|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 203 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
9.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 203/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/923 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Márta 2021
lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena leagtar amach na critéir chun freagracht bhainistíochta, feidhmeanna rialúcháin, aonaid ghnó ábhartha agus tionchar suntasach ar phróifíl riosca aonaid gnó ábhartha a shainiú, agus lena leagtar amach na critéir chun baill foirne nó catagóirí ball foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide atá chomh hábhartha céanna le baill foirne nó catagóirí ball foirne dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Treoir sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 94(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ní hamháin gur féidir tionchar ábhartha a bheith ag gníomhaíochtaí gairmiúla na mball foirne dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 92(3) de Threoir 2013/36/AE ar phróifíl riosca institiúide, ach is féidir tionchar a bheith ag gníomhaíochtaí gairmiúla ball foirne eile ar phróifíl riosca institiúide freisin. Go háirithe, is amhlaidh a bheidh sé i gcás ina mbeidh freagrachtaí bainistíochta ar na baill foirne sin as aonaid ghnó ábhartha nó as feidhmeanna rialúcháin toisc gur féidir leo cinntí straitéiseacha nó cinntí bunúsacha eile a dhéanamh a mbeidh tionchar acu ar na gníomhaíochtaí gnó nó ar an gcreat rialúcháin a chuirfear i bhfeidhm. Go hiondúil, áirítear sna feidhmeanna rialúcháin sin bainistíocht riosca, comhlíontacht agus iniúchóireacht inmheánach. Is iad na rioscaí a ghlacann aonaid ghnó ábhartha agus an dóigh a ndéantar na haonaid sin a bhainistiú na fachtóirí is tábhachtaí i leith próifíl riosca institiúide. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, is gá critéir a leagan síos chun baill foirne a shainaithint, cé is moite de na baill foirne dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 92(3) de Threoir 2013/36/AE, na baill foirne sin a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide. Ba cheart údarás agus freagrachtaí na mball foirne sin, próifíl riosca agus táscairí feidhmíochta na hinstitiúide, eagrú inmheánach na hinstitiúide, agus cineál, raon feidhme agus castacht na hinstitiúide lena mbaineann, ba cheart iad sin a chur san áireamh sna critéir sin. Ba cheart na critéir sin a chur ar chumas d’institiúidí freisin dreasachtaí cuí a leagan síos ina mbeartais luacha saothair chun a áirithiú go ngníomhóidh na baill foirne lena mbaineann go stuama agus a gcúraimí á ndéanamh acu. Ar deireadh, ba cheart na critéir sin leibhéal riosca na ngníomhaíochtaí éagsúla laistigh den institiúid a léiriú. |
|
(3) |
Tá roinnt baill foirne freagrach as tacaíocht inmheánach a sholáthar atá ríthábhachtach ó thaobh gníomhaíochtaí gnó institiúide a oibriú de. D’fhéadfadh tionchar ábhartha a bheith ag a gcuid gníomhaíochtaí agus ag cinntí ar phróifíl riosca institiúide freisin, toisc go bhféadfadh a gcuid gníomhaíochtaí agus cinntí an institiúid a fhágáil ar neamhchosaint ar rioscaí ábhartha oibriúcháin agus eile. |
|
(4) |
De ghnáth, glactar le riosca creidmheasa agus riosca margaidh chun gnó a ghiniúint. Ag brath ar na méideanna agus ar an riosca atá i gceist, féadfaidh tionchar ábhartha a bheith ag gníomhaíochtaí gnó den sórt sin ar phróifíl riosca institiúide. Dá bhrí sin, is iomchuí critéir a úsáid atá bunaithe ar theorainneacha údaráis chun baill foirne a shainaithint a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag a gcuid gníomhaíochtaí ar phróifíl riosca institiúide. Ba cheart na critéir sin a ríomh uair gach bliain ar a laghad ar bhonn figiúirí caipitil agus cineálacha cur chuige a úsáidtear chun críoch rialála. Ba cheart tairseach de minimis le haghaidh riosca creidmheasa a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh cur i bhfeidhm na gcritéar laistigh d’institiúidí beaga comhréireach, áfach. |
|
(5) |
Maidir leis na critéir i leith baill foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca institiúide, ba cheart, leis na critéir sin, a chur san áireamh freisin gur féidir, i gcás institiúidí áirithe, na ceanglais a bhaineann leis an leabhar trádála a tharscaoileadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus ba cheart teorainneacha a shocrú leis an Rialachán sin ar bhealaí éagsúla le haghaidh institiúidí a úsáideann cineálacha éagsúla cur chuige chun ceanglais chaipitil a ríomh. |
|
(6) |
Ba cheart a áirithiú le critéir cháilíochtúla iomchuí go sainaithneofar baill foirne mar bhaill foirne a mbíonn tionchar ábhartha acu ar phróifíl riosca institiúide i gcás ina bhfuil siad freagrach as grúpaí foirne a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag a gcuid gníomhaíochtaí ar phróifíl riosca na hinstitiúide. Áirítear leis sin cásanna nach mbíonn tionchar ábhartha aonair ag gníomhaíochtaí na mball foirne aonair atá faoina mbainistíocht ar phróifíl riosca na hinstitiúide ach go bhféadfadh tionchar den sórt sin a bheith ag scála foriomlán a gcuid gníomhaíochtaí. |
