|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 178 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
TREORACHA |
|
|
|
* |
|
|
|
Ceartúcháin |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
TREORACHA
|
20.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 178/1 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2021/802 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Márta 2021
lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na substaintí sícighníomhacha nua 3,3-démheitil-2-{[1-(peint-4-éin-1-il)-1H-iondasól-3-carbóinil]aimín}bútánóáit mheitile (MDMB-4en-PINACA) agus 2-{[1-(4-fluarabúitil)-1H-iondól-3-carbóinil]aimín}-3,3-démheitiolbútánóáit mheitile (4F-MDMB-BICA) a áireamh sa sainmhíniú ar “dhruga”
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí (1), agus go háirithe Airteagal 1a (1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Coiste Eolaíoch an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí, Coiste a leathnaíodh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 5c(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), rinne sé tuarascálacha measúnaithe riosca ar na substaintí sícighníomhacha nua 3,3-démheitil-2-{[1-(peint-4-éin-1-il)-1H-iondasól-3-carbóinil]aimín}bútánóáit mheitile (MDMB-4en-PINACA) agus 2-{[1-(4-fluarabúitil)-1H-iondól-3-carbóinil]aimín}-3,3-démheitiolbútánóáit mheitile (4F-MDMB-BICA) a tharraingt suas i gcomhréir le is an Airteagal sin. Chuir an Lárionad na tuarascálacha measúnaithe riosca faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát an 9 Nollaig 2020. |
|
(2) |
Is agónaithe sintéiseacha gabhdóirí cannaibionóideach (cannaibionóidigh shintéiseacha) iad MDMB-4en-PINACA agus 4F-MDMB-BICA. Léiríonn siad éifeachtaí comhchosúla le teitrihidreacannaibionól (THC), rud is cúis le formhór na n-éifeachtaí sícighníomhacha atá ag cannabas, ach tá tocsaineacht bhreise a mbaineann baol báis léi ag na substaintí freisin. Tá ardriosca nimhithe ag baint leis an dá shubstaint sin mar gheall ar an neart ard atá acu. |
|
(3) |
Tá fáil ar MDMB-4en-PINACA san Aontas ó bhí 2017 ann ar a laghad agus braitheadh é in 20 Ballstát, agus tháinig méadú mór ar an líon Ballstát a shainaithin an tsubstaint den chéad uair in 2019. In 2020 tháinig méadú mór ar an gcainníocht de MDMB-4en-PINACA a ghabh lucht custaim. Thuairiscigh 20 Ballstát 389 n-urghabháil san iomlán (3). Ina theannta sin, thuairiscigh sé Bhallstát 15 shampla bhailithe agus thuairiscigh Ballstát amháin 28 sampla bhitheolaíocha. Is dócha nach mbraithfear MDMB-4en-PINACA go minic i gcoitinne ós rud é nach ndéantar scagthástáil rialta ar an tsubstaint sin i roinnt saotharlann. I bhformhór na gcásanna, urghabhadh an tsubstaint i bhfoirm phúdrach nó i meascáin caite tobac, ach sainaithníodh í freisin i bpáipéar tuilithe, lena n-áirítear páipéar súite, i bhfoirm leachtach agus i bhfoirmeacha neamhshonraithe eile. |
|
(4) |
Thuairiscigh dhá Bhallstát 12 bhás a raibh baint acu le MDMB-4en-PINACA. Is dócha nach mbraithfear nimhiú ná báis a bhaineann leis an tsubstaint go minic, ná nach dtuairisceofar go minic iad ach oiread, ós rud é nach ndéantar scagthástáil rialta uirthi i roinnt saotharlann. |
|
(5) |
Tá fáil ar 4F-MDMB-BICA san Aontas ó bhí mí an Mhárta 2020 ann ar a laghad agus braitheadh é in 11 Bhallstát. Thuairiscigh 11 Bhallstát 94 urghabháil san iomlán (4). Ina theannta sin, thuairiscigh Ballstát amháin sampla bailithe amháin agus thuairiscigh Ballstát eile 126 shampla bhitheolaíocha. Is dócha nach mbraithfear 4F-MDMB-BICA go minic i gcoitinne ós rud é nach ndéantar scagthástáil rialta ar an tsubstaint sin mar gheall ar a nuálaí atá sí ar an margadh. I bhformhór na gcásanna, urghabhadh an tsubstaint i bhfoirm phúdrach, i meascáin caite tobac nó pháipéar súite, ach sainaithníodh í freisin i bhfoirm leachtach agus i bhfoirmeacha neamhshonraithe eile. |
|
(6) |
Tuairiscíodh 21 bhás i mBallstát amháin idir mí na Bealtaine agus mí Lúnasa 2020 ar bhain 4F-MDMB-BICA leo. Is dócha nach mbraithfear nimhiú ná báis a bhaineann leis an tsubstaint go minic, ná nach dtuairisceofar go minic iad ach oiread, ós rud é nach ndéantar scagthástáil rialta uirthi agus nár tháinig sí ar mhargadh an Aontais go dtí le déanaí. |
|
(7) |
