ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 194

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
2 Meitheamh 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/880 ón gCoimisiún an 5 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais inrianaitheachta, sláinte ainmhithe agus deimhniúcháin i dtaca le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád laistigh den Aontas ( 1 )

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/881 ón gCoimisiún an 23 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe, agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn ( 1 )

10

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/882 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2021 lena n-údaraítear larbha Tenebrio molitor triomaithe a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún ( 1 )

16

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/883 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir teorainneacha oibriúcháin laistigh den Aontas ( 1 )

22

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2021/884 ón gCoimisiún an 8 Márta 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tréimhse bhailíochta díolúine maidir le mearcair a úsáid i nascóirí rothlacha leictreacha a úsáidtear i gcórais íomháithe ultrafhuaime ionsoithíche ( 1 )

37

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/885 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus don Albáin, don Bheilg, don Chróit, don Eastóin, d’Éirinn, don Fhrainc, don Ghearmáin, don Ghréig, don Iodáil, don Laitvia, don Liotuáin, do Lucsamburg, do Mhontainéagró, don Ostair, don Phortaingéil, don Rómáin, don tSeicia, don tSeirbia, don Spáinn, agus don Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí

40

 

*

Cinneadh (AE) 2021/886 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón Eastóin – EGF/2020/002 EE/Estonia Tourism

43

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

2.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 194/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/880 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Márta 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais inrianaitheachta, sláinte ainmhithe agus deimhniúcháin i dtaca le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 122(1) agus (2), Airteagal 160(1) agus (2), Airteagal 162(3) agus (4), Airteagal 163(5), Airteagal 164(2), Airteagal 165(3) agus Airteagal 279(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe ar in-tarchurtha iad go hainmhithe nó go daoine, lena n-áirítear rialacha maidir le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a chlárú agus a fhormheas, agus rialacha maidir le ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha laistigh den Aontas. Le Rialachán (AE) 2016/429 tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin rialacha a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán sin a fhorlíonadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha forlíontacha maidir le bunaíochtaí táirgí geirmeacha, coimeád taifead agus inrianaitheacht táirgí geirmeacha a fhormheas, agus ceanglais sláinte agus deimhniúcháin ainmhithe maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe ar coimeád laistigh den Aontas.

(3)

Tá gá leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo chun na rialacha a leagtar síos i gCaibidlí 1, 2 agus 5 de Theideal I de Chuid IV de Rialachán (AE) 2016/429 a fhorlíonadh, a mhéid a bhaineann le formheas bunaíochtaí táirgí geirmeacha, cláir na mbunaíochtaí táirgí geirmeacha atá le coimeád ag na húdaráis inniúla, oibleagáidí oibreoirí maidir le taifid a choimeád, na ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe, agus ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú agus fógra a thabhairt i dtaca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe laistigh den Aontas ionas go seachnófar galair in-tarchurtha ainmhithe a leathadh trí bhíthin na dtáirgí sin laistigh den Aontas.

(4)

Tá nasc substainteach idir na rialacha sin agus tá go leor acu ceaptha lena gcur i bhfeidhm in éineacht le chéile. Ar mhaithe le simplíocht agus trédhearcacht, agus chun a gcur i bhfeidhm a éascú agus chun iolrú rialacha a sheachaint, ba cheart iad a leagan síos, dá bhrí sin, in aon ghníomh amháin seachas i roinnt gníomhartha ar leithligh lena mbaineann go leor crostagairtí agus an baol dúblála.

(5)

Le hAirteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 leagtar síos na ceanglais inrianaitheachta maidir le táirgí geirmeacha madraí agus cat, ainmhithe talún seachas bó-ainmhithe, muc-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach, ainmhithe den chineál gabhair agus each-ainmhithe a choimeádtar i mbunaíochtaí teoranta, agus ainmhithe den fhine Camelidae agus den fhine Cervidae. Aon bhunaíocht ina ndéantar táirgí geirmeacha a bhailiú, a tháirgeadh, a phróiseáil nó a stóráil, ba cheart don údarás inniúil í a chlárú nó a fhormheas agus ba cheart uimhir chlárúcháin nó uimhir formheasa a shannadh don bhunaíocht sin. Tá an uimhir chlárúcháin nó an uimhir formheasa mar chuid den mharc ar an tuí nó ar na pacáistí eile ina gcuirtear táirgí geirmeacha. Ba cheart mír 1(c) d’Airteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 a leasú chun an ceanglas sin a shoiléiriú.

(6)

Leagtar síos le hAirteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 maolú le haghaidh gluaiseachtaí seamhain ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair ó na bunaíochtaí ina gcoimeádtar na hainmhithe sin go dtí na Ballstáit eile. Níor cheart ainmhithe bronntacha a úsáid le haghaidh pórú nádúrtha le linn na tréimhse 30 lá ar a laghad roimh dháta an chéad bhailithe agus le linn thréimhse bhailithe an tseamhain a bhfuil sé beartaithe é a aistriú chuig Ballstát eile, beag beann ar cibé acu an lárionad bailithe seamhain nó bunaíocht í an áit bailithe seamhain. Ba cheart ceanglas den sórt sin a áireamh in Airteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686.

(7)

Déantar foráil in Airteagail 30 agus 39 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 maidir le tréimhse bhailíochta 10 lá i gcás deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint le haghaidh coinsíneacht táirgí geirmeacha a bhfuil sé beartaithe í a aistriú idir na Ballstáit. Ós rud é nach earraí meatacha iad táirgí geirmeacha, níor cheart aon teorainn a bheith le tréimhse bhailíochta na ndeimhnithe sláinte ainmhithe sin.

(8)

Le hAirteagail 35, 43 agus 48 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686, leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta éigeandála i dtaca le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha idir na Ballstáit i gcás go mbainfeadh suaithí don chóras bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla (IMSOC). Le hAirteagail 99 agus 107 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún (3), leagtar síos rialacha maidir leis an ábhar céanna i dtaca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí d’ainmhithe talún áirithe idir na Ballstáit. Ní hionann foclaíocht na bhforálacha lena mbaineann sa dá Rialachán Tharmligthe, áfach. Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus soiléire na nósanna imeachta, ba cheart Airteagail 35, 43 agus 48 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 a leasú trína bhfoclaíocht a ailíniú le foclaíocht Airteagail 99 agus 107 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688.

(9)

I gCuid IV de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 leagtar síos bearta idirthréimhseacha áirithe maidir le Treoracha 88/407/CEE (4), 89/556/CEE (5), 90/429/CEE (6) agus 92/65/CEE (7) ón gComhairle i ndáil le formheas lárionad bailithe seamhain, ionad stórála seamhain, foirne bailithe suthanna agus foirne táirgthe suthanna agus marcáil tuí agus pacáistí eile ina ndéantar seamhan, úicítí nó suthanna a chur, a stóráil agus a iompar. Mar sin féin, ionas go mbeidh leanúnachas ann maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha idir na Ballstáit a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sna Treoracha sin, táirgí a bhailítear nó a tháirgtear, a phróiseáiltear agus a stóráiltear roimh an 21 Aibreán 2021, ba cheart forálacha idirthréimhseacha áirithe breise maidir leis na gluaiseachtaí sin agus maidir le húsáid deimhnithe sláinte ainmhithe a eisítear roimh an 21 Aibreán 2021 a leagan síos sa Rialachán seo.

(10)

I gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 leagtar síos ceanglais bhreise maidir le sláinte ainmhithe le haghaidh bó-ainmhithe bronntacha. I gcomhréir le pointe 1(b)(i) agus le pointe 2(a) de Chaibidil I de Chuid 1 den Iarscríbhinn sin, cuirfear bó-ainmhithe bronnta seamhain faoi réir tástáil craicinn tiúibeircline le haghaidh ionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (M. bovis, M. caprae agus M. tuberculosis). Mar sin féin, liostaítear measúnacht gháma-inteirféaróin freisin i bpointe 2 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 mar mhodh diagnóiseach eile le haghaidh ionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (M. bovis, M. caprae agus M. tuberculosis). Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht an dá mhodh dhiagnóiseacha a úsáid.

(11)

I bpointí 1 agus 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 leagtar síos faisnéis atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe le haghaidh táirgí geirmeacha. Fágadh dáta seolta na coinsíneachta ar lár go neamhbheartaithe ón bhfaisnéis sin agus dá bhrí sin ba cheart í a chur isteach sna forálacha sin. Ina theannta sin, ceanglaítear le pointe 1(f)(i) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin go sonrófar pór an ainmhí bhronntaigh sa deimhniú sláinte ainmhithe le haghaidh táirgí geirmeacha ó bhó-ainmhithe, muc-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach, ainmhithe den chineál gabhair agus each-ainmhithe. Níl gá leis an bhfaisnéis sin ó thaobh sláinte ainmhithe de agus, dá bhrí sin, ba cheart í a bhaint ón bhfaisnéis riachtanach atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe le haghaidh táirgí geirmeacha ó bhó-ainmhithe, muc-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach, ainmhithe den chineál gabhair agus each-ainmhithe.

(12)

Tar éis Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tugadh faoi deara roinnt earráidí cléireachais agus easnamh neamhbheartaithe. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus soiléire, ba cheart na hearráidí agus na heasnaimh sin a cheartú.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 a leasú dá réir.

(14)

Ós rud é go mbeidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón 21 Aibreán 2021, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin ón dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 mar a leanas:

1.

leasaítear Airteagal 1(9) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

marcáil a dhéanamh ar thuí agus ar phacáistí eile ina ndéantar seamhan, úicítí nó suthanna a chur, a stóráil agus a iompar;”;

(b)

cuirtear na pointí (c) agus (d) seo a leanas isteach:

“(c)

deimhnithe sláinte ainmhithe a eisítear roimh an 21 Aibreán 2021 a úsáid;

(d)

gluaiseachtaí seamhain, úicítí agus suthanna idir na Ballstáit a bhailítear, a tháirgtear, a phróiseáiltear agus a stóráiltear roimh an 21 Aibreán 2021.”;

2.

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (28):

“(28)

ciallaíonn ‘IMSOC’ córas bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla ar fheidhmiú comhtháite na sásraí agus na n-uirlisí trína ndéantar sonraí, faisnéis agus doiciméid a bhaineann le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a bhainistiú, a láimhseáil agus a mhalartú go huathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 131 de Rialachán (AE) 2017/625;”;

3.

in Airteagal 11(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

ceann amháin díobh seo a leanas:

(i)

i gcás inar sannadh uimhir chlárúcháin uathúil do bhunaíocht bhailithe nó bunaíocht táirgthe, phróiseála nó stórála na dtáirgí geirmeacha sin, an uimhir chlárúcháin uathúil lena n-áireofar cód ISO 3166-1 alfa-2 na tíre ina bhfuil an bhunaíocht cláraithe;

(ii)

i gcás inar bunaíocht theoranta é bunaíocht bhailithe nó bunaíocht táirgthe, phróiseála nó stórála na dtáirgí geirmeacha sin, an uimhir formheasa uathúil lena n-áireofar cód ISO 3166-1 alfa-2 na tíre ina ndeonaítear an formheas;”;

4.

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

go n-áiritheoidh na hoibreoirí sin go n-iomprófar an choinsíneacht seamhain i gcomhréir le hAirteagail 28 agus 29;”;

(b)

cuirtear an pointe (i) seo a leanas leis:

“(i)

go n-áiritheoidh na hoibreoirí sin nár úsáideadh ainmhithe bronntacha le haghaidh pórú nádúrtha le linn na tréimhse 30 lá ar a laghad roimh an dáta inar bailíodh, den chéad uair, an seamhan a bhí beartaithe le haghaidh gluaiseachtaí idir na Ballstáit agus le linn thréimhse bhailithe an tseamhain sin.”;

5.

in Airteagal 17, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

ní ceadmhach iad a aistriú idir na Ballstáit go dtí go gcuirfidh na húdaráis inniúla deireadh leis na srianta gluaiseachta atá i bhfeidhm maidir leis an lárionad bailithe seamhain nó maidir leis an mbunaíocht inar bailíodh an seamhan, na húicítí nó na suthanna; agus”;

6.

in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   De mhaolú ar mhír 1(a)(iii), féadfaidh tréidlia na foirne glacadh le hainmhí bronnta úicítí agus suthanna a tháinig ó bhunaíocht nach raibh saor ó leoicéime bhuaibheach eansótach ar choinníoll go bhfuil sé deimhnithe ag an tréidlia oifigiúil atá freagrach as an mbunaíocht tionscnaimh nach raibh aon chás cliniciúil den leoicéime bhuaibheach eansótach ann le linn tréimhse 3 bliana roimhe sin ar a laghad.”;

7.

in Airteagal 22, scriostar pointe (a);

8.

in Airteagal 27(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

an marc ar an tuí nó ar na pacáistí eile, a chuirtear orthu i gcomhréir le hAirteagal 10, agus uimhir an tséala a chuirtear ar an gcoimeádán ina n-iompraítear an tuí nó na pacáistí eile, beidh siad ag comhfhreagairt don mharc agus don uimhir a thugtar sa deimhniú sláinte ainmhithe nó sa doiciméad féindearbhúcháin.”;

9.

in Airteagal 30, scriostar mír 3;

10.

leasaítear Airteagal 32(2) mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

marcáil na dtáirgí geirmeacha, mar a cheanglaítear le hAirteagal 10;”;

(b)

cuirtear na pointí (f), (g) agus (h) seo a leanas isteach:

“(f)

speiceas na n-ainmhithe bronntacha;

(g)

uimhir an tséala a chuirtear ar an gcoimeádán iompair;

(h)

an dearbhú go gcomhlíonann an choinsíneacht na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos i gCaibidil 1.”;

11.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35:

“Airteagal 35

Nósanna imeachta éigeandála maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha ó bhó-ainmhithe, muc-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach, ainmhithe den chineál gabhair agus each-ainmhithe idir na Ballstáit i gcás gearrthacha cumhachta agus suaithí eile ar IMSOC

I gcás gearrthacha cumhachta agus suaithí eile ar IMSOC, déanfaidh údarás inniúil áit tionscnaimh na coinsíneachta de tháirgí geirmeacha ó bhó-ainmhithe, muc-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach, ainmhithe den chineál gabhair agus each-ainmhithe atá le haistriú idir na Ballstáit na socruithe teagmhais a leagtar amach in Airteagal 46 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún (*) a chomhlíonadh.

