|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
|
28.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/847 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2021
lena mbunaítear an clár “Fiscalis” chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 114 agus 197 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le clár Fiscalis 2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus a chuireann an Coimisiún chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na tíortha comhlachaithe, chomh maith lena chláir réamhtheachtacha, rannchuidíodh go mór le comhar a éascú agus a fheabhsú idir údaráis chánach laistigh den Aontas. D’aithin údaráis chánach na dtíortha rannpháirteacha breisluach na gclár sin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha na mBallstát agus an cháiníocóra a chosaint. Ní féidir dul i ngleic leis na dúshláin do na chéad deich mbliana eile ach amháin má bhreathnaíonn na Ballstáit níos faide ná teorainneacha a gcríoch riaracháin féin agus má théann siad i ndlúthchomhar lena gcontrapháirtithe. |
|
(2) |
Le clár Fiscalis 2020, cuirtear creat Aontais ar fáil do na Ballstáit inar féidir gníomhaíochtaí comhair a fhorbairt. Tá an creat sin níos costéifeachtúla ná mar a bheadh i gcás ina gcuirfeadh gach Ballstát a chreata comhair aonair ar bun ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach. Is iomchuí a áirithiú, dá bhrí sin, go leanfar de chlár Fiscalis 2020 trí chlár nua a bhunú sa réimse céanna, clár Fiscalis (“an Clár”). |
|
(3) |
Trí chreat a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí, ar creat é lena dtugtar tacaíocht don mhargadh inmheánach, lena gcothaítear iomaíochas an Aontais agus lena gcosnaítear leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát, leis an gClár, ba cheart rannchuidiú leis an méid seo: tacú le beartas cánach agus tacú le dlí an Aontais maidir leis an gcánachas a chur chun feidhme; calaois chánach, imghabháil cánach, pleanáil ionsaitheach cánach agus neamhchánachas dúbailte a chosc agus a chomhrac; ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a chosc agus a laghdú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí in idirbhearta trasteorann; tacú le córais chánach atá níos cothroime agus níos éifeachtúla; lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach agus iomaíochas cóir san Aontas a chothú; tacú le cur chuige comhpháirteach ón Aontas i bhfóraim idirnáisiúnta; tacú le fothú acmhainneachta riaracháin na n-údarás cánach, lena n-áirítear trí nuachóiriú a dhéanamh ar theicnící tuairiscithe agus iniúchta; chomh maith le tacú le hoiliúint a chur ar fhoireann na n-údarás cánach i ndáil leis sin. |
|
(4) |
Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár, arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (4), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. |
|
(5) |
Chun an próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, ba cheart an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht tíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí, mar aon le hiarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. D’fhéadfaí é a oscailt do thríú tíortha eile freisin, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha idir an tAontas agus na tíortha sin lena gcumhdaítear a rannpháirtíocht in aon chlár de chuid an Aontais. |
|
(6) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (an “Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár seo. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha. |
|
(7) |
Léiríodh go bhfuil na gníomhaíochtaí faoi chlár Fiscalis 2020 leordhóthanach agus gur cheart, dá bhrí sin, iad a choinneáil. Chun simplíocht agus solúbthacht bhreise a sholáthar agus an clár á chur i ngníomh agus, ar an dóigh sin, chun gurbh fhearr ab fhéidir a chuspóirí a bhaint amach, níor cheart na gníomhaíochtaí a shainiú ach amháin ó thaobh catagóirí foriomlána de, le liosta samplaí léiriúcháin de ghníomhaíochtaí nithiúla, amhail cruinnithe agus imeachtaí ad hoc comhchosúla, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, láithreacht in oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosruithe riaracháin, comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iniúchtaí comhpháirteacha, agus fothú acmhainneachta TF, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, rochtain atá ag údaráis chánach ar chláir idirnasctha. I gcás inarb iomchuí, ba cheart é a bheith mar aidhm le gníomhaíochtaí aghaidh a thabhairt ar thopaicí tosaíochta chun cuspóirí an Chláir a chomhlíonadh. Trí chomhar agus trí fhothú acmhainneachta, leis an gClár, ba cheart tacaíocht a thabhairt do ghlacadh agus úsáid éifeachtach na nuálaíochta agus an méid sin a chur chun cinn, ionas gurbh fhearr ab fhéidir na príomhthosaíochtaí cánachais a bhaint amach. |
|
(8) |
I bhfianaise soghluaisteacht mhéadaithe cáiníocóirí, líon na n-idirbheart trasteorann, idirnáisiúnú ionstraimí airgeadais agus an riosca níos mó a eascraíonn uaidh sin go dtarlódh calaois chánach, imghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach, a bhfuil i bhfad níos mó ná teorainneacha an Aontais i gceist leo uile, d’fhéadfadh sé gur le leas an Aontais nó na mBallstát a bheadh sé oiriúnaithe a dhéanamh ar chórais leictreonacha Eorpacha le haghaidh comhar le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus eagraíochtaí idirnáisiúnta nó na córais sin a shíneadh leo. Go háirithe, le hoiriúnuithe agus síntí den sórt sin, bheifí in ann an t-ualach riaracháin agus na costais a sheachaint a bheadh i gceist le dhá chóras leictreonacha comhchosúla a fhorbairt, ceann chun faisnéis a mhalartú san Aontas agus ceann eile chun faisnéis a mhalartú go hidirnáisiúnta. Dá bhrí sin, nuair a bhíonn údar cuí leis i ngeall ar an leas sin, ba cheart oiriúnuithe agus síntí den sórt sin a bheith incháilithe chun cistiú a fháil faoin gClár. |
|
(9) |
I ngeall ar an tábhacht a bhaineann le domhandú agus an tábhacht a bhaineann le calaois chánach, imghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach a chomhrac, ba cheart leanúint de dheis rannpháirtíochta a thabhairt do shaineolaithe seachtracha leis an gClár de réir bhrí Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais. Ba cheart do shaineolaithe seachtracha den sórt sin a bheith ina n-ionadaithe ó údaráis rialtais, lena n-áirítear údaráis rialtais ó thríú tíortha neamhchomhlachaithe, lena n-áirítear tíortha is lú forbairt, den chuid is mó, mar aon le hionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó oibreoirí eacnamaíocha, ó cháiníocóirí agus ón tsochaí shibhialta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go dtuigfí le tír is lú forbairt tríú tír nó críoch nach den Aontas Eorpach iad atá incháilithe chun cúnamh oifigiúil um fhorbairt a fháil i gcomhréir leis an liosta ábhartha a chuireann an Coiste Cúnaimh Forbartha den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ar fáil go poiblí agus bunaithe ar shainmhíniú na Náisiún Aontaithe ar na tíortha is lú forbairt. Ba cheart roghnú na saineolaithe sna grúpaí saineolaithe a bheith bunaithe ar an gcinneadh ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2016 lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin. A mhéid a bhaineann le saineolaithe a cheaptar ina gcáil phearsanta chun feidhmiú go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil na saineolaithe sin neamhchlaonta, nach bhfuil aon fhéidearthacht ann go mbeadh coinbhleachtaí leasa acu lena bhfreagrachtaí gairmiúla agus go bhfuil faisnéis ar fáil go poiblí maidir lena roghnú agus lena rannpháirtíocht. |
|
(10) |
I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin comhleanúnachas agus simpliú clár cistithe a áirithiú, a leagtar amach sa teachtaireacht uaidh an 19 Deireadh Fómhair 2010 maidir le hAthbhreithniú Bhuiséad AE, ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí cistithe eile de chuid an Aontais más ionann na cuspóirí atá á saothrú leis na gníomhaíochtaí a bheartaítear faoin gClár agus cuspóirí na n-ionstraimí cistithe éagsúla, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh. Le gníomhaíochtaí faoin gClár, ba cheart comhleanúnachas a áirithiú ó thaobh úsáid acmhainní an Aontais de chun tacaíocht a thabhairt do bheartas cánach agus d’údaráis chánach. |
|
(11) |
D’fhonn go mbeadh costéifeachtúlacht ann, ba cheart, leis an gClár, leas a bhaint as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le bearta eile de chuid an Aontais i réimsí gaolmhara, amhail an Clár Custaim arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Clár Frith-Chalaoise an Aontais arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), Clár an Mhargaidh Aonair arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil arna bunú le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
|
(12) |
Meastar go n-úsáidfear an chuid is mó den bhuiséad faoin gClár le haghaidh gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta Teicneolaíochta Faisnéise (TF). Dá bhrí sin, i bhforálacha sonracha, ba cheart cur síos a dhéanamh ar na comhpháirteanna comhchoiteanna agus náisiúnta de na córais leictreonacha Eorpacha agus ba cheart idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Thairis sin, ba cheart raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát a shainiú go soiléir. A mhéid is féidir é, ba cheart idir-inoibritheacht a bheith idir comhpháirteanna comhchoiteanna agus náisiúnta na gcóras leictreonach Eorpach, agus ba cheart sineirgí a bheith ann le córais leictreonacha eile de chláir ábhartha an Aontais. |
|
(13) |
I láthair na huaire, níl aon cheanglas ann maidir le Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais a tharraingt suas chun timpeallacht leictreonach atá comhleanúnach idir-inoibritheach a chruthú le haghaidh cánachas san Aontas. Chun a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF comhleanúnach agus comhordaithe, ba cheart foráil a dhéanamh sa Chlár maidir leis an gceanglas plean den sórt sin a tharraingt suas, arb é atá i gceist leis uirlis phleanála ar cheart í a bheith comhlíontach de réir na n-oibleagáidí a eascraíonn as gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais agus nár cheart í a bheith ag dul thar na hoibleagáidí sin. |
|
(14) |
Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme trí bhíthin cláir oibre. I bhfianaise gur de chineál meántéarma go fadtéarma iad na cuspóirí arna saothrú agus taithí a fuarthas le himeacht ama mar dhúshraith, ba cheart é a bheith indéanta roinnt blianta a chumhdach i gcláir oibre. Laghdófaí an t-ualach riaracháin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon le haistriú ó chláir oibre bhliantúla go cláir oibre ilbhliantúla, ar cheart iad a bheith ag cuimsiú tréimhse nach nó ná 3 bliana. |
|
(15) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
|
(16) |
De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (12), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh. Maidir leis na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh, ar cheart iad a dhéanamh ar dháta nach déanaí ná 4 bliana tar éis thús chur chun feidhme agus thabhairt chun críche an Chláir, faoi seach, ba cheart dóibh rannchuidiú le próiseas cinnteoireachta na gcéad chreataí airgeadais ilbhliantúla eile. Ba cheart leis na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh freisin aghaidh a thabhairt ar na constaicí atá fós i mbealach bhaint amach chuspóirí an Chláir agus moltaí a dhéanamh maidir leis an dea-chleachtas. Chomh maith leis na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh, mar chuid den chóras tuairiscithe feidhmíochta, ba cheart tuarascálacha ar an dul chun cinn a eisiúint chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta. Ba cheart achoimre a áireamh sna tuarascálacha sin, ar achoimre í ar na ceachtanna atá foghlamtha agus, i gcás inarb iomchuí, ar na constaicí a bhí ann, i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí an Chláir a tharla sa bhliain i dtrácht. |
|
(17) |
Ba cheart don Choimisiún seimineáir rialta d’údaráis chánach a eagrú ina bpléann ionadaithe ó Bhallstáit is tairbhithe saincheisteanna agus ina molann siad feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh a bhaineann le cuspóirí an Chláir, lena n-áirítear an malartú faisnéise idir na húdaráis chánach. |
|
(18) |
Chun freagairt go hiomchuí ar athruithe i dtosaíochtaí beartais cánach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí chun baint amach chuspóirí sonracha an Chláir a thomhas agus an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(19) |
I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (14), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (15) agus (AE) 2017/1939 (16) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid Aontais chun comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. |
|
(20) |
Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (18), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach. |
|
(21) |
Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo do sheiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint. |
|
(22) |
Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a roghnófar faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostas rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar riosca an neamhchomhlíonta a mheastar a bheith ann. Ba cheart, leis an rogha sin, cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as maoiniú ar ráta comhréidh agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach bhfuil baint aige le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. Ba cheart na costais incháilithe a chinneadh trí thagairt do chineál na ngníomhaíochtaí incháilithe. Tá ríthábhacht ag baint le cumhdach na gcostas taistil, lóistín agus cothabhála le haghaidh rannpháirtithe i gcruinnithe agus in imeachtaí ad hoc comhchosúla agus le cumhdach na gcostas atá nasctha le heagrú imeachtaí, chun rannpháirtíocht saineolaithe náisiúnta agus údarás cánach i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha a áirithiú. |
|
(23) |
I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain do ghníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, ní incháilithe na costais a thabhófar roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach a sheachaint ar thacaíocht ón Aontas, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais, ba cheart é a bheith indéanta foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin, le linn tréimhse teoranta ama ag tús an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, agus i gcásanna cuí-réasúnaithe amháin, d’incháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas ó thús na bliana airgeadais 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme iad agus gur tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas. |
|
(24) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
|
(25) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 a aisghairm. |
|
(26) |
Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar cur chun feidhme a thosú ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, bunaítear an clár “Fiscalis” chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais (an “Clár”) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
Leis an Rialachán seo, leagtar síos cuspóirí an Chláir, buiséad an Chláir don tréimhse 2021-2027, na cineálacha cistithe ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “cánachas” ábhair, lena n-áirítear dearadh, riarachán, forfheidhmiú agus comhlíonadh, i ndáil leis na cánacha agus leis na dleachtanna seo a leanas:
|
|
(2) |
ciallaíonn “údaráis chánach” údaráis phoiblí agus comhlachtaí eile atá freagrach as cánachas nó as gníomhaíochtaí a bhaineann le cáin; |
|
(3) |
ciallaíonn “córas leictreonach Eorpach” córas leictreonach atá riachtanach do chánachas agus do mhisin údarás cánach a fhorghníomhú. |
Airteagal 3
Cuspóirí an chláir
1. Is iad cuspóirí ginearálta an Chláir tacaíocht a thabhairt d’údaráis chánach agus do chánachas chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, iomaíochas an Aontais agus iomaíocht chóir san Aontas a chothú, leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, lena n-áirítear na leasanna sin a chosaint ar chalaois chánach, ar imghabháil cánach agus ar phleanáil ionsaitheach cánach, agus bailiú cánach a fheabhsú.
2. Is iad cuspóirí sonracha an Chláir tacú le beartas cánach agus le dlí an Aontais maidir leis an gcánachas a chur chun feidhme, comhar idir údaráis chánach a chothú, lena n-áirítear faisnéis chánach a mhalartú, agus tacú le fothú acmhainneachta riaracháin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hinniúlacht an duine agus córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú.
Airteagal 4
Buiséad
1. Is é EUR 269 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an chláir don tréimhse 2021-2027.
2. Féadfar a chumhdach freisin, leis an méid dá dtagraítear i mír 1, speansais maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le bainistiú an Chláir agus le meastóireacht a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí an Chláir. Ina theannta sin, féadfar a chumhdach leis speansais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, a fhad a bhaineann siad sin le cuspóirí an chláir, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú an Chláir.
Airteagal 5
Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár
Beidh an clár oscailte do rannpháirtíocht na dtríú tíortha seo a leanas:
|
(a) |
tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin; |
|
(b) |
tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin, ar choinníoll go bhfuil leibhéal ard go leor comhfhogasaithe bainte amach ag na tíortha sin i dtaca le reachtaíocht agus modhanna riaracháin ábhartha an Aontais; |
|
(c) |
tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:
|
Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) den chéad mhír.
Airteagal 6
Cur chun feidhme agus cineálacha cistithe ón Aontas
1. Is faoin mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.
2. Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár in aon cheann de na cineálacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe trí dheontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíocht speansas taistil agus cothaithe arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha.
CAIBIDIL II
Incháilitheacht
Airteagal 7
Gníomhaíochtaí incháilithe
1. Ní bheidh ach gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach incháilithe chun cistiú a fháil.
2. Ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, áireofar an méid seo a leanas:
|
(a) |
cruinnithe agus imeachtaí ad hoc comhchosúla; |
|
(b) |
comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe; |
|
(c) |
gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF, go háirithe forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach; |
|
(d) |
gníomhaíochtaí maidir le hinniúlacht an duine a fhothú agus gníomhaíochtaí fothú acmhainneachta eile; |
|
(e) |
gníomhaíochtaí tacaíochta agus gníomhaíochtaí eile, lena n-áirítear:
In Iarscríbhinn I, tá liosta neamh-uileghabhálach de chineálacha gníomhaíochtaí ábhartha a d’fhéadfadh a bheith i gceist dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) den chéad fhomhír. In Iarscríbhinn III, tá liosta neamh-uileghabhálach de thopaicí tosaíochta le haghaidh gníomhaíochtaí. |
3. Maidir le gníomhaíochtaí arb é atá i gceist leo oiriúnuithe do chomhpháirteanna comhchoiteanna de na córais leictreonacha Eorpacha nó síntí leo a fhorbairt agus a oibriú le haghaidh comhar le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, beidh siad incháilithe le haghaidh cistiú nuair is chun leas an Aontais nó na mBallstát atá siad. Cuirfidh an Coimisiún na socruithe riaracháin is gá i bhfeidhm, lena bhféadfar foráil a dhéanamh go ndéanfaidh na tríú páirtithe lena mbaineann ranníocaíocht airgeadais do na gníomhaíochtaí sin.
4. I gcás ina bhfuil baint ag gníomhaíocht fothaithe acmhainneachta TF dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo le forbairt agus oibriú córais leictreonaigh Eorpaigh, ní bheidh ach na costais a bhaineann leis na freagrachtaí arna dtabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 11(2) incháilithe le haghaidh cistiú faoin gClár. Is iad na Ballstáit a íocfaidh na costais a bhaineann leis na freagrachtaí a thugtar dóibh de bhun Airteagal 11(3).
Airteagal 8
Rannpháirtíocht saineolaithe seachtracha
1. Aon uair inar tairbhiúil chun gníomhaíocht lena gcuirtear chun feidhme cuspóirí an Chláir a leagtar amach in Airteagal 3 a chur i gcrích, i gcás ionadaithe ó údaráis rialtais, lena n-áirítear iad siúd ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, lena n-áirítear ó thíortha is lú forbairt, agus, i gcás inarb ábhartha, ionadaithe ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile, ionadaithe ó oibreoirí eacnamaíocha, ionadaithe ó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’oibreoirí eacnamaíocha agus ionadaithe ón tsochaí shibhialta, féadfaidh siad páirt a ghlacadh mar shaineolaithe seachtracha i ngníomhaíocht den sórt sin.
2. Beidh costais arna dtabhú ag na saineolaithe seachtracha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo incháilithe le haghaidh aisíocaíocht faoin gClár i gcomhréir le hAirteagal 238 den Rialachán Airgeadais.
3. Roghnóidh an Coimisiún na saineolaithe seachtracha dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear as measc saineolaithe a mholann na Ballstáit, ar bhonn na scileanna, na taithí agus an eolais atá acu is ábhartha don ghníomhaíocht shonrach, ar bhonn ad hoc, bunaithe ar na riachtanais.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú, inter alia, ar neamhchlaontacht na saineolaithe seachtracha sin agus fiosróidh sé an bhfuil coinbhleacht leasa ann lena bhfreagrachtaí gairmiúla.
CAIBIDIL III
Deontais
Airteagal 9
Dámhachtain, comhlántacht agus cistiú comhcheangailte
1. Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.
2. Gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoi chlár eile de chuid an Aontais, féadfaidh sí ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí éagsúla na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht, agus féadfar an tacaíocht as cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.
3. I gcomhréir le pointe (f) den chéad fhomhír d’Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais, dámhfar deontais gan glao ar thograí i gcás inar údaráis chánach de chuid na mBallstát agus tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo iad na heintitis incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 den Rialachán seo.
4. I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin agus ar feadh tréimhse theoranta, féadfar a mheas gurb incháilithe ón 1 Eanáir 2021 gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Rialachán seo agus na costais bhunúsacha, fiú má cuireadh chun feidhme iad agus má tabhaíodh iad sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.
Airteagal 10
Ráta cómhaoiniúcháin
1. De mhaolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais, féadfar suas le 100 % de chostais incháilithe gníomhaíochta a mhaoiniú leis an gClár.
2. Sna cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 13, leagfar amach an ráta cómhaoinithe is infheidhme i gcás ina n-éileofar go ndámhfar deontais de réir na ngníomhaíochtaí.
CAIBIDIL IV
Forálacha sonracha maidir le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta tf
Airteagal 11
Freagrachtaí
1. Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit, i gcomhpháirt le chéile, forbairt agus oibriú na gcóras leictreonach Eorpach a liostaítear sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá dtagraítear in Airteagal 12 (“MASP-T”), lena n-áirítear dearadh, sonraíocht, tástáil comhréireachta, úsáid, cothabháil, éabhlóid, slándáil, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta na gcóras sin.
2. Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
forbairt agus oibriú na gcomhpháirteanna comhchoiteanna arna mbunú faoi MASP-T; |
|
(b) |
forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú go foriomlán d’fhonn iad a oibriú, a idirnascadh agus a fheabhsú go leanúnach agus a chur chun feidhme ar bhealach sioncronaithe; |
|
(c) |
comhordú córas leictreonach Eorpach ar leibhéal an Aontais d’fhonn iad a chur chun cinn agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta; |
|
(d) |
forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú a mhéid a bhaineann lena n-idirghníomhaíocht le tríú páirtithe, seachas gníomhaíochtaí atá ceaptha chun ceanglais náisiúnta a chomhlíonadh; |
|
(e) |
comhordú córas leictreonach Eorpach le gníomhaíochtaí ábhartha eile ar leibhéal an Aontais a bhaineann le ríomhrialtas. |
3. Áiritheoidh gach Ballstát an méid seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
forbairt agus oibriú na gcomhpháirteanna náisiúnta arna mbunú faoi MASP-T; |
|
(b) |
forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta córas leictreonach Eorpach a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta; |
|
(c) |
córais leictreonacha Eorpacha a chomhordú le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomhrialtas ar an leibhéal náisiúnta; |
|
(d) |
soláthar rialta faisnéise don Choimisiún maidir leis na bearta atá déanta aige chun go mbeidh a n-údaráis agus a n-oibreoirí eacnamaíocha in ann lánúsáid a bhaint as córais leictreonacha Eorpacha; |
|
(e) |
cur chun feidhme córas leictreonach Eorpach ar an leibhéal náisiúnta. |
Airteagal 12
Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais
1. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais (MASP-T) a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta. Déanfar MASP-T a ailíniú leis na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais. Liostófar ann gach cúram atá ábhartha chun córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú agus aicmeofar ann gach córas leictreonach Eorpach, nó cuid de chóras leictreonach Eorpach den sórt sin, mar a leanas:
|
(a) |
comhpháirt chomhchoiteann, rud a chiallaíonn comhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais, atá ar fáil do gach Ballstát nó atá sainaitheanta mar chomhpháirt chomhchoiteann ag an gCoimisiún ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála agus cuíchóirithe; |
|
(b) |
comhpháirt náisiúnta, rud a chiallaíonn comhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar an leibhéal náisiúnta, atá ar fáil sa Bhallstát a chruthaigh í nó a rannchuidigh lena cruthú comhpháirteach; nó |
|
(c) |
meascán de na comhpháirteanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b). |
2. Ina theannta sin, cumhdófar in MASP-T gníomhaíochtaí nuálaíochta agus treoirghníomhaíochtaí, mar aon leis na modheolaíochtaí agus uirlisí tacaíochta a bhaineann leis na córais leictreonacha Eorpacha.
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach cúram a shanntar dóibh faoi MASP-T a bheith curtha i gcrích. Tuairisceoidh siad go rialta don Choimisiún freisin maidir leis an dul chun cinn a dhéanfaidh siad lena gcúraimí.
4. Tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar an dul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme MASP-T sa tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin. Beidh na tuarascálacha bliantúla sin bunaithe ar fhormáid réamhshocraithe.
5. Tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil chomhdhlúite a tharraingt suas ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 4, ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme MASP-T, agus déanfaidh sé an tuarascáil sin a phoibliú.
CAIBIDIL V
Clársceidealú, faireachán, meastóireacht agus rialú
Airteagal 13
Clár oibre
1. Is trí chláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 110(2) den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme.
2. Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre ilbhliantúla trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
Airteagal 14
Faireachán agus tuairisciú
1. Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chiste maidir le gnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar síos in Airteagal 3(2).
2. Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir maidir le gnóthú a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 17, chun Iarscríbhinn II a leasú d’fhonn na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá sin, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.
3. Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais.
Airteagal 15
Meastóireacht
1. Déanfar meastóireachtaí ar an gClár sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta ar bhealach tráthúil. Déanfaidh an Coimisiún na meastóireachtaí sin a chur ar fáil go poiblí.
2. A luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar an gClár.
3. I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.
4. Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh, lena n-áirítear a bharúlacha féin, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.
Airteagal 16
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.
CAIBIDIL VI
An tarmligean a fheidhmiú agus an nós imeachta coiste
Airteagal 17
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 18
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste dá ngairfear “an Coiste um Chlár Fiscalis” cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL VII
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht
Airteagal 19
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht
1. Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.
2. Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chláir agus leis na torthaí a baineadh amach. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorporáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.
CAIBIDIL VIII
Forálacha idirthréimseacha agus forálacha críochnaitheacha
Airteagal 20
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.
Airteagal 21
Forálacha idirthréimhseacha
1. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013, ar Rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.
2. Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na costais theicniúla agus cúnaimh riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 a áirithiú.
3. Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na costais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.
Airteagal 22
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D.M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.P. ZACARIAS
(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 118.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 10 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 25).
(4) IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.
(5) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2021/444 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár Custaim chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1294/2013 (IO L 87, 15.3.2021, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2021/785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 110).
