|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 158 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
6.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 158/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/731 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Eanáir 2021
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le rialacha nós imeachta maidir le pionóis a fhorchuireann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír nó tríú páirtithe gaolmhara
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 25i(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le Rialachán (AE) 2019/2099 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Leis na leasuithe sin tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, inter alia, cumhacht a thabhairt don Choimisiún na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ESMA”) an chumhacht a fheidhmiú fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír (“CPLanna tríú tír”) agus tríú páirtithe gaolmhara a ndearna CPLanna tríú tír feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu (“tríú páirtithe gaolmhara”). Go háirithe, ba cheart na nithe seo a leanas a chuimsiú sna rialacha nós imeachta sin – forálacha maidir le cearta na cosanta, forálacha ama, fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú. |
|
(2) |
In Airteagal 41(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh aithnítear ceart gach duine chun éisteacht a fháil sula nglactar aon bheart leithleach i ndáil leis ar beart é a dhéanfadh dochar dó, agus ceart gach duine rochtain a fháil ar a chomhad, agus leasanna dlisteanacha rúndachta agus sicréideachta gairmiúla agus gnó á n-urramú ag an am céanna. |
|
(3) |
Chun a áirithiú go n-urramófar cearta cosanta CPLanna tríú tír agus tríú páirtithe gaolmhara atá faoi réir gníomhaíochtaí de chuid ESMA, agus chun a áirithiú go gcuirfidh ESMA na fíorais ábhartha ar fad san áireamh agus cinntí forfheidhmiúcháin á nglacadh aige, ba cheart do ESMA éisteacht a thabhairt don CPL tríú tír nó na tríú páirtithe gaolmhara nó aon duine eile lena mbaineann. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith de cheart ag CPLanna tríú tír agus ag tríú páirtithe gaolmhara aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn mar fhreagra ar ráitis cinntí a d’eisigh an t-oifigeach imscrúdúcháin agus ESMA, lena n-áirítear i gcás ina ndearnadh athruithe ábhartha ar an ráiteas bunaidh cinntí. Ina theannta sin, ba cheart an deis a bheith ag an oifigeach imscrúdúcháin agus ESMA cuireadh a thabhairt do CPLanna tríú tír agus tríú páirtithe gaolmhara tuilleadh mínithe a thabhairt ag éisteacht ó bhéal i gcás ina measfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin nó ESMA nach bhfuil gnéithe áirithe de na haighneachtaí a rinneadh i scríbhinn chuig an oifigeach imscrúdúcháin nó ESMA, nach bhfuil siad soiléir ná mionsonraithe go leor, agus go bhfuil gá le tuilleadh mínithe. |
|
(4) |
Tá sé tábhachtach trédhearcacht a áirithiú idir an t-oifigeach imscrúdúcháin a cheapann ESMA i gcomhréir le hAirteagal 25i de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus ESMA féin. Éilíonn an trédhearcacht sin na nithe seo a leanas a bheith i gcomhad an oifigigh imscrúdúcháin, sa bhreis ar an ráiteas cinntí – aon aighneacht a rinne na CPLanna tríú tír nó na tríú páirtithe gaolmhara, an ráiteas cinntí ba bhonn do na haighneachtaí a chuir na CPLanna tríú tír nó na tríú páirtithe gaolmhara sin isteach, agus na miontuairiscí ó aon éisteacht ó bhéal. |
|
(5) |
De réir an dara fomhír d’Airteagal 25l(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nuair atá gá le gníomhaíocht phráinneach is féidir le ESMA cinntí eatramhacha a ghlacadh lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla gan na daoine atá faoi réir imscrúdaithe nó imeachtaí a éisteacht ar dtús. Éifeachtacht na cumhachta atá ag ESMA cinntí eatramhacha a ghlacadh, chun sin a áirithiú, níor cheart é a bheith de cheart ag na CPLanna agus na tríú páirtithe gaolmhara atá faoi réir imscrúdaithe rochtain a fháil ar an gcomhad ná éisteacht a fháil sula gcuirfidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chuid cinntí faoi bhráid ESMA, ná sula nglacfaidh ESMA a chinneadh eatramhach. Mar sin féin, ionas go n-urramófar cearta na cosanta, na CPLanna tríú tír agus na tríú páirtithe gaolmhara, ba cheart é a bheith de cheart acu rochtain a fháil ar an gcomhad a luaithe a dhéanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a ráiteas cinntí a chur faoi bhráid ESMA, agus ba cheart é a bheith de cheart acu éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis do ESMA a chinneadh eatramhach a ghlacadh. |
|
(6) |
Ar chúiseanna comhsheasmhachta, na tréimhsí teorann i dtaca le fíneálacha nó íocaíochtaí pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú, ba cheart na nithe seo a leanas a chur san áireamh iontu – reachtaíocht an Aontais atá ann cheana is infheidhme maidir le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú ar eintitis mhaoirsithe, taithí ESMA ar an reachtaíocht sin a chur i bhfeidhm i ndáil le stórtha trádála faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, an fíoras gur lasmuigh den Aontas atá CPLanna tríú tír lonnaithe, agus an gá atá ann go ndéanfaidh ESMA comhordú le húdaráis sna dlínsí tríú tír sin i ndáil le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin. Ba cheart tréimhsí teorann a ríomh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana maidir le gníomhartha ón gComhairle agus ón gCoimisiún, agus go háirithe Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle (3). |
|
(7) |
De réir Airteagal 25m(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, na méideanna a chomhfhreagraíonn do na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailíonn ESMA, tá siad le leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailíonn ESMA, ba cheart iad a thaisceadh i gcuntais úsmhara go dtí go mbeidh siad críochnaitheach. I gcás gach cinnidh lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, ba cheart na méideanna a bhailíonn ESMA a thaisceadh i gcuntas nó i bhfochuntas ar leithligh chun a áirithiú go mbeidh siad inrianaithe go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh sin. |
|
(8) |
Ar mhaithe le ESMA cumhachtaí éifeachtacha maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a fheidhmiú láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo sonraítear a thuilleadh na rialacha nós imeachta maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla atá le forchur ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír (CPLanna) nó tríú páirtithe gaolmhara a ndearna na CPLanna sin feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu faoi réir imeachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin ESMA, lena n-áirítear rialacha maidir le cearta na cosanta agus tréimhsí teorann.
Airteagal 2
An ceart éisteacht a fháil ón oifigeach imscrúdúcháin
1. Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an t-imscrúdú a chríochnú agus sula gcuirfidh sé an comhad faoi bhráid ESMA de bhun Airteagal 3(1), cuirfidh sé an duine atá faoi réir imscrúdaithe ar an eolas i scríbhinn ina luafar a chuid cinntí agus tabharfaidh sé deis don duine sin aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn de bhun mhír 3. Sa ráiteas cinntí sin leagfar amach na fíorais ar dóigh gurb éard atá iontu ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus cuimseofar leis sin aon fhachtóir géaraitheach nó maolaitheach a bhaineann leis na sáruithe sin.
2. Sa ráiteas cinntí socrófar teorainn ama réasúnach ar laistigh di a fhéadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe a chuid aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn. Aighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis don teorainn ama sin dul in éag, ní bheidh oibleagáid ar an oifigeach imscrúdúcháin iad a chur san áireamh.
3. An duine atá faoi réir imscrúdaithe, féadfaidh sé na fíorais ar fad atá ar eolas aige atá ábhartha dá chosaint a leagan amach ina chuid aighneachtaí i scríbhinn. Cuirfidh sé aon doiciméad ábhartha i gceangal mar chruthúnas ar na fíorais a leagtar amach. Daoine eile a fhéadfaidh comhthacú leis na fíorais a leagtar amach ina chuid aighneachtaí, féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe a mholadh go ndéanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin iad a éisteacht.
4. Ina theannta sin, duine atá faoi réir imscrúdaithe ar díríodh ráiteas cinntí chuige, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin cuireadh a thabhairt dó freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh na daoine atá faoi réir imscrúdaithe cúnamh a fháil óna ndlíodóirí nó ó dhaoine cáilithe eile a cheadaíonn an t-oifigeach imscrúdúcháin. Ní reáchtálfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.
Airteagal 3
An ceart éisteacht a fháil ó ESMA maidir le fíneálacha agus bearta maoirseachta
1. Sa chomhad iomlán atá le cur faoi bhráid ESMA ag an oifigeach imscrúdúcháin, cuimseofar na doiciméid a leanas:
|
(a) |
an ráiteas cinntí agus cóip den ráiteas cinntí a dhíreofar chuig an duine atá faoi réir an imscrúdaithe; |
|
(b) |
cóip de na haighneachtaí i scríbhinn ón duine atá faoi réir an imscrúdaithe; |
|
(c) |
na miontuairiscí ó aon éisteacht ó bhéal. |
2. An comhad a chuirfidh an t-oifigeach imscrúdúcháin isteach, i gcás ina measfaidh ESMA nach bhfuil an comhad sin iomlán, cuirfidh sé ar ais chuig an oifigeach imscrúdúcháin é agus iarraidh réasúnaithe ar dhoiciméid bhreise i dteannta leis.
