ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 165

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
11 Bealtaine 2021


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán Uimh. 1553/89 maidir leis na comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú

9

 

*

Rialachán (AE, Euratom) 2021/770 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 maidir le ríomh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi, maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun an acmhainn dhílis sin a chur ar fáil, maidir le bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh, agus maidir le gnéithe áirithe den acmhainn dhílis bunaithe ar ollioncam náisiúnta

15

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/771 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chritéir shonracha agus coinníollacha sonracha a leagan síos i ndáil le seiceálacha ar chuntais dhoiciméadacha faoi chuimsiú rialuithe oifigiúla an táirgthe orgánaigh agus rialuithe oifigiúla a dhéantar ar ghrúpaí oibreoirí ( 1 )

25

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/772 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 a mhéid a bhaineann leis na bearta sealadacha i ndáil le rialuithe ar tháirgeadh táirgí orgánacha, go háirithe an tréimhse ina gcuirfear i bhfeidhm iad ( 1 )

28

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

11.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/1


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2021/768 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Aibreán 2021

lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an ceathrú mír d’Airteagal 311 de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (1), agus go háirithe Airteagal 10 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is codanna tábhachtacha de chóras acmhainní dílse an Aontais iad an nós imeachta chun an comhardú buiséadeach bliantúil a ríomh agus a bhuiséadú, na forálacha agus na socruithe is gá chun bailiú acmhainní dílse agus aon cheanglais tuairiscithe ábhartha a rialú agus a mhaoirsiú, ar codanna iad a chomhlánaíonn ar bhealach níos mionsonraithe forálacha de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

(2)

Ar chúiseanna comhsheasmhachta, ba cheart na forálacha a bhaineann le cigireachtaí atá i Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 ón gComhairle (3) a áireamh sa Rialachán seo.

(3)

Chun a áirithiú go mbeidh buiséad comhardaithe ann, ba cheart aon bharrachas in ioncam an Aontais de bhreis ar an gcaiteachas iomlán iarbhír le linn bliain airgeadais a thabhairt anonn go dtí an bhliain airgeadais ina diaidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart an comhardú atá le tabhairt anonn a shainiú.

(4)

Ba cheart do na Ballstáit seiceálacha agus fiosrúcháin a dhéanamh maidir le hacmhainní dílse an Aontais a ríomh, a bhunú agus a chur ar fáil. Chun cur i bhfeidhm na rialacha airgeadais maidir le hacmhainní dílse a éascú, is gá a áirithiú go n-oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún as lámha a chéile.

(5)

Ba cheart trédhearcacht chóras acmhainní dílse an Aontais a áirithiú trí fhaisnéis leordhóthanach a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Dá bhrí sin, maidir leis na doiciméid agus an fhaisnéis atá ag teastáil chun go mbeidh an Coimisiún in ann an chumhacht a tugadh dó i dtaca le hacmhainní dílse an Aontais a fheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit iad a chur ar fáil don Choimisiún, agus i gcás inar gá, na doiciméid agus an fhaisnéis sin a chur chuig an gCoimisiún.

(6)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus soiléireacht, ba cheart forálacha a leagan síos lena gcumhdaítear cumhachtaí agus oibleagáidí oifigeach, seirbhíseach eile agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht a ghlacann páirt i gcigireachtaí i ndáil le hacmhainní dílse an Aontais. Ba cheart, go háirithe, na rialacha a leagan síos nach mór d’oifigigh uile an Aontais, gach seirbhíseach eile agus gach saineolaí náisiúnta ar iasacht a urramú maidir le rúndacht ghairmiúil agus cosaint sonraí pearsanta. Is gá stádas saineolaithe náisiúnta ar iasacht a shonrú chomh maith leis an bhféidearthacht a bheadh ag an mBallstát lena mbaineann cur i gcoinne oifigigh de chuid Ballstáit eile a bheith i láthair le linn cigireachta.

(7)

Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, leis na socruithe lena dtuairiscíonn na Ballstáit atá freagrach as acmhainní dílse a bhailiú don Choimisiún, faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a dhéanann na Ballstáit chun acmhainní dílse a aisghabháil, go háirithe i gcásanna calaoise agus neamhrialtachtaí.

(8)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le tuairisciú calaoise agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do theidlíochtaí d’acmhainní dílse traidisiúnta agus maidir le tuarascálacha bliantúla na mBallstát ar a gcuid cigireachtaí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(9)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ionas gur féidir rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le tuairisciú calaoise agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do theidlíochtaí d’acmhainní dílse traidisiúnta agus maidir le tuarascálacha bliantúla na mBallstát i dtaobh a gcuid cigireachtaí, ós gníomhartha de chineál teicniúil na gníomhartha sin a cheanglaítear chun críoch tuairiscithe.

(10)

Tá gá le formhaoirseacht pharlaiminteach iomchuí, mar a leagtar amach sna Conarthaí, le haghaidh forálacha de chineál ginearálta is infheidhme maidir le gach catagóir acmhainní dílse.

(11)

Ba cheart Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 ón gComhairle (5) a aisghairm.

(12)

Ar chúiseanna comhsheasmhachta, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar an lá céanna le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 agus ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta chur i bhfeidhm céanna leis an gCinneadh sin, eadhon, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ACMHAINNÍ DÍLSE A CHINNEADH

Airteagal 1

An comhardú a ríomh agus a bhuiséadú

1.   Chun críoch Airteagal 8 de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a chur i bhfeidhm, is éard a bheidh i gcomhardú bliana airgeadais ar leith, an difríocht idir an t-ioncam ar fad a bailíodh i dtaca leis an mbliain sin agus an méid íocaíochtaí a rinneadh in aghaidh leithreasuithe don bhliain airgeadais sin, lena gcuirfear méid na leithreasuithe don bhliain airgeadais chéanna a tugadh ar aghaidh de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (“an Rialachán Airgeadais”).

Déanfar glanmhéid na leithreasuithe a tugadh ar aghaidh ó bhlianta airgeadais roimhe sin ar cuireadh ar ceal iad a chur leis an difríocht sin nó a bhaint di. De mhaolú ar Airteagal 8(1) den Rialachán Airgeadais, déanfar, lena chois sin, na nithe seo a leanas a chur leis an difríocht nó a bhaint di:

(a)

íocaíochtaí a dhéanfar os cionn leithreasuithe neamhdhifreáilte a tugadh ar aghaidh ón mbliain airgeadais roimhe sin faoi Airteagal 12(1) agus (4) den Rialachán Airgeadais mar thoradh ar athruithe i rátaí euro;

(b)

an comhardú a bhí mar thoradh ar shochair agus dochair mhalairte le linn na bliana airgeadais.

2.   Roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair gach bliana airgeadais, déanfaidh an Coimisiún meastachán ar na hacmhainní dílse a bailíodh don bhliain ar fad, ar bhonn na sonraí a bheidh ar fáil dó an uair sin. Má bhíonn aon difríochtaí suntasacha ann i ndáil leis na meastacháin bhunaidh, is féidir go n-eascróidh litir lena leasaítear an dréachtbhuiséad don bhliain ina diaidh sin nó buiséad leasaitheach don bhliain airgeadais reatha as an méid sin.

CAIBIDIL II

FORÁLACHA MAIDIR LE RIALÚ AGUS MAOIRSEACHT AGUS CEANGLAIS TUAIRISCITHE ÁBHARTHA

Airteagal 2

Bearta rialaithe agus maoirseachta

1.   Déanfar cigireacht ar na hacmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 mar atá sonraithe sa Rialachán seo, gan dochar do Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 agus Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

2.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear na hacmhainní dílse dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ar fáil don Choimisiún.

3.   I gcás ina mbeidh baint ag bearta rialaithe agus maoirseachta leis na hacmhainní dílse traidisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053;

(a)

déanfaidh na Ballstáit na seiceálacha agus na fiosrúcháin a bhaineann leis na hacmhainní dílse sin a bhunú agus a chur ar fáil;

(b)

déanfaidh na Ballstáit bearta cigireachta breise arna iarraidh sin don Choimisiún. Sonróidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an gcigireacht bhreise ina iarraidh. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go gcuirfear doiciméid áirithe chuige;

(c)

má iarrann an Coimisiún amhlaidh, beidh sé bainteach le cigireachtaí a dhéanann na Ballstáit. I gcás ina mbeidh an Coimisiún bainteach le cigireacht, beidh rochtain ag an gCoimisiún, a mhéid is gá amhlaidh chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ar na doiciméid tacaíochta a bhaineann leis na hacmhainní dílse a bhunú agus a chur ar fáil, mar aon le haon doiciméad iomchuí eile a bhfuil baint aige leis na doiciméid tacaíochta sin;

(d)

féadfaidh an Coimisiún cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh é féin. Na gníomhairí atá údaraithe ag an gCoimisiún chun cigireachtaí den chineál sin a dhéanamh, beidh rochtain acu ar dhoiciméid mar atá leagtha amach i gcás na gcigireachtaí dá dtagraítear i bpointe (c). Déanfaidh Ballstáit na cigireachtaí sin a éascú.

4.   I gcás ina mbaineann bearta rialaithe agus maoirseachta leis an acmhainn dhílis bunaithe ar CBL dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 déanfar cigireachtaí an Choimisiúin in éineacht le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann. Le linn na gcigireachtaí sin, déanfaidh an Coimisiún deimhin de, go háirithe, go ndearnadh na hoibríochtaí chun méid iomlán glan CBL a bailíodh a ríomh i gceart. Ina theannta sin, deimhneoidh an Coimisiún go raibh na sonraí a úsáideadh iomchuí, agus go gcomhlíonann na ríomhanna arna ndéanamh chun méid na hacmhainne dílse sin faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 3(1) de Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 a chinneadh an Rialachán sin.

5.   I gcás ina mbeidh baint ag bearta rialaithe agus maoirseachta leis an acmhainn dhílis bunaithe ar an dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 beidh rochtain ag an gCoimisiún ar na doiciméid a bhaineann leis na nósanna imeachta agus leis na sonraí dá dtagraítear i dTreoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus i gCinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún (9). Déanfar cigireachtaí an Choimisiúin in éineacht le húdaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann. Le linn na gcigireachtaí sin, déanfaidh an Coimisiún deimhin de, go háirithe, go ndearnadh na hoibríochtaí chun meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi faoi mar a thagraítear di sa dara fomhír d’Airteagal 2(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a ríomh i gceart.