(*)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise le haghaidh rialuithe oifigiúla agus sonraíochtaí comhpháirteanna an chórais (Rialachán IMSOC) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).”;"

12.

leasaítear Airteagal 39 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

“(ii)

an marc ar an tuí nó ar na pacáistí eile, a chuirtear orthu i gcomhréir le hAirteagal 11, agus uimhir an tséala a chuirtear ar an gcoimeádán ina n-iompraítear an tuí nó na pacáistí eile, beidh siad ag comhfhreagairt don mharc agus don uimhir a thugtar sa deimhniú sláinte ainmhithe;”;

(b)

i mír 2(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

“(ii)

an marc ar an tuí nó ar na pacáistí eile, a chuirtear orthu i gcomhréir le hAirteagal 11, agus uimhir an tséala a chuirtear ar an gcoimeádán ina n-iompraítear an tuí nó na pacáistí eile, beidh siad ag comhfhreagairt don mharc agus don uimhir a thugtar sa deimhniú sláinte ainmhithe;”;

(c)

i mír 3(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

“(ii)

an marc ar an tuí nó ar na pacáistí eile, a chuirtear orthu i gcomhréir le hAirteagal 11, agus uimhir an tséala a chuirtear ar an gcoimeádán ina n-iompraítear an tuí nó na pacáistí eile, beidh siad ag comhfhreagairt don mharc agus don uimhir a thugtar sa deimhniú sláinte ainmhithe;”;

(d)

scriostar mír 5;

13.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 43:

“Airteagal 43

Nósanna imeachta éigeandála maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha ó ainmhithe talún ar coimeád, seachas bó-ainmhithe, muc-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach, ainmhithe den chineál gabhair agus each-ainmhithe, idir na Ballstáit i gcás gearrthacha cumhachta agus suaithí eile ar IMSOC

I gcás gearrthacha cumhachta agus suaithí eile ar IMSOC, déanfaidh údarás inniúil áit tionscnaimh na coinsíneachta de tháirgí geirmeacha ó ainmhithe talún ar coimeád atá le haistriú idir na Ballstáit, seachas bó-ainmhithe, muc-ainmhithe, ainmhithe caorach, ainmhithe gabhair agus each-ainmhithe, na socruithe teagmhais a leagtar amach in Airteagal 46 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 a chomhlíonadh.”;

14.

leasaítear Airteagal 46(2) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

dáta seolta na coinsíneachta;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

torthaí na dtástálacha dá dtagraítear in Airteagal 45(2)(b) atá ar fáil;”;

(c)

cuirtear isteach na pointí (h) agus (i) seo a leanas:

“(h)

uimhir an tséala a chuirtear ar an gcoimeádán iompair;

(i)

an dearbhú go gcomhlíonann an choinsíneacht na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 44 nó 45, lena n-áirítear go bhfuarthas toiliú roimh ré i scríbhinn ó údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe glacadh le coinsíneacht de tháirgí geirmeacha.”;

15.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48:

“Airteagal 48

Nósanna imeachta éigeandála maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí geirmeacha idir na Ballstáit, ar táirgí iad atá beartaithe lena n-úsáid chun críocha eolaíocha nó lena stóráil i mbainc ghéinte i gcás gearrthacha cumhachta agus suaithí eile ar IMSOC

I gcás gearrthacha cumhachta agus suaithí eile ar IMSOC, déanfaidh údarás inniúil áit tionscnaimh choinsíneacht na dtáirgí geirmeacha atá beartaithe lena n-úsáid chun críocha eolaíocha nó lena stóráil i mbainc ghéinte atá le haistriú idir na Ballstáit na socruithe teagmhais a leagtar amach in Airteagal 46 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 a chomhlíonadh.”;

16.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 49:

“Airteagal 49

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Lárionaid bailithe seamhain, ionaid stórála seamhain, foirne bailithe suthanna agus foirne táirgthe suthanna a bheidh formheasta roimh an 21 Aibreán 2021 i gcomhréir le Treoracha 88/407/CEE, 89/556/CEE, 90/429/CEE agus 92/65/CEE dá dtagraítear sa 6ú, sa 7ú, sa 8ú agus sa 12a fleasc den chéad fhomhír d’Airteagal 270(2) de Rialachán (AE) 2016/429, measfar iad a bheith formheasta i gcomhréir le hAirteagal 97 de Rialachán (AE) 2016/429 agus in Airteagal 4 den Rialachán seo.

Ar gach bealach eile, beidh siad faoi réir na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/429, agus sa Rialachán seo.

2.   Ceadófar seamhan, úicítí agus suthanna a bhailítear, a tháirgtear, a phróiseáiltear agus a stóráiltear roimh an 21 Aibreán 2021 a aistriú idir na Ballstáit, ar choinníoll go gcomhlíonann siad, a mhéid a bhaineann le táirgí geirmeacha a bhailiú, a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil, na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le hainmhithe bronntacha agus tástálacha saotharlainne agus tástálacha eile a dhéantar ar ainmhithe bronntacha agus ar tháirgí geirmeacha, agus na ceanglais a leagtar síos i dTreoracha 88/407/CEE, 89/556/CEE, 90/429/CEE agus 92/65/CEE.

3.   Tuí agus pacáistí eile ina ndéantar seamhan, úicítí nó suthanna a chur, a stóráil agus a iompar, bídís deighilte i ndáileoga aonair nó nach bídís, a mharcáiltear roimh an 21 Aibreán 2021 i gcomhréir le Treoracha 88/407/CEE, 89/556/CEE, 90/429/CEE agus 92/65/CEE, measfar iad a bheith marcáilte i gcomhréir le hAirteagal 121 de Rialachán (AE) 2016/429 agus le hAirteagal 10 den Rialachán seo.

4.   Deimhnithe sláinte ainmhithe a eisítear roimh an 21 Aibreán 2021 i gcomhréir le Treoracha 88/407/CEE, 89/556/CEE, 90/429/CEE agus 92/65/CEE, measfar gur eisíodh iad i gcomhréir le hAirteagal 162 de Rialachán (AE) 2016/429 agus le hAirteagail 30 agus 31 den Rialachán seo.”;

17.

leasaítear Iarscríbhinní I go dtí IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a fhormheas agus maidir le ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe le haghaidh gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).

(4)  Treoir 88/407/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1988 lena leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le trádáil laistigh den Chomhphobal de sheamhan ainmhithe clóis den speiceas buaibheach agus allmhairí díobh (IO L 194, 22.7.1988, lch. 10).

(5)  Treoir 89/556/CEE ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 1989 maidir le coinníollacha do shláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil laistigh den Chomhphobal agus allmhairí díobh ó thríú tíortha de shuthanna ainmhithe clóis den speiceas buaibheach (IO L 302, 19.10.1989, lch. 1).

(6)  Treoir 90/429/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 lena leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le trádáil laistigh den Chomhphobal de sheamhan ainmhithe clóis den speiceas mucach agus allmhairí díobh (IO L 224, 18.8.1990, lch. 62).

(7)  Treoir 92/65/CEE ón gComhairle an 13 Iúil 1992 lena leagtar síos ceanglais maidir le sláinte ainmhithe lena rialaítear trádáil agus allmhairithe isteach sa Chomhphobal d’ainmhithe, seamhan, ubháin agus suthanna nach bhfuil faoi réir na gceanglas maidir le sláinte ainmhithe atá leagtha síos i rialacha sonracha Comhphobail dá dtagraítear in Iarscríbhinn A (I) a ghabhann le Treoir 90/425/CEE (IO L 268, 14.9.1992, lch. 54).


IARSCRÍBHINN

Déantar Iarscríbhinní I, II, III, agus IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 a leasú mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(a)(v):

“(v)

déanfar gach píosa tuí nó pacáiste eile ina gcuirtear seamhan a mharcáil go soiléir i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10;”;

(b)

i gCuid 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(a)(iv):

“(iv)

déanfar gach píosa tuí nó pacáiste eile ina gcuirtear seamhan, úicítí nó suthanna a mharcáil go soiléir i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10;”;

(c)

i gCuid 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(a)(iv):

“(iv)

déanfar gach píosa tuí nó pacáiste eile ina gcuirtear seamhan, úicítí nó suthanna a mharcáil go soiléir i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10;”;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i gCaibidil I de Chuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(b)(i):

“(i)

le haghaidh ionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (M. bovis, M. caprae agus M. tuberculosis), tástáil dá dtagraítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688;”;

(b)

i gCaibidil I de Chuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(b)(iii):

“(iii)

maidir le leoicéime bhuaibheach eansótach, tástáil shéireolaíoch dá dtagraítear i bpointe (a) de Chuid 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, ach amháin má tá feidhm ag an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 20(2)(a) den Rialachán seo;”;

(c)

i gCaibidil I de Chuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(a):

“(a)

le haghaidh ionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (M. bovis, M. caprae agus M. Tuberculosis),), tástáil dá dtagraítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688;”;

(d)

i gCaibidil I de Chuid 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1(b), 1(c) agus 1(d):

“(b)

i gcás ainmhithe den chineál caorach, ní mór dóibh teacht ó bhunaíocht ina ndearnadh tástáil shéireolaíoch orthu le haghaidh eipididimíteas caorach (Brucella ovis), nó aon tástáil eile le haghaidh eipididimíteas caorach (Brucella ovis); a bhfuil íogaireacht agus sainiúlacht choibhéiseach dhoiciméadaithe aici, agus an tástáil sin a bheith déanta orthu agus ar aon ainmhí fireann den chineál gabhair a choimeádtar in éineacht leo, tástáil a raibh torthaí diúltacha uirthi, le linn thréimhse 60 lá sula gcuirtear iad chun fanacht sa chóiríocht choraintín dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

rinneadh na tástálacha seo a leanas ar na hainmhithe laistigh de thréimhse 30 lá roimh thús na tréimhse coraintín dá dtagraítear i bpointe (a), tástálacha a raibh torthaí diúltacha orthu:

(i)

le haghaidh ionfhabhtú le Brucella abortus, Brucella melitensis agus Brucella suis, tástáil shéireolaíoch dá dtagraítear i bpointe 1 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688;

(ii)

i gcás ainmhithe den chineál caorach agus aon ainmhí fireann den chineál gabhair a choimeádtar in éineacht leo, tástáil shéireolaíoch le haghaidh eipididimíteas caorach (Brucella ovis), nó aon tástáil eile le haghaidh eipididimíteas caorach (Brucella ovis) a bhfuil íogaireacht agus sainiúlacht choibhéiseach dhoiciméadaithe aici;

(d)

tá na tástálacha seo a leanas déanta ar na hainmhithe, tástálacha a rinneadh ar shamplaí a tógadh le linn na tréimhse coraintín dá dtagraítear i bpointe (a), agus laistigh de thréimhse 21 lá ar a laghad ón dáta ar ligeadh isteach iad sa chóiríocht choraintín, tástálacha a raibh torthaí diúltacha orthu:

(i)

le haghaidh ionfhabhtú le Brucella abortus, Brucella melitensis agus Brucella suis, tástáil shéireolaíoch dá dtagraítear i bpointe 1 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688;

(ii)

i gcás ainmhithe den chineál caorach, agus aon ainmhí fireann den chineál gabhair a choimeádtar in éineacht leo, tástáil shéireolaíoch le haghaidh eipididimíteas caorach (Brucella ovis), nó aon tástáil eile le haghaidh eipididimíteas den chineál caorach (Brucella ovis) a bhfuil íogaireacht agus sainiúlacht choibhéiseach dhoiciméadaithe acu.”;

(e)

i gCaibidil I de Chuid 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh de phointe 2:

“2.

Déanfar na tástálacha seo a leanas (gnáth-thástálacha éigeantacha) ar gach ainmhí den chineál caorach agus den chineál gabhair a choimeádtar ag ionad bailithe seamhain, uair sa bhliain ar a laghad, tástálacha a mbeidh torthaí diúltacha orthu:”;

(f)

i gCaibidil II de Chuid 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(a):

“(a)

coimeádadh iad ar feadh tréimhse 60 lá ar a laghad sular bailíodh an seamhan nó le linn é a bheith á bhailiú i mBallstát nó i limistéar de atá saor ó ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (seiritíopaí 1-24), áit nár deimhníodh aon chás d’ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (seiritíopaí 1-24) i measc spriocdhaonra na n-ainmhithe sna 24 mhí roimhe sin;”;

(g)

i gCaibidil II de Chuid 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(a):

“(a)

coimeádadh iad ar feadh tréimhse 60 lá ar a laghad sular bailíodh na húicítí nó na suthanna nó le linn iad a bheith á mbailiú i mBallstát nó i limistéar de atá saor ó ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (seiritíopaí 1-24), áit nár deimhníodh aon chás d’ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (seiritíopaí 1-24) i measc spriocdhaonra na n-ainmhithe sna 24 mhí roimhe sin;”;

(3)

leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“3.

Más gá, féadfar antaibheathaigh nó meascáin d’antaibheathaigh a bhfuil gníomhaíocht bhaictéiricídeach acu atá coibhéiseach ar a laghad le gníomhaíocht na n-antaibheathach seo a leanas nó meascáin díobh i ngach ml de sheamhan, a chur le seamhan nó a chur i gcaolaitheoirí seamhain:

(a)

meascán de lioncóimícin-speictinimícin (150/300 μg), peinicillin (500 IU) agus streiptimícin (500 μg); nó

(b)

meascán de gheintimícin (250 μg), tiolóisin (50 μg), lioncóimícin-speictinimícin (150/300 μg); nó

(c)

meascán d’aimíocaicin (75 μg) agus déveacaicin (25 μg); nó

(d)

i gcás seamhan ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair, geintimícin (250 μg) nó meascán de pheinicillin (500 IU) agus de streiptimícin (500 μg).”;

(b)

i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

“4.