Is cosúil go ndíoltar MDMB-4en-PINACA agus 4F-MDMB-BICA ar líne i méideanna beaga agus i méideanna mórdhíola mar ionadaí “dleathach” ar channabas agus ar channaibionóidigh shintéiseacha rialaithe, mar chríochtháirge don tomhaltóir den chuid is mó, amhail i meascáin caite tobac, i leachtanna toitín leictreonaigh nó tuilithe ar pháipéar. |
|
(8) |
Níl aon fhianaise dhíreach ann lena léirítear go bhfuil baint ag an gcoireacht eagraithe le monarú, dáileadh (gáinneáil) agus soláthar MDMB-4en-PINACA agus 4F-MDMB-BICA laistigh den Aontas. |
|
(9) |
Níl aon úsáid mhíochaine dhaonna ná tréidliachta ag MDMB-4en-PINACA ná 4F-MDMB-BICA atá aitheanta san Aontas, ná in áiteanna eile is cosúil. Níl aon fhianaise ann go bhféadfaí na substaintí a úsáid chun aon chríoch eile seachas mar chaighdeán tagartha anailíseach agus i dtaighde eolaíoch. |
|
(10) |
Léirítear sna tuarascálacha measúnaithe riosca go bhféadfaí freagra a thabhairt ar go leor de na ceisteanna a bhaineann le MDMB-4en-PINACA agus 4F-MDMB-BICA, ceisteanna atá ann mar gheall ar an easpa sonraí faoin riosca do shláinte an duine aonair, faoin riosca do shláinte an phobail agus faoi rioscaí sóisialta, ach tuilleadh taighde a dhéanamh. Thabharfaí le fios san fhaisnéis atá ar fáil go ndéanfaí dochar don tsláinte dá dtomhlófaí MDMB-4en-PINACA agus 4F-MDMB-BICA, mar gheall ar an ngéarthocsaineacht atá ag baint leo agus mar gheall ar na rioscaí a bhaineann leo go mbainfí mí-úsáid astu nó go bhféadfaidís spleáchas a chothú. Meastar, mar sin, go gcuirtear an bheatha i mbaol le tomhailt na substaintí sin. Ní ann d’aon fhaisnéis shonrach faoin na rioscaí sóisialta a bhaineann le MDMB-4-en-PINACA agus 4F-MDMB-BICA. Mar sin, tá foras leordhóthanach ann MDMB-4en-PINACA agus 4F-MDMB-BICA a áireamh sa sainmhíniú ar “dhruga”. |
|
(11) |
Ní liostaítear MDMB-4en-PINACA agus 4F-MDMB-BICA mar shubstaintí lena rialú faoi Choinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha, 1961, arna leasú le Prótacal 1972, nó faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha, 1971. Níl 4F-MDMB-BICA á mheasúnú faoi láthair ag córas na Náisiún Aontaithe, cé gur moladh MDMB0-4en-PINACA a sceidealú faoi chóras na Náisiún Aontaithe. Tá fianaise leordhóthanach ann, áfach, faoin bpráinn a bhaineann leis an tsubstaint sin a chur leis an sainmhíniú ar “dhruga” faoi dhlí an Aontais freisin. |
|
(12) |
Déanann naoi mBallstát MDMB-4en-PINACA a rialú faoina reachtaíocht náisiúnta féin maidir le rialú drugaí, déanann ceithre Bhallstát é a rialú faoi reachtaíocht nua maidir le substaintí sícighníomhacha agus déanann Ballstáit amháin eile rialú air faoi reachtaíocht eile. Déanann seacht mBallstát 4F-MDMB-BICA a rialú faoina reachtaíocht náisiúnta féin maidir le rialú drugaí, déanann ceithre Bhallstát é a rialú faoi reachtaíocht nua maidir le substaintí sícighníomhacha agus déanann Ballstáit amháin eile rialú air faoi reachtaíocht eile. MDMB-4en-PINACA agus 4F-MDMB-BICA a áireamh sa sainmhíniú ar “dhruga” agus ar an gcaoi sin iad a cumhdach le forálacha i ndáil leis na cionta coiriúla agus na smachtbhannaí a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2004/757, chuideodh an méid sin le teacht chun cinn bacainní i bhforfheidhmiú an dlí trasteorann agus sa chomhar breithiúnach a sheachaint, agus chuideoidh an méid sin freisin le cosaint ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena n-infhaighteacht agus lena n-úsáid, ós rud é go bhfuil na bearta rialaithe náisiúnta sin i bhfeidhm cheana. |
|
(13) |
Ós rud é gur comhlíonadh na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le cur i ngníomh fheidhmiú na gcumhachtaí chun gníomh tarmligthe a ghlacadh, ba cheart treoir tharmligthe a ghlacadh chun MDMB-4en-PINACA agus 4F-MDMB-BICA a chur san áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Réime 2004/757/CGB agus, dá thoradh sin, na substaintí sin a chur faoi réir fhorálacha dhlí coiriúil an Aontais maidir le gáinneáil aindleathach ar dhrugaí. |
|
(14) |
Tá Éire faoi cheangal ag Cinneadh Réime 2004/757/CGB, arna leasú le Treoir (AE) 2017/2103 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus dá bhrí sin tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo. |
|
(15) |
