|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 186 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
|
27.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 186/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/840 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2021
lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár “Pericles IV”), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 331/2014
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá an cuspóir curtha rompu ag an Aontas agus ag na Ballstáit na bearta is gá a leagan síos chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. Tá cosaint an euro ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar ar cheann de na bearta sin chun éifeachtacht gheilleagar an Aontais a áirithiú agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a dhaingniú. |
|
(2) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle (3), foráiltear do mhalartuithe faisnéise, do chomhar agus do chúnamh frithpháirteach, lena mbunófar ar an dóigh sin creat comhchuibhithe chun an euro a chosaint. Leathnaíodh éifeachtaí an Rialacháin sin le Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 (4) ón gComhairle ionas go gcumhdófaí na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar a n-airgeadra aonair, chun go gcuirfí leibhéal coibhéiseach cosanta ar fail don euro ar fud an Aontais. |
|
(3) |
Gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh malartuithe faisnéise agus foirne, cúnaimh theicniúil agus eolaíoch agus oiliúna speisialaithe a chur chun cinn, is cuidiú mór iad chun airgeadra aonair an Aontais a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar agus, dá bhrí sin, ardleibhéal de chosaint choibhéiseach a áirithiú ar fud an Aontais, agus léiriú á thabhairt ag an am céanna ar chumas an Aontais dul i ngleic le coireacht eagraithe thromchúiseach. Leis na gníomhaíochtaí sin d’fhéadfaí cuidiú, ina theannta sin, le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin choiteanna atá ann chun an choireacht eagraithe a chomhrac, lena n-áirítear sciúradh airgid. |
|
(4) |
Le clár chun an euro a chosaint ar ghóchumadh cuirtear le feasacht shaoránaigh an Aontais a mhúscailt, a muinín as an airgeadra sin a mhéadú agus feabhas a chur ar chosaint an euro, go háirithe trí shíorscaipeadh torthaí gníomhaíochtaí a dtacaíonn an clár sin leo. |
|
(5) |
Dlúthchuid de gheilleagar an Aontais atá slán agus iomaíoch is ea cosaint dhaingean an euro ar ghóchumadh, agus ar ní é a bhfuil baint dhíreach aige le cuspóir an Aontais maidir le feidhmiú éifeachtúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a fheabhsú. |
|
(6) |
A bhuí le tacaíocht a tugadh san am a caitheadh do ghníomhaíochtaí den sórt sin, trí Chinntí 2001/923/CE (5) agus 2001/924/CE (6) ón gComhairle, arna leasú agus arna leathnú ina dhiaidh sin le Cinntí 2006/75/CE (7), 2006/76/CE (8), 2006/849/CE (9) agus 2006/850/CE (10) ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), bhíothas in ann feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát i réimse an euro a chosaint ar ghóchumadh. Tá cuspóirí an chláir chun an euro a chosaint ar ghóchumadh do na tréimhsí roimhe sin bainte amach go rathúil. |
|
(7) |
In 2017, rinne an Coimisiún meastóireacht mheántéarmach ar an gclár ilbhliantúil gníomhaíochta arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 (clár “Pericles 2020”), a raibh tuarascáil neamhspleách ag gabháil léi. Tuarascáil dhearfach a bhí inti i gcoitinne maidir le Clár Pericles 2020 ach cuireadh imní in iúl inti maidir le líon teoranta na n-údarás inniúil a rinne iarratas chun gníomhaíochtaí faoi chlár Pericles 2020 a chur chun feidhme agus maidir le cáilíocht na bpríomhtháscairí feidhmíochta arna n-úsáid chun torthaí chlár Pericles 2020 a thomhas. Ina Theachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an meastóireacht mheántéarmach ar chlár Pericles 2020 agus a mheastóireacht ex ante i bhfoirm Doiciméad Inmheánach Oibre a bhí ag gabháil lena thogra, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, agus conclúidí agus moltaí na meastóireachta meántéarmaí á gcur san áireamh, gur cheart tacú le leanúint de chlár Pericles 2020 níos faide anonn ná 2020, de bharr a bhreisluacha Aontais, a thionchair fhadtéarmaigh agus inbhuanaitheacht a ghníomhaíochtaí mar aon lena rannchuidiú leis an gcoireacht eagraithe a chomhrac. |
|
(8) |
Is í an chomhairle a thugtar sa mheastóireacht mheántéarmach ná gur cheart leanúint de ghníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi chlár Pericles 2020, agus aghaidh á tabhairt, ag an am céanna, ar an ngá le cur isteach iarratas a shimpliú, idirdhealú idir tairbhithe agus rannpháirtíocht an líon is mó is féidir d’údaráis inniúla ó thíortha éagsúla i ngníomhaíochtaí chlár Pericles 2020 a spreagadh, agus leanúint de dhíriú ar bhagairtí góchumtha athfhillteacha atá ag teacht chun cinn, agus na heochairtháscairí feidhmíochta a shruthlíniú. |
|
(9) |
Tá príomhionaid ghóchumtha aimsithe i dtríú tíortha agus tá gné idirnáisiúnta ag teacht ar ghóchumadh an euro. Ba cheart a mheas gur bunriachtanach iad gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus gníomhaíochtaí oiliúna lena mbaineann údaráis inniúla tríú tíortha chun cosaint éifeachtach an euro a bhaint amach agus ba cheart iad a spreagadh a thuilleadh i gcomhthéacs leanúint de chlár Pericles 2020. |
|
(10) |
Ba cheart clár nua don tréimhse 2021-2027 (“Clár Pericles IV”) a ghlacadh. Ba cheart a áirithiú go bhfuil clár Pericles IV i gcomhréir le cláir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile agus ina chomhlánú orthu. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún gach comhairliúchán is gá a dhéanamh leis na príomhpháirtithe lena mbaineann, go háirithe leis na húdaráis náisiúnta inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit, leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus le Europol chun meastóireacht a dhéanamh ar na riachtanais atá ann ó thaobh an euro a chosaint, laistigh den choiste dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, go háirithe a mhéid a bhaineann le malartuithe, cúnamh agus oiliúint, chun críoch chlár Pericles IV a chur i bhfeidhm. Thairis sin, agus clár Pericles IV á chur chun feidhme acu, ba cheart go dtarraingeodh an Coimisiún ar thaithí fhairsing BCE i ndáil le riaradh oiliúna agus soláthar faisnéise maidir le nótaí euro góchumtha. |
|
(11) |
Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (an “Rialachán Airgeadais”) agus cinntear leo, go háirithe, an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE, córas ginearálta coinníollachta le buiséad an Aontais a chosaint. |
|
(12) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon comhar a éascú i measc na mBallstát agus idir an Coimisiún agus Ballstáit chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, gan cur isteach ar fhreagrachtaí na mBallstát, agus úsáid á baint as acmhainní ar bhealach níos éifeachtúla ná mar a d’fhéadfaí úsáid a bhaint astu ar an leibhéal náisiúnta, cuidiú leis na Ballstáit an euro a chosaint i gcomhar le chéile agus úsáid struchtúr coiteann de chuid an Aontais a spreagadh chun comhar agus malartú faisnéise tráthúil agus cuimsitheach idir údaráis inniúla a mhéadú, a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(13) |
Ba cheart clár Pericles IV a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (13). |
|
(14) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun clár Pericles IV a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún cláir oibre bhliantúla a ghlacadh lena leagtar amach na tosaíochtaí, an miondealú buiséid agus na critéir mheastóireachta maidir le deontais le haghaidh gníomhaíochtaí. Ba cheart na cásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, ina bhfuil méadú ar ráta an chómhaoinithe riachtanach chun níos mó solúbthacht eacnamaíoch a thabhairt do na Ballstáit, rud a chuirfidh ar a gcumas tionscadail a chur i gcrích agus a chríochnú chun an euro a chosaint agus a choimirciú ar bhealach sásúil, a bheith mar chuid de na cláir oibre bhliantúla. |
|
(15) |
Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do chlár Pericles IV arb éard atá le bheith ann an méid príomhthagartha, de réir bhrí Phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 (14), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. |
|
(16) |
D’fhonn measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn chlár Pericles IV i dtreo a chuspóirí a bhaint amach a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Iarscríbhinn a leasú i gcás ina meastar gur gá sin chun críocha na meastóireachta, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha chun creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (15). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(17) |
I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (17), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (18) agus (AE) 2017/1939 ón gComhairle (19), táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. |
|
(18) |
Ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta mheántéarma maidir le cur chun feidhme chlár Pericles IV agus tuarascáil mheastóireachta deiridh maidir le baint amach chuspóirí an chláir, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar Chlár Pericles IV ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí chlár Pericles IV ar an talamh. |
|
(19) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 a aisghairm. |
|
(20) |
Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun gur féidir tús a chur leis an gcur chun feidhme ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo, clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles IV”), don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
Leagtar síos leis cuspóirí chlár Pericles IV, an buiséad don tréimhse 2021-2027, foirmeacha an chistithe ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.
