ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 162 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
64 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
10.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 162/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/756 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Márta 2021
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 maidir le hathruithe ar théarmaí na n-údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus do tháirgí íocshláinte tréidliachta, a scrúdú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (1), agus go háirithe Airteagal 23b de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (2), agus go háirithe Airteagal 16a(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is galar tógálach é galar coróinvíris (COVID-19) arb é coróinvíreas nua-aimsithe (SARS-CoV-2) is cúis leis. An 30 Eanáir 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í ráig COVID-19. An 11 Márta 2020, shainigh sí COVID-19 mar phaindéim. |
(2) |
De dheasca phaindéim COVID-19 cruthaíodh éigeandáil sláinte poiblí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, éigeandáil is cúis le bás na gcéadta míle duine ar fud an domhain, agus tionchar aici go háirithe ar dhaoine scothaosta agus orthu siúd a bhfuil fadhbanna sláinte orthu cheana féin. |
(3) |
Is galar aimpléiseach é COVID-19 a chuireann isteach ar phróisis fhiseolaíocha iomadúla. Meastar gur frithbheart éifeachtúil leighis iad vacsaíní COVID-19, le linn na paindéime leanúnaí, chun grúpaí atá an-leochaileach agus chun an daonra i gcoitinne a chosaint. |
(4) |
Bunaithe ar an measúnú eolaíoch a rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, tá roinnt vacsaíní COVID-19 údaraithe ag an gCoimisiún go dtí seo. |
(5) |
Is feiniméan nádúrtha iad sócháin víris SARS-CoV-2 agus féadfar a bheith ag súil go dtarlóidh siad. Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil níos lú éifeachta ag na vacsaíní údaraithe i gcoinne sóchán ach tá baol ann go bhféadfadh níos lú éifeachta a bheith acu. |
(6) |
Chun éifeachtacht leanúnach vacsaíní údaraithe COVID-19 a áirithiú, féadfar gur gá iad a mhodhnú ar bhealaí a bhaineann lena gcomhdhéanamh a athrú d’fhonn cosaint a thabhairt ar thréithchineálacha athraitheacha nua nó iomadúla i gcomhthéacs na paindéime nó i gcomhthéacs eile. Maidir le hathruithe den sórt sin, lena n-áirítear séiritíopa, tréithchineál nó antaigin nó meascán de shéiritíopaí, de thréithchineálacha nó d’antaigní a ionadú nó a chur léi, ba cheart iad a mheas mar athruithe ar an údarú margaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún (3). Tá roinnt vacsaíní bunaithe ar an teicneolaíocht aigéadach núicléasach lena ngintear freagairt imdhíonachta. Féadfar athruithe ar an seicheamh códúcháin a bheith san áireamh sna hathruithe ar na vacsaíní sin. |
(7) |
Ba cheart an cur chuige céanna a leanúint i dtaca le gach coróinvíreas daonna. |
(8) |
Ba cheart na forálacha maidir leis na hathruithe sin a chuíchóiriú, go háirithe le linn paindéime. De réir an chur chuige a ghlactar i leith vacsaíní in aghaidh an fhliú dhaonna, ba cheart feidhm a bheith ag na nósanna imeachta le gach vacsaín in aghaidh an choróinvíris dhaonna agus ba cheart cloí le hamchlár brostaithe. Mar sin féin, i gcás ina n-iarrfaidh na húdaráis inniúla sonraí breise le linn a measúnaithe, ní gá go gceanglófaí orthu cinneadh a dhéanamh go dtí go mbeidh measúnú na sonraí sin tugtha chun críche. |
(9) |
Le linn paindéime, féadfar é a bheith chun leasa na sláinte poiblí, na hathruithe a phróiseáil ar bhonn sonraí nach bhfuil chomh cuimsitheach céanna leis na sonraí a bhíonn ann de ghnáth. Mar sin féin, ba cheart an cur chuige sin a bheith faoi réir ceanglas go gcomhlíonfar na sonraí ina dhiaidh sin, d’fhonn a dheimhniú go mbeidh an chothromaíocht idir rioscaí agus tairbhí fós fabhrach. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21 “Airteagal 21 Staid na paindéime maidir leis an bhfliú daonna agus maidir leis an gcoróinvíreas daonna (1) De mhaolú ar Chaibidlí I, II, IIa agus III, i gcás ina n-aithneoidh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nó an tAontas go cuí go bhfuil staid na paindéime ann i ndáil leis an bhfliú daonna nó leis an gcoróinvíreas daonna, faoi chreat Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), féadfaidh na húdaráis ábhartha, nó i gcás údaruithe margaíochta láraithe, féadfaidh an Coimisiún, i gcás ina bhfuil sonraí cógaisíochta, neamhchliniciúla nó cliniciúla in easnamh, glacadh go heisceachtúil agus go sealadach le hathrú ar na téarmaí a bhaineann le húdarú margaíochta le haghaidh vacsaín fhliú dhaonna nó vacsaín choróinvíris dhaonna. (2) Féadfaidh an t-údarás ábhartha iarraidh ar an iarratasóir eolas breise a sholáthar chun a mheasúnú a chur i gcrích laistigh de theorainn ama a leagfaidh sé síos. (3) Ní fhéadfar athruithe a ghlacadh de bhun mhír 1 ach amháin má tá cothromaíocht fhabhrach idir na rioscaí agus na tairbhí a ghabhann leis an táirge íocshláinte. (4) I gcás ina nglactar le hathrú de bhun mhír 1, ní mór don sealbhóir na sonraí cógaisíochta, neamhchliniciúla agus cliniciúla atá in easnamh a thíolacadh laistigh de theorainn ama arna socrú ag an údarás ábhartha. (5) I gcás údaruithe margaíochta láraithe, déanfar na sonraí atá in easnamh agus an teorainn ama maidir le tíolacadh nó comhlíonadh, a shonrú sna coinníollacha don údarú margaíochta. I gcás inar deonaíodh an t-údarú margaíochta i gcomhréir le hAirteagal 14-a de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, féadfar é sin a dhéanamh mar chuid de na hoibleagáidí sonracha dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal sin. (*1) Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).”" |
(2) |
I bpointe (a) d’Airteagal 23(1a) cuirtear isteach an pointe (ix) seo a leanas:
|
(3) |
I bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
(4) |
I bpointe 2 d’Iarscríbhinn II, cuirtear an pointe (l) seo a leanas isteach:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.
(2) IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1234/2008 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2008 maidir le hathruithe ar théarmaí na n-údaruithe margaíochta do tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus táirgí íocshláinte tréidliachta a scrúdú (IO L 334, 12.12.2008, lch. 7).
10.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 162/4 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/757 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Bealtaine 2021
lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint “Ennstaler Steirerkas” (STFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), go háirithe Airteagal 52(2), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh iarratas a thíolaic an Ostair ar chlárú an ainm “Ennstaler Steirerkas” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ós rud é nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas freasúra don Choimisiún, ba cheart an t-ainm “Ennstaler Steirerkas” a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm “Ennstaler Steirerkas” (STFC) cláraithe anois.
An t-ainm a shonraítear sa chéad mhír, is táirge de chuid Aicme 1.3. “Cáiseanna” é faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 20, 19.1.2021, lch. 11.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).