(8) Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(10) Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, p. 1).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(12) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(13) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(14) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(15) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(16) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(17) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(18) IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.
(19) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
(20) Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 21).
(21) Treoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí na ndleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe (IO L 176, 5.7.2011, lch. 24).
(22) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).
(23) Treoir 2010/24/AE ón gComhairle an 16 Márta 2010 maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú, (IO L 84, 31.3.2010, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
LIOSTA NEAMH-UILEGHABHÁLACH DE CHINEÁLACHA GNÍOMHAÍOCHTAÍ A D’FHÉADFADH A BHEITH I GCEIST DÁ DTAGRAÍTEAR I BPOINTÍ (A), (B) AGUS (D) DEN CHÉAD FHOMHÍR D’AIRTEAGAL 7(2)
Féadfaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(2) a bheith sna cineálacha seo a leanas, i measc nithe eile.
|
(1) |
a mhéid a bhaineann le cruinnithe agus imeachtaí ad hoc comhchosúla:
|
|
(2) |
a mhéid a bhaineann le comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe:
|
|
(3) |
a mhéid a bhaineann le hinniúlacht an duine a fhothú agus le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta eile:
|
(1) Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin, agus maidir le calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2012 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 (IO L 121, 8.5.2012, lch. 1).
(3) Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).
IARSCRÍBHINN II
TÁSCAIRÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 14(1)
Chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3(2), úsáidfear na táscairí seo a leanas.
A. Fothú Acmhainneachta (acmhainneacht riaracháin, an duine agus TF)
|
(1) |
an tInnéacs maidir le Dlí agus Beartais an Aontais a Chur i bhFeidhm agus a Chur Chun Feidhme (líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár arna n-eagrú i gcomhthéacs chur i bhfeidhm agus chur chun feidhme dhlí agus bheartas an Aontais a bhaineann leis an gcánachas agus líon na moltaí arna n-eisiúint i ndiaidh na ngníomhaíochtaí sin); |
|
(2) |
an tInnéacs Foghlama (líon na modúl r-foghlama arna n-úsáid, líon na n-oifigeach ar cuireadh oiliúint orthu agus an scór cáilíochta atá tugtha ag rannpháirtithe); |
|
(3) |
infhaighteacht córas leictreonach Eorpach (ó thaobh céatadán oibre de); |
|
(4) |
infhaighteacht an Líonra Cumarsáide Choitinn (ó thaobh céatadán oibre de); |
|
(5) |
innéacs nósanna imeachta TF simplithe le haghaidh na n-údarás cánach agus na n-oibreoirí eacnamaíocha (líon na n-oibreoirí eacnamaíocha cláraithe, líon na n-iarratas agus líon na gcomhairliúchán sna córais leictreonacha éagsúla arna gcistiú leis an gClár); |
B. Comhroinnt eolais agus líonrú
|
(6) |
Innéacs Láidreacht an Chomhoibrithe (méid an líonraithe arna dhéanamh, líon na gcruinnithe aghaidh ar aghaidh agus líon na ngrúpaí comhoibrithe ar líne); |
|
(7) |
an tInnéacs Dea-chleachtas agus Treoirlínte (líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár arna n-eagrú sa réimse seo, agus céatadán na n-údarás cánach a bhain leas as cleachtas oibre nó as treoirlíne arna fhorbairt nó arna forbairt agus tacaíocht á fáil ón gClár). |
IARSCRÍBHINN III
LIOSTA NEAMH-UILEGHABHÁLACH DE THOPAICÍ TOSAÍOCHTA A D’FHÉADFADH A BHEITH ANN LE HAGHAIDH GNÍOMHAÍOCHTAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7
I gcomhréir le cuspóirí sonracha ginearálta an Chláir, féadfar díriú, leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7, i measc topaicí eile, ar na topaicí tosaíochta seo a leanas:
|
(1) |
tacú le cur chun feidhme dhlí an Aontais a bhaineann leis an gcánachas, lena n-áirítear oiliúint a chur ar fhoireann i ndáil leis sin, agus cuidiú le bealaí féideartha a shainaithint chun feabhas a chur ar an gcomhar riaracháin idir na húdaráis chánach, lena n-áirítear cúnamh chun éilimh a bhaineann le cánacha a aisghabháil; |
|
(2) |
tacú le malartú éifeachtach faisnéise, lena n-áirítear iarrataí ó ghrúpaí, formáidí caighdeánacha TF a fhorbairt, an rochtain atá ag údaráis chánach ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, agus feabhas a chur ar úsáid na faisnéise a fhaightear; |
|
(3) |
tacú le sásraí an chomhair riaracháin a oibriú go héifeachtach agus leis an dea-chleachtas a mhalartú idir údaráis chánach, lena n-áirítear an dea-chleachtas maidir le héilimh a bhaineann le cánacha a aisghabháil; |
|
(4) |
tacú le digitiú agus nuashonrú na modheolaíochtaí atá ag na húdaráis chánach; |
|
(5) |
tacú le malartú an dea-chleachtais chun calaois cánach breisluacha a chomhrac. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
28.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/18 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/848 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Bealtaine 2021
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, ba cheart na hiontrálacha do 25 dhuine nádúrtha agus 3 eintiteas atá i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a uasdátú. |
|
(3) |
Ba cheart na hiontrálacha do chúigear atá éagtha a scriosadh ón liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. SIZA VIEIRA
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leanas:
|
(1) |
i Roinn A (Daoine), scriostar na hiontrálacha seo a leanas:
|
|
(2) |
i Roinn A (Daoine), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta:
|
|
(3) |
i Roinn B (Eintitis), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta:
|
|
28.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/27 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/849 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Márta 2021
lena leasaítear, chun í a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Cuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 37(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I dTábla 3 de Chuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, tá liosta an aicmithe agus an lipéadaithe chomhchuibhithe ar shubstaintí guaiseacha arna bhunú ar na critéir a leagtar amach i gCodanna 2 go 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(2) |
Cuireadh tograí faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, tograí lenar moladh aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe ar shubstaintí áirithe a thabhairt isteach agus an t-aicmiú agus an lipéadú comhchuibhithe ar shubstaintí áirithe eile a nuashonrú nó a scriosadh. Ghlac Coiste um Measúnú Priacail na Gníomhaireachta tuairimí (2) maidir leis na tograí sin, agus sula ndearna sé sin thug sé san áireamh na barúlacha a fuarthas ó na páirtithe lena mbaineann. Is iad seo a leanas tuairimí sin an Choiste um Measúnú Priacail:
|
|
(3) |
Is é úsáid a bhaintear as Meastacháin Ghéarthocsaineachta (ATE), den chuid is mó, iad a úsáid chun cinneadh ar an aicmiú i ndáil leis an ngéarthocsaineacht do shláinte an duine i meascáin ina bhfuil substaintí a bhfuil aicmiú géarthocsaineachta déanta orthu. Trí luachanna comhchuibhithe ATE a áireamh sna hiontrálacha a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, déantar éascaíocht do chomhchuibhiú an aicmithe ar mheascáin agus tacaítear le hobair na n-údarás forfheidhmiúcháin. Óir go ndearnadh tuilleadh measúnaithe ar shubstaintí áirithe, rinne an Ghníomhaireacht luachanna ATE a dhíorthú le haghaidh ocsaíd déchopair, tríhiodrocsaíd chlóiríde déchopair, hiodráit sulfáite heicsihiodrocsaíde teitreachopair agus hiodráit sulfáite heicsihiodrocsaíde teitreachopair, calóga copair (atá brataithe le haigéad alafatach), carbónáit chopair(II)--hiodrocsaíd chopair(II) (1:1), déhiodrocsaíd chopair; hiodrocsaíd chopair(II), meascán bordeaux; táirgí imoibriúcháin ó imoibriú sulfáite copair le déhiodrocsaíd chailciam agus peintihiodráit sulfáite chopair, maille leo siúd a mholtar i dtuairimí an Choiste um Measúnú Priacail maidir le substaintí eile. Ba cheart na luachanna ATE sin a chur isteach sa cholún leathdheireanach de Thábla 3 de Chuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. |
|
(4) |
Fuair an Coimisiún faisnéis bhreise inar cuireadh in aghaidh an mheasúnaithe eolaíoch a leagtar amach i dtuairim an Choiste um Measúnú Priacail an 15 Márta 2019 maidir le mancóiseib, i dtuairim an Choiste an 20 Meán Fómhair 2019 maidir le 4-meitilpeantán-2-ón, agus i dtuairim an Choiste an 20 Meán Fómhair 2019 maidir le démheatamorf. Rinne an Coimisiún an fhaisnéis sin a mheas agus fuarthas nár leor í chun amhras a chaitheamh ar an anailís eolaíoch atá i dtuairimí an Choiste um Measúnú Priacail. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cuí aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe substaintí áirithe a thabhairt isteach, a nuashonrú nó a scriosadh. |
|
(6) |
Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a leasú dá réir. |
|
(7) |
Maidir leis na haicmithe comhchuibhithe nua nó nuashonraithe, níor cheart é a chur de cheanglas iad a chomhlíonadh láithreach arae tá gá le tréimhse áirithe ama chun go mbeidh soláthróirí in ann an lipéadú agus an pacáistiú ar shubstaintí agus ar mheascáin a chur in oiriúint do na haicmithe nua nó leasaithe agus chun go mbeidh siad in ann an stoc atá acu cheana a dhíol faoi réir na gceanglas rialála atá ann cheana. Tá ga leis an tréimhse sin freisin chun go mbeidh go leor ama ag soláthróirí chun na bearta a dhéanamh is gá chun a áirithiú go leanfaidh siad de bheith i gcomhlíontacht le ceanglais dlí eile a thiocfaidh de na hathruithe a dhéantar faoin Rialachán seo. Ar na ceanglais a d’fhéadfadh a bheith san áireamh tá na ceanglais a leagtar amach i bpointe (f) d’Airteagal 22(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Ba chóir, áfach, é a bheith d’fhéidearthacht ag soláthróirí na haicmithe comhchuibhithe nua nó nuashonraithe a chur i bhfeidhm, agus an lipéadú agus an pacáistiú a chur in oiriúint dá réir, ar bhonn deonach, roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ó dháta a theacht i bhfeidhm chun ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol a bhaint amach agus chun solúbthacht leordhóthanach a thabhairt do sholáthróirí. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008
Leasaítear Tábla 3 de Chuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 17 Nollaig 2022.
De mhaolú ar an dara mír den Airteagal seo, féadfar substaintí agus meascáin a aicmiú, a lipéadú agus a phacáistiú i gcomhréir leis an Rialachán seo ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 353, 31.12.2008, lch. 1
(2) Tá na tuairimí le fáil ar an suíomh gréasáin seo a leanas: https://echa.europa.eu/registry-of-clh-intentions-until-outcome/-/dislist/name/-/ecNumber/-/casNumber/-/dte_receiptFrom/-/dte_receiptTo/-/prc_public_status/Opinion+Adopted/dte_withdrawnFrom/-/dte_withdrawnTo/-/sbm_expected_submissionFrom/-/sbm_expected_submissionTo/-/dte_finalise_deadlineFrom/-/dte_finalise_deadlineTo/-/haz_addional_hazard/-/lec_submitter/-/dte_assessmentFrom/-/dte_assessmentTo/-/prc_regulatory_programme/-/
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún mar aon le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Tábla 3 de Chuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
maidir leis na hiontrálacha a chomhfhreagraíonn d’uimhreacha innéacs 005-007-00-2; 005-008-00-8; 005-011-00-4; 005-011-01-1; 005-011-02-9; 006-069-00-3; 006-076-00-1; 015-113-00-0; 028-007-00-4; 029-002-00-X; 029-015-00-0; 029-016-00-6; 029-017-00-1; 029-018-00-7; 029-019-01-X; 029-020-00-8; 029-021-00-3; 029-022-00-9; 029-023-00-4; 601-029-00-7; 601-096-00-2; 603-024-00-5; 603-066-00-4; 603-098-00-9; 606-004-00-4; 607-421-00-4; 607-424-00-0; 607-434-00-5; 608-058-00-4; 612-067-00-9; 612-252-00-4; 613-048-00-8; 613-102-00-0; 613-111-00-X; 613-166-00-X; 613-208-00-7; 613-267-00-9; 613-282-00-0; 616-032-00-9; 616-106-00-0 agus 616-113-00-9, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas ina n-ionad sin faoi seach:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(3) |
scriostar an iontráil a chomhfhreagraíonn d’uimhir innéacs 015-192-00-1. |
|
28.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/44 |
RIALACHÁN (AE) 2021/850 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Bealtaine 2021
lena leasaítear agus lena gceartaítear Iarscríbhinn II agus lena leasaítear Iarscríbhinní III, IV agus VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosmaideacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (1), agus go háirithe Airteagal 15(1), an ceathrú fomhír d’Airteagal 15(2) agus Airteagal 31(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) déantar foráil maidir le haicmiú comhchuibhithe substaintí mar shubstaintí carcanaigineacha, só-ghineacha nó mar shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh (CMR) bunaithe ar thuairim a d’ullmhaigh Coiste um Measúnú Riosca na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán. Déantar na substaintí a aicmiú mar shubstaintí CMR de chatagóir 1A, mar shubstaintí CMR de chatagóir 1B nó mar shubstaintí CMR de chatagóir 2 ag brath ar an leibhéal fianaise i dtaca lena n-airíonna CMR. |
|
(2) |
In Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, foráiltear go dtoirmiscfear substaintí atá aicmithe mar shubstaintí CMR de chatagóir 1A, de chatagóir 1B nó de chatagóir 2 faoi Chuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (substaintí CMR) a úsáid i dtáirgí cosmaideacha. Féadfar substaint CMR a úsáid, áfach, i dtáirgí cosmaideacha i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa dara habairt d’Airteagal 15(1) nó sa dara fomhír d’Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009. |
|
(3) |
D’fhonn an toirmeasc ar shubstaintí CMR a chur chun feidhme go haonfhoirmeach laistigh den mhargadh inmheánach, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, go háirithe d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’údaráis inniúla náisiúnta, agus chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú, ba cheart substaintí CMR a chur ar an liosta de shubstaintí toirmiscthe nó, de réir mar is infheidhme, de shubstaintí srianta in Iarscríbhinn II nó in Iarscríbhinn III, faoi seach, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus, i gcás inarb ábhartha, a scriosadh ó na liostaí de shubstaintí srianta nó údaraithe in Iarscríbhinní III go VI a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa dara habairt d’Airteagal 15(1) nó sa dara fomhír d’Airteagal 15(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, ba cheart na liostaí de shubstaintí srianta nó údaraithe in Iarscríbhinní III go VI a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú dá réir. |
|
(4) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/217 ón gCoimisiún (3), a mbeidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2021, rinneadh substaintí áirithe a aicmiú mar shubstaintí CMR i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar úsáid na substaintí CMR sin i dtáirgí cosmaideacha ón dáta céanna. |
|
(5) |
Go háirithe, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/217 déantar foráil maidir le haicmiú na substainte TiO2 (ainm INCI: titanium dioxide) mar “Charcanaigin de Chatagóir 2 (ionanálú)”, a bhfuil feidhm aici maidir le dé-ocsaíd tíotáiniam i bhfoirm púdair ina bhfuil cion 1 % nó níos mó de cháithníní ag a bhfuil trastomhas aeraidinimiciúil ≤ 10 μm. |
|
(6) |
Liostaítear dé-ocsaíd tíotáiniam faoi láthair in iontráil 143 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus ceadaítear í lena húsáid mar dhathán i dtáirgí cosmaideacha, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na critéir íonachta a leagtar amach in iontráil E 171 (dé-ocsaíd tíotáiniam) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (4). Liostaítear dé-ocsaíd tíotáiniam freisin in iontrálacha 27 agus 27a (nana-fhoirm) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 mar scagaire ultraivialaite agus ní cheadaítear í ach i dtáirgí cosmaideacha agus sin ag tiúchan suas go 25 %. Ina theannta sin, ceadaítear dé-ocsaíd tíotáiniam (nana) in ullmhóid atá réidh le húsáid, ach amháin i bhfeidhmeanna a d’fhágfadh gurbh fhéidir le scamhóga an úsáideora deiridh teacht faoina lé trí ionanálú, agus faoi réir na gcoinníollacha eile a liostaítear san iontráil sin. |
|
(7) |
Tar éis dé-ocsaíd tíotáiniam a aicmiú mar shubstaint CMR, rinneadh iarraidh a thíolacadh an 28 Eanáir 2020 maidir lena húsáid i dtáirgí cosmaideacha trí bhíthin eisceacht de bhun an dara habairt d’Airteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009. |
|
(8) |
An 6 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí (CEST) tuairim eolaíoch maidir le dé-ocsaíd tíotáiniam (5) (“tuairim CEST”) chun críoch ghlacadh na mbeart is gá i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009. Sa tuairim sin ó CEST, lenar cumhdaíodh dé-ocsaíd tíotáiniam (in-ionanálaithe) i bhfoirm púdair ina bhfuil cion 1 % nó níos mó de cháithníní a bhfuil trastomhas aeraidinimiciúil ≤ 10 μm acu, rinneadh an chonclúid, bunaithe ar na sonraí a bhí ar fáil, go bhfuil TiO2 sábháilte do thomhaltóirí ginearálta nuair a úsáidtear í i dtáirgí don aghaidh i bhfoirm púdair scaoilte ag tiúchan suas go huastiúchan 25 % agus i dtáirgí don ghruaig i bhfoirm sprae aerasóil ag tiúchan suas go huastiúchan 1,4 %. Maidir le húsáid ghairmiúil, measadh go bhfuil TiO2 sábháilte nuair a úsáidtear í i dtáirgí don ghruaig i bhfoirm sprae aerasóil ag tiúchan suas go huastiúchan 1,1 %. |
|
(9) |
Ar deireadh, tháinig CEST ar an gconclúid go bhfuarthas na torthaí sin ó thástálacha ar tháirgí cosmaideacha a bhí bunaithe ar aon chineál amháin ábhair dé-ocsaíde tíotáiniam (ábhar líoch) agus nárbh fhéidir a shuíomh, in éagmais tuilleadh faisnéise, go mbeadh nó nach mbeadh na conclúidí sin infheidhme freisin maidir le feidhmeanna cosmaideacha eile ina bhfuil cineálacha eile dé-ocsaíde tíotáiniam nach gcumhdaítear go sainráite le tuairim CEST. |
|
(10) |
I bhfianaise chonclúidí CEST, níor cheart dé-ocsaíd tíotáiniam i bhfoirm púdair ina bhfuil cion 1 % nó níos mó de cháithníní ag a bhfuil trastomhas aeraidinimiciúil ≤ 10 μm a údarú lena húsáid i bhfeidhmeanna arbh fhéidir go dtiocfadh an t-úsáideoir deiridh faoina lé trí ionanálú agus ba cheart, dá bhrí sin, í a chur leis an liosta de shubstaintí srianta in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus níor cheart a húsáid a cheadú ach amháin i dtáirgí don aghaidh i bhfoirm púdair scaoilte agus i dtáirgí i sprae aerasóil don ghruaig mar a léirítear sna conclúidí sin. Chomh maith le dé-ocsaíd tíotáiniam a áireamh in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, ba cheart foráil a dhéanamh i dtaca le húsáid dé-ocsaíde tíotáiniam mar dhathán i gcomhréir le hiontráil 143 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, agus i dtaca le húsáid dé-ocsaíde tíotáiniam mar scagaire ultraivialaite i gcomhréir le hiontráil 27 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin, is é sin gur cheart an dá úsáid sin a cheadú gan dochar dá n-úsáid shrianta faoi Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. Chun na críche sin, ba cheart tagairt d’úsáid shrianta dé-ocsaíde tíotáiniam faoi Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a chur leis na hiontrálacha ábhartha in Iarscríbhinní IV agus VI a ghabhann leis an Rialachán sin. Maidir le dé-ocsaíd tíotáiniam (nana) a úsáid mar scagaire ultraivialaite i gcomhréir le hiontráil 27a d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, níl gá le bearta breise, mar go bhforáiltear cheana féin le hiontráil 27a nach n-úsáidfear dé-ocsaíd tíotáiniam (nana) i bhfeidhmeanna a d’fhágfadh gurbh fhéidir le scamhóga an úsáideora deiridh teacht faoina lé trí ionanálú. |
|
(11) |
Maidir le substaintí seachas dé-ocsaíd tíotáiniam, ar substaintí iad a aicmíodh mar shubstaintí CMR de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/217, níor tíolacadh aon iarraidh maidir lena n-úsáid i dtáirgí cosmaideacha trí bhíthin eisceachta. Baineann sé seo le cóbalt, miotaildéad (ISO), clóiríd mheitilmearcarach, beinsi[rst]peintiféin, débheinsi[b,def]criséin; débheinsi[a,h]piréin, díorthaigh ó eatánól, 2,2’-imínbis-,N-(C13-15-ailcil bhrainseacha agus líneacha), ciafluaimeitifein (ISO), taláit dhé-isiheicsile, halasulfúrón-meitil (ISO), 2-meitilimíodasól, meataflumasón (ISO), débhúitilbios(peantán-2,4-dé-onató-O,O’)stán, bis(sulfaimíodáit) nicile, 2-Beinsil-2-démheitiolaimín-4′-morfóilíneabútaraifeanón agus ocsaíd eitiléine. Faoi láthair, níl na substaintí sin faoi réir na srianta atá leagtha síos in Iarscríbhinn III ná ní údaraítear iad i gcomhréir le hIarscríbhinní IV, V nó VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009. Maidir le trí cinn de na substaintí sin, eadhon bis(sulfaimíodáit) nicile agus 2-Beinsil-2-démheitiolaimín-4′-morfóilíneabútaraifeanón, liostaítear iad faoi láthair in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. Ba cheart na substaintí nach bhfuil liostaithe fós in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a chur le liosta na substaintí atá coiscthe i dtáirgí cosmaideacha san Iarscríbhinn sin. |
|
(12) |
Le Rialachán (AE) 2019/1966 ón gCoimisiún (6), a glacadh chun an toirmeasc ar shubstaintí a aicmítear mar shubstaintí CMR a chur chun feidhme go haonfhoirmeach, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, le Rialachán (AE) 2018/1480 ón gCoimisiún (7), tugadh isteach athruithe ar iontráil 98 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 maidir leis an tsubstaint aigéad beansóch, 2-hiodrocsa- (ainm INCI: salicylic acid). D’fhonn na hathruithe sin a ailíniú go hiomlán le conclúid thuairim bhunaidh CEST (8), is iomchuí úsáid na substainte sin a údarú, chun críoch seachas feidhm leasaitheach, i lóis choirp, scáthú súl, mascára, línitheoirí súl, béal dath agus díbholaígh rollógacha ag tiúchan suas go 0,5 %. Dá bhrí sin, ba cheart iontráil 98 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ón gComhairle a leasú dá réir. |
|
(13) |
Ina theannta sin, maidir leis an tsubstaint bis(teitreafluaraboráit) nicile (uimhir CAS: 14708-14-6), tugadh isteach í faoi dhó trí earráid in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 (iontrálacha 1401 agus 1427) le Rialachán (AE) 2019/831 ón gCoimisiún (9), a glacadh chun an toirmeasc ar shubstaintí a aicmítear mar shubstaintí CMR a chur chun feidhme go haonfhoirmeach, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ón gCoimisiún, le Rialachán (AE) 2017/776 ón gCoimisiún (10). Dá bhrí sin, tá an dara ceann de na hiontrálacha sin iomarcach agus ba cheart í a bhaint. |
|
(14) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 a leasú agus a cheartú dá réir. |
|
(15) |
Na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 dá bhforáiltear sa Rialachán seo atá bunaithe ar aicmithe substaintí ábhartha mar shubstaintí CMR le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/217, ba cheart feidhm a bheith acu ón dáta céanna a bheidh feidhm ag an Rialachán Tarmligthe sin. |
|
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Cosmaideacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II, III, IV agus VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, scriostar iontráil 1427, a chomhfhreagraíonn don tsubstaint bis(teitreafluarabóráit) nicile (Uimhir CAS: 14708-14-6).
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Deireadh Fómhair 2021 i dtaca le pointí (1), (2)(b), (3) agus (4) den Iarscríbhinn.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 342, 22.12.2009, lch. 59.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/217 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán agus lena gceartaítear an Rialachán sin (IO L 44, 18.2.2020, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí do bhreiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).
(5) CEST (An Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí), “Opinion on Titanium dioxide (TiO2)” [Tuairim maidir le Dé-ocsaíd Tíotáiniam (TiO2)], réamhleagan an 7 Lúnasa 2020, leagan deiridh an 6 Deireadh Fómhair 2020, SCCS/1617/20.
(6) Rialachán (AE) 2019/1966 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2019 lena leasaítear agus lena gceartaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 307, 28.11.2019, lch. 15).
(7) Rialachán (AE) 2018/1480 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán agus lena gceartaítear Rialachán (AE) 2017/776 (IO L 251, 5.10.2018, lch. 1).
(8) CEST (An Coiste Eolaíoch um Shábháilteacht Tomhaltóirí), “Opinion on salicylic acid” [Tuairim maidir le haigéad sailicileach], Ceartúchán an 20-21 Meitheamh 2019, SCCS/1601/18.
(9) Rialachán (AE) 2019/831 ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 137, 23.5.2019, lch. 29).
(10) Rialachán (AE) 2017/776 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2017 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 116, 5.5.2017, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(3) |
in Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 143:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(4) |
in Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 27:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||
(1) I gcás úsáid mar leasaitheach, féach Iarscríbhinn V, Uimh. 3.