Airteagal 2
Cuspóirí an chláir
1. Is é cuspóir ginearálta Chlár Pericles IV góchumadh agus calaois ghaolmhar a chosc agus a chomhrac agus sláine na nótaí bainc agus na mbonn euro a chaomhnú, agus ar an gcaoi sin an mhuinín atá ag saoránaigh agus ag gnólachtaí as barántúlacht na nótaí bainc agus na mbonn euro seo a threisiú agus, dá bhrí sin, an mhuinín as geilleagar an Aontais a fheabhsú, agus inbhuainaitheacht an airgeadais phoiblí á háirithiú ag an am céanna.
2. Is é cuspóir sonrach chlár Pericles IV nótaí bainc agus boinn euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar, trí thacú leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit agus trína bhforlíonadh, agus trí chúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta agus d’údaráis inniúla an Aontais agus iad ag iarraidh dlúthchomhar tráthrialta agus malartú dea-chleachtais a fhorbairt eatarthu féin agus leis an gCoimisiún, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Airteagal 3
Buiséad
1. Is é EUR 6 193 284 (i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme clár Pericles IV don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
2. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla a údarú faoi theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil.
3. Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun clár Pericles IV a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.
Airteagal 4
Cur chun feidhme agus foirmeacha cistithe ón Aontas
1. Is faoin mbainistíocht dhíreach a chuirfear clár Pericles IV chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.
2. Déanfaidh an Coimisiún clár Pericles IV a chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit, trí chomhairliúcháin thráthrialta a chur ar bun ag céimeanna éagsúla le linn chur chun feidhme Chlár Pericles IV agus, ag an am céanna, áiritheofar comhsheasmhacht leis na bearta ábhartha arna ndéanamh ag eintitis inniúla eile, go háirithe ag BCE agus ag Europol, agus seachnófar dúbláil neamhriachtanach orthu. Chuige sin, agus na cláir oibre á n-ullmhú aige de bhun Airteagal 10, cuirfidh an Coimisiún san áireamh gníomhaíochtaí BCE agus Europol atá ann cheana agus atá beartaithe i gcoinne ghóchumadh an euro agus calaois ghaolmhar.
3. Beidh tacaíocht airgeadais faoi chlár Pericles IV le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe a liostaítear in Airteagal 6 i bhfoirm deontais nó soláthar poiblí.
Airteagal 5
Gníomhaíochtaí comhpháirteacha
1. Féadfaidh an Coimisiún agus comhpháirtithe eile a bhfuil saineolas ábhartha acu, amhail na comhpháirtithe seo a leanas, gníomhaíochtaí a eagrú i gcomhpháirt faoi chlár Pericles IV:
|
(a) |
na bainc cheannais náisiúnta agus BCE; |
|
(b) |
na Lárionaid Náisiúnta um Anailísiú agus na Lárionaid Náisiúnta um Anailísiú Monaí; |
|
(c) |
an Lárionad Eorpach Teicniúil agus Eolaíoch agus na miontaí; |
|
(d) |
Europol, Eurojust agus Interpol; |
|
(e) |
na lároifigí náisiúnta frith-ghóchumtha dá bhforáiltear in Airteagal 12 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Deireadh a Chur le Góchumadh Airgeadra a síníodh sa Ghinéiv an 20 Aibreán 1929 (21) agus gníomhaireachtaí eile arb é góchumadh a chosc, a bhrath agus an dlí a fhorfheidhmiú ina leith a speisialtacht; |
|
(f) |
sainchomhlachtaí a mbíonn baint acu le réimse na dteicneolaíochtaí macasamhlaithe agus deimhniúcháin, clódóirí agus greanadóirí; |
|
(g) |
comhlachtaí seachas na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go (f) a thairgeann saineolas sonrach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí den sórt sin ó thríú tíortha agus go háirithe ó Stáit aontacha agus ó thíortha is iarrthóirí; agus |
|
(h) |
eintitis phríobháideacha a d’fhorbair agus a sholáthair fianaise ar eolas teicniúil agus foirne a speisialaíonn i nótaí bainc agus boinn ghóchumtha a bhrath. |
2. I gcás ina mbeidh gníomhaíochtaí incháilithe á n-eagrú go comhpháirteach ag an gCoimisiún agus BCE, Eurojust, Europol nó Interpol, déanfar na caiteachais dá éis a roinnt eatarthu. In aon chás, seasfaidh gach ceann díobh costais taistil agus lóistín a chuid aoichainteoirí féin.
CAIBIDIL II
INCHÁILITHEACHT
Airteagal 6
Gníomhaíochtaí incháilithe
1. Le clár Pericles IV, faoi na coinníollacha a leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10, déanfar tacaíocht airgeadais a sholáthar do na gníomhaíochtaí seo a leanas:
|
(a) |
malartú agus scaipeadh faisnéise, go háirithe trí cheardlanna, cruinnithe agus seimineáir lena n-áirítear oiliúint, socrúcháin spriocdhírithe agus malartuithe foirne de chuid údarás inniúil náisiúnta agus gníomhaíochtaí eile comhchosúla a eagrú. Beidh an malartú faisnéise dírithe ar na nithe seo a leanas, i measc nithe eile:
|
|
(b) |
cúnamh teicniúil, eolaíoch agus oibríochtúil, is cosúil a bheith riachtanach mar chuid de chlár Pericles IV, lena n-áirítear an méid seo a leanas go háirithe:
|
|
(c) |
ceannach trealaimh, ar trealamh é atá le húsáid ag údaráis frith-ghóchumtha speisialaithe tríú tíortha chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, i gcomhréir le hAirteagal 7(2). |
2. Le clár Pericles IV, déanfar gnéithe trasnáisiúnta agus ildisciplíneacha de chomhrac an ghóchumtha a chur san áireamh trí dhíriú ar rannpháirtíocht na ngrúpaí seo a leanas:
|
(a) |
foireann gníomhaireachtaí a bhíonn ag gabháil do ghóchumadh a bhrath agus a chomhrac, go háirithe fórsaí póilíneachta agus riaracháin chustaim agus airgeadais, de réir a bhfeidhmeanna sonracha ar an leibhéal náisiúnta; |
|
(b) |
pearsanra faisnéise; |
|
(c) |
ionadaithe de chuid na mbanc ceannais náisiúnta, na miontaí, na mbanc tráchtála agus idirghabhálaithe airgeadais eile, go háirithe maidir le hoibleagáidí institiúidí airgeadais; |
|
(d) |
oifigigh bhreithiúnacha, dlíodóirí speisialaithe agus comhaltaí den bhreithiúnacht atá inniúil sa réimse seo; |
|
(e) |
aon ghrúpa eile saineolaithe lena mbaineann, amhail comhlachais tráchtála agus tionscail nó struchtúir inchomparáide atá in ann rochtain a sholáthar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, miondíoltóirí agus cuideachtaí iompair airgid thirim. |