10.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 162/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/758 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Bealtaine 2021
maidir le stádas táirgí áirithe mar bhreiseáin bheatha faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus maidir le breiseáin bheatha áirithe a tharraingt siar ón margadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin atá le húsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) agus Airteagal 10(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán le húsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. Go háirithe, in Airteagal 10(2), i gcomhar le hAirteagal 10(7) den Rialachán sin, tá foráil maidir le nósanna imeachta sonracha i leith athmheastóireacht ar bhreiseáin a formheasadh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle agus Threoir 82/471/CEE (2) ón gComhairle (3). |
(2) |
Le hAirteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, forchuirtear oibleagáid ar an gCoimisiún Rialachán a ghlacadh lena ndéantar breiseáin bheatha a tharraingt siar ón margadh, breiseáin bheatha nár cuireadh aon fhógra dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(a) den Rialachán sin ar fáil ina leith laistigh de thréimhse shonraithe. Tá feidhm ag an oibleagáid chéanna maidir le breiseáin bheatha nár cuireadh iarratais isteach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus (7) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 roimh an sprioc-am dá bhforáiltear sna forálacha sin, agus maidir le breiseáin bheatha ar cuireadh iarratas isteach ina leith ach a tarraingíodh siar ina dhiaidh sin. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart breiseáin bheatha den sórt sin a tharraingt siar ón margadh. Ós rud é nach ndéantar idirdhealú in Airteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 idir údaruithe a eisíodh le teorainn ama agus údaraithe a eisíodh gan teorainn ama, ar mhaithe le soiléireacht is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le breiseáin bheatha a tharraingt siar ón margadh, breiseáin bheatha a bhfuil na tréimhsí údaraithe teoranta a bhaineann leo imithe in éag cheana, is é sin tréimhsí údaraithe de bhun Threoir 70/524/CEE. |
(4) |
I gcás breiseán beatha ar cuireadh iarratais isteach ina leith le haghaidh speiceas áirithe ainmhithe nó catagóirí áirithe ainmhithe agus le haghaidh na speiceas nó na catagóirí sin amháin, nó i gcás breiseán beatha ar tarraingíodh siar iarratais ina leith le haghaidh speiceas ainmhithe nó catagóirí áirithe ainmhithe agus le haghaidh na speiceas nó na catagóirí sin amháin, níor cheart go mbainfeadh an tarraingt siar ón margadh ach leis na speicis ainmhithe agus na catagóirí ainmhithe nár cuireadh iarratas isteach ina leith nó ar tarraingíodh an t-iarratas siar ina leith. |
(5) |
Mar thoradh ar tharraingt siar na mbreiseán beatha ón margadh, is iomchuí na forálacha lena ndéantar a n-údarú a aisghairm, i gcás ina mbeidh na forálacha sin fós i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 358/2005 ón gCoimisiún (4) a leasú dá réir. Ina theannta sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 880/2004 (5) a aisghairm toisc go bhfuil an dá iontráil san Iarscríbhinn a ghabhann leis le scriosadh, mar gheall ar an mbéite-charaitéin a úsáidtear le haghaidh canáraithe a bheith á tarraingt siar ón margadh, úsáid dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I, Caibidil I.A, cuid 2, agus mar gheall ar an gcantacsaintín a úsáidtear le haghaidh éin ornáideacha a bheith údaraithe i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1486 ón gCoimisiún (6). Thairis sin, ós amhlaidh a húdaraíodh/ós rud é gur údaraíodh cantacsaintín le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1486 agus ós rud é gur tarraingíodh siar an breiseán sin ón margadh i gcás speicis agus úsáidí neamhúdaraithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1145 ón gCoimisiún (7), is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 775/2008 (8) a aisghairm, Rialachán lenar bunaíodh uasteorainneacha iarmhair le haghaidh cantacsaintín. |
(6) |
Maidir le breiseáin bheatha nach dtéann a n-údarú in éag go dtí dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is iomchuí idirthréimhse a cheadú le haghaidh páirtithe leasmhara, idirthréimhse inar féidir stoic a úsáid de na breiseáin lena mbaineann atá ann cheana, chomh maith le réamh-mheascáin, ábhair bheatha agus beatha chumaisc a táirgeadh leis na breiseáin sin, agus seilfré beatha áirithe ina bhfuil na breiseáin lena mbaineann san áireamh. |
(7) |
Na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith á dtarraingt siar ón margadh, ní fhágann sin nach féidir a n-údarú ná nach mbeidh siad faoi réir beart maidir lena stádas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(8) |
Tá éiginnteacht ann i leith roinnt substaintí, miocrorgánach agus ullmhóidí (dá ngairtear “táirgí”) i dtaobh cé acu an breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 nó nach ea. Táirgí áirithe a bheith cuimsithe in dhá áit, is iad sin Clár na mbreiseán beatha dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 agus Catalóg na n-ábhar beatha a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), d’fhéadfadh sé gurb é sin is cúis leis an éiginnteacht. D’fhéadfadh sé go bhfuil an éiginnteacht ag teacht freisin ó amhras nó ceisteanna arna gcur in iúl ag údaráis náisiúnta inniúla atá freagrach as rialuithe oifigiúla nó ag oibreoirí eacnamaíocha maidir le haicmiú táirgí áirithe, agus aird á tabhairt go háirithe ar na treoirlínte a bunaíodh le Moladh 2011/25/AE ón gCoimisiún (10). |
(9) |
An éiginnteacht sin maidir leis an stádas atá ag táirgí áirithe i ndáil le breiseáin bheatha faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, d’fhéadfadh margaíocht na dtáirgí beatha ar fud an Aontais a bheith i mbaol mar gheall uirthi, ós rud é go bhfuil impleachtaí ag an idirdhealú idir breiseáin bheatha agus táirgí beatha nach iad i leith na gcoinníollacha faoina gcuirtear ar an margadh iad, ag brath ar an reachtaíocht ábhartha is infheidhme. |
(10) |
Ar mhaithe leis an éiginnteacht a mhaolú i leith an stádais atá ag táirgí áirithe mar bhreiseáin bheatha, is iomchuí bearta ábhartha a ghlacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 chun an stádas sin a shoiléiriú. Bheadh comhsheasmhacht ann i leith láimhseáil na dtáirgí lena mbaineann de bharr na mbeart sin, maidir le hobair na n-údarás inniúil náisiúnta atá freagrach as rialuithe oifigiúla, b’fhusaide an obair sin na bearta sin, agus chabhródh na bearta sin leis na hoibreoirí eacnamaíocha leasmhara gníomhú i gcreat lena ndéanfaí foráil maidir le leibhéal iomchuí deimhneachta dlíthiúla. |
(11) |
Ionas gur féidir a chinneadh an breiseáin bheatha iad táirgí faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, is iomchuí na treoirlínte maidir le hidirdhealú idir breiseáin bheatha, ábhair bheatha agus táirgí eile a cheadú, treoirlínte a bunaíodh le Moladh 2011/25/AE. Go sonrach, déantar foráil sna treoirlínte sin maidir le roinnt critéar atá le meas go comhuaineach i meastóireacht cás ar chás chun próifíl a chruthú le haghaidh gach táirge sonrach, agus na saintréithe uile a bhaineann leis san áireamh. Sna critéir úsáideacha chun idirdhealú a dhéanamh idir breiseáin bheatha agus ábhair bheatha, cuimsítear an modh táirgthe agus próiseála, an sainmhíniú ceimiceach, an leibhéal caighdeánaithe nó íonaithe, na coinníollacha sábháilteachta, an modh úsáide, agus feidhmiúlacht an táirge lena mbaineann. Ina theannta sin, ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht, is de réir analaí ba cheart táirgí a bhfuil airíonna comhchosúla acu a aicmiú. |
(12) |
Na táirgí ciotráití sóidiam, ciotráití potaisiam, soirbíotól, mainníotól agus hiodrocsaíd chailciam, áirítear na táirgí sin i gClár na mbreiseán beatha mar tháirgí atá ann cheana agus nár cuireadh iarratais isteach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 roimh an sprioc-am a leagtar síos san fhoráil sin. Áiríodh na táirgí sin i gCatalóg na n-ábhar beatha freisin le Rialachán (AE) Uimh. 575/2011 ón gCoimisiún (11). Is é ba chonclúid don athscrúdú a rinneadh ar phróifíl na dtáirgí sin maidir leis na critéir a mholtar i Moladh 2011/25/AE, áfach, gur cheart a mheas gur breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Go sonrach, déantar iad a shainmhíniú de réir na bhfeidhmeanna sonracha atá acu dá dtagraítear i gClár na mbreiseán beatha, agus mar gheall gó bhfuil stádas acu mar bhreiseáin bhia tá raon feidhme níos fearr ann i ndáil le bainistiú éifeachtach na dtáirgí sin i dtéarmaí sábháilteachta agus an mhodh úsáide. Ina theannta sin, aicmiú na dtáirgí sin mar bhreiseáin le húsáid i mbia, is rud é a chuirtear san áireamh. |
(13) |
Is gá na táirgí ciotráití sóidiam, ciotráití potaisiam, soirbíotól, mainníotól agus hiodrocsaíd chailciam a tharraingt siar ón margadh mar gheall ar an stádas mar bhreiseán beatha atá acu, faoi mar a fhoráiltear dó sin le hAirteagal 10(5) de Rialachán(CE) Uimh. 1831/2003. Ba cheart idirthréimhse níos faide a cheadú áfach i leith na mbreiseán beatha sin a tharraingt siar ón margadh chomh maith le beatha a bhfuil na breiseáin sin mar chuid di, ar mhaithe leis an éiginnteacht dhlíthiúil maidir lena n-aicmiú a chur san áireamh, chun go bhféadfaidh páirtithe leasmhara iarratas nua a chur isteach ar údarú na mbreiseán beatha sin faoi na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(14) |
Formhór na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II, is táirgí iad a áirítear i gCatalóg na n-ábhar beatha a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún (12). Sa bhreis air sin, áfach, tá na táirgí uile liostaithe i gClár na mbreiseán beatha nó tá siad faoi réir tarraingt siar ón margadh mar bhreiseáin bheatha faoi Airteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir le stádas na dtáirgí sin, rinneadh scrúdú ar phróifíl na dtáirgí i bhfianaise na gcritéar a mholtar i Moladh 2011/25/AE, agus is é ba chonclúid don scrúdú sin gur cheart a mheas nár bhreiseáin bheatha iad a thuilleadh faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(15) |
Maidir le lipéadú na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II, táirgí a cheadaítear ar an margadh mar bhreiseáin bheatha fós, agus maidir le lipéadú na réamh-mheascán, na n-ábhar beatha agus na beatha chumaisc a bhfuil na táirgí sin mar chuid dóibh, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse chun go bhféadfaidh oibreoirí gnólachtaí beatha iad féin a oiriúnú. Thairis sin, ba cheart na táirgí sin a scriosadh ó Chlár na mbreiseán beatha. |
(16) |
Áirítear xilíotól, lachtáit amóiniam agus aicéatáit amóiniam i gCatalóg na n-ábhar beatha a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún. Cuireadh amhras in iúl áfach, go háirithe amhras na n-údarás inniúil náisiúnta atá freagrach as rialuithe oifigiúla, maidir le stádas dlíthiúil na dtáirgí sin, an rud ba chúis leis an scrúdú a rinneadh ar phróifíl na dtáirgí sin bunaithe ar na critéir a mholtar i Moladh 2011/25/AE. Is éard ba chonclúid don scrúdú sin gur cheart a mheas gur breiseáin bheatha iad na táirgí sin faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Go sonrach, tá saintréithe xilíotóil an-chosúil le saintréithe manniotóil agus sorbatóil, táirgí a meastar gur breiseáin bheatha iad, agus bheadh comhsheasmhacht ann i leith láimhseáil na dtáirgí comhchosúla sin ach xilíotól a aicmiú mar bhreiseán beatha de réir analaí. Ina theannta sin, cuirtear san áireamh aicmiú xilíotóil mar bhreiseán le húsáid i mbia. Maidir le lachtáit amóiniam agus aicéatáit amóiniam, is substaintí íonaithe iad atá mionsainithe ó thaobh ceimiceán de agus a fheidhmíonn feidhm shonrach, feidhm a shainmhínítear in Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Mar gheall go bhfuil stádas mar bhreiseáin bheatha acu, tá raon feidhme níos fearr ann i ndáil le bainistiú éifeachtach i dtéarmaí sábháilteachta agus an mhodh úsáide. Thairis sin, dá ndéanfaí lachtáit amóiniam agus aicéatáit amóiniam a aicmiú mar bhreiseáin bheatha, bheadh comhsheasmhacht ann i ndáil le táirgí comhchosúla eile a meastar gur breiseáin bheatha iad, próipianáit amóiniam nó formáit amóiniam, cuir i gcás. |
(17) |
Mar gheall go bhfuil xilíotól, lachtáit amóiniam agus aicéatáit amóiniam aicmithe mar bhreiseáin bheatha faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse a cheadódh do pháirtithe leasmhara iad féin a oiriúnú do stádas nua na dtáirgí sin, próiseas a chuimseodh iarratas ar údarú a chur isteach agus tuilleadh próiseála a dhéanamh ar na hiarratais sin, faoi na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
(18) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tarraingt siar ón margadh
Déanfar na breiseáin bheatha a shonraítear in Iarscríbhinn I a tharraingt siar ón margadh i ndáil leis na speicis ainmhithe nó na catagóirí ainmhithe faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha i leith na mbreiseán beatha atá le tarraingt siar ón margadh
1. Na stoic atá ann cheana de na breiseáin bheatha a liostaítear i gCaibidlí I.A agus I.C d’Iarscríbhinn I, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí 30 Bealtaine 2022.
