ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 109

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
30 Márta 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/546 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí d’easbhrúnna alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/547 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta chun ADIS agus EUROPHYT a bhunú agus a úsáid, deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe, deimhnithe oifigiúla, deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla agus doiciméid tráchtála a eisiúint, sínithe leictreonacha a úsáid, agus feidhmiú TRACES, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 97/152/CE ( 1 )

60

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/548 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 lena gcuirtear allmhairí cáblaí snáithíní optúla de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe

71

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/549 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 lena leasaítear den 319ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da'esh) agus Al-Qaida

77

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

30.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/546 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Márta 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí d’easbhrúnna alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an “bun-Rialachán”) agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 14 Feabhra 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála maidir le hallmhairí easbhrúnna alúmanaim, ar easbhrúnna ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (“An tSín” nó an “tír lena mbaineann”), ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán.

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán (an “gearán”) a rinne comhlachas European Aluminium (an “gearánach”) a thaisceadh an 3 Eanáir 2020. Is ag an ngearánach bhí breis agus 25 % de tháirgeacht fhoriomlán an Aontais maidir le heasbhrúnna alúmanaim. Sa ghearán bhí fianaise maidir le dumpáil agus maidir le díobháil ábhartha dá dheasca sin.

1.2.   Clárú

(3)

Tar éis iarraidh arna déanamh ag an ngearánach agus an fhianaise a éilítear de thaca léi, chuir an Coimisiún allmhairí den táirge lena mbaineann faoi réir clárúchán faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1215 ón gCoimisiún (2). Scoireadh de chlárú allmhairí le teacht i bhfeidhm na mbeart sealadach dá dtagraítear in aithris (5).

1.3.   Bearta sealadacha

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 22 Meán Fómhair 2020, chuir an Coimisiún achoimre ar na dualgais bheartaithe ar fáil do pháirtithe agus mionsonraí maidir le ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach atá leormhaith chun an díobháil do thionscal an Aontais a bhaint. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre.

(5)

An 12 Deireadh Fómhair 2020, rinne an Coimisiún dleacht frithdhumpála shealadach a fhorchur ar allmhairí easbhrúnna alúmanaim ar de thionscnamh na Síne iad le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1428 ón gCoimisiún (3) (“an Rialachán sealadach”).

(6)

Mar a luaitear in aithris (29) den Rialachán sealadach, chumhdaigh an t-imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2019 (“an tréimhse imscrúdaithe”) agus chumhdaigh an scrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an díobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go deireadh na tréimhse imscrúdaithe (“an tréimhse a measadh”).

1.4.   Nós imeachta ina dhiaidh sin

(7)

Tar éis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha a nochtadh ar an mbonn ar ar forchuireadh dleacht frithdhumpála shealadach (“nochtadh sealadach”), chuir an gearánach, roinnt mhaith úsáideoirí agus allmhaireoirí an táirge lena mbaineann, roinnt mhaith soláthraithe amhábhar don tionscal de chuid an Aontais, Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne agus seacht dtáirgeoir onnmhairiúcháin aighneachtaí i scríbhinn isteach ag cur a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Rialachán sealadach.

(8)

Tugtar achoimre ar na pointí a d’ardaigh na páirtithe leasmhara sa Rialachán seo a mhéid is féidir. Go deimhin, bhí roinnt mhaith de na pointí a ardaíodh míshoiléir agus níorbh fhéidir a bhunú i gcónaí cén Airteagal den bhun-Rialachán lenar bhain siad. Iarradh ar na páirtithe leasmhara aon argóint a mheas siad a bheith ábhartha a shoiléiriú, a mhéid nár tugadh aghaidh orthu sa nochtadh deiridh.

(9)

Tar éis an nochta shealadaigh, tháinig dhá allmhaireoir eile chun cinn, nuair a bhí an ceacht samplála tugtha chun críche cheana féin. Cuireadh a n-ionchur san áireamh, a mhéid ab fhéidir, i bhfianaise na céime nós imeachta den imscrúdú.

(10)

Tar éis bearta sealadacha a fhorchur, tugadh deis do na páirtithe leasmhara a d’iarr amhlaidh éisteacht a fháil. Reáchtáladh éisteachtaí le Decora S.A., Vis Promotex d.o.o., Alstom S. A., O. Wilms GmbH & Co, Airoldi Metalli S.p.A (in éineacht le O. Wilms GmbH, Kastens & Knauer GmbH & Co. International KG agus Alpha Metall GmbH), Haomei Group (Guangdong Haomei New Materials Co., Ltd. agus Guangdong King Metal Light Alloy Technology Co., Ltd.) agus PMI Group (Press Metal International Ltd. agus Press Metal International Technology Ltd.).

(11)

D’iarr Aioldi Metalli S.p.A (Airoldi) cruinniú leis an tionscal de chuid an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 6(6) den bhun-Rialachán, nár ghlac an ceann deireanach leis. Ina theannta sin, reáchtáladh éisteacht in éineacht leis an Oifigeach Éisteachta d’Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, a rinne argóint na cuideachta a dhíbhe gur sháraigh faisnéis easnamhach a nochtadh dó faoi chuimsiú an réamhnochta dá bhforáiltear in Airteagal 19a den bhun-Rialachán a chearta um chosaint ar na cúiseanna a leagtar amach i dtuarascáil thiomanta an Oifigigh Éisteachta.

(12)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Airoldi i gcoinne léirmhíniú ón Oifigeach um Éisteachta a thug sé ar Airteagal 19a den bhun-Rialachán agus iad ag éileamh go raibh gá le léamh sonrach ar an bhforáil sin. Mar sin féin, agus é á chur san áireamh nár shonraigh Airoldi aon saincheist eile chun tacú lena phointe, agus an ceanglas sainráite atá san Airteagal sin maidir leis na hoibleagáidí rúndachta atá in Airteagal 19 a urramú, choinnigh an Coimisiún a sheasamh ar an ábhar sin.

(13)

Mar a mhionsonraítear a thuilleadh thíos, tar éis fhorchur na mbeart sealadach, reáchtáladh dhá chros-seiceáil chianda bhreise in éineacht le Alstom S.A. agus Airoldi chun saincheisteanna suntasacha a fháil amach i gcomhthéacs cinneadh cinntitheach. Bheartaigh an Coimisiún freisin cros-seiceáil chianda bhreise a reáchtáil le haghaidh allmhaireoir eile, rud nach bhféadfaí a dhéanamh de bharr shrianta an allmhaireora.

(14)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara go léir ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ar an mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí easbhrúnna alúmanaim ar de thionscnamh na Síne iad (“an nochtadh deiridh”). Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh.

(15)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó roinnt páirtithe, lena n-áirítear Rialtas na Síne, táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, allmhaireoirí an Aontais, úsáideoirí, táirgeoirí de chuid an Aontais, a soláthraithe agus cumainn ionadaíocha éagsúla.

(16)

Tar éis an nochta deiridh, tugadh deis éisteachta do pháirtithe leasmhara áirithe i gcomhréir leis na forálacha i bpointe 5.7 den fhógra tionscnaimh. Cuireadh éisteachtaí ar siúl le Decora S.A., Airoldi (i gcomhar le O. Wilms GmbH, Amari Miotal BV agus Alpha Metall GmbH), Bash-tec GmbH, STAKO Sp. z o.o. agus Haomei Group. Chomh maith leis sin d’eagraigh an tOifigeach Éisteachta AS Trádála éisteacht le pointí a d’ardaigh Shandong Nollvetec Lightweight Equipment Co., Ltd. agus Jilin Qixing Aluminium Industries Co., Ltd.

(17)

Mar thaca le síneadh ama breise a chur le freagra a thabhairt ar an nochtadh deiridh, d’iarr Airoldi cóip den Doiciméad Ginearálta um Nochtadh san Iodáilis, agus d’éiligh siad gur sárú ar Rialachán Uimh. 1/1958 (4) arna léamh in éineacht le hAirteagail 21, 22 agus 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha a bhí sa mhainneachtain an doiciméad a sholáthar san Iodáilis. Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an léirmhíniú sin, agus é ag freagairt i scríbhinn nár tharraing Airoldi an t-ábhar seo anuas ach ag céim an-mhall den imscrúdú, agus go raibh Béarla in úsáid ag Airoldi agus ag a dhlíodóirí gan dua go dtí sin, agus i dteachtaireachtaí i scríbhinn agus ó bhéal araon (5). De bhreis air sin, léiríodh an méid sin mar bhí siad i dteagmháil leis an gCoimisiún go minic le linn an cháis. Mheabhraigh an Coimisiún cineál an doiciméid sin dóibh, nach Rialachán cur chun feidhme é, agus dhearbhaigh sé a sheasamh. Mar sin féin, thug an Coimisiún síneadh ama breise do Airoldi, a bhí bunaithe a ar a chur chuige chun gach úsáid a bhaint as na forálacha den Fhógra maidir le tionscnamh an cháis, ar forálacha iad atá comhoiriúnach do chur i gcrích an imscrúdaithe agus spriocdhátaí reachtúla á n-urramú. Tar éis an nochta deiridh bhreise, d’iarr Airoldi aistriúchán den doiciméad seo go hIodáilis. Níorbh fhéidir glacadh leis an iarratas seo ar na cúiseanna céanna atá luaite thuas mar nár léiríodh cad é mar a cuireadh isteach ar cheart Airoldi chun cosaint a fháil.

(18)

An 8 Feabhra 2021, rinne an Coimisiún an nochtadh deiridh breise do pháirtithe leasmhara chun a léiriú go ndearnadh AE28 de AE27. Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara go léir ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe bunriachtanacha ar an mbonn a raibh sé beartaithe aige athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí an cháis, lena n-áirítear dleacht frithdhumpála chinntitheach chun an t-athrú sin (“an nochtadh deiridh breise”) a léiriú. Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh breise. Fuarthas tuairimí ó Group Haomei, Airoldi agus Euranimi, a chuir é féin i bhfios mar pháirtí leasmhar tar éis an nochta deiridh.

(19)

Tar éis an nochta deiridh breise, tugadh deis éisteachta do pháirtithe leasmhara áirithe i gcomhréir leis na forálacha i bpointe 5.7 den fhógra tionscnaimh. Cuireadh éisteachtaí le Haomei Group, Airoldi agus Euranimi ar siúl. Ina theannta sin, an 18 Feabhra 2021, d’eagraigh an tOifigeach Éisteachta éisteacht le pointí a d’ardaigh Airoldi a chloisteáil. Ag an ócáid sin, d’athdhearbhaigh seirbhísí an Choimisiúin gurb iomchuí an cur chuige sonrach sin a leanadh san imscrúdú seo i bhfianaise an easnaimh tionchair a bhí ann gan an Ríocht Aontaithe a chur sna torthaí (saincheist a dheimhnigh tionscal an Aontais ina theannta sin agus nár chuir aon pháirtí leasmhar ina choinne). Deimhníodh freisin go raibh na mínithe riachtanacha sa nochtadh deiridh breise do pháirtithe leasmhara chun iad féin a chosaint.

1.5.   Sampláil

(20)

In éagmais barúlacha maidir le sampláil, deimhníodh aithrisí (8) go (20) den Rialachán sealadach.

(21)

In aithris (19) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún tagairt don sampla a roghnaíodh ar an gcéad dul síos de thrí ghrúpa chomhoibríocha de tháirgeoirí onnmhairiúcháin atá freagrach as 28,1 % d’onnmhairí foriomlána. In aithris (24) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún tagairt don sampla deiridh den dá ghrúpa de tháirgeoirí onnmhairiúcháin, nuair nár chuir an Liaoning Zhongwang Group aon fhreagra isteach ar an gceistneoir. Is ag an sampla sin de dhá ghrúpa atá 20,9 % d’onnmhairí foriomlána.

(22)

In aithrisí (206) go (210) den Rialachán seo, míníonn an Coimisiún an chaoi ar bhunaigh sé an leibhéal leasaithe d’allmhairí foriomlána ón tSín don tréimhse imscrúdaithe. Tar éis an athraithe sin, tháinig laghdú ar an leibhéal measta allmhairithe d’easbhrúnna alúmanaim ón tSín. Dá dheasca sin, is ag an sampla a roghnaíodh ar an gcéad dul síos de thrí ghrúpa chomhoibríocha de tháirgeoirí onnmhairiúcháin atá 45,3 %, agus is ag an sampla deiridh de dhá ghrúpa de tháirgeoirí onnmhairiúcháin atá 33,7 % de na hallmhairí nua-mheasta.

(23)

Thug dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin breise bunús iomchuí lena n-éilimh le bheith san áireamh sa liosta de tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha.

(24)

Tar éis a mbarúlacha a chur san áireamh, thug an Coimisiún an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sealadach cothrom le dáta dá réir agus chuir sé an dá aonán le liosta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha san Iarscríbhinn leis an Rialachán seo.

(25)

Rinne táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch trácht go raibh sé róbheag le bheith roghnaithe don sampla. D’éiligh sé de thoradh a mhéide, go raibh pionós á leagan air bheith faoi réir na dleachta is airde.

(26)

Thug an Coimisiún dá aire nach raibh an táirgeoir onnmhairiúcháin seo faoi réir na dleachta is airde. Bíonn feidhm ag an dleacht is airde maidir le cuideachtaí nár chomhoibrigh sa chéad chéim den imscrúdú agus dá bhrí sin níor liostaíodh san Iarscríbhinn mar chuideachtaí comhoibríocha iad. Tá an dleacht do chuideachtaí comhoibríocha nár samplaíodh, amhail an táirgeoir onnmhairiúcháin a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh aige, níos ísle ná dleacht ceann amháin de na táirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh mar ríomhadh é mar mheán ualaithe na gcorrlach dumpála a bunaíodh do na táirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh. Ar deireadh, roghnaíodh an sampla de tháirgeoirí onnmhairiúcháin i gcomhréir leis na ceanglais faoin mbun-Rialachán. Dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh seo dá bhrí sin.

1.6.   Iarrataí ar fhaisnéis bhreise agus ar anailís bhreise tar éis an nochta deiridh

(27)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt Airoldi go raibh dochar déanta ar a gcearta cosanta toisc nár cuireadh mionsonraí Chros-Seiceálacha cianda (“RCC”) ag táirgeoirí an Aontais ar fáil dóibh. Mar sin féin, tá na mionsonraí dá dtagraíonn Airoldi faoi rún tráchtála. Ar an gcaoi chéanna, ní bhfuair táirgeoirí an Aontais rochtain ar mionsonraí rúnda gnó an RCC a rinne páirtithe leasmhara eile. Ina theannta sin, cuireadh leagan “ar oscailt do pháirtithe leasmhara” de na RCCanna seo ar fáil d’Aeroldi ar chomhad an cháis. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur urramaíodh go hiomlán cearta Airoldi chun cosaint a fháil.

(28)

D’ardaigh roinnt páirtithe leasmhara eilimintí nua tar éis an sprioc-ama chun faisnéis fhíorasach a thugtar san Fhógra Tionscnaimh a thíolacadh, agus tar éis an spriocdháta chun barúlacha a chur faoi bhráid an nochta deiridh, agus ar cuireadh síneadh ama leis cheana le haghaidh páirtithe a d’iarr síneadh ama suas go dtí 7 lá.

(29)

Go háirithe, thíolaic Airoldi faisnéisiú i ndiaidh na héisteachta inar éiligh siad an tionchar diúltach líomhnaithe a d’fhéadfadh a bheith ag tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“RA”) as an Aontas Eorpach agus ag deireadh na hidirthréimhse ar an imscrúdú. Ní dhearnadh na h-éilimh sin le linn na héisteachta.

(30)

Cuireadh an faisnéisiú sin isteach tar éis an spriocdháta chun faisnéis fhíorasach a thabhairt san Fhógra Tionscnaimh, agus an spriocdháta chun barúlacha a chur isteach maidir leis an nochtadh deiridh, ar cuireadh síneadh 7 lá leis cheana féin le haghaidh Airoldi. Meabhraítear nach féidir éisteachtaí ná faisnéisiú iaréisteachta a úsáid chun faisnéis fhíorasach nó eilimintí nach bhfuil ar comhad go fóill a chur i láthair agus, dá bhrí sin, nach gcuirtear síneadh ama leis an spriocdháta dá réir sin chun tuairimí breise a chur isteach. Rinne an chuideachta roinnt aighneachtaí breise a bhí tar éis na spriocdhátaí reachtúla mar an gcéanna agus dá bhrí sin ní rabhthas in ann iad a bhreithniú.

(31)

Is amhlaidh an cás do Haomei Group, a thíolaic dhá shraith de bharúlacha i ndiaidh an sprioc-ama a bhí leagtha síos, sraith amháin de na barúlacha sin a bhain leis an tionchar diúltach líomhnaithe a bhí ag tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“RA”) as an Aontas Eorpach agus ag deireadh na hidirthréimhse orthu.

(32)

Ina theannta sin, chuir Euranimi barúlacha isteach níos déanaí ná na sprioc-amanna is gá chun freagra a thabhairt ar nochtuithe agus dá bhrí sin ní fhéadfaí iad a mheas lasmuigh de ghnéithe a thagraíonn don nochtadh deiridh breise.

(33)

Maidir leis na eilimintí sin a ardaíodh lasmuigh den tréimhse ama don Choimisiún an t-imscrúdú sin a dhéanamh mar is cuí, tugann an Coimisiún dá aire go raibh na torthaí a fuarthas ag an gcéim shealadach agus sa nochtadh deiridh ar bhonn sonraí AE28 ó fuarthas iad roimh an 1 Eanáir 2021. Chuaigh an spriocdháta chun faisnéis fhíorasach a thíolacadh a tugadh san Fhógra tionscnaimh in éag an 28 Deireadh Fómhair 2020, is é sin i bhfad roimh dheireadh na hidirthréimhse maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe a fuarthas na torthaí sin. Tá sé sin mar bhonn le bailíocht na dtorthaí sin.

(34)

Ina theannta sin, ní dhearna aon pháirtí aon éileamh laistigh d’fhairsinge na dtréimhsí sin a ceadaíodh san imscrúdú lena sonraíodh (agus níor léiríodh chomh láidir céanna) go mbeadh (nó go bhféadfaí) na bearta a bheith an-difriúil ar fad dá mbeidís bunaithe ar fhaisnéis gan an Ríocht Aontaithe a áireamh.

(35)

Mar sin féin, tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis i atá ar comhad chun a mheas an mbeadh na torthaí a fuarthas ar bhonn AE28 fós infheidhme i gcomhthéacs AE27. I gcás gnéithe den imscrúdú nach luaitear anseo thíos, dearbhaítear go bhfuil torthaí AE28 oiriúnach do AE27 freisin, ós rud é gur dheimhnigh an Coimisiún dó féin go raibh an fhaisnéis a fuarthas le linn an imscrúdaithe fós ionadaíoch ar an Aontas ar bhonn AE27, agus go raibh an tionchar, más ann dó, an-bheag ar fad.

(36)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, d’éiligh Airoldi gur tháinig a dtuairimí maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas in am trátha, ós rud é gur “fhíoras nua” é deireadh na hidirthréimhse agus an sainiú deiridh ar an gcaidreamh tráchtála leis an Ríocht Aontaithe. Is deacair é sin a chreidiúint i gcás dearcadh na cuideachta féin a sonraíodh “is maith a bhí a fhios againn go raibh Brexit agus tarraingt siar deiridh na Ríochta Aontaithe curtha i gcrích an 1 Eanáir 2021”. Ar chuma ar bith, bhí an chuideachta in ann a gcearta dlíthiúla a fheidhmiú go hiomlán chun a mbarúlacha a nochtadh faoin 11 Eanáir 2021, an spriocdháta faoina raibh tráchtanna ar an nochtadh deiridh le déanamh. Ag feidhmiú solúbthachta sa nós imeachta dó, thug an Coimisiún síneadh 7 lá leis an spriocdháta sin agus bhí an deis bhreise ag an gcuideachta dá réir. Ina ainneoin sin, níorbh amhlaidh a bhí mar níor tháinig barúlacha go dtí an 20 Eanáir - i bhfad i ndiaidh an spriocdháta nua - a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an imscrúdú ar bhonn AE27. Dá bhrí sin, ní féidir an t-éileamh a ghlacadh. I gcás ar bith, rinne an Coimisiún athscrúdú ar an ábhar sin, mar a thuairiscítear thuas.

(37)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, thíolaic Haomei iarraidh dhéanach tar éis an spriocdháta ar cuireadh síneadh ama leis i gcomhair barúlacha a bhí ag athdhearbhú barúlacha a cuireadh isteach roimhe sin. Dá bhrí sin, níl an aighneacht dhéanach inghlactha. Tugtar aghaidh ar na barúlacha sin atá san aighneacht in aon chás in aithrisí (196), (259) agus (270).

1.7.   Scrúdú aonair

(38)

Rinne dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin, Shandong Nollvetec Lightweight Equipment Co., Ltd. agus Jilin Qixing Aluminium Industries Co., Ltd, trácht nár scrúdaigh an Coimisiún an dá chuideachta seo ina n-aonar, in ainneoin gur iarr siad é sin agus gur chuir siad isteach na freagraí ar an gceistneoir. D’éiligh an dá chuideachta gur cheart dleacht 0 % a dheonú dóibh de thoradh a bhfreagraí ar an gceistneoir.

(39)

Ag céim an Rialacháin shealadaigh, luaigh an Coimisiún go ndéanfadh sé cinneadh an ndeonófar scrúdú aonair ag céim chinntitheach an imscrúdaithe nó nach ndeonófar. Mar sin féin, tharla go mbeadh ualach ag baint le scrúdú na n-iarrataí seo agus ní bheifí in ann an t-imscrúdú a chur i gcrích laistigh den tréimhse ama a bhunaítear sa bhun-Rialachán. Ina theannta sin, níorbh leor an tréimhse ama breise idir an chéim shealadach agus an chéim chinntitheach chun a cheadú don Choimisiún na hiarrataí seo a bhreithniú i gceart. Dá bhrí sin, dheimhnigh an Coimisiún a chinneadh gan aon iarraidh ar scrúdú aonair a cheadú.

(40)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh an dá tháirgeoir onnmhairíochta céanna, Shandong Nollvetec Lightweight Equipment Co., Ltd. agus Jilin Qixing Aluminium Industries Co., Ltd. a gcuid tuairimí maidir le gan scrúdú aonair a fháil agus thug siad a dtuairim ar an míniú a thug an Coimisiún in aithris (39). Go háirithe, d’áitigh siad nach féidir dhá iarraidh ar scrúdú ar leithligh a mheas mar chuirfeadh an líon an-mhór onnmhaireoirí a chuireann ualach míchuí ar chúram an Choimisiún cosc ar an imscrúdú a thabhairt chun críche in am trátha.

(41)

Maidir le hiarratais bhreise a scrúdú a mbeadh ualach rómhór ag baint leis na hiarratais sin agus nach bhféadfaí an t-imscrúdú a thabhairt chun críche in am, is mian leis an gCoimisiún a chur i bhfios go ndearna an Coimisiún scrúdú ar cheithre tháirgeoir onnmhairithe le linn dó scrúdú a dhéanamh ar na táirgeoirí samplála, Haomei Group agus PMI, mar a luadh in aithris (22) den Rialachán sealadach: Guangdong Haomei New Materials Co., Ltd; Guangdong King Metal Light Alloy Technology Co. Ltd; Press Metal International Ltd. agus Press Metal International Technology Ltd.

(42)

Ina theannta sin, sa mheasúnú ar a thromchúisí atá an scrúdú ar na táirgeoirí onnmhairithe breise, áirítear gach gné den chás an-chasta sin agus cuirtear san áireamh na srianta a fhorchuirtear le paindéim COVID-19. Sa tuarascáil ar éisteacht an 13 Eanáir 2021 ón Oifigeach Éisteachta atá ar fáil ar chomhad an cháis, tá tuilleadh sonraí maidir leis seo.

(43)

Barúlacha ina dtagraítear freisin d’Airteagal 9(6) den bhun-Rialachán ina luaitear nach sáróidh an dleacht frithdhumpála a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha an meánchorrlach ualaithe dumpála, arna shocrú i ndáil leis na páirtithe sa sampla. I ndáil leis sin, deimhníonn an Coimisiún gurb amhlaidh atá, agus is é an chúis a bhfuil an dleacht frithdhumpála a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha níos ísle ná leibhéal na dleachta frithdhumpála a bhí ag ceann den dá tháirgeoir onnmhairíochta arna sampláil.

1.8.   Éileamh go gcuirfí an t-imscrúdú ar fionraí

(44)

D’fhill allmhaireoir, Airoldi, ar an tsaincheist maidir leis an imscrúdú a chur ar fionraí mar a phléitear in aithrisí (27) agus (28) den Rialachán sealadach, a bhí ina ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach freisin agus a rinne sé a dhíbhe. D’éiligh an t-allmhaireoir go raibh an bun-Rialachán de shárú ar chearta bunúsacha na bpáirtithe (go háirithe an ceart chun éisteacht a fháil, an ceart chun dea-riaracháin, prionsabal an chomhionannais agus an ceart chun cosaint sláinte), mar ní dhearna sé forordú go gcuirfí an t-imscrúdú ar fionraí i gcásanna éigeandála amhail an phaindéim reatha.

(45)

Anuas air sin, d’éiligh Airoldi gur cheart go mbeadh foráil sa bhun-Rialachán, arna léirmhíniú i bhfianaise Chomhaontú Frithdhumpála EDT, le haghaidh tréimhsí ama níos faide chun an t-imscrúdú a chur i gcrích i bhfianaise na n-imthosca. De réir an pháirtí, is beart cur chun feidhme den Chomhaontú Frithdhumpála é an bun-Rialachán agus ó tharla go gceadaíonn Airteagal 5(10) den Chomhaontú Frithdhumpála go dtabharfaí imscrúduithe i gcrích laistigh den tréimhse uasta 18 mí, bheadh an tAontas Eorpach i dteideal maolú ar na sprioc-amanna imscrúdaithe agus na teorainneacha ama a luaitear sa Chomhaontú Frithdhumpála a chur i bhfeidhm. De réir na réasúnaíochta beartaithe, ba cheart iarraidh a bheith déanta ag Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, i gcur i bhfeidhm Airteagal 57 de Choinbhinsiún Vín maidir le dlí na gconarthaí (“Oibriú Conartha a chur ar fionraí faoina fhorálacha nó le toiliú na bpáirtithe”), ar údaráis ábhartha na Síne a gcomhaontú a thabhairt go gcuirfí an t-imscrúdú ar fionraí i bhfianaise na n-imthosca.