6.   I gcás ina mbeidh baint ag bearta rialaithe agus maoirseachta leis an acmhainn dhílis bunaithe ar ollioncam náisiúnta (OIN) dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053:

(a)

déanfaidh an Coimisiún, gach bliain, cigireacht ar na comhbhailiúcháin a cuireadh ar fáil maidir le hearráidí sa tiomsú, in éineacht leis an mBallstát lena mbaineann, go háirithe i gcásanna ar thug an grúpa saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/516 fógra fúthu; agus é ina bhun sin, féadfaidh an Coimisiún, i gcásanna aonair, scrúdú a dhéanamh ar ríomhanna agus boinn staidrimh, cé is moite d’fhaisnéis i dtaobh gnólachtaí nó daoine aonair, mura mbeadh aon mheasúnú ceart indéanta murach sin;

(b)

ina theannta sin, beidh fáil ag an gCoimisiún ar na doiciméid a bhaineann leis na foinsí agus na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2019/516.

7.   Ní dochar na bearta rialaithe agus maoirseachta dá dtagraítear san Airteagal seo don mhéid seo a leanas:

(a)

na cigireachtaí a dhéanann na Ballstáit i gcomhréir lena ndlíthe, lena rialacháin nó lena bhforálacha riaracháin náisiúnta;

(b)

na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 287 agus 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);

(c)

na socruithe cigireachta arna ndéanamh de bhun phointe (b) d’Airteagal 322(1) CFAE.

8.   Chun críoch na mbeart rialaithe agus maoirseachta faoi mhíreanna 3 go 6, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit doiciméid nó tuarascálacha ábhartha a bhaineann leis na córais a úsáidtear chun acmhainní dílse a bhailiú a chur chuige nó doiciméid nó tuarascálacha den sórt sin a chur ar fáil dó.

Airteagal 3

Cumhachtaí agus oibleagáidí ghníomhairí údaraithe an Choimisiúin

1.   Chun na cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2 a dhéanamh, ceapfaidh an Coimisiún go sonrach oifigigh áirithe nó seirbhísigh eile áirithe dá chuid (“gníomhairí údaraithe”).

I gcás gach cigireachta, cuirfidh an Coimisiún téarmaí tagartha i scríbhinn ar fáil do na gníomhairí údaraithe ina sonrófar a gcéannacht agus an cháil oifigiúil atá acu.

Maidir leis na saineolaithe a thabharfaidh na Ballstáit ar iasacht don Choimisiún mar shaineolaithe náisiúnta, féadfaidh siad páirt a ghlacadh sna cigireachtaí.

Le comhaontú sainráite agus roimh ré an Bhallstáit lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún cúnamh a iarraidh ar oifigigh de chuid Ballstáit eile mar bhreathnóirí. Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh na hoifigigh sin mír 3.

2.   Le linn na gcigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, gníomhóidh na gníomhairí údaraithe ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le hoifigigh an Bhallstáit lena mbaineann. Beidh siad faoi cheangal ag rúndacht ghairmiúil, faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo.

Urramóidh an Coimisiún prionsabal na rúndachta staidrimh mar a bunaíodh é i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

Féadfaidh gníomhaire údaraithe dul i dteagmháil le féichiúnaithe, más gá, ach ní fhéadfaidh sé nó sí déanamh amhlaidh ach i gcomhthéacs na gcigireachtaí ar acmhainní dílse traidisiúnta, agus ní fhéadfaidh sé nó sí déanamh amhlaidh ach trí na húdaráis inniúla arb iad a nósanna imeachta maidir le bailiú acmhainní dílse is ábhar don chigireacht.

3.   Faisnéis a chuirfear in iúl nó a gheofar faoin Rialachán seo, cibé foirm ina bhfuil sí, beidh sí faoi réir rúndacht ghairmiúil agus gheobhaidh sí an chosaint a thugtar d’fhaisnéis chomhchosúil faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit inar bailíodh í agus faoi na forálacha comhfhreagracha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais.

Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní chuirfear í in iúl do dhaoine, seachas na daoine sin atá laistigh d’institiúidí an Aontais nó laistigh de na Ballstáit a bhfuil sé de dhualgas orthu an fhaisnéis sin a bheith ar eolas acu, ná ní úsáidfear í chun críoch seachas na críocha sin a leagtar síos sa Rialachán seo gan réamhthoiliú an Bhallstáit inar bailíodh í.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus an dara fomhír maidir leis na hoifigigh agus na seirbhísigh eile de chuid an Aontais, mar aon le saineolaithe náisiúnta ar iasacht.

4.   Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh gníomhairí údaraithe agus daoine eile atá ag gníomhú faoina údarás Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus rialacha eile an Aontais agus rialacha náisiúnta eile maidir le cosaint sonraí pearsanta.

Airteagal 4

Ullmhú agus bainistiú cigireachtaí

1.   I dteachtaireacht a bhfuil bunús cuí léi, tabharfaidh an Coimisiún fógra faoi chigireacht in am trátha don Bhallstát ina bhfuil an chigireacht le déanamh. Féadfaidh gníomhairí de chuid an Bhallstáit lena mbaineann a bheith páirteach sa chigireacht sin.

2.   Is iad na gníomhairí údaraithe a dhéanfaidh cigireachtaí. Chun críocha eagrú na hoibre, déanfaidh na gníomhairí údaraithe na teagmhálacha is gá a bhunú le húdaráis inniúla na mBallstát.

3.   I gcás na gcigireachtaí a bhfuil an Coimisiún bainteach leo, is í an roinn arna hainmniú ag an mBallstát lena mbaineann a áiritheoidh eagrú na hoibre agus an caidreamh leis na ranna lena mbaineann.

4.   Déanfaidh na gníomhairí údaraithe cigireachtaí ar an láthair a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 2(3). Chun críocha eagrú na hoibre agus an chaidrimh leis na ranna, agus i gcás inarb iomchuí, leis na féichiúnaithe atá bainteach leis an gcigireacht, déanfaidh na gníomhairí údaraithe, sula ndéanfar aon chigireachtaí ar an láthair, na teagmhálacha is gá a bhunú leis na hoifigigh arna n-ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann. I gcás cigireacht den chineál seo, leagfar amach na téarmaí tagartha i ndoiciméad ina luaitear aidhm agus cuspóir na cigireachta.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na ranna nó na gníomhaireachtaí a bheidh freagrach as na hacmhainní dílse a ríomh, a bhunú, a bhailiú agus a chur ar fáil, chomh maith leis na húdaráis ar thug siad treoir dóibh na cigireachtaí a dhéanamh ar an méid sin, an cúnamh atá riachtanach do na gníomhairí údaraithe chun a ndualgais a dhéanamh.

Chun críoch cigireachtaí ar an láthair a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 2(3), cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas in am trátha faoi chéannacht agus cáil na ndaoine a ceapadh chun páirt a ghlacadh sna cigireachtaí seo agus tabharfaidh siad an cúnamh ar fad atá riachtanach do na gníomhairí údaraithe chun a ndualgais a dhéanamh.

6.   Tabharfar ar aird don Bhallstát lena mbaineann torthaí na rialuithe agus na gcigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, cé is moite de na cigireachtaí a dhéanann na Ballstáit, trí bhíthin na mbealaí iomchuí laistigh de thréimhse 3 mhí. Cuirfidh an Ballstát a bharúlacha isteach laistigh de 3 mhí ón tráth a gheofar an tuarascáil. Mar sin féin, ar chúiseanna a bhfuil bunús cuí leo, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann a bharúlacha i dtaobh pointí sonracha a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de thréimhse míosa ón tráth a gheofar an tuarascáil. Féadfaidh an Ballstát diúltú freagra a thabhairt trí chumarsáid ina sonrófar na cúiseanna a choisceann é ó fhreagra a thabhairt ar iarraidh an Choimisiúin.

Ina dhiaidh sin, tabharfar ar aird do na Ballstáit uile na torthaí agus na barúlacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, chomh maith leis an tuarascáil achomair a ullmhaíodh i leith rialuithe maidir le hacmhainní dílse dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

Má shainaithnítear le linn na gcigireachtaí ar an láthair nó le linn cigireachtaí eile a bhfuil an Coimisiún bainteach leo, i gcás ina mbaineann na cigireachtaí le hacmhainní dílse traidisiúnta, gur gá sonraí sna ráitis nó sna dearbhuithe a cuireadh chuig an gCoimisiún a bhaineann leis na hacmhainní dílse a leasú nó a cheartú agus má tá na ceartúcháin de thoradh orthu sin le déanamh i ráiteas nó i ndearbhú reatha, ansin déanfar na hathruithe ábhartha a shainaithint, sa ráiteas nó sa dearbhú arna úsáid amhlaidh, trí bhíthin nótaí iomchuí.

Airteagal 5

Calaois agus neamhrialtachtaí a dhéanann difear do theidlíochtaí d’acmhainní dílse traidisiúnta a thuairisciú

1.   Laistigh de 2 mhí tar éis deireadh gach ráithe, cuirfidh na Ballstáit tuairisc chuig an gCoimisiún ar chásanna inar braitheadh calaois agus neamhrialtachtaí a raibh teidlíochtaí de bhreis agus EUR 10 000 a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

Laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh gach Ballstát mionsonraí faoin staid a bhaineann le cásanna calaoise agus neamhrialtachtaí a tuairiscíodh chuig an gCoimisiún cheana féin, agus nár luadh roimhe sin arbh amhlaidh ar aisghabhadh, ar cealaíodh nó nár aisghabhadh í nó iad.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear mionsonraí na dtuairiscí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

3.   Áireofar achoimre ar na tuairiscí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo sa tuarascáil ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 325(5) CFAE.