(2) Le haghaidh táirgí ab fhéidir a d’úsáidfí ar leanaí faoi 3 bliana d’aois, agus lena n-aghaidh sin amháin.”;
(3) Le haghaidh úsáid mar scagaire ultraivialaite, féach Iarscríbhinn VI, Uimh. 27.”;
((2)) Le haghaidh úsáid mar dhathán, féach Iarscríbhinn IV, Uimh. 143.”.
|
28.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/52 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/851 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Bealtaine 2021
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 183(b) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar den toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1216/2009 agus (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 5(6)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is éard a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún (3) rialacha mionsonraithe chun córas na ndleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme, agus le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe. |
|
(2) |
Is éard a léiríonn faireachán rialta ar na sonraí a úsáidtear chun praghsanna ionadaíocha d’fheoil éanlaithe agus do tháirgí uibheacha a shocrú, sin agus an faireachán rialta ar ghealacáin uibhe, gur cheart na praghsanna allmhairithe ionadaíocha ar tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh cuid de na hearraí a chur san áireamh. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a leasú dá réir sin. |
|
(4) |
Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiún,
Ar son an Uachtaráin,
Wolfgang BURTSCHER
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) IO L 150, 20.5.2014, lch. 1.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas dleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme agus chun praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnálacha na feola éanlaithe clóis agus na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe, agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 163/67/CEE (IO L 145, 29.6.1995, lch. 47).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
|
Cód AC |
Tuairisc ar na hearraí |
Praghas ionadaíoch (EUR/100 kg) |
An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 (EUR/100 kg) |
Tionscnamh (1) |
|
0207 14 10 |
Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite |
170,6 158,3 236,8 |
45 51 19 |
AR BR TH |
(1) Ainmníocht na dtíortha arna socrú le Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht tíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).”
|
28.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/54 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/852 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Bealtaine 2021
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 847/2006 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le heisiamh allmhairiú táirgí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe ó tharaif-chuótaí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 an 17 Nollaig 1999 ón gComhairle lena n-osclaítear taraif-chuótaí Comhphobail a cheanglaítear le CGTT agus taraif-chuótaí Comhphobail áirithe eile agus lena ndéantar foráil maidir lena riar agus lena mbunaítear rialacha mionsonraithe le haghaidh na cuótaí a choigeartú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1808/95 ón gComhairle (1), agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 9(1)(b) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2006/324/CE ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 maidir le Comhaontú a thabhairt i gcrích i bhfoirm Malartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Téalainne de bhun Airteagal XXIV:6 agus Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994 maidir leis na lamháltais i sceidil Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice a mhodhnú le linn a n-aontachais leis an Aontas Eorpach (2), agus go háirithe Airteagal 2 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinneadh an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú”) (3) a shíniú thar ceann an Aontais, an 29 Nollaig 2020. Tá sé le cur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 1 Eanáir 2021 amach. |
|
(2) |
Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 lena n-osclaítear taraif-chuótaí Comhphobail a cheanglaítear le CGTT agus taraif-chuótaí Comhphobail áirithe eile agus lena ndéantar foráil maidir lena riar agus lena mbunaítear rialacha mionsonraithe le haghaidh na cuótaí a choigeartú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1808/95 ón gComhairle (4). |
|
(3) |
Rialachán (CE) Uimh. 847/2006 ón gCoimisiún (5) lena n-osclaítear agus lena ndéantar foráil maidir le taraif-chuótaí Comhphobail d’iasc áirithe ullmhaithe nó leasaithe a riar. |
|
(4) |
Luaitear sa Chomhaontú nach bhfuil táirgí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe incháilithe lena n-allmhairiú isteach san Aontas faoi tharaif-chuótaí EDT atá ann cheana mar a shainítear sa Chomhaontú sin. Tagraítear ann do tharaif-chuótaí arna gcionroinnt idir na páirtithe de bhun caibidlíocht faoi Airteagal XXVIII CGTT a thionscain an tAontas le doiciméad EDT G/SECRET/42/Add.2 (6) agus a thionscain an Ríocht Aontaithe le doiciméad EDT G/SECRET/44 (7) agus mar a leagtar amach i reachtaíocht inmheánach ar leith gach páirtí. Luaitear sa Chomhaontú, ina theannta sin, go bhfuil stádas tionscnaimh na dtáirgí le cinneadh ar bhonn na rialacha tionscnaimh neamhfhabhair is infheidhme maidir leis an bpáirtí allmhairiúcháin. |
|
(5) |
Tagraíonn taraif-chuótaí EDT atá ann cheana, mar a shainítear sa Chomhaontú, do lamháltais EDT an Aontais a áirítear i ndréachtsceideal AE28 de lamháltais agus gealltanais faoi CGTT 1994 arna gcur faoi bhráid EDT le doiciméad G/MA/TAR/RS/506 (8) mar a leasaítear le doiciméid G/MA/TAR/RS/506/Add.1 agus G/MA/TAR/RS/506/Add.2 (9). |
|
(6) |
Tá feidhm ag Rialacháin (CE) Uimh. 32/2000 agus (CE) Uimh. 847/2006 faoi láthair maidir leis na hallmhairithe sin de thionscnamh na Ríochta Aontaithe. Chun an Comhaontú a chomhlíonadh, ba cheart na Rialacháin sin a leasú d’fhonn táirgí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe a eisiamh ó tharaif-chuótaí EDT atá ann cheana. |
|
(7) |
Tá an Comhaontú le cur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 1 Eanáir 2021 amach. Dá bhrí sin, ba cheart allmhairiú táirgí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe a eisiamh ó chur i bhfeidhm taraif-chuótaí a raibh a dtréimhsí cuótaí ar bun roimh an 1 Eanáir 2021 agus a bhí ar bun go fóill ar an dáta sin, a mhéid a bhaineann le hallmhairithe a rinneadh an 1 Eanáir 2021 nó dá éis sin. |
|
(8) |
Chun comhréireacht an Rialacháin seo leis an gComhaontú a áirithiú, ba cheart dó teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige amhail ón 1 Eanáir 2021, dáta chur chun feidhme an Chomhaontaithe. |
|
(9) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I dTeideal II de Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gCoimisiún, cuirtear an Roinn 4 seo a leanas leis:
“
Liosta de tharaif-chuótaí Comhphobail a cheanglaítear le CGTT
Airteagal 7a
Beidh feidhm ag na taraif-chuótaí Comhphobail a liostaítear in Iarscríbhinn I maidir le hallmhairithe de thionscnamh tríú tíortha cé is moite den Ríocht Aontaithe.”
Airteagal 2
Leasaítear Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 847/2006 mar a leanas:
|
(1) |
i mír 1, cuirtear na focail “gach tríú tír cé is moite den Ríocht Aontaithe” in ionad na bhfocal “gach tír”; |
|
(2) |
i mír 2, cuirtear na focail “gach tríú tír cé is moite den Ríocht Aontaithe” in ionad na bhfocal “gach tír”. |
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(2) IO L 120, 5.5.2006, lch. 17.
(3) IO L 444, 31.12.2020, lch. 14.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 847/2006 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2006 lena n-osclaítear agus lena ndéantar foráil maidir le taraif-chuótaí Comhphobail d’iasc áirithe ullmhaithe nó leasaithe a riar (IO L 156, 9.6.2006, lch. 8).
(6) https://docs.wto.org
(7) https://docs.wto.org
(8) https://docs.wto.org
(9) https://docs.wto.org
|
28.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/56 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/853 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Bealtaine 2021
lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach Streptomyces tréithchineál K61 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1) agus go háirithe Airteagal 20(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2008/113/CE (2) ón gCoimisiún áirítear Streptomyces K61 (ar a dtugtaí “S. griseoviridis” roimhe seo) mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
|
(2) |
Is baictéar í an tsubstaint ghníomhach atá i gceist, baictéar ar a dtugadh “Streptomyces griseoviridis” ar dtús. Ina dhiaidh sin, athraíodh an t-ainm sin, ar chúiseanna eolaíocha, go Streptomyces K61. Níos déanaí fós, athraíodh an t-ainm arís go Streiptimíceas tréithchineál K61, an t-ainm atá air faoi láthair. |
|
(3) |
Substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
|
(4) |
An formheas ar an tsubstaint ghníomhach Streptomyces tréithchineál K61, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 30 Aibreán 2022. |
|
(5) |
Cuireadh isteach iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Streptomyces tréithchineál K61 a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
|
(6) |
Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine. |
|
(7) |
D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) í agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 15 Eanáir 2019. |
|
(8) |
Chuir an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan in iúl don iarratasóir agus do na Ballstáit chun barúlacha a fháil uathu agus chuir sé na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal freisin. |
|
(9) |
Chuir an tÚdarás, an 19 Meitheamh 2020, a chonclúid (6) in iúl don Choimisiún i dtaobh an bhféadfaí a bheith ag súil leis go gcomhlíonfaidh Streptomyces tréithchineál K61 na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. An 3 Nollaig 2020 chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana maidir le Streptomyces tréithchineál K61 faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha agus an 25 Eanáir 2021 chuir siad dréacht-Rialachán faoina bhráid maidir leis an mbaictéar céanna. |
|
(10) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a thíolacadh maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
|
(11) |
Cruthaítear i ndáil le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach Streptomyces tréithchineál K61 gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Is iomchuí, dá bhrí sin, formheas Streptomyces tréithchineál K61 a athnuachan. |
|
(12) |
Tá an measúnú riosca maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí Streptomyces tréithchineál K61 bunaithe ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, úsáidí ionadaíocha nach gcuireann srian ar na húsáidí lena bhféadfaí táirgí cosanta plandaí ina bhfuil Streptomyces tréithchineál K61 a údarú. Is iomchuí, dá bhrí sin, gan an srian maidir le gan úsáid a bhaint as ach mar fhuingicíd a choinneáil ar bun. |
|
(13) |
I gcomhréir le hAirteagal 20(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i gcomhar le hAirteagal 13(4) de, ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(14) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/566 (7) ón gCoimisiún, cuireadh síneadh le tréimhse formheasa Streptomyces tréithchineál K61 go dtí an 30 Aibreán 2022 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh an tréimhse sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil cinneadh maidir leis an athnuachan á dhéanamh roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart tosú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo tráth níos luaithe ná an dáta sin. |
|
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan
Déantar formheas na substainte gníomhaí Streptomyces tréithchineál K61, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Treoir 2008/113/CE ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun roinnt miocrorgánach a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 330, 9.12.2008, lch. 6).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh. (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
(6) Irisleabhar EFSA 2020;18(7):6182, 14 lch. doi:10.2903/j.efsa.2020.6182. Ar fáil ar líne: www.efsa.europa.eu
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/566 ón gCoimisiún an 30 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha abaimeictin, Bacillus subtilis (Cohn 1872) tréithchineál QST 713, fospeiceas Aizawai de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS-1857 agus tréithchineál GC-91, fospeiceas Israeliensis (séiritíopa H-14) de Bacillus thuringiensis tréithchineál AM65-52, fospeiceas Kurstaki de Bacillus thuringiensis tréithchineál ABTS 351, tréithchineál PB 54, tréithchineál SA 11, tréithchineál SA12 agus tréithchineál EG 2348, Beauveria bassiana tréithchineál ATCC 74040 agus tréithchineál GHA, clóidineafop, clóipirilid, Cydia pomonella Granulovirus (CpGV), cipróidinil, déchlórpróp-P, feinpiorocsamáit, foiseitil, meapainipiri, Metarhizium anisopliae (var. anisopliae) tréithchineál BIPESCO 5/F52, meatconasól, meitrifeanón, pirimicharb, Pseudomonas chlororaphis tréithchineál MA342, pirimeiteanail, Pythium oligandrum M1, riomsulfúrón, spionasad, Streptomyces K61 (ar a dtugtaí “ S. griseoviridis ” roimhe seo), Trichoderma asperellum (ar a dtugtaí “ T. Harzianum ”) tréithchineál ICC012, tréithchineál T25 agus tréithchineál TV1, Trichoderma atroviride (ar a dtugtaí “ T. Harzianum ” roimhe seo) tréithchineál T11, Trichoderma gamsii (ar a dtugtaí “ T. Viride ” roimhe seo) tréithchineál ICC080, Trichoderma harzianum tréithchineál T-22 agus tréithchineál ITEM 908, tríchlóipir, tríneicseapac, tríthiaconasól agus sioram (IO L 118, 7.4.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
|
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag formheasa |
Forálacha sonracha |
|
Streptomyces tréithchineál K61 |
Neamhbhainteach |
Gan aon eisíontas ábhartha |
1 Iúil 2021 |
30 Meitheamh 2036 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le Streptomyces tréithchineál K61 agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis. Tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar chosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, agus cuirfidh siad san áireamh go meastar miocrorgánaigh mar íogróirí féideartha, agus áiritheoidh siad go n-áirítear trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach mar choinníoll úsáide. Áiritheoidh táirgeoirí go ndéanfar dianchothabháil ar dhálaí comhshaoil agus ar anailís rialaithe cáilíochta le linn an phróisis monaraíochta mar a leagtar síos i nDoiciméad Oibre SANCO/12116/2012 a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha ar éilliú miocróbach (2). |
(1) Soláthraítear sa tuarascáil athnuachana tuilleadh mionsonraí maidir le haitheantas agus le sonraíocht na substainte gníomhaí.
(2) https://ec.europa.eu/food/sites/food/files/plant/docs/pesticides_ppp_app-proc_guide_phys-chem-ana_microbial-contaminant-limits.pdf
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:
|
(1) |
i gCuid A, scriostar iontráil 203 ar Streptomyces K61 (ar a dtugtaí S. griseoviridis roimhe seo); |
|
(2) |
i gCuid B, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:
|
(*1) https://ec.europa.eu/food/sites/food/files/plant/docs/pesticides_ppp_app-proc_guide_phys-chem-ana_microbial-contaminant-limits.pdf.”
|
28.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/61 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/854 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Bealtaine 2021
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 7 de,
Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
|
(1) |
An 30 Meán Fómhair 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta (‘SSCRanna’ nó ‘an táirge faoi imscrúdú’) de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (‘na tíortha lena mbaineann’) ar bhonn Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an bun-Rialachán’). D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an Fógra Tionscnaimh’). |
|
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a thaisc an Comhlachas Eorpach Cruach (‘EUROFER’) (‘an gearánach’) an 17 Lúnasa 2020 thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán an Aontais acu de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta . Sa ghearán bhí fianaise ar dhumpáil a bhí na tíortha lena mbaineann á déanamh agus ar an díobháil ábhartha dá dheasca sin, rud ba leordhóthanach chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
1.2. Clárú
|
(3) |
Tar éis don ghearánach iarraidh a dhéanamh lena ngabhann an fhianaise riachtanach, chuir an Coimisiún le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/370 ón gCoimisiún (3) allmhairí den táirge lena mbaineann faoi réir clárú faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. |
1.3. Páirtithe leasmhara
|
(4) |
San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an Gearánach ar an eolas go sonrach, táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta sna tíortha lena mbaineann agus údaráis na dtíortha lena mbaineann, allmhaireoirí agus úsáideoirí san Aontas faoi thionscnamh an imscrúdaithe, agus d'iarr sé orthu a bheith páirteach ann. |
|
(5) |
Bhí an deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. Reáchtáil an Coimisiún éisteacht leis an ngearánach, táirgeoir onnmhairiúcháin amháin agus úsáideoir Aontais amháin. Fuair an Coimisiún barúlacha a phléitear i Ranna 2.3 agus 5.2 agus 7.2. |
1.4. Sampláil
|
(6) |
San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé sampláil ar na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
1.4.1. Sampláil táirgeoirí de chuid an Aontais
|
(7) |
San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún gur chinn sé teorainn a chur le líon réasúnta tairgeoirí de chuid an Aontais a dhéanfaí a imscrúdú trí bhíthin sampláil a úsáid, agus go raibh sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla sealadach ar bhonn tháirgeacht agus mhéid díolachán an Aontais arna dtuairisciú ag táirgeoirí de chuid an Aontais i gcomhthéacs na hanailíse measúnaithe réamhthionscnaimh ar an seasamh, agus a suíomh geografach á chur san áireamh freisin. Ba é a bhí sa sampla sealadach a bunaíodh mar sin trí tháirgeoirí de chuid an Aontais a bhfuil níos mó ná 60 % den táirgeacht agus thart ar 70 % de dhíolacháin an táirge chomhchosúil san Aontas acu, agus iad lonnaithe i gceithre Bhallstát éagsúla. Cuireadh mionsonraithe faoin sampla sealadach seo isteach sa chomhad le go mbeadh páirtithe leasmhara in ann iad a scrúdú agus go mbeadh deis acu a gcuid barúlacha a thabhairt. Níor tugadh aon bharúil. |
|
(8) |
De thoradh an mhéid thuas, deimhníodh an sampla sealadach de tháirgeoirí de chuid an Aontais. Is iad seo a leanas a bhí páirteach sa sampla Aperam Stainless Europe (‘Aperam’), Acciai Speciali Terni S.p.A. (‘AST’) agus Outokumpu Stainless Oy (‘OTK’). Tá an sampla cuimsitheach agus tá sé ionadaíoch do thionscal an Aontais. |
1.4.2. Sampláil allmhaireoirí
|
(9) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach allmhaireoir neamhghaolmhar aitheanta an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. |
|
(10) |
Chuir trí tháirgeoir neamhghaolmhara iad féin in aithne mar pháirtithe leasmhara agus chuir siad an fhaisnéis a iarradh ar fáil. I bhfianaise a laghad freagraí a fuarthas, ní raibh gá le sampláil. Níor tugadh aon bharúil maidir leis an gcinneadh sin. Iarradh ar na hallmhaireoirí ceistneoir a líonadh isteach. |
1.4.3. Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sna tíortha lena mbaineann
|
(11) |
I bhfianaise líon mór táirgeoirí onnmhairiúcháin a d'fhéadfadh a bheith sna tíortha lena mbaineann, foráladh san Fhógra Tionscnaimh maidir le sampláil san India agus san Indinéis agus dá bhrí sin, d'iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta san India agus san Indinéis an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a chur ar fáil chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, sampla a roghnú. |
|
(12) |
Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na hIndia chuig an Aontas Eorpach agus Ambasáid Phoblacht na hIndinéise sa Bhruiséil táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú. |
1.4.3.1. An India
|
(13) |
Tar éis an tionscnaimh, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil le seacht dtáirgeoir onnmhairiúcháin ionchasacha san India. Chuir dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin san India an fhaisnéis is gá ar fáil chun sampláil agus is iadsan a chuireann onnmhairí uile an táirge lena mbaineann chuig an Aontas. Dá bhrí sin, d’éirigh an Coimisiún as an tsampláil maidir le táirgeoirí onnmhairiúcháin san India. |
1.4.3.2. An Indinéis
|
(14) |
Tar éis an tionscnaimh, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil le 14 tháirgeoir onnmhairiúcháin ionchasacha san Indinéis. Thug trí tháirgeoir onnmhairiúcháin freagra ar na ceisteanna samplála agus thuairiscigh siad díolacháin don Aontas. De réir na faisnéise a cuireadh ar fáil sna tuairisceáin samplála, is é a bhí sna díolacháin 72 % d’onnmhairí na hIndinéise chuig an Aontas. Ar an mbonn sin, d’éirigh sé as an tsampláil don Indinéis freisin. |
1.5. Freagraí ar an gceistneoir
|
(15) |
Sa ghearán cuireadh fianaise leordhóthanach prima facie ar fáil maidir le saobhadh amhábhair san India agus san Indinéis maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, mar a fógraíodh san Fhógra Tionscnaimh, chlúdaigh an t-imscrúdú an saobhadh amhábhair sin chun a chinneadh an gcuirfear forálacha Airteagal 7(2a) agus 7(2b) den bhun-Rialachán i bhfeidhm maidir leis an India agus leis an Indinéis. Ar an gcúis sin, chuir an Coimisiún ceistneoirí chuige sin chuig Rialtas na hIndia (‘GOI’) agus chuig Rialtas na hIndinéise (‘GOIS’). |
|
(16) |
Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais, chuig an ngearánach, chuig na trí allmhaireoir neamhghaolmhara, agus chuig na cúig tháirgeoir onnmhairiúcháin sna tíortha lena mbaineann. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (4) an lá a tionscnaíodh iad. |
|
(17) |
Fuarthas freagraí ceistneora ó thrí tháirgeoir shampláilte an Aontais, an gearánach, dhá allmhaireoir neamhghaolmhara, an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin ón India agus trí tháirgeoir onnmhairiúcháin ón Indinéis. Fuarthas freagraí ceistneora freisin ó GOI agus ó GOIS. |
1.6. Cuairteanna fíorúcháin
|
(18) |
I bhfianaise na ráige de COVID-19 agus na mbeart gaibhniúcháin a chuir Ballstáit éagsúla chomh maith le tríú tíortha éagsúla i bhfeidhm, níor fhéad an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán ag an gcéim shealadach. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceáil go cianda ar an bhfaisnéis ar fad a mheastar a bheith riachtanach dá chinntí sealadacha i gcomhréir lena Fhógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (5). |
|
(19) |
Rinne an Coimisiún cros-seiceálacha chianda (‘RCC’) ar na cuideachtaí/páirtithe seo a leanas:
|
|
(20) |
Maidir le nós imeachta Airteagal 7(2a) agus Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán, rinneadh RCCanna ar GOI agus ar GOIS. |
1.7. Tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse a breithníodh
|
(21) |
Cumhdaítear leis an imscrúdú ar fhrithdhumpáil agus díobháil an tréimhse ón Luan 1 Iúil 2019 go dtí an Mháirt 30 Meitheamh 2020 (‘an tréimhse imscrúdaithe’ nó ‘IP’). Sa scrúdú ar threochtaí ábhartha do mheasúnú díobhála, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdaithe (‘an tréimhse a breithníodh’). |
2. AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge lena mbaineann
|
(22) |
Is iad na táirgí lena mbaineann san imscrúdú seo táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú), a thagann i láthair na huaire faoi chóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20 agus 7220 90 80 agus de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise. Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar cóid AC. |
2.2. Táirge comhchosúil
|
(23) |
Leis an imscrúdú léiríodh go bhfuil na saintréithe bunúsacha, fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:
|
|
(24) |
Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin dá bhrí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
2.3. Maímh maidir leis an raon táirge
|
(25) |
Ag céim an-déanach den chuid shealadach san imscrúdú, tháinig úsáideoir amháin de chuid an Aontais chun tosaigh mar pháirtí leasmhar agus chuir sé aighneacht maidir le raon feidhme an táirge isteach. D’iarr an chuideachta go n-eisiafaí táirgí le grád chruach 200 (‘SSCRPanna 200’) ó raon feidhme an táirge ós rud é, de réir na cuideachta, nach bhfuil aon táirgeadh nó táirgeadh an-teoranta san Aontas ag na táirgí sin agus go bhfuil úsáid deiridh shonrach agus nideoige ag baint leis na táirgí sin. De réir na cuideachta, ní chuirfeadh eisiamh SSCRP 200, ar bhonn a ngráid cruach agus a n-úsáide deiridh, imchéimniú cineálacha eile táirgí i mbaol. |
|
(26) |
Chuir an gearánach i gcoinne an mhaímh thuas. D’áitigh Eurofer go dtáirgeann ar a laghad dhá tháirgeoir de chuid an Aontais SSCRPanna 200. Thairis sin, chuir Eurofer in iúl gur féidir gráid chruach eile a chur ina n-ionad go héasca agus iad in iomaíocht dhíreach leis na cineálacha táirgí sin. Ina theannta sin, tá na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag SSCRPanna 200 chomh maith le bealaí dáileacháin mar atá ag SSCRPanna le gráid chruach eile agus ní féidir iad a shainaithint go héasca gan tástálacha speisialta – rud a fhágann go gceadófaí imchéimniú go héasca, dar leis an ngearánach. I bhfianaise na maíomh a rinne Eurofer, chinn an Coimisiún go sealadach gur féidir na cineálacha táirgí a idirmhalartú. |
|
(27) |
Á chur san áireamh gur cuireadh an iarraidh ar raon feidhme an táirge isteach go han-mhall, toisc go dtáirgtear SSCRPanna 200 de chuid an Aontais agus go bhfuil SSCRPanna 200 idirmhalartaithe le cineálacha eile táirgí, diúltaítear go sealadach don iarraidh ar eisiamh táirgí. |
3. DUMPÁIL
3.1. Réamhbharúil
|
(28) |
Ós rud é go bhfuil líon na bpáirtithe atá ag comhoibriú san India agus san Indinéis araon teoranta, tá mionsonraí faoi thorthaí áirithe maidir le dumpáil faoi rún agus, dá bhrí sin, is sna nochtuithe déthaobhacha amháin atá siad le fáil. |
3.2. An India
3.2.1. Comhar agus Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm go páirteach
|
(29) |
Ba iad an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibritheacha san India Chromeni Steels Private Limited agus An Jindal Group. |
|
(30) |
Tháirg Cromeni Steels Private Limited an táirge lena mbaineann san India agus dhíol sé ar an margadh intíre é go príomha le custaiméirí neamhghaolmhara agus le beagán custaiméirí gaolmhara. Rinneadh gach onnmhairiú chuig an Aontas go díreach chuig custaiméirí neamhghaolmhara. |
|
(31) |
D’ainmnigh An Jindal Group na cuideachtaí seo a leanas go sainráite mar chuideachtaí a raibh baint acu le táirgeadh agus díolacháin an táirge lena mbaineann agus a raibh baint acu leis an imscrúdú agus le RCC:
|
|
(32) |
Léiríodh le RCC go raibh baint ag cuideachta ghaolmhar de chuid An Jindal Group i dtríú tír le díol an táirge lena mbaineann leis an Aontas. Mar sin féin, níor tuairiscíodh ról ábhartha an pháirtí sin maidir leis an táirge atá faoi imscrúdú amhlaidh i gcomhfhreagras An Jindal Group, lena n-áirítear sna freagraí ceistneora. Dá bharr sin, chuir an Coimisiún in iúl do An Jindal Group, trí litir dar dáta an 23 Márta 2021, go raibh sé beartaithe aige forálacha Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm agus úsáid a bhaint as fíorais a bhí ar fáil maidir leis an bhfaisnéis nár nochtadh a bhaineann le ról na cuideachta gaolmhaire. I ndiaidh na litreach sin, chuir an chuideachta ghaolmhar atá lonnaithe i dtríú tír barúlacha isteach an 29 Márta 2021. Chomh maith lena mbarúlacha, thug An Jindal Group freagra na cuideachta gaolmhaire ar an iarscríbhinn a ghabhann leis an gceistneoir. |
