ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

Eagrán Speisialta ( *1 )

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
17 Bealtaine 2021


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróidss ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ( 1 )

53

 

*

Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne ( 1 )

79

 

*

Rialachán (AE) 2021/785 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 250/2014

110

 


 

(*1)   Faoin tagairt L 172 a foilsíodh ábhar an eagráin seo i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

17.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


RIALACHÁN (AE) 2021/782 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2021

maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróidss

(athmhúnlú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá roinnt leasuithe le déanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun cosaint a fheabhsú do phaisinéirí agus chun méadú ar thaisteal d’iarnród a spreagadh, agus ag an am céanna aird chuí á tabhairt ar Airteagail 11, 12 agus 14 go háirithe den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). I bhfianaise na leasuithe sin agus ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 a athmhúnlú.

(2)

Faoi chuimsiú an chomhbheartais iompair, tá sé tábhachtach cearta úsáideoirí maidir le paisinéirí iarnróid a choimirciú agus cáilíocht agus éifeachtúlacht na seirbhísí iarnróid do phaisinéirí a fheabhsú chun cuidiú le sciar an iompair d’iarnród i gcomparáid le modhanna eile iompair a mhéadú.

(3)

D’ainneoin an dul chun cinn nach beag atá déanta maidir le tomhaltóirí a chosaint san Aontas, tá tuilleadh feabhsuithe fós le déanamh i dtaca le cearta paisinéirí iarnróid a chosaint.

(4)

Go háirithe, ós é an paisinéir iarnróid an páirtí is laige sa chonradh iompair, caithfear cearta paisinéirí iarnróid a choimirciú ina leith sin.

(5)

Maidir leis na cearta céanna a dheonú do phaisinéirí iarnróid atá ar thurais idirnáisiúnta agus ar thurais intíre, féachtar leis sin an leibhéal cosanta a thugtar don tomhaltóir san Aontas a mhéadú, chun cothrom na Féinne a áirithiú do ghnóthais iarnróid agus chun cearta paisinéirí ar leibhéal comhionann a ráthú. Ba cheart go bhfaigheadh paisinéirí faisnéis chomh beacht agus is féidir maidir lena gcearta. Ós rud é nach féidir faisnéis a phriontáil go fisiciúil ar fhormáidí áirithe ticéad nua-aimseartha, ba cheart go bhféadfaí an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a chur ar fáil ar bhealaí eile.

(6)

Ní gnách go bhfreastalaíonn seirbhísí iarnróid a thairgtear d’úsáid stairiúil nó turasóireachta amháin ar ghnáthriachtanais iompair. Bíonn seirbhísí den sórt sin scartha amach ón gcuid eile de chóras iarnróid an Aontais agus baineann siad úsáid as teicneolaíocht a d’fhéadfadh teorainn a chur ar a n-inrochtaineacht. Cé is moite d’fhorálacha áirithe ar chóir feidhm a bheith acu maidir le gach seirbhís iarnróid do phaisinéirí ar fud an Aontais, ba chóir go mbeadh na Ballstáit in ann díolúintí a dheonú maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo ar sheirbhísí iarnróid a thairgtear d’úsáid stairiúil nó turasóireachta amháin.

(7)

Ní hionann carachtar seirbhísí iarnróid uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí agus carachtar seirbhísí fadachair d’iarnród. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit seirbhísí den sórt sin a dhíolmhú ó fhorálacha áirithe den Rialachán seo maidir le cearta paisinéirí. Níor cheart feidhm a bheith ag díolúintí den sórt sin maidir le rialacha riachtanacha, go háirithe i ndáil leis na forálacha sin maidir le coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha an chonartha iompair, maidir leis an gceart chun ticéid traenach a cheannachgan aon deacracht mhíchuí, maidir le dliteanas gnóthas iarnróid i leith paisinéirí agus a gcuid bagáiste, maidir leis an gceanglas árachas iomchuí a bheith ag gnóthais iarnróid agus maidir leis an gceanglas go ndeánfaí bearta iomchuí a ghlacadh chun sábháilteacht phearsanta na bpaisinéirí a áirithiú i stáisiúin traenach agus ar thraenacha. Bíonn na seirbhísí réigiúnacha níos comhtháite leis an gcuid eile de chóras iarnróid an Aontais agus is faide na turais lena mbaineann. I gcás seirbhísí iarnróid réigiúnacha do phaisinéirí, ba cheart, dá bhrí sin, pé díolúintí a d’fhéadfadh a bheith ann a shrianadh tuilleadh. Maidir le seirbhísí iarnróid réigiúnacha do phaisinéirí, ba cheart deireadh a chur go hiomlán leis na díolúintí atá ann ó fhorálacha an Rialacháin seo lena n-éascaítear úsáid seirbhísí iarnróid ag daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus níor cheart feidhm a bheith ag díolúintí maidir leis na forálacha de chuid an Rialacháin seo lena ndéantar úsáid rothar a chur chun cinn. Ina theannta sin, ba cheart teorainn ama a chur leis an bhféidearthacht seirbhísí réigiúnacha a dhíolmhú ó oibleagáidí áirithe maidir le tréthicéid a chur ar fáil agus le hathródú.

(8)

Áirítear ar aidhmeanna an Rialacháin seo feabhas a chur ar sheirbhísí iarnróid do phaisinéirí laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, ba chóir do na Ballstáit a bheith in ann díolúintí a dheonú le haghaidh seirbhísí i réigiúin ina bhfuil cuid shuntasach den tseirbhís á hoibriú lasmuigh den Aontas.

(9)

Thairis sin, chun gur féidir aistriú go rianúil ón gcreat a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 chuig an gcreat faoin Rialachán seo, ba cheart deireadh a chur le díolúintí a bhí ann roimhe sin de réir a chéile chun an deimhneacht dhlíthiúil agus an leanúnachas is gá a áirithiú. Níor cheart na Ballstáit, a bhfuil díolúintí deonaithe acu faoi láthair de bhun Airteagal 2(4) de Rialachán Uimh. 1371/2007, a bheith in ann na seirbhísí iarnróid intíre do phaisinéirí agus iad sin amháin a dhíolmhú ó fhorálacha an Rialacháin seo a bhfuil oiriúnú suntasach ag teastáil uathu agus, i gcás ar bith, ar feadh tréimhse theoranta amháin. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit freisin, ar feadh idirthréimhse, díolúine a dheonú ón oibleagáid faisnéis tráchta agus taistil a roinnt idir oibreoirí, ach amháin i gcás nach mbeadh sé indéanta go teicniúil don bhainisteoir bonneagair na sonraí fíor-ama a sholáthar d’aon ghnóthas iarnróid, díoltóir ticéad, tionscnóir turas nó bainisteoirí stáisiúin. Ba cheart measúnú a dhéanamh maidir le cad is indéanta go teicniúil gach dhá bhliain ar a laghad.

(10)

Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas i gcás ina ndíolmhaíonn siad seirbhísí iarnróid do phaisinéirí ó chur i bhfeidhm fhorálacha áirithe an Rialacháin seo. Agus an fhaisnéis sin á cur ar fáil acu, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt ar na cúiseanna atá leis na díolúintí agus na bearta a rinneadh nó atá beartaithe chun oibleagáidí an Rialacháin seo a chomhlíonadh nuair a rachaidh na díolúintí lena mbaineann in éag.

(11)

I gcás ina bhfuil roinnt bainisteoirí stáisiúin freagrach as stáisiún amháin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit an comhlacht a mbeidh na freagrachtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo de chúram air a ainmniú.

(12)

Mar gheall ar an rochtain ar fhaisnéis taistil fíor-ama, lena n-áirítear maidir le taraifí, tá an taisteal d’iarnród níos inrochtana ag custaiméirí nua agus tugtar réimse níos leithne féidearthachtaí turais agus taraifí dóibh as ar féidir leo rogha a dhéanamh. Ba cheart do ghnóthais iarnróid rochtain ar fhaisnéis taistil den sórt sin agus ar an bhféidearthacht áirithintí a dhéanamh agus a chur ar ceal a thabhairt do ghnóthais iarnróid eile, do dhíoltóirí ticéad agus do thionscnóirí turas, a dhíolann a gcuid seirbhísí, chun taisteal d’iarnród a éascú. Ba cheart do bhainisteoirí bonneagair sonraí fíor-ama maidir le teacht agus imeacht na dtraenacha a dháileadh ar ghnóthais iarnróid agus ar bhainisteoirí stáisiúin, agus ar dhíoltóirí ticéad agus ar thionscnóirí turas freisin, chun taisteal d’iarnród a éascú.

(13)

Déantar ceanglais níos mionsonraithe maidir le soláthar faisnéise taistil a leagan amach sna sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 ón gCoimisiún (4).

(14)

Le neartú ceart paisinéirí iarnróid ba cheart cur leis an dlí idirnáisiúnta atá ann cheana agus a chuimsítear in Iarscríbhinn A — Rialacha Aonfhoirmeacha maidir leis an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Paisinéirí agus Bagáiste d’iarnród (CIV) a ghabhann le Coinbhinsiún an 9 Bealtaine 1980 maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF), arna mhodhnú le Prótacal an 3 Meitheamh 1999 lena modhnaítear an Coinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’iarnród (Prótacal 1999). Is inmhianaithe, áfach, raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú ionas go gcosnófaí ní hamháin paisinéirí idirnáisiúnta ach paisinéirí intíre chomh maith. An 23 Feabhra 2013, d’aontaigh an tAontas do COTIF.

(15)

Ba cheart do na Ballstáit idirdhealú ar bhonn náisiúntacht an phaisinéara nó ar bhonn na háite laistigh den Aontas a bhfuil an gnóthas iarnróid nó an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas bunaithe a thoirmeasc. Níor cheart, áfach, cosc a chur ar tharaifí sóisialta ná ar úsáid níos leithne iompar poiblí a spreagadh, ar choinníoll go bhfuil bearta den sórt sin comhréireach agus neamhspleách ar náisiúntacht an phaisinéara lena mbaineann. Tá cead ag gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas a gcleachtais tráchtála a chinneadh, lena n-áirítear tairiscintí speisialta a úsáid agus bealaí díolacháin áirithe a chur chun cinn. I bhfianaise na forbartha ar ardáin ar líne a dhíolann ticéid iompair paisinéirí, ba cheart do na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar a áirithiú nach ndéantar aon idirdhealú le linn phróiseas na rochtana ar chomhéadain ar líne nó le linn ticéid a cheannach. Ina theannta sin, beag beann ar an gcaoi a gceannaítear ticéad, ba cheart go mbeadh an leibhéal cosanta céanna ag an bpaisinéir.

(16)

Tá impleachtaí ag an méadú ar an tóir ar an rothaíocht ar fud an Aontais don tsoghluaisteacht agus don turasóireacht ar an mórgóir. Le méadú ar an gcion módach atá ag úsáid an iarnróid agus na rothaíochta, laghdaítear tionchar an iompair ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais iarnróid é a éascú a oiread is féidir turais rothaíochta agus turais traenach a dhéanamh le chéile. Go háirithe, agus rothstoc nua á fháil acu nó mór-uasghrádú á dhéanamh ar rothstoc atá ann cheana, ba cheart do na gnóthais iarnróid líon leordhóthanach áiteanna a chur ar fáil do rothair, ach amháin i gcás ina mbaineann an éadáil nó an t-uasghrádú le carráistí bialainne, suanchóistí nó le carráistí couchette. Chun tionchar diúltach ar fheidhmíocht sábháilteachta an rothstoic atá ann cheana, níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin ach amháin i gcás mór-uasghrádú a fhágann go bhfuil gá le húdarú nua feithicle don chur ar an margadh.

(17)

Ba cheart líon leordhóthanach na háiteanna rothar do chomhdhéanamh traenach a chinneadh bunaithe ar mhéid chomhdhéanamh na traenach, cineál na seirbhíse agus ar an éileamh ar iompar na rothar. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag gnóthais iarnróid pleananna a bhunú le líonta nithiúla na háiteanna rothar dá seirbhísí, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an bpobal. I gcás ina gcinneann gnóthais iarnróid gan pleananna a bhunú, ba cheart feidhm a bheith ag líon reachtúil. Ba cheart an líon reachtúil fónamh mar threoir freisin do ghnóthais iarnróid agus a bpleananna a mbunú acu. Níor cheart go measfaí uimhir atá faoi bhun an lín reachtaigh leormhaith ach amháin i gcás ina bhfuil údar leis sin de bharr imthosca speisialta amhail seirbhísí iarnróid a oibriú in am geimhridh nuair is léir nach bhfuil aon éileamh nó éileamh íseal ar rothair a iompar. Ina theannta sin, bíonn éileamh mór i mBallstáit áirithe ar iompar rothar maidir le cineálacha áirithe seirbhísí. Dá bhrí sin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit an líon íosta leordhóthanach de áiteanna rothar do chineálacha áirithe seirbhísí a chinneadh. Ba cheart forlámhas a bheith ag an líon sin ar an líon nithiúil mar a luadh i bpleananna ar bith de chuid na ngnóthas iarnróid. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin isteach ar shaorghluaiseacht rothstoic iarnróid laistigh den Aontas. Ba cheart paisinéirí a chur ar an eolas maidir leis an spás atá ar fáil do rothair.

(18)

Ba cheart na cearta agus na hoibleagáidí maidir le rothair a iompar ar thraenacha a bheith infheidhme maidir le rothair ar féidir dul orthu go héasca roimh agus i ndiaidh an turais iarnróid. Cumhdaítear rothair a iompar i bpacáistí agus málaí, mar is infheidhme, le forálacha an Rialacháin seo maidir le bagáiste.

(19)

Áirítear le cearta paisinéirí iarnróid chun seirbhísí iarnróid faisnéis a fháil maidir leis an tseirbhís roimh an turas agus lena linn. Ba cheart do na gnóthais iarnróid, na díoltóirí ticéad agus na tionscnóirí turas faisnéis ghinearálta a chur ar fáil roimh ré maidir leis an tseirbhís iarnróid. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. I rith an turais, ba cheart go ndéanfadh gnóthais iarnróid agus, i gcás inarb indéanta, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas, an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a sholáthar don phaisinéir. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ag bainisteoir stáisiúin, ba cheart don bhainisteoir an fhaisnéis sin a sholáthar do na paisinéirí freisin.

(20)

Tá éagsúlacht mhór i méid chuideachtaí na ndíoltóirí ticéad, ó mhicrifhiontair go fiontair mhóra, agus ní thairgeann cuid de na díoltóirí ticéad a seirbhísí ach as líne nó ar líne. Ba cheart, dá bhrí sin, an oibleagáid faisnéis taistil a sholáthar do phaisinéirí a bheith comhréireach le méideanna éagsúla, agus dá bhrí sin acmhainneachtaí éagsúla, an díoltóra ticéad a léiriú.

(21)

Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc ar ghnóthais iarnróid, ar thionscnóirí turas ná ar dhíoltóirí ticéad coinníollacha níos fabhraí a thairiscint don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Níor cheart, áfach, go bhfágfadh an Rialachán seo go mbeadh gnóthas iarnróid faoi cheangal ag coinníollacha conarthacha níos fabhraí arna dtairiscint ag tionscnóir turas nó díoltóir ticéad, ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt le socrú idir an gnóthas iarnróid agus an tionscnóir turas nó an díoltóir ticéad.

(22)

Le tréthicéid, ceadaítear turais gan stró do phaisinéirí agus, dá bhrí sin, ba cheart iarrachtaí réasúnta a dhéanamh ticéid den sórt sin a thairiscint le haghaidh seirbhísí paisinéirí iarnróid fad-achair, uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha, bíodh siad idirnáisiúnta nó intíre, lena n-áirítear seirbhísí paisinéirí iarnróid atá díolmhaithe faoin Rialachán seo. Ba cheart é a bheith indéanta, chun críoch cinneadh a dhéanamh maidir leis an moill iomlán a bhfuil cúiteamh ar fáil ina leith, agus tréimhsí moille á gcur as an áireamh a tharla le linn codanna den turas a bhaineann le seirbhísí iarnróid atá díolmhaithe faoin Rialachán seo.

(23)

Maidir le seirbhísí atá á n-oibriú ag an ngnóthas iarnróid céanna, ba cheart aistriú paisinéirí iarnróid ó sheirbhís amháin go seirbhís eile a éascú trí oibleagáid a thabhairt isteach chun tréthicéid a sholáthar, toisc nach bhfuil aon chomhaontuithe tráchtála ag teastáil idir gnóthais iarnróid. Ba cheart feidhm a bheith freisin ag an gceanglas tréthicéid a sholáthar maidir le seirbhísí arna n-oibriú ag gnóthais iarnróid leis an úinéir céanna nó ar fochuideachtaí iad de cheann amháin de na gnóthais iarnróid a sholáthraíonn seirbhísí iarnróid atá mar chuid den turas. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag an ngnóthas iarnróid am imeachta gach seirbhíse iarnróid, lena n-áirítear seirbhísí réigiúnacha a bhfuil an tréthicéad bailí di a shonrú ar an tréthicéad.

(24)

Ba cheart go gcuirfí paisinéirí ar an eolas ar bhealach soiléir an ionann ticéid arna ndíol ag gnóthas iarnróid in aon idirbheart tráchtála amháin agus tréthicéad. I gcás nach gcuirfear paisinéirí ar an eolas i gceart, ba cheart go mbeadh an gnóthas iarnróid faoi dhliteanas amhail is dá mba thréthicéad na ticéid sin.

(25)

Ba cheart go ndéanfaí tairiscint tréthicéad a chur chun cinn. Mar sin féin, tá an fhaisnéis chruinn ríthábhachtach maidir leis an tseirbhís iarnróid nuair a cheannaíonn paisinéirí ticéid ó dhíoltóir ticéad nó ó thionscnóir turas. I gcás ina ndíolfaidh díoltóirí ticéad nó tionscnóirí turas ticéid ar leith mar chuach, ba cheart dóibh an paisinéir a chur ar an eolas go soiléir nach dtugtar an leibhéal céanna cosanta leis na ticéid sin agus a thugtar le tréthicéid, agus nár eisigh an gnóthas iarnróid nó na gnóthais iarnróid a sholáthraíonn an tseirbhís na ticéid sin mar thréthicéid. I gcás ina mainneoidh díoltóirí ticéad nó tionscnóirí turas an ceanglas sin a chomhlíonadh, ba cheart go rachadh a ndliteanas thar aisíocaíocht na dticéad.

(26)

Agus tréthicéid á dtairiscint acu, is den tábhacht go gcuirfeadh na gnóthais iarnróid san áireamh na nasc-amanna íosta réadúla ab infheidhme nuair a cuireadh in áirithe ar dtús iad, mar aon le tosca ábhartha amhail méid agus suíomh na stáisiún agus na n-ardán lena mbaineann faoi seach.

(27)

I bhfianaise Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus chun deiseanna taistil d’iarnród atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart rialacha a bhunú maidir le neamh-idirdhealú agus maidir le cúnamh le linn a dturais. Tá an ceart céanna chun saorghluaiseachta agus chun neamh-idirdhealaithe ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag gach saoránach eile. Inter alia, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhaisnéis a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe maidir le hinrochtaineacht seirbhísí iarnróid, le coinníollacha rochtana an rothstoic agus leis na háiseanna ar bord. Chun an fhaisnéis is fearr faoi mhoilleanna a sholáthar do phaisinéirí a bhfuil mallachar céadfa orthu, ba cheart córais amhairc agus inchloiste a úsáid, de réir mar is iomchuí. Ba cheart go mbeadh daoine faoi mhíchumas in ann ticéid a cheannach ar an traein gan táillí breise i gcás nach mbeidh aon mhodhanna inrochtana eile ann chun ticéid a cheannach roimh dhul ar an traein. Mar sin féin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann an ceart sin a theorannú i gcásanna a bhaineann le slándáil agus le háirithintí éigeantacha traenach. Ba cheart oiliúint iomchuí a bheith ar na baill foirne le freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, go háirithe nuair atá cúnamh á thabhairt acu dóibh. Chun coinníollacha taistil cothroma a áirithiú, ba cheart cúnamh a thabhairt do na daoine sin sna stáisiúin agus ar bord nó, in éagmais foireann tionlacain oilte ar bord na traenach agus sa stáisiún, ba cheart go ndéanfaí gach iarracht réasúnach chun rochtain ar thaisteal d’iarnród a cheadú.

(28)

Ba cheart go n-oibreodh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin go gníomhach le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas chun feabhas a chur ar cháilíocht inrochtaineacht seirbhísí iompair.

(29)

Chun rochtain ar sheirbhísí paisinéirí iarnróid a éascú do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit a cheangal ar ghnóthais iarnróid agus ar bhainisteoirí stáisiún Pointí Teagmhála Aonair náisiúnta a bhunú chun comhordú a dhéanamh maidir le sonraí agus le cúnamh.

(30)

Ar chúiseanna praiticiúla, chun a áirithiú go soláthrófar cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ní mór an gnóthas iarnróid, an bainisteoir stáisiúin, an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas a chur ar an eolas roimh ré go bhfuil gá le cúnamh. Cé go mbunaítear leis an Rialachán seo uastréimhse choiteann maidir le réamhfhógraí den sórt sin, tá socruithe deonacha lena bhforáiltear tréimhsí réamhfhógartha níos giorra ná sin luachmhar i gcás ina bhfeabhsaítear soghluaisteacht daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Chun an leithdháileadh faisnéise is leithne is féidir a bhaineann le tréimhsí ama laghdaithe den sórt sin a ráthú, is den tábhacht go n-áireodh an Coimisiún ina thuarascáil ar chur chun feidhme agus torthaí an Rialacháin seo faisnéis maidir le forbairt socruithe réamhfhógartha laghdaithe agus maidir le scaipeadh gaolmhar faisnéise.

(31)

Ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do bhainisteoirí stáisiúin aird a thabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus riachtanais daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, trí Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún (6) a chomhlíonadh. I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán seo d’fhorálacha Threoir (AE) 2019/882, ba cheart do na Ballstáit na forálacha sin a chur i bhfeidhm ón 28 Meitheamh 2025 agus i gcomhréir leis na bearta idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 32 den Treoir sin. Maidir le seirbhísí iarnróid do phaisinéirí, leagtar amach raon feidhme na bhforálacha sin i bpointe (c) d’Airteagal 2(2) den Treoir sin.

(32)

Cuirtear oiliúint ar ainmhithe áirithe chun cabhrú le daoine faoi mhíchumas chun iad a chur ar a gcumas soghluaisteacht neamhspleách a bhaint amach. Chun an tsoghluaisteacht sin a bhaint amach, is den riachtanas é go bhféadfaí na hainmhithe sin a thabhairt isteach ar thraenacha. Leis an Rialachán seo, bunaítear cearta agus oibleagáidí coiteanna maidir le madraí cuidithe. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag Ballstáit, áfach, trialacha a sheoladh le hainmhithe cuidithe eile agus cead a thabhairt dóibh dul isteach ar thraenacha ar a seirbhísí iarnróid intíre. Is den tábhacht go ndéanfadh an Coimisiún faireachán ar an bhforbairt maidir leis an ábhar seo i bhfianaise na hoibre a dhéanfar amach anseo ar ainmhithe cuidithe soghluaisteachta.

(33)

Is inmhianaithe go gcruthófar leis an Rialachán seo córas cúitimh do phaisinéirí i gcás moille, lena n-áirítear i gcásanna inarb é cealú seirbhíse nó nasc caillte is cúis leis an moill. I gcás moill ar sheirbhís paisinéirí iarnróid, ba cheart do ghnóthais iarnróid cúiteamh a thabhairt do phaisinéirí bunaithe ar chéatadán de phraghas an ticéid.

(34)

Ba cheart oibleagáid a bheith ar ghnóthais iarnróid árachas a bheith acu, nó ráthaíochtaí leordhóthanacha a bheith acu, le haghaidh a ndliteanais i leith paisinéirí iarnróid i gcás tionóisce.

(35)

Le neartú na gceart chun cúitimh agus chun cúnaimh i gcás moille, nasc a cailleadh, nó cealú seirbhíse, ba cheart go dtabharfaí spreagadh níos láidre don mhargadh iompair paisinéirí d’iarnród, rud a rachadh chun sochair do na paisinéirí.

(36)

I gcás moille, ba cheart roghanna iompair ar leanúint nó athródaithe ar choinníollacha iompair inchomparáide a chur ar fáil do na paisinéirí. Ba cheart riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh ina leithéid sin de chás.

(37)

Níor cheart oibleagáid a bheith ar ghnóthas iarnróid cúiteamh a íoc, áfach, más féidir leis a chruthú gurbh imthosca urghnácha amhail dálaí adhaimsire nó mórthubaistí nádúrtha lena gcuirfí oibriú sábháilte na seirbhísí i mbaol ba chúis leis an moill. Ba cheart aon teagmhas den sórt sin a bheith ina mhatalang nádúrtha eisceachtúil, seachas gnáthaimsir an tséasúir a bheith ann amhail stoirmeacha fómhair nó tuilte uirbeacha a tharlaíonn go tráthrialta de dheasca na dtaoidí nó leá sneachta. Ina theannta sin, níor cheart oibleagáid a bheith ar ghnóthas iarnróid cúiteamh a íoc, más féidir leis a chruthú gurbh géarchéimeanna móra sláinte poiblí, amhail paindéim, ba chúis leis an moill. Thairis sin, i gcás inarb é an paisinéir nó gníomhaíochtaí áirithe a dhéanann tríú páirtithe is cúis leis an moill, níor cheart oibleagáid a bheith ar an ngnóthas iarnróid cúiteamh a chur ar fáil don mhoill. Ba cheart do ghnóthais iarnróid a chruthú nárbh fhéidir leo eachatraí sen sórt sin a thuar ná a sheachaint, nárbh fhéidir leo an moill a chosc fiú dá ndéanfaí gach beart réasúnta, lena n-áirítear cothabháil choisctheach iomchuí a rothstoic. Níor cheart go mbeadh díolúine ó dhliteanas i leith moilleanna ann de bharr stailceanna phearsanra an ghnóthais iarnróid, agus de bharr gníomhaíochta, nó neamhghníomhartha oibreoirí iarnróid eile a úsáideann an bonneagar, an bainisteoir bonneagair nó an bainisteoir stáisiúin céanna. Ba cheart údar oibiachtúil a bheith leis na himthosca nach bhfuil oibleagáid ar ghnóthais iarnróid cúiteamh a íoc iontu. I gcás ina mbeidh cumarsáid nó doiciméad de chuid an bhainisteora bonneagair iarnróid, de chuid údaráis phoiblí nó de chuid comhlachta eile atá neamhspleách ar na gnóthais iarnróid, ina léirítear na himthosca ar a bhfuil an gnóthas iarnróid ag brath chun go mbeidh sé díolmhaithe ón oibleagáid chun cúiteamh a íoc, ba cheart dóibh aird na bpaisinéirí agus, i gcás inarb ábhartha, aird na n-údarás lena mbaineann a tharraingt ar theachtaireachtaí nó doiciméid den sórt sin.

(38)

Ba cheart gnóthais iarnróid a spreagadh chun an nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh ar chúiteamh a shimpliú do phaisinéirí. Go háirithe, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit a cheangal ar ghnóthais iarnróid glacadh leis na hiarratais ar mhodhanna áirithe cumarsáide amhail ar shuíomhanna gréasáin nó trí fheidhmchláir mhóibíleacha, ar choinníoll nach bhfuil na ceanglais sin idirdhealaitheach.

(39)

Chun cúrsaí a dhéanamh níos éasca do phaisinéirí iarraidh ar aisíocaíocht nó cúiteamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart foirmeacha atá bailí ar fud an Aontais a bhunú d’iarrataí den sórt sin. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag paisinéirí a n-iarrataí a chur isteach trí úsáid a bhaint as foirm den sórt sin.

(40)

I gcomhar le bainisteoirí bonneagair agus bainisteoirí stáisiúin, ba cheart do ghnóthais iarnróid pleananna teagmhasacha a ullmhú chun an tionchar de dheasca mórbhriseadh seirbhíse a íoslaghdú trí fhaisnéis iomchuí agus aire iomchuí a thabhairt do phaisinéirí atá sáinnithe.

(41)

Is inmhianaithe freisin íospartaigh tionóisce agus a gcleithiúnaithe a shaoradh ó imní ghearrthéarmach airgid sa tréimhse díreach tar éis na tionóisce.

(42)

Is ar mhaithe le leas na bpaisinéirí iarnróid go nglacfaí bearta iomchuí, i gcomhaontú leis na húdaráis phoiblí, chun a slándáil phearsanta a áirithiú sna stáisiúin agus ar na traenacha.

(43)

Ba cheart do phaisinéirí iarnróid a bheith in ann gearán a thíolacadh d’aon ghnóthas iarnróid lena mbaineann, do na bainisteoirí stáisiúin ar stáisiúin áirithe, nó, i gcás inarb ábhartha, do dhíoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas maidir lena réimsí freagrachta faoi seach maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a thugtar leis an Rialachán seo. Ba cheart do phaisinéirí iarnróid a bheith i dteideal freagra a fháil laistigh de thréimhse réasúnta ama.

(44)

Ar mhaithe le gearáin a láimhseáil go héifeachtúil, ba cheart an ceart a bheith ag gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin seirbhísí comhpháirteacha custaiméirí agus sásraí láimhseála gearán a bhunú.Ba cheart faisnéis faoi na nósanna imeachta maidir le gearáin a láimhseáil a bheith ar fáil go poiblí agus furasta do phaisinéirí teacht uirthi.

(45)

Níor cheart don Rialacháin seo difear a dhéanamh do chearta paisinéirí gearán a chur faoi bhráid comhlacht náisiúnta nó sásamh dlí a lorg trí nósanna imeachta náisiúnta.

(46)

Ba cheart do ghnóthais iarnróid agus do bhainisteoirí stáisiún caighdeáin cáilíochta seirbhíse do sheirbhísí iarnróid do phaisinéirí a shainiú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu. Ba cheart do ghnóthais iarnróid faisnéis maidir lena bhfeidhmíocht cáilíochta seirbhíse a chur ar fáil go poiblí freisin.

(47)

Chun ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a choinneáil san iompar d’iarnród, ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe a ainmniú chun faireachán grinn a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ague é a fhorfheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart na comhlachtaí sin a bheith in ann bearta forfheidhmiúcháin éagsúla a dhéanamh. Ba cheart paisinéirí a bheith in ann gearán a chur faoi bhráid na gcomhlachtaí sin faoi sháruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo. Chun a áirithiú go láimhseálfar go sásúil na gearáin sin, ba cheart do na comhlachtaí comhoibriú le comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe na mBallstát eile freisin.

(48)

Bheadh ualach díréireach, in aisce ar na Ballstáit nach bhfuil aon chóras iarnróid acu agus nach bhfuil aon ionchas láithreach ann go mbeidh córas iarnróid acu dá mbeidís faoi réir na n-oibleagáidí forfheidhmiúcháin maidir le bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. Is amhlaidh atá maidir le hoibleagáidí forfheidhmiúcháin i dtaca le gnóthais iarnróid fad is nach bhfuil aon ghnóthas ceadúnaithe ag Ballstát. Dá bhrí sin, ba cheart na Ballstáit sin a dhíolmhú ó na hoibleagáidí sin.

(49)

Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(50)

Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Ba cheart do na pionóis sin a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach agus d’fhéadfadh íocaíocht cúitimh leis an duine a bheadh i gceist a bheith san áireamh leo.

(51)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon iarnróid an Aontais a fhorbairt agus cearta paisinéirí iarnróid a neartú, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(52)

Chun a áirithiú go dtabharfar ardleibhéal cosanta do phaisinéirí, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinn I a leasú i ndáil le Rialacha Aonfhoirmeacha CIV agus chun méid na réamhíocaíochta a choigeartú i gcás bás paisinéara i bhfianaise na n-athruithe ar an Innéacs uile-Aontais Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (8). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(53)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(54)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 21, 26, 38 agus 47 maidir le cosc ar idirdhealú de chineál ar bith, lánpháirtíocht daoine faoi mhíchumas, ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a áirithiú, agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus trialach córa, faoi seach. Ní mór do chúirteanna na mBallstát an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cearta agus leis na prionsabail seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí

Chun foráil a dhéanamh do chosaint éifeachtach paisinéirí agus chun taisteal d’iarnród a spreagadh, bunaítear leis an Rialachán seo rialacha is infheidhme maidir leis an iompar d’iarnród i dtaca leis na nithe seo a leanas:

(a)

neamh-idirdhealú idir paisinéirí i ndáil le coinníollacha iompair agus soláthar ticéad;

(b)

dliteanas gnóthas iarnróid agus a n-oibleagáidí árachais i leith paisinéirí agus a gcuid bagáiste;

(c)

cearta na bpaisinéirí i gcás tionóisce a eascróidh as úsáid seirbhísí iarnróid agus is cúis le bás, le díobháil phearsanta nó le cailleadh a mbagáiste nó le damáiste dá mbagáiste;

(d)

cearta na bpaisinéirí, i gcás briseadh, amhail cealú nó moill, lena n-áirítear a gceart chun cúitimh;

(e)

faisnéis íosta agus chruinn, lena n-áirítear maidir le ticéid a eisiúint, a bheidh le soláthar do phaisinéirí i bhformáid inrochtana agus ar bhealach tráthúil;

(f)

neamh-idirdhealú i gcoinne daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus cúnamh dóibh;

(g)

caighdeáin cháilíochta seirbhíse a shainiú agus faireachán a dhéanamh orthu agus na rioscaí do shlándáil phearsanta na bpaisinéirí a bhainistiú;

(h)

gearáin a láimhseáil;

(i)

rialacha ginearálta maidir le forghníomhú.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le turais agus seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta agus intíre ar fud an Aontais arna soláthar ag gnóthas iarnróid amháin nó níos mó atá ceadúnaithe i gcomhréir le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

2.   Féadfaidh na Ballstáit seirbhísí a oibrítear d’úsáid stairiúil nó turasóireachta amháin a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Níl feidhm ag an díolúine sin maidir le hAirteagail 13 agus 14.

3.   Maidir leis na díolúintí arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 2(4) agus (6) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 roimh an 6 Meitheamh 2021 beidh siad bailí go dtí an dáta a rachaidh na díolúintí sin in éag. Maidir leis na díolúintí arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 2(5)de Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 roimh an 6 Meitheamh 2021 beidh siad fós bailí go dtí an 7 Meitheamh 2023.

4.   Sula rachaidh díolúine maidir leis na seirbhísí iarnróid intíre do phaisinéirí arna ndeonú de bhun Airteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 in éag, féadfaidh Ballstáit seirbhísí iarnróid intíre den sórt sin a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm Airteagail 15, 17 agus 19, pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 20(2) agus Airteagal 30(2) den Rialachán seo ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná cúig bliana.

5.   Go dtí an 7 Meitheamh 2030, féadfaidh na Ballstáit forail a dhéanamh nach mbeidh feidhm ag Airteagal 10 i gcás nach féidir go teicniúil le bainisteoir bonneagair sonraí fíor-ama a dháileadh de réir bhrí Airteagal 10(1) d’aon ghnóthas iarnróid, díoltóir ticéad, tionscnóir turas nó bainisteoir. Gach dhá bhliain ar a laghad, déanfaidh na Ballstáit athmheasúnú ar a mhéid gur féidir go teicniúil na sonraí sin a dháileadh.

6.   Faoi réir mhír 8, féadfaidh na Ballstáit na seirbhísí seo a leanas a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo:

(a)

seirbhísí iarnróid uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí;

(b)

seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí a n-oibrítear cuid shuntasach díobh, lena n-áirítear aon stad stáisiúin sceidealta amháin ar a laghad, lasmuigh den Aontas.

7.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi dhíolúintí a dheonaítear de bhun mhíreanna 2, 4 agus 5 agus 6 agus tabharfaidh siad na cúiseanna i leith na ndíolúintí sin.

8.   Ní bheidh feidhm ag díolúintí arna ndeonú i gcomhréir le pointe (a) de mhír 6 maidir le hAirteagail 5, 11, 13, 14, 21, 22, 27 agus 28.

I gcás ina mbaineann na díolúintí sin le seirbhísí iarnróid réigiúnacha do phaisinéirí, ní bheidh feidhm acu ach oiread maidir le hAirteagail 6 agus 12, Airteagal 18(3), agus le Caibidil V.

D’ainneoin an dara fomhír den mhír seo, féadfaidh feidhm a bheith ag díolúintí a bhaineann le seirbhísí iarnróid réigiúnacha do phaisinéirí amhail ó chur i bhfeidhm Airteagail 12(1) agus 18(3) go dtí an 7 Meitheamh 2028.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “gnóthas iarnróid” gnóthas iarnróid mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE é;

(2)

ciallaíonn “bainisteoir bonneagair” bainisteoir bonneagair mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE é;

(3)

ciallaíonn “bainisteoir stáisiúin” eintiteas eagraíochtúil i mBallstát, ar cuireadh de fhreagracht air stáisiún iarnróid amháin nó níos mó a bhainistiú agus a bhféadfaidh sé gurb é an bainisteoir bonneagair;

(4)

ciallaíonn “tionscnóir turas” eagraí nó miondíoltóir, mar a shainmhínítear i bpointí (8) agus (9) faoi seach d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) seachas gnóthas iarnróid;

(5)

ciallaíonn “díoltóir ticéad” aon mhiondíoltóir seirbhísí iompair d’iarnród, a dhíolann ticéid, lena n-áirítear tréthicéid, ar bhonn conradh nó socrú eile idir an miondíoltóir agus gnóthas iarnróid amháin nó níos mó;

(6)

ciallaíonn “conradh iompair” conradh iompair d’iarnród ar luaíocht nó saor in aisce idir gnóthas iarnróid agus paisinéir chun seirbhís iompair amháin nó níos mó ná seirbhís iompair amháin a sholáthar;

(7)

ciallaíonn “ticéad” fianaise bhailí, gan beann ar a foirm, gur tugadh conradh iompair i gcrích;

(8)

ciallaíonn “áirithint” údarú, ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, a thugann teidlíocht chun iompair faoi réir socruithe iompair pearsantaithe arna ndeimhniú roimh ré;

(9)

ciallaíonn “tréthicéad” tréiththicéad de réir mar a shainmhínítear i bpointe (35) d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE é;

(10)

ciallaíonn “seirbhís” seirbhís iompair iarnróid do phaisinéirí a oibrítear idir stáisiúin traenach de réir amchláir, lena n-áirítear seirbhísí iompair a thairgtear i gcás athródaithe;

(11)

ciallaíonn “turas” iompar paisinéara idir stáisiún imeachta agus stáisiún teachta;

(12)

ciallaíonn “seirbhís iarnróid intíre do phaisinéirí” seirbhís iarnróid do phaisinéirí nach dtrasnaíonn aon teorainn de chuid Ballstáit;

(13)

ciallaíonn “seirbhís iarnróid uirbeach agus fo-uirbeach do phaisinéirí” seirbhís iarnróid do phaisinéirí de réir bhrí phointe (6) d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE;

(14)

ciallaíonn “seirbhís iarnróid réigiúnach do phaisinéirí” seirbhís iarnróid do phaisinéirí de réir bhrí phointe (7) Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE;

(15)

ciallaíonn “seirbhís iarnróid fad-achair do phaisinéirí” seirbhís iarnróid do phaisinéirí nach seirbhís iarnróid uirbeach, fho-uirbeach ná réigiúnach í;

(16)

ciallaíonn “seirbhís iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí” seirbhís paisinéirí iarnróid lena dtrasnaítear teorainn amháin ar a laghad de chuid Ballstáit lena linn agus arb é príomhchuspóir na seirbhíse paisinéirí a iompar idir stáisiúin atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla nó i mBallstát agus i dtríú tír;

(17)

ciallaíonn “moill” an difríocht ama idir am sroichte sceidealta an phaisinéara i gcomhréir leis an amchlár foilsithe agus am iarbhír nó ionchais a theachta nó a teachta chuig stáisiún an chinn scríbe deiridh;

(18)

ciallaíonn “teacht” an t-am a osclaítear doirse na traenach ar ardán an chinn scríbe agus a cheadaítear tuirlingt;

(19)

ciallaíonn “pas taistil” nó “ticéad séasúir” ticéad do líon neamhtheoranta turas a thugann cead taisteal d’iarnród don sealbhóir údaraithe ar bhealach faoi leith nó ar líonra faoi leith le linn tréimhse shonraithe;

(20)

ciallaíonn “nasc a cailleadh” cás ina gcaillfidh paisinéir seirbhís amháin nó níos mó le linn turas iarnróid, a díoladh i bhfoirm thréthicéad, de thoradh moill nó cealú seirbhíse amháin nó níos mó roimhe sin, nó de thoradh imeacht seirbhíse roimh an am imeachta sceidealta;

(21)

ciallaíonn “duine faoi mhíchumas” agus “duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe” aon duine ar a bhfuil mallachar fisiceach, meabhrach, intleachta nó céadfach, buan nó sealadach, a d’fhéadfadh, ar idirghníomhú le bacainní éagsúla dó nó di, bac a chur air nó uirthi úsáid iomlán agus éifeachtach a bhaint as córacha iompair ar bhonn comhionann le paisinéirí eile nó a bhfuil a shoghluaisteacht nó a soghluaisteacht laghdaithe le linn córacha iompair a úsáid dó nó di de thoradh aoise;

(22)

ciallaíonn “stáisiún” suíomh ar iarnród ag ar féidir le seirbhís iarnróid do phaisinéirí tosú, stad nó críochnú.

CAIBIDIL II

CONRADH IOMPAIR, FAISNÉIS AGUS TICÉID

Airteagal 4

Conradh iompair

Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, beidh tabhairt i gcrích agus comhlíonadh conartha iompair agus soláthar faisnéise agus ticéad faoi rialú ag forálacha Theideal II agus Theideal III d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 5

Coinníollacha conarthacha agus taraifí neamh-idirdhealaitheacha

Gan dochar do tharaifí sóisialta, cuirfidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad nó tionscnóirí turas coinníollacha conartha agus taraifí ar fáil don phobal i gcoitinne gan idirdhealú, díreach ná indíreach, ar bhonn náisiúntacht an phaisinéara nó ar bhonn na háite laistigh den Aontas ina bhfuil an gnóthas iarnróid, an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas bunaithe.

Tá feidhm ag an gcéad mhír den Airteagal seo freisin maidir le gnóthais iarnróid agus díoltóirí ticéad agus áirithintí á nglacadh acu ó phaisinéirí i gcomhréir le hAirteagal 11.

Airteagal 6

Rothair

1.   Faoi réir na dteorainneacha dá dtagraítear i mír 3, agus i gcás inarb iomchuí ar tháille réasúnach, beidh paisinéirí i dteideal rothair a bhreith leo ar bhord na traenach.

Maidir leis na traenacha a bhfuil áirithint éigeantach ina leith, féadfar áirithint a dhéanamh chun rothar a iompar.

I gcás ina bhfuil áirithint déanta ag paisinéir do rothar agus ina ndiúltaítear an rothar sin a iompar gan cúis lena bhfuil údar cuí, beidh an paisinéir i dteideal athródaithe nó aisíocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 18, cúitimh i gcomhréir le hAirteagal 19 agus cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 20(2).

2.   I gcás ina bhfuil áiteanna ainmnithe do rothair ar fáil ar bhord na traenach, coinneoidh paisinéirí a rothair sna háiteanna sin. I gcás nach bhfuil áiteanna den sórt sin ar fáil, coinneoidh paisinéirí a rothair faoina gcúram le linn an turais agus déanfaidh siad gach iarracht réasúnta a áirithiú nach ndéanfaidh a rothair aon chiotaí ná damáiste do phaisinéirí eile, do threalamh soghluaisteachta, do bhagáiste ná d’oibríochtaí iarnróid.

3.   Féadfaidh gnóthais iarnróid srian a chur leis an gceart atá ag paisinéirí rothair a thabhairt ar bord na traenach ar chúiseanna sábháilteachta nó oibríochtúla, go háirithe i ngeall ar theorainneacha spáis is infheidhme le linn tréimhsí buaice, nó mura gceadaítear rothair a thabhairt leis an rothstoc. Ina theannta sin, féadfaidh gnóthas iarnróid srian a chur le hiompar rothar bunaithe ar a meáchan agus ar a dtoisí. Foilseoidh siad a gcuid coinníollacha maidir le rothair a iompar, lena n-áirítear faisnéis atá cothrom le dáta faoin áit atá ar fáil, trí úsáid a bhaint as na feidhmchláir theileamaitice dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla.

4.   Nuair a bheidh tús á chur ag gnóthais iarnróid le nósanna imeachta soláthair le haghaidh rothstoc nua, nó nuair a dhéanann siad mór-uasghrádú ar an rothstoc atá ann cheana a fhágann go bhfuil gá le húdarú nua feithicle le haghaidh cur ar an margadh de bhun Airteagal 21(12) de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), áiritheoidh siad gur leordhóthanach, sa chomhdhéanamh traenach ina n-úsáidtear an rothstoc sin, an líon áiteanna do rothair. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le carráistí bialainne, carráistí codlata nó carráistí couchette.

Cinnfidh gnóthais iarnróid líon leordhóthanach áiteanna do rothair agus méid chomhdhéanamh na traenach, cineál na seirbhíse agus an t-éileamh ar iompar rothar á gcur san áireamh. Saineofar an líon leordhóthanach áiteanna do rothair sna pleananna dá dtagraítear i mír 5. Murab ann do na pleananna sin nó más amhlaidh nach gcinntear an líon sin sna pleananna, beidh ceithre áit ar a laghad le haghaidh rothar i gcomhdhéanamh gach traenach.

Chun críocha na chéad fomhíre, féadfaidh na Ballstáit líon níos airde ná ceithre cinn a shocrú mar an líon íosta leordhóthanach le haghaidh cineálacha áirithe seirbhísí, sa chás sin beidh feidhm ag an líon sin de rogha ar an líon a shainaithnítear i gcomhréir leis an dara fomhír.

5.   Féadfaidh gnóthais iarnróid pleananna a bhunú agus a choimeád cothrom le dáta maidir le conas iompar rothar a mhéadú agus a fheabhsú, agus maidir le réitigh eile lena spreagtar iarnróid agus rothair a úsáid i dteannta a chéile.

Féadfaidh na húdaráis inniúla, mar a shainmhínítear iad i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), na pleananna sin le haghaidh seirbhísí a sholáthraítear faoi chonarthaí seirbhíse poiblí a bhunú. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbunóidh na húdaráis inniúla sin nó na gnóthais iarnróid a oibríonn ar a gcríoch na pleananna sin.

6.   Bunófar na pleananna dá dtagraítear i mír 5 tar éis dul i gcomhairle leis an bpobal agus leis na heagraíochtaí ionadaíocha ábhartha. Foilseofar na pleananna sin ar shuíomh gréasáin an ghnóthais iarnróid nó an údaráis inniúil, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 7

Tarscaoileadh agus leagan síos teorainneacha a eisiamh

1.   Ní fhéadfar na hoibleagáidí i leith paisinéirí de bhun an Rialacháin seo a theorannú ná a tharscaoileadh, go sonrach trí mhaolú nó clásal sriantach sa chonradh iompair. Aon choinníollacha conarthacha a airbheartaíonn, go díreach nó go hindíreach, na cearta a eascraíonn ón Rialachán seo a tharscaoileadh, maolú uathu, nó srian a chur leo, ní bheidh siad ina gceangal ar an bpaisinéir.

2.   Féadfaidh gnóthais iarnróid, tionscnóirí turas nó díoltóirí ticéad coinníollacha conarthacha a thairiscint atá níos fabhraí don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 8

An oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir le scor de sheirbhísí

Poibleoidh na gnóthais iarnróid nó, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis inniúla atá freagrach as conradh seirbhísí poiblí iarnróid, ar na dóigheanna is iomchuí, lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir le forálacha Threoir (AE) 2019/882 agus Rialacháin (AE) Uimh. 454/2011 agus (AE) Uimh. 1300/2014, cinntí maidir le scor seirbhísí, bíodh sé buan nó sealadach, agus déanfar é sin roimh chur chun feidhme na gcinntí sin.

Airteagal 9

Faisnéis taistil

1.   Gnóthais iarnróid, tionscnóirí turas agus díoltóirí ticéad a thairgeann conarthaí iompair thar ceann gnóthas iarnróid amháin nó níos mó, soláthróidh siad don phaisinéir, arna iarraidh sin, ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid I, maidir leis na turais a bhfuil an gnóthas iarnróid lena mbaineann ag tairiscint conarthaí iompair ina leith.

2.   I rith an turais, déanfaidh gnóthais iarnróid agus, i gcás inar féidir, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas, ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid II a sholáthar don phaisinéir. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ag bainisteoir stáisiúin, soláthróidh sé nó sí an fhaisnéis do na paisinéirí freisin.

3.   Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 san fhormáid is iomchuí, i gcás inar féidir, bunaithe ar fhaisnéis taistil fíor-ama, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí cumarsáide iomchuí. Tabharfar aird ar leith ar a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis sin inrochtana i gcomhréir le forálacha Threoir (AE) 2019/882 agus Rialacháin (AE) Uimh. 454/2011 agus Uimh. 1300/2014.