|
(7) |
De ghnáth, bíonn luach saothair iomlán na mball foirne ag brath ar an méid a chuidíonn cion oibre na mball foirne cuspóirí gnó na hinstitiúide a bhaint amach go rathúil. Dá bhrí sin, tá an luach saothair sin ag brath ar fhreagrachtaí, dualgais, cumas agus scileanna na mball foirne, agus ar fheidhmíocht na mball foirne agus na hinstitiúide. I gcás ina ndámhfar luach saothair iomlán do bhall foirne ar mó é ná tairseach áirithe, tá sé réasúnta glacadh leis go mbaineann an luach saothair sin leis an gcion den obair a rinne an ball foirne ar mhaithe le cuspóirí gnó na hinstitiúide agus, dá bhrí sin, go mbaineann an luach saothair leis an tionchar a bheidh ag gníomhaíochtaí gairmiúla an bhaill foirne ar phróifíl riosca na hinstitiúide. Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid a bhaint as critéir chainníochtúla a bhaineann le luach saothair iomlán baill foirne, i ndearbhthéarmaí agus i gcoibhneas le baill foirne eile laistigh den institiúid chéanna, chun a dhéanamh amach an bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ag gníomhaíochtaí gairmiúla an bhaill foirne sin ar phróifíl riosca na hinstitiúide. |
|
(8) |
Ba cheart tairseacha soiléire iomchuí a leagan síos chun baill foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca institiúide. Ba cheart a bheith ag súil leis go gcuirfidh na hinstitiúidí na critéir chainníochtúla i bhfeidhm go tráthúil. Ba cheart na critéir chainníochtúla a úsáid le haghaidh na bhforbairtí maidir le luach saothair a leanúint chun bheith réadúil. An chéad mhodh chun na forbairtí sin a leanúint is ea na critéir sin a bhunú ar an luach saothair iomlán arna dhámhachtain sa bhliain feidhmíochta roimhe sin, lena n-áirítear an luach saothair seasta arna íoc le haghaidh na bliana feidhmíochta sin, agus an luach saothair athraitheach arna dhámhachtain sa bhliain feidhmíochta sin. An dara modh chun na forbairtí sin a leanúint is ea na critéir sin a bhunú ar an luach saothair iomlán arna dhámhachtain le haghaidh na bliana feidhmíochta roimhe sin, lena n-áirítear an luach saothair seasta arna íoc le haghaidh na bliana feidhmíochta sin agus an luach saothair athraitheach arna dhámhachtain sa bhliain feidhmíochta reatha le haghaidh na bliana airgeadais roimhe sin. Leis an dara modh, is féidir an próiseas sainaitheantais a ailíniú níos fearr leis an luach saothair iarbhír a dhámhtar le haghaidh tréimhse feidhmíochta, ach ní féidir é a chur i bhfeidhm ach amháin nuair is féidir ríomh a dhéanamh fós go tráthúil chun na critéir chainníochtúla a chur i bhfeidhm. I gcás nach féidir an ríomh sin a dhéanamh a thuilleadh, ba cheart an chéad mhodh a úsáid. Faoi cheachtar den dá mhodh sin, is féidir méideanna arna ndámhachtain ar bhonn tréimhsí feidhmíochta is faide ná bliain amháin a chur san áireamh sa luach saothair athraitheach, ag brath ar na critéir feidhmíochta a úsáideann an institiúid. |
|
(9) |
Leagtar síos le hAirteagal 92(3) de Threoir 2013/36/AE tairseach chainníochtúil EUR 500 000 mar aon le meánluach saothair le haghaidh chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus le haghaidh an lucht bainistíochta sinsearaí chun baill foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí ar phróifíl riosca aonaid gnó ábhartha. Maidir le luach saothair os cionn na tairsí cainníochtúla sin nó atá ar cheann de na luacha saothair is airde laistigh den institiúid, glactar leis go láidir, dá bhrí sin, go bhfuil tionchar ábhartha ag gníomhaíochtaí na mball foirne a fhaigheann luach saothair den sórt sin ar phróifíl riosca na hinstitiúide, agus sa chás sin ba cheart tuilleadh grinnscrúdú maoirseachta a chur i bhfeidhm chun a shuí an bhfuil tionchar ábhartha ag gníomhaíochtaí gairmiúla na mball foirne sin ar phróifíl riosca na hinstitiúide. |
|
(10) |
Níor cheart baill foirne a bheith faoi réir Airteagal 94 de Threoir 2013/36/AE i gcás ina suíonn institiúidí ar bhonn critéar oibiachtúil breise más amhlaidh nach bhfuil tionchar ábhartha ag gníomhaíochtaí na mball foirne sin ar phróifíl riosca na hinstitiúide, agus na rioscaí go léir a bhfuil an institiúid neamhchosanta orthu nó na rioscaí go léir a bhféadfadh an institiúid a bheith neamhchosanta orthu á gcur san áireamh. I dtaca leis na baill foirne is airde pá a shainaithnítear faoi na critéir chainníochtúla, ba cheart do na húdaráis inniúla a n-eisiamh a fhormheas chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach na gcritéar oibiachtúil sin a áirithiú. I gcás baill foirne a ndéantar níos mó ná EUR 1 000 000 a dhámhachtain orthu (lucht ardphá), ba cheart do na húdaráis inniúla an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (“ÚBE”) a chur ar an eolas fúthu sula bhformheasfar eisiaimh, ionas gur féidir le ÚBE measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcritéar sin. |
|
(11) |