2. Réamh-mheascáin a tháirgtear leis na breiseáin dá dtagraítear i mír 1, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí 30 Lúnasa 2022.
3. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a tháirgtear leis na breiseáin dá dtagraítear i mír 1 nó leis na réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 2, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí 30 Bealtaine 2023..
4. De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, na breiseáin bheatha ciotráití sóidiam, ciotráití potaisiam, soirbíotól, mainníotól agus hiodrocsaíd chailciam, breiseáin a liostaítear i gCaibidlí I.A d’Iarscríbhinn I, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí 30 Bealtaine 2028.
Airteagal 3
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 358/2005
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 358/2005, scriostar iontráil E 141 maidir le coimpléasc copair clóraifille.
Airteagal 4
Aisghairm
Aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 880/2004 agus (CE) Uimh. 775/2008.
Airteagal 5
Táirgí nach meastar gur breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003
1. Na substaintí, miocrorgánaigh agus ullmhóidí (dá ngairtear “táirgí”) a leagtar amach in Iarscríbhinn II, ní breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.
2. Táirgí dá dtagraítear i mír 1 atá ar an margadh go dleathach agus a lipéadaítear mar bhreiseáin beatha agus mar réamh-mheascáin roimh 30 Bealtaine 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe. Tá feidhm ag an méid sin freisin maidir le hábhair bheatha nó beatha chumaisc a thagraíonn do na táirgí sin mar bhreiseáin bheatha ina lipéadú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 767/2009.
Airteagal 6
Táirgí a mheastar gur breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003
1. Na substaintí, miocrorgánaigh agus ullmhóidí (dá ngairtear “táirgí”) a leagtar amach in Iarscríbhinn III, is breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.
2. Táirgí dá dtagraítear i mír 1, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí 30 Bealtaine 2028.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).
(3) Treoir 82/471/CEE ón gComhairle an 30 Meitheamh 1982 maidir le táirgí áirithe a úsáidtear i gcothú ainmhithe (IO L 213, 21.7.1982, lch. 8).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 358/2005 ón gCoimisiún an 2 Márta 2005 maidir le breiseáin áirithe a údarú gan teorainn ama agus maidir le húsáidí nua breiseán a údaraíodh cheana in ábhair bheatha a údarú (IO L 57, 3.3.2005, lch. 3).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 880/2004 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2004 lena n-údaraítear úsáid béite-charaitéine agus cantacsaintín, gan teorainn ama, mar bhreiseáin in ábhair bheatha a bhaineann leis an ngrúpa ábhar dathúcháin lena n-áirítear líocha (IO L 162, 30.4.2004, lch. 68).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1486 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2015 maidir le húdarú cantacsaintín mar bhreiseán beatha le haghaidh catagóirí áirithe éanlaithe, catagóirí áirithe iasc ornáideach agus catagóirí áirithe éan ornáideach (IO L 229, 3.9.2015, lch. 5).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1145 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 maidir leis an tarraingt siar ón margadh a údaraíodh i gcás breiseán beatha áirithe de bhun Threoracha 70/524/CEE agus 82/471/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear na forálacha lena n-údaraítear na breiseáin bheatha sin, forálacha atá imithe i léig (IO L 166, 29.6.2017, lch. 1).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 775/2008 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2008 lena mbunaítear uasteorainneacha iarmhair le haghaidh an bhreiseáin beatha cantacsaintín, sa bhreis ar na coinníollacha dá bhforáiltear i dTreoir 2003/7/CE (IO L 207, 5.8.2008, lch. 5).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 767/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le beatha a chur ar an margadh agus a úsáid, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 79/373/CEE ón gComhairle, Treoir 80/511/CEE ón gCoimisiún, Treoracha 82/471/CEE, 83/228/CEE, 93/74/CEE, 93/113/CE agus 96/25/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2004/217/CE ón gCoimisiún (IO L 229, 1.9.2009, lch. 1).
(10) Moladh 2011/25/AE ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 lena mbunaítear treoirlínte maidir le hidirdhealú idir ábhair bheatha, breiseáin bheatha, táirgí bithicídeacha agus táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 11, 15.1.2011, lch. 75).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 575/2011 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2011 maidir le Catalóg na n-ábhar beatha (IO L 159, 17.6.2011, lch. 25).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2013 maidir le Catalóg na n-ábhar beatha (IO L 29, 30.1.2013, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Breiseáin bheatha atá le tarraingt siar ón margadh, dá dtagraítear in Airteagal 1
CAIBIDIL I.A.
Breiseáin bheatha a údaraíodh gan teorainn ama
Cuid 1
Breiseáin bheatha atá le tarraingt siar ón margadh le haghaidh gach speiceas agus catagóir ainmhithe
Uimhir Aitheantais |
Breiseán |
Speiceas nó catagóir ainmhithe |
||||||||
Leasaithigh |
||||||||||
E 331 |
Ciotráití sóidiam |
Gach speiceas |
||||||||
E 332 |
Ciotráití potaisiam |
Gach speiceas |
||||||||
E 325 |
Lachtáit sóidiam |
Gach speiceas |
||||||||
E 326 |
Lachtáit photaisiam |
Gach speiceas |
||||||||
Eiblitheoirí, cobhsaitheoirí, tiúsóirí agus oibreáin ghlóthúcháin |
||||||||||
E 420 |
Soirbíotól |
Gach speiceas |
||||||||
E 421 |
Mainníotól |
Gach speiceas |
||||||||
Ceanglóirí, oibreáin frithstolptha agus téachtaigh |
||||||||||
E 558 |
Beintinít-montmairíllinít |
Gach speiceas |
||||||||
Vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá mionsainithe ó thaobh na gceimiceán de agus atá ar aon éifeacht le chéile |
||||||||||
|
Ribeaflaivin nó Vitimín B2. Gach foirm, cé is moite de na foirmeacha seo a leanas:
|
Gach speiceas |
||||||||
E 160 a |
Béite-charaitéin. Gach foirm cé is moite den bhéite-charaitéin a údaraíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1103 ón gCoimisiún (3) (3a160(a)) |
Gach speiceas |
||||||||
Breiseáin sadhlais |
||||||||||
Miocrorgánaigh |
||||||||||
|
Enterococcus faecium CNCM I-3236/ATCC 19434 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Bacillus subtilis MBS-BS-01 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Lactobacillus plantarum DSM 11520 |
Gach speiceas |
||||||||
Datháin lena n-áirítear líocha |
||||||||||
Datháin eile |
||||||||||
E 153 |
Dubh carbóin mar oibreán dathúcháin atá údaraithe chun earraí bia a dhathú de réir rialacha an Chomhphobail |
Gach speiceas |
||||||||
Blaistiú agus substaintí blaistithe |
||||||||||
Táirgí nádúrtha – sainithe ó thaobh na luibheolaíochta de |
||||||||||
|
Allium cepa L.: Dlúthán oinniúin CoE 24 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Allium sativum L.: Dlúthán gairleoige (bunaithe ar uisce) |
Gach speiceas |
||||||||
|
Amyris balsamifera L.: Ola amyris CoE 33 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Anacardium occidentale L.: Ola caisiú CoE 34 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Anethum graveolens L.: Eastóscán síl an lusa mhín 8006-75-5 CoE 42 Einecs 289-790-8 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Apium graveolens L.: Eastóscán síl an tsoilire CAS 89997-35-3 FEMA 2270 CoE 52 Einecs 289-668-4 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Artemisia absinthium L.: Ola mormónta CAS 8008-93-3 FEMA 3116 CoE 61 Einecs 284-503-2 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Artemisia annua L.: Eastóscán an liathlusa mhilis (bunaithe ar uisce)/Ola an liathlusa mhilis |
Gach speiceas |
||||||||
|
Artemisia pallens Wall.: Ola davana CAS 8016-03-3 FEMA 2359 CoE 69 Einecs 295-155-6 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Bacopa monnieri (L.) Pennell: Tintiúr gratiola na tíme |
Gach speiceas |
||||||||
|
Carum carvi L. = Apium carvi L.: Eastóscán shíol an chearbhais/Oiléaroisín an chearbhais CAS 8000-42-8 CoE 112 Einecs 288-921-6 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Cimicifuga simplex (Wormsk. ex DC.) Ledeb. = C. racemosa (L.) Nutt.: Eastóscán sarashina shoma |