Airteagal 10

Rochtain ar fhaisnéis taistil agus tráchta

1.   Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair sonraí fíor-ama maidir le teacht agus imeacht na dtraenacha a dháileadh ar ghnóthais iarnróid, ar dhíoltóirí ticéad, ar thionscnóirí turas agus ar bhainisteoirí stáisiúin.

2.   Déanfaidh gnóthais iarnróid rochtain ar an bhfaisnéis íosta taistil a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Codanna I agus II, agus ar na hoibríochtaí ar na córais áirithinte dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, Cuid III, a thabhairt do ghnóthais iarnróid eile, do dhíoltóirí ticéad agus do thionscnóirí turas a dhíolann a gcuid seirbhísí.

3.   Dáilfear faisnéis agus deonófar rochtain uirthi ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus gan moill mhíchuí. Beidh iarraidh aonuaire leordhóthanach chun rochtain leanúnach a bheith ar fhaisnéis. Féadfaidh an bainisteoir bonneagair agus an gnóthas iarnróid ar a bhfuil sé d’oibleagáid faisnéis a chur ar fáil i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2, a iarraidh go ndéanfaí conradh nó socrú eile, ar ar a bhonn a dháilfí faisnéis nó a thabharfaí rochtain, a thabhairt i gcrích.

Le téarmaí agus coinníollacha aon chonartha nó socraithe le haghaidh úsáid na faisnéise, ní chuirfear srian gan ghá le féidearthachtaí chun í a athúsáid ná ní úsáidfear iad chun iomaíocht a shrianadh.

Féadfaidh gnóthais iarnróid cúiteamh airgeadais cothrom, réasúnach comhréireach a éileamh ar ghnóthais iarnróid, thionscnóirí turas agus ar dhíoltóirí ticéad eile as na costais arna dtabhú agus an rochtain á soláthar acu, agus féadfaidh bainisteoirí bonneagair cúiteamh a éileamh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme.

4.   Dáilfear faisnéis agus cuirfear rochtain uirthi ar fáil trí mhodhanna teicniúla iomchuí, amhail comhéadain ríomhchláraithe feidhmchláir.

5.   Sa mhéid go ndéantar an fhaisnéis a chumhdaítear le míreanna 1 nó 2 den Airteagal seo a sholáthar i gcomhréir le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, go háirithe Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún (14), measfar go bhfuil na hoibleagáidí comhfhreagracha faoin Airteagal seo comhlíonta.

Airteagal 11

Ticéid agus áirithintí a bheith ar fáil

1.   Tairgfidh gnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas ticéid agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, tréthicéid agus áirithintí.

2.   Gan dochar do mhíreanna 3 agus 4, díolfaidh na gnóthais iarnróid, go díreach nó trí dhíoltóirí ticéad nó tionscnóirí turas, ticéid le paisinéirí trí cheann amháin ar a laghad de na modhanna díolacháin seo a leanas:

(a)

oifigí ticéad, díolphointí eile nó meaisíní ticéadaithe;

(b)

teileafón, an t-idirlíon nó aon teicneolaíocht faisnéise eile atá ar fáil go forleathan;

(c)

ar bord traenacha.

Maidir leis na húdaráis inniúla, mar a shainmhínítear iad i bpointe (b) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007, féadfaidh siad ceangal a chur ar ghnóthais iarnróid ticéid i gcomhair seirbhísí a sholáthraítear faoi chonarthaí seirbhíse poiblí a sholáthar trí bhíthin níos mó ná modh díolacháin amháin.

3.   I gcás nach mbeidh oifig ticéad nó meaisín ticéadaithe sa stáisiún imeachta, cuirfear in iúl do na paisinéirí ag an stáisiún:

(a)

an fhéidearthacht ticéid a cheannach ar an teileafón nó ar an idirlíon nó ar an traein, mar aon leis an nós imeachta do cheannach den sórt sin;

(b)

an stáisiún iarnróid nó an áit is cóngaraí a mbeidh fáil ar oifigí ticéad nó meaisíní ticéadaithe.

4.   I gcás nach mbeidh oifig ticéad ná meaisín ticéadaithe inrochtana sa stáisiún imeachta, agus nach mbeidh aon mhodhanna inrochtana eile chun ticéid a cheannach roimh ré, ceadófar do dhaoine faoi mhíchumas ticéid a cheannach ar bhord na traenach gan costas breise. Féadfaidh gnóthais iarnróid an ceart sin a theorannú nó é a dhiúltú ar fhorais a bhfuil údar maith leo a bhaineann le slándáil nó le háirithint traenach éigeantach.

I gcás nach mbeidh aon fhoireann ar bord na traenach, cuirfidh an gnóthas iarnróid comhairle ar na daoine faoi mhíchumas faoi cé acu ar cheart nó nár cheart dóibh an ticéad a cheannach agus an dóigh leis sin a dhéanamh.

Féadfaidh na Ballstáit a cheadú do ghnóthais iarnróid a cheangal go n-aithneofar daoine faoi mhíchumas mar dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir le dlí náisiúnta agus cleachtais náisiúnta ábhartha thír a gcónaithe.

Féadfaidh na Ballstáit an ceart dá dtagraítear sa chéad fhomhír a leathnú chuig na paisinéirí uile. I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit an rogha sin i bhfeidhm, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Foilseoidh an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid an fhaisnéis ar a suíomh gréasáin maidir le cur chun feidhme Rialacháin (AE) Uimh. 454/2011 agus Uimh. 1300/2014.

Airteagal 12

Tréthicéid

1.   I gcás inar gnóthas iarnróid aonair a oibríonn seirbhísí iarnróid fad-achair nó seirbhísí iarnróid réigiúnacha do phaisinéirí, tairgfidh an gnóthas sin tréthicéad i gcomhair na seirbhísí sin. I gcás seirbhísí iarnróid eile do phaisinéirí, déanfaidh gnóthais iarnróid gach iarracht réasúnach tréthicéid a thairiscint agus comhoibreoidh siad eatarthu féin chun na críche sin.

Chun críche na chéad fhomhíre, áireofar leis an téarma “gnóthas iarnróid aonair” na gnóthais iarnróid uile atá faoi úinéireacht iomlán an úinéara chéanna nó atá ina bhfoghnóthais faoi úinéireacht iomlán de chuid ceann de na gnóthais iarnróid lena mbaineann.

2.   Maidir le turais ina bhfuil nasc amháin nó níos mó, cuirfear an paisinéir ar an eolas sula gceannaíonn sé nó sí ticéad nó ticéid más tréthicéad atá sa ticéad nó sna ticéid sin.

3.   Maidir le turais ina bhfuil nasc amháin nó níos mó, is tréthicéad a bheidh i gceist le ticéad nó ticéid, a cheannófar in aon idirbheart tráchtála amháin ó ghnóthas iarnróid, agus beidh an gnóthas iarnróid faoi dhliteanas i gcomhréir le hAirteagail 18, 19 agus 20 má chailleann an paisinéir nasc amháin nó níos mó.

4.   I gcás ina gceannófar ticéad nó ticéid in aon idirbheart tráchtála amháin agus go mbeidh na ticéid curtha le chéile ag an díoltóir ticéad nó ag an tionscnóir turas ar a thionscnamh féin, beidh an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas a dhíol an ticéad nó na ticéid faoi dhliteanas an méid a íocadh ar an ticéad nó ar na ticéid don idirbheart sin a aisíoc agus, thairis sin, cúiteamh is ionann le 75% den mhéid sin a íoc i gcás ina gcaillfidh an paisinéir nasc amháin nó níos mó.

Ní dochar an ceart chun aisíocaíochta nó chun cúitimh dá dtagraítear sa chead fhomhír don dlí náisiúnta is infheidhme lena ndeonaítear cúiteamh breise do phaisinéirí i leith damáiste.

5.   Ní bheidh feidhm ag na dliteanais a leagtar amach i míreanna 3 agus 4 má luaitear é ar na ticéid, nó ar dhoiciméad eile nó go leictreonach sa chaoi go bhféadfaidh an paisinéir an fhaisnéis a atáirgeadh le haghaidh tagairt amach anseo, gur conarthaí iompair ar leithligh iad na ticéid, agus gur cuireadh an méid sin in iúl don phaisinéir sular ceannaíodh an ticéad.

6.   Is ar an ngnóthas iarnróid, an tionscnóir turas nó an díoltóir ticéad a dhíol an ticéad nó na ticéid a bheidh an dualgas a chruthú gur soláthraíodh an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo.

7.   Beidh na díoltóirí ticéad nó na tionscnóirí turas freagrach as iarrataí agus gearáin fhéideartha ón bpaisinéir a láimhseáil faoi mhír 4. Íocfar an aisíocaíocht agus an cúiteamh dá dtagraítear i mír 4 laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh a fháil.

CAIBIDIL III

DLITEANAS GNÓTHAS IARNRÓID I LEITH PAISINÉIRÍ AGUS A GCUID BAGÁISTE

Airteagal 13

Dliteanas i leith paisinéirí agus a gcuid bagáiste

Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, agus gan dochar don dlí náisiúnta is infheidhme lena ndeonaítear do phaisinéirí tuilleadh cúitimh i leith damáistí, beidh dliteanas gnóthas iarnróid i leith paisinéirí agus a gcuid bagáiste faoi rialú ag Caibidlí I, III agus IV de Theideal IV, ag Teideal VI agus ag Teideal VII d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 14

Árachas agus cumhdach dliteanais

Beidh árachas leordhóthanach ag gnóthas iarnróid nó beidh ráthaíochtaí leordhóthanacha aige faoi dhálaí an mhargaidh chun a chuid dliteanas a chumhdach, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir 2012/34/AE.

Airteagal 15

Réamhíocaíochtaí

1.   Má mharaítear nó má ghortaítear paisinéir, déanfaidh an gnóthas iarnróid mar a thagraítear dó in Airteagal 26(5) d’Iarscríbhinn I gan mhoill, agus ar aon chuma tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis céannacht an duine nádúrtha atá i dteideal cúitimh a shuíomh, na réamhíocaíochtaí sin is gá chun freastal ar riachtanais eacnamaíocha láithreacha ar bhonn comhréireach leis an damáiste a fulaingíodh.

2.   Gan dochar do mhír 1, ní lú ná EUR 21 000 in aghaidh an phaisinéara réamhíocaíocht i gcás báis.

3.   Ní chiallóidh réamhíocaíocht go n-aithnítear dliteanas agus féadfar í a fhritháireamh in aghaidh aon suimeanna a íocfar ina dhiaidh sin ar bhonn an Rialacháin seo ach ní bheidh sí in-aischurtha ach amháin i gcás ina ndearnadh an damáiste de dheasca faillí nó locht de chuid an phaisinéara nó murab é an duine a fuair an réamhíocaíocht an duine a bhí i dteideal cúitimh.

Airteagal 16

Dliteanas a chonspóid

Fiú amháin má chonspóideann an gnóthas iarnróid a fhreagracht as díobháil choirp a tharlaíonn do phaisinéir atá ar iompar aige, déanfaidh sé gach dícheall réasúnach cúnamh a thabhairt don phaisinéir agus cúiteamh i leith damáiste á éileamh aige nó aici ó thríú páirtithe.

CAIBIDIL IV

MOILLEANNA, NAISC A CHAILLEADH AGUS CEALUITHE

Airteagal 17

Dliteanas i leith moilleanna, naisc a cailleadh agus cealuithe

Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, beidh dliteanas gnóthas iarnróid i leith moilleanna, naisc a cailleadh agus cealuithe faoi rialú ag Caibidil II de Theideal IV d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 18

Aisíocaíocht agus athródú

1.   I gcás ina bhféadfar a bheith ag súil go réasúnach, tráth an imeachta nó i gcás nasc a cailleadh nó cealaithe, go rachaidh an mhoill ar shroicheadh an chinn scríbe deiridh faoin gconradh iompair thar 60 nóiméad nó níos mó, tairgfidh an gnóthas iarnróid atá ag oibriú na seirbhíse a bhfuil moill uirthi nó atá curtha ar ceal an rogha don phaisinéir láithreach idir ceann amháin de na roghanna seo a leanas agus déanfaidh sé na socruithe is gá, arb iad:

(a)

aisíocaíocht chostas iomlán an ticéid, ar na coinníollacha céanna ar ceannaíodh é, don chuid nó do na codanna de thuras an phaisinéara nach ndearnadh agus don chuid nó do na codanna a rinneadh cheana mura bhfónann an turas a thuilleadh do phlean taistil tosaigh an phaisinéara, maille le seirbhís fillte, nuair is ábhartha, chuig an gcéad áit imeachta a luaithe is féidir;

(b)

leanúint nó athródú, ar choinníollacha iompair inchomparáide, chuig an gceann scríbe deiridh a luaithe is féidir;

(c)

leanúint nó athródú, ar choinníollacha iompair inchomparáide, chuig an gceann scríbe deiridh ar dháta níos déanaí de réir mar is áisiúil don phaisinéir.

2.   Más rud é, chun críoch phointí (b) agus (c) de mhír 1, inarb é an gnóthas iarnróid céanna a bheidh ag oibriú athródú inchomparáide nó ina gcoimisiúnaítear gnóthas eile an t-athródú a dhéanamh, ní bheidh costais bhreise ar an bpaisinéir. Tá feidhm ag an gceanglas seo freisin nuair a bhíonn úsáid iompair de ghrád seirbhíse níos airde agus modhanna malartacha iompair i gceist leis an athródú. Déanfaidh gnóthais iarnróid iarracht réasúnta naisc bhreise a sheachaint, sa chaoi go mbeidh an mhoill ar an am taistil iomlán chomh gearr agus is féidir. Ní dhéanfar paisinéirí a íosghrádú chuig saoráidí iompair de ghrád níos ísle ach amháin más saoráidí den sórt sin an t-aon mhodh amháin don athródú atá ar fáil.

3.   Gan dochar do mhír 2, féadfaidh an gnóthas iarnróid ligean don phaisinéir, arna iarraidh sin dó nó di, an conradh a thabhairt i gcrích le soláthraithe eile seirbhísí iompair lena gcuirfear ar chumas an phaisinéara an ceann scríbe deiridh a bhaint amach faoi choinníollacha inchomparáide, sa chás sin aisíocfaidh an gnóthas iarnróid leis an bpaisinéir na costais a thabhóidh sé nó sí.

I gcás nach gcuirfear na roghanna athródaithe atá ar fáil in iúl don phaisinéir laistigh de 100 nóiméad ó am imeachta sceidealaithe na seirbhíse ar a bhfuil moill nó a cuireadh ar ceal nó an naisc a cailleadh, beidh an paisinéir i dteideal conradh den sórt sin a thabhairt i gcrích le soláthraithe eile seirbhísí iompair phoiblí d’iarnród, de chóiste nó de bhus. Aisíocfaidh an gnóthas iarnróid leis an paisinéir pé costais a thabhóidh sé nó sí ar costais iad is gá, is iomchuí agus is réasúnta.

Ní dhéanfaidh an mhír seo difear do dhlíthe, do rialacháin nó d’fhorálacha riaracháin náisiúnta a dheonaíonn coinníollacha athródaithe níos fabhraí do phaisinéirí.

4.   Agus seirbhís mhalartach á cur ar fáil acu, déanfaidh soláthraithe seirbhísí athródaithe iompair leibhéal inchomparáide cúnaimh agus inrochtaineachta a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Féadfaidh soláthraithe seirbhísí athródaithe iompair seirbhísí malartacha a oireann dá gcuid riachtanas a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus atá éagsúil ó na cinn a thairgtear do phaisinéirí eile.

5.   Íocfar na haisíocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de míreanna 1 agus 3 laistigh de 30 lá tar éis an iarraidh sin a fháil. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar ghnóthais iarnróid glacadh leis na hiarrataí sin trí mhodhanna áirithe cumarsáide, ar choinníoll nach gcruthaíonn an iarraidh éifeachtaí idirdhealaitheacha. Féadfaidh an aisíocaíocht bheith i bhfoirm dearbhán a sheachadadh agus/nó seirbhísí eile a chur ar fáil ar choinníoll go bhfuil téarmaí na ndearbhán agus/nó na seirbhísí sin sách solúbtha, go háirithe maidir leis an tréimhse bhailíochta agus leis an gceann scríbe, agus go gcomhaontaíonn an paisinéir glacadh leis na dearbháin agus/nó na seirbhísí sin. Ní asbhainfear den aisíocaíocht ar phraghas an ticéid costais idirbheart airgid amhail táillí, costais teileafóin nó stampaí.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear foirm choiteann le haghaidh iarrataí faoin Rialachán seo faoin 7 Meitheamh 2023. Déanfar an fhoirm choiteann sin a bhunú i bhformáid atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 38(2).

7.   Beidh de cheart ag paisinéirí a n-iarrataí a chur isteach ag baint úsáid as an bhfoirm choiteann dá dtagraítear i mír 6. Ní dhiúltóidh gnóthais iarnróid d’iarraidh ar aisíocaíocht ar an bhforas sin amháin nár bhain an paisinéir úsáid as an bhfoirm sin. Mura mbeidh an iarraidh beacht a dóthain, iarrfaidh an gnóthas iarnróid ar an bpaisinéir an iarraidh a shoiléiriú agus cuideoidh sé leis an bpaisinéir é sin a dhéanamh.

Airteagal 19

Cúiteamh

1.   Gan an ceart chun iompair a chailliúint, beidh paisinéir i dteideal cúiteamh a fháil ar mhoilleanna ón ngnóthas iarnróid má bhíonn moill roimhe nó roimpi idir an áit imeachta agus an ceann scríbe deiridh a luaitear ar an ticéad nó tréthicéad nach ndearnadh an costas air a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 18. Beidh íosmhéideanna an chúitimh i leith moilleanna coibhéiseach leis an méid seo a leanas:

(a)

25 % de phraghas an ticéid le haghaidh moille nach lú ná 60 nóiméad agus nach mó ná 119 nóiméad,

(b)

50 % de phraghas an ticéid le haghaidh moille de 120 nóiméad nó níos mó.

2.   Beidh feidhm ag mír 1, freisin, maidir le paisinéirí a bhfuil pas taistil nó ticéad séasúir acu. Má chuirtear moill ar na paisinéirí sin nó má bhaineann cealú dóibh arís is arís eile le linn thréimhse bhailíochta an phas taistil nó an ticéid séasúir, beidh siad i dteideal cúiteamh iomchuí i gcomhréir le socruithe cúitimh an ghnóthais iarnróid. Sonrófar sna socruithe sin na critéir lena gcinnfear moill agus lena ríomhfar an cúiteamh. I gcás ina mbeidh moill is lú ná 60 nóiméad ann arís is arís eile le linn thréimhse bhailíochta an phas taistil nó an ticéid séasúir, féadfar na moilleanna a áireamh go carnach agus féadfar paisinéirí a chúiteamh i gcomhréir le socruithe cúitimh an ghnóthais iarnróid.

3.   Gan dochar do mhír 2, ríomhfar cúiteamh ar mhoill i dtaca leis an bpraghas iomlán a d’íoc an paisinéir go hiarbhír as an tseirbhís ar cuireadh moill uirthi. I gcás ina mbainfidh an conradh iompair le turas fillte, déanfar cúiteamh i leith moille don turas amach nó don turas ar ais a ríomh ar bhonn an phraghais a léirítear ar an ticéad don chuid sin den turas. I gcás nach léirítear praghas chodanna aonair an turais, ríomhfar an cúiteamh ar bhonn leath an phraghais a íocadh ar an ticéad. Ar an gcaoi chéanna, déanfar an cúiteamh i leith seirbhís a cuireadh ar fáil ar cuireadh moill uirthi faoi chonradh iompair d’aon chineál eile faoina dtugtar de theideal don phaisinéir dhá chéim nó níos mó den turas a dhéanamh ina dhiaidh sin a ríomh i gcomhréir leis an bpraghas iomlán.

4.   Ní chuirfear san áireamh i ríomh na tréimhse moille aon mhoill is féidir leis an ngnóthas iarnróid a léiriú a tharla lasmuigh den Aontas.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear foirm choiteann le haghaidh iarrataí ar chúiteamh faoin Rialachán seo faoin 7 Meitheamh 2023. Déanfar an fhoirm choiteann sin a bhunú i bhformáid atá inrochtana ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 38(2).

6.   Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar ghnóthais iarnróid glacadh leis na hiarrataí ar chúiteamh trí mhodhanna sonracha cumarsáide, ar choinníoll nach gcruthaíonn an iarraidh éifeachtaí idirdhealaitheacha. Beidh de cheart ag na paisinéirí a n-iarrataí a chur isteach ag baint úsáid as an bhfoirm dá dtagraítear i mír 5. Ní dhiúltóidh gnóthais iarnróid iarraidh ar chúiteamh ar an bhforas amháin nár bhain an paisinéir úsáid as an bhfoirm sin. Mura mbeidh an iarraidh beacht a dóthain, iarrfaidh an gnóthas iarnróid ar an bpaisinéir an iarraidh a shoiléiriú agus cuideoidh sé leis an bpaisinéir déanamh amhlaidh.

7.   Íocfar an cúiteamh i leith phraghas an ticéid laistigh de mhí amháin tar éis chur faoi bhráid na hiarrata ar chúiteamh. Féadfar an cúiteamh a íoc i bhfoirm dearbhán agus/nó seirbhísí eile má bhíonn na téarmaí solúbtha, go háirithe maidir leis an tréimhse bailíochta agus leis an gceann scríbe. Íocfar an cúiteamh in airgead arna iarraidh sin ag an bpaisinéir.

8.   Ní asbhainfear den chúiteamh i leith phraghas an ticéid costais idirbheart airgid amhail táillí, costais teileafóin ná stampaí. Féadfaidh gnóthais iarnróid íostairseach a chinneadh nach n-íocfar íocaíochtaí cúitimh faoina bhun. Ní rachaidh an tairseach sin thar EUR 4 in aghaidh an ticéid.

9.   Ní bheidh aon cheart chun cúitimh ag paisinéirí má thugtar fógra dóibh sula gceannóidh siad ticéad go mbeidh moill ann, nó más lú ná 60 nóiméad an mhoill a tháinig as leanúint ar aghaidh ar sheirbhís eile nó as athródú.

10.   Ní bheidh sé d’oibleagáid ar ghnóthas iarnróid cúiteamh a íoc más féidir leis a chruthú gur ceann díobh seo a leanas ba chúis leis an moill, an nasc a cailleadh nó an cealú, nó gur bhain sé go díreach leis an méid seo:

(a)

imthosca urghnácha nach raibh baint acu le hoibriú an iarnróid, amhail dálaí adhaimsire, mórthubaistí nádúrtha nó mór-ghéarchéimeanna sláinte poiblí, nárbh fhéidir leis an ngnóthas iarnróid a sheachaint agus nach raibh sé in ann a n-iarmhairtí a chosc, d’ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis;

(b)

locht ar an bpaisinéir; nó

(c)

iompraíocht tríú páirtí nárbh fhéidir leis an ngnóthas iarnróid a sheachaint agus nach raibh sé in ann a hiarmhairtí a chosc, amhail daoine ar na ráillí, gadaíocht cáblaí, éigeandálaí ar bord, gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí, sabaitéireacht nó sceimhlitheoireacht, d’ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis.

Ní chumhdaítear stailceanna phearsanra an ghnóthais iarnróid, gníomhartha nó neamhghníomhartha gnóthais eile a úsáideann an bonneagar céanna iarnróid agus gníomhartha nó neamhghníomhartha na mbainisteoirí bonneagair agus na mbainisteoirí stáisiúin leis an díolúine dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír.

Airteagal 20

Cúnamh

1.   I gcás moill ar theacht nó ar imeacht, nó cealú seirbhíse, coinneoidh an gnóthas iarnróid nó an bainisteoir stáisiúin na paisinéirí ar an eolas maidir leis an staid agus maidir le ham teachta measta agus le ham imeachta measta na seirbhíse nó na seirbhíse ionadúcháin a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil. I gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin ag díoltóirí ticéad agus ag tionscnóirí turas, soláthróidh siad í don phaisinéir freisin.

2.   I gcás inarb ionann an mhoill dá dtagraítear i mír 1, arb ionann í agus 60 nóiméad nó níos mó, nó i gcás ina gcealaítear an tseirbhís, déanfaidh an gnóthas iarnróid atá ag oibriú na seirbhíse a bhfuil moill uirthi nó a cuireadh ar ceal na nithe seo a leanas a thairiscint do na paisinéirí, saor in aisce:

(a)

béilí agus deochanna ar comhréir réasúnta leis an tréimhse fanachta, má bhíonn siad ar fáil ar an traein nó sa stáisiún, nó más féidir iad a sholáthar go réasúnta, ag cur san áireamh critéir amhail an fad ón soláthróir, an t-am is gá don seachadadh agus an costas;

(b)

cóiríocht óstáin nó eile, agus iompar idir an stáisiún iarnróid agus áit na cóiríochta, i gcásanna inar gá fanacht oíche amháin nó níos mó nó fanacht breise, in áit ina bhfuil sin indéanta go fisiciúil agus nuair atá sin indéanta go fisiciúil. I gcásanna ina mbeidh gá le fanacht den sórt sin i ngeall ar na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 19(10), féadfaidh an gnóthas iarnróid fad na cóiríochta a theorannú go trí oíche ar a mhéad. Cuirfear san áireamh riachtanais rochtana daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus madraí cuidithe, nuair is indéanta.

(c)

i gcás go mbeidh an traein blocáilte ar an iarnród, iompar ón traein go dtí an stáisiún iarnróid, go dtí an pointe imeachta malartach nó go dtí ceann scríbe deiridh na seirbhíse, in áit ina bhfuil sin indéanta go fisiciúil agus nuair atá sin indéanta go fisiciúil.

3.   Má bhíonn briseadh sa tseirbhís iarnróid agus mura bhfuiltear in ann leanúint leis an tseirbhís iarnróid a thuilleadh nó laistigh de thréimhse réasúnta, soláthróidh na gnóthais iarnróid seirbhísí iompair malartacha do na paisinéirí a luaithe is féidir agus déanfaidh siad na socruithe is gá.

4.   Cuirfidh gnóthais iarnróid paisinéirí a ndéanfar difear dóibh ar an eolas conas deimhniú a iarraidh go raibh moill ar an tseirbhís iarnróid, gur cailleadh nasc dá deasca nó gur cealaíodh í. Beidh feidhm ag an deimhniú sin freisin maidir leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 19.

5.   Agus míreanna 1 go 4 á gcur i bhfeidhm aige, tabharfaidh an gnóthas iarnróid a oibríonn an tseirbhís aird ar leith ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, chomh maith le riachtanais aon duine a bheidh á dtionlacan agus madraí cuidithe.

6.   I gcás ina mbunaítear pleananna teagmhais de bhun Airteagal 13a(3) de Threoir 2012/34/AE, comhordóidh na gnóthais iarnróid leis an mbainisteoir stáisiúin agus leis an mbainisteoir bonneagair chun iad a ullmhú le haghaidh na féidearthachta go mbeadh mórbhriseadh seirbhíse agus moilleanna fada ann a d’fhágfadh go mbeadh líon mór paisinéirí sáinnithe sa stáisiún. Áireofar sna pleananna teagmhais sin freisin ceanglais maidir le hinrochtaineacht córas rabhaidh agus córas faisnéise.

CAIBIDIL V

DAOINE FAOI MHÍCHUMAS AGUS DAOINE A BHFUIL A SOGHLUAISTEACHT LAGHDAITHE

Airteagal 21

An ceart chun iompair

1.   Bunóidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin, le rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí ionadaíocha agus, i gcás inarb iomchuí, ionadaithe do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, rialacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana chun daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear a gcúntóirí pearsanta, a aithnítear mar sin i gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta, agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, a iompar nó beidh rialacha den sórt sin i bhfeidhm acu. Cuirfear san áireamh sna rialacha sin na comhaontuithe dá dtagraítear i bpointe 4.4.3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an eintiteas a bheidh freagrach as an gcúnamh a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

2.   Tairgfear áirithintí agus ticéid, gan costas breise, do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Ní fhéadfaidh gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas diúltú áirithint a ghlacadh ó dhuine faoi mhíchumas nó ó dhuine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe ná diúltú ticéad a eisiúint chuige nó ní fhéadfaidh gnóthas iarnróid a éileamh go dtionlacfadh duine eile an duine sin mura mbeidh dianghá leis sin chun na rialacha rochtana dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh.

Airteagal 22

Faisnéis le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

1.   Arna iarraidh sin, déanfaidh bainisteoir stáisiúin, gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas faisnéis a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir le forálacha Rialacháin (AE) Uimh. 454/2011 agus Uimh. 1300/2014 agus Threoir (AE) 2019/882, maidir le hinrochtaineacht an stáisiúin agus na saoráidí gaolmhara, agus seirbhísí iarnróid, agus maidir le coinníollacha rochtana an rothstoic i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 21(1) agus déanfaidh sé daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur ar an eolas faoi na saoráidí a bheidh ar bord.

2.   I gcás ina mbainfidh gnóthas iarnróid, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas úsáid as an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 21(2), nuair a iarrfar é, cuirfidh sé faisnéis i scríbhinn maidir leis na cúiseanna leis sin chuig an duine faoi mhíchumas nó chuig an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe laistigh de chúig lá oibre ón dáta a dhiúltaigh sé glacadh leis an áirithint nó an ticéad a eisiúint nó a d’fhorchuir sé an coinníoll go ndéanfaí an duine a thionlacan. Déanfaidh an gnóthas iarnróid, an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas iarracht réasúnta cóir inghlactha iompair mhalartach a thairiscint don duine i gceist ag cur san áireamh a riachtanais inrochtaineachta.

3.   I stáisiúin nach mbeidh foireann ag obair iontu, áiritheoidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin go mbeidh faisnéis, a mbeidh teacht uirthi go furasta, lena n-áirítear faisnéis i bhformáidí inrochtana i gcomhréir le forálacha Rialacháin (AE) Uimh. 454/2011, Uimh. 1300/2014 agus Threoir (AE) 2019/882, a mbeidh teacht uirthi go furasta, agus go háirithe go mbeidh sí ar taispeáint i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 21(1) maidir leis na stáisiúin iarnróid is cóngaraí a mbeidh foireann ag obair iontu agus go mbeidh faisnéis, a mbeidh teacht uirthi go furasta, ar fáil faoin gcúnamh atá ar fáil go díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Airteagal 23

Cúnamh ag stáisiúin iarnróid agus ar bord

1.   Beidh an cúnamh seo a leanas ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

(a)

féadfaidh an cúntóir pearsanta, a aithnítear amhlaidh i gcomhréir leis na cleachtais náisiúnta, taisteal le taraif speisialta agus, más infheidhme, saor in aisce agus suí, más infheidhme, in aice leis an duine faoi mhíchumas;

(b)

i gcás ina n-éileoidh gnóthas iarnróid go dtionlacfadh duine eile paisinéir ar bord na traenach i gcomhréir le hAirteagal 21(2), beidh an duine tionlacain i dteideal taisteal saor in aisce agus suí, más indéanta, taobh leis an duine faoi mhíchumas nó taobh leis an duine a bhfuil a shoghluaisteacht nó a soghluaisteacht laghdaithe;

(c)

ceadófar do mhadra cuidithe a bheith ina gcuideachta i gcomhréir le haon dlí ábhartha náisiúnta;

(d)

i gcás traenacha gan foireann, soláthróidh bainisteoirí stáisiúin nó gnóthais iarnróid cúnamh saor in aisce, i gcomhréir leis na rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 21(1), le linn bordáil agus tuirlingt de thraein nuair a bheidh foireann oilte ar dualgas ag an stáisiún;

(e)

tráth imeacht as stáisiún iarnróid a bhfuil foireann ag obair ann, idirthuras a dhéanamh tríd nó ssé a shroicheadh, soláthróidh an bainisteoir stáisiúin nó an gnóthas iarnróid cúnamh saor in aisce ionas go bhféadfaidh an duine sin dul ar bord na traenach, aistriú go nascsheirbhís iarnróid dá bhfuil ticéad ag an duine sin, nó tuirlingt den traein, ar an gcoinníoll go bhfuil foireann oilte ar dualgas; I gcás ina mbeidh fógra tugtha roimh ré maidir leis an ngá le cúnamh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 24, áiritheoidh an bainisteoir stáisiúin nó an gnóthas iarnróid go soláthrófar an cúnamh sin mar a iarrtar é;

(f)

ar imeacht ó, taistil trí nó teacht ag stáisiúin nach bhfuil foireann iontu, tabharfaidh gnóthais iarnróid cúnamh saor in aisce ar bord traenach agus le linn bordáil agus tuirlingt ó thraein má tá foireann oilte ar an traein;

(g)

mura mbeidh foireann tionlacain oilte ar bord traenach agus ag stáisiún, déanfaidh bainisteoirí stáisiúin nó gnóthais iarnróid gach iarracht réasúnta chun go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas nó ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar thaisteal d’iarnród.

(h)

déanfaidh na gnóthais iarnróid gach iarracht réasúnta le go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas nó ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar na seirbhísí céanna ar bord mar atá ag paisinéirí eile, i gcás nach féidir leis na daoine sin rochtain a bheith acu ar na seirbhísí sin go neamhspleách agus go sábháilte.

2.   Bunófar leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 21(1) na socruithe chun na cearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fheidhmiú.

Airteagal 24

Coinníollacha faoina gcuirtear cúnamh ar fáil

Comhoibreoidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas chun cúnamh a sholáthar saor in aisce do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, mar a shonraítear in Airteagail 21 agus 23 lena dtairgtear sásra fógartha aonair, i gcomhréir leis na pointí seo a leanas:

(a)

soláthrófar cúnamh ar choinníoll go dtabharfar fógra don ghnóthas iarnróid, don bhainisteoir stáisiúin, don díoltóir ticéad nó don tionscnóir turas ónar ceannaíodh an ticéad, nó don Phointe Teagmhála Aonair dá dtagraítear i bpointe (f), i gcás inarb infheidhme, go mbeidh an cúnamh sin ag teastáil ón bpaisinéir, ar a laghad 24 uair an chloig sula mbeidh gá leis an gcúnamh. Is leor an t-aon fhógra amháin in aghaidh an turais. Déanfar fógra den sórt sin a chur ar aghaidh chuig na gnóthais iarnróid agus na bainisteoirí stáisiúin uile a bhfuil baint acu leis an turas.

Glacfar leis na fógraí sin gan costais bhreise, gan beann ar an modh cumarsáide atá á úsáid.

I gcás ina gceadaítear ilturais le ticéad nó le ticéad séasúir, is leor fógra amháin ar choinníoll go ndéanfar faisnéis iomchuí a sholáthar faoi am na dturas ina dhiaidh sin, agus i gcás ar bith, ar a laghad 24 uair a chloig, roimh an gcéad uair a mbeidh an cúnamh ag teastáil. Déanfaidh an paisinéir nó a (h)ionadaí gach iarracht réasúnta chun daoine a chur ar an eolas faoi neamhniú aon turais den sórt sin ina dhiaidh sin ar a laghad 12 uair an chloig roimh ré.

Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go ndéanfar an tréimhse 24 uair an chloig le haghaidh fógraí dá dtagraítear i bhfomhíreanna 1, 2 agus 3 a fhadú go 36 uair an chloig, ach ní níos faide ná an 30 Meitheamh 2026. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcead sin agus soláthróidh siad faisnéis faoi na bearta a rinneadh nó atá beartaithe chun an tréimhse a laghdú.

(b)

glacfaidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas gach beart is gá maidir le fógraí a fháil. I gcás nach bhfuil díoltóirí ticéad in ann na fógraí sin a phróiseáil, cuirfidh siad díolphointí malartacha nó modhanna malartacha in iúl chun an fógra a thabhairt;

(c)

mura ndéanfar fógra i gcomhréir le pointe (a), déanfaidh an gnóthas iarnróid agus an bainisteoir stáisiúin gach dícheall réasúnach chun cúnamh a sholáthar ionas go bhféadfaidh an duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe taisteal;

(d)

gan dochar do phointe (f) den Airteagal seo, ainmneoidh an bainisteoir stáisiúin nó aon duine eile a bheidh údaraithe pointí ag a bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur in iúl go bhfuil siad tagtha chuig an stáisiún iarnróid agus cúnamh a iarraidh. Cinnfear na freagrachtaí maidir le hainmniú pointí den sórt sin agus maidir le soláthar faisnéise fúthu sna rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 21(1);

(e)

soláthrófar cúnamh ar choinníoll go gcuirfidh an duine faoi mhíchumas agus an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe é/í féin i láthair ag an bpointe ainmnithe tráth arna shonrú ag an ngnóthas iarnróid nó ag an mbainisteoir stáisiúin a chuirfidh an cúnamh sin ar fáil. Ní bheidh aon am a shonrófar níos mó ná 60 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe nó roimh an am a n-iarrfar ar na paisinéirí go léir seiceáil isteach. Mura sonrófar aon am chun an duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe é/í féin a chur i láthair, cuirfidh an duine é/í féin i láthair ag an bpointe ainmnithe ar a laghad 30 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe nó roimh an am a n-iarrfar ar na paisinéirí go léir seiceáil isteach.

(f)

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar bhainisteoirí stáisiúin agus ar ghnóthais iarnróid atá ar a gcríoch comhoibriú chun na Pointí Teagmhála Aonair do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a bhunú agus a oibriú. Cinnfear téarmaí oibríochta na bPointí Teagmhála Aonair sna rialacha rochtana dá dtagraítear in Airteagal 21(1). Tá na Pointí Teagmhála Aonair sin freagrach as na nithe seo a leanas:

(i)

glacadh le hiarrataí ar chúnamh ag na stáisiúin;

(ii)

iarrataí aonair ar chúnamh a chur in iúl do bhainisteoirí stáisiúin agus do ghnóthais iarnróid; agus

(iii)

faisnéis a sholáthar maidir le hinrochtaineacht.

Airteagal 25

Cúiteamh i leith trealamh soghluaisteachta, feistí cúnta agus madraí cuidithe

1.   I gcás inar cúis iad na gnóthais iarnróid nó na bainisteoirí stáisiúin le cailleadh trealamh soghluaisteachta amhail cathaoireacha rothaí agus feistí cúnta, nó caillteanas nó gortú madraí cuidithe arna n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, nó le damáiste do na nithe sin, beidh na gnóthais faoi dhliteanas i leith an damáiste, an chaillteanais nó an ghortaithe sin agus cuirfidh siad cúiteamh ar fáil gan moill mhíchuí. Is éard a bheidh sa chúiteamh sin:

(a)

an costas a ghabhann le hathsholáthar nó deisiú an trealaimh soghluaisteachta nó na bhfeistí cúnta a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh;

(b)

an costas athsholáthair nó an costas a bhaineann le cóir leighis don ghortú a bhain do mhadra cuidithe a cailleadh nó a gortaíodh; agus

(c)

costais réasúnacha an athsholáthair shealadaigh le haghaidh trealamh soghluaisteachta, feistí cúnta nó madraí cuidithe i gcás nach soláthraíonn an gnóthas iarnróid nó an bainisteoir stáisiúin an t-athsholáthar sin i gcomhréir le mír 2.

2.   I gcás ina mbeidh feidhm ag mír 1, déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin gach iarracht réasúnta go pras chun earraí ionaid a bhfuil gá leo go práinneach a sholáthar go sealadach le haghaidh trealamh soghluaisteachta agus gairis chúnta, i gcás ina bhfuil gá leo láithreach. Ceadófar don duine faoi mhíchumas nó don duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe an trealamh sealadach athsholáthair nó an fheiste shealadach athsholáthair sin a choimeád go dtí go n-íocfar an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 26

Oiliúint foirne

1.   Déanfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin a áirithiú go gcuirfear oiliúint maidir le míchumas ar gach ball foirne, lena n-áirítear baill foirne nua-earcaithe, a sholáthróidh, ina gcuid dualgas rialta, cúnamh díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, chun go mbeidh a fhios acu conas freastal ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Déanfaidh siad oiliúint a chur ar fáil freisin don fhoireann ar fad a oibríonn ag an stáisiún nó ar bord traenacha, agus a dhéileálann go díreach leis na daoine a bhíonn ag taisteal mar aon le cúrsaí oiliúna athnuachana tráthrialta chun feasacht faoi riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a mhéadú i measc an phearsanra uile.

2.   Féadfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin glacadh le rannpháirtíocht fostaithe faoi mhíchumas san oiliúint dá dtagraítear i mír 1, agus féadfaidh siad breithniú a dhéanamh ar rannpháirtíocht paisinéirí faoi mhíchumas agus paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus/nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht dóibh.

CAIBIDIL VI

SLÁNDÁIL, GEARÁIN AGUS CÁILÍOCHT SEIRBHÍSE

Airteagal 27

Slándáil phearsanta paisinéirí

Le comhaontú na n-údarás poiblí, déanfaidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí bonneagair agus bainisteoirí stáisiúin bearta iomchuí ina réimsí freagrachta féin agus déanfaidh siad iad a oiriúnú don leibhéal slándála a shaineoidh na húdaráis phoiblí chun slándáil phearsanta paisinéirí a áirithiú i stáisiúin iarnróid agus ar thraenacha agus chun rioscaí a bhainistiú. Comhoibreoidh siad agus malartóidh siad faisnéis faoi dhea-chleachtais maidir le gníomhartha a chosc ar dóigh dóibh meath a chur ar an leibhéal slándála.

Airteagal 28

Gearáin

1.   Deánfaidh gach gnóthas iarnróid agus gach bainisteoir stáisiúin ar stáisiún a láimhseálann ar an meán níos mó ná 10 000 paisinéir in aghaidh an lae thar thréimhse bliana sásra láimhseála le haghaidh gearán a chur ar bun maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a chumhdaítear sa Rialachán seo ina réimsí freagrachta faoi seach. Cuirfidh siad a sonraí teagmhála agus a dteanga oibre, nó a dteangacha oibre, i bhfios go forleathan do phaisinéirí. Ní bheidh feidhm ag an sásra seo chun críocha Chaibidil III.

2.   Féadfaidh paisinéirí gearán a chur faoi bhráid aon ghnóthas iarnróid nó bainisteoir iarnróid i ndáil lena réimsí freagrachtaí faoi seach trí bhíthin na sásraí dá dtagraítear i mír 1. Cuirfear gearán den sórt sin isteach laistigh de thrí mhí den eachtra is ábhar don ghearán lena mbaineann. Laistigh d’aon mhí amháin tar éis dó gearán a fháil, tabharfaidh an seolaí freagra réasúnaithe nó, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, cuirfidh sé in iúl don phaisinéir go bhfaighidh sé nó sí freagra laistigh de thréimhse nach faide ná trí mhí ón dáta a fuarthas an gearán. Coimeádfaidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin na sonraí is gá chun an gearán a mheas le linn an phróisis láimhseála gearán tríd síos, lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir le gearáin a láimhseáil dá dtagraítear in Airteagail 33 agus 34, agus cuirfidh siad na sonraí sin ar fáil do chomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe arna iarraidh sin.

3.   Beidh rochtain ag an bpobal, lena n-áirítear ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar mhionsonraí an phróisis láimhseála gearán. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, arna iarraidh sin, ar a laghad i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an gnóthas iarnróid ag oibriú.

4.   Foilseoidh an gnóthas iarnróid sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 29(2) líon agus catagóirí na ngearán a fuarthas, agus na ngearán a próiseáladh, an t-am freagartha agus na gníomhaíochtaí féideartha feabhsúcháin a rinneadh.

Airteagal 29

Caighdeáin um cháilíocht seirbhíse

1.   Déanfaidh gnóthais iarnróid caighdeáin um cháilíocht seirbhíse a bhunú agus córas bainistíochta cáilíochta a chur chun feidhme chun cáilíocht na seirbhíse a choinneáil ar bun. Cumhdófar ar a laghad na míreanna a liostaítear in Iarscríbhinn III sna caighdeáin um cháilíocht seirbhíse.

2.   Déanfaidh gnóthais iarnróid faireachán ar an gcaoi a gcruthóidh siad féin, mar a léirítear sna caighdeáin um cháilíocht seirbhíse. Faoin 30 Meitheamh 2023, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, foilseoidh gnóthais iarnróid tuarascáil ar a bhfeidhmíocht cáilíochta seirbhíse ar a suíomh gréasáin. Beidh na tuarascálacha sin le fáil ar shuíomh gréasáin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.

3.   Bunóidh bainisteoirí stáisiúin caighdeáin um cháilíocht seirbhíse bunaithe ar na míreanna ábhartha a liostaítear in Iarscríbhinn III. Déanfaidh siad faireachán ar a bhfeidhmíocht de bhun na gcaighdeán sin agus tabharfaidh siad rochtain ar an bhfaisnéis faoina bhfeidhmíocht do na húdaráis phoiblí náisiúnta, arna iarraidh sin.

CAIBIDIL VII

FAISNÉIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 30

Faisnéis do phaisinéirí faoina gcearta

1.   Agus ticéid le haghaidh turais d’iarnród á ndíol acu, cuirfidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas paisinéirí ar an eolas faoina gcearta agus a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo. Chun an ceanglas sin maidir le faisnéis a chomhlíonadh, féadfaidh siad úsáid a bhaint as achoimre d’fhorálacha an Rialacháin seo a ullmhóidh an Coimisiún i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus a chuirfear ar fáil dóibh. Cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil, i bhformáid pháipéir nó i bhformáid leictreonach nó ar aon bhealach eile, lena n-áirítear fógra i bhformáidí inrochtana i gcomhréir leis na forálacha i dTreoir (AE) 2019/882 agus i Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014. Sonróidh siad áit, i gcás cealú nó i gcás ina gcaillfear nasc nó ina mbeidh moill fhada ann, ar féidir teacht ar an bhfaisnéis sin.

2.   Cuirfidh gnóthais iarnróid agus bainisteoirí stáisiúin paisinéirí ar an eolas ar bhealach iomchuí, lena n-áirítear formáidí inrochtana i gcomhréir leis na forálacha i dTreoir (AE) 2019/882 agus i Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014, ag an stáisiún, ar an traein agus ar a suíomh gréasáin, faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, agus faoi shonraí teagmhála an chomhlachta nó na gcomhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 31.

Airteagal 31

Comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe a ainmniú

1.   Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nó comhlachtaí a bheidh freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo. Glacfaidh gach comhlacht na bearta is gá chun a áirithiú go n-urramaítear cearta na bpaisinéirí.

2.   Beidh gach comhlacht neamhspleách ó thaobh a eagraithe, a chinntí maoinithe, a struchtúir dhlíthiúil agus a chinnteoireachta de ar aon bhainisteoir bonneagair, ar aon chomhlacht muirearaithe nó leithroinnte nó ar aon ghnóthas iarnróid.

3.   Cuirfidh na Ballstáit an comhlacht nó na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo agus a dhualgais nó a ndualgais faoi seach in iúl don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún agus na comhlachtaí atá ainmnithe an fhaisnéis sin ar a suíomhanna gréasáin.

4.   Na hoibleagáidí forfheidhmithe a mhéid a bhaineann le bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, ní bheidh feidhm acu maidir leis an gCipir ná le Málta fad nach mbeidh aon chóras iarnróid bunaithe laistigh dá gcríocha féin faoi seach agus, a mhéid a bhaineann le gnóthais iarnróid, fad nach mbeidh aon ghnóthas iarnród ceadúnaithe ag údarás ceadúnúcháin arna ainmniú ag an gCipir nó ag Málta i gcomhréir le hAirteagal 2(1).

Airteagal 32

Cúraimí forfheidhmithe

1.   Déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe faireachán grinn ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, lena n-áirítear i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 454/2011 agus Uimh. 1300/2014 a mhéid a thagraítear do na Rialacháin sin sa Rialachán seo, agus déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go n-urramófar cearta paisinéirí.

2.   Chun críocha mhír 1, tabharfaidh gnóthais iarnróid, bainisteoirí stáisiúin agus bainisteoirí bonneagair, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas na doiciméid ábhartha agus an fhaisnéis ábhartha na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta arna iarraidh sin dóibh gan mhoill agus, in aon chás, laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil. I gcásanna casta, féadfaidh an comhlacht náisiúnta forfheidhmithe síneadh a chur leis an tréimhse seo ar feadh uastréimhse ná trí mhí tar éis an iarraidh a fháil. Ar chomhlíonadh a bhfeidhmeanna dóibh, cuirfidh na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta san áireamh an fhaisnéis arna cur faoina mbráid ag an gcomhlacht arna ainmniú faoi Airteagal 33 chun gearáin a láimhseáil, más comhlacht eile é sin. Thairis sin, is féidir leo cinneadh a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin bunaithe ar ghearáin aonair arna gcur ar aghaidh ag an gcomhlacht sin.

3.   Gach dhá bhliain, foilseoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe tuarascálacha ina mbeidh staidreamh maidir lena ngníomhaíocht, lena n-áirítear staidreamh maidir leis na pionóis arna gcur i bhfeidhm, faoin 30 Meitheamh den bhliain féilire dar gcionn. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil ar shuíomh gréasáin Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.