Airteagal 6

Tuairisciú na mBallstát ar a gcigireachtaí ar acmhainní dílse traidisiúnta

1.   Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin tuarascálacha bliantúla mionsonraithe ar a gcigireachtaí i dtaca le hacmhainní dílse traidisiúnta agus le torthaí na gcigireachtaí sin, na sonraí foriomlána agus aon cheisteanna prionsabail a bhaineann leis na fadhbanna is tábhachtaí a d’eascair as cur i bhfeidhm na rialachán ábhartha lena gcuirtear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 chun feidhme agus as ábhair atá faoi dhíospóid, go háirithe. Cuirfear na tuarascálacha chuig an gCoimisiún faoin 1 Márta den bhliain i ndiaidh na bliana airgeadais lena mbaineann. Ar bhonn na dtuarascálacha sin, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil achomair, agus tabharfar ar aird é do na Ballstáit uile.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear foirm do thuarascálacha bliantúla na mBallstát dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

3.   Déanfaidh an Coimisiún, gach 3 bliana, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar fheidhmiú na socruithe maidir le cigireachtaí ar acmhainní dílse traidisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 2(3).

CAIBIDIL III

COISTE AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 7

Nós imeachta coiste

1.   Is é an Coiste Comhairleach maidir le hAcmhainní Dílse (CCAD) agus coistí eile i gcás inar gá a thabharfaidh cúnamh don Choimisiún. Beidh CCAD agus na coistí eile ina gcoistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

Forálacha críochnaitheacha

Aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014.

Na tagairtí don Rialachán aisghairthe, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus déanfar iad a léamh i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an dáta a thiocfaidh Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 i bhfeidhm.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.

(2)  Toiliú an 25 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 maidir leis na socruithe aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (IO L 155, 7.6.1989, lch. 9).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(5)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 29).

(6)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus lena n-aisghairtear Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (Rialachán OIN) (IO L 91, 29.3.2019, lch. 19).

(8)  Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).

(9)  Cinneadh 2005/270/CE ón gComhairle an 22 Márta 2005 lena mbunaítear na formáidí a bhaineann leis an gcóras bunachair sonraí de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 86, 5.4.2005, lch. 6).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(11)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(1)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2(3)(a)

Airteagal 2(3)(a)

Airteagal 2(3)(b)

Airteagal 2(3)(b)

Airteagal 2(3)(c)

Airteagal 2(3)(c)

Airteagal 2(3)(d)

Airteagal 2(3)(d)

Airteagal 2(3)(e)

Airteagal 2(7)

Airteagal 2(4)

Airteagal 2(4)

-

Airteagal 2(5)

Airteagal 2(5)

Airteagal 2(6)

Airteagal 2(6)

Airteagal 2(8)

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

11.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/9


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2021/769 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Aibreán 2021

lena leasaítear Rialachán Uimh. 1553/89 maidir leis na comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322(2),

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir leis an Acmhainn Dhílis atá bunaithe ar Cháin Bhreisluacha (CBL) a bunaíodh le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (3) (“an acmhainn dhílis CBL-bhunaithe”) ba cheart í a chur ar fáil don Aontas sna coinníollacha is fearr is féidir. Dá réir sin, ba cheart rialacha a leagan síos do Bhallstáit maidir leis an acmhainn sin a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais.

(2)

Ar mhaithe le simplíocht agus trédhearcacht, agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart an acmhainn dhílis CBL-bhunaithe a ríomh ar bhonn meánráta ualaithe ilbhliantúil cinntitheach. Maidir leis na socruithe chun bonn na hacmhainne dílse CBL-bhunaithe a chinneadh, ba cheart iad a bhunú ar bhealach aonfhoirmeach ag tosú ó fháltais a bailíodh go hiarbhír i mbliain féilire faoi leith, is socruithe ar cheart gurbh é a bheadh iontu an t-aon mhodh cinntitheach chun bonn na hacmhainne dílse CBL-bhunaithe a chinneadh.

(3)

Ba cheart an meánráta ualaithe cinntitheach CBL don bhliain airgeadais 2016 i ngach Ballstát a úsáid mar an meánráta ualaithe ilbhliantúil cinntitheach.

(4)

Ba cheart nós imeachta athbhreithniúcháin tapa iontaofa a bhunú d’fhonn díospóidí a réiteach a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir Ballstát agus an Coimisiún i dtaca le méid aon cheartuithe ar na ráitis maidir leis an mbonn don acmhainn dhílis CBL-bhunaithe, agus ar an gcaoi sin chun imeachtaí fadálacha agus costasacha um sháruithe os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á seachaint.

(5)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 ón gComhairle (4), ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta le haghaidh athbhreithniú ar na ceartuithe ar an mbonn don acmhainn dhílis CBL-bhunaithe agus a mhéid a bhaineann leis na réitigh agus na modhnuithe gaolmhara arna moladh ag na Ballstáit chun méideanna áirithe a chur san áireamh chun críocha méid iomlán na nglanfháltas CBL a ríomh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 a leasú dá réir sin.

(7)

Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm ar an lá céanna le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 agus ba cheart feidhm a bheith aige ón data chur i bhfeidhm céanna leis an gCinneadh sin, eadhon ón 1 Eanáir 2021. Níor cheart, áfach, feidhm a bheith ag na leasuithe ar Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le táirgeadh ná ceartú ráiteas ar an mbonn don acmhainn dhílis CBL-bhunaithe do bhlianta airgeadais roimh 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 mar a leanas:

(1)

roimh Airteagal 1, scriostar na focail “Teideal I Forálacha ginearálta”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Airteagal 1

Ríomhfar an acmhainn dhílis CBL-bhunaithe tríd an nglaoráta aonfhoirmeach faoi phointe (b) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 (*1)a chur i bhfeidhm ar an mbonn a chinnfear i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(*1)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena leasaítear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).”;"

(3)

roimh Airteagal 2, scriostar na focail “Teideal II Raon feidhme”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

“Airteagal 2

Ríomhfar an acmhainn dhílis CBL-bhunaithe ar bhonn na n-idirbhearta inchánach dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (*2).

(*2)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).”;"

(5)

roimh Airteagal 3, scriostar na focail “Teideal III Módh ríofa”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 3 agus 4:

“Airteagal 3

1.   I gcás bliain féilire ar leith, cinnfear an bonn le haghaidh na hacmhainne dílse CBL-bhunaithe trí mhéid na nglanfháltas CBL iomlán arna mbailiú ag Ballstát ó na hidirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 2 le linn na bliana sin, arna gceartú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, a roinnt ar an meánráta ualaithe ilbhliantúil cinntitheach, arna ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach in Airteagal 4.

Sloinnfear an meánráta ualaithe ilbhliantúil cinntitheach sin mar chéatadán, agus an modh a leagtar amach in Airteagal 4 á chur i bhfeidhm.

2.   Déanfar méid iomlán na nglanfháltas CBL dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a cheartú chun cuntas a thabhairt do na nithe seo a leanas:

(a)

aon mhéideanna a bhfuiltear le déileáil leo chun críocha acmhainní dílse mar idirbhearta de thionscnamh Ballstáit nó atá ceaptha do Bhallstát cé go dtionscnaítear iad i gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 6 de Threoir 2006/112/CE nó go bhfuil siad ceaptha don chríoch sin;

(b)

aon mhéideanna a fhabhraíonn ó idirbhearta de thionscnamh cheann de na háiteanna dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2006/112/CE, nó atá ceaptha do cheann de na háiteanna dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2006/112/CE, a mhéid atá Ballstát in ann a chruthú gur aistríodh an t-ioncam chuig an áit sin;

(c)

aon mhéideanna a bheidh dlite tar éis ceartú de thoradh sáruithe ar Chinneadh 2006/112/CE.

3.   Déanfar an méid a chinntear trí mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm a iolrú faoin nglaoráta aonfhoirmeach faoi phointe (b) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 chun an acmhainn dhílis CBL-bhunaithe, atá le cur ar fáil do bhuiséad an Aontais, a fháil.

Airteagal 4

1.   Ríomhfar an acmhainn dhílis CBL-bhunaithe ar bhonn blianta féilire.

2.   Ríomhfar an meánráta ualaithe ilbhliantúil cinntitheach ar bhonn an mhodha a leagtar amach i míreanna 3 go 8.

3.   Is é an céatadán arna ríomh ag gach Ballstát, faoi seach, don bhliain airgeadais 2016, i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo mar is infheidhme roimh an 1 Eanáir 2021, a bheidh sa mheánráta ualaithe ilbhliantúil cinntitheach.

4.   Ríomhfar go dtí an ceathrú deachúil an céatadán ina sloinnfear an meánráta ualaithe ilbhliantúil cinntitheach.

5.   An meánráta ualaithe cinntitheach ilbhliantúil, beifear tar éis cigireacht a dhéanamh air agus beidh sé saor ó fhógraí a bhaineann le pointí atá fós gan réiteach dá dtagraítear in Airteagal 9(2).

6.   Úsáidfear meánráta ualaithe atá faoi fhógra, go dtí go mbeifear tar éis na pointí ar tugadh fógra ina leith dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a réiteach, agus measfar gurb é an meánráta ualaithe ilbhliantúil sealadach é.

7.   A luaithe a réiteofar na pointí ar tugadh fógra ina leith dá dtagraítear in Airteagal 9(2), cuirfear an céatadán a thiocfaidh as sin in ionad an mheánráta ualaithe ilbhliantúil shealadaigh, agus tiocfaidh sé chun bheith ina mheánráta ualaithe ilbhliantúil cinntitheach ón mbliain airgeadais 2021 ar aghaidh.

8.   Na himpleachtaí buiséadacha a bheidh ann mar thoradh ar aon difríocht idir an meánráta ualaithe ilbhliantúil sealadach agus an meánráta ualaithe ilbhliantúil cinntitheach, tabharfar aghaidh orthu faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 10b(5) de Rialachán (Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle (*3) (“an cleachtadh comhardaithe bliantúil”).

(*3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun na hacmhainní dílse traidisiúnta, an acmhainn dhílis CBL-bhunaithe agus an acmhainn dhílis OIN-bhunaithe a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid thirim a chomhlíonadh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 39).”;"

(7)

scriostar Airteagal 5 agus Airteagal 6;

(8)

roimh Airteagal 7, scriostar na focail “Teideal IV Forálacha a bhaineann le cuntasaíocht agus le hacmhainní dílse a chur ar fáil”;

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 7, 8 agus 9:

“Airteagal 7

1.   Faoin 31 Iúil gach bliain, cuirfidh Ballstáit ráiteas chuig an gCoimisiún maidir le méid iomlán an bhoinn le haghaidh na hacmhainne dílse CBL-bhunaithe don bhliain féilire roimhe sin, arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3, a bhfuil an glaoráta aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 1 le cur i bhfeidhm uirthi.