|
(33) |
Athdhearbhaíodh na barúlacha sin le linn éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta an 16 Aibreán 2021. |
|
(34) |
Rinneadh measúnú ar thuairimí An Jindal Group mar is iomchuí an 23 Márta ach níor athraigh siad tuiscint an Choimisiúin ar na fíorais. Go háirithe, an freagra ar an iarscríbhinn a ghabhann leis an gceistneoir a tíolacadh mar fhreagra ar an litir ón gCoimisiún dar dáta an 23 Márta 2021, ní rabhthas in ann cros-seiceáil chianda a dhéanamh air agus, dá bhrí sin, ní fhéadfadh an Coimisiún iomláine na faisnéise a cuireadh ar fáil thar ceann an pháirtí sin a mheasúnú. |
|
(35) |
Dá bharr sin, dheimhnigh an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige forálacha Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm ag an gcéim seo. |
3.2.2. Gnáthluach
|
(36) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar dtús lena fháil amach an raibh an méid iomlán díolachán intíre le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibrithigh ionadaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Is díolacháin ionadaíocha iad na díolacháin intíre má bhí méid díolachán intíre iomlán an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre in aghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin comhionann le 5 % ar a laghad de mhéid a dhíolachán onnmhairí iomlán maidir leis an táirge lena mbaineann leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. |
|
(37) |
Ar an mbonn sin, ba léir go raibh méid na ndíolachán iomlán a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibrithigh maidir leis an táirge comhchosúil ar an margadh intíre ionadaíoch. |
|
(38) |
Ina dhiaidh sin, shainaithin an Coimisiún na cineálacha táirgí a díoladh ar bhonn intíre agus a bhí comhionann nó inchomparáide leis na cineálacha táirgí a díoladh lena n-onnmhairiú leis an Aontas. |
|
(39) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ansin lena fháil amach an raibh na cineálacha táirgí arna ndíol ag gach táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibritheach ar a mhargadh intíre féin i gcomparáid le cineálacha táirgí a dhíoltar lena n-onnmhairiú chuig an Aontas ionadaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá díolacháin intíre cineáil táirge ionadaíoch má bhí méid díolachán intíre iomlán an chineáil táirge sin le custaiméirí neamhspleácha le linn na tréimhse imscrúdaithe comhionann le 5 % ar a laghad de mhéid díolachán onnmhairí iomlán an chineáil táirge chomhionainn nó inchomparáide leis an Aontas. |
|
(40) |
Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún cion na ndíolachán brabúsach le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre le haghaidh gach cineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdaithe chun a chinneadh an n-úsáidfí díolacháin intíre iarbhír d’fhonn an gnáthluach a ríomh nó an ndéanfaí neamhshuim de dhíolacháin lasmuigh den ghnáthchúrsa trádála de bharr praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán. |
|
(41) |
Tá an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge, is cuma cé acu atá na díolacháin sin brabúsach nó nach bhfuil, sna cásanna seo a leanas:
|
|
(42) |
Sa chás sin, is é an gnáthluach meán ualaithe na bpraghsanna ar gach díolachán intíre den chineál táirge sin le linn na tréimhse imscrúdaithe. |
|
(43) |
Ar an láimh eile, tá an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge a bhaineann le díolacháin intíre bhrabúsacha an chineáil táirge sin, agus an méid sin amháin, le linn na tréimhse imscrúdaithe, más rud é:
|
|
(44) |
I gcás ina raibh níos mó ná 80 % de na díolacháin intíre in aghaidh an chineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdaithe brabúsach, agus i gcás ina raibh an meánphraghas díolachán ualaithe comhionann leis an meánchostas aonaid ualaithe a bhaineann le táirgeadh nó níos airde ná sin, rinneadh an gnáthluach a ríomh mar mheán ualaithe de phraghsanna na ndíolachán intíre iarbhír go léir le linn na tréimhse imscrúdaithe sa chás a thuairiscítear in aithris (42). De rogha air sin, ríomhadh an gnáthluach mar mheán ualaithe na ndíolachán brabúsach sa chás a thuairiscítear in aithris (43). |
|
(45) |
Nuair nár díoladh cineál táirge i gcainníochtaí ionadaíocha nó nár díoladh ar chor ar bith ar an margadh intíre é, agus nuair nár díoladh cineál táirge den táirge comhchosúil sa ghnáthchúrsa trádála, nó nuair nár díoladh go leor acu, dá bhforáiltear in Airteagal 2 (2) agus (4) den bhun-Rialachán, ríomh an Coimisiún an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2 (3) agus (6) den bhun-Rialachán. |
|
(46) |
Ríomhadh an gnáthluach in aghaidh an chineáil táirge tríd an méid seo a leanas a chur leis an meánchostas táirgthe ar tháirge comhchosúil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a ndearnadh imscrúdú orthu le linn na tréimhse imscrúdaithe:
|
|
(47) |
I gcás na gcineálacha táirgí nach ndíoltar i gcainníochtaí ionadaíocha ar an margadh intíre, cuireadh meánchostais SGA agus meánbhrabús na n-idirbheart a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála ar mhargadh intíre na gcineálacha sin leis. I gcás na gcineálacha táirgí nár díoladh ar chor ar bith ar an margadh intíre, nó i gcás nach raibh aon díolachán le fáil sa ghnáthchúrsa díolacháin, cuireadh meánchostais SGA agus brabús na n-idirbheart go léir a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála ar an margadh intíre leis. |
3.2.3. An praghas onnmhairí
|
(48) |
Rinne na táirgeoirí onnmhairiúcháin onnmhairiú chuig an Aontas go díreach trí chustaiméirí neamhspleácha nó trí chuideachtaí gaolmhara. |
|
(49) |
I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha san Aontas agus i gcás táirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas trí chuideachtaí gaolmhara atá lonnaithe i dtríú tír, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas onnmhairiúcháin a íocadh go hiarbhír nó a bhí iníoctha ar an táirge lena mbaineann nuair a dhíoltar é lena onnmhairiú chuig an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán. |
|
(50) |
I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas trí chuideachtaí gaolmhara ag gníomhú dóibh mar allmhaireoir, leagadh síos an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Sa chás sin, rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas le haghaidh gach costais arna thabhú idir allmhairiúchán agus athdhíol, lena n-áirítear costais SGA, agus brabús réasúnta. |
3.2.4. Comparáid
|
(51) |
Rinne an Coimisiún comparáid idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha. |
|
(52) |
I gcás ina raibh údar maith leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, rinne an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú le haghaidh difríochtaí a raibh tionchar acu ar phraghsanna agus ar inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas onnmhairiúcháin le haghaidh choimisiún an trádálaí ghaolmhair i dtríú tír (féach aithris (49)). Rinneadh coigeartuithe ar an ngnáthluach agus ar an bpraghas onnmhairiúcháin i gcás costais iompair, árachais, pacála, láimhseála, lódála agus choimhdeacha, costas creidmheasa, muirir bhainc agus costais comhshó nuair is infheidhme agus lascainí, lena n-áirítear lascainí iarchurtha, i gcás ina ndearna siad difear d’inchomparáideacht praghsanna. |
|
(53) |
Faoi Airteagal 2(10)(b) den bhun-Rialachán, d’iarr An Jindal Group coigeartú aisíoca dleachtanna ar an ngnáthluach, agus iad ag áitiú más rud é go bhfuil ráta comhréidh ‘Scéim Aisíoca Dleachtanna’ go mbeadh sé intuigthe go gcuimseodh a gcuid díolachán intíre uile cáin indíreach i gcomparáid leis na díolacháin onnmhairiúcháin. Mar sin féin, theip ar An Jindal Group a shuíomh go raibh na méideanna a maíodh nasctha le hallmhairí amhábhar ionchorpraithe nó leis na dleachtanna a íocadh orthu. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don maíomh. |
|
(54) |
I bhfianaise na dtorthaí RCC maidir le cuideachta ghaolmhar Jindal atá lonnaithe i dtríú tír, mar a mhínítear in aithrisí (32) go (35) thuas, chuir an Coimisiún fíorais a bí ar fáil faoi Airteagal 18 den bhun-Rialachán in ionad faisnéis áirithe maidir leis na lamháltais is infheidhme i ndáil le praghsanna díola An Jindal Group leis an Aontas. |
3.2.5. Corrlach dumpála
|
(55) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(56) |
Measadh go raibh leibhéal an chomhair ard sa chás seo toisc go bhféadfaí a shainaithint gurb é an méid a bhí in allmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha 100 % d’iomlán na n-onnmhairí chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. Dá bharr sin, chinn an Coimisiún an corrlach dumpála iarmhair a shocrú ar leibhéal an táirgeora onnmhairiúcháin is airde corrlach dumpála. |
|
(57) |
Tá na corrlaigh shealadacha dumpála, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CIF ag teorainn an Aontais, agus an dleacht neamhíoctha mar a leanas:
|
3.3. An Indinéis
3.3.1. Comhar agus Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm go páirteach
|
(58) |
Mar a luadh san aithris thuas, thug trí tháirgeoir onnmhairiúcháin Indinéiseacha freagra don Choimisiún laistigh den spriocdháta a leagadh síos. Mar sin féin, níor thug táirgeoir onnmhairiúcháin amháin díobh sin, PT Bina Niaga Multiusaha, freagra ar an gcuid is mó de na ceisteanna sa cheistneoir. Go deimhin, bhí an chuid is mó dá phríomhranna folamh (lena n-áirítear liostaí díolacháin T-ar-T, costas tábla táirgeachta, tábla brabúsachta) sa fhreagra ceistneora a fuarthas, agus níor fhreagair an chuideachta ach roinnt de na ceisteanna. Chonacthas go raibh an aighneacht chomh fioreasnamhach sin nárbh fhiú freagra a thabhairt ar chor ar bith. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl don pháirtí lena mbaineann, i litir dar dáta an 20 Samhain 2020, an chúis a raibh sé ar intinn ag an gCoimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis a soláthraíodh, agus an chuideachta a mheas ina cuideachta neamh-chomhoibritheach. Tugadh an deis do PT Bina Niaga Multiusaha tuilleadh barúlacha a chur isteach, ach níor thug sé freagra ar an litir sin faoin spriocdháta a leagadh síos. |
|
(59) |
Mar thoradh ar an méid thuas, measadh sa deireadh go raibh dá tháirgeoir onnmhairiúcháin Indinéiseacha a bhí fágtha, An IRNC Group agus An Jindal Indonesia Group, agus iad sin amháin, ag comhoibriú leis an imscrúdú. Rinneadh amach san imscrúdú gur chumhdaigh an dá pháirtí sin níos mó ná 90 % de mhéid onnmhairí na hIndinéise den táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. |
|
(60) |
D’ainmnigh An IRNC Group na cuideachtaí seo a leanas go sainráite mar chuideachtaí a raibh baint acu le táirgeadh agus díolacháin an táirge lena mbaineann agus a raibh baint acu leis an imscrúdú agus le RCC:
|
|
(61) |
Le linn RCC, fuair an Coimisiún amach gur theip ar An IRNC Group an Coimisiún a chur ar an eolas faoi rannpháirtíocht chuideachta gaolmhaire, An Tsingshan Holding Group Co., atá lonnaithe sa tSín, sna gníomhaíochtaí a bhaineann leis an táirge atá faoi imscrúdú. Measadh go raibh an fhaisnéis ar theip ar an gcuideachta a chur ar fáil ríthábhachtach chun gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin An IRNC Group a chinneadh. |
|
(62) |
I gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán agus le litir dar dáta an 23 Márta 2021, cuireadh in iúl don chuideachta na cúiseanna a raibh sé ar intinn ag an gCoimisiún coigeartuithe áirithe a dhéanamh chun an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a cheartú trí na fíorais a bhí ar fáil a úsáid agus tugadh an deis do An IRNC Group barúlacha a thabhairt. |
|
(63) |
Thug an chuideachta freagra ar an litir ón gCoimisiún an 29 Márta 2021. Ina freagra, níor chuir an chuideachta i gcoinne an fhíorais gurbh ann do na heasnaimh a liostaíodh sa litir ón gCoimisiún. D’fhreagair an chuideachta, áfach, go gcoimeádfadh sí an ceart chun barúlacha a thabhairt níos déanaí. |
|
(64) |
D’ainmnigh An Jindal Group na cuideachtaí seo a leanas go sainráite mar chuideachtaí, a chomhoibrigh leis an imscrúdú trí fhreagraí ceistneora a chur ar fáil agus a raibh baint acu le táirgeadh agus díolacháin an táirge lena mbaineann agus a raibh baint acu leis an imscrúdú agus le RCC:
|
3.3.2. Gnáthluach
|
(65) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar dtús lena fháil amach an raibh an méid iomlán díolachán intíre le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibrithigh ionadaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Is díolacháin ionadaíocha iad na díolacháin intíre má bhí méid díolachán intíre iomlán an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre in aghaidh an táirgeora onnmhairiúcháin comhionann le 5 % ar a laghad de mhéid a dhíolachán onnmhairí iomlán maidir leis an táirge lena mbaineann leis an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. |
|
(66) |
Ar an mbonn sin, ba léir go raibh méid na ndíolachán iomlán a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin maidir leis an táirge comhchosúil ar an margadh intíre ionadaíoch. |
|
(67) |
Ina dhiaidh sin, shainaithin an Coimisiún na cineálacha táirgí a díoladh ar bhonn intíre agus a bhí comhionann nó inchomparáide leis na cineálacha táirgí a díoladh lena n-onnmhairiú leis an Aontas. |
|
(68) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ansin lena fháil amach an raibh na díolacháin intíre a rinne gach táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibritheach ar a margadh intíre le haghaidh gach cineáil táirge atá comhionann nó inchomparáide le cineál táirge a díoladh lena onnmhairiú leis an Aontas ionadaíoch, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den bhun-Rialachán. Tá díolacháin intíre cineáil táirge ionadaíoch má bhí méid díolachán intíre iomlán an chineáil táirge sin le custaiméirí neamhspleácha le linn na tréimhse imscrúdaithe comhionann le 5 % ar a laghad de mhéid díolachán onnmhairí iomlán an chineáil táirge chomhionainn nó inchomparáide leis an Aontas. |
|
(69) |
Ina dhiaidh sin, shainigh an Coimisiún cion na ndíolachán brabúsach le custaiméirí neamhspleácha ar an margadh intíre le haghaidh gach cineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdaithe chun a chinneadh an n-úsáidfí an díolachán intíre iarbhír go léir d’fhonn an gnáthluach a ríomh nó an ndéanfaí neamhshuim de dhíolacháin lasmuigh den ghnáthchúrsa trádála de bharr an phraghais, i gcomhréir le hAirteagal 2(4) den bhun-Rialachán. |
|
(70) |
Tá an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge, is cuma cé acu atá na díolacháin sin brabúsach nó nach bhfuil, sna cásanna seo a leanas:
|
|
(71) |
Sa chás sin, is é an gnáthluach meán ualaithe na bpraghsanna ar gach díolachán intíre den chineál táirge sin le linn na tréimhse imscrúdaithe. |
|
(72) |
Ar an láimh eile, tá an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas intíre iarbhír in aghaidh an chineáil táirge a bhaineann le díolacháin intíre bhrabúsacha an chineáil táirge sin, agus an méid sin amháin, le linn na tréimhse imscrúdaithe, más rud é:
|
|
(73) |
I gcás ina raibh níos mó ná 80 % de na díolacháin intíre in aghaidh an chineáil táirge le linn na tréimhse imscrúdaithe brabúsach, agus i gcás ina raibh an meánphraghas díolachán ualaithe níos airde ná an meánchostas aonaid ualaithe a bhaineann le táirgeadh, rinneadh an gnáthluach a ríomh mar mheán ualaithe de phraghsanna na ndíolachán intíre go léir le linn na tréimhse imscrúdaithe nó sa chás a thuairiscítear in aithris (71) mar mheánchostas ualaithe na ndíolachán brabúsach, agus mar sin amháin, nó sa chás a thuairiscítear in aithris (42). |
|
(74) |
Nuair nár díoladh cineál táirge i gcainníochtaí ionadaíocha nó nár díoladh ar chor ar bith ar an margadh intíre é, agus nuair nár díoladh cineál táirge den táirge comhchosúil sa ghnáthchúrsa trádála, agus nuair a rinneadh díolacháin táirge cineáil ar phraghsanna faoi bhun costais aonaid táirgeachta móide díol, costais ghinearálta agus riaracháin, nó nuair nár díoladh go leor acu, dá bhforáiltear in Airteagal 2 (2) agus (4) den bhun-Rialachán, ríomh an Coimisiún an gnáthluach i gcomhréir le hAirteagal 2 (3) agus (6) den bhun-Rialachán. |
|
(75) |
Ríomhadh an gnáthluach in aghaidh an chineáil táirge tríd an méid seo a leanas a chur leis an meánchostas táirgthe ar tháirge comhchosúil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha le linn na tréimhse imscrúdaithe:
|
|
(76) |
I gcás na gcineálacha táirgí nach ndíoltar i gcainníochtaí ionadaíocha ar an margadh intíre, cuireadh meánchostais SGA agus brabús na n-idirbheart a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála ar an margadh intíre le haghaidh na gcineálacha sin leis. I gcás na gcineálacha táirgí nár díoladh ar chor ar bith ar an margadh intíre, cuireadh meánchostais ualaithe SGA agus brabús na n-idirbheart go léir a rinneadh sa ghnáthchúrsa trádála ar an margadh intíre leis. |
3.3.3. An praghas onnmhairí
|
(77) |
Rinne na táirgeoirí onnmhairiúcháin onnmhairiú chuig an Aontas go díreach trí chustaiméirí neamhspleácha nó trí chuideachtaí gaolmhara. |
|
(78) |
I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha san Aontas agus i gcás táirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas trí chuideachtaí gaolmhara atá lonnaithe i dtríú tír, ba é an praghas onnmhairiúcháin an praghas onnmhairiúcháin a íocadh go hiarbhír nó a bhí iníoctha ar an táirge lena mbaineann nuair a díoladh é lena onnmhairiú chuig an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán. |
|
(79) |
I gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas trí chuideachtaí gaolmhara atá ag gníomhú ina n-allmhaireoirí, leagadh síos an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Sa chás sin, rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas le haghaidh gach costais arna thabhú idir allmhairiúchán agus athdhíol, lena n-áirítear costais SGA, agus brabús réasúnta. |
3.3.4. Comparáid
|
(80) |
Rinne an Coimisiún comparáid idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha. |
|
(81) |
I gcás ina raibh údar maith leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, rinne an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú le haghaidh difríochtaí a raibh tionchar acu ar phraghsanna agus ar inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas onnmhairiúcháin le haghaidh choimisiún an trádálaí ghaolmhair i dtríú tír (féach aithris (78)). |
|
(82) |
Rinneadh coigeartuithe ar an ngnáthluach agus ar an bpraghas onnmhairiúcháin i gcás costais iompair, árachais, láimhseála, lódála agus choimhdeacha, costas creidmheasa, muirir bhainc agus costais chomhshó nuair is infheidhme agus lascainí, lena n-áirítear lascainí iarchurtha, i gcás ina ndearna siad difear d’inchomparáideacht praghsanna. |
|
(83) |
Ar bhonn thaispeántán RCC, rinneadh amach go ndearna torthaí RCC maidir le cuideachta ghaolmhar Jindal India, lonnaithe i dtríú tír, mar a mhínítear in aithrisí (32) go (35), difear freisin do dhíolacháin áirithe Aontais ó An Jindal Indonesia Group. Mar a fhoráiltear in Airteagal 18 den bhun-Rialachán, úsáideadh fíorais a bhí ar fáil chun an fhaisnéis a bhaineann leis an gcuideachta sin a chomhlánú. Tá feidhm ag an méid sin freisin maidir leis an bhfaisnéis atá in easnamh i ndail leis An IRNC Group dá dtagraítear in aithrisí (61) go (63) thuas. |
3.3.5. Corrlach dumpála
|
(84) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil den táirge comhchosúil agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(85) |
Measadh go raibh an leibhéal comhair sa chás seo ard toisc gur mó ná 90 % de mhéid iomlán na n-onnmhairí onnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha. Dá bharr sin, leag an Coimisiún an corrlach dumpála iarmhair síos ag leibhéal an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibrithigh a bhfuil an corrlach dumpála is airde aige. |
|
(86) |
Tá na corrlaigh shealadacha dumpála, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CIF ag teorainn an Aontais, agus an dleacht neamhíoctha mar a leanas:
|
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(87) |
Rinne 13 tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse imscrúdaithe. Is é atá iontu an ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. |
|
(88) |
Leagadh síos táirgeacht iomlán an Aontais í ag thart ar 3,1 milliún tona le linn na tréimhse imscrúdaithe. Shuigh an Coimisiún an figiúr seo ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, eadhon na freagraí ceistneora a cros-seiceáladh go cianda agus a fuarthas ó Eurofer agus ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais. |
|
(89) |
Mar a shonraítear in aithris (8), roghnaíodh trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla a raibh thart ar 60 % de tháirgeacht iomlán an Aontais den táirge comhchosúil acu. Is táirgeoirí atá comhtháite go hingearach iad go léir. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(90) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn an mhéid seo a leanas: (a) sonraí cros-seiceáilte Eurofer a bhaineann le tionscal an Aontais a bheith ag díol an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara, cibé díolacháin dhíreacha nó indíreacha, a chros-seiceáiltear go páirteach le táirgeoirí sampláilte an Aontais; agus (b) allmhairí an táirge faoi imscrúdú chuig an Aontas ó gach tríú tír mar a tuairiscítear in Eurostat. |
|
(91) |
Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh mar a leanas: Tábla 1 Tomhaltas an Aontais (tonaí)
|
||||||||||||||||||||
|
(92) |
Le linn na tréimhse a breithníodh, tháinig laghdú 17 % ar thomhaltas an Aontais. |
4.3. Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann
4.3.1. Measúnú carnach ar éifeachtaí na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann
|
(93) |
Rinne an Coimisiún scrúdú lena fháil amach ar cheart measúnú carnach a dhéanamh ar allmhairí SSCR de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann nó nár cheart, i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den bhun-Rialachán. |
|
(94) |
Sonraítear leis an bhforáil sin go ndéanfar measúnú carnach ar na hallmhairí ó níos mó ná tír ach amháin más rud é go gcinntear an méid seo a leanas:
|
|
(95) |
Déantar achoimre ar na corrlaigh dumpála arna socrú i ndáil leis na hallmhairí ó gach ceann den dá thír lena mbaineann faoi aithrisí (57) agus (86). Tá siad ar fad os cionn na tairsí de minimis a leagtar síos in Airteagal 9(3) den bhun-Rialachán. |
|
(96) |
Níor dhiomaibhseach méid na n-allmhairí ó gach ceann den dá thír lena mbaineann. 3,4 % i gcás na hIndia agus 2,8 % i gcás na hIndinéise ab ea an sciar de mhargadh na n-allmhairí le linn na tréimhse imscrúdaithe. |
|
(97) |
Bhí na dálaí iomaíochta idir na hallmhairí dumpáilte ó gach ceann den dá thír lena mbaineann, agus idir iad sin agus an táirge comhchosúil san Aontas cosúil le chéile. Go deimhin, bhí SSCR de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise in iomaíocht le chéile nuair a allmhairítear lena ndíol ar mhargadh an Aontais iad, agus leis an táirge comhchosúil a tháirgeann tionscal an Aontais, toisc go ndíoltar iad go léir le catagóirí comhchosúla custaiméirí. |
|
(98) |
Dá bhrí sin, comhlíonadh na critéir uile a leagtar amach in Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán agus rinneadh scrúdú carnach ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann go carnach chun díobháil a chinneadh. |
4.3.2. Méid agus sciar margaidh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann
|
(99) |
Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh sciar margaidh allmhairí trí mhéid na n-allmhairí a chur i gcomparáid le tomhaltas an Aontais. |
|
(100) |
Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse lena mbaineann: Tábla 2 Méid na n-allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(101) |
Tháinig méadú 54 % ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse a breithníodh, rud a d'fhág go raibh siad in ann a sciar comhpháirteach den mhargadh a mhéadú ó 3,3 % go 6,2 % sa tréimhse imscrúdaithe. Is féidir a dhéanamh amach gur de bharr na n-allmhairí ag teacht ón Indinéis a tháinig an méadú sin ar mhéid na n-allmhairí agus ar an sciar den mhargadh araon - méadaíodh a mhéid allmhairí faoi 6 ½ beagnach sa tréimhse a breithníodh agus tháinig méadú ar a sciar den mhargadh ó 0,4 % go 2,8 %. Tháinig méadú ar allmhairí ón India ó 2017 go 2018, ach léiríodh titim ina dhiaidh sin. Mar thoradh air sin, tháinig titim fhoriomlán i ndearbhthéarmaí le linn na tréimhse a breithníodh. An 1 Feabhra 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún Rialachán lena bhforchuirtear bearta cosanta cinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí áirithe cruach (6). Fuair an India taraifchuóta tír-shonrach le haghaidh an táirge atá faoi imscrúdú, lena ndéantar allmhairí atá faoi réir na dleachta laistigh den chuóta a theorannú go leibhéal níos ísle ná leibhéal 2018. Toisc nach raibh an Indinéis faoi réir taraifchuóta tír-sonrach, ach leis an gcuóta le haghaidh gach tíre eile, ní raibh a allmhairí srianta ina gcinn Indiacha. Mar sin féin, ní raibh an titim ar allmhairí Indiacha chomh dian céanna leis an titim fhoriomlán ar thomhaltas an Aontais agus, dá bhrí sin, tháinig méadú beag ar sciar margaidh na hIndia ó 3 % in 2017 go 3,4 % sa tréimhse imscrúdaithe. |
4.3.3. Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghsanna
|
(102) |
Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse lena mbaineann: Tábla 3 Praghsanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann (EUR/tonaí)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(103) |
I gcás na hIndia, tháinig ardú ar na meánphraghsanna allmhairiúcháin ó 2017 go 2018 faoi 4 %, ach bhí siad fós cobhsaí sa tréimhse fhoriomlán a breithníodh, agus i gcás na hIndinéise tháinig méadú 8 % orthu. Mar sin féin, le linn na tréimhse iomláine a breithníodh, bhí na meánphraghsanna allmhairiúcháin ón dá thír lena mbaineann níos ísle go comhsheasmhach ná praghsanna táirgeoirí an Aontais (féach Tábla 7). |
|
(104) |
Shocraigh an Coimisiún sladghearradh praghsanna le linn na tréimhse imscrúdaithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid le chéile:
|
|
(105) |
Rinneadh an chomparáid praghsanna ar bhonn cineál ar chineál idirbhearta ar an leibhéal trádála céanna, arna gcoigeartú go cuí i gcás inar gá, agus tar éis lacáistí agus lascainí a asbhaint. Sloinneadh toradh na comparáide ina chéatadán de láimhdeachas tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na thréimhse imscrúdaithe. Léiríodh corrlaigh sladghearrtha 4,8 % agus 13,4 % do tháirgeoirí onnmhairiúcháin Indiacha agus 12,0 % agus 12,4 % do tháirgeoirí onnmhairiúcháin Indinéiseacha. |
4.4. Staid eacnamaíoch an tionscail de chuid an Aontais
4.4.1. Barúlacha Ginearálta
|
(106) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar an tionscal de chuid an Aontais, áiríodh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid an tionscail de chuid an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. |
|
(107) |
Mar a luaitear in aithris (8), baineadh úsáid as sampláil chun an díobháil a d’fhéadfadh baint do thionscal an Aontais a chinneadh. |
|
(108) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn sonraí ón bhfreagra a thug Eurofer ar an gceistneoir a bhain le táirgeoirí uile an Aontais, agus rinne siad cros-seiceáil nuair ba ghá leis na freagraí ón gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí i bhfreagraí ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais ar an gceistneoir. Rinneadh cros-seiceáil chianda ar an dá thacar sonraí agus fuarthas amach go raibh siad ionadaíoch do staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