4.   Tabharfaidh gnóthais iarnróid a sonraí teagmhála do chomhlacht náisiúnta forfheidhmithe nó do chomhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe na mBallstát ina n-oibríonn siad.

Airteagal 33

Gearáin á láimhseáil ag na húdaráis inniúla agus ag comhlachtaí eile

1.   Gan dochar do chearta na gcustaiméirí sásamh malartach a lorg de bhun Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), tar éis don phaisinéir gearán a dhéanamh, gan sásamh a fháil, leis an ngnóthas iarnróid, nó leis an mbainisteoir stáisiúin de bhun Airteagal 28, féadfaidh an paisinéir gearán a dhéanamh leis an gcomhlacht náisiúnta forfheidhmithe nó aon chomhlacht eile a ainmnítear faoi mhír 2 laistigh de thrí mhí tar éis faisnéis a fháil maidir le diúltú an ghearáin bunaidh. I gcás nach bhfaightear freagra laistigh de thrí mhí ón ngearán a dhéanamh den chéad uair, beidh sé de cheart ag an bpaisinéir gearán a dhéanamh leis an gcomhlacht náisiúnta forfheidhmithe nó le haon chomhlacht eile a ainmnítear faoi mhír 2. I gcás inar gá, cuirfidh an comhlacht sin an gearánaí ar an eolas faoina c(h)eart gearán a dhéanamh le comhlachtaí um réiteach malartach díospóidí chun sásamh aonair a fháil.

2.   Féadfaidh aon phaisinéir gearán faoi shárú líomhnaithe ar an Rialachán seo a dhéanamh leis an gcomhlacht náisiúnta forfheidhmithe, nó le haon chomhlacht eile arna ainmniú ag Ballstát chun na críche sin,.

3.   Admhóidh an comhlacht forfheidhmithe náisiúnta nó aon chomhlacht eile a ainmnítear faoi mhír 2 go bhfuarthas an gearán laistigh de dhá sheachtain den ghearán a bheith faighte aige. Trí mhí, ar a mhéad, a mhairfidh an próiseas láimhseála gearán ón dáta a bhunófar an comhad gearáin. I gcásanna casta, féadfaidh an comhlacht láimhseála gearán sin sé mhí a chur leis an tréimhse sin. I gcás den sórt sin, cuirfidh sé in iúl don phaisinéir na cúiseanna leis an síneadh agus an méid ama a mheastar a bheidh de dhíth chun an nós imeachta a chríochnú. Féadfaidh cásanna a mbaineann imeachtaí dlíthiúla leo, agus na cásanna sin amháin, maireachtáil níos faide ná sé mhí. I gcás inar comhlacht um réiteach malartach díospóide de réir bhrí Threoir 2013/11/AE an comhlacht sin, tabharfar tús áite do na teorainneacha ama a leagtar síos sa Treoir sin.

Beidh an próiseas láimhseála gearán inrochtana ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

4.   Is é an comhlacht forfheidhmithe náisiúnta nó aon chomhlacht eile a ainmnítear faoi mhír 2, a dheonaigh a cheadúnas don ghnóthas i gceist a láimhseálfaidh gearáin paisinéirí faoi aon eachtra a bhaineann leis an ngnóthas iarnróid sin.

5.   I gcás ina mbainfidh gearán le sáruithe a líomhnaítear a rinne bainisteoirí stáisiúin nó bainisteoirí bonneagair, is é an comhlacht forfheidhmithe náisiúnta nó aon chomhlacht eile a ainmnítear faoi mhír 2, a láimhseálfaidh an gearán sa Bhallstát inar tharla an eachtra.

6.   I gcreat an chomhoibrithe de bhun Airteagal 34, féadfaidh na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta maolú ó mhíreanna 4 nó 5 den Airteagal seo, nó ón dá cheann acu, i gcás ar le leas na bpaisinéirí é sin a dhéanamh ar chúiseanna a bhfuil údar leo, go háirithe na cinn sin a bhaineann le teanga nó áit chónaithe.

Airteagal 34

Malartú faisnéise agus comhar trasteorann idir comhlachtaí láimhseála gearán

1.   I gcás ina mbeidh comhlachtaí éagsúla arna n-ainmniú faoi Airteagal 31 agus 33, cuirfear sásraí tuairiscithe ar bun chun malartú faisnéise eatarthu a áirithiú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, chun cuidiú leis an gcomhlacht náisiúnta forfheidhmithe a chuid cúraimí maoirseachta agus forfheidhmithe a dhéanamh, agus ionas gur féidir leis an gcomhlacht láimhseála gearán arna ainmniú faoi Airteagal 33 an fhaisnéis a bhailiú is gá chun gearáin aonair a scrúdú.

2.   Déanfaidh comhlachtaí láimhseála gearán faisnéis a mhalartú faoina gcuid oibre agus faoina bprionsabail chinnteoireachta agus faoina gcleachtais chinnteoireachta chun críche comhordaithe. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht dóibh agus iad i mbun an taisc sin.

3.   I gcásanna casta amhail na cásanna sin lena mbaineann gearáin iomadúla nó roinnt oibreoirí éagsúla, taisteal trasteorann nó tionóiscí ar chríoch Ballstáit nach é an Ballstát a dheonaigh ceadúnas an ghnóthais é, agus go háirithe i gcás nach léir cén comhlacht náisiúnta forfheidhmithe atá inniúil, nó i gcás ina n-éascófaí nó ina luathófaí réiteach an ghearáin amhlaidh, comhoibreoidh comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe chun comhlacht ceannais a shannadh, a bheidh ina phointe teagmhála aonair do na paisinéirí. Comhoibreoidh na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe uile lena mbaineann chun réiteach an ghearáin a éascú, lena n-áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt, trí chúnamh a thabhairt an doiciméad a aistriú agus trí fhaisnéis faoi imthosca na n-eachtraí a thabhairt. Cuirfear in iúl do na paisinéirí cén comhlacht atá ag feidhmiú mar chomhlacht ceannais.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 35

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na rialacha nó do na bearta sin.

2.   I gcreat an chomhoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 34, déanfaidh an comhlacht forfheidhmithe náisiúnta atá inniúil chun críocha Airteagal 33(4) nó (5), arna iarraidh sin don chomhlacht forfheidhmithe náisiúnta a bhfuil an gearán á láimhseáil aige imscrúdú ar an sárú ar an Rialachán seo atá sainaitheanta ag an gcomhlacht sin agus, más gá, cuirfidh sé pionóis i bhfeidhm.

Airteagal 36

Gníomhartha tarmligthe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 lena leasaítear an Rialachán seo chun:

(a)

an tsuim airgeadais a luaitear in Airteagal 15(2) a choigeartú chun na hathruithe san Innéacs uile-Aontais Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí a chur san áireamh, seachas fuinneamh agus bia neamhphróiseáilte, arna fhoilsiú ag an gCoimisiún (Eurostat);

(b)

Iarscríbhinn I a mhodhnú chun leasuithe ar na Rialacha Aonfhoirmeacha maidir leis an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Paisinéirí agus Bagáiste d’Iarnród (CIV) a chur san áireamh, mar a leagtar amach iad in Aguisín A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF).

Airteagal 37

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 36 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 6 Meitheamh 2021. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 36 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 36 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 38

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 39

Tuarascáil

Faoin 7 Meitheamh 2026, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus na torthaí a bheidh air.

Beidh an tuarascáil bunaithe ar fhaisnéis a chuirfear ar fáil de bhun an Rialacháin seo. Beidh tograí iomchuí, i gcás inar gá, ag gabháil leis an tuarascáil.

Airteagal 40

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 le héifeacht ón 7 Meitheamh 2023.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 41

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 7 Meitheamh 2023.

Beidh feidhm ag Airteagal 6(4) ón 7 Meitheamh 2025, áfach.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 29 Aibreán 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.P. ZACARIAS


(1)  IO C 197, 8.6.2018 lch. 66.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Samhain 2018 (IO C 363, 28.10.2020, lch. 296) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 25 Eanáir 2021 (IO C 68, 26.2.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lch. 14).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2011 maidir leis an tsonraíocht theicniúil d’idir-inoibritheacht a bhaineann leis an bhfochóras 'feidhmchláir teileamaitice i gcomhair seirbhísí paisinéirí' den chóras iarnróid tras-Eorpach (IO L 123, 12.5.2011, lch. 11).

(5)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2018 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheachta a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (IO L 356, 12.12.2014, lch. 110).

(7)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(8)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(10)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).

(11)  Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach, (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).

(14)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2017 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise ar an iompar ilmhódach ar fud an Aontais (IO L 272, 21.10.2017, lch. 1).

(15)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).


IARSCRÍBHINN I

SLIOCHT AS NA RIALACHA AONFHOIRMEACHA MAIDIR LEIS AN gCONRADH LE hAGHAIDH IOMPAIR IDIRNÁISIÚNTA PAISINÉIRÍ AGUS BAGÁISTE D’IARNRÓD

Foscríbhinn A a ghabhann le Coinbhinsiún an 9 Bealtaine 1980 maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF), arna mhodhnú le Prótacal an 3 Meitheamh 1999 lena modhnaítear an Coinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun cíocha na Rialacha Aonfhoirmeacha seo, ciallaíonn an téarma

(a)

“iompróir” an t-iompróir conarthach a bhfuil an paisinéir tar éis conradh iompair a thabhairt i gcrích leis de bhun na Rialacha Aonfhoirmeacha seo, nó iompróir leantach atá faoi dhliteanas ar bhonn an chonartha seo;

(b)

“iompróir is ionadaí” iompróir nach bhfuil tar éis an conradh iompair a thabhairt i gcrích leis an bpaisinéir, ach a bhfuil an t-iompróir dá dtagraítear i litir a) tar éis a chur de chúram, go hiomlán nó i bpáirt, an t-iompar d’iarnród a fheidhmiú;

(c)

“Coinníollacha Ginearálta Iompair” coinníollacha an iompróra i bhfoirm choinníollacha nó taraifí atá i bhfeidhm go dlíthiúil i ngach Ballstát agus atá tagtha chun bheith ina ndlúthchuid den chonradh iompair, tríd an conradh iompair a thabhairt i gcrích;

(d)

“feithicil” mótarfheithicil nó leantóir a iompraítear tráth a iompraítear paisinéirí.

TEIDEAL II

AN CONRADH IOMPAIR A THABHAIRT I gCRÍCH AGUS A FHEIDHMIÚ

Airteagal 6

Conradh iompair

1.   Leis an gconradh iompair, gabhfaidh an t-iompróir air féin an paisinéir a iompar chomh maith le bagáiste agus feithiclí, i gcás inarb iomchuí, chuig an gceann scríbe agus an bagáiste agus na feithiclí a sheachadadh ag an gceann scríbe.

2.   Ní mór an conradh iompair a dhaingniú le ticéad amháin nó le níos mó a thabharfar don phaisinéir. Faoi réir Airteagal 9, áfach, ní dhéanfaidh easpa, mírialtacht ná cailleadh ticéid difear do bheithsine ná do bhailíocht an chonartha agus leanfaidh an conradh de bheith faoi réir na Rialacha Aonfhoirmeacha seo.

3.   Beidh an ticéad ina fhianaise prima facie ar thabhairt i gcrích an chonartha iompair agus ar a bhfuil ann.

Airteagal 7

An ticéad

1.   Cinnfidh na Coinníollacha Ginearálta Iompair foirm na dticéad agus a mbeidh orthu chomh maith leis an teanga agus leis na carachtair ina ndéanfar iad a chló agus a dhéanamh amach.

2.   Caithfear na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chur isteach ar an ticéad:

(a)

an t iompróir nó na hiompróirí;

(b)

ráiteas go bhfuil an t iompar faoi réir na Rialacha Aonfhoirmeacha seo, d’ainneoin aon chlásail dá mhalairt; féadfar é seo a chur in iúl leis an acrainm CIV;

(c)

aon ráiteas eile is gá chun tabhairt i gcrích an chonartha agus a bhfuil ann a chruthú agus chun a chur ar chumas an phaisinéara na cearta a dhearbhú a thagann as an gconradh sin.

3.   Caithfidh an paisinéir a áirithiú, ar an ticéad a fháil, go ndearnadh amach i gcomhréir lena threoracha é.

4.   Beidh an ticéad inaistrithe mura ndearnadh amach in ainm an phaisinéara é agus murar cuireadh tús leis an turas.

5.   Féadfar an ticéad a bhunú i bhfoirm chlárú sonraí leictreonacha, a fhéadfar a thrasfhoirmiú ina siombail inléite scríofa. Caithfidh an nós imeachta a úsáidtear chun sonraí a chlárú agus a chóireáil a bheith coibhéiseach ó thaobh feidhme de, go háirithe a mhéid a bhaineann le luach fianaiseach an ticéid a léiríonn na sonraí sin.

Airteagal 8

An muirear ar iompar a íoc agus a aisíoc

1.   Faoi réir aon chomhaontaithe dá mhalairt idir an paisinéir agus an t-iompróir, beidh an muirear ar iompar iníoctha roimh ré.

2.   Cinnfear leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair na coinníollacha faoina ndéanfar an muirear ar iompar a aisíoc.

Airteagal 9

An ceart chun iompair. Eisiamh ó iompar

1.   Caithfidh an paisinéir, ó thús an turais, ticéad bailí a bheith ina sheilbh agus é a thabhairt ar aird tráth iniúchta ticéad. Féadfar foráil a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair:

(a)

nach mór do phaisinéir nach dtabharfaidh ticéad bailí ar aird formhuirear a íoc, i dteannta an mhuirir ar iompar;

(b)

go gceanglófar ar an bpaisinéir a dhiúltóidh an muirear ar iompar nó an formhuirear a íoc nuair a iarrfar sin scor dá thuras;

(c)

má tá an formhuirear le haisíoc agus na coinníollacha faoina mbeidh sé le haisíoc.

2.   Maidir le paisinéirí a dhéanann na nithe seo a leanas:

(a)

sábháilteacht agus dea-oibriú na n-oibríochtaí nó sábháilteacht na bpaisinéirí eile a chur i mbaol,

(b)

ciotaí a dhéanamh do phaisinéirí ar mhodh do ghlactha,

féadfar a fhoráil leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair go ndéanfar iad a eisiamh ó iompar nó go gceanglófar orthu scor dá dturas agus nach mbeidh na daoine sin i dteideal aisíocaíocht ar a muirear ar iompar ná ar mhuirear ar bith ar iompar bagáiste chláraithe a d’fhéadfadh a bheith íoctha acu.

Airteagal 10

Foirmiúlachtaí riaracháin a chomhlíonadh

Caithfidh an paisinéir na foirmiúlachtaí a cheanglaíonn údaráis chustaim nó údaráis eile riaracháin air a chomhlíonadh.

Airteagal 11

Traenacha a bheith curtha ar ceal agus ag rith mall. Naisc a cailleadh

Caithfidh an t-iompróir, i gcás inar gá, a dheimhniú ar an ticéad gur cuireadh an traein ar ceal nó gur cailleadh an nasc.

TEIDEAL III

IOMPAR BAGÁISTE LÁIMHE, AINMHITHE, BAGÁISTE CHLÁRAITHE AGUS FEITHICLÍ

CAIBIDIL I

Forálacha coiteanna

Airteagal 12

Earraí agus ainmhithe inghlactha

1.   Féadfaidh an paisinéir earraí a thabhairt leis is furasta a láimhsiú (bagáiste láimhe) agus ainmhithe beo freisin, i gcomhréir leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair. Ina theannta sin, féadfaidh an paisinéir earraí liopasta a thabhairt leis i gcomhréir leis na forálacha speisialta atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair. Ní cheadófar mar bhagáiste láimhe earraí nó ainmnithe ar dóigh dóibh paisinéirí a chrá nó ar dóigh dóibh a bheith ina gcúis damáiste.

2.   Féadfaidh an paisinéir earraí agus ainmhithe a choinsíniú mar bhagáiste cláraithe i gcomhréir leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair.

3.   Féadfaidh an t-iompróir iompar feithiclí a cheadú tráth paisinéirí a iompar i gcomhréir le forálacha speisialta atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair.

4.   Caithfidh iompar earraí contúirteacha mar bhagáiste láimhe, mar bhagáiste cláraithe agus iompar na n-earraí sin i bhfeithiclí nó ar fheithiclí, a dhéantar d’iarnród i gcomhréir leis an Teideal seo, an Rialachán maidir le hIompar Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID) a chomhlíonadh.

Airteagal 13

Scrúdú

1.   Nuair a bheidh amhras ann, agus cúis mhaith leis, gur mainníodh na coinníollacha iompair a chomhlíonadh, beidh sé de cheart ag an iompróir a scrúdú, an bhfuil na hearraí (bagáiste láimhe, bagáiste cláraithe, feithiclí lena n-áirítear a luchtú) agus na hainmhithe atáthar a iompar ag comhlíonadh na gcoinníollacha iompair, mura gcoisctear scrúdú den sórt sin le dlíthe agus le saintreoracha an Stáit ina ndéanfaí é. Caithfear a iarraidh ar an bpaisinéir bheith i láthair ag an scrúdú. Mura dtiocfaidh sé i láthair nó mura féidir dul i dteagmháil leis, caithfidh an t-iompróir a cheangal go mbeidh beirt fhinnéithe neamhspleácha i láthair.

2.   Má shuitear nár urramaíodh na coinníollacha iompair, féadfaidh an t-iompróir a cheangal ar an bpaisinéir na costais a thiocfaidh as an scrúdú a íoc.

Airteagal 14

Foirmiúlachtaí riaracháin a chomhlíonadh

Caithfidh an paisinéir na foirmiúlachtaí a cheanglaíonn na húdaráis chustaim nó údaráis eile riaracháin a chomhlíonadh nuair a bheidh earraí (bagáiste láimhe, bagáiste cláraithe, feithiclí lena n-áirítear a luchtú) nó ainmhithe á n-iompar aige agus é á iompar. Beidh sé i láthair ag iniúchadh na n-earraí seo ach amháin i gcás ina bhforáiltear a mhalairt le dlíthe agus le saintreoracha gach Stáit.

CAIBIDIL II

Bagáiste Láimhe agus Ainmhithe

Airteagal 15

Maoirsiú

Beidh sé de fhreagracht ar an bpaisinéir maoirsiú a dhéanamh ar an mbagáiste láimhe agus ar na hainmhithe a thabharfaidh sé leis.

CAIBIDIL III

Bagáiste Cláraithe

Airteagal 16

Bagáiste cláraithe a choinsíniú

1.   Caithfear na hoibleagáidí conarthacha a bhaineann le bagáiste cláraithe a chur ar aghaidh a shuíomh le dearbhán cláraithe bagáiste a thabharfar don phaisinéir.

2.   Faoi réir Airteagal 22, ní dhéanfaidh easpa, mírialtacht ná cailleadh an dearbháin chláraithe bagáiste difear do bheithsine ná do bhailíocht na gcomhaontuithe maidir leis an mbagáiste cláraithe a chur ar aghaidh, agus leanfaidh an conradh de bheith faoi réir na Rialacha Aonfhoirmeacha seo.

3.   Beidh an dearbhán cláraithe bagáiste ina fhianaise prima facie ar chlárú an bhagáiste agus ar choinníollacha a iompair.

4.   Faoi réir a mhalairt d’fhianaise, toimhdeofar gur dealraitheach go raibh bail mhaith ar an mbagáiste cláraithe nuair a thóg an t-iompróir idir lámha é, agus go raibh líon agus mais na mball bagáiste ar comhréir leis na hiontrálacha ar an dearbhán cláraithe bagáiste.

Airteagal 17

An dearbhán cláraithe bagáiste

1.   Cinnfidh na Coinníollacha Ginearálta Iompair foirm an dearbháin chláraithe bagáiste agus a mbeidh air chomh maith leis an teanga agus leis na carachtair ina ndéanfar é a chló agus a dhéanamh amach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 7(5).

2.   Caithfear na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chur isteach ar an dearbhán cláraithe bagáiste:

(a)

an t iompróir nó na hiompróirí;

(b)

ráiteas go bhfuil an t iompar faoi réir na Rialacha Aonfhoirmeacha seo, d’ainneoin aon chlásail dá mhalairt; féadfar é seo a chur in iúl leis an acrainm CIV;

(c)

aon ráiteas eile is gá chun na hoibleagáidí conarthacha a bhaineann leis an mbagáiste cláraithe a chur ar aghaidh a chruthú agus chun a chur ar chumas an phaisinéara na cearta a dhearbhú a thagann as an gconradh iompair.

3.   Caithfidh an paisinéir a áirithiú, ar an dearbháin chláraithe a fháil, go ndearnadh amach i gcomhréir lena threoracha é.

Airteagal 18

Clárú agus iompar

1.   Mura bhforáiltear a mhalairt leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair, ní dhéanfar bagáiste a chlárú go dtí go dtabharfar ticéad ar aird a bheidh bailí go dtí ceann scríbe an bhagáiste ar a laghad. Ar gach bealach eile, déanfar an bagáiste a chlárú i gcomhréir leis na saintreoracha a bheidh i bhfeidhm in áit an choinsínithe.

2.   Nuair a fhorálfar leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair go bhféadfar an bagáiste a ghlacadh chun iompair gan ticéad a thabhairt ar aird, beidh feidhm mutatis mutandis ag na Rialacha Aonfhoirmeacha seo lena gcinntear cearta agus oibleagáidí an phaisinéara i ndáil lena bhagáiste cláraithe maidir le coinsíneoir an bhagáiste chláraithe.

3.   Féadfaidh an t-iompróir an bagáiste cláraithe a chur ar aghaidh ar thraein eile nó ar mhodh eile iompair agus ar chonair nach ionann agus an chonair a rachaidh an paisinéir.

Airteagal 19

Muirir d’iompar an bhagáiste chláraithe a íoc

Faoi réir aon chomhaontaithe dá mhalairt idir an paisinéir agus an t-iompróir, beidh an muirear ar iompar bagáiste chláraithe iníoctha ar é a chlárú.

Airteagal 20

Bagáiste cláraithe a mharcáil

Ní mór don phaisinéir a shonrú ar gach ball bagáiste in áit a bheidh le feiceáil go soiléir agus ar mhodh a bheidh sách buan agus sách inléite:

(a)

a ainm agus a sheoladh;

(b)

an ceann scríbe.

Airteagal 21

An ceart chun bagáiste cláraithe a dhiúscairt

1.   Má cheadaítear leis na cúinsí agus mura sáraítear amhlaidh ceanglais chustaim ná ceanglais údarás riaracháin eile, féadfaidh an paisinéir a iarraidh go ndéanfar bagáiste a thabhairt ar ais ar láimh ag áit an choinsínithe ar thabhairt suas an dearbháin chláraithe bagáiste agus, má cheanglaítear amhlaidh leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair déanamh amhlaidh, ar thabhairt ar aird an ticéid.

2.   Féadfaidh forálacha eile a bhaineann leis an gceart chun bagáiste cláraithe a dhiúscairt a bheith sna Coinníollacha Ginearálta Iompair, go háirithe modhnuithe ar an gceann scríbe agus na hiarmhairtí airgeadais a d’fhéadfaí a bheith le hiompar ag an bpaisinéir.

Airteagal 22

Seachadadh

1.   Déanfar bagáiste cláraithe a sheachadadh ar an dearbhán cláraithe bagáiste a thabhairt suas agus, i gcás inarb iomchuí, ar na méideanna is inmhuirearaithe in aghaidh na coinsíneachta a íoc.

Beidh an t-iompróir i dteideal a scrúdú an bhfuil sealbhóir an dearbháin i dteideal glacadh le seachadadh, ach ní bheidh sé d’oibleagáid air é sin a scrúdú.

2.   Beidh na nithe seo a leanas coibhéiseach le seachadadh do shealbhóir an dearbháin chláraithe bagáiste, más rud é, i gcomhréir leis na saintreoracha a bheidh i bhfeidhm ag an gceann scríbe:

(a)

gur tugadh an bagáiste ar láimh do na húdaráis chustaim nó octroi ag a n-áitreabh nó ag a stórais, nuair nach mbeidh siad sin faoi réir mhaoirsiú an iompróra;

(b)

gur tugadh ainmhithe beo ar láimh do thríú páirtithe.

3.   Féadfaidh sealbhóir an dearbháin chláraithe bagáiste a cheangal go ndéanfar an bagáiste a sheachadadh ag an gceann scríbe a luaithe a bheidh an t-am caite a comhaontaíodh agus, i gcás inarb iomchuí, a luaithe a bheidh an t-am caite is gá do na hoibríochtaí a dhéanfaidh na húdaráis chustaim nó údaráis riaracháin eile.

4.   Má mhainnítear an dearbhán cláraithe bagáiste a thabhairt suas, ní bheidh sé d’oibleagáid ar an iompróir an bagáiste a sheachadadh ach chuig an duine a chruthóidh a cheart chuige; más dealraitheach nach bhfuil an cruthúnas a thairgtear leordhóthanach, féadfaidh an t-iompróir a cheangal go dtabharfar urrús.

5.   Déanfar bagáiste a sheachadadh ag an gceann scríbe ar dó a cláraíodh é.

6.   Féadfaidh sealbhóir dearbháin chláraithe bagáiste nach ndearnadh a bhagáiste a sheachadadh a éileamh go ndéanfar an lá agus an t-am a d’iarr sé an seachadadh a fhormhuiniú ar an dearbhán i gcomhréir le mír 3.

7.   Féadfaidh an duine atá ina theideal a dhiúltú an bagáiste a ghlacadh mura gcomhlíonfaidh an t-iompróir an iarraidh uaidh scrúdú a dhéanamh ar an mbagáiste cláraithe d’fhonn damáiste a líomhnaítear a shuíomh.

8.   Ar gach bealach eile, déanfar an bagáiste a sheachadadh i gcomhréir leis na saintreoracha a bheidh i bhfeidhm ag an gceann scríbe.

CAIBIDIL IV

Feithiclí

Airteagal 23

Coinníollacha iompair

Sonrófar go sonrach sna forálacha speisialta maidir le hiompar feithiclí atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair, na coinníollacha lena rialaítear glacadh chun iompair, clárú, luchtú agus iompair, díluchtú agus seachadadh, chomh maith le hoibleagáidí an phaisinéara.

Airteagal 24

Dearbhán iompair

1.   Caithfear na hoibleagáidí conarthacha a bhaineann le feithiclí a iompar a bhunú le dearbhán cláraithe a thabharfar don phaisinéir. Féadfar an dearbhán iompair a lánpháirtiú i dticéad an phaisinéara.

2.   Cinnfidh na coinníollacha ginearálta lena rialaítear iompar feithiclí, atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair, foirm an dearbháin iompair agus a mbeidh air chomh maith leis an teanga agus leis na carachtair ina ndéanfar é a chló agus a dhéanamh amach. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 7(5).

3.   Caithfear na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chur isteach ar an dearbhán iompair:

(a)

an t-iompróir nó na hiompróirí;

(b)

ráiteas go bhfuil an t-iompar faoi réir na Rialacha Aonfhoirmeacha seo, d’ainneoin aon chlásail dá mhalairt; féadfar é seo a chur in iúl leis an acrainm CIV;

(c)

aon ráiteas eile is gá chun na hoibleagáidí conarthacha a bhaineann le feithiclí a iompar a chruthú agus chun a chur ar chumas an phaisinéara na cearta a dhearbhú a thagann as an gconradh iompair.

4.   Caithfidh an paisinéir a áirithiú, ar fháil an dearbháin iompair dó, go ndearnadh amach i gcomhréir lena threoracha é.

Airteagal 25

An dlí is infheidhme

Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, beidh feidhm maidir le feithiclí ag forálacha Chaibidil III a bhaineann le bagáiste a iompar.

TEIDEAL IV

DLITEANAS AN IOMPRÓRA

CAIBIDIL I

Dliteanas i gcás Báis Phaisinéirí nó Díobhála Pearsanta do Phaisinéirí bás paisinéirí nó díobháil phearsanta do phaisinéirí

Airteagal 26

Bonn an dliteanais

1.   Is é an t-iompróir a bheidh faoi dhliteanas i leith caillteanais nó damáiste a eascróidh as bás paisinéara, nó as díobháil phearsanta, nó aon díobháil eile choirp nó intinne do phaisinéir, arb é is cúis leis tionóisc a d’eascair as oibriú an iarnróid agus a tharla le linn don phaisinéir a bheith i bhfeithiclí iarnróid, nó ag dul isteach orthu nó ag tuirlingt díobh, is cuma cén bonneagar iarnróid a úsáidtear.

2.   Saorfar an t-iompróir ón dliteanas seo:

(a)

más é ba chúis leis an tionóisc imthosca nach raibh baint acu le hoibriú an iarnróid agus nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a n-iarmhairtí a chosc, d’ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis;

(b)

a mhéid gur ar an bpaisinéir atá an locht gur tharla an tionóisc;

(c)

más é ba chúis leis an tionóisc iompraíocht tríú páirtí nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a hiarmhairtí a chosc, d’ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis; ní mheasfar gur tríú páirtí é gnóthas eile a mbeidh an bonneagar céanna iarnróid á úsáid aige; ní dhéanfar difear don cheart cúláraigh.

3.   Más é iompraíocht tríú páirtí is cúis leis an tionóisc, agus d’ainneoin sin, nach ndéantar an t-iompróir a shaoradh go hiomlán óna dhliteanas i gcomhréir le mír 2, litir c), beidh dliteanas iomlán air suas go dtí na teorainneacha a leagtar síos sna Rialacha Aonfhoirmeacha seo ach gan dochar d’aon cheart cúláraigh a d’fhéadfadh a bheith ag an iompróir in aghaidh an tríú páirtí.

4.   Ní dhéanfaidh na Rialacha Aonfhoirmeacha seo difear d’aon dliteanas a d’fhéadfadh an t-iompróir a thabhú i gcásanna nach bhforáiltear dóibh i mír 1.

5.   Más iompróirí leantacha a dhéanann iompar atá faoi rialú aon chonartha amháin, is é an t-iompróir atá faoi cheangal, de bhun an chonartha iompair, seirbhís iompair a sholáthar ar lena linn a tharla an tionóisc a bheidh faoi dhliteanas i gcás bás paisinéirí, agus i gcás díobhálacha pearsanta do phaisinéirí. I gcás nach é an t-iompróir a sholáthair an tseirbhís seo, ach iompróir ionadach, beidh an dá iompróir faoi dhliteanas go comhpháirteach agus go leithleach i gcomhréir leis na Rialacha Aonfhoirmeacha seo.

Airteagal 27

Damáistí i gcás báis

1.   I gcás bhás an phaisinéara, is éard a bheidh sna damáistí:

(a)

aon chostais is gá tar éis an bháis, go háirithe costais a bhaineann le hiompar an choirp agus costais sochraide;

(b)

mura dtarlóidh an bás láithreach, na damáistí dá bhforáiltear in Airteagal 28.

2.   Más rud é, de bharr bhás an phaisinéara, go mbaintear a dtacaíocht de dhaoine a raibh nó a mbeadh sé de dhualgas dlíthiúil air iad a chothabháil, déanfar an caillteanas sin a chúiteamh leis na daoine sin. Is faoi rialú an dlí náisiúnta a bheidh cearta caingne le haghaidh damáistí ag daoine a bhí á gcothabháil ag an bpaisinéir cé nach raibh ceangal dlíthiúil air déanamh amhlaidh.

Airteagal 28

Damáistí i gcás díobháil phearsanta

I gcás díobháil phearsanta nó aon díobhála eile coirp nó intinne don phaisinéir, is éard a bheidh sna damáistí:

(a)

aon chostais is gá, go háirithe costais chóireála agus iompair;

(b)

cúiteamh ar chaillteanas airgeadais de bharr éagumas, iomlán nó páirteach, obair a dhéanamh nó de bharr méadú ar riachtanais.

Airteagal 29

Cúiteamh ar dhíobháil eile choirp

Cinnfear le dlí náisiúnta an gcaithfidh an t-iompróir damáistí a íoc i leith díobháil choirp seachas díobháil choirp dá bhforáiltear in Airteagal 27 agus in Airteagal 28 agus a mhéid a chaithfidh sé damáistí a íoc.

Airteagal 30

Foirm agus méid na ndamáistí i gcás báis nó díobháil phearsanta

1.   Caithfear na damáistí faoi Airteagal 27(2) agus faoi Airteagal 28(b) a dhámhachtain i bhfoirm cnapshuime. Má cheadaítear sa dlí náisiúnta blianacht a íoc, áfach, déanfar na damáistí a dhámhachtain san fhoirm sin má iarrann an paisinéir díobhálaithe nó na daoine atá ina dteideal dá dtagraítear in Airteagal 27(2) amhlaidh.

2.   Déanfar méid na ndamáistí atá le dámhachtain de bhun mhír 1 a chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Chun críocha na Rialacha Aonfhoirmeacha seo, áfach, socrófar an uasteorainn in aghaidh an phaisinéara ag 175 000 aonad cuntais mar chnapshuim nó mar bhliantacht bhliantúil a fhreagróidh don tsuim sin, i gcás ina bhforálfar sa dlí náisiúnta d’uasteorainn is ísle ná an méid sin.

Airteagal 31

Modhanna eile iompair

1.   Faoi réir mhír 2, ní bheidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le dliteanas an iompróra i gcás bás paisinéirí, nó i gcás díobháil phearsanta dóibh, maidir le caillteanas nó damáiste a tharlóidh le linn an iompair, nach iompar d’iarnród a bhí ann, i gcomhréir leis an gconradh iompair.

2.   I gcás ina mbeidh feithiclí iarnróid á n-iompar de bhád farantóireachta, áfach, beidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le dliteanas i gcás bás paisinéirí nó i gcás díobháil phearsanta do phaisinéirí, i leith caillteanais nó damáiste dá dtagraítear in Airteagal 26(1) agus Airteagal 33(1), arb é is cúis leis tionóisc a d’eascair as oibriú an iarnróid agus a tharla le linn don phaisinéir a bheith sna feithiclí sin, nó ag dul isteach orthu nó ag tuirlingt díobh.

3.   Nuair a chuirfear oibriú an iarnróid ar fionraí go sealadach, de bharr imthosca eisceachtúla, agus go ndéanfar na paisinéirí a iompar de mhodh eile iompair, beidh dliteanas ar an iompróir de bhun na Rialacha Aonfhoirmeacha seo.

CAIBIDIL II

Dliteanas i gcás nach gcloífear leis an amchlár

Airteagal 32

Dliteanas i gcás cealuithe, i gcás traenacha a bheith ag rith mall nó i gcás nasc a cailleadh

1.   Beidh an t-iompróir faoi dhliteanas don phaisinéir i leith caillteanas nó damáiste arb é is cúis leis, mar gheall ar chealú, rith mall traenach nó cailleadh naisc, nach bhféadfaí leanúint de thuras an phaisinéara an lá céanna, nó nach bhféadfaí a éileamh go réasúnach sna himthosca go leanfaí den turas an lá céanna. Is éard a bheidh sna damáistí costais réasúnacha cóiríochta chomh maith leis na costais réasúnacha toisc go raibh gá fógra a thabhairt do dhaoine a bhí ag súil leis an bpaisinéir.

2.   Saorfar an t-iompróir ón dliteanas sin i gcás ina mbeidh an cealú, an rith mall nó nasc caillte inchurtha i leith ceann de na cúiseanna seo a leanas:

(a)

imthosca nach raibh baint acu le hoibriú an iarnróid agus nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a n-iarmhairtí a chosc, d’ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis,

(b)

locht ar an bpaisinéir; nó

(c)

iompraíocht tríú páirtí nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a hiarmhairtí a chosc, d’ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis; ní mheasfar gur tríú páirtí é gnóthas eile a mbeidh an bonneagar céanna iarnróid á úsáid aige; ní dhéanfar difear don cheart cúláraigh.

3.   Cinnfear leis an dlí náisiúnta an gcaithfidh an t-iompróir damáistí a íoc i leith díobháil choirp seachas díobháil choirp dá ndéantar foráil i mír 1 agus a mhéid a chaithfidh sé damáistí a íoc. Ní dhéanfaidh an fhoráil sin dochar d’Airteagal 44.

CAIBIDIL III

Dliteanas i leith Bagáiste Láimhe, Ainmhithe, Bagáiste Chláraithe agus Feithiclí

Roinn 1

Bagáiste láimhe agus ainmhithe

Airteagal 33

Dliteanas

1.   I gcás bás paisinéirí nó díobháil phearsanta dóibh, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas freisin i leith caillteanas iomlán nó páirt chaillteanas earraí a bhí ag an bpaisinéir nó a bhí leis mar bhagáiste láimhe nó i leith damáiste do na hearraí sin; beidh feidhm ag an méid seo freisin maidir le hainmhithe a thug an paisinéir leis. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 26.

2.   Thairis sin, ní bheidh an gnóthas iarnróid faoi dhliteanas i leith caillteanais iomláin nó páirt chaillteanais earraí nó ainmhithe a raibh an paisinéir freagrach as a maoirseacht i gcomhréir le hAirteagal 15, ná i leith damáiste dóibh, murab é locht an iompróra ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste sin. Ní bheidh feidhm ag na hAirteagail eile de Theideal IV, ach amháin Airteagal 51, ná ag Teideal VI maidir leis an gcás sin.

Airteagal 34

Teorainn le damáistí i gcás caillteanais earraí nó damáiste dóibh

Nuair a bheidh an t-iompróir faoi dhliteanas faoi Airteagal 33(1), caithfidh sé cúiteamh a íoc go feadh theorainn 1 400 aonad cuntais in aghaidh an phaisinéara.

Airteagal 35

Eisiamh dliteanais

Ní bheidh an t-iompróir faoi dhliteanas don phaisinéir i leith caillteanais nó damáiste a tharlóidh de dheasca mhainneachtain an phaisinéara na foirmiúlachtaí a cheanglaíonn na húdaráis custaim nó údaráis riaracháin eile a chomhall.

Roinn 2

Bagáiste cláraithe

Airteagal 36

Bonn an dliteanais

1.   Is é an t-iompróir a bheidh faoi dhliteanas i leith caillteanais nó damáiste arb é is cúis leis caillteanas iomlán nó páirt chaillteanas bagáiste chláraithe idir an t-am a dtógfaidh an t-iompróir an bagáiste idir lámha agus am an tseachadta, agus as moill ar sheachadadh.

2.   Saorfar an t-iompróir ón dliteanas sin a mhéid ba chúis leis an gcaillteanas, leis an damáiste nó leis an moill ar an seachadadh locht an phaisinéara, ordú a thug an paisinéir nár thoradh ar locht an iompróra é, fabht bunúsach sa bhagáiste cláraithe nó imthosca nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a n-iarmhairtí a chosc.

3.   Saorfar an t-iompróir, áfach, ón dliteanas sin a mhéid a d’eascair an caillteanas nó an damáiste as na rioscaí speisialta a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a)

easpa pacála nó pacáil neamhleor;

(b)

cineál speisialta an bhagáiste;

(c)

coinsíniú earraí mar bhagáiste nach bhfuil inghlactha don iompar.

Airteagal 37

An dualgas cruthúnais

1.   Is ar an iompróir a bheidh an dualgas a chruthú gur ceann de na cúiseanna a shonraítear in Airteagal 36(2) ba chúis leis an gcaillteanas, leis an damáiste nó leis an moill ar an seachadadh.

2.   Má shuíonn an t-iompróir, ag féachaint d’imthosca cáis áirithe, go bhféadfadh an caillteanas nó an damáiste eascairt as riosca amháin nó níos mó de na rioscaí speisialta dá dtagraítear in Airteagal 36(3), toimhdeofar gur as riosca den sórt sin a d’eascair sé. Beidh de cheart ag an duine a mbeidh teidlíocht aige a chruthú, áfach, nach raibh an caillteanas an damáiste inchurtha go hiomlán nó go páirteach i leith ceann de na rioscaí sin.

Airteagal 38

Iompróirí comhleanúnacha

Más roinnt iompróirí leantacha a dhéanann iompar atá faoi rialú aon chonartha amháin, tiocfaidh gach iompróir, trí bhíthin an bagáiste i dteannta an dearbháin chláraithe bagáiste nó an fheithicil i dteannta an dearbháin iompair a thógáil idir lámha, chun bheith ina pháirtí sa chonradh iompair maidir leis an mbagáiste a chur ar aghaidh nó na feithiclí a iompar, i gcomhréir le téarmaí an dearbháin chláraithe bagáiste nó an dearbháin iompair agus glacfaidh sé air féin na hoibleagáidí a eascraíonn as sin. I gcás den sórt sin beidh gach iompróir freagrach as an iompar thar an mbealach ar fad go dtí an seachadadh.

Airteagal 39

Iompróir ionadach

1.   I gcás inar chuir an t-iompróir comhlíonadh an chúraim iompair, go hiomlán nó go páirteach, de chúram ar iompróir ionadach, bíodh nó ná bíodh sé de bhun cirt faoin gconradh iompair chun é sin a dhéanamh, leanfaidh an t-iompróir de bheith faoi dhliteanas i leith an iompair iomláin.

2.   Forálacha uile na Rialacha Aonfhoirmeacha seo lena rialaítear dliteanas an iompróra, beidh feidhm acu freisin ar dhliteanas an iompróra ionadaigh i leith an iompair arna dhéanamh aige. Beidh feidhm ag Airteagal 48 agus ag Airteagal 52 má thionscnaítear caingean in aghaidh na seirbhíseach nó aon duine eile ar bhain an t-iompróir ionadach úsáid as a sheirbhísí chun an t-iompar a dhéanamh.

3.   Aon chomhaontú speisialta faoina nglacann an t-iompróir oibleagáidí air nach bhforchuirtear leis na Rialacha Aonfhoirmeacha seo nó faoina dtarscaoileann sé cearta arna dtabhairt leis na Rialacha Aonfhoirmeacha seo, ní bheidh aon éifeacht aige i leith an iompróra ionadaigh mura mbeidh glactha aige leis an gcomhaontú sin go sainráite agus i scríbhinn. Cibé acu ar ghlac nó nár ghlac an t-iompróir ionadach leis, leanfaidh an t-iompróir fós de bheith faoi cheangal aon oibleagáidí nó aon tarscaoiltí a thig ó chomhaontú speisialta den sórt sin.

4.   I gcás ina mbeidh agus a mhéid a bheidh an t-iompróir agus an t-iompróir ionadach araon faoi dhliteanas, beidh a ndliteanas ina dhliteanas comhpháirteach agus leithleach.

5.   Méid comhiomlán an chúitimh a bheidh le híoc ag an iompróir, ag an iompróir ionadach agus ag a seirbhísigh agus aon daoine eile a mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun an t-iompar a dhéanamh, ní rachaidh sé thar na teorainneacha dá bhforáiltear sna Rialacha Aonfhoirmeacha seo.

6.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar do chearta cúláraigh a d’fhéadfadh a bheith ann idir an t-iompróir agus an t-iompróir ionadach.

Airteagal 40

Toimhde an chaillteanais

1.   Féadfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige, gan é a bheith de cheangal air tuilleadh cruthúnais a thabhairt, a mheas go bhfuil ball bagáiste caillte nuair nach ndearnadh é a sheachadadh nó a chur ar fáil dó laistigh de cheithre lá dhéag ón lá a rinneadh iarraidh ar sheachadadh i gcomhréir le hAirteagal 22(3).

2.   Má aisghabhtar mír ball bagáiste a measadh a bheith caillte laistigh de bhliain ón iarraidh ar sheachadadh, caithfidh an t-iompróir fógra a thabhairt don duine a mbeidh teidlíocht aige más eol a sheoladh nó más féidir é a fháil amach.

3.   Laistigh de thríocha lá ón bhfógra dá dtagraítear i mír 2 a fháil, féadfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige a éileamh go ndéanfaí an ball bagáiste a sheachadadh dó. Sa chás sin, caithfidh sé na muirir a íoc i leith iompar an bhaill bagáiste sin ó áit a choinsínithe go dtí an áit ina ndéanfar é a sheachadadh agus an cúiteamh a fuarthas a aisíoc lúide, más iomchuí, aon chostas a áiríodh ann. Mar sin féin, coinneoidh sé a chearta, dá bhforáiltear in Airteagal 43, chun cúiteamh ar mhoill ar sheachadadh a éileamh.

4.   Mura ndéanfar ball bagáiste a aisghabhadh a éileamh laistigh den tréimhse a shonraítear i mír 3 nó má aisghabhtar é níos mó ná bliain tar éis na hiarrata ar sheachadadh í, déanfaidh an t-iompróir é a dhiúscairt i gcomhréir leis na dlíthe agus na saintreoracha atá i bhfeidhm san áit ina bhfuil an ball bagáiste.

Airteagal 41

Cúiteamh ar chaillteanas

1.   I gcás ina gcaillfear bagáiste cláraithe, ina iomláine nó i bpáirt, caithfidh an t-iompróir íoc as, d’eisiamh gach damáiste eile:

(a)

má chruthaítear méid an chaillteanais nó an damáiste a rinneadh, cúiteamh is ionann leis an méid sin ach nach mó ná 80 aonad cuntais in aghaidh gach cileagraim ollmhaise atá in easnamh nó 1 200 aonad cuntais in aghaidh gach baill bagáiste;

(b)

mura suitear méid an chaillteanais nó an damáiste a rinneadh, damáistí leachtaithe 20 aonad cuntais in aghaidh gach cileagraim ollmhaise atá in easnamh nó 300 aonad cuntais in aghaidh gach baill bagáiste.

Cinnfidh na Coinníollacha Ginearálta Iompair modh an chúitimh, cibé acu in aghaidh gach cileagraim atá in easnamh nó in aghaidh gach baill bagáiste.

2.   Caithfidh an t-iompróir ina theannta sin an muirear ar iompar an bhagáiste agus na suimeanna eile a íocadh i ndáil le hiompar an bhaill bagáiste caillte a aisíoc maille leis na dleachtanna custaim agus na dleachtanna máil a íocadh cheana.

Airteagal 42

Cúiteamh ar dhamáiste

1.   I gcás damáiste do bhagáiste cláraithe, caithfidh an t-iompróir cúiteamh is ionann le caillteanas luacha an bhagáiste a íoc, d’eisiamh gach damáiste eile.

2.   Ní rachaidh an cúiteamh thar:

(a)

an méid a bheadh iníoctha i gcás caillteanas iomlán, má chaill an bagáiste go léir luach de dheasca damáiste;

(b)

an méid a bheadh iníoctha dá gcaillfí an chuid sin, murar chaill ach cuid den bhagáiste luach de dheasca damáiste.

Airteagal 43

Cúiteamh ar mhoill ar sheachadadh

1.   I gcás moille ar sheachadadh bagáiste chláraithe, caithfidh an t-iompróir na méideanna seo a leanas a íoc as gach tréimhse iomlán de cheithre uair is fiche tar éis iarraidh an tseachadta, ach faoi réir uastréimhse ceithre lá dhéag:

(a)

má chruthaíonn an duine a mbeidh teidlíocht aige gur tharla caillteanas nó damáiste dá bharr sin, cúiteamh is ionann le méid an chaillteanais nó an damáiste suas le huasmhéid 0,80 aonad cuntais in aghaidh gach cileagraim ollmhaise den bhagáiste nó 14 aonad cuntais in aghaidh gach baill bagáiste a seachadadh go déanach;

(b)

mura gcruthóidh an duine a mbeidh teidlíocht aige gur tharla caillteanas nó damáiste dá bharr sin, damáistí leachtaithe 0,14 aonad cuntais in aghaidh gach cileagraim ollmhaise den bhagáiste nó 2,80 aonad cuntais in aghaidh gach baill bagáiste a seachadadh go déanach.

Cinnfear leis na Coinníollacha Ginearálta Iompair modhanna an chúitimh, cibé acu in aghaidh gach cileagraim atá in easnamh nó in aghaidh gach baill bagáiste.

2.   I gcás chaillteanas iomlán an bhagáiste, ní bheidh an cúiteamh dá bhforáiltear i mír 1 iníoctha de bhreis ar an gcúiteamh dá bhforáiltear in Airteagal 41.

3.   I gcás pháirtchaillteanas an bhagáiste, beidh an cúiteamh dá bhforáiltear i mír 1 iníoctha in aghaidh an chuid sin den bhagáiste nár cailleadh.

4.   I gcás damáiste do bhagáiste nach de thoradh moill ar sheachadadh é, beidh an cúiteamh dá bhforáiltear i mír 1 iníoctha, i gcás inarb iomchuí, de bhreis ar an gcúiteamh dá bhforáiltear in Airteagal 42.

5.   Ní rachaidh an cúiteamh iomlán dá bhforáiltear i mír 1, i dteannta an chúitimh is iníoctha faoi Airteagal 41 agus faoi Airteagal 42, ar aon chúinse thar an gcúiteamh a bheadh iníoctha i gcás chaillteanas iomlán an bhagáiste.

Roinn 3

Feithiclí

Airteagal 44

Cúiteamh ar mhoill

1.   I gcás moill ar luchtú ar chúis is inchurtha i leith an iompróra nó moill ar sheachadadh feithicle, má chruthaíonn an duine a mbeidh teidlíocht aige gur tharla caillteanas nó damáiste dá bharr sin, caithfidh an t-iompróir cúiteamh a íoc nach rachaidh thar mhéid an mhuirir ar iompar.