3. Na fíorais a dtugtar tuairisc orthu sa ráiteas cinntí, i gcás ina measfaidh ESMA bunaithe ar chomhad iomlán go ndealraíonn sé nach sárú atá sna fíorais sin a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, cinnfidh sé an t-imscrúdú a scor agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin don duine atá faoi réir imscrúdaithe.
4. I gcás nach n-aontóidh ESMA le cinntí an oifigigh imscrúdúcháin, cuirfidh sé ráiteas nua cinntí faoi bhráid na ndaoine atá faoi réir imscrúdaithe.
Sa ráiteas cinntí socrófar teorainn ama réasúnach ar laistigh di a fhéadfaidh na daoine atá faoi réir imscrúdaithe aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn. Aighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis don teorainn ama sin dul in éag, ní bheidh oibleagáid ar ESMA iad a chur san áireamh.
Ina theannta sin, na daoine atá faoi réir imscrúdaithe ar díríodh ráiteas cinntí chucu, féadfaidh ESMA cuireadh a thabhairt dóibh freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh na daoine atá faoi réir imscrúdaithe cúnamh a fháil óna ndlíodóirí nó ó dhaoine cáilithe eile a cheadaíonn ESMA. Ní reáchtálfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.
5. I gcás ina n-aontóidh ESMA le cinntí an oifigigh imscrúdúcháin ar fad nó le cuid díobh, cuirfidh sé na daoine atá faoi réir imscrúdaithe ar an eolas dá réir. Sa chumarsáid sin socrófar teorainn ama réasúnach ar laistigh di a fhéadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn. Aighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis don teorainn ama sin dul in éag, ní bheidh oibleagáid ar ESMA iad a chur san áireamh.
Ina theannta sin, na daoine atá faoi réir imscrúdaithe ar díríodh ráiteas cinntí chucu, féadfaidh ESMA cuireadh a thabhairt dóibh freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh na daoine atá faoi réir imscrúdaithe cúnamh a fháil óna ndlíodóirí nó ó dhaoine cáilithe eile a cheadaíonn ESMA. Ní reáchtálfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.
6. I gcás ina gcinnfidh ESMA go ndearna duine atá faoi réir imscrúdaithe ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus ina nglacfaidh sé cinneadh lena ngearrtar fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 25j den Rialachán sin, tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin don duine atá faoi réir imscrúdaithe láithreach.
Airteagal 4
An ceart éisteacht a fháil ó ESMA maidir le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
Sula ndéanfaidh sé cinneadh lena bhforchuirtear íocaíocht phionósach thréimhsiúil i gcomhréir le hAirteagal 25k de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, cuirfidh ESMA ráiteas cinntí faoi bhráid an duine atá faoi réir na n-imeachtaí, ráiteas ina leagfar amach na cúiseanna lena dtugtar údar le híocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur agus méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla in aghaidh gach lae a bheidh neamhchomhlíonadh i gceist. Sa ráiteas cinntí socrófar teorainn ama ar laistigh di a fhéadfaidh an duine atá faoi réir imeachtaí aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn. Aighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis don teorainn ama sin dul in éag, ní bheidh oibleagáid ar ESMA iad a chur san áireamh maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil leis an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.
An duine atá faoi réir imeachtaí, a luaithe a chomhlíonfaidh sé an cinneadh ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 25k(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní fhéadfar íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur a thuilleadh.
Sa chinneadh lena bhforchuirtear íocaíocht phionósach thréimhsiúil sonrófar an bunús dlí agus na cúiseanna atá leis an gcinneadh, méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, agus túsdáta na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla.
Ina theannta sin féadfaidh ESMA cuireadh a thabhairt don duine atá faoi réir imeachtaí freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh na daoine atá faoi réir imeachtaí cúnamh a fháil óna dhlíodóirí nó ó dhaoine cáilithe eile a cheadaíonn ESMA. Ní reáchtálfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.
Airteagal 5
An ceart éisteacht a fháil ó ESMA maidir le cinntí eatramhacha lena ngearrtar fíneálacha
1. De mhaolú ar Airteagail 2 agus 3 den Rialachán seo, an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, beidh feidhm aige i gcás ina nglacfaidh ESMA cinntí eatramhacha lena ngearrtar fíneálacha de bhun an dara fomhír d’Airteagal 25l(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 gan na daoine atá faoi réir imscrúduithe a éisteacht ar dtús.
2. Cuirfidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chuid cinntí faoi bhráid ESMA agus cuirfidh sé an duine atá faoi réir imscrúdaithe ar an eolas láithreach maidir lena chuid cinntí, ach ní thabharfaidh sé an deis don duine sin aighneachtaí a dhéanamh. I ráiteas cinntí an oifigigh imscrúdúcháin leagfar amach na fíorais ar dóigh gurb éard atá iontu ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus cuimseofar leis sin aon fhachtóir géaraitheach nó maolaitheach a bhaineann leis na sáruithe sin.
Arna iarraidh sin air, deonóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rochtain ar an gcomhad don duine atá faoi réir imscrúdaithe.
3. I gcás ina measfaidh ESMA, maidir leis na fíorais a dtugtar tuairisc orthu i ráiteas cinntí an oifigigh imscrúdúcháin, go ndealraíonn sé nach sárú atá iontu a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, cinnfidh sé an t-imscrúdú a scor agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin don duine atá faoi réir imscrúdaithe.
4. I gcás ina gcinnfidh ESMA go ndearna an duine atá faoi réir imscrúdaithe ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus ina nglacfaidh sé cinneadh eatramhach lena ngearrtar fíneálacha i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 25l(1) den Rialachán sin, tabharfaidh ESMA fógra faoin gcinneadh eatramhach sin don duine sin láithreach.
Socróidh ESMA teorainn ama réasúnach ar laistigh di a fhéadfaidh duine atá faoi réir imscrúdaithe aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn maidir leis an gcinneadh eatramhach. Aighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis don teorainn ama sin dul in éag, ní bheidh oibleagáid ar ESMA iad a chur san áireamh.
Arna iarraidh sin air, deonóidh ESMA rochtain ar an gcomhad do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe.
Féadfaidh ESMA cuireadh a thabhairt do na daoine atá faoi réir imscrúdaithe freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh na daoine atá faoi réir imscrúdaithe cúnamh a fháil óna ndlíodóirí nó ó dhaoine cáilithe eile a cheadaíonn ESMA. Ní reáchtálfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.
5. A luaithe is féidir tar éis an cinneadh eatramhach a ghlacadh is ea a thabharfaidh ESMA éisteacht don duine atá faoi réir an imscrúdaithe agus a dhéanfaidh sé cinneadh críochnaitheach.
I gcás ina measfaidh ESMA, bunaithe ar an gcomhad iomlán agus tar éis na daoine atá faoi réir imscrúdaithe a éisteacht, go ndearna an duine atá faoi réir imscrúdaithe ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, glacfaidh sé cinneadh daingniúcháin lena ngearrtar fíneálacha i gcomhréir le hAirteagal 25j den Rialachán sin. Tabharfaidh ESMA fógra faoin gcinneadh sin do na daoine atá faoi réir imscrúdaithe láithreach.
I gcás ina nglacfaidh ESMA cinneadh críochnaitheach nach ndeimhneofar an cinneadh eatramhach leis, measfar an cinneadh eatramhach a bheith aisghairthe.
Airteagal 6
An ceart éisteacht a fháil ó ESMA maidir le cinntí eatramhacha lena bhforchuirtear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla
1. De mhaolú ar Airteagal 4, an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, beidh feidhm aige i gcás ina nglacfaidh ESMA cinntí eatramhacha lena bhforchuirtear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de bhun an dara fomhír d’Airteagal 25l(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 gan an duine atá faoi réir imeachtaí a éisteacht ar dtús.
2. Sa chinneadh eatramhach lena bhforchuirtear íocaíocht phionósach thréimhsiúil sonrófar an bunús dlí agus na cúiseanna atá leis an gcinneadh, méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, agus túsdáta na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla.
An duine atá faoi réir imeachtaí, a luaithe a chomhlíonfaidh sé an cinneadh ábhartha dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 25k(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní fhéadfar cinneadh eatramhach lena bhforchuirtear íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghlacadh a thuilleadh.
Tabharfaidh ESMA fógra faoin gcinneadh eatramhach don duine atá faoi réir imeachtaí láithreach agus socróidh sé teorainn ama ar laistigh di a fhéadfaidh an duine sin aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn. Aighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis don teorainn ama sin dul in éag, ní bheidh oibleagáid ar ESMA iad a chur san áireamh.
