ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 147

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
30 Aibreán 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/706 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/707 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

3

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/708 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe

5

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/709 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2021 maidir le húdarú monaihiodráite monaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh ag Escherichia coli KCCM 80212 mar bhreiseán beatha le haghaidh gach speicis ainmhíoch ( 1 )

8

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/710 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh le haghaidh Phróiseas Síochána an Mheánoirthir

12

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/711 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

17

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/712 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir

19

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/713 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2021 lena gcuirtear ar atráth an dáta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 ( 1 )

21

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ( IO L 177, 5.6.2020 ) ( IO L 0, 5.6.2020 )

23

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

30.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 147/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/706 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2021

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle an 2 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 194/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 4i de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 2 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 401/2013.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 4i de Rialachán (AE) Uimh. 401/2013, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Tá faisnéis nuashonraithe faighte maidir le beirt atá ar an liosta.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO L 121, 3.5.2013, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad iontrálacha 4 agus 10 ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013:

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“4.

Aung Aung

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais mhíleata: BC 23750

Tá an Maor-Ghinearál Aung Aung ina Cheannasaí ar an South Western Command de chuid na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) agus ina iar-Cheannasaí ar an 33rd Light Infantry Division de chuid na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw). Ina fhianaise sin, is eisean atá freagrach as na hainghníomhartha agus na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an 33rd Light Infantry Division in aghaidh phobal Rohingya i Stát Rakhine sa dara leath de 2017. Airítear ar na hainghníomhartha sin marú neamhdhleathach, foréigean gnéasach, agus an loscadh córasach a rinneadh ar thithe agus ar fhoirgnimh in Rohingya.

25.6.2018

10.

Khin Hlaing

Dáta breithe: 2 Bealtaine 1968

Inscne: fireann

Is é an Maor-Ghinearál Khin Hlaing Ceannasaí Réigiún an Triantáin ar na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw). Tá sé ina iar-Cheannasaí ar an 99th Light Infantry Division (LID) agus bhí sé ina Cheannasaí ar an North-eastern Command de chuid na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw). Ina cháil mar Cheannasaí ar an 99th Light Infantry Division (LID), rinne sé maoirseacht ar oibríochtaí míleata a rinneadh i Stát Shan in 2016 agus go luath in 2017. Ina fhianaise sin, is eisean atá freagrach as na hainghníomhartha agus na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an 99th LID in aghaidh mhionlaigh eitneacha na sráidbhailte i Stát Shan sa dara leath de 2016. Áirítear ar na hainghníomhartha sin marú neamhdhleathach, coinneáil éigeantach agus scriosadh sráidbhailte.

21.12.2018”


30.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 147/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/707 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2021

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 an 10 Márta 2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir (1), agus go háirithe Airteagal 17(3) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 224/2014.

(2)

An 5 Aibreán 2021, d’fhormheas Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) arna bhunú de bhun Rún 2127 (2013) ó CSNA eintiteas amháin a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO L 70, 11.3.2014, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Sa liosta a leagtar amach i gCuid B (Eintitis) d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 224/2014, scriostar an iontráil a bhaineann leis an eintiteas seo a leanas:

1.

BUREAU D’ACHAT DE DIAMANT EN CENTRAFRIQUE/KARDIAM (ailias: a) BADICA/KRDIAM b) KARDIAM).


30.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 147/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/708 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Aibreán 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 183(b) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar den toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1216/2009 agus (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 5(6)(a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún (3) rialacha mionsonraithe chun córas na ndleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme, agus le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe.

(2)

Is éard a léiríonn faireachán rialta ar na sonraí a úsáidtear chun praghsanna ionadaíocha d’fheoil éanlaithe agus do tháirgí uibheacha a shocrú, sin agus an faireachán rialta ar ghealacáin uibhe, gur cheart na praghsanna allmhairithe ionadaíocha ar tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh cuid de na hearraí a chur san áireamh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a leasú dá réir sin.

(4)

Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiún,

Ar son an Uachtaráin,

Wolfgang BURTSCHER

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  IO L 150, 20.5.2014, lch. 1.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas dleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme agus chun praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnálacha na feola éanlaithe clóis agus na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe, agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 163/67/CEE (IO L 145, 29.6.1995, lch. 47).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN I

Cód AC

Tuairisc ar na hearraí

Praghas ionadaíoch

(EUR/100 kg)

An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3

(EUR/100 kg)

Tionscnamh  (1)

0207 14 10

Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite

170,6

145,9

192,4

45

57

34

AR

BR

TH

0207 27 10

Gearrthacha gan chnámh ó thurcaithe, iad reoite

399,8

0

BR


(1)  Ainmníocht na dtíortha arna socrú le Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht tíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).”