|
(109) |
Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: an táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta, an úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, an sciar den mhargadh, an fás, an fhostaíocht, an táirgiúlacht, agus méid an chorrlaigh dumpála. |
|
(110) |
Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, stoic, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí. |
4.4.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.4.2.1. Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
(111) |
Is mar a leanas a tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh: Tábla 4 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(112) |
Tháinig laghdú mór 16 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. Tagraíonn na figiúirí acmhainneachta a tuairiscíodh d’acmhainneacht iarbhír, rud a thugann le fios gur cuireadh san áireamh coigeartuithe a mheasann an tionscal a bheith caighdeánach – i leith am cur ar bun, cothabháil, scrogaill táirgeachta agus gnáthstadanna eile. Tar éis bearta frithdhumpála a fhorchur ar allmhairí SSCR ó Dhaon-Phoblacht na Síne (‘PRC’) agus ón Téaváin in 2015 (7), chuir roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais tús le nuachóiriú ar a n-acmhainneacht táirgeachta. Mar thoradh ar an nuachóiriú sin, tháinig méadú beag 4 % ar an acmhainneacht táirgthe le linn na tréimhse a breithníodh. |
|
(113) |
De thoradh an táirgeacht a laghdú agus an acmhainneacht a mhéadú beagán, tháinig laghdú 19 % ar an úsáid acmhainneachta le linn na tréimhse a breithníodh, agus thit sé faoi bhun 70 % sa tréimhse imscrúdaithe. |
4.4.2.2. An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
|
(114) |
Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid díolachán thionscal an Aontais agus ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse a breithníodh: Tábla 5 An méid díolachán agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
(115) |
Tháinig laghdú 15 % ar mhéid díolachán thionscal an Aontais le linn na tréimhse lena mbaineann. |
|
(116) |
D’éirigh le tionscal an Aontais, áfach, a sciar den mhargadh a choinneáil agus a mhéadú beagán faoi 2,1 pointe céatadáin le linn na tréimhse a breithníodh mar go raibh an laghdú tomhaltais níos mó fiú ná an laghdú ar mhéid díolachán thionscal an Aontais, ós rud é gur díolacháin de chuid an Aontais a rinneadh a athsholáthar i bpáirt ó thíortha eile seachas ó na tíortha lena mbaineann. |
4.4.2.3. An fás
|
(117) |
Léiríonn na figiúirí thuas i leith mhéid na táirgeachta agus na ndíolachán i ndearbhthéarmaí, a léiríonn treocht laghdaitheach shoiléir le linn na tréimhse a breithníodh, nach raibh tionscal an Aontais in ann fás i ndearbhthéarmaí. Ní raibh ach fás fíorbheag in ann teacht ar an tomhaltas mar gur roghnaigh tionscal an Aontais freagairt do bhrú praghsanna na n-allmhairí dumpáilte trína phraghsanna díolachán a ísliú. |
4.4.2.4. Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
(118) |
Is mar a leanas mar a tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse a breithníodh: Tábla 6 Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
(119) |
Tháinig méadú 4 % idir 2017 agus 2019 ar leibhéal fostaíochta thionscal an Aontais a bhain le táirgeadh SSCRanna agus léirigh sé laghdú 2 phointe céatadáin idir 2019 agus an tréimhse imscrúduithe, rud a fhágann méadú 2 % le linn na tréimhse a breithníodh. I bhfianaise ghéarlaghdú na táirgeachta, maidir le táirgiúlacht lucht saothair thionscal an Aontais, arna tomhas de réir tonaí in aghaidh an fhostaí (i gcoibhéis lánaimseartha) arna dtáirgeadh in aghaidh na bliana, tháinig laghdú suntasach 18 % uirthi le linn na tréimhse a breithníodh. |
4.4.2.5. Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin
|
(120) |
Tá gach corrlach dumpála cuid mhór níos airde ná an leibhéal de minimis. Ní diomaibhseach an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann. |
|
(121) |
Tá allmhairí SSCRanna faoi réir imscrúdú frithdhumpála cheana féin. Rinne an Coimisiún amach go ndearna allmhairí dumpáilte ón PRC agus ón Téaváin difear suntasach do staid thionscal an Aontais le linn 2013, rud a d’fhág gur forchuireadh bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí ó na tíortha sin i nDeireadh Fómhair 2015 (8). Ní dócha, dá bhrí sin, go ndéanfadh na cleachtais dumpála luaite ach difear beag do staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. Tá athbhreithniú éaga na mbeart frithdhumpála ar allmhairí de thionscnamh PRC agus na Téaváine ar siúl faoi láthair (9). |
4.4.3. Táscairí micreacnamaíocha
4.4.3.1. Praghsanna agus fachtóirí a dhéanann difear do phraghsanna
|
(122) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díolachán aonad ualaithe de tháirgeoirí sampláilte an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a breithníodh: Tábla 7 Praghsanna díolachán san Aontas
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
(123) |
Tar éis méadú beag 3 % ó 2017 go 2018, tháinig laghdú 6 % ar mheánphraghsanna díolachán aonaid ó 2018 go dtí an tréimhse imscrúdaithe, rud a d’fhág laghdú 3 % le linn na tréimhse a breithníodh. Le linn na tréimhse céanna, léirigh na costais táirgeachta méadú comhuaineach 5 %, agus ina dhiaidh sin shocraigh siad ag leibhéal costais a bhí 3 % níos airde ná mar a bhí ag tús na tréimhse a breithníodh. Ba iad na méaduithe ar praghsanna amhábhair, amhail nicil agus fearócróimiam, is mó a shocraigh an costas. Mar gheall ar an díchur praghsanna ó na hallmhairí dumpáilte, ní raibh tionscal an Aontais in ann an t-ardú costais sin a chur isteach lena phraghsanna díolachán ach ní amháin sin, cuireadh iallach air a phraghsanna díolachán a ísliú. |
4.4.3.2. Costais saothair
|
(124) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánchostais saothair de tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh: Tábla 8 Meánchostais lucht saothair in aghaidh an fhostaí
|
||||||||||||||||||||
|
(125) |
Thit meánchostais saothair in aghaidh gach fostaí de tháirgeoirí sampláilte an Aontais faoi 3 % le linn na tréimhse a breithníodh: Léiríonn sé sin go raibh táirgeoirí an Aontais in ann costais saothair a laghdú mar fhreagairt ar dhálaí an mhargaidh a bhí ag dul in olcas agus iarracht á déanamh chun teorainn a chur le díobháil an mhargaidh. |
4.4.3.3. Fardail
|
(126) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar leibhéil stoic de tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh: Tábla 9 Fardail
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
(127) |
Le linn na tréimhse a breithníodh, tháinig laghdú 21 % ar leibhéal na stoc deiridh. Tar éis an laghdaithe ar an méid táirgeachta, bhí an treocht sin fós ann. Déanann tionscal an Aontais formhór chineálacha an táirge chomhchosúil a tháirgeadh bunaithe ar orduithe sonracha ó na húsáideoirí. Dá bhrí sin, meastar nach tábhachtach an táscaire díobhála iad na stoic le haghaidh an tionscail sin. Ina theannta sin, deimhnítear an méid sin freisin trí anailís a dhéanamh ar fhorás na stoc deiridh mar chéatadán den táirgeacht. Mar is léir thuas, luainigh an táscaire seo idir 5 % agus 7 % de mhéid táirgeachta tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. |
4.4.3.4. An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus cumas chun caipiteal a chruinniú
Tábla 10
An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí
|
|
2017 |
2018 |
2019 |
IP |
|
Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (% de láimhdeachas na ndíolachán) |
7,6 % |
6,0 % |
1,5 % |
0,4 % |
|
Innéacs |
100 |
79 |
19 |
6 |
|
Sreabhadh airgid (EUR) |
387 200 359 |
273 674 277 |
237 840 311 |
184 024 688 |
|
Innéacs |
100 |
71 |
61 |
48 |
|
Infheistíochtaí (EUR) |
111 578 442 |
111 637 871 |
96 541 925 |
96 585 152 |
|
Innéacs |
100 |
100 |
87 |
87 |
|
Toradh ar infheistíochtaí |
20 % |
15 % |
6 % |
4 % |
|
Innéacs |
100 |
75 |
31 |
20 |
|
Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais |
||||
|
(128) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais trí ghlanbhrabús roimh cháin dhíolachán an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. |
|
(129) |
Thit an bhrabúsacht fhoriomlán ó 7,6 % in 2017 go 0,4 % sa tréimhse imscrúdaithe. Mar a leagtar amach i roinn 4.3.3, tharla an titim sin i gcomhthráth leis an méadú ar mhéideanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus a sciar den mhargadh ar phraghsanna sladghearrtha. |
|
(130) |
Is léir gur lean gach táscaire airgeadais eile, i.e. sreabhadh airgid, infheistíochtaí, agus toradh ar shócmhainní, an treocht anuas chéanna. |
|
(131) |
Is é atá sa sreabhadh glanairgid cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Léiríodh leis an sreabhadh airgid laghdú leanúnach sa tréimhse a breithníodh, rud a d’fhág go raibh an tréimhse imscrúdaithe ag leibhéal 52 % níos ísle ná mar a bhí ag tús na tréimhse imscrúdaithe. |
|
(132) |
Is é atá sna hinfheistíochtaí an glanluach de réir an leabhair sócmhainní. Tar éis a shocrú ó 2017 go 2018, feictear titim ghéar 13 phointe céatadáin ó 2018 go 2019. Is é atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach de réir an leabhair infheistíochtaí, rud a léiríonn leibhéal dímheasa sócmhainní. Tháinig laghdú leanúnach suntasach faoi 80 % air le linn na tréimhse a breithníodh. |
|
(133) |
Chuir drochfheidhmíocht airgeadais thionscal an Aontais idir 2017 agus an tréimhse imscrúdaithe teorainn lena chumas caipiteal a thiomsú. Tá tionscal an Aontais dian ar chaipiteal agus tá infheistíochtaí substaintiúla mar shaintréithe aige. Ní leor an toradh ar infheistíocht le linn na tréimhse a breithníodh chun infheistíochtaí substaintiúla den sórt sin a chumhdach. |
4.5. An chonclúid ar dhíobháil
|
(134) |
Léiríodh san imscrúdú nach bhféadfadh tionscal an Aontais ach freagairt do bhrú praghsanna na n-allmhairí dumpáilte ón India agus ón Indinéis trína phraghsanna díolachán a ísliú d’fhonn a sciar den mhargadh a choimeád (agus iad a mhéadú beagán fiú) sa tréimhse a breithníodh. De thoradh éifeacht na n-allmhairí dumpáilte, díchuireadh praghsanna de réir bhrí Airteagal 3(3) den bhun-Rialachán, ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe. Tháinig laghdú % ar phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh, agus ag an am céanna, faoi dhálaí iomaíochta córa, bheifí ag suil leis go dtiocfadh méadú orthu de réir cóimheas atá inchomparáide leis an ardú ar chostas na táirgeachta, ar tháinig méadú 3 % air. Chuir an staid sin isteach go mór ar bhrabúsacht thionscal an Aontais, rud a d’fhág go raibh titim 94 % uirthi le linn na tréimhse a breithníodh agus gur tháinig deireadh léi ansin ar leibhéal an-íseal agus neamh-inbhuanaithe le linn na tréimhse imscrúdaithe. |
|
(135) |
Tháinig laghdú suntasach ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh agus lean méideanna díolachán agus táirgeachta thionscal an Aontais an treocht sin. Tháinig méadú beag ar an acmhainneacht táirgeachta, mar gheall ar ionchas dearfach do thionscal an Aontais tar éis bearta frithdhumpála a fhorchur ar allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine in 2015. |
|
(136) |
Mar sin féin, tháinig laghdú mór ar tháirgiúlacht agus ar úsáid acmhainneachta le haghaidh táirgeoirí de chuid an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. Ní féidir na figiúirí sin atá titim a mhíniú a mhíniú go hiomlán ach i ngeall ar an méadú beag ar an bhfostaíocht agus ar an acmhainneacht agus ba é an laghdú ar thomhaltas an Aontais agus an méadú comhuaineach ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ba chúis leis sin den chuid is mó. |
|
(137) |
Mar sin féin, is iad táscairí airgeadais tháirgeoirí an Aontais a léiríonn go hiomlán an díobháil. I gcás thionscal an Aontais, tháinig méadú ar a chostais táirgeachta sa tréimhse a breithníodh, in éineacht le laghdú ar phraghsanna díolachán, a d'fhág gur thit an bhrabúsacht ó 7,6 % in 2017 go 0,4 % sa tréimhse imscrúdaithe dá dheasca. Feictear forás diúltach comhchosúil i ndáil leis na táscairí airgeadais eile: infheistíochtaí (-13 %), toradh ar infheistíochtaí (-80 %) agus sreabhadh airgid (-52 %). |
|
(138) |
Dá réir sin, léiríonn na táscairí díobhála gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais sa tréimhse imscrúdaithe, mar gur laghdaíodh dá dheasca a phraghsanna díolacháin in ainneoin an mhéadaithe ar na costais táirgthe, rud a d’fhág gur chlis ar a bhrabúsacht go hiomlán, rud a rinne difear d’infheistíochtaí, don toradh ar infheistíochtaí agus don sreabhadh airgid ar bhonn diúltach. |
|
(139) |
Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán. |
5. CÚISÍOCHT
|
(140) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú lena fháil amach ar bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú freisin lena fháil amach an bhféadfadh sé gur bhain díobháil do thionscal an Aontais de dheasca fachtóirí aitheanta eile san am céanna. D’áirithigh an Coimisiún nach mar gheall ar na hallmhairí dumpáilte a rinneadh aon díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca fachtóirí seachas na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. Seo a leanas na fachtóirí sin: allmhairí ó thríú tíortha, laghdú ar thomhaltas, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, méadú ar chostas na n-amhábhar, agus iompraíocht praghsanna iomaíocha de chuid thionscal an Aontais. |
5.1. Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte
|
(141) |
Tháinig méadú níos mó ná 50 % ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann sa tréimhse a breithníodh agus tháinig méadú beagnach faoi dhó ar a sciar den mhargadh. Rinne an méadú sin ar a sciar den mhargadh dochar d’allmhairí ó thríú tíortha. Mar sin féin, bhí brú praghsanna ar thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ísealphraghais ó na tíortha lena mbaineann. Le linn na tréimhse a breithníodh, bhí praghsanna allmhairí ón India agus ón Indinéis idir 5 % agus 19 % níos ísle ná praghsanna thionscal an Aontais. De dheasca na bpraghsanna allmhairí sin, ní hamháin nach raibh táirgeoirí an Aontais in ann méaduithe ar chostais amhábhar a léiriú ina bpraghsanna ach bhí orthu a bpraghsanna díolachán a laghdú chun a sciar den mhargadh a choimeád. |
|
(142) |
Dá thoradh sin, thit brabúsacht tháirgeoirí an Aontais, anuas ó leibhéal measartha ard in 2017 go beagnach nialas sa tréimhse imscrúdaithe, rud a raibh éifeacht dhíobhálach eile aige ar tháscairí airgeadais uile na gcuideachtaí atá i gceist. |
|
(143) |
Dá bhrí sin, tá nasc láidir cúisíochta idir na hallmhairí dumpáilte ón India agus ón Indinéis agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
5.2. Éifeachtaí fachtóirí eile
5.2.1. Allmhairí ó thríú tíortha
|
(144) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mhéid agus ar phraghsanna na n-allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse a breithníodh: Tábla 11
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(145) |
Le linn na tréimhse a breithníodh, tháinig laghdú suntasach ar allmhairí ó thríú tíortha i méideanna iomlána (méadú 33 %) agus sciar an mhargaidh (ó 26 % in 2017 go 21 % sa tréimhse imscrúdaithe). |
|
(146) |
A mhéid a bhaineann le tíortha aonair, níor tháinig méadú ach ar allmhairí ón gCóiré le linn na tréimhse a breithníodh, rud a d’fhág gur tháinig méadú beag ar a sciar den mhargadh. Mar sin féin, ba bheag an méadú iomlán sin ar sciar an mhargaidh le linn na tréimhse a breithníodh (ó 4,7 % go 5,1 %). Cé go bhfuil praghsanna allmhairí na Cóiré faoi bhun na bpraghsanna sna tíortha lena mbaineann, is dócha go ndéanfadh praghsanna aistrithe difear dóibh de dheasca an chaidrimh idir an monaróir cruach dosmálta Cóiréach Samsung STS agus an monaróir fuar-rollóirí AE Otelinox sa Rómáin. Ní féidir teacht ar chonclúid ar bith an ndéanann na hallmhairí sin praghsanna thionscal an Aontais a shladghearradh nó nach ndéanann, i bhfianaise mheascán anaithnid táirgí na n-allmhairí sin freisin. |
|
(147) |
Mar a leagtar amach in aithris (121) thuas, tá na hallmhairí ón Téaváin faoi réir dleacht frith-dhumpála 6,8 % faoi láthair (10). Tá athbhreithniú éaga na mbeart frithdhumpála ar allmhairí de thionscnamh PRC agus na Téaváine ar siúl faoi láthair (11). |
|
(148) |
Bhí allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne an-íseal le linn na tréimhse a breithníodh. Léirigh allmhairí ón Téaváin méadú 12 % ó 2017 go 2018, ach tháinig laghdú ó 2018 go dtí an tréimhse imscrúdaithe le 26 %, agus sciar den mhargadh á choinneáil thart ar 5 % le linn na tréimhse a breithníodh. Bhí meánphraghsanna na n-allmhairí ón Téaváin faoi bhun mheánphraghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann. Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon chomhoibriú ó tháirgeoirí na Téaváine san athbhreithniú éaga, ní raibh aon sonraí breise aige maidir le praghsanna allmhairí Téavánacha. Dá bhrí sin, ní féidir a chur as an áireamh go ndearna na hallmhairí sin díobháil bhreise do thionscal an Aontais. Mar sin féin, fiú más rud é gur chuir allmhairí ón Téaváin leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais, tháinig laghdú 17 % ar allmhairí ón Téaváin le linn na tréimhse a breithníodh agus, dá bhrí sin, ní fhéadfadh siad a bheith ina gcúis leis na treochtaí diúltacha atá ag dul i méid san anailís ar dhíobháil. |
|
(149) |
Chinn an Coimisiún go sealadach, dá bhrí sin, nach ndéantar an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte na hIndia agus na hIndinéise agus an díobháil ábhartha a bhain do tháirgeoirí an Aontais a mhaolú le hallmhairí ó thíortha eile. |
5.2.2. Laghdú ar thomhaltas
|
(150) |
Tháinig laghdú suntasach ar thomhaltas le linn na tréimhse a breithníodh agus bhí drochéifeacht aige sin ar chuid de na táscairí díobhála, go háirithe ar dhíolacháin agus ar mhéideanna táirgeachta. Mar sin féin, mar a mhínítear in aithris (134), bhain díobháil praghsanna seachas díobháil méideanna do tionscal an Aontais. D’ainneoin margadh atá ag laghdú, d’éirigh le táirgeoirí an Aontais a sciar den mhargadh a mhéadú beagán trí iomaíocht ghéar praghsanna le hallmhairí dumpáilte ar phraghsanna éagóracha, rud a d’fhág gur mheathlaigh táscairí brabúsachta agus airgeadais thionscal an Aontais, amhail brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, agus toradh ar infheistíochtaí. |
|
(151) |
Chinn an Coimisiún go sealadach, dá bhrí sin, nach ndearnadh an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais a mhaolú leis an laghdú ar thomhaltas. |
5.2.3. Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais
|
(152) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mhéideanna agus ar phraghsanna onnmhairí thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh: Tábla 12
|
||||||||||||||||||||||||||||||
|
(153) |
Tháinig laghdú 17 % ar dhíolacháin onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh, arbh é ba chúis leis den chuid is mó bearta arna bhforchur ag na Stáit Aontaithe ar an táirge atá faoi imscrúdú agus méadú ar an iomaíocht ar thríú margaí ina bhfuil díolacháin Síneacha agus díolacháin ó na tíortha lena mbaineann. Mar sin féin, bhí na méideanna a onnmhairíodh teoranta i gcomparáid le méid iomlán díolachán an Aontais, arbh é a bhí ann thart ar 13 % de mhéid iomlán a dhíolachán, agus bhí meánphraghas na ndíolachán onnmhairiúcháin i gcónaí níos airde, le linn na tréimhse a breithníodh, ná praghsanna ar mhargadh an Aontais. |
|
(154) |
Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún go sealadach go raibh tionchar ag feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais ar an díobháil fíorbheag. |
5.2.4. Tionchar phraghsanna amhábhar
|
(155) |
Chuir allmhaireoirí neamhghaolmhara in iúl go bhfuil méadú ag teacht ar chostais amhábhar (nicil, fearócróimiam) mar gheall ar staid dhíobhálach thionscal an Aontais. |
|
(156) |
Ní cúis díobhála é, per se, méadú ar phraghsanna amhábhar toisc go mbíonn méadú ar phraghsanna díola ag gabháil leis ina dhiaidh sin, de ghnáth. Mar sin féin, níl an laghdú ar bhrabúsacht tháirgeoirí an Aontais agus a dtáscairí airgeadais go léir ach ag léiriú na costais táirgthe amháin atá ag dul i méid. Díchuireadh praghsanna ar mhargadh an Aontais le hallmhairí agus ní hamháin nár lig siad do tháirgeoirí an Aontais praghsanna a mhéadú chun an méadú ar chostais a chumhdach, ach cuireadh iallach orthu a bpraghsanna a ísliú fiú, chun caillteanas gar de sciar an mhargaidh a sheachaint. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú géar ar a bhfigiúirí brabúsachta agus ní rabhthas in ann na costais a chumhdach le linn na tréimhse imscrúdaithe. |
|
(157) |
Ar an mbonn sin, cinneadh go sealadach nach ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais de dheasca an mhéadaithe ar phraghsanna amhábhar áirithe. |
5.2.5. Iompraíocht praghsanna de chuid tháirgeoirí an Aontais
|
(158) |
Mhaígh allmhaireoir neamhghaolmhar amháin gur de dheasca iomaíocht inmheánach agus iompraíocht praghsanna tháirgeoirí an Aontais a bhí a staid airgeadais ag meathlú. |
|
(159) |
Níor dheimhnigh an t-imscrúdú an maíomh sin, áfach. Díoladh na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann go comhsheasmhach ar phraghsanna a rinne tionscal an Aontais a shladghearradh agus mar sin is an brú praghsanna ó allmhairí dumpáilte an phríomhchúis nach bhfuil táirgeoirí an Aontais in ann a bpraghsanna a ardú agus a gcostais atá ag méadú i rith an ama a chumhdach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don maíomh sin. |
5.3. An chonclúid ar chúisíocht
|
(160) |
Suíodh nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ón India agus ón Indinéis ar thaobh amháin agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais ar an taobh eile. Bhí comhtharlú ama idir an méadú ar mhéid na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus meathlú fheidhmíocht an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh. Ní raibh aon rogha eile ag tionscal an Aontais ach an leibhéal praghsanna arna shocrú ag na hallmhairí dumpáilte a leanúint ionas nach gcaillfear sciar den mhargadh. Ba é an toradh a bhí air sin go ndearna tionscal an Aontais leibhéal neamh-inbhuanaithe brabúis. |
|
(161) |
Rinne an Coimisiún amach gurb iad seo a leanas na fachtóirí a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar staid thionscal an Aontais: allmhairí ó thríú tíortha, an laghdú ar thomhaltas, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, tionchar phraghsanna amhábhar, agus iompraíocht praghsanna iomaíocha tháirgeoirí an Aontais. |
|
(162) |
Dhealaigh agus scar an Coimisiún tionchair na bhfachtóirí aitheanta uile ar staid thionscal an Aontais ó éifeachtaí díobhála na n-allmhairí dumpáilte. Ní raibh teorainn le héifeacht na n-allmhairí ó thríú tíortha, leis an laghdú ar thomhaltas, le feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, le tionchar na bpraghsanna amhábhar, agus le hiompraíocht praghsanna tháirgeoirí an Aontais ar fhorbairtí diúltacha thionscal an Aontais go háirithe ó thaobh brabúsachta agus táscairí airgeadais de. |
|
(163) |
I bhfianaise na mbreithnithe thuas, shuigh an Coimisiún nasc cúisíoch go sealadach idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. Bhí tionchar mór cinntitheach ag na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann ar an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. Ní dhearnadh an nasc cúisíoch a mhaolú le fachtóirí eile, ina n-aonar nó i dteannta a chéile. |
6. LEIBHÉAL NA mBEART
|
(164) |
Chun leibhéal na mbeart a dhéanamh amach, rinne an Coimisiún scrúdú lena fháil amach ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte. |
6.1. Corrlach gearrdhíola
|
(165) |
Shuigh an Coimisiún ar dtús an méid dleachta ba ghá chun go ndíothófar an díobháil a bhain do thionscal an Aontais in éagmais saobhadh faoi Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Sa chás sin, chuirfí deireadh leis an díobháil dá mbeadh tionscal an Aontais in ann a chostais táirgeachta a chumhdach, lena n-áirítear na costais sin a eascraíonn as comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil, agus as prótacail a ghabhann leo, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, agus chomh maith le costais Choinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (‘EIS’) a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a chumhdach, agus dá mbeadh sé in ann brabús réasúnta a fháil (‘spriocbhrabús’). |
|
(166) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, chun an spriocbhrabús a shuíomh, chuir an Coimisiún na fachtóirí a leanas san áireamh: leibhéal na brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tír lena mbaineann, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chlúdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a mbeifí ag súil léi faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Níor cheart corrlach brabúis den sórt sin a bheith níos lú ná 6 %. |
|
(167) |
Mheas an gearánach gur cheart spriocbhrabús réasúnta a bheith cothrom le 8,7 %, mar a úsáideadh in imscrúdú roimhe sin ar allmhairí an táirge chéanna ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Téaváin (12). |
|
(168) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún measúnú ar mhaíomh arna dhéanamh ag trí tháirgeoir shampláilte an Aontais maidir le hinfheistíochtaí pleanáilte nár cuireadh chun feidhme le linn na tréimhse a breithníodh. Bunaithe ar an bhfianaise dhoiciméadach a fuarthas, a d’fhéadfaí a réiteach le córais chuntasaíochta na gcuideachtaí, ghlac an Coimisiún leis na maímh sin go sealadach agus chuir sé na méideanna comhfhreagracha le brabús tháirgeoirí sin an Aontais. Dá bhrí sin, bhí na corrlaigh spriocbhrabúis deiridh idir 8,82 % agus 9,12 %. |
|
(169) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2d) den bhun-Rialachán, mar chéim chríochnaitheach, rinne an Coimisiún measúnú ar na costais amach anseo a eascraíonn as na Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, agus na prótacail a ghabhann leo, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, agus a thabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2). Ar bhonn na faisnéise a cuireadh isteach, a raibh uirlisí tuairisciúcháin agus réamhaisnéisí na gcuideachtaí a thacaigh léi, shuigh an Coimisiún costas idir 14,53 EUR/tona agus 28,90 EUR/tona, i dteannta an chostais iarbhír a bhain leis na coinbhinsiúin sin a chomhlíonadh le linn na tréimhse imscrúdaithe. Cuireadh an difríocht sin leis an bpraghas neamhdhíobhálach. |
|
(170) |
Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún praghas neamhdhíobhálach an táirge chomhchosúil le haghaidh thionscal an Aontais tríd an gcorrlach brabúis thuasluaite a chur le costas táirgeachta de tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe, agus ansin na coigeartuithe faoi Airteagal 7(2d) a chur leis ar bhonn cineál ar chineál. |
|
(171) |
Ansin, shocraigh an Coimisiún an leibhéal maidir le díothú na díobhála ar bhonn comparáid idir meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe de tháirgeoirí sampláilte an Aontais sna tíortha lena mbaineann ar bhonn cineál ar chineál, arna shuíomh le haghaidh na ríomhanna sladghearrtha praghsanna, agus meánphraghas neamhdhíobhálach ualaithe an táirge chomhchosúil arna dhíol ag táirgeoirí sampláilte an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ansin sloinneadh aon difríocht a tháinig chun cinn ón gcomparáid sin mar chéatadán de mheánluach ualaithe allmhairí CAL. |
|
(172) |
I bhfianaise an ardleibhéil comhair san India agus san Indinéis (100 % agus os cionn 90 % faoi seach), suíodh an corrlach gearrdhíola iarmharach le haghaidh na dtíortha lena mbaineann ar leibhéal an chorrlaigh gearrdhíola aonair is airde le haghaidh tháirgeoir onnmhairiúcháin na hIndia nó na hIndinéise, i.e. 34,6 % agus 32,3 % faoi seach. |
|
(173) |
Taispeántar toradh na ríomhanna sin sa tábla thíos.