Ionas go mbeidh údaráis inniúla agus iniúchóirí in ann athbhreithniú a dhéanamh ar na measúnuithe arna ndéanamh ag institiúidí chun na baill foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar a bpróifíl riosca, tá sé ríthábhachtach go gcoinneoidh institiúidí taifead ar na measúnuithe a rinneadh agus ar thorthaí na measúnuithe sin, lena n-áirítear taifid ar bhaill foirne a sainaithníodh de réir critéir atá bunaithe ar a luach saothair iomlán ach a meastar nach mbeidh tionchar ábhartha ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide. |
|
(12) |
Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014 (3) ón gCoimisiún a aisghairm. Níor cheart, áfach, gnólachtaí infheistíochta mar a shainítear i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 575/2013 costais gan údar maith a bheith leo agus an Rialachán seo á chomhlíonadh acu. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014 maidir leis na gnólachtaí sin fós go dtí an 26 Meitheamh 2021, an dáta faoinar gá do na Ballstáit na bearta a ghlacadh agus a fhoilsiú chun Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chomhlíonadh. |
|
(13) |
Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ÚBE atá an Rialachán seo bunaithe. |
|
(14) |
Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe; tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “freagracht bhainistíochta” freagracht a atá ar bhall foirne sna cásanna seo a leanas:
|
|
(2) |
ciallaíonn “feidhm rialúcháin” feidhm atá neamhspleách ar na haonaid ghnó a rialaíonn sí agus atá freagrach as measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar rioscaí na hinstitiúide, nó athbhreithniú nó tuairisciú a dhéanamh orthu sin, lena n-áirítear an fheidhm bainistíochta riosca, an fheidhm chomhlíontachta agus an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí, le cois feidhmeanna eile. |
|
(3) |
ciallaíonn “aonad gnó ábhartha” aonad gnó mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 142(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chomhlíonann aon cheann de na critéir seo a leanas:
|
Airteagal 2
Na critéir a chur i bhfeidhm
1. I gcás ina gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 109(1) de Threoir 2013/36/AE, déanfar comhlíontacht na gcritéar a leagtar amach in Airteagail 3 go 6 den Rialachán seo a mheasúnú de réir phróifíl riosca aonair na hinstitiúide.
2. I gcás ina gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúite i gcomhréir le mír 2 go mír 6 d’Airteagal 109 de Threoir 2013/36/AE, déanfar comhlíontacht na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 3 go hAirteagal 6 den Rialachán seo a mheasúnú i bhfianaise phróifíl riosca na máthairinstitiúide ábhartha, na cuideachta sealbhaíochta airgeadais ábhartha nó na cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha ábhartha ar bhonn comhdhlúite nó fo-chomhdhlúite.
3. I gcás ina gcuirfear pointe (a) d’Airteagal 6(1) i bhfeidhm ar bhonn aonair, cuirfear an luach saothair a dhámhfaidh an institiúid san áireamh. I gcás ina gcuirfear pointe (a) d’Airteagal 6(1) i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn fo-chomhdhlúite, measfaidh an institiúid chomhdhlúthaithe an luach saothair arna dhámhachtain ag aon eintiteas a thagann laistigh de raon feidhme an chomhdhlúthaithe.
4. Is ar bhonn aonair amháin a bheidh feidhm ag pointe (b) d’Airteagal 6 (1).
Airteagal 3
Critéir lena dhéanamh amach an bhfuil tionchar suntasach ag gníomhaíochtaí gairmiúla ball foirne ar phróifíl riosca an aonaid ábhartha gnó dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 94(2) de Threoir 2013/36/AE
Cuirfidh institiúidí na critéir seo a leanas uile i bhfeidhm laistigh dá mbeartais luacha saothair chun a dhéanamh amach an bhfuil tionchar suntasach ag gníomhaíochtaí gairmiúla ball foirne ar phróifíl riosca aonaid gnó ábhartha:
|
(a) |
Próifíl riosca an aonaid gnó ábhartha; |
|
(b) |
dáileadh an chaipitil inmheánaigh chun cineál agus leibhéal na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 73 de Threoir 2013/36/AE a chumhdach; |
|
(c) |
teorainneacha riosca an aonaid gnó ábhartha; |
|
(d) |
na táscairí riosca agus feidhmíochta a úsáideann an institiúid chun rioscaí an aonaid gnó ábhartha a shainaithint, a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu i gcomhréir le hAirteagal 74 de Threoir 2013/36/AE; |
|
(e) |
na critéir feidhmíochta ábhartha arna leagan síos ag an institiúid i gcomhréir le pointí (a) agus (b) d’Airteagal 94(1) de Threoir 2013/36/AE; |
|
(f) |
dualgais agus údaráis na mball foirne nó na gcatagóirí ball foirne san aonad ábhartha gnó lena mbaineann. |
Airteagal 4
Baill foirne nó catagóirí ball foirne a mbíonn tionchar ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide atá chomh hábhartha céanna agus atá ag gníomhaíochtaí ball foirne dá dtagraítear in Airteagal 92(3) de Threoir 2013/36/AE
Sainaithneoidh institiúidí baill foirne nó catagóirí ball foirne mar bhaill foirne a bhfuil tionchar acu ar phróifíl riosca institiúide atá chomh hábhartha céanna agus atá ag na baill foirne dá dtagraítear in Airteagal 92 (3) de Threoir 2013/36/AE, i gcás ina gcomhlíonann na baill foirne sin nó na catagóirí ball foirne sin aon cheann de na critéir a leagtar síos in Airteagail 5 nó 6 den Rialachán seo.