Maidir le seamhan bó-ainmhithe, antaibheathaigh nó meascáin d’antaibheathaigh dá dtagraítear i bpointe 3(a), (b) agus (c) nó antaibheathaigh nó meascáin d’antaibheathaigh a bhfuil gníomhaíocht bhaictéiricídeach acu atá coibhéiseach ar a laghad le gníomhaíocht bhaictéiricídeach na n-antaibheathach nó meascáin díobh dá dtagraítear i bpointe 3(a), (b) agus (c), nó i leith caolaitheoirí seamhain ina bhfuil antaibheathaigh nó meascáin d’antaibheathaigh den sórt sin, déanfar iad a chur leis an liosta agus beidh siad éifeachtach go háirithe in aghaidh campalabaictéar, leiptispioranna agus míceaplasma.”;

(c)

i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

“5.

Maidir le seamhan muc-ainmhithe, antaibheathaigh nó meascáin d’antaibheathaigh dá dtagraítear i bpointe 3(a), (b) agus (c) nó le hantaibheathaigh nó meascáin d’antaibheathaigh a bhfuil gníomhaíocht bhaictéiricídeach acu atá coibhéiseach ar a laghad le gníomhaíocht na n-antaibheathach nó meascáin díobh dá dtagraítear i bpointe 3(a), (b) agus (c), nó i leith caolaitheoirí seamhain ina bhfuil antaibheathaigh nó meascáin d’antaibheathaigh den sórt sin, cuirfear iad leis agus beidh siad éifeachtach go háirithe i gcoinne leiptispioranna.”;

(4)

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

i bpointe 1(f), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

speiceas agus sainaithint na n-ainmhithe bronntacha i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i dTeidil I, II, III nó IV de Chuid III de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ónar bailíodh táirgí geirmeacha;”;

(b)

i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

dáta agus áit eisiúna an deimhnithe sláinte ainmhithe, ainm, cáil agus síniú an tréidlia oifigiúil, agus stampa údarás inniúil áit tionscnaimh na coinsíneachta;”;

(c)

i bpointe 1, cuirtear isteach an pointe (j) seo a leanas::

“(j)

dáta seolta na coinsíneachta.”;

(d)

i bpointe 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“(i)

dáta agus áit eisiúna an deimhnithe sláinte ainmhithe, ainm, cáil agus síniú an tréidlia oifigiúil, agus stampa údarás inniúil áit tionscnaimh na coinsíneachta;”;

(e)

i bpointe 2, cuirtear isteach an pointe (j) seo a leanas:

“(j)

dáta seolta na coinsíneachta.”.


2.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 194/10


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/881 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Márta 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe, agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe an abairt tosaigh agus pointí (a) agus (d) d’Airteagal 29, an abairt tosaigh agus pointí (a) agus (b) d’Airteagal 31(5), an abairt tosaigh agus pointe (c) d’Airteagal 32(2), an abairt tosaigh agus pointí (a) agus (b) d’Airteagal 41(3), Airteagal 42(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine, lena n-áirítear rialacha maidir le modhanna diagnóiseacha, rialacha maidir le cláir faireachais an Aontais agus rialacha maidir le cláir dhíothaithe a bheith formheasta ag an gCoimisiún.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar na rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn i gcás ainmhithe talún, uisceacha agus eile dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/429.

(3)

Déantar foráil in Airteagal 83 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le maolú ar an gceanglas ar an gCoimisiún stádais áirithe saor ó ghalair a fhormheas i gcás galair ainmhithe uisceacha. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart an maolú sin a leathnú chun go n-áireofaí foráil chomhchosúil maidir le cláir dhíothaithe áirithe a fhormheas le haghaidh galair ainmhithe uisceacha.

(4)

Nuair is mian le Ballstát formheas a fháil ar chlár díothaithe le haghaidh galair ainmhithe uisceacha dá chríoch iomlán nó do chrios nó deighleog di lena gcumhdaítear 75 % dá chríoch, nó crios nó deighleog atá comhroinnte le Ballstát eile nó le tríú tír, ceanglaítear air iarratas ar fhormheas a chur faoi bhráid an Choimisiúin. I ngach cás eile, ní mór don Bhallstát córas féindearbhúcháin a leanúint.

(5)

An córas féindearbhúcháin maidir le clár díothaithe le haghaidh galair ainmhithe uisceacha i gcriosanna agus deighleoga seachas na criosanna agus deighleoga atá formheasta ag an gCoimisiún, is córas é a ceapadh chun go mbeadh an próiseas trédhearcach agus chun go mbeadh sé níos éasca agus níos tapúla do na Ballstáit formheas a fháil ar an gclár díothaithe. Ba cheart an próiseas ar fad a chur i gcrích go leictreonach ach amháin má ardaíonn an Coimisiún nó Ballstát eile ábhair imní nach féidir a réiteach go sásúil. Má bhíonn imní ann nach féidir a réiteach go sásúil, ní mór an dearbhú a chur faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

(6)

Le Cinneadh 2010/367/AE ón gCoimisiún (3), leagtar síos mioncheanglais maidir le cláir faireachais ar fhliú éanúil in éanlaith chlóis agus in éin fhiáine agus leagtar amach treoirlínte teicniúla sna hiarscríbhinní a ghabhann leis. Leagtar síos na ceanglais sin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689. Ar mhaithe le soiléireacht agus trédhearcacht, ba cheart Cinneadh 2010/367/AE a chur ar an liosta de na gníomhartha atá le haisghairm le hAirteagal 86 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689.

(7)

Tar éis Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a bheith foilsithe, tugadh crostagairtí míchearta faoi deara in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. Ba cheart na crostagairtí sin a cheartú.

(8)

Leagtar síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 na ceanglais shonracha maidir le galair ainmhithe uisceacha. Áirítear orthu sin na ceanglais ghinearálta maidir le cuairteanna sláinte agus leis an tsampláil i gcás cláir dhíothaithe. Féadfar na ceanglais ghinearálta a úsáid freisin chun stádas saor ó ghalair a léiriú agus a choinneáil.

(9)

I Roinn 5 de Chaibidil 2 de Chuid II d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 leagtar síos na modhanna diagnóiseacha agus samplála chun ionfhabhtú víreas ainéime ionfhabhtaíoch na mbradán HPR-scriosta a bhrath. I bhfianaise na faisnéise is déanaí atá ar fáil a leagtar síos i Lámhleabhar na Tástála Diagnóiseacha d’Ainmhithe Uisceacha de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) (4), ba cheart na modhanna diagnóiseacha agus samplála a thabhairt cothrom le dáta.

(10)

Tar éis Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a bheith foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tugadh roinnt botún faoi deara i gCuid II d’Iarscríbhinn IV agus i gCuid III d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin. Ba cheart na botúin sin a cheartú.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a leasú dá réir.

(12)

Ós rud é go mbeidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón 21 Aibreán 2021, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin ón dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 83:

“Airteagal 83

Maoluithe ar an bhformheas ag an gCoimisiún ar stádais áirithe saor ó ghalair agus cláir dhíothaithe áirithe i gcás galair ainmhithe uisceacha

1.   De mhaolú ar an gceanglas cláir dhíothaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas dá bhforáiltear in Airteagal 31(1)(b) agus Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2016/429 nó ar an gceanglas formheas a fháil ón gCoimisiún maidir le stádas saor ó ghalair a leagtar síos in Airteagal 36(4) agus Airteagal 37(4) den Rialachán sin i gcás galair ainmhithe uisceacha, i gcás ina gcumhdaíonn an formheas sin criosanna nó deighleoga níos lú ná 75 % de chríoch Ballstáit, agus i gcás nach roinntear an dobharcheantair a sholáthraíonn an crios nó an deighleog le Ballstát eile nó le tríú tír, is leis an nós imeachta seo a leanas a gheofar an formheas sin:

(a)

déanfaidh Ballstát dearbhú sealadach saoirse nó dearbhú maidir le bunú cláir dhíothaithe le haghaidh an chreasa nó na deighleoige, lena gcomhlíonfar na ceanglais mar a leagtar amach sa Rialachán seo;

(b)

foilseoidh an Ballstát an dearbhú sealadach sin go leictreonach agus cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit ar an eolas faoin bhfoilsiú;

(c)

60 lá tar éis a fhoilsithe, tiocfaidh an dearbhú sealadach i bhfeidhm agus bainfidh an crios nó an deighleog dá dtagraítear sa mhír seo stádas saor ó ghalair amach nó déanfar an clár díothaithe a fhormheas.

2.   Laistigh den tréimhse 60 lá dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, féadfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit soiléiriú nó faisnéis bhreise a lorg i ndáil leis an bhfianaise thacaíochta arna soláthar ag an mBallstát a dhéanann an dearbhú sealadach.

3.   I gcás ina ndéanfaidh Ballstát amháin ar a laghad, nó an Coimisiún, barúlacha i scríbhinn laistigh den tréimhse dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, barúlacha ina léireofar ábhair imní maidir leis an bhfianaise a thacaíonn leis an dearbhú, déanfaidh an Coimisiún, an Ballstát a rinne an dearbhú agus, i gcás inarb ábhartha, an Ballstát a lorg soiléiriú nó faisnéis bhreise, an fhianaise a cuireadh isteach a scrúdú le chéile chun na hábhair imní a réiteach.

Sna cásanna sin, déanfar an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 a fhadú go huathoibríoch go ceann 60 lá ón dáta ar cuireadh na chéad ábhair imní in iúl. Ní chuirfear aon síneadh breise leis an tréimhse sin.

4.   I gcás ina dteipfidh ar an bpróiseas dá dtagraítear i mír 3, beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos in Airteagail 31(3), 36(4) agus 37(4) de Rialachán (AE) 2016/429.”

2.

In Airteagal 86, cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i ndiaidh an séú fleasc:

“–

Cinneadh 2010/367/AE;”;

3.

Leasaítear Iarscríbhinní IV agus VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).

(3)  Cinneadh 2010/367/AE ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2010 maidir le cur chun feidhme na gclár faireachais a dhéanann na Ballstáit ar fhliú éanúil in éanlaith chlóis agus in éin fhiáine (IO L 166, 1.7.2010, lch. 22).

(4)  https://www.oie.int/standard-setting/aquatic-manual/access-online/


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní IV agus VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 mar a leanas:

1.

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

a)

i gCuid II, i gCaibidil 1, leasaítear Roinn 1 mar a leanas:

i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(c)

“c)

ó thús na tástála nó na samplála dá dtagraítear i bpointe (b)(i), gur de thionscnamh bunaíochtaí atá saor ó ionfhabhtú MTBC a thagann na bó-ainmhithe go léir a thugtar isteach sa bhunaíocht agus:

(i)

gur de thionscnamh Ballstáit nó crios atá saor ó ionfhabhtú MTBC iad; nó

(ii)

gur bó-ainmhithe iad atá os cionn 6 seachtaine d’aois agus a bhfuil toradh diúltach ar an tástáil imdhíoneolaíoch a rinneadh orthu:

 

le linn na 30 lá roimh a dtabhairt isteach sa bhunaíocht; nó

 

le linn na 30 lá tar éis a dtabhairt isteach, ar choinníoll gur coimeádadh ina n-aonar iad le linn na tréimhse seo; agus”;

ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

De mhaolú ar phointe 1, féadfar an stádas saor ó ionfhabhtú MTBC a dheonú do bhunaíocht más de thionscnamh bunaíochtaí atá saor ó ionfhabhtú MTBC na bó-ainmhí go léir agus:

(a)

gur de thionscnamh Ballstáit nó crios atá saor ó ionfhabhtú MTBC iad; nó

(b)

más bó-ainmhithe iad atá os cionn 6 seachtaine d’aois, go bhfuil toradh diúltach ar an tástáil imdhíoneolaíoch a rinneadh orthu:

(i)

le linn na 30 lá roimh a dtabhairt isteach sa bhunaíocht; nó

(ii)

le linn na 30 lá tar éis a dtabhairt isteach, ar choinníoll gur coimeádadh ina n-aonar iad le linn na tréimhse seo.”;

b)

i gCuid VI, leasaítear Caibidil 1 mar a leanas:

i)

i Roinn 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(a):

“(a)

go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i bpointe 1(c) agus (d) de Roinn 1 agus i bpointe 1(b)(c) agus (d) agus, más ábhartha, i bpointe 2 de Roinn 2.”;

ii)

i Roinn 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

Má aistarraingíodh an stádas saor ó BVB i gcomhréir le pointe 1(a), ní fhéadfar é a fháil ar ais ach amháin má chomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i bpointe 1(c) agus (d) de Roinn 1 agus i bpointe 1(b), (c) agus (d) agus, más ábhartha, i bpointe 2 de Roinn 2.”;

2.

leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas:

(a)

leasaítear Cuid II mar a leanas:

(i)

i gCaibidil 1, i Roinn 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Ní mór na cuairteanna sláinte agus an tsampláil le haghaidh an fhaireachais dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b)(ii) agus (iii) na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:”;

(ii)

leasaítear Caibidil 2 mar a leanas:

i Roinn 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Ní mór na cuairteanna sláinte agus an tsampláil le haghaidh an fhaireachais dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b)(ii) agus (iii) na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:”;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 5:

Roinn 5

Modhanna diagnóiseacha agus samplála

1.

Ní mór an méid seo a leanas a áireamh sna horgáin nó san ábhar fíocháin a shamplálfar agus a scrúdófar:

(a)

An histeolaíocht: an duan tosaigh, an t-ae, an croí, an paincréas, an stéig, an liathán agus an geolbhach;

(b)

An histiceimic imdhíonachta: lár an duáin agus an croí lena n-áirítear comhlaí agus bulbus arteriosus;

(c)

Anailís ghnásúil RT-PCR agus RT-qPCR: lár an duáin agus an croí;

(d)

Saothrán víris: lár an duáin, an croí agus an liathán;

Féadfar píosaí orgán as uasmhéid cúig iasc a chomhthiomsú.