2.   Sa ráiteas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh na sonraí uile a úsáidtear chun an bonn a chinneadh, ar sonraí iad is gá do na cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 ón gComhairle (*4).

3.   Is iad na sonraí is déanaí a bheidh ar fáil nuair a chuirfear an ráiteas ar fáil na sonraí a úsáidfear chun an bonn don acmhainn CBL-bhunaithe a chinneadh.

4.   Féadfaidh Ballstáit síneadh a iarraidh ar an teorainn ama dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo más rud é, de bharr imthosca eisceachtúla nach bhfuil smacht acu orthu, go bhfuil sé dodhéanta na ríomhanna a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 3 agus, dá bhrí sin, cloí leis an teorainn ama sin. Cuirfear an iarraidh sin faoi bhráid an Choimisiúin i scríbhinn agus leagfar amach inti na cúiseanna leis na himthosca eisceachtúla.

5.   Tar éis dó an iarraidh dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a scrúdú, féadfaidh an Coimisiún aon síneadh amháin ar feadh 2 mhí ar a mhéid a dheonú ar an teorainn ama dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Tuairisceoidh an Coimisiún líon na n-iarrataí agus a chinntí comhfhreagracha ar bhonn bliantúil chuig an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 13(1).

Airteagal 8

Faoin 15 Aibreán gach bliain, chun críocha buiséadacha, cuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún meastachán ar an mbonn le haghaidh na hacmhainne dílse CBL-bhunaithe don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Airteagal 9

1.   Aon cheartuithe ar na ráitis dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán seo do bhlianta airgeadais roimhe sin, ar aon chúis, déanfar iad trí chomhaontú idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann.

I gcás nach n-aontóidh an Ballstát agus an Coimisiún faoi cheartú, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoi sin i litir i dtaobh an cheartaithe is gá. “Bearta” dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 12(2) de Rialachán Uimh. 609/2014 (AE, Euratom) a bheidh sa litir sin.

1a.   Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a iarraidh ar an gCoimisiún an ceartú a cuireadh in iúl sa litir dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo an t-athbhreithniú sin laistigh de 2 mhí ón lá a fuarthas an litir sin. Tabharfar an t-athbhreithniú i gcrích le cinneadh arna dhéanamh ag an gCoimisiún, cinneadh a bheidh le glacadh aige 3 mhí ar a dhéanaí tar éis an lá a fuarthas iarraidh an Bhallstáit.

I gcás ina n-athbhreithneofar leis an gcinneadh ón gCoimisiún, na méideanna a chomhfhreagraíonn go hiomlán nó go páirteach don cheartú arna chur in iúl i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh an Ballstát an méid comhfhreagrach ar fáil. Ní dhéanfar difear, ní le hiarraidh arna déanamh ag an mBallstát go n-athbhreithneofaí an ceartú ná le caingean chun an cinneadh a rinne an Coimisiún a neamhniú, don oibleagáid a bheidh ar an mBallstát an méid a chomhfhreagraíonn don cheartú a chur ar fáil.

Cuirfear gach ceartú isteach i ráitis chomhiomlána, lena leasófar na ráitis roimhe sin do na blianta airgeadais lena mbaineann.

1b.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar a thuilleadh an nós imeachta le haghaidh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1a. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(3).

2.   Ní dhéanfar aon cheartuithe eile ar na ráitis dá dtagraítear in Airteagal 7(1) tar éis an 31 Iúil den cheathrú bliain tar éis na bliana airgeadais lena mbaineann, mura rud é go mbainfidh na ceartuithe sin le pointí ar thug an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann fógra ina leith roimhe sin.

(*4)  Cinneadh (AE, Euratom) 2021/768 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 (IO L 165, lch. 1).”;"

(10)

roimh Airteagal 10, scriostar na focail “Teideal V Forálacha a bhaineann le rialú”;

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10 go 13:

“Airteagal 10

1.   Faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon réitigh agus aon mhodhnuithe gaolmhara a bhfuil sé beartaithe aige iad a ghlacadh chun na méideanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 3(2) a chinneadh. Léireofar sa réiteach arna bheartú, i gcás inarb infheidhme, cineál na sonraí a mheasfaidh an Ballstát a bheith iomchuí, agus áireofar ann meastachán ar luach an bhoinn CBL acmhainn-bhunaithe do gach mír.

Faoin 31 Bealtaine sa bhliain chéanna, seolfaidh an Coimisiún chuig na Ballstáit eile an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a fuair sé ó Bhallstát.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a mhéid a bhaineann leis na réitigh agus na modhnuithe gaolmhara arna mbeartú ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 13(2), laistigh de 60 lá tar éis don choiste dá dtagraítear in Airteagal 13(1) a thuairim a thabhairt.

Airteagal 11

1.   Tar éis na gcigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2021/768., déanfar an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán seo a cheartú faoi mar a shonraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo.

2.   Maidir leis an meánráta ualaithe ilbhliantúil críochnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 4, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na ceartuithe dá dtagraítear in Airteagal 9 arna gcur isteach ag Ballstáit chun aon fhógraí a bhaineann le pointí atá fós gan réiteach maidir leis an meánráta ualaithe a réiteach.

Airteagal 12

1.   Gach bliain, cuirfidh gach Ballstát faisnéis ar fáil don Choimisiún maidir leis na hathruithe ábhartha uile ar na próisis agus na nósanna imeachta riaracháin a chuireann sé i bhfeidhm chun CBL a bhailiú i gcomparáid leis an méid a chuir siad in iúl roimhe sin.

2.   Breithneoidh an Coimisiún, i gcomhar leis an mBallstát lena mbaineann, an féidir feabhas a chur ar na próisis agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1.

3.   Gach cúig bliana cuirfidh an Coimisiún ar fáil tuarascáil maidir leis na bearta agus an dul chun cinn arna ndéanamh ag Ballstáit i dtaca le CBL a bhailiú, agus maidir le haon fheabhsuithe.

Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle den chéad uair faoin 31 Nollaig 2025.

Airteagal 13

1.   Tabharfaidh an Coiste Comhairleach maidir le hAcmhainní Dílse (CCAD/CBL) arna bhunú le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2021/768. cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”;"

(12)

i ndiaidh Airteagal 13, cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 13a

1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fheidhmiú chóras acmhainní dílse CBL-bhunaithe ar fáil faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí. Leagfar amach sa tuarascáil an méid seo a leanas:

(a)

líon na mBallstát a chuireann meánráta ualaithe i bhfeidhm fós faoi réir aon fhógraí a bhaineann le pointí atá fós gan réiteach;

(b)

aon athruithe ar rátaí náisiúnta CBL.

2.   Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, measúnófar cibé acu atá nó nach bhfuil an córas acmhainní dílse CBL-bhunaithe, go háirithe, an meánráta ualaithe ilbhliantúil, éifeachtach agus leordhóthanach. Más iomchuí, beidh togra maidir leis an Rialachán seo a mhodhnú ag gabháil leis an tuarascáil d’fhonn an meánráta ualaithe ilbhliantúil cinntitheach a chinneadh ar bhonn na sonraí is déanaí.”;

(13)

roimh Airteagal 14, scriostar na focail “Teideal VI Forálacha críochnaitheacha”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an dáta a thiocfaidh Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 i bhfeidhm.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 1, áfach, maidir le táirgeadh ná ceartú ráiteas ar bhonn na hacmhainne dílse CBL-bhunaithe do bhlianta airgeadais roimh 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Tuairim an 25 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 8 Nollaig 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 maidir le socruithe aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú (IO L 155, 7.6.1989, lch. 9).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún. (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


11.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/15


RIALACHÁN (AE, Euratom) 2021/770 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Aibreán 2021

maidir le ríomh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi, maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun an acmhainn dhílis sin a chur ar fáil, maidir le bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh, agus maidir le gnéithe áirithe den acmhainn dhílis bunaithe ar ollioncam náisiúnta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322(2) de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (2),

De bharr an mhéid seo a leanas

(1)

Ní mór an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(c) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (3) (an “acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte”) a bheith ar fáil ag an Aontas ar na coinníollacha is fearr is féidir agus, dá réir sin, ba cheart rialacha a leagan síos do na Ballstáit chun an acmhainn dhílis sin a sholáthar don Choimisiún.

(2)

I Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle (4) leagtar síos rialacha maidir le hacmhainní dílse an Aontais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) d’Airteagal 2 de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle, agus maidir le socruithe riaracháin is coiteann d’acmhainní dílse eile a chur ar fáil agus ar féidir iad a chur i bhfeidhm mutatis mutandis, i gcás inarb iomchuí, in éagmais aon rialachán amháin lena rialaítear acmhainní dílse uile an Aontais a chur ar fáil.

(3)

Maidir leis na doiciméid agus an fhaisnéis atá riachtanach chun go mbeidh an Coimisiún in ann an chumhacht a tugadh dó a mhéid a bhaineann le hacmhainní dílse an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit iad a chur ar fáil don Choimisiún. Ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, ráitis thréimhsiúla a bhaineann leis na hacmhainní dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteacha neamh-athchúrsáilte a chur chuig an gCoimisiún.

(4)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, gach tráth, na doiciméid a thugann bunús le méid na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a ríomhadh a sholáthar don Choimisiún.

(5)

Ba cheart cinneadh an ghlaoráta aonfhoirmigh is infheidhme maidir leis an acmhainn dhílis bunaithe ar an ollioncam náisiúnta (OIN) dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 2 de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a dhéanamh (an “acmhainn dhílis bunaithe ar OIN”) tar éis ioncam ó na hacmhainní dílse uile eile dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a), (b) agus (c) den Chinneadh sin agus ó ranníocaíochtaí airgeadais chuig cláir fhorlíontacha taighde agus forbartha teicneolaíche agus ioncam eile a bheith curtha leis.

