcaighdeán comhchuibhithe EN 60456:2016 agus EN 60704-2-4:2012, arna bhfoilsiú le teachtaireacht 2016/C 416/01 ón gCoimisiún (7). Cuirtear an caighdeán comhchuibhithe EN IEC 62512:2020, arna leasú le EN IEC 62512:2020/A11:2020, in ionad an chaighdeáin chomhchuibhithe EN 50229:2015, arna cheartú le EN 50229:2015/AC:2016, arna fhoilsiú le teachtaireacht 2016/C 416/02 ón gCoimisiún (8). Is iomchuí, dá bhrí sin, na teachtaireachtaí sin a aisghairm.

(11)

Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar leis seo na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe do mheaisíní níocháin tí agus do mheaisíní triomadóir-niteoir tí, arna ndréachtú chun tacú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le srian.

Déantar leis seo na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe do mheaisíní níocháin tí agus do mheaisíní triomadóir-niteoir tí, arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2023 agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le srian.

Airteagal 2

Aisghairtear Teachtaireachtaí 2016/C 416/01 agus 2016/C 416/02.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(3)  Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 285).

(4)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní triomadóir-niteoir tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún agus Treoir 96/60/EC ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lch. 29).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)4329 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú a cuireadh chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil agus chuig Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh do mhiasniteoirí tí, do mheaisíní níocháin tí agus do mheaisíní triomadóir-niteoir tí chun tacú le Rialacháin (AE) 2019/2022 agus (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún agus le Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/2017 agus (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún.

(7)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1015/2010 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta do mheaisíní níocháin tí agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do mheaisíní níocháin tí (Foilsiú teideal agus tagairtí caighdeán comhchuibhithe faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais) (IO C 416, 11.11.2016, lch. 1).

(8)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 96/60/EC ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Treoir 92/75/CEE ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh do mheaisíní niteoir-triomadóir cumasctha tí (Foilsiú teideal agus tagairtí caighdeán comhchuibhithe faoi reachtaíocht comhchuibhithe an Aontais) (IO C 416, 11.11.2016, lch. 3).


IARSCRÍBHINN I

Caighdeáin chomhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

1.

EN 60456:2016

Meaisíní níocháin éadaí atá le húsáid sa teach – Modhanna chun feidhmíocht a thomhas

EN 60456:2016/A11:2020

Srian: ní chumhdaíonn an foilseachán seo na codanna seo a leanas den chaighdeán:

(a)

pointe ZA 4.9 agus pointe ZA.4.10;

(b)

colún “Barúlacha/Nótaí*” a ghabhann le Tábla ZZA.1.

2.

EN IEC 62512:2020

Meaisíní triomadóir-niteoir leictreacha éadaí atá le húsáid sa teach – Modhanna chun feidhmíocht a thomhas

EN IEC 62512:2020/A11:2020

Srian: ní chumhdaíonn an foilseachán seo na codanna seo a leanas den chaighdeán:

(a)

pointe ZA 4.9 agus pointe ZA.4.10;

(b)

colún “Barúlacha/Nótaí*” a ghabhann le Tábla ZZA.1.


IARSCRÍBHINN II

Caighdeáin chomhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2019/2023

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

1.

EN 60456:2016

Meaisíní níocháin éadaí atá le húsáid sa teach – Modhanna chun feidhmíocht a thomhas

EN 60456:2016/A11:2020

Srian: ní chumhdaíonn an foilseachán seo na codanna seo a leanas den chaighdeán:

(a)

pointe ZA.4.9 agus pointe ZA.4.10;

(b)

colún “Barúlacha/Nótaí*” a ghabhann le Tábla ZZB.1.

2.

EN IEC 62512:2020

Meaisíní triomadóir-niteoir leictreacha éadaí atá le húsáid sa teach – Modhanna chun feidhmíocht a thomhas

EN IEC 62512:2020/A11:2020

Srian: ní chumhdaíonn an foilseachán seo na codanna seo a leanas den chaighdeán:

(a)

pointe ZA.4.9 agus pointe ZA.4.10;

(b)

colún “Barúlacha/Nótaí*” a ghabhann le Tábla ZZB.1.


Ceartúcháin

10.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 204/47


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 150 an 14 Meitheamh 2018 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 14 Meitheamh 2018)

1.

Ar leathanach 47, teideal Airteagal 41:

in ionad:

“Rialacha breise maidir le bearta a dhéanfar i gcás neamhchomhlíonta”,

léitear:

“Rialacha breise maidir le gníomhaíochtaí i gcás neamhchomhlíonadh amhrasta agus i gcás inar léir go bhfuil neamhchomhlíonadh ann, agus catalóg chomhchoiteann beart”.

2.

Ar leathanach 47, teideal Airteagal 42:

in ionad:

“Rialacha breise maidir le bearta a dhéanfar i gcás neamhchomhlíonta”,

léitear:

“Rialacha breise maidir le bearta a dhéanfar i gcás neamhchomhlíonadh lena gcuirtear isteach ar shláine”.