30.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 147/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/709 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Aibreán 2021

maidir le húdarú monaihiodráite monaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh ag Escherichia coli KCCM 80212 mar bhreiseán beatha le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin atá le húsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán atá le húsáid i gcothú ainmhithe agus leis na forais agus na nósanna imeachta i ndáil leis an údarú sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach go n-údarófaí monaihiodráit monaihidreaclóiríde L-histidín. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas.

(3)

Baineann an t-iarratas le húdarú monaihiodráite monaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh ag Escherichia coli KCCM 80212 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, ar breiseán é atá le haicmiú sa chatagóir dar teideal “breiseáin chothaitheacha”.

(4)

I dtuairim an 30 Meán Fómhair 2020 (2) ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”), is é an chonclúid ar ar thángthas nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag L-histidín arna tháirgeadh ag Escherichia coli KCCM 80212,, nach bhfuil éifeacht dhíobhálach aige ar shláinte ainmhithe, ar shláinte tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe agus aistí bia á bhforlíonadh le méideanna iomchuí de. Maidir le sábháilteacht úsáideoir an bhreiseáin, dúirt an tÚdarás gur íogróir craicinn é monaihiodráit monaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh ag Escherichia coli KCCM 80212 agus go n-eascraíonn riosca as nochtadh d’iontocsainí trí ionanálú. Dá bhrí sin, ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh i gcás an bhreiseáin sin chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur foinse éifeachtúil L-histidín (ar aimíonaigéad riachtanach é) le haghaidh cothú ainmhithe é monaihiodráit monaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh ag Escherichia coli KCCM 80212, agus gur cheart an breiseán a chosaint ar dhíghrádú sa chogansach chun go mbeidh sé éifeachtúil i gcás na n-athchogantach. Mheas an tÚdarás nach bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. Chomh maith leis sin, na tuarascálacha faoin modh anailíse i leith an bhreiseáin beathaithe agus é i mbeathú, tuarascálacha arna gcur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, rinne an tÚdarás na tuarascálacha sin a fhíorú.

(5)

Léirítear leis an measúnú ar an tsubstaint sin go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(6)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Monaihiodráit monaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh ag Escherichia coli KCCM 80212 a shonraítear san Iarscríbhinn, substaint a bhaineann leis an gcatagóir breiseán dar teideal “breiseáin chothaitheacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa dar teideal “aimíonaigéid, a gcuid salann agus analóga”, údaraítear í mar bhreiseán beathaithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(11):6287.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Aois uasta

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

An catagóir breiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a gcuid salann agus analóga.

3c352i

-

Monaihiodráit monaihidreaclóiríde L-histidín

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Púdar inarb é

98 % an t-íoschion monaihiodráite monaihidreaclóiríde L-histidín agus inarb é

72 % an t-íoschion histidín agus inarb é

100 ppm an t-uaschion histimín

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Féadfar monaihiodráit monaihidreaclóiríde L-histidín a chur ar an margadh agus a úsáid mar bhreiseán a bhfuil ullmhóid ann.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus an réamh-mheascáin, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Dearbhú atá le déanamh ar lipéad an bhreiseáin agus an réamh-mheascáin:

“Beidh an forlíonadh le monaihiodráit monaihidreaclóiríde L-histidín teoranta do riachtanais chothaitheacha an spriocainmhí, riachtanais a bhraitheann ar an speiceas, ar staid fhiseolaíoch an ainmhí, ar an leibhéal feidhmíochta, ar na coinníollacha comhshaoil, ar leibhéal na n-aimíonaigéad eile agus ar leibhéal na riandúl riachtanach eile amhail copar agus sinc atá san aiste bia.”

Cion histidín.

4.

Le cion iontocsaine an bhreiseáin agus leis an acmhainneacht atá aige deannach a tháirgeadh, áiritheofar gurb é 1 600 IU iontocsainí/m3 IU an nochtadh iontocsaine uasta  (2).

5.

Ar mhaithe le húsáideoirí na mbreiseán agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as ionanálú nó teagmháil dheirmeach. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú a oiread is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta iomchuí, lena n-áirítear cosaint don análú, spéaclaí sábháilteachta agus lámhainní.