Tá an Danmhairg faoi cheangal ag Cinneadh Réime 2004/757/CGB, de réir mar is infheidhme go dtí an 21 Samhain 2018, ach níl sí faoi cheangal ag Treoir (AE) 2017/2103. Dá bhrí sin, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh nó i gcur i bhfeidhm na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. |
|
(16) |
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (6), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. |
|
(17) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Réime 2004/757/CGB a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Chinneadh Réime 2004/757/CGB
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Réime 2004/757/CGB, cuirtear isteach na pointí 18 agus 19 mar a leanas:
|
“18. |
3,3-Démheitil-2-{[1-(peint-4-éin-1-il)-1H-iondasól-3-carbóinil]aimín}bútánóáit mheitile (MDMB-4en-PINACA) (*). |
|
19. |
2-{[1-(4-fluarabúitil)-1H-iondól-3-carbóinil]aimín}-3,3-démheitiolbútánóáit mheitile (4F-MDMB-BICA) (*). |
Airteagal 2
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 9 Nollaig 2021 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 335, 11.11.2004, lch. 8.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (IO L 376, 27.12.2006, lch. 1).
(3) Lena chois sin, thuairiscigh an Ríocht Aontaithe 380 urghabháil, bhí aon urghabháil amháin ann ón Iorua agus bhí 663 urghabháil ann ón Tuirc.
(4) Lena chois sin, thuairiscigh an Ríocht Aontaithe 17 n-urghabháil.
(5) Treoir (AE) 2017/2103 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle chun substaintí sícighníomhacha nua a áireamh sa sainmhíniú ar “dhruga” agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/387/CGB ón gComhairle (IO L 305, 21.11.2017, lch. 12).
Ceartúcháin
|
20.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 178/4 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 130 an 17 Bealtaine 2019 )
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 17 Bealtaine 2019)
|
1. |
Ar leathanach 29, Airteagal 50(1) |
in ionad:
“1. Deochanna biotáilleacha nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo ach a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus a táirgeadh roimh an 25 Bealtaine 2021, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.”,
léitear:
“1. Táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo ach a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus a táirgeadh roimh an 25 Bealtaine 2021, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.”.
|
2. |
Ar leathanach 45, Iarscríbhinn I, catagóir 34, pointe (d): |
in ionad:
|
“(d) |
Ní áireofar táirgí bainne sna hamhábhair a úsáidtear.”, |
léitear:
|
“(d) |
Ní áireofar bainne ná táirgí bainne sna hamhábhair a úsáidtear.”. |
|
3. |
Ar leathanach 46, Iarscríbhinn I, catagóir 39, pointe (d): |
in ionad:
|
“(d) |
Féadfar táirgí bainne a úsáid i dtáirgeadh licéar uibheacha nó advocaat nó avocat nó advokat.”, |
léitear:
|
“(d) |
Féadfar bainne agus táirgí bainne a úsáid i dtáirgeadh licéar uibheacha nó advocaat nó avocat nó advokat.”, |
|
4. |
Ar leathanach 46, Iarscríbhinn I, catagóir 40, pointe (d): |
in ionad:
|
“(d) |
Féadfar táirgí bainne a úsáid chun licéar a bhfuil ubh ann a tháirgeadh.”, |
léitear:
|
“(d) |
Féadfar bainne agus táirgí bainne a úsáid chun licéar a bhfuil ubh ann a tháirgeadh.”. |
|
20.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 178/5 |
Ceartúchán ar Chomhaontú idir rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach maidir le húsáidí sábháilte agus síochánta an fhuinnimh núicléach
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 150 an 30 Aibreán 2021 )
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 30 Aibreán 2021)
Ar leathanach 14, Airteagal 24(1):
in ionad:
“1. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh na míosa ina mbeidh fógra tugtha ag an dá Pháirtí dá chéile go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha féin lena mbunaítear a dtoiliú a bheith faoi cheangal curtha i gcrích acu.”,
léitear:
“1. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh na míosa ina mbeidh fógra tugtha ag an dá Pháirtí dá chéile go bhfuil a gceanglais inmheánacha agus a nósanna imeachta inmheánacha féin lena mbunaítear a dtoiliú a bheith faoi cheangal curtha i gcrích acu (*1).
(*1) Cuireadh an fógra i gcrích faoin 30 Aibreán 2021. I gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe, is é an 1 Bealtaine 2021 dáta a theacht i bhfeidhm.”.