Arna iarraidh sin air, deonóidh ESMA rochtain ar an gcomhad don duine atá faoi réir imeachtaí.
Ina theannta sin féadfaidh ESMA cuireadh a thabhairt don duine atá faoi réir imeachtaí freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh an duine atá faoi réir imeachtaí cúnamh a fháil óna dhlíodóirí nó ó dhaoine cáilithe eile a cheadaíonn ESMA. Ní reáchtálfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.
3. I gcás ina measfaidh ESMA, bunaithe ar an gcomhad iomlán agus tar éis an duine atá faoi réir imeachtaí a éisteacht, go raibh na fíorais le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i gceist an tráth a glacadh an cinneadh eatramhach, glacfaidh ESMA cinneadh deimhniúcháin lena bhforchuirtear íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla i gcomhréir le hAirteagal 25k de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Tabharfaidh ESMA fógra faoin gcinneadh sin don duine atá faoi réir imeachtaí láithreach.
I gcás ina nglacfaidh ESMA cinneadh nach ndeimhneofar an cinneadh eatramhach leis, measfar an cinneadh eatramhach a bheith aisghairthe.
Airteagal 7
Rochtain ar an gcomhad agus úsáid doiciméad
1. I gcás ina n-iarrfar sin air, deonóidh ESMA rochtain ar an gcomhad do na páirtithe ar chuir an t-oifigeach imscrúdúcháin nó ESMA ráiteas cinntí chucu. Deonófar rochtain tar éis fógra a thabhairt faoi aon ráiteas cinntí.
2. Doiciméid de chuid an chomhaid a bhfaightear rochtain orthu de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ní úsáidfear iad ach chun críoch imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a bhaineann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chur i bhfeidhm.
Airteagal 8
Tréimhsí teorann maidir le pionóis a fhorchur
1. Na cumhachtaí a thugtar do ESMA fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar CPLanna tríú tír agus tríú páirtithe gaolmhara a ndearna na CPLanna tríú tír feidhmeanna nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheachfhoinsiú chucu, beidh na cumhachtaí sin faoi réir tréimhse teorann 5 bliana.
2. Is ar an lá tar éis an lae a dhéanfar an sárú a thosóidh an tréimhse teorann dá dtagraítear i mír 1. Mar sin féin, i gcás sáruithe leanúnacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, is ar an lá a thiocfaidh deireadh leis an sárú a thosóidh an tréimhse teorann.
3. Aon bheart a dhéanfaidh ESMA chun críoch an imscrúdaithe nó chun críocha na n-imeachtaí i ndáil le sárú a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, brisfidh sé an tréimhse teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Briseadh na tréimhse teorann sin, beidh éifeacht leis ón dáta a thabharfar fógra faoin mbeart don duine atá faoi réir imscrúdaithe nó imeachtaí i ndáil le sárú a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
4. Is é an toradh a bheidh ar gach briseadh go ndéanfar an tréimhse teorann a atosú. Mar sin féin, is é an tráth is déanaí a rachaidh an tréimhse teorann in éag an lá a bheidh tréimhse curtha isteach is ionann le dúbailt na tréimhse teorann, agus gan aon fhíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil forchurtha ag ESMA le linn an ama sin. An t-am a bheidh an teorainn ar fionraí de bhun mhír 5, cuirfear é de shíneadh leis an tréimhse sin.
5. An tréimhse teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, cuirfear ar fionraí í fad atá cinneadh ESMA faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair an Bhoird Achomhairc, i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 25n de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
Airteagal 9
Tréimhsí teorann maidir le pionóis a fhorfheidhmiú
1. Cinntí a ghlactar de bhun Airteagail 25j agus 25k de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, an chumhacht atá ag ESMA na cinntí sin a fhorfheidhmiú, beidh sí faoi réir tréimhse teorann 8 mbliana.
2. An tréimhse ocht mbliana dá dtagraítear i mír 1, is ar an lá tar éis an lae a dhéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh a thosóidh sí.
3. An tréimhse teorann i dtaca le pionóis a fhorfheidhmiú, déanfaidh na nithe seo a leanas í a bhriseadh:
|
(a) |
fógra ó ESMA don duine atá faoi réir imeachtaí faoi chinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla; |
|
(b) |
aon ghníomhaíocht de chuid ESMA, nó de chuid údaráis tríú tír atá ag gníomhú ar iarratas ó ESMA, atá ceaptha chun íoc na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú, nó chun téarmaí agus coinníollacha íocaíochta na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú. |
4. Is é an toradh a bheidh ar gach briseadh go ndéanfar an tréimhse teorann a atosú.
5. An tréimhse teorann i dtaca le pionóis a fhorfheidhmiú, cuirfear ar fionraí í fad:
|
(a) |
a cheadófar am chun íocaíocht a dhéanamh; |
|
(b) |
a chuirfear forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh ó ESMA atá ar feitheamh os comhair an Bhoird Achomhairc, i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, agus os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 25n de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. |
Airteagal 10
Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú
Méideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailíonn ESMA, taiscfear iad i gcuntas úsmhar arna oscailt ag oifigeach cuntasaíochta ESMA go dtí go mbeidh siad críochnaitheach. I gcás ina mbaileoidh ESMA iliomad fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ag an am céanna, áiritheoidh oifigeach cuntasaíochta ESMA go dtaiscfear iad i gcuntais nó i bhfochuntais éagsúla. Ní dhéanfar méideanna a íocfar a iontráil i mbuiséad ESMA ná a thaifeadadh mar mhéideanna buiséadacha.
A luaithe a shuífidh Oifigeach Cuntasaíochta ESMA gur críochnaitheach feasta iad na fíneálacha nó na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla tar éis toradh a fháil ar gach dúshlán dhlíthiúil ab fhéidir a dhéanamh, aistreoidh sé na méideanna sin móide aon ús a fhaibhreoidh orthu chuig an gCoimisiún Eorpach. Iontrálfar na méideanna sin i mbuiséad an Aontais faoi ioncam ginearálta.
Oifigeach Údarúcháin na hArd-Stiúrthóireachta um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, tuairisceoidh Oifigeach Cuntasaíochta ESMA dó ar bhonn rialta maidir le méideanna na bhfíneálacha agus sna híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear agus lena stádas.
Airteagal 11
Tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama a ríomh
Beidh feidhm ag Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 maidir le tréimhsí ama, dátaí agus teorainneacha ama a leagtar amach sa Rialachán seo.
Airteagal 12
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Eanáir 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2019/2099 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis na nósanna imeachta agus na húdaráis atá rannpháirteach in CPLanna a údarú agus leis na ceanglais maidir le haitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír (IO L 322, 12.12.2019, lch. 1).