20.5.2031

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Monaihiodráit monaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh trí choipeadh le Escherichia coli KCCM 80212

Foirmle cheimiceach: C3H3N2-CH2-CH(NH2)-COΟΗ·ΗCl·Η2O

Uimhir CAS: 5934-29-2

Uimhir Einecs: 211-438-9

Modh anailíse  (1):

Chun histidín sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:

crómatagrafaíocht leachta ardfheidhmíochta cúpláilte le brath fótaiméadrach (HPLC-UV)

crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS/FLD)

Chun histidín i réamh-mheascáin, in ábhair bheatha agus i mbeatha cumaisc a chainníochtú:

crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath fótaiméadrach (IEC-VIS), Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún (Iarscríbhinn III, F)

Chun histimín sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:

crómatagrafaíocht leachta ardfheidhmíochta cúpláilte le brath speictreafótaiméadrach (HPLC-UV)


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas de chuid na Saotharlainne Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports

(2)  Nochtadh arna ríomh ar bhonn leibhéal iontocsaine an bhreiseáin agus na hacmhainneachta atá aige deannach a tháirgeadh, agus i gcomhréir leis an modh a úsáideann EFSA (Iris EFSA 2015;13(2):4015); modh anailíse: Pharmacopoeia Eorpach 2.6.14. (iontocsainí baictéaracha).


CINNTÍ

30.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 147/12


CINNEADH (CBES) 2021/710 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2021

lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh le haghaidh Phróiseas Síochána an Mheánoirthir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 33 agus 31(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is tosaíocht straitéiseach ag an Aontas réiteach na coinbhleachta idir Iosrael agus an Phalaistín agus ní mór don Aontas leanúint de bheith rannpháirteach go gníomhach go dtí go réiteofar an choinbhleacht sin ar bhonn réitigh arb é dhá Stát.

(2)

Tá an tAontas tiomanta do shíocháin chuimsitheach bhuan do réigiún an Mheánoirthir ar fad agus tá sé réidh chun obair i gcomhar le comhpháirtithe réigiúnacha agus idirnáisiúnta chun na críche sin.

(3)

Ba cheart Ionadaí Speisialta de chuid an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir a cheapadh ar feadh tréimhse 22 mhí.

(4)

Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

Leis seo, ceaptar Sven Koopmans mar ISAE do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir ón 1 Bealtaine 2021 go dtí an 28 Feabhra 2023. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (AI).

Airteagal 2

Cuspóirí beartais

Beidh sainordú EUSR bunaithe ar an mbeartas seo a leanas maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir:

(a)

is é an cuspóir foriomlán síocháin chóir bhuan agus chuimsitheach don réigiún ina iomláine a bhaint amach ar bhonn réiteach arb é dhá Stát, ina mbeidh Iosrael agus Stát Palaistíneach – a bheidh daonlathach, comhtheagmhálach, inmharthanach, síochánta agus ceannasach – ag maireachtáil taobh le chéile laistigh de theorainneacha slána aitheanta, agus gnáthchaidreamh acu lena gcomharsana i gcomhréir leis na Rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSCRanna) 242 (1967) agus 338 (1973) agus UNSCRanna ábhartha eile á meabhrú di, lena n-áirítear UNSCRanna 2334 (2016), prionsabail Mhaidrid, lena n-áirítear talamh le haghaidh síochána, an Treochlár, na comhaontuithe ar tháinig na páirtithe orthu roimhe seo, an Tionscnamh Síochána Arabach, agus na moltaí a rinne Ceathairéad an Mheánoirthir (an “Ceathairéad”) an 1 Iúil 2016. I bhfianaise na gciseal éagsúil sa chaidreamh idir Iosrael agus an Araib, is cuid ríthábhachtach don tsíocháin chuimsitheach í an ghné réigiúnach;

(b)

agus an cuspóir seo á bhaint amach, is iad na tosaíochtaí beartais an réiteach arb é dhá Stát a chaomhnú agus an próiseas síochána a athsheoladh agus tacú leis. Tá ról lárnach ag na paraiméadair shoiléire, lena sainítear an bonn a bheidh ag an gcaibidlíocht, le go n-éireoidh leis an gcaibidlíocht agus tá a sheasamh maidir le paraiméadair den sórt sin leagtha amach ag an Aontas sna Conclúidí ón gComhairle i mí na Nollag 2009, i mí na Nollag 2010 agus i mí Iúil 2014, ar conclúidí iad a leanfaidh sé de bheith á gcur chun cinn go gníomhach;

(c)

tá an tAontas tiomanta do bheith ag obair leis na páirtithe agus leis na comhpháirtithe sa chomhphobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear trína bheith rannpháirteach sa Cheathairéad agus trí thionscnaimh iomchuí idirnáisiúnta a shaothrú go gníomhach chun dinimic nua a chruthú don chaibidlíocht.