2.

Is é RT-qPCR an modh diagnóiseach atá le húsáid chun an stádas saor ó ionfhabhtú ISAV HPR-scriosta a dheonú nó a choimeád i gcomhréir le Ranna 2, 3 agus 4, agus RT-PCR gnásúil agus seicheamhú ghéin-HE na samplaí dearfacha ina dhiaidh sin de réir na modhanna agus nósanna imeachta mionsonraithe, modhanna agus nósanna imeachta nach mór a bheith formheasta ag EURL le haghaidh galair éisc.

I gcás ina mbeidh toradh dearfach seicheamhaithe ann maidir le ISAV HPR-scriosta, ní mór tuilleadh samplaí a thástáil sula gcuirfear chun feidhme na bearta rialaithe tosaigh dá bhforáiltear in Airteagail 55 go 65.

Ní mór na samplaí sin a thástáil mar a leanas i gcomhréir leis na modhanna agus nósanna imeachta mionsonraithe arna bhformheas ag EURL le haghaidh galair éisc:

(a)

Scagadh a dhéanamh ar na samplaí trí RT-qPCR, agus ina dhiaidh sin RT-PCR gnásúil agus seicheamhú ghéin-HE na samplaí dearfacha chun scrios-HPR a fhíorú; nó

(b)

Antaigin ISAV in ullmhóidí fíocháin a bhrath trí bhíthin antasubstaintí sonracha in aghaidh ISAV; nó

(c)

Leithlisiú a dhéanamh i saothrán ceall agus ISAV HPR-scriosta a bhrath ina dhiaidh sin.

3.

I gcás nach mór amhras faoi ionfhabhtú ISAV HPR-scriosta a dheimhniú nó a chur as an áireamh i gcomhréir le hAirteagal 55, ní mór an nós imeachta cuairte, samplála agus tástála seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

Ní mór don bhunaíocht atá faoi amhras a bheith faoi réir cuairt sláinte amháin ar a laghad agus shampláil amháin ar 10 iasc díbheo, nuair a bhreathnófar comharthaí cliniciúla nó loit iarbháis atá comhsheasmhach le hionfhabhtú ISAV HPR-scriosta, nó ar 30 iasc ar a laghad nuair nach mbreathnófar comharthaí cliniciúla ná loit iarbháis. Déanfar samplaí a thástáil trí úsáid a bhaint as ceann amháin nó níos mó de na modhanna diagnóiseacha a leagtar amach i bpointe 2 i gcomhréir leis na modhanna agus na nósanna imeachta mionsonraithe diagnóiseacha arna bhformheas ag EURL le haghaidh galair éisc;

(b)

I gcás toradh dearfach ar ionfhabhtú ISAV HPR-scriosta, déanfar tuilleadh samplaí a thástáil sula gcuirfear na bearta rialaithe tosaigh dá bhforáiltear in Airteagal 58 chun feidhme. Déanfar cás ina bhfuiltear in amhras faoi ionfhabhtú ISAV HPR-scriosta a dheimhniú i gcomhréir leis na critéir seo a leanas trí úsáid a bhaint as ceann amháin nó níos mó de na modhanna agus nósanna imeachta mionsonraithe diagnóiseacha atá formheasta ag EURL le haghaidh galair éisc:

(i)

ISAV a bhrath trí RT-qPCR, agus ina dhiaidh sin RT-PCR gnásúil agus seicheamhú na géine HE chun scrios-HPR a fhíorú; nó

(ii)

ISAV in ullmhóidí fíocháin a bhrath trí bhíthin antasubstaintí sonracha in aghaidh ISAV; nó

(iii)

ISAV i saothrán ceall a leithlisiú agus a bhrath ó shampla amháin ar a laghad ó aon iasc ón mbunaíocht;

(c)

I gcás ina mbreathnófar go bhfuil torthaí cliniciúla comhlána paiteolaíocha nó histeapaiteolaíocha ann atá comhsheasmhach leis an ionfhabhtú, ní mór na torthaí a chomhthacú trí cheann amháin nó níos mó de na modhanna diagnóiseacha a leagtar amach i bpointe 3(b) a úsáid, i gcomhréir leis na modhanna agus na nósanna imeachta mionsonraithe arna bhformheas ag EURL le haghaidh galair éisc.

Féadfar an t-amhras faoi ISAV HPR-scriosta a chur as an áireamh, má fhaightear amach nár léirigh tástálacha agus cuairteanna sláinte thar thréimhse 12 mhí ón dáta a bhfuil an t-amhras ann aon fhianaise bhreise ar an víreas a bheith ann.”;

(iii)

i gCaibidil 3, i Roinn 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Ní mór na cuairteanna sláinte agus an tsampláil le haghaidh an fhaireachais dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b)(ii) agus (iii) na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:”;

(iv)

i gCaibidil 4, i Roinn 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Ní mór na cuairteanna sláinte agus an tsampláil le haghaidh an fhaireachais dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b)(ii) agus (iii) na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:”;

(v)

i gCaibidil 5, i Roinn 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Ní mór na cuairteanna sláinte agus an tsampláil le haghaidh an fhaireachais dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b)(ii) agus (iii) na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:”;

(vi)

i gCaibidil 6, i Roinn 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“Ní mór na cuairteanna sláinte agus an tsampláil le haghaidh an fhaireachais dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(b)(ii) agus (iii) na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:”;

b)

leasaítear Cuid III mar a leanas:

(i)

i gCaibidil 3, i Roinn 3, i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“(b)

go dtarlaíonn athdhaonrú trí úsáid a bhaint as moilisc a thagann ó bhunaíochtaí atá:”;

(ii)

i gCaibidil 4, i Roinn 3, i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“(b)

go dtarlaíonn athdhaonrú trí úsáid a bhaint as moilisc a thagann ó bhunaíochtaí atá:”;

(iii)

i gCaibidil 5, i Roinn 3, i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“(b)

go dtarlaíonn athdhaonrú trí úsáid a bhaint as moilisc a thagann ó bhunaíochtaí atá:”;

(iv)

i gCaibidil 6, i Roinn 3, i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“(b)

go dtarlaíonn athdhaonrú trí úsáid a bhaint as moilisc a thagann ó bhunaíochtaí atá:”.


2.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 194/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/882 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Meitheamh 2021

lena n-údaraítear larbha Tenebrio molitor triomaithe a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta de chuid an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

An 13 Feabhra 2018, chuir an chuideachta SAS EAP Group (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun larbha Tenebrio molitor triomaithe (minphéist bhuí) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. San iarratas iarradh go n-úsáidfear larbha Tenebrio molitor triomaithe ina fheithid iomlán thriomaithe i bhfoirm sneaiceanna, agus ina chomhábhar bia i roinnt táirgí bia, agus an pobal i gcoitinne ina spriocphobal. Ina theannta sin, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar chosaint sonraí dílseánaigh a cuireadh isteach san iarratas féin.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 3 Iúil 2018, agus d’iarr sé air tuairim eolaíoch a thabhairt trí mheasúnú a dhéanamh maidir le larbha Tenebrio molitor triomaithe mar bhia núíosach.

(5)

An 24 Samhain 2020, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir le sábháilteacht larbha Tenebrio molitor thriomaithe mar bhia núíosach (3) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(6)

Sa tuairim ón Údarás, tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil larbha Tenebrio molitor triomaithe sábháilte faoi na húsáidí agus na leibhéil úsáide atá beartaithe. Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim ón Údarás chun a shuí go gcomhlíonann larbha Tenebrio molitor triomaithe Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 faoi na coinníollacha úsáide measúnaithe.

(7)

Sa tuairim sin, agus ar bhonn fianaise theoranta fhoilsithe ar ailléirgí bia a bhaineann le feithidí agus go háirithe ó dhá staidéar ar dhaoine inar léiríodh gur cúis é larbha Tenebrio molitor triomaithe le ceithre fhrithghníomhú ailléirgeacha amhrasta san iomlán, agus aon staidéar amháin in ainmhithe, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh caitheamh an bhia núíosaigh sin íogrú a spreagadh maidir le próitéiní minphéisteanna buí, mar aon le híogrú maidir le trópaimióisin ó fhoinsí eile ar nós crústach agus fíneog. Mhol an tÚdarás tuilleadh taighde a dhéanamh ar ailléirgineacht na larbhaí Tenebrio molitor triomaithe. Chun aghaidh a thabhairt ar mholadh an Údaráis, tá an Coimisiún ag féachaint faoi láthair ar na bealaí inar féidir an taighde is gá a dhéanamh ar ailléirgineacht larbhaí Tenebrio molitor.

(8)

Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás measúnú ar na sonraí a ghintear leis an taighde, agus ós rud é, go dtí seo, nár tuairiscíodh ach an líon beag cásanna ailléirgí thuasluaite de réir na sonraí atá ar fáil do thionscal feithidí an larbha Tenebrio molitor thriomaithe (4), measann an Coimisiún nár cheart aon cheanglas sonrach maidir le lipéadú a bhaineann leis an bhféidearthacht go bhféadfadh larbha Tenebrio molitor triomaithe a bheith ina chúis le híogrú príomha, nár cheart aon cheanglas den sórt sin a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(9)

Sa tuairim ón Údarás, mheas sé freisin go bhféadfadh caitheamh larbha Tenebrio molitor thriomaithe a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha maidir le daoine a bhfuil ailléirge orthu le crústaigh agus le fíneoga deannaigh. Thairis sin, thug an tÚdarás dá aire go bhféadfadh ailléirginí breise a bheith ann sa bhia núíosach, más rud é go bhfuil na hailléirginí sin ann sa tsubstráit a thugtar mar bhia do na feithidí. Féadfar ailléirginí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a áireamh leis sin. Dá bhrí sin, larbha Tenebrio molitor triomaithe arna chur ar fáil don tomhaltóir ann féin agus bianna a bhfuil larbha Tenebrio molitor triomaithe iontu, is iomchuí iad a lipéadú go hiomchuí de réir na gceanglas i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

(10)

Sa tuairim ón Údarás, thug sé dá aire go raibh an chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar anailísí ar na héilleáin sa bhia núíosach (6), ar thuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas triomúcháin (7), ar shonraí anailíseacha faoi leibhéil na citine (8), agus ar shonraí faoi stádas ocsaídiúcháin agus micribhitheolaíoch an bhia núíosaigh le linn a stórála (9). Thug sí dá haire freisin nach bhféadfaí teacht ar an gconclúid sin gan na sonraí ó na tuarascálacha nár foilsíodh ar na staidéir atá i gcomhad an iarratasóra.

(11)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na staidéir sin agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar an gceart eisiach ar an tagairt do na staidéir sin, dá dtagraítear in Airteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(12)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh na cearta dílseánaigh agus eisiacha tagartha ar na hanailísí ar na héilleáin sa bhia núíosach, ar an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas triomúcháin, ar na sonraí anailíseacha faoi leibhéil na citine, agus ar na sonraí faoi stádas ocsaídiúcháin agus micribhitheolaíoch an bhia núíosaigh le linn a stórála, tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus dá bhrí sin nach mbeadh tríú páirtithe in ann rochtain dhlíthiúil a fháil ar na staidéir sin ná iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh ach oiread.

(13)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha ag an iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na staidéir shonracha maidir le hanailísí ar éilleáin sa bhia núíosach, an tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas triomúcháin, na sonraí anailíseacha faoi leibhéil na citine, agus na sonraí faoi stádas ocsaídiúcháin agus micribhitheolaíoch an bhia núíosaigh le linn a stórála atá i gcomhad an iarratasóra, agus ar a bhunaigh an tÚdarás a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh agus nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach dá n-uireasa, níor cheart iad sin a úsáid chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun larbha Tenebrio molitor triomaithe a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse sin.

(14)

Mar sin féin, srian a chur le húdarú larbha Tenebrio molitor thriomaithe agus leis na tagartha do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra agus atá le húsáid ag an iarratasóir amháin, ní chuirfear cosc leis an méid sin ar iarratasóirí cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll go bhfuil a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Larbha Tenebrio molitor triomaithe, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar é a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is é an t-iarratasóir tosaigh amháin:

 

Cuideachta: SAS EAP Group;

 

Seoladh: 35 Boulevard du Libre Échange, 31650 Saint-Orens-de-Gameville, an Fhrainc,

 

a bheidh údaraithe an bia núíosach dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt do na sonraí arna gcosaint de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo nó le comhaontú ó SAS EAP Group.

3.   Áireofar san iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha úsáide agus na ceanglais maidir le lipéadú a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Na staidéir atá sa chomhad iarratais, sonraí ar ar a mbonn a ndearna an tÚdarás an bia núíosach dtagraítear in Airteagal 1 a mheas, agus ar mhaígh an t-iarratasóir gur sonraí dílseánaigh iad agus nach bhféadfaí an bia núíosach a údarú gan iad, ní úsáidfear na sonraí sin chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó SAS EAP Group.

Airteagal 3

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)   Safety of dried yellow mealworm (Tenebrio molitor larva) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 [Sábháilteacht minphéiste buí triomaithe (larbha Tenebrio molitor) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283]; EFSA Journal 2021:19(1):6343.

(4)  Margaítear larbha Tenebrio molitor i roinnt Ballstát faoi na bearta idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(6)  SAS EAP Group 2016 (nár foilsíodh).

(7)  SAS EAP Group 2013 (nár foilsíodh).

(8)  SAS EAP Group 2018 (nár foilsíodh).

(9)  SAS EAP Group 2020 (nár foilsíodh).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

“Larbha Tenebrio molitor triomaithe (minphéist bhuí)

Catagóir bianna sonraithe

Uasleibhéil

1.

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é ‘Larbha Tenebrio molitor triomaithe (minphéist bhuí)’ an t-ainmniú a bheidh air.

2.