|
6.2. Scrúdú ar an gcorrlach leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais
|
(174) |
Mar a míníodh san Fhógra Tionscanta, chuir an gearánach dóthain fianaise ar fáil don Choimisiún go bhfuil saobhadh amhábhair san India agus san Indinéis maidir leis an táirge atá faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, rinneadh scrúdú ar an saobhadh líomhnaithe san imscrúdú sin chun a mheas, más ábhartha, an mbeadh dleacht níos ísle ná an corrlach dumpála leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil. |
|
(175) |
Deimhníodh saobhadh amhábhair san India agus san Indinéis araon leis an bhfaisnéis a tugadh trí RCCanna agus lena linn sa cheistneoir le haghaidh Rialtas na hIndia agus Rialtas na hIndinéise faoi seach. |
|
(176) |
Ós rud é go raibh an corrlach gearrdhíola a ríomhadh do tháirgeoir onnmhairiúcháin Indiach Chromeni níos ísle ná an corrlach dumpála, mheas an Coimisiún an raibh saobhadh amhábhar ann maidir leis an táirge lena mbaineann de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Suíodh san imscrúdú nár bhain Chromeni úsáid as an amhábhar atá faoi réir an tsaofa. Dá bhrí sin, ní raibh gá le hanailís bhreise maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 7(2a) agus Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, bunófar leibhéal na dleachta le haghaidh Chromeni ar bhonn Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. |
|
(177) |
Maidir leis an India freisin, i gcás An Jindal Group, tá an corrlach atá leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil níos airde ná an corrlach dumpála agus dá bhrí sin ní thugtar aghaidh a thuilleadh ar an scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 7(2a). |
|
(178) |
Maidir leis an Indinéis, ós rud é go bhfuil na corrlaigh atá leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil níos airde ná na corrlaigh dumpála, mheas an Coimisiún, ag an gcéim seo, nach raibh gá le haghaidh a thabhairt ar an ngné sin. |
6.3. Conclúid
|
(179) |
Tar éis an mheasúnaithe thuas, chinn an Coimisiún gurb iomchuí méid na ndleachtanna sealadacha a dhéanamh amach i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Dá bharr sin, ba cheart dleachtanna frithdhumpála sealadacha a shocrú mar atá thíos:
|
7. LEAS AN AONTAIS
|
(180) |
I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú lena fháil amach arbh fhéidir leis teacht ar an gconclúid shoiléir nár le leas an Aontais a bhí sé bearta a ghlacadh sa chás seo, cé go ndearnadh amach go raibh dumpáil dhíobhálach á déanamh. Rinneadh cinneadh maidir le leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí agus úsáideoirí. |
7.1. Leas thionscal an Aontais
|
(181) |
Is é atá i dtionscal an Aontais 13 tháirgeoir atá lonnaithe i roinnt Ballstát agus fostaíonn an tionscal go díreach 13 660 fostaí i ndáil leis an táirge atá faoi imscrúdú. Níor chuir táirgeoirí Aontais ar bith i gcoinne thionscnamh an imscrúdaithe. Mar a léirítear i roinn 4 thuas nuair a bhí anailís á déanamh ar na táscairí díobhála, tháinig meath ar a staid i dtionscal iomlán an Aontais agus bhí tionchar diúltach ag na hallmhairí dumpáilte air. |
|
(182) |
Meastar go n-athbhunófar dálaí córa trádála ar mhargadh an Aontais de bharr dleachtanna frithdhumpála sealadacha a fhorchur, go gcuirfear deireadh le díchur na bpraghsanna agus go gcuirfear ar chumas do thionscal an Aontais a gcostais táirgeachta atá ag méadú a chumhdach agus a staid airgeadais a fheabhsú d’ainneoin caillteanas díolachán mar gheall ar mhargadh atá á laghdú. Dá thoradh sin, chuirfí feabhas ar bhrabúsacht thionscal an Aontais i leith leibhéil a mheastar a bheith riachtanach don tionscal dianchaipitil seo. Bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais mar gheall ar allmhairí ar phraghsanna dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. Meabhraítear gur léirigh roinnt príomhtháscairí díobhála treocht dhiúltach le linn na tréimhse a breithníodh. Go háirithe, rinneadh difear an-mhór do tháscairí a bhaineann le feidhmíocht airgeadais tháirgeoirí an Aontais. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, praghsanna a thabhairt ar ais go leibhéal praghsanna neamhdhumpáilte nó ar a laghad go leibhéal praghsanna neamhdhíobhálacha ionas go mbeidh na táirgeoirí go léir in ann oibriú ar mhargadh an Aontais faoi dhálaí córa trádála. |
|
(183) |
Thángthas ar an gconclúid shealadach, dá bhrí sin, gur chun leas thionscal an Aontais a bheadh sé dleachtanna frithdhumpála a fhorchur ós rud é go mbeadh sé in ann aisghabháil a dhéanamh ar éifeachtaí na dumpála díobhálaí a aimsítear. |
7.2. Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara agus úsáideoirí neamhghaolmhara
|
(184) |
Tháinig trí pháirtí chun tosaigh mar allmhaireoirí neamhghaolmhara. Níor thug ach an dá tháirgeoir díobh sin freagra ar an gceistneoir ábhartha, áfach, agus bhí siad ag comhoibriú a thuilleadh sa nós imeachta. |
|
(185) |
Ina dhiaidh sin, mhaígh an gearánach nár cheart páirtí amháin den dá pháirtí thuasluaite a mheas ina allmhaireoir neamhghaolmhar toisc go n-oibríonn sé mar ghníomhaire thar ceann roinnt táirgeoirí onnmhairiúcháin an táirge atá faoi imscrúdú. |
|
(186) |
Maidir leis sin, shuigh an Coimisiún gur oibrigh an chuideachta faoi thrácht i bpáirt go deimhin i gcáil gníomhaire thar ceann An Jindal Group. Mar sin féin, bhí baint aici le gnáthcheannaigh allmhairí an táirge a bhí faoi imscrúdú, rud a d’athdhíol sí leis na custaiméirí san Aontas ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh go sealadach do mhaíomh Eurofer. |
|
(187) |
Léirigh an dá allmhaireoir chomhoibritheacha na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann dá mbeadh bearta frithdhumpála i bhfeidhm, amhail easpa soláthair, seirbhís níos measa, praghsanna a bheadh ag méadú, agus cáilíocht ábhair níos measa a d’eascródh, dar leo, as iomaíocht theoranta ar mhargadh an Aontais. |
|
(188) |
Ina theannta sin, mhaígh allmhaireoir amháin díobh sin go bhfuil caighdeán an-ard ag táirgí Jindal nach féidir táirgeoirí de chuid an Aontais a athsholáthar ná a mheaitseáil. |
|
(189) |
D’ainneoin na mbeart frithdhumpála a d’fhéadfadh a bheith ann, chinn an Coimisiún go sealadach go leanfadh leibhéal folláine iomaíochta de bheith san Aontas ós rud é go bhfuil 13 tháirgeoir de chuid an Aontais a tháirgeann an táirge atá faoi imscrúdú, agus cuid acu nach bhfuil ag glacadh páirt sa ghearán. Ina theannta sin, is é fós atá in allmhairí ó thríú tíortha níos mó ná 20 % den mhargadh. Dá bhrí sin, na tionchair dhiúltacha arna sonrú ag na hallmhaireoirí, ní dócha go dtiocfaidh na tionchair sin a d'fhéadfadh a bheith ann chun cinn. |
|
(190) |
Ní hé is aidhm do bhearta frithdhumpála margadh an Aontais a dhúnadh do na tíortha lena mbaineann, ach is é is aidhm dóibh na praghsanna a ardú go leibhéal cóir. Dá bhrí sin, meastar go mbeidh rochtain ar tháirgí a líomhnaítear atá ar ardcháilíocht fós i bhfeidhm. |
|
(191) |
De thoradh beart, bheadh allmhaireoirí in ann praghsanna a thabhairt ar aghaidh freisin dá gcustaiméirí agus dá bhrí sin ní mheastar go ndéanfar dochar do bhrabúsacht allmhaireoirí. Meastar nach laghdófar an raon táirgí agus an cháilíocht seirbhíse – a mhalairt ar fad, más rud é go mbeidh cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ann, beidh tionscal an Aontais in ann infheistíochtaí nua a dhéanamh agus a cháilíocht a fheabhsú. |
|
(192) |
Mhaígh na hallmhaireoirí freisin go ndéanfadh bearta frithdhumpála róchosaint ar táirgeoirí an Aontais toisc go bhfuil an táirge atá faoi imscrúdú faoi réir bearta coimirce cheana féin. |
|
(193) |
Mar sin féin, is bearta sealadacha iad na bearta coimirce maidir le cruach (13) agus cuireann siad cineál éagsúil cosanta ar fáil seachas bearta frithdhumpála, arb é is aidhm dóibh sin praghsáil éagórach. Deimhníodh sna torthaí sealadacha ón gCoimisiún nach é an méadú ollmhór ar mhéideanna allmhairí ach a bpraghsanna sladghearrtha, as a dtagann díchur praghsanna ar mhargadh an Aontais, ba phríomhchúis leis an díobháil do thionscal an Aontais. |
|
(194) |
An t-aon úsáideoir a tháinig chun tosaigh sa nós imeachta, níor thug sé aon bharúil ar leas an Aontais. Ní raibh ag an gcuideachta ach maímh maidir le scóip táirge na mbeart mar a thuairiscítear i roinn 2 thuas. |
|
(195) |
Ag an gcéim shealadach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin nach mó na héifeachtaí a bheadh ag dleachtanna a d’fhéadfaí a fhorchur ar allmhaireoirí nó úsáideoirí ná éifeachtaí dearfacha na mbeart ar thionscal an Aontais. |
7.3. Conclúid maidir le leas an Aontais
|
(196) |
Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid shealadach nárbh ann d’aon chúis láidir chun teacht ar an gconclúid nach raibh sé chun leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann ag an gcéim seo den imscrúdú. |
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA SEALADACHA
|
(197) |
Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht agus leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú) de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise, chun nach ndéanfaidh na hallmhairí dumpáilte tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais. |
|
(198) |
Ba cheart bearta frithdhumpála sealadacha a fhorchur ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise, i gcomhréir le riail na dleachta is lú in Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. Chuir an Coimisiún na corrlaigh díobhála agus na corrlaigh dumpála (aithris (173) thuas) i gcomparáid le chéile. Socraíodh méid na ndleachtanna ar an leibhéal níos ísle de na corrlaigh dumpála agus díobhála. |
|
(199) |
Ar bhonn an mhéid thuas, ba cheart na rátaí sealadacha maidir le dleacht frithdhumpála, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, agus an dleacht chustaim neamhíoctha, a bheith mar a leanas:
|
|
(200) |
Bunaíodh na rátaí aonair dleachta frithdhumpála do chuideachtaí a sonraíodh sa Rialachán seo ar bhonn thorthaí sealadacha an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, ba léiriú iad ar an staid mar a bhí le linn an imscrúdaithe maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Ba cheart allmhairí an táirge lena mbaineann arna tháirgeadh ag aon chuideachta eile a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’, cuideachta nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair dleachta frithdhumpála. |
|
(201) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin dleachta frithdhumpála i bhfeidhm más rud é go n-athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (14). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh chun a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(202) |
Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith ag dleacht frithdhumpála gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibritheacha san imscrúdú sin, ach, chomh maith leis sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. |
|
(203) |
Chun na rioscaí imchéimnithe a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. |
|
(204) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hí an t-aon eilimint í a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má chuirtear sonrasc a chomhlíonann na ceanglais go léir a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo faoina mbráid, ba cheart d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus d’fhéadfadh sé, amhail i ngach cás eile, go n-d’éileoidís doiciméid bhreise (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí sa dearbhú a dheimhniú agus chun a áirithiú go bhfuil údar maith leis an ráta dleachta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin, i gcomhréir le dlí custaim. |
|
(205) |
Dá dtarlódh sé go dtiocfadh méadú suntasach ar mhéid na n-allmhairí de chuid ceann de na cuideachtaí a bhaineann tairbhe as rátaí aonair dleachta níos ísle, go háirithe tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí méadú den sórt sin ar mhéid a mheas ann féin mar athrú i bpatrún na trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé imscrúdú frith-imchéimnithe a thionscnamh, ar choinníoll go bhfuil na dálaí sin chun déanamh amhlaidh á gcomhlíonadh. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí scrúdú san imscrúdú seo, inter alia, ar an ngá atá le ráta(í) dleachta aonair a bhaint agus dleacht a fhorchur ar fud na tíre ina dhiaidh sin. |
9. CLÁRÚCHÁN
|
(206) |
Mar a luaitear in aithris (3), rinne an Coimisiún allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise faoi réir clárú. Rinneadh an clárú d’fhonn dleachtanna a bhailiú, b’fhéidir, go cúlghabhálach faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. |
|
(207) |
I bhfianaise na dtorthaí ag an gcéim shealadach, ba cheart deireadh a chur le clárú na n-allmhairí. |
|
(208) |
Ní dhearnadh aon chinneadh maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le bearta frithdhumpála ag an gcéim seo den nós imeachta. Déanfar cinneadh den sórt sin ag an gcéim chinntitheach. |
10. FÁISNÉIS AG AN gCÉIM SHEALADACH
|
(209) |
I gcomhréir le Airteagal 19a den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas faoi fhorchur beartaithe dleachtanna sealadacha. Cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal i gcoitinne freisin trí shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála. Tugadh trí lá oibre do na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna a nochtadh go sonrach dóibh. |
|
(210) |
Thug Rialtas na hIndia, táirgeoir onnmhairiúcháin amháin san India agus dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin san Indinéis a mbarúlacha. Chuir an Coimisiún san áireamh barúlacha a measadh a bheith de chineál cléireachais agus, más gá, na corrlaigh a cheartú dá réir. |
11. FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
(211) |
Ar mhaithe leis an dea-riarachán, iarrfaidh an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach i scríbhinn agus/nó éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála laistigh de sprioc-am seasta. |
|
(212) |
Is torthaí sealadacha iad na torthaí maidir le forchur dleachtanna sealadacha, agus féadfar iad a leasú ag céim chinntitheach an imscrúdaithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú), a thagann i láthair na huaire faoi chóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20 agus 7220 90 80 agus de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise.
2. Is mar a leanas a bheidh na rátaí dleachta frithdhumpála sealadaí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas saor ag teorainn an Aontais roimh dhleacht, don táirge a thuairiscítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear 1 thíos:
|
Tír |
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála shealadach |
Cód breise TARIC |
|
An India |
Jindal Stainless Limited |
13,6 % |
C654 |
|
Jindal Stainless Hisar Limited |
13,6 % |
C655 |
|
|
Chromeni Steels Private Limited |
34,6 % |
C656 |
|
|
Gach cuideachta Indiach eile |
34,6 % |
C999 |
|
|
An Indinéis |
IRNC |
19,9 % |
C657 |
|
Jindal Stainless Indonesia |
20,2 % |
C658 |
|
|
Gach cuideachta Indinéiseach eile |
20,2 % |
C999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis a bheidh ag eisiúint sonrasc den sórt sin, arna shainaithint lena ainm/hainm agus lena fheidhm/feidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) sa (an tír lena mbaineann) (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.’ Mura dtíolactar sonrasc den sórt sin, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.
4. Beidh scaoileadh an táirge, dá dtagraítear i mír 1, i saorchúrsaíocht san Aontas faoi réir taisce ráthaíochta atá coibhéiseach le méid na dleachta sealadaí a sholáthar.
5. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachta custaim.
Airteagal 2
1. Cuirfidh páirtithe leasmhara a mbarúlacha i scríbhinn faoin Rialachán seo faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 15 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2. Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún, déanfaidh siad amhlaidh laistigh de 5 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3. Más mian le páirtithe leasmhara éisteacht a iarraidh leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála, iarrtar orthu déanamh amhlaidh laistigh de 5 lá féilire ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Scrúdóidh an tOifigeach Éisteachta iarrataí a chuirtear isteach lasmuigh den teorainn ama sin agus féadfaidh an t-oifigeach sin cinneadh a dhéanamh ar cheart glacadh leis na hiarrataí sin más iomchuí.
Airteagal 3
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim scor de chlárú allmhairí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/370 ón gCoimisiún an 1 Márta 2021.
2. Maidir le sonraí arna mbailiú i ndáil le táirgí a tháinig isteach san Aontas Eorpach lena dtomhailt tráth nach faide ná 90 lá roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar iad a choimeád go dtí an tráth a thiocfaidh bearta cinntitheacha féideartha i bhfeidhm, nó go bhfoirceannfar an t-imeacht seo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh Airteagal 1 i bhfeidhm ar feadh tréimhse 6 mhí.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) Fógra Tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise, (IO C 322, 30.9.2020, lch. 17).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/370 ón gCoimisiún an 1 Márta 2021 lena gcuirtear allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise faoi réir clárú, (IO L 71, 2.3.2021, lch. 18).
(4) Ar fáil ag https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2484.
(5) Fógra maidir le hiarmhairtí na ráige COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).
(6) IO L 31, 1.2.2019, lch. 27.
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1429 ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 224, 27.8.2015, lch. 10).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1429 ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 224, 27.8.2015, lch. 10).
(9) Fógra Tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO C 280, 25.8.2020, lch. 6).
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1429 ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 224, 27.8.2015, lch. 10). Forchuireadh dleacht frithdhumpála 0 % ar chuideachta amháin, Cia Far Industrial Factory Co, Ltd.
(11) Fógra Tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO C 280, 25.8.2020, lch. 6).
(12) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1429 ón gCoimisiún an 26 Lúnasa 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 224, 27.8.2015, lch. 10).
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún 2019/159 an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce chinntitheacha ar allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).
(14) An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, An Bheilg.
CINNTÍ
|
28.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/90 |
CINNEADH (CBES) 2021/855 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Bealtaine 2021
lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (1). |
|
(2) |
An 28 Bealtaine 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/719 (2), lena gcuirtear síneadh leis na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh 2013/255/CBES go dtí an 1 Meitheamh 2021. |
|
(3) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2013/255/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 1 Meitheamh 2022. |
|
(4) |
Ba cheart na hiontrálacha do 25 dhuine nádúrtha agus do thrí eintiteas atá i liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES a thabhairt suas chun dáta. |
|
(5) |
Ba cheart na hiontrálacha do chúigear atá éagtha a scriosadh ó liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34: “Airteagal 34 Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 1 Meitheamh 2022. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Féadfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”; |
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn I mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. SIZA VIEIRA
(1) Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14).