(3) Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
|
6.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 158/8 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/732 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Eanáir 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 667/2014 ón gCoimisiún i dtaca le hinneachar an chomhaid atá le cur faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí ag an oifigeach imscrúdúcháin, leis an gceart éisteacht a fháil maidir le cinntí eatramhacha, agus le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a thaisceadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 64(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Bhain na leasuithe sin, inter alia, leis an sainmhíniú ar chontrapháirtithe airgeadais, leis an gceart atá ag daoine atá faoi réir imscrúdaithe rochtain a fháil ar an gcomhad imscrúdúcháin, leis na fíneálacha atá le híoc ag stór trádála a rinne, d’aon ghnó nó le faillí, ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus leis an gceart atá ag daoine a d’fhéadfadh a bheith faoi réir íocaíocht phionósach thréimhsiúil, an ceart atá acu éisteacht a fháil. |
|
(2) |
Is ar bhonn Airteagal 64(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a glacadh Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 667/2014 ón gCoimisiún (3), agus déileáiltear ann leis na rialacha nós imeachta maidir le pionóis a fhorchuireann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ESMA”) ar stórtha trádála, lena n-áirítear rialacha maidir le cearta na cosanta. Na leasuithe a tugadh isteach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le Rialachán (AE) 2019/834, ós rud é go mbaineann siad leis na rialacha nós imeachta sin, is gá a áirithiú go léirítear na leasuithe sin i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 667/2014 freisin. |
|
(3) |
Tá sé tábhachtach trédhearcacht a áirithiú idir an t-oifigeach imscrúdúcháin a cheapann ESMA i gcomhréir le hAirteagal 64 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus ESMA féin. Éilíonn an trédhearcacht sin an dá ní seo a leanas a bheith i gcomhad an oifigigh imscrúdúcháin – na haighneachtaí a rinne na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe agus an ráiteas cinntí arb é ba bhonn do na haighneachtaí a chuir na daoine sin isteach. |
|
(4) |
De réir an dara fomhír d’Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, nuair atá gá le gníomhaíocht phráinneach is féidir le ESMA cinntí eatramhacha a ghlacadh gan na daoine atá faoi réir imscrúdaithe nó imeachtaí a éisteacht ar dtús. Éifeachtacht na cumhachta atá ag ESMA cinntí eatramhacha a ghlacadh, chun sin a áirithiú, níor cheart é a bheith de cheart ag daoine atá faoi réir imscrúdaithe rochtain a fháil ar an gcomhad ná éisteacht a fháil sula gcuirfidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chuid cinntí faoi bhráid ESMA, ná sula nglacfaidh ESMA a chinneadh eatramhach. Mar sin féin, ionas go n-urramaítear cearta na cosanta, an duine atá faoi réir imscrúdaithe, ba cheart é a bheith de cheart aige rochtain a fháil ar an gcomhad a luaithe a bheidh an comhad ina bhfuil a ráiteas cinntí curtha faoi bhráid ESMA ag an oifigeach imscrúdúcháin, agus ba cheart é a bheith de cheart aige éisteacht a fháil a luaithe is féidir tar éis do ESMA a chinneadh eatramhach a ghlacadh. |
|
(5) |
De réir Airteagal 68(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, na méideanna a chomhfhreagraíonn do na fíneálacha agus na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailíonn ESMA, tá siad le leithdháileadh ar bhuiséad ginearálta an Aontais. Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailíonn ESMA, ba cheart iad a thaisceadh i gcuntais úsmhara go dtí go mbeidh siad críochnaitheach. I gcás gach cinnidh lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla, ba cheart na méideanna a bhailíonn ESMA a thaisceadh i gcuntas nó i bhfochuntas ar leithligh chun a áirithiú go mbeidh siad inrianaithe go dtí go ndéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh sin. |
|
(6) |
Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 667/2014 a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Ar mhaithe le ESMA cumhachtaí éifeachtacha maoirseachta agus forfheidhmithe a fheidhmiú láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 667/2014 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Sa chomhad iomlán atá le cur faoi bhráid ESMA ag an oifigeach imscrúdúcháin, cuimseofar na doiciméid a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear isteach an tAirteagal 3a seo a leanas: “Airteagal 3a An ceart éisteacht a fháil ó ESMA maidir le cinntí eatramhacha i ndáil le bearta maoirseachta 1. De mhaolú ar Airteagail 2 agus 3, an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo, beidh feidhm aige i gcás ina nglacfaidh ESMA cinntí eatramhacha de bhun an dara fomhír d’Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. 2. Cuirfidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chuid cinntí faoi bhráid ESMA agus cuirfidh sé an duine atá faoi réir imscrúdaithe ar an eolas láithreach maidir lena chuid cinntí, ach ní thabharfaidh sé an deis don duine sin aighneachtaí a dhéanamh. I ráiteas cinntí an oifigigh imscrúdúcháin leagfar amach na fíorais ar dóigh gurb éard atá iontu ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus cuimseofar leis sin aon fhachtóir géaraitheach nó maolaitheach a bhaineann leis na sáruithe sin. Arna iarraidh sin air, deonóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rochtain ar an gcomhad don duine atá faoi réir imscrúdaithe. 3. I gcás ina measfaidh ESMA, maidir leis na fíorais a dtugtar tuairisc orthu i ráiteas cinntí an oifigigh imscrúdúcháin, go ndealraíonn sé nach sárú atá iontu a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, cinnfidh sé an t-imscrúdú a scor agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin don duine atá faoi réir imscrúdaithe. 4. I gcás ina gcinnfidh ESMA go ndearna an duine atá faoi réir imscrúdaithe ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus ina nglacfaidh sé cinneadh eatramhach lena bhforchuirtear bearta maoirseachta faoi mar a leagtar síos in Airteagal 73(1), pointí (a), (c) agus (d) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, tabharfaidh ESMA fógra faoin gcinneadh eatramhach sin don duine sin láithreach. Socróidh ESMA teorainn ama réasúnach ar laistigh di a fhéadfaidh na daoine atá faoi réir imscrúdaithe aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh maidir leis an gcinneadh eatramhach. Aighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis dháta éaga na teorann ama sin, ní bheidh oibleagáid ar ESMA iad a chur san áireamh. Arna iarraidh sin air, deonóidh ESMA rochtain ar an gcomhad do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe. Féadfaidh ESMA cuireadh a thabhairt do na daoine atá faoi réir imscrúdaithe freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh na daoine atá faoi réir imscrúdaithe cúnamh a fháil óna ndlíodóirí nó ó dhaoine cáilithe eile a cheadaíonn ESMA. Ní reáchtálfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí. 5. A luaithe is féidir tar éis an cinneadh eatramhach a ghlacadh is ea a thabharfaidh ESMA éisteacht don duine atá faoi réir an imscrúdaithe agus a dhéanfaidh sé cinneadh críochnaitheach. I gcás ina measfaidh ESMA, bunaithe ar an gcomhad iomlán agus tar éis na daoine atá faoi réir imscrúdaithe a éisteacht, go ndearna an duine atá faoi réir imscrúdaithe ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, glacfaidh sé cinneadh daingniúcháin lena bhforchuirtear ceann amháin nó níos mó de na bearta maoirseachta a leagtar síos in Airteagal 73(1), pointí (a), (c) agus (d), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Tabharfaidh ESMA fógra faoin gcinneadh sin don duine lena mbaineann láithreach. I gcás ina nglacfaidh ESMA cinneadh críochnaitheach nach ndeimhneofar an cinneadh eatramhach leis, measfar an cinneadh eatramhach a bheith aisghairthe.”; |
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Eanáir 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála (IO L 141, 28.5.2019, lch. 42).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 667/2014 ón gCoimisiún an 13 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le rialacha nós imeachta maidir le pionóis a fhorchuireann an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar stórtha trádála, lena n-áirítear rialacha maidir le cearta na cosanta agus le forálacha ama (IO L 179, 19.6.2014, lch. 31).
|
6.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 158/11 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/733 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Bealtaine 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 887/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/961 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe i gcomhair Enterococcus faecium CECT 4515 mar bhreiseán beatha agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1395 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe chun Bacillus amyloliquefaciens CECT 5940 a úsáid mar bhreiseán beatha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 13(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. |
|
(2) |
Chuir Evonik Nutrition & Care GmbH iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 lenar moladh ainm shealbhóir an údaraithe a athrú a mhéid a bhaineann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 887/2011 ón gCoimisiún (2), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/961 ón gCoimisiún (3) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1395 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
Maíonn an t-iarratasóir gur athraigh Evonik Nutrition & Care GmbH a ainm go Evonik Operations GmbH. Bhí na sonraí tacaíochta ábhartha ag gabháil leis an iarratas. |
|
(4) |
Is athrú glan riaracháin é an t-athrú sin atá beartaithe i dtéarmaí an údaraithe agus ní dhéanfar measúnú nua ar an mbreiseán lena mbaineann. Cuireadh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia ar an eolas faoin iarratas. |
|
(5) |
Is gá téarmaí an údaraithe a athrú chun gur féidir leis an iarratasóir a chearta margaíochta faoin ainm Evonik Operations GmbH a shaothrú. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 887/2011, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/961 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1395 a leasú dá réir. |
|
(7) |
Ós rud é nach gá an leasú a rinneadh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 887/2011, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/961 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1395 a chur i bhfeidhm láithreach mar gheall ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse ina bhféadfar stoic atá ann cheana a úsáid. |
|
(8) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 887/2011
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 887/2011 mar a leanas:
|
(1) |
sa teideal, cuirtear na focail “sealbhóir an údaraithe Evonik Operations GmbH” in ionad na bhfocal “sealbhóir an údaraithe Evonik Nutrition & Care GmbH”; |
|
(2) |
sa dara colún den Iarscríbhinn, “Ainm shealbhóir an údaraithe”, cuirtear “Evonik Operations GmbH” in ionad na bhfocal “Evonik Nutrition & Care GmbH”. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/961
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/961 mar a leanas:
|
(1) |
sa teideal, cuirtear na focail “sealbhóir an údaraithe Evonik Operations GmbH” in ionad na bhfocal “sealbhóir an údaraithe Evonik Nutrition & Care GmbH”; |
|
(2) |
sa dara colún den Iarscríbhinn, “Ainm shealbhóir an údaraithe”, cuirtear “Evonik Operations GmbH” in ionad na bhfocal “Evonik Nutrition & Care GmbH”. |
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1395
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1395 mar a leanas:
|
(1) |
sa teideal, cuirtear na focail “sealbhóir an údaraithe Evonik Operations GmbH” in ionad na bhfocal “sealbhóir an údaraithe Evonik Nutrition & Care GmbH”; |
|
(2) |
sa dara colún den Iarscríbhinn, “Ainm shealbhóir an údaraithe”, cuirtear “Evonik Operations GmbH” in ionad na bhfocal “Evonik Nutrition & Care GmbH”. |
Airteagal 4
Bearta idirthréimhseacha
Stoic na mbreiseán atá ann cheana agus atá i gcomhréir leis na forálacha arna gcur i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfar leanúint de na stoic sin a chur ar an margadh agus a úsáid go dtí go mbeidh siad ídithe.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 887/2011 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2011 maidir le hullmhóid Enterococcus faecium CECT 4515 a údarú mar bhreiseán beatha le haghaidh sicíní lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe Norel SA) (IO L 229, 6.9.2011, lch. 7).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/961 an 7 Meitheamh 2017 ón gCoimisiún maidir le hullmhóid Enterococcus faecium CECT 4515 a údarú mar bhreiseán beatha le haghaidh bainbh scoite, agus maidir le húsáid nua a údarú in uisce lena ól ag bainbh scoite agus ag sicíní lena ramhrú a údarú, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2036/2005 agus Rialachán (AE) Uimh. 887/2011 (sealbhóir an údaraithe Evonik Nutrition & Care GmbH) (IO L 145, 8.6.2017, lch. 7).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1395 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2020 maidir le húdarú a athnuachan chun Enterococcus faecium CECT 5940 a úsáid mar bhreiseán beatha le haghaidh sicíní lena ramhrú, a údarú a athnuachan le haghaidh béaróg, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1292/2008 (sealbhóir an údaraithe Evonik Nutrition & Care GmbH) (IO L 324, 6.10.2020, lch. 3).