2.   I gcás moill ar luchtú ar chúis is inchurtha i leith an iompróra, má roghnaíonn an duine a mbeidh teidlíocht aige gan dul ar aghaidh leis an gconradh iompair, aisíocfar an muirear ar iompar leis. Ina theannta sin, má chruthaíonn sé gur tharla caillteanas nó damáiste de dheasca na moille, féadfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige cúiteamh a éileamh nach rachaidh thar mhéid an mhuirir ar iompar.

Airteagal 45

Cúiteamh ar chaillteanas

I gcás caillteanas iomlán nó páirt chaillteanais feithicle, déanfar an cúiteamh is iníoctha leis an duine a mbeidh teidlíocht aige a ríomh ar bhonn ghnáthluach na feithicle. Ní rachaidh sé thar 8 000 aonad cuntais. Measfar gur feithicil leithleach í leantóir luchtaithe nó leantóir díluchtaithe.

Airteagal 46

Dliteanas i leith earraí eile

1.   Maidir le hearraí a fhágfar san fheithicil nó atá i mboscaí (e.g. boscaí bagáiste nó boscaí scíonna) atá daingnithe don fheithicil, ní bheidh an t-iompróir faoi dhliteanas ach i leith caillteanas nó damáiste a tharlóidh dá locht féin. Ní rachaidh an cúiteamh iomlán is iníoctha thar 1 400 aonad cuntais.

2.   A mhéid a bhaineann le hearraí a stuáilfear ar an taobh amuigh den fheithicil, lena n-áirítear na boscaí dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh an t-iompróir faoi dhliteanas i leith earraí atá ar an taobh amuigh den fheithicil ach amháin má chruthaítear gur tharla an caillteanas nó an damáiste de dheasca gníomh nó neamhghníomh a rinne an t-iompróir le hintinn caillteanas nó damáiste den sórt sin a dhéanamh, nó go meargánta agus le fios gur dócha go mbeadh caillteanas nó damáiste den sórt sin mar thoradh air.

Airteagal 47

An dlí is infheidhme

Faoi réir fhorálacha na Ranna seo, beidh feidhm maidir le feithiclí ag forálacha Roinn 2 a bhaineann le dliteanas i leith bagáiste.

CAIBIDIL IV

Forálacha coiteanna

Airteagal 48

An ceart a chailleadh chun teorainneacha le dliteanas a agairt

Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha le dliteanas dá bhforáiltear sna Rialacha Aonfhoirmeacha seo i dteannta na bhforálacha den dlí náisiúnta lena dteorannaítear an cúiteamh go méid socraithe, má chruthaítear gur tharla an caillteanas nó an damáiste de dheasca gníomh nó neamhghníomh a rinne an t-iompróir le hintinn caillteanas nó damáiste den sórt sin a dhéanamh, nó go meargánta agus le fios gur dócha go mbeadh caillteanas nó damáiste den sórt sin mar thoradh air.

Airteagal 49

Comhshó agus ús

1.   I gcás inar gá suimeanna a shonraítear in airgeadra eachtrach a chomhshó chun an cúiteamh a ríomh, déanfar an comhshó ag an ráta malairte is infheidhme ar lá íoctha an chúitimh in áit íoctha an chúitimh.

2.   Féadfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige ús ar an gcúiteamh a éileamh, a dhéanfar a ríomh ag cúig faoin gcéad in aghaidh na bliana, ó dháta an éilimh dá bhforáiltear in Airteagal 55 nó, mura ndearnadh éileamh den sórt sin, ón lá a tionscnaíodh imeachtaí dlíthiúla.

3.   I gcás cúiteamh is iníoctha de bhun Airteagal 27 agus Airteagal 28, áfach, ní fhabhróidh ús ach ón lá a tharla na teagmhais is ábhartha chun méid an chúitimh a mheas, más déanaí an lá sin ná lá an éilimh nó an lá a tionscnaíodh imeachtaí dlíthiúla.

4.   I gcás bagáiste, ní bheidh ús iníoctha ach amháin más mó an cúiteamh ná 16 aonad cuntais in aghaidh an dearbháin chláraithe bagáiste.

5.   I gcás bagáiste, mura gcuirfidh an duine a mbeidh teidlíocht aige na doiciméid tacaíochta is gá chun an t-éileamh a shocrú go críochnaitheach faoi bhráid an iompróra laistigh de thréimhse réasúnach arna deonú dó, ní fhabhróidh aon ús idir dul in éag na tréimhse sin agus taisceadh iarbhír na ndoiciméad.

Airteagal 50

Dliteanas i gcás eachtraí núicléacha

Saorfar an t-iompróir ó dhliteanas de bhun na Rialacha Aonfhoirmeacha seo i leith caillteanais nó damáiste de dheasca eachtra núicléach nuair is oibreoir gléasra núicléach nó duine eile a ghabhann a ionad atá faoi dhliteanas i leith an chaillteanais nó an damáiste de bhun dlíthe agus saintreoracha Stáit lena rialaítear an dliteanas i réimse an fhuinnimh núicléach.

Airteagal 51

Daoine a bhfuil an t-iompróir faoi dhliteanas thar a gceann

Beidh an t-iompróir faoi dhliteanas thar ceann a sheirbhíseach agus daoine eile a mbaineann sé úsáid as a seirbhísí chun an t-iompar a dhéanamh, i gcás ina mbeidh na seirbhísigh sin agus na daoine eile sin ag gníomhú faoi raon feidhme a bhfeidhmeanna. Measfar gur daoine a mbaineann an t-iompróir úsáid as a seirbhísí chun an t-iompar a dhéanamh iad bainisteoirí an bhonneagair iarnróid ar a ndéantar an t-iompar.

Airteagal 52

Caingne eile

1.   I ngach cás ina mbeidh feidhm ag na Rialacha Aonfhoirmeacha seo, ní fhéadfar aon chaingean a thionscnamh i gcoinne an iompróra i ndáil le dliteanas, is cuma cad iad na forais, ach amháin faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a leagtar síos sna Rialacha Aonfhoirmeacha seo.

2.   Is amhlaidh a bheidh maidir le haon chaingean arna tabhairt in aghaidh na seirbhíseach nó na ndaoine eile a bhfuil an t-iompróir faoi dhliteanas thar a gceann de bhun Airteagal 51.

TEIDEAL V

DLITEANAS AN PHAISINÉARA

Airteagal 53

Prionsabail speisialta an dliteanais

Beidh an paisinéir faoi dhliteanas don iompróir i leith aon chaillteanais nó damáiste:

(a)

a leanfaidh as mainneachtain an phaisinéara a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh

1.

de bhun Airteagail 10, 14 agus 20,

2.

de bhun na bhforálacha speisialta maidir le hiompar feithiclí atá sna Coinníollacha Ginearálta Iompair, nó

3.

de bhun an Rialacháin maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID), nó

(b)

arb é ba chúis leis na hearraí agus na hainmhithe a thugann an paisinéir in éineacht leis,

mura gcruthóidh sé gurb é ba chúis leis an gcaillteanas nó an damáiste imthosca nárbh fhéidir leis a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a n-iarmhairtí a chosc, cé gur léirigh sé an dúthracht a éilítear ar phaisinéir coinsiasach. Ní dhéanfaidh an fhoráil seo aon difear do dhliteanas an iompróra de bhun Airteagal 26 agus Airteagal 33(1).

TEIDEAL VI

DEARBHÚ NA gCEART

Airteagal 54

Páirt-chaillteanas nó damáiste a fhionnadh

1.   I gcás ina bhfaighidh an t-iompróir amach nó i gcás ina dtoimhdeoidh an t-iompróir, nó i gcás ina líomhnóidh an duine, a mbeidh teidlíocht aige gur tharla páirt chaillteanas earra arna iompar faoi chúram an iompróra (bagáiste, feithiclí), nó i gcás ina ndearnadh damáiste dó, caithfidh an t-iompróir tuarascáil a dhréachtú láithreach, i láthair an duine a mbeidh teidlíocht aige más féidir, lena sonrófar, de réir chineál an chaillteanais nó an damáiste, bail an earra agus, a mhéid is féidir, méid an chaillteanais nó an damáiste, an chúis a bhí leis agus an uair a tharla sé.

2.   Caithfear cóip den tuarascáil a chur ar fáil saor in aisce don duine a mbeidh teidlíocht aige.

3.   I gcás nach nglacfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige leis na conclúidí sa tuarascáil, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfadh saineolaí arna cheapadh ag na páirtithe sa chonradh iompair nó ag cúirt nó binse bail an bhagáiste nó na feithicle agus cúis agus méid an chaillteanais nó an damáiste a fhionnadh. Beidh an nós imeachta a bheidh le leanúint á rialú ag dlíthe agus saintreoracha an Stáit ina ndéantar an fionnadh sin.

Airteagal 55

Éilimh

1.   Caithfear éilimh a bhaineann le dliteanas an iompróra i gcás bás paisinéirí, nó i gcás díobháil phearsanta dóibh, a dhíriú i scríbhinn chuig an iompróir ar féidir caingean a thabhairt ina choinne. I gcás iompair atá faoi rialú conartha aonair agus arna chur i gcrích ag iompróirí leantacha, féadfar na héilimh a dhíriú freisin chuig an gcéad iompróir nó chuig an iompróir deireanach chomh maith leis an iompróir a bhfuil a phríomháit ghnó nó an brainse nó an ghníomhaireacht a thug an conradh iompair i gcrích sa Stát ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar an bpaisinéir.

2.   Caithfear éilimh eile a bhaineann leis an gconradh iompair a dhíriú i scríbhinn chuig an iompróir a shonraítear in Airteagal 56(2) agus (3).

3.   Tabharfar ar aird na doiciméid sin a measann an duine a mbeidh teidlíocht aige gur cuí iad a thaisceadh leis an éileamh, an leagan bunaidh nó cóipeanna díobh, i gcás inarb iomchuí, agus na cóipeanna arna ndeimhniú go cuí má éilíonn an t-iompróir amhlaidh. Nuair a shocrófar éileamh, féadfaidh an t-iompróir a cheangal go dtabharfar suas an ticéad, an dearbhán cláraithe bagáiste agus an dearbhán iompair.

Airteagal 56

Iompróirí a bhféadfar caingean a thabhairt ina gcoinne

1.   Is in aghaidh an iompróra a bheidh faoi dhliteanas de bhun Airteagal 26(5) amháin a fhéadfar caingean a thabhairt a bheidh bunaithe ar dhliteanas an iompróra i gcás bás paisinéirí, nó i gcás díobháil phearsanta dóibh.

2.   Faoi réir mhír 4, is in aghaidh an chéad iompróra, in aghaidh an iompróra dheireanaigh nó in aghaidh an iompróra a rinne an chuid sin den iompar ar lena linn a tharla an teagmhas ba chúis leis na himeachtaí, agus ina aghaidh sin amháin, a fhéadfar caingne eile arna dtabhairt ag paisinéirí a bheidh bunaithe ar an gconradh iompair a thabhairt.

3.   I gcás iompair arna dhéanamh ag iompróirí leantacha, nuair a luafar, le toiliú uaidh, an t-iompróir a chaithfidh an bagáiste nó an fheithicil a sheachadadh ar an dearbhán cláraithe bagáiste nó ar an dearbhán iompair, féadfar caingean a thabhairt ina choinne i gcomhréir le mír 2 fiú mura bhfuair sé an bagáiste nó an fheithicil.

4.   Caingean chun suim a íocadh de bhun an chonartha iompair a ghnóthú, féadfar í a thabhairt in aghaidh an iompróra a bhailigh an tsuim sin nó in aghaidh an iompróra ar bailíodh thar a cheann í.

5.   Féadfar caingean a thabhairt in aghaidh iompróra seachas na hiompróirí a shonraítear i míreanna 2 agus 4 nuair a thionscnófar mar fhrithéileamh nó mar eisceacht í in imeachtaí a bhaineann leis an bpríomhéileamh a bheidh bunaithe ar an gconradh iompair céanna.

6.   A mhéid a bheidh feidhm ag na Rialacha Aonfhoirmeacha seo ar an iompróir ionadach, féadfar caingean a thabhairt ina choinne freisin.

7.   Má bhíonn rogha ag an ngearánaí idir roinnt iompróirí, múchfar a cheart chun rogha a dhéanamh a luaithe a thabharfaidh sé caingean in aghaidh ceann díobh; beidh feidhm ag an méid seo freisin i gcás ina mbeidh rogha ag an ngearánaí idir iompróir amháin nó níos mó agus iompróir ionadach.

Airteagal 58

Múchadh an chirt chun caingne i gcás báis nó díobháil phearsanta

1.   Aon cheart chun caingne ag an duine a mbeidh teidlíocht aige a bheidh bunaithe ar dhliteanas an iompróra i gcás bás paisinéirí, nó i gcás díobháil phearsanta dóibh, múchfar é i gcás nach dtabharfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige fógra faoin tionóisc a tharla don phaisinéir do dhuine de na hiompróirí a bhféadfar éileamh a dhíriú chuige i gcomhréir le hAirteagal 55(1), laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta ar tháinig sé ar an eolas faoin gcaillteanas nó faoin damáiste. I gcás ina dtabharfaidh an duine a mbeidh teidlíocht aige fógra faoin tionóisc ó bhéal don iompróir, cuirfidh an t-iompróir admháil maidir leis an bhfógra sin ó bhéal ar fáil dó.

2.   Mar sin féin, ní mhúchfar an ceart caingne:

(a)

i gcás inar dhírigh an duine a mbeidh teidlíocht aige éileamh chuig duine de na hiompróirí a shonraítear in Airteagal 55(1) laistigh den tréimhse dá bhforáiltear i mír 1;

(b)

i gcás ina bhfuair an t-iompróir atá faoi dhliteanas amach ar dhóigh eile laistigh den tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 eolas ar an tionóisc a tharla don phaisinéir;

(c)

i gcás inar tugadh fógra faoin tionóisc, nó i gcás inar tugadh go déanach é, mar thoradh ar imthosca nach inchurtha i leith an duine;

(d)

má chruthaíonn an duine a mbeidh teidlíocht aige gur locht an iompróra ba chúis leis an tionóisc.

Airteagal 59

Múchadh an chirt chun caingne a eascraíonn as iompar bagáiste

1.   Le glacadh an bhagáiste ag an duine, múchfar gach ceart caingne in aghaidh an iompróra a eascraíonn as an gconradh iompair i gcás páirt chaillteanais, damáiste nó moille ar sheachadadh.

2.   Mar sin féin, ní mhúchfar an ceart caingne:

(a)

i gcás páirt chaillteanais nó damáiste,

1.

i gcás inar fionnadh an caillteanas nó an damáiste i gcomhréir le hAirteagal 54 sular ghlac an duine a mbeidh teidlíocht aige leis an mbagáiste,

2.

más de locht an iompróra amháin a fágadh ar lár an fionnadh ba cheart a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 54;

(b)

i gcás caillteanais nó damáiste nach léir agus a fionnadh tar éis don duine an bagáiste a ghlacadh,

1.

i gcás ina n-iarrfaidh an duine fionnadh i gcomhréir le hAirteagal 54 díreach tar éis dó an caillteanas nó an damáiste a bhrath agus tráth nach déanaí ná trí lá tar éis dó an bagáiste a ghlacadh, agus

2.

ina theannta sin, i gcás ina gcruthóidh sé gur tharla an caillteanas nó an damáiste idir an t-am a thóg an t-iompróir an bagáiste idir lámha agus am an tseachadta;

(c)

i gcás moille ar sheachadadh, má rinne an duine, a mbeidh teidlíocht aige laistigh de lá is fiche, a chearta a dhearbhú in aghaidh ceann de na hiompróirí a shonraítear in Airteagal 56(3);

(d)

i gcás ina gcruthóidh an duine a mbeidh teidlíocht aige gur locht an iompróra ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste.

Airteagal 60

Caingne a theorannú

1.   Is é a bheidh sa tréimhse teorann le haghaidh caingne maidir le damáistí a bheidh bunaithe ar dhliteanas an iompróra i gcás bás paisinéirí, nó i gcás díobháil phearsanta dóibh:

(a)

i gcás paisinéara, trí bliana ón lá tar éis na tionóisce;

(b)

i gcás daoine eile, a mbeidh teidlíocht acu trí bliana ón lá tar éis don phaisinéir bás a fháil, faoi réir uasteorann cúig bliana ón lá tar éis na tionóisce.

2.   Bliain amháin a bheidh sa tréimhse teorann le haghaidh caingne a eascróidh as an gconradh iompair. Mar sin féin, dhá bhliain a bheidh sa tréimhse teorann i gcás caingne maidir le caillteanas nó damáiste de dheasca gníomh nó neamhghníomh a rinne an t-iompróir le hintinn caillteanas nó damáiste den sórt sin a dhéanamh, nó go meargánta agus le fios gur dócha go mbeadh caillteanas nó damáiste den sórt sin mar thoradh air.

3.   Beidh feidhm ag an tréimhse teorann dá bhforáiltear i mír 2 maidir le caingne:

(a)

le haghaidh cúitimh ar chaillteanas iomlán, ón gceathrú lá déag tar éis don tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 22(3) dul in éag;

(b)

le haghaidh cúiteaimh ar pháirt-chaillteanas, ar dhamáiste nó ar mhoill ar sheachadadh, ó lá an tseachadta;

(c)

i ngach cás eile a bhaineann le hiompar paisinéirí, ón lá a rachaidh bailíocht an ticéid in éag.

Ní chuirfear an lá a shonraítear do theacht i bhfeidhm na tréimhse teorann san áireamh sa tréimhse.

4.   Seachas sin, beidh fionraí agus briseadh tréimhsí teorann faoi rialú ag an dlí náisiúnta.

TEIDEAL VII

CAIDREAMH IDIR IOMPRÓIRÍ

Airteagal 61

Cionroinnt an mhuirir ar iompar

1.   Caithfidh aon iompróir a bhailigh muirear ar iompar nó ar chóir dó muirear ar iompar a bhailiú a sciartha faoi seach den mhuirear sin a íoc leis na hiompróirí lena mbaineann. Socrófar na modhanna íoctha le comhaontú idir na hiompróirí.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 6(3), Airteagal 16(3) agus Airteagal 25 maidir leis an gcaidreamh idir iompróirí leantacha.

Airteagal 62

Ceart cúláraigh

1.   Beidh ceart cúláraigh ag iompróir a d’íoc cúiteamh de bhun na Rialacha Aonfhoirmeacha seo in aghaidh na n-iompróirí a bhí páirteach san iompar i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

(a)

is é an t iompróir ba chúis leis an gcaillteanas nó an damáiste, agus eisean amháin, a bheidh faoi dhliteanas ina leith;

(b)

nuair is roinnt iompróirí is chúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste, beidh gach duine díobh faoi dhliteanas i leith an chaillteanais nó an damáiste a chúisigh sé; mura féidir idirdhealú den sórt sin a dhéanamh, déanfar méid an chúitimh a chionroinnt eatarthu i gcomhréir le litir c);

(c)

mura féidir a chruthú cén t-iompróir is cúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste, déanfar méid an chúitimh a chionroinnt idir na hiompróirí go léir a bhí páirteach san iompar, seachas iad siúd a chruthóidh nach iad féin ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste; beidh an chionroinnt sin i gcomhréir lena sciartha faoi seach den mhuirear ar iompar.

2.   I gcás duine de na hiompróirí seo a bheith dócmhainneach, déanfar an sciar a bheidh dlite de agus gan íoc aige a chionroinnt idir na hiompróirí eile a bhí páirteach san iompar i gcomhréir lena sciartha faoi seach den mhuirear ar iompar.

Airteagal 63

An nós imeachta cúláraigh

1.   Ní fhéadfaidh an t-iompróir a ndéantar ceart cúláraigh a fheidhmiú ina choinne de bhun Airteagal 62 bailíocht na híocaíochta a rinne an t-iompróir a bheidh ag feidhmiú an chirt cúláraigh a dhíospóid nuair is cúirt nó binse a chinn an cúiteamh agus nuair a tugadh deis idiragartha sna himeachtaí don iompróir céadluaite a fuair fógra cuí i dtaobh na n-imeachtaí. Cinnfidh an chúirt nó an binse ar tugadh an phríomhchaingean os a comhair nó os a chomhair an t-am a cheadófar don fhógra sin faoi na himeachtaí agus don idiragairt sna himeachtaí.

2.   Caithfidh iompróir a fheidhmeoidh a cheart cúláraigh a éileamh a thíolacadh sna himeachtaí ceannann céanna in aghaidh na n-iompróirí go léir nach bhfuil socrú déanta aige leo; dá uireasa sin, caillfidh sé a cheart cúláraigh i gcás na n-iompróirí siúd nach ndearna sé imeachtaí a thionscnamh ina gcoinne.

3.   Tabharfaidh an chúirt nó an binse a cinneadh nó a chinneadh in aon bhreith amháin maidir leis na héilimh cúláraigh go léir a thugtar os a comhair nó os a chomhair.

4.   Féadfaidh iompróir ar mian leis a cheart cúláraigh a fhorfheidhmiú a chaingean a thabhairt os comhair chúirt nó bhinse an Stáit ina bhfuil a phríomháit ghnó ag ceann de na hiompróirí a bhí páirteach san iompar, nó an brainse nó an ghníomhaireacht a thug an conradh iompair i gcrích.

5.   I gcás ina dtabharfar caingean in aghaidh roinnt iompróirí, beidh an t-iompróir is gearánaí i dteideal an chúirt nó an binse a dtionscnóidh sé na himeachtaí os a comhair nó os a chomhair a roghnú as na cúirteanna agus na binsí a bheidh inniúil de bhun mhír 4.

6.   Ní fhéadfar imeachtaí cúláraigh a cheangal le himeachtaí maidir le cúiteamh arna dtionscnamh ag an duine a mbeidh teidlíocht aige faoin gconradh iompair.

Airteagal 64

Comhaontuithe a bhaineann le cúlárach

Féadfaidh na hiompróirí comhaontuithe a thabhairt i gcrích lena ndéantar maolú ar Airteagal 61 agus ar Airteagal 62.


IARSCRÍBHINN II

ÍOSMHÉID FAISNÉISE LE CUR AR FÁIL AG GNÓTHAIS IARNRÓID AGUS DÍOLTÓIRÍ TICÉAD

Cuid I: Faisnéis roimh an turas

Coinníollacha ginearálta is infheidhme ar an gconradh

Amchláir agus coinníollacha don turas is tapúla

Amchláir agus coinníollacha do na táillí ar fad atá ar fáil, lena n-aibhsítear na táillí is ísle

Inrochtaineacht, coinníollacha rochtana agus saoráidí ar bord do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/882 agus Rialacháin (AE) Uimh. 454/2011 agus 1300/2014

Infhaighteacht spásanna, agus coinníollacha rochtana, do rothair

Fáil ar shuíocháin den chéad ghrád agus den dara grád, leapacha suíocháin agus carráistí couchette

Briseadh, amhail cealuithe agus moilleanna (am pleanáilte agus fíor-am)

Infhaighteacht áiseanna ar bord, lena n-áirítear Wi-Fi agus leithris, seirbhísí atá ar fáil ar bord, lena n-áirítear an cúnamh a thugann an fhoireann do phaisinéirí.

Faisneis sula gceannaítear ticéad, á rá an bhfuil an ticéad nó na ticéid ina thréthicéad nó ina dtréthicéid

Nósanna imeachta chun bagáiste caillte a éileamh ar ais

Nósanna imeachta chun gearáin a chur isteach

Cuid II: Faisnéis le linn an turais

Seirbhísí agus áiseanna ar bord, lena n-áirítear Wi-Fi

An chéad stáisiún eile

Briseadh, amhail cealuithe agus moilleanna (am pleanáilte agus fior-am)

Príomhsheirbhísí naisc

Ceisteanna slándála agus sábháilteachta

Cuid III: Oibríochtaí i dtáca le córais áirithinte

Iarratais ar infhaighteacht seirbhísí iarnróid do phaisnéirí, lena n-airítear na taraifí is infheidhme

Iarratais ar áirithintí seirbhísí iarnróid do phaisinéirí

Iarratais ar áirithint a chealú go hiomlán nó go páirteach


IARSCRÍBHINN III

ÍOSCHAIGHDEÁIN CHÁILÍOCHTA SEIRBHÍSE

Faisnéis agus ticéid

Poncúlacht seirbhísí, agus prionsabail ghinearálta na ndóigheanna a ndéileálann gnóthais iarnróid le briseadh seirbhísí

Moilleanna

(i)

an mheánmhoill fhoriomlán ar sheirbhísí mar chéatadán de réir na catagóire seirbhíse (fadachair, réigiúnach agus uirbeach/fo-uirbeach);

(ii)

an céatadán de sheirbhísí a raibh moill orthu tráth an imeachta dá dtagraítear in Airteagal 19(10);

(iii)

an céatadán de sheirbhísí a raibh moill orthu tráth an teachta;

(iv)

percentage of services delayed at arrival

an céatadán de mhoilleanna a bhí ní ba lú ná 60 nóiméad;

an céatadán de mhoilleanna a bhí idir 60 agus 119 nóiméad;

an céatadán de mhoilleanna a bhí 120 nóiméad ar fad nó níos faide;

Cealuithe seirbhísí

(i)

cealú seirbhísí mar chéatadán de réir na catagóire seirbhíse (idirnáisiúnta, intíre fadachair, réigiúnach agus uirbeach/fo-uirbeach);

(ii)

cealú seirbhísí mar chéatadán de réir na catagóire seirbhíse (idirnáisiúnta, intíre fadachair, réigiúnach agus uirbeach/fo-uirbeach) arb é is cúis leo na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 19(10)

Glaineacht an rothstoic agus saoráidí stáisiúin (cáilíocht an aeir agus rialú teochta sna carráistí, sláinteachas na saoráidí sláintíochta, etc.)

Suirbhé ar shástacht na gcustaiméirí

Láimhseáil gearán, aisíocaíochtaí agus cúiteamh as neamhchomhlíonadh na gcaighdeán cáilíochta seirbhíse

Cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, agus idirphlé a bhaineann leis an gcúnamh sin le heagraíochtaí ionadaíocha agus, i gcás inarb ábhartha, le hionadaithe ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.


IARSCRÍBHINN IV

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 1(a)

Airteagal 1(a)

Airteagal 1(b)

Airteagal 1(b)

Airteagal 1(c)

Airteagal 1(c)

Airteagal 1(d)

Airteagal 1(e)

Airteagal 1(d)

Airteagal 1(f)

Airteagal 1(e)

Airteagal 1(g)

Airteagal 1(h)

Airteagal 1(f)

Airteagal 1(i)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(5)

Airteagal 2(6)(a), (8)—

Airteagal 2(6)

Airteagal 2(6) (b)—

Airteagal 2(7)

Airteagal 2(7)—

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(3)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(5)

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(2), (3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(5)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(6)

Airteagal 3(4)

Airteagal 3(7)

Airteagal 3(5)

Airteagal 3(8)

Airteagal 3(6)

Airteagal 3(7)

Airteagal 3(9)

Airteagal 3(8)

Airteagal 3 (10)

Airteagal 3(9)

Airteagal 3(10)

Airteagal 3(11)

Airteagal 3(11)

Airteagal 3(12)

Airteagal 3(13)

Airteagal 3(14)

Airteagal 3(15)

Airteagal 3(16)

Airteagal 3(12)

Airteagal 3(17)

Airteagal 3(18)

Airteagal 3(13)

Airteagal 3(19)

Airteagal 3 (20)

Airteagal 3(15)

Airteagal 3(21)

Airteagal 3(22)

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 9

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 11

Airteagal 13

Airteagal 12

Airteagal 14

Airteagal 13

Airteagal 15

Airteagal 14

Airteagal 16

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 16

Airteagal 18

Airteagal 18(2), (3), (4), (5), (6), (7)

Airteagal 17(1)

Airteagal 19(1), (2), (3), (4)

Airteagal 19(5), (6)

Airteagal 17(2)

Airteagal 19(7)

Airteagal 17(3)

Airteagal 19(8)

Airteagal 17(4)

Airteagal 19(9)

Airteagal 19(10)

Airteagal 20

Airteagal 18

Airteagal 20(6)

Airteagal 19

Airteagal 21

Airteagal 20

Airteagal 22

Airteagal 21 (1)

Airteagal 21 (2)

Airteagal 23(1) (g)

Airteagal 22, Airteagal 23

Airteagal 23

Airteagal 22(2)

Airteagal 24

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 25(1), (2), (3)

Airteagal 26

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 28(3)

Airteagal 27(3)

Airteagal 28(4)

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 32, 33

Airteagal 31

Airteagal 34

Airteagal 34 (1), (3)

Airteagal 32

Airteagal 35

Airteagal 35(2)

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 36

Airteagal 35

Airteagal 38

Airteagal 37

Airteagal 36

Airteagal 39

Airteagal 40

Airteagal 37

Airteagal 41

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV


17.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

53


RIALACHÁN (AE) 2021/783 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2021

lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá reachtaíocht agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le reachtaíocht agus beartas ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh tar éis feabhsuithe substaintiúla a chur ar staid an chomhshaoil. Mar sin féin, tá mórdhúshláin chomhshaoil agus aeráide fós ann agus, mura dtabharfar aghaidh orthu, beidh iarmhairtí suntasacha diúltacha ann don Aontas agus do dhea-bhail na saoránach.

(2)

Is é an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), don tréimhse 2014 go 2020, an clár is déanaí de shraith clár de chuid an Aontais ó 1992 lena dtugtar tacaíocht do chur chun feidhme na dtosaíochtaí reachtaíochta agus beartais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid. Rinneadh measúnú dearfach ar LIFE i meastóireacht mheántéarma a rinneadh air le déanaí agus tugadh le fios go bhfuil gach cosúlacht ann go bhfuil an Clár éifeachtach, éifeachtúil agus ábhartha. Ba cheart, mar sin, leanúint de Chlár LIFE 2014–2020 ach roinnt modhnuithe a dhéanamh air a sainaithníodh sa mheastóireacht mheántéarma agus i measúnuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin. Dá réir sin, ba cheart an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) (“Clár LIFE”) a bhunú ar feadh tréimshe seacht mbliana chun a ré a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (5).

(3)

Le linn tabhairt faoi na cuspóirí agus na spriocanna s a bhaint amach, arna leagan síos ag reachtaíocht, beartas agus pleananna maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid, go háirithe na cuspóirí a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’(‘an Comhaontú Glas don Eoraip’) agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, le Clár LIFE, i gcomhréir le prionsabal an aistrithe chóir, ba cheart rannchuidiú leis an athrú i dtreo geilleagar inbhuanaithe, ciorclach, fuinneamhéifeachtúil, atá bunaithe ar an bhfuinneamh inathnuaite, geilleagar atá aeráidneodrach agus athléimneach, le cáilíocht an chomhshaoil, lena n-áirítear an t-aer, an t-uisce agus an ithir, agus an tsláinte, a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú agus le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, lena n-áirítear trí thacú le cur chun feidhme agus bainistiú líonra Natura 2000 agus trí dhul i ngleic le díghrádú na n-éiceachóras, bíodh sé trí idirghabhálacha díreacha nó trí thacú leis na cuspóirí sin a chomhtháthú i mbeartais eile. Le Clár LIFE, ba cheart tacú freisin le cur chun feidhme na gclár gníomhaíochta ginearálta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 192(3) Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), amhail an 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (6) agus aon chlár gníomhaíochta don chomhshaol de chuid an Aontais dá éis sin.

(4)

Tá an tAontas tiomanta do fhreagairt chuimsitheach a fhorbairt ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre na Náisiún Aontaithe 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, lena gcuirtear béim ar an nasc intreach idir acmhainní nádúrtha a bhainistiú chun a n-infhaighteacht fhadtéarmach a áirithiú agus seirbhísí éiceachórais, agus an nasc atá ann idir iad araon agus sláinte an duine agus fás eacnamaíoch atá inbhuanaithe agus cuimsitheach ar bhonn sóisialta. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart do Chlár LIFE a bheith ina léiriú ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus cuidiú ar dhóigh shuntasach leis an bhforbairt eacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta araon.

(5)

D’fhonn an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, ba cheart na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil agus na haeráide a chomhtháthú sa sainmhíniú ar bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais agus ina gcur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart sineirgí agus comhlántacht le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais a chur chun cinn freisin, lena n-áirítear trí chistiú a éascú do na gníomhaíochtaí a chomhlánaíonn tionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail dúlra straitéiseacha agus a thacaíonn le glacadh agus macasamhlú na réiteach arna bhforbairt faoi Chlár LIFE. Is gá comhordú a dhéanamh chun cistiú dúbailte a chosc. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun forluí riaracháin agus ualach riaracháin ar thairbhithe tionscadail, a eascraíonn as oibleagáidí tuairiscithe ó ionstraimí airgeadais éagsúla, a chosc.

(6)

Le Clár LIFE, ba cheart rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe agus cuspóirí agus spriocanna reachtaíocht, straitéisí, phleananna agus ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le cuspóirí agus spriocanna reachtaíocht, straitéisí, phleananna agus ghealltanais idirnáisiúnta ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh a bhaint amach, go háirithe maidir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (7) agus Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (8) (‘Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide’), agus, inter alia, Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (9) (‘Coinbhinsiún Aarhus’), Coinbhinsiún UNECE maidir le hAerthruailliú Trasteorann Fadraoin, Coinbhinsiún Basel na Náisiún Aontaithe maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt, Coinbhinsiún Rotterdam na Náisiún Aontaithe ar an Nós Imeachta i dTaobh Toiliú Feasach a chur in iúl roimh ré le haghaidh Ceimiceán Guaiseach agus Lotnaidicídí áirithe sa Trádáil Idirnáisiúnta, agus Coinbhinsiún Stócólm na Náisiún Aontaithe ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha.

(7)

Tá sé an-tábhachtach don Aontas go mbeadh na torthaí ar na tionscadail atá á maoiniú ag Clár LIFE inbhuanaithe go fadtéarmach agus go mbeifí in ann na torthaí sin a bhaint amach agus a choinneáil tar éis chur chun feidhme na dtionscadal, inter alia, trí leanúint ar aghaidh leis na tionscadail, trí na tionscadail a mhacasamhlú nó trí na torthaí a aistriú.

(8)

Chun na gealltanais a thug an tAontas faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aaeráide a chomhlíonadh, is gá an tAontas a chlaochlú ina shochaí inbhuanaithe, chiorclach, fhuinneamhéifeachtúil, aeráidneodrach agus aeráid-díonach atá bunaithe ar an bhfuinneamh inathnuaite. Le claochlú den sórt sin, tá gá le gníomhaíocht a dhíríonn go háirithe ar na hearnálacha is mó a chuireann le leibhéil aschuir gás ceaptha teasa agus truaillithe, a chuireann an éifeachtúlacht fuinnimh agus an fuinneamh inathnuaite chun cinn agus a thacaíonn le creat beartais 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus Pleananna Náisiúnta Comhtháite na mBallstát don Fhuinneamh agus don Aeráid a chur chun feidhme agus le cur chun feidhme straitéis fhadtéarmach aeráide agus fhuinnimh an Aontais, i gcomhréir le cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh i gClár LIFE bearta lena rannchuidítear le cur chun feidhme bheartas an Aontais um oiriúnú don athrú aeráide chun aon laige de thoradh éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide a laghdú.

(9)

Ba cheart tionscadail san fhochlár nua don Aistriú chuig Fuinneamh Glan de chuid Chlár LIFE a bheith dírithe ar fhothú acmhainneachta a chruthú agus saineolas, scileanna, teicnící nuálacha, modhanna agus réitigh a scaipeadh chun cuspóirí reachtaíocht agus bheartais an Aontais maidir leis an aistriú chuig fuinneamh inathnuaite agus éifeachtúlacht bhreise fuinnimh a bhaint amach. Is iondúil gur gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta iad gníomhaíochtaí den sórt sin lena mbaineann breisluach ard ar leibhéal an Aontais, a bhfuil sé mar aidhm leo bacainní margaidh a chuireann bac ar an aistriú socheacnamaíoch chuig an bhfuinneamh inbhuanaithe a shárú, agus a bhaineann go príomha le heintitis bheaga agus mheánmhéide chomh maith le gníomhaithe iolracha, lena n-áirítear údaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha. Tá tairbhí éagsúla ag baint le gníomhaíochtaí den sórt sin, amhail dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, feabhas ar cháilíocht an aeir laistigh, truailleáin áitiúla a laghdú a bhuí le feabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus níos mó fuinneamh inathnuaite dáilte, agus rannchuidiú le dea-éifeachtaí eacnamaíocha áitiúla agus fás atá níos cuimsithí ar bhonn sóisialta.

(10)

Chun rannchuidiú le maolú an athraithe aeráide agus le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir le dícharbónú, ní mór dlús a chur le claochlú na hearnála fuinnimh. Maidir le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta lena dtacaítear le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh inathnuaite, agus a chisteofar go 2020 faoi Fís 2020 (10), ba cheart iad sin a chomhtháthú san fhochlár nua don Aistriú chuig Fuinneamh Glan de chuid Chlár LIFE, ós rud é nach é an cuspóir atá ag na cistí sin an barr feabhais a chistiú agus an nuálaíocht a spreagadh, ach glacadh na teicneolaíochta atá ann cheana don fhuinneamh inathnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh a éascú, rud a chuideoidh leis an athrú aeráide a mhaolú. Ba cheart na geallsealbhóirí agus na hearnálacha ar fad a bhfuil baint acu le haistriú chuig fuinneamh glan a bheith páirteach i gClár LIFE. A bhuí leis na gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta den sórt sin a bheith mar chuid de Chlár LIFE, cruthaítear deiseanna do shineirgí idir na fochláir agus méadaítear comhleanúnachas foriomlán chistiú an Aontais. Ba cheart, da bhrí sin, sonraí maidir le glacadh réiteach taighde agus nuálaíochta atá ann cheana sna tionscadail de chuid chlár LIFE a bhailiú agus a scaipeadh, an clár Fís Eorpach arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) (‘Fís Eorpach’) agus na cláir a bhí ann roimhe san áireamh.

(11)

Sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treorach (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), a leasaigh Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), meastar go mbeidh gá le hinfheistíocht bhreise de EUR 177 mbilliún in aghaidh na bliana le linn na tréimhse 2021 go 2030 chun spriocanna fuinnimh 2030 an Aontais a bhaint amach. Baineann na bearnaí is mó leis an infheistíocht i ndícharbónú foirgneamh chun éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh ar scála beag a mhéadú, i gcás ina bhfuil gá caipiteal a dhíriú i dtreo tionscadail de chineál ard-dáilte. Ar cheann de chuspóirí an fhochláir don ‘Aistriú chuig Fuinneamh Glan’, lena gcumhdaítear éífeachtúlacht fuinnimh agus cur in úsáid mear an fhuinnimh inathnuaite, tá fothú acmhainneachta ar mhaithe le forbairt agus comhiomlánú tionscadal den sórt sin, agus, ar an dóigh sin, cuidiú freisin cistí a iompar ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus gníomhú mar chatalaíoch d’infheistíochtaí san fhuinneamh inathnuaite agus san éifeachtúlacht fuinnimh agus, ina theannta sin, úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais arna soláthar faoi Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(12)

Is é Clár LIFE an t-aon chlár amháin atá tiomnaithe go sonrach don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide agus, dá bhrí sin, tá ról ríthábhachtach aige ó thaobh tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais a chur chun feidhme sna réimsí sin.

(13)

Ba cheart, le sineirgí leis an gclár Fís Eorpach, éascú a dhéanamh ar riachtanais taighde agus nuálaíochta a shainaithint agus a bhunú maidir le dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil, aeráide agus fuinnimh laistigh den Aontas le linn an phróisis pleanála maidir le taighde straitéiseach agus nuálaíocht de chuid an chláir Fís Eorpach. Ba cheart do Chlár LIFE leanúint de bheith ag gníomhú mar chatalaíoch chun reachtaíocht agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid agus reachtaíocht agus beartas ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí bhíthin torthaí taighde agus nuálaíochta ón gclár Fís Eorpach a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm agus ba cheart dó cuidiú chun iad a chur á n-úsáid ar scála níos leithne más rud é gur féidir leis sin cuidiú le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhshaoil, aeráide nó aistrithe fuinnimh. Maidir le smaointe nua ceannródaíocha a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar chur chun feidhme thionscadail Chlár LIFE, is féidir leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach de chuid an chláir Fís Eorpach tacú leis na smaointe sin a mhéadú ar scála níos leithne agus a thráchtálú. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart sineirgí leis an gCiste Nuálaíochta faoin gCóras Trádála Astaíochtaí, arna bhunú faoi Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) a chur san áireamh freisin.

(14)

Ba cheart gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici ó Chlár LIFE a bheith in ann ranníocaíocht a fháil freisin ó chláir eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaíonn ranníocaíochtaí den sórt sin na costais chéanna. Níor cheart ach iniúchadh amháin a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a fhaigheann maoiniú carnach ó chláir éagsúla de chuid an Aontais agus ar bhealach lena gcumhdófar na cláir uile de chuid an Aontais atá i dtrácht agus na rialacha is infheidhme lena mbaineann.

(15)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2017 maidir le ‘The EU Environmental Implementation Review: Common challenges and how to combine efforts to deliver better results’ [Athbhreithniú an Aontais Eorpaigh ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil: Dúshláin choiteanna agus conas oibriú as lámh a chéile chun torthaí níos fearr a bhaint amach] (EIR), léirítear gur gá dul chun cinn suntasach a dhéanamh chun dlús a chur le cur chun feidhme acquis an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcomhshaol agus chun comhtháthú agus príomhshruthú na gcuspóirí comhshaoil agus aeráide i mbeartais eile a fheabhsú. Ba cheart do Chlár LIFE, dá bhrí sin, gníomhú mar chatalaíoch chun dul i ngleic le dúshláin chórasacha chothrománacha mar aon leis na bunchúiseanna atá leis na heasnaimh sa chur chun feidhme mar a sainaithníodh iad in EIR, agus chun an cur chun cinn is gá a bhaint amach trí chuir chuige nua a fhorbairt, a thástáil agus a mhacasamhlú; trí thacú le beartas a fhorbairt, agus faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh air; an rialachas a fheabhsú maidir leis an gcomhshaol, leis an athrú aeráide agus le hábhair a bhaineann leis an aistriú chuig fuinneamh glan, lena n-áirítear trí rannpháirteachas na ngeallsealbhóirí ar gach leibhéal, fothú acmhainneachta, cumarsáid agus feasacht a fheabhsú; infheistíochtaí ó chláir infheistíochta an Aontais nó ó fhoinsí eile airgeadais a shlógadh agus trí thacú le gníomhaíochtaí chun na constaicí éagsúla i gcur chun feidhme éifeachtach na bpríomhphleananna a cheanglaítear le reachtaíocht chomhshaoil a shárú.

(16)

Chun cailliúint na bithéagsúlachta agus díghrádú éiceachóras a stopadh agus a aisiompú, lena n-áirítear in éiceachórais mhuirí, is gá tacú le forbairt, cur chun feidhme, forfheidhmiú agus measúnú reachtaíochta agus beartais ábhartha de chuid an Aontais, lena n-áirítear an teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh do 2030 _An Dúlra a thabhairt ar ais isteach inár Saol, Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (16), Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), go háirithe trí fhorbairt a dhéanamh ar an mbonn eolais chun beartas a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus trí dhea-chleachtais agus réitigh ar scála beag nó atá oiriúnaithe do chomhthéacsanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar leith a fhorbairt, a thástáil, a thaispeáint agus a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cuir chuige chomhtháite maidir le cur chun feidhme na gcreataí gníomhaíochta a bhfuil tosaíocht tugtha dóibh arna nglacadh de bhun Threoir 92/43/CEE. Ba cheart don Rialachán seo rannchuidiú le gníomhaíocht bhithéagsúlachta a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus leis an uaillmhian fhoriomlán a bhaint amach arb í 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2024 agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus in 2027, agus ag an am céanna aon fhorluí atá ann cheana idir na spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a mheas.

Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit a gcaiteachas i leith na bithéagsúlachta a rianú chun a n-oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh faoin gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. Ba cheart freisin ceanglais maidir le rianú i reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais a chomhlíonadh. Ba cheart caiteachas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a rianú i gcomhréir le modheolaíocht éifeachtach thrédhearcach chuimsitheach atá an Coimisiún le leagan amach, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, faoi mar a thagraítear dó sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (19).

(17)

Leis na meastóireachtaí agus na measúnuithe a rinneadh le déanaí, lena n-áirítear an t-athbhreithniú meántéarma a rinneadh ar Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2020 agus ar an tSeiceáil Oiriúnachta ar an reachtaíocht maidir leis an dúlra, léirítear go bhfuil an easpa maoinithe leordhóthanaigh ar cheann de na bunchúiseanna is mó le neamhleordhóthanacht cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir leis an dúlra agus straitéis na bithéagsúlachta.

Leis na príomhionstraimí cistiúcháin de chuid an Aontais, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa’), an Ciste Comhtháthaithe arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) (an ‘Ciste Comhtháthaithe’), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) (an ‘Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe’) agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe arna bhunú faoi Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (an ‘Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe’), d’fhéadfaí cuidiú go mór chun freastal ar na riachtanais sin, ar bhonn comhlántach. Le Clár LIFE, d'fhéadfaí tuilleadh feabhsuithe a chur ar éifeachtúlacht príomhshruthaithe den sórt sin trí thionscadail dúlra straitéiseacha atá tiomanta do bheith ag gníomhú mar chatalaíoch do chur chun feidhme reachtaíocht agus bheartas an Aontais maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí a leagtar amach i gcreataí gníomhaíochta a bhfuil tosaíocht tugtha dóibh arna nglacadh de bhun Threoir 92/43/CEE. Ba cheart, le tionscadail dúlra straitéiseacha, tacú le cláir gníomhaíochtaí sna Ballstáit a bhfuil sé mar aidhm leo cuspóirí ábhartha dúlra agus bithéagsúlachta a phríomhshruthú i mbeartais agus cláir chistiúcháin eile agus, ar an dóigh sin, a áirithiú go slógtar cistí iomchuí chun na beartais sin a chur chun feidhme.

Mar chuid dá bPlean Straitéiseach don Chomhbheartas Talmhaíochta, ba cheart ligean do na Ballstáit a chinneadh sciar áirithe den leithdháileadh ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe a úsáid chun tacaíocht a luamhánú le haghaidh gníomhaíochtaí lena gcomhlánaítear tionscadail dúlra straitéiseacha mar a shainítear faoin Rialachán seo.

(18)

Chun an geilleagar ciorclach agus éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn, is gá athrú a bheith ann maidir leis an gcaoi a ndéantar ábhair agus táirgí, lena n-áirítear ábhar plaisteach, a dhearadh, a tháirgeadh, a úsáid, a dheisiú, a athúsáid, a athchúrsáil agus a dhiúscairt, ag díriú ar shaolré iomlán na dtáirgí. Ba cheart, le Clár LIFE, cuidiú leis an aistriú chuig samhail an gheilleagair chiorclaigh trí thacaíocht airgeadais lena ndírítear ar ghníomhaithe éagsúla amhail gnólachtaí, údaráis phoiblí agus tomhaltóirí, go háirithe trí bhíthin an teicneolaíocht, na cleachtais agus na réitigh is fearr atá oiriúnaithe do chomhthéacsanna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar leith a chur i bhfeidhm, a fhorbairt agus a mhacasamhlú, lena n-áirítear trí chuir chuige chomhtháite maidir le hord na réiteach dramhaíola a chur i bhfeidhm agus pleananna bainistithe dramhaíola agus pleananna maidir le cosc ar dhramhaíl a chur chun feidhme. Trí thacú leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2018 maidir le ‘A European Strategy for Plastics in a Circular Economy’ [Straitéis Eorpach maidir le hÁbhar Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach] a chur chun feidhme, d'fhéadfaí gníomhaíocht a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt go háirithe ar fhadhb an bhruscair mhuirí.

(19)

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ardleibhéal cosanta comhshaoil ann ar mhaithe le sláinte agus dea-bhail shaoránaigh an Aontais. Le Clár LIFE, ba cheart tacú le cuspóirí an Aontais a mhéid a bhaineann le ceimiceáin a tháirgeadh agus a úsáid ar bhealaí as a dtiocfaidh íoslaghdú ar an tionchar mór díobhálach a bhíonn acu ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, d’fhonn cuspóir an chomhshaoil neamhthocsainigh san Aontas a bhaint amach. Le Clár LIFE, ba cheart tacú freisin le gníomhaíochtaí lena n-éascaítear cur chun feidhme Threoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) chun leibhéil torainn a bhaint amach nach n-eascraíonn tionchar mór diúltach ar shláinte an duine agus rioscaí di astu.