(46)

Níorbh fhéidir tabhairt faoin gcur chuige molta, áfach, ar bhonn dlíthiúil toisc go ndearnadh an t-imscrúdú reatha i bhfeidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme a tugadh don Choimisiún leis an mbun-Rialachán. Ar an gcúis sin, ní féidir leis an gCoimisiún atreorú ó na sprioc-amanna a leagtar síos ann. Thairis sin, de réir chásdlí chúirteanna na hEorpa, ní féidir éifeacht dhíreach a thabhairt don Chomhaontú Frithdhumpála ach amháin in imthosca an-teoranta nár léiríodh sa chás seo, agus, dá bhrí sin, sa chás seo, ní féidir leo tosaíocht a thabhairt dó ar an mbun-Rialachán.

(47)

Mar fhreagra, éilíonn an páirtí leasmhar nach raibh leasú reachtach riachtanach chun sprioc-amanna an imscrúdaithe a athrú, agus chun tacú leis an éileamh seo, luann sé Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1173 ón gCoimisiún (6), a dhéanann an bun-Rialachán a leasú trí mharthanacht an réamhnochta a athrú ó thrí seachtaine go ceithre seachtaine. Mar sin féin, ní iomchuí an fasach seo mar ghlac an Coimisiún Rialachán (AE) 2020/1173 i bhfeidhmiú na gcumhachtaí arna dtarmligean chuige le hAirteagal 7(1) an ceathrú mír den bhun-Rialachán agus laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí sin. In éagmais cumhachtú sonrach den sórt sin, ní féidir forálacha sonracha an bhun-Rialacháin maidir le sprioc-amanna éigeantacha chun an t-imscrúdú a chur i gcrích a athrú ná maolú orthu.

(48)

Thairis sin, maidir leis an éileamh seo, measadh go raibh an iarraidh le haghaidh fionraí díréireach in aon chás sna himthosca reatha, ó tharla go raibh seirbhísí an Choimisiúin in ann an t-imscrúdú a dhéanamh, agus go raibh na páirtithe le bheith rannpháirteach ann ar bhealach fóinteach d’ainneoin na srianta arna bhforchur le paindéim COVID-19. Chuir Airoldi na sáruithe líomhanta seo ar na cearta bunúsacha isteach i bhfoirm gearáin chuig an Ombudsman Eorpach, a thug dá aire gur chuir an Coimisiún síneadh leis na sprioc-amanna a mhéid agus ab fhéidir chun na dúshláin a bhaineann le géarchéim COVID-19 a chur san áireamh. Thug an tOmbudsman Eorpach dá aire freisin go bhféadfadh síneadh na sprioc-amanna dochar a dhéanamh do chumas an Choimisiúin a oibleagáidí a chomhlíonadh chun an t-imscrúdú frithdhumpála a chur i gcrích laistigh de na sprioc-amanna dleathacha a bhí ceangailteach air. Dá bhrí sin, chinn an tOmbudsman Eorpach gur ghníomhaigh an Coimisiún go réasúnach agus dhún sé an cás le toradh nach raibh drochriarachán i gceist. (7)

(49)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Airoldi go raibh an Coimisiún mícheart diúltú dá n-iarraidh an t-imscrúdú a chur ar fionraí. Mar sin féin, agus é á chur san áireamh nár ardaíodh aon argóintí nua, deimhníonn an Coimisiún nach féidir glacadh leis an maíomh.

(50)

D’iarr an t-allmhaireoir anuas air sin rochtain ar roinnt doiciméad inmheánach an Choimisiúin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Leanann an iarraidh agus an freagra a fuarthas ina leith forálacha an Rialacháin sin agus dá bhrí sin níl siad mar chuid den imscrúdú seo.

(51)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Haomei Group in iúl gur fhógair an Coimisiún conclúid na caibidlíochta don Chomhaontú Cuimsitheach um Infheistíocht idir AE agus an tSín (“CAI”). D’áitigh siad gur cheart an t-imscrúdú a chur ar athló chun ligean do pháirtithe a bhfuil baint acu leis an imeacht faisnéis níos leithne a fháil ar CAI agus chun rannchuidiú cuí i scríbhinn a thabhairt maidir lena éifeachtaí ar an nós imeachta atá ar feitheamh. Ní bhaineann an argóint seo le hábhar, agus is comhaontú é CAI a chlúdaíonn ábhair infheistíochta nach ndéanann aon athrú ar chur i bhfeidhm ionstraimí cosanta trádála nó nach ndéanann difear dóibh ar bhealach ar bith, agus dá bhrí sin ní ghlactar leis.

(52)

Tar éis nochtadh deiridh breise, rinne Haomei Group é a athdhearbhú agus a leathnú a n-argóintí chun an t-imscrúdú a chur ar athló, ach níor athraigh na hargóintí sin an chonclúid a léiríodh san aithris nach mbaineann na hargóintí le hábhar. Ina theannta sin, ní raibh baint ar bith ag athdhearbhú Haomei Group leis an nochtadh breise deiridh agus dá bhrí sin bhí sé lasmuigh de na sprioc-amanna a bhí leagtha síos.

(53)

Tar éis nochtadh deiridh bhreise, d’éiligh Haomei Group freisin gur cheart an t-imscrúdú a dhúnadh mar gheall ar neart na n-argóintí a bhain le dumpáil, díobháil agus cúisíocht. Ós rud é gur diúltaíodh na hargóintí sin sa Rialachán seo, áfach, dheimhnigh an Coimisiún nach bhfuil aon fhorais ann chun an t-imscrúdú a dhúnadh.

1.9.   An tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse a measadh

(54)

In éagmais barúlacha maidir leis an tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse a measadh, deimhníodh aithris (29) den Rialachán sealadach.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Éilimh maidir leis an raon táirge

(55)

Mhol táirgeoir onnmhairiúcháin amháin go ndéanfaí measúnú ar dhumpáil agus ar dhíobháil in aghaidh gach deighleoige den mhargadh.

(56)

Mar a mhínítear sa Rialachán sealadach, inter alia in aithrisí (43) go (47), agus sa Roinn seo, tá na saintréithe bunúsacha, teicniúla agus ceimiceacha ag na táirgí alúmanaim seo, dá ngairtear easbhrúnna alúmanaim go coitianta, agus dá bhrí sin baineann siad go léir leis an táirge lena mbaineann. Cé go bhféadfadh sé nach mbainfí úsáid as easbhrúnna sonracha ach le haghaidh feidhm shonrach amháin, tá sé seo de bharr gur táirgí saincheaptha iad agus toisc go dtáirgtear go sainráite iad dá n-úsáid bheartaithe. Tugadh roinnt idirdhealuithe isteach leis an gcleachtas tráchtála, lena n-áirítear idir cóimhiotail chrua agus cóimhiotail bhoga, próifílí meánmhéide agus móra, gnáthphróifílí agus próifílí speisialta agus easbhrúnna a úsáidfear le haghaidh feidhm shonrach. Léiríodh leis an imscrúdú cé go bhfuil go leor táirgeoirí i roinnt de na catagóirí seo, táirgeann siad de réir shaintréithe teicniúla a meaisíní agus ar bhonn na riachtanas atá ag a gcustaiméirí éagsúla. Thairis sin, maidir leis na cóimhiotail, cruthaíodh leis an imscrúdú go bhfuil roinnt cóimhiotal alúmanaim ann, agus go bhféadfadh cóimhiotail dhifriúla a bheith oiriúnach le haghaidh feidhm áirithe. Ina theannta sin, mar a mhínítear in aithris (197) den Rialachán seo, d’éiligh páirtithe éagsúla gur cheart an margadh a idirdhealú ag úsáid na gcritéar thuasluaite. Dá ainneoin sin, toisc nach bhfuil líne shoiléir roinnte nó critéar idirdhealaithe idir na táirgí éagsúla, ba cheart an measúnú ar dhumpáil agus ar dhíobháil a dhéanamh don tionscal de chuid an Aontais ina iomláine, agus inchomparáideacht chuí táirgí á áirithiú. Dá bhrí sin rinneadh an t-éileamh seo maidir le deighilt a dhíbhe.

(57)

D’éiligh allmhaireoir amháin (Airoldi) go raibh sainmhíniú agus raon feidhme chód CN 7610 90 90 neamhbheacht, agus go ndearna an Coimisiún botún trí allmhairí a thagann faoin gcód seo a chur san áireamh sa staidreamh allmhairiúcháin don táirge lena mbaineann.

(58)

Ar an gcéad dul síos, níl an sainmhíniú ar chód CN, ná na táirgí a áirítear ann, laistigh de raon feidhme an imscrúdaithe seo, ná reachtaíocht cosanta trádála, ach leanann sé rialacha aicmithe an Aontais Eorpaigh. Maidir le cuimsiú na dtáirgí a thagann faoi chód CN 7610 90 90 san imscrúdú reatha in ionad seo, mar a mhínítear sa Rialachán sealadach in aithrisí (218) go (223), léirigh an Coimisiún cheana féin go bhféadfadh an cion den táirge lena mbaineann a áirítear sa chód seo a bheith níos ísle ná mar a mheas na gearánaigh ag an tús. Ní chuireann sé seo isteach ar an bhfíoras go dtagann an táirge lena mbaineann go sonrach faoin gcód thuasluaite ar bhonn aicmiú custaim. Tá an cinneadh deiridh ar an ábhar seo ar fáil san anailís agus sna conclúidí a thuairiscítear in aithrisí (206) go (210) den Rialachán seo.

(59)

D’fhill Airoldi ar an tsaincheist a luadh san aithris roimhe seo tar éis an nochta deiridh. D’athdhearbhaigh siad a n-argóintí agus luaigh siad go bhfuil go leor FTCanna ann faoin gcód CN atá i gceist. Mar sin féin, ní thugann FTCanna den sórt sin le tuiscint nach dtagann allmhairí áirithe faoin gcód faoin táirge lena mbaineann. Déantar tuilleadh machnaimh ar an tsaincheist sin i gcaibidil 4.3 “Iompórtálacha ón tír lena mbaineann”.

(60)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’éiligh úsáideoir amháin (Alstom) gur theip ar an gCoimisiún, trína éileamh ar eisiamh táirge a dhiúltú, tuiscint a fháil ar chastacht shaintréithe na dtáirgí a d’allmhairigh siad, mar is ionann easbhrúnna alúmanaim iarnróid agus táirge a bhfuil bun-saintréithe difriúla aige ná na táirgí alúmanaim eile a thagann faoi raon feidhme na n-imeachtaí. Leanann siad caighdeáin shonracha agus ní mór dóibh na saintréithe móra a éilítear don úsáid bheartaithe a shásamh, lena n-áirítear lamháltas, micreastruchtúr, rogha cóimhiotal inúsáidte, ceanglais tuirse, tiús, tástáil, comhréireacht airíonna meicniúla agus fóntacht uamanna easbhrúnna, le tionchar díreach ar an táirge chun sábháilteacht dheiridh na bpaisinéirí a áirithiú. Bheadh sé seo contrártha do tháirgí eile ar éileamh, i gcás ina mbainfeadh an ghné shaincheaptha amháin leis na hiarrataí maidir leis na saintréithe a dhéanann difear do chuma an táirge, amhail a fhad, leithead, meáchan nó bailchríoch (e.g. gearrtha san fhad iomchuí, snasta, etc.), agus gan difear á dhéanamh do shaintréithe intreacha na dtáirgí. Chuimseofaí le comhlíontacht cheanglais na dtáirgí éagsúla líne roinnte idir táirgí dírithe ar iarnród agus táirgí le haghaidh úsáidí eile. Ar deireadh, d’éiligh an t-úsáideoir nár áirigh an Coimisiún táirgí ó imscrúdú ar bhonn a n-úsáide agus an phróisis táirgeachta (go háirithe, tagraíonn an páirtí do na bearta ar theilgean áirithe (9) agus an t-imscrúdú a osclaíodh le déanaí ar tháirgí alúmanaim teorollta ar de thionscnamh na Síne iad (10)).

(61)

Fiú dá mbeadh na héilimh seo réasúnaithe go leordhóthanach, ní dhéanann an Coimisiún agóid maidir le castacht mórán easbhrúnna alúmanaim, lena n-áirítear iad seo ón earnáil iarnróid, ná gur féidir le cineálacha éagsúla táirgí saintréithe, úsáidí nó próisis táirgeachta éagsúla a bheith acu; gur féidir leo caighdeáin éagsúla táirge a leanúint; nó go bhféadfadh sé nach bhfuil inmhalartacht uilíoch i measc gach ceann de na cineálacha den sórt sin. Mar sin féin, laistigh dá lamháil discréide, ní mór don Choimisiún gach cás a scrúdú ar a thuillteanais shonracha agus go háirithe maidir leis an bpríomhchritéar maidir le cibé acu a chomhroinneann nó nach gcomhroinneann cineálacha éagsúla na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna. Sa chás sin, níor bhréagnaigh an fhaisnéis a soláthraíodh maidir le saintréithe a bhaineann le cineál an fhíorais go roinneann na cineálacha idir lámha na bun-saintréithe a dtugtar tuairisc orthu sa Rialachán sealadach, beag beann ar an earnáil ina n-úsáidtear iad. Anuas air sin, táirgeann agus díolann na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus an tionscal de chuid an Aontais easbhrúnna alúmanaim chun freastal ar an earnáil iarnróid. Beidh na heasbhrúnna alúmanaim don earnáil iarnróid dá bhrí sin laistigh de raon feidhme an imscrúdaithe lena ndearnadh measúnú ar dhumpáil, díobháil agus breithnithe leasa an Aontais. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí glacadh leis na héilimh.

(62)

Maidir leis na heasbhrúnna don earnáil iarnróid, d’iarr dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin (Shandong Nollvetec Lightweight Equipment Co., Ltd. agus Jilin Qixing Aluminium Industries Co., Ltd.) go bhfágfaí na táirgí seo as an áireamh ón raon táirge. Bhain na hargóintí a thug na táirgeoirí sin chun cinn le caighdeáin agus le próisis táirgeachta shonracha agus níos déine ná le feidhmeanna ginearálta. Mar a mhínítear thuas, comhroinneann na táirgí a áirítear sa raon táirge, eadhon iad siúd a luaitear in aithrisí (38) go (41) den Rialachán sealadach, na bun-saintréithe céanna d’ainneoin a gcomhlíontacht bhreise le caighdeáin is infheidhme maidir le feidhmeanna nó earnálacha áirithe.

(63)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh comhlachas amháin de chuid an Aontais (UNIFE), úsáideoir amháin (Alstom) agus dhá tháirgeoir onnmhairithe (Jilin Qixing agus Shandong Nollvetec) na pointí a rinne siad chun tacú le heasbhrúnna san earnáil iarnróid a eisiamh.

(64)

D’éiligh Alstom freisin nár mheas an Coimisiún go leordhóthanach an raibh caidreamh iomaíochta ann idir na táirgí agus measúnú á dhéanamh aige ar an iarratas ar eisiamh táirgí. Mar sin féin, mar a luadh in aithris (61), táirgeann agus díolann na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus an tionscal de chuid an Aontais easbhrúnna alúmanaim chun freastal ar an earnáil iarnróid. Dá bhrí sin, tá siad i gcomórtas le chéile. Leis an imscrúdú, dearbhaíodh a thuilleadh an tionchar atá ag cleachtais éagóracha trádála ar tháirgeadh cineálacha breise táirgí don earnáil, agus cumas an Aontais é sin a dhéanamh i gcomhthéacs dálaí córa trádála. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an t-éileamh sin.

(65)

D’éiligh Alstom freisin nár bhreithnigh an Coimisiún an cásdlí mar is iomchuí. Maidir leis an gcás maidir le réitigh áirithe, d’éiligh Alstom go raibh norm EN mar chuid den údar le táirgí a eisiamh. Sa chás reatha, d’áitigh Alstom nach raibh an Coimisiún tar éis mionléiriú a dhéanamh ar an bhfáth nach raibh nós EN a bheith ann ina thoisc ábhartha. Mar a léirítear in aithris (61), ní dhéanann an Coimisiún díospóid go gceannaíonn gach tionscal úsáideoirí táirgí a bhfuil saintréithe sonracha acu. Mar sin féin, baineann an cineál sin difreála le gach earnáil úsáideoirí agus baineann sé le riachtanais theicniúla na hearnála. Arís, ní chuireann noirm EN san earnáil iarnróid isteach ar an bhfíoras go bhfuil na buntréithe céanna ag na heasbhrúnna a chumhdaítear leis an norm agus atá ag táirgí d’fheidhmeanna eile. Maidir le cás an choisbhirt (11), rinneadh táirgí áirithe a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe, go háirithe toisc nárbh ionann saintréithe bunúsacha na dtáirgí sin. Ní hamhlaidh atá anseo, toisc go bhfuil na saintréithe bunúsacha mar an gcéanna. Chun sampla amháin a léiriú, sa chás coisbhirt, mar thoradh ar dhifríochtaí den sórt sin i dtreochtaí éagsúla iompórtála agus praghsanna – níl aon éileamh déanta fiú i ndáil leis seo. Go hachomair, tá sé deimhnithe nach bhféadfaí glacadh leis an argóint seo.

(66)

D’éiligh úsáideoir eile (Carl Prinz), monaróir réitigh teicneolaíochta do chlúdaigh urláir, mar gheall ar na caighdeáin atá i bhfeidhm agus na lamháltais laghdaithe atá de dhíth, mar aon leis an ngá atá le fáisceáin shonracha agus uirlisí monaraíochta eile sa táirgeacht, nach bhféadfaí na táirgí a dhéanann siad a allmhairiú a chur i gcomparáid le táirgí níos caighdeánaí a allmhairítear agus dá bhrí sin gur cheart iad a eisiamh as an imscrúdú.

(67)

Ar an gcaoi chéanna leis an úsáideoir roimhe, ní fhéadfaí glacadh leis an argóint seo. Ar an gcéad dul síos, dhíol na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus an tionscal de chuid an Aontais araon éagsúlacht mhór táirgí; mar sin féin, áirithíodh leis an deighilt de réir cineálacha táirgí go ndearnadh an chomparáid praghsanna ar tháirgí inchomparáide. Ar an dara dul síos, beag beann ar na ceanglais theicniúla a fhágann go bhfuil táirge áirithe agus a úsáid an-sonrach, comhroinneann sé bun-saintréithe an táirge lena mbaineann.

(68)

D’iarr táirgeoir onnmhairiúcháin amháin (Fuyao) gur cheart na heasbhrúnna le haghaidh táirgí oiriúna a bhaineann le gluaisteáin a eisiamh ón imscrúdú. D’éiligh an táirgeoir onnmhairiúcháin nár mheas an Coimisiún go raibh na heasbhrúnna seo difriúil ó easbhrúnna eile a úsáideadh, mar shampla, san earnáil tógála. Mar thaca leis an éileamh, luaigh an táirgeoir onnmhairiúcháin de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, go bhféadfaidh an Coimisiún “roinnt tosca, amhail, inter alia, saintréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha na dtáirgí, a n-úsáid, inmhalartacht, braistint tomhaltóirí, bealaí dáileacháin, próiseas monaraíochta, costais táirgeachta agus cáilíocht” a thabhairt san áireamh (12). Ar an gcúis sin, d’éiligh an táirgeoir onnmhairiúcháin gur cheart na táirgí a onnmhairíonn siad a eisiamh mar fónann siad úsáid deiridh difriúil ná na cinn eile atá faoi réir na mbeart. Ina theannta sin, mar thaca lena éileamh, luaigh an táirgeoir onnmhairiúcháin freisin go ndearna an Coimisiún, in aithris (41) den Rialachán sealadach, sraith táirgí a eisiamh as an imscrúdú (amhail fochóimeálacha, feadáin tháite agus píobáin agus fearais earraí críochnaithe).

(69)

Maidir leis na héilimh seo, mar a thugtar le fios in aithris (56), cé go bhféadfadh sé nach mbainfí úsáid as easbhrúnna sonracha in earnáil ar leith den mhargadh le haghaidh úsáid shonrach, is toisc gur táirgí saincheaptha iad na táirgí seo agus go ndéantar iad a tháirgeadh go sainráite dá n-úsáid bheartaithe. Léiríodh san imscrúdú nach bhfuil líne dhealaithe shoiléir ná critéar idirdhealaitheach idir na táirgí éagsúla, a thabharfadh údar le hanailís deighleoige. Ina áit sin, mheas an Coimisiún sa deireadh gurb é an cur chuige is iomchuí don mheasúnú ar dhumpáil agus ar dhíobháil don tionscal de chuid an Aontais gach cineál táirge a mheas le chéile, agus inchomparáideacht na dtáirgí uile á háirithiú ag an am céanna. Maidir leis na heisiaimh a luadh in aithris (41) den Rialachán sealadach, sainítear leis na heisiaimh sin na gearánaigh a roghnaigh an raon táirge iomchuí a bhí thíos le héifeachtaí dumpála díobhála. Dá bhrí sin, rinneadh na héilimh seo a dhíbhe.

(70)

D’éiligh úsáideoir amháin (Stako Sp. z o.o.), a bhíonn ag allmhairiú píobáin alúmanaim faoin taraif-fhionraíocht uathrialaitheach le húsáid i monarú soithí ardbhrú, go gcaithfí na táirgí a eisiamh ó raon feidhme na mbeart mar gheall an taraif-fhionraíocht sin. Rinneadh an t-éileamh sin a thíolacadh go suntasach tar éis an spriocdháta chun na hiarrataí sin a chur isteach, i.e. 10 lá tar éis dháta an fhógra tionscnaimh. D’éiligh an chuideachta, mar nach raibh na táirgí allmhairithe á dtáirgeadh san Aontas, nach raibh na hallmhairí sin in ann, de réir sainmhíniú, díobháil a dhéanamh do thionscal an Aontais agus dá bhrí sin gur cheart iad a eisiamh.

(71)

Ina theannta sin, shainaithin an gearánach táirgeoir amháin de chuid an Aontais a bheadh in ann an táirge a tháirgeadh agus a sholáthar agus atá toilteanach é sin a dhéanamh.

(72)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt an t-úsáideoir sin nach bhféadfadh táirgeoir an Aontais dar tagraíodh ná aon táirgeoir eile de chuid an Aontais na feadáin rithfhoirmithe lena mbaineann a sholáthar agus nach bhféadfaí iad a fháil ach ón tSín. D’iarr an t-úsáideoir ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, díolúine a thabhairt do na cineálacha feadáin sin.

(73)

Dúirt European Aluminium ansin go bhfuil táirgeoir eile de chuid an Aontais a úsáideann próiseas inchomparáide in ann táirge oiriúnach a sholáthar agus chuir sé in iúl go bhfuil táirgeoirí an Aontais in ann aon táirge easbhrúite a tháirgeadh.

(74)

Thug an Coimisiún dá aire gur tháinig Stako isteach san imscrúdú go déanach agus nárbh fhéidir leo tairbhe a bhaint as an bpróiseas inchomparáide laistigh den am atá fágtha. Ina theannta sin, ag an éisteacht le Stako deimhníodh go bhfuil an próiseas rithfhoirmithe á chur i gcrích san Aontas.

(75)

Thairis sin, tá na bun-saintréithe céanna ag na táirgí atá faoi réir na taraif-fhionraíochta agus atá ag an táirge lena mbaineann.

(76)

Ar na cúiseanna sin, níor glacadh an iarraidh ar eisiamh.

(77)

D’iarr aon úsáideoir amháin (Bi Silque S.A.), a bhíonn ag allmhairiú próifílí cuasacha faoin taraif-fhionraíocht uathrialaitheach le húsáid i bhfrámaí, go ndéanfaí na táirgí seo a eisiamh ó raon feidhme na mbeart, cé go raibh sé i bhfad tar éis an sprioc-ama chun iarrataí den sórt sin a chur isteach. D’éiligh an chuideachta sin go raibh easpa soláthair ar mhargadh an Aontais agus dá bhrí sin gur cheart na hallmhairí sin a eisiamh ón raon táirge. Rinne allmhaireoir neamhghaolmhar trácht ar an ábhar seo freisin agus thacaigh sé leis an éileamh.

(78)

Mar sin féin, shainaithin an gearánach ceithre tháirgeoir ón Aontas atá in ann táirgí den sórt sin a tháirgeadh agus a sholáthar agus atá toilteanach é sin a dhéanamh. Sa chás seo, is cosúil go bhfuil na bun-saintréithe céanna ag na táirgí a allmhairíonn an t-úsáideoir seo agus atá ag an táirge lena mbaineann agus, ar an gcúis sin, ba cheart an iarraidh ar eisiamh a dhiúltú.

(79)

D’éiligh úsáideoir ón Aontas (Forest Group Nederland B.V.) gur cheart a soláthraí ón tSín nó an táirge a dhíolann sé a eisiamh ón imscrúdú mar gheall gur díoladh iad ag praghsanna neamh-dhumpáilte. Cuireadh an t-éileamh seo isteach i bhfad tar éis an sprioc-ama chun iarrataí den sórt sin a chur isteach. In aon chás, is cosúil go dtagann an t-éileamh ó mhíthuiscint maidir le himeachtaí frithdhumpála. Fiú nuair a fhaightear amach nach bhfuil táirgeoir onnmhairiúcháin amháin ag dumpáil (rud nach amhlaidh sa chás anseo toisc nár chomhoibrigh an táirgeoir onnmhairiúcháin atá i gceist leis an imscrúdú), ní bheadh sé sin ina chúis le táirge a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, b’éigean an t-éileamh a dhiúltú.

(80)

Fuarthas iarraidh ar dhíolúine ó na dleachtanna frithdhumpála thar ceann táirgeoir onnmhairiúcháin (Match Foshan Sanshui Hardware Products Company Ltd.) ar an mbonn go bhfuil an chuideachta ag brath go mór ar a n-onnmhairí dá n-inmharthanacht eacnamaíoch agus nach bhféadfadh sé a chruthú nach raibh sé ag dumpáil toisc nár samplaíodh é. Cuireadh an t-éileamh seo isteach i bhfad tar éis an sprioc-ama chun iarrataí den sórt sin a chur isteach. Toisc nach údar eisiaimh iad na gnéithe seo, ba cheart an iarraidh a dhiúltú.