|
6.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 158/13 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/734 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Bealtaine 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 lena ndéantar socruithe sonracha maidir leis an sásra lena gcuirtear táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (1), agus go háirithe Airteagal 6 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 30 Eanáir 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/111 (2) lena gcuirtear onnmhairiú vacsaíní COVID-19 mar aon le substaintí gníomhacha, lena n-áirítear máistir-chillbhainc agus ceallbhainc infheidhme, a úsáidtear chun na vacsaíní sin a mhonarú, faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird, de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/479. Ag deireadh na tréimhse 6 seachtaine tar éis dháta theacht i bhfeidhm na mbeart sin, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 (3) lena gcuirtear onnmhairiú na dtáirgí céanna faoi réir údarú onnmhairiúcháin go dtí an 30 Meitheamh 2021, de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2015/479. |
|
(2) |
An 24 Márta 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 (4), lena dtugtar isteach, mar fhachtóir breise atá le cur san áireamh nuair atá deonú údaraithe onnmhairiúcháin á mheas, an gá atá le breithniú a dhéanamh ar cé acu an gcuireann nó nach gcuireann an t-údarú sin slándáil an tsoláthair earraí a chumhdaítear faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 laistigh den Aontas i mbaol. Leis an Rialachán Cur Chun Feidhme céanna, cuireadh ar fionraí go sealadach an díolúine a bhí ag tíortha cinn scríbe faoi leith ó raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442. |
|
(3) |
Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521, de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/479 agus tá feidhm aige ar feadh uastréimhse 6 seachtaine. |
|
(4) |
D’ainneoin an dlúis atá curtha leis an vacsaíniú ar fud an Aontais, tá an phaindéim go dona go fóill agus tá na coinníollacha a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 fós ann. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith fós ag na socruithe sonracha a tugadh isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 go dtí an 30 Meitheamh 2021. |
|
(6) |
Tá an Íoslainn, Lichtinstéin, agus an Iorua (Stáit CSTE LEE) páirteach i margadh inmheánach an Aontais i gcomhréir leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Is éard atá i bhformhór na n-onnmhairí chuig Stáit CSTE LEE vacsaín a sholáthraíonn Ballstát de bhun comhaontú réamhcheannaigh arna thabhairt i gcrích ag an Aontas agus a athdhíoltar leis na tíortha sin. Ar bhonn na faisnéise a bailíodh trí chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521, níl aon chosúlacht air go bhfuil onnmhairí á seoladh trí Stáit CSTE LEE chuig tíortha eile nach bhfuil díolmhaithe ón sásra um údarú onnmhairiúcháin de bhun Airteagal 1(9) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442. Dá bhrí sin, ní gá leanúint d’fhionraíocht na díolúine ón sásra sin maidir le honnmhairí chuig Stáit CSTE LEE. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 a leasú dá réir sin agus ba cheart feidhm a bheith ag an leasú láithreach. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/479, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 mar a leanas:
|
1. |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: “Ní bheidh feidhm ag an bhfionraíocht, áfach, maidir leis na tíortha agus na críocha seo a leanas:
|
|
2. |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír : “Beidh feidhm aige go dtí an 30 Meitheamh 2021.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 83, 27.3.2015, lch. 34.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/111 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2021 lena gcuirtear onnmhairiú táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairithe a thabhairt ar aird (IO L 31 I, 30.1.2021, lch. 1)
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/442 ón gCoimisiún an 11 Márta 2021 lena gcuirtear onnmhairiú táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird (IO L 85, 12.3.2021, lch. 190).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/521 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena ndéantar socruithe sonracha maidir leis an sásra lena gcuirtear táirgí áirithe faoi réir údarú onnmhairiúcháin a thabhairt ar aird (IO L 104, 25.3.2021, lch. 52).
CINNTÍ
|
6.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 158/15 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/735 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Bealtaine 2021
maidir le síneadh a chur leis an ngníomhaíocht a rinne Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann lena gceadaítear an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus lena gceadaítear a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 3026)
(Is ag an téacs sa Bhéarla a bheidh an t-údarás agus aige sin amháin)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 55(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 21 Deireadh Fómhair 2020 ghlac Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann (“an t-údarás inniúil”) cinneadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ionas go gceadófar an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid ag úsáideoirí gairmiúla chun cóireáil fhrithmhiocróbach atá coisctheach agus leigheasach a chur ar umair bhreosla agus ar chórais bhreosla aerárthaí go dtí an 19 Aibreán 2021 (“an ghníomhaíocht”). Chuir an t-údarás inniúil an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoin ngníomhaíocht agus faoin údar a bhí léi, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 55(1) den Rialachán sin. |
|
(2) |
De réir na faisnéise a chuir an t-údarás inniúil ar fáil, bhí gá leis an ngníomhaíocht chun an tsláinte phoiblí a chosaint. Éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí, féadfaidh mífheidhmeanna ó thaobh inneall an aerárthaigh de aeracmhainneacht an aerárthaigh a chur i mbaol, rud a chuirfidh sábháilteacht paisinéirí agus criúnna i mbaol. De bharr phaindéim COVID-19 agus na srianta ar eitiltí a d’eascair aisti, coimeádadh go leor aerárthaí ar talamh go sealadach. Is imthoisc ghéaraitheach maidir le héilliú miocróbach gan aerárthaí a bheith ag gluaiseacht. |
|
(3) |
Is éard atá i mBiobor JF 2,2’-(1-meitiltrímheitiléindé-ocsa)bis-(4-meitil-1,3,2-dé-ocsaboranáin) (uimhir CAS 2665-13-6) agus 2,2’-ocsaibis (4,4,6-trímheitil-1,3,2-dé-ocsaboranáin) (uimhir CAS 14697-50-8), nithe is substaintí gníomhacha atá le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 mar leasaithigh le haghaidh táirgí le linn dóibh a bheith á stóráil mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Ós rud é nach liostaítear na substaintí gníomhacha sin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2), ní luaitear iad sa chlár oibre gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Dá bhrí sin, níl feidhm ag Airteagal 89 den Rialachán sin maidir leo agus ní mór iad a mheasúnú agus a fhormheas sular féidir táirgí bithicídeacha ina bhfuil na táirgí sin a údarú ar an leibhéal náisiúnta. |
|
(4) |
An 5 Feabhra 2021, fuair an Coimisiún iarraidh réasúnaithe ón údarás inniúil chun síneadh ama a chur leis an ngníomhaíocht i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Rinneadh an iarraidh réasúnaithe ar bhonn na himní atá ann go bhféadfadh sé go mbeadh sábháilteacht aeriompair fós i mbaol de bharr éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí tar éis an 19 Aibreán 2021, agus ar bhonn an mhaímh go bhfuil Biodor JF riachtanach chun an t-éilliú miocróbach sin a rialú. |
|
(5) |
De réir na faisnéise a chuir an t-údarás inniúil ar fáil, an t-aon táirge bithicídeach malartach amháin a mhol monaróirí aerárthaí agus monaróirí inneall maidir le héilliú miocróbach a chóireáil (Kathon™ FP 1.5),tarraingíodh siar ón margadh é i mí an Mhárta 2020 de bharr aimhrialtachtaí i bhfeidhmiú na n-inneall a tugadh faoi deara tar éis a gcóireála leis. |
|
(6) |
Maidir le cóireáil mheicniúil a chur ar éilliú miocróbach umar breosla agus córas breosla aerárthaí, is rud é nach féidir a dhéanamh i gcónaí. Thairis sin, dhéanfadh cóireáil mheicniúil na hoibrithe a nochtadh do gháis thocsaineacha agus dá bhrí sin ba cheart í a sheachaint. |
|
(7) |
De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, tá bearta déanta ag monaróir Biobor JF ionas go mbeidh gnáthúdarú ann le haghaidh an táirge agus táthar ag súil go gcuirfear iarratas isteach go luath amach anseo le haghaidh fhormheas na substaintí gníomhacha atá ann. Formheas na substaintí gníomhacha agus údarú an táirge bithicídigh ina dhiaidh sin, is réiteach buan a bheadh ansin le haghaidh na todhchaí, ach theastódh tréimhse ama shuntasach chun na nósanna imeachta sin a chur i gcrích. |
|
(8) |
Easpa rialaithe ar éilliú miocróbach umar breosla agus córas bhreosla aerárthaí, d’fhéadfadh sin sábháilteacht aeriompair a chur i mbaol, agus ní féidir an baol sin a shrianadh go leordhóthanach trí tháirge bithicídeach eile a úsáid nó trí mhodh eile. Dá bhrí sin, is iomchuí cead a thabhairt don údarás inniúil síneadh ama a chur leis an ngníomhaíocht. |
|
(9) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir le tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an ngníomhaíocht lena gceadófar an táirge bithicídeach Biobor JF a chur ar fáil ar an margadh agus lena gceadófar a úsáid ag úsáideoirí gairmiúla chun cóireáil fhrithmhiocróbach atá coisctheach agus leigheasach a chur ar umair bhreosla agus ar chórais bhreosla aerárthaí, féadfaidh Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann síneadh ama a chur léi go dtí an 22 Deireadh Fómhair 2022.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Bealtaine 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).