Ar lipéadú na mbia-ábhar ina bhfuil larbha Tenebrio molitor triomaithe (minphéist bhuí), beidh ráiteas go bhféadfadh an comhábhar seo a bheith ina chúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha i gcás tomhaltóirí a bhfuil ailléirgí aitheanta orthu le crústaigh agus le táirgí díobh, agus le fíneoga deannaigh. Beidh an ráiteas sin díreach taobh le liosta na gcomhábhar.

 

Arna údarú an 22 Meitheamh 2021. Tá an cuimsiú sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha dílseánaigh atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: SAS EAP Group, 35 Boulevard du Libre Échange, 31650 Saint-Orens-de-Gameville, an Fhrainc.

Is é SAS EAP Group amháin atá údaraithe chun an bia núíosach a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó SAS EAP Group.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: 22 Meitheamh 2026.”

Larbha Tenebrio molitor triomaithe, ina iomláine nó i bhfoirm phúdrach

 

Táirgí próitéine

10 g/100 g

Brioscaí

10 g/100 g

Miasa léagúm-bhunaithe

10 g/100 g

Táirgí pasta-bhunaithe

10 g/100 g

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíocht

“Larbha Tenebrio molitor triomaithe (minphéist bhuí)

Tuairisc/Sainmhíniú:

Is éard atá sa bhia núíosach an mhinphéist bhuí atá triomaithe go teirmeach agus ina hiomláine, bíodh sí iomlán (larbha oighinn-triomaithe bánaithe) nó i bhfoirm phúdrach (larbha talún oighinn-triomaithe bánaithe). Tagraíonn an téarma ‘minphéist’ d’fhoirm larbhach Tenebrio molitor, is é sin speiceas feithidí a bhaineann le fine Tenebrionidae (ciaróga darkling).

Is iad na minphéisteanna ina n-iomláine atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine gan aon chuid díobh bainte.

Tá gá le tréimhse troscaidh 24 uair an chloig ar a laghad roimh chéim an triomaithe theirmigh chun ligean do na larbhaí an méid atá ina bputóg a fholmhú.

Saintréithe/Comhdhéanamh:

 

Luaith (% w/w): 3,5 – 4,5

 

Taise (% w/w): 1-8

 

Garbhphróitéin (N x 6,25) (% w/w): 56–61

 

Carbaihiodráití indíleáite (*1) (% w/w): 1–6

 

Saill (% w/w): 25–30

 

ar sháithigh an méid seo a leanas di (% w/w): 4–9

 

Luach sárocsaíde (Meq O2/kg saill): ≤ 5

 

Snáithín cothaitheach (% w/w): 4–7

 

Citin (% w/w): 4–7

Miotail throma:

 

Luaidhe: ≤ 0,075 mg/kg

 

Caidmiam: ≤ 0,1 mg/kg

Míceatocsainí:

 

Aflatocsainí (Suim de B1, B2, G1, G2): ≤ 4 μg/kg

 

Aflatocsain B1: ≤ 2 μg/kg

 

Dé-ocsainiviléanól: ≤ 200 μg/kg

 

Ócratocsain A: ≤ 1 μg/kg

Critéir mhicribhitheolaíochta:

 

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha iomlán: ≤ 105 CFU (*2)/g

 

Giostaí agus múscáin: ≤ 100 CFU/g

 

Escherichia coli: ≤ 50 CFU/g

 

Salmonella spp.: Nár aimsíodh in 25 g

 

Listeria monocytogenes: Nár aimsíodh in 25 g

 

Anaeróib a laghdaíonn an tsuilfít: ≤ 30 CFU/g

 

Bacillus cereus (toimhde): ≤ 100 CFU/g

 

Enterobacteriaceae (toimhde): < 10 CFU/g

 

Stafalacocais téachtáis-deimhneacha: ≤ 100 CFU/g


(*1)  Carbaihiodráití indíleáite = 100 – (garbhphróitéin + saill + snáithín cothaitheach + luaith + taise).

(*2)  CFU: aonaid déanta coilíneachta”


2.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 194/22


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/883 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Meitheamh 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir teorainneacha oibriúcháin laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal a chruthú agus maidir le haerphaisinéirí a chur ar an eolas faoi chéannacht an iompróra oibriúcháin, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaítear liosta aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún (2).

(2)

De bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, chuir Ballstáit áirithe agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) faisnéis in iúl don Choimisiún atá ábhartha maidir leis an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta. Sholáthair tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta faisnéis ábhartha freisin. An fhaisnéis a cuireadh ar fáil, cuireann sí leis an gcinneadh gur cheart an liosta a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Chuir an Coimisiún gach aeriompróir lena mbaineann ar an eolas, go díreach nó trí na húdaráis atá freagrach as a bhformhaoirseacht rialála, faoi na fíorais agus na breithnithe riachtanacha a bheadh mar bhunús le cinneadh toirmeasc a chur ar a n-oibriú laistigh den Aontas nó leis na coinníollacha maidir le toirmeasc ar a oibriú arna chur i bhfeidhm ar aeriompróir atá san áireamh ar na liostaí in Iarscríbhinní A nó B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhodhnú.

(4)

Thug an Coimisiún an deis do na haeriompróirí lena mbaineann an doiciméadacht ábhartha uile a cheadú, barúlacha i scríbhinn a chur isteach agus cur i láthair ó bhéal a dhéanamh chuig an gCoimisiún agus chuig an gCoiste arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 (“Coiste Aershábháilteachta an Aontais”).

(5)

Chuir an Coimisiún Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na comhairliúcháin chomhpháirteacha leanúnacha, laistigh de chreat Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún (3), le húdaráis inniúla agus aeriompróirí na hAirméine, na Casacstáine, na Cirgeastáine, na hIndinéise, na Moldóive, na Pacastáine agus na Rúise. Chuir an Coimisiún Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas freisin faoi chúrsaí sábháilteachta eitlíochta sa Ghuine Mheánchiorclach, sa Libia, i Neipeal, sa Phoblacht Dhoiminiceach, agus sa tSúdáin Theas.

(6)

Chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na measúnuithe teicniúla a rinneadh le haghaidh na meastóireachta tosaigh agus an fhaireacháin leanúnaigh ar údaruithe oibreoirí tríú tír, arna n-eisiúint de bhun Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún (4).

(7)

Chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas freisin faoi thorthaí na hanailíse ar chigireachtaí rampa a rinneadh faoin gclár um Measúnú Sábháilteachta ar Aerárthaí Eachtracha (“SAFA”), i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (5).

(8)

Chomh maith leis sin, chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na tionscadail um chúnamh teicniúil a rinneadh i dtríú tíortha a ndearna toirmeasc ar oibriú faoi Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 difear dóibh. Thairis sin, sholáthair an Ghníomhaireacht faisnéis faoi na pleananna agus na hiarrataí ar thuilleadh cúnaimh theicniúil agus comhair chun feabhas a chur ar chumas riaracháin agus teicniúil na n-údarás um eitlíocht shibhialta i dtríú tíortha d’fhonn cuidiú leo dul i ngleic le neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta is infheidhme don eitlíocht shibhialta. Iarradh ar Bhallstáit freagra a thabhairt ar na hiarrataí sin i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht ar bhonn déthaobhach. I ndáil leis sin, d’athluaigh an Coimisiún a úsáidí atá sé faisnéis a sholáthar don chomhphobal idirnáisiúnta eitlíochta, go háirithe tríd an uirlis Chomhpháirtíochta um Chúnamh maidir le Sábháilteacht Eitlíochta a Chur Chun Feidhme, ar uirlis í de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, faoin gcúnamh teicniúil a sholáthraíonn an tAontas agus na Ballstáit do thríú tíortha chun feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta ar fud an domhain.

(9)

Sholáthair EUROCONTROL tuairisc cothrom le dáta don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais maidir le stádas fheidhmeanna aláraim SAFA agus na n-oibreoirí tríú tír, lena n-áirítear staidreamh faoi theachtaireachtaí foláirimh le haghaidh aeriompróirí a bhfuil toirmeasc orthu.

Aeriompróirí an Aontais

(10)

Tar éis don Ghníomhaireacht anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a d’eascair as cigireachtaí rampa a rinneadh ar aerárthaí aeriompróirí an Aontais, maille le faisnéis a d’eascair as cigireachtaí caighdeánaithe a rinne an Ghníomhaireacht, arna comhlánú freisin le faisnéis a d’eascair as cigireachtaí agus iniúchtaí sonracha a rinne údaráis náisiúnta eitlíochta, tá bearta áirithe forfheidhmithe glactha ag roinnt Ballstát agus tá an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais curtha ar an eolas acu faoi na bearta sin.

(11)

D’athdhearbhaigh na Ballstáit go bhfuil siad réidh le gníomhú de réir mar is gá i gcás ina léiríonn an fhaisnéis ábhartha sábháilteachta go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán ábhartha sábháilteachta ag aeriompróirí an Aontais.

Aeriompróirí ón Airméin

(12)

I mí an Mheithimh 2020, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/736 ón gCoimisiún (6) luadh aeriompróirí ón Airméin in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(13)

An 15 Aibreán 2021, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit agus ionadaithe Choiste Eitlíochta Sibhialta na hAirméine cruinniú teicniúil, inar sholáthair Coiste Eitlíochta Sibhialta na hAirméine faisnéis maidir lena ghníomhaíochtaí maoirseachta agus le dul chun cinn an phlean gníomhaíochta ceartaithí a forbraíodh i mí Iúil 2020. Sholáthair Coiste Eitlíochta Sibhialta na hAirméine forléargas ar na dúshláin ar tugadh aghaidh orthu le bliain anuas freisin agus faisnéis faoi staid fhoriomlán na timpeallachta eitlíochta san Airméin agus faoi na bearnaí a sainaithníodh i réimsí éagsúla freagrachta de chuid Choiste Eitlíochta Sibhialta na hAirméine ar gá aird a thabhairt orthu.

(14)

Ina theannta sin, le linn an chruinnithe sin rinne Coiste Eitlíochta Sibhialta na hAirméine cur i láthair mionsonraithe maidir le stádas chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha i leith na mbarúlacha a tugadh le linn chuairt mheasúnaithe an Aontais ar an láthair i mí Feabhra 2020 agus sholáthair sé forléargas ar phróiseas bainistíochta riosca Choiste Eitlíochta Sibhialta na hAirméine.

(15)

Sa chomhthéacs sin, chuir Coiste Eitlíochta Sibhialta na hAirméine an Coimisiún ar an eolas gur cúlghaireadh Teastais Aeroibreora (“AOCanna”) na n-aeriompróirí Atlantis European Airways agus Mars Avia, agus gur deimhníodh na haeriompróirí nua Fly Armenia Airways (Uimh. AOC 070), Novair (Uimh. AOC 071) agus Shirak Avia (Uimh. AOC 072). Ós rud é nach bhfuil cumas leordhóthanach léirithe ag Coiste Eitlíochta Sibhialta na hAirméine na caighdeáin sábháilteachta ábhartha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, le heisiúint AOCanna do na haeriompróirí nua sin ní ráthaítear go bhfuil caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta á gcomhlíonadh go leordhóthanach.

(16)

Tugann an Coimisiún dá aire an dul chun cinn a rinne Coiste Eitlíochta Sibhialta na hAirméine maidir le haghaidh a thabhairt ar na hábhair imní maidir le sábháilteacht eitlíochta, rud a d’fhág i mí an Mheithimh 2020 gur áiríodh iompróirí deimhnithe na hAirméine in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006. Faoi láthair, áfach, níl dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt leis na srianta oibríochtúla ar aeriompróirí ón Airméin a bhaint. Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán agus de mheasúnú a dhéanamh ar an gcaoi a dtagann tuilleadh forbartha ar chúrsaí.

(17)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún i dtaobh aeriompróirí ón Airméin gur cheart liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a leasú le go n-áireofaí Fly Armenia Airways, Novair agus Shirak Avia in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, agus le go mbainfí Atlantis European Airways agus Mars Avia den Iarscríbhinn sin.

(18)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe san Airméin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin uile, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

Aeriompróirí ón Indinéis

(19)

I mí an Mheithimh 2018, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/871 ón gCoimisiún (7) baineadh gach aeriompróir ón Indinéis d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(20)

An 26 Feabhra 2021, sholáthair Ard-Stiúrthóireacht Eitlíochta Sibhialta na hIndinéise faisnéis agus tuairisc cothrom le dáta ar ghníomhaíochtaí maoirseachta sábháilteachta le haghaidh na tréimhse ó mhí Meán Fómhair 2020 go mí Feabhra 2021. Chomh maith leis an tuairisc cothrom le dáta ar an bplean gníomhaíochta ceartaithí a forbraíodh ar bhonn chuairt mheasúnaithe an Aontais ar an láthair i mí an Mhárta 2018, áiríodh freisin ar an bhfaisnéis a sholáthair Ard-Stiúrthóireacht Eitlíochta Sibhialta na hIndinéise tuairiscí cothrom le dáta maidir leis an liosta de shealbhóirí AOC, aerárthaí cláraithe, timpistí, teagmhais thromchúiseacha, agus tarluithe san eitlíocht agus bearta forfheidhmithe arna ndéanamh ag Ard-Stiúrthóireacht Eitlíochta Sibhialta na hIndinéise.

(21)

Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus an doiciméadacht a fuarthas, measann an Coimisiún gur tugadh aghaidh go rathúil ar na barúlacha oscailte uile a bhí fágtha, barúlacha a d’eascair as an gcuairt mheasúnaithe ar an láthair i mí an Mhárta 2018, agus gur féidir iad a dhúnadh. I bhfianaise an dul chun cinn a rinneadh, measann an Coimisiún gur leor go seolfadh Ard-Stiúrthóireacht Eitlíochta Sibhialta na hIndinéise tuairisc cothrom le dáta uair sa bhliain seachas an dá cheann a sheol sí go dtí seo.

(22)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún i dtaobh aeriompróirí ón Indinéis nach bhfuil aon fhorais ann le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas.