(81)

D’iarr allmhaireoir amháin (O. Wilms GmbH & Co) go ndéanfaí an táirge a allmhairíonn sé a eisiamh ó raon feidhme an táirge toisc go dteastaíonn bailchríochú ar leith agus próisis formheasa fhada uaidh, agus toisc go ndíoltar leis an Aontas é ar phraghsanna arda. Cuireadh an t-éileamh seo isteach i bhfad tar éis an sprioc-ama chun iarrataí den sórt sin a chur isteach. Toisc nach údar eisiaimh iad na gnéithe seo agus go bhfuil na bun-saintréithe céanna ag an táirge agus atá ag an táirge lena mbaineann, ba cheart an iarraidh a dhiúltú.

(82)

D’éiligh cuideachta a úsáideann an táirge lena mbaineann chun frámaí pictiúr a tháirgeadh san Aontas (Mavanti B.V.), mar thoradh ar na bearta, go mbeidh sé thíos le méadú ar chostais a chuirfidh a chuideachta faoi mhíbhuntáiste iomaíoch leis na táirgí críochnaithe (i.e. frámaí pictiúr) ón tSín, nach mbeidh faoi réir na ndleachtanna frithdhumpála. Dá bhrí sin, mhol an t-úsáideoir seo an raon táirge a leathnú chun táirgí críochnaithe eile amhail frámaí pictiúr a chumhdach. Cuireadh an t-éileamh seo isteach i bhfad tar éis an sprioc-ama chun iarrataí den sórt sin a chur isteach. De bharr go ndéanann an raon táirge táirgí críochnaithe a eisiamh agus nach mbeadh sé iomchuí an raon táirge a leathnú tar éis tionscnamh an imscrúdaithe, ní féidir glacadh leis an iarraidh seo ach oiread.

(83)

Mar chonclúid, chinn an Coimisiún nach raibh aon údar ann na táirgí a eisiamh ó raon táirge an imscrúdaithe faoi réir na n-iarrataí thuasluaite.

(84)

Tar éis an nochta deiridh, thug beirt úsáideoirí eile (Decora agus Bash tec) le fios gur cheart na táirgí a allmhairíonn siad a eisiamh ón imscrúdú i ngeall ar a saintréithe sonracha, i ngeall ar easpa nó easpa soláthair ó tháirgeoirí an Aontais nó i ngeall ar phraghsanna arda ó tháirgeoirí an Aontais.

(85)

Thug na húsáideoirí sin sonraí faoin bplé tosaigh a bhí acu le táirgeoirí an Aontais d’fhonn iarracht a dhéanamh agus easbhrúnna alúmanaim a aimsiú uathu.

(86)

D’athdhearbhaigh European Aluminium nár cheart d’úsáideoirí a bheith ag súil leis go leanfaidh siad de bheith ag baint tairbhe as dumpáil dhíobhálach mar a bhí acu roimhe seo. Chuir siad in iúl freisin go ndéantar easbhrúnna de réir mar a thagann an t-ordú isteach agus go bhfuil acmhainneacht spártha ag tionscal an Aontais. Shainaithin European Aluminium táirgeoirí an Aontais atá in ann na sonraíochtaí is gá a chomhlíonadh.

(87)

Thug an Coimisiún dá aire go raibh na húsáideoirí sin i ndiaidh tús a chur le plé le soláthraithe ionchasacha de chuid an Aontais agus go bhfuil na húsáideoirí i mbun oiriúnú do na bearta. Dá bhrí sin, ní féidir conclúid a bhaint as go bhfuil easpa cumais nó toilteanas ann na cineálacha táirgí réamhluaite a sholáthar ar thaobh thionscal an Aontais.

(88)

Coimeádann an Coimisiún, dá bhrí sin, a sheasamh nach féidir glacadh leis na hiarrataí ar tháirgí a eisiamh ó na húsáideoirí sin.

(89)

D’éiligh úsáideoir amháin (Mat-Inter) go raibh an sainmhíniú ar an táirge doiléir agus go mbeadh an baol ann go n-aicmeofaí a tháirgí mar tháirge lena mbaineann. In ainneoin nach ndearna an t-úsáideoir argóint shoiléir maidir le gnéithe a tháirgí agus na cúiseanna lena n-aicmiú neamhchinnte (lena n-áirítear an fíoras a luaigh sé ina réasúnaíocht i gCaibidil 7904 den ainmníocht chomhcheangailte atá lasmuigh de raon feidhme an imscrúdaithe), ba cheart a mheabhrú go dtuairiscítear an sainmhíniú ar tháirge freisin sa chuid oibríochtúil den Rialachán seo agus gurb é cur chun feidhme praiticiúil an tsainmhínithe sin inniúlacht údaráis Chustaim an Bhallstáit ina ndéantar an t-allmhairiú.

2.2.   Sonraí breise maidir leis an raon táirge

(90)

Chuir roinnt mhaith páirtithe ceisteanna maidir lena n-allmhairí agus cibé acu ar tháinig siad faoin táirge lena mbaineann nó nár tháinig. Le soiléiriú a thabhairt agus chun an baol mí-aicmithe a mhaolú, tugann an Coimisiún sonraí breise maidir leis na heisiaimh don raon táirge, go sonrach na “fochóimeálacha” agus “fearais earraí críochnaithe”, mar a dhéantar cur síos orthu in aithris (41) den Rialachán sealadach.

(91)

Níl táirgí atá ceangailte (e.g. trí tháthú nó le ceanglóirí) chun “fochóimeálacha” a dhéanamh mar chuid den raon táirge. Is iondúil go mbíonn táirgí i bhfochóimeálacha amháin nuair atá an fochóimeáil deartha le bheith cóimeáilte isteach go heintiteas níos mó amhail táirge deiridh nó cóimeáil, agus nuair atá bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach ann na táirgí a dhíol ar an gcaoi seo.

(92)

Ar an gcaoi chéanna, ní mór bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach a bheith ann chun táirgí a dhíol i “bhfearais earraí críochnaithe”, a chuimsíonn saintréithe riachtanacha uile an táirge chríochnaithe mar thoradh ar chóimeáil an “fhearais”, agus atá réidh go díreach agus críochnaithe dá n-úsáid bheartaithe dheiridh (cóimeáil an táirge dheiridh seo).

(93)

Chun aicmiú táirgí den sórt seo agus rialú custaim a éascú, cruthófar cóid TARIC shonracha don dá eisiamh.

(94)

Tá gach gné eile den Rialachán sealadach maidir leis an táirge atá faoi imscrúdú, an táirge lena mbaineann, an táirge comhchosúil agus an raon táirge deimhnithe.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Gnáthluach

(95)

Rinne roinnt mhaith páirtithe leasmhara agus Rialtas na Síne trácht ar an easpa saobhadh suntasach sa tSín.

(96)

Ina mbarúlacha maidir leis an Rialachán sealadach, rinne Haomei Group an argóint gur chuir siad fianaise ar fáil a thugann údar do chur i bhfeidhm Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán chun an gnáthluach a ríomh. Go sonrach, dhiúltaigh Haomei Group go raibh saobhadh suntasach ann dá gcuideachtaí agus d’áitigh siad gur sholáthair siad fianaise leordhóthanach a léiríonn go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, go háirithe an easpa saofa i réimse na gcostas lucht saothair, creidmheasa agus fuinnimh.

(97)

Mar a mhínítear go mionsonraithe in aithris (77) agus (79) agus ina dhiaidh sin sa Rialachán sealadach, d’athdhearbhaigh an Coimisiún go measann sé, faoi Airteagal 2(6a)(b), tionchar féideartha ceann amháin nó níos mó de na gnéithe a liostaítear san fhoráil seo, lena n-áirítear costais saothair, creidmheas agus fuinneamh, ach gan a bheith teoranta dóibh siúd. Mar a dhéantar a shoiléiriú freisin sna haithrisí céanna, an pointe tosaigh is ea saobhadh suntasach a bheith ann agus déantar a dtionchar ar phraghsanna agus ar chostais a bhunú ag leibhéal ar fud na tíre seachas le haghaidh gach cuideachta. Ag an am céanna, mar a luaitear in aithris (81) den Rialachán sealadach, d’fhéadfadh na foinsí chun gnáthluach a dhéanamh agus feidhm á baint as an modheolaíocht faoi Airteagal 2(6a), fomhír (2), an tríú fleasc costais intíre a chur san áireamh, ach amháin sa mhéid go bhfuil siad bunaithe go deimhneach gan a bheith saofa, ar bhonn fianaise chruinn agus iomchuí. Dá bhrí sin, fiú má léirigh an fhianaise a cuireadh isteach nach raibh tionchar ag saobhadh ar na páirtithe seo i réimse na gcostas saothair, na gcostas creidmheasa, ná fuinnimh - quod non - ní raibh tionchar aige seo ar chur i bhfeidhm na modheolaíochta faoi Airteagal 2(6a). I gcás ar bith, mar a mhínítear in aithrisí (82) go (83) den Rialachán sealadach, agus in éagmais na fianaise breise iomchuí ar leibhéal tíre, níor cruthaíodh éilimh Haomei Group maidir leis an easpa saofa le haon fhianaise fhíorasach agus dá réir sin, deimhnítear na conclúidí in aithrisí (77), (79), (81) agus (83) den Rialachán sealadach.

(98)

An dara rud, thug Haomei Group chun suntais go gcáineann an Rialachán sealadach córas eacnamaíoch na Síne, déanann sé ráitis ghinearálta maidir le tionchar Rialtais na Síne ar na mórthionscail, agus tugann sé le fios go mbíonn éascú airgeadais ann do chuideachtaí na Síne tríd an gcóras baincéireachta mar thoradh ar an bpleanáil a dhéanann údaráis láir agus cúige. Ar an gcéad dul síos, chuir Haomei Group i dtábhacht go ndeonaíonn Rialtais na hEorpa sochair do tháirgeoirí na hEorpa freisin, rud ba cheart a chur san áireamh. An dara rud, luaigh Haomei Group nach raibh feidhm ag aon cheann de na fachtóirí a liostaítear in Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán agus a luaitear i bpointe (70) den bhun-Rialachán sealadach maidir leo, toisc gur cuideachta faoi lánúinéireacht phríobháideach é Haomei Group, nach bhfuil faoi réir aon fhoirm ná de threoir ó Rialtas na Síne ná ó Pháirtí Cumannach na Síne (“CCP”). Ina theannta sin, ní raibh comhalta ar bith de na hinstitiúidí thuasluaite páirteach i mboird Haomei Group.

(99)

Maidir leis an gcéad argóint, thug an Coimisiún dá aire in aithris (71) den Rialachán sealadach de réir Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán go ndéantar anailís ar thionchar ionchasach ceann de na heilimintí saofa nó níos mó a liostaítear san fhoráil sin, anailís maidir le praghsanna agus costais sa tír onnmhairiúcháin. Níl tábhacht ar bith i gcomhthéacs an nós imeachta seo leis an struchtúr costais ná na sásraí praghas-mhúnlaithe i margaí eile, lena n-áirítear ábhair a bhaineann le tacaíocht airgeadais ginearálta agus gan chruthú, amhail an tacaíocht ghinearálta líomhnaithe arna deonú san Aontas Eorpach. (13) An dara rud, mar a mhínítear in aithrisí (77) agus ina dhiaidh, (103) den bhun-Rialachán, bhí an dá thairgeoir onnmhairiúcháin incháilithe i gcomhair cineálacha éagsúla tacaíochta, beag beann ar iad a bheith ina n-eintitis phríobháideacha nó phoiblí.

(100)

Ina theannta sin, tugann an Coimisiún faoi deara nach bhfuil aon fhírinne ag baint leis an argóint a dhéanann Haomei Group go bhfuil an dá chuideachta saor ó thionchar rialtais nó páirtí. Meabhraíonn an Coimisiún ar dtús an corpas suntasach fianaise agus na conclúidí in aithrisí (86) go (90), agus i Ranna 3.2.1.3 - 3.2.1.5 den Rialachán sealadach, a léiríonn méid agus forleithne thionchar an rialtais agus an Pháirtí i ngeilleagar na Síne, lena n-áirítear an earnáil alúmanaim. Níor sholáthair Haomei Group ná aon pháirtí leasmhar eile aon fhianaise a bhréagnaíonn na cinntí sin nó a bhaineann an bonn díobh. Ba leor sin gan a thuilleadh machnaimh na hargóintí seo a dhíbhe, fiú ó thaobh dhearcadh substainteach de. I gcás ar bith, de réir taighde a rinne an Coimisiún, fógraítear ar shuíomh gréasáin Haomei Group go bhfuil an chuideachta bainteach le gníomhaíochtaí neartaithe an pháirtithe, amhail gníomhaíochtaí oideachasúla i gcomhair fostaithe a bhaineann le “Xi Jinping’s thoughts on Socialism with Chinese Characteristics in the New Era, from the Constitution, Party Constitution and Regulations, the spirit of the 19th National Congress of the Communist Party of China, the spirit of the Fourth Plenary Session of the 19th Central Committee of the Party, the spirit of Xi Jinping’s important instructions concerning Guangdong (…)”. (14) Thairis sin, cuireann an chuideachta í féin i láthair mar “an enterprise with high-quality development guided by Party building” ar an suíomh gréasáin de chuid Fosgan Nanhai Aluminium Profile Industry Association, áit a ndéantar cur síos breise ar Haomei Group mar a leanas: “Haomei New Materials has kept being guided for a long time by Xi Jinping’s thoughts of Socialism with Chinese Characteristics in the New Era, has kept deeply studying and implementing the spirit of the 19th National Congress of the Communist Party of China, armed with theory; has kept promoting the company’s Party building work, and transforming the advantages of Party building work into advantages for the enterprise’s development.” (15) I gcomhthéacs rialtas na Síne agus tionchar an pháirtí mar a shonraítear go mion sna haithrisí agus sna ranna luaite den bhun-Rialachán, baineann an fhianaise seo an bonn den argóint a thuilleadh arna cur chun cinn ag an bpáirtí seo.

(101)

An tríú rud, measann na táirgeoirí onnmhairiúcháin go bhfuil sárú déanta ar an bprionsabal dlíthiúlachta (16) leis na torthaí in aithris (77) den bhun-Rialachán, ina luann an Coimisiún go raibh an dá tháirgeoir incháilithe do thacaíocht airgeadais, fiú mura bhfuair siad aon rud. Dar le Haomei Group, aisiompaíonn an Coimisiún an dualgas cruthúnais agus an dliteanas intuigthe maidir le gníomhartha duine eile i ngeall ar an ráiteas seo. Maidir leis an maoiniú stáit, tá sé sin le diúltú go hiomlán mar mheasfaí Haomei Group a bheith faoi dhliteanas toisc gur cuideachtaí de chuid na Síne iad, fiú mura deonaíodh maoiniú ná fóirdheontais phoiblí riamh dóibh.

(102)

Meabhraíonn an Coimisiún go luaitear in Airteagal 2(6a)(b), agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, nach mór don Choimisiún an “tionchar féideartha” ar na gnéithe a liostaítear san Airteagal sin a mheas. Léiríonn na torthaí i roinn 3.2.1.8 i ndáil le roinn 3.2.1.5 den Rialachán sealadach nach bhfuil rochtain fhabhrach ag táirgeoirí alúmanaim na Síne ar mhaoiniú stáit agus go bhfuil saobhadh ar fud na tíre maidir le rochtain ar mhaoiniú. Dá bhrí sin, fiú mura bhfuair Haomei Group aon mhaoiniú stáit iad féin, tá saobhadh den sórt sin san earnáil ábhartha don mheasúnú ar shaobhadh a bheith ann faoi Airteagal 2(6a)(b). Ina theannta sin, meabhraíonn an Coimisiún beag beann ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin a bheith ag fáil maoiniú stáit, go bhféadfadh sé gur bhain a soláthraithe nó gníomhaithe eile a bhí bainteach leis na margaí réamhtheachtacha nó iartheachtacha de tháirgeadh an táirge lena mbaineann tairbhe as an rochtain fhabhrach ar airgeadas, rud atá ina tháscaire breise nach bhfuil na praghsanna ná na costais mar thoradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir. Ar an mbonn sin, d’fhéadfaí éilimh na gcuideachtaí seo a bheith diúltaithe cheana féin.

(103)

Mar sin féin, chuaigh an Coimisiún níos faide isteach sa taighde chun a fháil amach chomh cruinn agus a bhí na héilimh arna ndéanamh ag Haomei Group maidir lena staid. D’ainneoin an mhéid a d’éiligh Haomei Group, ba chosúil de réir faisnéis phoiblí gur bhain an dá chuideachta tairbhe as iasachtaí ar thug bainc faoi úinéireacht an Stáit, i measc eagraíochtaí eile, sineadh ama dóibh, lena n-áirítear iasachtaí ó Bank of Communications agus Guangfa Bank (17). Ina theannta sin, tá Haomei lonnaithe i gCrios Ardteicneolaíochta Qingyuan, agus de réir shuíomh gréasáin oifigiúil rialtas chathair Qingyuan, tugann sé tacaíocht do na cuideachtaí atá lonnaithe ann: “In recent years, Qingyuan High-tech Zone has vigorously supported the listing of enterprises located in the zone, meeting the enterprises’ development needs through multiple channels such as policy support and financing guarantees, and shortening the time for enterprises to go public. Afterwards, it will continue to cultivate and expand the enterprises within its jurisdiction, take multiple measures to promote these enterprises’ transformation and upgrading, improve their competitiveness, and accelerate the pace of their development.” (18)

(104)

Chinn an Coimisiún freisin go bhfuil Haomei sainaitheanta mar Lárionad Teicneolaíochta um Fhiontar Náisiúnta (19), stádas atá nasctha le tairbhí féideartha amhail luaíochtaí airgeadais (20), agus beartais fhabhracha chánach a thacaíonn le nuálaíocht theicneolaíoch i gcomhréir le rialacháin náisiúnta ábhartha (21). Thairis sin, i gcomhréir leis na Bearta Bainistíochta maidir leis an Aitheantas mar Lárionad Teicneolaíochta um Fhiontar Náisiúnta, arna fhoilsiú ag Rialtas na Síne, leanann caidreamh dlúth idir an Stát agus na fiontair a aithnítear mar Lárionaid Teicneolaíochta um Fhiontar Náisiúnta. Luaitear in Airteagal 1 den doiciméad sin: “The present measures are set out in accordance with the Chinese Law on Science and Technology Progress, in order (…) to further strengthen the key position of enterprises in technological innovation (… ).” De réir Airteagal 3 den doiciméad céanna: “The State encourages and supports enterprises building Technology Centres, involves enterprises in technological innovation as key players and builds a comprehensive institutional mechanism for industry technology and R&D led by enterprises. (…) the State (…) grants policy support, as well as encourages and guides backbone enterprises to raise their capacity to drive industry technology progress and innovation.” (22) Ar bhonn na n-eilimintí sin go léir, a chuireann le torthaí na bhfóirdheontas a deonaíodh do Haomei Group, mar a mhionsonraítear in aithris (103) den Rialachán sealadach, is léir gur bhain an chuideachta tairbhe as beartais fhabhracha, rochtain ar airgeadas agus ar fhóirdheontais, a thagann go salach ar éilimh na cuideachta nach raibh tionchar ag na heilimintí iomchuí lenar cruthaíodh an saobhadh suntasach uirthi. Dá bhrí sin, ní mór na héilimh seo a dhiúltú freisin mar chinn nach bhfuil ag comhfhreagairt don fhírinne.

(105)

An ceathrú rud, rinne Haomei Group an argóint nach raibh aon bhréagnuithe dochloíte cruinne den fhianaise arna gcur ar fáil le linn an imscrúdaithe maidir leis an easnamh saofa. Éilíonn na táirgeoirí onnmhairiúcháin go ndearna Ranna 3.2.1.1 go 3.2.1.10 den Rialachán measúnú ar an tSín ar bhonn domhanda, gan tagairtí sonracha do Haomei Group. Dar le Hamoei Group, sáraíonn sé sin a gcearta cosanta de réir Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine maidir leis an gceart chun triail chóir a fháil agus Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir le ceart chun leigheas éifeachtach a fháil agus chun triail chóir a fháil agus is easnamh mór spreagtha é de réir prionsabal ginearálta éifeachtúlachta agus Airteagal 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(106)

Mheabhraigh an Coimisiún go bhfuil torthaí an tsaofa, in ainneoin na n-éileamh seo, bunaithe ar mhéid suntasach fianaise agus measúnú dlíthiúil mar a shonraítear i Roinn 3.2.1 iomlán den Rialachán sealadach. Bhí neart deiseanna ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus gach páirtí ó thionscnamh an nós imeachta argóintí agus fianaise a chur ar fáil maidir le saobhadh suntasach a bheith ann nó tionchar dá bharr ar fud na tíre sa tSín, agus/nó nach bhfuil saobhadh á dhéanamh ar a gcostais intíre i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an dara fomhír, tríú fleasc. Ghlac an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin leis an deis seo trí uiríll a dhéanamh maidir leis na saincheisteanna seo, arna measúnú anseo. Mar a mhínítear sa roinn seo, taobh amuigh de ráitis ghinearálta gan chruthú nó ráitis bhréagacha, theip orthu aon fhianaise shuntasach a chur i láthair maidir le héagmais an tsaofa ar fud na tíre agus/nó nach ndearnadh saobhadh ar cheann amháin nó níos mó de na fachtóirí sonracha táirgeachta ina gcás. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh seo.

(107)

An cúigiú rud, rinne an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin céanna argóint gur luaíochtaí do Haomei Group iad na fóirdheontais a chumhdaítear in aithris (103) den Rialachán sealadach chun feabhsuithe éiceolaíochta agus teicneolaíochta a chur i bhfeidhm. Rinne siad éileamh breise go raibh a méideanna diomaibhseach nuair a cuireadh i gcomparáid le hioncaim na gcuideachtaí iad, eadhon thart ar ranníocaíocht 1 mhilliún Euro in aghaidh tuairim is 330 milliún Euro ioncaim. D’athdhearbhaigh Haomei Group maidir leis na luaíochtaí a deonaíodh dóibh, nach amháin go raibh gá le hiad a mheasúnú ag cur san áireamh a méid teoranta ach, níos tábhachtaí ná aon rud eile, nach mór iad a chur i gcoibhneas dreasachtaí eile a dheonaítear do thionscail na hEorpa, laistigh d’anailís chomparáideach a dhíríonn ar mheastóireacht a dhéanamh ar cibé acu ar cheart iad a mheas mar shaobhadh suntasach nó nár cheart. Ina theannta sin, léiríonn an ráiteas ón réamheolaire don Tairiscint Tosaigh don Phobal (“IPO”) go mbeadh tionchar ag an easpa fóirdheontas ar shreabhadh airgid an fhiontair agus ar na torthaí oibriúcháin, mar a luaitear in aithris (103) den Rialachán sealadach, clásal caighdeánach nach mór do chuideachtaí na Síne atá ag tabhairt faoi IPO a chur san áireamh sna doiciméid atá dírithe ar rannpháirtithe ionchasacha de réir dlíthe agus rialacháin na Síne.

(108)

Mheabhraigh an Coimisiún, mar a míníodh cheana in aithris (102), go bhfuil Airteagal 2(6a) infheidhme i gcás ina suíonn an Coimisiún go bhfuil saobhadh ann agus tionchar dá bharr sa tír is onnmhaireoir ag leibhéal náisiúnta ar fud na tíre sin. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí an t-éileamh seo a dhíbhe ar an mbonn sin. Mar sin féin, luann an Coimisiún go léiríonn na gnéithe breise, mar a mhionsonraítear in aithris (103) agus (104) den Rialachán seo, go mbaineann an chuideachta seo tairbhe as beartais fhabhracha agus rochtain ar airgeadas, agus dá bhrí sin nach bhfuil an t-éileamh ag léiriú na fírinne. Maidir le méid na tairbhe, níl aon cheangal ann go ndéanfadh an Coimisiún imscrúdú ar scála na dtairbhí airgeadais arna liostú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin. I gcás ar bith, mar a mhionsonraítear in aithris (103) den Rialachán sealadach, is ionann na haistrithe seo agus céatadán suntasach de bhrabús na cuideachta, agus mar a d’admhaigh an chuideachta féin, d’fhéadfadh éagmais fóirdheontas rialtais sa todhchaí tionchar a imirt ar shreabhadh airgid na cuideachta agus ar thorthaí oibriúcháin. Dá bhrí sin, tá an t-éileamh seo gan bhunús freisin toisc nach bhfreagraíonn sé d’fhírinne an scéil. Ar deireadh, mar a mhínítear freisin in aithris (99) den Rialachán seo, tá an chomparáid le staid chuideachtaí na hEorpa go hiomlán neamhábhartha ó thaobh dlí de i bhfianaise Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, chomh maith le bheith ginearálta agus gan a bheith cruthaithe ag aon fhianaise.

(109)

Chuir Rialtas na Síne roinnt barúlacha isteach leis an Rialachán sealadach. Ar an gcéad dul síos, maidir le Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne (23) (“an Tuarascáil” feasta), rinne Rialtas na Síne argóint nár leor doiciméad inmheánach oibre chun críocha saobhadh a chruthú. Ba é an chúis a bhí leis sin gur Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú maidir le saobhadh suntasach a bheith i dtír áirithe nó in earnáil ar leith sa tír sin. Ach, dar le Rialtas na Síne, níor chomhlíon doiciméad inmheánach oibre ceanglas den sórt sin, toisc nach raibh aon fhianaise ann a léirigh go ndearna an Coimisiún an doiciméad a fhormheas ná a fhormhuiniú ag am a fhoilsithe nó ina dhiaidh. Dá bhrí sin, d’éiligh Rialtas na Síne go raibh amhras tromchúiseach maidir lena leithéid de dhoiciméad agus cibé an bhféadfaí féachaint air mar sheasamh oifigiúil an Choimisiúin agus ar chomhlíon a stádas dlíthiúil ceanglas an bhun-Rialacháin 2(6a) den Choimisiún maidir le déanamh, foilsiú agus nuashonrú tuarascálacha. Mheabhraigh Rialtas na Síne arís nár shonraigh freagra an Choimisiúin ar cheist cosúil leis seo sa chás frithdhumpála ar leatháin de chruach dosmálta teorollta arbh fhéidir le doiciméad oibre mar sin seasamh oifigiúil an Aontais Eorpaigh a léiriú agus nár shoiléirigh sé a nádúr dlíthiúil.