Airteagal 3

Sainordú

1.   Chun na cuspóirí beartais a bhaint amach, is é an méid seo a leanas a bheidh mar shainordú ag ISAE:

(a)

rannchuidiú gníomhach agus éifeachtúil ón Aontas a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí agus do thionscnaimh as a dtiocfaidh socrú críochnaitheach ar an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín bunaithe ar an réiteach arb é dhá stát i gcomhréir le paraiméadair an Aontais agus le rúin ábhartha ó UNSCR, lena n-áirítear Rún 2334 (2016) ó UNSCR, agus tograí a chur ar aghaidh maidir le gníomhaíocht an Aontais i ndáil leis an méid seo;

(b)

dlúth-theagmháil a éascú agus a choinneáil leis na páirtithe uile sa phróiseas síochána, leis na gníomhaithe polaitiúla ábhartha, le tíortha eile an réigiúin, le comhaltaí an Cheathairéid agus le tíortha ábhartha eile, chomh maith leis na Náisiúin Aontaithe agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile, amhail Léig na Stát Arabach, chun obair leo chun an próiseas síochána a neartú;

(c)

leas a bhaint as an tírdhreach athraitheach réigiúnach sa Mheánoirthear agus go háirithe as normalú an chaidrimh idir Iosrael agus roinnt de na tíortha Arabacha, chun an próiseas síochána a chur chun cinn a thuilleadh agus cur leis an gcobhsaíocht réigiúnach ar an gcaoi sin;

(d)

aird ar leith a thabhairt ar na tosca a dhéanann difear do ghné réigiúnach an phróisis síochána, don idirphlé le comhpháirtithe Arabacha, agus do chur chun feidhme an Tionscnaimh Síochána Arabaigh;

(e)

obair mar is iomchuí chun creat féideartha nua caibidlíochta a chur chun cinn agus rannchuidiú leis, i gcomhairle leis na príomh-gheallsealbhóirí uile agus leis na Ballstáit;

(f)

tacú go gníomhach le caibidlíocht síochána idir na páirtithe agus rannchuidiú leo, lena n-áirítear trí thograí a chur ar aghaidh thar ceann an Aontais agus i gcomhréir lena bheartas seanbhunaithe comhdhlúite i gcomhthéacs na caibidlíochta sin;

(g)

a áirithiú go leanfaidh an tAontas de bheith i láthair i bhfóraim ábhartha idirnáisiúnta;

(h)

rannchuidiú le bainistiú agus cosc géarchéime, lena n-áirítear i ndáil le Gaza;

(i)

rannchuidiú, i gcás ina n-iarrtar sin, le cur chun feidhme comhaontuithe idirnáisiúnta ar tháinig na páirtithe orthu agus dul i mbun idirphlé leo ar bhealach taidhleoireach i gcás nach gcomhlíontar téarmaí na gcomhaontuithe sin;

(j)

rannchuidiú le hiarrachtaí polaitiúla chun athrú bunúsach a bhaint amach as a n-eascróidh réiteach inbhuanaithe do Stráice Gaza atá ina dlúthchuid de Stát Palaistíneach a bheidh ann amach anseo agus ba cheart aghaidh a thabhairt air sa chaibidlíocht;

(k)

idirphlé cuiditheach a dhéanamh le sínitheoirí comhaontuithe faoi chuimsiú an phróisis síochána chun comhlíonadh noirm bhunúsacha an daonlathais a chur chun cinn, lena n-áirítear urraim don dlí daonnúil idirnáisiúnta, do chearta an duine agus don smacht reachta;

(l)

moltaí a dhéanamh maidir le hidirghabháil an Aontais sa phróiseas síochána agus maidir leis an mbealach is fearr chun tionscnaimh an Aontais agus iarrachtaí leanúnacha an Aontais a bhaineann leis an bpróiseas síochána a shaothrú, amhail rannchuidiú an Aontais le hathchóirithe Palaistíneacha agus lena n-áirítear gnéithe polaitiúla de thionscadail ábhartha forbartha an Aontais;

(m)

tabhairt ar na páirtithe staonadh ó ghníomhaíochtaí aontaobhacha a chuireann inmharthanacht an réitigh arb é dhá Stát i mbaol, go háirithe in Iarúsailéim agus i Limistéar C den Bhruach Thiar faoi Fhorghabháil;