RIALACHA NÓS IMEACHTA
|
6.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 158/17 |
CINNEADH ÓN mBORD BAINISTÍOCHTA Uimh. 5/2020
an 21 Deireadh Fómhair 2020
ar rialacha inmheánacha maidir le srianta ar chearta ábhar sonraí áirithe i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh
TÁ BORD BAINISTÍOCHTA GHNÍOMHAIREACHT SÁBHÁILTEACHTA EITLÍOCHTA AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 ar dhaoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus ar shaorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh 1247/2002/CE (1), agus go sonrach Airteagal 25 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (2), agus háirithe Airteagal 132 de,
Ag féachaint do rialacha nós imeachta Bhord Bainistíochta Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh,
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,
Tar éis dó an Coiste Foirne a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá sé de chumhacht ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“EASA”) fiosrúcháin riaracháin, imeachtaí réamh-araíonachta, araíonachta agus fionraí a dhéanamh, i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (“Rialacháin Foirne”) (3), agus le Cinneadh Uimh. 2011/216/E ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin EASA an 16 Nollaig 2011 lena nglactar forálacha cur chun feidhme maidir le fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta a dhéanamh. Más gá, tugann sí fógra faoi chásanna do OLAF freisin. |
|
(2) |
Tá sé de dhualgas ar bhaill foirne EASA gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a thuairisciú, lena n-áirítear calaois agus éilliú, a dhéanann dochar do leasanna an Aontais. Tá sé d’oibleagáid ar bhaill foirne freisin iompar a thuairisciú a bhaineann le dualgais ghairmiúla a chomhlíonadh a d’fhéadfadh a bheith ina mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí oifigigh an Aontais a chomhlíonadh. Rialaítear é sin le Cinneadh 2018 15 ó Bhord Bainistíochta EASA an 14 Nollaig 2018. |
|
(3) |
Tá beartas curtha i bhfeidhm ag EASA chun cásanna iarbhír nó féideartha ciaptha síceolaíocha nó gnéis san ionad oibre a chosc agus déileáil leo go héifeachtach, mar a fhoráiltear le Cinneadh EASA Uimh. 2008/180/A ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin EASA an 5 Lúnasa 2009 lena nglactar bearta cur chun feidhme de bhun na Rialachán Foirne. |
|
(4) |
Bunaítear nós imeachta neamhfhoirmiúil leis an gCinneadh faoinar féidir le híospartach líomhnaithe an chiaptha teagmháil a dhéanamh le comhairleoirí “iontaoibhe” EASA. |
|
(5) |
Is féidir le EASA imscrúduithe a dhéanamh freisin ar sháruithe féideartha ar rialacha slándála le haghaidh fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (“EUCI”), bunaithe ar Chinneadh EASA Uimh. 2020/010/ED ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin EASA an 17 Feabhra 2020 ar rialacha slándála maidir le Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint. |
|
(6) |
Tá EASA faoi réir iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha araon maidir lena ghníomhaíochtaí. |
|
(7) |
I gcomhthéacs na bhfiosrúchán, na n-iniúchtaí agus na n-imscrúduithe riaracháin sin, comhoibríonn EASA le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais. |
|
(8) |
Is féidir le EASA comhoibriú le húdaráis náisiúnta tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, arna iarraidh sin dóibh nó ar a tionscnamh féin. |
|
(9) |
Is féidir le EASA comhoibriú freisin le húdaráis phoiblí Bhallstáit an Aontais, arna iarraidh sin dóibh nó ar a thionscnamh féin. |
|
(10) |
Tá EASA bainteach le cásanna os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nuair a tharchuireann sé ábhar don Chúirt, nuair a chosnaíonn sé cinneadh a rinne sí agus a ndearnadh agóid ina choinne os comhair na Cúirte, nó nuair a dhéanann idirghabháil i gcásanna a bhaineann lena cúraimí. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar EASA rúndacht na sonraí pearsanta atá i ndoiciméid a fhaigheann na páirtithe nó na hidirghabhálaithe a chaomhnú agus imscrúduithe inmheánacha a dhéanamh i gcomhlíonadh Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 (“an Rialachán”). |
|
(11) |
Tugtar de chumhacht do EASA cigireachtaí, gníomhaíochtaí eile faireacháin agus imscrúduithe a dhéanamh i gcomhlíonadh Airteagal 75(2)(e) de Rialachán (AE) 2018/1139. |
|
(12) |
Tugtar de chumhacht do EASA imscrúduithe slándála teicneolaíochta faisnéise a dhéanamh a ndéileáiltear leo go hinmheánach nó le rannpháirteachas seachtrach (e.g. CERT-EU) i gcomhlíonadh Airteagal 75(2)(d) de Rialachán (AE) 2018/1139. |
|
(13) |
Tugtar de chumhacht d'Oifigeach Cosanta Sonraí EASA (‘an OCS’) gearáin inmheánacha agus gearáin sheachtracha a phróiseáil agus iniúchtaí inmheánacha agus imscrúduithe inmheánacha a dhéanamh i gcomhlíonadh Airteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ('an Rialachán'). |
|
(14) |
Chun a chúraimí a chomhlíonadh, bailíonn agus próiseálann EASA faisnéis agus roinnt catagóirí sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí aitheantais daoine nádúrtha, faisnéis teagmhála, róil ghairmiúla agus cúraimí, faisnéis maidir le hiompar príobháideach agus gairmiúil agus feidhmíocht agus sonraí airgeadais. Feidhmíonn EASA mar rialaitheoir sonraí. |
|
(15) |
Faoin Rialachán, tá sé d’oibleagáid ar EASA, dá bhrí sin, faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sin agus a gcearta mar ábhair sonraí a urramú. |
|
(16) |
D’fhéadfadh sé go mbeadh ar EASA na cearta sin a réiteach le cuspóirí fiosrúchán riaracháin, iniúchtaí, imscrúduithe agus imeachtaí cúirte. D’fhéadfadh sé a bheith de cheangal air freisin cearta ábhair sonraí a chothromú i gcoinne chearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha ábhar sonraí eile. Chuige sin, tugann Airteagal 25 den Rialachán an deis do EASA srian a chur, faoi choinníollacha dochta, ar fheidhmiú Airteagal 14 go 22, 35 agus 36 den Rialachán, chomh maith le hAirteagal 4 de sa mhéid a fhreagraíonn a fhorálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20. Mura bhforáiltear do shrianta i ngníomh dlí arna ghlacadh ar bhonn na gConarthaí, is gá rialacha inmheánacha a ghlacadh faoina bhfuil EASA i dteideal srian a chur leis na cearta sin. |
|
(17) |
Mar shampla, d’fhéadfadh sé go gcaithfeadh EASA srian a chur leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn sé d’ábhar sonraí faoi phróiseáil a shonraí pearsanta le linn na réamhchéime measúnaithe d’fhiosrúchán riaracháin nó le linn an fhiosrúcháin féin, sula bhféadfaí cás a dhíbhe nó ag an gcéim réamh-araíonachta. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh soláthar faisnéise den sórt sin difear tromchúiseach do chumas EASA an fiosrúchán a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, aon uair, mar shampla, go bhféadfadh an duine lena mbaineann fianaise a scriosadh nó cur isteach ar fhinnéithe ionchasacha sula gcuirtear faoi agallamh iad. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh ar EASA cearta agus saoirsí finnéithe a chosaint chomh maith le cearta agus saoirsí daoine eile atá bainteach leis. |
|
(18) |
B’fhéidir go mbeadh gá ann gan ainmníocht finné nó sceithire a d’iarr rúndacht a chosaint. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh EASA cinneadh a dhéanamh srian a chur le rochtain ar chéannacht, ráitis agus sonraí pearsanta eile na ndaoine sin, chun a gcearta agus a saoirsí a chosaint. |
|
(19) |