3. Féadfar rannpháirtithe ó thríú tíortha a áireamh sna grúpaí dá dtagraítear i mír 2.
CAIBIDIL III
DEONTAIS
Airteagal 7
Deontais
1. Dámhfar agus bainisteofar deontais faoi chlár Pericles IV i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.
2. I gcás gníomhaíochtaí a chuirfear chun feidhme trí dheontais, ní ceannach trealaimh an t-aon chomhpháirt amháin a bheidh sa chomhaontú deontais.
Airteagal 8
Rátaí cómhaoiniúcháin
Leis an ráta cómhaoiniúcháin do dheontais arna ndámhachtain faoi chlár Pericles IV, ní shárófar 75 % de na costais incháilithe. In imthosca eisceachtúla atá cuí-réasúnaithe, arna sainiú sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10, leis an ráta cómhaoiniúcháin, ní shárófar 90 % de na costais incháilithe.
Airteagal 9
Eintitis incháilithe
Is iad na húdaráis inniúla náisiúnta, arna sainiú i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, a bheidh ina n-eintitis incháilithe le haghaidh cistithe faoi chlár Pericles IV.
CAIBIDIL IV
CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT
Airteagal 10
Cláir oibre
1. Chun clár Pericles IV a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais.
2. I gcás deontas, sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais, sonrófar sa chlár oibre na critéir roghnúcháin agus dámhachtana sár-riachtanacha agus an t-uasráta cómhaoinithe.
Airteagal 11
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a thabhairt don Choimisiún ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
6. Ní tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 12
Faireachán
1. Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn chlár Pericles IV i dtreo bhaint amach an chuspóra shonraigh a leagtar síos in Airteagal 2 den Rialachán seo.
2. Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn chlár Pericles IV i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 11, chun an Iarscríbhinn a leasú i dtaca leis na táscairí i gcás ina meastar gur gá chun críocha na meastóireachta, mar aon leis an Rialachán a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.
3. Soláthróidh an Coimisiún faisnéis bhliantúil ar thorthaí chlár Pericles IV do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do BCE, agus na táscairí cainníochtúla agus cáilíochtúla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo á gcur san áireamh acu.
4. Déanfaidh na tíortha rannpháirteacha agus tairbhithe eile na sonraí uile agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Choimisiún chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chlár Pericles IV.
Airteagal 13
Meastóireacht
1. Déanfar meastóireacht mheántéarma neamhspleách ar chlár Pericles IV a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme chlár Pericles IV, ach déanfar í tráth nach déanaí ná 4 bliana ó thús chur chun feidhme an chláir.
2. Ag deireadh chur chun feidhme chlár Pericles IV, ach tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse atá sonraithe in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar chlár Pericles IV.
3. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do BCE.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 14
Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht
1. Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.
2. Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le clár Pericles IV, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun chlár Pericles IV agus leis na torthaí a baineadh amach.
3. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar chlár Pericles IV ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, amhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2.
Airteagal 15
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.
Airteagal 16
Forálacha idirthréimhseacha
1. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 331/2014, ar rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.
2. Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais chlár Pericles IV na costais theicniúla agus cúnaimh riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir clár Pericles IV agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 a áirithiú.
Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) IO C 378, 19.10.2018, lch. 2.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 13 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (IO L 181, 4.7.2001, lch. 6).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leathnaítear éifeachtaí Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh go dtí na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair (IO L 181, 4.7.2001, lch. 11).
(5) Cinneadh 2001/923/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles”) (IO L 339, 21.12.2001, lch. 50).
(6) Cinneadh 2001/924/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena leathnaítear éifeachtaí an Chinnidh lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles”) go dtí na Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair (IO L 339, 21.12.2001, lch. 55).
(7) Cinneadh 2006/75/CE ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena leasaítear agus leathnaítear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles”) (IO L 36, 8.2.2006, lch. 40).
(8) Cinneadh 2006/76/CE ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 lena leathnaítear cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/75/CE lena leasaítear agus lena leathnaítear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles) (IO L 36, 8.2.2006, lch. 42).
(9) Cinneadh 2006/849/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena leasaítear agus leathnaítear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles) (IO L 330, 28.11.2006, lch. 28).
(10) Cinneadh 2006/850/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2006 lena leathnaítear cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/849/CE lena leasaítear agus lena leathnaítear Cinneadh 2001/923/CE lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles”) go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha (IO L 330, 28.11.2006, lch. 30).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár “Pericles 2020”) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2001/923/CE, 2001/924/CE, 2006/75/CE, 2006/76/CE, 2006/849/CE agus 2006/850/CE ón gComhairle (IO L 103, 5.4.2014, lch. 1).
(12) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(13) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
(14) Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28).
(15) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(16) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(17) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(18) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(19) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(20) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(21) Sraith Conarthaí Chonradh na Náisiún Uimh. 2623 (1931), lch. 372.