(6)

Ba cheart na holl-laghduithe arna ndeonú don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ostair, don Ísiltír agus don tSualainn dá dtagraítear in Airteagal 2(4) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a chur san áireamh chun an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 6(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 a iontráil sna cuntais agus chun an acmhainn dhílis sin a chur ar fáil de bhun Airteagal 10a den Rialachán sin.

(7)

Chun a áirithiú go maoineofar buiséad an Aontais i ngach cás, ba cheart nós imeachta a leagan síos, maidir leis na hacmhainní dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, chun go gcuirfidh na Ballstáit ar fáil don Aontas, i bhfoirm dóú codanna déag míosúla, na hacmhainní dílse a iontráiltear sa bhuiséad agus ina dhiaidh sin chun na méideanna a chuirtear ar fáil a choigeartú.

(8)

Ba cheart an mhodheolaíocht ríofa don acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a shainiú go soiléir i gcomhcheangal leis na glaorátaí is infheidhme arna mbunú in Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

(9)

Ní mór an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a chur ar fáil i bhfoirm iontrála ar na méideanna dlite sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014, a osclaíodh chun na críche sin in ainm an Choimisiúin leis an Státchiste nó leis an gcomhlacht arna cheapadh ag gach Ballstát.

(10)

Ar mhaithe le simpliú, ba cheart sruthlíniú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le coigeartú na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte leis na forálacha coigeartaithe le haghaidh acmhainní dílse atá ann cheana. Ba cheart méid foriomlán na gcoigeartuithe a athdháileadh láithreach i measc na mBallstát.

(11)

Ba cheart don Choimisiún dóthain acmhainní airgid thirim a bheith aige chun na ceanglais rialála maidir le híocaíochtaí arna ndíriú i míonna tosaigh na bliana a chomhlíonadh, sa mhéid go bhfuil bonn cirt leis de bharr riachtanais airgid thirim.

(12)

Chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach, ba cheart a áirithiú leis an nós imeachta chun ús a ríomh go háirithe go gcuirfear an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte ar fáil go tráthúil agus go hiomlán. Ba cheart do na Ballstáit ús a íoc i gcás moilleanna ar an acmhainní dhílis sin a iontráil sna cuntais. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, ba cheart cúram a dhéanamh de chun a áirithiú nár cheart gur mhó costas aisghabhála úis atá dlite ar an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a cuireadh ar fáil go déanach ná suim an úis iníoctha.

(13)

Ba cheart foráil a dhéanamh do nós imeachta athbhreithniúcháin tapa iontaofa d’fhonn díospóidí féideartha idir Ballstát agus an Coimisiún a bhaineann le méid aon choigeartuithe ar na ráitis a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte i dtaobh cé acu ar féidir mainneachtain líomhnaithe a chur i leith Ballstáit, agus ar an gcaoi sin imeachtaí sáruithe fadálacha agus costasacha os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a sheachaint.

(14)

Chun cur i bhfeidhm cuí na rialacha airgeadais a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a éascú, is gá dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún a áirithiú.

(15)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann le foirmeacha a bhunú do ráitis a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíol ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte agus a mhéid a bhaineann le nós imeachta don athbhreithniú chun díospóidí féideartha idir Ballstát agus an Coimisiún a réiteach a shonrú a thuilleadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(16)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun foirmeacha a bhunú do na ráitis a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíol ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte i bhfianaise chineál teicniúil na ngníomhartha sin.

(17)

Chun tabhairt isteach na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a éascú, ba cheart do na Ballstáit réamhaisnéisí a sholáthar roimh an lá deireanach den dara mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart na réamhaisnéisí sin a bheith bunaithe ar an meastachán is fearr ar mhéid na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht athbhreithnithe a leagtar amach i dTreoir (AE) 94/62/CE (6) arna leasú le Treoir (AE) 2018/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Cinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún (8) arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/665 ón gCoimisiún (9) (“an mhodheolaíocht athbhreithnithe”). Chun an t-aistriú chuig an modheolaíocht athbhreithnithe a éascú, ba cheart, áfach, go mbeadh na Ballstáit in ann réamhaisnéisí a sholáthar do na blianta 2021 agus 2022 ar bhonn na modheolaíochta roimhe sin.

(18)

Ar chúiseanna comhsheasmhachta, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar an dáta céanna le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 agus ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna, eadhon ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le hacmhainn dhílis a ríomh bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 (an “acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte”), maidir léi an acmhainn dhílis sin a chur ar fáil don Choimisiún, maidir le bearta chun riachtanais airgid thirim a chomhlíonadh agus maidir le héifeachtaí speisialta ar ríomh an ghlaoráta aonfhoirmigh is infheidhme maidir leis an acmhainn dhílis bunaithe ar ollioncam náisiúnta (OIN) dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 2(1) den Chinneadh sin (an “acmhainn dhílis bunaithe ar OIN”).

Airteagal 2

Doiciméid tacaíochta a chaomhnú

1.   Coimeádfaidh na Ballstáit na doiciméid tacaíochta a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte go dtí an 31 Iúil den chúigiú bliain tar éis na bliana airgeadais atá i gceist.

2.   Má léirítear le fíorú a bhaineann leis na doiciméid tacaíochta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, de bhun Airteagal 2(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 (10) ón gComhairle, go bhfuil gá le ceartú nó coigeartú, coinneofar na doiciméid sin thar an teorainn ama dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo ar feadh tréimhse leordhóthanach ionas go bhféadfar an ceartú nó an coigeartú a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh air.

3.   I gcás ina socrófar díospóid idir Ballstát agus an Coimisiún maidir leis an oibleagáid méid áirithe den acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte nó maidir le líomhaintí lena mbaineann cigireachtaí nó mainneachtainí sonraí a chur ar fáil, trí chomhaontú frithpháirteach le cinneadh ón gCoimisiún nó trí chinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Ballstát na doiciméid tacaíochta is gá don bheart leantach airgeadais a tharchur chuig an gCoimisiún laistigh de 2 mhí tar éis na socraíochta sin.

Airteagal 3

Comhar riaracháin

1.   Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

ainmneacha na ranna nó na ngníomhaireachtaí atá freagrach as acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a ríomh, a bhunú, a bhailiú, a chur ar fáil agus a rialú, agus na forálacha bunúsacha a bhaineann le ról agus le hoibriú na ranna agus na ngníomhaireachtaí sin;

(b)

na forálacha ginearálta a leagtar síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin agus na forálacha sin a bhaineann leis an nós imeachta cuntasaíochta maidir leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a ríomh nó a bhunú, a bhailiú, a chur ar fáil agus a rialú ag an gCoimisiún;

(c)

teideal beacht na dtaifead riaracháin agus cuntasaíochta uile ina ndéantar an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a iontráil, go háirithe na taifid sin arna n-úsáid chun na cuntais dá bhforáiltear in Airteagal 5 a tharraingt suas.

Cuirfear an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon athrú ar na hainmneacha dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír nó ar fhorálacha dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír.

2.   Arna iarraidh sin do Bhallstát, tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 chuig gach Ballstát.

Airteagal 4

Éifeachtaí sonracha ar an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN

1.   Chun an ráta aonfhoirmeach faoi mar a thagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 a shocrú, cuirfear an t-ioncam dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.  leis an ioncam dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) agus (b) den Chinneadh sin chun an chuid den bhuiséad a bheidh cumhdaithe ag an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN a ríomh.

2.   Beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagail 6(3) agus 10a de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 maidir leis na holl-laghduithe arna ndeonú don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ostair, don Ísiltír agus don tSualainn faoi Airteagal 2(4) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.

CAIBIDIL II

CUNTAIS LE HAGHAIDH ACMHAINNÍ DÍLSE BUNAITHE AR DHRAMHAÍL Ó PHACÁISTÍOCHT PHLAISTEACH NEAMH-ATHCHÚRSÁILTE

Airteagal 5

Iontráil sna cuntais agus tuairisciú

1.   Coinneoidh státchiste gach Ballstáit nó eintitis phoiblí a fheidhmíonn feidhmeanna comhchosúla (“státchiste”) cuntais le haghaidh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, nó coinneoidh banc ceannais náisiúnta gach Ballstáit na cuntais sin..

2.   Chun críoch cuntasaíochta acmhainní dílse, ní chríochnóidh an mhí níos luaithe ná 13.00 ar an lá oibre deireanach den mhí ina ndearnadh an ríomh nó an bunú.

3.   Déanfar na dóú codanna déag den acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a iontráil sna cuntais ar an gcéad lá oibre de gach mí.

Déanfar toradh an ríofa dá dtagraítear in Airteagal 9 a thaifeadadh ar bhonn bliantúil.

4.   Faoin 15 Aibreán gach bliain, cuirfidh gach Ballstát réamhaisnéisí ar mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi le haghaidh na bliana reatha ná na bliana ina dhiaidh sin chuig an gCoimisiún.

5.   Faoin 31 Iúil gach bliain, cuirfidh gach Ballstát ráiteas bliantúil chuig an gCoimisiún, don bhliain roimh an mbliain reatha (“n-2”) ina soláthrófar na sonraí staidrimh maidir le meáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach a ghintear sa Bhallstát i gcileagraim agus maidir le meáchan na dramhaíola sin ó phacáistíocht phlaisteach a ndearnadh athchúrsáil uirthi i gcileagraim, agus ráiteas bliantúil don bhliain n-2 ina soláthrófar ríomh mhéid na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte i gcomhréir le hAirteagal 6.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar foirmeacha do na ráitis a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

CAIBIDIL III

RÍOMH NA HACMHAINNE DÍLSE BUNAITHE AR DHRAMHAÍL Ó PHACÁISTÍOCHT PHLAISTEACH NEAMH-ATHCHÚRSÁILTE

Airteagal 6

Ríomh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte

1.   Déanfar an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a ríomh faoi mar a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 2(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053. Déanfar meáchan dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 6a de Threoir 94/62/CE agus leis an modheolaíocht a leagtar amach i gCinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún agus go háirithe Airteagal 6c de.

2.   I gcás gach Ballstáit, déanfar méid na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a ríomh in euro.

3.   Déanfar méid na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte ar feadh bliain áirithe a chinneadh bunaithe ar an réamhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(4).