Airteagal 5
Critéir cháilíochtúla
I dteannta na mball foirne a shainaithnítear faoi na critéir a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 92(3) de Threoir 2013/36/AE, measfar go bhfuil tionchar ábhartha ag baill foirne ar phróifíl riosca institiúide i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na critéir cháilíochtúla seo a leanas:
|
(a) |
tá freagracht bhainistíochta ar an mball foirne as na nithe seo a leanas:
|
|
(b) |
tá freagrachtaí bainistíochta ar an mball foirne as aon cheann de na catagóirí riosca a leagtar amach in Airteagal 79 go hAirteagal 87 de Threoir 2013/36/AE, nó tá vóta aige i gcoiste atá freagrach as bainistiú a dhéanamh ar aon cheann de na catagóirí riosca a leagtar amach sna hAirteagail sin; |
|
(c) |
maidir le neamhchosaintí ar riosca creidmheasa de mhéid ainmniúil in aghaidh an idirbhirt, ar 0,5 % iad de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide agus ar agus EUR 5 mhilliún ar a laghad é, comhlíonann an ball foirne ceann amháin de na critéir seo a leanas:
|
|
(d) |
níl feidhm ag an maolú maidir le gnólachtaí beaga leabhair trádála a leagtar amach in Airteagal 94 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le hinstitiúid, comhlíonann an ball foirne ceann amháin de na critéir seo a leanas:
|
|
(e) |
tá an ball foirne i gceannas ar ghrúpa ball foirne a bhfuil údarás ar leith ag gach duine aonair acu ceangal a chur ar an institiúid idirbhearta a dhéanamh agus comhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
|
|
(f) |
comhlíonann an ball foirne ceachtar de na critéir seo a leanas i ndáil le cinneadh maidir le tabhairt isteach táirgí nua a fhormheas nó a chrosadh:
|
Airteagal 6
Critéir chainníochtúla
1. I dteannta na mball foirne a shainaithnítear faoi na critéir a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 92(3) de Threoir 2013/36/AE, measfar go bhfuil tionchar ábhartha ag baill foirne ar phróifíl riosca institiúide i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na critéir cháilíochtúla seo a leanas:
|
(a) |
dámhadh luach saothair iomlán atá cothrom le EUR 750 000 nó níos mó ná é ar na baill foirne, lena n-áirítear na baill foirne dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 92(3) de Threoir 2013/36/AE, sa bhliain airgeadais roimhe sin nó le haghaidh na bliana airgeadais roimhe sin; |
|
(b) |
i gcás ina mbeidh os cionn 1 000 ball foirne ag an institiúid, tá na baill foirne laistigh de 0,3 % den fhoireann, slánaithe go dtí an chéad fhigiúr slánuimhriúil, ar dámhadh an luach saothair iomlán is airde orthu ar bhonn aonair laistigh den institiúid sa bhliain airgeadais roimhe sin nó le haghaidh na bliana airgeadais roimhe sin. |
2. Ní bheidh feidhm ag na critéir a leagtar síos i mír 1 i gcás ina go ndéanfaidh an institiúid amach nach bhfuil tionchar ábhartha ag gníomhaíochtaí gairmiúla an bhaill foirne ar phróifíl riosca na hinstitiúide, toisc go gcomhlíonann an ball foirne, nó an chatagóir ball foirne lena mbaineann an ball foirne, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
is gníomhaíochtaí gairmiúla amháin a dhéanann an ball foirne nó na catagóirí ball foirne agus tá údaráis aige nó acu in aonad gnó nach aonad gnó ábhartha é; |
|
(b) |
níl aon tionchar suntasach ag gníomhaíochtaí gairmiúla an bhaill foirne ná ag gníomhaíochtaí gairmiúla a bhaineann leis an gcatagóir ball foirne ar phróifíl riosca aonaid ábhartha gnó, ag féachaint do na critéir a leagtar amach in Airteagal 3. |
3. Beidh cur i bhfeidhm mír 2 a dhéanfaidh institiúid faoi réir réamh-fhormheas ón údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht stuamachta na hinstitiúide sin Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil réamh-fhormheas ach i gcás inar féidir leis an institiúid a léiriú go bhfuil ceann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 á chomhlíonadh.