(n)

tuarascáil a thabhairt go rialta, mar Thoscaire chuig an gCeathairéad, maidir le dul chun cinn agus forbairt sa chaibidlíocht, agus ar ghníomhaíochtaí an Cheathairéid, agus rannchuidiú le hullmhú chruinnithe na dToscairí Ceathairéid ar bhonn sheasaimh an Aontais agus trí chomhordú le comhaltaí eile an Cheathairéid;

(o)

rannchuidiú le cur chun feidhme bheartas an Aontais um chearta an duine i gcomhar le ISAE um Chearta an Duine, lena n-áirítear Treoirlínte an Aontais maidir le cearta an duine, go háirithe Treoirlínte an Aontais maidir le Leanaí agus Coinbhleacht Armtha chomh maith leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus gach cineál idirdhealaithe ina n-aghaidh a chomhrac, agus beartas an Aontais maidir le Rún 1325 (2000) ó UNSCR maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, lena n-áirítear trí fhaireachán agus trí thuairisciú a dhéanamh ar fhorbairtí chomh maith le moltaí a cheapadh ina leith sin;

(p)

cur le tuiscint agus infheictheacht níos fearr ar ról an Aontais i measc ceannairí tuairimíochta sa réigiún.

(q)

idirphlé a dhéanamh, mar is gá, le hionadaithe na sochaí sibhialta, lena n-áirítear mná agus daoine óga, mar aon leo siúd a bhfuil baint acu le bearta chun muinín a chothú idir na páirtithe.

2.   Tacóidh ISAE le hobair an Ardionadaí, agus coimeádfaidh sé nó sí forléargas ar ghníomhaíochtaí uile an Aontais sa réigiún a bhaineann le Próiseas Síochána an Mheánoirthir san am céanna.

Airteagal 4

An sainordú a chur chun feidhme

1.   Beidh ISAE freagrach as an sainordú a chur chun feidhme, ag gníomhú dó nó di faoi údarás an Ardionadaí.

2.   Maidir leis an gCoiste Polaitiúil agus Slándála coimeádfaidh sé nasc pribhléideach le ISAE ar bun agus is é a bheidh mar phríomhphointe teagmhála ISAE leis an gComhairle. Soláthróidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála treoir straitéiseach agus stiúradh polaitiúil do ISAE faoi chuimsiú an tsainordaithe, gan dochar do chumhachtaí an Ardionadaí.

3.   Áiritheoidh ISAE comhbheartú agus comhar córasach agus soiléir leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus leis na ranna ábhartha di.

4.   Tabharfaidh ISAE faoi chuairteanna rialta ar an réigiún agus áiritheoidh sé nó sí go mbeidh dlúthchomhar ann le toscaireachtaí ábhartha an Aontais ar fud an réigiúin, lena n-áirítear Oifig Ionadaí an Aontais in Iarúsailéim, Toscaireacht an Aontais in Tel Aviv agus, tríothu sin, le hionadaíochtaí taidhleoireachta na mBallstát.

Airteagal 5

Maoiniú

1.   Is é EUR 2 099 463,58 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE sa tréimhse ón 1 Bealtaine 2021 go dtí an 28 Feabhra 2023 a chumhdach.

2.   Bainisteofar an caiteachas i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Beidh bainistiú an chaiteachais faoi réir conradh idir ISAE agus an Coimisiún. Beidh ISAE cuntasach don Choimisiún as gach caiteachas.

Airteagal 6

Tiomsú agus comhdhéanamh na foirne

1.   Laistigh de theorainneacha shainordú ISAE agus de na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha a chuirfear ar fáil, beidh ISAE freagrach as foireann a thiomsú. Áireofar san fhoireann an saineolas maidir le saincheisteanna sonracha beartais de réir mar a cheanglaítear leis an sainordú. Coinneoidh ISAE an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas in am agus i dtráth faoi chomhdhéanamh na foirne.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí de chuid an Aontais agus SEGS a mholadh go mbeadh foireann ar iasacht ag obair le ISAE. Is iad an Ballstát, institiúid an Aontais lena mbaineann nó SEGS, faoi seach, a chumhdóidh tuarastal an phearsanra sin atá ar iasacht. Féadfar saineolaithe atá ar iasacht ó na Ballstáit chuig institiúidí an Aontais nó chuig SEGS a phostú chun obair le ISAE freisin. Beidh náisiúntacht Bhallstáit ag an bhfoireann idirnáisiúnta ar conradh.