CAIBIDIL IV

ACMHAINN DÍLIS BUNAITHE AR DHRAMHAÍL Ó PHACÁISTÍOCHT PHLAISTEACH A CHUR AR FÁIL

Airteagal 7

Státchiste agus socruithe cuntasaíochta

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 9 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 maidir leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte.

Airteagal 8

Cur ar fáil na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte

1.   Déanfar na méideanna a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 6 do gach bliain féilire a chur de shochar ar an gcéad lá oibre de gach mí. Is éard a bheidh sna méideanna sin aon dóú cuid déag de na hiomláin ábhartha sa bhuiséad, arna gcomhshó go hairgeadraí náisiúnta ag rátaí malairte an lae deiridh meastacháin den bhliain féilire roimh an mbliain bhuiséid, mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C.

2.   Déanfar na méideanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a iontráil sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ar an gcéad lá oibre den mhí.

3.   Maidir le haon athrú ar ghlaoráta aonfhoirmeach na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, ceanglófar buiséad leasaitheach a ghlacadh go críochnaitheach ina leith agus tiocfaidh athruithe as sin ar na dóú codanna déag arna n-iontráil sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ó thús na bliana airgeadais.

Déanfar na hathchoigeartuithe sin nuair a dhéanfar an chéad iontráil tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid leasaithigh, má ghlactar é roimh an 16ú lá den mhí. Nó déanfar iad nuair a dhéanfar an dara hiontráil tar éis an ghlactha chríochnaithigh. De mhaolú ar Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), iontrálfar na hathchoigeartuithe sin sna cuntais i ndáil leis an mbliain airgeadais den bhuiséad leasaitheach atá i gceist.

4.   Beidh ríomh na ndóú codanna déag do mhí Eanáir i ngach bliain airgeadais bunaithe ar na méideanna dá bhforáiltear sa dréachtbhuiséad dá dtagraítear in Airteagal 314(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus arna gcomhshó in airgeadraí náisiúnta de réir rátaí malairte an chéad lá luachana tar éis an 15 Nollaig den bhliain féilire roimh an mbliain bhuiséid; déanfar an coigeartú leis an iontráil don chéad mhí eile.

5.   Mura nglacfar an buiséad go críochnaitheach coicís ar a dhéanaí roimh an iontráil do mhí Eanáir na bliana airgeadais ina dhiaidh sin, iontrálfaidh na Ballstáit ar an gcéad lá oibre de gach mí, lena n-áirítear mí Eanáir, an dóú cuid déag de mhéid na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte agus a iontráiltear sa bhuiséad deireanach a glacadh go críochnaitheach; déanfar an coigeartú sin ar an gcéad dáta dlite tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid leasaithigh, má ghlactar é roimh an 16ú lá den mhí. Mura ndéanfar amhlaidh, déanfar an coigeartú ar an dara dáta dlite tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid.

Airteagal 9

Coigeartuithe ar an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte ó bhlianta airgeadais roimhe seo

1.   Ar bhonn an ráitis bhliantúil ina dtugtar ríomh na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, dá dtagraítear in Airteagal 5(5), déanfaidh gach Ballstát, sa bhliain i ndiaidh na bliana inar cuireadh an ráiteas sin, a chur de dhochar nó a chur de shochar méid arna ríomh mar an difríocht idir na méideanna sa réamhaisnéis do bhliain áirithe agus na fíormhéideanna sa ráiteas don bhliain chéanna sin.

2.   I gcás gach Ballstáit, ríomhfaidh an Coimisiún an difríocht idir na méideanna a eascraíonn as na coigeartuithe dá dtagraítear i mír 1 agus an toradh ar mhéideanna iomlána na gcoigeartuithe a iolrú faoin gcéatadán arb ionann ollioncam náisiúnta an Bhallstáit sin agus ollioncam náisiúnta na mBallstát uile, de réir mar is infheidhme an 15 Eanáir maidir leis an mbuiséad atá i bhfeidhm don bhliain tar éis na bliana inar soláthraíodh na sonraí le haghaidh na gcoigeartuithe (an “glanmhéid”).

Chun críocha an ríomha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar méideanna a chomhshó idir an t-airgeadra náisiúnta agus an euro ag rátaí malairte an lae deiridh meastacháin den bhliain féilire roimh bhliain na hiontrála sna cuntais, de réir mar a fhoilsítear é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na méideanna a eascraíonn as an ríomh dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo roimh an 1 Feabhra den bhliain i ndiaidh na bliana inar soláthraíodh na sonraí le haghaidh na gcoigeartuithe. Déanfaidh gach Ballstát an glanmhéid a iontráil sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ar an gcéad lá oibre de mhí an Mheithimh den bhliain chéanna sin.

3.   Maidir le haon choigeartuithe ar na ráitis dá dtagraítear in Airteagal 5(5) den Rialachán seo do na blianta airgeadais roimhe sin ar toradh iad ar imscrúduithe, déanfar coigeartú ar leith ar na hiontrálacha sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014, mar thoradh orthu. Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann ar an eolas i litir faoin gcoigeartú is gá. Cuirfear an méid a chomhfhreagraíonn don choigeartú sin ar fáil ar an dáta arna shonrú ag an gCoimisiún sa litir sin.

4.   Laistigh de 2 mhí ón lá a gheofar an litir a luaitear i mír 3, féadfaidh an Ballstát a iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcoigeartú a cuireadh in iúl i gcomhréir le mír 3. Tabharfar an t-athbhreithniú sin i gcrích trí bhíthin cinneadh arna dhéanamh ag an gCoimisiún, cinneadh a ghlacfaidh sé 3 mhí ar a dhéanaí tar éis an lá a gheofar iarraidh an Bhallstáit.

I gcás ina n-athbhreithneofar leis an gcinneadh ón gCoimisiún, go hiomlán nó go páirteach, na méideanna a chomhfhreagraíonn don choigeartú, cuirfidh an Ballstát an méid comhfhreagrach ar fáil. Ní dhéanfar difear, ní le hiarraidh arna déanamh ag Ballstáit go n-athbhreithneofaí an coigeartú ná le caingean chun an cinneadh a rinne an Coimisiún a neamhniú, don oibleagáid a bheidh ar an mBallstát an méid a chomhfhreagraíonn don choigeartú a chur ar fáil.

5.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear a thuilleadh an nós imeachta don athbhreithniú dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

6.   Tar éis an 31 Iúil den chúigiú bliain tar éis bliain airgeadais ar leith, ní chuirfear athruithe san áireamh a thuilleadh, seachas ar phointí arna gcur in iúl laistigh den teorainn ama sin ag an gCoimisiún nó ag an mBallstát.

7.   Is oibríochtaí ioncaim iad na hoibríochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo i ndáil leis an mbliain airgeadais ina bhfuil siad le hiontráil sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

Airteagal 10

Na dóú codanna déag a thabhairt ar aghaidh

1.   Ó thaobh na riachtanas sonrach a bhaineann le caiteachas an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) a íoc, agus ag brath ar sheasamh airgid an Aontais, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit iontráil aon dóú cuid déag de na méideanna sa bhuiséad don acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-iathchúrsáilte, nó codán den dóú cuid déag sin, a thabhairt ar aghaidh le suas le 2 mhí sa chéad ráithe den bhliain airgeadais.

2.   Faoi réir mhír 3, ó thaobh na riachtanas sonrach a bhaineann le caiteachas Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a íoc, agus ag brath ar sheasamh airgid an Aontais, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit iontráil suas le leath breise d’aon dóú cuid déag de na méideanna sa bhuiséad don acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a thabhairt ar aghaidh sa chéad 6 mhí den bhliain airgeadais.

3.   Ní bheidh an tsuim iomlán a fhéadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit a thabhairt ar aghaidh sa mhí chéanna faoi mhír 1 agus mír 2 níos mó, i gcás ar bith, ná méid a chomhfhreagraíonn do dhá dóú chuid déag breise.

4.   Tar éis na chéad 6 mhí, ní rachaidh an iontráil mhíosúil a iarrtar thar aon dóú cuid déag den acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, agus í fós laistigh de theorainn na méideanna arna n-iontráil sa bhuiséad chun na críche sin.

5.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi sin roimh ré, tráth nach déanaí ná coicís roimh iontráil a iarrtar de bhun mhír 1 agus mír 2.

6.   Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na Ballstáit i bhfad roimh ré, agus tráth nach déanaí ná 6 seachtaine roimh iontráil a iarrtar de bhun na dara fomhíre, go bhfuil sé ar intinn aige iontráil den sórt sin a iarraidh.

7.   Beidh feidhm Airteagal 8(4), maidir leis an méid atá le hiontráil i mí Eanáir gach bliain, agus ag Airteagal 8(5) mura mbeidh glactha go críochnaitheach leis an mbuiséad roimh thús na bliana airgeadais, maidir leis na hiontrálacha roimh ré dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

Airteagal 11

Ús ar shuimeanna a chuirtear ar fáil go déanach

1.   I gcás na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, ní íocfar ús ach i ndáil le moilleanna ar na méideanna seo a leanas a iontráil:

(a)

na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 8;

(b)

na méideanna a eascraíonn as an ríomh dá dtagraítear in Airteagal 9(1), ag an nóiméad a shonraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 9(2);

(c)

na méideanna a eascraíonn as coigeartuithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(3);

(d)

na méideanna a eascraíonn as mainneachtain is inchurtha i leith Ballstáit sonraí a sholáthar faoi mar a iarradh sa Rialachán sin.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, déanfar an t-ús ar na coigeartuithe a eascraíonn as na ceartúcháin a rinneadh de bharr mainneachtain Ballstáit sonraí a sholáthar a ríomh amhail ón gcéad lá oibre de mhí an Mheithimh den bhliain tar éis na bliana sin ina ndeachaigh an teorainn ama arna leagan síos ag an gCoimisiún in éag.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, scaoilfear Ballstát ón oibleagáid ús a íoc i gcás mainneachtain dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír, má tá an mhainneachtain bunaithe ar chúiseanna force majeure nó ar chúiseanna eile nach féidir a shannadh don Bhallstát lena mbaineann.

Réiteofar díospóidí idir Ballstát agus an Coimisiún i dtaobh cé acu an bhfuil an mhainneachtain líomhnaithe dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo inchurtha i leith Ballstáit tríd an athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 9(4).