4. Más rud é gur dámhadh luach saothair iomlán EUR 1 000 000 nó níos mó ar an mball foirne sa bhliain airgeadais roimhe sin nó le haghaidh na bliana airgeadais roimhe sin, ní thabharfaidh an t-údarás inniúil réamh-fhormheas roimh ré faoi mhír 3 ach amháin i gcúinsí eisceachtúla. Cuirfidh an t-údarás inniúil ÚBE ar an eolas sula dtabharfaidh sé formheas i ndáil le ball foirne den sórt sin chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na míre seo a áirithiú.
Má bhíonn imthosca eisceachtúla ann léireoidh an institiúid é sin agus déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú air. Is é a bheidh sna cúinsí eisceachtúla sin cásanna atá neamhghnách agus an-annamh nó atá éagsúil le gnáthchásanna go mór. Beidh baint ag na cúinsí eisceachtúla leis an mball foirne.
Airteagal 7
Meánluach saothair iomlán le haghaidh bhaill foirne an chomhlachta bainistíochta agus le haghaidh an lucht na bainistíochta sinsearaí agus an luach saothair athraitheach arna ndámhachtain a ríomh
1. Déanfar meánluach saothair iomlán bhaill foirne uile an chomhlachta bainistíochta agus an lucht bainistíochta sinsearaí a ríomh trí iomlán luach saothair seasta agus inathraithe chomhaltaí uile an chomhlachta bainistíochta de réir a bhfeidhme bainistíochta agus de réir a bhfeidhm maoirseachta a chur san áireamh mar aon le gach ball foirne atá páirteach sa bhainistíocht shinsearach mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/AE.
2. Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar luach saothair inathraithe a dámhadh ach nár íocadh fós a luacháil amhail ar dháta na dámhachtana gan cur i bhfeidhm an ráta lascaine dá dtagraítear i bpointe (g)(iii) d’Airteagal 94(1) de Threoir 2013/36/AE ná laghduithe ar eisíocaíochtaí, trí aisghlámadh, malus ná eile a chur san áireamh.
3. Déanfar méideanna uile an luacha saothair inathraithe agus sheasta a ríomh i bhfoirm chomhlán agus ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha.
4. Leagfar amach i mbeartais luacha saothair na hinstitiúide an bliain tagartha an luacha saothair inathraithe a chuirfidh siad san áireamh agus an luach saothair iomlán á ríomh. Is éard a bheidh sa bhliain tagartha sin an bhliain roimh an mbliain airgeadais inar dámhadh an luach saothair inathraithe nó an bhliain roimh an mbliain airgeadais inar dámhadh an luach saothair inathraithe.
Airteagal 8
Aisghairm Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014
Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014. Beidh feidhm fós ag an Rialachán Tarmligthe sin, áfach, maidir le gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go dtí an 26 Meitheamh 2021.
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014 ón gCoimisiún an 4 Márta 2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla iomchuí chun catagóirí ball foirne a shainaithint a mbíonn tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca institiúide (IO L 167, 6.6.2014, lch. 30).
(4) Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(6) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Creat le haghaidh téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla agus coinníollacha oibriúcháin le haghaidh gnólachtaí infheistíochta agus téarmaí sainithe chun críoch na Treorach sin (IO L 87, 31.3.2017, lch. 1).
CINNTÍ
|
9.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 203/8 |
CINNEADH (AE) 2021/924 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Meitheamh 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Cócó a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2010
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinne an tAontas Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2010 (“an Comhaontú”) a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh 2012/189/AE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2012. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 62(1) den Chomhaontú, leanfaidh an Comhaontú d’fheidhm a bheith aige go dtí an 30 Meán Fómhair 2022, mura gcuirfear síneadh leis. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 7(1) den Chomhaontú, tá Comhairle Idirnáisiúnta Cócó na hEagraíochta Idirnáisiúnta Cócó (“Comhairle ICCO”) le gach cumhacht a fheidhmiú is gá chun forálacha sainráite an Chomhaontaithe a chur i gcrích, agus tá sí le gach feidhm is gá chuige sin a dhéanamh nó a chur á dhéanamh. De bhun Airteagal 62(4) den Chomhaontú, féadfaidh Comhairle ICCO cinneadh a ghlacadh maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú, thar an dáta éaga atá aige faoi láthair, go ceann dhá thréimhse nach faide ná 2 bhliain chócó, is é sin 2 bhliain in aghaidh gach tréimhse, eadhon síneadh go dtí an 30 Meán Fómhair 2024 le haghaidh na chéad tréimhse agus síneadh go dtí an 30 Meán Fómhair 2026 le haghaidh an dara tréimhse. |
|
(4) |
Tá Comhairle ICCO le cinneadh a ghlacadh maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú i ndiaidh an 103ú seisiún a bhí aici an 22 agus an 23 Aibreán 2021. |
|
(5) |
Is iomchuí an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle ICCO, ós rud é gur cinneadh a bheidh ina cheangal ar an Aontas a bheidh sa chinneadh a ghlacfaidh Comhairle ICCO maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú. |
|
(6) |
Is chun leas an Aontais go gcuirfear síneadh leis an gComhaontú agus go mbeidh an tAontas ina pháirtí sa Chomhaontú, i bhfianaise a thábhachtaí atá earnáil an chócó do roinnt de na Ballstáit agus do gheilleagar an Aontais. |
|
(7) |
Trí shíneadh nach faide ná 4 bliana a chur leis an gComhaontú, ba cheart go dtabharfadh sé sin an t-aga ama iomchuí do chomhaltaí Chomhairle ICCO chun athbhreithniú substainteach ar an gComhaontú a chur i gcrích, a dhíreodh ar an gComhaontú a nuachóiriú agus a shimpliú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Idirnáisiúnta Cócó na hEagraíochta Idirnáisiúnta Cócó, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le Comhaontú Idirnáisiúnta Cócó, 2010, vótáil i bhfabhar síneadh a chur leis ar feadh dhá thréimhse nach faide ná 2 bhliain chócó an ceann, is é sin go dtí an 30 Meán Fómhair 2024 le haghaidh na chéad tréimhse agus go dtí an 30 Meán Fómhair 2026 le haghaidh an dara tréimhse.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 3 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. N. SANTOS
(1) Cinneadh 2012/189/AE ón gComhairle an 26 Márta 2012 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Cócó, 2010 (IO L 102, 12.4.2012, lch. 1).