Gach speiceas |
||||||||
|
Cinnamomum aromaticum Nees, C. cassia Nees ex Blume: Eastóscán caisia CAS 84961-46-6 FEMA 2257 CoE 131 Einecs 284-635-0 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Cinnamomum zeylanicum Bl., C. verum J.S. Presl: Oiléaroisín coirte cainéil CAS 84961-46-6 FEMA 2290 CoE 133 Einecs 283-479-0 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Citrus aurantium L.: Ola neroli bigarade CAS 8016-38-4 FEMA 2771 CoE 136 Einecs 277-143-2/Petitgrain bigarade íon CAS 8014-17-3 CoE 136 Einecs 283-881-6 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Citrus reticulata Blanco: Mandairín, teirpéiní táinséirín CoE 142 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Citrus x paradisi Macfad.: Ola seadóige agus é súite amach CAS 8016-20-4 FEMA 2530 CoE 140 Einecs 289-904-6/Eastóscán seadóige CoE 140 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Glycyrrhiza glabra L.: Eastóscán liocrais (bunaithe ar thuaslagóirí) CAS 97676-23-8 FEMA 2628 CoE 218 Einecs 272-837-1 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Juniperus communis L.: Eastóscán caora an aitil CAS 84603-69-0 CoE 249 Einecs 283-268-3 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Laurus nobilis L.: Eastóscán duilliúr an labhrais/Oiléaroisín duilliúr an labhrais CAS 84603-73-6 FEMA 2613 CoE 255 Einecs 283-272-5 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Lavandula latifolia Medik.: Ola labhandair leathanduilligh CoE 256 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Lepidium meyenii Walp.: Eastóscán ghinsing Pheiriú |
Gach speiceas |
||||||||
|
Leptospermum scoparium J. R. et G. Forst.: Ola an chrainn tae |
Gach speiceas |
||||||||
|
Macleaya cordata (Willd.) R. Br.: Poipín cleití agus é íon/Eastóscán poipín cleití/Ola poipín cleití/Tintiúr poipín cleití |
Gach speiceas |
||||||||
|
Mallotus philippinensis (Lam.) Muell. Arg.: Eastóscán kamala CoE 535 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Malpighia glabra L.: Eastóscán asaróla |
Gach speiceas |
||||||||
|
Malus sylvestris Mill.: Dlúthán na n-úll CoE 386 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Medicago sativa L.: Tintiúr alfalfa CoE 274 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Melissa officinalis L.: Ola lus na meala CoE 280 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Mentha pulegium L.: Ola borógaí CAS 8013-99-8 FEMA 2839 CoE 283 Einecs 290-061-1 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Myristica fragrans Houtt.: Ola maicise CAS 8007-12-3 FEMA 2653 CoE 296 Einecs 282-013-3/Oiléaroisín noitmige CAS 8408268-8 CoE 296 Einecs 282-013-3 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Myroxylon balsamum (L.) Harms: Eastóscán bhalsam Tolú (bunaithe ar thuaslagóirí) CAS 9000-64-0 FEMA 3069 CoE 297 Einecs 232-550-4 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Myroxylon balsamum (L.) Harms var. Pereirae: Eastóscán bhalsam Pheiriú (bunaithe ar thuaslagóirí) CAS 8007-00-9 FEMA 2117, 2116 CoE 298 Einecs 232-352-8 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Ocimum basilicum L.: Ola basal CAS 801573-4 FEMA 2119 CoE 308 Einecs 283-900-8 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Opopanax chironium (L.) Koch, Commiphora erythrea Engler: Ola opoponax CAS 8021- 36-1 CoE 313 Einecs 232-558-8 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Passiflora edulis Sims. = P. incarnata L.: Eastóscán na páiseoige (bunaithe ar uisce) CoE 321 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Pelargonium asperum Her. ex Spreng.: Ola geiréiniam |
Gach speiceas |
||||||||
|
Peumus boldus Mol.: Eastóscán boldo CoE 328/Tintiúr boldo CoE 328 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Pinus pinaster Soland.: Ola na péine |
Gach speiceas |
||||||||
|
Pimenta racemosa (Mill.) J.W.Moore: Ola na labhróige CAS 8006-78-8 CoE 334 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Piper methysticum G. Forst.: Tintiúr kava kava |
Gach speiceas |
||||||||
|
Quillaja saponaria Molina: Eastóscán quillaia (bunaithe ar thuaslagóirí) CoE 391/Dlúthán quillaia |
Gach speiceas |
||||||||
|
Ribes nigrum L.: Eastóscán cuiríní dubha CoE 399 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Satureja hortensis L.: Ola garbhóige garraí CAS 8016-68-0 FEMA 3013 CoE 425 Einecs 283-922-8 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Sophora japonica L.: Ola an chrainn pagoda |
Gach speiceas |
||||||||
|
Styrax benzoin Dryand., S. tonkinensis (Pierre) Craib ex Hartwich: Roisíneoid beansóine CAS 9000 -05-9 FEMA 2133 CoE 439 Einecs 232-523-7 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Tagetes erecta L., T. glandulifera Schrank., T. minuta L. e.a.: Ola tagetes CAS 8016- 84-0 FEMA 3040 CoE 443/494 Einecs 294-862-7 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Thea sinensis L. = Camellia thea Link. = Camellia sinensis (L.) O. Kuntze: Tintiúr tae CoE 451 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Uncaria tomentosa L. = Ourouparia guianensis Aubl.: Eastóscán fhéith bhuí na gcat |
Gach speiceas |
||||||||
|
Valeriana officinalis L.: Tintiúr fréimhe an chaorthainn chorraigh CoE 473 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Vetiveria zizanoides (L.) Nash.: Ola veitibhir CAS 8016-96-4 CoE 479 Einecs 282-490-8 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Vitis vinifera L.: Ola cognac ghlas CAS 8016-21-5 FEMA 2331 CoE 485 Einecs 232-403-4/Ola cognac bhán CAS 801621-5 FEMA 2332 CoE 485 Einecs 232-403-4 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Vitis vinifera L.: Eastóscán síl fíonchaoire CoE 485 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Yucca mohavensis Sarg. = Y. schidigera Roezl ex Ortgies: Eastóscán ghioca Mojave (bunaithe ar thuaslagóirí) CAS 90147-57-2 FEMA 3121 Einecs 290-449-0/Dlúthán na gioca/Iarmharaigh na gioca |
Gach speiceas |
||||||||
|
Zingiber officinale Rosc.: Eastóscán sinséir CAS 84696-15-1 FEMA 2521 CoE 489 Einecs 283-634-2 |
Gach speiceas |
||||||||
Táirgí nádúrtha agus táirgí sintéiseacha comhfhreagracha |
||||||||||
|
Uimh. CAS 1128 -08-1/3-Meitil-2-peintilcioglaipeint-2-éin-1-ón/Uimh. Flavis 07.140 |
Gach speiceas |
||||||||
|
Uimh. CAS 352195-40-5/Ionóisín Déshóidiam-5-Monafosfáit (IMP) |
Gach speiceas |
Cuid 2
Breiseáin bheatha atá le tarraingt siar ón margadh i gcás speicis agus catagóirí ainmhithe áirithe
Uimhir Aitheantais |
Breiseán |
Speiceas agus catagóir ainmhithe |
||||
Riandúile |
||||||
E 7 |
Molaibdéineam – Mo, Molabdáit sóidiam |
Gach speiceas agus catagóir ainmhithe seachas na caoirigh |
||||
Rialtáin aigéadachta |
||||||
E 503 (i) |
Carbónáit amóiniam |
Cait; Madraí |
||||
E 503 (ii) |
Hidrigincharbónáit amóiniam |
Cait; Madraí |
||||
E 525 |
Hiodrocsaíd photaisiam |
Cait; Madraí |
||||
E 526 |
Hiodrocsaíd chailciam |
Cait; Madraí |
||||
Datháin lena n-áirítear líocha |
||||||
Caraitéanóidigh agus xantaifillí |
||||||
E 160 a |
Béite-charaitéin |
Canáraithe |
||||
Datháin eile |
||||||
E 141 |
Coimpléasc copair clóraifillin mar oibreán dathúcháin atá údaraithe chun earraí bia a dhathú de réir rialacha an Chomhphobail |
Gach speiceas agus catagóir ainmhithe seachas madraí agus cait |
||||
E 141 |
Coimpléasc copair clóraifille mar oibreán dathúcháin (grúpa feidhmiúil 2 a (iii)) |
Éin ornáideacha a itheann gráin; Creimirí beaga; Éisc ornáideacha |
||||
E 153 |
Dubh carbóin mar oibreán dathúcháin (grúpa feidhmiúil 2 a (iii)) |
Éisc ornáideacha |
||||
E 172 |
Dearg Ocsaíde Iarainn, Dubh & Buí mar oibreáin dathúcháin atá údaraithe chun earraí bia a dhathú de réir rialacha an Chomhphobail |
Capaill |
||||
Blaistiú agus substaintí blaistithe |
||||||
Táirgí nádúrtha – sainithe ó thaobh luibheolaíochta de |
||||||
|
Helianthus annuus L.: Eastóscán lus na gréine |
Cait; Madraí |
||||
|
Hyssopus officinalis L. = H. decumbens Jord. & Fourr.: Ola na híosóipe ící CAS 8006-83-5 FEMA 2591 CoE 235 Einecs 283-266-3 |
Cait; Madraí |
||||
|
Sus scrofa (eastóscán ó fhaireoga paincréasacha mucúla díshaillte) |
Cait, madraí agus ainmhithe coimhdeachta feoiliteacha agus uiliteacha eile, firéid cuir i gcás |
||||
Aimínaigéid agus na salainn agus na hanalóga atá iontu |
||||||
3.2.7. |
Meascáin de:
atá cosanta le vinil-piridín comhpholaiméire/stiréin |
Ba bainne |
CAIBIDIL I.B.