2.   I gcás ina dtionscnaíonn Ballstát an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 9(4), ríomhfar an t-ús ón dáta arna shonrú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9(3).

3.   Déanfar aisghabháil méideanna úis faoi bhun EUR 500 a tharscaoileadh.

4.   Déanfar ús a thobhach de réir na rátaí agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 12(4) agus (5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

5.   Maidir le híocaíocht an úis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 9(2) agus (3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014.

CAIBIDIL V

ACMHAINNÍ AIRGID THIRIM A BHAINISTIÚ

Airteagal 12

Ceanglais maidir le hacmhainní airgid thirim a bhainistiú agus orduithe íocaíochta a dhéanamh

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 14 agus 15 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 maidir leis an acmhainn dhílis bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Grúpa saineolaithe

Bunóidh an Coimisiún sainghrúpa foirmiúil a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit uile air agus a bheidh faoi chathaoirleacht ionadaí ón gCoimisiún. Is iad na cúraimí a bheidh ar an sainghrúpa foirmiúil ná comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le hinchomparáideacht, iontaofacht agus uileghabhálacht an staidrimh maidir le dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach a ghintear agus a athchúrsáiltear agus a thuairimí i dtaca leis an méid sin a chur in iúl, comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le bearta a ullmhú chun go mbeidh na sonraí níos inchomparáide agus níos iontaofa agus chun tuairimí bliantúla a eisiúint i ndáil le hoiriúnacht na sonraí maidir le dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach arna gcur isteach ag na Ballstáit chun críocha na hacmhainne dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte. Déanfar an sainghrúpa foirmiúil a chlárú i gclár grúpaí saineolaithe an Choimisiúin, agus déanfar trédhearcacht a chomhdhéanaimh agus a chuid oibre a áirithiú.

Airteagal 14

Nós imeachta coiste

1.   Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Threoir 94/62/CE. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 15

Forálacha idirthréimhseacha

Chun an ríomh dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo a dhéanamh, déanfaidh gach Ballstát, faoin lá deireanach den dara mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, réamhaisnéisí ar mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi a sholáthar don Choimisiún ó 2021 amach agus suas go dtí an bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sna blianta 2021 agus 2022, féadfaidh na Ballstáit a réamhaisnéisí ar mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi arna ríomh i gcomhréir le Treoir 94/62/CE arna leasú le Treoir (AE) 2015/720 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus leis an modheolaíocht a leagtar amach i gCinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/896 ón gCoimisiún (15), agus go háirithe Airteagal 5 de, a sholáthar.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm an dáta a thiocfaidh Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 i bhfeidhm.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Tuairim an 25 Márta 2021 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Tuairim an 9 Deireadh Fómhair 2018 (IO C 431, 29.11.2018, lch. 1).

(3)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta, agus acmhainní bunaithe ar CBL agus ar an ollioncam náisiúnta a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 39).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Treoir (AE) 2018/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistíocht agus le dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10).

(7)  Treoir (AE) 2018/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 94/62/CE maidir le pacáistíocht agus le dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 150, 14.6.2018, lch. 141).

(8)  Cinneadh 2005/270/CE ón gComhairle an 22 Márta 2005 lena mbunaítear na formáidí a bhaineann leis an gcóras bunachair sonraí de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 86, 5.4.2005, lch. 6).

(9)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/665 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Cinneadh 2005/270/CE lena mbunaítear na formáidí a bhaineann leis an gcóras bunachair sonraí de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 112, 26.4.2019, lch. 26).

(10)  Rialachán (AE, Euratom) 2021/768 an 30 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta chur chun feidhme maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE Euratom (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(11)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(14)  Treoir (AE) 2015/720/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 lena leasaítear Treoir 94/62/CE a mhéid a bhaineann le húsáid málaí siopadóireachta éadroma plaisteacha a laghdú (IO L 115, 6.5.2015, lch. 11),

(15)  Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2018/896 an 19 Meitheamh 2018 ón gCoimisiún lena leagtar síos an mhodheolaíocht chun tomhailt bhliantúil málaí siopadóireachta éadroma plaisteacha a ríomh agus lena leasaítear Treoir 2005/270/CE (IO L 160, 25.6.2018, lch. 6).


11.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/25


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/771 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Eanáir 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chritéir shonracha agus coinníollacha sonracha a leagan síos i ndáil le seiceálacha ar chuntais dhoiciméadacha faoi chuimsiú rialuithe oifigiúla an táirgthe orgánaigh agus rialuithe oifigiúla a dhéantar ar ghrúpaí oibreoirí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 38(8)(a)(i) agus (ii) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun sláine an táirgthe orgánaigh a áirithiú, is gá critéir shonracha agus coinníollacha sonracha a leagan síos i ndáil le rialuithe oifigiúla a dhéanamh chun inrianaitheacht a áirithiú ag gach céim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileachán, agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848, go háirithe maidir leis an gcigireacht fhisiciúil ar an láthair a dhéantar ar na hoibreoirí orgánacha nó ar na grúpaí oibreoirí dá dtagraítear in Airteagal 38(3) den Rialachán sin. Chun go mbeidh an chigireacht fhisiciúil ar an láthair éifeachtach, ba cheart, ar a laghad, seiceáil inrianaitheachta agus seiceáil maischothromaíochta a áireamh sa chigireacht fhisiciúil sin trí bhíthin seiceálacha ar chuntais dhoiciméadacha. Is é is aidhm don tseiceáil inrianaitheachta a dheimhniú an táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú iad na táirgí a fuair nó a sheol an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí. Is é is cuspóir don tseiceáil maischothromaíochta an chothromaíocht idir ionchur agus aschur an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí a chinneadh agus, go háirithe, sochreidteacht mhéideanna na dtáirgí orgánacha nó na dtáirgí atá á dtiontú a chinneadh. Ba cheart na heilimintí atá le cumhdach leis an tseiceáil inrianaitheachta agus leis an tseiceáil maischothromaíochta a leagan síos.

(2)

Chun críche rialuithe oifigiúla, is éard atá i gcoincheap an ghrúpa oibreoirí mar a leagtar síos in Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) 2018/848 catagóir shonrach oibreoirí ar feirmeoirí nó oibreoirí iad a tháirgeann algaí nó ainmhithe dobharshaothraithe agus a d’fhéadfadh a bheith i mbun bia nó beatha a phróiseáil, a ullmhú nó a chur ar an margadh. Ní mór do gach grúpa oibreoirí córas um rialuithe inmheánacha (CRI) a chur ar bun ina mbeidh tacar doiciméadaithe gníomhaíochtaí rialaithe. Ba cheart an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bheith cáilithe go hiomchuí chun measúnú a dhéanamh ar CRI agus athchigireachtaí a dhéanamh ar shampla rioscabhunaithe de bhaill an ghrúpa oibreoirí chun teacht ar chonclúid maidir le comhlíontacht fhoriomlán an ghrúpa. Dá bhrí sin, is gá ceanglais a leagan síos maidir le hinniúlacht an údaráis inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, inniúlacht an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe, chun measúnú a dhéanamh ar bhallraíocht shonrach na n-oibreoirí laistigh de ghrúpa agus chun measúnú a dhéanamh ar CRI, ceanglais maidir le creat comhchuibhithe le haghaidh measúnú a dhéanamh ar CRI agus maidir le sampla na mball a roghnú i ndáil leis na hathchigireachtaí.

(3)

Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Seiceálacha ar chuntais dhoiciméadacha

1.   Áireofar sa chigireacht fhisiciúil ar an láthair de bhun Airteagal 38(3) de Rialachán (AE) 2018/848 seiceáil inrianaitheachta agus seiceáil maischothromaíochta ar an oibreoir nó ar an ngrúpa oibreoirí a dhéanfar trí bhíthin seiceálacha ar chuntais dhoiciméadacha.

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil, nó i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an tseiceáil inrianaitheachta agus an tseiceáil maischothromaíochta de réir an teimpléid chaighdeánaigh arna dhoiciméadú sa taifead i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 38(6) de Rialachán (AE) 2018/848.

3.   Chun críoch na seiceála inrianaitheachta agus na seiceála maischothromaíochta, déanfar na táirgí, na grúpaí táirgí agus an tréimhse fíorúcháin a roghnú ar bhonn riosca.

4.   Cumhdófar leis an tseiceáil inrianaitheachta ar a laghad na heilimintí seo a leanas a bhfuil údar maith leo i ngeall ar dhoiciméid iomchuí, lena n-áirítear taifid stoic agus airgeadais:

(a)

ainm agus seoladh an tsoláthróra agus, i gcás nach ionann iad, ainm agus seoladh úinéir, dhíoltóir nó onnmhaireoir na dtáirgí;

(b)

ainm agus seoladh an choinsíní agus, i gcás nach ionann iad, ainm agus seoladh cheannaitheoir nó allmhaireoir na dtáirgí;

(c)

deimhniú an tsoláthróra i gcomhréir le hAirteagal 35(6) de Rialachán (AE) 2018/848;

(d)

an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír de phointe 2.1. d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848;

(e)

an comhartha sainaitheantais baisce iomchuí.

5.   I gcás inarb ábhartha, cumhdófar leis an tseiceáil maischothromaíochta na heilimintí seo a leanas ar a laghad a bhfuil údar maith leo i ngeall ar dhoiciméid iomchuí, lena n-áirítear taifid stoic agus airgeadais:

(a)

cineál agus cainníochtaí na dtáirgí a sheachadtar chuig an aonad agus, i gcás inarb ábhartha, cineál agus cainníochtaí na n-ábhar a ceannaíodh agus úsáid na n-ábhar sin, agus, i gcás inarb ábhartha, comhdhéanamh na dtáirgí;

(b)

cineál agus cainníochtaí na dtáirgí arna gcoinneáil i stóras ag an áitreabh;

(c)

cineál agus cainníochtaí na dtáirgí a d’fhág aonad an oibreora nó an ghrúpa oibreoirí chun a bheith curtha chuig áitreabh nó saoráidí stórála an choinsíní;

(d)

i gcás oibreoirí a cheannaíonn agus a dhíolann an táirge/na táirgí gan an táirge/na táirgí a láimhseáil go fisiciúil, cineál agus cainníochtaí na dtáirgí a ceannaíodh agus a díoladh, chomh maith leis na soláthraithe, agus i gcás nach ionann iad, na díoltóirí nó na honnmhaireoirí agus na ceannaitheoirí, agus i gcás nach ionann iad, na coinsínithe;

(e)

toradh na dtáirgí a fuarthas, a bailíodh nó a buaineadh le linn na bliana roimhe sin;

(f)

toradh iarbhír na dtáirgí a fuarthas, a bailíodh nó a buaineadh le linn na bliana reatha;

(g)

líon agus/nó meáchan i gcás beostoic a bhainistítear le linn na bliana reatha agus na bliana roimhe sin;

(h)

aon chaillteanas, aon mhéadú nó aon laghdú ar chainníocht na dtáirgí ag aon chéim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileachán;

(i)

táirgí orgánacha nó táirgí atá á dtiontú a dhíoltar ar an margadh mar tháirgí neamhorgánacha.