(23)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe san Indinéis trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin uile, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(24)

I gcás ina léiríonn aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ón gCasacstáin

(25)

I mí an Nollag 2016, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2214 ón gCoimisiún (8) baineadh aeriompróirí ón gCasacstáin d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(26)

I mí Feabhra 2020, mar chuid den fhaireachán leanúnach ar an gcóras maoirseachta sábháilteachta sa Chasacstáin, cuireadh tús le comhairliúcháin fhoirmiúla le húdaráis inniúla na Casacstáine. Sa chomhthéacs sin, le linn na gcruinnithe a bhí aige i mí na Bealtaine agus i mí na Samhna 2020, tugadh forléargas do Choiste Aershábháilteachta an Aontais ar staid na maoirseachta sábháilteachta sa Chasacstáin.

(27)

Mar leanúint ar an bplé a rinne Coiste Aershábháilteachta an Aontais i mí na Samhna 2020, choinnigh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht teagmháil leanúnach ar bun le hÚdarás Eitlíochta Chuideachta Comhstoic na Casacstáine. Sa chomhthéacs sin, bhí glao físchomhdhála ann an 26 Márta 2021 idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit agus ionadaithe ó Choiste Eitlíochta Sibhialta na Casacstáine agus ó Údarás Eitlíochta na Casacstáine araon. Le linn an chruinnithe theicniúil sin, rinne Údarás Eitlíochta na Casacstáine cur i láthair cuimsitheach maidir leis na bearta a rinneadh chun feabhas a chur ar an maoirseacht sábháilteachta sa Chasacstáin, lena n-áirítear forléargas ar a ghníomhaíochtaí faireachais, a phleananna maidir le pearsanra teicniúil a earcú agus a oiliúint, agus na gníomhaíochtaí forfheidhmithe a rinneadh i leith roinnt aeriompróirí atá deimhnithe sa Chasacstáin. Ina theannta sin, chuir Údarás Eitlíochta na Casacstáine i dtábhacht a thiomanta atá sé a bheartas i ndáil le feabhsú leanúnach a shaothrú a thuilleadh, lena n-áirítear an obair riachtanach atá ar bun aige maidir le maoirseacht sábháilteachta a fhorbairt.

(28)

Thairis sin, chuir Údarás Eitlíochta na Casacstáine a straitéis i láthair le haghaidh na tréimhse 2021-2025, lena n-áirítear an dlí nua eitlíochta a ghlacadh agus na leasuithe iarmhartacha ar chreat reachtach náisiúnta na Casacstáine.

(29)

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil faoi láthair, is féidir a dhéanamh amach go ndearnadh iarrachtaí suntasacha agus forbairtí iarmhartacha chun aghaidh a thabhairt ar chúrsaí sábháilteachta sa Chasacstáin. Agus aitheantas á thabhairt don dul chun cinn a rinneadh go dtí seo, ba cheart don Choimisiún leanúint d’fhaireachán agus de mheasúnú a dhéanamh ar an gcaoi a dtagann tuilleadh forbartha ar chúrsaí. Sa chomhthéacs sin, tá sé ar intinn ag an gCoimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit, cuairt mheasúnaithe ar an láthair de chuid an Aontais a thabhairt ar an gCasacstáin.

(30)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún i dtaobh aeriompróirí ón gCasacstáin nach bhfuil aon fhorais ann le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas.

(31)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Chasacstáin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin uile, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(32)

I gcás ina léiríonn aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ón gCirgeastáin

(33)

I mí Dheireadh Fómhair 2006, le Rialachán (CE) Uimh. 1543/2006 ón gCoimisiún (9) luadh aeriompróirí ón gCirgeastáin in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(34)

An 25 Samhain 2020, arna iarraidh sin don Chirgeastáin agus mar chuid de ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnacha, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus ionadaithe Ghníomhaireacht Eitlíochta Sibhialta Phoblacht na Cirgise cruinniú teicniúil inar thug Gníomhaireacht Eitlíochta Sibhialta Phoblacht na Cirgise cur i láthair cuimsitheach maidir lena heagraíocht agus a feidhmeanna, lena n-áirítear bunphrionsabail na maoirseachta sábháilteachta a dhéanann sí. Áiríodh ar fhaisnéis eile a chuir Gníomhaireacht Eitlíochta Sibhialta Phoblacht na Cirgise ar fáil na dúshláin foirne a dtugann sí aghaidh orthu, forléargas ar chreat reachtach na Cirgise, agus a cur chuige straitéiseach maidir le forbairt theicniúil i gcomhthéacs acmhainneacht sábháilteachta eitlíochta a fhorbairt. Thug sé tuairisc cothrom le dáta freisin maidir leis an liosta de shealbhóirí AOC agus na n-aerárthaí cláraithe.

(35)

Thairis sin, an 14 Nollaig 2020, ag leanúint de chruinniú teicniúil an 25 Samhain 2020, chuir Gníomhaireacht Eitlíochta Sibhialta Phoblacht na Cirgise an Coimisiún ar an eolas go bhfuil AOC gníomhach ag na haeriompróirí Heli Sky (Uimh. AOC 47), Valor Air (Uimh. AOC 07), AeroStan (Uimh. AOC 08), KAP.KG Aircompany (Uimh. AOC 52) agus FlySky Airlines (Uimh. AOC 53). Ós rud é nach bhfuil léirithe ag Gníomhaireacht Eitlíochta Sibhialta Phoblacht na Cirgise go bhfuil cumas leordhóthanach aici na caighdeáin sábháilteachta ábhartha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, le heisiúint AOCanna do na haeriompróirí nua sin ní ráthaítear go bhfuil caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta á gcomhlíonadh go leordhóthanach.

(36)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún gur cheart liosta na n-aeriompróirí ón gCirgeastáin atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a leasú le go n-áireofaí AeroStan, FlySky Airlines, Heli Sky, KAP.KG Aircompany agus Valor Air in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(37)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Chirgeastáin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin uile, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

Aeriompróirí ón Moldóiv

(38)

I mí Aibreáin 2019, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/618 ón gCoimisiún (10) luadh gach aeriompróirí ón Moldóiv in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, seachas Air Moldova, Fly One agus Aerotranscargo.

(39)

I litir uaidh an 2 Márta 2021, sholáthair Údarás Eitlíochta Sibhialta na Moldóive faisnéis agus tuairisc chuimsitheach cothrom le dáta ar an bplean gníomhaíochta ceartaithí lena dtugtar aghaidh ar na barúlacha agus ar na moltaí a d’eascair as cuairt mheasúnaithe an Aontais ar an láthair i mí Feabhra 2019.

(40)

Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus ar an doiciméadacht a fuarthas, measann an Coimisiún go bhfuil na mínithe a tugadh ar an bplean gníomhaíochta ceartaithí dea-struchtúrtha agus leordhóthanach.

(41)

An 25 Márta 2021, arna iarraidh sin don Mholdóiv agus mar chuid de ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnacha, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit agus ionadaithe Údarás Eitlíochta Sibhialta na Moldóive cruinniú teicniúil inar thug Údarás Eitlíochta Sibhialta na Moldóive forléargas cuimsitheach ar a eagraíocht agus a fheidhmeanna, lena n-áirítear bunphrionsabail na maoirseachta sábháilteachta a dhéanann sé. Áiríodh ar fhaisnéis eile a chuir Údarás Eitlíochta Sibhialta na Moldóive ar fáil forléargas cothrom le dáta ar fhorbairtí agus ar an gcor láithreach i dtaca lena phlean gníomhaíochta ceartaithí lena dtugtar aghaidh ar na barúlacha agus ar na moltaí a d’eascair as cuairt mheasúnaithe an Aontais ar an láthair i mí Feabhra 2019. Mhaígh Údarás Eitlíochta Sibhialta na Moldóive gur dúnadh formhór mór bharúlacha an phlean gníomhaíochta ceartaithí, gan ach ceithre bharúil fós ar oscailt.

(42)

Le linn an chruinnithe sin, chuir Údarás Eitlíochta Sibhialta na Moldóive an Coimisiún ar an eolas go ndearnadh aeriompróirí uile na Moldóive a athdheimhniú i gcomhréir leis an rialachán oibríochtúil nua, lena dtrasuítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (11) i reachtaíocht na Moldóive. Faoi láthair, tá 11 sealbhóir AOC sa Mholdóiv. Formhór na n-ocht sealbhóir AOC nach bhfuil údarú oibreora tríú tír acu, tá oibríochtaí á ndéanamh acu ó bhunáiteanna lasmuigh den Mholdóiv. De réir Údarás Eitlíochta Sibhialta na Moldóive, tá an faireachas atá á dhéanamh ar na bunáiteanna seachtracha sin i gcomhréir leis na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta.

(43)

Thairis sin, chuir Údarás Eitlíochta Sibhialta na Moldóive an Coimisiún ar an eolas gur deimhníodh an t-aeriompróir nua HiSky (Uimh. AOC MD 025). Ós rud é nach bhfuil léirithe ag Údarás Eitlíochta Sibhialta na Moldóive go bhfuil cumas leordhóthanach aige na caighdeáin sábháilteachta ábhartha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, le heisiúint AOC don aeriompróir nua sin ní ráthaítear go bhfuil caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta á gcomhlíonadh go leordhóthanach.

(44)

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil faoi láthair, dealraíonn sé go bhfuil iarrachtaí suntasacha déanta ag Údarás Eitlíochta Sibhialta na Moldóive maidir le caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta a chur chun feidhme. Faoi láthair, áfach, níl dóthain fianaise ann chun údar a thabhairt leis na srianta oibríochtúla ar aeriompróirí ón Moldóiv a bhaint. Ba cheart an fhaisnéis a chuirfear ar fáil faoi na feabhsuithe a fhíorú a thuilleadh le linn cuairt mheasúnaithe ar an láthair de chuid an Aontais ar an Moldóiv.

(45)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún i dtaobh aeriompróirí ón Moldóiv gur cheart liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a leasú le go n-áireofaí HiSky in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(46)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Mholdóiv trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin uile, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(47)

I gcás ina léiríonn aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ón bPacastáin

(48)

I mí an Mhárta 2007, le Rialachán (CE) Uimh. 235/2007 ón gCoimisiún (12) luadh Pakistan International Airlines in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 agus baineadh é ina dhiaidh sin i mí na Samhna 2007 le Rialachán (CE) Uimh. 1400/2007 ón gCoimisiún (13).

(49)

An 24 Meitheamh 2020, léirigh ráiteas ó Aire Cónaidhme Eitlíochta na Pacastáine gur trí mhodhanna calaoiseacha a fuarthas líon ard de na ceadúnais phíolóta a d’eisigh Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine.

(50)

Mar thoradh ar an méid sin agus ar an easpa maoirseacht éifeachtach sábháilteachta a dhealraíonn sé a rinne Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine, chuir an Ghníomhaireacht údaruithe na n-oibreoirí tríú tír Pakistan International Airlines agus Vision Air ar fionraí le héifeacht ón 1 Iúil 2020.

(51)

Ón 1 Iúil 2020, chuir an Coimisiún tús le comhairliúchán le hÚdarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 473/2006, agus d’iarr sé ar Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine faisnéis a sholáthar faoina fhreagairt ar ráiteas an Aire Cónaidhme. Go háirithe, d’iarr an Coimisiún faisnéis faoin maoirseacht a dhéantar ar aeriompróirí atá deimhnithe sa Phacastáin, lena n-áirítear a gCórais Bainistíochta Sábháilteachta, mar aon le fianaise nach bhfuil staid den chineál céanna leitheadach i réimsí eile atá faoi réir mhaoirseacht sábháilteachta Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine freisin, amhail deimhniú foirne cábáin, ceadúnú innealtóirí cothabhála, nó deimhniú aeriompróirí.

(52)

In 2020, d’eagraigh an Coimisiún dhá chruinniú theicniúla le hÚdarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine, an 9 Iúil agus an 25 Meán Fómhair.

(53)

Mar ullmhúchán do chruinniú Choiste Aershábháilteachta an Aontais i mí na Bealtaine 2021, agus riachtanais nós imeachta na Gníomhaireachta maidir leis na hoibreoirí tríú tír Pakistan International Airlines agus Vision Air a chur ar fionraí á gcur san áireamh, d’eagraigh an Coimisiún cruinniú teicniúil an 15 agus an 16 Márta 2021 chun comhordú a áirithiú idir an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht i ndáil lena n-oibleagáidí sonracha. D’fhreastail ionadaithe na mBallstát ar na cruinnithe sin.

(54)

Le linn na gcruinnithe sin, pléadh saincheisteanna éagsúla, go háirithe ceadúnú foirne, oibríochtaí aeir, aeracmhainneacht, tuairisciú tarluithe, agus freagairt Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine ar na moltaí sábháilteachta agus an obair leantach a dhéanann sé dá mbarr.

(55)

Sholáthair Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine fianaise agus faisnéis ábhartha ar a ndearna an Coimisiún agus saineolaithe na Gníomhaireachta measúnú. Cé go bhfuarthas amach go bhfuil líon leordhóthanach ball foirne ag Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine atá inniúil eolach, sainaithníodh roinnt saincheisteanna eagrúcháin ar ábhar imní iad. Áirítear orthu sin easnaimh ar bhainistíocht cháilíochta na nósanna imeachta doiciméadaithe, easpa treorach le haghaidh na gcigirí, próiseas cáilithe neamh-chomhlíontach le haghaidh Ceadúnas Píolóta Iompair Aerlíne, easpa nó beagán rianaithe ar ghníomhaíochtaí ceartaitheacha de bharr torthaí, agus easpa acmhainn iomchuí anailís a dhéanamh ar bhunchúiseanna.

(56)

Thairis sin, ní raibh Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine ábalta fianaise a sholáthar gur thug an Phacastáin fógra don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir lena maoluithe substaintiúla ar na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta is infheidhme in Iarscríbhinn 1 de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta mar a leagtar síos sa roinn “Ceadúnú Pearsanra”.