D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach faisnéis rúnda a chosaint maidir le ball foirne a chuaigh i dteagmháil le comhairleoirí rúnda EASA i gcomhthéacs nós imeachta ciaptha. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar EASA srian a chur le rochtain ar chéannacht, ráitis agus sonraí pearsanta eile an íospartaigh líomhnaithe, an té a ndearnadh líomhain an chiaptha ina (h)éadan agus daoine eile atá bainteach leis, chun cearta agus saoirsí gach duine lena mbaineann a chosaint. |
|
(20) |
Níor cheart do EASA srianta a chur i bhfeidhm ach amháin nuair a urramaíonn siad bunús na gceart agus na saoirsí bunúsacha, nuair atá siad fíor-riachtanach agus más beart comhréireach iad i sochaí dhaonlathach. Ba cheart do EASA cúiseanna a thabhairt ina mínítear an bonn cirt atá leis na srianta sin. |
|
(21) |
Agus prionsabal na cuntasachta á chur i bhfeidhm, ba cheart do EASA taifead a choinneáil ar chur i bhfeidhm na srianta. |
|
(22) |
Agus sonraí pearsanta a malartaíodh le heagraíochtaí eile á bpróiseáil i gcomhthéacs a chúraimí, ba cheart do EASA agus do na heagraíochtaí sin dul i gcomhairle lena chéile ar fhorais fhéideartha chun srianta a chur i bhfeidhm agus ar riachtanas agus ar chomhréireacht na srianta sin, mura gcuirfeadh sé sin gníomhaíochtaí EASA i mbaol. |
|
(23) |
Cuireann Airteagal 25(6) den Rialachán d’oibleagáid ar an rialaitheoir na daoine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas faoi na príomhchúiseanna a bhfuil cur chun feidhme an tsriain bunaithe orthu agus faoin gceart atá acu gearán a thaisceadh le MECS. |
|
(24) |
De bhun Airteagal 25(8) den Rialachán, tá EASA i dteideal faisnéis a iarchur, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú maidir leis na cúiseanna atá le srian a chur ar an ábhar sonraí dá gcuirfeadh sé sin éifeacht an tsriain ar ceal ar bhealach ar bith. Ba cheart do EASA measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás an gcuirfeadh cumarsáid an tsriain a éifeacht ar ceal. |
|
(25) |
Ba cheart do EASA deireadh a chur leis an srian a luaithe nach bhfuil feidhm ag na coinníollacha a thugann údar leis an srian a thuilleadh, agus na coinníollacha sin a mheas ar bhonn rialta. |
|
(26) |
Chun an chosaint is fearr a thabhairt do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí agus i gcomhréir le hAirteagal 44(1) den Rialachán, ba cheart dul i gcomhairle le OCS roimh aon srianta a fhéadfar a chur i bhfeidhm agus a fhíorú go gcomhlíonann siad an Cinneadh seo. |
|
(27) |
Foráiltear le hAirteagal 16(5) agus Airteagal 17(4) den Rialachán d’eisceachtaí ar cheart na n-ábhar sonraí chun faisnéise agus ceart rochtana. Má tá feidhm ag na heisceachtaí sin, ní gá do EASA srian a chur i bhfeidhm faoin gCinneadh seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leagtar síos sa Chinneadh seo rialacha a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh EASA srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagal 4, Airteagal 14 go hAirteagal 22, 35 agus 36, de bhun Airteagal 25 den Rialachán.
2. Is é a Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanann ionadaíocht ar EASA, an rialaitheoir sonraí.
Airteagal 2
Srianta
1. Féadfaidh EASA srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagal 14 go hAirteagal 22, Airteagal 35 agus Airteagal 36, agus le hAirteagal 4 de a mhéid a fhreagraíonn a fhorálacha do na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20:
|
(a) |
de bhun Airteagal 25(1) (b), (c), (f), (g) agus (h) den Rialachán, agus fiosrúcháin riaracháin, imeachtaí réamh-araíonachta, araíonachta nó fionraí á ndéanamh faoi Airteagal 86 agus Iarscríbhinn IX de na Rialacháin Foirne, agus faoi Chinneadh Uimh. 2011/216/E ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin EASA an 16 Nollaig 2011, agus nuair a chuirtear cásanna in iúl do OLAF; |
|
(b) |
de bhun Airteagal 25(1)(h) den Rialachán, agus á áirithiú go bhféadfaidh comhaltaí foirne EASA fíorais a thuairisciú faoi rún i gcás ina gcreideann siad go bhfuil neamhrialtachtaí tromchúiseacha ann, mar a leagtar amach i gCinneadh 15-2018 ó Bhord Bainistíochta EASA an 14 Nollaig 2018 |
|
(c) |
de bhun Airteagal 25(1)(h) den Rialachán, agus á áirithiú go mbeidh comhaltaí foirne EASA in ann tuairisciú do chomhairleoirí rúnda i gcomhthéacs nós imeachta ciaptha, mar a shainmhínítear i gCinneadh Uimh. 2008/180/A ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin EASA an 5 Lúnasa 2009; |
|
(d) |
de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (d), (f), (g) agus (h) , agus imscrúduithe á ndéanamh maidir le sáruithe féideartha ar rialacha slándála d'fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (‘EUCI’), bunaithe ar Chinneadh EASA Uimh. 2010/010/ED ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin EASA an 17 Feabhra 2020 ar rialacha slándála EASA maidir le Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint; |
|
(e) |
de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) den Rialachán, agus iniúchtaí inmheánacha á ndéanamh i ndáil le gníomhaíochtaí nó ranna EASA; |
|
(f) |
de bhun Airteagal 25(1)(c), (d), (g) agus (h) den Rialachán, agus cúnamh á sholáthar aige d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nó á fháil uathu nó ag comhoibriú leo i gcomhthéacs gníomhaíochtaí faoi phointe (a) go (d) den mhír seo agus de bhun comhaontuithe leibhéal seirbhíse, meabhráin tuisceana agus comhaontuithe comhair ábhartha; |
|
(g) |
de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) den Rialachán, agus cúnamh á sholáthar aige d’údaráis náisiúnta tríú tíortha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta nó á fháil uathu nó ag comhoibriú leis na húdaráis nó leis na heagraíochtaí sin arna iarraidh sin dóibh nó ar a thionscnamh féin; |
|
(h) |
de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) den Rialachán, agus cúnamh agus comhar á sholáthar nó á fháil aige d’údaráis phoiblí Bhallstáit AE agus uathu, arna iarraidh sin dóibh nó ar a thionscnamh féin; |
|
(i) |
de bhun Airteagal 25(1)(e) den Rialachán, agus sonraí pearsanta á bpróiseáil i ndoiciméid a fuair na páirtithe nó na hidirghabhálaithe i gcomhthéacs imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh; |
|
(j) |
de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) den Rialachán, agus sonraí pearsanta á bpróiseáil le linn cigireachtaí, bearta eile faireacháin agus imscrúduithe a dhéanamh i gcomhlíonadh Airteagal 75(2)(e) de Rialachán (AE) 2018/1139; |
|
(k) |
de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (d), (f), (g) agus (h) den Rialachán, agus sonraí pearsanta á bpróiseáil le linn imscrúduithe slándála teicneolaíochta faisnéise a dhéanamh arb imscrúduithe iad a ndéileáiltear leo go hinmheánach nó le rannpháirteachas seachtrach (e.g. CERT-EU) i gcomhlíonadh Airteagal 75(2)(d) de Rialachán (AE) 2018/1139. |
2. De bhun Airteagal 25(1) (b), (c), (f), (g) agus (h) den Rialachán, féadfaidh an OCS srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 14 go 22, Airteagail 35 agus 36, agus Airteagal 4 de a mhéid a thagann a bhforálacha leis na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20 nuair a bhíonn gearáin inmheánacha agus gearáin sheachtracha á bpróiseáil agus iniúchtaí inmheánacha agus imscrúduithe inmheánacha á ndéanamh i gcomhlíonadh Airteagal 45(2) den Rialachán.
3. Urramóidh aon srian bunús na gceart agus na saoirsí bunúsacha agus beidh sé riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach.
4. Déanfar tástáil ar riachtanas agus ar chomhréireacht ar bhonn cás ar chás sula gcuirfear srianta i bhfeidhm. Beidh srianta teoranta don mhéid is gá chun a gcuspóir a bhaint amach.