Breiseáin bheatha a údaraíodh le haghaidh tréimhse ama teoranta
Uimhir Aitheantais |
Breiseán |
Speiceas nó catagóir ainmhithe |
Coicideastait agus substaintí íocshláinte eile |
||
E 758 |
Hidreaclóiríd róibeinidín 66 g/kg (sealbhóir an údaraithe Zoetis Belgium SA) |
Turcaithe |
E 770 |
Alfa amóiniam madúraimícin 1 g/100 g (sealbhóir an údaraithe Zoetis Belgium SA) |
Turcaithe |
CAIBIDIL I.C.
Breiseáin bheatha nár cuireadh fógra dá dtagraítear in Airteagal 10(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 isteach ina leith
Uimhir Aitheantais |
Breiseán |
Speiceas nó catagóir ainmhithe |
Aimínaigéid agus na salainn agus na hanalóga atá iontu |
||
3.2.6. |
Fosfáit L-lísín agus a fotháirgí a tháirgtear le coipeadh le Brevibacterium lactofermentum NRRL B-11470 |
Éanlaith chlóis; Muca |
(1) Údaraíodh na foirmeacha ribeaflaivine sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/901 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 maidir le húdarú ribeaflaivine a tháirgtear le Ashbya gossypii (DSM 23096), údarú ribeaflaivine a tháirgtear le Bacillus subtilis (DSM 17339 agus/nó DSM 23984) agus údarú salainn monasóidiam eistir 5′-fosfáite ribeaflaivine a tháirgtear le Bacillus subtilis (DSM 17339 agus/nó DSM 23984) (foinsí vitimín B2) mar bhreiseáin bheatha le haghaidh gach speiceas ainmhithe (IO L 144, 3.6.2019, lch. 41).
(2) Diúltaíodh údarú don fhoirm ribeaflaivine seo le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1254 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2018 maidir le diúltú údaraithe ribeaflaivine (80 %) ar ribeaflaivin é a tháirgtear le Bacillus subtilis KCCM-10445 mar bhreiseáin bheatha atá sa ghrúpa feidhmiúil vitimíní, próivitimíní agus substaintí mionsainithe ó thaobh ceimiceán de agus atá ar aon éifeacht le chéile (IO L 237, 20.9.2018, lch. 5).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)2015/1103 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 maidir le húdarú béite-charaitéine mar bhreiseán beatha le haghaidh gach speicis ainmhithe (IO L 181, 9.7.2015, lch. 57).
IARSCRÍBHINN II
Táirgí nach breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 dá dtagraítear in Airteagal 5(1)
1.
Plúr síl na tamaraine
2.
Ortafosfáit dhéhidrigine photaisiam
3.
Ortafosfáit hidrigine dhéphotaisiam
4.
Ortafosfáit tríphotaisiam
5.
Ortafosfáit dhéhidrigine amóiniam
6.
Ortafosfáit hidrigine dé-amóiniam
7.
Défhosfáit dhéhidrigine dhéshóidiam
8.
Défhosfáit tríphotaisiam
9.
Trífhosfáit pheinteapotaisiam
10.
Seiscea-charbónáit sóidiam
11.
Hidrigincharbónáit photaisiam
12.
Ocsaíd chailciam
13.
Eistir shiúcróis d’aigéid shailleacha (eistir de shiúcarós agus d’aigéid shailleacha inite)
14.
Siúcraglicrídí (meascán d’eistir de shiúcarós agus de mhonai-ghlicridí agus dé-ghlicrídí d’aigéid shailleacha inite)
15.
Eistir polaigliocróile d’aigéid shailleacha inite neamh-pholaiméirithe
16.
Monai-eistir de phrópán-1,2 dé-ól (próipiléingliocóil) agus d’aigéid shailleacha inite, ina n-aonar nó i meascáin le dé-eistir
17.
Merluccius capensis, Galeorhinus australis e.a.,/Loingeán
IARSCRÍBHINN III
Táirgí ar breiseáin bheatha iad faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 dá dtagraítear in Airteagal 6(1)
1.
Xilíotól
2.
Lachtáit amóiniam
3.
Aicéatáit amóiniam
10.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 162/18 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/759 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Bealtaine 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir leis na heisceachtaí ón gceanglas maidir le pas plandaí, stádas na hIodáile, na hÉireann, na Liotuáine, na Slóivéine agus na Slóvaice nó limistéir áirithe díobh mar chriosanna cosanta, agus an tagairt do chrios cosanta sa Phortaingéil
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 32(3) agus (6), Airteagal 35(1) agus (2) agus Airteagal 79(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2), bunaíodh rialacha maidir le pasanna plandaí le haghaidh iompar plandaí, táirgí plandaí agus réada eile laistigh den Aontas. Thairis sin, in Iarscríbhinn III den Rialachán sin, aithníodh Ballstáit áirithe agus limistéir áirithe i mBallstáit mar chriosanna cosanta i ndáil le lotnaidí coraintín áirithe na gcriosanna cosanta. Thairis sin arís, aithníodh criosanna cosanta áirithe mar chriosanna cosanta sealadacha go dtí an 30 Aibreán 2020, ionas gur féidir le gach Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis ar fad is gá a chur ar fáil chun a léiriú nach raibh na lotnaidí sin sa Bhallstát nó sa limistéar lena mbaineann, nó chun leanúint dá n-iarrachtaí an lotnaid sin a dhíothú nó a n-iarrachtaí a chur i gcrích. |
(2) |
Is léir ón taithí a fuarthas gur cheart síneadh a chur le raon feidhme rialacha áirithe a bhaineann le heisceachtaí ón gceanglas maidir le pas plandaí, faoi mar a leagtar amach in Airteagal 13(2)(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Go háirithe, ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht agus chun gach cás maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile atá rialáilte a chumhdach, ba cheart síolta plandaí a chumhdach leis na heisceachtaí sin, mar aon le táirgí plandaí agus réada eile nach bhfuil faoi réir na ngníomhartha cur chun feidhme a glacadh de bhun Airteagail 28(1), 30(1) nó 49(1) de Rialachán (AE) 2016/2031. |
(3) |
Maidir leis an Iodáil, aithníodh críoch Campania agus codanna áirithe de Piedmont mar chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al. In 2020, chuir an Iodáil faisnéis isteach lena léirítear gurb ann anois do Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al. i mbardais Agerola, Gragnano, Lettere, Pimonte agus Vico Equense i gCúige Naples, agus Amalfi, Atrani, Conca dei Marini, Corbara, Furore, Maiori, Minori, Positano, Praiano, Ravello, Scala agus Tramonti i gCúige Salerno, agus ar chríoch iomlán Piedmont. Dá bhrí sin, níor cheart na bardais sin agus críoch iomlán Piedmont a aithint a thuilleadh mar chuid den chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al.. |
(4) |
Thairis sin, aithníodh codanna áirithe de chríocha na hIodáile mar chrios cosanta sealadach i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al. go dtí 30 Aibreán 2020. Ó thorthaí an tsuirbhé a chuir an Iodáil ar fáil in 2019 agus 2020, maidir le lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta, lotnaid a aimsíodh i ráigeanna treallacha agus leithlisithe i gcodanna áirithe den chrios cosanta, dealraíonn sé go bhfuil sí díothaithe nó go bhfuil sí á díothú agus go bhfuil an chuid eile den chrios cosanta fós saor ón lotnaid sin. Léiríonn an fhaisnéis sin freisin nár thóg sé níos mó ná 2 bhliain an díothú a dhéanamh go dtí seo. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint d’aitheantas a thabhairt do na codanna sin de chríocha na hIodáile mar chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al., gan aon teorainn ama. |
(5) |
Aithníodh críocha na hÉireann, na Liotuáine, na Slóivéine agus na Slóvaice mar chriosanna cosanta sealadacha i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al. go dtí an 30 Aibreán 2020. Ó thorthaí an tsuirbhé a chuir Éire, an Liotuáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic ar fáil in 2019 agus 2020, maidir le lotnaid choraintín na gcriosanna cosanta, lotnaid a aimsíodh i ráigeanna treallacha agus leithlisithe i gcodanna áirithe de na criosanna cosanta, dealraíonn sé go bhfuil sí díothaithe nó go bhfuil sí á díothú agus go bhfuil an chuid eile den chrios cosanta fós saor ón lotnaid sin. Léiríonn an fhaisnéis sin freisin nár thóg sé níos mó ná 2 bhliain an díothú ar ráigeanna a dhéanamh go dtí seo. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint d’aitheantas a thabhairt do chríocha na hÉireann, na Liotuáine, na Slóivéine agus na Slóvaice mar chriosanna cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al., gan aon teorainn ama. |
(6) |
Ina theannta sin, in 2020, chuir an tSlóvaic faisnéis isteach lena léirítear go bhfuil Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al. ann anois i mbailecheantair Valice, Jesenské agus Rimavská Sobota i gContae Rimavská Sobota. Dá bhrí sin, níor cheart na bailecheantair sin a aithint a thuilleadh mar chuid den chrios cosanta i ndáil le Erwinia amylovora (Burr.) Winsl. et al.. |
(7) |
D’iarr Éire go n-aithneofaí a críoch féin mar chrios cosanta i ndáil le Thaumetopoea pityocampa Denis & Schiffermüller. Ar bhonn suirbhéanna a rinneadh in 2018 agus 2019, chuir Éire fianaise isteach nach ann ar a críoch féin don lotnaid atá i gceist, in ainneoin go bhfuil coinníollacha fabhracha ann le haghaidh na lotnaide sin. Mar sin féin, is gá suirbhéanna breise a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart Éire a aithint mar chrios cosanta sealadach i ndáil le Thaumetopoea pityocampa Denis & Schiffermüller go dtí an 30 Aibreán 2023. |
(8) |
Ar mhaithe le comhsheasmhacht leis na leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, ina liostaítear na criosanna cosanta agus lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta sin, ba cheart na hathruithe comhfhreagracha a dhéanamh ar Iarscríbhinní IX agus X a ghabhann leis an Rialachán sin ina liostaítear na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile a bhfuil toirmeasc ar a dtabhairt isteach i gcriosanna cosanta áirithe agus na plandaí, na táirgí plandaí agus na réada eile atá le tabhairt isteach i gcriosanna cosanta nó atá le cur ó áit go chéile laistigh díobh faoi cheanglais speisialta, faoi seach. |
(9) |
Ar bhonn na faisnéise a fuarthas ón bPortaingéil, rinneadh oileán Terceira a eisiamh cheana féin ó chrios cosanta na Portaingéile in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 i ndáil le Gonipterus scutellatus Gyllenhal le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2210 ón gCoimisiún (3), gan leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Dá bhrí sin, is iomchuí leasú a dhéanamh ar an tagairt don chrios cosanta sin san Iarscríbhinn sin chomh maith. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a leasú dá réir sin. |
(11) |
Ar mhaithe le soiléireacht, na leasuithe a bhaineann le limistéir ar aithníodh iad mar chriosanna cosanta de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 go dtí an 30 Aibreán 2020, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith acu le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Bealtaine 2020. |
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 13(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le Cuid 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn IX i gcomhréir le Cuid 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo; |
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn X i gcomhréir le Cuid 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Mar sin féin, beidh feidhm ag na pointí seo a leanas ón 1 Bealtaine 2020:
— |
pointe (2) d’Airteagal 1, seachas pointe (2) de Chuid 1 den Iarscríbhinn; |
— |
pointe (3) d’Airteagal 1; |
— |
pointe (4) d’Airteagal 1, seachas pointe (3) de Chuid 3 den Iarscríbhinn. |
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2210 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Iarscríbhinní III, VI, VII, IX, X, XI agus XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir leis na ceanglais a bhaineann le crios cosanta Thuaisceart Éireann, agus na toirmisc agus na ceanglais maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach san Aontas ón Ríocht Aontaithe (IO L 438, 28.12.2020, lch. 28).