(57)

Ar bhonn an mheasúnaithe ar an bhfianaise agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil, aithníonn an Coimisiún iarrachtaí Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine gníomhaíochtaí ceartaitheacha a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh shábháilteachta a sainaithníodh. Ba cheart don Choimisiún leanúint, áfach, d’fhaireachán a dhéanamh ar chúrsaí sa Phacastáin, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin cuairt mheasúnaithe ar an láthair de chuid an Aontais a thabhairt ar an bPacastáin.

(58)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún i dtaobh aeriompróirí ón bPacastáin nach bhfuil aon fhorais ann le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas.

(59)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Phacastáin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin uile, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(60)

I gcás ina léiríonn aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005.

Aeriompróirí ón Rúis

(61)

Lean an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát d’fhaireachán géar a dhéanamh ar fheidhmíocht sábháilteachta na n-aeriompróirí atá deimhnithe sa Rúis agus a oibríonn laistigh den Aontas, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa a dhéantar ar aeriompróirí áirithe Rúiseacha, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(62)

An 14 Aibreán 2021, bhuail ionadaithe ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit le hionadaithe ó Ghníomhaireacht Aeriompair Fheidearálach na Rúise chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht sábháilteachta na n-aeriompróirí atá deimhnithe sa Rúis ar bhonn tuarascálacha ar chigireachtaí rampa a rinneadh sa tréimhse idir an 15 Deireadh Fómhair 2020 agus an 14 Aibreán 2021, agus chun na cásanna a aithint inar cheart do Ghníomhaireacht Aeriompair Fheidearálach na Rúise a cuid gníomhaíochtaí maoirseachta a neartú.

(63)

San athbhreithniú ar chigireachtaí rampa SAFA ar aeriompróirí atá deimhnithe sa Rúis, níor léiríodh aon easnamh sábháilteachta suntasach nó athfhillteach.

(64)

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear faisnéis a sholáthair Gníomhaireacht Aeriompair Fheidearálach na Rúise ag an gcruinniú an 14 Aibreán 2021, measann an Coimisiún go bhfuil an acmhainneacht agus an toilteanas is gá ag Gníomhaireacht Aeriompair Fheidearálach na Rúise ag an bpointe seo chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh shábháilteachta nuair a shainaithnítear iad. Ar na forais sin, níor measadh go raibh gá éisteacht os comhair Choiste Aershábháilteachta an Aontais a thabhairt d’údaráis eitlíochta na Rúise ná d’aon aeriompróir atá deimhnithe sa Rúis.

(65)

I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún dá bhrí sin nach bhfuil aon fhorais ann ag an bpointe seo le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas trí bhíthin aeriompróirí ón Rúis a chur san áireamh air.

(66)

Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh ag na haeriompróirí ón Rúis, trí bhíthin cigireachtaí rampa a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012.

(67)

I gcás ina mbraithfear, le linn na gcigireachtaí sin, aon ghar-riosca sábháilteachta a beith ann mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta, féadfaidh an Coimisiún toirmeasc ar a n-oibriú a fhorchur ar aeriompróirí lena mbaineann ag a bhfuil deimhniú Rúiseach agus iad a lua in Iarscríbhinn A nó Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006.

(68)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a leasú dá réir.

(69)

Aithnítear le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 an gá le cinntí a dhéanamh go tapa agus, i gcás inarb iomchuí, go práinneach, i bhfianaise na n-impleachtaí sábháilteachta. Tá sé fíor-riachtanach dá bharr sin, ar mhaithe le faisnéis íogair agus na daoine a thaistealaíonn a chosaint, go bhfoilseofaí aon chinneadh i gcomhthéacs uasdátú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc nó srian ar a n-oibriú laistigh den Aontas, agus go dtiocfadh sé i bhfeidhm láithreach tar éis a ghlactha.

(70)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste Aershábháilteachta an Aontais arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn A.

(2)

Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn B.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 344, 27.12.2005, lch. 15.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 14).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme don liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 8).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2014 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de chuid oibreoirí tríú tír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 133, 6.5.2014, lch. 12).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/736 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir teorainneacha oibriúcháin laistigh den Aontas (IO L 172, 3.6.2020, lch. 7).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/871 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2018 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas (IO L 152, 15.6.2018, lch. 5).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2214 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas (IO L 334, 9.12.2016, lch. 6).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 1543/2006 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2006 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 910/2006 (IO L 283, 14.10.2006, lch. 27).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/618 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir teorainneacha oibriúcháin laistigh den Aontas (IO L 106, 17.4.2019, lch. 1).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 235/2007 ón gCoimisiún an 5 Márta 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 66, 6.3.2007, lch. 3).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1400/2007 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 311, 29.11.2007, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

“IARSCRÍBHINN A

LIOSTA NA nAERIOMPRÓIRÍ A BHFUIL TOIRMEASC AR A nOIBRIÚ LAISTIGH DEN AONTAS, MAILLE LE hEISCEACHTAÍ (1)

Ainm eintiteas dlíthiúil an aeriompróra faoi mar a léirítear é ar a AOC (agus a ainm trádála, murab ionann é)

Uimhir an Teastais Aeroibreora (‘AOC’) nó Uimhir an Cheadúnais Oibríochta

Sainitheoir trí litir ICAO

Stádas an Oibreora

AVIOR AIRLINES

ROI-RNR-011

ROI

Veiniséala

BLUE WING AIRLINES

SRBWA-01/2002

BWI

Suranam

IRAN ASEMAN AIRLINES

FS-102

IRC

An Iaráin

IRAQI AIRWAYS

001

IAW

An Iaráic

MED-VIEW AIRLINE

MVA/AOC/10-12/05

MEV

An Nigéir

AIR ZIMBABWE (PVT)

177/04

AZW

An tSiombáib

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála na hAfganastáine, lena n-áirítear

 

 

An Afganastáin

ARIANA AFGHAN AIRLINES

AOC 009

AFG

An Afganastáin

KAM AIR

AOC 001

KMF

An Afganastáin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála Angóla, cé is moite de TAAG Angola Airlines agus Heli Malongo, lena n-áirítear

 

 

Angóla

AEROJET

AO-008/11-07/17 TEJ

TEJ

Angóla

GUICANGO

AO-009/11-06/17 YYY

Ní fios

Angóla

AIR JET

AO-006/11-08/18 MBC

MBC

Angóla

BESTFLYA AIRCRAFT MANAGEMENT

AO-015/15-06/17YYY

Ní fios

Angóla

HELIANG

AO 007/11-08/18 YYY

Ní fios

Angóla

SJL

AO-014/13-08/18YYY

Ní fios

Angóla

SONAIR

AO-002/11-08/17 SOR

SOR

Angóla

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála na hAirméine, lena n-áirítear

 

 

An Airméin

AIRCOMPANY ARMENIA

AM AOC 065

NGT

An Airméin

ARMENIA AIRWAYS

AM AOC 063

AMW

An Airméin

ARMENIAN HELICOPTERS

AM AOC 067

KAV

An Airméin

ATLANTIS ARMENIAN AIRLINES

AM AOC 068

AEU

An Airméin

FLY ARMENIA AIRWAYS

AM AOC 070

FBB

An Airméin

NOVAIR

AM AOC 071

NAI

An Airméin

SHIRAK AVIA

AM AOC 072

SHS

An Airméin

SKYBALL

AM AOC 073

N/B

An Airméin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála an Chongó (Brazzaville), lena n-áirítear

 

 

An Congó (Brazzaville)

CANADIAN AIRWAYS CONGO

CG-CTA 006

TWC

An Congó (Brazzaville)

EQUAFLIGHT SERVICES

CG-CTA 002

EKA

An Congó (Brazzaville)

EQUAJET

RAC06-007

EKJ

An Congó (Brazzaville)

TRANS AIR CONGO

CG-CTA 001

TSG

An Congó (Brazzaville)

SOCIETE NOUVELLE AIR CONGO

CG-CTA 004

Ní fios

An Congó (Brazzaville)

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC), lena n-áirítear

 

 

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

AIR FAST CONGO

AAC/DG/OPS-09/03

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

AIR KATANGA

AAC/DG/OPS-09/08

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

BUSY BEE CONGO

AAC/DG/OPS-09/04

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

COMPAGNIE AFRICAINE D’AVIATION (CAA)

AAC/DG/OPS-09/02

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

CONGO AIRWAYS

AAC/DG/OPS-09/01

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

KIN AVIA

AAC/DG/OPS-09/10

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

MALU AVIATION

AAC/DG/OPS-09/05

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

SERVE AIR CARGO

AAC/DG/OPS-09/07

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

SWALA AVIATION

AAC/DG/OPS-09/06

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC)

MWANT JET

AAC/DG/OPS-09/09

Ní fios

Poblacht Dhaonlathach an Chongó

(PDC)

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála Djibouti, lena n-áirítear

 

 

Djibouti

DAALLO AIRLINES

Ní fios

DAO

Djibouti

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála na Guine Meánchiorclaí, lena n-áirítear

 

 

An Ghuine Mheánchiorclach

CEIBA INTERCONTINENTAL

2011/0001/MTTCT/DGAC/SOPS

CEL

An Ghuine Mheánchiorclach

CRONOS AIRLINES

2011/0004/MTTCT/DGAC/SOPS

Ní fios

An Ghuine Mheánchiorclach

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála na hEiritré, lena n-áirítear

 

 

An Eiritré

ERITREAN AIRLINES

AOC Uimh. 004

ERT

An Eiritré

NASAIR ERITREA

AOC Uimh. 005

NAS

An Eiritré

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála na Cirgeastáine, lena n-áirítear

 

 

An Chirgeastáin

AEROSTAN

08

BSC

An Chirgeastáin

AIR COMPANY AIR KG

50

Ní fios

An Chirgeastáin

AIR MANAS

17

MBB

An Chirgeastáin

AVIA TRAFFIC COMPANY

23

AVJ

An Chirgeastáin

FLYSKY AIRLINES

53

FSQ

An Chirgeastáin

HELI SKY

47

HAC

An Chirgeastáin

KAP.KG AIRCOMPANY

52

KGS

An Chirgeastáin

SKY KG AIRLINES

41

KGK

An Chirgeastáin

TEZ JET

46

TEZ

An Chirgeastáin

VALOR AIR

07

VAC

An Chirgeastáin

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála na Libéire.

 

 

An Libéir

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála na Libia, lena n-áirítear

 

 

An Libia

AFRIQIYAH AIRWAYS

007/01

AAW

An Libia

AIR LIBYA

004/01

TLR

An Libia

AL MAHA AVIATION

030/18

Ní fios

An Libia

BURAQ AIR

002/01

BRQ

An Libia

GLOBAL AVIATION AND SERVICES

008/05

GAK

An Libia

LIBYAN AIRLINES

001/01

LAA

An Libia

LIBYAN WINGS AIRLINES

029/15

LWA

An Libia

PETRO AIR

025/08

PEO

An Libia

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála na Moldóive, cé is moite de Air Moldova, Fly One agus Aerotranscargo, lena n-áirítear

 

 

An Mholdóiv

Î.M “VALAN ICC” SRL

MD009

VLN

An Mholdóiv

CA “AIM AIR” SRL

MD015

AAM

An Mholdóiv

CA “AIM STORK” SRL

MD018

MSB

An Mholdóiv

CA “HISKY” SRL

MD025

HYM

An Mholdóiv

Î M “MEGAVIATION” SRL

MD019

ARM

An Mholdóiv

CA “PECOTOX-AIR” SRL

MD020

PXA

An Mholdóiv

CA “TERRA AVIA” SRL

MD022

TVR

An Mholdóiv

CA “FLY PRO” SRL

MD023

PVV

An Mholdóiv

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála Neipeal, lena n-áirítear

 

 

Neipeal

AIR DYNASTY HELI. S.

035/2001

Ní fios

Neipeal

ALTITUDE AIR

085/2016

Ní fios

Neipeal

BUDDHA AIR

014/1996

BHA

Neipeal

FISHTAIL AIR

017/2001

Ní fios

Neipeal

SUMMIT AIR

064/2010

Ní fios

Neipeal

HELI EVEREST

086/2016

Ní fios

Neipeal

HIMALAYA AIRLINES

084/2015

HIM

Neipeal

KAILASH HELICOPTER SERVICES

087/2018

Ní fios

Neipeal

MAKALU AIR

057A/2009

Ní fios

Neipeal

MANANG AIR PVT

082/2014

Ní fios

Neipeal

MOUNTAIN HELICOPTERS

055/2009

Ní fios

Neipeal

PRABHU HELICOPTERS

081/2013

Ní fios

Neipeal

NEPAL AIRLINES CORPORATION

003/2000

RNA

Neipeal

SAURYA AIRLINES

083/2014

Ní fios

Neipeal

SHREE AIRLINES

030/2002

SHA

Neipeal

SIMRIK AIR

034/2000

Ní fios

Neipeal

SIMRIK AIRLINES

052/2009

RMK

Neipeal

SITA AIR

033/2000

Ní fios

Neipeal

TARA AIR

053/2009

Ní fios

Neipeal

YETI AIRLINES

037/2004

NYT

Neipeal

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála São Tomé agus Príncipe, lena n-áirítear

 

 

São Tomé agus Príncipe

AFRICA’S CONNECTION

10/AOC/2008

ACH

São Tomé agus Príncipe

STP AIRWAYS

03/AOC/2006

STP

São Tomé agus Príncipe

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála Shiarra Leon

 

 

Siarra Leon

Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis a bhfuil freagracht acu as formhaoirseacht rialála na Súdáine, lena n-áirítear

 

 

An tSúdáin

ALFA AIRLINES SD

54

AAJ

An tSúdáin

BADR AIRLINES

35

BDR

An tSúdáin

BLUE BIRD AVIATION

11

BLB

An tSúdáin

ELDINDER AVIATION

8

DND

An tSúdáin

GREEN FLAG AVIATION

17

GNF

An tSúdáin

HELEJETIC AIR

57

HJT

An tSúdáin

KATA AIR TRANSPORT

9

KTV

An tSúdáin

KUSH AVIATION CO.

60

KUH

An tSúdáin

NOVA AIRWAYS

46

NOV

An tSúdáin

SUDAN AIRWAYS CO.