3.   Is faoi údarás riaracháin an Bhallstáit seolta, institiúid seolta an Aontais nó SEGS a fhanfaidh an pearsanra uile ar iasacht agus comhlíonfaidh siad a ndualgais agus feidhmeoidh siad chun leas shainordú ISAE.

4.   Comhlonnófar foireann ISAE le roinn ábhartha SEGS, le Toscaireacht an Aontais in Tel Aviv agus le hOifig Ionadaí an Aontais in Iarúsailéim chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a ngníomhaíochtaí faoi seach a áirithiú.

Airteagal 7

Pribhléidí agus díolúintí ISAE agus a fhoirne

Déanfar na pribhléidí, na díolúintí agus na ráthaíochtaí breise is gá le haghaidh chomhlánú agus dhea-fheidhmiú mhisean ISAE chomh maith le comhaltaí foirne ISAE a chomhaontú leis na páirtithe óstacha, de réir mar is iomchuí. Deonóidh na Ballstáit agus SEGS gach tacaíocht is gá chun na críche sin.

Airteagal 8

Slándáil fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais

Urramóidh ISAE agus comhaltaí fhoireann ISAE na prionsabail slándála agus na híoschaighdeáin arna mbunú le Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle (1).

Airteagal 9

Rochtain ar fhaisnéis agus tacaíocht lóistíochta

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, an Coimisiún agus Ardrúnaíocht na Comhairle go dtabharfar rochtain do ISAE ar aon fhaisnéis ábhartha.

2.   Cuirfidh Toscaireachtaí an Aontais sa réigiún agus/nó na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, tacaíocht lóistíochta ar fáil sa réigiún.

Airteagal 10

Slándáil

I gcomhréir le beartas an Aontais maidir le slándáil an phearsanra a imscartar lasmuigh den Aontas i gcáil oibríochtúil faoi Theideal V den Chonradh, déanfaidh ISAE gach beart is féidir le réasún, i gcomhréir le sainordú ISAE agus le staid na slándála i réimse na freagrachta, i ndáil le slándáil an phearsanra uile atá faoi údarás díreach ISAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

plean slándála sonrach a bhunú a bheidh bunaithe ar threoir ó SEGS, lena n-áirítear bearta slándála sonracha fisiciúla, eagraíochtúla agus nós imeachta, lena rialaítear bainistiú ar ghluaiseacht shlán pearsanra chuig an réimse freagrachta agus laistigh de, chomh maith le bainistiú teagmhas slándála agus plean teagmhais agus aslonnaithe misin;

(b)

a áirithiú go gcumhdófar an pearsanra uile a imscartar lasmuigh den Aontas le hárachas ardriosca mar a cheanglaítear leis na coinníollacha i réimse na freagrachta;

(c)

a áirithiú go mbeidh oiliúint slándála iomchuí faighte ag foireann ISAE a bheidh le himscaradh lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear pearsanra a bheidh ar conradh go háitiúil, roimh theacht isteach i réimse na freagrachta nó ar theacht isteach sa réimse sin dóibh, bunaithe ar na rátálacha riosca arna sannadh ag SEGS don réimse sin;

(d)

a áirithiú go ndéanfar na moltaí comhaontaithe uile, a dhéantar tar éis measúnuithe rialta slándála, a chur chun feidhme agus tuarascálacha i scríbhinn a chur ar fáil don Ardionadaí, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir lena gcur chun feidhme agus maidir le saincheisteanna slándála eile faoi chuimsiú na dtuarascálacha ar dhul chun cinn agus na dtuarascálacha ar chur chun feidhme an tsainordaithe.

Airteagal 11

Tuairisciú

Cuirfidh ISAE tuarascálacha ar fáil go tráthrialta don Ardionadaí agus don Choiste Polaitiúil agus Slándála. Cuirfidh ISAE tuarascáil faoi bhráid meithleacha eile de chuid na Comhairle freisin de réir mar is gá. Scaipfear tuarascálacha tráthrialta trí líonra COREU. Féadfaidh ISAE tuarascálacha a chur ar fáil don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha. Féadfaidh ISAE a bheith rannpháirteach i bhfaisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 12

Comhordú

1.   Rannchuideoidh ISAE le haontacht, comhsheasmhacht agus éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais agus cabhróidh ISAE lena áirithiú go ndéanfar ionstraimí uile an Aontais agus gníomhaíochtaí uile na mBallstát a shaothrú go comhsheasmhach, chun cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach. Iarrfar idirchaidreamh leis na Ballstáit i gcás inarb iomchuí. Déanfar gníomhaíochtaí ISAE a chomhordú le gníomhaíochtaí sheirbhísí an Choimisiúin. Cuirfidh ISAE faisnéisiú tráthrialta ar fáil do thoscaireachtaí an Aontais agus do mhisin na mBallstát, lena n-áirítear Oifig Ionadaí an Aontais in Iarúsailéim agus Toscaireacht an Aontais in Tel Aviv.