|
9.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 203/10 |
CINNEADH (AE) 2021/925 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Meitheamh 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a mhéid a bhaineann leis na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 13-H, 24, 30, 41, 49, 79, 83, 95, 101, 124, 129, 134, 137 agus 157 ó na Náisiúin Aontaithe, agus na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 4 agus 9
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Athbhreithnithe 1958”). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998. |
|
(2) |
Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“an Comhaontú Comhthreomhar”). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Ionchorpraíonn an Rialachán sin rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (“Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe”) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh Fóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (UNECE WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, Rialacháin Theicniúla Dhomhanda ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe) agus Rúin ó na Náisiúin Aontaithe chomh maith le tograí le haghaidh Rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus Rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe a bhaineann le feithiclí a cheadú. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh UNECE WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe a dhéanamh ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh le haghaidh sainorduithe chun RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a shíneadh. |
|
(5) |
Le linn an 184ú seisiún den Fhóram Domhanda a thionólfar idir an 22 agus an 24 Meitheamh 2021, na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 13-H, 24, 30, 41, 49, 79, 83, 95, 101, 124, 129, 134, 137 agus 157 ó na Náisiúin Aontaithe, agus na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 4 agus 9, féadfaidh UNECE WP.29 na tograí sin a ghlacadh. |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh a bheidh le glacadh thar ceann an Aontais in UNECE WP.29 a leagan síos, a mhéid a bhaineann leis na tograí sin a ghlacadh, ós rud é go mbeidh na Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe ina gceangal ar an Aontas agus go bhféadfaidh siad, in éineacht leis na RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe, tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithicle. |
|
(7) |
I bhfianaise taithí agus forbairtí teicniúla, na ceanglais a bhaineann le heilimintí nó gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 13, 13-H, 24, 30, 41, 49, 79, 83, 95, 101, 124, 129, 134, 137 agus 157 ó na Náisiúin Aontaithe, is gá na ceanglais sin a leasú, a cheartú nó a fhorlíonadh. |
|
(8) |
Ina theannta sin, is gá forálacha áirithe in RTDanna Uimh. 4 agus 9 ó na Náisiúin Aontaithe a leasú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i bhFóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, le linn an 184ú seisiún a thionólfar idir an 22 agus an 24 Meitheamh 2021, is chun vótáil i bhfabhar na dtograí do na modhnuithe ar Rialacháin Uimh. 13, 13-H, 24, 30, 41, 49, 79, 83, 95, 101, 124, 129, 134, 137 agus 157 ó na Náisiúin Aontaithe, agus na tograí le haghaidh modhnuithe ar Rialacháin Theicniúla Dhomhanda Uimh. 4 agus 9 (4) a bheidh an seasamh sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 7 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
F. VAN DUNEM
(1) Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha a ghlacadh i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha le haghaidh aitheantas frithpháirteach i gcás ceaduithe a dheonaítear ar bhonn na saintreoracha sin (“Comhaontú Leasaithe 1958”) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).
(2) Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 maidir leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích i ndáil le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i gcomhair feithiclí rothacha, trealaimh agus páirteanna ar féidir iad a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (“an Comhaontú Comhthreomhar”) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).