IARSCRÍBHINN
TÁSCAIRÍ LE hAGHAIDH MEASTÓIREACHT AR CHLÁR PERICLES IV
Déanfar faireachán grinn ar chlár Pericles IV ar bhonn tacar táscairí lena mbeartaítear tomhas a dhéanamh, gan ach na hualaí agus costais riaracháin is ísle a bheith ag roinnt leis sin, ar a mhéid atá cuspóir ginearálta agus cuspóirí sonracha chlár Pericles IV bainte amach. Chuige sin, baileofar sonraí a bhaineann leis an tacar príomhtháscairí seo a leanas:
|
(a) |
an líon euro góchumtha a braitheadh; |
|
(b) |
an líon ceardlann neamhdhleathach a díchóimeáladh; |
|
(c) |
líon na n-údarás inniúil a dhéanann iarratas chuig clár Pericles IV; |
|
(d) |
ráta sástachta na rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí a mhaoinítear le chlár Pericles IV; agus |
|
(e) |
aiseolas ó rannpháirtithe a ghlac páirt cheana i ngníomhaíochtaí Pericles roimhe seo maidir le tionchar chlár Pericles IV ar a ngníomhaíochtaí i leith an euro a chosaint ar ghóchumadh. |
Is iad an Coimisiún agus tairbhithe chlár Pericles IV a bhaileoidh na sonraí agus an fhaisnéis le haghaidh na bpríomhtháscairí feidhmíochta gach bliain, agus is mar a leanas a bhaileoidh siad na sonraí agus an fhaisnéis sin:
|
— |
is é an Coimisiún a bhaileoidh na sonraí a bhaineann leis an líon nótaí bainc agus bonn euro góchumtha; |
|
— |
is é an Coimisiún a bhaileoidh na sonraí a bhaineann leis an líon ceardlann neamhdhleathach a díchóimeáladh; |
|
— |
is é an Coimisiún a bhaileoidh na sonraí a bhaineann le líon na n-údarás inniúil a dhéanann iarratas ar chlár Pericles IV; |
|
— |
is iad an Coimisiún agus tairbhithe chlár Pericles IV a bhaileoidh na sonraí a bhaineann le ráta sástachta na rannpháirtithe sna gníomhaíochtaí a mhaoinítear le clár Pericles IV; |
|
— |
is iad an Coimisiún agus tairbhithe chlár Pericles IV a bhaileoidh na sonraí a bhaineann le haiseolas ó rannpháirtithe a ghlac páirt cheana i ngníomhaíochtaí Pericles roimhe seo maidir le tionchar chlár Pericles IV ar a ngníomhaíochtaí i leith an euro a chosaint ar ghóchumadh. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
27.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 186/12 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/841 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Feabhra 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le neamhchomhlíontachtaí i ndáil leis an gcóras chun ainmhithe buaibheacha, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú agus maidir le leibhéal na bpionós riaracháin a ríomh i ndáil le hainmhithe arna ndearbhú faoi scéimeanna cabhrach ainmhithe nó faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagail 63(4), 64(6) agus 77(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 30 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 (2) ón gCoimisiún tá rialacha chun líon na n-ainmhithe cinntithe a bhunú chun críocha na tacaíochta cúpláilte deonaí bunaithe ar iarratais ar chabhair beostoic faoi scéimeanna cabhrach ainmhithe nó faoi thacaíocht forbairt tuaithe atá bunaithe ar éilimh íocaíochta faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe. Go háirithe, leagtar amach ann rialacha le haghaidh cásanna neamhchomhlíontachta maidir leis an gcóras chun ainmhithe buaibheacha agus ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú. Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle (3) go mbunóidh na Ballstáit córas chun ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú. Ós rud é go bhfuil ceanglais sa chóras sainaitheanta agus clárúcháin sin atá cosúil leis na ceanglais atá sa chóras sainaitheanta agus clárúcháin le haghaidh ainmhithe buaibheacha mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), is iomchuí na rialacha a ailíniú chun neamhchomhlíontachtaí a bhaineann le córas sainaitheanta agus clárúcháin na dtrí chatagóir ainmhithe sin a chur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí tagairt do “mhodh sainaitheantais” a chur in ionad na tagartha do “chlibeanna cluaise” i gcomhréir leis an dá Rialachán sin. |
|
(2) |
Agus forás an chórais chomhtháite riaracháin agus rialúcháin á chur san áireamh agus ar mhaithe le simpliú, is iomchuí oiriúnú a dhéanamh ar na pionóis riaracháin i leith scéimeanna cabhrach ainmhithe agus bearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe a leagtar síos in Airteagal 31 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 trí suas le trí ainmhí a chinntear a bheith neamhchinntithe a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm pionós riaracháin, a fhad is gur féidir iad a shainaithint ina n-aonar trí bhíthin doiciméid sainaitheantais nó tacaíochta, agus trí choigeartú a dhéanamh ar leibhéal na bpionós atá le cur i bhfeidhm más rud é go meastar go bhfuil níos mó ná trí ainmhí neamhchinntithe. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 53(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún (5), i gcás ina mbaineann an beart tacaíochta cúpláilte le hainmhithe buaibheacha agus/nó le caoirigh agus le gabhair, ní mór do na Ballstáit na ceanglais maidir le hainmhithe a shainaithint agus a chlárú dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 nó i Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 faoi seach, a shainiú mar choinníoll incháilitheachta don tacaíocht. Ina theannta sin, i gcomhréir leis na Rialacháin sin, maidir le teagmhais a bhaineann le hainmhithe amhail breith, bás agus gluaiseacht, tabharfar fógra fúthu sa bhunachar sonraí ríomhairithe laistigh de theorainneacha ama áirithe. Is mar neamhchomhlíontacht a mheastar mainneachtain cloí leis na teorainneacha ama sin i leith an ainmhí lena mbaineann. Chun comhréireacht a áirithiú, áfach, agus gan dochar do choinníollacha incháilitheachta a shocróidh an Ballstát, ba cheart a mheas go bhfuil ainmhithe buaibheacha, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair incháilithe le haghaidh cabhrach nó tacaíochta gan pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm fad is a tugadh fógra déanach maidir le teagmhas a bhaineann le hainmhí roimh thús na tréimhse coinneála nó roimh dháta tagartha ar leith, mar atá leagtha síos ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 53(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014. |
|
(4) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus le simpliú, ba cheart foclaíocht Airteagal 31(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a ailíniú idir an córas atá bunaithe ar éilimh agus an córas gan éilimh. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a leasú dá réir sin. |
|
(6) |
Ionas go mbeidh a ndóthain ama ag na Ballstáit a gcórais a choigeartú chun na rialacha leasaithe a chur chun feidhme, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hiarratais ar chabhair, iarratais ar thacaíocht agus éilimh ar íocaíocht a chuirtear isteach le haghaidh blianta éilimh nó tréimhsí préimhe ón 1 Eanáir 2021 amach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
|
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31: “Airteagal 31 Pionóis riaracháin i leith ainmhithe faoi na scéimeanna cabhrach ainmhithe nó faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe 1. Maidir le méid iomlán na cabhrach nó na tacaíochta a bhfuil an tairbhí ina theideal faoi scéim cabhrach ainmhithe nó beart tacaíochta a bhaineann le hainmhithe nó cineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann, íocfar é bunaithe ar an líon ainmhithe a bheidh cinntithe i gcomhréir le hAirteagal 30(3), tar éis na seiceálacha riaracháin nó na seiceálacha ar an láthair, ar choinníoll:
2. Má tá níos mó ná trí ainmhí neamhchinntithe, laghdófar méid iomlán na cabhrach nó na tacaíochta a bhfuil an tairbhí ina theideal faoin scéim cabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann:
Más mó ná 30 % an céatadán a shocrófar i gcomhréir le mír 3, ní dheonófar aon chabhair ná tacaíocht a mbeadh an tairbhí ina teideal de bhun Airteagal 30(3) faoin scéim cabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann. Más mó ná 50 % an céatadán a shocrófar i gcomhréir le mír 3, ní dheonófar aon chabhair ná tacaíocht a mbeadh an tairbhí ina teideal de bhun Airteagal 30(3) faoin scéim cabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann. Thairis sin, beidh an tairbhí faoi réir pionós breise a bheidh comhionann le méid a chomhfhreagraíonn don difear idir an líon ainmhithe a dhearbhaítear agus an líon ainmhithe atá cinntithe i gcomhréir le hAirteagal 30(3). Mura féidir an méid sin a fhritháireamh go hiomlán le linn na 3 bliana féilire tar éis na bliana féilire ina n-aimsítear an cás, i gcomhréir le hAirteagal 28 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014, cuirfear an t-iarmhéid atá gan íoc ar ceal. Maidir le speicis seachas na speicis dá dtagraítear in Airteagal 30(4) den Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh líon ainmhithe a chinneadh nach é an tairseach trí ainmhí dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo é. Agus an líon sin á chinneadh ag na Ballstáit, áiritheoidh siad go bhfuil sé coibhéiseach ó thaobh substainte leis an tairseach sin, trí inter alia na haonaid beostoic agus/nó méid na cabhrach nó na tacaíochta a deonaíodh a chur san áireamh. 3. Chun na céatadáin dá dtagraítear i mír 2 a shocrú, déanfar líon na n-ainmhithe faoi scéim chabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta a chinntear a bheith neamhchinntithe a roinnt ar líon na n-ainmhithe atá cinntithe don scéim cabhrach sin nó beart tacaíochta sin nó cineál oibríochta sin faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann. 4. I gcás ina ríomhtar méid iomlán na cabhrach nó na tacaíochta a bhfuil an tairbhí ina theideal faoi scéim cabhrach nó beart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann de réir líon na laethanta a mbíonn na hainmhithe a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar an ngabháltas, ríomhfar líon na n-ainmhithe a chinntear a bheith neamhchinntithe dá dtagraítear i mír 2, de réir líon na laethanta a mbíonn na hainmhithe sin ar an ngabháltas freisin.” |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige maidir le hiarratais ar chabhair, iarratais ar thacaíocht agus éilimh ar íocaíocht a chuirtear isteach le haghaidh blianta éilimh nó le haghaidh tréimhsí préimhe dar tús an 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialúcháin agus le coinníollacha maidir le híocaíochtaí agus pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus tras-chomhlíonadh a dhiúltú nó a aistarraingt (IO L 181, 20.6.2014, lch. 48).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle an 17 Nollaig 2003 lena mbunaítear córas chun ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair a shainaithint agus a chlárú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 agus Treoir 92/102/CEE agus Treoir 64/432/CEE (IO L 5, 9.1.2004, lch. 8).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun ainmhithe buaibheacha a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 639/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 181, 20.6.2014, lch. 1).