IARSCRÍBHINN
CUID 1
Leasuithe ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072
Leasaítear an tábla in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar a leanas:
(1) |
i roinn (a) “Baictéir”, leasaítear an tríú colún “Criosanna cosanta” de phointe 1 mar a leanas:
|
(2) |
i roinn (c) “Feithidí agus fíneoga”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 19:
|
CUID 2
Leasuithe ar Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072
Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar a leanas:
(1) |
i bpointe 1, leasaítear an tríú colún “Criosanna cosanta” mar a leanas:
|
(2) |
i bpointe 2, leasaítear an tríú colún “Criosanna cosanta” mar a leanas:
|
CUID 3
Leasuithe ar Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072
Leasaítear Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 mar a leanas:
(1) |
i bpointe 3, leasaítear an ceathrú colún “Criosanna cosanta” mar a leanas:
|
(2) |
i bpointe 9, leasaítear an ceathrú colún “Criosanna cosanta” mar a leanas:
|
(3) |
i bpointe 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cheathrú colún “Criosanna cosanta”:
|
(4) |
i bpointe 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cheathrú colún “Criosanna cosanta”:
|
10.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 162/25 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/760 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Bealtaine 2021
lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 agus (AE) 2020/1988 a mhéid a bhaineann le córas bainistíochta na dtaraif-chuótaí le ceadúnais agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/991
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 187 agus Airteagal 223(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 66(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (3), agus go háirithe pointí (a) go (d) den chéad mhír d’Airteagal 9, agus pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 16(1), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún (4), leagtar síos na rialacha maidir le bainistiú na dtaraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí maidir le táirgí talmhaíochta a bhainistítear le córas ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, déantar líon áirithe gníomhartha a bhfuil na cuótaí sin oscailte acu a aisghairm agus a ionadú agus foráiltear do rialacha sonracha. |
(2) |
Chun a shoiléiriú go beacht an dáta faoinar cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt maidir leis na cainníochtaí a chumhdaítear le ceadúnais agus an fhaisnéis a bhaineann leis an gcóras leictreonach um Chlárú agus Aitheantas Oibreoirí Ceadúnais (“córas leictreonach LORI”) dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún (5), ba cheart na deimhnithe barántúlachta agus deimhnithe IMA 1, Airteagail 16, 17 agus 61 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a leasú. |
(3) |
Is gá na rialacha maidir le bailíocht dheimhnithe IMA 1 le haghaidh táirgí déiríochta a leasú agus a ailíniú leis na rialacha ginearálta maidir le tréimhse bhailíochta na gceadúnas allmhairiúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart an abairt deiridh d’Airteagal 53(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a scriosadh. |
(4) |
I gcás ina ndéanann oibreoirí iarratas ar cheadúnais onnmhairiúcháin go leictreonach, ba cheart cead a bheith acu freisin deimhniú incháilitheachta allmhaireoirí na Stát Aontaithe a chur isteach ar an mbealach céanna, deimhniú a ghabhann le hiarratais ar cheadúnais onnmhairiúcháin faoi na taraif-chuótaí cáise arna n-oscailt ag na Stáit Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 59 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a leasú. |
(5) |
De bhun Airteagal 61(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, tá de dhualgas ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis na sonraí uile lena dtagraítear d’oibreoirí a thaisc iarratais ar onnmhairiúchán faoi na cuótaí cáise arna n-oscailt ag na Stáit Aontaithe, lena n-áirítear a n-uimhir EORI. Ós rud é nach bhfuil de cheangal ar gach oibreoir uimhir den sórt sin a bheith aige, níor cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt maidir leis an uimhir sin ach amháin i gcás ina bhfuil uimhir ag na hoibreoirí. Dá bhrí sin, ní mór an tAirteagal sin a leasú. |
(6) |
De bhun Airteagail 71(3) agus 72(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, agus de mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2) den Rialachán sin, na hoibreoirí a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar tharaif-chuótaí ar ollmhairí arna mbainistiú ag tríú tíortha agus atá faoi réir rialacha sonracha de chuid an Aontais, agus a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar tharaif-chuótaí ar allmhairiúcháin arna mbainistiú le doiciméid arna n-eisiúint ag na tíortha ollmhairiúcháin, is féidir leo níos mó ná iarratas amháin a dhéanamh ar cheadúnais in aghaidh na míosa, aon lá. Chun comhsheasmhacht an mhodha bainistíochta a áirithiú, ba cheart don mhaolú ar Airteagal 6 den Rialachán sin tagairt a dhéanamh don Airteagal iomlán agus ní hamháin do mhíreanna 1 agus 2 de. Thairis sin, ba cheart Airteagal 72(4) den Rialachán sin a cheartú trí thagairt shonrach do dheimhnithe IMA 1 a thabhairt isteach. |
(7) |
Maidir le tásc thír thionscnaimh na n-earraí, is iomchuí na rialacha a bhaineann le Ranna 8 agus 24 d’iarratais ar cheadúnais allmhairiúcháin agus de cheadúnais a líonadh a chomhchuibhiú ar mhaithe le soiléireacht. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagail 22 agus 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, chomh maith le boscaí ábhartha na dtaraif-chuótaí in Iarscríbhinní II agus XII a ghabhann leis an Rialachán sin, a leasú. |
(8) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/991 ón gCoimisiún (6), osclaítear trí tharaif-chuóta le haghaidh ríse de thionscnamh Vítneam. Chun bainistíocht na dtaraif-chuótaí sin a chomhchuibhiú leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, ba cheart na táblaí agus na rialacha lena rialaítear na trí tharaif-chuóta sin a chomhtháthú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 agus ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/991 a aisghairm. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagail 27 agus 29 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a leasú, agus ba cheart Airteagal 29a nua a chomhtháthú leis an Rialachán sin. |
(9) |
Ba cheart an tábla lena mbaineann an taraif-chuóta a bhfuil an uimhir ordaithe 09.4450 ag gabháil leis agus a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a nuashonrú leis an aicmiú nua mairteola agus le hainm nua an údaráis atá inniúil chun deimhnithe barántúlachta arna gcur in iúl ag an Airgintín a eisiúint. |
(10) |
Chun aon mhíthuiscint maidir le haois uasta na n-ainmhithe den speiceas buaibheach a bhfuil a gconablaigh incháilithe faoin taraif-chuóta a bhfuil an uimhir ordaithe 09.4002 ag gabháil leis agus a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, ba cheart tábla ábhartha na hIarscríbhinne sin a leasú. |
(11) |
Chun luain bhoga a eisiamh ó na táirgí atá incháilithe faoi na taraif-chuótaí a bhfuil na huimhreacha ordaithe 09.4038 agus 09.4170 ag gabháil leo agus a leagtar amach in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, ba cheart táblaí ábhartha na hIarscríbhinne sin a leasú. |
(12) |
Níl gá le tagairt d’Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) sa bhosca “Cruthúnas tionscnaimh lena scaoileadh i saorchúrsaíocht” i dtáblaí roinnt taraif-chuótaí, agus d’fhéadfaí an chiall chontráilte a bhaint aisti. Chun aon mhíthuiscint agus saincheisteanna dá bharr sin a bhaineann le hoibreoirí trádála a sheachaint, ba cheart tagairt den sórt sin a scriosadh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart Airteagal 4(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 ón gCoimisiún (8) a leasú chun raon feidhme na tagartha a dhéantar ann d’Airteagal 61 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a shoiléiriú. Thairis sin, ba cheart an tagairt do dheimhnithe barántúlachta in Airteagal 4(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 a leathnú chuig na doiciméid uile a luaitear i gCaibidil II agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(13) |
Chun bainistíocht na dtaraif-chuótaí arna rialú ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 a shimpliú, ba cheart máthairchuótaí áirithe le haghaidh ime agus laofheola a scriosadh agus ba cheart na fochuótaí ábhartha a bhainistiú mar tharaif-chuótaí. |
(14) |
Ó tharla go ndearnadh botún le linn chomhtháthú Rialachán (CE) Uimh, 1095/96 ón gComhairle (9) le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988, ba cheart tábla an taraif-chuóta faoin uimhir ordaithe 09.0141 a chomhtháthú leis na huimhreacha ordaithe eile uile lena rialaítear na táirgí a liostaítear ina thuairisc ar an táirge, le héifeacht sa tréimhse reatha taraif-chuóta. |
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 agus (AE) 2020/1988 a leasú dá réir. |
(16) |