(110)

Luaigh an Coimisiún nach ndéanann Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán formáid shonrach a fhorordú do na tuarascálacha maidir le saobhadh suntasach, ná ní shainmhíníonn an fhoráil sin modh foilseacháin. Mheabhraigh an Coimisiún gur doiciméad teicniúil é seo bunaithe ar fhíorais a úsáidtear i gcomhthéacs imscrúduithe cosanta trádála amháin. Déantar an tuarascáil a eisiúint go cuí dá bhrí sin mar dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin mar tá sé tuairisciúil amháin agus ní léiríonn sé aon tuairimí polaitiúla, fabhair ná breithiúnais. Ní dhéanann sé seo difear dá ábhar, eadhon foinsí oibiachtúla faisnéise maidir le saobhadh suntasach a bheith i ngeilleagar na Síne atá ábhartha chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 2 (6a)(c) den bhun-Rialachán.

(111)

Luaigh an Coimisiún freisin go bhféadfaí na foinsí oibiachtúla faisnéise atá sa Tuarascáil a úsáid mar fhianaise ábhartha i dtorthaí an Choimisiúin in imscrúduithe frithdhumpála i gcomhthéacs chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, in éineacht le gnéithe agus fianaise ábhartha eile nach bhfuil sa Tuarascáil. Ní ceanglas dlí é tuarascáil a bheith ann ina gcumhdaítear tír nó earnáil le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Is éard atá tábhachtach chuige sin go bhfuil fianaise iontaofa ann, bíodh sí i dTuarascáil ar thír nó ar earnáil nó in áit éigin eile, chomh fada is go mbaineann sí leis na torthaí maidir le saobhadh suntasach a bheith ann. Dá bhrí sin, ón dearcadh seo freisin, níl nádúr ná cineál na Tuarascála ábhartha do na torthaí iarbhír maidir le saobhadh suntasach faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(112)

San imscrúdú seo, tá an tuarascáil, an fhianaise istigh ann san áireamh, mar chuid den fhianaise ar taifead a thugann bonn cirt do chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a). Bhain an Coimisiún úsáid as fianaise bhreise shuntasach a bhain go sonrach leis an imscrúdú agus leis na héilimh arna gcur chun cinn ag na páirtithe nach bhfuil san áireamh sa tuarascáil seo. Níos tábhachtaí fós, níor sholáthair Rialtas na Síne aon fhianaise nach raibh an fhaisnéis sa tuarascáil seo bailí ná infheidhme don imscrúdú seo. Pé scéal é, meabhraíonn an Coimisiún nach coinníoll riachtanach é go ndéantar tuarascáil ar thír chun Airteagal 2(6a) a chur i bhfeidhm. Is éard atá tábhachtach do chur i bhfeidhm na modheolaíochta faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán na torthaí go bhfuil an saobhadh suntasach ábhartha sa chás atá idir lámha, mar atá i gceist san imscrúdú seo. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh seo.

(113)

An dara rud, dúirt Rialtas na Síne go raibh fabhtanna tromchúiseacha fíorasacha agus dlíthiúla in ábhar thuarascáil na Síne agus sna bealaí a raibh úsáid á baint as. De réir Rialtas na Síne, bhí mífhaisnéis ag baint leis an ábhar, bhí sé leataobhach, agus scoite amach ón bhfírinne. Chaith an doiciméad oibre le tairbhí iomaíocha dlisteanacha chuideachtaí na Síne agus na gnáthdhifríochtaí institiúide idir an tSín agus an Eoraip mar bhonn leis an saobhadh suntasach sa mhargadh a chinneadh. Ina theannta sin, d’éiligh Rialtas na Síne trí ghlacadh leis an iarraidh imscrúdaithe a chuir na tionscail intíre isteach bunaithe ar an tuarascáil ar an tír, gur chuir an Coimisiún a thionscal faoi bhuntáiste a bhí éagórach, a bhí cothrom le breithiúnais a dhéanamh roimh thriail. Sa breis air sin, d’éiligh Rialtas na Síne má dhéantar tuarascálacha in ionad imscrúduithe nach raibh sé sin ag comhlíonadh spiorad dlíthiúil na cothroime ná an chirt.

(114)

Mar fhreagra ar an éileamh maidir le fabhtanna fíorasacha a bheith i dtuarascáil na tíre, luaigh an Coimisiún gur doiciméad cuimsitheach é tuarascáil na tíre atá bunaithe ar fhianaise oibiachtúil fhorleathan, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag Rialtas na Síne, tuarascálacha tríú páirtí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile. Cuireadh ar fáil go poiblí é ó mhí na Nollag 2017 ionas go mbeadh neart deiseanna ag aon pháirtí leasmhar é a fhrisnéis, a fhorlíonadh nó barúil a thabhairt air agus ar an bhfianaise ar a bhfuil sé bunaithe. Staon Rialtas na Síne ó aon fhrisnéis nó barúil den sórt sin a sholáthar maidir leis an ábhar agus leis an bhfianaise atá sa tuarascáil ó eisíodh í i mí na Nollag 2017.

(115)

Maidir le hargóint Rialtas na Síne ag moladh go ndearnadh tuarascáil ar an tír in ionad an imscrúdaithe iarbhír, mheabhraigh an Coimisiún, de réir Airteagal 2(6a)(e), má mheasann an Coimisiún gur leordhóthanach an fhianaise a chuir an gearánach isteach maidir leis an saobhadh suntasach, gur féidir leis imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin. Ach, is ag am an nochta shealadaigh agus/nó chinntithigh mar thoradh ar imscrúdú a dhéantar an cinneadh an ann don saobhadh suntasach agus a thionchar sin agus an úsáid ina dhiaidh sin as an modheolaíocht a cheanglaítear le hAirteagal 2(6a)(a). Ní dheimhnítear láithreacht ná tionchar an tsaofa shuntasaigh ag céim an tionscnaimh mar a éilíonn Rialtas na Síne, ach tar éis imscrúdú domhain amháin, agus dá bhrí sin, diúltaítear an argóint sin.

(116)

An tríú rud, luaigh Rialtas na Síne nár eisigh an Coimisiún doiciméid oibre inmheánacha ach le haghaidh líon beag tíortha roghnaithe, rud ba leor chun imní a ardú maidir le cóir na náisiún barrfhabhair agus cóir náisiúnta (“NT”). Maidir leis an náisiún barrfhabhair, beag beann ar cibé an raibh foireann an Choimisiúin ag smaoineamh ar dhoiciméid chomhchosúla a dhréachtú do thíortha eile, suas go dtí an pointe seo, ní raibh dréachtaithe ag foireann an Choimisiúin ach doiciméid a bhain le margadh na Síne agus na Rúise. Sa bhreis air sin, d’éiligh Rialtas na Síne nár fhoilsigh an Coimisiún caighdeán follasach agus intuartha chun tíortha nó earnálacha a roghnú chun tuarascálacha a fhoilsiú.

(117)

Mheabhraigh an Coimisiún, dá bhforáiltear le hAirteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, go ndéanfar tuarascáil tíre do thír ar bith i gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin. Ar fhormheas fhorálacha nua Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i mí na Nollag 2017, bhí léirithe den sórt sin ag an gCoimisiún maidir le saobhadh suntasach don tSín. D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil freisin ar shaobhadh sa Rúis agus ní eisíonn sé nach leanfaidh tuarascálacha eile. Ó tharla go mbaineann formhór na gcásanna imscrúdaithe cosanta trádála (“TDI”) leis an tSín, agus ó tharla go raibh tásca tromchúiseacha de shaobhadh sa tír sin, ba í an chéad tír ar dhréachtaigh an Coimisiún tuarascáil lena haghaidh. Is í an Rúis an tír ina bhfuil an dara líon is mó de chásanna TDI, agus dá bhrí sin bhí cúiseanna oibiachtúla don Choimisiún chun tuarascálacha a ullmhú don dá thír sin san ord sin.

(118)

Ina theannta sin, mar a luaitear thuas, níl na tuarascálacha éigeantach chun Airteagal 2(6a) a chur i bhfeidhm. Tugtar tuairisc in Airteagal 2(6a)(c) ar na coinníollacha maidir leis an gCoimisiún a bheith ag eisiúint tuarascálacha de réir tíre, ach de réir Airteagal 2(6a)(d) níl aon dualgas ar ghearánaigh an tuarascáil a úsáid ná, de réir Airteagal 2(6a)(e), ní coinníoll é tuarascáil tíre a bheith ann chun imscrúdú a thionscnamh faoi Airteagal 2(6a). Go deimhin, de réir Airteagal 2(6a)(e), is leor fianaise leordhóthanach a chruthaíonn go bhfuil saobhadh suntasach i dtír ar bith arna tabhairt ag na gearánaigh ag comhlíonadh na gcritéar in Airteagal 2(6a)(b) chun imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na rialacha maidir le saobhadh suntasach a bhaineann le tír ar leith do gach tír gan aon idirdhealú, beag beann ar an tuarascáil a bheith déanta ar an tír. Dá bhrí sin, ní sháraíonn na rialacha a bhaineann le saobhadh tíre cóir na náisiún barrfhabhair de réir an tsainmhínithe sin. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún na héilimh seo.

(119)

Luaigh Rialtas na Síne freisin maidir leis an gcóir náisiúnta, nárbh ann don choincheap maidir le saobhadh margaidh nó caighdeáin chomhfhreagracha i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le margadh inmheánach nó iomaíocht seachas ó na bun-Rialacháin. Dá bhrí sin, rinne Rialtas na Síne an argóint nach raibh údarás ar bith ag an gCoimisiún ó thaobh dlí idirnáisiúnta de nó aon reachtaíocht agus cleachtais faoina inniúlacht eisiach sa mhargadh inmheánach nó rialachán iomaíochta chun saobhadh sa tSín a imscrúdú.

(120)

Bhunaigh an Coimisiún a mhodheolaíocht san imscrúdú seo ar fhoráil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán frithdhumpála. Mar a bhaineann le gach rialachán, arna fhormheas go foirmiúil ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, tá sé ceangailteach ó thaobh dlí de agus tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún é a chur i bhfeidhm ina iomláine mar is cuid den acquis é. Tá sé neamhábhartha ó thaobh dlí de nach mbaineann dlíthe Eorpacha eile úsáid as an gcoincheap maidir le saobhadh suntasach, ó tharla go mbaineann sé go sonrach le réimse na frithdhumpála. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh seo.

(121)

Ina theannta sin, luaigh Rialtas na Síne gur chuir an Coimisiún rialacha agus caighdeáin idirdhealaitheacha i bhfeidhm in aghaidh cuideachtaí na Síne nuair a bhí siad i gcásanna comhchosúla le cuideachtaí an Aontais, lena n-áirítear caighdeáin éagóracha fianaise agus an dualgas a chruthú, ach gan a bheith teoranta dóibh. Ag an am céanna, ní dhearna an Coimisiún meastóireacht le fáil amach an raibh saobhadh margaidh ag an Aontas Eorpach nó ag na Ballstáit. Chuaigh an tsraith chleachtas seo i bhfeidhm go tromchúiseach ar iontaofacht agus ar dhlisteanacht anailís agus chonclúidí an Choimisiúin ar na príomhcheisteanna in imscrúduithe frithdhumpála maidir le dumpáil agus díobháil a ríomh. Dá réir sin, is leor ábhar imní a léiriú maidir le sárú féideartha oibleagáidí cóireála náisiúnta faoi rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála.

(122)

Níor sholáthair Rialtas na Síne aon fhianaise a léirigh go mbeadh cuideachtaí an Aontais Eorpaigh faoi réir saofa atá inchomparáide leo siúd de chuid a n-iomaitheoirí sa tSín agus go mbeidís i gcás comhchosúil leis dá réir sin. Pé scéal é, tá an coincheap maidir le saobhadh suntasach ábhartha sa chomhthéacs chun an gnáthluach a chinneadh chun dumpáil a chinneadh, ach tá an coincheap neamhábhartha ó thaobh dlí de don tionscal de chuid an Aontais i gcomhthéacs sonrach na n-imscrúduithe frithdhumpála. Dá bhrí sin, measadh an t-éileamh seo a bheith gan bhunús agus neamhábhartha ó thaobh dlí de.

(123)

An séú rud, thug Rialtas na Síne ar aird nach raibh forálacha Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán comhsheasmhach le hAirteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála, a sholáthraíonn liosta uileghabhálach de chásanna inar féidir an gnáthluach a chumadh agus nach gcuirtear saobhadh suntasach san áireamh iontu. D’éiligh Rialtas na Síne freisin nach raibh úsáid na sonraí ó thír ionadaíoch iomchuí ná praghsanna idirnáisiúnta chun gnáthluach a chumadh de réir Airteagal 2(6a) comhsheasmhach le hAirteagal 6.1(b) den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil agus Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála, go háirithe Airteagal 2.2.1.1. Rinne Rialtas na Síne an argóint freisin gur éiligh rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála go n-úsáidfí costas na táirgeachta sa tír thionscnaimh móide méid réasúnta le haghaidh costas riaracháin, díolacháin agus costas ginearálta agus le haghaidh brabús nuair atá gnáthluach á chumadh. Ach, rinne Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán raon feidhme fhoinse na sonraí a leathnú chun costais táirgeachta agus díolacháin a chur san áireamh i dtír ionadaíoch iomchuí, nó praghsanna, costais nó tagarmharcanna idirnáisiúnta. Bhí sé seo lasamuigh de raon feidhme rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála de réir Rialtas na Síne. Dá bhrí sin, cibé acu atá bun-Rialachán 2(5) an Aontais Eorpaigh ag teacht le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála nó nach bhfuil, níor cheart don Choimisiún gnáthluach a chumadh nuair atá “saobhadh margaidh” mar a thugtar air, bunaithe ar údarú Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(124)

Measann an Coimisiún go bhfuil foráil Airteagal 2(6a) comhsheasmhach le hoibleagáidí na hEagraíochta Domhanda Trádála de chuid an Aontais Eorpaigh. Is é tuairim an Choimisiúin, mar a shoiléirítear in DS473 EU-Biodiesel (an Airgintín), go gceadaíonn forálacha an bhun-Rialacháin a bhfuil feidhm ghinearálta leo maidir le gach Ball den Eagraíocht Dhomhanda Trádála, go háirithe Airteagal 2(5), an dara fomhír, úsáid na sonraí ó thríú tír, arna gcoigeartú go cuí nuair atá coigeartú den sórt sin riachtanach agus nuair atá bunús leo. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh seo.

(125)

Chuir Rialtas na Síne argóint isteach, sa chás seo, go ndearna an Coimisiún neamhaird dhíreach de thaifid onnmhaireoirí na Síne, a bhí ar neamhréir le hAirteagal 2.2.1.1 den Chomhaontú Frithdhumpála. Rinne Rialtas na Síne an argóint gur dhearbhaigh an Comhlacht Achomhairc in EU-Biodiesel (an Airgintín) (DS473) agus an painéal in EU-Cost Adjustment Methodologies II (an Rúis)(DS494) de réir Airteagal 2.2.1.1 den Chomhaontú Frithdhumpála, fad is a bhí na taifid arna gcoinneáil ag an onnmhaireoir nó ag an táirgeoir faoi imscrúdú ar aon dul - laistigh de theorainneacha inghlactha - ar bhealach cruinn agus iontaofa, leis na costais iarbhír arna dtabhú ag an táirgeoir nó onnmhaireoir áirithe don táirge faoi imscrúdú, gur cheart don údarás imscrúdaithe an taifead sin a úsáid chun costas táirgeachta na dtáirgeoirí faoi imscrúdú a chinneadh.

(126)

Mheabhraigh an Coimisiún nár bhain díospóidí DS473 ná DS494 le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, atá mar bunús dlí ábhartha chun gnáthluach an imscrúdaithe seo a chinneadh. Bhain cásanna fíorasacha éagsúla leis na díospóidí seo sa bhreis ar an gcás fíorasach maidir leis an saobhadh suntasach a bheith ann. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh seo.

(127)

An t-ochtú rud, thug Rialtas na Síne ar aird go raibh caighdeáin dhúbailte sa chás seo ag baint leis an imscrúdú a rinne an Coimisiún bunaithe ar Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Dar le Rialtas na Síne, dhiúltaigh an Coimisiún glacadh le sonraí costais onnmhaireoirí na Síne ar na forais go raibh saobhadh suntasach margaidh i margadh na Síne, ach ghlac sé le sonraí na tíre ionadaíche agus bhain sé úsáid astu le cur in ionad sonraí táirgeoirí na Síne gan aon mheastóireacht ar shaobhadh margaidh a bheith i bhfeidhm ar na sonraí ionadacha sin. Is fianaise é sin, dar le Rialtas na Síne, ar “chaighdeáin dhúbailte”. Thug Rialtas na Síne ar aird gur theip ar an gcur chuige seo iontaofacht na gcostas áirithe a áirithiú sa tír ionadaíoch roghnaithe. Thairis sin, bhí sé dodhéanta costas na dtáirgeoirí sa tír thionscnaimh a léiriú le fírinne.

(128)

Mheabhraigh an Coimisiún go mbreithníonn an Coimisiún le linn an imscrúdaithe cibé an bhfuil gnéithe ar taifead a léiríonn go bhfuil saobhadh sna tíortha ionadaíocha, freisin eadhon maidir leis na príomh-amhábhair arna n-úsáid chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh, mar shampla má tá siad faoi réir srianta onnmhairiúcháin. Sa bhreis air sin, le linn an imscrúdaithe bíonn neart deiseanna ann do gach páirtí argóint a dhéanamh maidir le hoiriúnacht na dtíortha ionadaíocha féideartha arna meas ag an gCoimisiún. Go sonrach, foilsíonn an Coimisiún dhá nóta leis an gcomhad maidir le hoiriúnacht na dtíortha ionadaíocha féideartha agus maidir le tír iomchuí a roghnú go sealadach le haghaidh an imscrúdaithe. Cuirtear na nótaí seo ar fáil do gach páirtí le haghaidh a mbarúlacha. Sa chás seo freisin, bhí an fhéidearthacht ag Rialtas na Síne agus ag gach páirtí eile a chruthú go ndearna saobhadh suntasach difear do na tíortha ionadaíocha féideartha arna meas agus dá bhrí sin nach raibh siad oiriúnach don imscrúdú. Dá bhrí sin, bhí an t-éileamh seo gan bhunús agus diúltaíodh é.

(129)

Ag freagairt d’aighneacht a cuireadh isteach chuig Rialtas na Síne, chuir Airoldi barúlacha isteach maidir leis an aighneacht a chuir Rialtas na Síne isteach. Chuir Airoldi béim ar a fhormhuiniú maidir le hargóintí na Síne maidir le dlíthiúlacht an doiciméid inmheánaigh oibre. Ar an gcéad dul síos, thug Airoldi ar aird gur leag Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán ceanglas síos nach mór don doiciméad a bheidh i gceist a bheith ina tuarascáil agus go gcaithfidh an Coimisiún Eorpach í a ghlacadh go foirmiúil. Rinne siad an argóint freisin go gcaithfí an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí agus go dtabharfaí cothrom le dáta í. Dá bhrí sin, dar le Airoldi, maidir leis an doiciméad a rabhthas ag brath air san imscrúdú reatha agus a foilsíodh ar Shuíomh Idirlín Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, níor tugadh cothrom le dáta é, ní raibh ann ach doiciméad simplí inmheánach oibre an Choimisiúin, bhí easpa saintréithe foirmiúla agus substaintiúla ann lena mheas mar thuarascáil fhoirmiúil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Thairis sin, mar ábhar dlí Institiúide an Aontais Eorpaigh, bheadh gá lena leithéid de thuarascáil a fhoilsiú i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, d’iarr Airoldi go gcuirfeadh Ard-Stiúrthóireacht na Trádála leagan Iodáilise den doiciméad seo ar fáil dóibh agus an t-eagrán d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh inar foilsíodh é. Ag an am céanna, luaigh Airoldi gur foilsíodh tuarascáil na Síne ar Shuíomh Idirlín Ard-Stiúrthóireacht na Trádála i mBéarla amháin. Dá bhrí sin, bhí gá le neamhaird a dhéanamh de thuarascáil na Síne agus ba cheart an rialachán sealadach a bhí bunaithe ar an tuarascáil a aisghairm. Thairis sin, rinne Airoldi iarraidh ar leith ar nochtadh sa nós imeachta frithdhumpála reatha le haghaidh gach doiciméad ullmhúcháin i cibé foirm ar bith a bhaineann leis an nós imeachta inmheánach a leantar laistigh den Choimisiún Eorpach chun tuarascáil na Síne a ghlacadh.

(130)

Mar atá mínithe go háirithe in aithrisí (110) go (112) maidir le luach thuarascáil na Síne, ní dhéanann forálacha Airteagal 2(6a)(c) forordú maidir leis an bhformáid shonrach ina gcaithfear tuarascáil tíre a fhoilsiú, ná maidir lena modh foilseacháin. Dá bhrí sin, tá foilsiú thuarascáil na Síne mar dhoiciméad inmheánach oibre, cineál doiciméid nach bhfuil gá é a aistriú go gach teanga Eorpach, ná é a fhoilsiú go foirmiúil san Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag comhlíonadh na rialacha ábhartha. Mar fhreagra ar na héilimh seo, luann an Coimisiún go raibh an tuarascáil ar fáil go poiblí ó mhí na Nollag 2017, ionas go mbeadh neart deiseanna ag páirtithe leasmhara í a fhrisnéis, a fhorlíonadh nó barúil a thabhairt ina leith agus ar an bhfianaise ar a mbunaítear í. Níor sholáthair Airoldi, ná aon pháirtí leasmhar eile, aon fhianaise a léireodh go raibh an tuarascáil as dáta. Dá bhrí sin, diúltaítear an argóint seo. Maidir leis an iarraidh ar nochtadh na ndoiciméad ullmhúcháin, tagraíonn an Coimisiún d’aithris (50) thuas.

(131)

An dara rud, thug Airoldi ar aird mar thoradh ar na hargóintí thuas (gur doiciméad oibre inmheánach é tuarascáil na Síne, arna foilsiú ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála i mBéarla amháin), gur doiciméad neamhdhleathach é tuarascáil na Síne. Dá bhrí sin, rinne Airoldi an argóint go ndéanfaí neamhaird den fhianaise sin agus go raibh gá a dhearbhú gur gearán gan bhunús a bhí ann. Thairis sin, ba ghá an Rialachán sealadach a bhí ag brath ar thuarascáil na Síne a aisghairm láithreach.

(132)

Is athrá atá san argóint seo ar bharúlacha Rialtas na Síne in aithris (109). D’fhreagair an Coimisiún don bharúil seo in aithrisí (110) go (112).

(133)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Haomei Group isteach roinnt barúlacha maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus na hargóintí a rinneadh roimhe sin le linn an imscrúdaithe á n-athlua den chuid is mó. Ar an gcéad dul síos, d’athdhearbhaigh Haomei Group nach gcomhaontaíonn siad leis go bhfuil an Tuarascáil tíre cuimsitheach go leor agus go bhfuil dóthain fianaise ann go bhfuil saobhadh ann. Ina theannta sin, d’athdhearbhaigh Haomei Group nach raibh siad faoi réir aon idirghabháil rialtais, go bhfuair siad iasachtaí ar ráta úis neamhshaofa agus gur beag an luach a bhí ar an bhfóirdheontas a fuarthas. Ina theannta sin, d’áitigh Haomei Group nach raibh tionchar ag téarmaí iasachtaithe tairbhiúla orthu agus dreasachtaí airgeadais eile a chuir an rialtas ar fáil agus go raibh torthaí an Choimisiúin maidir le creidmheasanna cineálach agus nach raibh siad infheidhme maidir le Haomei Group.

(134)

Maidir le hoibiúlacht na tuarascála agus a hoiriúnacht mar fhianaise, luaigh an Coimisiún, mar atá mínithe cheana in aithris (114), gur doiciméad cuimsitheach í tuarascáil na tíre atá bunaithe ar fhianaise oibiachtúil fhorleathan, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag Rialtas na Síne, tuarascálacha tríú páirtí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile.

(135)

Maidir le sochair, amhail iasachtaí agus fóirdheontais níos saoire, athdhearbhaíonn an Coimisiún, mar a luadh cheana in aithrisí (97), (99) agus (102) den Rialachán seo agus in aithrisí (77) agus (79) agus tar éis an Rialacháin shealadaigh, go dtabharfar aird, inter alia, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí a liostaítear san fhoráil sin chun measúnú a dhéanamh an ann don saobhadh suntasach nó nach ann dó, i gcomhréir le hAirteagal 2(6ú)(b). Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach a mheas an bhfuil rochtain ag táirgeoirí easbhrúnna alúmanaim, ar a laghad, ar mhaoiniú níos saoire agus ar choinníollacha níos fabhraí ná a gcomhghleacaithe in áiteanna eile. Ós rud é go bhfuil tionscal an alúmanaim faoi réir roinnt mhaith pleananna agus treoracha ag an rialtas, rinne an Coimisiún amach de réir aithrisí (77) agus (79) agus tar éis an Rialacháin shealadaigh, go bhféadfadh saobhadh in earnáil easbhrúnna alúmanaim sa tSín difear a dhéanamh do tháirgeoirí easbhrúnna alúmanaim, Haomei Group san áireamh.

(136)

Ar an dara dul síos, d’áitigh Haomei Group gur fíorais cultúrtha iad na gníomhaíochtaí neartaithe páirtí a luaigh an Coimisiún in aithris (100) an Rialacháin seo ach nach fianaise iad ar shaobhadh polaitiúil.

(137)

Luaigh an Coimisiún roinnt samplaí de ghníomhaíochtaí neartaithe páirtí a d’fheidhmigh Haomei Group mar fhreagairt ar a dtuairimí in aithris (98), inar éiligh Haomei Group go raibh sé saor ó chur isteach ón bpáirtí nó ón rialtas. Mar a luadh in aithris (100) an Rialacháin seo, deir Haomei Group go soiléir go bhfuil siad á dtreorú ag “Neartú an Pháirtí”, chomh maith le smaointe “Xi Jinping’s of Socialism with Chinese Characteristics in the New Era, (…) implementing the spirit of the 19th Congress of the Communist Party of the Chin a”. Fiú amháin más rud é, mar atá éithe ag Haomei Group, nach bhfuil aon chomhaltaí de chontrapháirtí lárnach ar bhord stiúrthóirí an dá chuideachta de chuid Haomei Group, tá sé faoi thionchar an rialtais agus, mar atá luaite thuas, é féin a chur i láthair go gníomhach mar bheartas cur chun feidhme an rialtais agus de réir a chláir oibre oifigiúil. Níor tugadh aon fhianaise ar aird dá mhalairt.