5. Chun críocha cuntasachta, dréachtóidh EASA taifead ina ndéanfar cur síos ar na cúiseanna atá le srianta a chuirtear i bhfeidhm, ar na forais a bhfuil feidhm leo i measc na bhforas a liostaítear i mír 1 agus ar thoradh na tástála riachtanais agus comhréireachta. Beidh na taifid sin ina gcuid de chlár a chuirfear ar fáil ar iarratas don MECS. Ullmhóidh EASA tuarascálacha tréimhsiúla maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 25 den Rialachán.
6. Agus sonraí pearsanta a fhaightear ó eagraíochtaí eile á bpróiseáil i gcomhthéacs a chúraimí, rachaidh EASA i gcomhairle leis na heagraíochtaí sin maidir le forais fhéideartha chun srianta a fhorchur agus le riachtanas agus comhréireacht na srianta lena mbaineann, mura gcuirfeadh sé sin gníomhaíochtaí EASA i mbaol.
Airteagal 3
Rioscaí do chearta agus saoirsí daoine is ábhar do shonraí
1. Déanfar measúnuithe ar na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a bhaineann le srianta a fhorchur agus mionsonraí ar thréimhse chur i bhfeidhm na srianta sin a chlárú i dtaifead na ngníomhaíochtaí próiseála arna gcothabháil ag EASA faoi Airteagal 31 den Rialachán. Déanfar iad a thaifeadadh freisin in aon mheasúnuithe tionchair ar chosaint sonraí maidir leis na srianta sin arna ndéanamh faoi Airteagal 39 den Rialachán.
2. Aon uair a dhéanann EASA measúnú ar riachtanas agus comhréireacht sriain, breithneoidh sé na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do shaoirsí an ábhair sonraí. I gcás ina gcuimhníonn EASA ar srian a chur i bhfeidhm, déanfar an riosca do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí a mheá, go háirithe, i gcoinne an riosca do chearta agus saoirsí ábhar sonraí eile agus an baol go gcuirfí éifeacht imscrúduithe nó nósanna imeachta EASA ar ceal, mar shampla trí fhianaise a scriosadh. Baineann na rioscaí do chearta agus saoirsí an ábhair sonraí go príomha le rioscaí clú agus rioscaí don cheart cosanta agus don cheart éisteacht a fháil ach gan a bheith teoranta dóibh seo.
Airteagal 4
Coimircí agus tréimhsí stórála
1. Cuirfidh EASA coimircí i bhfeidhm chun mí-úsáid agus rochtain neamhdhleathach nó aistriú neamhdhleathach na sonraí pearsanta a chosc a bhfuil feidhm ag srianta ina leith nó a bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm. Áireofar leis na coimircí sin bearta teicniúla agus eagraíochtúla agus mionsonraithe de réir mar is gá i gcinntí inmheánacha, nósanna imeachta agus rialacha um chur i bhfeidhm de chuid EASA. Beidh na nithe seo a leanas sna cosaintí:
|
(a) |
sainmhíniú soiléir ar róil, freagrachtaí agus céimeanna nós imeachta; |
|
(b) |
timpeallacht leictreonach shlán lena gcoisctear rochtain neamhdhleathach agus rochtain thimpisteach nó aistriú sonraí leictreonacha do dhaoine neamhúdaraithe, más iomchuí; |
|
(c) |
stóráil shlán agus próiseáil shlán le haghaidh doiciméid pháipéarbhunaithe, más iomchuí; |
|
(d) |
monatóireacht chuí ar shrianta agus athbhreithniú tréimhsiúil ar a gcur i bhfeidhm; |
Déanfar na hathbhreithnithe dá dtagraítear i bpointe (d) i gceann gach sé mhí ar a laghad.
2. Cuirfear srianta i leataobh a luaithe is nach mbeidh feidhm a thuilleadh leis na cúinsí a thugann údar leo.
3. Déanfar na sonraí pearsanta a choinneáil i gcomhréir le rialacha coinneála EASA is infheidhme, atá le sonrú sna taifid cosanta sonraí a choimeádtar faoi Airteagal 31 den Rialachán. Ag deireadh na tréimhse coinneála, scriosfar na sonraí pearsanta, é sin nó déanfar iad a anaithnidiú nó a aistriú chuig cartlanna i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán.
Airteagal 5
Rannpháirtíocht an Oifigigh Cosanta Sonraí
1. Cuirfear OCS ar an eolas gan moill mhíchuí aon uair a chuirtear srian ar chearta ábhair sonraí i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Tabharfar rochtain dó nó di ar na taifid ghaolmhara agus ar aon doiciméid a bhaineann leis an gcomhthéacs fíorasach nó dlíthiúil.
2. Féadfaidh OCS athbhreithniú a iarraidh ar chur chun feidhme sriain. Cuirfidh EASA a OCS ar an eolas i scríbhinn maidir le toradh an athbhreithnithe.
3. Déanfaidh EASA rannpháirtíocht an OCS i gcur i bhfeidhm srianta a dhoiciméadú, rud lena n-áirítear an fhaisnéis a roinntear leis nó léi.
Airteagal 6
Faisnéis d’ábhair sonraí maidir le srianta ar a gcearta
1. Cuirfidh EASA mír leis na fógraí um chosaint sonraí a fhoilseofar ar a shuíomh gréasáin/inlíon a sholáthróidh faisnéis ghinearálta do na hábhair sonraí maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí cearta na n-ábhar sonraí a shrianadh de bhun Airteagal 2(1). Cumhdóidh an fhaisnéis cad iad na cearta a fhéadfar a shrianadh, na forais ar a bhféadfar srianta a chur i bhfeidhm agus an tréimhse fhéideartha.
2. Cuirfidh EASA ábhair sonraí ar an eolas ina n-aonar, i scríbhinn agus gan moill mhíchuí, ar shrianta leanúnacha nó ar shrianta a gcearta amach anseo. Cuirfidh EASA an t-ábhar sonraí ar an eolas faoi na príomhchúiseanna ar a bhfuil cur i bhfeidhm an tsriain bunaithe, faoina gceart chun dul i gcomhairle leis an OCS d’fhonn agóid a dhéanamh i gcoinne an tsriain agus a c(h)eart chun gearán a thaisceadh leis an MECS.
3. Féadfaidh EASA soláthar faisnéise maidir leis na cúiseanna atá le srianadh agus an ceart chun gearán a thaisceadh leis an MECS a iarchur, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú fad a chuirfeadh sé éifeacht an tsriain ar ceal. Déanfar measúnú ar cibé an mbeadh údar leis sin ar bhonn cás ar chás. A luaithe nach gcuirfeadh sé éifeacht an tsriain ar ceal a thuilleadh, cuirfidh EASA an fhaisnéis ar fáil don ábhar sonraí.
Airteagal 7
Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí
1. I gcás ina bhfuil EASA faoi oibleagáid sárú sonraí a chur in iúl faoi Airteagal 35(1) den Rialachán, féadfaidh sé, in imthosca eisceachtúla, srian a chur leis an gcumarsáid sin go hiomlán nó go páirteach. Déanfaidh sé doiciméadú i nóta ar na cúiseanna atá leis an srianadh, ar an bhforas dlíthiúil atá leis faoi Airteagal 2 agus ar mheasúnú ar a riachtanas agus a chomhréireacht. Cuirfear an nóta in iúl don MECS tráth a dtabharfar fógra faoin sárú ar shonraí pearsanta.
2. I gcás nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna leis an srianadh, cuirfidh EASA an sárú ar shonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann agus cuirfidh sé nó sí na príomhchúiseanna leis an srianadh agus a cheart nó a ceart chun gearán a thaisceadh leis an MECS in iúl dó nó di.
Airteagal 8
Rúndacht na cumarsáide leictreonaí
1. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh EASA srian a chur leis an gceart chun rúndacht cumarsáide leictreonaí faoi Airteagal 36 den Rialachán. Comhlíonfaidh na srianta sin Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).
2. I gcás ina gcuireann EASA srian leis an gceart chun rúndacht cumarsáide leictreonaí, cuirfidh sé an t-ábhar sonraí lena mbaineann ar an eolas, ina fhreagra ar aon iarraidh ón ábhar sonraí, ar na príomhchúiseanna ar a bhfuil cur i bhfeidhm an tsriain bunaithe agus ar a cheart nó a ceart gearán a thaisceadh leis an MECS.
3. Féadfaidh EASA soláthar faisnéise maidir leis na cúiseanna atá le srianadh agus an ceart chun gearán a thaisceadh leis an MECS a iarchur, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú fad a chuirfeadh sé éifeacht an tsriain ar ceal. Déanfar measúnú ar cibé an mbeadh údar leis sin ar bhonn cás ar chás.
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Vársá, 21 Deireadh Fómhair 2020.
Piotr SAMSON
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(2) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(3) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.
(4) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (tá an teideal seo foilsithe cúpla uair san IO) (Treoir um phríobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch 37).