(3) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
(4) Féach doiciméad ST 9001/21 ar http://register.consilium.europa.eu
|
9.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 203/12 |
CINNEADH (AE) 2021/926 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Meitheamh 2021
maidir leis na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sna nósanna imeachta I scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dtaca go hOifigiúil agus ag Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta i ndáil leis na hiarrataí ón Ríocht Aontaithe teacht chun bheith ina Rannpháirtí iontu
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá feidhm ag na treoirlínte atá sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (an “Socrú”) arna bhforbairt faoi chuimsiú na hEagraíochta Um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíoch (ECFE) san Aontas Eorpach de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
|
(2) |
Is iad an Astráil, Ceanada, an tAontas Eorpach, an tSeapáin, an Chóiré, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis, an Tuirc agus na Stáit Aontaithe na rannpháirtithe sa Socrú. |
|
(3) |
Tá an Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (“ASU”) in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú agus, is cuid lárnach den Socrú í. Dá bhrí sin, tá feidhm ag ASU san Aontas freisin de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011. |
|
(4) |
Is iad an Astráil, an Bhreasaíl, Ceanada, an tAontas Eorpach, an tSeapáin, an Chóiré, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis agus na Stáit Aontaithe na rannpháirtithe in ASU. |
|
(5) |
Leis an Socrú, lena n-airítear ASU, cuirtear creat ar fáil chun úsáid rianúil, thrédhearcach creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a chur ar fáil ina réimsí cur i bhfeidhm faoi seach. Féachann sé le cothroime iomaíochta a chothú le haghaidh creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil, d’fhonn an iomaíocht a spreagadh i measc onnmhaireoirí, bunaithe ar cháilíocht agus ar phraghas na n-earraí agus na seirbhísí a dhéantar a onnmhairiú, seachas iad a bheith bunaithe ar na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais is fabhraí agus a bhfuil tacaíocht oifigiúil á fáil acu. |
|
(6) |
Tharraing Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) siar as an Aontas Eorpach le héifeacht ón 1 Feabhra 2020 (2). |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 den Socrú, féadfaidh na comhaltaí atá ann faoi láthair cuireadh a thabhairt do chomhaltaí ECFE nach Rannpháirtithe sa Socrú agus do neamhchomhaltaí de ECFE teacht chun bheith ina Rannpháirtithe. Féadfaidh rannpháirtí nach rannpháirtí in ASU é a bheith ina Rannpháirtí in ASU de bhun na nósanna imeachta a leagtar amach i bhFoscríbhinn I a ghabhann le ASU. |
|
(8) |
I litir dar dáta an 28 Eanáir 2021, d’iarr an Ríocht Aontaithe ar na Rannpháirtithe sa Socrú agus ar na Rannpháirtithe in ASU teacht ar chomhaontú go mbeadh sí ina Rannpháirtí sa Socrú agus in ASU, faoi seach. Is le nós imeachta i scríbhinn a dhéanfaidh na Rannpháirtithe sa Socrú agus na Rannpháirtithe in ASU cinneadh maidir leis na hiarrataí sin. |
|
(9) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag na Rannpháirtithe sa Socrú a leagan síos mar aon leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag na Rannpháirtithe in ASU, mar go mbeidh an dá chinneadh atá beartaithe ina gceangail ar an Aontas de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Is é an seasamh ghlacfar thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dtacú go hOifigiúil i ndáil leis an iarraidh atá déanta ag an Ríocht Aontaithe teacht chun bheith ina Rannpháirtí sa Socrú tacú leis an iarraidh sin.
2. Is é an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta i ndáil leis an iarraidh ón Ríocht Aontaithe teacht chun bheith ina Rannpháirtí sa Tuiscint Earnála, tacú leis an iarraidh sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an lá a ghlacfar é.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 7 Meitheamh 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
F. VAN DUNEM
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/76/CE agus 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).
(2) Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).
|
9.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 203/14 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/927 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Bealtaine 2021
lena gcinntear an fachtóir ceartúcháin trasearnála aonfhoirmeach chun leithdháiltí lamháltas astaíochtaí saor in aisce a choigeartú le haghaidh na tréimhse 2021 go 2025
(tugadh fógra dó faoi dhoiciméad C(2021)3745)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (1) an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí saor in aisce de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 14(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 10a(5), 10a(5a) agus 10a(8) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le huasmhéid bliantúil lamháltas arb é is bunús do ríomh na lamháltas a leithdháiltear saor in aisce ar shuiteálacha nach gcumhdaítear le hAirteagal 10a(3) den Treoir sin. |
|
(2) |
An t-uasmhéid maidir le leithdháileadh lamháltas saor in aisce dá bhforáiltear in Airteagal 10a(5) de Threoir 2003/87/CE, lúide an méid dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) agus, i gcás inar gá, an méid breise atá ar fáil á chur san áireamh, méid a shuitear in Airteagal 10a(5a) den Treoir sin, níor cheart é a shárú chun an scair cheantála a leagtar amach in Airteagal 10 de Threoir 2003/87/CE a urramú. D’fhonn a áirithiú nach sárófar uasmhéid bliantúil na lamháltas, ba cheart fachtóir ceartúcháin trasearnála bliantúil a chur i bhfeidhm, más gá, fachtóir lena laghdófaí ar bhealach aonfhoirmeach líon na lamháltas saor in aisce le haghaidh gach suiteáil atá incháilithe le haghaidh leithdháileadh saor in aisce. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 14(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, cinnfidh an Coimisiún an fachtóir ceartúcháin trasearnála le haghaidh gach bliain den tréimhse leithdháilte ábhartha a luaithe a thabharfar fógra faoi réamh-mhéideanna bliantúla na lamháltas saor in aisce le haghaidh na tréimhse sin. |