Chun cur i bhfeidhm tráthúil na leasuithe a áirithiú agus iarratais ar cheadúnais á gcur isteach ag oibreoirí le haghaidh taraif-chuótaí le tréimhsí a thosaíonn i mí Iúil 2021, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart feidhm a bheith ag leasuithe ar tharaif-chuótaí a bhainistítear le ceadúnais amhail ón gcéad tréimhse iarratais ar cheadúnas tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, seachas na leasuithe sin lena ndéantar modhnú ar na ceanglais maidir le cruthúnas tionscnaimh lena scaoileadh i saorchúrsaíocht le haghaidh na dtaraif-chuótaí a bhfuil na huimhreacha ordaithe 09.4123, 09.4125, 09.4112, 09.4116, 09.4117, 09.4118, 09.4119, 09.4130 agus 09.4154 ag gabháil leo, ar leasuithe iad ar cheart feidhm a bheith acu ó thús na dtréimhsí leanúnacha taraif-chuóta. Ba cheart feidhm a bheith ag leasuithe ar tharaif-chuótaí arna mbainistiú leis an bprionsabal “tagadh do sheal mar a tháinig tú féin” maidir leis na tréimhsí leanúnacha taraif-chuóta amhail ón uair a thosaíonn siad. Na leasuithe a bhaineann le comhtháthú Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/991 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, ba cheart feidhm a bheith acu amhail ón gcéad tréimhse taraif-chuóta eile a thosaíonn an 1 Eanáir 2022. |
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
(2) |
in Airteagal 17, leasaítear mír 5 mar a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22: “Airteagal 22 Iarratas agus ábhar ceadúnais I ngach cás déanfaidh an t-iarratas ar cheadúnas allmhairiúcháin agus an ceadúnas ceann de na hiontrálacha a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a lua i Roinn 24”; |
(4) |
leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
|
(5) |
leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:
|
(6) |
cuirtear Airteagal 29a seo a leanas isteach: “Airteagal 29a Deimhniú barántúlachta 1. An deimhniú barántúlachta, arna eisiúint ag comhlacht inniúil de chuid Vítneam a liostaítear in Iarscríbhinn III, ina sonraítear go bhfuil an rís ar cheann de na cineálacha sonracha ríse cumhra a leagtar amach le haghaidh an taraif-chuóta a bhfuil an uimhir ordaithe 09.4731 ag gabháil leis, déanfar é a dhréachtú ar fhoirm i gcomhréir leis an sampla a leagtar síos in Iarscríbhinn XIV.2 RICE – Cuid D. De thionscnamh Vítneam. Déanfar na foirmeacha a chur i gcló agus a chomhlánú i mBéarla. 2. Beidh sraithuimhir aonair arna heisiúint ag na húdaráis eisiúna sa bhosca ag barr an leathanaigh, ar dheis, ag gabháil le gach deimhniú barántúlachta. Beidh an uimhir chéanna ag gabháil leis na cóipeanna agus atá ag gabháil leis an deimhniú bunaidh. 3. Beidh an deimhniú barántúlachta bailí ar feadh 120 lá ón dáta a eiseofar é. Ní bheidh sé bailí ach amháin má tá na boscaí comhlánaithe agus má tá sé sínithe go cuí. Measfar na deimhnithe barántúlachta a bheith sínithe go cuí má luaitear an dáta agus an áit eisiúna iontu agus má tá stampa ón údarás eisiúna orthu chomh maith le síniú an duine nó na ndaoine a bhfuil sé de chumhacht acu iad a shíniú. 4. Cuirfear an deimhniú barántúlachta faoi bhráid na n-údarás custaim chun a fhíorú gurb ann do na coinníollacha riachtanacha chun leas a bhaint as an taraif-chuóta a bhfuil an uimhir ordaithe 09.4731 ag gabháil leis. Cuirfidh an comhlacht inniúil de chuid Vítneam a liostaítear in Iarscríbhinn III aon fhaisnéis ábhartha ar fáil don Choimisiún, faisnéis a d’fhéadfadh cuidiú le fíorú na faisnéise atá ar fáil sna deimhnithe barántúlachta, go háirithe maidir le samplaí de na stampaí a úsáideadh iontu.”; |
(7) |
in Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: “6. Déanfar cóip chuí fhíordheimhnithe de dheimhniú IMA 1 mar aon leis an gceadúnas allmhairiúcháin comhfhreagrach agus na táirgí lena mbaineann a chur in iúl d’údaráis chustaim an Bhallstáit is allmhaireoir an tráth céanna a dtaiscfear an dearbhú maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas.”; |
(8) |
in Airteagal 59, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8: “8. Beidh deimhniú ón allmhaireoir ainmnithe sna Stáit Aontaithe ag gabháil le hiarratais ar cheadúnais onnmhairiúcháin ina luaitear a incháilitheacht le haghaidh allmhairiúcháin faoi rialacha na Stát Aontaithe maidir le ceadúnú allmhairiúcháin le haghaidh taraif-chuóta déiríochta a leagtar síos i gcuid 6 d’fhotheideal A de Theideal 7 de Code of Federal Regulations. I gcás iarratas leictreonach, féadfar cóip leictreonach den dearbhú sin a chur isteach.”; |
(9) |
leasaítear Airteagal 61 mar a leanas:
|
(10) |
in Airteagal 71, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. De mhaolú ar Airteagal 6, féadfaidh oibreoirí níos mó ná iarratas amháin ar cheadúnas a thaisceadh in aghaidh na míosa, agus féadfar iarratais ar cheadúnas a chur isteach aon lá, agus Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1239 á chur san áireamh.”; |
(11) |
leasaítear Airteagal 72 mar a leanas:
|
(12) |
leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV, VI, VII, VIII, IX, X, XI, XII agus Iarscríbhinn XIV.2 RICE i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Ní bheidh feidhm ag pointí (b) agus (c) d’Airteagal 53(2) ná Airteagal 53(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 maidir leis na taraif-chuótaí ná leis na cuótaí fo-tharaife faoi uimhreacha ordaithe 09.0138, 09.0139, 09.0140, 09.0141, 09.0165, 09.0166, 09.0167, 09.0168, 09.0169, 09.0142, 09.0143, 09.0161, 09.0162, 09.0163, 09.0164, 09.0146, 09.0147, 09.0148, 09.0149, 09.0150, 09.0151, 09.0152, 09.0159, 09.0160, 09.0154, 09.0155, 09.0156, 09.0157 agus 09.0158.”; |
(2) |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17: “Airteagal 17 Bainistíocht na dtaraif-chuótaí faoi uimhreacha ordaithe 09.0161, 09.0162, 09.0163 agus 09.0164 Úsáidfear taraif-chuótaí faoi uimhreacha ordaithe 09.0161 agus 09.0163 chun iarratas a dhéanamh ar chód AC ex 0202 20 30; úsáidfear taraif-chuótaí faoi uimhreacha ordaithe 09.0162 agus 09.0164 chun iarratas a dhéanamh ar chóid AC ex 0202 30 10, ex 0202 30 50, ex 0202 30 90 agus ex 0206 29 91.”; |
(5) |
leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
(6) |
leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29: “Airteagal 29 Taraif-chuótaí faoi uimhreacha ordaithe 09.0159 agus 09.0160 Úsáidfear taraif-chuóta 09.0159 chun iarratas a dhéanamh ar chód AC 0405 10; úsáidfear taraif-chuóta 09.0160 chun iarratas a dhéanamh ar chód AC 0405 90.”; |
(8) |
leasaítear Iarscríbhinní I agus II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 3
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/991 le héifeacht ón 1 Eanáir 2022.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1 amhail ón gcéad tréimhse iarratais ar cheadúnas tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Mar sin féin:
(a) |
beidh feidhm ag pointí (2)(d) agus (3)(e) d’Iarscríbhinn I ó thús na dtréimhsí leanúnacha taraif-chuótaí; |
(b) |
Beidh feidhm ag pointe (4), pointe (5)(b) agus pointe (6) d’Airteagal 1 agus ag pointe (1), pointe (3)(f) agus pointe (12) d’Iarscríbhinn I ón 1 Eanáir 2022. |
Beidh feidhm ag Airteagal 2 ó thús na dtréimhsí leanúnacha taraif-chuótaí.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(3) IO L 150, 20.5.2014, lch. 1.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas bainistíochta na dtaraif-chuótaí le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lch. 24).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le riaradh taraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí atá faoi réir ceadúnas agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hurrúis a thaisceadh agus taraif-chuótaí á riaradh (IO L 185, 12.6.2020, lch. 1).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/991 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2020 lena n-osclaítear taraif-chuótaí le haghaidh rís de thionscnamh Phoblacht Shóisialach Vítneam agus lena ndéantar foráil maidir lena riar (IO L 221, 10.7.2020, lch. 64).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le riaradh taraif-chuótaí ar allmhairí i gcomhréir leis an bprionsabal “tagadh do sheal mar a tháinig tú féin” (IO L 422, 14.12.2020, lch. 4).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 1095/96 ón gComhairle an 18 Meitheamh 1996 maidir le cur chun feidhme na lamháltas a leagtar amach i Sceideal CXL arna ndréachtú tar éis caibidlíochtaí GATT XXIV.6 a thabhairt i gcrích (IO L 146, 20.6.1996, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV, VI, VII, VIII, IX, X, XI, XII agus Iarscríbhinn XIV.2 RICE a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn I, cuirtear na rónna seo a leanas isteach faoin ró a bhaineann le taraif-chuóta 09.4168:
|
(2) |
leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(4) |
in Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an bhosca “Iontrálacha sonracha atá le déanamh ar an iarratas ar cheadúnas agus ar an gceadúnas” sa tábla ina dtagraítear don taraif-chuóta a bhfuil an uimhir ordaithe 09.4320 ag gabháil leis:
|
(5) |
in Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an bhosca “Iontrálacha sonracha atá le déanamh ar an iarratas ar cheadúnas agus ar an gceadúnas” sa tábla ina dtagraítear don taraif-chuóta a bhfuil an uimhir ordaithe 09.4287 ag gabháil leis:
|
(6) |
in Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an bhosca “Iontrálacha sonracha atá le déanamh ar an iarratas ar cheadúnas agus ar an gceadúnas” sa tábla ina dtagraítear don taraif-chuóta a bhfuil an uimhir ordaithe 09.4286 ag gabháil leis:
|
(7) |
leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:
|
(8) |