(138)

Chuir Haomei Group isteach nach raibh a phraghsanna saofa, rud atá cruthaithe de bharr go raibh a phraghsanna ailínithe leis na praghsanna Eorpacha.

(139)

Meabhraíonn an Coimisiún, murab iomchuí, de reir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir mar go bhfuil saobhadh suntasach ann, go saineofar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díolacháin a léiríonn praghsanna nár saobhadh nó tagarmharcanna. Sa chás i dtrácht, chinn an Coimisiún go bhfuil saobhadh suntasach in earnáil easbhrúnna alúmanaim sa tSín, mar atá mínithe i roinn 3.2.1. den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, níl leibhéal na bpraghsanna ar tháirgeoirí onnmhairithe Síneacha ábhartha sa chás seo.

(140)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Haomei Group in iúl gur measadh nach raibh siad freagrach as a n-iompar féin ach as gnéithe de gheilleagar na Síne a ndearnadh measúnú orthu ar bhealach cineálach.

(141)

Léiríonn na torthaí sonracha dumpála agus rátaí an dá chuideachta na sonraí a chuir na cuideachtaí féin isteach, arna ríomh i gcomhréir le forálacha an bhun-Rialacháin, go háirithe Airteagal 2(6a). Mar atá mínithe in aithris (106), tá saobhadh suntasach ann ar fud na tíre agus, a luaithe a léirítear saobhadh, tá feidhm ag an modheolaíocht sin i bprionsabal maidir le gach cuideachta. Níor léirigh ceachtar de na cuideachtaí nach ndéanann an saobhadh a d’aimsigh an Coimisiún difear dá gcostais. Dá bhrí sin, léiríonn na corrlaigh dheireanacha dumpála iompar na gcuideachtaí, ag cur san áireamh go bhfuil saobhadh suntasach ann sa tSín, áit a n-oibríonn siad.

3.2.   Tír ionadaíoch

(142)

Sa Rialachán sealadach, roghnaigh an Coimisiún an Tuirc mar an tír ionadaíoch i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(143)

D’éiligh Rialtas na Síne gur athsholáthair an Coimisiún sonraí na dtáirgeoirí go mícheart gan aon mheastóireacht déanta maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh saobhadh margaidh ag cur isteach ar na sonraí athsholáthartha sin.

(144)

D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leid an Tuirc a roghnú mar an tír ionadaíoch i bpróiseas trédhearcach ina raibh dhá nóta ar na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh (an 16 Márta 2020 agus an 25 Meitheamh 2020). Chuir an Coimisiún roinnt tíortha ionadaíocha ionchasacha eile as an áireamh. Ó tharla nár aimsigh an Coimisiún aon saobhadh margaidh sa Tuirc a d’fhágfadh nach mbeadh sí oiriúnach mar thír ionadaíoch, chinn sé gurb í an Tuirc an tír ionadaíoch is iomchuí.

(145)

Rinne Airoldi a bharúil a athrá maidir le roghnú na Tuirce mar an tír ionadaíoch i ndáil leis an difreáil idir cóimhiotail chrua agus cóimhiotail bhoga. Mar a mhínítear in aithris (164) den Rialachán sealadach, níl na cineálacha táirgí cinntitheach chun tír ionadaíoch iomchuí a roghnú. Sheas an Coimisiún, dá bhrí sin, lena thuairim gurb í an Tuirc an tír ionadaíoch is iomchuí sa chás seo.

(146)

Tar éis an nochta deiridh, thug Airoldi a thuairim in athuair maidir le rogha na Tuirce mar thír ionadaíoch. Chuir Airoldi eilimintí nua isteach ina gcuid barúlacha i gcoinne rogha na Tuirce a bhain le dhá phríomhargóintí: Aontas Custaim na Tuirce leis an Aontas, agus nár chomhlíon an Tuirc caighdeáin cosanta sóisialta agus caighdeáin cosanta comhshaoil.

(147)

Theip ar Airoldi a mhíniú cén fáth a mbeadh an Tuirc ina tír ionadaíoch mhíchuí de bharr an Aontais Chustaim. Mar a míníodh sa rialachán, chuir an Coimisiún dleachtanna custaim san áireamh d’fhonn an luach a leagan síos do gach fachtóir táirgeachta. Déantar é sin chun praghas fhachtóir an táirgthe a bhaint amach sa tír ionadaíoch. Ní bhaineann aontas custaim le hábhar chun an praghas sin a chinneadh. Fiú dá mba rud é go raibh argóint Airoldi ceart, quod non, dhéanfaí an gnáthluach a mheas faoina luach agus, mar thoradh air sin, bheadh an corrlach dumpála níos ísle, rud a rachadh chun sochair don allmhaireoir seachas dochar a dhéanamh dó. Maidir le caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil, mar a mhínítear sa Dara Nóta maidir leis na Foinsí chun an Gnáthluach an 25 Meitheamh 2020 a chinneadh, fuarthas amach gurb í an Tuirc an tír ionadaíoch is oiriúnaí sa chás seo ar bhonn infhaighteacht agus cháilíocht na sonraí. In éagmais aon éileamh a chuirfeadh an cinneadh sin ó bhailíocht, níor ghá anailís a dhéanamh ar na caighdeáin sin.

(148)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Haomei Group in aghaidh an ghnáthluacha “arna thógáil de réir pharaiméadair na Tuirce, go háirithe i bhfianaise na luachanna arna gcur san áireamh mar thagarmharc, nach bhfuil iarbhír (tá siad ó 2016 amach, ná cruinn (…)”.

(149)

Is é an t-aon fhachtóir táirgeachta bunaithe ar shonraí ó 2016 a úsáideadh sa ríomh ná costais saothair. Míníodh é sin go soiléir i Nóta an 16 Márta 2020. Rinneadh an luach 2016 “a choigeartú i gcás boilscithe trí úsáid a bhaint as an innéacs praghsanna táirgeoirí intíre (24) arna fhoilsiú ag institiúid staidrimh na Tuirce”. Dá bhrí sin, ní hamháin go raibh na fachtóirí eile go léir bunaithe ar shonraí a bhí ar fáil le déanaí, ach rinneadh coigeartú ar an aon cheann amháin ar cosúil go dtagraíonn an Haomei Group dó sna barúlacha. Dá bhrí sin, caitheadh trácht Haomei Group amach mar go raibh sí mícheart de réir na bhfíoras.

(150)

Chuir Haomei Group in iúl freisin nach raibh an Tuirc ina rogha iomchuí de thír ionadaíoch mar gheall ar dhifríocht idir daonra na tíre agus an tSín.

(151)

I ndáil leis sin, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil leibhéal na forbartha, seachas méid an daonra, bunúsach ó thaobh tír ionadaíoch a roghnú. Tá an leibhéal céanna forbartha sa tSín ag an Tuirc de réir aicmiú an Bhainc Dhomhanda (an t-uasioncam) agus, dá bhrí sin, is tír ionadaíoch iomchuí í chun críoch Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh éileamh Haomei Group.

(152)

Dá bhrí sin, ar na cúiseanna a mhínítear sa Rialachán sealadach, dearbhaíonn an Coimisiún a rogha go mbeadh an Tuirc mar an tír ionadaíoch toisc nár cuireadh aon argóint láidir chun cinn in aghaidh an Tuirc a roghnú tar éis an Rialachán sealadach a ghlacadh.

3.3.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a bhunú

(153)

Mar a mhínítear in aithrisí (166) go (184) den Rialachán sealadach, shainaithin an Coimisiún na foinsí seo a leanas chun costais neamhshaofa a bhunú: an Global Trade Atlas, staidreamh náisiúnta lena n-áirítear Institiúid Staidrimh na Tuirce chun costais saothair, costais leictreachais agus costais gháis a bhunú agus OECD le haghaidh praghsanna díosail. Tar éis na torthaí sealadacha a nochtadh, ní bhfuair an Coimisiún aon éileamh réasúnaithe ar shaobhadh margaidh a raibh tionchar aige ar na sonraí ná ar na foinsí a úsáideadh.

(154)

In éagmais barúlacha breise maidir leis na foinsí a úsáideadh chun costais neamhshaofa a bhunú coinníonn an Coimisiún na foinsí sin a liostaítear sa Rialachán Sealadach.

3.4.   Forchostais mhonaraíochta, DGR agus brabús

(155)

Bhí an leibhéal comhcheangailte DGR agus brabús arna úsáid sa Rialachán Sealadach bunaithe ar shonraí le haghaidh na bliana 2018. Sheiceáil an Coimisiún infhaighteacht sonraí is déanaí ná sin do DGR agus brabús sa tír ionadaíoch le haghaidh 2019. Léirigh na sonraí seo gur tháinig ardú fíorbheag ar an leibhéal comhcheangailte de DGR agus brabúis in 2019. Ní bheadh tionchar suntasach aige seo ar ríomhanna. Ina fhianaise seo, agus in éagmais aon bharúla ó pháirtithe leasmhara maidir le forchostais mhonaraíochta, DGR agus leibhéil bhrabúis a liostaítear sa Rialachán Sealadach, choinnigh an Coimisiún na leibhéil sin.

(156)

Tar éis an nochta deiridh, thug Haomei Group dúshlán go bhféadfadh an “praghas a ghearrtar” ó chuideachtaí Turcacha a bheith “ina eilimint chomparáide”. Mhínigh an Coimisiún go mion an bealach a ríomhtar an corrlach dumpála sa nochtadh aonair i dtáirgeoir onnmhairithe, ach freisin sa dá nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chuirtear ar fáil do na páirtithe uile sa chomhad cásanna a chinneadh. In aon cheann de na doiciméid sin, ní dhearna an Coimisiún aon tagairt do na praghsanna arna n-éileamh ag aon cheann de na cuideachtaí sa Tuirc atá le húsáid ag céim ar bith chun an Gnáthluach a chinneadh. Níor baineadh úsáid as cuideachtaí Turcacha ach amháin mar fhoinse SG&A agus luachanna brabúis. Dá bhrí sin, tá éileamh Haomei Group mícheart de réir na bhfíoras.

(157)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh an gearánach a éileamh gur cheart don Choimisiún an dá chuideachta de chuid na Tuirce a bhfuil an brabús is ísle acu a eisiamh ó ríomh an chorrlaigh bhrabúis is ísle, ós rud é go raibh siad sin i bhfad ón gcorrlach brabúis 16 % a rinne táirgeoir amháin de chuid an Aontais in éagmais allmhairí dumpáilte.

(158)

Mar atá mínithe in aithris (171) den Rialachán sealadach, d’eisiaigh an Coimisiún na cuideachtaí sin nár thuairiscigh aon bhrabús. Cuireadh gach cuideachta brabúsach san áireamh, beag beann ar a leibhéal brabúis, chomh fada agus nach raibh siad ag déanamh caillteanais. Níl an leibhéal brabúsachta a bhaineann ceann de tháirgeoirí an Aontais amach ábhartha agus an leibhéal iomchuí brabúis á chinneadh chun an gnáthluach a thógáil ar bhonn sonraí neamhshaofa sa tír ionadaíoch. Dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh seo dá bhrí sin.

3.5.   Ríomh an Ghnáthluacha

(159)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó tháirgeoir onnmhairithe, PMI Group, maidir leis na hathruithe ar rátaí CBL le linn na maoine intleachtúla. Rinne an Coimisiún ríomh an Ghnáthluacha a choigeartú tar éis an bharúil sin a fháil, mar a thuairiscítear ar bhonn níos mionsonraithe air in aithrisí (185) go (187). Seachas sin, dearbhaítear na ríomhanna eile go léir maidir leis an ngnáthluach sa Rialachán sealadach.

(160)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Haomei Group éileamh doiléir isteach a d’fhéadfadh cur i gcoinne leibhéal an ráta úis a cuireadh i bhfeidhm mar liúntais le haghaidh díolacháin onnmhairithe Haomei Group. Tugann an Coimisiún dá aire go raibh na rátaí a cuireadh i bhfeidhm toisc go raibh an liúntas bunaithe ar rátaí úis arna soláthar ag Haomei Group féin agus go ndearnadh seiceáil orthu le linn RCC.

(161)

D’athdhearbhaigh Haomei Group gur líomhnaíodh go raibh locht ar an modh chun an meánphraghas a ríomh maidir le heasuithe Eorpacha toisc gur chuir sé “na táirgí ilchineálacha ciseán céanna ó thaobh saintréithe agus praghais de”.

(162)

Tar éis do Haomei Group an nochtadh deiridh breise a dhéanamh, dúirt sé arís nach féidir leis an gCoimisiún, mar gheall ar idirdhealú bunaithe ar chóimhiotail, ar mhonarú, sonraíochtaí nach féidir leis an gCoimisiún a mheas gur táirge aonair amháin é an táirge atá faoi imscrúdú.

(163)

Mar atá mínithe in aithrisí (232) go (234) den Rialachán sealadach, rinneadh na comparáidí praghais dá dtagraítear ar leibhéal idirbhirt de réir cineáil, inar áirithíodh comparáid chothrom le huimhreacha rialaithe táirgí. Ba é an chúis a bhí leis go díreach é le comparáid a dhéanamh idir táirgí den chineál céanna, agus ba é sin an aidhm dó go n-áireodh uimhir rialaithe an táirge eilimintí cosúil le cruthanna agus foirm, sraith cóimhiotail, fad, uastoise trasghearrthach, cineál bailchríoch, cineál monaraithe agus líníocht. Ní raibh údar maith leis an líomhain a rinne Haomei Group agus dá bhrí sin diúltaíodh í.

3.6.   An praghas onnmhairiúcháin

(164)

Mar a thuairiscítear in aithris (196) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún coigeartú faoi Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán le haghaidh na ndíolachán onnmhairiúcháin ó thrádálaithe gaolmhara go custaiméirí neamhspleácha san Aontas.

(165)

Luaigh PMI Group go raibh corrlach brabúis an allmhaireora ró-ard a bhí in úsáid chun teacht ar an bpraghas onnmhairiúcháin le haghaidh díolachán indíreach trí bhíthin allmhaireoirí gaolmhara, agus chuir siad an cheistar seiceáladh go leordhóthanach é. Dhearbhaigh an Coimisiún go raibh an corrlach a úsáideadh ag an gcéim shealadach i gceart de réir na faisnéise a bhí ar fáil ag an am, agus gur tháinig sé ó na hallmhaireoirí a samplaíodh Pé scéal é, tar éis cros-seiceáil chianda a dhéanamh, ardaíodh an corrlach seo beagán agus cuireadh mionsonraí na sonraí athbhreithnithe ar fáil don chuideachta lena mbaineann. Baineadh úsáid as an gcorrlach athbhreithnithe freisin chun an leibhéal sladghearrtha agus an leibhéal maidir le díothú na díobhála a athríomh mar a léirítear thíos.

(166)

Dá réir sin, rinne an Coimisiún ríomh an chorrlaigh dumpála a choigeartú le haghaidh ceann amháin de na grúpaí táirgeoirí onnmhairiúcháin mar thoradh ar an athbhreithniú thuas. Dearbhaítear na ríomhanna eile go léir maidir leis an bpraghas onnmhairiúcháin sa Rialachán sealadach.

(167)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Haomei Group in iúl gur bhain an Coimisiún úsáid mhícheart as costas loingseoireachta go raibh “amhail an lae inniu” i bhfad níos costasaí. Meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil na ríomhanna go léir bunaithe ar an tréimhse imscrúdaithe. Maidir le dumpáil, tá na ríomhanna bunaithe ar chostais iarbhír arna soláthar ag Haomei Group. Nach bhfuil na costais loingseoireachta, de réir Haomei Group, ábhartha faoi 300 % tar éis na tréimhse imscrúdaithe; díreach cosúil le haghaidh gach costais eile, is é an costas loingseoireachta le linn na tréimhse imscrúdaithe an costas nach mór a úsáid.

3.7.   Tairiscintí gealltanais

(168)

Léirigh táirgeoir onnmhairiúcháin amháin ón tSín suim i dtairiscint ghnóthais dheonach a chur isteach, ach ní dhearna sé é faoi na téarmaí a cheadaítear faoi Airteagal 8 den bhun-Rialachán.

(169)

Tar éis an nochta deiridh, laistigh den spriocdháta a shonraítear in Airteagal 8(2) den bhun-Rialachán, chuir trí tháirgeoir is onnmhaireoir tairiscintí isteach i gcás gealltanais praghasanna: Haomei Group, Shandong Nollvetec Lightweight Equipment Co., Ltd. agus Jilin Qixing Aluminium Industries Co., Ltd.

(170)

De réir Airteagal 8 den bhun-Rialachán frithdhumpála, ní mór gur leor na tairiscintí gealltanais praghsanna chun éifeacht dhíobhálach na dumpála a dhíothú agus ní mór a mheas nach bhfuil sé praiticiúil glacadh leis na tairiscintí sin. Rinne an Coimisiún measúnú ar thairiscintí i bhfianaise na gcritéar sin agus mheas sé go mbeadh sé neamhphraiticiúil é a ghlacadh ar na cúiseanna seo a leanas.

(171)

Ní chuirfeadh an tairiscint a rinne Haomei Group deireadh le héifeacht dhíobhálach na dumpála dá nglacfaí léi. Ina theannta sin, ní raibh an eilimint bhunriachtanach de ghealltanas sa tairiscint: íosphraghas allmhairiúcháin (“MIP”) ar faoina bhun a thugann sé gealltanas gan díol. Dá bhrí sin, níl an tairiscint ag luí le bunphrionsabail ghealltanais.

(172)

Tá roinnt cuideachtaí gaolmhara ag Haomei Group a bhfuil baint dhíreach acu le táirgeadh nó díolachán an táirge atá faoi imscrúdú. Díolann Haomei Group an táirge go díreach agus go hindíreach.

(173)

Bíonn rioscaí arda traschúitimh ag struchtúr grúpa casta den sórt sin. Ní bheadh an Coimisiún in ann faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an ghealltanais i ndáil le díolacháin indíreacha tríd an gcuideachta ghaolmhar in Hong Cong ná a áirithiú, b’fhéidir, trí chuideachtaí gaolmhara eile. Bheadh an tairiscint, ar a shon sin féin, neamhphraiticiúil.

(174)

Shandong Nollvetec Lightweight Equipment Co., Ltd. agus Jilin Qixing Aluminium Industries Co., Ltd. thairg MIP faoi réir innéacsú.

(175)

Déanann an dá chuideachta cineálacha éagsúla táirgí a tháirgeadh agus a dhíol le difríochtaí suntasacha i bpraghsanna. Bheadh an meánchorrlach ualaithe díobhála a úsáidtear chun praghas íosta allmhairiúcháin a ríomh faoi bhun an phraghais neamhdhíobhálaí le haghaidh fhormhór na gcineálacha táirgí arna n-onnmhairiú chuig an Aontas ag na cuideachtaí sin. Dá bhrí sin, níor leor leibhéal an nós imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch chun éifeacht dhíobhálach na dumpála a bhaint.

(176)

Ina theannta sin, tá líon ard de na cuideachtaí gaolmhara sa tSín Shandong Nollvetec Lightweight Equipment Co, Ltd. T, go leor de na cuideachtaí sin ag baint go díreach le táirgeadh agus díol an táirge faoi imscrúdú ar an margadh intíre. Méadaíonn an struchtúr cuideachta na rioscaí a imchéimniú.

(177)

Ní féidir cineálacha agus múnlaí easbhrúnna alúmanaim a idirdhealú ó chéile go héasca trí iniúchadh fisiciúil a dhéanamh. Go háirithe, bheadh sé an-deacair measúnú a dhéanamh ar an tsraith cóimhiotal trí chigireacht fhisiciúil, agus tríthi sin amháin. Gan anailís saotharlainne mhionsonraithe, ní bheadh na húdaráis chustaim in ann a chinneadh an bhfreagraíonn an táirge allmhairithe don mhéid atá á dhearbhú.

(178)

Tá baol ard traschúitimh i measc na gcineálacha éagsúla táirgí i gceist leis an líon ard cineálacha táirgí, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh cineálacha táirgí níos costasaí á ndearbhú go míchruinn mar tá cineálacha táirgí níos saoire faoi réir an ghealltanais freisin. Fágann sé sin go bhfuil an gnóthas neamh-infheidhmithe agus dá bhrí sin neamhphraiticiúil de réir bhrí Airteagal 8 den bhun-Rialachán.

(179)

Sheol an Coimisiún litreacha chuig na hiarratasóirí, ina leagtar amach na cúiseanna le diúltú do thairiscintí gealltanais.

(180)

Chuir na trí iarratasóir atá liostaithe in aithris (169) barúlacha faoi sin isteach. Cuireadh na barúlacha sin ar fáil do pháirtithe leasmhara i gcomhad an cháis.

(181)

Níor chomhaontaigh Shandong Nollvetec Lightweight Equipment Co., Ltd. agus Jilin Qixing Aluminium Industries Co., Ltd. le conclúid an Choimisiúin nár leor an MIP a moladh chun deireadh a chur le héifeacht dhíobhálach na dumpála. Mhol na páirtithe freisin tagairtí arna bhfoilsiú ag London Metal Exchange a chur in ionad na dtagairtí praghas ag Shanghai Metals Market. Mar sin féin, níor chuir na barúlacha agus na hathruithe atá beartaithe deireadh leis na heilimintí a d’fhágfadh nach mbeadh an gealltanas in-fhorfheidhmithe.

(182)

Níor mhol Haomei Group deireadh a chur le héifeacht dhíobhálach na dumpála ná níor chuir sé isteach aon eilimintí riachtanacha de ghealltanas, mar atá mínithe in aithris (171). Dá bhrí sin, níl an tairiscint ag luí le bunphrionsabail ghealltanais.

(183)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, d’athdhearbhaigh Haomei Group a iarraidh lena n-áitíodh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar an tairiscint gealltanais a dhéanann sé, gan aon eilimintí nua a thabhairt isteach, maidir le deireadh a chur le héifeacht dhíobhálach na dumpála, ná na heilimintí atá in easnamh atá mínithe in aithris (171) a chur i gcrích. Ina ionad sin, ba é tuairim Haomei Group gur cheart glacadh le gealltanais, toisc nach mbeadh bearta i gcoinne grinnscrúdú Cúirte. Meabhraíonn an Coimisiún gur État de Droit é an tAontas ina ndéanann na córais riaracháin cinntí de réir fhorálacha an dlí, nach bhfuil ina ábhar babhtála ná idirbheartaíochta.

(184)

Mheas an Coimisiún go bhfuil an gealltanas neamh-infheidhmithe agus dá bhrí sin neamhphraiticiúil de réir bhrí Airteagal 8 den bhun-Rialachán, ar na cúiseanna a leagtar amach in aithrisí (171) go (183) i leith na dtairiscintí agus dhiúltaigh sé iad dá bhrí sin.

3.8.   Comparáid

(185)

Mar a thugtar tuairisc air in aithris (199) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún coigeartú faoi Airteagal 2(10)(b) den bhun-Rialachán maidir leis an difríocht i gcánacha indíreacha idir díolacháin onnmhairiúcháin ón tSín leis an Aontas agus an gnáthluach a bhfuil na cánacha indíreacha amhail CBL eisiata.

(186)

Bhain na barúlacha ó PMI Group go príomha leis na rátaí CBL sa tSín a athraíodh faoi dhó ó 2018 agus leis an ráta 17 % a úsáideadh i ríomh an CBL a choigeartú. Tharla na hathruithe seo an 1 Bealtaine 2018 agus an 1 Aibreán 2019 nuair a d’athraigh na rátaí CBL go 16 % agus go 13 % faoi seach.

(187)

Tar éis an bharúil thuas a chur san áireamh, rinne an Coimisiún an ríomh a choigeartú don dá ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh.

(188)

Ar an mbonn sin, seo a leanas na meánchorrlaigh dumpála ualaithe arna sloinneadh mar chéatadán den phraghas ag an teorainn ó thaobh chostas, árachas agus last-táille (CAL) an Aontais de, agus an dleacht neamhíoctha:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Haomei Group:

Guangdong Haomei New Materials Co., Ltd.,

Guangdong King Metal Light Alloy Technology Co., Ltd.

21,3 %

PMI Group:

Press Metal International Ltd.,

Press Metal International Technology Ltd.

33,9 %

Cuideachtaí comhoibrithe eile

28,6 %

Gach cuideachta eile

40,1 %

(189)

Cé is moite de dhíolacháin onnmhairiúcháin chuig an Ríocht Aontaithe de na táirgeoirí onnmhairithe samplaithe, arb é atá iontu fós 20 % d’iomlán na n-onnmhairí chuig an Aontas, is mar seo a leanas atá corrlaigh dumpála:

Cuideachta

Corrlach dumpála (%)

Haomei Group:

Guangdong Haomei New Materials Co., Ltd.,

Guangdong King Metal Light Alloy Technology Co., Ltd.

21,2 %

PMI Group:

Press Metal International Ltd.,

Press Metal International Technology Ltd.

25,0 %

Táirgeoirí onnmhairithe comhoibritheacha eile lasmuigh den sampla

22,1 %

Gach cuideachta eile

32,1 %

(190)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairithe comhoibritheacha eile lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den bhun-Rialachán. Ríomhadh an corrlach sin mar mheán ualaithe ar bhonn na gcorrlach arna mbunú do na táirgeoirí onnmhairiúcháin arna sampláil, arb é a bhí iontu 22,1 %. mar sin Measann an Coimisiún gurb iomchuí leanúint den dleacht iarmharach a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála is airde atá leagtha síos ar bhonn shonraí na dtáirgeoirí onnmhairithe comhoibríocha, eadhon 32,1 %, gan sonraí RA a áireamh.

(191)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, d’iarr Haomei Group míniú ar an gcúis ar laghdaigh corrlaigh táirgeoirí onnmhairithe eile go mór cé gur beag an difríocht a bhí ina chorrlach. Mheas an chuideachta go raibh na difríochtaí sin agus a dleacht nua dumpála leis idirdhealaitheach. D’éiligh sí freisin nár cuireadh aon ríomhanna mionsonraithe agus tiomnaithe ar fáil do na páirtithe leasmhara.