|
(4) |
An fachtóir ceartúcháin trasearnála is infheidhme gach bliain den tréimhse leithdháilte 2021 go 2025 maidir le suiteálacha nach n-aithnítear mar ghineadóirí leictreachais agus nach iontrálaithe nua iad, ba cheart é a chinneadh ar bhonn réamh-mhéid bliantúil na lamháltas astaíochtaí a leithdháiltear saor in aisce thar an tréimhse leithdháilte, gan na lamháltais saor in aisce a chur san áireamh a leithdháiltear ar shuiteálacha a d’eisiaigh na Ballstáit ón gcóras trádála astaíochtaí laistigh den Aontas (EU ETS), i gcomhréir le hAirteagal 27 nó 27a de Threoir 2003/87/CE, agus lamháltais a leithdháiltear saor in aisce ar shuiteálacha arna gcur san áireamh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 24 den Treoir á gcur san áireamh. |
|
(5) |
Le haghaidh 2021, is ionann cainníocht na lamháltas uile-Aontais dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/87/CE agus 1 571 583 007, mar a leagtar amach in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/1722 ón gCoimisiún (3). I gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus an dara fomhír d’Airteagal 10(1) de Threoir 2003/87/CE, ríomhadh an t-uasmhéid (bliantúil) dá bhforáiltear le hAirteagal 10a(5) mar 43 % de 1 571 583 007, is é sin 675 780 693. As na 675 780 693 sin, ba cheart 32 500 000 lamháltas a asbhaint as an méid gach bliain i gcomhréir le hAirteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE, asbhaint as a dtiocfaidh uasmhéid 643 280 693 le haghaidh 2021. De bhun Airteagal 10a(5a) de Threoir 2003/87/CE, maidir le méid breise suas le 3 % de chainníocht iomlán na lamháltas, méid arb ionann é agus 413 420 157 thar an tréimhse 10 mbliana 2021 go 2030, d’úsáidfí é chun an t-uasmhéid atá ar fáil a mhéadú dá mba rud é gur sáraíodh an uaschainníocht dá dtagraítear in Airteagal 10a(5) den Treoir le réamh-mhéideanna bliantúla na lamháltas saor in aisce in aghaidh na suiteála, de réir mar a chuir na Ballstáit agus stáit CSTE LEE isteach iad, agus an fachtóir ábhartha a cinneadh in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 á chur i bhfeidhm. Níorbh amhlaidh an cás áfach. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é 100 % an fachtóir ceartúcháin trasearnála bliantúil. |
|
(6) |
Aon lamháltas nár úsáideadh ó na huasmhéideanna sa bhliain 2021, ba cheart iad a chur ar fáil sa bhliain ina dhiaidh sin, eadhon 2022. Ba cheart feidhm a bheith ag an loighic sin go fóill sna blianta ina dhiaidh sin le linn na tréimhse leithdháilte 2021 go 2025 dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331. |
|
(7) |
Na huasmhéideanna dá bhforáiltear le hAirteagal 10a(5), 10a(5a) agus 10a(8) de Threoir 2003/87/CE, na rialacha comhchuibhithe maidir le leithdháileadh agus an fachtóir ceartúcháin trasearnála, ba cheart iad a chur i bhfeidhm i Stáit CSTE LEE (4). Dá bhrí sin, réamh-mhéideanna bliantúla lamháltas astaíochtaí a leithdháiltear saor in aisce le linn na tréimhse 2021 go 2025, is gá iad a chur san áireamh, ar bhonn na sonraí lenar ghlac Údarás Faireacháin CSTE maidir leis an Iorua, leis an Íoslainn, agus le Lichtinstéin. Léirítear an riachtanas sin sna ríomhanna dá dtagraítear in aithris (5), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir le gach bliain sa tréimhse leithdháilte 2021 go 2025, is é 100 % an fachtóir ceartúcháin trasearnála aonfhoirmeach chun leithdháiltí lamháltas astaíochtaí saor in aisce a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 10a(5) agus 10a(5a) de Threoir 2003/87/CE.
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
Frans TIMMERMANS
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L 59, 27.2.2019, lch. 8.
(2) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(3) Cinneadh (AE) 2020/1722 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2020 maidir le cainníocht na lamháltas uile-Aontais atá le heisiúint faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh don bhliain 2021 (IO L 386, 18.11.2020, lch. 26).
(4) Cinneadh Uimh. 112/2020 ó Chomhchoiste LEE an 14 Iúil 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE (Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
|
9.6.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 203/16 |
CINNEADH (AE) 2021/928 Ó IONADAITHE RIALTAIS NA MBALLSTÁT
an 2 Meitheamh 2021
lena gceaptar Breitheamh den Chúirt Ghinearálta
TÁ IONADAITHE RIALTAIS BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 19 de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 254 agus 255 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chuaigh téarma oifige 23 Bhreitheamh na Cúirte Ginearálta in éag an 31 Lúnasa 2019. |
|
(2) |
Sa chomhthéacs sin, ainmníodh Maja BRKAN don phost mar Bhreitheamh sa Chúirt Ghinearálta. |
|
(3) |
Thug an painéal a cuireadh ar bun faoi Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tuairim fhabhrach uaidh ar oiriúnacht an iarrthóra sin chun feidhmeanna Breithimh den Chúirt Ghinearálta a fheidhmiú. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Maja BRKAN a cheapadh don tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Lúnasa 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Maja BRKAN ina Breitheamh den Chúirt Ghinearálta don tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Lúnasa 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meitheamh 2021.
An tUachtarán
N. BRITO