(2) Cinneadh (CBES) 2020/719 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2020 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO L 168, 29.5.2020, lch. 66).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:
|
(1) |
i Roinn A (Daoine), scriostar na hiontrálacha seo a leanas:
|
|
(2) |
i Roinn A (Daoine), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta:
|
|
(3) |
i Roinn B (Eintitis), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta:
|
|
28.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/100 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/856 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Bealtaine 2021
lena gcinntear an dáta a ghlacfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar láimh a cúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (1), agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 120(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá OIPE chun na cúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh a tugadh dó leis an Rialachán sin a ghlacadh ar láimh ar dháta atá le cinneadh trí chinneadh ón gCoimisiún ar thogra ón bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach a luaithe a chuirfear OIPE ar bun. |
|
(2) |
An 7 Aibreán 2021, mhol an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach don Choimisiún gur cheart do OIPE a chúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh a ghlacadh ar láimh an 1 Meitheamh 2021. |
|
(3) |
Is comhlacht doroinnte de chuid an Aontais é OIPE a fheidhmíonn mar aon Oifig amháin le struchtúr díláraithe. Ar an leibhéal lárnach, tá an Coláiste, na Dlísheomraí Buana, an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, na Leas-Phríomhionchúisitheoirí Eorpacha, na hIonchúisitheoirí Eorpacha agus an Stiúrthóir Riaracháin. Ceapadh an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, na hIonchúisitheoirí Eorpacha, na Leas-Phríomhionchúisitheoirí Eorpacha agus Stiúrthóir Riaracháin OIPE le cinntí a glacadh, faoi seach, an 23 Deireadh Fómhair 2019 (2), an 27 Iúil 2020 (3), an 11 Samhain 2020 (4), agus an 20 Eanáir 2021 (5). Bunaíodh an Coláiste an 28 Meán Fómhair 2020. I gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, ghlac an Coláiste rialacha nós imeachta inmheánacha OIPE an 12 Deireadh Fómhair 2020. De bhun na chéad fomhíre d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, ghlac an Coláiste na rialacha maidir leis na Dlísheomraí Buana an 25 Samhain 2020. Mar a shainmhínítear in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) 2017/1939, tá foireann OIPE i bhfeidhm. |
|
(4) |
Ar leibhéal díláraithe OIPE, tá na hIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha ann, atá suite sna Ballstáit a ghlacann páirt sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE (“Ballstáit”). De bhun Airteagal 114(c) de Rialachán (AE) 2017/1939, ghlac an Coláiste na rialacha maidir le coinníollacha fostaíochta na nIonchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha an 29 Meán Fómhair 2020. Ba cheart beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha ar a laghad a cheapadh le haghaidh gach Ballstáit roimh an 1 Meitheamh 2021. An dáta a glacadh an Cinneadh seo, bhí beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit ceaptha ag OIPE, seachas an Fhionlainn agus an tSlóivéin (6). Tá an tréimhse réasúnach ama atá ag na Ballstáit chun a n-iarrthóirí a ainmniú don phost mar Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach dulta in éag cheana. Níor cheart don staid seo cosc a chur ar thús éifeachtach oibríochtaí OIPE, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh Ionchúisitheoir Eorpach na mBallstát lena mbaineann an t-imscrúdú a dhéanamh go pearsanta sna Ballstáit sin, agus cumhachtaí, freagrachtaí agus oibleagáidí uile an Ionchúisitheora Tharmligthe Eorpaigh aige, i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Rialachán (AE) 2017/1939. |
|
(5) |
Deonaíodh buiséad uathrialach do OIPE i gcomhréir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (7) lena ráthaítear a huathriail agus a neamhspleáchas iomlán. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, bunaítear córas bainistithe cásanna OIPE agus feidhmíonn sé ar leibhéal lárnach agus ar leibhéal díláraithe. San Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, a tugadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2153 ón gCoimisiún (8), liostaítear catagóirí na sonraí pearsanta oibríochtúla agus na catagóirí de dhaoine is ábhar do na sonraí a bhféadfar a sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil in innéacs na gcáschomhad ag OIPE. |
|
(7) |
An 21 Deireadh Fómhair 2020, i gcomhréir le hAirteagal 78(5) de Rialachán (AE) 2017/1939, ghlac an Coláiste na rialacha maidir le hOifigeach Cosanta Sonraí OIPE. An 28 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Coláiste na rialacha maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag OIPE. An 21 Deireadh Fómhair 2020, i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ghlac an Coláiste na rialacha inmheánacha a bhaineann le srianta ar chearta ábhar sonraí áirithe i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta riaracháin faoi chuimsiú gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag OIPE. |
|
(8) |
An 13 Eanáir 2021, i gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (AE) 2017/1939, ghlac an Coláiste na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le OIPE. |
|
(9) |
An 27 Samhain 2020, i gcomhréir le hAirteagal 106(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, thug OIPE agus Ard-Diúcacht Lucsamburg Comhaontú Ceanncheathrún i gcrích. Cuireadh áitreabh na hOifige Larnaí i Lucsamburg ar fáil do OIPE. |
|
(10) |
An 30 Meán Fómhair 2020, i gcomhréir le hAirteagal 107(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, ghlac an Coláiste socruithe inmheánacha teanga OIPE. |
|
(11) |
An 21 Deireadh Fómhair 2020, i gcomhréir le hAirteagal 109(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, ghlac an Coláiste na rialacha maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid OIPE. |
|
(12) |
Thug na Ballstáit uile fógra don Choimisiún faoi ghlacadh na mbeart chun Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a thrasuí sa dlí náisiúnta agus chuir siad bearta iomchuí eile i bhfeidhm go ginearálta chun a áirithiú gur féidir le OIPE tús a chur lena chuid oibre oibríochtúla. |
|
(13) |
Le comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, bunaítear OIPE agus tá sé réidh lena chúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh a ghlacadh ar láimh. Dá bhrí sin, ní mór an dáta a ghlacfaidh OIPE na cúraimí sin ar láimh a chinneadh. |
|
(14) |
I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, níor cheart an dáta sin a bheith níos luaithe ná 3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin. Ós rud é gur tháinig Rialachán (AE) 2017/1939 i bhfeidhm an 20 Samhain 2017, níor cheart an dáta sin a bheith níos luaithe ná 20 Samhain 2020. |
|
(15) |
I gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, feidhmeoidh OIPE a inniúlacht maidir le haon chion a thagann faoina inniúlacht a rinneadh tar éis 20 Samhain 2017, nó, i gcás na mBallstát a tháinig isteach sa chomhar feabhsaithe de bhua cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 331(1) CFAE, an dáta atá léirithe sa chinneadh lena mbaineann. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an 1 Meitheamh 2021 a ghlacfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar láimh na cúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh a tugadh di le Rialachán (AE) 2017/1939.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.
(2) IO L 274, 28.10.2019, lch. 1.
(3) IO L 244, 29.7.2020, lch. 18.
(4) Cinntí 010/2020 agus 011/2020 ó Choláiste Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an 11 Samhain 2020.
(5) Cinneadh 003/2021 ó Choláiste Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh an 20 Eanáir 2021.
(6) Cinntí ó Choláiste Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh: 19/2020 an 25 Samhain 2020 (ceapachán deichniúr Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine); 020/2020 an 25 Samhain 2020 (ceapachán ceathrar Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Slóvaice); 021/2020 an 2 Nollaig 2020 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na hEastóine); 22/2020 an 2 Nollaig 2020 (ceapachán aon Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach amháin i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine); 024/2020 an 9 Nollaig 2020 (ceapachán Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach i bPoblacht na Slóvaice); 007/2021 an 3 Feabhra 2021 (ceapachán triúr Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Liotuáine); 008/2021 an 5 Feabhra 2021 (ceapachán triúr Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Seice); 009/2021 an 10 Feabhra 2021 (ceapachán seisear Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha sa Rómáin); 010/2021 an 10 Feabhra 2021 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i Ríocht na hÍsiltíre); 016/2021 an 17 Márta 2021 (ceapachán aon Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach amháin i Ríocht na Beilge); 022/2021 an 7 Aibreán 2021 (ceapachán triúr Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Bulgáire); 024/2021 an 7 Aibreán 2021 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Cróite); 025/2021 an 7 Aibreán 2021 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Seice); 026/2021 an 21 Aibreán 2021 (ceapachán ceathrar Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Fraince); 027/2021 an 21 Aibreán 2021 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Laitvia); 031/2021 an 28 Aibreán 2021 (ceapachán seachtar Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i Ríocht na Spáinne); 032/2021 an 28 Aibreán 2021 (ceapachán aon Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach amháin i bPoblacht Mhálta); 034/2021 an 3 Bealtaine 2021 (ceapachán cúig cinn déag d’Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na hIodáile); 035/2021 an 3 Bealtaine 2021 (ceapachán ceathrar Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Portaingéile); 037/2021 an 6 Bealtaine 2021 (ceapachán aon Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach amháin i bPoblacht na Bulgáire); 041/2021 an 12 Bealtaine 2021 (ceapachán aon Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach amháin i bPoblacht Mhálta); 045/2021 an 17 Bealtaine 2021 (ceapachán aon Ionchúisitheoir Tarmligthe Eorpach amháin i Ríocht na Beilge); 046/2021 an 17 Bealtaine 2021 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na hOstaire); 047/2021 an 17 Bealtaine 2021 (ceapachán cúigear Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha sa Phoblacht Heilléanach); 048/2021 an 19 Bealtaine 2021 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha i bPoblacht na Cipire); 059/2021 an 19 Bealtaine 2021 (ceapachán beirt Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha in Ard-Diúcacht Lucsamburg).
(7) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2153 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle maidir le catagóirí na sonraí pearsanta oibríochtúla agus na catagóirí daoine is ábhar do na sonraí a bhféadfar a sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil in innéacs na gcáschomhad ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO L 431, 21.12.2020, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(10) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
|
28.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/103 |
CINNEADH (AE) 2021/857 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Bealtaine 2021
lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2021/625 a mhéid a bhaineann le gnólachtaí infheistíochta áirithe a chuimsiú faoi réir na gcritéir incháilitheachta le haghaidh comhaltas i líonra príomhdhéileálaithe an Aontais
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is gnách comhaltas i líonraí príomhdhéileálaithe Eorpacha ceannasacha nó fornáisiúnta a oscailt d’institiúidí creidmheasa atá údaraithe faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus do ghnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(2) |
Leagtar síos le hAirteagal 4, pointe (c), de Chinneadh (AE, Euratom) 2021/625 ón gCoimisiún (4), mar cheann de na critéir incháilitheachta le haghaidh comhaltas i líonra príomhdhéileálaithe an Aontais, comhaltas institiúidí creidmheasa i líonra príomhdhéileálaithe Eorpach ceannasach nó fornáisiúnta. De bharr na taithí, tríd an gcomhaltas i líonraí príomhdhéileálaithe Eorpacha ceannasacha nó fornáisiúnta, atá faighte ag gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe chun gníomhaíochtaí frithgheallta ionstraimí airgeadais a dhéanamh agus/nó ionstraimí airgeadais a láithriú ar bhonn ceangaltas daingean faoi Threoir 2014/65/AE, ba cheart na gnólachtaí infheistíochta sin a bheith incháilithe le haghaidh comhaltas i líonra príomhdhéileálaithe an Aontais. Is gníomhaíochtaí iad sin atá ábhartha maidir le cúraimí chomhaltaí líonra príomhdhéileálaithe an Aontais, comhaltaí ar féidir dóibh bheith páirteach i gceantanna ar bhonn ceangaltas daingean agus ar féidir dóibh gníomhú mar phríomhbhainisteoirí le haghaidh idirbhearta sindeacáite lena ngealltar urrúis fiachais a fhrithghealladh. |
|
(3) |
Ina theannta sin, i gcomhréir leis an gcreat rialála nua is infheidhme maidir le gnólachtaí infheistíochta, go háirithe Rialachán (AE) 2019/2033 (5), ba cheart gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe chun gníomhaíochtaí frithgheallta ionstraimí airgeadais a dhéanamh agus/nó ionstraimí airgeadais a láithriú ar bhonn ceangaltas daingean faoi Threoir 2014/65/AE, ba cheart na gnólachtaí sin a bheith cáilithe mar institiúidí creidmheasa ón 26 Meitheamh 2021 amach. Mar sin féin, go dtí an dáta sin agus fad is go dtabharfar údarú dóibh mar institiúidí creidmheasa faoin gcreat rialála nua, bheadh na gnólachtaí sin cáilithe ar bhonn idirthréimhseach mar ghnólachtaí infheistíochta. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE, Euratom) 2021/625 a leasú dá réir. |
|
(5) |
Ag cur san áireamh gur gá céadliosta líonra príomhdhéileálaithe an Aontais a bhunú, rud a bhfuil glao ar iarratais seolta ina leith cheana agus a bhfuil an roghnúchán ar siúl ina leith faoi láthair, agus ag cur san áireamh go bhfuil idirthréimhse ann faoin gcreat rialála nua agus ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil do na hiarratasóirí a bhfuil spéis acu comhaltas a bhaint amach i líonra príomhdhéileálaithe an Aontais, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige go cúlghabhálach ó dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh (AE, Euratom) 2021/625, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2021/625 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití: “Is éard a bheidh i líonra príomhdhéileálaithe an Aontais (‘líonra na bpríomhdhéileálaithe’) grúpa d’institiúidí creidmheasa agus de ghnólachtaí infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (b)(ii), atá incháilithe chun bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí iasachtaíochta agus bainistíochta fiachais seo a leanas de chuid an Choimisiúin:”; |
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e)(iii):
|
|
(5) |
in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Na hinstitiúidí creidmheasa leasmhara agus na gnólachtaí infheistíochta leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 4, pointe (b)(ii), cuirfidh siad iarratas ar chomhaltas i líonra na bpríomhdhéileálaithe faoi bhráid an Choimisiúin trí bhíthin an fhoirm iarratais agus an seicliosta atá i gceangal maidir leis na critéir iontrála atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin a líonadh agus a chur isteach.” |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 17 Aibreán 2021 ar aghaidh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(2) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(3) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(4) Cinneadh (AE, Euratom) 2021/625 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le bunú líonra na bpríomhdhéileálaithe agus sainiú na gcritéar incháilitheachta le haghaidh príomhshainorduithe agus comh-phríomhshainorduithe le haghaidh idirbhearta sindeacáite chun críoch gníomhaíochtaí iasachtaíochta ag an gCoimisiún thar ceann an Aontais agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO L 131, 16.4.2021, lch. 170).
(5) Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).
|
28.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/106 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/858 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Bealtaine 2021
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 maidir le foláirimh a fhógraítear de bharr bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus maidir le rianú teagmhálaithe paisinéirí a shainaithnítear trí Fhoirmeacha Aimsithe Paisinéirí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Maidir le cás dearfach COVID-19 a shainaithint tar éis turas trasteorann ar leith, comhlíonann sé na critéir a leagtar amach in Airteagal 9(1) de Chinneadh 1082/2013/AE, toisc go bhféadfadh sé a bheith ina chúis fós le básmhaireacht shuntasach i measc na ndaoine, toisc go bhféadfadh sé fás go tapa ó thaobh scála de, toisc go bhfuil tionchar aige ar níos mó ná Ballstát amháin, agus toisc go bhféadfadh sé freagairt chomhordaithe ar leibhéal an Aontais a éileamh. I gcomhréir le pointe 23 de Mholadh (AE) 2020/1475 an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cur chuige comhordaithe i leith shrianadh na saorghluaiseachta mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (2), ba cheart faisnéis faoi chásanna COVID-19 a bhraitear ar theacht isteach do dhuine ar chríoch Ballstáit a roinnt láithreach le húdaráis sláinte poiblí na dtíortha a raibh an duine atá i gceist ag fanacht iontu i rith na 14 lá roimhe sin chun críocha rianaithe teagmhálaithe, agus úsáid á baint as an gCóras Luathrabhaidh agus Freagartha (EWRS) a bunaíodh le hAirteagal 8 de Chinneadh 1082/2013/AE agus atá á oibriú ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (“ECDC”). |
|
(2) |
De bhun Mholadh (AE) 2020/1475, d’fhéadfadh na Ballstáit ceangal a chur ar dhaoine atá ag teacht isteach ina gcríoch foirmeacha aimsithe paisinéirí (“PLFanna”) a chur isteach i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cosaint sonraí. |
|
(3) |
Trí chomhlánú formáidí éagsúla PLFanna náisiúnta a fhorchur, bailíonn na Ballstáit sonraí PLF ó phaisinéirí trasteorann atá ag teacht isteach ina gcríoch. Bealach amháin a úsáidtear na sonraí sin ná má aithnítear duine a bhfuil PLF líonta amach aige mar chás COVID-19, úsáidtear na sonraí a bhailítear leis an PLF chun turas an duine sin a dheimhniú agus faisnéis ábhartha a tharchur chuig na Ballstáit ar gá dóibh nósanna imeachta rianaithe teagmhálaithe a dhéanamh maidir le daoine ar féidir gur nochtadh iad don phaisinéir atá ionfhabhtaithe. |
|
(4) |
Tá sonraí pearsanta a bailíodh trí PLFanna náisiúnta á malartú ag údaráis sláinte poiblí le chéile i roinnt Ballstát cheana féin chun críocha an rianaithe teagmhálaithe i gcomhthéacs phaindéim COVID-19. Is tríd an mbonneagar teicniúil reatha a sholáthraítear faoi EWRS a rinneadh an malartú sin go háirithe. |
|
(5) |
An bonneagar teicniúil a sholáthraítear faoi láthair faoi EWRS, níl sé réidh go fóill chun láimhseáil a dhéanamh ar mhéid na sonraí PLFanna a ghintear trí úsáid chórasach agus mhórscála PLFanna. Mar shampla, ní féidir é a aistriú idir formáidí náisiúnta éagsúla agus éilítear iontráil de láimh ina leith, rud a dhéanann dochar do thráthúlacht agus déifeachtacht an rianaithe teagmhálaithe. Sa chás áirithe seo, nuair is gá rianú teagmhálaithe a dhéanamh i ndáil le paisinéirí trasteorann a thaistil ar mhodh iompair amháin ina raibh suíocháin réamhshainithe, aerárthaí, traenacha, báid farantóireachta agus longa cúrsála áirithe, mar shampla, i gcás ina bhféadfadh líon na bpaisinéirí a nochtadh agus fad an nochta do phaisinéir ionfhabhtaithe a bheith suntasach. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart bonneagar teicniúil a bhunú – rud ar a dtugtar “ardán malartaithe PLF” – chun gur féidir sonraí a mhalartú go slán tráthúil éifeachtach idir údaráis inniúla EWRS sna Ballstáit, trí chead a thabhairt faisnéis óna gcórais náisiúnta digiteacha PLF atá ann cheana a tharchur chuig údaráis inniúla eile EWRS ar bhealach idir-inoibritheach agus uathoibríoch. Ba cheart go gcuirfeadh sé leis an ardán malartaithe atá forbartha cheana féin ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“EASA”), agus níor cheart aon ról a bheith ag EASA i gcomhthéacs sonraí pearsanta a phróiseáil tríd an ardán malartaithe PLF mar a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo. Leis an ardán malartaithe PLF, ba cheart go mbeifí in ann sonraí eipidéimeolaíocha teoranta a mhalartú, sonraí atá riachtanach don rianú teagmhálaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Chinneadh 1082/2013/AE. Chun forluí idir gníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí atá i gcoinbhleacht leis na struchtúir agus na sásraí atá ann cheana chun faireachán a dhéanamh, rabhadh a thabhairt go luath agus bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a chomhrac, ba cheart ardán malartaithe PLF a fhorbairt faoi EWRS mar chomhlánú ar an bhfeidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíocha atá ann cheana sa chóras sin. |
|
(7) |
Ba cheart an t-ardán malartaithe PLF a bheith á oibriú ag ECDC i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(8) |
Níor cheart don ardán malartaithe PLF na sonraí PLF agus na sonraí eipidéimeolaíocha atá le malartú a stóráil. |
|
(9) |
Mura bhfuil córas digiteach PLF ag Ballstát a forbraíodh go náisiúnta, d’fhéadfadh sé úsáid a bhaint as Comhchóras Digiteach an Aontais Eorpaigh maidir le Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí (“EUdPLF”), córas a chuir an Coimisiún de chúram ar Ghníomhaíocht Chomhpháirteach “EU Healthy Gateways” a fhorbairt (deontas Uimh. 801493) (4). Is é is cuspóir do EUdPLF pointe iontrála aonair agus bunachar sonraí lena mbailítear PLFanna a chruthú. Amach anseo, ba cheart EUdPLF a nascadh le hardán malartaithe PLF ar mhaithe le sonraí a mhalartú idir Ballstáit a bhfuil a gcórais náisiúnta dhigiteacha PLF féin acu, ar thaobh amháin, agus chun na críche sin amháin, agus na Ballstáit sin a bhaineann úsáid as EUdPLF ar an taobh eile. Ní chumhdaítear leis an gCinneadh seo bunú EUdPLF ná ní rialáiltear leis próiseáil sonraí pearsanta ina leith. |
|
(10) |
Leis an gCinneadh seo, ní rialaítear bunú PLFanna náisiúnta, ach is faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh ina leith. Tá sé de shaoirse ag na Ballstáit a roghnú an mbaileoidh siad PLFanna ó gach paisinéir atá ag teacht isteach ar a gcríoch, nó ó na paisinéirí amháin a bhfuil an Ballstát sin ina cheann scríbe deiridh acu. Maidir le rianú éifeachtach teagmhálaithe trasteorann atá bunaithe ar shonraí PLF, éilítear go mbaileoidh na Ballstáit tacar íosta coiteann de shonraí PLF trína PLFanna náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí íosta PLF sin a leagan síos. Thairis sin, ar mhaithe le héifeachtúlacht costais, inbhuanaitheacht agus slándáil mhéadaithe an réitigh, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chur chuige comhchoiteann a ghlacadh a mhéid a bhaineann le ceanglas a chur ar gach paisinéir PLFanna a líonadh amach, lena n-áirítear paisinéirí idirthurais, nó ceanglas a chur ar na paisinéirí amháin a bhfuil an Ballstát lena mbaineann ina cheann scríbe acu. |
|
(11) |
Ba cheart úsáid an ardáin malartaithe PLF a bheith deonach agus ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit fógra a thabhairt faoi fholáirimh faoin mbonneagar teicniúil atá ag EWRS faoi láthair, ar bhonn sealadach agus ar choinníoll nach gcuireann siad isteach ar chuspóir an rianaithe teagmhálaithe. |
|
(12) |
Níor cheart d’údaráis inniúla EWRS tacair dhea-shainithe sonraí a bhailítear trína gcuid PLFanna agus sonraí eipidéimeolaíocha teoranta eile is gá le haghaidh rianú teagmhálaithe a mhalartú ach i gcomhréir le prionsabal íoslaghdaithe na próiseála sonraí pearsanta. I gcás inar féidir leis an mBallstát a thugann fógra foláirimh faoi phaisinéir ionfhabhtaithe na Ballstáit uile lena mbaineann a shainaithint, bunaithe ar na sonraí PLF atá ar fáil dó, níor cheart dó sonraí a tharchur ach chuig údaráis inniúla EWRS sna Ballstáit sin amháin. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás ina mbailíonn an Ballstát a shainaithníonn an paisinéir ionfhabhtaithe PLFanna ó gach paisinéir atá ag teacht isteach ar a chríoch, lena n-áirítear paisinéirí idirthurais a bhfuil nasceitilt díreach acu ón áit imeachta tosaigh. |
|
(13) |
I gcás ina mbraitear paisinéir a bheith ionfhabhtaithe le SARS-CoV-2 i mBallstát, ba cheart go mbeadh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit sin in ann tacar teoranta sonraí a bhaintear ó na PLFanna a roinnt le húdaráis inniúla EWRS an Bhallstáit imeachta, ar sonraí iad ar cheart a shainiú go beacht maidir lena bhfuil riachtanach chun rianú teagmhálaithe a dhéanamh ar dhaoine a nochtadh sa Bhallstát imeachta agus cónaithe, i gcás nach ionann é agus an Ballstát imeachta – eadhon céannacht agus faisnéis teagmhála an phaisinéara atá ionfhabhtaithe. |
|
(14) |