(192)

Meabhraítear ar dtús gur dhúshlán Haomei Group féin torthaí an Choimisiúin ar bhonn AE28. D’éiligh Haomei Group gur cheart don Choimisiún scrúdú AE27 a dhéanamh ón uair nach raibh an Ríocht Aontaithe mar chuid den Aontas Eorpach a thuilleadh. Tugadh aghaidh ar an éileamh sin toisc gur athríomh an Coimisiún an corrlach dumpála do gach táirgeoir is onnmhaireoir (agus go ndearna sé díobháil agus cúisíocht a athmheasúnú dá réir sin.

(193)

Sna haithrisí (185) g0 (190) a mhínigh an Coimisiún an mhodheolaíocht a bhaineann leis an gcorrlach dumpála a ríomh, agus is mar an gcéanna a bhí an mhodheolaíocht sin nuair a ríomhadh an corrlach dumpála gan sonraí na Ríochta Aontaithe a áireamh. Áiríodh leo an nochtadh deiridh Haomei Group faisnéis rúnda bhreise, i bhfad níos mionsonraithe, doiciméid maidir le dumpáil agus ríomh corrlach díobhála agus modheolaíocht. Ba é an chúis a bhí leis an éifeacht níos airde ar PMI Group na difríochtaí sin i bpraghsáil, i gceann scríbe, i meascán táirgí agus i saincheisteanna eile a bhaineann go sonrach leis an gcuideachta. Mar thoradh ar athríomh corrlaigh dumpála uile na gcuideachtaí samplála, tháinig athrú ar dhleachtanna dumpála do gach táirgeoir onnmhairithe eile, mar atá mínithe in aithris (190). Go deimhin, míníodh é sin don chuideachta le linn éisteacht a reáchtáladh an 12 Feabhra.

(194)

Ina theannta sin, ní mór diúltú d’iarratas Haomei Group maidir le nochtadh ríomha eile dumpála an táirgeora onnmhairíochta samplála. Tá an ríomh bunaithe ar fhaisnéis rúnda agus ní féidir í a nochtadh ach amháin don chuideachta dá dtagraíonn sí. Is amhlaidh atá freisin i gcás ríomhanna Haomei Group, nár nochtadh d’aon pháirtí leasmhar eile san imscrúdú seo.

(195)

Tar éis nochtadh deiridh bhreise, rinne Haomei Group tagairt do dhifríochtaí sna sonraí agus don mhodheolaíocht maidir le ríomhanna díobhála i gcomparáid leis na ríomhanna dumpála.

(196)

Tá na difríochtaí sin ann toisc nach ionann an cinneadh maidir le dumpáil agus an cinneadh maidir le díobháil. Déantar cur síos ar an dá mhodh in dhá Airteagal ar leith den bhun-Rialachán (Airteagail 2 agus 3 den bhun-Rialachán, faoi seach). Tugtar tuairisc mhionsonraithe in aithrisí (187) go (200) den Rialachán sealadach ar an modheolaíocht a bhaineann le ríomh an ghnáthluacha chun dumpáil a chinneadh. Tugtar tuairisc mhionsonraithe in aithris (330) go (345) den Rialachán sealadach ar an modheolaíocht a bhaineann le ríomh an phraghais neamhdhíobhálaí chun an corrlach atá leordhóthanach d’fhonn deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais a chinneadh. Ní raibh údar maith leis an líomhain a rinne Haomei Group agus dá bhrí sin diúltaíodh í.

4.   DÍOBHÁIL AR BHONN AR AE28

4.1.   Barúlacha ginearálta

(197)

D’éiligh cuid de na páirtithe leasmhara go raibh an anailís shealadach ar dhíobháil agus ar chúisíocht lochtach toisc nach ndearnadh anailís ar chodanna áirithe den mhargadh astu féin. Go sonrach, éilíodh gur theastaigh anailísí ar leithligh le haghaidh cóimhiotal crua agus bog, le haghaidh próifílí meánmhéide agus móra, le haghaidh próifílí caighdeánacha agus speisialta agus de réir sciar den mhargadh. Ach, ar na cúiseanna a luaitear thuas in aithrisí (55) go (56), dheimhnigh an Coimisiún gur cheart caitheamh leis an táirge faoi imscrúdú mar aon táirge aonair amháin. Thairis sin, de bharr líon na gcritéar beartaithe agus toisc nach bhfuil aon idirdhealú soiléir ann i gcás mórán díobh, bheadh anailís ar dhíobháil tar éis na modheolaíochta sin neamhphraiticiúil agus míchuí. Sa bhreis air sin, tá an tionscal de chuid an Aontais gníomhach i ngach cuid den mhargadh a luaitear thuas, agus tá iomaíocht roimhe ó allmhairí dumpáilte na Síne i gcás na gcineálacha táirgí seo go léir. Ina theannta sin, is féidir le táirgeoirí an Aontais agus na Síne araon roinnt cineálacha táirge a tháirgeadh agus is féidir leo cinneadh a dhéanamh díriú ar chuid díobh nuair a cheadaíonn dálaí an mhargaidh é sin. Ar an gcúis sin, cuireann táirgeoirí na Síne brú ar phraghsanna ar fud an raoin táirge, lena n-áirítear i gcás táirgí ar féidir leis an tionscal de chuid an Aontais iad a tháirgeadh arna iarraidh. Dá bhrí sin, dhearbhaigh an Coimisiún go ndearnadh a anailís ar dhíobháil san imscrúdú seo don táirge iomlán faoi imscrúdú mar a shainítear i Roinn 2 den Rialachán seo, agus don tionscal de chuid an Aontais ina iomláine. Tar éis an nochta deiridh, chuir Haomei Group in aghaidh an chur chuige thuasluaite maidir leis an táirge lena mbaineann a bheith á chóireáil mar tháirge amháin. De réir an táirgeora onnmhairíochta sin, tá an cur chuige sin ríthábhachtach chun a shladghearradh agus/nó a ghanndhíol a chinneadh. Mar atá mínithe san aithris a leanas agus sna haithrisí (246) go (249), níl aon nasc idir an táirge a chinneadh mar tháirge aonair amháin, agus na comparáidí praghsanna, a dhéantar ar bhonn cineál táirge. Rinne Haomei Group an argóint seo a athlua tar éis an nochta deiridh bhreise. Ós rud é nár athraigh an modh ríofa in anailís AE27, ní féidir glacadh leis an tuairim sin ar na cúiseanna céanna atá luaite thuas.

(198)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, luaigh Airoldi agus Euranimi nár leanadh anailís aon táirge amháin le haghaidh na dtáscairí díobhála i ndáil le hallmhairí ón tSín. Mar sin féin, tá an argóint sin mícheart de réir na bhfíoras; mar atá le feiceáil ag i dTáblaí 1bis agus Tábla 2bis i gcás inar ríomhadh na hallmhairí iomlána ón tSín agus ina ndearnadh measúnú ar a dtionchar ar an mbonn sin. Luaigh Airoldi agus Euranimi freisin gur cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar thionchar na gcód CN éagsúil (amhail 7608 20 89) ina n-aonar. Deimhníonn an Coimisiún, áfach, go ndearna sé aon anailís amháin ar na cúiseanna a míníodh in aithrisí (55) go (56).

(199)

Dhearbhaigh an Coimisiún freisin maidir le corrlaigh a shladghearradh agus a ghearrdhíol, go ndearnadh na comparáidí praghsanna ar bhonn critéar oibiachtúil ar bhonn cineál ar chineál, mar a mhínítear in aithris (234) den Rialachán sealadach. I gcás breis agus 95 % de na hallmhairí ón tSín fuarthas cineál táirge a bhí ag mheaitseáil go díreach arna tháirgeadh agus arna dhíol ag na táirgeoirí de chuid an Aontais a samplaíodh.

4.2.   Sainmhíniú ar an tionscal de chuid an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(200)

In éagmais barúlacha maidir le sainmhíniú ar an tionscal de chuid an Aontais agus táirgeacht an Aontais dearbhaítear na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (208) go (209) den Rialachán sealadach.

4.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

Ginearálta

(201)

D’eascair cás soiléir de dhíobháil shuntasach trí phraghsanna ag an gcéim shealadach. Cruthaíodh brú leanúnach de bharr praghsanna ísle na Síne, a bhí go mór faoi phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais (sladghearradh) agus costais móide spriocbhrabús (gearrdhíol). Trí na sásraí margaidh a dtugtar tuairisc orthu in aithrisí (279) agus (280) den Rialachán sealadach, bhí iliomad impleachtaí ag an mbrú seo: inter alia, chuir sé praghsanna an tionscail de chuid an Aontais faoi chois, chuir sé cosc ar na praghsanna sin an t-ardú idirnáisiúnta i bpraghsanna amhábhar (alúmanam) a léiriú, agus chuir sé an oiread brú ar bhrabús gur chuir sé marthanacht thionscal an Aontais i mbaol — ag cur cosc ar an tionscal de chuid an Aontais infheistíochtaí a dhéanamh a theastaigh chun leanúint lena aistriú uasmhargaidh agus chun réitigh shaincheaptha a sholáthar d’úsáideoirí speisialaithe. Chun go dtarlóidh an pictiúr díobhálach seo, níl gá le méideanna ollmhóra allmhairí — is leor fiú allmhairí atá réasúnta beag, nó fiú méid suntasach allmhairí ar phraghsanna ísle a bheith ann (mar atá sa chás seo gan dabht) chun buaicphraghas íseal a shocrú a dhéanann difear don mhargadh ar fad. Cinneadh san imscrúdú go raibh feidhm ag na dinimicí sin, ar shaintréithe iad den tionscal alúmanaim atá dian ar chaipiteal, maidir leis an táirge faoi imscrúdú.

Allmhairí faoi Chód CN 7610 90 90

(202)

Mar a thugtar le fios sa Rialachán sealadach, bhí gá le hanailís bhreise a dhéanamh ar chainníochtú beacht mhéideanna allmhairí na Síne. Faoi láthair tagann an táirge faoi imscrúdú faoi 9 gcód CN (25), agus bhí tuairimí contrártha maidir le ceann amháin acu - Cód CN 7610 90 90, a chumhdaíonn freisin táirgí taobh amuigh de raon feidhme an imscrúdaithe. Go sonrach, bhí tuairimí difriúla ann maidir le cén codán d’allmhairí ba ea an táirge lena mbaineann. Bhain an cód sin le tuairim agus leath de mhéideanna allmhairí iomlána na Síne den táirge lena mbaineann mar a cinneadh go sealadach.

(203)

Ní raibh na méideanna allmhairí mar fhachtóir cinntitheach sa chás seo, a tharla den chuid is mó trí bhealaí praghsanna. Fiú dá ndéanfadh an Coimisiún neamhaird iomlán den chód seo, bheadh treá na Síne tar éis fanacht suntasach, ag léiriú 5,3 % sciar den mhargadh sa tréimhse imscrúdaithe, agus tá méadú 48 % tagtha air ó 2016. Taobh amuigh de na coigeartuithe ainmniúla i sciartha den mhargadh de na himreoirí margaidh eile go léir, ní chuirfeadh sé seo aon athrú ar phictiúr na díobhála. Rud thar a bheith tábhachtach, má dhéantar méideanna faoi Chód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán, fanann meánphraghsanna ualaithe na Síne ag na leibhéil chéanna atá níos ísle ná mar atá normálta agus a dhéanann díobháil ag an gcéim shealadach. Déantar an méid thuasluaite a mhíniú níos mionsonraithe thíos.

(204)

Cibé ar bith, chun na méideanna sin a fhionnadh mar a léirítear in aithris (223) den Rialachán sealadach, dhírigh an Coimisiún ar thrí bhealach.

(205)

Ag aithris (223) den Rialachán sealadach, leag an Coimisiún amach na torthaí sealadacha a bhaineann leis an modheolaíocht shealadach agus d’iarr sé ar pháirtithe leasmhara teacht chun cinn le haon fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an ábhar. Sholáthair European Aluminium soiléiriú breise maidir lena údar dá mheastachán 95 %. Chuir roinnt mhaith páirtithe leasmhara in aghaidh an mheastacháin sin ar bhonn eispéireas a gcuideachta ar chód CN 7610 90 90. D’aontaigh páirtithe áirithe le European Aluminium go raibh an táirge faoi imscrúdú á allmhairiú faoin gcód sin. D’easaontaigh roinnt eile ag maíomh go raibh an meastachán 95 % ró-ard nó nach raibh aon allmhairí arna n-allmhairiú faoin gcód. Thug roinnt páirtithe barúlacha breise nach raibh sé iontaofa úsáid a bhaint as praghas mar údar. Ach, ní raibh an corpas faisnéise a bailíodh cuimsitheach go leor ná ní raibh dóthain cruthúnais ann chun treoraíocht dhochloíte a sholáthar.

(206)

Tar éis an nochta shealadaigh, bhí an Coimisiún in ann a scrúdú a chur i gcrích ar an bhfaisnéis a chuir AS an Chánachais agus an Aontais Chustaim agus na hÚdaráis Náisiúnta Custaim isteach. Ba liosta iomlán ag dearbhú custaim é an fhaisnéis sin ó AS an Chánachais agus an Aontais Chustaim, ach níor tugadh tuairisc níos soiléire ann ar na táirgí a bhí á n-allmhairiú.

(207)

Thairis sin, bhí an fhaisnéis a fuarthas ó ocht mBallstát (an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Pholainn, an Spáinn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe) thar a bheith ionadaíoch, mar chumhdaigh sí 84 % de na hallmhairí de Chód CN 7610 90 90 sa tréimhse imscrúdaithe, chomh maith le faisnéis mhionsonraithe arna tabhairt ag dearbhú custaim agus an tuairisc ar an táirge allmhairithe mar a thuairiscigh allmhaireoirí ar a nDoiciméad Riaracháin Aonair (“SAD”). D’eascair na conclúidí a leagtar amach thíos as anailís mhionsonraithe ar an mbonn seo.

(208)

Mar a léirítear i dTábla 1, fuarthas gur bhain cion suntasach d’onnmhairí faoin gCód CN seo leis an táirge lena mbaineann, ar bhonn coimeádach. Go deimhin, níor tógadh ach na hidirbhearta a raibh a dtuairiscí ar na táirgí mionsonraithe go leor chun cinneadh cruinn a cheadú gurb é an táirge allmhairithe an táirge lena mbaineann.

Tábla 1

Allmhairiú ón tSín faoi chód CN 7610 90 90

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe

Méid iomlán (tonaí) Chód CN

102 090

131 180

139 560

151 891

Praghas iomlán Chód CN in aghaidh an tona

2 944

2 776

2 764

2 902

Méid (tonaí) an táirge lena mbaineann

18 637

23 948

25 477

27 728

An praghas in aghaidh an tona don táirge lena mbaineann (27)

3 050

3 041

3 197

3 308

Méid (tonaí) de tháirgí nach mbaineann

53 728

69 037

73 448

79 937

Méideanna doiléire (tonaí)

29 725

38 195

40 635

44 225

Foinse: Eurostat agus Custaim Náisiúnta  ()

(209)

Le haghaidh cuid de na méideanna faoi Thábla 1, ní raibh an tuairisc soiléir go leor chun a chinneadh an raibh na méideanna allmhairí nasctha leis na hidirbhearta ábhartha a bhain leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ar bhonn coimeádach, measadh nach raibh na méideanna sin ina n-allmhairí den táirge lena mbaineann.

(210)

Mheas an Coimisiún gur mheastachán réasúnta é seo toisc go raibh sé bunaithe ar fhaisnéis le hionadaíochas ard.

(211)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt Airoldi nár míníodh an mhodheolaíocht chun allmhairí faoi chód CN 7610 90 90 a shainaithint. Mínítear an mhodheolaíocht a úsáideadh i míreanna (118) go (122) de dhoiciméad an nochta deiridh agus i bhfonóta 22 de. Níor glacadh leis an éileamh seo dá bhrí sin.

(212)

Le linn an phróisis sin, d’iarr Airoldi go seolfaí chuige na sonraí a sheol na Ballstáit isteach chuig an gCoimisiún. Ach, bíonn malartuithe faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún faoi rún, de réir Airteagal 19(5) den bhun-Rialachán. Ina theannta sin, ag coimeád i gcuimhne go mbaineann na sonraí le dearbhuithe custaim aonair, agus go bhfuil sonraí praghsanna an-íogair iontu, is léir go bhfuil sé íogair ó thaobh gnó de. Dá bhrí sin, rinneadh an iarraidh sin a dhiúltú.

(213)

Cé go ndearnadh sciar na Síne den mhargadh a athbhreithniú síos mar thoradh air sin, bhí na hallmhairí fós suntasach agus chonacthas an treocht chéanna is a bhí ann ag an gcéim shealadach.

(214)

Thug Airoldi a mbarúil tar éis an nochtadh deiridh a dhéanamh ar mhéid na n-allmhairí a bunaíodh faoi chód CN 7610 90 90 mar an táirge lena mbaineann. Dúirt Airoldi nach bhfuil an mhodheolaíocht ionadaíoch toisc go mbaineann sí le húdaráis chustaim in ocht mBallstát amháin. Agus é á chur san áireamh, áfach, go bhfuil níos mó ná 83 % d’allmhairí sna Ballstáit sin, tá an mhodheolaíocht ionadaíoch agus, dá bhrí sin, diúltaítear an argóint sin.

(215)

D’athdhearbhaigh Airoldi a argóint freisin gur cheart gur nialas allmhairí den táirge lena mbaineann faoi chód AC 7610 90 90 agus gur cheart tagairt a dhéanamh do líon mór FTCanna a bheith ann. Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún glacadh leis an argóint sin toisc gur léir nach gcuireann BTIanna cosc ar tháirgí eile, lena n-áirítear an táirge lena mbaineann, a bheith faoin gcód seo. Is léir gurb amhlaidh a bhí an anailís a rinne an Coimisiún ar an gcód sin agus úsáid á baint aige as sonraí na n-údarás custaim.

(216)

Thug Airoldi le fios freisin gur cheart allmhairí faoi chód CN 7610 90 90 a eisiamh ón imscrúdú, gur cheart an t-imscrúdú a fhoirceannadh gan aon dleachtanna a fhorchur. Mar sin féin, mar atá mínithe in aithris (219), fiú dá n-eiseofaí na méideanna allmhairí sin, d’fhanfaidís ar leibhéil shuntasacha. Dá bhrí sin, ní féidir glacadh leis an éileamh.

Méid, an sciar den mhargadh agus praghas na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(217)

Dá réir sin, agus ar an mbonn a dtugtar tuairisc air thuas, rinneadh na hallmhairí ón tír lena mbaineann a fhorbairt mar a leanas:

Tábla 2

Méid (tonaí) na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe

Praghsanna faoi ocht gCód CN (28)

110 255

127 616

149 232

164 641

Méid iomlán na n-allmhairí ón tSín

128 631

151 229

174 353

191 981

Innéacs (2016 = 100)

100

118

136

149

An sciar de mhargadh na Síne (%)

4,4

4,8

5,4

6,2

Innéacs (2016 = 100)

100

110

123

141

Foinse: Eurostat (féach freisin Tábla 1 agus Tábla 4 maidir le tomhaltas)

(218)

Chomh maith leis sin, ar bhonn na méideanna allmhairí coigeartaithe, is féidir leibhéil shuntasacha allmhairí i ndearbh-théarmaí coibhneasta araon, ag sroicheadh 6,2 % de sciar den mhargadh sa tréimhse imscrúdaithe, a bhreathnú. I ndearbhfhigiúirí, tháinig méadú 49 % ar allmhairí ón tír lena mbaineann le linn na tréimhse a measadh. Ag an am céanna, tháinig méadú 41 % ar an sciar iomlán den mhargadh de na hallmhairí dumpáilte le linn na tréimhse a measadh.

(219)

Mar a thugtar le fios in aithris (203), fiú dá ndéanfaí na méideanna faoi Chód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán ón anailís, bheadh na méideanna allmhairí fós suntasach, agus iad ag seasamh do 5,3 % sciar den mhargadh sa tréimhse imscrúdaithe, agus ag méadú faoi 48 % ó 2016.

(220)

D’éiligh allmhaireoir nár thug an leibhéal méadaithe den sciar den mhargadh a bhain le hallmhairí na Síne údar le dleachtanna frithdhumpála mar a luaitear sa Rialachán sealadach. Chuaigh an tairseach chun bearta a fhorchur i dtéarmaí sciar den mhargadh sa chás reatha le linn na tréimhse a measadh i bhfad os cionn an tairseach 1 % a shonraítear in Airteagal 5(7) den bhun-Rialachán agus ní féidir é a mheas “diomaibhseach” faoi Airteagal 9(3). Sa bhreis air sin, tháinig méadú 41 % ar sciar na Síne den mhargadh le linn na tréimhse a measadh. I bhfianaise chineál suntasach na n-allmhairí i ndearbh-théarmaí coibhneasta, mar aon leis na dearbh-threochtaí coibhneasta, na breithnithe faoi aithris (201) thuas agus na breithnithe maidir le praghsanna i dTábla 3, diúltaíodh an t-éileamh seo.

Tábla 3

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona)

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe

Praghsanna faoi ocht gCód CN (29)

2 684

2 676

2 813

2 911

Meánphraghsanna ualaithe d’allmhairí ón tSín

2 736

2 733

2 869

2 967

Innéacs (2016 = 100)

100

100

105

108

Foinse: Eurostat agus Údaráis Náisiúnta Custaim

(221)

Léiríonn na praghsanna coigeartaithe leibhéal agus treochtaí cosúil lena bhfuil sa Rialachán sealadach, rud a dheimhníonn an cinneadh a dhéantar ann.

(222)

Mar a luaitear in aithris (203) thuas, dá ndéanfaí méideanna faoi Chód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán ón anailís, bheadh na meánphraghsanna allmhairithe níos ísle agus leanfaidís treocht chomhchosúil thar an tréimhse a measadh.

(223)

Mar atá mínithe in aithris (230) den Rialachán sealadach, ba cheart féachaint ar na praghsanna seo i bhfianaise na méaduithe ar chostais amhábhar de 10 % agus go ndearnadh iad i dtréimhse nuair a bhí táirgí breisluacha agus saincheaptha á n-éileamh sa mhargadh.

(224)

Deimhníodh na corrlaigh shladghearrtha a bunaíodh in aithris (232) den Rialachán sealadach (os cionn 25 %). Luaigh páirtithe leasmhara áirithe nach ndearnadh a n-allmhairí ón tír lena mbaineann a shladghearradh ag os cionn 25 %. Go deimhin, luaigh Haomei Group go bhféadfadh a dtáirgí a bheith neamhiomaíoch ar mhargadh an Aontais ag brath ar luaineacht na rátaí malairte. Mar sin féin, chumhdaigh ríomhanna sladghearrtha an Choimisiúin sampla iomlán na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin agus modheolaíocht mhionsonraithe cineál ar chineál agus idirbheart ar idirbheart le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe á húsáid. Thairis sin, nochtadh na ríomhanna mionsonraithe, a modheolaíocht san áireamh, do na táirgeoirí onnmhairiúcháin, lena n-áirítear Haomei Group. Dheimhnigh an Coimisiún gur thug an mhodheolaíocht a úsáideadh chun an sladghearradh a ríomh torthaí a bhí cruinn agus ionadaíoch.

(225)

In éagmais barúlacha breise maidir le hallmhairí ón tír lena mbaineann, deimhnítear na conclúidí deireanacha a leagtar amach in aithrisí (217) go (234) den Rialachán sealadach.

4.4.   Tomhaltas an Aontais

(226)

Rinneadh figiúirí maidir le tomhaltas an Aontais a leasú síos mar thoradh ar an athbhreithniú ar mhéideanna allmhairí ón tír lena mbaineann, mar a mhínítear in aithrisí (202) go (213). Ar an mbonn sin, rinneadh an tomhaltas ar shaormhargadh an Aontais a fhorbairt mar a leanas:

Tábla 4

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

2 991 288

3 204 315

3 290 561

3 159 475

Innéacs

100

107

110

106

Margadh faoi chuing

61 338

60 455

60 143

56 640

Innéacs

100

99

98

92

Tomhaltas ar an saormhargadh

2 929 950

3 143 860

3 230 418

3 102 835

Innéacs

100

107

110

106

Foinse: European Aluminium agus Eurostat ()

(227)

Le linn na tréimhse a measadh, tháinig méadú 6 % ar an tomhaltas ar shaormhargadh an Aontais. Bhain an méadú seo go príomha leis an méadú ar éileamh sna mórthionscail iartheachtacha.

(228)

Mar a thugtar le fios in aithris (203), fiú dá ndéanfaí méideanna faoi Chód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán ón anailís, bheadh an tomhaltas ag leibhéil chomhchosúla agus mhéadóidís faoi 6 %. In éagmais barúlacha breise maidir le tomhaltas an Aontais, deimhnítear an chonclúid a leagtar amach in aithris (216) den Rialachán sealadach.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais ar bhonn AE28

4.5.1.   Táscairí maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha

(229)

Rinneadh an sciar den mhargadh de dhíolacháin ar shaormhargadh an tionscail de chuid an Aontais a fhorbairt mar a leanas mar thoradh ar athbhreithniú ar allmhairí ón tír lena mbaineann mar a luaitear thuas, agus na figiúirí athbhreithnithe maidir le tomhaltas mar a leagtar amach i dTábla 4.

Tábla 5

An sciar den mhargadh

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe

An sciar den mhargadh de dhíolacháin ar an saormhargadh (%)

87,6

85,6

85,3

84,4

Innéacs (2016 = 100)

100

98

97

96

Foinse: European Aluminium agus Eurostat

(230)

Ba cheart a lua, cé go ndearnadh an sciar den mhargadh den tionscal de chuid an Aontais a athmheasúnú ag leibhéal beagán níos airde sa tréimhse a measadh tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar mhéideanna allmhairí ón tír lena mbaineann, fós féin laghdaigh na sciartha den mhargadh faoi 3,2 phointe céatadáin nó 4 %.

(231)

Mar a luaitear in aithris (203), fiú dá ndéanfaí na méideanna faoi Chód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán ón anailís, bheadh an sciar den mhargadh den tionscal de chuid an Aontais ag leibhéil chomhchosúla agus laghdódh sé faoi 3 %.