(20)

A mhéid a bhaineann leis an mbeartas aeir, is é cuspóir fadtéarmach an Aontais cáilíocht aeir a bhaint amach ar leibhéal nach mbeadh mórthionchar diúltach aige ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol agus nach mbeadh rioscaí aige do shláinte an duine ná don chomhshaol (24) agus, ag am céanna, na sineirgí idir feabhsuithe cháilíocht an aeir agus an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa á neartú. Tá an pobal ar an eolas faoi thruailliú an aeir agus tá na saoránaigh ag súil le beart ó na húdaráis, go háirithe i limistéir ina bhfuil an daonra agus na héiceachórais nochta d’ardleibhéil truailleán aeir. Le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar béim ar an ról is féidir a bheith ag cistiú ón Aontas i gcuspóirí maidir le haer glan a bhaint amach. Le Clár LIFE, dá bhrí sin, ba cheart tacú le tionscadail, lena n-áirítear tionscadail chomhtháite straitéiseacha, lena bhféadfaí cistí poiblí agus príobháideacha a luamhánú agus a d’fhéadfadh a bheith ina n-eiseamláir don dea-chleachtas agus chun gníomhú mar chatalaíoch do phleananna agus reachtaíocht maidir le cáilíocht an aeir a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, ilréigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta.

(21)

Le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), cuireadh ar bun creat chun uiscí dromchla, uiscí cósta, uiscí trasdultacha agus screamhuisce an Aontais a chosaint. Thabharfaí tacaíocht do chuspóirí na Treorach sin trí chuspóirí an bheartais uisce a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus iad a chomhtháthú i réimsí beartais eile ar bhealach níos fearr. Le Clár LIFE, dá bhrí sin, ba cheart tacú le tionscadail lena gcuidítear le cur chun feidhme éifeachtach Threoir 2000/60/CE agus reachtaíochta ábhartha eile uisce de chuid an Aontais lena gcuidítear dea-stádas dhobharlaigh an Aontais a bhaint amach trí dhea-chleachtais a chur i bhfeidhm, a fhorbairt agus a mhacasamhlú, chomh maith le trí ghníomhaíochtaí comhlántacha faoi chláir nó foinsí airgeadais eile de chuid an Aontais Eorpaigh a shlógadh.

(22)

Tá cosaint agus athbhunú an chomhshaoil mhuirí ar cheann d'aidhmeanna foriomlána bheartas comhshaoil an Aontais. Le Chlár LIFE, ba cheart tacú leis an méid seo a leanas: an bhithéagsúlacht agus éiceachórais mhuirí a bhainistiú, a chaomhnú, a athbhunú agus faireachán a dhéanamh orthu, go háirithe i láithreáin mhuirí Natura 2000, agus speicis a chosaint i gcomhréir leis na creataí gníomhaíochta a bhfuil tosaíocht tugtha dóibh arna nglacadh de bhun Threoir 92/43/CEE; StádasMaith Comhshaoil a bhaint amach i gcomhréir le Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26); farraigí atá glan agus folláin a chur chun cinn; an teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2018 maidir le Straitéis Eorpach don Phlaisteach i nGeilleagar Ciorclach a chur chun feidhme, aghaidh a thabhairt go háirithe ar an bhfadhb a bhaineann le trealamh iascaireachta caillte agus bruscar muirí; agus rannpháirtíocht an Aontais i rialachas idirnáisiúnta aigéan a chur chun cinn, rud atá ríthábhachtach chun cuspóirí Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach agus chun aigéin fholláine a áirithiú do ghlúnta amach anseo. Ba cheart a áireamh i dtionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail dúlra straitéiseacha Chlár LIFE gníomhaíochtaí ábhartha arb é is aidhm dóibh an comhshaol muirí a chosaint.

(23)

Chun feabhas a chur ar an rialachas maidir leis an gcomhshaol, leis an athrú aeráide agus le hábhair a bhaineann leis an aistriú fuinnimh, is gá rannpháirteachas na sochaí sibhialta a áirithiú trí fheasacht an phobail a mhúscailt, lena n-áirítear trí straitéis chumarsáide lena gcuirtear san áireamh na meáin nua agus na líonraí sóisialta, rannpháirtíocht na dtomhaltóirí, agus lena méadaítear rannpháirteachas na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), i gcomhairliúchán maidir le beartais ghaolmhara agus maidir leis na beartais sin a chur chun feidhme ar gach leibhéal. Is iomchuí, dá bhrí sin, go dtacaíonn Clár LIFE le raon leathan d’eagraíochtaí neamhrialtasacha mar aon le líonraí d’eintitis neamhbhrabúsacha a fhéachann le haidhm a bhaint amach atá chun leas ginearálta an Aontais, agus atá gníomhach go príomha i réimse an chomhshaoil nó an ghníomhaithe ar son na haeráide, trí dheontais oibríochta a dhámhachtain ar bhealach iomaíoch agus trédhearcach chun cabhrú le ENRanna, leis na líonraí agus leis na heintitis sin rannchuidiú go héifeachtach le beartas an Aontais agus chun cur lena n-acmhainneacht a bheith ina gcomhpháirtithe níos éifeachtúla, agus an acmhainneacht sin a neartú.

(24)

Cé gur cheart feabhsú an rialachais ar gach leibhéal a bheith ina chuspóir trasearnálach d’fhochláir uile Chlár LIFE, le Clár LIFE, ba cheart tacú le forbairt, cur chun feidhme, forfheidhmiú agus comhlíonadh an acquis maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid, go háirithe ó thaobh na reachtaíochta cothrománaí maidir leis an rialachas comhshaoil, lena n-áirítear reachtaíocht lena gcuirtear chun feidhme UNEC Choinbhinsiún Aarhus.

(25)

Le Chlár LIFE, ba cheart gníomhairí margaidh a ullmhú don athrú agus ba cheart tacaíocht a thabhairt dóibh don athrú sin i dtreo geilleagar inbhuanaithe, ciorclach, fuinneamhéifeachtúil, aeráidneodrach, aeráid-díonach atá bunaithe ar an bhfuinneamh inathnuaite trí dheiseanna nua gnó a thástáil, scileanna gairmiúla a uasghrádú, rochtain tomhaltóirí ar earraí agus seirbhísí inbhuanaithe a éascú, lucht tionchair a fhostú agus a chumhachtú agus modhanna nuálacha a thástáil chun na próisis agus an tírdhreach gnó atá ann cheana a oiriúnú. Chun tacú le glacadh níos leithne réiteach inbhuanaithe sa mhargadh, ba cheart glacadh an phobail i gcoitinne agus rannpháirtíocht na dtomhaltóirí a chur chun cinn.

(26)

Tá Clár LIFE deartha chun tacú le taispeáint na dteicnící, na gcur chuige agus na ndea-chleachtas ar féidir iad a mhacasamhlú agus cur leo. Le réitigh nuálacha, rannchuideofaí le feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil agus ar an inbhuanaitheacht, go háirithe chun cleachtais inbhuanaithe feirmeoireachta a fhorbairt sna réimsí atá gníomhach i réimsí na haeráide, an uisce, na hithreach, na bithéagsúlachta agus na dramhaíola. I ndáil leis seo, ba cheart béim a chur ar shineirgí le cláir agus beartais eile, amhail an Chomhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta um Tháirgiúlacht agus Inbhuaine Talmhaíochta agus Scéim AE um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil.

(27)

Ar leibhéal an Aontais, is iondúil go gcistítear infheistíochtaí móra i ngníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide trí mhórchláir chistiúcháin de chuid an Aontais. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, dlús a chur leis na hiarrachtaí príomhshrutha chun an inbhuanaitheacht, an profáil bithéagsúlachta agus an díonadh ar an athrú aeráide maidir leis na gníomhaíochtaí faoi chláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais agus chun comhtháthú na gcoimircí inbhuanaitheachta in ionstraimí uile an Aontais a áirithiú. I gcomhthéacs a róil mar chatalaíoch, l leis na tionscadail chomhtháite straitéiseacha agus na tionscadail dúlra straitéiseacha atá le forbairt faoi Chlár LIFE, ba cheart deiseanna maoiniúcháin a luamhánú faoi na cláir chistiúcháin sin agus faoi fhoinsí eile cistiúcháin, amhail cistí náisiúnta, agus ba cheart sineirgí a chruthú.

(28)

Braitheann rath na dtionscadal dúlra straitéiseach agus na dtionscadal comhtháite straitéiseach ar dhlúthchomhar idir na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus na gníomhaithe neamhstáit a ndéanann cuspóirí Chlár LIFE difear dóibh. Ba cheart na prionsabail maidir le trédhearcacht agus nochtadh cinntí maidir le forbairt, cur chun feidhme, measúnú agus faireachán tionscadal a chur i bhfeidhm, dá bhrí sin, go háirithe i gcás príomhshruthú nó nuair a bhíonn foinsí iomadúla cistithe i gceist.

(29)

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide ar bhealach comhordaithe uaillmhianach, i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aaeráide agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh Clár LIFE le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus an sprioc fhoriomlán a bhaint amach 30 % ar a laghad de chaiteachas buiséadach an Aontais a chaitheamh ar thacaíocht do chuspóirí aeráide. Le gníomhaíochtaí faoin Chlár LIFE, táthar ag súil go gcaithfear 61 % d'imchlúdach airgeadais foriomlán Chlár LIFE ar chuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme Chlár LIFE, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin i gcomhthéacs na meastóireachtaí agus na bpróiseas athbhreithnithe ábhartha. I gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ba cheart an prionsabal "gan dochar a dhéanamh" a urramú leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi Chlár LIFE.

(30)

Agus Clár LIFE á chur chun feidhme, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an straitéis maidir leis na réigiúin is forimeallaí, atá sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017 maidir le ‘A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions’ [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí in AE] i bhfianaise Airteagal 349 CFAE agus riachtanais shonracha na réigiún sin agus a leochailí atá siad. Ba cheart beartais eile an Aontais nach beartais maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid iad, agus nach beartais ábhartha maidir leis an bhfuinneamh iad, a chur san áireamh freisin.

(31)

Chun tacú le cur chun feidhme Chlár LIFE, ba cheart don Choimisiún oibriú i gcomhar le líonra Phointí Teagmhála Náisiúnta chlár LIFE chun comhar a spreagadh arb é is aidhm dó seirbhísí na bPpointí Tteagmhála Nnáisiúnta ar fud an Aontais a fheabhsú agus a dhéanamh níos éifeachtaí, chun caighdeán foriomlán na dtograí arna dtíolacadh a mhéadú, seimineáir agus ceardlanna a eagrú, liostaí de thionscadail arna gcistiú faoi Chlár LIFE a fhoilsiú nó tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eile, amhail feachtais sna meáin, chun gur fearr is féidir torthaí tionscadail a scaipeadh ar bhealach níos fearr agus éascaíocht a dhéanamh ar mhalartuithe taithí, eolais agus dea-chleachtas agus ar mhacasamhlú torthaí tionscadail ar fud an Aontais, rud a chuirfeadh comhar agus cumarsáid chun cinn. Le gníomhaíochtaí den sórt sin, ba cheart go háirithe díriú ar na Ballstáit ag a bhfuil glacadh íseal cistí agus an chumarsáid agus ba cheart an comhar a éascú idir tairbhithe, iarratasóirí agus geallsealbhóirí tionscadail chríochnaithe nó leanúnacha sa réimse céanna. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh na gníomhaíochtaí cumarsáide agus comhair sin dírithe ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ar na geallsealbhóirí.

(32)

Ba cheart gurb í an cháilíocht an critéar lena rialaítear an próiseas meastóireachta agus dámhachtana tionscadail i gClár LIFE. Chun cur chun feidhme chuspóirí chlár LIFE ar fud an Aontais a éascú agus chun ardcháilíocht tograí tionscadail a chur chun cinn, ba cheart cistiú do thionscadail cúnaimh theicniúil a bhfuil sé mar aidhm leo rannpháirtíocht éifeachtach i gClár LIFE a chur ar fáil. Ba cheart don Choimisiún cumhdach geografach éifeachtach atá bunaithe ar cháilíocht a shaothrú ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí thacú leis na Ballstáit cáilíocht na dtionscadal a mhéadú trí fhothú acmhainneachta. Ba cheart rannpháirtíocht ísealéifeachtach, mar aon le gníomhaíochtaí incháilithe agus critéir dhámhachtana Chlár LIFE a shonrú sa Chlár Oibre Ilbhliantúil de réir rannpháirtíocht agus ráta ratha iarrthóirí na mBallstát faoi seach agus aird á tabhairt, inter alia, ar an daonra agus an dlús daonra, ar limistéar iomlán láithreán Natura 2000 do gach Ballstát arna shloinneadh mar chion de limistéar iomlán Natura 2000 agus mar chion de chríoch Ballstáit arna chumhdach ag láithreáin Natura 2000. Ba cheart na gníomhaíochtaí incháilithe a bheith den chineál sin go bhfuil sé mar aidhm leo feabhas a chur ar cháilíocht na n-iarratas ar thionscadal.

(33)

I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2018 maidir le 'EU actions to improve environmental compliance and governance'[Gníomhaíochtaí AE chun comhlíonadh agus rialachas comhshaoil a fheabhsú], bunaíodh Líonra an Aontais Eorpaigh maidir le Dlí an Chomhshaoil a Chur Chun Feidhme agus a Fhorfheidhmiú (IMPEL), Líonra Eorpach na n-Ionchúisitheoirí don Chomhshaol (ENPE) agus Fóram Breithiúna an Aontais Eorpaigh don Chomhshaol (EUFJE) chun comhoibriú idir na Ballstáit a éascú chun ról uathúil a imirt i reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol a fhorfheidhmiú. Cuireann siad go mór le comhsheasmhacht sa dóigh a ndéantar reachtaíocht an Aontais maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar fud an Aontais, le saobhadh iomaíochta a sheachaint agus le cáilíocht an iniúchta comhshaoil agus sásraí forfheidhmithe dlí a fheabhsú trí chóras líonraithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal an Bhallstáit araon, agus foráiltear leo do mhalartú faisnéise agus taithí a dhéanamh indéanta ag leibhéil dhifriúla riaracháin, chomh maith le trí oiliúint chríochnúil agus dianphlé i dtaca le saincheisteanna comhshaoil agus na gnéithe forfheidhmithe a bhaineann leo, lena n-áirítear próisis faireacháin agus próisis cheadúcháin. I bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad le cuspóirí Chlár LIFE, is iomchuí a údarú deontais a dhámhachtain do IMPEL, ENPE agus EUFJE gan glao ar thograí ionas go leanfar tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí sin. Ina theannta sin, i gcásanna eile d'fhéadfadh sé nach mbeadh gá le glao de bhun cheanglais ghinearálta Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) (an ‘Rialacháin Airgeadais’), mar shampla comhlachtaí arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus atá ag feidhmiú faoina gcúram, i gcás ina sainaithneofar na Ballstáit sin mar thairbhithe deontais trí ghníomh reachtach de chuid an Aontais.

(34)

Is iomchuí imchlúdach airgeadais a leagan síos do chlár LIFE arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo hacmhainní dílse nua a thabhairt isteach, do Pharlaimint na hEorpa ahis don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(35)

Ba cheart uasrátaí cómhaoinithe na ndeontas a chómhaoinítear faoi chlár LIFE a shocrú ag leibhéil a bhfuil gá leo chun an leibhéal éifeachtach tacaíochta arna soláthar ag Clár LIFE a choinneáil. Chun an inoiriúnaitheacht a bhfuil gá léi chun freagairt do réimse na ngníomhaíochtaí agus na n-eintiteas atá ann cheana a chur san áireamh, ba cheart go gcuirfeadh rátaí cómhaoinithe sonracha leis an gcinnteacht, fad a choinneofar an méid solúbthachta is gá i gcomhréir leis na riachtanais nó na ceanglais shonracha. Ba cheart na rátaí cómhaoinithe sonracha a bheith faoi réir na n-uasrátaí cómhaoinithe ábhartha bunaithe i gcónaí.

(36)

Tá feidhm ag an Rialachán Airgeadais arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha, agus foráiltear ann do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin i rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(37)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (29) ón gComhairle, Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (30) agus (AE) 2017/1939 (31) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus aimscrudú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin ( Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 833/2013, tá sé de chumhacht ag tá an cumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas chun comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus, i leith na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(38)

Ba cheart cineálacha maoiniúcháin agus modhanna cur chun feidhme bhuiséad Chlár LIFE a roghnú ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Maidir le deontais, ba cheart breithniú a dhéanamh ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus scálaí costas aonaid. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil cur chun feidhme éasca le tuiscint, agus ba cheart dó fíorshimpliú a chur chun cinn d’fhorbróirí tionscadail.

(39)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart cuspóirí beartais Chlár LIFE a shaothrú trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíocht bhuiséadach faoi Rialachán (AE) 2021/523, lena n-áirítear tríd an méid arna leithdháileadh ó Chlár LIFE, mar a shonraítear laistigh de na cláir oibre ilbhliantúla faoin gClár sin.

(40)

De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (33), tá eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí Chlár LIFE agus faoi réir socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ba cheart eintitis den sórt sin a rannpháirtíocht i gClár LIFE a dhíriú go príomha ar thionscadail a thagann faoin bhfochlár arb é ‘an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht’.

(41)

Leis an scéim dheonach maidir le Bithéagsúlacht agus Seirbhísí Éiceachórais i gcríocha Eorpacha Thar Lear (BEST), cuirtear chun cinn caomhnú na bithéagsúlachta, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht mhuirí, agus úsáid inbhuanaithe seirbhísí éiceachórais, lena n-áirítear cuir chuige atá bunaithe ar an éiceachóras maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide agus an maolú ar an athrú aeráide, sna Réigiúin is Forimeallaí san Aontas agus i dTíortha agus Críocha Thar Lear. Trí réamhghníomhaíocht BEST a glacadh in 2011 agus Clár BEST 2.0 agus tionscadal BEST RUP a tháinig ina diaidh, músclaíodh feasacht maidir le tábhacht éiceolaíoch na Réigiún is Forimeallaí agus na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear agus an ról tábhachtach atá acu maidir leis an mbithéagsúlacht dhomhanda a chaomhnú. Measann an Coimisiún gur EUR 8 milliún sa bhliain an tacaíocht airgeadais a theastaíonn do thionscadail ar an láthair sna críocha sin. Chuir na Tíortha agus na Críocha Thar Lear in iúl sna Dearbhuithe Aireachta a rinne siad in 2017 agus 2018 gur mór acu an scéim seo de dheontais bheaga don bhithéagsúlacht. Is iomchuí, dá bhrí sin, go maoineofaí deontais bheaga don bhithéagsúlacht, lena n-áirítear fothú acmhainneachta agus gníomhaíochtaí a bhfuil éifeacht spreagthach acu, faoi Chlár LIFE sna Réigiúin is Forimeallaí san Aontas agus sna Tíortha agus na Críocha Thar Lear ar aon.

(42)

Ba cheart gurbh fhéidir le tríú tíortha a bheith rannpháirteach i gClár LIFE i gcomhréir leis na comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin lena mbunaítear na coinníollacha sonracha a bhaineann lena rannpháirtíocht.

(43)

Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (34), ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach sa Rialachán seo lena gcuirtear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus do Chúirt na nIniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a chuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(44)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (35), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar Chlár LIFE ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, agus ró-rialáil, á sheachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí Chlár LIFE ar an talamh. Is de thoradh rannchuidithe indíreacha fadtéarmacha nach furasta a thomhas chun raon iomlán cuspóirí comhshaoil agus aeráide de chuid an Aontais a bhaint amach a bhíonn tionchar iomlán ag Clár LIFE. Chun faireachán a dhéanamh ar Chlár LIFE, ba cheart táscairí aschuir dhírigh agus ceanglais rianaithe a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlánú trí tháscairí sonracha a chomhiomlánú ar leibhéal an tionscadail, táscairí ar a dtabharfar tuairisc i gcláir oibre ilbhliantúla nó i nglaonna ar thograí maidir le, inter alia, Natura 2000 agus astaíochtaí truailleán áirithe aeir.

(45)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann leis na cláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36).

(46)

Chun a áirithiú go bhfuil tacaíocht ó Chlár LIFE agus cur chun feidhme an Chláir comhsheasmhach le beartais agus tosaíochtaí an Aontais, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún, chun an Rialachán seo a leasú trí na táscairí a athbhreithniú nó chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí tháscairí sonracha a shainiú do gach fochlár agus cineál tionscadail, i ndáil leis na táscairí, agus trí chreat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(47)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le hardleibhéal cosanta comhshaoil agus gníomhaíocht uaillmhianach ar son na haeráide, leis an bhforbairt inbhuanaithe agus le gnóthú na gcuspóirí agus na spriocanna a leagtar síos i reachtaíocht, straitéisí, pleananna agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir leis an gcomhshaol, an bhithéagsúlacht, an aeráid, an geilleagar ciorclach, mar aon leis na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar síos i reachtaíocht, straitéisí, pleananna nó gealltanais idirnáisiúnta ábhartha an Aontais maidir leis an bhfuinneamh inathnuaite agus an éifeachtúlacht fuinnimh, trí dhea-rialachas agus cur chuige il-gheallsealbhóirí, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(48)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 a aisghairm.

(49)

Is iomchuí trasdul réidh gan bhriseadh idir an Clár a bhí ann roimhe seo don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus Clár LIFE a áirithiú, agus tús Chlár LIFE a ailíniú le tús an chreata airgeadais ilbhliantúil mar a leagtar síos é i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) (‘Clár LIFE’) do thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021 go 2027. Déantar ré Chlár LIFE a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin cuspóirí Chlár LIFE, an buiséad atá aige don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘tionscadail dúlra straitéiseacha’ tionscadail lena dtacaítear le cuspóirí dúlra agus bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach trí chláir chomhleanúnacha gníomhaíochta a chur chun feidhme i mBallstáit chun na cuspóirí agus na tosaíochtaí sin a phríomhshruthú i mbeartais agus ionstraimí eile maoiniúcháin, lena n-áirítear trí na creataí gníomhaíochta a bhfuil tosaíocht tugtha dóibh arna nglacadh de bhun Threoir 92/43/CEE a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe;

(2)

ciallaíonn ‘tionscadail chomhtháite straitéiseacha’ tionscadail lena gcuirtear chun feidhme, ar scála réigiúnach, ilréigiúnach, náisiúnta nó trasnáisiúnta, straitéisí nó pleananna gníomhaíochta comhshaoil nó aeráide arna bhforbairt ag údaráis na mBallstát agus a cheanglaítear le reachtaíocht nó beartas sonrach an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid nó reachtaíocht nó beartas sonrach ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh agus, ag an am céanna, lena n-áirithítear go bhfuil na geallsealbhóirí rannpháirteach agus lena gcuirtear chun cinn comhordú le foinse chistiúcháin amháin eile ar a laghad de chuid an Aontais, náisiúnta nó phríobháideach agus an fhoinse chistiúcháin sin a shlógadh;

(3)

ciallaíonn ‘tionscadail cúnaimh theicniúil’ tionscadail lena dtugtar tacaíocht chun an acmhainneacht chun páirt a ghlacadh i dtionscadail ghníomhaíochta chaighdeánacha a fhorbairt, tionscadail dúlra straitéiseacha agus tionscadail chomhtháite straitéiseacha a ullmhú, rochtain ar ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais a ullmhú, nó bearta eile is gá chun ullmhú i gcomhair torthaí ó thionscadail eile arna gcistiú faoi Chlár LIFE, faoi na cláir a tháinig roimhe nó cláir eile de chuid an Aontais a chur á n-úsáid ar scála níos leithne nó a mhacasamhlú, d’fhonn cuspóirí Chlár LIFE a leagtar amach in Airteagal 3 a shaothrú; is féidir a áireamh ar na tionscadail sin fothú acmhainneachta a bhaineann le gníomhaíochtaí údaráis na mBallstát ar mhaithe le rannpháirtíocht éifeachtach i gClár LIFE;

(4)

ciallaíonn “tionscadail ghníomhaíochta caighdeánacha” tionscadail, nach tionscadail chomhtháite straitéiseacha nó tionscadail cúnaimh theicniúil iad, a shaothraíonn cuspóirí sonracha Chlár LIFE;

(5)

ciallaíonn ‘oibríochtaí measctha’ gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear laistigh de shaoráidí measctha de bhun phointe (6) d'Airteagal 2 den Rialachán Airgeadais, lena gcomhcheanglaítear foirmeacha neamh-inaisíoctha tacaíochta, ionstraimí airgeadais, nó iad ar aon, ó bhuiséad an Aontais d'fhoirmeacha inaisíoctha tacaíochta ó institiúidí forbartha nó institiúidí airgeadais poiblí eile, agus ó institiúidí airgeadais tráchtála agus infheisteoirí;

(6)

ciallaíonn ‘eintiteas dlíthiúil’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe agus aitheanta amhlaidh faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus an cumas aige gníomhú ina ainm nó ina n-ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó aon eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 197(2) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 3

Cuspóirí

1.   Is é is cuspóir ginearálta do chlár LIFE cuidiú leis an athrú i dtreo geilleagar inbhuanaithe, ciorclach, fuinneamhéifeachtúil, aeráid-díonach agus aeráidneodrach, atá bunaithe ar an bhfuinneamh inathnuaite, chun cáilíocht an chomhshaoil, lena n-áirítear an t-aer, an t-uisce agus an ithir, a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú agus cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú agus dul i ngleic le díghrádú na n-éiceachóras, lena n-áirítear trí thacú le cur chun feidhme agus bainistiú líonra Natura 2000, agus leis sin, cuirfear leis an bhforbairt inbhuanaithe. Le Clár LIFE, tacófar freisin le cur chun feidhme na gclár gníomhaíochta ginearálta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 192(3) CFAE.

2.   Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag Clár LIFE:

(a)

teicnící, modhanna agus cuir chuige nuálacha a fhorbairt, a thaispeáint agus a chur chun cinn chun cuspóirí reachtaíocht agus bheartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear an dúlra agus an bhithéagsúlacht, agus maidir le gníomhú ar son na haeráide a bhaint amach, lena n-áirítear an t-aistriú chuig fuinneamh inathnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe, agus rannchuidiú leis an mbonn eolais agus le cur i bhfeidhm dea-chleachtas, go háirithe maidir leis an dúlra agus an bhithéagsúlacht, lena n-áirítear trí thacú le líonra Natura 2000;

(b)

tacú le forbairt, cur chun feidhme, faireachán agus forfheidhmiú reachtaíocht agus bheartas ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol, lena n-áirítear an dúlra agus an bhithéagsúlacht, agus maidir le gníomhú ar son na haeráide agus an t-aistriú chuig fuinneamh inathnuaite nó éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar an rialachas ar gach leibhéal, go háirithe trí acmhainneachtaí gníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a fheabhsú;

(c)

gníomhú mar chatalaíoch don úsáid mhórscála a bhaintear as réitigh theicniúla agus réitigh a bhfuil baint acu le beartas, ar réitigh rathúla iad, chun reachtaíocht agus beartas ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme, lena n-áirítear an dúlra agus an bhithéagsúlacht, agus maidir le gníomhú ar son na haeráideagus an t-aistriú chuig fuinneamh inathnuaite nó éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe trí thorthaí a mhacasamhlú, cuspóirí gaolmhara a chomhtháthú i mbeartais eile agus i gcleachtais san earnáil phoiblí agus phríobháideach, trí infheistíocht a shlógadh agus trí rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú.

Airteagal 4

Struchtúr

Seo a leanas struchtúr Chlár LIFE:

(1)

an réimse arb í ‘an Comhshaol’, ina n-áirítear:

(a)

an fochlár arb é ‘an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht’;

(b)

an fochlár arb é ‘an Geilleagar Ciorclach agus Caighdeán na Beatha’;

(2)

an réimse arb í ‘Gníomhú ar son na hAeráide’, ina n-áirítear:

(a)

an fochlár arb é ‘an Maolú ar an Athrú Aeráide agus an tOiriúnú don Athrú sin’;

(b)

an fochlár arb é ‘an tAistriú chuig Fuinneamh Glan’.

Airteagal 5

Buiséad

1.   Is é EUR 5 432 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme Chlár LIFE don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 1, is mar a leanas a dháileadh táscach:

(a)

EUR 3 488 000 000 don réimse arb í ‘an Comhshaol’, ina n-áirítear

(i)

EUR 2 143 000 000 le haghaidh an fhochláir arb é ‘an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht’, agus

(ii)

EUR 1 345 000 000 le haghaidh an fhochláir arb é ‘an Geilleagar Ciorclach agus Caighdeán na Beatha’;

(b)

EUR 1 944 000 000 don réimse maidir le gníomhú ar son na haeráide, ina n-áirítear

(i)

EUR 947 000 000 le haghaidh an fhochláir arb é ‘an Maolú ar an Athrú Aeráide agus Oiriúnú don athrú sin’;

(ii)

EUR 997 000 000 le haghaidh an fhochláir arb é ‘an t-Aistriú chuig Fuinneamh Glan’.

3.   Ní dochar na méideanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 do na forálacha maidir le solúbthacht a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 agus sa Rialachán Airgeadais.

4.   D'ainneoin mhír 2, déanfar 60 % ar a laghad de na hacmhainní buiséadacha arna leithdháileadh ar thionscadail a dtacaítear leo trí bhíthin deontais ghníomhaíochta faoin réimse arb í 'an Comhshaol' dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a thiomnú do dheontais do thionscadail lena dtacaítear leis an bhfochlár 'An Dúlra agus An Bhithéagsúlacht' dá dtagraítear i bpointe (a)(i) de mhír 2.

5.   Le Clár LIFE, féadfar maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí teicniúla agus cúnaimh riaracháin a dhéanann an Coimisiún chun é a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear maidir le córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, agus gníomhaíochtaí líonra lena dtacaítear le Pointí Teagmhála Náisiúnta Chlár LIFE, lena n-áirítear oiliúint, gníomhaíochtaí foghlama frithpháirteacha agus imeachtaí chun taithí a chomhroinnt.

6.   Le Clár LIFE, féadfar gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún a mhaoiniú chun tacú le reachtaíocht agus beartais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le reachtaíocht agus beartais ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh a ullmhú, a chur chun feidhme agus a phríomhshruthú chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh leis na gníomhaíochtaí sin:

(a)

faisnéis agus cumarsáid, lena n-áirítear feachtais múscailte feasachta, agus cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais agus, ina theannta sin, maidir le stádas chur chun feidhme agus thrasuí reachtaíocht maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid mar aon le stádas chur chun feidhme agus thrasuí reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le fuinneamh;

(b)

staidéir, suirbhéanna, samhaltú agus cruthú creatlaí cáis;

(c)

reachtaíocht, beartais agus cláir a ullmhú agus a chur chun feidhme agus faireachán, seiceáil agus meastóireacht a dhéanamh orthu, mar aon le measúnú agus anailís a dhéanamh ar thionscadail nach bhfuil cistithe ó Chlár LIFE, má fhónann siad do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3;

(d)

ceardlanna, comhdhálacha agus cruinnithe;

(e)

líonrú, agus ardáin dea-chleachtais;

(f)

gníomhaíochtaí eile, amhail duaiseanna a dhámhachtain.

Airteagal 6

Tríú tíortha atá comhlachaithe le Clár LIFE

1.   Féadfaidh na tríú tíortha seo a leanas bheith rannpháirteach i gClár LIFE:

(a)

comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)

tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)

tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll, maidir leis an gcomhaontú:

(i)

go n-áirithítear leis cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá páirteach i gcláir an Aontais;

(ii)

go leagtar síos leis coinníollacha do rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair, agus a gcostais riaracháin;

(iii)

nach dtugtar leis cumhacht cinnteoireachta don tríú tír i dtaca leis an gClár de chuid an Aontais;

(iv)

go ráthaítear cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (d)(ii) den chéad fhomhír;

2.   I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach i gClár LIFE trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraime dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

Airteagal 7

Comhar idirnáisiúnta

Agus Clár LIFE á chur chun feidhme, beidh comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, agus lena n-institiúidí agus lena gcomhlachtaí, indéanta i gcás inar gá chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

Airteagal 8

Sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais

Éascóidh an Coimisiún cur chun feidhme comhsheasmhach Chlár LIFE. Éascóidh an Coimisiún agus na Ballstáit comhordú le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa+ arna bhunú faoi Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) (‘Ciste Sóisialta na hEorpa+), an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, an Fhís Eorpach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa arna bhunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) agus Clár InvestEU arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2021/523, agus comhsheasmhacht na gcistí sin a bhaint amach chun sineirgí a chruthú, go háirithe maidir le tionscadail dúlra straitéiseacha agus tionscadail chomhtháite straitéiseacha, agus chun tacú le glacadh réitigh arna bhforbairt faoi Chlár LIFE agus na réitigh sin a mhacasamhlú. Féachfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le comhlántacht a shaothrú ar gach leibhéal.

Airteagal 9

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfidh an Coimisiún Clár LIFE chun feidhme, nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

2.   Féadfar cistiú a sholáthar ó Chlár LIFE in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féadfaidh sé maoiniú a sholáthar freisin i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d'oibríochtaí measctha.

3.   Leithdháilfear 85% ar a laghad den bhuiséad le haghaidh Chlár LIFE:

(a)

ar dheontais dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus (6);

(b)

ar thionscadail arna maoiniú trí fhoirmeacha eile cistiúcháin a mhéid a shonraítear laistigh den chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18; nó

(c)

i gcás inarb iomchuí agus a mhéid a shonraítear sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18, ar mhaoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na tionscadail arna maoiniú le cineálacha eile cistiúcháin go hiomlán i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

Is é EUR 15 mhilliún an t-uasmhéid a leithdháilfear ar dheontais dá dtagraítear in Airteagal 11(4).

4.   Beidh na huasrátaí cómhaoinithe do na gníomhaíochtaí incháilithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 11(2) den Rialachán seo comhionann le suas le 60% de na costais incháilithe agus suas le 75 % i gcás na dtionscadal arna gcistiú faoin bhfochlár arb é "an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht", go háirithe na tionscadail a bhaineann le gnáthóga nó speicis tosaíochta mar chuid de chur chun feidhme Threoir 92/43/CEE, nó a bhaineann leis na speicis éan ar tosaíocht chistiúcháin iad de réir an Choiste um Oiriúnú don Dul Chun Cinn Eolaíoch agus Teicniúil, a bunaíodh de bhun Airteagal 16 de Threoir 2009/147/CE, nuair is gá sin chun an cuspóir caomhantais a bhaint amach. Maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(6) den Rialachán seo, beidh an t-uasráta cómhaoinithe comhionann le 70% de na costais incháilithe. Gan dochar do na huasrátaí cómhaoinithe ábhartha socraithe, tabharfar sainmhíniú breise ar na rátaí sonracha sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo. Féadfar na rátaí sonracha a oiriúnú i gcomhréir leis na ceanglais maidir le gach fochlár, cineál tionscadail nó cineál deontais.

I gcás na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 11(4), ní sháróidh na huasrátaí cómhaoinithe 95 % de na costais incháilithe le linn thréimhse an chéad chláir oibre ilbhliantúil; i gcás an dara clár oibre ilbhliantúil agus faoi réir deimhniú sa chlár oibre sin, beidh an ráta cómhaoinithe comhionann le 75 % de na costais incháilithe.

5.   Beidh an cháilíocht mar an critéar lena rialaítear an próiseas meastóireachta agus dámhachtana tionscadail i gclár LIFE. Féachfaidh an Coimisiún le cumhdach geografach éifeachtach atá bunaithe ar cháilíocht a shaothrú ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí thacú leis na Ballstáit cáilíocht na dtionscadal a mhéadú trí fhothú acmhainneachta.

CAIBIDIL II

Incháilitheacht

Airteagal 10

Deontais

Déanfar deontais faoi Chlár LIFE a thabhairt agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 11

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Ní bheidh incháilithe do chistiú ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

2.   Féadfar na cineálacha gníomhaíochta seo a leanas a mhaoiniú le deontais:

(a)

tionscadail dúlra straitéiseacha faoin bhfochlár dá dtagraítear i bpointe (1)(a) d'Airteagal 4;

(b)

tionscadail chomhtháite straitéiseacha faoi na fochláir dá dtagraítear i bpointí (1)(b), (2)(a) agus 2(b) d'Airteagal 4;

(c)

tionscadail cúnaimh theicniúil;

(d)

tionscadail gníomhaíochtaí caighdeánacha;

(e)

gníomhaíochtaí eile a bhfuil gá leo ar mhaithe leis an gcuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 3(1) a bhaint amach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta atá dírithe ar fhothú acmhainneachta, ar scaipeadh faisnéise agus eolais, agus ar mhúscailt feasachta chun tacú leis an aistriú chuig fuinneamh inathnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe.

3.   Sna tionscadail faoin bhfochlár arb é ‘an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht’ a bhaineann le láithreáin Natura 2000 a bhainistiú, a athbhunú agus faireachán a dhéanamh orthu i gcomhréir le Treoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE, cuirfear san áireamh na tosaíochtaí a leagtar amach sna pleananna, na straitéisí agus na beartais náisiúnta agus réigiúnacha maidir le caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta, lena n-áirítear i gcreataí gníomhaíochta tosaíochta arna nglacadh de bhun Threoir 92/43/CEE.

4.   Le tionscadail cúnaimh theicniúil le haghaidh fothú acmhainneachta a bhaineann le gníomhaíochtaí údaráis na mBallstát chun feabhas a chur ar an rannpháirtíocht éifeachtach i gClár LIFE, tacófar le gníomhaíochtaí na mBallstát sin gur beag leibhéal a rannpháirtíochta, d’fhonn seirbhísí na bPointí Teagmhála Náisiúnta ar fud an Aontais a fheabhsú agus chun cáilíocht fhoriomlán na dtograí arna dtíolacadh a mhéadú.

5.   Féadfar gníomhaíochtaí lasmuigh de Bhallstát nó de thír nó críoch thar lear atá nasctha leis a mhaoiniú le deontais, ar choinníoll go saothraítear leis an tionscadal cuspóirí comhshaoil agus aeráide de chuid an Aontais agus go bhfuil gá leis na gníomhaíochtaí sin chun éifeachtacht na n-idirghabhálacha a áirithiú a dhéantar i mBallstát nó i dtír nó críoch thar lear atá nasctha leis, nó chun tacú le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu trí rannchuidiú a sholáthar chun comhdhálacha iltaobhacha a reáchtáil. Is é EUR 3,5 milliún uasmhéid an rannchuidithe a sholáthrófar do chomhaontuithe idirnáisiúnta chun comhdhálacha iltaobhacha a reáchtáil le linn ré Chlár LIFE a luaitear in Airteagal 1, agus ní áireofar deontais den sórt sin chun an tairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 9(3) a bhaint amach.

6.   Le deontais oibriúcháin, tacófar le feidhmiú na n-eintiteas neamhbhrabúsach atá bainteach le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht agus bheartas an Aontais, agus ar deontais oibriúcháin iad atá gníomhach go príomha i réimse an chomhshaoil nó gníomhaithe ar son na haeráide, lena n-áirítear aistriú fuinnimh i gcomhréir le cuspóirí Chlár LIFE dá dtagraítear a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 12

Eintitis incháilithe

1.   Beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo maidir le heintitis chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais.

2.   Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)

eintitis dhlíthiúla atá bunaithe in aon cheann de na tíortha nó na críocha seo a leanas:

(i)

Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)

tríú tír atá comhlachaithe le Clár LIFE;

(iii)

tríú tíortha eile atá liostaithe sa chlár oibre ilbhliantúil, dá dtagraítear in Airteagal 18, faoi na coinníollacha a shonraítear i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo;

(b)

aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta.

3.   Ní bheidh daoine nádúrtha incháilithe.

4.   Go heisceachtúil, beidh eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe le Clár LIFE incháilithe lena bheith rannpháirteach sa chlár i gcás ina bhfuil sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach chun éifeachtúlacht na n-idirghabhálacha a dhéantar san Aontas a áirithiú.

5.   I bprionsabal déanfaidh eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe le Clár LIFE costais a rannpháirtíochta a sheasamh.

Airteagal 13

Dámhachtain dhíreach

Gan dochar d'Airteagal 188 den Rialachán Airgeadais, féadfar deontais a dhámhachtain, gan glao ar thograí, ar na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo,

Airteagal 14

Critéir dhámhachtana a shonrú

Leagfaidh an Coimisiún na critéir dhámhachtana amach sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 18 agus sna glaonna ar thograí, agus na prionsabail seo a leanas á gcur san áireamh:

(a)

tá na tionscadail sin a ndéanfaidh Clár LIFE maoiniú orthu le bheith chun leas an Aontais trí rannchuidiú suntasach a dhéanamh le cuspóirí ginearálta agus sonracha Chlár LIFE a bhaint amach, níl siad chun an bonn a bhaint de na cuspóirí sin, agus tá siad, aon uair is féidir, chun úsáid an tsoláthair phoiblí ghlais a chur chun cinn;

(b)

tá cur chuige costéifeachtach le háirithiú leo agus tá siad le bheith comhleanúnach ó thaobh na teicneolaíochta agus an airgeadais de;

(c)

tá tosaíocht le tabhairt do na tionscadail is mó a d’fhéadfadh rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3;

(d)

tá bónas le tabhairt, tráth a dhéanfar meastóireacht orthu, do na tionscadail lena soláthraítear comhthairbhí agus lena gcuirtear chun cinn sineirgí idir na fochláir dá dtagraítear in Airteagal 4;

(e)

tá bónas le tabhairt, tráth a dhéanfar meastóireacht orthu, do na tionscadail ar mó an deis go ndéanfaidh na hearnálacha poiblí nó príobháideacha iad a mhacasamhlú agus a ghlacadh nó lena ndéanfar na hinfheistíochtaí nó na hacmhainní airgeadais is mó a shlógadh (poitéinseal chun gníomhú mar chatalaíoch);

(f)

tá inmhacasamhlú thorthaí na dtionscadal gníomhaíochtaí caighdeánacha le háirithiú;

(g)

tá bónas le tabhairt, tráth a dhéanfar meastóireacht orthu, do na tionscadail sin a chuirfidh le torthaí tionscadal eile nó a chuirfidh le húsáid na dtorthaí sin ar scála níos mó, ar tionscadail iad arna gcistiú faoi Chlár LIFE, faoi na cláir a tháinig roimhe nó le cistí eile de chuid an Aontais;

(h)

i gcás inarb iomchuí, tá aird speisialta le tabhairt ar thionscadail i limistéir gheografacha a bhfuil riachtanais shonracha nó leochaileachtaí sonracha acu, amhail limistéir a bhfuil dúshláin shonracha chomhshaoil nó srianta nádúrtha iontu, limistéir thrasteorann, limistéir ardluacha nádúrtha agus réigiúin fhorimeallacha.

Airteagal 15

Costais incháilithe a bhaineann le ceannach talún

De bhreis ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 186 den Rialachán Airgeadais, measfar costais a bhaineann le ceannach talún a bheith incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

cuidíonn an ceannachán le feabhsú, cothabháil agus athchóiriú shláine líonra Natura 2000 a bunaíodh de bhun Airteagal 3 de Threoir 92/43/CEE, lena n-áirítear trí nascacht a fheabhsú trí chonairí, áiseanna foráis, nó eilimintí eile den bhonneagar glas a chruthú;

(b)

is é ceannach talún an t-aon bhealach amháin nó an bealach is costéifeachtaí chun an toradh iarrtha i dtaobh caomhnú de a bhaint amach;

(c)

cuirtear an talamh arna ceannach in áirithe ar bhonn fadtéarmach d’úsáidí a bheidh comhsheasmhach le cuspóirí sonracha Chlár LIFE; agus

(d)

áirithíonn an Ballstát lena mbaineann, ar mhodh aistrithe nó ar dhóigh eile, go sannfar an talamh sin go fadtéarmach chun críocha chaomhnú an dúlra.

Airteagal 16

Maoiniú carnach agus malartach

1.   Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici ó chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoi Chlár LIFE freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna agus go saothraíonn an ghníomhaíocht na cuspóirí comhshaoil nó aeráide a leagtar amach in Airteagal 3, agus nach mbaineann sí an bonn d’aon cheann acu. Beidh feidhm ag rialacha an chláir ábhartha de chuid an Aontais maidir leis rannchuidiú comhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta Féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

2.   Maidir le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ó Chiste Sóisialta na hEorpa+ nó ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí agus na forálacha ábhartha de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha arna dtarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle féadfar í a thabhairt do ghníomhaíochtaí ar bronnadh deimhniú ‘an tSéala Barr Feabhais’ orthu faoi Chlár LIFE trí na coinníollacha carnacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoi Chlár LIFE;

(b)

comhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;

(c)

ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha.

CAIBIDIL III

Oibríochtaí measctha

Airteagal 17

Oibríochtaí measctha

Cuirfear oibríochtaí measctha faoi Chlár LIFE chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/523 agus le Teideal X den Rialachán Airgeadais, agus aird chuí á tabhairt ar na ceanglais inbhuanaitheachta agus thrédhearcachta.

CAIBIDIL IV

Clársceidealú, faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

Airteagal 18

Clár oibre ilbhliantúil

1.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cláir oibre ilbhliantúla a ghlacadh do Chlár LIFE. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

2.   Déanfar le gach clár oibre ilbhliantúil, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3, an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

na méideanna atá le leithdháileadh faoi chuimsiú gach fochláir idir na riachtanais a luaitear sna fochláir sin agus na cineálacha éagsúla cistiúcháin, mar aon leis an uasmhéid iomlán atá le leithdháileadh ar dheontais, dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 11(2);

(b)

an uasmhéid iomlán do mhaoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d'oibríochtaí measctha faoi Chlár LIFE, i gcás inarb infheidhme;

(c)

an méid iomlán do dheontais atá le dámhachtain do na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcomhréir le hAirteagal 13;

(d)

topaicí tionscadail nó na riachtanais shonracha a bhfuil réamh-leithdháileadh cistiúcháin ann do na tionscadail dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 11(2);

(e)

na straitéisí agus na pleananna a ndíreofar orthu trí thionscadail chomhtháite straitéiseacha dá bhféadfar cistiú a iarraidh do thionscadail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 11(2);

(f)

an uastréimhse incháilitheachta do chur chun feidhme na dtionscadal;

(g)

tráthchláir tháscacha le haghaidh na nglaonna ar thograí le haghaidh na tréimhse arna cumhdach leis an gclár oibre ilbhliantúil;

(h)

an mhodheolaíocht theicniúil do nós imeachta tíolactha agus roghnúcháin na dtionscadal, agus na critéir dhámhachtana, i gcomhréir leis na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 14;

(i)

na rátaí cómhaoinithe dá dtagraítear in Airteagal 9(4);

(j)

na huasrátaí cómhaoinithe do na gníomhaíochtaí incháilithe dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 11(2);

(k)

i gcás inarb ábhartha, rialacha mionsonraithe maidir le maoiniú carnach agus malartach a chur i bhfeidhm;

(l)

an rannpháirtíocht ísealéifeachtach agus na gníomhaíochtaí incháilithe agus na critéir dhámhachtana do thionscadail cúnaimh theicniúil le haghaidh an fhothaithe acmhainneachta a bhaineann le gníomhaíochtaí údaráis na mBallstát a dhéantar ar mhaithe le rannpháirtíocht éifeachtach i gClár LIFE.

3.   Ceithre bliana a bheidh i ré an chéad chláir oibre ilbhliantúil agus trí bliana a bheidh i ré an dara clár oibre ilbhliantúil.

4.   Faoi chuimsiú na gclár oibre ilbhliantúil, foilseoidh an Coimisiún glaonna ar thograí don tréimhse atá cumhdaithe. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na cistí nár úsáideadh i nglao ar thograí ar leith a leithdháileadh idir na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(2) sa réimse céanna.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún go rachfar i gcomhairle leis na geallsealbhóirí maidir le forbairt na gclár oibre ilbhliantúil.

Airteagal 19

Faireachán agus tuairisciú

1.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le dul chun cinn Chlár LIFE, i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, bunaithe ar na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn Chlár LIFE maidir le gnóthú a chuspóirí, tugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 23, chun Iarscríbhinn II a leasú chun na táscairí a scrúdú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá sin, lena n-áirítear d'fhonn iad a ailíniú le táscairí a leagtar amach i leith cláir eile de chuid an Aontais, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí tháscairí sonracha a shainiú, ar bhonn Iarscríbhinn II, do gach fochlár agus do gach cineál tionscadail.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh éifeachtúil, éifeachtach agus thráthúil. Chuige sin, agus i gcomhréir le modheolaíochtaí ábhartha, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas chun gur féidir táscairí in-chomhiomlánaithe aschuir agus tionchair a thiomsú do na cuspóirí ábhartha sonracha uile beartais comhshaoil agus aeráide, lena n-áirítear i dtaca le Natura 2000 agus astaíochtaí truailleán áirithe aeir, CO2 san áireamh.