|
27.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 186/16 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/842 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Bealtaine 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 307/2012 a mhéid a bhaineann le ceanglais trédhearcachta agus rúndachta maidir le measúnú riosca ar shubstaintí atá faoi ghrinnscrúdú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bia (1), agus go háirithe Airteagal 8(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 comhchuibhítear na rialacha náisiúnta sna Ballstáit maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bia. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 307/2012 ón gCoimisiún (2) go háirithe, leagtar síos, rialacha cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 8(4) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a bhaineann leis an measúnú sábháilteachta a rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ar na substaintí atá faoi ghrinnscrúdú agus a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Is é is aidhm do na leasuithe sin trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú riosca an Aontais a neartú i ngach réimse den bhiashlabhra ina soláthraíonn an tÚdarás measúnú riosca eolaíoch. |
|
(4) |
Leis na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 tugadh isteach forálacha nua maidir leis an méid seo a leanas, i measc nithe eile: comhairle ghinearálta réamhthíolactha ó fhoireann an Údaráis ach a n-iarrfaidh iarratasóir ionchasach sin, agus an oibleagáid fógra a thabhairt faoi staidéir arna gcoimisiúnú nó arna ndéanamh ag oibreoirí gnó chun tacú le hiarratas agus na hiarmhairtí i gcás neamhchomhlíonadh na hoibleagáide sin. Tugadh forálacha isteach leis na leasuithe freisin, maidir le nochtadh poiblí a dhéanfaidh an tÚdarás ar na sonraí eolaíocha, ar na staidéir agus ar an bhfaisnéis uile a thacaíonn le hiarratais, cé is moite d’fhaisnéis rúnda lena bhfuil údar cuí, agus na sonraí sin a nochtadh go luath sa phróiseas measúnaithe riosca, agus comhairliúchán a dhéanamh le tríú páirtithe ina dhiaidh sin. |
|
(5) |
Cé nach n-áirítear aon fhoráil i Rialachán (AE) 2019/1381 i ndáil le measúnú riosca ar shubstaintí nó ar chomhábhair a bhí liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, baineann na forálacha atá ann leis an nós imeachta sin go díreach, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 8(4) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006. Baineann na forálacha sin leis an gcéim réamhthíolactha, a mhéid a bhaineann le comhairle réamhthíolactha agus le staidéir choimisiúnaithe a fhógairt, agus le céim an mheasúnaithe riosca, maidir le ceanglais trédhearcachta agus rúndachta agus comhairliúcháin phoiblí. Is próisis atá bunaithe ar iarratais a dhéanann oibreoirí i ngnó an bhia is mó a rialaíonn siad. |
|
(6) |
Tá fíor-thábhacht le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 maidir le sábháilteacht substainte áirithe a léiriú, substaint atá faoi ghrinnscrúdú agus a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis, agus an tsábháilteacht sin a léiriú ní hamháin d’oibreoirí i ngnó an bhia ach do pháirtithe leasmhara eile, eadhon eagraíochtaí tionscail nó eagraíochtaí tomhaltóirí. Dá bhrí sin, chun meastóireacht a dhéanamh ar shubstaint atá faoi ghrinnscrúdú, ní gá d’iarratasóir ainmnithe iarratas a thíolacadh, ach féadfaidh gach oibreoir gnó leasmhar agus gach páirtí leasmhar eile sonraí agus faisnéis a thíolacadh chuige sin. |
|
(7) |
Ní mór a áirithiú ag céim an réamhthíolactha agus ag céim an mheasúnaithe riosca araon gur le forálacha atá inchomparáide leis na forálacha i Rialachán (AE) 2019/1381 a rialaítear nós imeachta um measúnú sábháilteachta na substainte atá faoi ghrinnscrúdú, substaint a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006. |
|
(8) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 307/2012 a ailíniú leis na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2019/1381, go háirithe a mhéid a bhaineann le (i) an fhéidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 32a, comhairle réamhthíolactha a iarraidh ar fhoireann an Údaráis, má cheanglaítear ar an Údarás tuairim a thabhairt nó má iarrtar sin air; (ii) an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 32b, fógra a thabhairt don Údarás faoi staidéir ábhartha; (iii) oibleagáid an Údaráis a leagtar amach in Airteagal 32c dul i gcomhairle le tríú páirtithe, (iv) na hoibleagáidí a mhéid a bhaineann le leagan amach na dtíolacthaí, a leagtar amach in Airteagal 39f, agus (v) na rialacha rúndachta dá bhforáiltear in Airteagal 39. |
|
(9) |
Agus comhairle réamhthíolactha maidir leis na rialacha is infheidhme á cur ar fáil ag an Údarás ach a n-iarrfar sin air, agus an t-ábhar a theastaíonn chun na comhaid a thíolacadh, comhaid ina léirítear sábháilteacht substainte atá faoi ghrinnscrúdú, agus a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, féadfaidh sé cáilíocht na dtíolacthaí a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin tacú leis an measúnú sábháilteachta. Mar sin féin, d’fhéadfadh nach mbeadh oibreoirí i ngnó an bhia agus aon pháirtí leasmhar eile in ann úsáid iomlán a bhaint as an gcomhairle réamhthíolactha mar gheall ar an sprioc-am lena gcuid comhad a chur isteach. Ar mhaithe le cáilíocht an mheasúnaithe eolaíoch a fheabhsú, ba cheart go bhféadfadh oibreoirí i ngnó an bhia agus páirtithe leasmhara eile comhairle réamhthíolactha a iarraidh i dtaca le tíolacadh féideartha ón lá a ghlacfaidh an tÚdarás an tuairim faoi Airteagal 8(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, lena sainaithnítear go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ann don tsláinte má chaitheann duine an tsubstaint, ach ag aithint dó go bhfuil éiginnteacht eolaíoch ann fós. |
|
(10) |
Na staidéir atá riachtanach chun sábháilteacht substainte a chruthú, substaint faoi ghrinnscrúdú a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, cuirtear roinnt tosca san áireamh iontu agus d’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith eatarthu dá bhrí sin. Le síneadh a chur leis an tréimhse inar féidir le hoibreoirí i ngnó an bhia agus páirtithe leasmhara comhaid a thíolacadh ó 18 mí go 24 mhí ón dáta a liostaíodh an tsubstaint i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, féadfaidh sé ullmhú agus tíolacadh na gcomhad a éascú, agus dá bhrí sin tacú leis an measúnú sábháilteachta. |
|
(11) |
An oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 fógra a thabhairt faoi staidéir ábhartha, ba cheart feidhm a bheith aici freisin maidir le hoibreoirí i ngnó an bhia nó páirtithe leasmhara a bhfuil sé ar intinn acu an comhad mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 307/2012 a thíolacadh le haghaidh a mheasúnaithe. Mar sin féin, is gá oiriúnú breise a dhéanamh ar nós imeachta Airteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Bíonn moill ar mheasúnú an chomhaid de thoradh na n-iarmhairtí nós imeachta dá bhforáiltear le hAirteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 i gcás neamhchomhlíonadh na bhforálacha. Mar sin féin, ó tharla teorainn ama riachtanach 4 bliana a bheith leagtha síos le hAirteagal 8(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 á cur san áireamh, d’fhéadfaí nach gcloífí leis an teorainn ama a leagtar síos de bharr moilleanna ar an meastóireacht. Na hiarmhairtí atá ar an nós imeachta sin ní iomchuí iad dá bhrí sin i gcomhthéacs na nósanna imeachta meastóireachta i gcás substaintí atá liostaithe i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, agus níor cheart foráil a dhéanamh maidir leo. Chun cur ar a chumas don Choimisiúin cinneadh a ghlacadh maidir le substaint atá faoi ghrinnscrúdú a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 faoin sprioc-am atá leagtha síos, níor cheart a chur san áireamh ach comhaid a thíolactar laistigh de 24 mhí ón dáta a liostaítear substaint san Iarscríbhinn sin. |
|
(12) |
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1381 ón 27 Márta 2021. Dá bhrí sin, chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir le ceanglais trédhearcachta nós imeachta faoi Airteagal 8(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, agus d’fhonn cur chun feidhme aonfhoirmeach na gceanglas trédhearcachta agus rúndachta a cheadú do mheasúnú riosca AE le haghaidh gach earnála lena mbaineann, ní mór don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na comhaid a chuirfear faoi bhráid an Údaráis ón dáta sin amach. |
|
(13) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 307/2012
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 307/2012 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 An tsubstaint a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 1. Go dtí go nglacfar formáidí caighdeánacha sonraí de bhun Airteagal 39f de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, ní mheasfaidh an tÚdarás comhad a bheith bailí ach amháin má thíolactar i bhformáid leictreonach é ionas gur féidir na doiciméid a íoslódáil, a phriontáil agus a chuardach. Nuair a ghlacfar na formáidí caighdeánacha sonraí, ní mór an comhad a thíolacadh i gcomhréir leis na formáidí caighdeánacha sonraí sin ionas go measfar é a bheith bailí. I gcás ina measfaidh an tÚdarás nach bhfuil an comhad bailí, cuirfidh sé an t-oibreoir i ngnó an bhia nó an páirtí leasmhar a chuir an comhad isteach agus an Coimisiún ar an eolas faoi na cúiseanna is dóigh leis nach bhfuil an comhad sin bailí. 2. Chun críocha an chinnidh dá dtagraítear in Airteagal 8(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, ní chuirfidh an tÚdarás san áireamh ach comhaid a thíolacfar laistigh de 24 mhí ó theacht i bhfeidhm cinnidh ina liostaítear substaint i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, de bhun Airteagal 8(2) de.”; |
|
(2) |
cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas: “Airteagal 5a Comhairle réamhthíolactha Má iarrann oibreoir i ngnó an bhia nó aon pháirtí leasmhar eile é, cuirfidh foireann an Údaráis comhairle ar fáil maidir leis na rialacha is infheidhme, agus maidir leis an inneachar is gá, chun comhad a thíolacadh ina bhfuil sonraí eolaíocha arb é is aidhm dóibh sábháilteacht substainte a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 a léiriú. Féadfaidh oibreoirí i ngnó an bhia agus páirtithe leasmhara eile comhairle réamhthíolactha a iarraidh i dtaca le tíolacadh féideartha ón lá a ghlacfaidh an tÚdarás an tuairim faoi Airteagal 8(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, lena sainaithnítear go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ar shláinte na ndaoine de thoradh iontógáil substainte. Tabharfar an chomhairle réamhthíolactha sin i gcomhréir le hAirteagal 32a de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, a mbeidh feidhm aige mutatis mutandis. Airteagal 5b Fógra a thabhairt faoi staidéir 1. Tabharfaidh oibreoirí i ngnó an bhia agus páirtithe leasmhara eile fógra don Údarás gan mhoill faoi theideal, raon feidhme, agus dáta tosaithe agus dáta críochnaithe beartaithe aon staidéir a choimisiúnóidh siad nó a dhéanfaidh siad féin, chun sábháilteacht substainte a léiriú a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, agus an tsaotharlann nó an tsaoráid tástála san Aontas atá i mbun an staidéir sin. 2. Tabharfaidh saotharlanna agus saoráidí tástála eile atá suite san Aontas fógra don Údarás gan mhoill freisin faoi theideal agus raon feidhme aon staidéir a choimisiúnóidh oibreoirí i ngnó an bhia agus páirtithe leasmhara eile a dhéanfaidh na saotharlanna sin nó a dhéanfaidh na saoráidí tástála eile chun sábháilteacht substainte a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, a léiriú, an dáta tosaithe agus an dáta críochnaithe atá beartaithe ina leith, agus ainm an oibreora i ngnó an bhia nó an pháirtí leasmhair a rinne an staidéar sin a choimisiúnú. 3. Áireoidh an tÚdarás na staidéir faoina dtabharfar fógra i gcomhréir leis an Airteagal seo sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 32b(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Airteagal 5c Trédhearcacht I gcás ina mbeidh tuairim le tabhairt ag an Údarás maidir le substaint faoi ghrinnscrúdú a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, ar bhonn comhad bailí, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
Airteagal 5d Rúndacht Nuair a dhéanfar comhad a thíolacadh, féadfaidh an t-oibreoir i ngnó an bhia nó páirtí leasmhar eile a thabhairt le fios gur mhian leis go gcoinneofaí codanna áirithe den fhaisnéis nó codanna áirithe de na sonraí a tíolacadh ina rún. Ní mór réasúnú infhíoraithe a chur leis an iarraidh sin ar rúndacht, agus ba cheart a léiriú ann go ndéanann nochtadh na faisnéise nó na sonraí sin dochar suntasach do leasanna an iarrthóra, de réir bhrí Airteagal 39(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, a bhfuil feidhm aige mutatis mutandis.” |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige maidir leis na comhaid a chuirfear faoi bhráid an Údaráis ón dáta sin amach.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 404, 30.12.2006, lch. 26.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 307/2012 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2012 lena mbunaítear rialacha le haghaidh cur chun feidhme Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bia (IO L 102, 12.4.2012, lch. 2).