1

SUD

An tSúdáin

SUN AIR

51

SNR

An tSúdáin

TARCO AIR

56

TRQ

An tSúdáin


(1)  D’fhéadfaí cead a thabhairt d’aeriompróirí a liostaítear in Iarscríbhinn A cearta tráchta a fheidhmiú trí aerárthaí feistithe a léasú de chuid aeriompróir nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a oibriú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha.


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN B

LIOSTA NA nAERIOMPRÓIRÍ ATÁ FAOI RÉIR SRIANTA OIBRIÚCHÁIN LAISTIGH DEN AONTAS (1)

Ainm eintiteas dlíthiúil an aeriompróra faoi mar a léirítear é ar a AOC (agus a ainm trádála, murab ionann é)

Uimhir an Teastais Aeroibreora (‘AOC’)

Sainitheoir trí litir ICAO

Stádas an Oibreora

Cineál aerárthaigh a bhfuil srian uirthi

Cláruimhir nó cláruimhreacha agus, má tá a leithéid ann, sraithuimhir nó sraithuimhreacha déantúis aerárthaí a bhfuil srian orthu

Stát an chláraithe

AIR SERVICE COMORES

06-819/TA-15/DGACM

KMD

Oileáin Chomóra

An flít ar fad, cé is moite de: LET 410 UVP.

An flít ar fad, cé is moite de: D6-CAM (851336).

Oileáin Chomóra

IRAN AIR

FS100

IRA

An Iaráin

Gach aerárthach den chineál Fokker F100 agus den chineál Boeing B747.

Aerárthaí den chineál Fokker F100 mar a luaitear ar an AOC; aerárthaí den chineál Boeing B747 mar a luaitear ar an AOC.

An Iaráin

AIR KORYO

GAC-AOC/KOR-01

KOR

An Chóiré Thuaidh

An flít ar fad, cé is moite de: 2 aerárthach den chineál TU-204.

An flít ar fad, cé is moite de: P-632, P-633.

An Chóiré Thuaidh


(1)  D’fhéadfaí cead a thabhairt d’aeriompróirí a liostaítear in Iarscríbhinn B cearta tráchta a fheidhmiú trí aerárthaí feistithe a léasú de chuid aeriompróir nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a oibriú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha.


TREORACHA

2.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 194/37


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2021/884 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Márta 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tréimhse bhailíochta díolúine maidir le mearcair a úsáid i nascóirí rothlacha leictreacha a úsáidtear i gcórais íomháithe ultrafhuaime ionsoithíche

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1)(a) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Ní bhaineann an srian sin le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a bhaineann go sonrach le feistí leighis agus uirlisí faireacháin agus rialaithe agus a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Treoir Tharmligthe (AE) 2015/574 (2), dheonaigh an Coimisiún díolúine maidir le mearcair a úsáid i gcórais íomháithe ultrafhuaime ionsoithíche (“an díolúine”), tríd an bhfeidhm sin a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 30 Meitheamh 2019, i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 5(2) den Treoir sin.

(5)

Fuair an Coimisiún iarratas ar athnuachan na díolúine (“an iarraidh ar athnuachan”) an 6 Deireadh Fómhair 2017 atá laistigh den teorainn ama a leagadh síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE. I gcomhréir leis an bhforáil sin, beidh an díolúine bailí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ar an iarraidh ar athnuachan.

(6)

Áiríodh le meastóireacht na hiarrata ar athnuachan comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(7)

Úsáidtear mearcair i nascóirí rothlacha leictreacha na gcóras íomháithe ultrafhuaime ionsoithíche a sholáthraíonn conair na seoltachta leictrí idir an trasduchtóir rothlach agus an trealamh leictreonach suite. De thoradh an mhearcair, is féidir, inter alia, oibriúcháin ar mhinicíocht níos airde a dhéanamh as a mbaintear íomháú ar thaifeach níos airde, rud a théann chun tairbhe na n-othar.

(8)

De dheasca easpa roghanna eile, is dodhéanta go heolaíoch agus go teicniúil mearcair a ionadú nó a dhíothú faoi láthair i gcás na bhfeidhmeanna lena mbaineann. Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

Dá bhrí sin, is iomchuí an athnuachan ar an díolúine a dheonú.

(10)

Ba cheart an díolúine a athnuachan ar feadh na tréimhse uasta 7 mbliana go dtí an 30 Meitheamh 2026, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) agus an tríú fomhír d’Airteagal 5(2) de Threoir 2011/65/AE. I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Treoir Tharmligthe (AE) 2015/574 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2015 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine maidir le mearcair a úsáid i gcórais íomháithe ultrafhuaime ionsoithíche (IO L 94, 10.4.2015, lch. 6).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In iontráil 42 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Rachaidh an díolúine in éag an 30 Meitheamh 2026.”


CINNTÍ

2.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 194/40


CINNEADH (AE) 2021/885 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2021

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus don Albáin, don Bheilg, don Chróit, don Eastóin, d’Éirinn, don Fhrainc, don Ghearmáin, don Ghréig, don Iodáil, don Laitvia, don Liotuáin, do Lucsamburg, do Mhontainéagró, don Ostair, don Phortaingéil, don Rómáin, don tSeicia, don tSeirbia, don Spáinn, agus don Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

Ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (2), agus go háirithe pointe 10 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ciste”) cur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha do staideanna éigeandála chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún a mbuaileann tubaistí nádúrtha móra nó réigiúnacha iad nó mór-éigeandáil sláinte poiblí.

(2)

Ní fhéadfaidh a bheith sa Chiste níos mó ná na huasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal (9) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3). I gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus 9(4) den Rialachán sin, is é EUR 477 543 750 an t-uasmhéid is féidir leis an gCiste a shlógadh ó leithdháileadh 2021 go dtí an 1 Meán Fómhair 2021. I gcomhréir le hAirteagal 4a(4) de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002, inscríobhadh EUR 50 000 000 sa bhuiséad ginearálta don bhliain airgeadais 2021 cheana (i ngealltanais agus in íocaíochtaí) chun airleacain a íoc. Ina theannta sin, níor úsáideadh méid EUR 47 981 598 de leithdháileadh 2020 go dtí deireadh na bliana sin agus tugadh anonn go dtí 2021 é. Dá bhrí sin, is é EUR 525 525 348 an t-uasmhéid atá ar fáil faoi CDAE ag an bpointe seo in 2021, agus is leor an tsuim sin chun na riachtanais faoin gCinneadh seo a chumhdach.

(3)

An 29 Deireadh Fómhair 2020, chuir an Ghréig iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis na dtuilte i mí Lúnasa 2020 in Sterea Ellada.

(4)

An 9 Nollaig 2020, chuir an Ghréig iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, de bharr an damáiste a rinne an cioclón Ianos i Meán Fómhair 2020, cioclón a chuir isteach ar na réigiúin Ionia Nisia, Sterea Ellada, Ditiki Ellada, Thessalia agus Peloponnisos.

(5)

An 22 Eanáir 2021, chuir an Ghréig iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, tar éis an chreatha talún i mí Dheireadh Fómhair 2020 a bhuail na hoileáin Samas, Ikaria agus Cíos.

(6)

An 21 Nollaig 2020, chuir an Fhrainc iarratas isteach chun an Ciste a shlógadh, de bharr an damáiste a rinne an stoirm Alex i réigiún Provence-Alpes-Côtes d’Azur i mí Dheireadh Fómhair 2020.

(7)

Faoin 24 Meitheamh 2020, chuir an Albáin, an Bheilg, an Chróit, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Montainéagró, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSeirbia agus an Spáinn agus an Ungáir iarratais isteach chun an Ciste shlógadh i ndáil leis an mór-éigeandáil sláinte poiblí a bhí ann de dheasca phaindéim COVID-19 go luath in 2020.

(8)

Tá na hiarratais ó na stáit sin i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a thabhairt ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Ciste a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus leis an Albáin, an Bheilg, an Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Montainéagró, an Ostair, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSeirbia, an Spáinn, an Ungáir i ndáil leis an mór-éigeandáil sláinte phoiblí.

(10)

I gcás na Cróite, ós rud é gur mó an t-airleacan a íocadh cheana ná an méid deireadh cúnaimh, ní gá aon mhéid breise a shlógadh agus aisghabhfar an t-airleacan a íocadh go míchuí i gcomhréir le hAirteagal 4a de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

(11)

Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2021, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí i ndáil le tubaistí nádúrtha a shlógfar na méideanna seo a leanas faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:

(a)

tabharfar an méid EUR 3 300 100 don Ghréig i ndáil leis na tuilte in Sterea Ellada, lena n-áirítear EUR 330 010 mar réamhíocaíocht;

(b)

tabharfar an méid EUR 21 588 519 don Ghréig i ndáil leis an gcioclón Ianos, lena n-áirítear an méid EUR 2 158 852 mar réamhíocaíocht;

(c)

tabharfar an méid EUR 2 531 301 don Ghréig i ndáil leis an gcrith talún sna hoileáin Samas, Chios agus Ikaria, lena n-áirítear EUR 253 131 mar réamhíocaíocht;

(d)

tabharfar an méid EUR 59 325 000 don Fhrainc i ndáil leis an stoirm Alex, lena n-áirítear an méid EUR 5 932 500 mar réamhíocaíocht.

Airteagal 2

I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2021, is ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí i ndáil le mór-éigeandáil sláinte poiblí a shlógfar Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh:

(a)

tabharfar an méid EUR 905 271 don Albáin;

(b)

tabharfar an méid EUR 31 755 580 don Ostair;

(c)

tabharfar an méid EUR 37 298 777 don Bheilg;

(d)

tabharfar an méid EUR 17 373 205 don tSeicia;

(e)

tabharfar an méid EUR 3 588 755 don Eastóin;

(f)

tabharfar an méid EUR 91 365 053 don Fhrainc;

(g)

tabharfar an méid EUR 13 648 386 don Ghearmáin;

(h)

tabharfar an méid EUR 3 994 022 don Ghréig;

(i)

tabharfar an méid EUR 13 136 857 don Ungáir;

(j)

tabharfar an méid EUR 20 480 330 d’Éirinn;

(k)

tabharfar an méid EUR 76 271 930 don Iodáil;

(l)

tabharfar an méid EUR 1 177 677 don Laitvia;

(m)

tabharfar an méid EUR 2 828 291 don Liotuáin;

(n)

tabharfar an méid EUR 2 857 025 do Lucsamburg;

(o)

tabharfar an méid EUR 199 505 do Mhontainéagró;

(p)

tabharfar an méid EUR 18 039 670 don Phortaingéil;

(q)

tabharfar an méid EUR 13 926 870 don Rómáin;

(r)

tabharfar an méid EUR 11 968 276 don tSeirbia;

(s)

tabharfar an méid EUR 36 639 441 don Spáinn.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 20 Bealtaine 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)   IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.

(2)   IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).


2.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 194/43


CINNEADH (AE) 2021/886 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2021

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón Eastóin – EGF/2020/002 EE/Estonia Tourism

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (2), agus go háirithe pointe 9 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála ar fud an domhain de thoradh an domhandaithe, nó de bhrí gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch eile, agus cabhrú le hath-imeascadh na n-oibrithe sin sa mhargadh saothair.

(2)

Ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018) faoi mar a leagtar síos in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (3).

(3)

An 12 Samhain 2020, chuir an Eastóin iarratas isteach i dtaca le CED a shlógadh i ndáil le hiomarcaíochtaí agus scor gníomhaíochtaí (dá ngairtear “iomarcaíochtaí” anseo feasta) i dtionscal na turasóireachta, a shainmhínítear de réir na n-earnálacha eacnamaíocha a aicmítear faoi aicmiúchán staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíochta sa Chomhphobal Eorpach (“NACE”), Athbhreithniú 2, Rannán 45 (Trádáil mhórdhíola agus mhiondíola agus deisiú mótarfheithiclí agus gluaisrothar), 49 (Iompar ar talamh agus iompar trí phíblínte), 50 (Iompar ar uisce), 51 (Aeriompar), 52 (Ollstóráil agus gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh iompair), 55 (Cóiríocht), 56 (Gníomhaíochtaí seirbhísí bia agus deochanna), 74 (Gníomhaíochtaí eile gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla), 77 (Gníomhaíochtaí ligean ar cíos agus léasaithe), 79 (Gníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaireachtaí taistil, tionscnóirí turas, seirbhísí áirithinte agus seirbhísí eile den chineál sin), 90 (Gníomhaíochtaí cruthaitheacha, ealaíon nó siamsaíochta), 91 (Leabharlanna, cartlanna, músaeim agus gníomhaíochtaí cultúir eile), 92 (Gníomhaíochtaí cearrbhachais agus gealltóireachta), 93 (Gníomhaíochtaí spórt, agus gníomhaíochtaí fóillíochta agus áineasa), san Eastóin. Is aonad amháin i measc réigiúin leibhéal 2 í an Eastóin de réir Ainmníocht na nAonad Críche um Staidreamh (“NUTS”) (4) na nAonad Críche um Staidreamh (“NUTS”). Mar fhorlíonadh ar an iarratas, soláthraíodh faisnéis bhreise i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíonann an t-iarratas na ceanglais maidir le ranníocaíocht airgeadais ó CED a chinneadh, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, meastar gur inghlactha an t-iarratas ón Eastóin ós rud é go bhfuil tionchar tromchúiseach ag na hiomarcaíochtaí ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar náisiúnta.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 4 474 480 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Eastóin isteach.

(6)

Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an bhfad ama a thógfaidh sé CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ón dáta a ghlacfar é,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Faoi chuimsiú bhuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh na bliana airgeadais 2021, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun méid EUR 4 474 480 a sholáthar ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ina leithreasuithe íocaíochta.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 20 Bealtaine 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D. M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.

(2)   IO L 433I, 22.12.2020, lch. 29.

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1046/2012 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críche le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú a mhéid a bhaineann le tarchur na hamshraithe le haghaidh an mhiondealaithe réigiúnaigh nua (IO L 310, 9.11.2012, lch. 34).