Chomh maith leis sin, i gcás ina mbraitear go bhfuil paisinéir ionfhabhtaithe le SARS-CoV-2 i mBallstát, ba cheart go mbeadh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit sin in ann tacar teoranta sonraí a roinnt le húdaráis inniúla EWRS na mBallstát uile nó na mBallstát lena mbaineann, má tá faisnéis ag na húdaráis sin a chuirfidh ar a gcumas na Ballstáit sin a shainaithint. Ba cheart na sonraí a bheith teoranta don áit imeachta, don cheann scríbe, don dáta imeachta, don chineál iompair a úsáidtear (e.g. eitleán, traein, cóiste, bád farantóireachta, long), d’uimhir aitheantais na seirbhíse iompair – is é sin le rá uimhir na heitilte, uimhir na traenach, uimhirphláta an chóiste, ainm an bháid farantóireachta nó na loinge – uimhir shuíochán nó chábán an phaisinéara atá ionfhabhtaithe, agus am an imeachta i gcás nach leor na sonraí thuasluaite chun an modh iompair a aithint. Ba cheart go gcuirfeadh sin ar chumas údaráis inniúil EWRS is faighteoir a fháil amach ar tháinig paisinéirí a nochtadh isteach ar a gcríoch agus, má tháinig, rianú teagmhálaithe a dhéanamh. |
|
(15) |
Agus sonraí á roinnt le húdaráis inniúla EWRS eile tríd an ardán malartaithe PLF, ba cheart d’údarás inniúil ábhartha EWRS a bheith in ann faisnéis eipidéimeolaíoch a chur leo atá teoranta don mhéid is gá chun an rianú teagmhálaithe a dhéanamh, i.e. an cineál tástála ar COVID-19 a dhéantar, an t-athraitheach den víreas SARS-CoV-2, agus dáta na samplála agus dáta tosaithe na siomptóim. |
|
(16) |
Déanfaidh údaráis inniúla EWRS sonraí pearsanta paisinéirí atá ionfhabhtaithe a phróiseáil, sonraí a mhalartaítear ar ardán malartaithe PLF, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). An phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoi fhreagracht ECDC chun críocha rianaithe teagmhálaithe, agus é ina oibreoir ar an ardán malartaithe PLF, agus ar an gCoimisiún mar an fophróiseálaí, ní mór di Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (6). |
|
(17) |
An foras dlíthiúil le sonraí pearsanta na bpaisinéirí ionfhabhtaithe a mhalartú, lena n-áirítear sonraí ar shláinte, idir údaráis inniúla EWRS chun críche an rianaithe teagmhálaithe, leagtar síos é in Airteagal 9(1) agus 9(3)(i) de Chinneadh 1082/2013/AE, i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(c) agus Airteagal 9(2)(i) de Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart bearta oiriúnacha agus sonracha a leagan síos sa Chinneadh seo chun cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú. Ba cheart a áireamh orthu sin bearta a bhaineann le sainiú na dtacar sonraí atá le malartú, údaráis inniúla EWRS ar cheart na sonraí a mhalartú leo sna cásanna éagsúla, na bearta slándála iomchuí, lena n-áirítear criptiú, agus na módúlachtaí maidir le próiseáil sonraí idir na húdaráis inniúla náisiúnta ar an ardán malartaithe PLF laistigh den Aontas Eorpach. |
|
(18) |
Is le chéile a chinneann údaráis inniúla EWRS atá rannpháirteach in ardán malartaithe PLF cuspóir agus modhanna próiseála sonraí pearsanta in ardán malartaithe PLF, agus dá bhrí sin is rialaitheoirí comhpháirteacha iad. Le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2016/679, cuirtear d’oibleagáid ar na rialaitheoirí comhpháirteacha a gcuid freagrachtaí féin a chinneadh, ar bhealach trédhearcach, chun na hoibleagáidí faoin Rialachán sin a chomhlíonadh. Foráiltear leis freisin go bhféadfaí na freagrachtaí sin a chinneadh le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil na rialaitheoirí faoina réir. Dá bhrí sin, ba cheart go gcinnfí leis an gCinneadh seo róil agus freagrachtaí na rialaitheoirí comhpháirteacha. |
|
(19) |
Mar sholáthraí réiteach teicniúil agus eagraíochtúil ar ardán malartaithe PLF, déanann ECDC PLFanna agus sonraí eipidéimeolaíocha a phróiseáil thar ceann na mBallstát atá rannpháirteach in ardán malartaithe PLF mar rialaitheoirí comhpháirteacha, agus dá bhrí sin is próiseálaí é de réir bhrí Airteagal 3(12) de Rialachán (AE) 2018/1725. De bhun Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar an phróiseáil a dhéanfaidh próiseálaí a rialú le conradh nó le gníomh dlí faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit atá ina cheangal ar an bpróiseálaí i dtaca leis an rialaitheoir agus lena sonraítear an phróiseáil. Dá bhrí sin, is gá rialacha a leagan amach maidir leis an bpróiseáil a dhéanann ECDC mar phróiseálaí. |
|
(20) |
Foráiltear le hAirteagal 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 go gcomhoibreoidh ECDC, an Coimisiún agus na Ballstáit chun comhleanúnachas éifeachtach a chur chun cinn idir a gcuid gníomhaíochtaí féin. Dá réir sin, ba cheart comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse a thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus ECDC ar mhaithe le comhoibriú le linn fhorbairt agus oibriú teicniúil ardán malartaithe PLF. Ní mór go sonraítear iontu comhroinnt na bhfreagrachtaí (eagraíocht, airgeadais agus teicneolaíocht) idir na páirtithe chun cur chun feidhme an ardáin malartaithe PLF agus na mbeart teicniúil a bhaineann le hoibriú, cothabháil agus forbairt bhreise an ardáin a éascú. |
|
(21) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 a leasú dá réir sin. |
|
(22) |
Sa bhliain 2021, maoineofar an t-ardán malartaithe PLF leis an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála a cuireadh ar bun chun cabhrú leis na Ballstáit freagairt do phaindéim an choróinvíris trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais ar bhealach straitéiseach comhordaithe ar an leibhéal Eorpach, agus trí “Gníomhaíochtaí tacaíochta leis an mbeartas iompair Eorpach, slándáil iompair agus cearta paisinéirí lena n-áirítear gníomhaíochtaí cumarsáide”. Sa bhliain 2022, maoineofar é leis an gClár don Eoraip Dhigiteach. |
|
(23) |
I bhfianaise an dáta oibríochta atá beartaithe le haghaidh ardán malartaithe PLF, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón 1 Meitheamh 2021. Ba cheart go gcuirfí deireadh leis an malartú sonraí tar éis 12 mhí nó tar éis é a bheith dearbhaithe ag Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, i gcomhréir leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta, go bhfuil deireadh tagtha leis an éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í, éigeandáil atá mar thoradh ar SARS-CoV-2, más rud é go ndéanfar an dearbhú sin níos luaithe. |
|
(24) |
Ba cheart oibriú an ardáin malartaithe PLF a theorannú do rialú phaindéim COVID-19. Mar sin féin, d’fhéadfaí é a leathnú amach anseo trí chinneadh cur chun feidhme leasaitheach a dhéanamh i leith eipidéimí den sórt sin lena bhféadfaí ceangal a chur ar na Ballstáit sonraí PLF a mhalartú chun críocha an rianaithe teagmhálaithe, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 9(1) agus leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 9(3) de Chinneadh 1082/2013/AE. |
|
(25) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 6 Bealtaine 2021. |
|
(26) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte arna bhunú le hAirteagal 18 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/253 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an tAirteagal 1a a leanas isteach: “Airteagal 1a Sainmhínithe Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear isteach na hAirteagail 2a, 2b agus 2c seo a leanas: “Airteagal 2a Ardán chun sonraí PLF a mhalartú 1. Faoi EWRS bunaítear ardán chun sonraí PLF faoi phaisinéirí atá ionfhabhtaithe a mhalartú go slán chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 a dhéanann údaráis inniúla EWRS ar dhaoine a nochtadh, agus chun na críche sin amháin, mar chomhlánú ar an bhfeidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíoch atá sa chóras sin cheana féin. Le hardán malartaithe PLF, cuirfear pointe iontrála digiteach ar fáil d’údaráis inniúla EWRS chun a gcórais náisiúnta dhigiteacha PLF a cheangal go slán nó chun ceangal a dhéanamh trí Chomhchóras Digiteach an Aontais Eorpaigh maidir le Foirmeacha Aimsithe Paisinéirí (“EUdPLF”), chun malartú sonraí a bhailítear trí PLFanna a chumasú. Beidh údaráis inniúla EWRS in ann an t-ardán malartaithe PLF a úsáid chun sonraí breise a mhalartú, is é sin le rá sonraí eipidéimeolaíocha chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 ar dhaoine a nochtadh, agus é sin amháin, i gcomhréir le hAirteagal 2b(5). 2. Is é ECDC a oibreoidh an t-ardán malartaithe PLF. 3. D’fhonn a n-oibleagáidí faoi Airteagal 2 a chomhlíonadh maidir le fógra a thabhairt faoi bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a shainaithnítear i gcomhthéacs bhailiú sonraí PLF, déanfaidh údaráis inniúla EWRS na mBallstát a bhfuil sé de cheanglas orthu an PLF a chomhlánú tacar sonraí PLF, faoi mar a shonraítear in Airteagal 2b, a mhalartú tríd an ardán malartaithe PLF. 4. Féadfaidh údaráis inniúla EWRS leanúint dá n-oibleagáidí faoi Airteagal 9(1) agus 9(3) de Chinneadh 1082/2013/AE a chomhlíonadh maidir le fógra a thabhairt faoi bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a shainaithnítear i gcomhthéacs sonraí PLF a bhailiú trí na bealaí cumarsáide eile atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Chinneadh seo, ar bhonn sealadach agus ar choinníoll nach dtiocfadh sé salach ar chuspóir an rianaithe teagmhálaithe. 5. Ní dhéanfaidh an t-ardán malartaithe PLF na sonraí PLF ná na sonraí eipidéimeolaíocha breise a stóráil. Ní cheadóidh sé ach d’údaráis inniúla EWRS sonraí a fháil, sonraí a chuir údaráis inniúla eile de chuid EWRS chucu chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 agus chun na críche sin amháin. Ní bheidh rochtain ag ECDC ar na sonraí ach amháin chun dea-fheidhmiú an ardáin malartaithe PLF a áirithiú. 6. Ní choimeádfaidh údaráis inniúla EWRS na sonraí PLF ná na sonraí eipidéimeolaíocha a fhaigheann siad tríd an ardán malartaithe PLF ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse choinneála is infheidhme i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí rianaithe teagmhálaithe náisiúnta maidir le SARS-CoV-2. 7. Comhoibreoidh an Coimisiún le ECDC i gcomhlíonadh na gcúraimí a leagtar air faoin gCinneadh seo, go háirithe maidir le bearta teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le húsáid, cur chun feidhme, oibriú, cothabháil agus tuilleadh forbartha ar an ardán malartaithe PLF. 8. Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil in ardán malartaithe PLF chun críche rianaithe teagmhálaithe SARS-CoV-2 agus chun na críche sin amháin, déanfar na sonraí sin a phróiseáil go dtí an 31 Bealtaine 2022 nó dtí go mbeidh sé dearbhaithe ag Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, i gcomhréir leis na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta, go bhfuil deireadh tagtha leis an éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í, éigeandáil atá mar thoradh ar SARS-CoV-2, cibé acu is luaithe. Airteagal 2b Na sonraí atá le malartú 1. Agus fógra á thabhairt acu faoi fholáireamh in ardán malartaithe PLF, déanfaidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstáit ina sainaithnítear an paisinéir atá ionfhabhtaithe na sonraí PLF seo a leanas a tharchur chuig údaráis inniúla EWRS Bhallstát chéad imeachta an phaisinéara nó áit chónaithe an phaisinéara, i gcás nach ionann an áit chónaithe agus áit tús aistir:
2. Féadfaidh údaráis inniúla EWRS Bhallstát chéad imeachta an phaisinéara atá ionfhabhtaithe na sonraí PLF a fhaightear a tharchur chuig Ballstát imeachta seachas an Ballstát atá dearbhaithe sa PLF mar Bhallstát an chéad imeachta, i gcás ina bhfuil faisnéis bhreise ann a thugann le fios gur cheart don Bhallstát sin an rianú teagmhálaithe a dhéanamh. 3. Agus fógra á thabhairt acu faoi fholáireamh in ardán malartaithe PLF, déanfaidh údaráis inniúla EWRS an Bhallstát ina sainaithnítear an paisinéir atá ionfhabhtaithe na sonraí PLF seo a leanas a tharchur, i ndáil le gach céim de thuras an phaisinéara sin, chuig údaráis inniúla EWRS na mBallstát uile:
4. I gcás inar féidir le húdaráis inniúla EWRS an Bhallstát atá ag tabhairt fógra faoin bhfoláireamh na Ballstáit lena mbaineann a shainaithint bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil dóibh, déanfaidh siad na sonraí a liostaítear i mír 3 a tharchur chuig údaráis inniúla EWRS na mBallstát sin amháin. 5. Beidh údaráis inniúla EWRS in ann na sonraí eipidéimeolaíocha seo a leanas a sholáthar, i gcás inar gá sin chun rianú éifeachtach teagmhálaithe a dhéanamh:
Airteagal 2c Freagrachtaí údaráis inniúla EWRS agus ECDC maidir le próiseáil sonraí PLF 1. Na húdaráis inniúla EWRS a mhalartaíonn sonraí PLF agus na sonraí in Airteagal 2b(5) le chéile, beidh siad ina rialaitheoirí comhpháirteacha i gcomhair iontráil agus tarchur na sonraí sin, go dtí go bhfaighfear iad tríd an ardán malartaithe PLF. Déanfar freagrachtaí na rialaitheoirí comhpháirteacha a leithdháileadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II. Gach Ballstát ar mian leis a bheith rannpháirteach i malartú trasteorann sonraí PLF tríd an ardán malartaithe PLF, tabharfaidh sé fógra do ECDC sula nglacfaidh sé páirt sa mhalartú sin faoina chuspóir agus faoina údarás inniúil EWRS atá ainmnithe mar an rialaitheoir freagrach. 2. Beidh ECDC ina phróiseálaí ar shonraí a mhalartaítear tríd an ardán malartaithe PLF. Cuirfidh sé an t-ardán malartaithe PLF ar fáil agus áiritheoidh sé slándáil na próiseála, lena n-áirítear sonraí a mhalartaítear tríd an ardán malartaithe PLF a tharchur, agus comhlíonfaidh sé na hoibleagáidí próiseálaí a leagtar síos in Iarscríbhinn III. 3. ECDC agus údaráis inniúla EWRS atá údaraithe chun rochtain a fháil ar an ardán malartaithe PLF, déanfaidh siad tástáil, measúnú agus meastóireacht rialta ar éifeachtacht na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil maidir le slándáil na próiseála sonraí PLF a mhalartaítear tríd an ardán malartaithe PLF a áirithiú. 4. Rachaidh ECDC i dteagmháil leis an gCoimisiúin mar fhophróiseálaí agus áiritheoidh sé go mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna a leagtar amach sa Chinneadh seo maidir leis an gCoimisiún.”. |
|
(3) |
In Airteagal 3(3), cuirtear ‘Iarscríbhinn IV’ in ionad na bhfocal ‘an Iarscríbhinn’; |
|
(4) |
San Iarscríbhinn, cuirtear ‘IARSCRÍBHINN IV’ in ionad an teidil ‘IARSCRÍBHINN’; |
|
(5) |
Cuirtear isteach Iarscríbhinní I, II agus III faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Meitheamh 2021.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 293, 5.11.2013, lch. 1.
(2) IO L 337, 14.10.2020, lch. 3.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (IO L 142, 30.4.2004, lch. 1).
(4) Faoi scáth HEALTHY GATEWAYS, an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach maidir le hUllmhacht agus gníomhaíocht ag pointí iontrála (calafoirt, aerfoirt agus turais de thalamh) atá á maoiniú ag an Tríú Clár Sláinte (2014-2020), tugtar le chéile 28 dtír Eorpacha.
(5) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil leis an bpróiseáil a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais ar shonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
TACAR ÍOSTA SONRAÍ PLF ATÁ LE BAILIÚ TRÍD AN PLF NÁISIÚNTA
Beidh na sonraí PLF seo a leanas ar a laghad sa PLF:
|
(1) |
céadainm; |
|
(2) |
sloinne; |
|
(3) |
dáta breithe; |
|
(4) |
uimhir ghutháin (líne thalún agus/nó uimhir fóin póca); |
|
(5) |
Seoladh ríomhphoist; |
|
(6) |
seoladh na háite cónaithe; |
|
(7) |
ceann scríbe deiridh an turais iomláin san Aontas Eorpach; |
|
(8) |
an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach céim den turas go dtí an Ballstát atá ag éileamh an PLF:
|
IARSCRÍBHINN II
FREAGRACHTAÍ NA mBALLSTÁT RANNPHÁIRTEACH MAR RIALAITHEOIRÍ COMHPHÁIRTEACHA AR AN ARDÁN MALARTAITHE PLF
ROINN 1
Roinnt na bhfreagrachtaí
|
(1) |
Áiritheoidh gach údarás inniúil EWRS gur i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) a dhéanfar an phróiseáil ar shonraí PLF agus ar na sonraí eipidéimeolaíocha breise a mhalartaítear ar an ardán malartaithe PLF. Thar aon ní eile, áiritheoidh sé gur sonraí cruinn iad na sonraí a iontrálann sé san ardán malartaithe PLF agus na sonraí a tharchuireann sé tríd, sonraí atá teoranta do na sonraí a leagtar síos in Airteagal 2b den Chinneadh seo. |
|
(2) |
Is é údarás inniúil EWRS an t-aon rialaitheoir atá ann le bailiú, úsáid agus nochtadh sonraí PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha breise a dhéanamh, agus aon phróiseáil eile ina leith, rud a dhéantar lasmuigh den ardán malartaithe PLF. Áiritheoidh gach údarás inniúil EWRS gur i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a shonraítear le haghaidh an ardáin mhalartaithe PLF a dhéanfar na sonraí a tharchur. |
|
(3) |
Is ó phointe teagmhála aon cheann de na rialaitheoirí comhpháirteacha a chuirfear treoracha chuig an bpróiseálaí, i gcomhaontú leis na rialaitheoirí comhpháirteacha eile. |
|
(4) |
Ní fhéadfaidh ach daoine atá údaraithe ag údaráis inniúla EWRS rochtain a fháil ar shonraí PLF agus ar shonraí eipidéimeolaíocha breise a mhalartaítear ar an ardán malartaithe PLF. |
|
(5) |
Bunóidh gachúdarás inniúil EWRS pointe teagmhála ag a bhfuil bosca ríomhphoist feidhmiúil a fheidhmeoidh mar dheis chumarsáide idir na rialaitheoirí comhpháirteacha agus idir na rialaitheoirí comhpháirteacha agus an próiseálaí. Is í Meitheal Choiste Slándála Sláinte EWRS a rialaíonn próiseas cinnteoireachta na Rialaitheoirí Comhpháirteacha. |
|
(6) |
Scoirfidh gach údarás inniúil EWRS de bheith ina rialaitheoir comhpháirteach ó dháta tharraingt siar a chuid rannpháirtíochta san ardán malartaithe PLF. Leanfaidh sé de bheith freagrach, áfach, as bailiú agus as tarchur sonraí PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha breise ar an ardán malartaithe PLF, sonraí a iontráladh sular tharraing sé siar. |
|
(7) |
Coimeádfaidh gach údarás inniúil EWRS taifead de na gníomhaíochtaí próiseála a thagann faoi scáth a chuid freagrachta. Féadfar an rialú comhpháirteach a léiriú ar an taifead. |
ROINN 2
Freagrachtaí agus róil maidir le hiarrataí ar na ábhair sonraí a láimhseáil agus iad a chur ar an eolas
|
(1) |
Déanfaidh gach údarás inniúil EWRS a bhfuil PLF de dhíth air faisnéis a sholáthar do na paisinéirí trasteorann (‘na hábhair sonraí’) maidir leis na cúinsí a bhaineann le malartú a gcuid sonraí PLF agus a gcuid sonraí eipidéimeolaíocha ar an ardán malartaithe PLF chun críche an rianaithe teagmhála, i gcomhréir le hAirteagail 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679. |
|
(2) |
Gníomhóidh gach údarás inniúil EWRS mar phointe teagmhála le haghaidh na n-ábhar sonraí agus láimhseálfaidh sé na hiarrataí a bhaineann le feidhmiú a gceart gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, iarrataí a chuirfidh siad féin nó a n-ionadaithe isteach. Ainmneoidh gach údarás inniúil EWRS pointe teagmhála sonrach a bheidh tiomnaithe d’iarrataí a gheofar ó ábhair sonraí. Má fhaigheann údarás inniúil EWRS iarraidh ó ábhar sonraí, iarraidh nach dtagann faoina fhreagracht féin, cuirfidh sé an iarraidh sin ar aghaidh go pras chuig an údarás inniúil EWRS atá freagrach, agus cuirfidh sé ECDC ar an eolas ina leith. Má iarrtar sin, tabharfaidh údaráis inniúla EWRS cúnamh dá chéile chun iarrataí na n-ábhar sonraí a bhaineann leis an rialaitheoir comhpháirteach a láimhseáil agus freagróidh siad dá chéile gan moill mhíchuí agus laistigh de 15 lá ar a dhéanaí ón iarraidh ar chúnamh a fháil. |
|
(3) |
Déanfaidh gach údarás inniúil EWRS ábhar na hIarscríbhinne seo a chur ar fáil do na hábhair sonraí, lena n-áirítear na socruithe a leagtar síos i bpointí 1 agus 2. |
ROINN 3
Bainistiú teagmhas slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta
|
(1) |
Ina gcáil mar rialaitheoirí comhpháirteacha, tabharfaidh údaráis inniúla EWRS, cúnamh dá chéile chun aon teagmhas slándála, lena n-áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta, a shainaithint agus a láimhseáil, ar teagmhais iad atá nasctha le próiseáil PLF agus le sonraí eipidéimeolaíocha a mhalartaítear ar an ardán malartaithe PLF. |
|
(2) |
Go háirithe, tabharfaidh siad fógra dá chéile agus do ECDC maidir leis na nithe seo a leanas:
|
|
(3) |
Déanfaidh údaráis inniúla EWRS aon sárú ar shonraí maidir leis an oibríocht próiseála san ardán malartaithe PLF a chur in iúl do ECDC, do na húdaráis mhaoirseachta inniúla agus, i gcás inar gá, do na hábhair sonraí, i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34 de Rialachán (AE) 2016/679 nó tar éis fógra a fháil ó ECDC. |
|
(4) |
Cuirfidh gach údarás inniúil EWRS bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme, ar bearta iad a cheapadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
ROINN 4
Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí
Má tá faisnéis ó rialaitheoir eile ag teastáil ó rialaitheoir d’fhonn a oibleagáidí a shonraítear in Airteagail 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh, seolfaidh sé iarraidh shonrach chuig an mbosca ríomhphoist feidhmiúil dá dtagraítear i bhForoinn 1(5) de Roinn 1. Déanfaidh an rialaitheoir eile sin a dhícheall an fhaisnéis sin a chur ar fáil.
IARSCRÍBHINN III
FREAGRACHTAÍ ECDC MAR PHRÓISEÁLAÍ SONRAÍ AR AN ARDÁN MALARTAITHE PLF
(1)
Bunóidh agus áiritheoidh ECDC bonneagar cumarsáide slán iontaofa lena ndéanfar údaráis inniúla EWRS na mBallstát atá rannpháirteach san ardán malartaithe PLF a idirnascadh.Tá an méid seo a leanas i gceist leis an bpróiseáil a dhéanann ECDC ar an ardán malartaithe PLF:
|
(a) |
Tacar íosta na gceanglas teicniúil a shainiú ionas go bhféadfar bunachair sonraí náisiúnta PLF a úsáid go mín slán; |
|
(b) |
idir-inoibritheacht na mbunachar sonraí PLF náisiúnta a áirithiú ar bhealach slán agus uathoibrithe. |
(2)
Chun a oibleagáidí mar phróiseálaí sonraí ar an ardán malartaithe PLF a chomhlíonadh, rachaidh ECDC i dteagmháil leis an gCoimisiúin mar fhophróiseálaí agus áiritheoidh sé go mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna, mar a leagtar amach sa Chinneadh seo, maidir leis an gCoimisiún.Féadfaidh ECDC údarú a thabhairt don Choimisiún tríú páirtithe a fhostú mar fhophróiseálaithe breise.
Má fhostaíonn an Coimisiún fophróiseálaithe, déanfaidh ECDC an méid seo a leanas:
|
(a) |
a áirithiú go mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna, faoi mar a leagtar amach sa Chinneadh seo, maidir leis na fophróiseálaithe sin; |
|
(b) |
na rialaitheoirí a chur ar an eolas faoi aon athrú a bheadh beartaithe a bhaineann le fophróiseálaithe eile a thabhairt isteach nó a chur in ionad fophróiseálaithe eile, ionas go mbeadh deis ag na rialaitheoirí agóid i gcoinne athruithe den chineál sin trí thromlach simplí. |
(3)
Déanfaidh ECDC an méid seo a leanas:|
(a) |
bonneagar cumarsáide slán iontaofa a bhunú agus a áirithiú, bonneagar lena ndéanfar údaráis inniúla EWRS na mBallstát atá rannpháirteach san ardán malartaithe PLF a idirnascadh; |
|
(b) |
sonraí PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha breise a phróiseáil, bunaithe ar threoracha doiciméadaithe amháin ó na rialaitheoirí, mura rud é go gceanglaítear air an méid sin a dhéanamh le dlí an Aontais; sa chás sin, cuirfidh ECDC na rialaitheoirí ar an eolas faoin gceanglas dlíthiúil sin sula ndéanfar an phróiseáil, ach amháin má choisctear an fhaisnéis sin a chur isteach faoin dlí sin ar fhoras tábhachtach arb é leas an phobail é. |
|
(c) |
plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe i ndiaidh tubaiste a chur i bhfeidhm. |
|
(d) |
na bearta is gá a dhéanamh chun sláine PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha breise a phróiseáiltear a chaomhnú; |
|
(e) |
gach beart úrscothach slándála eagraíochtúil, fisiceach agus leictreonach a dhéanamh chun an t-ardán malartaithe PLF a choinneáil ar bun; chuige sin, déanfaidh ECDC an méid seo a leanas:
|
|
(f) |
gach beart slándála is gá a dhéanamh le nach gcuirfear feidhmiú mín oibríochtúil an ardáin mhalartaithe PLF i mbaol; chuige sin, cuirfidh ECDC nósanna imeachta sonracha i bhfeidhm a bhaineann le feidhmiú an ardáin mhalartaithe PLF agus an nasc idir na freastalaithe cúil agus ardán malartaithe PLF; áirítear leis sin:
|
|
(g) |
bearta úrscothacha slándála agus/nó leictreonacha a ghlacadh le haghaidh na saoráidí ina bhfuil trealamh an ardáin mhalartaithe PLF agus le haghaidh rialuithe ar rochtain sonraí agus slándála; chun na críche sin, déanfaidh ECDC an méid seo a leanas:
|
|
(h) |
bearta a dhéanamh chun a fhearann a chosaint, lena n-áirítear gearradh na gceangal, i gcás ina mbeidh diall substaintiúil ó na prionsabail agus ó na coincheapa maidir le cáilíocht nó slándáil; |
|
(i) |
plean bainistithe riosca a choinneáil a bhaineann lena réimse freagrachta; |
|
(j) |
faireachán– i bhfíor-am – ar fheidhmíocht chomhpháirteanna uile an ardáin mhalartaithe PLF, staitisticí a chur ar fáil go rialta agus taifid a choimeád; |
|
(k) |
a chinntiú go bhfuil an tseirbhís ar fáil 24/7, leis an aga neamhfhónaimh inghlactha chun críocha cothabhála; |
|
(l) |
tacaíocht a chur ar fáil do gach seirbhís ardáin malartaithe PLF i mBéarla, ar an bhfón, trí ríomhphost nó ar an Tairseach Gréasáin agus glacadh le glaonna ó ghlaoiteoirí údaraithe: comhordaitheoirí an ardáin mhalartaithe PLF agus a ndeasc cabhrach féin, a n-Oifigigh Tionscadail agus a ndaoine ainmnithe ó ECDC; |
|
(m) |
cuidiú leis an rialaitheoir, a mhéid is féidir, trí bhearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le comhlíonadh oibleagáid an rialaitheora iarrataí a fhreagairt maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí a leagtar amach i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2016/679; |
|
(n) |
tacú leis na rialaitheoirí trí fhaisnéis a sholáthar maidir leis an ardán malartaithe PLF, d’fhonn na hoibleagáidí de bhun Airteagail 32, 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2016/679 a chur chun feidhme; |
|
(o) |
a áirithiú go mbeidh sonraí PLF agus sonraí eipidéimeolaíocha a tharchuirtear tríd an ardán malartaithe PLF dothuigthe d’aon duine nach bhfuil údaraithe chun rochtain a fháil air, go háirithe trí chriptiú láidir a chur i bhfeidhm; |
|
(p) |
gach beart ábhartha a dhéanamh ionas nach mbeidh rochtain neamhúdaraithe ag oibreoirí an ardáin mhalartaithe PLF ar shonraí tarchurtha PLF agus eipidéimeolaíocha; |
|
(q) |
bearta a dhéanamh chun an idir-inoibritheacht agus an chumarsáid a éascú idir rialaitheoirí ainmnithe an ardáin mhalartaithe PLF; |
|
(r) |
taifead a choinneáil de na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar thar ceann na rialaitheoirí i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
(*) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).