(3) Rialachán (AE) 2019/1381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú an Aontais ar rioscaí sa bhiashlabhra lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002, (CE) Uimh. 1829/2003, (CE) Uimh. 1831/2003, (CE) Uimh. 2065/2003, (CE) Uimh. 1935/2004, (CE) Uimh. 1331/2008, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) 2015/2283 agus Treoir 2001/18/CE (IO L 231, 6.9.2019, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
|
27.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 186/20 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/843 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Bealtaine 2021
lena ndéantar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach ciasófaimíd a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2003/23/CE ón gCoimisiún (2) áirítear ciasófaimíd mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
|
(2) |
Substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
An formheas ar an tsubstaint ghníomhach ciasófaimíd, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 31 Iúil 2021. |
|
(4) |
Cuireadh isteach iarratas ar an bhformheas ar chiasófaimíd a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
|
(5) |
Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith iomlán. |
|
(6) |
Rinne an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan a ullmhú i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) agus an Choimisiúin í an 23 Meitheamh 2015. |
|
(7) |
Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit chomh maith chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Rinne an tÚdarás na barúlacha a fuarthas a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
|
(8) |
An 23 Bealtaine 2016, chuir an tÚdarás a chonclúid (6) in iúl don Choimisiún maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh ciasófaimíd na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. De bhun sainordú a fuarthas ón gCoimisiún mar gheall ar éiginnteachtaí a bhaineann le hartrapóid nach spriocatrapóid iad, thug an tÚdarás a chonclúid cothrom le dáta an 28 Iúil 2020 (7). Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana maidir le ciasófaimíd faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 3 Nollaig 2020 agus chuir sé dréacht-Rialachán faoina bhráid an 26 Eanáir 2021. |
|
(9) |
A mhéid a bhaineann leis na critéir chun airíonna réabtha iontálaigh a aithint, critéir a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún (8), léiríonn conclúid an Údaráis, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch, gur beag seans gur réabóir iontálaigh í ciasófaimíd trí na modúlachtaí éastraigineacha, andraigineacha tíoróidigineacha nó stéaróidigineacha. Bunaithe ar na sonraí atá ar fáil agus ar an eolas reatha a ndearnadh achoimre air i gconclúid an Údaráis, níor tugadh faoi deara aon éifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith bainteach le modh gníomhaíochta réabóra iontálaigh. Dá bhrí sin, cinneann an Coimisiún nach ceart a mheas go bhfuil airíonna réabtha iontálaigh ag ciasófaimíd. |
|
(10) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis na tuarascálacha athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
|
(11) |
Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach ciasófaimíd, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(12) |
An measúnú riosca maidir le hathnuachan an fhormheasa ar chiasófaimíd, bunaítear é ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, úsáidí nach gcuireann srian, áfach, ar na húsáidí lena bhféadfar táirgí cosanta plandaí a bhfuil ciasófaimíd iontu a údarú. Is iomchuí dá bhrí sin gan an srian a choimeád maidir le húsáid a bhaint as mar fhungasicíd. |
|
(13) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an formheas ar chiasófaimíd a athnuachan. |
|
(14) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá, mar sin féin, foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha áirithe. Is iomchuí go háirithe faisnéis bhreise deimhniúcháin a éileamh. |
|
(15) |
Chun cur leis an muinín as an gconclúid nach bhfuil airíonna réabtha iontálaigh ag ciasófaimíd, ba cheart don iarratasóir measúnú nuashonraithe a chur ar fáil, i gcomhréir le pointe 2.2(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, de na critéir a leagtar síos i bpointí 3.6.5 agus 3.8.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, arna leasú le Rialachán (AE) 2018/605, agus i gcomhréir leis an treoir maidir le réabóirí iontálacha a aithint (9). |
|
(16) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(17) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/869 ón gCoimisiún (10), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na ciasófaimíde go dtí an 31 Iúil 2021 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Ós rud é go mbeadh an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm gar don dáta a rachaidh an formheas ar chiasófaimíd in éag ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón lá tar éis dháta éaga an fhormheasa le haghaidh ciasófaimíde. |
|
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An formheas ar an tsubstaint ghníomhach a athnuachan
Déantar formheas na substainte gníomhaí ciasófaimíd, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Lúnasa 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Treoir 2003/23/CE ón gCoimisiún an 25 Márta 2003 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun iomasamocs, ocsasulfúrón, eatocsalfúrón, foramsulfúrón, ocsaidé-airgil agus ciasófaimíd a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 81, 28.3.2003, lch. 39).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
(6) Iris EFSA 2016;14(6):4503, [24 lch.]. Ar fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.
(7) Updated peer review of the pesticide risk assessment of the active substance cyazofamid; [Athbhreithniú piaraí nuashonraithe a rinneadh ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí ciasófaimíd]; Iris EFSA, 2020;18(9):6232.
(8) Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena leagtar síos critéir eolaíochta chun airíonna réabtha iontálaigh a chinneadh. (IO L 101, 20.4.2018, lch. 33).
(9) ECHA (An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán) agus EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia) le tacaíocht theicniúil ón Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC), Andersson N, Arena M, Auteri D, Barmaz S, Grignard E, Kienzler A, Lepper P, Lostia AM, Munn S, Parra Morte JM, Pellizzato F, Tarazona J, Terron A agus Van der Linden S, 2018. Guidance for the identification of endocrine disruptors in the context of Regulations (EU) No 528/2012 and (EC) No 1107/2009 [An treoir maidir le réabóirí iontálacha a aithint i gcomhthéacs Rialacháin (AE) Uimh. 528/2012 agus (CE) Uimh. 1107/2009]. Iris EFSA 2018;16(6):5311, 135 lch.
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/869 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beaflubútaimíd, beanalacsail, beintiavalacarb, défheineasáit, boscailid, brómocsainil, captan, ciasófaimíd, démheatomorf, eiteafón, eatocsasól, famocsadón, feanaimíofos, flumocsaisín, fluocsastróibin, foilpéad, foirmeiteanáit, meitríbhúisín, milbimeictin, tréithchineál 251 Paecilomyces lilacinus, feinmeideafam, foismeit, pirimeafos-meitil, própamacarb, próitiaconasól agus S-meitileaclór (IO L 201, 25.6.2020, lch. 7).