(232)

Dúirt Airoldi go mbaineann foinse Tháblaí 4 agus 5 le European Aluminium agus Eurostat araon. Chuir Airoldi ceist an raibh sonraí nua á soláthar ag European Aluminium. Bhí na Táblaí sin riachtanach, áfach, chun na figiúirí athbhreithnithe le haghaidh tomhaltais agus sciaranna margaidh (202) go (215) a thaifeadadh i ngeall ar an athbhreithniú ar allmhairí ón tSín. Níor sholáthair European Aluminium aon sonraí nua. Rinne an t-allmhaireoir Airoldi an t-éileamh maidir le Tábla 7 (Praghsanna díolacháin san Aontas) den Rialachán sealadach. Líomhain an t-allmhaireoir nach raibh London Metal Exchange (“LME”), mar gheall ar a úinéireacht in Hong Cong, ina thagairt iontaofa le haghaidh praghsanna alúmanaim agus, dá bhrí sin, nárbh iomchuí na sonraí a léiríodh sa Rialachán sealadach ag Tábla 7. Ach, bhí LME in úsáid ag na táirgeoirí go léir ón Aontas a samplaíodh mar thagairt ina gconarthaí, agus tá sé luaite go forleathan i bhfoilseacháin trádála a bhaineann le halúmanam. Dearbhaíodh san imcrúdú gur foinse iontaofa é le haghaidh praghsanna alúmanaim san Aontas. Sa bhreis air sin, níor chruthaigh an t-allmhaireoir seo cén chaoi a ndéanfadh úinéireacht LME foinse neamhiontaofa de chun na críche arna úsáid i dTábla 7 den Rialachán sealadach. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an t-éileamh sin.

(233)

Rinne an t-allmhaireoir céanna éileamh eile maidir le méaduithe ar chostas sa tábla céanna. Is iad na méaduithe seo ar chostas na méaduithe iarbhír ar chostas arna dtuairisciú ag táirgeoirí an Aontais agus arna seiceáil le linn RCC. Líomhnaíodh san éileamh nár mhínigh an Coimisiún i gceart na cúiseanna leis na méaduithe sin. Ach, thug anailís an Choimisiúin, in aithris (232) den Rialachán sealadach, dhá mhórchúis leis na méaduithe ar chostas. Bhain ceann acu leis na costais mhéadaithe a bhaineann le héilimh an mhargaidh ar níos mó táirgí breisluacha. Bhain an dara cúis le méaduithe ar bhilléid alúmanaim a dhéanann an príomh-amhábhar chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh. Bhí na torthaí sin bunaithe ar fhianaise a chuir táirgeoirí an Aontais ar fáil le linn an imscrúdaithe, arna fíorú le linn na gCros-Seiceálacha Cianda agus arna cros-seiceáil leis an bhfaisnéis arna soláthar ag European Aluminium. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh nár míníodh na méaduithe sin.

(234)

Rinne an t-allmhaireoir céanna éileamh maidir le Tábla 9 den Rialachán sealadach maidir le fardail. Cheistigh an t-éileamh anailís an Choimisiúin nár léirigh an t-ardú 26 % i stoic táscaire tábhachtach díobhála. Mar sin féin, rinneadh anailís an Choimisiúin i bhfianaise go raibh na stoic, mar chéatadán den táirgeacht, íseal, toisc go n-oibríonn an tionscal go príomha ar bhonn táirgeacht ar ordú. Chomh maith leis sin, is minic gur comhartha é méadú stoc nárbh fhéidir earraí, a táirgeadh ar ordú, ach don mhargadh dáileacháin, a dhíol. Léirigh sé seo staid dhíobhálach. Chomh maith leis sin, nuair a cuireadh i gcomparáid leis an leibhéal táirgeachta iad, bhí na stoic fós íseal le linn na tréimhse a measadh, ag seasamh do thart ar 2 sheachtain táirgeachta. Dá bhrí sin, sheas an Coimisiún lena ríomh sealadach agus dhiúltaigh sé an t-éileamh.

(235)

Rinne an t-allmhaireoir céanna éilimh maidir le Tábla 10 den Rialachán sealadach maidir le brabúsacht. In éileamh amháin luadh nach raibh táirgeoir áirithe de chuid an Aontais thíos go dona ina bhrabús, agus sa dara ceann luadh go raibh brabús níos fearr ag táirgeoirí cineálacha táirgí cóimhiotail chrua ná mar a bhí ag táirgeoirí cóimhiotail bhoig. Ach, déanann an Coimisiún athrá gur cheart scrúdú a dhéanamh ar bhrabúsacht, amhail gach táscaire díobhála, ag baint úsáide as an tionscal de chuid an Aontais ina iomláine, nó sampla ionadaíoch, mar atá sa chás seo, agus ní cuideachtaí aonair nó cineálacha táirgí. Thairis sin, soiléiríodh san fhoinse a tagraíodh dó le haghaidh bhrabúsacht an táirgeora ainmnithe gur bhain sé leis an gcuideachta ar fad agus ní leis an táirge faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún na héilimh seo.

(236)

Tar éis an nochta deiridh, rinne Airoldi agus allmhaireoirí eile a n-argóintí arís agus arís eile a bhaineann le brabúsacht thionscal an Aontais, ar tugadh aghaidh orthu cheana san aithris roimhe seo. Rinne na páirtithe sin a gcuid taighde féin a leathnú i mbrabúsacht cuideachtaí a tháirgeann easbhrúnna san Aontas. Dar leis na páirtithe, bhí leibhéil éagsúla brabúsachta ann. Diomaite d’inghlacthacht faisnéise den sórt sin i bhfianaise chomh déanach agus a cuireadh ar fáil í, toisc nach raibh feidhm aici ach maidir le Ballstát amháin, agus nár tugadh bunús léi, ar an meán, léiríodh san fhianaise a cuireadh ar fáil leibhéal íseal brabúsachta do chuideachtaí tionscail an Aontais a chumhdaítear leis an taighde, i gcomhréir le torthaí na n-aithrisí réamhluaite.

(237)

Rinne an t-allmhaireoir céanna éileamh eile maidir le Tábla 10 den Rialachán sealadach maidir le hinfheistíocht. Líomhnaíodh san éileamh nár mhínigh an Coimisiún i gceart na cúiseanna a bhain leis na méaduithe ar infheistíocht. Bhain anailís an Choimisiúin leis na hinfheistíochtaí a rinne na táirgeoirí ón Aontas a samplaíodh, a léirigh méadú 72 % in 2019 i gcomparáid le 2016. Rinneadh na sonraí sin a phlé agus a sheiceáil leis na táirgeoirí a samplaíodh le linn na gCros-Seiceálacha Cianda. Thairis sin, mhínigh an Coimisiún go raibh gá le méaduithe ar infheistíocht chun éifeachtúlacht a mhéadú agus chun díriú níos fearr ar chustaiméirí i bhfianaise éileamh an mhargaidh le haghaidh níos mó réiteach breisluacha. Ag aithris (332) go (340) den Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún nótaí breise chun tábhacht na leibhéal ard infheistíochta a léiriú do thodhchaí an tionscail de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh nár míníodh na hinfheistíochtaí go leormhaith.

(238)

D’éiligh an t-allmhaireoir céanna gur ghlac an Coimisiún le sonraí an tionscail de chuid an Aontais ar aghaidhluach. Mar a mhínítear in aithrisí (25) agus (26) den Rialachán sealadach, díreach ar nós na faisnéise a sholáthair na táirgeoirí onnmhairiúcháin a samplaíodh, rinneadh freagraí an cheistneora ó na ceithre tháirgeoir go léir de chuid an Aontais a samplaíodh a chros-seiceáil go cianda in aghaidh dhoiciméadú na cuideachta foinse agus, nuair ab fhéidir, in aghaidh foinsí a bhí ar fáil go poiblí. Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh seo.

(239)

Tar éis an nochta deiridh, d’easaontaigh Airoldi le barúlacha an Choimisiúin sa dá aithris roimhe seo maidir le foinse agus seiceáil na sonraí a fuarthas. Go háirithe, chuir Airoldi ina choinne go raibh na sonraí a rabhthas ag brath orthu le linn an imscrúdaithe frithdhumpála atá i gceist oiriúnach sa mhéid gur ó fhoinsí cuideachta seachas ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí a tarraingíodh iad. I ndáil leis an méid sin, deimhníonn an Coimisiún, i gcomhréir leis an gcleachtas atá aige sonraí íogaire cuideachta a chros-seiceáil faoi chuimsiú imscrúdaithe, go n-úsáidtear foinsí atá ar fáil go poiblí freisin i gcás inarb iomchuí.

(240)

Thairis sin, maidir le hinfheistíochtaí, éilíonn Airoldi go bhfuil cinneadh an Choimisiúin cineálach, cinneadh go bhfuil gá le hinfheistíochtaí chun éifeachtúlacht a mhéadú agus díriú níos fearr ar chustaiméirí agus éilíonn siad gur cosúil nach bhfuil baint aige le comhthéacs an imscrúdaithe frithdhumpála atá i gceist. I ndáil leis an bpointe sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún go bhfuil cur síos iomchuí sa dearbhú ar staid an tionscail a tháirgeann an táirge atá faoi imscrúdú.

(241)

Tar éis an nochta deiridh, maidir leis haithris (234), dhearbhaigh Airoldi freisin go mbeadh sé mícheart comhchoibhneas a dhéanamh le leibhéal leordhóthanach stoc a bheith ann le cinneadh go ndearnadh díobháil. D’éiligh an t-allmhaireoir céanna freisin gur gnáthleibhéal amach is amach é 26 % de na stoic sa mhargadh easbhrúnna alúmanaim. Maidir leis an argóint sin, ba cheart a mheabhrú ar an gcéad dul síos gur ceanglas dlíthiúil de chuid an bhun-Rialacháin é breithniú stoc mar tháscaire díobhála. Thairis sin, ba é an t-allmhaireoir céanna a d’éiligh ag an gcéim shealadach go mbeadh an táscaire sin ábhartha. Maidir leis an bpointe seo, coinníonn an Coimisiún a chéad chonclúid, mar a thuairiscítear in aithris (264) den Rialachán sealadach, gur lú an tábhacht a bhaineann le fardail san anailís díobhála toisc gur de réir mar a thagann orduithe isteach go príomha a dhéantar an táirgeadh. Mar a thuairiscítear in aithris (234), dá gcuirfí san áireamh iad, chuirfí cás díobhálach san áireamh.

(242)

D’éiligh an t-allmhaireoir céanna go bhféadfaí an sciar den mhargadh a cailleadh sa tionscal de chuid an Aontais, a dtugtar tuairisc air ag Tábla 5 den Rialachán sealadach, a aisghabháil go tapa gan bearta frithdhumpála a fhorchur. Níor cruthaíodh an t-éileamh sin níos mó. Níor tugadh aon chúis láidir maidir le cén fáth ar cheart an laghdú leanúnach a tharla le linn na tréimhse a measadh a aisiompú gan bearta frithdhumpála a fhorchur, go háirithe i bhfianaise na gcorrlach ard sladghearrtha breis agus 25 % a fuarthas in onnmhairí na Síne, mar a mhínítear in aithris (232) den Rialachán sealadach agus mar a dhearbhaítear le haithris (224). Dá bhrí sin, diúltaíodh an t-éileamh seo.

(243)

Thug an t-allmhaireoir céanna barúlacha breise a bhain leis an gceist a pléadh in aithris (316) den Rialachán sealadach. Rinne an t-allmhaireoir a líomhain a athrá go raibh an tionscal de chuid an Aontais ag baint mí-úsáide as a cheannasacht líomhnaithe ar an margadh. Dúirt European Aluminium go raibh na líomhaintí sin suaibhreosach. Tá na líomhaintí go príomha faoi réim inniúlacht Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, a dheimhnigh, tar éis an nochta shealadaigh, nach raibh cás ar bith ann den chineál a éilíodh. Ach, ba mhaith leis an gCoimisiún a lua go bhfuil breis agus 200 táirgeoir sa tionscal de chuid an Aontais. Seasann an Coimisiún lena thuairim nár sholáthair an t-allmhaireoir aon anailís ná fianaise chun tacú leis na líomhaintí seo, ná chun a dtábhacht laistigh de chomhthéacs an bhun-Rialacháin a mhíniú. Rinneadh na héilimh sin, dá bhrí sin, a dhiúltú agus deimhnítear na conclúidí i Ranna 4.6 agus 4.7 den Rialachán sealadach.

(244)

Tar éis an nochta deiridh, thíolaic Airoldi doiciméad a gcuirtear síos air mar alt nuachtáin a léiríonn go raibh trácht déanta ag ionadaí ó tháirgeoir de chuid an Aontais ar shaincheisteanna iomaíochta ar mhargadh an Aontais. Ina theannta sin, dúirt allmhaireoirí eile agus Haomei Group go neartódh na bearta ceannasacht táirgeoirí áirithe an Aontais ar mhargadh an Aontais. Maidir leis an alt nuachtáin líomhnaithe seo, ba cheart a chur in iúl go láidir ar dtús gur ábhar fógraíochta cuideachta atá sa doiciméad a sholáthraítear (a chuirtear i láthair mar “fhaisnéis fógraíochta”). Thairis sin, ní dhearna táirgeoir an Aontais atá i gceist trácht ar shaincheisteanna iomaíochta go ginearálta ach ar na táirgí an-speisialta a tháirgeann sé, de réir a ábhair fógraíochta féin. Ós rud é nach bhfuil ach raon feidhme an-teoranta ag an dearbhú agus ag cineál an fhoilseacháin, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, nár cheart go ndéanfadh an t-alt nuachtáin líomhnaithe ná an t-éileamh gan bhunús ó na hallmhaireoirí ná Haomei difear Group dá chonclúidí ar thángthas orthu san aithris roimhe seo.

(245)

Chomh maith leis sin, tar éis an nochta deiridh, thug Haomei Group trácht ar an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus leas á bhaint aige as a dtaighde féin ar bhrabúsacht ceithre tháirgeoir de chuid an Aontais. Dúirt Haomei Group gur léiríodh sa taighde a rinne siad go raibh tionscal an Aontais níos brabúsaí ná mar a léirigh an Coimisiún i dTábla 10 den Rialachán sealadach. Mar sin féin, na sonraí a chuirtear ar fáil san aighneacht ó Haomei Group a bhaineann le brabúsacht iomlán na gcuideachtaí a roghnaíonn siad agus dá bhrí sin ní bhaineann siad leis an táirge atá faoi imscrúdú. Thairis sin, roghnaíodh sampla an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán i mí Feabhra 2020. Ní bhfuair Haomei Group aon tuairimí ag an gcéim sin. Agus aird á tabhairt ar cheanglais Airteagal 17 agus ar an bhfíoras nach mbaineann sonraí Haomei Group leis an táirge atá faoi imscrúdú amháin, diúltaíonn an Coimisiún an t-éileamh sin.

4.6.   Éilimh maidir leis an modheolaíocht chun díobháil ábhartha a mheas

(246)

Rinne allmhaireoir agus Rialtas na Síne trácht ar an modheolaíocht arna úsáid ag an gCoimisiún chun díobháil ábhartha a mheas. Rinneadh argóint san éileamh a rinneadh go raibh an anailís dhíobhála lochtach mar léiríonn mórán táscairí forbairt dhearfach agus éilíodh nach raibh an Coimisiún ach ag brath ar tháscairí áirithe chun tacú lena chonclúid. Éilíodh freisin go raibh mórán fachtóirí díobhála mar fhianaise nach ndearnadh aon díobháil don tionscal de chuid an Aontais toisc nach raibh na treochtaí diúltach. Bhí na héilimh seo bunaithe ar tháscairí measúnaithe ar bhonn aonair áfach, gan an comhthéacs - amhail éileamh ag méadú agus costais ag méadú - a chur san áireamh. Diúltaíodh na héilimh seo toisc go raibh an chonclúid shealadach ar dhíobháil bunaithe ar mheasúnú ar na táscairí go léir agus nach dtugann aon cheann de na táscairí seo treoraíocht chinntitheach. Mar a tugadh tuairisc air cheana in aithrisí (271) go (274) den Rialachán sealadach, a dheimhnítear anseo, cé gur léirigh táscairí áirithe forbairt dhearfach bhí bunús leordhóthanach ann maidir leis an gcaoi a bhfuarthas an díobháil ábhartha ag cur na dtáscairí díobhála go léir san áireamh.

(247)

D’éiligh Airoldi agus O. Wilms, tar éis an nochta deiridh, gur athraigh an Coimisiún a thorthaí maidir le díobháil chun an laghdú ar allmhairí faoi chód AC 7610 90 90 a léiriú mar a thuairiscítear thíos. Éilíodh go raibh údar le gortú ag an gcéim shealadach den chuid is mó de réir táscairí méid agus ag an nochtadh deiridh go raibh athrú tagtha air sin ionas gur measadh díobháil a dhéanamh i ndáil le táscairí praghais den chuid is mó. Dírítear in Aithrisí (271) go (274) den Rialachán sealadach, áfach, ar an díobháil a bhain do thionscal an Aontais ó thaobh praghsanna de. Ina theannta sin, míníodh in aithris (280) den Rialachán sealadach conas a tharla díobháil ábhartha nuair a mheas roinnt páirtithe gur teoranta an méid allmhairí Síneach agus sciar an mhargaidh de chuid na Síne. Cuireadh in iúl sa Rialachán sealadach go ndéanfaí imscrúdú breise ar ghné na n-allmhairí ón tSín – is croíchuid d’aon imscrúdú cosanta trádála é seo, lena ndéantar a chonclúidí a bheachtú de réir mar a théann sé chun cinn, lena bhféadfaí tuiscint fhónta a fháil ar na fíorais a suíodh go cinntitheach. Tar éis di an próiseas sin a chur i gcrích, deimhnítear sna conclúidí na torthaí ar leagadh béim orthu sa Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an maíomh gur athraigh sé a chur chuige.

(248)

Ina theannta sin, tar éis an nochta deiridh, thug Wilms trácht ar fhorbairtí i ndáil le méideanna arna ndíol ag táirgeoirí Síneacha, Turcacha agus an Aontais ar mhargadh an Aontais. De réir mar a tháinig méadú ar an díolachán i dtionscal an Aontais, chuir O. Wilms i gcoinne an fhíorais go raibh díobháil á déanamh do thionscal an Aontais. D’ardaigh Haomei Group argóint den chineál céanna freisin. Mar sin féin, faoi mar a míníodh i roinn 4.7, is as díchur praghsanna agus as an tionchar a bhíonn aige ar na táscairí feidhmíochta go príomha a thagann an cinneadh go ndearnadh díobháil ábhartha. Ina theannta sin, in ainneoin an mhéadaithe bhig ar mhéid na ndíolachán ar mhargadh an Aontais, chaill tionscal an Aontais sciar den mhargadh le linn na tréimhse arna breithniú.

(249)

Chomh maith leis sin tar éis an nochta deiridh, chuir Haomei Group i gcoinne na díobhála a bhain do thionscal an Aontais ar an bhforas go raibh na comparáidí praghais a rinne an Coimisiún míchuí. Go háirithe, mhaígh Haomei Group nach ndearna Haomei Group díobháil riamh do thionscal alúmanaim an Aontais mar go raibh praghsanna an dá onnmhaireoir ailínithe nuair nach raibh siad níos airde ná praghsanna iomaitheoirí na hEorpa. Ní féidir glacadh leis an dearbhú seo. Léiríodh san imscrúdú go raibh praghsanna na n-onnmhaireoirí sin ag sladghearradh phraghsanna thionscal an Aontais faoi chorrlach suntasach, agus comparáid á déanamh ar bhonn cineál táirge, agus ní hamháin go raibh siad ailínithe ach níos ísle ar bhealach ciallmhar mar thoradh air sin,. Mhol Haomei freisin praghsanna allmhaireoirí a úsáid mar fhoinse do chomparáidí praghsanna. Mar a luadh in aithris (234) den Rialachán sealadach, áfach, bhunaigh an Coimisiún a chomparáidí praghsanna ar bhonn oibiachtúil trí úsáid a bhaint as modheolaíocht mhionsonraithe agus ríomhanna mionsonraithe a nochtadh do Haomei. Leis an modheolaíocht sin, rinneadh comparáid idir táirgí ar bhonn cineál agus roinnt critéar oibiachtúil á n-úsáid agus, dá bhrí sin, ba í an mhodheolaíocht sin an modh ba ionadaíche a bhí ar fáil don Choimisiún. Dá bhrí sin, diúltaíonn an Coimisiún an t-éileamh go raibh an chomparáid sin míchuí agus go ndearna an mhodheolaíocht sin an measúnú ar dhíobháil a shaobhadh.

4.7.   An chonclúid maidir le dhíobháil

(250)

Rinneadh athbhreithniú ar na figiúirí allmhairiúcháin don tír lena mbaineann agus an tionchar a bhí acu ar thomhaltas agus ar an sciar den mhargadh agus rinneadh an chonclúid maidir le díobháil a athmheasúnú ag an gcéim chinntitheach.

(251)

Léirigh an treocht i méideanna allmhairí méadú 49 %. Tháinig méadú 41 % ar an sciar den mhargadh de na hallmhairí seo thar an tréimhse a measadh. Léirigh an sciar den mhargadh den tionscal de chuid an Aontais laghdú suntasach freisin (- 4 %).

(252)

Ba cheart a lua go bhfanfadh na príomhtháscairí, a léiríonn an díobháil san imscrúdú seo, díobhálach fiú dá ndéanfaí allmhairí na Síne a mheas ag eisiamh Cód CN 7610 90 90.

(253)

Ag cur na dtorthaí athbhreithnithe san áireamh leis na táscairí eile díobhála neamhathraithe a mhionsonraítear sa Rialachán sealadach, deimhníodh go cinntitheach go ndearnadh díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais sa tréimhse imscrúdaithe. Cruthaíodh an staid seo go príomha de bharr praghsanna díobhálacha a rinne na praghsanna sa tionscal de chuid an Aontais a shladghearradh go suntasach, de bharr praghsanna faoi chois ar mhargadh an Aontais, agus cuireadh cosc ar mhéaduithe leordhóthanacha praghsanna. Is measa fós an tionchar toisc gur mhéadaigh allmhairí suntasacha na Síne i ndearbh-théarmaí agus ghnóthaigh siad sciar suntasach den mhargadh thar an tréimhse a measadh. Tá an tionscal de chuid an Aontais sa phróiseas chun dul in oiriúint d’athruithe i margadh an Aontais, áit a bhfuil infheistíochtaí méadaitheacha ríthábhachtach chun a mharthanas fadtéarmach a áirithiú. Ach, is léir go bhfuil an bhrabúsacht íseal, mar thoradh ar na praghsanna margaidh faoi chois, ró-íseal chun cistiú na n-infheistíochtaí sin a ghiniúint. Cuireann sé seo todhchaí fhadtéarmach an tionscail i mbaol, tionscal a fhostaíonn timpeall is 40 000 fostaí díreach agus líon mór eile go hindíreach i slabhra soláthair an alúmanaim.

(254)

Ar bhonn an méid atá thuas agus in éagmais aon bharúlacha eile ar an gceist, deimhníodh conclúid staid an tionscail de chuid an Aontais, mar a dtugtar tuairisc air in aithrisí (271) agus (274) den Rialachán sealadach.

5.   DÍOBHÁIL AR BHONN AE27

5.1.   Ginearálta

(255)

Déantar tagairt d’aithris (35).

5.2.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(256)

Maidir leis an sainmhíniú ar thionscal an Aontais, ós rud é go bhfuil comhaltaí ó thíortha neamh-Aontais freisin i gcomhlachas a dhéanann ionadaíocht ar tháirgeoirí an Aontais, ní chuireann sé sin isteach ar sheasamh comhlachais den sórt sin chun ionadaíocht a dhéanamh ar tháirgeoirí an Aontais ná ar a ionadaíche atá sé i gcomhréir le hAirteagal 4 den bhun-Rialachán. Meabhraítear freisin go bhfuil cumhachtaí sonracha aturnae eisithe ag táirgeoirí Eorpacha chuig European Aluminium chun ionadaíocht a dhéanamh ar a leasanna san imeacht reatha. Ar an gcúis sin, ní féidir glacadh le héilimh a rinne Airoldi tar éis an nochta deiridh bhreise a dhéanamh lena gceistítear seasamh thionscal an Aontais, éilimh a thug European Aluminium tuilleadh trína chur in iúl go bhfuil a chumas ionadaíocht a dhéanamh ar thionscal an Aontais i gcomhad ó thús an imscrúdaithe.

(257)

Ina theannta sin, tugtar le fios san fhaisnéis maidir leis an gcomhad go bhfuil táirgeadh an táirge chomhchosúil sa Ríocht Aontaithe níos ísle ná 3 % d’iomlán AE28. Dá bhrí sin, leanann gearánaigh, nach dtáirgeann sa Ríocht Aontaithe, de chritéir Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán a chomhlíonadh.

(258)

Gan táirgeoirí sa Ríocht Aontaithe a áireamh, mhonaraigh thart ar 200 táirgeoir san Aontas an táirge céanna le linn na tréimhse imscrúdaithe. Is iad “tionscal an Aontais” iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

5.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann faoi Chód CN 7610 90 90

(259)

Gan allmhairí isteach sa Ríocht Aontaithe a áireamh, is iad seo a leanas na figiúirí le haghaidh Chód CN 7610 90 90:

Tábla 1bis

Allmhairiú ón tSín faoi chód CN 7610 90 90 — ar bhonn AE27

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe

Méid iomlán (tonaí) Chód CN

93 325

124 799

131 545

142 371

Praghas iomlán Chód CN in aghaidh an tona

2 912

2 739

2 722

2 867

Méid (tonaí) an táirge lena mbaineann

15 534

20 773

21 896

23 697

An praghas in aghaidh an tona don táirge lena mbaineann (32)

3 204

3 203

3 359

3 475

Méid (tonaí) de tháirgí nach mbaineann

52 038

69 588

73 349

79 386

Méideanna doiléire (tonaí)

25 753

34 439

36 300

39 288

Foinse: Eurostat agus Custaim Náisiúnta  ()

(260)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, dúirt Airoldi arís nár míníodh an mhodheolaíocht chun sonraí allmhairithe a fháil ó na húdaráis náisiúnta chustaim i gcomhair chód CN 7610 90 90 agus iad a chur leis na hallmhairí eile ón tSín. D’fhreagair European Aluminium go raibh an mhodheolaíocht seo an-soiléir dóibh. Tar éis an nochta dheiridh bhreise, d’iarr Haomei Group go gcuirfí na sonraí a d’úsáid an Coimisiún chun allmhairí Síneacha a bhunú faoina mbráid. Maidir le sonraí Eurostat, is figiúirí poiblí iad na figiúirí sin. Maidir leis na figiúirí a chuireann údaráis chustaim na mBallstát ar fáil don Choimisiún, ba cheart a mheabhrú go bhfuil malartuithe faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún faoi rún, de réir Airteagal 19(5) den bhun-Rialachán. Maidir leis an míniú ar an gcur chuige a úsáidtear, meabhraíonn an Coimisiún an shainmhíniú ar a chur chuige sna haithrisí (203) go (219) agus na fonótaí ábhartha, a bhfuil feidhm acu mutatis mutandis maidir le hAnailís AE27.