2.   Coinneofar dlúthchaidreamh ar an láthair le cinn ábhartha mhisin na mBallstát, le cinn thoscaireachtaí an Aontais agus le cinn mhisin an chomhbheartais slándála agus cosanta. Déanfaidh siad gach iarracht cúnamh a thabhairt do ISAE agus an sainordú á chur chun feidhme acu. Déanfaidh ISAE, i ndlúthchomhar le ceann Thoscaireacht an Aontais in Tel Aviv agus Oifig Ionadaíochta an Aontais in Iarúsailéim, treoir pholaitiúil áitiúil a chur ar fáil do cheannairí Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh do na Críocha Palaistíneacha (EUPOL COPPS) agus do Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EUBAM Rafah). Déanfaidh ISAE idirchaidreamh freisin le gníomhaithe idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile ar an láthair.

Airteagal 13

Cúnamh i ndáil le héilimh

Tabharfaidh ISAE agus foireann ISAE cúnamh maidir le heilimintí a chur ar fáil chun freagairt ar aon éilimh agus oibleagáidí a eascraíonn as sainorduithe ISAEnna a bhí ann roimhe seo do Phróiseas Síochána an Mheánoirthir, agus cuirfidh siad cúnamh riaracháin agus rochtain ar na comhaid ábhartha ar fáil chun na gcríoch sin.

Airteagal 14

Athbhreithniú

Déanfar athbhreithniú tráthrialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo agus ar a chomhsheasmhacht le rannchuidithe eile ón Aontas leis an réigiún. Déanfaidh ISAE tuarascálacha tráthrialta maidir le dul chun cinn, mar aon le tuarascáil chuimsitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe a thíolacadh, faoin 30 Samhain 2022, chuig an Ardionadaí, an gComhairle agus an gCoimisiún.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh Bhruiséil, 29 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Cinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (IO L 274, 15.10.2013, lch. 1).


30.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 147/17


CINNEADH (CBES) 2021/711 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2021

lena leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Aibreán 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/184/CBES (1), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2013/184/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 30 Aibreán 2022.

(3)

I gcás dhá liostú, tá faisnéis nuashonraithe faighte.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/184/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2013/184/CBES mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 30 Aibreán 2022. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Cinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma (IO L 111, 23.4.2013, lch. 75).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad iontrálacha 4 agus 10 ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES:

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“4.

Aung Aung

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais mhíleata: BC 23750

Tá an Maor-Ghinearál Aung Aung ina Cheannasaí ar an South Western Command de chuid na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw) agus ina iar-Cheannasaí ar an 33rd Light Infantry Division de chuid na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw). Ina fhianaise sin, is eisean atá freagrach as na hainghníomhartha agus na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an 33rd Light Infantry Division in aghaidh phobal Rohingya i Stát Rakhine sa dara leath de 2017. Airítear ar na hainghníomhartha sin marú neamhdhleathach, foréigean gnéasach, agus an loscadh córasach a rinneadh ar thithe agus ar fhoirgnimh in Rohingya.

25.6.2018

10.

Khin Hlaing

Dáta breithe: 2 Bealtaine 1968

Inscne: fireann

Is é an Maor-Ghinearál Khin Hlaing Ceannasaí Réigiún an Triantáin ar na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw). Tá sé ina iar-Cheannasaí ar an 99th Light Infantry Division (LID) agus bhí sé ina Cheannasaí ar an North-eastern Command de chuid na Myanmar Armed Forces (Tatmadaw). Ina cháil mar Cheannasaí ar an 99th Light Infantry Division (LID), rinne sé maoirseacht ar oibríochtaí míleata a rinneadh i Stát Shan in 2016 agus go luath in 2017. Ina fhianaise sin, is eisean atá freagrach as na hainghníomhartha agus na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an 99th LID in aghaidh mhionlaigh eitneacha na sráidbhailte i Stát Shan sa dara leath de 2016. Áirítear ar na hainghníomhartha sin marú neamhdhleathach, coinneáil éigeantach agus scriosadh sráidbhailte.