in Iarscríbhinn IX, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an bhosca “Iontrálacha sonracha atá le déanamh ar an iarratas ar cheadúnas agus ar an gceadúnas” sa tábla ina dtagraítear don taraif-chuóta a bhfuil an uimhir ordaithe 09.4595 ag gabháil leis:
|
(9) |
leasaítear Iarscríbhinn X mar a leanas:
|
(10) |
in Iarscríbhinn XI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an bhosca “Iontrálacha sonracha atá le déanamh ar an iarratas ar cheadúnas agus ar an gceadúnas” sna táblaí ina dtagraítear do na taraif-chuótaí a bhfuil na huimhreacha ordaithe 09.4401 agus 09.4402 ag gabháil leo:
|
(11) |
leasaítear Iarscríbhinn XII mar a leanas:
|
(12) |
cuirtear Cuid (D) mar a leanas le hIarscríbhinn XIV.2 RICE: “CUID D. De thionscnamh Vítneam Deimhniú Barántúlachta
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1988 mar a leanas:
(1) |
scriostar na táblaí ina dtagraítear do tharaif-chuótaí a bhfuil na huimhreacha ordaithe 09.0144, 09.0145, agus 09.0153 ag gabháil leo; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla ina dtagraítear don taraif-chuóta a bhfuil an uimhir ordaithe 09.0141 ag gabháil leis:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla ina dtagraítear do na taraif-chuótaí a bhfuil na huimhreacha ordaithe 09.0161 agus 09.0162 ag gabháil leo:
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla ina dtagraítear do na taraif-chuótaí a bhfuil na huimhreacha ordaithe 09.0163 agus 09.0164 ag gabháil leo:
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla ina dtagraítear do na taraif-chuóta a bhfuil na huimhreacha ordaithe 09.0159 agus 09.0160 ag gabháil leo:
|
(6) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Chuid B:
|
(1) IO L 47, 17.2.2006, lch. 54.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 30 Eanáir 2006 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe trí Mhalartú Litreacha idir an Comhphobal Eorpach agus an Astráil de bhun Airteagal XXIV:6 agus Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) a bhaineann le modhnú na lamháltas i sceidil Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice le linn a n-aontachais leis an Aontas Eorpach (IO L 47, 17.2.2006, lch. 52).’;
10.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 162/46 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/761 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Bealtaine 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 a mhéid a bhaineann le samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla d’ainmhithe pórúcháin agus do tháirgí geirmeacha díobh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (“An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 30(10) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 ón gCoimisiún (2) leagtar síos samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla d’ainmhithe pórúcháin agus do tháirgí geirmeacha díobh. Dréachtaíodh na samhailfhoirmeacha sin de dheimhnithe zóiteicniúla tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha. |
(2) |
Ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717, thug na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara fógra don Choimisiún maidir le fadhbanna praiticiúla áirithe a bhaineann le samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla a úsáid, a mhéid a bhaineann le sainaitheantas ainmhithe pórúcháin a fhíorú. Agus an taithí a fuarthas ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin Cur Chun Feidhme sin, ba cheart samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla a leasú chun fíorú shainaitheantas na n-ainmhithe pórúcháin a éascú. Maidir leis na sonraí nó an chásuimhir a thagraíonn don bhunachar sonraí ina bhfuil na mionsonraí ar fáil, ba cheart iad a chur ar fáil i ndeimhniú zóiteicniúil, sa bhosca a fhreagraíonn do thorthaí an fhíoraithe maidir le sainaitheantas na n-ainmhithe pórúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 a leasú dá réir. |
(3) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Zótheicnic, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 10 Lúnasa 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 171, 29.6.2016, lch. 66.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le samhailfhoirmeacha na ndeimhnithe zóiteicniúla d’ainmhithe pórúcháin agus do tháirgí geirmeacha díobh (IO L 109, 26.4.2017, lch. 9).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/717 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
CINNTÍ
10.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 162/50 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/762 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Bealtaine 2021
maidir le síneadh ama a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann lena gceadaítear táirgí bithicídeacha ina bhfuil própán-2-ól a chur ar fáil ar an margadh agus lena gceadaítear a n-úsáid mar tháirgí sláinteachais don duine i gcomhréir le hAirteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra dó faoi dhoiciméad C(2021) 3127)
(Is ag an téacs sa Bhéarla a bheidh an t-údarás agus aige sin amháin)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha (1) a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid, agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 55(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Meán Fómhair 2020, ghlac Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann (“an t-údarás inniúil”) cinneadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 lena gceadaítear táirgí bithicídeacha ina bhfuil própán-2-ól a chur ar fáil ar an margadh agus lena gceadaítear a n-úsáid mar tháirgí sláinteachais don duine go dtí an 16 Márta 2021 (“an ghníomhaíocht”). Chuir an t-údarás inniúil an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoin ngníomhaíocht agus faoin údar a bhí léi, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 55(1) den Rialachán sin. |
(2) |
De réir na faisnéise a chuir an t-údarás inniúil ar fáil, bhí gá leis an ngníomhaíocht chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Mhol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) dífhabhtáin láimhe de bhunús alcóil a úsáid mar bheart coisctheach i gcoinne leathadh COVID-19, ina rogha mhalartach ar lámha a ní le gallúnach agus uisce. |
(3) |
An foirmliú a mhol EDS atá bunaithe ar phrópán-2-ól, is é própán-2-ól atá ina shubstaint ghníomhach ann. Tá própán-2-ól formheasta lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 1 (sláinteachas an duine) mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(4) |
Ó thosaigh ráig phaindéim COVID-19, tá éileamh an-ard ar tháirgí dífhabhtúcháin in Éirinn, rud a d'fhág go raibh ganntanas soláthair nach bhfacthas a leithéid cheana maidir leis na táirgí sin ar mhargadh na hÉireann. Is bagairt thromchúiseach é COVID-19 don tsláinte phoiblí in Éirinn agus maidir le leathadh an víris a shrianadh tá sé ríthábhachtach dóthain táirgí dífhabhtúcháin a bheith ann. |
(5) |
De réir choinníollacha na gníomhaíochta, na cuideachtaí a bhfuil sé beartaithe acu na táirgí sin a chur ar fáil ar an margadh, ní mór dóibh faisnéis shonrach maidir leis na táirgí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil, agus déanfaidh an t-údarás cinneadh cé acu an dtabharfaidh sé cead na táirgí a chur ar fáil ar an margadh nó nach dtabharfaidh. |
(6) |
An 5 Feabhra 2021, fuair an Coimisiún iarraidh réasúnaithe ón údarás inniúil chun síneadh ama a chur leis an ngníomhaíocht i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh an iarraidh réasúnaithe ar bhonn na himní atá ann go bhféadfadh sé go mbeadh an tsláinte phoiblí i mbaol de bharr COVID-19 tar éis an 16 Márta 2021 agus é á chur san áireamh go bhfuil sé ríthábhachtach táirgí breise dífhabhtúcháin a cheadú ar an margadh chun an baol a bhaineann le COVID-19 a theorannú. |
(7) |
De réir an údaráis inniúil, tá an t-éileamh ar tháirgí dífhabhtúcháin chun críocha shláinteachas an duine fós an-ard de bharr na minicíochta leanúnaí a bhaineann le COVID-19 in Éirinn. |
(8) |
Gach cuideachta a chuir a cuid táirgí ar fáil ar an margadh faoin ngníomhaíocht, mhol an t-údarás inniúil dóibh gnáthúdarú le haghaidh na dtáirgí a lorg a luaithe is féidir chun bearnaí i margaíocht na dtáirgí a íoslaghdú. Rinne roinnt cuideachtaí iarratas ar údarú náisiúnta maidir lena gcuid táirgí. Beidh gá le tréimhse fhada ama, áfach, chun meastóireacht a dhéanamh ar na hiarratais. |
(9) |
Ós rud é go bhfuil COVID-19 fós ina bhaol don tsláinte phoiblí agus nach féidir an baol sin a shrianadh ar bhealach leordhóthanach in Éirinn de cheal táirgí dífhabhtúcháin breise a bheith ceadaithe ar an margadh, is iomchuí cead a thabhairt don údarás inniúil síneadh ama a chur leis an ngníomhaíocht. |
(10) |
I bhfianaise go bhfuil an ghníomhaíocht imithe in éag ó bhí an 17 Márta 2021 ann, ba cheart éifeacht chúlghabhálach a bheith ag an gCinneadh seo. |
(11) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An cead táirgí bithicídeacha ina bhfuil própán-2-ól a chur ar fáil ar an margadh agus iad a úsáid mar tháirgí sláinteachais don duine, féadfaidh Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann síneadh ama a chur leis an gcead sin go dtí an 18 Meán Fómhair 2022.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann.
Beidh feidhm aige ón 17 Márta 2021.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún