ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 133 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
|
Ceartúcháin |
|
|
* |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
20.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 133/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/642 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Deireadh Fómhair 2020
lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le faisnéis áirithe atá le soláthar ar lipéadú táirgí orgánacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23(2)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gCaibidil III de Rialachán (AE) 2018/848, leagtar síos rialacha táirgthe is infheidhme maidir le táirgeadh orgánach, agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin, leagtar amach rialacha maidir le, inter alia, pacáistiú agus iompar táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú. Go háirithe, ceanglaítear le pointe 2.1. den Iarscríbhinn sin go soláthrófar faisnéis áirithe ar an lipéad nó ar dhoiciméad tionlacain. |
(2) |
Ar cheann de phrionsabail an táirgthe orgánaigh, tá beostoc agus ainmhithe uisceacha a bheathú le beatha orgánach. Mar sin féin, ceadaítear leis na rialacha táirgthe, faoi choinníollacha áirithe, ábhair bheatha neamhorgánacha áirithe agus ábhair bheatha áirithe atá á dtiontú a úsáid. |
(3) |
Chun na rialacha maidir le táirgeadh orgánach a chomhlíonadh, ba cheart na hoibreoirí a chur ar an eolas go hiomchuí a mhéid a bhaineann leis an mbeatha a úsáideann siad. Go háirithe, ba cheart a fhios a bheith acu an údaraítear úsáid na beatha i dtáirgeadh orgánach, cén comhdhéanamh beacht atá uirthi agus cad é cion na gcomhdhúl orgánach, na gcomhdhúl atá á dtiontú agus na gcomhdhúl neamhorgánach atá sa bheatha. |
(4) |
Ní mór ábhar atáirgthe plandaí, lena n-áirítear síolta, a úsáidtear le haghaidh táirgeadh orgánach plandaí nó táirgeadh orgánach táirgí plandaí a bheith orgánach i gcomhréir le pointe 1.8.1. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. Mar sin féin, toisc nach bhfuil fáil ar ábhar orgánach atáirgthe plandaí i gcás speicis, fospeicis nó cineálacha áirithe, ceadaítear le pointe 1.8.5. de Chuid I den Iarscríbhinn sin ábhar atáirgthe plandaí atá á dtiontú a úsáid agus lena ndéantar foráil maidir leis an údarú chun ábhar neamhorgánach atáirgthe plandaí a úsáid faoi choinníollacha áirithe. |
(5) |
De bhun Threoir 66/401/CEE ón gComhairle (2), féadfar síolta i meascáin éagsúla géineas, speiceas nó cineálacha plandaí farae a chur ar an margadh, ar choinníoll, inter alia, go ndéanfar an céatadán de réir mheáchan na gcomhábhar éagsúil, mar a léirítear de réir speicis agus, i gcás inarb iomchuí, de réir cineáil, a thuairisciú ar an lipéad oifigiúil. |
(6) |
I bhfianaise a thábhachtaí atá sé meascáin síolta plandaí farae a úsáid chun ardcháilíocht chothaitheach farae a dheonú, agus lena n-áirítear nuair nach bhfuil siad beartaithe lena n-úsáid mar phlandaí farae, chun feabhas a chur ar inoiriúnaitheacht na bplandaí i dtaca leis na dálaí agranamaíocha réigiúnacha agus chun torthúlacht na hithreach agus bithéagsúlacht ithreach a mhéadú, go háirithe nuair a úsáidtear na meascáin síolta i gcleachtais agranamaíocha chun ithir agus uisce a chaomhnú, amhail barra cumhdaigh, agus an easpa síolta orgánacha nó síolta atá á dtiontú atá ar fáil á gcur san áireamh, is féidir meascáin síolta a úsáid i gcomhréir le rialacha maidir le táirgeadh orgánach, fiú amháin nuair atá síolta orgánacha, síolta atá á dtiontú agus síolta neamhorgánacha údaraithe de speicis plandaí éagsúla iontu. Chun na críche sin, ba cheart faisnéis bheacht maidir le méid na gcomhábhar orgánach agus na gcomhábhar atá á dtiontú sna meascáin a bheith ar fáil do na húsáideoirí, gan dochar do na ceanglais agus don fhaisnéis a cheanglaítear faoi Threoir 66/401/CEE. |
(7) |
Mar sin féin, ba cheart a léiriú ar lipéad an phacáistithe le haghaidh meascáin den sórt sin nach gceadaítear na meascáin a úsáid ach amháin laistigh de raon feidhme an údaraithe a eisíodh faoi phointe 1.8.5. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 agus, dá bhrí sin, nach gceadaítear iad a úsáid ach amháin ar chríoch Bhallstát an údaráis inniúil a dheonaigh é. |
(8) |
Thairis sin, chun úsáid síolta orgánacha agus síolta atá á dtiontú a chur chun cinn agus íostairseach chainníochtúil chomhchuibhithe a áirithiú, is iomchuí céatadán iomlán íosta de réir meáchan síolta orgánacha agus síolta atá á dtiontú a leagan síos, ar síolta iad ba cheart a bheith mar chuid den mheascán nuair a dhéanfar tagairt ar an lipéad do chomhábhair orgánacha agus do chomhábhair atá á dtiontú. |
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, pointe 2.1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 a leasú dá réir sin. |
(10) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear pointe 2.1. d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Deireadh Fómhair 2020.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.
(2) Treoir 66/401/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol plandaí farae a mhargú (IO 125, 11.7.1966, lch. 2298).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1. d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848:
“2.1. Faisnéis atá le soláthar
2.1.1 |
Áiritheoidh oibreoirí go n-iomprófar táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú go dtí oibreoirí nó aonaid eile, lena n-áirítear mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí, i bpacáistíocht, i gcoimeádáin nó i bhfeithiclí iomchuí amháin atá dúnta ar bhealach nach féidir an t-ábhar a athrú, lena n-áirítear an t-ábhar a ionadú, gan an séala a láimhsiú nó damáiste a dhéanamh dó agus go mbeidh lipéad ag gabháil leo, gan dochar d’aon tásca eile a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, ar a gcuirtear na nithe seo a leanas in iúl:
|
2.1.2 |
Áiritheoidh oibreoirí go mbeidh lipéad, lena sonraítear na nithe seo a leanas, i dteannta aon tásc eile a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, ag gabháil le beatha chumaisc atá údaraithe lena húsáid i dtáirgeadh orgánach a iompraítear go dtí oibreoirí nó gabháltais eile, lena n-áirítear mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí:
|
2.1.3 |
Gan dochar do Threoir 66/401/CEE, agus i ndáil le lipéad an phacáistithe le haghaidh meascán síolta plandaí farae ina bhfuil síolta orgánacha agus síolta atá á dtiontú nó síolta neamhorgánacha speiceas plandaí éagsúla ar eisíodh údarú ina leith faoi na coinníollacha ábhartha a leagtar síos i bpointe 1.8.5. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, áiritheoidh oibreoirí go soláthrófar faisnéis ar an lipéad sin maidir le comhábhair bheachta an mheascáin, mar a léirítear le céatadán de réir mheáchan gach speicis comhábhair, agus i gcás inarb iomchuí, de réir meáchan cineálacha comhábhair.
I dteannta na gceanglas ábhartha faoi Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 66/401/CEE, áireofar san fhaisnéis sin, chomh maith leis na tásca a cheanglaítear sa chéad mhír den phointe seo, liosta de speicis chomhábhair an mheascáin a lipéadaítear mar speicis orgánacha nó mar speicis atá á dtiontú. Is é 70 % ar a laghad an céatadán iomlán íosta de réir meáchain a bheidh sna síolta orgánacha agus sna síolta atá á dtiontú sa mheascán. I gcás ina bhfuil síolta neamhorgánacha sa mheascán, beidh an ráiteas seo a leanas ar an lipéad freisin: ‘Ní cheadaítear úsáid an mheascáin ach amháin laistigh de raon feidhme an údaraithe agus ar chríoch Bhallstát an údaráis inniúil a d’údaraigh úsáid an mheascáin seo i gcomhréir le pointe 1.8.5. d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha.’ Ní fhéadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 2.1.1 agus 2.1.2 a léiriú ach amháin ar dhoiciméad tionlacain, más féidir an doiciméad sin a nascadh gan amhras le pacáistíocht, le coimeádán nó le hiompar feithicle an táirge. Sa doiciméad tionlacain sin, beidh faisnéis maidir leis an soláthraí nó leis an iompróir.” |
20.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 133/5 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/643 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Feabhra 2021
lena leasaítear, chun críocha a oiriúnaithe do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Cuid 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 53(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá iarrtha ag na Ballstáit agus ag páirtithe leasmhara go leasófaí roinnt de na nótaí a leagtar amach i bhforoinn 1.1.3 de Chuid 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. |
(2) |
Glacann an Coimisiún leis gur gá foclaíocht na nótaí sin a fheabhsú. Tá cuid de na nótaí a bhaineann le substaintí míchruinn agus tugtar isteach roinnt neamhchinnteachta maidir leis an léirmhíniú ceart ar oibleagáidí dlíthiúla. Go háirithe, d’fhéadfaí léirmhíniú a thabhairt ar roinnt de na nótaí sin nach gá na substaintí a bhfuil feidhm ag na nótaí sin ina leith a aicmiú in aon chor faoi choinníollacha áirithe, ach, le bheith cruinn, níor cheart iad a chumhdach faoin aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe ach ba cheart iad a bheith fós faoi réir aicmiú i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (féin-aicmiú). |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008
Leasaítear Cuid 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cuid 1 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 mar a leanas:
(1) |
i bpointe 1.1.3.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad nótaí J go R:
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2008 lena leagtar síos modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 142, 31.5.2008, lch. 1)." |
(2) |
i bpointe 1.1.3.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Nótaí 8 agus 9:
Tá an t-aicmiú mar charcanaigin i bhfeidhm ach amháin i gcás inar féidir a léiriú gur lú ná 0,1 % an t-uastiúchan teoiriciúil d’fhormaildéad in-athscaoilte atá sa mheascán, beag beann ar an bhfoinse atá aige, agus é á chur ar an margadh.
Tá an t-aicmiú mar shó-ghineach i bhfeidhm ach amháin i gcás inar féidir a léiriú gur lú ná 1 % an t-uastiúchan teoiriciúil d’fhormaildéad in-athscaoilte atá sa mheascán, beag beann ar an bhfoinse atá aige, agus é á chur ar an margadh.” |
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2008 lena leagtar síos modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 142, 31.5.2008, lch. 1).’
20.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 133/9 |
RIALACHÁN (AE) 2021/644 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Aibreán 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huasleibhéil iarmhar flucsaipiorocsaid, himeacsasóil, meataimíotróin, peanfluifein agus spiriteitreamat i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1)(a) agus Airteagal 49(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás uasleibhéil iarmhar flucsaipiorocsaid, himeacsasóil, meataimíotróin agus spiriteitreamat (MRLanna), leagadh síos iad i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Níor leagadh síos aon MRLanna i gcás peanfluifein i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, agus toisc nach bhfuil an tsubstaint ghníomhach seo san áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, tá feidhm ag an luach réamhshocraithe 0,01 mg/kg a leagtar síos in Airteagal 18(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(2) |
I gcás flucsaipiorocsaid chuir an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim réasúnaithe isteach faoin athbhreithniú ar MRLanna atá ann cheana i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (2). I gcás táirgí áirithe, mhol an tÚdarás MRLanna atá ann cheana a ardú nó a choinneáil. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a shocrú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Maidir le MRLanna a bhaineann le glasraí fréimhe agus tiúbair, glasraí bleibíní, glasraí praisí, glasraí duilleacha, luibheanna agus bláthanna inite, cardúin, soilire, finéal Fhlórans, bliosáin chruinne, cainneanna, biabhóg, piseánaigh, gránaigh, insiltí luibhe ó dhuilleoga agus luibheanna, insiltí luibhe ó fhréamhacha agus ó phlandaí siúcra, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh roinnt faisnéise ar fáil agus gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú tuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a shocrú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar MRLanna sin go léir; leis an athbhreithniú sin cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 2 bhliain ó fhoilsiú an Rialacháin seo. |
(3) |
Chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach faoin athbhreithniú ar MRLanna atá ann cheana i gcás himeacsasóil i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (3). Moladh go n-ísleofaí an MRL i gcás fréamhacha biatas siúcra. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart an MRL sin a shocrú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. |
(4) |
Chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach faoin athbhreithniú ar MRLanna atá ann cheana i gcás meataimíotróin i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (4). Mhol sé go n-ísleofaí MRLanna atá ann faoi láthair a bhaineann le húlla, piorraí, meacain bhiatais, meacain dhearga, meacain ragaim, meacain bhána, fréamhacha peirsile/peirsil fréimhe Hamburg, tornapaí, oinniúin agus fréamhacha biatas siúcra. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a shocrú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Maidir le MRLanna a bhaineann le sútha talún, roicéad Rómhánach/rucola, barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí), spionáistí agus duilleoga comhchosúla, insiltí luibhe ó dhuilleoga agus luibheanna, insiltí luibhe ó fhréamhacha, spíosraí ó shíolta agus spíosraí ó thorthaí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh fáil ar roinnt faisnéise agus gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú tuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a shocrú freisin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar MRLanna sin go léir; leis an athbhreithniú sin cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de dhá bhliain ó fhoilsiú an Rialacháin seo. |
(5) |
Chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach faoin athbhreithniú ar MRLanna atá ann cheana i gcás peanfluifein i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (5). Mhol sé an MRL atá ann cheana i gcás prátaí a choinneáil. Ba cheart an MRL sin a shocrú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. |
(6) |
Chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach faoin athbhreithniú ar MRLanna atá ann cheana i gcás spiriteitreamat i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (6). Mhol sé go n-athrófaí an sainmhíniú ar iarmhar. Mhol sé go n-ísleofaí MRLanna atá ann cheana a bhaineann le torthaí citris, torthaí póma, sútha talún, ológa boird, cíobhaíonna, abhacáid, bananaí, úlla gránacha/pomagránaití, anainn, glasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatais siúcra, gairleog, seallóidí, Solanaceae agus Malvaceae, sreabháin na Beilge, ológa le haghaidh táirgeadh ola agus fréamhacha siocaire. Mhol an tÚdarás MRLanna atá ann cheana i gcás táirgí eile a ardú nó a choinneáil. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a shocrú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh roinnt faisnéise ar fáil faoi MRLanna a bhaineann le bachlóga Bruiséile agus cálráibí agus gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú tuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a shocrú freisin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar MRLanna sin go léir; leis an athbhreithniú sin cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 2 bhliain ó fhoilsiú an Rialacháin seo. |
(7) |
Cuireadh uasteorainneacha iarmhar reatha Codex (CXLanna) san áireamh i dtuairimí réasúnaithe an Údaráis. Rinneadh CXLanna, atá sábháilte do thomhaltóirí san Aontas, a mheas chun MRL a shocrú. |
(8) |
Maidir le táirgí ar ina leith nach n-údaraítear úsáid an táirge cosanta plandaí, agus nach bhfuil aon lamháltas i dtaca le hallmhairiú ná CXLanna ann ina leith, ba cheart MRLanna a shocrú ag an teorainn shonrach cinnidh (LOD) nó ag an MRL réamhshocraithe, mar a fhoráiltear in Airteagal 18(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(9) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais maidir le hiarmhair lotnaidicídí a mhéid a bhaineann leis an ngá le LODanna áirithe a oiriúnú. A mhéid a bhaineann leis na substaintí go léir lena mbaineann an rialachán seo, tháinig na saotharlanna sin ar an gconclúid gur ghá LODanna sonracha a shocrú le haghaidh forbairt theicniúil tráchtearraí áirithe. |
(10) |
I gcomhthéacs nós imeachta maidir le húdarú a dhéanamh ar úsáid táirge cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach spiriteitreamat ar “thorthaí agus caora beaga eile”, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 chun MRLanna atá ann cheana a mhodhnú. I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne an Ghearmáin meastóireacht ar an iarratas sin agus cuireadh an tuarascáil mheastóireachta ar aghaidh chuig an Údarás agus chuig an gCoimisiún. Rinne an tÚdarás measúnú ar an tuarascáil mheastóireachta agus thug sé tuairim réasúnaithe (7) faoi MRLanna atá beartaithe. Moladh go n-ardófaí MRLanna na dtáirgí sin atá ann cheana. Ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a shocrú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. |
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinneadh iarratais ar lamháltais allmhairiúcháin i gcás floscaipreacáin a úsáidtear sna Stáit Aontaithe ar “ghlasraí fréimhe agus tiúbair eile seachas biatais siúcra” agus sa Bhrasaíl ar phónairí caife. Maíonn na hiarratasóirí go mbíonn iarmhair a sháraíonn an MRL atá i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar thoradh ar úsáidí údaraithe na substainte sin ar na barra sin agus go bhfuil MRL níos airde riachtanach chun bacainní trádála maidir le hallmhairiú na mbarr sin a sheachaint. I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne na Ballstáit lena mbaineann meastóireacht ar na hiarratais sin agus cuireadh na tuarascálacha meastóireachta ar aghaidh chuig an Údarás agus chuig an gCoimisiún. Rinne an tÚdarás measúnú ar na hiarratais agus ar na tuarascálacha meastóireachta, agus rinne sé scrúdú go háirithe ar na rioscaí atá ann don tomhaltóir agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe, agus thug sé tuairimí réasúnaithe faoi MRLanna atá beartaithe. (8). Chuir sé na tuairimí sin ar aghaidh chuig na hiarratasóirí, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus cuireadh ar fáil don phobal iad. |
(12) |
A mhéid a bhaineann le gach iarratas, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais go léir maidir le sonraí agus gur inghlactha a bhí na modhnuithe ar MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí maidir le sábháilteacht tomhaltóirí ar bhonn measúnú ar nochtadh tomhaltóirí do 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Chuir sé san áireamh an fhaisnéis is déanaí faoi airíonna tocsaineolaíocha na substaintí. Le teagmháil ar feadh an tsaoil leis na substaintí seo trí chaitheamh na dtáirgí bia go léir a bhféadfadh siad a bheith iontu, agus le teagmháil ghearrthéarmach i ngeall ar go leor de na táirgí ábhartha sin a chaitheamh, léiríodh nach bhfuil baol ann go sárófaí an iontógáil laethúil inghlactha nó an ghéardháileog thagartha. |
(13) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe ón Údarás agus na tosca ábhartha a bhaineann leis an ábhar atá á meas á gcur san áireamh, leis na modhnuithe faoi seach ar MRLanna comhlíontar na ceanglais atá in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(14) |
Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir le MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh na tuairimí uathu san áireamh. |
(15) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
(16) |
Chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, ba chóir go bhforálfaí leis an Rialachán seo do shocrú idirthréimhseach i gcás táirgí atá táirgthe sula modhnaítear MRLanna agus ar ina leith a léiríonn an fhaisnéis go gcoinnítear leibhéal ard cosanta don tomhaltóir. |
(17) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula dtiocfaidh MRLanna modhnaithe chun bheith infheidhme ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnó bia in ann iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a thiocfaidh as an modhnú ar MRLanna a chomhlíonadh. |
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a bhí sé sular leasaíodh é leis an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige maidir le táirgí a táirgeadh san Aontas nó a allmhairíodh isteach san Aontas roimh an 10 Samhain 2021.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 10 Samhain 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 070, 16.3.2005, lch. 1.
(2) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Tuairim réasúnaithe faoin athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás floscaipireocsaid de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Iris EFSA 2020;18(1):5984.
(3) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Tuairim réasúnaithe faoin athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás himeacsasóil de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Iris EFSA 2019;17(11):5895.
(4) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Tuairim réasúnaithe faoin athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás meitiolaimín i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Iris EFSA 2020;18(1):5959.
(5) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Tuairim réasúnaithe faoin athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar i gcás peanfluifein de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Iris EFSA 2019;17(10):5840.
(6) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Tuairim réasúnaithe faoin athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás spiriteitreamat réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Iris EFSA 2020;18(1):5960.
(7) Tuairim réasúnaithe faoi mhodhnú a dhéanamh ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás spiriteitreamat i dtorthaí agus caora beaga. Iris EFSA 2019;17(11):5904.
(8) Reasoned opinion on the setting of import tolerances for fluxapyroxad in certain root crops and coffee beans. [Tuairim réasúnaithe faoi lamháltais iompórtála a shocrú le haghaidh flucsaipiorocsaid i mbarra fréimhe áirithe agus i bpónairí caife]. EFSA Journal 2020 [Iris EFSA 2020;18(1):5950].
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
(1) |
In Iarscríbhinn II cuirtear isteach na colúin seo a leanas a bhaineann le flucsaipiorocsad, meataimíotrón, peanfluifein agus spiriteitreamat: Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(2) |
I gCuid A d’Iarscríbhinn III scriostar na colúin a bhaineann le flucsaipiorocsad, himeacsasól, meataimíotrón agus spiriteitreamat. |
(*) Teorainn cinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I.
20.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 133/29 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/645 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Aibreán 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 maidir leis an liosta tríú tíortha nó codanna díobh óna n-údaraítear coinsíneachtaí bainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí grutha bhuí a thabhairt isteach san Aontas Eorpach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2002/99/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena leagtar síos na rialacha sláinte ainmhithe lena rialaítear táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine (1), agus go háirithe Airteagal 8, abairt tosaigh, agus Airteagal 8(1) agus (4) agus Airteagal 9(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na coinníollacha maidir le sláinte phoiblí agus ainmhithe agus na ceanglais deimhniúcháin maidir le coinsíneachtaí bainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí grutha bhuí a thabhairt isteach san Aontas agus liosta na dtríú tíortha óna n-údaraítear coinsíneachtaí den sórt sin a thabhairt isteach san Aontas. |
(2) |
Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin liosta de thríú tíortha nó codanna díobh atá údaraithe chun coinsíneachtaí bainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí grutha bhuí a thabhairt isteach san Aontas agus sonraítear ann an cineál cóireála is gá do thráchtearraí den sórt sin. |
(3) |
Tá an nós imeachta fós ar siúl chun údarú a thabhairt don Mholdóiv bainne agus táirgí déiríochta a onnmhairiú chuig an Aontas agus cuirfear bailchríoch air in am trátha. A fhad is atá an nós imeachta ar feitheamh, d’iarr an Mholdóiv údarú chun táirgí uachtair reoite a iompar ar idirthuras tríd an Aontas, táirgí nach meastar gur táirgí ilchodacha fadré iad a chuimsíonn táirgí déiríochta. Ionas go ndeonófaí an t-údarú sin di, chuir an Mholdóiv iarraidh isteach go gcuirfí í i gColún C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 605/2010, i gcáil tríú tír ar cuireadh a cuid bainne amh agus a cuid táirgí déiríochta faoi chóireáil a éilítear leis an Rialachán sin (cóireáil “C”) chun an riosca a bhaineann le leathadh an ghalair crúb is béil a mhaolú. |
(4) |
I bhfianaise na ráthaíochtaí a thug údaráis inniúla na Moldóive maidir le cur i bhfeidhm ceart chóireáil “C” ar na táirgí bainne atá sna táirgí ilchodacha, is iomchuí an Mholdóiv a chur i gcolún “C” d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 605/2010. |
(5) |
Ba cheart an bhreis sin ar cholún “C” d’Iarscríbhinn I a bheith gan dochar do na hoibleagáidí a eascraíonn as forálacha eile de chuid reachtaíocht an Aontais a bhaineann le táirgí de bhunadh ainmhíoch a allmhairiú isteach san Aontas agus a chur ar an margadh laistigh den Aontas, go háirithe iad sin a bhaineann le bunaíochtaí a liostú faoi Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (3). |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 a leasú dá réir. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sa tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 605/2010, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh “MA-Morocco”:
“MD |
Moldova |
0 |
0 |
+” |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 18, 23.1.2003, lch. 11.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2010 lena leagtar síos coinníollacha maidir le deimhniúchán tréidliachta agus sláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe chun bainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí grutha bhuí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas Eorpach (IO L 175, 10.7.2010, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe i gcomhair thomhaltas an duine a thabhairt isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).
20.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 133/31 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/646 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Aibreán 2021
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil lena gcórais éigeandála le fanacht i lána
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2010, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 7(6) i gcomhar le hAirteagal 7(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2019/2144, ceanglaítear córais éigeandála le fanacht i lána a fheistiú i ngluaisteáin phaisinéirí agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma. Is gá rialacha a bhunú maidir le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha le haghaidh cineálcheadú feithiclí i ndáil leis na córais éigeandála le fanacht i lána. |
(2) |
Na nósanna imeachta cineálcheadaithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá feidhm acu maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí a mhéid a bhaineann leis na córais éigeandála le fanacht i lána. Ionas gur féidir cur chuige comhsheasmhach a bheith ann maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar sa doiciméad faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/858, an fhaisnéis atá ábhartha i ndáil leis an gcóras éigeandála le fanacht i lána, ba cheart í a shonrú a thuilleadh sa Rialachán seo. |
(3) |
An deimhniú ar chineálcheadú AE atá le heisiúint le haghaidh córais éigeandála le fanacht i lána, deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2018/858, ba cheart é a bhunú ar an teimpléad samplach a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún (3). Mar sin féin, an t-aguisín a ghabhann leis an deimhniú ar chineálcheadú, is ann sin ba cheart an fhaisnéis a bheith a bhaineann go sonrach leis na córais éigeandála le fanacht i lána, faoi mar a shainmhínítear an fhaisnéis sin sa Rialachán seo, agus dá bhrí sin ba cheart an teimpléad le haghaidh an deimhnithe ar chineálcheadú agus an t-aguisín comhlántach in éineacht leis a leagan síos sa Rialachán seo. |
(4) |
I gcomhréir le nóta 6 a ghabhann leis an tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144, cur i bhfeidhm an cheanglais maidir le feistiú éigeantach córais éigeandála le fanacht i lána, cuirtear sin siar dhá bhliain a mhéid a bhaineann le mótarfheithiclí a bhfuil córais stiúrtha de chumhacht hiodrálach acu. Ar feadh na tréimhse sin, ba cheart córas rabhaidh imeachta ó lána a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo. |
(5) |
Is éard atá sa chóras éigeandála le fanacht i lána córas cúnta tiománaí nár ceart dó rabhadh a thabhairt don tiománaí ná an ruthag a cheartú ach nuair atá an tiománaí ag fágáil an lána go neamhinteannach. |
(6) |
I gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta tráchta tá cead ag tiománaithe marcálacha briste lána a thrasnú, agus tá sé thar a bheith deacair do na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair a mheas an dtrasnaíonn an tiománaí na marcálacha briste lána in aon turas nó nach dtrasnaíonn. Ionas nach ndéanfaidh an córas éigeandála le fanacht i lána idirghabhálacha nach bhfuil gá leo, rud a d’fhéadfadh tabhairt ar an tiománaí an córas a mhúchadh agus a d’fhágfadh dá bhrí sin go gcaillfí an tairbhe shábháilteachta ionchasach, níor cheart ceangal a chur ar an gcóras éigeandála le fanacht i lána ach amháin le rabhadh a thabhairt don tiománaí agus gan ceangal a chur air ruthag na feithicle a cheartú agus í ag trasnú marcálacha briste lána. |
(7) |
Na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair le haghaidh na gcóras éigeandála le fanacht i lána, is ar mharcálacha lána a bhrath atá siad bunaithe, agus ní féidir feidhmíocht na gcóras sin a ráthú in éagmais marcálacha den sórt sin. Dá bhrí sin, níor cheart ceanglas a bheith ar na córais éigeandála le fanacht i lána le bheith ag feidhmiú in éagmais marcálacha lána. |
(8) |
I bhfianaise chastacht an chórais leictreonaigh rialaithe nó na gcóras leictreonach rialaithe a bhaineann le córais éigeandála le fanacht i lána, is gá na tástálacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a fhorlíonadh le doiciméid ina léirítear na bearta deartha agus bailíochtaithe a rinne an monaróir chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas éigeandála le fanacht i lána go sábháilte i gcásanna éagsúla. Sa Rialachán seo sainmhíneofar an doiciméadacht ábhartha atá le soláthar ag an monaróir agus na nósanna imeachta le haghaidh mheasúnú na doiciméadachta sin ag na húdaráis cheadaithe nó na seirbhísí teicniúla. |
(9) |
Ós rud é go mbeidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/2144 ón 6 Iúil 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna. |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Teicniúil – Mótarfheithiclí, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Forálacha riaracháin agus sonraíochtaí teicniúla le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil leis na córais éigeandála le fanacht i lána
1. An doiciméad faisnéise a chuirtear isteach i gcomhréir le hAirteagal 24(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/858 i dteannta leis an iarratas ar chineálcheadú le haghaidh cineál feithicle i ndáil leis an gcóras éigeandála le fanacht i lána, is éard a bheidh sa doiciméad sin an fhaisnéis atá ábhartha maidir leis an gcóras sin atá i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I.
2. Beidh cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil le córais éigeandála le fanacht i lána faoi réir na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I.
3. Córais rabhaidh imeachta ó lána faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 3(9) de Rialachán (AE) 2019/2144, i gcás inarb iad sin a fheistítear ar mhótarfheithiclí a bhfuil córais stiúrtha de chumhacht hiodrálach acu, seachas córais éigeandála le fanacht i lána, comhlíonfaidh siad na sonraíochtaí teicniúla ábhartha a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I.
4. An deimhniú ar chineálcheadú AE le haghaidh cineál feithicle i ndáil leis an gcóras éigeandála le fanacht i lána, deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2018/858, déanfar é a tharraingt suas i gcomhréir le Cuid 3 d’Iarscríbhinn I.
Airteagal 2
Iniúchóireacht sábháilteachta
Nósanna imeachta maidir le fíorú na ngnéithe sábháilteachta a bhaineann leis na córais leictreonacha rialaithe sna córais éigeandála le fanacht i lána ag na húdaráis cheadaithe nó na seirbhísí teicniúla, agus nósanna imeachta maidir le measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil a sholáthraíonn na monaróirí, leagtar síos iad in Iarscríbhinn II.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 6 Iúil 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Aibreán 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 325, 16.12.2019, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann leis na ceanglais riaracháin maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu (IO L 163, 26.5.2020, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
CUID 1
Doiciméad faisnéise le haghaidh cineálcheadú AE feithiclí i ndáil lena gcórais éigeandála le fanacht i lána
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh.... a bhaineann le cineálcheadú AE le haghaidh cineál feithicle i ndáil leis an gcóras éigeandála le fanacht i lána.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis seo a leanas agus beidh liosta den inneachar ag gabháil léi. Déanfar aon líníocht nó pictiúr a sholáthar sa scála iomchuí agus iad mionsonraithe go leor ar pháipéar de mhéid A4, nó ar fhillteán i bhformáid A4. Beidh grianghraif, más ann dóibh, mionsonraithe go leor.
Má tá rialuithe leictreonacha ag na córais dá dtagraítear sa doiciméad faisnéise seo, soláthrófar faisnéis maidir lena bhfeidhmiú.
0. FAISNÉIS GHINEARÁLTA
0.1. |
Déantús (trádainm an mhonaróra): |
0.2. |
Cineál: |
0.2.1. |
Ainm (nó ainmneacha) tráchtála (má tá sé/siad ar fáil): |
0.3. |
Modh sainaitheantais an chineáil má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil/comhpháirt/aonad teicniúil ar leithligh: |
0.3.1. |
Suíomh na marcála sin: |
0.4. |
Catagóir na feithicle: |
0.5. |
Ainm cuideachta agus seoladh an mhonaróra: |
0.8. |
Ainm/ainmneacha agus seoladh/seoltaí na monarchan/monarchana cóimeála: |
0.9. |
Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann dó): |
1. SAINTRÉITHE GINEARÁLTA TÓGÁLA
1.1. |
Grianghraif agus/nó líníochtaí d’fheithicil/comhpháirt/aonad teicniúil ar leithligh ionadaíoch: |
1.8. |
Taobh an stiúrtha: clé/deas |
2. MAISEANNA AGUS TOISÍ
(in kg agus in mm) (Déan tagairt do líníocht más infheidhme)
2.6. |
Mais i riocht feidhmithe
|
4. TRAS-SEOLADH
4.5. |
Giarbhosca |
4.5.1. |
Cineál: Lámhoibrithe/Uathoibríoch/CVT(tras-seoladh athraitheach leanúnach)/Cóimheas seasta/Uathoibríoch/Eile/Mol rotha |
4.7. |
Uasluas dearaidh na feithicle (in km/u): |
6.6.1. |
Comhcheangal (nó comhcheangail) bonn/rothaí |
6.6.1.1. |
Acastóirí |
6.6.1.1.1. |
Acastóir 1:
|
6.6.1.1.2. |
Acastóir 2:
etc. |
6.6.1.2. |
Rotha spártha, más ann dó: |
7.4. |
Córas éigeandála le fanacht i lána (ELKS) |
7.4.1. |
Tuairisc theicniúil ar an gcóras agus líníocht de: |
7.4.2. |
Modh chun an ELKS a dhíghníomhachtú de láimh: |
7.4.3. |
Tuairisc ar an díghníomhachtú uathoibríoch (má tá sé feistithe): |
7.4.4. |
Tuairisc ar an sochtadh uathoibríoch (má tá sé feistithe): |
7.5. |
Córas Rabhaidh Imeachta ó Lána (LDWS) |
7.5.1 |
Raon luais an LDWS: |
7.5.2. |
Tuairisc theicniúil ar an LDWS agus líníocht de): |
7.6. |
Feidhm Cheartaitheach um Rialú Treorach (CDCF) |
7.6.1 |
Raon luais an CDCF: |
7.6.2. |
Tuairisc theicniúil ar an gcóras agus líníocht de (go háirithe má úsáideann an córas stiúradh nó coscánú): |
Nóta míniúcháin:
An fhaisnéis atá ábhartha maidir leis an gcóras éigeandála le fanacht i lána, sin é atá sa doiciméad faisnéise seo, agus is i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún a chomhlánófar an doiciméad céanna.
CUID 2
Sonraíochtaí teicniúla
1. |
Sainmhínithe
Chun críoch an Chóid, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: |
1.1. |
Is éard a chiallaíonn “cineál feithicle i dtaca lena chóras éigeandála le fanacht i lána” catagóir feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile ó thaobh gnéithe bunúsacha ar nós:
|
1.2. |
Ciallaíonn “feidhm cheartaitheach um rialú treorach (CDCF)” feidhm rialaithe laistigh de chóras rialaithe leictreonach lenar féidir go n-athrófaí uillinn stiúrtha rotha amháin nó níos mó agus/nó coscánú rothaí aonair, ar feadh tréimhse theoranta, de thoradh meastóireacht uathoibríoch ar chomharthaí a tionscnaíodh ar bord na feithicle, meastóireacht a mbíonn an rogha ann é a shaibhriú le sonraí a chuirtear ar fáil lasmuigh den fheithicil, agus a dhéantar ar mhaithe le himeacht ó lána a cheartú, e.g. chun a sheachaint go dtrasnófaí marcálacha lána, go n-imeofaí den bhóthar; |
1.3. |
ciallaíonn “feithicil is ábhar don tástáil” an fheithicil atá á tástáil; |
1.4. |
Ciallaíonn “an t-achar go dtí marcáil lána (DTLM)” an fad cliathánach atá fágtha (go hingearach leis an marcáil lána) idir an taobh istigh den mharcáil lána agus an chiumhais is forimeallaí den bhonn sula dtrasnaíonn an fheithicil is ábhar don tástáil an taobh istigh den mharcáil lána; |
1.5. |
Ciallaíonn “bóthar cothrom” bóthar a bhfuil fána ann is lú ná 1 % san fhadtreo agus, maidir leis an taobhthreo, is lú ná 2 % ar feadh leathleithead lána ar gach taobh den lárlíne agus is lú ná 3 % ar feadh na leithe amuigh den lána; |
1.6. |
Ciallaíonn “bóthar tirim” bóthar arb é 0,9 an chomhéifeacht bhuaic-choscánaithe ainmniúil atá aige; |
1.7. |
Ciallaíonn “an Córas” an córas rialaithe leictreonach agus na córais leictreonacha chasta um rialú is tarchur rialaithe an chórais éigeandála le fanacht i lána ann, nó is cuid den tarchur sin, lena n-áirítear na naisc tarchuir chuig córais eile feithicle nó ó chórais eile feithicle a théann i bhfeidhm ar an gcóras éigeandála le fanacht i lána; |
1.8. |
Ciallaíonn “aonaid” na rannáin is lú de chomhpháirteanna an chórais a chuirfear san áireamh, ós rud é go ndéileálfar leis na comhcheangail sin de chomhpháirteanna mar eintitis aonair chun críche sainaitheanta, anailíse nó athsholáthair; |
1.9. |
Ciallaíonn “naisc tarchuir” aon trealamh leictreach, meicníoch, neomatach nó hiodrálach a úsáidtear chun aonaid dáilte a idirnascadh chun críche comharthaí, sonraí oibriúcháin nó soláthar fuinnimh a iompar; |
1.10. |
Ciallaíonn “córas rialaithe leictreonach” comhcheangal aonad atá ceaptha chun dul i gcomhar le chéile agus feidhm rialaithe feithicle á táirgeadh trí phróiseáil leictreonach sonraí; |
1.11. |
Ciallaíonn “córas leictreonach casta um rialú feithicle” córas rialaithe leictreonach inar féidir feidhm arna rialú le córas leictreonach nó ag an tiománaí a shárú le feidhm/córas leictreonach rialaithe ar leibhéal níos airde, rud a dhéanann cuid den chóras casta den fheidhm sin, chomh maith le haon sárú ar an gcóras, lena n-áirítear na naisc tarchuir chuig na córais/feidhmeanna sáraitheacha lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo agus uathu; |
1.12. |
Ciallaíonn “straitéis rialaithe” straitéis chun a áirithiú gur go daingean agus go sábháilte a oibreoidh feidhm nó feidhmeanna córais rialaithe leictreonaigh mar fhreagairt ar thacar ar leith de dhálaí comhthimpeallacha agus/nó oibriúcháin (amhail riocht dhromchla an bhóthair, déine tráchta agus úsáideoirí eile bóithre, drochaimsir, etc.), rud a bhféadfadh díghníomhachtú uathoibríoch feidhme nó srianta feidhmíochta sealadacha (e.g. laghdú ar an uasluas oibriúcháin, etc.) a bheith i gceist leis; |
1.13. |
Ciallaíonn “coincheap na sábháilteachta” tuairisc ar na bearta a dearadh mar chuid den chóras, mar shampla laistigh de na haonaid leictreonacha, chun aghaidh a thabhairt ar shláine an chórais agus chun oibriú sábháilte a áirithiú faoi dhálaí fabht agus faoi dhálaí nach fabhtach, lena n-áirítear i gcás cliseadh leictreach. D’fhéadfadh sé gur cuid de choincheap na sábháilteachta é go mbeadh féidearthacht tacachumais ann dul i muinín feidhmiú páirteach nó go fiú i muinín córas cúltaca i gcás feidhmeanna ríthábhachtacha feithicle. |
2. |
Ceanglais ghinearálta |
2.1. |
Is éard a bheidh i gcóras éigeandála le fanacht i lána (ELKS) córas rabhaidh imeachta ó lána (LDWS) agus feidhm cheartaitheach um rialú treorach (CDCF). |
2.1.1. |
Comhlíonfaidh an LDWS ceanglais phointí 3.1 go 3.4 agus phointe 3.5. |
2.1.2. |
Comhlíonfaidh an CDCF ceanglais phointí 3.1 go 3.4 agus phointe 3.6. |
2.2. |
Rabhaidh imeachta ó lána agus idirghabhálacha ón ELKS
Faoi réir na gceanglas sonrach thíos ceapfar an córas sa chaoi is go n-íoslaghdófar rabhaidh agus idirghabhálacha maidir le hainlithe a dhéanann an tiománaí in aon turas. |
3. |
Ceanglais shonracha |
3.1. |
Rabhadh teipe ELKS
Tabharfar rabhadh nuair a tharlaíonn teip sa ELKS a fhágann nach féidir ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. |
3.1.1. |
comhartha rabhaidh amhairc leanúnach a bheidh sa rabhadh teipe. |
3.1.1.1. |
Ní bheidh eatramh ama suntasach idir gach féin-seiceáil ELKS (feidhm chomhtháite lena ndéantar seiceáil ar theip sa chóras ar bhonn leanúnach le linn don chóras a bheith gníomhach ar a laghad), agus ina dhiaidh sin ní bheidh moill maidir leis an gcomhartha rabhaidh a shoilsiú, i gcás cliseadh is féidir a bhrath go leictreach. |
3.1.1.2. |
Nuair a bhraitear aon choinníoll neamhleictreach teipe (e.g. mí-ailíniú braiteora), gníomhachtófar an comhartha rabhaidh a shainmhínítear i bpointe 3.1.1. |
3.1.2. |
Má tá modh chun an ELKS a dhíghníomhachtú feistithe san fheithicil tabharfar rabhadh i gcomhréir le pointe 3.2 nuair dhéanfar an córas a díghníomhachtú. comhartha rabhaidh amhairc leanúnach a bheidh ansin. An comhartha rabhaidh teipe a shonraítear i bpointe 3.1.1. féadfar é a úsáid chuige sin. |
3.2. |
Díghníomhachtú an ELKS |
3.2.1. |
Díghníomhachtú láimhe
I gcás ina mbeidh modh chun an fheidhm ELKS a dhíghníomhachtú de láimh, go páirteach nó go hiomlán, feistithe i bhfeithicil, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas de réir mar is iomchuí: |
3.2.1.1. |
Déanfar feidhm iomlán an ELKS a athshocrú go huathoibríoch agus go hiomlán gach uair a dhéanfar máistirlasc rialaithe na feithicle a ghníomhachtú. |
3.2.1.2. |
Ní fhéadfar an ELKS iomlán a dhíghníomhachtú de láimh gan dhá ghníomh d’aon ghnó a dhéanamh ar a laghad, e.g. brú ar chnaipe agus a choinneáil síos, nó rogha roghchláir a roghnú agus a dheimhniú. Féadfar rabhaidh fhuaimiúla den LDWS a mhúchadh go héasca, ach ní dhéanfaidh gníomh den sórt sin an LDWS ná an CDCF a dhíghníomhachtú ag an am céanna. |
3.2.1.3. |
Is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 3 a dhéanfar an cumas díghníomhachtaithe láimhe a thástáil. |
3.2.2. |
Díghníomhachtú uathoibríoch
Má tá modh chun feidhm an ELKS a dhíghníomhachtú go huathoibríoch, go páirteach nó go hiomlán, feistithe san fheithicil, mar shampla i gcásanna amhail úsáid easbhóthair, a bheith ar tarraingt, leantóir a cheangal leis an bhfeithicil nó an rialú leictreonach cobhsaíochta (ESC) á dhíghníomhachtú, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas de réir mar is iomchuí: |
3.2.2.1. |
Mar chuid den iniúchadh sábháilteachta, cuirfidh monaróir na feithicle liosta cásanna agus critéir chomhfhreagracha ar fáil ina ndéanfar feidhm an ELKS a dhíghníomhachtú go huathoibríoch agus cuirfear an liosta sin i gceangal leis an tuarascáil tástála. |
3.2.2.2. |
Déanfar feidhm an ELKS a athghníomhachtú go huathoibríoch agus go hiomlán a luaithe nach mbeidh na coinníollacha as ar eascair an díghníomhachtú uathoibríoch ann a thuilleadh. |
3.2.3. |
Cuirfear in iúl don tiománaí le comhartha rabhaidh amhairc leanúnach go bhfuil feidhm an ELKS díghníomhachtaithe. Féadfar an comhartha rabhaidh teipe a shonraítear i bpointe 3.1.1 thuas a úsáid chun na críche sin. |
3.3. |
Sochtadh uathoibríoch |
3.3.1. |
Maidir le hainlithe a dhéanann an tiománaí in aon turas
Mar chuid den iniúchadh sábháilteachta, soláthróidh an monaróir pacáiste doiciméadachta ina bhfuil rochtain ar dhearadh agus loighic bhunúsach an chórais um ainlithe a bheartaíonn an tiománaí a bhrath agus an ELKS a shochtadh go huathoibríoch. Cuimseofar sa phacáiste sin liosta de na paraiméadair a braitheadh agus tuairisc bhunúsach ar an modh a úsáidtear chun a chinneadh gur cheart an córas a shochtadh, lena n-áirítear teorainnluachanna nuair is féidir. Maidir leis an CDCF agus an LDWS araon, déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil measúnú ar an bpacáiste doiciméadachta nach é sochtadh uathoibríoch an chórais an toradh a bheidh ar ainlithe a dhéanann an tiománaí go neamhintinneach, laistigh de na paraiméadair tástála maidir le fanacht i lána (go háirithe treoluas imeachta chliathánaigh). |
3.3.2. |
Ceadaítear an ELKS a shochtadh go huathoibríoch i gcásanna ina bhfuil gluaiseacht chliathánach na feithicle á rialú ag feidhmeanna eile cúnta tiománaí nó stiúrtha uathoibríoch (i.e. Feidhm stiúrtha uathrialaitheach, feidhm stiúrtha éigeandála nó fanacht uathoibríoch i lána), nó i gcásanna ina bhfuil feidhmeanna eile a bhaineann le sábháilteacht (i.e. feidhmeanna atá in ann iompar dinimiciúil na feithicle a athrú, amhail AEBS, ESC, etc.) i mbun idirghabhála. Fógróidh an monaróir na cásanna sin mar chuid den iniúchadh sábháilteachta. |
3.4. |
Forálacha maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta |
3.4.1. |
Chun críoch tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar fheithiclí, beifear in ann na gnéithe seo a leanas den ELKS a dheimhniú:
|
3.4.2. |
Tráth an chineálcheadaithe, an modh a roghnaíonn an monaróir chun cosaint a thabhairt ar mhodhnú simplí neamhúdaraithe ar oibriú an chomhartha rabhaidh teipe, tabharfar cuntas rúnda air sin mar chuid den iniúchadh sábháilteachta in Iarscríbhinn II. De rogha air sin, comhlíonfar an ceanglas cosanta sin nuair a bheidh modh tánaisteach chun stádas ceart oibriúcháin an ELKS a sheiceáil ar fáil. |
3.5. |
Ceanglais maidir leis an LDWS |
3.5.1. |
Raon luais
Caithfidh an LDWS a bheith gníomhach nuair atá luas faoin bhfeithicil sa raon idir 65 km/h agus 130 km/h (nó uasluas na feithicle, más lú ná 130 km/h atá ann), agus a bheith gníomhach cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de, mura rud é go ndéantar é a dhíghníomhachtú de réir phointe 3.2. |
3.5.2. |
Rabhadh imeachta ó lána
Má théann an fheithicil níos mó ná DTLM -0,3 m thar mharcáil lána infheicthe don lána ina bhfuil sí ag imeacht, is ansin ar a dhéanaí a chaithfidh an LDWS a bheith in ann rabhadh a thabhairt don tiománaí nuair a dhéantar é a ghníomhachtú agus a oibriú laistigh den raon luais forordaithe:
An fheidhmíocht a éilítear, aithnítear nach bhféadfar í a bhaint amach go hiomlán faoi choinníollacha eile seachas na coinníollacha a liostaítear thuas. Mar sin féin, ní dhéanfar leis an gcóras an straitéis rialaithe a athrú go míréasúnta sna coinníollacha eile sin. An cumas rabhadh a thabhairt maidir le himeacht ó lána, is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 4 a dhéanfar é a thástáil. |
3.5.3. |
Táscaire rabhaidh an LDWS |
3.5.3.1. |
An rabhadh maidir le himeacht ó lána dá dtagraítear i bpointe 3.5.2, beidh sé le tabhairt faoi deara ag an tiománaí, agus is de bhíthin na nithe seo a leanas a thabharfar é:
An rabhadh a luaitear thuas, féadfar é a shochtadh i gcás ina ndéanfaidh an tiománaí gníomh a chuirfidh in iúl go bhfuil sé ar intinn aige imeacht ón lána; |
3.5.3.1.1. |
An comhartha rabhaidh teipe a shonraítear i bpointe 3.1.1 thuas, féadfar sin a úsáid i mód splanctha i gcás inar comhartha amhairc a úsáidfear le haghaidh an rabhaidh maidir le himeacht ó lána. |
3.5.3.1.2. |
I gcás ina ndéanfaidh an CDCF idirghabháil maidir le fanacht i lána, measfar sin a bheith ina rabhadh haptach i gcomhréir le pointe 3.5.3.1. |
3.5.3.2. |
Comhartha rabhaidh amhairc an LDWS, déanfar é a ghníomhachtú nuair a chuirfear máistir-lasc rialaithe na feithicle ar siúl. Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le comharthaí rabhaidh a léirítear i spás coiteann. |
3.5.3.3. |
Comharthaí rabhaidh amhairc an LDWS, beidh siad le feiceáil fiú faoi sholas an lae; bail shásúil a bheith ar na comharthaí, ní mór an tiománaí a bheith in ann sin a dheimhniú go héasca agus é ina shuí i suíochán an tiománaí. |
3.5.3.4. |
Is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 4 a dhéanfar an comhartha rabhaidh amhairc a thástáil. |
3.6. |
Ceanglais feidhmíochta maidir leis an CDCF |
3.6.1. |
Raon luais
Caithfidh an CDCF a bheith gníomhach idir 70 km/h agus 130 km/h (nó uasluas na feithicle, más lú ná 130 km/h atá ann) ar a laghad, agus a bheith gníomhach cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de, mura rud é go ndéantar é a dhíghníomhachtú de réir phointe 3.2. Mar sin féin, i gcás ina laghdaítear luas na feithicile ó luas is mó ná 70 km/h go dtí ceann is lú ná 70 km/h, beidh an córas gníomhach go dtí go rachaidh luas na feithicle faoi bhun 65 km/h ar a laghad. |
3.6.2. |
Fanacht i lána
Gan coinníollacha a bheith ann arb é díghníomhachtú nó sochtadh an chórais an toradh a bheadh orthu, imeacht ó lána trí dhul níos mó ná DTLM - 0.3 m thar mharcálacha lána infheicthe sna cásanna a léirítear sa tábla seo a leanas, beidh an CDCF in ann an imeacht sin a chosc:
An fheidhmíocht a éilítear le haghaidh na gcásanna atá sa tábla seo, aithnítear nach bhféadfar í a bhaint amach go hiomlán faoi choinníollacha eile seachas na coinníollacha a liostaítear thuas. Mar sin féin, ní dhéanfar leis an gcóras an straitéis rialaithe a athrú go míréasúnta sna coinníollacha eile sin. Is i gcomhréir leis an iniúchadh sábháilteachta a léireofar sin. Is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 5 a dhéanfar an cumas fanachta i lána a thástáil. |
3.6.3. |
Sárú stiúrtha |
3.6.3.1. |
An iarracht rialaithe stiúrtha is gá chun an rialú treorach sholáthraíonn an córas a shárú, ní bheidh sé níos mó ná 50 N. Ní hé go dtagann caillteanas suntasach tacaíochta stiúrtha i gceist go tobann a luaithe a dhéantar an sárú. |
3.6.3.2. |
Maidir le córais CDCF nach dtéann i bhfeidhm ar an stiúradh féin (e.g. CDCF de chineál an choscánaithe dhifreálaigh), ní bheidh an t-ionchur stiúrtha níos mó ná 25 chéim. |
3.6.3.3. |
An iarracht sháraithe um rialú stiúrtha, is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 5 a dhéanfar í a thástáil. |
3.6.4. |
Táscaire rabhaidh an CDCF |
3.6.4.1. |
Cuirfear gach idirghabháil ón CDCF in iúl don tiománaí láithreach le comhartha rabhaidh amhairc a bheidh ar taispeáint ar feadh soicind amháin ar a laghad nó fad a mhairfidh idirghabháil, cibé acu sin is faide. An comhartha rabhaidh teipe a shonraítear i bpointe 3.1.1, féadfar gurb é a splancadh sin a bheidh sa chomhartha amhairc. |
3.6.4.1.1. |
I gcás idirghabhála is faide ná 10 soicind, tabharfar comhartha rabhaidh fuaime go dtí deireadh na hidirghabhála mura rud é go ndéanfaidh an tiománaí gníomh a chuirfidh in iúl go bhfuil sé ar intinn aige imeacht ón lána. |
3.6.4.1.2. |
I gcás ina dtarlóidh dhá idirghabháil nó níos mó i ndiaidh a chéile in imeacht eatramh rollach 180 soicind agus nach mbeidh ionchur stiúrtha ann ó thaobh an tiománaí le linn an eatraimh sin, tabharfaidh an córas comhartha rabhaidh fuaime le linn an dara hidirghabháil agus aon idirghabháil eile a bheidh ann laistigh d’eatramh rollach 180 soicind. Ón tríú hidirghabháil i leith (agus maidir leis na hidirghabhálacha ina dhiaidh sin) leanfaidh an comhartha rabhaidh fuaime ar feadh 10 soicind ar a laghad níos faide ná an comhartha rabhaidh roimhe sin. |
3.6.4.2. |
Na ceanglais i bpointí 3.6.4.1.1 agus 3.6.4.1.2, is i gcomhréir leis an tástáil (nó na tástálacha) ábhartha feithicle a shonraítear i bpointe 5 a dhéanfar iad a thástáil. |
4. |
Ceanglais tástála maidir leis an LDWS |
4.1. |
Forálacha ginearálta
Feithiclí a bhfuil LDWS feistithe iontu, comhlíonfaidh siad na ceanglais iomchuí tástála atá sa phointe seo |
4.2. |
Dálaí tástála
Déanfar na tástálacha:
De rogha an mhonaróra agus le comhaontú na Seirbhíse Teicniúla, féadfar na tástálacha a dhéanamh faoi choinníollacha a imíonn ón méid a bhfuil tuairisc air thuas (e.g. ag teochtaí aeir chomhthimpeallaigh níos ísle). |
4.2.1. |
Marcálacha lána
Na marcálacha líne neamhbhriste agus na marcálacha líne briste ar an mbóthar a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha, beidh siad ag teacht le ceann díobh sin a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 NA. Beidh bail mhaith ar na marcálacha agus beidh siad déanta as ábhar atá i gcomhréir leis an gcaighdeán le haghaidh marcálacha infheicthe. An leagan amach marcálacha lána a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha, déanfar é a thaifeadadh sa tuarascáil tástála. Is 3.5 m ar a laghad a bheidh i leithead an lána (arna thomhas idir marcálacha an lána) chun críocha na dtástálacha atá sa phointe seo. Léireoidh monaróir na feithicle, trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, go gcomhlíonann sé gach marcáil lána eile a shainaithnítear in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 NA. Cuirfear aon chuid den doiciméadacht sin i gceangal leis an tuarascáil tástála. |
4.2.2. |
Dálaí na feithicle is ábhar don tástáil |
4.2.2.1. |
Mais tástála
An staid ina mbeidh an fheithicil is ábhar don tástáil ó thaobh ualaigh de agus tástáil á déanamh uirthi, comhaontófar sin idir an monaróir agus an tSeirbhís Theicniúil. Ní athrófar an t-ualach tar éis tús a chur leis an nós imeachta tástála. Léireoidh monaróir na feithicle, trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, go bhfeidhmíonn an córas cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de. |
4.2.2.2. |
An fheithicil is ábhar don tástáil, beidh brú na mbonn de réir mar a mholfaidh monaróir na feithicle agus í á tástáil. |
4.2.2.3. |
I gcás ina mbeidh tairseach rabhaidh atá inchoigeartaithe ag an úsáideoir feistithe sa LDWS, is ag an socrú uasta maidir le himeacht ó lána a bheidh an tairseach rabhaidh socraithe agus na tástálacha a shonraítear i bpointe 4.3 á ndéanamh. Ní dhéanfar aon athrú tar éis tús a chur leis an nós imeachta tástála. |
4.2.2.4. |
Cóiriú réamhthástála
Má iarrann an monaróir feithiclí é, féadfar an fheithicil a thiomáint chun an córas braiteora a chalabrú, tiomáint ar 100 km ar a mhéid is féidir a bheith i gceist léi agus sin ar mheascán de bhóithre uirbeacha agus bóithre tuaithe fara trácht eile agus troscán cois bóthair. |
4.3. |
Nósanna imeachta tástála |
4.3.1. |
Tástáil fíoraithe maidir leis an gcomhartha rabhaidh amhairc
A sheiceáil, agus an fheithicil ina stad, go gcomhlíonann an comhartha (nó na comharthaí) rabhaidh amhairc ceanglais phointe 3.5.3.2. |
4.3.2. |
Tástáil an rabhaidh maidir le himeacht ó lána |
4.3.2.1. |
An fheithicil a thiomáint ar luas 70 km/h ± 3 km/h isteach i lár an lána tástála ar bhealach rianúil ionas gur cobhsaí di.
Agus an luas forordaithe á choinneáil ar bun, an fheithicil a ghluaiseacht go réidh, ar chlé nó ar dheis, de threoluas imeachta chliathánaigh idir 0,1 agus 0,5 m/s ionas go dtrasnaíonn an fheithicil an mharcáil lána. An tástáil a dhéanamh arís ag ráta imeachta eile laistigh den raon idir 0,1 agus 0,5 m/s. Na tástálacha thuas a dhéanamh arís ach gluaiseacht sa treo eile. |
4.3.2.2. |
An táscaire rabhaidh maidir le himeacht ó lána a luaitear i bpointe 3.5.3.1 thuas, comhlíonfar na ceanglais tástála má sholáthraíonn an LDWS an táscaire sin an tráth a bhfuil DLTM -0,3 m ann ar a dhéanaí. |
4.3.2.3. |
Ina theannta sin, léireoidh monaróir na feithicle chun sástachta na Seirbhíse Teicniúla go gcomhlíontar na ceanglais maidir leis an raon luais iomlán agus an raon treoluais imeachta chliathánaigh. Féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn doiciméadacht iomchuí agus í i gceangal leis an tuarascáil tástála. |
4.3.3. |
Tástáil díghníomhachtaithe láimhe |
4.3.3.1. |
Má tá modh chun an ELKS (LDWS) a dhíghníomhachtú de láimh feistithe san fheithicil, lasc mháistir-rialaithe na feithicle a chur chuig an suíomh “Power ON” agus an ELKS (LDWS) a dhíghníomhachtú. Déanfar an comhartha rabhaidh a shonraítear i bpointe 3.2.3 a ghníomhachtú.
An lasc mháistir-rialaithe a chur chuig an suíomh “Power OFF”. Lasc mháistir-rialaithe na feithicle a chur chuig an suíomh “Power ÓN” agus a fhíorú nach ndéantar an comhartha rabhaidh a gníomhachtaíodh roimhe sin a athghníomhachtú, rud a thabharfaidh le fios go bhfuil an ELKS (LDWS) athshocraithe faoi mar a shonraítear i bpointe 3.2.1.1. |
5. |
Ceanglais tástála maidir leis an CDCF |
5.1. |
Forálacha ginearálta
Feithiclí a bhfuil CDCF feistithe iontu, comhlíonfaidh siad na ceanglais iomchuí tástála atá sa phointe seo. |
5.2. |
Dálaí tástála
Déanfar na tástálacha:
De rogha an mhonaróra agus le comhaontú na Seirbhíse Teicniúla, féadfar na tástálacha a dhéanamh faoi choinníollacha a imíonn ón méid a bhfuil tuairisc air thuas (e.g. ag teochtaí aeir chomhthimpeallaigh níos ísle). |
5.2.1. |
Marcálacha lána
An mharcáil líne neamhbhriste a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha, beidh sí ag teacht le ceann díobh sin a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 NA. Beidh bail mhaith ar an marcáil agus beidh sí déanta as ábhar atá i gcomhréir leis an gcaighdeán le haghaidh marcálacha infheicthe. An mharcáil lána a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha, déanfar í a thaifeadadh sa tuarascáil tástála. Is achar 3,5 m ar a laghad ó aon mharcáil lána eile a bheidh an mharcáil lána neamhbhriste chun críocha na dtástálacha atá sa phointe seo. Léireoidh monaróir na feithicle, trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, go gcomhlíonann sé gach marcáil lána neamhbhriste eile a shainaithnítear in Iarscríbhinn 3 (Sainaithint marcálacha lána infheicthe) a ghabhann le Rialachán Uimh. 130 NA. Cuirfear aon chuid den doiciméadacht sin i gceangal leis an tuarascáil tástála. |
5.2.2. |
Dálaí na feithicle is ábhar don tástáil |
5.2.2.1. |
Mais tástála
An staid ina mbeidh an fheithicil is ábhar don tástáil ó thaobh ualaigh de agus tástáil á déanamh uirthi, comhaontófar sin idir an monaróir agus an tSeirbhís Theicniúil. Ní athrófar an t-ualach tar éis tús a chur leis an nós imeachta tástála. Léireoidh monaróir na feithicle, trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, go bhfeidhmíonn an córas cibé cén staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de. |
5.2.2.2. |
An fheithicil is ábhar don tástáil, beidh brú na mbonn de réir mar a mholfaidh monaróir na feithicle agus í á tástáil. |
5.2.2.3. |
I gcás ina mbeidh tairseach uainithe atá inchoigeartaithe ag an úsáideoir feistithe sa CDCF, déanfar an tástáil a shonraítear i bpointe 5.3.3 agus an tairseach uainithe socraithe agus an socrú is déanaí atá inti maidir le hidirghabháil ón gcóras. Ní dhéanfar aon athrú tar éis tús a chur leis an nós imeachta tástála. |
5.2.2.4. |
Cóiriú réamhthástála
Má iarrann an monaróir feithiclí é, féadfar an fheithicil a thiomáint chun an córas braiteora a chalabrú, tiomáint ar 100 km ar a mhéid is féidir a bheith i gceist léi agus sin ar mheascán de bhóithre uirbeacha agus bóithre tuaithe fara trácht eile agus troscán cois bóthair. |
5.3. |
Nósanna imeachta tástála |
5.3.1. |
Tástáil maidir leis an táscaire rabhaidh |
5.3.1.1. |
An fheithicil is ábhar don tástáil, déanfar í a thiomáint agus CDCF gníomhachtaithe inti ar bhóthar ar a bhfuil marcálacha lána neamhbhriste ar thaobh amháin den lána ar a laghad.
Na dálaí tástála agus luas tástála na feithicle is ábhar don tástáil, beidh siad laistigh de raon oibriúcháin an chórais. Le linn na tástála, déanfar fad na n-idirghabhálacha ón CDCF agus fad na gcomharthaí rabhaidh fuaime agus amhairc a thaifeadadh. Sa chás dá dtagraítear i bpointe 3.6.4.1.1, déanfar an fheithicil is ábhar don tástáil a thiomáint sa chaoi go ndéanfaidh sí iarracht an lána a fhágáil agus gurb é an toradh a bheidh air sin go gcoinneofar idirghabháil ón CDCF ag imeacht ar feadh tréimhse is faide ná 10 soicind. Más rud é nach féidir a leithéid de thástáil a dhéanamh go praiticiúil de bharr theorainneacha na saoráidí tástála, féadfar an ceanglas seo a chomhlíonadh trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, le toiliú an Údaráis Cineálcheadaithe. Comhlíonfar na ceanglais tástála má thugtar an rabhadh fuaime tráth nach déanaí ná 10 soicind tar éis thús na hidirghabhála. Sa chás dá dtagraítear i bpointe 3.6.4.1.2, déanfar an fheithicil is ábhar don tástáil a thiomáint sa chaoi go ndéanfaidh sí iarracht an lána a fhágáil agus gurb é an toradh a bheidh air sin go mbeidh trí idirghabháil ar a laghad ann ón gcóras in imeacht eatramh rollach 180 soicind. Comhlíonfar na ceanglais tástála má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
5.3.1.2. |
Ina theannta sin, léireoidh an monaróir chun sástachta na Seirbhíse Teicniúla go gcomhlíontar na ceanglais a shainmhínítear i bpointí 3.6.4.1.1 agus 3.6.4.1.2 i raon iomlán oibríochta an CDCF. Féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn doiciméadacht iomchuí agus í i gceangal leis an tuarascáil tástála. |
5.3.2. |
Tástáíl maidir le sárú stiúrtha |
5.3.2.1. |
An fheithicil is ábhar don tástáil, déanfar í a thiomáint agus CDCF gníomhachtaithe inti ar bhóthar ar a bhfuil marcálacha lána neamhbhriste ar gach taobh den lána.
Na dálaí tástála agus luas tástála na feithicle is ábhar don tástáil, beidh siad laistigh de raon oibriúcháin an chórais. Déanfar an fheithicil a thiomáint sa chaoi go ndéanfaidh sí iarracht an lána a fhágáil agus gur idirghabháil ón CDCF an toradh a bheidh air sin. Le linn na hidirghabhála, déanfaidh an tiománaí an iarracht rialaithe stiúrtha is gá chun an idirghabháil a shárú. Taifeadfar an fórsa agus an t-ionchur stiúrtha a chuireann an tiománaí i bhfeidhm ar an rialtán stiúrtha chun an idirghabháil a shárú. Comhlíonfar na ceanglais tástála má bhíonn na nithe seo a leanas i gceist:
|
5.3.2.2. |
Ina theannta sin, léireoidh an monaróir chun sástachta na Seirbhíse Teicniúla go gcomhlíontar na ceanglais a shainmhínítear i mír 3.6.4 i raon iomlán oibríochta an CDCF. Féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn doiciméadacht iomchuí agus í i gceangal leis an tuarascáil tástála. |
5.3.3. |
Tástáil maidir le fanacht i lána |
5.3.3.1. |
Déanfar an CDCF a thástáil le haghaidh cásanna tástála Uimh. 1 agus Uimh. 2 a ndéantar tuairisc orthu i bpointe 3.6.2. |
5.3.3.1.1. |
Déanfar tástálacha le haghaidh gach cáis ag treoluasanna cliathánacha 0,2 m/s agus 0,5 m/s. |
5.3.3.1.2. |
An chonair tástála ar a mbeifear ag tiomáint, is éard a bheidh inti conair dhíreach tosaigh atá comhthreomhar leis an marcáil lána neamhbhriste a bheifear a thástáil, agus cuar ga fhosaithe ina dhiaidh sin ar mhaithe le treoluas cliathánach agus luascáil aitheanta a chur i bhfeidhm maidir leis an bhfeithicil is ábhar don tástáil, agus conair dhíreach ina dhiaidh sin arís áit a mbeifear ag tiomáint gan aon fhórsa a chur i bhfeidhm ar an rialtán stiúrtha (e.g. trí na lámha a bhaint den rialtán stiúrtha).
|
5.3.3.1.3. |
Is é 72 km/h ± 1 km/h a bheidh i luas na feithicle is ábhar don tástáil le linn na tástála go dtí go mbeidh idirghabháil ón gcóras ann.
Cuar an gha fhosaithe a thiomáinfear chun an treoluas cliathánach is gá a chur i bhfeidhm, 1 200 m nó níos mó a bheidh sa gha aige. Beidh lamháltas ± 0,05 m/s i gceist agus an treoluas cliathánach is gá á bhaint amach. Cuirfidh monaróir na feithicle faisnéis ar fáil ina mbeidh tuairisc ar gha an chuair atá le tiomáint agus ar an suíomh ina gcuirfear deireadh leis an gconair lúibe iata agus/nó leis an rialú luais chun a áirithiú go mbeidh gluaiseacht shaor ann ionas nach gcuirfear isteach ar shochtadh uathoibríoch de réir phointe 3.3.1. |
5.3.3.2. |
An fheithicil is ábhar don tástáil, comhlíonfar na ceanglais tástála mura dtéann sí DTLM is mó ná -0,3 m. thar an marcáil lána. |
5.3.3.3. |
Ina theannta sin, léireoidh monaróir na feithicle chun sástachta na Seirbhíse Teicniúla go gcomhlíontar na ceanglais maidir leis an raon luais iomlán agus an raon treoluais imeachta chliathánaigh. Féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn doiciméadacht iomchuí agus í i gceangal leis an tuarascáil tástála. |
CUID 3
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (CÓRAS FEITHICLE)
Teachtaireacht maidir le deonú/fadú/diúltú/aistarraingt (4) cineálcheadaithe cineáil feithicle i ndáil lena chóras éigeandála le fanacht i lána i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/646 ón gCoimisiún (5)), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh 2021/646
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú AE:
An chúis atá leis an bhfadú/an diúltú/an aistarraingt(1):
ROINN I
0.1. |
Déantús (trádainm an mhonaróra): |
0.2. |
Cineál: |
0.2.1. |
Ainm(nó ainmneacha) tráchtála (más ann dó(ibh): |
0.3. |
Modh sainaitheantais an chineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil: |
0.3.1. |
Suíomh na marcála sin: |
0.4. |
Catagóir na feithicle: |
0.5. |
Ainm agus seoladh an mhonaróra: |
0.8. |
Ainm (nó ainmneacha) agus seoladh (nó seoltaí) na monarchan/monarchana cóimeála: |
0.9. |
Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann dó): |
ROINN II
1. |
Faisnéis bhreise (i gcás inarb infheidhme): féach an tAguisín. |
2. |
Na seirbhísí teicniúla atá freagrach as na tástálacha a dhéanamh: |
3. |
Dáta na tuarascála tástála: |
4. |
Uimhir na tuarascála tástála: |
5. |
Barúlacha (más ann dóibh): féach an tAguisín. |
6. |
Áit: |
7. |
Dáta: |
8. |
Síniú: |
(1) Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta do mhótarfheithiclí agus dá leantóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51)
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/621 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2019 maidir leis an bhfaisnéis theicniúil is gá chun tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh ar na hítimí atá le tástáil, maidir le húsáid na modhanna tástála a mholtar, agus lena mbunaítear rialacha mionsonraithe i ndáil leis an bhformáid sonraí agus na nósanna imeachta maidir le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis theicniúil lena mbaineann (IO L 108, 23.4.2019, lch. 5)
(3) IO L 178, 18.6.2014, lch. 29.
(4) Scrios murab infheidhme.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/646 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil lena gcórais éigeandála le fanacht i lána (ELKS) (IO L 133, 20.4.2021, lch. 31).
Aguisín
le huimhir an deimhnithe ar chineálcheadú AE
1.
Faisnéis bhreise
1.1.
Tuairisc ar an gcóras
1.2.
Modh chun an ELKS a dhíghníomhachtú de láimh
1.3.
Tuairisc ar an díghníomhachtú uathoibríoch (má tá sé feistithe).
1.4.
Tuairisc ar an sochtadh uathoibríoch (má tá sé feistithe)
1.5.
Córas Rabhaidh Imeachta ó Lána (LDWS)
1.5.1
Raon luais an LDWS
1.5.2.
Tuairisc theicniúil ar an LDWS agus líníocht de)
1.6.
Feidhm Cheartaitheach um Rialú Treorach (CDCF)
1.6.1.
Raon luais an CDCF
1.6.2.
Tuairisc ar an gcóras (go háirithe má úsáideann an córas stiúradh nó coscánú)
IARSCRÍBHINN II
INIÚCHÓIREACHT SÁBHÁILTEACHTA
1. |
Faisnéis Ghinearálta |
1.1. |
Sainítear san Iarscríbhinn seo na ceanglais speisialta le haghaidh doiciméadachta, straitéise lochta, agus fíoraithe i ndáil le gnéithe sábháilteachta de chórais rialaithe Leictreonacha agus de chórais leictreonacha casta um rialú feithicle de chuid an chórais éigeandála le fanacht i lána. |
1.1.1. |
Go ginearálta, is faoi rialú bogearraí a bhíonn córais leictreonacha rialaithe, agus is éard atá iontu comhpháirteanna feidhmiúla ar leithligh amhail braiteoirí, aonaid rialaithe leictreonacha agus gníomhróirí, agus iad nasctha le chéile ag naisc tarchuir. D’fhéadfadh eilimintí meicniúla, leictrea-neomatacha nó leictrea-hiodrálacha a bheith iontu. |
1.2. |
Ní shonraítear san Iarscríbhinn seo na critéir feidhmíochta le haghaidh “An Chórais” a chumhdaítear sa Rialachán seo, ach cumhdaítear inti an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm ar an bpróiseas deartha agus an fhaisnéis nach mór a nochtadh don tSeirbhís Theicniúil, chun críoch cineálcheadaithe. |
1.3. |
Leis an bhfaisnéis sin léireofar go n-urramaíonn “An Córas”, faoi dhálaí nach fabhtach agus faoi dhálaí fabht, na ceanglais feidhmíochta uile is iomchuí a shonraítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I, agus gur ceapadh é ionas go n-oibreoidh sé sa tslí nach gcothóidh sé rioscaí criticiúla sábháilteachta. |
2. |
Doiciméadacht |
2.1. |
Ceanglais
Soláthróidh an monaróir pacáiste doiciméadachta ina mbeidh rochtain ar bhundhearadh “An Chórais” agus ar na modhanna trína nasctar é le córais eile feithicle nó trína ndéanann sé athróga aschuir a rialú go díreach. Míneofar feidhm (nó feidhmeanna) “an Chórais”, lena n-áirítear na straitéisí rialaithe agus coincheap na sábháilteachta atá leagtha síos ag an monaróir. Beidh an doiciméadacht gonta, ach mar sin féin beidh fianaise ann go raibh sé de bhuntáiste ag an dearadh agus an fhorbairt go raibh saineolas ann ó na réimsí córais ar fad lena mbaineann. Maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta, tabharfar tuairisc sa doiciméadacht ar an gcaoi ar féidir stádas oibríochtúil reatha “An Chórais” a sheiceáil. Déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil measúnú ar an bpacáiste doiciméadachta chun a thaispeáint:
|
2.1.1. |
Cuirfear an doiciméadacht ar fáil ina dhá cuid:
|
2.2. |
Cuirfear tuairisc ar fáil ina dtabharfar míniú simplí ar na feidhmeanna uile, lena n-áirítear straitéisí rialaithe “An Chórais” agus na modhanna a úsáidtear chun na cuspóirí a bhaint amach. Cuimseofar sa tuairisc sin ráiteas maidir leis an meicníocht (nó na meicníochtaí) trína bhfeidhmítear an rialú.
Aon fheidhm dá dtuairiscítear is féidir a shárú, aithneofar sin agus tabharfar tuairisc bhreise ar an réasúnaíocht athraithe atá le hoibriú na feidhme. |
2.2.1. |
Soláthrófar liosta de gach athróg ionchuir agus gach athróg braite, agus déanfar raon oibre na n-athróg sin a shainiú. Ina theannta sin tabharfar tuairisc ar an difear a dhéanann gach athróg d’iompar an chórais. |
2.2.2. |
Soláthrófar liosta de na hathróga aschuir go léir atá faoi rialú “An Chórais” agus tabharfar le fios, i ngach cás, cé acu is rialú díreach atá i gceist nó rialú trí chóras eile feithicle. Saineofar an raon inar dócha don “Chóras” rialú a fheidhmiú ar gach athróg aschuir. |
2.2.3. |
Teorainneacha lena sainítear teorainneacha oibríochta feidhmiúla (i.e. na teorainneacha fisiciúla seachtracha ar laistigh díobh is féidir leis an gcóras rialú a choinneáil ar bun), luafar iad sin i gcás inarb iomchuí ó thaobh fheidhmíocht an chórais de. |
2.3. |
Leagan amach an chórais agus scéimléaráid de. |
2.3.1. |
Fardal na gcomhpháirteanna.
Soláthrófar liosta ina gcomhordófar gach aonad den “Chóras” agus ina luafar na córais eile feithicle is gá chun an fheidhm rialaithe atá i gceist a bhaint amach. Soláthrófar scéimléaráid imlíne ina léireofar na haonaid sin i dteannta a chéile, scéimléaráid ina soiléireofar idir an dáileachán trealaimh agus na hidirnaisc. |
2.3.2. |
Feidhmeanna na n-aonad
Déanfar feidhm gach aonaid den “Córas” a leagan amach agus taispeánfar na comharthaí a nascann iad le haonaid eile nó le córais eile feithicle. Féadfar é sin a chur ar fáil le blocléaráid lipéadaithe nó le scéimléaráid eile, nó le tuairisc agus léaráid den sórt sin ina cúnamh aici. |
2.3.3. |
Idirnaisc laistigh den “Chóras”, is le léaráid chiorcaid a léireofar iad i gcás na nasc tras-seolta leictreach, is le léaráid phíobánra a léireofar iad i gcás trealamh tras-seolta neomatach, agus is le leagan amach simplithe léaráideach a léireofar iad i gcás nascálacha meicniúla. Léireofar freisin na naisc tarchuir chuig córais eile agus ó chórais eile. |
2.3.4. |
Beidh comhfhreagras soiléir idir naisc tarchuir agus na comharthaí a iomprófar idir aonaid. Tosaíochtaí comharthaí ar chonairí sonraí ilphléacsaithe, sonrófar iad sin i gcás inarbh fhéidir gur saincheist í an tosaíocht a dhéanfadh difear don fheidhmíocht nó don tsábháilteacht. |
2.3.5. |
Aonaid a shainaithint
Beidh gach aonad inaitheanta go soiléir agus gan débhrí (e.g. trí mharcáil le haghaidh crua-earraí agus trí mharcáil nó aschur bogearraí le haghaidh inneachar bogearraí) ionas go mbeidh na crua-earraí agus an doiciméadacht comhfhreagrach dá chéile. I gcás ina gcuirtear feidhmeanna le chéile laistigh d’aonad amháin nó go deimhin laistigh de ríomhaire amháin, ach go dtaispeántar iad i mbloic iomadúla sa bhlocléaráid ar mhaithe le soiléireacht agus éascaíocht a mínithe, ní úsáidfear ach aon mharcáil aitheantais crua-earraí amháin. Dearbhóidh an monaróir, tríd an aitheantas sin a úsáid, go bhfuil an trealamh a sholáthraítear i gcomhréir leis an doiciméad comhfhreagrach. |
2.3.5.1. |
Leis an aitheantas déantar an leagan crua-earraí agus bogearraí a shainiú agus, i gcás ina dtagann athrú ar an leagan bogearraí sa tslí go n-athraítear feidhm an Aonaid a mhéid a bhaineann leis an Rialachán seo, athrófar an t-aitheantas sin freisin. |
2.4. |
Coincheap sábháilteachta an mhonaróra |
2.4.1. |
An straitéis arna roghnú chun cuspóirí “An Chórais” a bhaint amach, soláthróidh an monaróir ráiteas lena ndearbhófar nach ndéanfaidh an straitéis sin dochar d’oibriú sábháilte na feithicle. |
2.4.2. |
I ndáil le bogearraí a úsáidtear sa “Chóras”, míneofar an ailtireacht imlíne agus sainaithneofar na modhanna agus na huirlisí deartha a úsáideadh. Taispeánfaidh an monaróir fianaise maidir leis na bealaí ar chinn siad réadú loighic an chórais le linn an phróisis deartha agus forbartha. |
2.4.3. |
Soláthróidh an monaróir míniú don tSeirbhís Theicniúil ar na forálacha deartha is cuid den “Chóras” ionas go nginfear oibriú sábháilte faoi dhálaí fabht. Is forálacha deartha iad seo a leanas, mar shampla, a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh teip sa “Chóras”:
I gcás teipe, tabharfar rabhadh don tiománaí, mar shampla, trí chomhartha rabhaidh nó trí theachtaireacht a thaispeáint. I gcás nach ndéanfaidh an tiománaí an córas a dhíghníomhachtú, e.g. tríd an lasc adhainte a chasadh chuig “as”, nó tríd an bhfeidhm áirithe sin a mhúchadh má bhíonn lasc speisialta ar fáil chun na críche sin, mairfidh an rabhadh a fhad a mhairfidh an fabht. |
2.4.3.1. |
An fhoráil a roghnófar, más modh oibríochta feidhmíochta páirtí faoi dhálaí fabht ar leith a roghnaítear léi sin, sonrófar cé na dálaí atá i gceist agus saineofar na teorannacha a bheidh leis an éifeachtacht dá bharr. |
2.4.3.2. |
An fhoráil a roghnófar, má roghnaítear modh eile (tánaisteach) léi chun cuspóir an chórais rialaithe feithicle a bhaint amach, déanfar prionsabail na meicníochta athraithe, loighic aon ghné cúltaca seiceála is cuid den chóras, agus leibhéal iomarcaíochta na ngnéithe sin a shainiú, agus saineofar na teorannacha a bheidh leis an éifeachtacht chúltaca dá bharr. |
2.4.3.3. |
An fhoráil a roghnófar, más é an fheidhm leictreonach rialaithe ardleibhéil a bhaint a roghnaítear léi, cuirfear cosc ar na comharthaí rialaithe aschuir ar fad a bhaineann leis an bhfeidhm sin, rud a dhéanfar tslí go gcuirfear srian leis an suaitheadh aistrithe. |
2.4.4. |
Tabharfar tacaíocht don doiciméadú trí anailís ina léireofar, i dtéarmaí foriomlána, conas a iompróidh an córas é féin nuair a tharlóidh aon cheann de na guaiseanna nó na lochtanna sin a mbeidh tionchar acu ar fheidhmíocht rialaithe feithicle nó ar shábháilteacht feithicle.
An modh (nó na modhanna) anailíse a roghnófar, déanfaidh an Monaróir iad a bhunú agus a choinneáil ar bun, agus osclófar iad lena n-iniúchadh ag an tSeirbhís Theicniúil tráth an chineálcheadaithe. Déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil measúnú ar chur i bhfeidhm an chur chuige (nó na cineálacha cur chuige) anailísigh. Cuimseofar an méid seo a leanas sa mheasúnú:
Is éard a bheidh sa mheasúnú seiceálacha spota ar ghuaiseacha agus fabhtanna roghnaithe ar mhaithe lena shuíomh gur loighciúil intuigthe an argóinteacht a thacaíonn leis an gcoincheap sábháilteachta, gurb oiriúnach na pleananna bailíochtaithe, agus gur cuireadh na pleananna sin i gcrích. Féadfaidh an tSeirbhís Theicniúil tástálacha a dhéanamh nó a éileamh go ndéanfar tástálacha faoi mar a shonraítear i bpointe 3. chun coincheap na sábháilteachta a fhíorú. |
2.4.4.1. |
Tabharfar tuairisc sa doiciméadacht sin ar na paraiméadair a bhfuil faireachán á déanamh orthu agus leagfar amach inti, i gcás gach dála fabht a shainítear i bpointe 2.4.4., an comhartha rabhaidh atá le tabhairt don tiománaí agus/nó don phearsanra seirbhíse/cigireachta teicniúla. |
2.4.4.2. |
Déanfar cur síos sa doiciméadacht sin ar na bearta atá i bhfeidhm chun a áirithiú nach ndéanfaidh an “Córas” dochar d’oibriú sábháilte na feithicle i gcás ina bhfuil tionchar ag dálaí timpeallachta ar fheidhmíocht “an Chórais”, e.g. dálaí aeráide, teocht, deannach a dhul isteach, uisce a dhul isteach, pacáil oighir. |
3. |
Fíorú agus tástáil |
3.1. |
Oibriú feidhmiúil “An Chórais”, a leagtar amach sna doiciméid a éilítear i bpointe 2, déanfar é a thástáil mar seo a leanas: |
3.1.1. |
Fíorú fheidhm “An Chórais”
Fíoróidh an tSeirbhís Theicniúil “An Córas” faoi dhálaí nach fabhtach trí roinnt feidhmeanna roghnaithe a thástáil as a measc siúd a dtugann an monaróir tuairisc orthu i bpointe 2.2. Maidir le córais leictreonacha chasta, cuimseofar sna tástálacha sin cásanna ina sárófar feidhm shonraithe. |
3.1.1.1. |
Comhfhreagróidh torthaí an fhíoraithe don tuairisc, lena n-áirítear na straitéisí rialaithe, a sholáthair an monaróir i bpointe 2.2. |
3.1.2. |
Fíorú choincheap na sábháilteachta a ghabhann le pointe 2.4.
Déanfar freagairt “An Chórais” a sheiceáil faoi thionchar teipe in aon aonad aonair trí chomharthaí aschuir comhfhreagracha a chur i bhfeidhm ar aonaid leictreacha nó ar eilimintí meicniúla chun éifeachtaí fabhtanna inmheánacha laistigh den aonad a ionsamhlú. Déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil an tseiceáil sin i gcás aonaid aonair amháin ar a laghad, ach ní sheiceálfaidh sí freagairt “An Chórais” ar iliomad teipeanna comhuaineacha de chuid aonad aonair. Fíoróidh an tSeirbhís Theicniúil go gcuimsítear sna tástálacha sin gnéithe a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar inrialaitheacht feithicle agus ar fhaisnéis an úsáideora (gnéithe a bhaineann le comhéadan duine le meaisín). |
4. |
Tuairisciú ón tSeirbhís Theicniúil
Déanfaidh an tSeirbhís Theicniúil an measúnú a thuairisciú sa tslí go mbeidh inrianaitheacht ann, e.g. déanfar leaganacha de na doiciméid a ndéanfar cigireacht orthu a chódú agus a liostú i dtaifid na Seirbhíse Teicniúla. Tugtar sampla san Aguisín de leagan amach a d’fhéadfadh a bheith ar fhoirm mheasúnaithe na Seirbhíse Teicniúla don Údarás Cineálcheadaithe. |
Aguisín
Foirm shamplach mheasúnaithe don ELKS
Uimh. na tuarascála tástála:
1. |
Sainaitheantas. |
1.1. |
Déanamh na feithicle: |
1.2 |
Cineál |
1.3 |
Modh sainaitheantais an chineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil: |
1.4. |
Suíomh na marcála sin: |
1.5. |
Ainm agus seoladh an mhonaróra: |
1.6. |
Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra, más infheidhme: |
1.7. |
Pacáiste doiciméadachta fhoirmiúil an mhonaróra:
Uimhir thagartha na doiciméadachta: Dáta na heisiúna bunaidh: Dáta an nuashonraithe is déanaí: |
2. |
Tuairisc ar an bhfeithicil (nó na feithiclí) tástála/ar an gcóras (nó na córais) atáthar a thástáil |
2.1. |
Tuairisc ghinearálta: |
2.2. |
Tuairisc ar fheidhmeanna rialaithe uile “An Chórais” agus ar na modhanna oibríochta: |
2.3. |
Tuairisc ar na comhpháirteanna agus léaráidí de na hidirnaisc laistigh den “Chóras”: |
2.4. |
Tuairisc ghinearálta: |
2.5. |
Tuairisc ar fheidhmeanna rialaithe uile “An Chórais”, agus ar na modhanna oibríochta: |
2.6. |
Tuairisc ar na comhpháirteanna agus léaráidí de na hidirnaisc laistigh den “Chóras |
3. |
Coincheap sábháilteachta an mhonaróra |
3.1. |
Tuairisc ar shreabhadh comharthaí agus ar shonraí oibriúcháin agus ar na tosaíochtaí a bhaineann leo: |
3.2. |
Dearbhú an mhonaróra:
An straitéis arna roghnú chun cuspóirí ‘An Chórais’ a bhaint amach, dearbhaíonn an monaróir (nó na monaróirí)…nach ndéanfaidh an straitéis sin dochar d’oibriú sábháilte na feithicle faoi dhálaí nach fabhtach. |
3.3. |
Ailtireacht imlíne bogearraí agus na modhanna agus uirlisí deartha a úsáideadh: |
3.4. |
Míniú ar fhorálacha dearaidh is cuid den “Chóras” faoi dhálaí fabht: |
3.5. |
Anailísí doiciméadaithe ar iompraíocht “an Chórais” faoi dhálaí guaise nó fabht ar leith: |
3.6. |
Tuairisc ar na bearta atá i bhfeidhm maidir le dálaí timpeallacht: |
3.7. |
Forálacha maidir leis an tástáil thréimhsiúil ródacmhainneachta ar “an gCóras”: |
3.8. |
Torthaí na tástála fíoraithe ar “an gCóras” dá dtagraítear i bpointe 3.1.1. d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/646 ón gCoimisiún (1). |
3.9. |
Torthaí na tástála fíoraithe ar choincheap na sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe 3.1.2. d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/646. |
3.10. |
Dáta na tástála: |
3.11. |
An tástáil seo a dhéanamh agus na torthaí a thuairisciú, is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/646, arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. 2021/646, a rinneadh é.
An tSeirbhís Theicniúil atá i mbun na tástála Sínithe: … Dáta: … |
3.12. |
Barúlacha: |
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/646 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha le haghaidh cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil lena gcórais éigeandála le fanacht i lána (ELKS) (IO L 133, 20.4.2021, lch. 31).
TREORACHA
20.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 133/54 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2021/647 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Eanáir 2021
lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine le haghaidh comhdhúile áirithe luaidhe agus cróimiam heicsifhiúsaigh a úsáid i dtionscnóirí leictreacha agus leictreonacha i bpléascáin a bhfuiltear lena n-úsáid chun críche sibhialta (gairmiúla)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin. |
(2) |
Liostaítear na catagóirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
(3) |
Is substaintí srianta iad luaidhe agus cróimiam heicsifhiúsach a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. |
(4) |
An 19 Eanáir 2018, fuair an Coimisiún iarratas arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Threoir 2011/65/AE maidir le díolúine a liostú in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, i leith úsáid comhdhúile luaidhe agus cróimiam heicsifhiúsaigh i dtionscnóirí leictreacha agus leictreonacha i bpléascáin a bhfuiltear lena n-úsáid chun críche sibhialta (gairmiúla) (“an díolúine arna hiarraidh”). |
(5) |
Mar chuid den mheastóireacht ar an iarraidh, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na tuairimí a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe. |
(6) |
Úsáidtear comhdhúile áirithe luaidhe agus cróimiam heicsifhiúsaigh i bpáirteanna fíor-riachtanacha de thionscnóirí leictreacha agus leictreonacha (EEI), amhail cinn aidhnín leictreacha, lánáin phléascacha phríomhúla agus lánáin mhoille phiriteicniúla. Is páirt de mhaidhmitheoirí leictreacha agus leictreonacha iad EEI a úsáidtear go príomha i mianadóireacht mianraí, i ngníomhaíochtaí tógála agus scartála, agus i gcomhpháirteanna de chórais tarrthála chomhtháite. |
(7) |
Faoi láthair, níl aon mhalairt ann ar dhé-aisíd luaidhe, stiofnáit luaidhe, déphiocramáit luaidhe, luaidhe fhlannbhuí (teatrocsaíd luaidhe), dé-ocsaíd luaidhe in EEI ná ar chrómáit bhairiam i lánáin mhoille phiriteicniúla aga fhada in EEI ar fáil ar an margadh a chomhlíonfadh na ceanglais fhíor-riachtanacha uile chun oibriú sábháilte EEI a áirithiú. |
(8) |
De dheasca easpa roghanna eile, is dodhéanta go heolaíoch agus go teicniúil dé-aisíd luaidhe, stiofnáit luaidhe, déphiocramáit luaidhe, luaidhe fhlannbhuí (teatrocsaíd luaidhe), dé-ocsaíd luaidhe agus crómáit bhairiam a ionadú nó a dhíothú i gcomhpháirteanna áirithe de EEI. Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi. |
(9) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an díolúine arna hiarraidh a dheonú trí na feidhmeanna a chumhdaítear léi in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE a áireamh i dtaca le trealamh leictreach agus leictreonach i gcatagóir 11. |
(10) |
Ba cheart an díolúine arna hiarraidh a dheonú ar feadh tréimhse 5 bliana dar tús an 20 Aibreán 2021, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 5(2) de Threoir 2011/65/AE. I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dóigh go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht. |
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
1. Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Deireadh Fómhair 2021 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Samhain 2021.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Eanáir 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an iontráil 45 seo a leanas isteach:
“45 |
Dé-aisíd luaidhe, stiofnáit luaidhe, déphiocramáit luaidhe, luaidhe fhlannbhuí (teatrocsaíd luaidhe), dé-ocsaíd luaidhe i dtionscnóirí leictreacha agus leictreonacha le haghaidh pléascáin a bhfuiltear lena n-úsáid chun críche sibhialta (gairmiúla) agus crómáit bhairiam i lánáin mhoille phiriteicniúla aga fhada i dtionscnóirí leictreacha le haghaidh pléascáin a bhfuiltear lena n-úsáid chun críche sibhialta (gairmiúla) |
Tá sé sin infheidhme maidir le catagóir 11 agus rachaidh sé in éag an 20 Aibreán 2026.” |
CINNTÍ
20.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 133/57 |
CINNEADH (CBES) 2021/648 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Aibreán 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/299 lena gcuirtear chun cinn líonra Eorpach na meithleacha machnaimh neamhspleácha i réimse an neamhleata agus na dí-armála chun tacú le cur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne leathadh arm ollscriosta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 26 Feabhra 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/299 (1). |
(2) |
Le Cinneadh (CBES) 2018/299, foráiltear do thréimhse cur chun feidhme 42 mhí ag tosú ar dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de, le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de (“an tréimhse cur chun feidhme”). |
(3) |
An 18 Feabhra 2021 d’iarr Cuibhreannas AE maidir le Neamhleathadh agus Dí-armáil, ina cháil mar an eintiteas cur chun feidhme, údarú ón Aontas síneadh a chur leis an tréimhse cur chun feidhme go dtí an 17 Bealtaine 2022 mar gheall ar dhúshláin a eascraíonn as paindéim leanúnach COVID-19. |
(4) |
Is féidir leanúint leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2018/299 go dtí an 17 Bealtaine 2022 gan aon iarmhairtí a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2018/299 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/299 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Rachaidh an Cinneadh in éag an 17 Bealtaine 2022.”; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad roinn 4 den Iarscríbhinn: “4. Fad ama Is é 48 mí fad iomlán measta chur chun feidhme na dtionscadal. Tiocfaidh deireadh leis na tionscadail an 17 Bealtaine 2022.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 16 Aibreán 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Cinneadh (CBES) 2018/299 ón gComhairle an 26 Feabhra 2018 lena gcuirtear chun cinn líonra Eorpach na meithleacha machnaimh neamhspleácha i réimse an neamhleata agus na dí-armála chun tacú le cur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne leathadh arm ollscriosta (IO L 56, 28.2.2018, lch. 46).
20.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 133/59 |
CINNEADH (CBES) 2021/649 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Aibreán 2021
maidir le tacaíocht ón Aontas do ghníomhaíochtaí Rúnaíocht CTA mar thaca le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an Conradh Trádála Arm (CTA) an 2 Aibreán 2013 trí Rún A/RES/67/234 B uaidh. Osclaíodh CTA ina dhiaidh sin lena shíniú an 3 Meitheamh 2013 agus tháinig sé i bhfeidhm an 24 Nollaig 2014. Is páirtithe in CTA iad na Ballstáit uile. |
(2) |
Is é is aidhm do CTA na caighdeáin idirnáisiúnta is airde is féidir a bhunú maidir le rialú a dhéanamh ar thrádáil idirnáisiúnta ghnáth-arm, nó feabhas a chur ar an rialú sin, agus trádáil aindleathach gnáth-arm a chosc agus a dhíothú agus cosc a chur ar atreorú na n-arm sin. Na Stáit is Páirtithe in CTA (“na Stáit is Páirtithe”) é a chur chun feidhme go héifeachtach agus go ndéanfaí é a uiliú, sin iad na príomhdhúshláin atá ann aidhmeanna CTA a bhaint amach agus é á chur san áireamh gur dianiarracht dhomhanda atá i gceist le trádáil idirnáisiúnta arm a rialú. Chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/768/CBES (1) an 16 Nollaig 2013 agus Cinneadh (CBES) 2017/915 (2) an 29 Bealtaine 2017, rud a mhéadaigh punann chúnaimh an Aontais maidir le rialú onnmhairiúcháin le gníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le CTA. |
(3) |
Le CTA, bunaítear Rúnaíocht (“Rúnaíocht CTA”) chun cabhrú leis na Stáit is Páirtithe CTA a chur chun feidhme go héifeachtach. Ar na freagrachtaí a ghabhann Rúnaíocht CTA air féin, tá an méid seo a leanas: na tuarascálacha a fháil, a chur ar fáil agus a dháileadh de réir mar a shainordaítear le CTA; liosta na bpointí teagmhála náisiúnta a choinneáil ar bun agus a chur ar fáil do na Stáit is Páirtithe; éascaíocht a dhéanamh ar mheaitseáil tairiscintí agus iarrataí ar chúnamh i ndáil le cur chun feidhme CTA agus an comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn de réir mar a iarrtar; obair Chomhdháil na Stát is Páirtithe a éascú, lena n-áirítear socruithe a dhéanamh agus na seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil le haghaidh cruinnithe arna n-eagrú faoi CTA; agus dualgais eile a chomhlíonadh de réir mar a chinnfidh Comhdhálacha na Stát is Páirtithe. Is í Rúnaíocht CTA a riarann freisin an Ciste Iontaobhais Deonach arna bhunú ag Stáit is Páirtithe faoi Airteagal 16(3) de CTA chun cabhrú leis na Stáit is Páirtithe CTA a chur chun feidhme. Ina theannta sin, chuir Ceathrú Comhdháil Páirtithe na Stát de chúram ar Rúnaíocht CTA Clár Urraíochta CTA, a bunaíodh chun rannpháirtíocht ionadaithe Stáit i gcruinnithe CTA a éascú, a riaradh. |
(4) |
Ina Straitéis Dhomhanda 2016 do Bheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh, geallann an tAontas go gcuirfidh sé ord domhanda riailbhunaithe chun cinn. Tá leas ag an Aontas i rialacha comhaontaithe a chur chun cinn chun earraí poiblí domhanda a chur ar fáil agus chun cabhrú le domhan síochánta inbhuanaithe a bhaint amach. Ord domhanda riailbhunaithe a bhfuil an t-iltaobhachas mar phríomhphrionsabal aige, agus na Náisiúin Aontaithe ina chroílár, sin a chuireann an tAontas chun cinn. Tugann an tAontas an-tacaíocht do bhallraíocht mhéadaitheach, uiliú, cur chun feidhme iomlán agus forfheidhmiú iomlán i ndáil le conarthaí agus córais iltaobhacha dí-armála, neamhleata agus rialaithe arm, lena n-áirítear CTA. I gcomhthéacs na spriocanna beartais uileghabhálacha sin, luíonn tacaíocht do Rúnaíocht CTA go maith leis an aidhm shonrach atá ann an córas iltaobhach is bonn leis an trádáil fhreagrach arm a neartú. |
(5) |
Is maith mar is féidir le Rúnaíocht CTA idirchaidreamh a dhéanamh le gach eagraíocht iltaobhach, réigiúnach, agus náisiúnta, mar aon le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, a bhíonn i mbun tionscadail a thacaíonn le huiliú nó le cur chun feidhme CTA. Ina theannta sin, is soláthraí seanbhunaithe cúnaimh rialaithe onnmhairiúcháin in earraí dé-úsáide é an tAontas, agus é ag tacú le creataí dlíthiúla agus acmhainní institiúideacha a fhorbairt chun rialuithe onnmhairithe éifeachtacha ar earraí dé-úsáide agus míleata a bhunú agus a fhorfheidhmiú. Is é is aidhm do Rúnaíocht CTA a áirithiú go gcomhlánaíonn a dtionscadail cláir chúnaimh an Aontais maidir le dé-úsáid agus le rialú onnmhairí arm, amhail iad siúd faoi Chinneadh (CBES) 2017/915, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach agus uiliú an Chonartha Trádála Arm (CTA), tacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí Rúnaíocht CTA a bhfuil na cuspóirí seo a leanas acu:
— |
tacú leis na Stáit is Páirtithe in CTA a gcórais rialaithe aistrithe arm a neartú chun CTA a chur chun feidhme go héifeachtach; |
— |
leagan amach institiúideach Rúnaíocht CTA a neartú mar an príomhchomhlacht chun cabhrú leis na Stáit is Páirtithe in CTA chun CTA a chur chun feidhme. |
2. Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, tacóidh an tAontas leis na gníomhaíochtaí tionscadail seo a leanas:
(a) |
tacaíocht d’fhorbairt acmhainní i ndáil le pointí teagmhála náisiúnta CTA; |
(b) |
uainchlár saineolaithe a bhunú chun acmhainn saineolaithe áitiúla agus réigiúnacha CTA a fhorbairt chun comhairle agus oiliúint a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme CTA ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach (“oiliúint na n-oiliúnóirí”); |
(c) |
tacaíocht do bhunachar sonraí le meaitseáil a dhéanamh ar riachtanais agus acmhainní. |
Leagtar amach san Iarscríbhinn tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear sa mhír seo.
Airteagal 2
1. Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ("an tArdionadaí”) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Is í Rúnaíocht CTA a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil na ngníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
3. Déanfaidh Rúnaíocht CTA a cuid cúraimí faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le Rúnaíocht CTA.
Airteagal 3
1. Is é EUR 1 370 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun na gníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur chun feidhme.
2. Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar bhainistiú cuí an mhéid tagartha caiteachas arna mhaoiniú ag an méid thagartha a leagtar amach i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú riachtanach i gcrích le Rúnaíocht CTA. Sonróidh an comhaontú go n-áiritheoidh Rúnaíocht CTA infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, ar bhealach atá iomchuí lena méid.
4. Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú chun críche.
Airteagal 4
1. Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag Rúnaíocht CTA. Beidh na tuarascálacha sin ina mbonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle.
2. Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi na gnéithe airgeadais de chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1(2).
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Rachaidh sé in éag 24 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích, nó 6 mhí tar éis dáta a ghlactha mura mbeidh an comhaontú sin tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Aibreán 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Cinneadh 2013/768/CBES ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 maidir le gníomhaíochtaí AE mar thaca le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm, faoi chuimsiú Straitéis Shlándála na hEorpa (IO L 341, 18.12.2013, lch. 56).
(2) Cinneadh (CBES) 2017/915 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2017 maidir le gníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais mar thaca le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm (IO L 139, 30.5.2017, lch. 38).
IARSCRÍBHINN
DOICIMÉAD TIONSCADAIL
1. Tionscadail
1.1. Tionscadal 1: Tacaíocht d'fhorbairt acmhainní phointí teagmhála náisiúnta CTA
1.1.1. Cuspóir foriomlán an tionscadail
Acmhainn phointí náisiúnta teagmhála na Stát is Páirtithe a fhorbairt, lena n-áirítear cur lena n-eolas ar oibleagáidí CTA agus a bhfeasacht a ardú maidir le forbairtí i bpróiseas CTA.
1.1.2. Cúlra
Ar mholadh ón Meitheal um Thrédhearcacht agus um Thuairisciú, thug 3ú Comhdháil na Stát is Páirtithe sainordú do Rúnaíocht CTA “doiciméad treorach a ullmhú le haghaidh Pointí Teagmhála Náisiúnta ina ndéantar cur síos ar an ról agus ar na cúraimí a d'fhéadfadh a bheith ann don fheidhm sin, lena n-áirítear a áirithiú go ndéanfar tuairisciú éigeantach CTA a ullmhú agus a chur isteach go tráthúil agus go hiomlán”. Thairis sin, tá gá sainaitheanta ag Rúnaíocht CTA a áirithiú go mbeidh na pointí teagmhála náisiúnta rannpháirteach i gcruinnithe CTA – lena n-áirítear cruinnithe ullmhúcháin agus cruinnithe na Meithle – ar bhealach cuiditheach.
1.1.3. Gníomhaíochtaí agus aschuir
Bheadh na gníomhaíochtaí/nithe insoláthartha seo a leanas i gceist leis an tionscadal seo:
(a) |
Doiciméad treorach a ullmhú do na Pointí Teagmhála Náisiúnta ina gcuirtear síos ar an ról agus ar na cúraimí a d'fhéadfadh a bheith ann don fheidhm sin; |
(b) |
Leathanach gréasáin/tairseach gréasáin a chruthú atá tiomnaithe go sonrach do Phointí Teagmhála Náisiúnta, le naisc chuig faisnéis a bhaineann leo; |
(c) |
Trí cinn de chruinnithe faisnéise, dar fad idir leathlá agus lá iomlán, a eagrú roimh gach cruinniú CTA a bheidh tiomnaithe do Phointí Teagmhála Náisiúnta, ina gcuirfear faisnéis agus nuashonruithe ar an gcruinniú atá le teacht ar fáil dóibh agus ina dtabharfar an deis dóibh ceisteanna a chur agus faisnéis a shoiléiriú; agus |
(d) |
Sásra a bhunú chun teagmháil rialta chórasach a dhéanamh le Pointí Teagmhála Náisiúnta ar bhonn aonair chun tacú lena rannpháirtíocht in CTA. |
1.1.4. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal
(a) |
Níos mó eolais ar oibleagáidí CTA (lena n-áirítear tuairisciú) i measc phointí teagmhála náisiúnta CTA; |
(b) |
Níos mó feasachta ar phróiseas CTA; |
(c) |
Scaipeadh forleathan ábhar faisnéise faoi CTA chuig pointí teagmhála náisiúnta agus níos faide i gcéin. |
1.1.5. Tairbhithe
Pointí Teagmhála Náisiúnta na Stát is Páirtithe.
1.2. Tionscadal 2: Uainchlár saineolaithe (oiliúint na n-oiliúnóirí)
1.2.1. Cuspóir foriomlán an tionscadail
Cumas shaineolaithe áitiúla agus réigiúnacha CTA a fhorbairt chun comhairle agus oiliúint a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme CTA ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach d'fhonn spleáchas ar chomhairleoirí agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta a laghdú, caighdeán na hoiliúna agus an chúnaimh cur chun feidhme a fheabhsú, agus chun rannchuidiú le hiarrachtaí fothaithe acmhainní a chur in oiriúint ar bhealach níos fearr.
1.2.2. Cúlra
Cé gur cuireadh roinnt tionscadal de chuid an Chiste Iontaobhais Dheonaigh (VTF) chun feidhme le tacaíocht ó eagraíochtaí áitiúla agus ó chomhairleoirí náisiúnta nó réigiúnacha, tá baint ag formhór thionscadail VTF a cuireadh chun feidhme ó 2ú Comhdháil na Stát is Páirtithe le saineolaithe idirnáisiúnta agus/nó comhpháirtí cur chun feidhme tionscadail ar eagraíocht idirnáisiúnta é (amhail eintiteas de chuid na Náisiún Aontaithe) nó eagraíocht neamhrialtasach idirnáisiúnta. Níl spleáchas leanúnach ar shaineolas idirnáisiúnta éifeachtúil ná inbhuanaithe ar na cúiseanna seo a leanas:
1) |
Tá costas mór ag baint leis an taisteal idirnáisiúnta a theastaíonn chun gur féidir le saineolaithe idirnáisiúnta freastal ar cheardlanna oiliúna agus iad a stiúradh, agus leis na táillí laethúla nó honoraria a éilíonn saineolaithe idirnáisiúnta (i gcoibhneas na costais a bhaineann le saineolaí áitiúil nó réigiúnach); agus |
2) |
Ní chuireann an spleáchas leanúnach ar shaineolaithe idirnáisiúnta le hacmhainn ná le saineolas na gcomhairleoirí áitiúla agus réigiúnacha, ar saineolaithe iad a d'fhéadfadh a bheith in ann oiliúint agus cur chun feidhme marthanach agus saincheaptha a sholáthar san fhadtéarma. |
Ina theannta sin, is léir ó thaithí VTF go mbeadh tacaíocht forbartha de dhíth ar chomhairleoirí agus ar eagraíochtaí áirithe d'fhonn tabhairt faoina róil i dtionscadail cur chun feidhme CTA. Ba mhaith le Rúnaíocht CTA aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a bhaineann le spleáchas ar chomhairleoirí agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ar cháilíocht roinnt den oiliúint agus den chúnamh a chuirtear ar fáil, trí bhíthin tionscadal a fhéachann le cumas na gcomhairleoirí áitiúla agus réigiúnacha a fhorbairt chun cúnamh oiliúna agus cur chun feidhme a chur ar fáil.
1.2.3. Gníomhaíochtaí agus aschuir
Bheadh na gníomhaíochtaí/nithe insoláthartha seo a leanas i gceist leis an tionscadal seo:
(a) |
Ceardlann dar téama “oiliúint na n-oiliúnóirí” a dhearadh a chuirfeadh le hacmhainn na sainchomhairleoirí áitiúla agus réigiúnacha cúnamh ardchaighdeáin oiliúna agus cur chun feidhme a chur ar fáil; |
(b) |
Ábhair oiliúna a ullmhú chun ceardlanna dar téama “oiliúint na n-oiliúnóirí” a éascú; |
(c) |
Dul i dteagmháil le comhairleoirí i réigiúin spriocdhírithe chun páirt a ghlacadh sna ceardlanna saincheaptha dar téama “oiliúint na n-oiliúnóirí”; agus |
(d) |
Sé cinn de cheardlanna dar téama “oiliúint na n-oiliúnóirí” a reáchtáil i réigiúin éagsúla. |
1.2.4. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal
(a) |
Méadú a chur ar líon na gcomhairleoirí áitiúla agus réigiúnacha ar “saineolaithe” CTA iad, arna bhformhuiniú ag Rúnaíocht CTA, ar féidir leo oiliúint agus cúnamh cur chun feidhme ar ardchaighdeán a sholáthar ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; |
(b) |
Liosta poiblí comhairleoirí a fhorbairt arna bhformhuiniú ag Rúnaíocht CTA mar chomhairleoirí atá in ann cúnamh ardchaighdeáin a chur ar fáil maidir le hoiliúint CTA agus cur chun feidhme (uainchlár saineolaithe). D'fhéadfaí liosta den sórt sin a scaipeadh, mar shampla, ar fhaighteoirí ionchasacha VTF atá ag lorg comhairleoirí nó comhpháirtithe cur chun feidhme tionscadail. |
1.2.5. Tairbhithe
— |
Comhairleoirí áitiúla agus réigiúnacha. |
— |
Deontóirí agus faighteoirí VTF. |
1.3. Tionscadal 3: Tacaíocht do bhunachar sonraí le meaitseáil a dhéanamh ar riachtanais agus acmhainní
1.3.1. Cuspóir foriomlán an tionscadail
Sásra a fhorbairt chun tairiscintí agus iarrataí ar chúnamh a mheaitseáil maidir le cur chun feidhme an Chonartha d'fhonn dúbailt agus forluí thionscadail chúnaimh CTA a laghdú agus líon na Stát a fhaigheann cúnamh spriocdhírithe a mhéadú.
1.3.2. Cúlra
Faoi Airteagal 18(3)(c) CTA, tugtar sainordú do Rúnaíocht CTA “Comhoiriúnú tairiscintí cur chun feidhme an Chonartha agus iarrataí ar chúnamh maidir le cur chun feidhme an Chonartha a éascú”. Cé go moltar do na Stáit is Páirtithe cúnamh a lorg, i gcás inar gá, agus cúnamh a chur ar fáil, arna iarraidh sin, níl aon sásra foirmiúil ann chun cúnamh a lorg nó a thairiscint faoi CTA. Ina theannta sin, ní áirítear ar na teimpléid tuairiscithe atá ann faoi láthair áis chun cúnamh a iarraidh nó a thairiscint (mar theimpléid i bpróisis eile – amhail Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Mionairm agus Airm Éadroma). Ba mhaith le Rúnaíocht CTA féachaint ar na roghanna chun bunachar sonraí nó sásra eile a fhorbairt chun riachtanais agus acmhainní a mheaitseáil chun CTA a chur chun feidhme i gcomhlíonadh a oibleagáide faoin gConradh agus chun an comhar agus cúnamh idirnáisiúnta a fheabhsú.
1.3.3. Gníomhaíochtaí agus aschuir
Bheadh na gníomhaíochtaí/nithe insoláthartha seo a leanas i gceist leis an tionscadal seo:
(a) |
Féachaint ar roghanna chun sásra a bhunú chun riachtanais agus acmhainní a mheaitseáil, lena n-áirítear trí athbhreithniú comparáideach ar na sásraí atá ann cheana i bhfóraim eile, chomh maith le comhairliúcháin le faighteoirí agus deontóirí araon; |
(b) |
Sásra meaitseála riachtanas agus acmhainní a dhearadh agus a bhunú, lena n-áirítear bunachar sonraí leictreonach na n-iarrataí ar chúnamh agus na dtairiscintí, agus uirlis ar líne a fhorbairt chun cúnamh a iarraidh; agus |
(c) |
An sásra meaitseála riachtanas agus acmhainní a sheoladh, a phoibliú agus a chothabháil. |
1.3.4. Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo ón tionscadal
Faisnéis fheabhsaithe maidir le riachtanais chúnaimh na Stát is Páirtithe chomh maith leis na hacmhainní atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin.
Dhéanfaí an sásra a forbraíodh a ailíniú go dlúth leis an gCiste Iontaobhais Deonach (VTF, arna riar ag Rúnaíocht CTA) chun comhlántacht a áirithiú idir na sásraí cúnaimh.
1.3.5. Tairbhithe
— |
Stáit is Páirtithe agus Stáit Sínithe atá ag lorg cúnamh chun CTA a chur chun feidhme. |
— |
Stáit bhronntacha a bhfuil tionscadail cur chun feidhme CTA á lorg acu chun tacú leo. |
2. Breithniúcháin
2.1 Comhlántacht a áirithiú le for-rochtain leanúnach CTA
Tá cur amach ag Rúnaíocht CTA ar chistí eile atá páirteach i gcistiú a dhéanamh ar thionscadail cur chun feidhme CTA, amhail an Rialachán maidir le Saoráid Iontaobhais na Náisiún Aontaithe maidir le Comhar Tacaíochta Arm (UNSCAR) agus, ar ndóigh, tionscadal for-rochtana AE CTA. D'oibrigh Rúnaíocht CTA go dlúth le bainisteoirí agus le lucht cur chun feidhme an dá ghníomhaíocht, lena n-áirítear Oifig Chónaidhme na Gearmáine um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Rialú Onnmhairithe (BAFA) agus Expertise France, chun iarracht a dhéanamh dúbláil an mhaoinithe a sheachaint. Is éard a bhí i gceist leis sin faisnéis a roinnt ar bhonn rialta – agus rúnda – ar iarratais a fhaightear agus ar thionscadail a d'fhormheas na cistí éagsúla.
I gcomhthéacs na tacaíochta a thugann an tAontas do Rúnaíocht CTA, chuirfeadh Rúnaíocht CTA leis an gcaidreamh a forbraíodh le BAFA agus Expertise France chun comhlántacht a áirithiú idir tionscadal Aontasmhaoinithe ón Aontas Eorpach agus obair leanúnach thionscadal for-rochtana AE CTA. Mar shampla, rachadh Rúnaíocht CTA i dteagmháil le baill de ghrúpa saineolaithe an Aontais chun páirt a ghlacadh i gceardlann saineolaithe chun bailíochtú a dhéanamh ar na hábhair oiliúna a forbraíodh don ghné “oiliúint na n-oiliúnóirí” de Thionscadal 2 (Sainchóras uainchláir (oiliúint na n-oiliúnóirí)), agus chun a dtaithí agus na ceachtanna a foghlaimíodh a roinnt.
Ina theannta sin, lorgódh Rúnaíocht CTA ionchur ó chomhpháirtithe cur chun feidhme thionscadail for-rochtana AE CTA chun ionadaithe Stáit agus daoine aonair eile a shainaithint a roghnófar le bheith rannpháirteach i gclár “oiliúint na n-oiliúnóirí” de chuid Rúnaíocht CTA. D'fhéadfadh Rúnaíocht CTA oibriú freisin le comhpháirtithe cur chun feidhme for-rochtana AE CTA agus le saineolaithe chun riachtanais chúnaimh a leithlisiú a d'fhéadfadh a bheith ag sprioc-Stáit agus ar sainaithníodh iad mar chuid de chleachtadh treochláir an Aontais agus d'fhor-rochtain eile de chuid an Aontais. D'fhéadfaí faisnéis den sórt sin a úsáid chun bunachar sonraí na riachtanas agus na n-acmhainní comhfhreagracha atá beartaithe i dTionscadal 3 a phoibliú (Tacaíocht do bhunachar sonraí le meaitseáil a dhéanamh ar riachtanais agus acmhainní).
Go hachomair, feictear do Rúnaíocht CTA go bhfuil go leor deiseanna ann d'idirphlé/comhpháirtíocht leanúnach le tionscadal for-rochtana AE CTA chun comhlántacht a áirithiú idir an dá thionscadal agus iad ag iarraidh an sprioc chomhpháirteach a bhaint amach maidir le cur chun feidhme éifeachtach CTA.
2.2 Tionchar agus impleachtaí COVID-19
Tá a lorg á fhágáil ag COVID-19 ar fhormhór an domhain, cé nach ionann cás do gach tír. Maidir leis na srianta ar ghluaiseacht, ar mhéid na gcruinnithe agus ar an taisteal, atá curtha i bhfeidhm ag a lán tíortha mar fhreagairt ar an ráig, is dócha go mbeidh tionchar acu ar chur chun feidhme thionscadail CTA sna míonna romhainn, agus go deimhin b'fhéidir sna blianta atá romhainn.
Ós rud é, freisin, nach fios cé chomh fada a mhairfidh tréimhse ráig COVID-19 agus a thionchar agus nach féidir é a thuar ag an tráth seo, beidh sé deacair a bheith cinnte cé na himpleachtaí a bheidh ann do na gníomhaíochtaí tionscadail sin a bhaineann le taisteal idirnáisiúnta agus/nó cruinnithe duine le duine, ná d'amlínte.
Cuirfidh Rúnaíocht CTA na cúinsí sin san áireamh ina pleanáil tionscadail ar na bealaí seo a leanas:
Ar an gcéad dul síos, tá dréachtsceideal tionscadal ullmhaithe ag Rúnaíocht CTA chun na trí thionscadal a leagtar amach sa togra a chur chun feidhme, lena n-áirithítear go rachfar i mbun an oiread sin den ullmhúchán deisce, den phleanáil, den fhor-rochtain, den taighde agus den dréachtú is gá le haghaidh gach ceann de na tionscadail le linn an chéad 15 mhí den tionscadal (Aibreán 2021-Meitheamh 2022). Na gníomhaíochtaí sin a dteastaíonn rannpháirtíocht duine le duine lena n-aghaidh i.e. na ceardlanna dar téama “oiliúint na n-oiliúnóirí” atá beartaithe i dTionscadal 2 (Sainuainchlár (oiliúint na n-oiliúnóirí)) – sceidealófaí iad le bheith ar siúl sa dara bliain den tionscadal (Iúil – Samhain 2022). Ar ndóigh, i gcás ina mbíonn paindéim COVID fós ag cur isteach ar an gcumas taisteal agus ceardlanna aghaidh ar aghaidh a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair 2022, d'fhéadfadh sé gur ghá síneadh ama nó plean teagmhasach eile a chur san áireamh.
Ar an dara dul síos, tá pleananna teagmhasacha i bhfeidhm ag Rúnaíocht CTA maidir le gníomhaíochtaí tionscadail áirithe lena ndéantar machnamh ar rannpháirtíocht duine le duine nó go pearsanta. Mar shampla, i dTionscadal 1 (Tacaíocht le haghaidh forbairt pointí teagmhála náisiúnta CTA), tá sé beartaithe cruinnithe faisnéise dar fad idir leathlá nó lá a eagrú roimh gach cruinniú CTA (ag tosú sa 8ú timthriall de chuid Chomhdháil na Stát is Páirtithe) a bheidh tiomnaithe do Phointí Teagmhála Náisiúnta, ina gcuirfear faisnéis agus nuashonruithe ar an gcruinniú atá le teacht ar fáil dóibh agus ina dtabharfar an deis dóibh ceisteanna a chur agus faisnéis a shoiléiriú. Cé go bhfuiltear ag súil go mbeidh na cruinnithe faisnéise sin ar siúl roimh gach cruinniú CTA (chomh maith leis an gcruinniú féin), mura féidir sin a dhéanamh i ngeall ar shrianta COVID, d'fhéadfaí na cruinnithe faisnéise sin a reáchtáil de réir réigiúin (más gá) chun aghaidh a thabhairt ar fhachtóirí ama agus ar thosca teanga.
Ceartúcháin
20.4.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 133/66 |
Ceartúchán ar Chinneadh (AE) 2021/486 ón gComhairle an 15 Márta 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann maidir le haisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur siar go sealadach
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 100, 23 March 2021 )
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 23 Márta 2021)
Ar an leathanach clúdaigh, ar leathanach 11 agus 12, dáta glactha:
In ionad:
“an 15 Márta 2021 ”,
Léitear:
“an 15 Feabhra 2021 ”.