21.12.2018”


30.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 147/19


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/712 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2021

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (1), agus go háirithe Airteagal 2c de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Nollaig 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/798/CBES.

(2)

An 5 Aibreán 2021, d’fhormheas Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) arna bhunú de bhun Rún 2127 (2013) ó CSNA eintiteas amháin a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  IO L 352, 24.12.2013, lch. 51.


IARSCRÍBHINN

Sa liosta a leagtar amach i gCuid B (Eintitis) den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/798/CBES, scriostar an iontráil a bhaineann leis an eintiteas seo a leanas:

1.

BUREAU D'ACHAT DE DIAMANT EN CENTRAFRIQUE/KARDIAM (ailias: a) BADICA/KRDIAM b) KARDIAM).


30.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 147/21


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/713 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Aibreán 2021

lena gcuirtear ar atráth an dáta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Áiríodh an tsubstaint ghníomhach fluairíd sulfairile in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18, agus de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, meastar dá bhrí sin go bhfuil sí formheasta faoin Rialachán sin faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

An 28 Meitheamh 2017, cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun formheas fluairíde sulfairile a athnuachan lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18.

(3)

An 14 Feabhra 2018, chuir údarás inniúil meastóireachta na Sualainne in iúl don Choimisiún gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go raibh gá le meastóireacht iomlán ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Ós rud é go bhfuil meastóireacht iomlán á déanamh ag an údarás inniúil ar an iarratas, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) le tuairim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le formheas na substainte gníomhaí a athnuachan laistigh de 270 lá ón uair a gheofar an moladh ón údarás inniúil meastóireachta.

(5)

De bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1479 (3), cuireadh ar atráth go dtí an 30 Meitheamh 2021 an dáta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, rud a chomhfhreagraíonn do dháta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi Threoir 2009/84/CE ón gCoimisiún (4), ionas go mbeidh an t-am ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Níl an scrúdú tugtha chun críche fós ag an údarás inniúil meastóireachta, ná níl a thuarascáil mheasúnaithe ná conclúidí a mheastóireachta curtha faoi bhráid na Gníomhaireachta fós.

(6)

D’iarr an t-údarás inniúil meastóireachta ar an iarratasóir an 18 Feabhra 2020 faisnéis bhreise a chur isteach chun an mheastóireacht a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus leag sé síos an 31 Márta 2022 mar sprioc leis an bhfaisnéis seo a chur isteach.

(7)

Dá bhrí sin, is dócha go n-éagfaidh formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 sula ndéanfar cinneadh maidir lena hathnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí an dáta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 a chur ar atráth go ceann tréimhse a bheidh fada go leor chun go bhféadfar an scrúdú ar an iarratas a thabhairt chun críche.

(8)

I bhfianaise an ama is gá le go gcuirfeadh an t-údarás inniúil meastóireachta an mheastóireacht i gcrích agus le go n-ullmhódh agus go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht an tuairim isteach, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2023.

(9)

Seachas dáta éaga an fhormheasa, leanfar den fhormheas ar fhluairíd sulfairile de bheith formheasta le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an dáta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2023.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1479 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2018 lena gcuirtear ar atráth an dáta éaga i leith formheas fluairíd sulfairile lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 249, 4.10.2018, lch. 16).

(4)  Treoir 2009/84/CE ón gCoimisiún an 28 Iúil 2009 lena leasaítear Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun fluairíd sulfairile a áireamh ina substaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis (IO L 197, 29.7.2009, lgh. 67-69)


Ceartúcháin

30.4.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 147/23


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 177 an 5 Meitheamh 2020 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 5 Meitheamh 2020)

Sa chlár agus ar leathanach 1, teideal:

in ionad:

“Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009”,

léitear:

“Rialachán (AE) 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)”.

Ar leathanach 18, in Iarscríbhinn II, faoi phointe 2.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na híomhá ar chuid uachtarach an lipéid boinn:

Image 1

Ar leathanach 20, in Iarscríbhinn II, faoi phointe 2.1.4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na híomhá ar chuid íochtarach an lipéid boinn:

Image 2

Ar leathanach 21, in Iarscríbhinn II, pointe 2.2, pointe (e), 28ú fleasc:

in ionad:

“picteagram greama sneachta: leithead 15 mm, airde 13 mm, <…>”,

léitear:

“picteagram greama sneachta: leithead 15 mm, airde 14 mm, <…>”.