5.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú rialta ar phríomhshruthú cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta, lena n-áirítear méid an chaiteachais. Agus aird á tabhairt ar chineál Chlár LIFE, is é sin clár atá dírithe ar an éileamh, táthar ag súil go rannchuideoidh 61 % de mhéid foriomlán Chlár LIFE mar a shainítear in Airteagal 5 leis an sprioc buiséid ar fad de 30 % ar a laghad den chaiteachas a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide. Déanfar an rannchuidiú sin a rianú trí chóras marcóirí aeráide an Aontais. Rannchuideoidh an Rialachán seo le gníomhaíocht bhithéagsúlachta a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus leis an uaillmhian fhoriomlán a bhaint amach 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta sa bhliain 2024, agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus in 2027, agus ag an am céanna aon fhorluí atá ann cheana idir na spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta a bhreithniú.

Rianófar caiteachas a bhaineann leis an mbithéagsúlacht trí bhíthin modheolaíocht éifeachtach thrédhearcach chuimsitheach atá an Coimisiún le leagan amach, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, dá dtagraítear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár maidir le hacmhainní dílse nua a thabhairt isteach. Na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a mheastar a rannchuideoidh le cuspóirí comhshaoil agus aeráide faoi seach a bhaint amach le linn na tréimhse 2021–2027 den chreat airgeadais ilbhliantúil ar an leibhéal iomchuí imdhealaithe, úsáidfear na modhanna rianaithe sin chun iad a chainníochtú. Cuirfear an caiteachas i láthair go bliantúil i Ráiteas an Chláir. Tabharfar tuairisc go tráthrialta ar an dóigh a rannchuidíonn Clár LIFE le cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach i gcomhthéacs meastóireachtaí agus na tuarascála bliantúla.

6.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar shineirgí idir Clár LIFE agus cláir chomhlántacha eile de chuid an Aontais, agus sineirgí idir a fhochláir.

Airteagal 20

Meastóireacht

1.   Agus aird á tabhairt ar thosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais, déanfaidh an Coimisiún meastóireachtaí dá bhforáiltear faoin Rialachán seo go tráthúil mar chuid den phróiseas cinnteoireachta, agus aird chuí á tabhairt ar chomhleanúnachas, ar shineirgí, ar bhreisluach an Aontais agus ar an inbhuanaitheacht fhadtéarmach.

2.   Déanfaidh an Coimisiún an mheastóireacht eatramhach ar Chlár LIFE ach a mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an chláir, ach tráth nach faide ná 42 mhí tar éis thús chur chun feidhme Chlár LIFE agus úsáid á baint as na táscairí a leagtar amach i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad sa mheastóireacht:

(a)

gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla de chur chun feidhme Chlár LIFE;

(b)

éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní;

(c)

a mhéid a baineadh cuspóirí na mbeart uile amach, ag sonrú, i gcás inar féidir, na torthaí agus an tionchar;

(d)

rath iarbhír na dtionscadal nó an rath a bhfuiltear ag súil leis uathu maidir le cistí eile de chuid an Aontais a luamhánú, agus go háirithe na buntáistí a bhaineann le comhleanúnachas méadaithe le hionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais á gcur san áireamh;

(e)

a mhéid a baineadh sineirgí idir na cuspóirí amach agus comhlántacht Chlár LIFE le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais;

(f)

breisluach Eorpach agus tionchar fadtéarmach Chlár LIFE, d'fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le bearta a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí;

(g)

a mhéid a bhí na geallsealbhóirí páirteach inti;

(h)

anailís cháilíochtúil agus chainníochtúil ar a mhéid a rannchuidíonn Clár LIFE le stádas caomhantais na ngnáthóg agus na speiceas a liostaítear i dTreoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE;

(i)

anailís ar an gcumhdach geografach ar fud an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal 9(5), agus, mura mbainfear cumhdach den sórt sin amach, anailís ar na bunchúiseanna atá le heaspa cumhdaigh den sórt sin.

3.   Ag deireadh chur chun feidhme Chlár LIFE, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear sa dara mír d'Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar Chlár LIFE.

4.   Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí ar fáil go poiblí.

CAIBIDIL V

Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 21

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d'fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na tionscadail agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. Chun na críche sin, úsáidfidh na faighteoirí lógó Chlár LIFE, a léirítear in Iarscríbhinn III. Maidir leis na hearraí marthanacha go léir a fhaightear faoi chuimsiú Chlár LIFE, beidh lógó Chlár LIFE orthu, ach amháin i gcásanna arna sonrú ag an gCoimisiún. I gcás nach bhfuil sé indéanta lógó Chlár LIFE a chur orthu, déanfaidh siad Clár LIFE a lua i ngach gníomhaíocht cumarsáide lena n-áirítear cláir fógraí in áiteanna straitéiseacha a mbeidh sé le feiceáil ag an bpobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann le Clár LIFE, le gníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun Chlár LIFE agus leis na torthaí a fhaightear. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar Chlár LIFE ina gcuidiú maidir le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 22

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste do Chlár LIFE cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtabharfaidh an Coiste aon tuairim uaidh, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus is ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh feidhm.

4.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choiste i dtaca leis an dul chun cinn foriomlán i gcur chun feidhme fhochlár Chlár LIFE agus i dtaca le haon ghníomhaíochtaí faoi leith faoi Chlár LIFE, inter alia i dtaca le hoibríochtaí measctha a cuireadh chun feidhme trí acmhainní buiséadacha a leithdháileadh ó Chlár LIFE.

Airteagal 23

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) agus (3) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19(2) agus (3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19(2) agus (3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 24

Aisghairm

Leis seo, aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 25

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38) agus Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013, ar rialacháin iad a leanfaidh d'fheidhm a bheith acu maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais Chlár LIFE na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir Clár LIFE agus na bearta a glacadh faoi Rialacháin (CE) Uimh. 614/2007 agus (AE) Uimh. 1293/2013 a áirithiú.

3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais an taobh anonn de 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 5(5) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na tionscadail nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

4.   Féadfar athshreabha ó ionstraimí airgeadais arna mbunú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 a infheistiú sna hionstraimí airgeadais arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2021/523.

5.   Úsáidfear na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d'ioncam sannta a eascraíonn as aisíoc méideanna a íocadh go mícheart de bhun Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 nó 1293/2013, i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán Airgeadais, chun Clár LIFE a mhaoiniú.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 29 Aibreán 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.P. ZACARIAS


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 226.

(2)  IO C 461, 21.12.2018 lch. 156.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 16 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).

(6)  Cinneadh Uimh. 1386/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2020 dar teideal 'Muid ag maireachtáil go maith, faoi shrianta ár bpláinéid' (IO L 354, 28.12.2013, lch. 171).

(7)  Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 1993 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 309, 13.12.1993, lch. 1).

(8)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(9)  IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.

(10)  Cinneadh 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár cur chun feidhme sonrach Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 965).

(11)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lch. 210).

(13)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n–aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(15)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(16)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(17)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(18)  Treoir (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).

(19)  IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 289).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 281).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(23)  Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú (IO L 189, 18.7.2002, lch. 12).

(24)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(25)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, p. 1).

(26)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

(27)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(28)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(29)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(30)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(31)  Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(32)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(33)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(34)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(35)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(36)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(37)  Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

(38)  Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 maidir leis an Ionstraim Airgeadais don Chomhshaol (LIFE+) (IO L 149, 9.6.2007, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

COMHLACHTAÍ A BHFÉADFAR DEONTAIS A BHRONNADH ORTHU GAN GLAO AR THOGRAÍ A DHÉANAMH

1.   

Líonra an Aontais Eorpaigh maidir le Dlí an Chomhshaoil a Chur chun Feidhme agus a Fhorfheidhmiú (IMPEL);

2.   

Líonra Eorpach na nIionchúisitheoirí don Chomhshaol (ENPE);

3.   

Fóram Breithiúna an Aontais Eorpaigh don Chomhshaol (EUFJE).


IARSCRIBHINN II

TÁSCAIRÍ

1.   Táscairí aschuir

1.1.

Líon na dtionscadal lena ndéantar teicnící agus cuir chuige nuálacha a fhorbairt, a thaispeáint agus a chur chun cinn chun;

1.2.

Líon na dtionscadal lena ndéantar dea-chleachtais maidir leis an dúlra agus leis an mbithéagsúlacht a chur i bhfeidhm;

1.3.

Líon na dtionscadal maidir le forbairt, cur chun feidhme, faireachán nó forfheidhmiú reachtaíocht agus bheartas ábhartha an Aontais;

1.4.

Líon na dtionscadal lena ndéantar an rialachas a fheabhsú trí acmhainneachtaí gníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a mhéadú;

1.5.

Líon na dtionscadal, lena n-áirítear tionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail dúlra straitéiseacha, lena gcuirtear chun feidhme

pleananna nó straitéisí tábhachtacha;

cláir ghníomhaíochta chun ‘an Dúlra agus an Bhithéagsúlacht’ a phríomhshruthú.

2.   Táscairí toraidh

2.1.

Glanathrú ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, bunaithe ar chomhbhailiúchán táscairí ar leibhéal an tionscadail a shonrófar i nglaonna ar thograí faoi na fochláir do na réimsí seo a leanas:

“An Dúlra agus an Bhithéagsúlacht”;

“An Geilleagar Ciorclach agus Cáilíocht na Beatha” lena gcumhdaítear dhá cheann ar a laghad díobh seo a leanas:

cáilíocht an aeir

ithir

uisce

dramhaíl

ceimiceáin

torann

úsáid agus éifeachtúlacht acmhainní;

‘Maolú ar an Athrú Aeráide agus Oiriúnú don athrú sin’;

‘An tAistriú chuig Fuinneamh Glan’;

2.2.

Infheistíochtaí carnacha arna spreagadh leis na tionscadail nó maoiniú a bhfuarthas rochtain air (EUR milliún);

2.3.

Líon na n-eagraíochtaí atá páirteach sna tionscadail nó atá ag fáil deontais oibriúcháin;

2.4.

Sciar na dtionscadal a raibh éifeacht an chatalaígh orthu tar éis dháta deiridh an tionscadail.

IARSCRÍBHINN III

LÓGÓ CHLÁR LIFE

Image 1

17.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

79


RIALACHÁN (AE) 2021/784 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2021

maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm leis an Rialachán seo feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair dhigitigh a áirithiú i sochaí oscailte dhaonlathach, trí aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid seirbhísí óstála chun críoch sceimhlitheoireachta agus trí rannchuidiú le slándáil an phobail ar fud an Aontais. Ba cheart feidhmiú an mhargaidh aonair dhigitigh a fheabhsú trí threisiú na deimhneachta dlíthiúla do sholáthraithe seirbhísí óstála agus trí neartú ar an muinín atá ag na húsáideoirí as an timpeallacht ar líne, agus trí neartú na gcoimircí atá ann i dtaca leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear an tsaoirse faisnéis agus smaointe a fháil agus a thabhairt i sochaí oscailte agus dhaonlathach agus saoirse agus iolrachas na meán.

(2)

Bearta rialála chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, ba cheart iad a chomhlánú le straitéisí na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar an sceimhlitheoireacht, lena n-áirítear an litearthacht sna meáin agus an smaointeoireacht chriticiúil a neartú, insintí malartacha agus frithinsintí a fhorbairt, agus tionscnaimh eile chun tionchar ábhair sceimhlitheoireachta ar líne agus leochaileacht ina leith a laghdú, chomh maith le hinfheistíocht in obair shóisialta, i dtionscnaimh dhíradacaithe agus i rannpháirtíocht leis na pobail a bhfuil dochar déanta dóibh tríd an radacú, d’fhonn cosc inbhuanaithe ar radacú sa tsochaí a bhaint amach.

(3)

Chun aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne, ar cuid é d’fhadhb níos leithne maidir le hábhar neamhdhleathach ar líne, tá meascán de bhearta reachtacha, bearta neamhreachtacha agus bearta deonacha de dhíth ina leith bunaithe ar chomhoibriú idir údaráis agus soláthraithe seirbhísí óstála, ar bhealach lena n-urramófar go hiomlán cearta bunúsacha.

(4)

Is ról ríthábhachtach atá ag na soláthraithe seirbhísí óstála atá gníomhach ar an idirlíon sa gheilleagar digiteach, toisc go nascann siad an gnó agus saoránaigh le chéile, agus go n-éascaíonn siad an díospóireacht phoiblí agus dáileadh agus glacadh faisnéise, tuairimí agus smaointe, agus go gcuireann siad go mór leis an nuálaíocht, leis an bhfás eacnamaíoch, agus le cruthú post san Aontas. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, baineann tríú páirtithe mí-úsáid as seirbhísí soláthraithe seirbhísí óstála chun críche gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a dhéanamh ar líne. Is údar imní ar leith í mí-úsáid na seirbhísí sin ag grúpaí sceimhlitheoireachta agus a lucht tacaíochta le haghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne d’fhonn a mbriathar a chraobhscaoileadh, d’fhonn leantóirí a radacú agus a earcú, agus d’fhonn gníomhaíocht sceimhlitheoireachta a éascú agus a stiúradh.

(5)

Cé nach é an t-aon toisc amháin é, léiríodh gur spreagadh é ábhar sceimhlitheoireachta a bheith ar líne i dtaca le daoine aonair a radacú, agus go bhféadfadh gníomhartha sceimhlitheoireachta eascairt as sin, agus, dá bhrí sin, is tromchúiseach na hiarmhairtí a bhíonn aige d’úsáideoirí, do shaoránaigh agus don tsochaí trí chéile, agus do na soláthraithe seirbhísí ar líne a dhéanann óstáil ar an ábhar den sórt sin chomh maith, ós rud é go gcreimeann sé an mhuinín atá ag a gcuid úsáideoirí féin astu agus déanann sé dochar dá gcuid samhlacha gnó. I bhfianaise an róil lárnaigh atá ag soláthraithe seirbhísí óstála ar líne agus na modhanna agus na gcumas teicneolaíochta a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraíonn siad, tá freagrachtaí ar leith orthu i leith na sochaí chun a gcuid seirbhísí a chosaint ar mhí-úsáid ag sceimhlitheoirí, agus chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta trína gcuid seirbhísí ar líne, agus buntábhacht na saoirse tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear an tsaoirse faisnéis agus smaointe a fháil agus a thabhairt i sochaí oscailte dhaonlathach, á gcur san áireamh.

(6)

Cuireadh tús le hiarrachtaí ar leibhéal an Aontais in 2015 chun ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a chomhrac trí bhíthin chreat comhoibre deonaí idir na Ballstáit agus na soláthraithe seirbhísí óstála. Is gá na hiarrachtaí sin a chomhlánú le creat soiléir reachtach chun an rochtain ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a laghdú a thuilleadh agus chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar fhadhb atá ag fás léi go haibéil. Féachtar leis an gcreat dlíthiúil cur leis na hiarrachtaí deonacha, a ndearnadh daingniú orthu le Moladh (AE) 2018/334 ón gCoimisiún (3), agus is freagra atá ann ar na hiarrataí a rinne Parlaimint na hEorpa bearta a neartú chun aghaidh a thabhairt ar ábhar neamhdhleathach agus díobhálach ar líne i gcomhréir leis an gcreat cothrománach arna bhunú le Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus ar na hiarrataí a rinne an Chomhairle Eorpach chun feabhas a chur ar bhrath agus ar bhaint anuas ábhar ar líne a bhfuil gríosú chun gníomhartha sceimhlitheoireachta ann.

(7)

Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE. Thar aon ní, níor cheart d’aon bheart, a ghlacann soláthraí seirbhísí óstála agus an Rialachán seo á chomhlíonadh aige, lena n-áirítear aon bhearta sonracha, a bheith ina chúis ann féin go gcaillfeadh an soláthraí seirbhísí óstála sin an tairbhe ón díolúine ó dhliteanas dá bhforáiltear sa Treoir sin. Thairis sin, leis an Rialachán seo, ní dhéantar difear do na cumhachtaí atá ag údaráis náisiúnta ná ag cúirteanna náisiúnta dliteanas soláthraithe seirbhísí óstála a bhunú i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le díolúine ó dhliteanas a leagtar amach sa Treoir sin.

(8)

I gcás ina mbeidh coinbhleacht idir an Rialachán seo agus Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le forálacha lena rialaítear seirbhísí meán closamhairc mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(1) den Treoir sin iad, ba cheart forlámhas a bheith ag Treoir 2010/13/AE. Leis sin, níor cheart go ndéantar difear do na hoibleagáidí eile faoin Rialachán seo, go háirithe maidir le soláthraithe ardáin comhroinnte físeán.

(9)

Sa Rialachán seo, ba cheart rialacha a leagan amach chun aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid seirbhísí óstála le haghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne d’fhonn feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a ráthú. Ba cheart, leis na rialacha sin, na cearta bunúsacha atá á gcosaint san Aontais a urramú go hiomlán agus, go háirithe, na cearta a ráthaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”).

(10)

Leis an Rialachán seo, féachtar le rannchuidiú le cosaint na slándála poiblí, agus coimircí téagartha iomchuí chun cosaint na gceart bunúsach a áirithiú á mbunú aige, lena n-áirítear an ceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear an tsaoirse faisnéis a fháil agus a thabhairt, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil. Thairis sin, toirmisctear aon idirdhealú. Níor cheart do na húdaráis inniúla ná do na soláthraithe seirbhísí óstála ach bearta atá riachtanach, iomchuí agus comhréireach i sochaí dhaonlathach a ghlacadh, agus aird a thabhairt ar an tábhacht ar leith a leagtar ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus saoirse agus iolrachas na meán, rudaí atá mar bhunchloch riachtanach faoi shochaí iolraíoch agus dhaonlathach, agus arb iad na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe. Bearta a dhéanann difear don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, ba cheart iad a dhíriú go dian, chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, agus ag an am céanna an ceart chun faisnéis a fháil agus a thabhairt go dleathach á urramú, agus an ról lárnach atá ag na soláthraithe seirbhísí óstála a chur san áireamh in éascú na díospóireachta poiblí, agus i ndáileadh agus i bhfáil fíricí, tuairimí agus smaointe, i gcomhréir leis an dlí. Is spriocanna comhlántacha a threisíonn a chéile iad bearta éifeachtúla chun aghaidh a thabhairt ar ábhair sceimhlitheoireachta ar líne agus cosaint na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, agus ní spriocanna iad atá i gcoimhlint lena chéile.

(11)

Ar mhaithe le soiléireacht faoi na gníomhaíochtaí atá le glacadh ag na soláthraithe seirbhísí óstála agus ag na húdaráis inniúla araon chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, ba cheart, leis an Rialachán seo, sainmhíniú a bhunú ar “ábhar sceimhlitheoireachta” chun críocha coisctheacha, sainmhíniú atá comhsheasmhach leis na sainmhínithe ar chionta ábhartha faoi Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Ós amhlaidh gur gá aghaidh a thabhairt ar an mbolscaireacht sceimhlitheoireachta ar líne is díobhálaí, ba cheart a chuimsiú leis an sainmhíniú sin ábhar lena ndéantar duine a ghríosú nó lena n-iarrtar ar dhuine cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nó cuidiú lena ndéanamh, nó lena n-iarrtar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta nó lena ndéantar gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a mhóradh, lena n-áirítear trí ábhar a scaipeadh ina léirítear ionsaí sceimhlitheoireachta. Ba cheart a áireamh freisin sa sainmhíniú ábhar lena soláthraítear treoir maidir le pléascáin, airm thine nó armáin eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha, chomh maith le substaintí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN) a dhéanamh agus a úsáid, nó maidir le modhanna nó teicnící sonracha eile, lena n-áirítear spriocanna a roghnú, chun críche cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó rannchuidiú le cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh. Ar ábhar den sórt sin, áirítear téacsanna, íomhánna, taifid fuaime agus físeáin, chomh maith le tarchuir bheo cionta sceimhlitheoireachta, tarchuir a bhfuil ina mbaol go ndéanfar tuilleadh cionta den sórt sin dá mbarr. Agus measúnú á dhéanamh cé acu is nó nach ábhar sceimhlitheoireachta de réir bhrí an Rialacháin seo é an t-ábhar i gceist, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do na soláthraithe seirbhísí óstála tosca éagsúla a chur san áireamh, amhail an mianach atá san ábhar agus an fhoclaíocht atá iontu, an comhthéacs ina ndearnadh na hábhair agus an baol atá ann gur dochar an iarmhairt a bheidh orthu i ndáil le slándáil agus sábháilteacht daoine. Toisc go bhfuil an t-ábhar á tháirgeadh ag duine, grúpa nó eintiteas, a áirítear ar liosta an Aontais de dhaoine, grúpaí agus eintitis, atá rannpháirteach i ngníomhartha sceimhlitheoireachta, go bhfuil an t-ábhar sin inchurtha ina leith nó go bhfuil an t-ábhar á scaipeadh ar a son agus atá faoi réir bearta sriantacha, ba cheart an méid sin a bheith ina thoisc tábhachtach sa mheasúnú.

(12)

Níor cheart ábhar arna scaipeadh chun críoch oideachais, iriseoireachta, ealaíne nó taighde nó chun feasacht a mhúscailt in aghaidh gníomhaíocht sceimhlitheoireachta a mheas mar ábhar sceimhlitheoireachta. Agus cinneadh á dhéanamh cé acu is nó nach “ábhar sceimhlitheoireachta” mar a shainmhínítear sa Rialachán seo faisnéis arna soláthar ag soláthraí ábhair, ba cheart go háirithe an ceart maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán, agus saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí a chur san áireamh. Go háirithe i gcásanna ina mbíonn freagracht eagarthóireachta ar an soláthraí ábhair, ba cheart na caighdeáin iriseoireachta arna mbunú le rialáil an phreasa nó na meán a chur san áireamh in aon chinneadh a dhéanfar maidir leis an ábhar arna scaipeadh a bhaint i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt. Thairis sin, níor cheart tuairimí radacacha, poileimiciúla nó conspóideacha arna gcur in iúl sa díospóireacht phoiblí faoi cheisteanna polaitiúla íogaire a mheas mar ábhar sceimhlitheoireachta.

(13)

Chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, agus urraim do shaol príobháideach daoine aonair á háirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe sheirbhísí na sochaí faisnéise a stórálann agus a scaipeann ar an bpobal faisnéis arna soláthar ag úsáideoir na seirbhíse arna iarraidh sin dó nó di, fiú murach gur de chineál teicniúil, uathoibríoch agus éighníomhach atá i stóráil agus scaipeadh na faisnéise agus an ábhair sin ar an bpobal. Ba cheart a thuiscint gurb é atá i gceist leis an gcoincheap “stóráil” sonraí a choinneáil i gcuimhne freastalaí fhisiciúil nó fhíorúil. Dá bhrí sin, ba cheart do sheirbhísí “cainéal fórach” nó “taisceadh”, chomh maith le seirbhísí eile a sholáthraítear i sraitheanna eile den bhonneagar idirlín, nach mbaineann stóráil leo, amhail clárlanna agus cláraitheoirí, chomh maith le soláthraithe córas ainmneacha fearainn (DNS), seirbhísí cosanta d’íocaíochtaí nó do dhiúltú dáilte seirbhíse (DdoS), a bheith lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

(14)

Ba cheart gurbh é a bheadh sa choincheap “scaipeadh ar an bpobal”, faisnéis a chur ar fáil do líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta, eadhon an fhaisnéis a chur ar fáil go héasca d’úsáideoirí i gcoitinne gan gá le tuilleadh gníomhaíochta ón soláthraí ábhair, gan beann ar na daoine sin ag teacht ar an bhfaisnéis atá i gceist. Dá réir sin, i gcás ina mbeidh gá le clárú nó cead isteach do ghrúpa úsáideoirí chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, níor cheart an fhaisnéis sin a mheas a bheith scaipthe ar an bpobal ach amháin i gcás ina gclárófar nó ina ligfear isteach go huathoibríoch úsáideoirí atá ag iarraidh rochtain a fháil ar an bhfaisnéis gan cinneadh ó dhuine nó gan roghnú cé dó ar cheart rochtain a cheadú. Níor cheart do sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta, mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), amhail ríomhphoist nó seirbhísí teachtaireachtaí príobháideacha, teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Níor cheart a mheas go bhfuil faisnéis le stóráil agus le scaipeadh ar an bpobal de réir bhrí an Rialacháin seo ach amháin i gcás ina ndéanfar na gníomhaíochtaí sin arna iarraidh sin go díreach don soláthraí ábhair. Dá bhrí sin, níor cheart soláthraithe seirbhísí, amhail néalbhonneagar, a sholáthraítear arna iarraidh sin do pháirtithe eile seachas na soláthraithe ábhair agus nach dtéann ach chun tairbhe na soláthraithe go hindíreach, a chumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart a chumhdach, leis an Rialachán seo, mar shampla, soláthraithe seirbhísí meán sóisialta, comhroinnte físe, íomhánna agus fuaime, chomh maith le seirbhísí comhroinnte comhad agus néalseirbhísí eile, a mhéid a úsáidtear na seirbhísí sin chun an fhaisnéis stóráilte a chur ar fáil don phobal arna iarraidh sin don soláthraí ábhair go díreach. I gcás ina dtairgeann soláthraí seirbhíse óstála roinnt seirbhísí, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán ach amháin i dtaca leis na seirbhísí a thagann faoina raon feidhme.

(15)

Is minic a scaiptear ábhar sceimhlitheoireachta ar an bpobal trí sheirbhísí a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí óstála atá bunaithe i dtríú tíortha. Chun úsáideoirí san Aontas a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh gach soláthraí seirbhísí óstála atá ag feidhmiú sa mhargadh aonair digiteach faoi réir na gceanglas céanna, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gach soláthraí seirbhísí ábhartha a thairgtear san Aontas, gan beann ar an tír ina bhfuil a bpríomhbhunaíocht. Ba cheart a mheas, go bhfuil seirbhísí á dtairiscint ag soláthraí seirbhísí san Aontas, i gcás ina gcuireann an soláthraí seirbhísí ar chumas do dhaoine nádúrtha nó do dhaoine dlítheanacha i mBallstát amháin nó níos mó a chuid seirbhísí a úsáid agus an bhfuil nasc substaintiúil aige leis an mBallstát nó na Ballstáit sin.

(16)

Ba cheart gurb ann do nasc substaintiúil i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhísí óstála san Aontas, i gcás ina n-úsáideann líon mór úsáideoirí a sheirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó, nó i gcás ina ndírítear a ghníomhaíochtaí ar Bhallstát amháin nó níos mó. Ba cheart a chinneadh an bhfuil gníomhaíochtaí á ndíriú ar Bhallstát amháin nó níos mó ar bhonn na n-imthosca ábhartha go léir, lena n-áirítear tosca amhail úsáid teanga nó airgeadra a úsáidtear go coitianta sa Bhallstát lena mbaineann, nó gur féidir earraí nó seirbhísí a ordú ó Bhallstát den sórt sin. D’fhéadfadh díriú den sórt sin trí fheidhmchlár a bheith ar fáil san aipmhargadh náisiúnta ábhartha, fógraíocht áitiúil a bheith á soláthar nó fógraíocht a bheith á soláthar i dteanga a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát lena mbaineann, nó láimhseáil an chaidrimh le custaiméirí amhail caidreamh le custaiméirí a sholáthar i dteanga a úsáidtear go ginearálta sa Bhallstát sin. Ba cheart glacadh leis go bhfuil nasc substaintiúil ann freisin i gcás ina ndíríonn soláthraí seirbhísí óstála a chuid gníomhaíochtaí ar Bhallstát amháin nó níos mó mar a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Níor cheart gur leor ann féin rochtain ar shuíomh gréasáin soláthraí seirbhísí óstála, ná ar sheoladh ríomhphoist, ná ar shonraí teagmhála eile i mBallstát amháin nó i níos mó ná Ballstát amháin chun gur ann do nasc substaintiúil. Thairis sin, maidir seirbhís a sholáthar díreach d’fhonn an toirmeasc ar idirdhealú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) a chomhlíonadh, níor cheart, ar an bhforas sin amháin, an soláthair sin a mheas mar nasc substaintiúil leis an Aontas.

(17)

Ba cheart an nós imeachta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as orduithe baint anuas lena gceanglaítear ar na soláthraithe seirbhísí óstála ábhair sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú, ba cheart iad sin a chomhchuibhiú tar éis do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh orthu. De bharr a thapúla a scaiptear ábhar sceimhlitheoireachta feadh seirbhísí ar líne, ba cheart oibleagáid a chur ar sholáthraithe seirbhísí óstála chun a áirithiú go mbainfear anuas an t-ábhar sceimhlitheoireachta a shainaithnítear san ordú baint anuas nó go ndéantar rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú i ngach Ballstát laistigh d’uair an chloig i ndiaidh dóibh an t-ordú baint anuas a fháil. Ach amháin, i gcásanna éigeandála a bhfuil údar cuí leo, ba cheart don údarás inniúil faisnéis maidir leis na nósanna imeachta agus na sprioc-amanna is infheidhme a sholáthar don soláthraí seirbhísí óstála 12 uair an chloig ar a laghad roimh ordú baint anuas a eisiúint den chéad uair don soláthraí seirbhísí óstála. Is cás éigeandála a bhfuil údar cuí leis cás as a n-eascródh díobháil thromchúiseach dá mba mhoille ná uair an chloig tar éis fógra a eisiúint faoin ordú baint anuas a bhainfí anuas an t-ábhar nó a dhíchumasófaí an rochtain ar an ábhar sin, amhail i gcásanna ina mbeadh garbhaol do bheatha nó do shláine fhisiciúil duine nó i gcásanna ina léiríonn ábhar den sórt sin imeachtaí leanúnacha a bhfuil dochar do bheatha nó do shláine fhisiciúil duine mar thoradh orthu. Ba cheart don údarás inniúil a chinneadh cé acu an cásanna éigeandála atá i gcásanna agus an bhfuil údar cuí ina chinneadh maidir leis an ordú baint anuas. I gcás nach féidir leis an soláthraí seirbhísí óstála an t-ordú baint anuas a chomhlíonadh laistigh d’uair an chloig ón ordú baint anuas a fháil, ar bhonn force majeure nó toisc go bhfuil sé dodhéanta de facto, lena n-áirítear ar chúiseanna teicniúla nó oibríochtúla a mbeidh údar oibiachtúil leo, ba cheart dó na húdaráis eisiúna inniúla a chur ar an eolas a luaithe is féidir agus, an t-ordú baint anuas a chomhlíonadh, chomh luath agus a réiteofar an cheist.

(18)

Ba cheart a áireamh san ordú baint anuas ráiteas ar chúiseanna lena gcáilítear an t-ábhar atá le baint anuas nó rochtain ar an ábhar atá le díchumasú mar ábhar sceimhlitheoireachta agus ba cheart dóthain faisnéise a chur ar fáil ann chun go bhféadfaí an t-ábhar a aimsiú trí URL beacht a chur in iúl agus, i gcás inar gá, aon fhaisnéis bhreise eile, amhail gabháil scáileáin den ábhar atá i gceist. Leis an ráiteas ar chúiseanna sin, ba cheart ceadú don soláthraí seirbhísí óstála, agus, ar deireadh, don soláthraí ábhair, a gceart chun sásaimh bhreithiúnaigh a fheidhmiú go héifeachtach. Níor cheart nochtadh ar fhaisnéis íogair a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’imscrúduithe a bheith i gceist maidir leis na cúiseanna a chuirfear ar fáil.

(19)

Ba cheart don údarás inniúil an t-ordú baint anuas a chur go díreach chuig an bpointe teagmhála arna ainmniú nó arna bhunú ag an soláthraí seirbhíse óstála chun críocha an Rialacháin seo trí aon mheán leictreonach ar féidir taifead i scríbhinn a bhunú air agus faoi choinníollacha a ligfidh don soláthraí seirbhísí óstála barántúlacht an ordaithe a bhunú, lena n-áirítear cruinneas an dáta, am a sheolta agus am faighte an ordaithe, amhail trí ríomhphost nó ardáin shlána nó trí bhealaí slána eile, lena n-áirítear bealaí a chuir an soláthraí seirbhísí óstála ar fáil, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart an ceanglas sin a chomhlíonadh trí úsáid a bhaint as, inter alia, ríomhsheirbhísí seachadta cáilithe atá cláraithe amhail dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). I gcás ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála i mBallstát nach Ballstát an údaráis inniúla eisiúna é, nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe i mBallstát nach Ballstát an údaráis inniúla eisiúna é, ba cheart cóip den ordú sin a chur ar aghaidh an tráth céanna chuig údarás inniúil an Bhallstáit sin.

(20)

Ba cheart gur féidir le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil lonnaithe nó bunaithe an t-ordú baint anuas arna eisiúint ag údaráis inniúla ó Bhallstát eile a ghrinnscrúdú chun a chinneadh an sáraíonn sé go tromchúiseach nó go follasach an Rialachán seo nó cearta bunúsacha faoin gCairt. Ba cheart an ceart a bheith ag an soláthraí ábhair agus ag an soláthraí seirbhísí óstála araon a iarraidh go ndéanfadh an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil a phríomhbhunaíocht ag an soláthraí seirbhísí óstála nó ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil ina chónaí nó bunaithe an grinnscrúdú sin. I gcás go ndéantar iarraidh den sórt sin, tá an t-údarás inniúil faoi oibleagáid cinneadh a ghlacadh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil sáruithe den sórt sin san ordú baint anuas. I gcás ina n-aimseofaí, sa chinneadh sin, sárú den sórt sin, ba cheart go scoirfeadh an t-ordú baint anuas d’éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige. Ba cheart an grinnscrúdú a dhéanamh go pras chun a áirithiú go ndéanfar ábhar a baineadh anuas nó a díchumasaíodh go hearráideach a aischur go gasta.

(21)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta i gcás ina bhfuil téarmaí agus coinníollacha acu forálacha a áireamh iontu chun aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid a gcuid seirbhísí le haghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar an bpobal. Ba cheart dóibh na forálacha sin a chur i bhfeidhm ar bhealach dícheallach, trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach.

(22)

I bhfianaise scála na faidhbe agus an luais atá riachtanach chun ábhar sceimhlitheoireachta a shainaithint agus a bhaint anuas go héifeachtach, is cuid ríthábhachtach den aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne iad bearta sonracha éifeachtacha agus comhréireacha. D’fhonn rochtain ar ábhar sceimhlitheoireachta ar a gcuid seirbhísí a laghdú, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta bearta sonracha a chur i bhfeidhm, agus na rioscaí agus leibhéal na neamhchosanta ar an ábhar sceimhlitheoireachta mar aon leis an tionchar ar chearta na dtríú páirtithe agus ar leas an phobail i dtaca le faisnéis á gcur san áireamh acu. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála a chinneadh cad é an beart sonrach, éifeachtach agus comhréireach iomchuí ar cheart a chur i bhfeidhm chun ábhar sceimhlitheoireachta a shainaithint agus a bhaint anuas. D’fhéadaí a áireamh ar bhearta sonracha bearta iomchuí teicniúla nó oibríochtúla nó acmhainneachtaí amhail foireann nó modhanna teicniúla chun ábhar sceimhlitheoireachta a shainaithint agus a bhaint anuas go tapa nó chun rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú go tapa, sásraí d’úsáideoirí chun ábhar sceimhlitheoireachta líomhnaithe a thuairisciú nó a chur in iúl, nó aon bhearta eile a mheasann an soláthraí seirbhísí óstála a bheith iomchuí agus éifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar infhaighteacht ábhair sceimhlitheoireachta ar a chuid seirbhísí.

(23)

Agus bearta sonracha á gcur i bhfeidhm acu, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála a áirithiú go gcaomhnaítear ceart na n-úsáideoirí chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil chomh maith le saoirse agus iolrachas na meán mar a chosnaítear faoin gCairt. Mar aon le haon cheangal a leagtar síos sa dlí, lena n-áirítear an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí pearsanta, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí óstála gníomhú le dícheall cuí, agus coimircí a chur chun feidhme, lena n-áirítear maoirseacht dhaonna agus fíorú daonna, i gcás inarb iomchuí, le cinneadh earráideach a sheachaint, nó cinneadh neamhbheartaithe, arbh é an toradh a bheadh orthu ábhar nach ábhar sceimhlitheoireachta é a bhaint anuas nó rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú.

(24)

Ba cheart don soláthraí seirbhísí óstála tuairisc a thabhairt don údarás inniúil ar na bearta sonracha atá i bhfeidhm ionas go bhféadfaidh an t-údarás sin a chinneadh an bearta éifeachtacha comhréireacha iad na bearta sin, agus má úsáidtear modhanna uathoibrithe, an bhfuil an acmhainneacht is gá ag an soláthraí seirbhísí óstála maoirseacht dhaonna agus fíorú daonna a dhéanamh. Agus éifeachtúlacht agus comhréireacht na mbeart á meas acu, ba cheart d’údaráis inniúla paraiméadair ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear líon na n-orduithe baint anuas a eisíodh chuig an soláthraí seirbhísí óstála, méid agus acmhainn eacnamaíoch an tsoláthraí seirbhísí óstála, agus an tionchar a bhíonn ag na seirbhísí atá acu ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta, mar shampla ar bhonn líon na n-úsáideoirí san Aontas á chur san áireamh, mar aon leis na coimircí a chuirtear i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid a gcuid seirbhísí le haghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne.

(25)

I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil nach leor na bearta sonracha a cuireadh i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí, ba cheart go bhféadfadh sé a cheangal go nglacfaí bearta éifeachtacha agus comhréireacha iomchuí breise sonracha. As an gceangal sin chun na bearta sonracha breise siúd a chur chun feidhme, níor cheart oibleagáid ghinearálta eascairt as sin faireachán nó aimsiú gníomhach fíoras a dhéanamh mar a fhoráiltear dó in Airteagal 15(1) de Threoir 2000/31/CE ná oibleagáid uirlisí uathoibrithe a úsáid. Ba cheart, áfach, go bhféadfadh na soláthraithe seirbhísí óstála uirlisí uathoibrithe a úsáid i gcás ina measfaidh siad go bhfuil sé sin iomchuí agus riachtanach chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar mhí-úsáid a gcuid seirbhísí le haghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta.

(26)

An oibleagáid atá ar na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar a baineadh anuas agus sonraí gaolmhara a chaomhnú, is oibleagáid í ba cheart a leagan síos chun críocha sonracha, agus ba cheart í a bheith teoranta don tréimhse ama is gá. Ní mór cur leis an gceanglas caomhnúcháin chun sonraí gaolmhara a chuimsiú, mar murach sin rachadh na sonraí uile sin amú de dheasca bhaint anuas an ábhair sceimhlitheoireachta atá i gceist. Is féidir, “sonraí síntiúsóirí” a bheith san áireamh i sonraí gaolmhara, go háirithe sonraí a bhaineann le céannacht an tsoláthraí ábhair mar aon le “sonraí rochtana”, lena n-áirítear sonraí maidir le dáta agus am úsáide an tsoláthraí ábhair agus na sonraí logáil isteach agus logáil amach ón tseirbhís, mar aon le seoladh IP a shann an soláthraí rochtana idirlín don soláthraí ábhair.

(27)

An oibleagáid an t-ábhar a chaomhnú i gcomhair imeachtaí riaracháin nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh nó imeachtaí leighis riaracháin nó bhreithiúnaigh, is rud riachtanach í agus beidh údar cuí léi d’fhonn a áirithiú go bhfuil leigheasanna éifeachtacha ar fáil don soláthraí ábhair ar baineadh anuas a chuid ábhair nó a ndearnadh an rochtain air a dhíchumasú, agus chun aischur an ábhair sin a áirithiú, ag brath ar thoradh na n-imeachtaí athbhreithnithe sin. An oibleagáid an t-ábhar a chaomhnú chun críoch imscrúdaithe nó ionchúisimh, is rud riachtanach í a bhfuil údar cuí léi i bhfianaise an fhiúntais a d’fhéadfadh a bheith san ábhar chun gníomhaíocht sceimhlitheoireachta a chur in aimhréidh nó a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas gur rud é a bhfuil údar cuí leis freisin an t-ábhar sceimhlitheoireachta a baineadh anuas a chaomhnú chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Níor cheart ábhar sceimhlitheoireachta agus na sonraí gaolmhara a stóráil ach ar feadh an tréimhse is gá chun go bhféadfadh na húdaráis forfheidhmithe dlí an t-ábhar sceimhlitheoireachta a sheiceáil agus a chinneadh an bhfuil gá leis chun na gcríoch sin. Chun críocha cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ba cheart an caomhnú sonraí is gá teoranta do shonraí ar dócha nasc a bheith acu le cionta sceimhlitheoireachta, agus a d’fhéadfadh, dá bhrí sin, rannchuidiú le cionta sceimhlitheoireachta a ionchúiseamh nó rioscaí tromchúiseacha i dtaca le slándáil an phobail a chosc. I gcás ina mbainfidh soláthraithe seirbhísí óstála ábhar anuas nó ina ndíchumasóidh siad rochtain ar ábhar, go háirithe trí na bearta sonracha a dhéanfaidh siad féin, ba cheart dóibh na húdaráis inniúla a chur ar an eolas go pras faoi ábhar ar cuid de faisnéis as a n-eascróidh garbhaol do bheatha duine nó do chion sceimhlitheoireachta amhrasta.

(28)

Leis an gcomhréireacht a áirithiú, ba cheart teorainn 6 mhí a chur leis an tréimhse chaomhnúcháin, rud a thabharfadh dóthain ama do na soláthraithe ábhair na himeachtaí riaracháin nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh ábhartha a thosú agus lena chur ar chumas na n-údarás forfheidhmithe dlí rochtain a fháil ar shonraí ábhartha chun cionta sceimhlitheoireachta a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Mar sin féin, arna iarraidh sin don údarás inniúil nó don chúirt, ba cheart go bhfeadfaí cibé síneadh is gá a chur leis an tréimhse sin arna iarraidh sin don údarás a dhéanfaidh an t-athbhreithniú i gcás inar tosaíodh na himeachtaí ach nár críochnaíodh iad laistigh den tréimhse 6 mhí. Ba cheart dóthain ama a bheith sa tréimhse chaomhnúcháin ionas gur féidir le húdaráis forfheidhmithe an dlí an t-ábhar riachtanach a chaomhnú i dtaca le himscrúduithe agus ionchúisimh, agus an chothromaíocht idir sin agus na cearta bunúsacha á háirithiú acu san am céanna.

(29)

Leis an Rialachán seo, níor cheart go ndéantar difear do na ráthaíochtaí nós imeachta ná do na bearta um nós imeachta imscrúdaithe a bhaineann le rochtain ar ábhar agus ar shonraí gaolmhara a chaomhnaítear chun cionta sceimhlitheoireachta a imscrúdú agus a ionchúiseamh mar a rialaítear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.

(30)

Is rud ríthábhachtach trédhearcacht bheartais na soláthraithe seirbhísí óstála i ndáil le hábhar sceimhlitheoireachta ar mhaithe lena gcuid cuntasachta i leith a gcuid úsáideoirí a fheabhsú, agus chun muinín na saoránach sa mhargadh aonair digiteach a dhaingniú. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála a rinne gníomhaíocht in aghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta nó ar ceanglaíodh orthu gníomhaíocht a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo i mbliain féilire ar leith, tuarascálacha trédhearcachta bliantúla a chur ar fáil don phobal, ina mbeidh faisnéis faoin ngníomhaíocht a rinneadh chun ábhar sceimhlitheoireachta a shainaithint agus a bhaint anuas.

(31)

Ba cheart do na húdaráis inniúla tuarascálacha trédhearcachta a fhoilsiú ina mbeadh faisnéis faoi líon na n-orduithe baint anuas, líon na gcásanna nár cuireadh ordú i gcrích, líon na gcinntí a bhaineann le bearta sonracha, líon na gcásanna atá faoi réir imeachtaí riaracháin nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus líon na gcinntí lena bhforchuirtear pionóis.

(32)

An ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, is rud é a chumhdaítear in Airteagal 19 de Chonradh an Aontas Eorpaigh (CAE), agus in Airteagal 47 den Chairt. Tá ceart ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach chun leigheas éifeachtach a fháil i láthair cúirt náisiúnta inniúil in aghaidh aon cheann de na bearta a glacadh de bhun an Rialacháin seo, lena bhféadfaí dochar a dhéanamh do chearta an duine sin. Ba cheart go n-áireofaí leis an gceart seo go háirithe deis a bheith ag na soláthraithe seirbhísí óstála agus na soláthraithe ábhair agóid a dhéanamh ar na horduithe baint anuas nó ar aon chinntí a eascraíonn as orduithe baint anuas a ghrinnscrúdú faoin Rialachán seo go héifeachtach sula ndearna cúirt de chuid Ballstáit arb iad a údarás inniúil féin a d’eisigh an t-ordú baint anuas an cinneadh faoi seach, mar aon leis an deis a bheith ag soláthraithe seirbhísí óstála agóid a dhéanamh ar chinneadh faoi bhearta nó phionóis shonracha go héifeachtach os comhair cúirt de chuid Ballstáit arb é a údarás inniúil a rinne an cinneadh sin.

(33)

Na nósanna imeachta maidir le gearáin, is coimirce riachtanach atá iontu in aghaidh ábhar ar líne a bhaint anuas go hearráideach nó rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú, i gcás ina ndéantar ábhar den sórt sin a chosaint tríd an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Dá bhrí sin, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí óstála sásraí soláimhsithe gearáin a chur ar bun lena n-áiritheofar go ndéileálfar le gearáin gan mhoill agus le trédhearcacht iomlán i leith an tsoláthraí ábhair. An ceanglas atá ar an soláthraí seirbhísí óstála chun ábhar a aischur, ar ábhar é a baineadh anuas nó a díchumasaíodh rochtain air trí dhearmad, is ceanglas é nár cheart difear a dhéanamh don deis atá ag na soláthraithe seirbhísí óstála a gcuid téarmaí agus coinníollacha féin a chur i bhfeidhm ar fhorais eile.

(34)

Éilítear le cosaint dlí éifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 19 CAE agus Airteagal 47 den Chairt, gur féidir le soláthraithe ábhair dearbhú a fháil ar na cúiseanna a bhí ann leis an ábhar a d’uaslódáil siad féin a bhaint anuas nó le rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú. Chun na críche sin, ba cheart don soláthraí seirbhísí óstála faisnéis a bhfuil fiúntas inti a chur ar fáil don soláthraí ábhair, faisnéis maidir le hagóid a dhéanamh ar an mbaint anuas nó ar an díchumasú. De réir mar atá na himthosca, d’fhéadfadh na soláthraithe seirbhísí óstála teachtaireacht a chur in ionad ábhar a baineadh anuas nó a rinneadh rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú, teachtaireacht ina léirítear gur baineadh an t-ábhar sin anuas nó go ndearnadh rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart tuilleadh faisnéise faoi na cúiseanna maidir leis an mbaint anuas agus leis an díchumasú, mar aon le faisnéis faoi na leigheasanna maidir leis an mbaint anuas agus an díchumasú a chur ar fáil arna iarraidh sin ag an soláthraí ábhair. I gcás inarb é cinneadh a dhéanfaidh na húdaráis inniúla, ar chúiseanna a bhaineann le slándáil phoiblí, i gcomhthéacs imscrúdú i measc rudaí eile, gur rud míchuí fritorthúil a bheadh ann scéal a chur go díreach chuig an soláthraí ábhair maidir le baint anuas an ábhair nó é a dhíchumasú, ba cheart dóibh an soláthraí seirbhísí óstála a chur ar an eolas dá réir sin.

(35)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú. Níor cheart gur gá, leis sin, go dtabharfaí le fios údarás nua a bhunú agus ba cheart gur féidir comhlacht atá ann cheana a chur ar iontaibh leis na feidhmeanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Leis an Rialachán seo, ba cheart go n-éilítear údaráis a ainmniú, údaráis a bheadh inniúil ar orduithe baint anuas a eisiúint, ar orduithe baint anuas a ghrinnscrúdú agus ar mhaoirseacht a dhéanamh ar bhearta sonracha le pionóis a ghearradh agus ba cheart, ag an am céanna, gur féidir le gach Ballstát cinneadh a dhéanamh maidir le líon na n-údarás inniúil a bheith ainmnithe agus an údaráis riaracháin, údaráis forfheidhmithe dlí nó údaráis bhreithiúnacha a bheidh iontu. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaidh na húdaráis inniúla a gcúraimí ar bhealach oibiachtúil neamh-idirdhealaitheach agus nach lorgóidh siad ná nach nglacfaidh siad treoracha ó aon chomhlacht eile maidir le feidhmiú na gcúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo. Níor cheart go gcuirfí cosc leis sin ar mhaoirseacht i gcomhréir leis an dlí bunreachtúil náisiúnta. Ba cheart do na Ballstáit na húdaráis inniúla a ainmnítear faoin Rialachán seo a chur in iúl don Choimisiún agus ba cheart don Choimisiún clár ina liostaítear na húdaráis inniúla ar líne. Ba cheart é a bheith éasca rochtain a fháil ar an gclárlann ar líne chun fíorú pras a éascú do sholáthraithe seirbhísí óstála maidir le barántúlacht na n-orduithe baint anuas.

(36)

Chun dúbailt iarrachta a sheachaint agus chun nach mbeifear ag cur isteach ar na himscrúduithe agus chun an t-ualach ar na soláthraithe seirbhísí óstála lena mbaineann a íoslaghdú, ba cheart do na húdaráis inniúla faisnéis a mhalartú, comhordú agus comhoibriú a dhéanamh le chéile, agus i gcás inarb iomchuí le Europol, sula n-eiseoidh siad orduithe baint anuas chuig soláthraithe seirbhísí óstála. Agus cinneadh á dhéanamh aige ar cheart ordú baint anuas a eisiúint nó nár cheart, ba cheart don údarás inniúil aird chuí a thabhairt d’aon fhógra a bhaineann le cur isteach ar leasanna imscrúdaitheacha (díchoinbhleachtú). I gcás ina gcuireann údarás inniúil i mBallstát amháin údarás inniúil i mBallstát eile ar an eolas maidir le hordú baint anuas atá ann cheana féin, níor cheart dó ordú baint anuas a bhaineann leis an ábhar céanna a eisiúint. Le linn do Europol a bheith ag cur na bhforálacha seo chun feidhme, d’fhéadfadh sé tacaíocht a chur ar fáil i gcomhréir leis an sainordú reatha atá aige agus i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil atá ann.

(37)

Chun a áirithiú go gcuirfidh siad bearta sonracha, arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhísí óstála, chun feidhme ar bhonn atá éifeachtach agus comhleanúnach go leor, ba cheart d’údaráis inniúla sna Ballstáit comhordú agus comhoibriú a dhéanamh le chéile maidir leis na malartuithe a dhéanann siad le soláthraithe seirbhísí óstála i dtaca le horduithe baint anuas agus le sainaithint, cur chun feidhme agus measúnú a dhéanamh ar bhearta sonracha. Chomh maith leis sin, teastaíonn comhordú agus comhar den sórt sin maidir le beartais eile chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear i ndáil le glacadh na rialacha maidir le pionóis agus maidir le forfheidhmiú na bpionós. Ba cheart don Choimisiún comhordú agus comhar den sórt sin a éascú.

(38)

Is ríthábhachtach an rud é go ndéanfar an t-údarás inniúil atá freagrach as pionóis a ghearradh laistigh den Bhallstát a chur ar an eolas go hiomlán faoi eisiúint orduithe baint anuas agus faoi mhalartuithe ina dhiaidh sin idir an soláthraí seirbhísí óstála agus na húdaráis inniúla ábhartha i mBallstáit eile. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh bealaí cumarsáide agus sásraí iomchuí agus slána ann a fhágfaidh gur féidir faisnéis a roinnt go tráthúil.

(39)

Le malartú pras idir na húdaráis inniúla a éascú, agus leis na soláthraithe seirbhísí óstála chomh maith, agus leis an dúbailt díchill a sheachaint, ba cheart na Ballstáit a spreagadh úsáid a bhaint as na huirlisí tiomnaithe atá tugtha chun cinn ag Europol, mar an feidhmchlár reatha Bainistíocht na dTarchur Idirlín, nó uirlisí comharba.

(40)

Tá sé léirithe gur modh éifeachtach agus pras é tarchuir ó na Ballstáit agus ó Europol chun feasacht na soláthraithe seirbhísí óstála ar ábhar sonrach atá ar fáil trína gcuid seirbhísí a mhéadú agus chun a chur ar a gcumas gníomhú go tapa. Le tarchuir den sórt sin, ar sásra iad lena gcuirtear na soláthraithe seirbhísí óstála san airdeall ar fhaisnéis a bhféadfaí a mheas gur ábhar sceimhlitheoireachta í, rud a bhféadfaidh an soláthraí a mhachnamh a dhéanamh air dá dheoin féin maidir le comhoiriúnacht an ábhair sin lena chuid téarmaí agus coinníollacha féin, is sásra é ar cheart fáil a bheith air i ndiaidh báire, mar aon leis na horduithe baint anuas. An cinneadh deiridh maidir le baint anuas an ábhair de bharr gan é a bheith neamhchomhoiriúnach lena gcuid téarmaí agus coinníollacha, is faoin soláthraí seirbhísí óstála an cinneadh sin a dhéanamh. Leis an Rialachán seo, níor cheart aon difear a dhéanamh do shainordú Europol mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Dá bhrí sin, níor cheart a thuiscint ó aon ní sa Rialachán seo go gcuirfear bac ar na Ballstát agus ar Europol tarchuir a úsáid mar ionstraim chun aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne.

(41)

Ó tharla sliocht thar a bheith tromchúiseach a bheith ar chuid den ábhar sceimhlitheoireachta ar líne, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála údaráis inniúla sa Bhallstát lena mbaineann nó údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe nó ina bhfuil ionadaí dlíthiúil acu, a chur ar an eolas gan mhoill faoi ábhar ina bhfuil fianaise arb é garbhaol ar bheatha nó cion amhrasta sceimhlitheoireachta a eascraíonn aisti nó is toradh uirthi. Chun an chomhréireacht a áirithiú ba cheart an oibleagáid sin a bheith teoranta do chionta sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2017/541 iad. An oibleagáid seo chun eolas a roinnt, níor cheart gurb ionann í agus a rá go bhfuil sé d’oibleagáid ar na soláthraithe seirbhísí óstála fianaise den gharbhaol ar bheatha nó cion amhrasta sceimhlitheoireachta a chuardach go gníomhach. An Ballstát lena mbaineann, ba cheart é a thuiscint mar an Ballstát a bhfuil dlínse aige ar imscrúdú agus ar ionchúiseamh na gcionta sceimhlitheoireachta ar bhonn náisiúntacht an chiontóra nó íospartach ionchasach an chiona, nó an áit is sprioc don ghníomh sceimhlitheoireachta. I gcás amhrais de, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí óstála an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig Europol, agus ba cheart do Europol an ghníomhaíocht iardain ábhartha a sholáthair i gcomhréir lena shainordú dóibh, lena n-áirítear an fhaisnéis sin a chur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha. Ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit faisnéis den sórt sin a úsáid chun bearta imscrúdaithe atá ar fáil faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta a dhéanamh.

(42)

Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála pointí teagmhála a ainmniú nó a bhunú chun láimhseáil thapa ar orduithe baint anuas a éascú. Níor cheart don phointe teagmhála a fheidhmiú ach ar mhaithe le cúrsaí oibríochtúla. Is éard ba cheart a bheith sa phointe teagmhála an soláthraí seirbhísí óstála, aon mheán tiomnaithe, inmheánach nó seachfhoinsithe, trínar féidir orduithe baint anuas a chur isteach go leictreonach nó meáin phearsanta trínar féidir na horduithe sin a phróiseáil go tapa. Ní gá don phointe teagmhala a bheith lonnaithe san Aontas. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an tsaoirse a bheith ag an soláthraí seirbhísí óstála pointe teagmhála atá ann cheana a úsáid, ar choinníoll gur féidir leis an bpointe teagmhála na feidhmeanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlíonadh. D’fhonn a áirithiú go ndéanfar ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó go ndéanfar rochtain air a dhíchumasú laistigh d’uair an chloig tar éis ordú baint anuas a fháil, ba cheart go mbeadh teacht ar phointí teagmhála na soláthraithe seirbhísí óstála, a nochtadh don ábhar sceimhlitheoireachta, tráth ar bith. Mar chuid den fhaisnéis ba cheart a bheith ar an bpointe teagmhála, tá faisnéis faoin teanga is féidir a úsáid chun teagmháil a dhéanamh leis. Le héascaíocht a chur sa chumarsáid idir na soláthraithe seirbhísí óstála agus na húdaráis inniúla, moltar do na soláthraithe seirbhísí óstála cumarsáid a dhéanamh i gceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais a bhfuil a gcuid téarmaí agus coinníollacha féin ar fáil inti.

(43)

Nuair nach ann do cheanglas ginearálta do na soláthraithe seirbhísí óstála chun a áirithiú go mbeidh siad i láthair go fisiciúil laistigh de limistéar an Aontais, is gá soiléire a áirithiú i dtaca le dlínse an Bhallstáit faoina dtagann an soláthraí seirbhísí óstála a thairgeann seirbhisí laistigh den Aontas. Mar riail ghinearálta, is faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht a thagann an soláthraí seirbhísí óstála, nó faoi dhlínse an Bhallstáit ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe. Ba cheart sin a bheith gan dochar do na rialacha maidir le hinniúlacht arna mbunú chun críche orduithe baint anuas agus cinntí a eascróidh as grinnscrúdú orduithe baint anuas faoin Rialachán seo. Maidir le soláthraí seirbhísí óstála nach bhfuil aon bhunaíocht san Aontas aige agus nach n-ainmníonn ionadaí dlíthiúil, ba cheart, in ainneoin sin, dlínse a bheith ag aon Bhallstát agus dá bhrí sin, ba cheart don Bhallstát a bheith in ann pionóis a fhorchur, ar choinníoll go n-urramaítear an prionsabal ne bis in idem.

(44)

Soláthraithe seirbhísí óstála nach bhfuil bunaithe san Aontas, ba cheart dóibh ionadaí dlíthiúil a ainmniú i scríbhinn chun comhlíonadh agus cur i bhfeidhm na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a áirithiú. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse óstála a bheith in ann, chun críocha an Rialacháin seo, ionadaí dlíthiúil atá ainmnithe chun críoch eile acu cheana a úsáid, ar choinníoll go bhfuil an t-ionadaí in ann na feidhmeanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an ionadaí dlíthiúil gníomhú thar ceann an tsoláthraí seirbhísí óstála.

(45)

Tá gá le pionóis lena áirithiú go gcuirfidh na soláthraithe seirbhísí óstála an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a ghlacadh i dtaca le pionóis, ar féidir leo a bheith de chineál riaracháin nó de chineál coiriúil, agus i gcás inarb iomchuí treoirlínte fíneála. D’fhéadfaí neamhchomhlíonadh a bheith faoi réir pionóis i gcásanna ar leith ach an prionsabal ne bis in idem agus prionsabal na comhréireachta a urramú, agus a áirithiú go gcuirfear pionós den sórt sin teip chórasach san áireamh. D’fheadfadh pionós a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear rabhaidh fhoirmiúla i gcás mionsáruithe nó pionóis airgeadais i ndáil le sáruithe níos déine nó níos córasaí. Má theipeann ar an soláthraí seirbhísí óstála go córasach nó arís agus arís eile ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain ar an ábhar a dhíchumasú laistigh d’uair an chloig ó ordú baint anuas a fháil, ba cheart pionóis thar a bheith géar a ghearradh air dá bharr. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart a leagan amach sa Rialachán seo na sáruithe sin atá faoi réir pionós agus na cúinsí sin atá ábhartha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar chineál agus leibhéal na bpionós sin. Agus cinneadh á dhéanamh an ngearrfar pionóis airgeadais nó nach ngearrfar, ba cheart an aird chuí a thabhairt ar acmhainní airgeadais an tsoláthraí seirbhísí óstála. Ina theannta sin, ba cheart don údarás inniúil a chur san áireamh an gnólacht nuathionscanta nó micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide é mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (12) an soláthraí seirbhísí óstála. Ba cheart imthosca breise a chur san áireamh freisin, amhail an raibh iompar an tsoláthraí seirbhísí óstála neamhstuama nó incháinte go hoibiachtúil nó an ndearnadh an sárú go faillíoch nó d’aon ghnó. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh gríosú sna pionóis a ghearrfar maidir le sárú ar an Rialachán seo chun ábhar a bhaint anuas nach ábhar sceimhlitheoireachta é.

(46)

Úsáid na dteimpléad caighdeánaithe, is éascaíocht í don chomhoibriú agus don mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla agus soláthraithe seirbhísí óstála, agus cuireann sí ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh ar bhealach níos gasta agus níos éifeachtaí. Tá tábhacht ar leith ag baint le gníomh a dhéanamh go gasta ach a mbeidh ordú baint anuas faighte. A bhuí le teimpléid, tagann laghdú ar na costais aistriúcháin agus cuirtear le caighdeán an phróisis. Le teimpléid aiseolais, is féidir úsáid a bhaint as malartú caighdeánaithe faisnéise, agus tá tábhacht ar leith ag baint leo i gcás nach féidir leis na soláthraithe seirbhísí orduithe baint anuas a chomhlíonadh. Bealaí fíordheimhnithe leis an ordú baint anuas a chur isteach, is bealaí iad lena féidir barántúlacht an ordaithe baint anuas a ráthú, lena n-áirítear cruinneas an dáta, tráth seolta an orduithe, agus tráth a ghlactha.

(47)

Chun gur féidir ábhar na dteimpléad a leasú go pras, i gcás inar gá, is é sin na teimpléid atá le húsáid chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. Ionas gur féidir leis an gCoimisiún forbairt na teicneolaíochta agus forbairt an chreata dhlíthiúil ghaolmhair a chur san áireamh, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, rud a fhorlíonfaidh an Rialachán seo le ceanglais theicniúla maidir leis na modhanna leictreonacha atá le húsáid ag na húdaráis inniúla chun orduithe baint anuas a chur ar aghaidh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéantar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(48)

Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a bhailiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann leas a bhaint as na tuarascálacha trédhearcachta ó na soláthraithe seirbhísí óstála agus iad a chomhlánú, i gcás inar gá, le faisnéis níos mionsonraithe, amhail a gcuid tuarascálacha trédhearcachta féin de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart clár mionsonraithe a bhunú le faireachán a dhéanamh ar an aschur, ar na torthaí, agus ar an tionchar a bheidh ag an Rialachán seo ar mhaithe le meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(49)

Ba cheart don Choimisiún, bunaithe ar chinntí agus ar chonclúidí na tuarascála ar an gcur chun feidhme agus ar an toradh atá ar an obair faireacháin, meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo laistigh de 3 bliana ó dháta a teacht i bhfeidhm. Is ar chritéir na héifeachtúlachta, an riachtanais, na héifeachtachta, na comhréireachta, na hábharthachta, an chomhleanúnachais agus an bhreisluacha Aontais, ba cheart an mheastóireacht a bhunú. Na bearta éagsúla oibríochtúla agus teicniúla dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is é feidhmiú na mbeart sin ba cheart a dhéanfar a mheas sa mheastóireacht, lena n-áirítear éifeachtacht na mbeart chun feabhas a chur ar bhrath, ar shainaithint, agus ar bhaint anuas ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, agus ar éifeachtacht na sásraí coimirce, mar aon leis an tionchar ar chearta bunúsacha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, amhail an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán, an tsaoirse chun gnó a riar agus na cearta chun saoil phríobháidigh agus cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar an tionchar ar leasanna tríú páirtithe a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh.

(50)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair dhigitigh a áirithiú trí aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, ach gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

ROINN I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha chun aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid seirbhísí óstála le haghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne ar an bpobal, go háirithe rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

dualgais chúraim réasúnta chomhréireacha atá le cur i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí óstála chun aghaidh a thabhairt ar ábhair sceimhlitheoireachta a scaipeadh ar an bpobal trí mheán a gcuid seirbhísí agus chun a áirithiú, i gcás inar gá, go ndéanfar ábhar den sórt sin a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú go pras;

(b)

na bearta atá le cur i bhfeidhm ag Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais agus faoi réir coimircí oiriúnacha chun cearta bunúsacha, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil i sochaí oscailte dhaonlathach, a chosaint, chun:

(i)

ábhar sceimhlitheoireachta a shainaithint, agus a áirithiú go ndéantar an t-ábhar sin a bhaint anuas go pras ag soláthraithe seirbhísí óstála; agus

(ii)

éascaíocht a dhéanamh maidir leis an gcomhar idir údaráis inniúla na mBallstát, soláthraithe seirbhísí óstála agus, i gcás inarb iomchuí, le Europol.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na soláthraithe seirbhísí óstála a thairgeann seirbhísí san Aontas, gan beann ar a bpríomhbhunaíocht, a mhéid a scaipeann siad faisnéis ar an bpobal.

3.   Ábhar a scaiptear ar an bpobal chun críoch oideachais, iriseoireachta, ealaíne nó taighde nó chun críocha sceimhlitheoireacht a chosc nó a chomhrac, lena n-áirítear ábhar arb ionann é agus tuairimí poileimiciúla nó conspóideacha a léiriú le linn díospóireacht phoiblí, ní mheasfar gur ábhar sceimhlitheoireachta é. Cinnfear le measúnú an fíorchuspóir a bhaineann leis an scaipeadh sin agus an amhlaidh go scaiptear é ar an bpobal chun na gcríoch sin.

4.   Ní bheidh sé d’éifeacht ag an Rialachán seo go modhnófar an oibleagáid atá ann na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a urramú dá dtagraítear in Airteagal 6 CAE agus beidh feidhm aige gan dochar do na bunphrionsabail a bhaineann leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán.

5.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do Threoracha 2000/31/CE ná 2010/13/AE. I gcás seirbhísí meán closamhairc mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(1) de Threoir 2010/13/AE, beidh forlámhas ag Treoir 2010/13/AE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí óstála” soláthraí a sholáthraíonn seirbhísí mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 1 de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), arb é atá iontu stóráil na faisnéise arna soláthar ag an soláthraí ábhair arna iarraidh sin do sholáthraí ábhair;

(2)

ciallaíonn “soláthraí ábhair” úsáideoir a sholáthair faisnéis atá á stóráil, nó a bhí á stóráil, agus arna scaipeadh ar an bpobal ag soláthraí seirbhísí óstála;

(3)

ciallaíonn “scaipeadh ar an bpobal” faisnéis a chur ar fáil, arna iarraidh sin do sholáthraí ábhair, chuig líon daoine a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta;

(4)

ciallaíonn “seirbhísí a thairiscint san Aontas” a chur ar chumas daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha i mBallstát amháin nó níos mó úsáid a bhaint as seirbhísí soláthraí seirbhísí óstála ag a bhfuil nasc substaintiúil leis an mBallstát nó leis na Ballstáit sin;

(5)

ciallaíonn “nasc substaintiúil” an nasc atá ag soláthraí seirbhíse óstála le Ballstát amháin nó níos mó, nasc a thagann as a bhunaíocht san Aontas nó as critéir shonracha fhíorasacha, amhail:

(a)

líon suntasach úsáideoirí dá sheirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó a bheith aige; nó

(b)

é a bheith ag díriú a ghníomhaíochtaí ar Bhallstát amháin nó níos mó.

(6)

ciallaíonn “cionta sceimhlitheoireachta” cionta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2017/541;

(7)

ciallaíonn “ábhar sceimhlitheoireachta” ceann amháin nó níos mó de na cineálacha ábhair seo a leanas, eadhon, ábhar ina bhfuil an méid seo a leanas i gceist leis:

(a)

ábhar lena ndéantar ceann amháin de na cionta dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) d’Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2017/541 a ghríosú, i gcás ina ndéanfaidh ábhar den sórt sin, go díreach nó go hindíreach, amhail trí ghníomhartha sceimhlitheoireachta a mhóradh, déanamh cionta sceimhlitheoireachta a mholadh, ar dhóigh is cúis le baol go ndéanfaí ceann amháin nó níos mó de chionta den sórt sin;

(b)

ábhar lena n-iarrtar ar dhuine nó ar ghrúpa daoine chun ceann amháin de na cionta dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) d’Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2017/541 a dhéanamh nó chun rannchuidiú leo sin a dhéanamh;

(c)

ábhar lena n-iarrtar ar dhuine nó ar ghrúpa daoine chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta, de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2017/541;

(d)

ábhar lena ndéantar teagasc a chur ar fáil maidir le pléascáin, airm thine nó armáin eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh agus a úsáid, nó maidir le modhanna agus teicnící sonracha eile chun ceann de na cionta sceimhlitheoireachta dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) d’Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2017/541 a dhéanamh nó rannchuidiú leo sin a dhéanamh;

(e)

ábhar atá ina bhagairt chun ceann amháin de na cionta dá dtagraítear i bpointí (a) go (i) d’Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2017/541 a dhéanamh;

(8)

ciallaíonn “téarmaí agus coinníollacha” na téarmaí, na coinníollacha agus na clásail uile, gan beann ar a n-ainm nó ar a bhfoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir an soláthraí seirbhísí óstála agus a úsáideoirí;

(9)

ciallaíonn “príomhbhunaíocht” ceannoifig nó oifig chláraithe an tsoláthraí seirbhísí óstála ina ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú.

ROINN II

BEARTA CHUN AGHAIDH A THABHAIRT AR SCAIPEADH ÁBHAIR SCEIMHLITHEOIREACHTA AR LÍNE

Airteagal 3

Orduithe baint anuas

1.   Beidh sé de chumhacht ag údarás inniúil gach Ballstáit ordú baint anuas a eisiúint lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú i ngach Ballstát.

2.   I gcás nach bhfuil údarás inniúil ábhartha tar éis ordú baint anuas a eisiúint chuig soláthraí seirbhísí óstála roimhe sin, soláthróidh sé faisnéis don soláthraí seirbhísí óstála sin, faisnéis faoi na nósanna imeachta agus sprioc-amanna is infheidhme, 12 uair a chloig ar a laghad sula n-eiseofar an t-ordú baint anuas.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcásanna éigeandála a bhfuil údar cuí leo.

3.   Bainfidh na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta anuas nó déanfaidh siad rochtain air a dhíchumasú i ngach Ballstát a luaithe is féidir agus, ar aon chuma, laistigh d’uair an chloig ón tráth a gheofar an ordú baint anuas.

4.   Eiseoidh údaráis inniúla orduithe baint anuas lena n-úsáidtear an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Beidh na heilimintí seo a leanas in orduithe baint anuas:

(a)

sonraí aitheantais an údaráis inniúil a bhfuil an t-ordú baint anuas á eisiúint aige agus fíordheimhniú an ordaithe baint anuas arna dhéanamh ag an údarás inniúil sin;

(b)

ráiteas mionsonraithe go leordhóthanach ar chúiseanna ina mínítear an fáth a meastar gur ábhar sceimhlitheoireachta é an t-ábhar, agus tagairt don chineál ábhair sceimhlitheoireachta ábhartha dá dtagraítear i bpointe (7) d’Airteagal 2;

(c)

aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne (URL) beacht agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise lena bhféadfar an t-ábhar sceimhlitheoireachta a shainaithint;

(d)

tagairt don Rialachán seo mar bhunús dlí an ordaithe baint anuas;

(e)

dáta, stampa ama agus ríomhshíniú ón údarás inniúil a bhfuil an t-ordú baint anuas á eisiúint aige;

(f)

faisnéis shothuigthe maidir leis an sásamh atá ar fáil don soláthraí seirbhísí óstála agus don soláthraí ábhair, lena n-áirítear faisnéis faoi shásamh leis an údarás inniúil, le dul ar iontaoibh cúirte agus leis na sprioc-amanna achomhairc freisin;

(g)

i gcás inar gá agus inar comhréireach, an cinneadh gan faisnéis a nochtadh faoi ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú i gcomhréir le hAirteagal 11(3).

5.   Is ar phríomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ar a ionadaí dlíthiúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 17 a dhíreoidh an t-údarás inniúil an t-ordú baint anuas.

Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-ordú baint anuas a tharchur chuig an bpointe teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 15(1) go leictreonach ar bhealach lena bhféadfar taifead i scríbhinn a tháirgeadh de shórt a fhágann gur féidir fíordheimhniú an tseoltóra a shuí, lena n-áirítear cruinneas dháta agus am seolta agus fála an ordaithe.

6.   Cuirfidh an soláthraí seirbhísí óstála, gan moill mhíchuí, an t-údarás inniúil ar an eolas, agus úsáid á baint aige as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II, go ndearnadh an t-ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú i ngach Ballstát, agus léireoidh sé, go háirithe, an t-am a rinneadh an baint anuas nó an díchumasú sin.

7.   Mura féidir leis an soláthraí seirbhísí óstála an t-ordú baint anuas a chomhlíonadh ar fhorais force majeure nó toisc go bhfuil sé dodhéanta de facto agus nach féidir sin a leagan ar an soláthraí seirbhísí óstála féin, lena n-áirítear ar chúiseanna teicniúla nó oibríochtúla a mbeidh údar leo, cuirfidh sé, gan moill mhíchuí, an t-údarás inniúil a d’eisigh an t-ordú baint anuas, ar an eolas faoi na forais sin, agus úsáid á baint aige as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Beidh feidhm ag an sprioc-am a leagtar amach i mír 3 a luaithe nach ann a thuilleadh do na forais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

8.   Mura féidir leis an soláthraí seirbhísí óstála an t-ordú baint anuas a chomhlíonadh toisc go bhfuil earráidí follasacha san ordú baint anuas nó nach bhfuil leordhóthain faisnéise ann chun an t-ordú a chur i gcrích, cuirfidh sé an t-údarás inniúil a d’eisigh an t-ordú baint anuas ar an eolas faoi gan moill mhíchuí, agus iarrfaidh sé air an soiléiriú is gá a thabhairt, ag baint úsáid as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Beidh feidhm ag an sprioc-am a leagtar amach i mír 3 a luaithe a fhaigheann an soláthraí seirbhísí óstála an soiléiriú is gá.

9.   Beidh ordú baint anuas críochnaitheach ar dhul in éag an sprioc-ama le haghaidh achomhairc i gcás nár cuireadh achomharc isteach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó i gcás ina ndaingneofar é tar éis achomhairc.

Nuair a bheidh an t-ordú baint anuas críochnaitheach, déanfaidh an t-údarás inniúil a d’eisigh an t-ordú baint anuas údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 12(1), a chur ar an eolas faoin méid sin.

Airteagal 4

Nós imeachta maidir le horduithe baint anuas trasteorann

1.   De bhun Airteagal 3, i gcás nach bhfuil príomhbhunaíocht nó ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhísí óstála i mBallstát an údaráis inniúil eisiúna a d’eisigh an t-ordú baint anuas, déanfaidh an t-údarás inniúil eisiúna, an tráth céanna, cóip den ordú baint anuas a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe.

2.   I gcás ina bhfaighidh soláthraí seirbhísí óstála ordú baint anuas amhail dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfaidh sé na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 3 agus déanfaidh sé na bearta is gá chun go mbeidh sé in ann an t-ábhar i dtrácht a aischur, nó rochtain air a athbhunú, i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.

3.   Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe, ar a thionscnamh féin, laistigh de 72 uair an chloig tar éis dó an chóip den ordú baint anuas a fháil i gcomhréir le mír 1, grinnscrúdú a dhéanamh ar an ordú baint anuas chun a chinneadh an sáraíonn sé an Rialachán seo go mór nó go follasach nó an bhfuil aon sáruithe tromchúiseacha nó follasacha ar na cearta bunúsacha agus ar na saoirsí bunúsacha a ráthaítear leis an gCairt i gceist leis.

I gcás ina gcinnfidh sé go bhfuil sárú ann, glacfaidh sé cinneadh réasúnaithe chuige sin laistigh den tréimhse chéanna.

4.   Beidh sé de cheart ag soláthraithe seirbhísí óstála agus soláthraithe ábhair, laistigh de 48 n-uaire an chloig ó ordú baint anuas nó faisnéis a fháil de bhun Airteagal 11(2), iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht ag an soláthraí seirbhísí óstála nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe chun grinnscrúdú a dhéanamh ar an ordú baint anuas amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo.

Déanfaidh an t-údarás inniúil, laistigh de 72 uair an chloig tar éis dó an iarraidh a fháil, cinneadh réasúnaithe a ghlacadh, tar éis do grinnscrúdú a dhéanamh ar an ordú baint anuas, ina leagfar amach a chinntí i dtaobh an bhfuil sárú ann nó nach bhfuil.

5.   Sula nglacfaidh an t-údarás inniúil cinneadh de bhun an dara fomhír de mhír 3 nó cinneadh lena léirítear gurb ann do shárú de bhun an dara fomhír de mhír 4, cuirfidh sé an t-údarás inniúil a d’eisigh an t-ordú baint anuas ar an eolas faoin rún atá aige an cinneadh a ghlacadh agus na cúiseanna atá aige déanamh amhlaidh.

6.   I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe cinneadh réasúnaithe a ghlacadh i gcomhréir le mír 3 nó 4 den Airteagal seo, cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl gan mhoill don údarás inniúil a d’eisigh an t-ordú baint anuas, don soláthraí seirbhísí óstála, don soláthraí ábhair a d’iarr an grinnscrúdú de bhun mhír 4 den Airteagal seo agus, i gcomhréir le hAirteagal 14, do Europol. I gcás ina léirítear leis an gcinneadh sárú de bhun mhíreanna 3 nó 4 den Airteagal seo, scoirfidh an t-ordú baint anuas d’éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige.

7.   Tar éis don soláthraí seirbhísí óstála cinneadh a fháil ina léirítear sárú a cuireadh in iúl i gcomhréir le mír 6, déanfaidh an soláthraí seirbhísí óstála lena mbaineann an t-ábhar a aischur láithreach, nó rochtain air a athbhunú, gan dochar don deis a théarmaí agus coinníollacha a fhorfheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 5

Bearta sonracha

1.   Déanfaidh soláthraí seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear i mír 4 a áireamh, i gcás inarb infheidhme, ina gcuid téarmaí agus coinníollacha forálacha chun aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid a sheirbhísí le haghaidh scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar an bpobal.

Déanfaidh sé an méid sin ar bhealach dícheallach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus aird chuí á tabhairt i ngach imthoisc ar chearta bunúsacha na n-úsáideoirí agus ag cur san áireamh, go háirithe, tábhacht bhunúsach na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil i sochaí oscailte dhaonlathach, d’fhonn go seachnófar ábhar a bhaint anuas nach ábhar sceimhlitheoireachta é.

2.   Soláthraí seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh sé bearta sonracha chun a sheirbhísí a chosaint ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar an bpobal.

Is faoin soláthraí seirbhísí óstála a bheidh sé an cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta sonracha a roghnú. Ar na bearta den sórt sin, féadfar ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a áireamh:

(a)

bearta nó acmhainneachtaí teicniúla agus oibríochtúla iomchuí amhail an fhoireann iomchuí nó modhanna teicniúla chun ábhar sceimhlitheoireachta a shainaithint agus a bhaint anuas go tapa nó chun rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú;

(b)

sásraí soláimhsithe so-úsáidte chun ábhar sceimhlitheoireachta a líomhnaítear a thuairisciú nó a mharcáil don soláthraí seirbhísí óstála;

(c)

aon sásraí eile chun feasacht ar ábhar sceimhlitheoireachta a mhéadú maidir lena sheirbhísí amhail sásraí chun modhnóireacht a dhéanamh ar úsáideoirí;

(d)

aon bheart eile a mheasann an soláthraí seirbhísí óstála a bheith iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta a bheith ar fáil ar a sheirbhísí.

3.   Comhlíonfaidh bearta sonracha na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

beidh siad éifeachtach chun leibhéal neamhchosanta sheirbhísí an tsoláthraí seirbhísí óstála ar ábhar sceimhlitheoireachta a mhaolú;

(b)

beidh siad spriocdhírithe agus comhréireach, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar a thromchúisí atá leibhéal neamhchosanta sheirbhísí an tsoláthraí seirbhísí d’ábhar sceimhlitheoireachta mar aon le cumais theicniúla agus oibríochtúla, neart airgeadais, líon úsáideoirí sheirbhísí an tsoláthraí seirbhísí óstála agus an méid ábhair a chuireann siad ar fáil;

(c)

cuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach a thugann lánaird ar chearta agus ar leas dlisteanach na n-úsáideoirí, go háirithe cearta bunúsacha na n-úsáideoirí a bhaineann leis an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an saol príobháideach a urramú agus sonraí pearsanta a chosaint;

(d)

cuirfear i bhfeidhm iad ar mhodh dícheallach neamh-idirdhealaitheach.

I gcás ina mbeidh úsáid beart teicniúil i gceist le bearta sonracha, cuirfear coimircí iomchuí agus éifeachtacha ar fáil chun beachtas a áirithiú agus chun baint anuas ábhair nach ábhar sceimhlitheoireachta í a sheachaint, go háirithe trí mhaoirseacht agus fíorú an duine.

4.   Beidh soláthraí seirbhísí óstála neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta i gcás ina mbeidh údarás inniúil Bhallstát a phríomhbhunaíochta nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe tar éis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

i gcás inar ghlac sé cinneadh, atá bunaithe ar thosca oibiachtúla, amhail tar éis don soláthraí seirbhísí óstála dhá ordú baint anuas deiridh nó níos mó a fháil sa 12 mhí roimhe sin, lena meastar go bhfuil an soláthraí seirbhísí óstála neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta; agus

(b)

i gcás inar chuir sé an soláthraí seirbhísí óstála ar an eolas faoin gcinneadh dá dtagraítear i bpointe (a).

5.   Tar éis don soláthraí seirbhísí óstála an cinneadh amhail dá dtagraítear i mír 4 nó, i gcás inarb ábhartha, i mír 6 a fháil, tuairisceoidh sé don údarás inniúil maidir leis na bearta sonracha atá déanta aige agus a bhfuil sé ar intinn aige a dhéanamh chun an ceanglas a leagtar síos i míreanna 2 agus 3 a chomhlíonadh. Déanfaidh sé sin laistigh de 3 mhí ón gcinneadh a fháil agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin. Tiocfaidh deireadh leis an oibleagáid sin a luaithe a chinnfidh an t-údarás inniúil, tar éis iarraidh a fháil de bhun mhír 7, nach bhfuil an soláthraí seirbhísí neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta a thuilleadh.

6.   I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil, bunaithe ar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 5 agus, i gcás inarb ábhartha, ar aon tosca oibiachtúla eile, nach gcomhlíonann na bearta sonracha atá déanta ag soláthraí óstála ceanglais mhíreanna 2 agus 3, díreoidh an t-údarás inniúil sin cinneadh chuig an soláthraí seirbhísí óstála á cheangal air na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais sin i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.

Féadfaidh an soláthraí seirbhísí óstála cineál na mbeart sonrach atá le glacadh a roghnú.

7.   Féadfaidh soláthraí seirbhísí óstála a iarraidh, aon tráth, ar an údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh amhail dá dtagraítear i mír 4 nó i mír 6 agus, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh sin a leasú nó a chúlghairm.

Laistigh de 3 mhí ón iarraidh a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh réasúnaithe ar an iarraidh a ghlacadh bunaithe ar thosca oibiachtúla maidir leis an iarraidh agus cuirfidh sé an soláthraí seirbhísí óstála ar an eolas faoin gcinneadh sin.

8.   Aon cheanglas bearta sonracha a dhéanamh, beidh sé gan dochar d’Airteagal 15(1) de Threoir 2000/31/CE agus ní bheidh oibleagáid ghinearálta ar sholáthraithe seirbhísí óstála faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhíonn á tarchur nó á stóráil acu, ná oibleagáid ghinearálta chun fíorais nó imthosca a lorg go gníomhach a léiríonn gníomhaíocht neamhdhleathach.

Ní áireofar in aon cheanglas bearta sonracha a dhéanamh oibleagáid ar an soláthraí seirbhísí óstála uirlisí uathoibrithe a úsáid.

Airteagal 6

Ábhar agus sonraí gaolmhara a chaomhnú

1.   Caomhnóidh na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta a baineadh anuas nó a ndearnadh rochtain air a díchumasú de thoradh ordú baint anuas, nó de thoradh bearta sonracha de bhun Airteagail 3 nó 5, chomh maith le haon sonraí gaolmhara a baineadh anuas mar gheall ar ábhar sceimhlitheoireachta den sórt sin a bhaint anuas, agus a bhfuil gá leo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

imeachtaí riaracháin nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh nó gearáin a láimhseáil faoi Airteagal 10 i gcoinne cinneadh ábhar sceimhlitheoireachta agus sonraí gaolmhara a bhaint anuas nó rochtain ar an ábhar agus ar na sonraí sin a dhíchumasú; nó

(b)

chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

2.   Caomhnófar an t-ábhar sceimhlitheoireachta agus na sonraí gaolmhara, amhail dá dtagraítear i mír 1, ar feadh thréimhse 6 mhí tar éis dóibh a bhaint anuas nó a dhíchumasú. Ní dhéanfar an t-ábhar sceimhlitheoireachta a chaomhnú, arna iarraidh sin don údarás inniúil nó don chúirt, ar feadh tréimhse shonraithe níos faide ná sin ach amháin i gcás inar gá sin agus chomh fada is gá le haghaidh imeachtaí riaracháin nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh atá ar siúl, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1.

3.   Áiritheoidh na soláthraithe seirbhísí óstála go bhfuil an t-ábhar sceimhlitheoireachta agus na sonraí gaolmhara arna gcaomhnú de bhun mhír 1 faoi réir coimircí teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí.

Leis na coimircí teicniúla agus eagraíochtúla sin, áiritheofar nach ndéanfar an t-ábhar sceimhlitheoireachta ná sonraí lena mbaineann arna gcaomhnú a rochtain ná a phróiseáil ach chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, agus áiritheofar ardleibhéal slándála i dtaca leis na sonraí pearsanta lena mbaineann. Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála athbhreithniú agus nuashonrú ar na coimircí sin i gcás inar gá.

ROINN III

COIMIRCÍ AGUS CUNTASACHT

Airteagal 7

Oibleagáidí trédhearcachta do sholáthraithe seirbhísí óstála

1.   Leagfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála a mbeartas amach go soiléir ina gcuid téarmaí agus coinníollacha chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, míniú fónta ar fheidhmiú beart sonrach lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, úsáid uirlisí uathoibrithe.

2.   Soláthraí seirbhísí óstála a rinne gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta nó ar ceanglaíodh air gníomhaíocht a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo i mbliain féilire ar leith, cuirfidh sé ar fáil don phobal tuarascáil trédhearcachta maidir leis na gníomhaíochtaí sin don bhliain sin. Foilseoidh sé an tuarascáil sin roimh an 1 Márta an bhliain ina dhiaidh sin.

3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san áireamh sna tuarascálacha trédhearcachta:

(a)

faisnéis faoi bhearta an tsoláthraí seirbhísí óstála i ndáil le hábhar sceimhlitheoireachta a shainaithint agus a bhaint anuas nó rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú;

(b)

faisnéis faoi bhearta an tsoláthraí seirbhísí óstála chun aghaidh a thabhairt ar ábhar a bheith ag teacht aníos arís ar líne, ar ábhar é a baineadh anuas roimhe sin nó a ndearnadh rochtain air a dhíchumasú toisc go meastar gur ábhar sceimhlitheoireachta é, go háirithe i gcás inar úsáideadh uirlisí uathoibrithe;

(c)

líon na míreanna ábhair sceimhlitheoireachta a baineadh anuas nó a ndearnadh an rochtain orthu a dhíchumasú, de thoradh orduithe baint anuas nó bearta sonracha, agus líon na n-orduithe baint anuas i gcás nár baineadh anuas an t-ábhar nó nach ndearnadh an t-ábhar sin a dhíchumasú de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 3(7) agus de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 3(8), mar aon leis na forais ar an méid sin;

(d)

líon agus toradh na ngearán a láimhseáil an soláthraí seirbhísí óstála i gcomhréir le hAirteagal 10;

(e)

líon agus toradh na n-imeachtaí riaracháin nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thionscain an soláthraí seirbhísí óstála;

(f)

líon na gcásanna inar ceanglaíodh ar an soláthraí seirbhísí óstála an t-ábhar a aischur nó rochtain ar an ábhar sin a athbhunú mar thoradh ar imeachtaí riaracháin nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh;

(g)

líon na gcásanna inar athbhunaigh an soláthraí seirbhísí óstála an t-ábhar nó rochtain ar an ábhar sin tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar ghearán ón soláthraí ábhair.

Airteagal 8

Tuarascálacha trédhearcachta na n-údarás inniúil

1.   Foilseoidh na húdaráis inniúla tuarascálacha trédhearcachta bliantúla maidir lena gcuid gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo. Áireofar sna tuarascálacha sin an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir leis an mbliain féilire áirithe a chumhdaítear:

(a)

líon na n-orduithe baint anuas a eisítear faoi Airteagal 3, ina sonraítear líon na n-orduithe baint anuas de bhun Airteagal 4(1), líon na n-orduithe baint anuas ar a ndéantar grinnscrúdú faoi Airteagal 4, agus faisnéis faoi chur i bhfeidhm na n-orduithe baint anuas sin a rinneadh ag na soláthraithe seirbhísí óstála lena mbaineann, lena n-áirítear, i ngach cás, líon na gcásanna inar baineadh anuas an t-ábhar sceimhlitheoireachta nó inar díchumasaíodh an rochtain air agus líon na gcásanna nár baineadh an t-ábhar sceimhlitheoireachta anuas ná nár díchumasaíodh rochtain ar an ábhar sin;

(b)

líon na gcinntí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5(4), (6) nó (7), agus faisnéis faoi chur i bhfeidhm na gcinntí sin a rinneadh ag na soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear tuairisc ar na bearta sonracha a forchuireadh;

(c)

líon na gcásanna ina raibh orduithe baint anuas agus cinntí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5(4) agus (6) faoi réir imeachtaí riaracháin nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh agus faisnéis faoi thoradh na n-imeachtaí ábhartha;

(d)

líon na gcinntí lena bhforchuirtear pionóis de bhun Airteagal 18, agus tuairisc ar an gcineál pionóis a forchuireadh.

2.   Ní bheidh faisnéis san áireamh sna tuarascálacha trédhearcachta bliantúla dá dtagraítear i mír 1 a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do ghníomhaíochtaí leanúnacha chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó do leasanna slándála náisiúnta.

Airteagal 9

Leigheasanna

1.   Na soláthraithe seirbhísí óstála a bhfuil ordú baint anuas arna eisiúint de bhun Airteagal 3(1) nó cinneadh de bhun Airteagal 4(4), nó de bhun Airteagal 5(4), (6) nó (7) faighte acu, beidh sé de cheart acu leigheas éifeachtach a fháil. Áireofar leis an gceart sin an ceart chun agóid a dhéanamh ar an ordú baint anuas os comhair chúirteanna Bhallstát an údaráis inniúil a d’eisigh an t-ordú baint anuas agus an ceart chun agóid a dhéanamh ar an gcinneadh de bhun Airteagal 4(4) nó de bhun Airteagal 5(4), (6) nó (7), os comhair chúirteanna Bhallstát an údaráis inniúil a rinne an cinneadh.

2.   Beidh sé de cheart ag soláthraithe ábhair, ar baineadh anuas ábhar leo nó ar díchumasaíodh an rochtain ar ábhar leo i ndiaidh ordú baint anuas, leigheas éifeachtach a fháil. Áireofar leis an gceart sin an ceart chun agóid a dhéanamh ar an ordú baint anuas arna eisiúint de bhun Airteagal 3(1) os comhair chúirteanna Bhallstát an údaráis inniúla a d’eisigh an t-ordú baint anuas agus an ceart chun agóid a dhéanamh ar an gcinneadh de bhun Airteagal 4(4) os comhair chúirteanna Bhallstát an údaráis inniúla a rinne an cinneadh.

3.   Cuirfidh Ballstáit nósanna imeachta éifeachtacha i bhfeidhm chun na cearta dá dtagraítear san Airteagal seo a fheidhmiú.

Airteagal 10

Sásraí gearáin

1.   Bunóidh gach soláthraí seirbhísí óstála sásra éifeachtach agus inrochtana lena bhféadfaidh soláthraithe ábhair i gcás inar baineadh anuas ábhar dá gcuid nó a ndearnadh an rochtain ar ábhar dá gcuid a dhíchumasú de thoradh bearta sonracha de bhun Airteagal 5 gearán a dhéanamh maidir leis an mbaint anuas nó an díchumasú sin, lena n-iarrtar aischur an ábhair nó rochtain ar an ábhar sin a athbhunú.

2.   Scrúdóidh gach soláthraí seirbhísí óstála go pras gach gearán a gheobhaidh siad, trí bhíthin an tsásra dá dtagraítear i mír 1 agus aischuirfidh siad an t-ábhar nó athbhunóidh siad rochtain ar an ábhar sin gan moill mhíchuí i gcás nach raibh údar cuí leis an ábhar a bhaint anuas nó leis an rochtain air a dhíchumasú. Cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoi thoradh an ghearáin laistigh de choicís tar éis an gearán a fháil.

I gcás ina ndiúltófar do ghearán, soláthróidh an soláthraí seirbhísí óstála cúiseanna dá chinneadh don ghearánaí.

Le haischur an ábhair nó le rochtain ar an ábhar sin, ní chuirfear bac ar imeachtaí riaracháin nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh lena ndéantar agóid ar chinneadh an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ar chinneadh an údaráis inniúil.

Airteagal 11

Faisnéis do sholáthraithe ábhair

1.   I gcás ina mbaineann soláthraí seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta anuas nó ina ndéanann siad an rochtain air a dhíchumasú, cuirfidh siad ar fáil don soláthraí ábhair faisnéis faoin mbaint anuas nó faoin díchumasú sin.

2.   Arna iarraidh sin don soláthraí ábhair, cuirfidh an soláthraí seirbhísí óstála an soláthraí ábhair ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an mbaint anuas nó leis an rochtain a dhíchumasú agus faoi na cearta atá aige agóid a dhéanamh ar ordú baint anuas nó soláthróidh sé cóip den ordú baint anuas a eisíodh don soláthraí ábhair.

3.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid de bhun mhíreanna 1 agus 2 i gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil a bhfuil an t-ordú baint anuas á eisiúint aige, gur gá agus gur comhréireach é nach mbeidh aon nochtadh ar chúiseanna slándála poiblí, amhail cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, a fhad is gá, ach tráth nach faide ná 6 seachtaine ón gcinneadh sin. I gcás den sórt sin, ní nochtfaidh an soláthraí seirbhísí óstála aon fhaisnéis faoi ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain ar ábhar sceimhlitheoireachta a dhíchumasú.

Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh 6 seachtaine eile a chur leis an tréimhse sin, i gcás ina leanfaidh an neamhnochtadh sin de bhonn cirt a bheith ag baint leis.

ROINN IV

ÚDARAIS INNIÚLA AGUS COMHAR

Airteagal 12

Údaráis inniúla a ainmniú

1.   Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

orduithe baint anuas a eisiúint de bhun Airteagal 3;

(b)

grinnscrúdú a dhéanamh ar orduithe baint anuas de bhun Airteagal 4;

(c)

maoirseacht a dhéanamh ar bhearta sonracha a chur chun feidhme de bhun Airteagal 5;

(d)

pionóis a fhorfheidhmiú de bhun Airteagal 18.

2.   Áiritheoidh gach Ballstáit go mbeidh pointe teagmhála ainmnithe nó bunaithe laistigh de na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 chun déileáil le hiarrataí ar shoiléiriú agus ar aiseolas i ndáil le horduithe baint anuas arna n-eisiúint ag an údarás inniúil sin.

Áiritheoidh Ballstáit go gcuirfear faisnéis faoin bpointe teagmhála ar fáil don phobal.

3.   Faoin 7 Meitheamh 2022, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin údarás inniúil nó na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 agus faoi aon mhodhnuithe air. Foilseoidh an Coimisiún an fógra agus aon mhodhnuithe orthu in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   Faoin 7 Meitheamh 2022, bunóidh an Coimisiún clár ar líne ina liostófar na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 agus an pointe teagmhála ainmnithe nó bunaithe de bhun mhír 2 do gach údarás inniúil. Foilseoidh an Coimisiún aon mhodhnuithe air go tráthrialta.

Airteagal 13

Údaráis inniúla

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumhachtaí riachtanacha agus acmhainní leordhóthanacha ag a gcuid údarás inniúil chun na haidhmeanna a bhaint amach agus a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a gcuid údarás náisiúnta inniúil a gcúraimí faoin Rialachán seo ar bhealach oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha ag an am céanna. Ní dhéanfaidh údaráis inniúla treoracha a lorg ná a ghlacadh ó aon chomhlacht eile maidir le déanamh na gcúraimí a shanntar dóibh faoi Airteagal 12(1).

Leis an gcéad fhomhír, ní chuirfear cosc ar mhaoirseacht i gcomhréir leis an dlí bunreachtúil náisiúnta.

Airteagal 14

Comhar idir soláthraithe seirbhísí óstála, údaráis inniúla agus Europol

1.   Maidir le horduithe baint anuas, déanfaidh údaráis inniúla faisnéis a mhalartú agus comhoibreoidh siad le chéile agus, i gcás inarb iomchuí, le Europol, go háirithe chun dúbailt iarrachta a sheachaint, chun comhordú a fheabhsú agus chun cur isteach ar imscrúduithe sna Ballstáit éagsúla a sheachaint.

2.   Maidir leis na bearta sonracha arna ndéanamh de bhun Airteagal 5 agus maidir leis na pionóis arna bhforchur de bhun Airteagal 18, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis a mhalartú, agus comhordóidh siad agus comhoibreoidh siad leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d’Airteagal 12(1). Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na húdarás inniúla dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d’Airteagal 12(1) i seilbh na faisnéise ábhartha uile.

3.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le bealaí nó sásraí cumarsáide atá iomchuí agus slán chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha a mhalartú go tráthúil.

4.   Chun go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach agus chun dúbailt iarrachta a sheachaint, féadfaidh na Ballstáit agus na soláthraithe seirbhísí óstála uirlisí tiomnaithe a úsáid, lena n-áirítear na huirlisí sin a bhunaigh Europol, go háirithe chun an méid seo a leanas a éascú:

(a)

an phróiseáil agus an t-aiseolas a bhaineann le horduithe baint anuas de bhun Airteagal 3; agus

(b)

comhar d’fhonn bearta sonracha de bhun Airteagal 5 a shainaithint agus a chur chun feidhme.

5.   I gcás ina mbeidh soláthraithe seirbhísí óstála ar an eolas faoi ábhar sceimhlitheoireachta a bhaineann le garbhaol do bheatha duine, déanfaidh siad na húdaráis atá inniúil ar chionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh sna Ballstáit lena mbaineann a chur ar an eolas go pras. I gcás nach féidir na Ballstáit lena mbaineann a shainaithint, cuirfidh na soláthraithe seirbhísí óstála, de bhun Airteagal 12(2), an pointe teagmhála sa Bhallstát ina bhfuil a bpríomhbhunaíocht nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe ar an eolas agus tarchuirfidh siad an fhaisnéis a bhaineann leis an ábhar sceimhlitheoireachta sin chuig Europol chun go ndéanfar an obair leantach iomchuí i dtaca leis.

6.   Moltar do na húdaráis inniúla cóipeanna de na horduithe baint anuas a sheoladh chuig Europol lena gceadaítear do Europol tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil, ina mbeidh anailís ar na cineálacha ábhair sceimhlitheoireachta atá faoi réir ordú maidir leis an t-ábhar sin a bhaint anuas nó rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 15

Pointí teagmhála na soláthraithe seirbhísí óstála

1.   Ainmneoidh gach soláthraí seirbhísí óstála nó bunóidh siad pointe teagmhála lena bhféadfar orduithe baint anuas a fháil go leictreonach agus lena bhféadfar iad a phróiseáil go pras de bhun Airteagail 3 agus 4. Áiritheoidh an soláthraí seirbhísí óstála go gcuirfear an fhaisnéis faoin bpointe teagmhála ar fáil don phobal.

2.   San fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, sonrófar teangacha oifigiúla institiúidí an Aontais, amhail dá dtagraítear i Rialachán Uimh. 1/58 (15), inar féidir teagmháil a dhéanamh leis an bpointe teagmhála agus ina bhfuil na malartuithe breise le déanamh i ndáil leis na horduithe baint anuas de bhun Airteagal 3. Áireofar ar na teangacha sin, teanga amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil an t-ionadaí dlíthiúil bunaithe.

ROINN V

CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 16

Dlínse

1.   Is ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála a mbeidh dlínse chun críocha Airteagail 5, 18 agus 21. Soláthraí seirbhísí óstála nach bhfuil a phríomhbhunaíocht laistigh den Aontas, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil, nó ina bhfuil an t-ionadaí sin bunaithe.

2.   I gcás nach n-ainmneoidh soláthraí seirbhísí óstála, nach bhfuil a phríomhbhunaíocht san Aontas, ionadaí dlíthiúil, beidh dlínse ag gach Ballstát.

3.   I gcás ina bhfeidhmíonn údarás inniúil Ballstáit dlínse de bhun mhír 2, cuirfidh sé an méid sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát eile go léir.

Airteagal 17

Ionadaí dlíthiúil

1.   Déanfaidh soláthraí seirbhísí óstála nach bhfuil príomhbhunaíocht aige san Aontas duine nádúrtha nó duine dlítheanach a ainmniú, i scríbhinn, mar a ionadaí dlíthiúil san Aontas chun críche orduithe baint anuas agus cinntí arna n-eisiúint ag na húdaráis inniúla ar bhonn an Rialacháin seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú.

2.   Tabharfaidh an soláthraí seirbhísí óstála na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá dá ionadaí dlíthiúil chun na orduithe baint anuas sin agus na cinntí a chomhlíonadh agus chun oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla.

Beidh cónaí ar an soláthraí seirbhísí óstála nó beidh sé bunaithe i gceann amháin de na Ballstáit ina dtairgeann soláthraí seirbhísí óstála a chuid seirbhísí.

3.   Féadfar an t-ionadaí dlíthiúil a chur faoi dhliteanas mar gheall ar sháruithe ar an Rialachán seo, gan dochar d’aon dhliteanas ar an soláthraí seirbhísí óstála nó do ghníomhartha dlíthiúla in aghaidh an tsoláthraí seirbhísí óstála.

4.   Cuirfidh an soláthraí seirbhísí óstála an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 12(1) sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe ar an eolas faoin ainmniú.

Cuirfidh an soláthraí seirbhísí óstála an fhaisnéis faoin ionadaí dlíthiúil ar fáil don phobal.

ROINN VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 18

Pionóis

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo ag soláthraithe seirbhíse óstála agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh pionóis den sórt sin teoranta d’aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar Airteagal 3(3) agus (6), Airteagal 4(2) agus (7), Airteagal 5 (1), (2), (3), (5) agus (6), Airteagail 6, 7, 10 agus 11, Airteagal 14(5), Airteagal 15(1) agus Airteagal 17.

Beidh na pionóis dá dtagraítear sa chéad fhomhír éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Faoin 7 Meitheamh 2022, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis inniúla, agus cinneadh á dhéanamh acu ar cheart nó nár cheart pionós a fhorchur agus cineál agus leibhéal na bpionós á gcinneadh acu, na himthosca ábhartha go léir san áireamh, lena n-áirítear:

(a)

cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)

cibé acu an raibh an sárú intinneach nó faillitheach;

(c)

sáruithe atá déanta cheana ag an soláthraí seirbhísí óstála;

(d)

neart airgeadais an tsoláthraí seirbhísí óstála atá faoi dhliteanas;

(e)

leibhéal comhair an tsoláthraí seirbhísí óstála leis na húdaráis inniúla;

(f)

cineál agus méid an tsoláthraí seirbhísí óstála, go háirithe cé acu is micrifhiontar nó fiontar beag nó meánmhéide atá ann;

(g)

a mhéid atá locht ar an soláthraí seirbhísí óstála, agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a rinne an soláthraí seirbhísí óstála chun an Rialachán seo a chomhlíonadh á gcur san áireamh.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go ngearrfar pionóis airgeadais suas le 4 % de láimhdeachas iomlán an tsoláthraí seirbhísí óstála don bhliain ghnó roimhe sin as mainneachtain chórasach nó leanúnach oibleagáidí de bhun Airteagal 3(3) a chomhlíonadh.

Airteagal 19

Ceanglais theicniúla agus leasuithe ar na hiarscríbhinní

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na ceanglais theicniúla is gá maidir leis na meáin leictreonacha atá le húsáid ag na húdaráis inniúla chun orduithe baint anuas a chur ar aghaidh.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 20 a ghlacadh chun na hiarscríbhinní a leasú chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar aon ghá a d’fhéadfadh a bheith ann feabhsú a dhéanamh ar a bhfuil sna teimpléid le haghaidh orduithe baint anuas agus chun faisnéis a sholáthar i gcás inar dodhéanta orduithe baint anuas a chur i gcrích.

Airteagal 20

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 7 Meitheamh 2022.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 21

Faireachán

1.   Baileoidh na Ballstáit faisnéis óna n-údaráis inniúla agus ó na soláthraithe seirbhísí óstála atá faoina ndlínse agus déanfaidh siad faisnéis faoi na bearta a rinne siad i gcomhréir leis an Rialachán seo a sheoladh chuig an gCoimisiún gach bliain faoin 31 Márta den bhliain féilire roimhe sin. Áireofar ar an bhfaisnéis sin an méid seo a leanas:

(a)

líon na n-orduithe baint anuas arna n-eisiúint agus líon na míreanna ábhair sceimhlitheoireachta a baineadh anuas nó a ndearnadh an rochtain orthu a dhíchumasú, agus cé chomh sciobtha a baineadh anuas iad nó a rinneadh iad a dhíchumasú;

(b)

na bearta sonracha arna ndéanamh de bhun Airteagal 5, lena n-áirítear líon na míreanna ábhair sceimhlitheoireachta a baineadh anuas nó a ndearnadh an rochtain orthu a dhíchumasú agus cé chomh sciobtha a baineadh anuas iad nó a rinneadh iad a dhíchumasú;

(c)

líon na n-iarrataí rochtana arna n-eisiúint ag údaráis inniúla maidir le hábhar arna chaomhnú ag soláthraithe seirbhísí óstála de bhun Airteagal 6;

(d)

líon na nósanna imeachta maidir le gearáin arna dtionscnamh agus faoi na bearta arna ndéanamh ag na soláthraithe seirbhísí óstála de bhun Airteagal 10;

(e)

líon na n-imeachtaí riaracháin nó athbhreithnithe bhreithiúnaigh arna dtionscnamh agus faoi líon na gcinntí arna ndéanamh ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.   Faoin 7 Meitheamh 2023, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo. Leagfar amach sa chlár faireacháin na táscairí agus na modhanna lena ndéanfar na sonraí agus an fhianaise eile is gá a bhailiú agus na tréimhsí chun sin a dhéanamh. Sonrófar sa chlár sin na bearta atá le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun na sonraí agus an fhianaise eile a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo de bhun Airteagal 23.

Airteagal 22

Tuarascáil cur chun feidhme

Faoin 7 Meitheamh 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sa tuarascáil sin, áireofar faisnéis faoi fhaireachán faoi Airteagal 21 agus faisnéis a eascraíonn ó na hoibleagáidí trédhearcachta faoi Airteagal 8. Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil a dhréachtú.

Airteagal 23

Meastóireacht

Faoin 7 Meitheamh 2024, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir lena chur i bhfeidhm lena n-áirítear:

(a)

feidhmiú agus éifeachtacht na sásraí coimirce, go háirithe na sásraí sin dá bhforáiltear in Airteagal 4(4), Airteagal 6(3) agus Airteagail 7 go 11;

(b)

tionchar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar chearta bunúsacha, go háirithe ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus a thabhairt, ar an urraim don saol príobháideach agus do chosaint sonraí pearsanta; agus

(c)

rannchuidiú an Rialacháin seo le cosaint na slándála poiblí.

Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí.

Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil a dhréachtú.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar a riachtanaí agus a indéanta atá sé ardán Eorpach maidir le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne a bhunú chun cumarsáid agus comhar a éascú faoin Rialachán seo.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 7 Meitheamh 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 29 Aibreán 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.P. ZACARIAS


(1)  IO C 110, 22.3.2019, lch. 67.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 16 Márta 2021 (IO C 135, 16.4.2021, lch. 1). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Moladh (AE) 2018/334 ón gCoimisiún an 1 Márta 2018 maidir le bearta chun dul i ngleic go héifeachtach le hábhar neamhdhleathach ar líne (IO L 63, 6.3.2018, lch. 50).

(4)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlíthiúla de sheirbhísí sochaí faisnéise, go háirithe an ríomhthráchtáil, sa Mhargadh Inmheánach (“Treoir maidir le ríomhthráchtáil”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(5)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin sna Ballstáit maidir le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (an Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(6)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(7)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar maith léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(11)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(12)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(13)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(14)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta d’fhonn faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(15)  Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).


IARSCRÍBHINN I

ORDÚ BAINT ANUAS

(Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)

De bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/784 (“an Rialachán”), bainfidh seolaí an ordaithe baint anuas seo ábhar sceimhlitheoireachta anuas nó déanfaidh sé ábhar sceimhlitheoireachta a dhíchumasú i ngach Ballstát a luaithe agus is féidir agus ar aon chuma, laistigh d’uair an chloig ón uair a fhaigheann sé an t-ordú baint anuas.

De bhun Airteagal 6 den Rialachán déanfaidh an seolaí ábhar agus sonraí gaolmhara a chaomhnú, ar ábhar agus sonraí iad a baineadh anuas nó a ndearnadh rochtain orthu a dhíchumasú, go ceann 6 mhí nó tréimhse níos faide ná sin arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla nó do na cúirteanna.

De bhun Airteagal 15(2) den Rialachán, seolfar an t-ordú baint anuas i gceann de na teangacha a d’ainmnigh an seolaí.

ROINN A:

Ballstát an údaráis inniúil eisiúna:

……

NB: tá sonraí an údaráis inniúil eisiúna le soláthar i Ranna E agus F

An seolaí agus, i gcás inarb ábhartha, an t-ionadaí dlíthiúil:

……

Pointe teagmhála:

……

Ballstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil an t-ionadaí bunaithe:

……

Am agus dáta eisiúna an ordaithe baint anuas:

……

Uimhir thagartha an ordaithe baint anuas:

……

ROINN B: Baintear an t-ábhar sceimhlitheoireachta anuas nó déantar an rochtain air a dhíchumasú i ngach Ballstát a luaithe is féidir agus ar aon chuma laistigh d’uair an chloig ón uair a fhaightear an t-ordú baint anuas:

URL agus aon fhaisnéis bhreise lenar féidir an t-ábhar sceimhlitheoireachta a shainaithint agus suíomh sonrach an ábhair sceimhlitheoireachta a shainaithint:

……

Na cúiseanna a mheastar gur ábhar sceimhlitheoireachta é an t-ábhar, i gcomhréir le pointe (7) d’Airteagal 2 den Rialachán.

Leis an ábhar (cuir tic sa bhosca ábhartha/sna boscaí ábhartha):

Image 2

déantar daoine eile a ghríosú chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh, amhail gníomhartha sceimhlitheoireachta a mhóradh, trí a mholadh cionta den sórt sin a dhéanamh (pointe (7)(a) d’Airteagal 2 den Rialachán)

Image 3

iarrtar ar dhaoine eile chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó chun rannchuidiú le cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh (pointe 7(b) d’Airteagal 2 den Rialachán)

Image 4

iarrtar ar dhaoine eile a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta (pointe (7)(c) d’Airteagal 2 den Rialachán)

Image 5

déantar treoracha a sholáthair maidir le pléascáin, airm thine nó armáin eile nó substaintí guaiseacha nó díobhálacha a dhéanamh nó a úsáid, nó maidir le modhanna nó teicnící sonracha eile chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó chun a bheith rannpháirteach i gcionta den sórt sin a dhéanamh (pointe (7)(d) d’Airteagal 2 den Rialachán)

Image 6

is bagairt é ceann de na cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh (pointe (7)(e) d’Airteagal 2 den Rialachán)

Faisnéis bhreise chun a mheas an ábhar sceimhlitheoireachta é an t-ábhar:

……

……

……

ROINN C: Faisnéis don soláthraí ábhair

Tabhair do d’aire, le do thoil (cuir tic sa bhosca, le do thoil, más infheidhme):

Image 7 mar gheall ar chúrsaí slándála poiblí, ní mór don seolaí staonadh ón soláthraí ábhair a chur ar an eolas gur baineadh anuas an ábhair sceimhlitheoireachta nó go ndearnadh rochtain air a dhíchumasú.

Mura bhfuil an bosca infheidhme, féach Roinn G le haghaidh sonraí ar na féidearthachtaí atá ann, le do thoil, chun agóid a dhéanamh ar an ordú baint anuas i mBallstát an údaráis inniúil eisiúna faoin dlí náisiúnta (ní mór cóip den ordú baint anuas a chur ar aghaidh chuig an soláthraí ábhair, má iarrtar sin)

ROINN D: Faisnéis d’údarás inniúil an Ballstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe

Cuir tic sa bhosca/sna boscaí ábhartha:

Image 8

Murab ionann an Ballstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe agus Ballstát an údaráis inniúil eisiúna

Image 9

Seoltar cóip den ordú baint anuas chuig údarás inniúil ábhartha an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe

ROINN E: Sonraí an údaráis inniúil eisiúna

An cineál (cuir tic sa bhosca cuí, le do thoil):

Image 10

breitheamh, cúirt, nó breitheamh imscrúduithe

Image 11

an t-údarás forfheidhmithe dlí

Image 12

údarás inniúil eile Image 13 líon isteach Roinn F freisin, le do thoil

Sonraí an údaráis inniúil eisiúna nó a ionadaí le deimhniú go bhfuil an t-ordú baint anuas cruinn ceart:

Ainm an údaráis inniúil eisiúna:

……

Ainm an ionadaí agus an post atá aige/aici (teideal agus grád):

……

Uimhir an chomhaid:

……

Seoladh:

……

Teil. (cód na tíre) (ceantar/cód na cathrach):

……

Facs (cód na tíre) (ceantar/cód na cathrach):

……

R-phost…

Dáta…

Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil) agus síniú (1):

……

ROINN F: Sonraí teagmhála i gcomhair obair leantach

Sonraí teagmhála údaráis inniúil eisiúna le haiseolas a fháil faoi am na bainte anuas nó faoin am a ndearnadh an rochtain a dhíchumasú, nó le soiléiriú breise a sholáthar:

……

Sonraí teagmhála údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina gcónaíonn a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil an t-ionadaí bunaithe

……

ROINN G: Faisnéis maidir le féidearthachtaí sásaimh

Faisnéis maidir leis an gcomhlacht inniúil nó leis an gcúirt inniúil, sprioc-amanna agus nósanna imeachta chun agóid a dhéanamh ar an ordú baint anuas:

An comhlacht inniúil nó an chúirt inniúil, ar féidir agóid a dhéanamh ar an ordú baint anuas, os a gcomhair:

……

Sprioc-am chun agóid a dhéanamh ar an ordú baint anuas (laethanta/míonna ón … amach):

……

Nasc chuig na forálacha sa reachtaíocht náisiúnta:

……


(1)  Níl síniú de dhíth má sheoltar an t-ordú baint anuas trí na bealaí fíordheimhnithe leis an ordú baint anuas a chur isteach, ar bealaí iad lenar féidir barántúlacht an ordaithe baint anuas a ráthú.


IARSCRÍBHINN II

AISEOLAS I nDIAIDH ÁBHAR SCEIMHLITHEOIREACHTA A BHAINT ANUAS NÓ ROCHTAIN AR ÁBHAR SCEIMHLITHEOIREACHTA A DHÍCHUMASÚ

(Airteagal 3(6) de Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)

ROINN A:

Seolaí an ordaithe baint anuas:

……

An t-údarás inniúil a d’eisigh an t-ordú baint anuas:

……

Tagairt chomhaid an údaráis inniúil eisiúna a d’eisigh an t-ordú baint anuas:

……

Tagairt chomhaid an tseolaí:

……

An t-am agus an dáta a fuarthas an t-ordú baint anuas:

……

ROINN B: Bearta arna nglacadh i gcomhréir leis an ordú baint anuas

(Cuir tic sa bhosca cuí, le do thoil):

Image 14

baineadh anuas an t-ábhar sceimhlitheoireachta

Image 15

rinneadh rochtain ar an ábhar sceimhlitheoireachta a dhíchumasú i ngach Ballstát

An t-am agus an dáta a rinneadh an beart:

……

ROINN C: Sonraí an tseolaí

Ainm an tsoláthraí seirbhísí óstála:

……

Ainm ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhísí óstála:

……

Ballstát phríomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála:

……

NÓ:

Ballstát cónaithe nó bhunaíocht ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhísí óstála:

……

Ainm an duine údaraithe:

……

Seoladh ríomhphoist an phointe teagmhála:

……

Dáta:

……


IARSCRÍBHINN III

FAISNÉIS MAIDIR LE DODHÉANTACHT AN tORDÚ BAINT ANUAS A CHUR I gCRÍCH

(Airteagal 3(7) agus (8) de Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)

ROINN A:

Seolaí an ordaithe baint anuas:

……

An t-údarás inniúil a d’eisigh an t-ordú baint anuas:

……

Tagairt chomhaid an údaráis inniúil a d’eisigh an t-ordú baint anuas:

……

Tagairt chomhaid an tseolaí:

……

An t-am agus an dáta a fuarthas an t-ordú baint anuas:

……

ROINN B: Na cúiseanna nár cuireadh an t-ordú i gcrích

(1)

Ní féidir an t-ordú baint anuas a chur i gcrích laistigh den sprioc-am mar gheall ar na cúiseanna seo a leanas (cuir tic sa bhosca ábhartha/sna boscaí ábhartha):

Image 16

force majeure nó dodhéantacht de facto nach bhfuil le leagan ar an soláthraí seirbhísí óstála, lena n-áirítear ar chúiseanna teicniúla nó oibríochtúla a bhfuil údar oibiachtúil leo

Image 17

tá earráidí follasacha san ordú baint anuas

Image 18

tá easpa faisnéise leordhóthanach san ordú baint anuas

(2)

Cuir tuilleadh faisnéise, le do thoil, faoi na cúiseanna nár cuireadh an t-ordú i gcrích:

……

(3)

Má tá earráidí follasacha san ordú baint anuas agus/nó má tá easpa faisnéise ann, sonraigh, le do thoil, na hearráidí iad féin agus an fhaisnéis bhreise nó an soiléiriú breise atá de dhíth:

……

ROINN C: Sonraí an tsoláthraí seirbhísí óstála nó a ionadaí dlíthiúil

Ainm an tsoláthraí seirbhísí óstála:

……

Ainm ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhísí óstála:

……

Ainm an duine údaraithe:

……

Sonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist):

……

Síniú:

……

Am agus dáta:

……


17.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

110


RIALACHÁN (AE) 2021/785 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2021

lena mbunaítear Clár Frith-Chalaoise an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 250/2014

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 325 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ceanglaítear ar an Aontas agus ar na Ballstáit calaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Ba cheart don Aontas tacú le gníomhaíochtaí sna réimsí sin.

(2)

San am a caitheadh, bhíothas in ann, a bhuí leis an tacaíocht a tugadh do ghníomhaíochtaí den sórt sin le Cinneadh Uimh. 804/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (clár Hercule), arna leasú agus arna leathnú le Cinneadh Uimh. 878/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (clár Hercule II), arna aisghairm agus arna ionadú le Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) (clár Hercule III), feabhas a chur ar na gníomhaíochtaí a dhéanann an tAontas agus na Ballstáit maidir le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.

(3)

Le reachtaíocht an Aontais lena leagtar amach rialacha maidir leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta, an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an gCiste Comhtháthaithe, an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíochta agus an ionstraim maidir le tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht ghéarchéime, an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, mar aon leis an gcúnamh réamhaontachais i dtaca leis an gclárthréimhse 2014 - 2020 agus ina dhiaidh sin, foráiltear d’oibleagáid ar na Ballstáit, ar tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, neamhrialtachtaí agus calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a thuairisciú. Uirlis cumarsáide leictreonaí shlán is ea an Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí (IMS) a éascaíonn comhlíonadh na hoibleagáide atá ar na Ballstáit, agus ar tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, neamhrialtachtaí a bhraitear a thuairisciú, agus tacaíonn sí le bainistiú agus anailísiú neamhrialtachtaí freisin.

(4)

Cé nach bhfuil aon cheist ann faoina thábhachtaí atá an obair a dhéanann an Coimisiún i gcomhthéacs chosc na calaoise, ba cheart mar sin féin aitheantas iomlán a thabhairt freisin don tábhacht a bhaineann, inter alia, le cur chun feidhme an Chórais Faisnéise Frith-Chalaoise (AFIS), agus le straitéisí frith-chalaoise ar an leibhéal náisiúnta.

(5)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle (6), agus le Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle (7) go bhfuil an tAontas le tacú le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus le comhar idir iadsan is deireanaí atá luaite agus an Coimisiún, chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart.

(6)

Tugtar an tacaíocht sin do roinnt gníomhaíochtaí oibríochtúla éagsúla. Áirítear orthu sin AFIS, ardán teicneolaíochta faisnéise arb é atá ann tacar d'fheidhmchláir arna n-oibriú faoi chóras coiteann faisnéise arna bhainistiú ag an gCoimisiún. Faoi ardán AFIS a bhíonn IMS á oibriú freisin. Bíonn cistiú cobhsaí intuartha de dhíth ar an gcóras coiteann faisnéise thar na blianta chun a áirithiú go mbíonn sé inbhuanaithe.

(7)

Áirítear roinnt córais faisnéise ar ardán AFIS, lena n-áirítear an Córas Faisnéise Custaim. Córas uathoibrithe faisnéise is ea an Córas Faisnéise Custaim, atá ceaptha chun cuidiú leis na Ballstáit oibríochtaí ar sárú iad ar reachtaíocht chustaim nó reachtaíocht talmhaíochta a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí éifeachacht chomhar agus nósanna imeachta a riarachán custaim a mhéadú trí bhíthin faisnéis a scaipeadh níos tapa, ar riaracháin chustaim iad a gcumhdaítear lena sainorduithe oibríochtaí den sórt sin. Cumhdaítear leis an gCóras Faisnéise Custaim, faoi aon bhonneagar amháin, comhar riaracháin agus comhar póilíneachta araon, bunaithe ar iar-cholún um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an Aontais. Go teicniúil, ní féidir an ghné comhair póilíneachta den Chóras Faisnéise Custaim a scaradh óna ghné riaracháin toisc go n-oibrítear an dá ghné sin faoi chóras teicneolaíochta faisnéise comhchoiteann. Ós rud é nach bhfuil sa Chóras Faisnéise Custaim féin ach ceann amháin de na córais éagsúla faisnéise a ritear faoi ardán AFIS, agus gur lú líon na gcásanna den chomhar póilíneachta ná líon na gcásanna den chomhar riaracháin sa Chóras Faisnéise Custaim, meastar gur gné choimhdeach gné chomhar póilíneachta ardáin AFIS i gcomparáid leis an ngné riaracháin.

(8)

D'fhonn sineirgí agus solúbthacht buiséid a mhéadú agus bainistiú a shimpliú, ba cheart an tacaíocht ón Aontas i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais, an tuairiscithe ar neamhrialtachtaí agus an chúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh agus an chomhair in ábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta a thabhairt le chéile agus a chuíchóiriú faoi aon chlár amháin, Clár Frith-Chalaoise an Aontais (an “Clár”). Ba cheart an Clár a bhunú ar feadh tréimhse 7 mbliana chun go mbeidh a fhad ag teacht le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (8).

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh sa Chlár, comhpháirt amháin atá inchurtha le clár Hercule III, an dara comhpháirt lena n-áirithítear maoiniú an Chórais Bainistíochta Neamhrialtachtaí agus an tríú comhpháirt lena maoinítear na gníomhaíochtaí a chuirtear de chúram ar an gCoimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 515/97, lena n-áirítear ardán AFIS.

(10)

Ba cheart don Chlár an comhar a éascú i measc údaráis ábhartha na mBallstát agus idir na Ballstáit féin, an Coimisiún agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcás inarb iomchuí, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (9), chun cosaint éifeachtach a áirithiú i dtaca le leasanna airgeadais an Aontais, chomh maith le ceart-chur i bhfeidhm an dlí maidir le cúrsaí custaim agus talmhaíochta, gan cur isteach ar fhreagrachtaí na mBallstát, agus chun úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní ná mar a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta. Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais agus tá údar léi ós rud é go gcuidíonn sí leis na Ballstáit leasanna airgeadais an Aontais a chomhchosaint agus go spreagann sí úsáid a bhaint as struchtúir choiteanna de chuid an Aontais chun comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a mhéadú, agus ag an am céanna tacú le tuairisciú sonraí maidir le neamhrialtachtaí agus cásanna calaoise.

(11)

Anuas air sin, agus tacaíocht á tabhairt do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, ba cheart aghaidh a thabhairt ar gach gné de bhuiséad an Aontais, idir ioncam agus chaiteachas. Sa chreat sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an bhfíoras gurb é an Clár an t-aon chlár de chuid an Aontais atá ann chun an taobh caiteachais de bhuiséad an Aontais a chosaint.

(12)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár, agus is é an t-imchlúdach sin a bheidh ina phríomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (10), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(13)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár seo. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos na rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha. Áirítear freisin ar na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta lena ndéanfar buiséad an Aontais a chosaint.

(14)

Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh chuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamhchomhlíontachta a mheastar a bheith ann. I ndáil leis sin, ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, amhail dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

(15)

Ba cheart don Rialachán seo liosta táscach a chur ar fáil de na gníomhaíochtaí atá le maoiniú chun leanúnachas a áirithiú i dtaca le maoiniú na ngníomhaíochtaí ar fad a chuirtear de chúram ar an gCoimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 515/97, lena n-áirítear ardán AFIS.

(16)

Ba cheart gníomhaíochtaí a bheith incháilithe ar bhonn a gcumais spriocanna sonracha an Chláir a bhaint amach. Maidir le spriocanna sonracha an Chláir, ba cheart a áireamh ina measc cúnamh teicniúil speisialta le haghaidh údaráis inniúla na mBallstát a chur ar fáil, amhail trí eolas sonrach a sholáthar, trealamh speisialaithe agus ardteicniúil agus uirlisí éifeachtacha TF; tríd an tacaíocht is gá d’imscrúduithe a áirithiú agus trí imscrúduithe a éascú, go háirithe trí chur ar bun foirne comhpháirteacha imscrúdaithe agus oibríochtaí trasteorann; nó trí feabhas a chur ar mhalartuithe foirne le haghaidh tionscadail shonracha. Anuas air sin, ba cheart a áireamh i measc na ngníomhaíochtaí incháilithe freisin oiliúint speisialaithe spriocdhírithe agus ceardlanna anailíse riosca, agus, i gcás inarb iomchuí, comhdhálacha agus staidéir a eagrú.

(17)

Maidir le ceannach trealaimh trí ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim arna bhunú ag Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, bheadh tionchar dearfach aige ar chomhrac na calaoise a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Faoin ionstraim sin bheadh oibleagáid ann aon dúbailt a sheachaint sa tacaíocht ón Aontas. Ar an mbealach céanna, ba cheart don Chlár a áirithiú go seachnófar aon dúbailt sa tacaíocht ón Aontas agus, ba cheart dó, i bprionsabal, a thacaíocht a dhíriú ar chineálacha trealaimh a fháil nach dtagann faoi raon feidhme ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, nó do threalamh arb iad na tairbhithe údaráis seachas na húdaráis a bhfuil ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim dírithe orthu. Thairis sin, ba cheart a áirithiú gurb iomchuí an trealamh a chisteofar chun críoch rannchuidiú le cosaint leas airgeadais an Aontais.

(18)

Ba cheart an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, ar comhaltaí den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) iad. Ba cheart é a bheith oscailte freisin do thíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí, tíortha is iarrthóirí ionchasacha mar aon le tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna creat-chomhaontuithe agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna. Ba cheart an Clár a bheith oscailte freisin do thríú tíortha eile ar choinníoll go dtugann siad comhaontú sonrach i gcrích a chumhdaíonn coinníollacha sonracha a rannpháirtíochta i gcláir de chuid an Aontais.

(19)

Ag cur san áireamh meastóireachtaí a rinneadh ar chláir Hercule roimhe seo agus chun an Clár a neartú, ba cheart go mbeadh eintitis atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár in ann a bheith rannpháirteach ar bhonn eisceachtúil.

(20)

Go háirithe, ba cheart rannpháirtíocht eintiteas atá bunaithe i dtríú tíortha a bhfuil comhaontú comhlachais i bhfeidhm acu leis an Aontas a spreagadh, d'fhonn cosaint leasanna airgeadais an Aontais a neartú trí chomhar a bhaineann le custaim agus trí mhalartú dea-chleachtas, go háirithe i ndáil le bealaí leis an gcalaois a chomhrac, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a bhfuil tionchar acu ar leasanna airgeadais an Aontais agus i ndáil le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le forbairtí teicneolaíocha nua.

(21)

Ba cheart an Clár a chur chun feidhme ag cur san áireamh na moltaí agus na bearta a liostaítear i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2013 dar teideal “Stepping up the fight against cigarette smuggling and other forms of illicit trade in tobacco products — A comprehensive EU Strategy” [Dlús a chur le comhrac na smuigleála toitíní agus foirmeacha eile den trádáil neamhdhleathach i dtáirgí tobac – Straitéis chuimsitheach AE] mar aon leis an tuarascáil dul chun cinn ar chur chun feidhme theachtaireachta sin an 12 Bealtaine 2017.

(22)

Dhaingnigh an tAontas an Prótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a Dhíothú le Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (“an Prótacal”) in 2016. Cosnaíonn an Prótacal leasanna airgeadais an Aontais a mhéid a bhaineann sé le comhrac na trádála aindleathaí trasteorann i dtáirgí tobac, rud is cúis le caillteanas ioncaim. Ba cheart don Chlár tacú le Rúnaíocht Chreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac i dtaobh na bhfeidhmeanna atá aici a bhaineann leis an bPrótacal. Ba cheart dó tacú freisin le gníomhaíochtaí eile arna n-eagrú ag an Rúnaíocht i dtaca le comhrac na trádála aindleathaí i dtáirgí tobac.

(23)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 (13), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (14) agus (AE) 2017/1939 ón gComhairle, ní mór leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht do OIPE, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus chun a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(24)

Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad de LEE a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (16), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú go cuimsitheach.

(25)

De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (17), tá daoine agus eintitis atá bunaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socraithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(26)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Clár a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún cláir oibre a ghlacadh lena leagtar amach, inter alia, na tosaíochtaí agus na critéir mheastóireachta maidir le deontais le haghaidh gníomhaíochtaí.

(27)

Ba cheart, leis an Rialachán seo, an t-uasráta féideartha maidir le cómhaoiniú deontas a shocrú.

(28)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (18), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an am céanna ualach riaracháin á seachaint, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil á seachaint ag an am céanna. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar bhealach tráthúil neamhspleách oibiachtúil.

(29)

Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí chun gnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a thomhas i gcás ina measfar gur gá sin, mar aon leis an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(30)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach i ngeall ar chineál trasteorann na saincheisteanna lena mbaineann, ach gur féidir, de bharr an bhreisluacha Aontais, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(31)

Is é Airteagal 42a(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 an bunús dlí chun AFIS a mhaoiniú. Ba cheart don Rialachán seo bunús dlí nua a chur ina ionad. Ba cheart Airteagal 42a(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a scriosadh dá bhrí sin.

(32)

Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 lena mbunaítear clár Hercule III, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. Ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir le forbairt ar chlár Hercule III, ón 1 Eanáir 2021 amach. Ar an ábhar sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 a aisghairm.

(33)

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a chur chun feidhme, agus maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, tá an Clár beartaithe chun rannchuidiú le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le gnóthú sprioc fhoriomlán 30 % de chaiteachais bhuiséad an Aontais a chaitheamh ag tacú le cuspóirí aeráide.

(34)

I gcomhréir le hAirteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, féadfar deontas a dhámhachtain i gcomhair gníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, níl na costais arna dtabhú roimh an dáta a chuirfear isteach an t-iarratas ar dheontas incháilithe, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach ar thacaíocht ón Aontas a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais a sheachaint, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin, le linn tréimhse teoranta ama ag tús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, agus i gcásanna cuí-réasúnaithe amháin, d'incháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas ó thús na bliana airgeadais 2021, fiú más rud é gur cuireadh chun feidhme agus gur tabhaíodh iad sular cuireadh isteach an t-iarratas ar dheontas.

(35)

Chun an leanúnachas a áirithiú sa tacaíocht a sholáthraítear sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar an Clár a chur chun feidhme ó thús chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo Clár Frith-Chalaoise an Aontais (an “Clár”) ar feadh ré chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027.

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, foirmeacha an chistithe ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Cuspóirí an Chláir

1.   Tá na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár:

(a)

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;

(b)

tacú le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus le comhar idir iadsan is deireanaí atá luaite agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart.

2.   Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a)

calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac;

(b)

tacú le tuairisciú neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, maidir le cistí bainistíochta comhroinnte agus cistí cúnaimh réamhaontachais bhuiséad an Aontais;

(c)

uirlisí a sholáthar le haghaidh malartú faisnéise agus tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla i réimse an chúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh in ábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta.

Airteagal 3

Buiséad

1.   Is é EUR 181,207 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021-2027.

2.   Maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 1, seo a leanas a leithdháileadh táscach:

(a)

EUR 114,207 milliún don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (a);

(b)

EUR 7 milliún don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b);

(c)

EUR 60 milliún don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (c).

3.   Féadfar suas le 2 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin i ndáil le cur chun feidhme an Chláir, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha. Thairis sin, cuirtear san áireamh sa leithdháileadh táscach i bpointe (a) de mhír 2 an fíoras gurb é an Clár an t-aon chlár de chuid an Aontais a thugann aghaidh ar an taobh caiteachais de chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

Airteagal 4

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

Beidh an Clár oscailte do rannpháirtíocht na dtríú tíortha seo a leanas:

(a)

comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)

tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)

tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

(i)

go n-áirithítear leis an gcomhaontú sin cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá páirteach i gcláir de chuid an Aontais;

(ii)

go leagtar síos leis an gcomhaontú sin coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí le cláir aonair agus lena gcostais riaracháin;

(iii)

nach dtugtar leis an gcomhaontú sin cumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh i ndáil leis an gclár de chuid an Aontais;

(iv)

go ráthaítear leis an gcomhaontú sin cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Ioncaim shannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (d)(ii).

Airteagal 5

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c) den Rialachán Airgeadais.

2.   Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe i bhfoirm deontas agus soláthair, mar aon le haisíocaíocht caiteachais taistil agus caiteachais cothaithe de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais.

3.   Féadfaidh an Clár cistiú a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97, go háirithe chun na cineálacha costas dá dtagraítear i liosta táscach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chumhdach.

4.   I gcás go mbaineann an ghníomhaíocht lena bhfuiltear ag tacú le trealamh a fháil, bunóidh an Coimisiún, más iomchuí, sásra comhordúcháin chun éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht idir an trealamh uile a cheannaítear le tacaíocht ó chláir an Aontais a áirithiú.

Airteagal 6

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraime dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí, chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

CAIBIDIL II

Deontais

Airteagal 7

Deontais

Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 8

Cómhaoiniú

Ní rachaidh an ráta cómhaoinithe do dheontais arna ndámhachtain faoin gClár thar 80 % de na costais incháilithe. Ní dheonófar aon chistiú os cionn na huasteorann sin ach amháin i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe, a dhéanfar iad a shainiú sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 11, agus ní rachaidh an cistiú sin thar 90 % de na costais incháilithe.

Airteagal 9

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.   Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.

2.   Gan dochar d'aon ghníomhaíocht eile dá bhforáiltear leis na cláir oibre faoi Airteagal 11, féadfar a mheas go bhfuil na gníomhaíochtaí seo a leanas incháilithe chun cistiú a fháil:

(a)

eolas teicniúil, trealamh speisialaithe ardteicneolaíoch agus uirlisí éifeachtacha TF a sholáthar lena bhfeabhsaítear an comhar trasnáisiúnta agus ildisciplíneach agus an comhar leis an gCoimisiún;

(b)

malartuithe foirne do thionscadail shonracha a fheabhsú, an tacaíocht is gá a áirithiú agus imscrúduithe a éascú, go háirithe cur ar bun foirne comhpháirteacha imscrúduithe agus oibríochtaí trasteorann;

(c)

tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil d'imscrúduithe náisiúnta, go háirithe d'údaráis chustaim agus údaráis forfheidhmithe dlí chun comhrac na calaoise agus gníomhaíochta neamhdhleathacha eile a neartú;

(d)

acmhainneacht TF a fhorbairt sna Ballstáit agus sna tríú tíortha, malartú sonraí a mhéadú agus uirlisí TF a fhorbairt agus a chur ar fáil le haghaidh imscrúduithe agus faireachán a dhéanamh ar obair faisnéise;

(e)

oiliúint speisialaithe, ceardlanna anailíse rioscaí, comhdhálacha agus staidéir a eagrú a bhfuil sé d'aidhm acu feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú i measc seirbhísí lena mbaineann cosaint leasanna airgeadais an Aontais;

(f)

aon ghníomhaíocht eile, dá bhforáiltear leis na cláir oibre bhliantúla faoi Airteagal 11, a bhfuil gá léi chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 2 a bhaint amach.

3.   I gcás go mbeidh fáil trealaimh i gceist leis an ngníomhaíocht a gcuirtear tacaíocht ar fáil di, áiritheoidh an Coimisiún gurb iomchuí an trealamh a chisteofar chun críche rannchuidiú le cosaint leas airgeadais an Aontais.

Airteagal 10

Eintitis incháilithe

1.   Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

2.   Beidh na heintitis seo a leanas incháilithe faoin gClár:

(a)

údaráis phoiblí a fhéadfaidh rannchuidiú chun ceann de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhaint amach, agus atá bunaithe:

(i)

i mBallstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(ii)

i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár; nó

(iii)

i dtríú tír atá liostaithe sa chlár oibre faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 3;

(b)

institiúidí taighde agus oideachais agus eintitis neamhbhrabúis a fhéadfaidh rannchuidiú chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhaint amach, ar choinníoll go bhfuil siad bunaithe agus ag feidhmiú le 1 bliain amháin ar a laghad:

(i)

i mBallstát;

(ii)

i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár; nó

(iii)

i dtríú tír atá liostaithe i gclár oibre, faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 3;

(c)

aon eintiteas dlítheanach a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta.

3.   Go heisceachtúil, na heintitis dá dtagraítear i mír 2 atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, beidh siad incháilithe faoin gClár i gcás ina mbeidh sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach. I bprionsabal, seasfaidh eintitis den sórt sin costas a rannpháirtíochta, ach amháin i gcásanna ina dtabharfar bonn cirt cuí leo sa chlár oibre.

CAIBIDIL III

Clársceidealú, Faireachán agus Meastóireacht

Airteagal 11

Clár oibre

Chun an Clár a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 12

Faireachán agus tuairisciú

1.   Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar síos in Airteagal 2.

2.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir maidir le gnóthú a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 14, chun Iarscríbhinn II a leasú maidir leis na táscairí i gcás ina measfar gur gá sin agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.   Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmíocht an Chláir faoi chuimsiú a Thuarascáil Bhliaintúil maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint - an Comhrac i gcoinne na Calaoise.

Faoi chuimsiú an phlé ina leith sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa moltaí a dhéanamh maidir leis an gclár oibre bliantúil. Cuirfidh an Coimisiún na moltaí sin san áireamh mar is cuí.

4.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar, ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil, na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir agus na torthaí a bheidh air. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar na Ballstáit.

Airteagal 13

Meastóireacht

1.   Agus na meastóireachtaí á ndéanamh aige, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar iad ar bhealach atá neamhspleách, oibiachtúil agus tráthúil agus go mbeidh na meastóirí in ann a gcuid oibre a dhéanamh saor ó aon iarracht tionchar a imirt orthu.

2.   Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.

3.   Ag deireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

4.   Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, do Choiste na Réigiún agus don Chúirt Iniúchóirí agus foilseoidh sé iad ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL IV

Forálacha Idirthréimseacha agus Críochnaitheacha

Airteagal 15

Faisnéis, cumarsáid agus infheictheacht

1.   Ach amháin i gcás ina mbeidh riosca ann go gcuirfí feidhmíocht éifeachtach gníomhaíochtaí oibríochtúla frith-chalaoise agus custaim i mbaol, tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d'fhoinse an chistithe sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme go rialta gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chláir agus a bhaineann leis na torthaí a baineadh amach. Rannchuideoidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2.

Airteagal 16

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 515/97

Scriostar mír 1 agus mír 2 d'Airteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 515/97.

Airteagal 17

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 18

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí arna dtionscnamh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 250/2014 agus Airteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 515/97, a mbeidh feidhm acu maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 250/2014 agus Airteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a áirithiú.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 193(2), an dara fomhír, pointe (a) den Rialachán Airgeadais, i gcásanna cuí-réasúnaithe agus a shonraítear sa chinneadh maoiniúcháin agus ar feadh tréimhse theoranta, féadfar a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Rialachán seo agus na costais bhunúsacha incháilithe ón 1 Eanáir 2021, fiú má cuireadh na gníomhaíochtaí sin chun feidhme agus má tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 29 Aibreán 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.P. ZACARIAS


(1)  IO C 10, 10.1.2019, lch. 1.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 16 Márta 2021 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Aibreán 2021 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(3)  Cinneadh Uimh. 804/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear clár gníomhaíochta Comhphobail chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Chomhphobail a chur chun cinn (clár Hercule) (IO L 143, 30.4.2004, lch. 9).

(4)  Cinneadh Uimh. 878/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2007 lena leasaítear agus lena leathnaítear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE lena mbunaítear clár gníomhaíochta Comhphobail chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Chomhphobail a chur chun cinn (clár Hercule II) (IO L 193, 25.7.2007, lch. 18).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena mbunaítear clár chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn (clár Hercule III) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE (IO L 84, 20.3.2014, lch. 6).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).

(7)  Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críoch custaim (IO L 323, 10.12.2009, lch. 20).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(9)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch 1).

(10)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(11)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(13)  Níl ann do théacs an Rialacháin sa Ghaeilge (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(14)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(15)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(16)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(17)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(18)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN I

LIOSTA TÁSCACH COSTAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5(3)

Liosta táscach na gcineálacha costas a chisteoidh an Clár i gcás gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97:

(a)

na costais a bhaineann leis an mbonneagar buan teicniúil a shuiteáil agus a chothabháil, lena gcuirtear ar fáil do na Ballstáit na hacmhainní lóistíochta, uathoibrithe oifige agus TF a theastaíonn chun oibríochtaí comhpháirteacha custaim agus gníomhaíochtaí oibríochtúla eile a chomhordú;

(b)

aisíocaíocht costas iompair agus cothaithe agus, i gcás inarb iomchuí, aon íocaíochtaí nó slánaíochtaí eile a íocfar i leith ionadaithe na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, ionadaithe tríú tíortha, a ghlacann páirt i misin an Aontais, oibríochtaí comhpháirteacha custaim arna n-eagrú ag an gCoimisiún nó i gcomhpháirt leis an gCoimisiún agus cúrsaí oiliúna, cruinnithe ad hoc agus cruinnithe ullmhúcháin agus meastóireachta le haghaidh imscrúduithe riaracháin nó le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag na Ballstáit, i gcás ina n-eagraíonn an Coimisiún iad nó i gcás ina n-eagraítear i gcomhpháirt leis an gCoimisiún iad;

(c)

caiteachas a bhaineann le bonneagar ríomhaireachta (crua-earraí), bogearraí agus naisc thiomnaithe líonra a fháil agus le staidéar, forbairt agus cothabháil a dhéanamh orthu agus caiteachas a bhaineann leis na seirbhísí gaolmhara táirgeachta, tacaíochta agus oiliúna chun críche na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a dhéanamh, go háirithe gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcalaois a chosc agus a chomhrac;

(d)

caiteachas a bhaineann le faisnéis a sholáthar agus caiteachas ar ghníomhaíochtaí gaolmhara a cheadaíonn rochtain ar fhaisnéis, ar shonraí agus ar fhoinsí sonraí chun críche na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 515/97 a dhéanamh, go háirithe gníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcalaois a chosc agus a chomhrac;

(e)

caiteachas a bhaineann le húsáid an Chórais Faisnéise Custaim dá bhforáiltear in ionstraimí arna nglacadh faoi Airteagal 87 CFAE agus go háirithe i gCinneadh 2009/971/CGB, a mhéid a dhéanann na hionstraimí sin foráil maidir le buiséad ginearálta an Aontais an caiteachas sin a sheasamh;

(f)

caiteachas a bhaineann le comhpháirteanna an Aontais den líonra cumarsáide coiteann arna úsáid chun críocha phointe (c) a fháil agus le staidéar, forbairt agus cothabháil a dhéanamh orthu.


IARSCRÍBHINN II

TÁSCAIRÍ I dTACA LE FAIREACHÁN AR AN gCLÁR

Déanfar faireachán géar ar an gclár ar bhonn tacar táscairí atá beartaithe chun a oiread agus atá cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir bainte amach a mheas agus d'fhonn costais agus ualaí riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar sonraí i ndáil leis na príomhtháscairí seo a leanas:

 

Sainchuspóir 1: Calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac.

 

Táscaire 1: Tacaíocht a thabhairt chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, arna thomhas mar seo a leanas:

1.1

:

ráta sástachta i dtaca leis na gníomhaíochtaí arna n-eagrú agus arna gcómhaoiniú/maoiniú tríd an gClár;

1.2

:

céatadán na mBallstát a fhaigheann tacaíocht gach bliain a bhíonn an clár i bhfeidhm.

 

Sainchuspóir 2: Tacú le tuairisciú neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, maidir le cistí bainistíochta comhroinnte agus cistí cúnaimh réamhaontachais bhuiséad an Aontais.

 

Táscaire 2: Ráta sástachta na n-úsáideoirí i dtaca le húsáid IMS.

 

Sainchuspóir 3: Uirlisí a sholáthar le haghaidh malartú faisnéise agus tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla i réimse an chúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh in ábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta.

 

Táscaire 3: Líon na gcásanna ina gcuirtear cúnamh frithpháirteach ar fáil agus líon na ngníomhaíochtaí a bhaineann le cúnamh frithpháirteach ar tugadh tacaíocht dóibh.