IARSCRÍBHINN I
|
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
||||||||||
|
Ciasófaimíd Uimh. CAS: 120116-88-3 Uimh. CIPAC: 653 |
4-clóra-2-ciana-N,N-dé-mheitiol-5-p-toilil-limíodasól-1-sulfónaimíd |
≥ 935 g/kg |
1.8.2021 |
31.7.2036 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le ciasófaimíd, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar an méid seo a leanas:
Déanfaidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise deimhniúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis maidir leis an méid seo a leanas:
Cuirfidh an t-iarratasóir aon fhaisnéis a iarrtar dá dtagraítear i bpointe 1 isteach laistigh de 2 bhliain ón dáta a d’fhoilsigh an Coimisiún doiciméad treorach maidir le meastóireacht ar éifeacht próisis cóireála uisce ar chineál na n-iarmhar atá in uisce dromchla agus i screamhuisce. Maidir le pointe 2, cuirfidh an t-iarratasóir measúnú cothrom le dáta ar fáil ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach cheana agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise chun a dheimhniú nach ann do ghníomhaíocht iontálach faoin 16 Meitheamh 2023. |
(1) Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún mar a leanas:
|
(1) |
i gCuid A, scriostar iontráil 46 maidir le ciasófaimíd; |
|
(2) |
i gCuid B, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:
|
(1) Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
CINNTÍ
|
27.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 186/26 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/844 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Bealtaine 2021
lena bhfoirceanntar an nós imeachta frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh na Tuirce iad
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
|
(1) |
An 12 Meitheamh 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frith-fhóirdheontais i ndáil le táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile (“an táirge faoi imscrúdú”) ar táirgí de thionscnamh na Tuirce iad. D’fhoilsigh an Coimisiún fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (“an Fógra Tionscnaimh”) (2). |
|
(2) |
Is éard atá sa táirge faoi imscrúdú táirgí comhréidhe teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, bíodh iad i gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí “gearrtha san fhad iomchuí” agus “stiallacha cúnga”) gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, gan a bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe, agus ar táirgí de thionscnamh na Tuirce iad. Ní chumhdaítear na táirgí seo a leanas leis an imscrúdú seo:
|
|
(3) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis do Chomhlachas Eorpach na Cruach (“Eurofer” nó “an gearánach”) gearán a dhéanamh thar ceann tháirgeoirí an Aontais ar táirgeoirí iad a ghineann níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán an Aontais den táirge faoi imscrúdú. Ba leor an fhianaise a bhí sa ghearán i leith fóirdheonú agus i leith na díobhála is toradh air sin chun údar cuí a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
|
(4) |
San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis chun a bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, thug an Coimisiún fógra go sonrach do na gearánaigh, do tháirgeoirí aitheanta eile ón Aontas, do na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta agus d’údaráis na Tuirce, d’allmhaireoirí, soláthróirí agus úsáideoirí aitheanta, agus do thrádálaithe chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach le tionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach. |
|
(5) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara uile barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i nósanna imeachta trádála laistigh den tréimhse ama a leagtar síos san fhógra tionscnaimh. |
2. Tarraingt siar an ghearáin agus foirceannadh an nós imeachta
|
(6) |
An 24 Márta 2021, chuir an gearánach in iúl don Choimisiún gur tharraing sé siar an gearán. |
|
(7) |
Faoi Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2016/1037, is féidir nósanna imeachta a fhoirceannadh i gcás ina ndéanfar an gearán a tharraingt siar, ach amháin mura mbeadh an foirceannadh sin chun leas an Aontais. |
|
(8) |
Níor tháinig aon chúinse chun cinn le linn an imscrúdaithe a léirigh go mbeadh sé chun leas an Aontais leanúint ar aghaidh leis an gcás. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, an nós imeachta frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh na Tuirce iad, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart an nós imeachta sin a fhoirceannadh. |
|
(10) |
Cuireadh na páirtithe leasmhara ar an eolas dá réir sin agus tugadh deis dóibh a mbarúlacha a chur in iúl. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(11) |
Tá an Cinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An nós imeachta frith-fhóirdheontais i ndáil le táirgí teorollta áirithe, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, bíodh siad i gcornaí nó ná bíodh (lena n-áirítear táirgí “gearrtha san fhad iomchuí” agus “stiallacha cúnga”), gan oibriú breise déanta orthu seachas a bheith teorollta, gan bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe, ar táirgí de thionscnamh na Tuirce iad, agus a thagann i láthair na huaire faoi chóid AC 7208 10 00, 7208 25 00, 7208 26 00, 7208 27 00, 7208 36 00, 7208 37 00, 7208 38 00, 7208 39 00, 7208 40 00, 7208 52 10, 7208 52 99, 7208 53 10, 7208 53 90, 7208 54 00, 7211 13 00, 7211 14 00, 7211 19 00, ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225191090), 7225 30 90, ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225406090), 7225 40 90, ex 7226 19 10 (cód TARIC 7226191090), 7226 91 91 agus 7226 91 99, déantar an nós imeachta sin a fhoirceannadh.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.
(2) Fógra tionscnaimh maidir le nós imeachta frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí táirgí comhréidhe teorollta áirithe déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile ar táirgí de thionscnamh na Tuirce iad (IO C 197, 12.6.2020, lch. 4).
(3) Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 21).
|
27.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 186/28 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/845 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Bealtaine 2021
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 a mhéid a bhaineann le hiompraíocht uath-adhainte carn deannaigh a chinneadh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), táirgí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin agus a chumhdaítear faoi na caighdeáin sin nó faoi chodanna de na caighdeáin sin. |
|
(2) |
Trí litir BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92 an 12 Nollaig 1994, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) go ndéanfaí caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 94/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Cuireadh Treoir 2014/34/AE in ionad na Treorach sin gan athrú a dhéanamh ar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 94/9/CE. |
|
(3) |
Go háirithe, iarradh ar CEN agus Cenelec caighdeán a dhréachtú maidir le dearadh agus tástáil trealaimh atá le húsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach mar atá léirithe i gCaibidil I den chlár caighdeánaithe a comhaontaíodh idir CEN agus Cenelec agus an Coimisiún agus a cuireadh i gceangal le hiarratas BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92. Iarradh ar CEN agus Cenelec freisin na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú d’fhonn iad a ailíniú le ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta Threoir 94/9/CE. |
|
(4) |
Ar bhonn iarraidh BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeán EN 15188:2007 maidir le hiompraíocht uath-adhainte carn deannaigh. De thoradh an athbhreithnithe sin, chuir CEN caighdeán EN 15188:2020 faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(5) |
Caighdeán EN 15188:2020 a dhréachtaigh CEN, tá measúnú déanta ag an gCoimisiún in éineacht le CEN i dtaobh an gcomhlíonann an caighdeán sin iarraidh BC/CEN/46-92 – BC/CLC/05-92. |
|
(6) |
Comhlíonann caighdeán EN 15188:2020 na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach agus a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/34/AE. Is iomchuí dá réir sin an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(7) |
Cuirtear caighdeán EN 15188:2020 in ionad chaighdeán EN 15188:2007. Dá bhrí sin, is gá an tagairt do chaighdeán EN 15188:2007 a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(8) |
Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a gcuid táirgí a oiriúnú do leagan athbhreithnithe chaighdeán EN 15188:2007, is gá tarraingt siar na tagartha don chaighdeán sin a chur siar. |
|
(9) |
Na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE, foilsítear tagairtí do na caighdeáin sin i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 ón gCoimisiún (4). Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE, chun a áirithiú go ndéanfar iad a liostú in aon ghníomh, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin EN 15188:2020 agus EN 15188:2007 a chuimsiú sa Chinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 a leasú dá réir. |
|
(11) |
Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhlíontacht ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12
(2) Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309).
(3) Treoir 94/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Márta 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (IO L 100, 19.4.1994, lch. 1).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 189, 15.7.2019, lch. 71).
IARSCRÍBHINN I
Cuirtear an iontráil seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202:
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
|
“3. |
EN 15188:2020 Iompraíocht uath-adhainte carn deannaigh a chinneadh”. |
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear an iontráil seo a leanas le hIarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1202:
|
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
Dáta an tarraingt siar |
|
“3. |
EN 15188:2007 Iompraíocht uath-adhainte carn deannaigh a chinneadh |
27 Samhain 2022”. |