Airteagal 2

Rialuithe oifigiúla ar ghrúpaí oibreoirí

1.   Chun comhlíontacht grúpa oibreoirí a dheimhniú agus a fhíorú, sannfaidh an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe cigirí atá inniúil chun córais um rialuithe inmheánacha (CRI) a mheasúnú.

2.   Ar mhaithe le meastóireacht a dhéanamh ar chur ar bun, ar fheidhmiú agus ar choinneáil ar bun CRI atá ag grúpa oibreoirí, cinnfidh an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

comhlíonann nósanna imeachta doiciméadaithe CRI a cuireadh ar bun na ceanglais a bunaíodh i Rialachán (AE) 2018/848;

(b)

déantar an liosta de bhaill an ghrúpa a thabhairt cothrom le dáta i dtaca leis an bhfaisnéis is gá do gach ball agus go ndéantar é a ailíniú le raon feidhme an deimhnithe ar bhonn leanúnach;

(c)

comhlíonann baill uile an ghrúpa oibreoirí na critéir a leagtar amach in Airteagal 36(1)(a), (b) agus (e) de Rialachán (AE) 2018/848 le linn dóibh a bheith rannpháirteach sa ghrúpa oibreoirí;

(d)

beidh líon, oiliúint agus inniúlacht na gcigirí CRI comhréireach agus leordhóthanach agus beidh cigirí CRI gan coinbhleachtaí leasa;

(e)

rinneadh cigireachtaí inmheánacha ar bhaill uile an ghrúpa oibreoirí agus ar a ngníomhaíochtaí agus a n-aonaid táirgthe nó a n-áitreabh, lena n-áirítear ionaid cheannacháin agus bhailiúcháin, agus rinneadh na cigireachtaí sin uair sa bhliain ar a laghad agus rinneadh iad a dhoiciméadú;

(f)

níor glacadh le baill nua ná le haonaid táirgthe nua ná gníomhaíochtaí nua na mball atá ann cheana, lena n-áirítear ionaid nua cheannacháin agus bhailiúcháin ach amháin tar éis don bhainisteoir ar CRI iad a fhormheas ar bhonn na tuarascála cigireachta inmheánaí de réir nósanna imeachta doiciméadaithe CRI a cuireadh i bhfeidhm;

(g)

déanann an bainisteoir ar CRI na bearta iomchuí i gcás neamhchomhlíontachta, lena n-áirítear an obair leantach ina leith, de réir nósanna imeachta doiciméadaithe CRI a cuireadh ar bun;

(h)

fógraí an bhainisteora ar CRI chuig an údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, chuig an údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe, tá siad iomchuí agus leormhaith;

(i)

áirithítear inrianaitheacht inmheánach le haghaidh gach táirge agus gach baill den ghrúpa oibreoirí trí chainníochtaí a mheas agus trí chros-seiceáil a dhéanamh ar thorthaí gach baill den ghrúpa oibreoirí;

(j)

cuirtear oiliúint leormhaith ar bhaill an ghrúpa oibreoirí maidir le nósanna imeachta CRI agus maidir le ceanglais Rialachán (AE) 2018/848.

3.   Cuirfidh an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe measúnú riosca i bhfeidhm chun sampla de bhaill an ghrúpa oibreoirí a roghnú le haghaidh na n-athchigireachtaí i gcomhréir le hAirteagal 38(4)(d) de Rialachán (AE) 2018/848. Agus é sin á dhéanamh aige, cuirfidh sé san áireamh ar a laghad méid agus luach an táirgthe agus an measúnú ar an dóchúlacht nach gcomhlíonfar forálacha Rialachán (AE) 2018/848. Déanfar athchigireachtaí go fisiciúil ar an láthair agus beidh na baill a roghnófar i láthair.

4.   Déanfaidh an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe tréimhse réasúnach ama a leithdháileadh chun grúpa oibreoirí a rialú, i gcomhréir le cineál, struchtúr, méid, táirgí, gníomhaíochtaí agus aschur táirgthe orgánaigh an ghrúpa oibreoirí.

5.   Déanfaidh an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe iniúchtaí finné chun inniúlacht agus eolas cigirí CRI a fhíorú.

6.   Déanfaidh an t-údarás inniúil nó, i gcás inarb iomchuí, an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe measúnú le fáil amach cé acu atá nó nach bhfuil cliseadh CRI ann bunaithe ar líon na neamhchomhlíontachtaí nach mbraitheann na cigirí CRI agus bunaithe ar thoradh an imscrúdaithe maidir leis an gcúis atá leis na neamhchomhlíontachtaí agus cineál na neamhchomhlíontachtaí.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.


11.5.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 165/28


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/772 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 a mhéid a bhaineann leis na bearta sealadacha i ndáil le rialuithe ar tháirgeadh táirgí orgánacha, go háirithe an tréimhse ina gcuirfear i bhfeidhm iad

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (1), agus go háirithe Airteagal 28(6), an tríú fomhír d’Airteagal 30(2) agus Airteagal 38(c), (d) agus (e) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Dúshlán eisceachtúil do na Ballstáit agus d’oibreoirí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe is ea iad paindéim COVID-19 agus na srianta fairsinge ar an ngluaiseacht a cuireadh i bhfeidhm sna Ballstáit agus i dtríú tíortha i bhfoirm bearta náisiúnta i ndáil le rialuithe a dhéanamh mar a shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus i Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 (2) agus (CE) Uimh. 1235/2008 (3) ón gCoimisiún.

(2)

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na himthosca sonracha i ngeall ar an ngéarchéim leanúnach a bhaineann le paindéim COVID-19, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 ón gCoimisiún (4) ceadaítear do na Ballstáit bearta sealadacha a chur i bhfeidhm lena maolaítear ar Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 agus (CE) Uimh. 1235/2008 i ndáil leis an gcóras rialaithe maidir le táirgeadh táirgí orgánacha agus nósanna imeachta áirithe dá bhforáiltear sa Chóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES).

(3)

Chuir na Ballstáit in iúl don Choimisiún, i bhfianaise na géarchéime a bhaineann le paindéim COVID-19, go mbeidh bristeacha tromchúiseacha áirithe ann fós i bhfeidhmiú a gcóras rialaithe san earnáil orgánach tar éis an 1 Feabhra 2021.

(4)

Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún (6), ceadaítear do na Ballstáit bearta sealadacha a chur i bhfeidhm chun rioscaí tromchúiseacha sláinte d’fhoireann na n-údarás inniúil a sheachaint, i bhfianaise na ndeacrachtaí maidir leis na rialuithe agus na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh agus a mhéid is gá chun na bristeacha tromchúiseacha gaolmhara ar chórais rialaithe na mBallstát a bhainistiú. Cuireadh síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin sin go dtí an 1 Iúil 2021 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/83 ón gCoimisiún (7). Is iomchuí, dá bhrí sin, go leanfaidh na maoluithe dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 d’fheidhm a bheith acu ar feadh na tréimhse céanna dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466.

(5)

Leagtar síos in Airteagal 1(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 céatadán níos ísle ná pointe (c) den dara fomhír d’Airteagal 92c(2) de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 a mhéid a bhaineann leis na cigireachtaí agus na cuairteanna i gcomhréir le hAirteagal 65(1) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 atá le déanamh gan réamhfhógra. D’fhonn a áirithiú go bhféadfar na cigireachtaí agus na cuairteanna sin a dhéanamh i gcúinsí sábháilte, is iomchuí go mbeifear in ann foráil a dhéanamh d’fhógra 24 uair an chloig do na cigireachtaí agus na cuairteanna sin nár tugadh réamhfhógra ina leith.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 a leasú dá réir.

(7)

Is gá gan cur isteach ar chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977, a leathnaítear leis an Rialachán seo. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach an Rialacháin seo ón 1 Feabhra 2021 i ndáil leis an méid sin.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

i mír 6, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Féadfar fógra gearr de 24 uair an chloig ar a mhéad a thabhairt, áfach, roimh na cigireachtaí agus na cuairteanna sin chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag na cigirí ar áitreabh an oibreora agus in imthosca sábháilte.”;

(b)

i mír 7, cuirtear “1 Iúil 2021” in ionad an dáta “1 Feabhra 2021”.

(2)

leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

sa dara, sa tríú, agus sa chúigiú mír, cuirtear “1 Iúil 2021” in ionad an dáta “1 Feabhra 2021”;

(b)

sa cheathrú mír, cuirtear “1 Iúil 2021” in ionad an dáta “31 Nollaig 2020”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(1)(b) agus (2) ón 1 Feabhra 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha ó thríú tíortha (IO L 334, 12.12.2008, lch. 25).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2020 lena maolaítear ar Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 agus (CE) Uimh. 1235/2008 maidir le rialuithe ar tháirgeadh táirgí orgánacha de bharr phaindéim COVID-19 (IO L 217, 8.7.2020, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún an 30 Márta 2020 maidir le bearta sealadacha chun rioscaí do shláinte an duine, ainmhithe agus plandaí agus do leas ainmhithe a shrianadh le linn bristeacha tromchúiseacha i gcórais rialaithe na mBallstát de bharr ghalar an choróinvíris (COVID-19) (IO L 98, 31.3.2020, lch. 30).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/83 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha atá údaraithe go sonrach rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanamh agus le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach (IO L 29, 28.1.2021, lch. 23).