(261)

Chuaigh Airoldi é féin i bpáirt le Haomei ina aighneacht thuasluaite agus d’athdhearbhaigh a éileamh féin. Meabhraítear nach féidir aighneacht mar fhreagairt ar aighneacht páirtí eile a úsáid chun eilimintí nó iarrataí nua a mholadh. Ar aon nós, tá feidhm ag na freagraí substainteacha san aithris roimhe seo. Meabhraítear freisin gur mhínigh an Coimisiún arís agus arís eile don chuideachta an chaoi a ndearnadh allmhairí a ríomh agus a fhíorú, agus tugann sí dá haire arís go bhfuil a cuid éileamh ar neamhní go háirithe toisc nár cuireadh aon fhianaise i láthair chun conclúidí anailís an Choimisiúin a fhrisnéis.

5.4.   Méid, an sciar den mhargadh agus praghas na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(262)

Dá réir sin, agus ar an mbonn a dtugtar tuairisc air thuas, rinneadh na hallmhairí ón tír lena mbaineann a fhorbairt mar a leanas:

Tábla 2bis

Méid (tonaí) na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh — ar bhonn AE27

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe

Praghsanna faoi ocht gCód CN (33)

82 001

87 403

108 739

128 853

Méid iomlán na n-allmhairí ón tSín

97 535

108 176

130 635

SN 152 551

Innéacs (2016 = 100)

100

111

134

156

An sciar de mhargadh na Síne (%)

3,4

3,5

4,1

5,0

Innéacs (2016 = 100)

100

104

122

148

Foinse: Eurostat (féach freisin Tábla 1 agus Tábla 4 maidir le tomhaltas)

(263)

Chomh maith leis sin, ar bhonn na méideanna allmhairí coigeartaithe, is féidir leibhéil shuntasacha allmhairí i ndearbh-théarmaí coibhneasta araon, ag sroicheadh 5 % de sciar den mhargadh sa tréimhse imscrúdaithe, a bhreathnú. I ndearbhfhigiúirí, tháinig méadú 56 % ar allmhairí ón tír lena mbaineann le linn na tréimhse a measadh. Ag an am céanna, tháinig méadú 48 % ar an sciar iomlán den mhargadh de na hallmhairí dumpáilte le linn na tréimhse a measadh.

(264)

Mar a thugtar le fios in aithris (203), fiú dá ndéanfaí na méideanna faoi Chód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán ón anailís, bheadh na méideanna allmhairí fós suntasach, agus iad ag seasamh do 4,2 % sciar den mhargadh sa tréimhse imscrúdaithe, agus ag méadú faoi 57 % ó 2016.

Tábla 3bis

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona) — ar bhonn AE27

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe

Praghsanna faoi ocht gCód CN (34)

2 987

3 110

3 127

3 142

Meánphraghsanna ualaithe d’allmhairí ón tSín

3 038

3 173

3 183

3 193

Innéacs (2016 = 100)

100

104

105

105

Foinse: Eurostat agus Údaráis Náisiúnta Custaim

(265)

Léiríonn na praghsanna coigeartaithe treochtaí praghais cosúil leis na treochtaí a nochtadh roimhe seo, ag deimhniú na gconclúidí céanna.

(266)

Mar a luaitear in aithris (195) thuas, dá ndéanfaí méideanna faoi Chód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán ón anailís, bheadh na meánphraghsanna allmhairithe níos ísle agus leanfaidís treocht chomhchosúil thar an tréimhse a measadh.

(267)

I ndiaidh na modheolaíochta a nochtadh roimhe seo, is ionann na corrlaigh shladghearrthacha gan allmhairí chuig an Ríocht Aontaithe a áireamh agus 23,6 %, rud a dheimhnigh na conclúidí a nochtadh roimhe sin.

(268)

Tar éis an nochta deiridh bhreise dúirt Airoldi nár allmhairigh allmhaireoirí, Airoldi san áireamh, táirgí easbhrúite faoi chód CN 7610 90 90 agus nár iarr an Coimisiún soiléiriú ar an gcód sin. Cé go raibh an tuairim sin déanach agus go dtugann sé neamhaird ar mheasúnú críochnaitheach an Choimisiúin ar ríomh na n-allmhairí faoin gcód sin, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe uile a bhheith ag comhoibriú le chéile in aithris (223) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, diúltaíodh na héilimh sin.

(269)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, dúirt Airoldi gur tháinig méadú ar mheánphraghsanna allmhairí Síneacha faoi chód CN 7610 90 90 mar thoradh ar athmheasúnú ar an gcás ar bhonn AE27. Dheimhnigh an Coimisiún gur mar thoradh ar dhíolachán na Ríochta Aontaithe a eisiamh ó na figiúirí a eisíodh é sin.

(270)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, dúirt Haomei Group nach raibh gnéithe áirithe den mhodheolaíocht le haghaidh ríomhanna díobhála, lena n-áirítear foinse na sonraí, soiléir dóibh. Deimhníonn an Coimisiún gur nochtadh an mhodheolaíocht do na ríomhanna díobhála do Haomei Group ag céimeanna sealadacha agus cinntitheacha an imscrúdaithe. Ag an gcéim nochta deiridh bhreise míníodh gur cuireadh an mhodheolaíocht chéanna i bhfeidhm maidir leis na ríomhanna díobhála ach amháin gur baineadh sonraí na Ríochta Aontaithe. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur míníodh a mhodheolaíocht shoiléir go hiomlán. Ina theannta sin, ba cheart na pointí sin a ardú ag an gcéim shealadach seachas an nochtadh deiridh breise a leanúint.

5.5.   Tomhaltas an Aontais

(271)

Rinneadh athbhreithniú ar fhigiúirí tomhaltais an Aontais mar thoradh ar an athbhreithniú ar mhéideanna allmhairí ón tír lena mbaineann atá mínithe thuas agus ar mhéideanna allmhairithe athbhreithnithe ó thríú tíortha eile isteach san AE27. Ar an mbonn sin, rinneadh an tomhaltas ar shaormhargadh an Aontais a fhorbairt mar a leanas:

Tábla 4bis

tomhaltas an Aontais (de réir tonaí) (*1) – ar bhonn AE27

 

2016

2017

2018

Tréimhse imscrúdaithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

2 965 810

3 167 207

3 251 443

3 123 439

Innéacs

100

107

110

105

Margadh faoi chuing

61 338

60 455

60 143

56 640

Innéacs

100

99

98

92

Tomhaltas ar an saormhargadh

2 904 472

3 106 752

3 191 300

3 066 799

Innéacs

100

107

110

106

Foinse: European Aluminium agus Eurostat

(272)

Le linn na tréimhse a measadh, tháinig méadú 6 % ar an tomhaltas ar shaormhargadh an Aontais.

(273)

Fiú dá ndéanfaí méideanna faoi Chód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán ón anailís, bheadh an tomhaltas ag leibhéil chomhchosúla agus mhéadóidís faoi 6 %, rud a dheimhníonn na conclúidí nochta roimhe seo.

(274)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, d’éiligh Airoldi nár mhínigh an Coimisiún an bunús leis an margadh faoi chuing a chinneadh. Maidir leis an éileamh sin, léiríodh i dtorthaí an Choimisiúin maidir leis an margadh faoi chuing cheana féin sna cinntí sealadacha (aithris 248) den Rialachán sealadach. Thairis sin, tá an bharúil sin i bhfad níos faide ná mar ba cheart é a bheith ardaithe laistigh den sprioc-am le haghaidh barúlacha a fháil maidir leis na torthaí sealadacha. Diúltaítear an t-éileamh.

5.6.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

5.6.1.   Táscairí maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha

(275)

Rinneadh an sciar den mhargadh de dhíolacháin ar shaormhargadh an tionscail de chuid an Aontais a fhorbairt mar a leanas mar thoradh ar athbhreithniú ar allmhairí ón tír lena mbaineann mar a luaitear thuas, agus na figiúirí athbhreithnithe maidir le tomhaltas mar a leagtar amach i dTábla 4.

Tábla 5bis

Sciar den mhargadh (*2) – ar bhonn AE27

 

2016

2017

2018

Tréimhse Imscrúdaithe

An sciar de thionscal am Aontais i ndáil le díolacháin ar an saormhargadh (%)

88,4

86,6

86,4

85,4

Innéacs (2016 = 100)

100

98

98

97

Foinse: European Aluminium agus Eurostat

(276)

Cé go ndearnadh an sciar den mhargadh den tionscal de chuid an Aontais a athmheasúnú ag leibhéal beagán níos airde sa tréimhse a measadh, fós féin laghdaigh na sciartha den mhargadh faoi 3,0 phointe céatadáin

(277)

Fiú dá ndéanfaí méideanna faoi Chód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán ón anailís, bheadh sciar margaidh thionscal an Aontais ag leibhéil chomhchosúla agus laghdóidís sé, rud a dheimhníonn na conclúidí nochta roimhe seo.

(278)

Ar bhonn na faisnéise deimhnithe arna soláthar ag táirgeoirí an Aontais agus atá ar comhad cheana féin, rinneadh measúnú ar mhéideanna díolacháin ó thionscal an Aontais le margadh na Ríochta Aontaithe ag thart ar 2 % de dhíolacháin iomlána sna 28 mBallstát. Ní fhéadfadh aon tionchar ábhartha a bheith ag an méid sin ar tháscairí eacnamaíocha an tionscail de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, tá na táscairí eile ar fad a nochtadh cheana i Roinn 6 thuas ionadaíoch freisin do AE27 agus dearbhaítear iad, mar aon leis na conclúidí a fuarthas uathu.

(279)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, dúirt Airoldi gur cheart go mbeadh sraith nua de shonraí EU27 ó thionscal an Aontais faighte ag an gCoimisiún chun a anailís díobhála EU27 a dhéanamh, mar a rinne sé in imscrúdú eile cosanta trádála. Ní raibh sé sin riachtanach, áfach, ós rud é go bhfuil an fhaisnéis atá ar comhad a cheadaítear cheana féin le haghaidh anailís EU27, mar atá mínithe thuas. Dheimhnigh European Aluminium an méid sin, a thug freagra ar éileamh Airoldi gur léirigh siad go raibh ag táirgeoirí sa Ríocht Aontaithe níos lú ná 3 % den táirgeadh, go raibh gníomhaíocht gnó tionscail an Aontais sa Ríocht Aontaithe íseal, agus dá bhrí sin nach raibh ach tionchar beag aige ar tháscairí díobhála. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an t-éileamh sin.

(280)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, dúirt Airoldi agus Euranimi nach raibh sciar margaidh thionscal an Aontais, os cionn 85 % sa tréimhse imscrúdaithe, ina tháscaire díobhálach. Rinne na páirtithe sin tagairt do Bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 4 Feabhra 2021 i gCás C-324/19, Eurocylinder Systems AG, inar éiligh siad nach bhféadfadh díobháil a bheith ann leis an sciar mhargadh sin. Dúirt Haomei Group freisin faoin bpointe sin, agus á éileamh go gcuirfeadh an sciar margaidh 85 % bac ar chinneadh díobhála, de réir roinnt cásanna Cúirte. Bhain Cás C-324/19, áfach, leis an mbagairt díobhála agus leis an measúnú ar na fachtóirí lena gcinntear an bhagairt sin. Sa chás sin, meabhraítear go mbaineann an cinneadh maidir le díobháil den chuid is mó le héifeachtaí praghsanna, mar atá mínithe in aithris (252) thuas, nach n-athraítear é de bharr na n-athruithe an-teoranta i scaireanna margaidh, ar tháinig laghdú 3 % ar an méid sin de thionscal an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an t-éileamh sin.

(281)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, dúirt Airoldi go raibh méadú tagtha ar tháirgeacht thionscal an Aontais agus gur tháinig méadú freisin ar a sciar i gcoibhneas le tomhaltas. D’éiligh Airoldi go raibh easpa díobhála ann. Meabhraítear na hargóintí san aithris roimhe seo. Ina theannta sin, faoi mar atá mínithe in aithris (242) den Rialachán sealadach cé gur tháinig méadú 2 % ar tháirgeadh an Aontais thar an tréimhse sin, mheas an tAontas gur chaill tionscal an Aontais a sciar i gcoibhneas le tomhaltas. Níor glacadh leis an éileamh seo dá bhrí sin.

(282)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, rinne Airoldi a chuid éileamh arís agus arís eile dá dtagraítear in aithrisí (235) agus (236) agus gan aon fhianaise bhreise a chur ar fáil, ar fianaise í a diúltaíodh dá bhrí sin ar na cúiseanna substainteacha a luaitear sna haithrisí réamhluaite.

(283)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt Airoldi freisin go bhfuil LME lonnaithe lasmuigh den Aontas, agus níor cheart é a úsáid mar fhoinse thagartha le haghaidh praghsanna alúmanaim. Tá feidhm ag na hargóintí céanna agus atá in aithris (232), agus ní ghlactar leis an éileamh.

5.7.   Conclúid maidir le díobháil ar bhonn AE27

(284)

Dá bhrí sin, ar bhonn na faisnéise atá ar comhad ar bhonn AE27, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

6.   CÚISÍOCHT AR BHONN AE28

6.1.   Éifeacht na n-allmhairí dumpáilte

(285)

Tuairiscíodh éifeacht na n-allmhairí dumpáilte i Roinn 5.1 den Rialachán sealadach. D’éiligh roinnt mhaith páirtithe leasmhara nach bhféadfaí an díobháil a chur i leith na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann agus go raibh an nasc cúisíoch á mhaolú ag fachtóirí eile. Ba athrá ar na héilimh a pléadh cheana sa Rialachán sealadach a bhí i gcuid de na héilimh, gan aon ghné nua. Déantar anailís thíos ar na barúlacha nár ardaíodh roimhe seo, mar aon le measúnú ar na sonraí breise a bailíodh tar éis an nochta shealadaigh, i gcás arb iomchuí.

(286)

Mar thoradh ar an athbhreithniú ar allmhairí ón tír lena mbaineann, a thuairiscítear in aithrisí (202) go (216), rinneadh athbhreithniú ar an tomhaltas agus ar na sciartha de mhargadh thionscal an Aontais agus na hallmhairí ón tír lena mbaineann. Mhéadaigh sciar na Síne den mhargadh ó 4,4 % go 6,2 % (seachas ó 6,9 % go 9,6 % mar atá i dTábla 2 den Rialachán sealadach) agus laghdaigh an sciar de mhargadh thionscal an Aontais ó 87,6 % go 84,4 % (seachas ó 85,1 % go 81,1 % mar atá i dTábla 5 den Rialachán sealadach). Dá dheasca sin, rinneadh na Táblaí seo den Rialachán sealadach a leasú dá réir. Ní raibh mórán tionchair nó tionchar ar bith ag tionchar na n-athruithe sin i dtéarmaí na dtreochtaí nó leibhéal suntasach na n-allmhairí, mar tar éis an athbhreithnithe, inter alia, tháinig méadú 49 % (seachas 48 %) ar mhéid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann, agus méadaíonn treocht a sciar den mhargadh ó 41 % (seachas 39 %). Dá bhrí sin, ní raibh tionchar ábhartha ag an allmhairiú athbhreithnithe ná na figiúirí maidir leis an sciar den mhargadh ar an anailís chúisíochta a dtugtar tuairisc uirthi in aithrisí (276) go (283) den Rialachán sealadach.

(287)

D’éiligh allmhaireoirí áirithe nár díoladh ach cuid bheag d’onnmhairithe domhanda na Síne le margadh an Aontais (díreach 13 %) agus gur glacadh le hallmhairí na Síne go héasca isteach i margadh an Aontais gan aon díobháil a dhéanamh. Ach, dhírigh an bharúil seo ar cheisteanna áirithe méide, agus tugadh neamhaird ar an bhfíric gur bhain an chuid ba thábhachtaí den díobháil a bhain don tionscal de chuid an Aontais le praghsanna, de bharr brú suntasach praghsanna arna fheidhmiú ag na hallmhairí seo ar phraghsanna ísle a dhéanann sladghearradh ar phraghsanna an tionscail de chuid an Aontais faoi bhreis agus 25 %. D’éiligh na hallmhaireoirí seo gur fhás allmhairí na Síne chun aimhleasa allmhairí ó thríú tíortha. Tá an argóint seo mícheart de réir na bhfíoras, mar a léirítear ag Tábla 6 thíos. Ina theannta sin, léiríonn an fhaisnéis i dTábla 4 go soiléir gur bhain díobháil méide do thionscal an Aontais agus gur chaill sé sciar den mhargadh thar an tréimhse a measadh do na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. Dá bhrí sin, diúltaíodh na héilimh sin.

(288)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Haomei Group in aghaidh na díobhála a bhain do thionscal an Aontais ar an bhforas nár tháinig méadú ar allmhairí ó gach foinse thar an tréimhse 2017 go 2020. Meabhraítear, áfach, go bhfuil tionchar mór ag an measúnú a rinne an Coimisiún ar an díobháil ó thaobh praghsanna de. Ina theannta sin, léirigh an t-imscrúdú sin go bhfuil sciar margaidh thionscal an Aontais tite thar an tréimhse atá measta (2016-2019). Le linn na tréimhse céanna tháinig méadú ar allmhairí ón tSín i ndearbhthéarmaí agus i ndáil leis an sciar margaidh. Agus na saincheisteanna sin á gcur san áireamh, agus ós rud é gur cumhdaíodh na hallmhairí uile leis an measúnú a rinne Haomei ar mhéideanna, agus nach raibh sé teoranta don tréimhse a breithníodh, diúltaíonn an Coimisiún an argóint a rinneadh.

6.2.   Éifeachtaí fachtóirí eile

6.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(289)

Allmhairí ó thríú tíortha arna bhforbairt mar a leanas le linn na tréimhse a measadh.

Tábla 6

Allmhairí ó thríú tíortha

 

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

An Tuirc

Méid (tonaí)

77 041

87 632

107 392

110 452

Innéacs

100

114

139

143

% sciar margaidh

2,6

2,8

3,3

3,6

Innéacs

100

106

126

135

Meánphraghas

3 519

3 599

3 569

3 448

Innéacs

100

102

101

98

Tríú tíortha eile

Méid (tonaí)

156 278

213 999

191 673

181 402

Innéacs

100

137

123

116

% sciar margaidh

5,3

6,8

5,9

5,8

Innéacs

100

128

111

110

Meánphraghas

3 197

3 126

3 398

3 489

Innéacs

100

98

106

109

Iomlán na dtíortha gan an tír lena mbaineann san áireamh

Méid (tonaí)

233 319

301 631

299 065

291 854

Innéacs

100

129

128

125

% sciar margaidh

8,0

9,6

9,3

9,4

Innéacs

100

120

116

118

Meánphraghas

3 304

3 264

3 459

3 473

Innéacs

100

99

105

105

Foinse: Eurostat ()

(290)

Athraíodh méideanna allmhairí na dtríú tíortha beagán de bharr na n-athbhreithnithe staidrimh thuasluaite. Rinneadh difear freisin don sciar den mhargadh de na hallmhairí seo mar thoradh ar an athbhreithniú ar allmhairí ón tír lena mbaineann a dtugtar tuairisc air in aithrisí (202) go (213). Ach, ní raibh sna hathruithe seo ach athruithe beaga agus bhí tionchar níos lú acu i dtéarmaí na treochta. Tar éis an athbhreithnithe tháinig méadú ó 8,0 % go 9,4 % (seachas 8,0 % go 9,3 % mar atá i dTábla 11 den Rialachán sealadach) ar an sciar den mhargadh a bhí ag tríú tíortha. Dá bhrí sin, ní raibh tionchar ábhartha ag na mionathruithe sin ar na hallmhairí ná ar na figiúirí a bhain leis an sciar den mhargadh a bhí ag tríú tíortha tar éis na hanailíse cúisíochta a dtugtar tuairisc uirthi in aithrisí (284) go (288) den Rialachán sealadach.

(291)

Rinne Carl Prinz trácht ar aithris (286) den Rialachán sealadach maidir lena dtaithí ar phraghsanna in 2020, á chur in iúl nach raibh praghsanna ón Tuirc i bhfad níos airde i gcomparáid leis an tír lena mbaineann. Ach, bhain an fhaisnéis seo le faisnéis tar éis na tréimhse imscrúdaithe, agus níor soláthraíodh aon fhaisnéis a bhain leis an tréimhse imscrúdaithe. Ina theannta sin, níor cuireadh isteach aon fhianaise le léiriú go raibh an anailís in aithris (286) den Rialachán sealadach mícheart.

(292)

Ag cur na sonraí athbhreithnithe a léirítear ag Tábla 6 san áireamh agus tar éis anailís a dhéanamh ar na barúlacha a fuarthas a bhaineann le haithrisí (284) go (287) den Rialachán sealadach, deimhníonn an Coimisiún an chonclúid maidir le tionchar na n-allmhairí ó thríú tíortha in aithris (288) den Rialachán sealadach.

(293)

Mar a thugtar le fios in aithris (203), fiú dá ndéanfaí na méideanna faoi Chód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán ón anailís, ní athródh na méideanna allmhairí ó thríú tíortha agus ní bheadh ach athruithe fíorbheag dá sciartha den mhargadh. Ní dhearnadh aon difear don chonclúid maidir le cúisíocht de bharr allmhairí ó thríú tíortha sa Rialachán sealadach agus dá bhrí sin, deimhnítear í.

(294)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt Airoldi nach raibh loighic ar bith san aithris roimhe seo. Ní raibh sé soiléir, áfach, cén fáth ar tháinig Airoldi ar an gconclúid sin. Bhí an measúnú a rinne an Coimisiún bailí go mbeadh tionchar na n-allmhairí ó thríú tíortha fós díobhálach mura gcuirfí allmhairí faoin gcód CN atá i gceist san áireamh. Is amhlaidh atá toisc nach ndéanfaí difear do mhéid iomlán na n-allmhairí ó thríú tíortha agus nach mbeadh ach athrú fíorbheag ar a sciar margaidh. Dá bhrí sin, deimhníonn an Coimisiún a anailís.

6.2.2.   Tionchar an Tomhaltais

(295)

Ní raibh tionchar ábhartha ar bith ag na figiúirí athbhreithnithe maidir le tomhaltas in aithrisí (226) go (228) ar an gconclúid a cinneadh in aithris (294) den Rialachán sealadach. Mar a luaitear in aithris (203), fiú dá ndéanfaí na méideanna faoi Chód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán ón anailís, bheadh an sciar den mhargadh den tionscal de chuid an Aontais ag leibhéil chomhchosúla agus laghdódh sé faoi 6 %. Dá bhrí sin, deimhnítear an chonclúid in aithris (294) den Rialachán sealadach. Sna barúlacha a thug sé tar éis nochtadh cinntitheach a dhéanamh, d’éiligh Airoldi nach raibh aon loighic ag baint le réasúnaíocht na haithrise seo mar bhraitheann sí ar bhealach gan údar ar an tábhacht i dtéarmaí cainníochtúla allmhairí táirgí is féidir a aicmiú i gcód den sórt sin. Maidir leis an mbarúil sin, tugann an Coimisiún dá aire go léiríonn an réasúnaíocht thuas (a mhalairt) nach mbeadh tionchar ar na torthaí díobhála fiú ag brath ar na táirgí a allmhairítear faoin gcód seo (nach é an modh iomchuí é toisc go bhfuil cion fóinteach den táirge i gceist sa chód seo).

6.2.3.   Tionchar costas san Aontas

(296)

Rinne Airoldi éileamh go ndearna na costais arda infheistíochta a thuairiscítear ag Tábla 10 den Rialachán sealadach díobháil don tionscal de chuid an Aontais. Ba é conclúid an Choimisiúin maidir leis na hinfheistíochtaí go raibh gá leo ag leibhéil mhéadaitheacha chun go bhfanfaidís ábhartha ar an margadh. Bhí na hinfheistíochtaí ag teastáil chun éifeachtúlacht a mhéadú agus chun aird níos fearr a thabhairt don chustaiméir i bhfianaise éileamh an mhargaidh ar níos mó réiteach breisluacha. Rinneadh plé in aithrisí (332) go (340) den bhun-Rialachán ar cé chomh tábhachtach agus atá ardleibhéil infheistíochta do thodhchaí thionscal an Aontais. Dhiúltaigh an Coimisiún an t-éileamh á rá go raibh sé gan chiall gan bhunús.

(297)

Luaigh Rialtas na Síne tuarascáil Reuters ó mhí Eanáir 2014, go bhfágann dlíthe fostaíochta agus comhshaoil san Aontas, chomh maith le costais arda fuinnimh, gur beag brabús atá le déanamh as amh-mhiotail, amhail alúmanam, a tháirgeadh san Aontas. Bhain an t-éileamh seo, áfach, le táirgeacht alúmanaim mar amhábhar. Ní fhéadfaí glacadh leis an éileamh, ag meabhrú nach mbaineann an tuarascáil seo leis an tionscal de chuid an Aontais ar tionscal iartheachtach é, agus ní chuirtear san áireamh na forbairtí sa tionscal alúmanaim de chuid an Aontais sa tréimhse a measadh.

6.2.4.   An tionchar ar dhíolacháin le dáileoirí

(298)

D’éiligh Airoldi go raibh tionchar ag cinneadh gnó stop a chur le díol le dáileoirí ar fheidhmíocht díolachán an tionscail de chuid an Aontais. Ach, ba léir ó na sonraí a bailíodh i bhfreagraí an cheistneora den tionscal de chuid an Aontais a samplaíodh, nach raibh stop curtha le díolacháin le dáileoirí i gcoitinne. Go deimhin, fuair an Coimisiún gur tháinig laghdú ar dhíolacháin an Aontais le dáileoirí de bharr brú praghsanna ó allmhairí dumpáilte na Síne. Thairis sin, léirigh an freagra ar an gceistneoir a fuarthas ó Airoldi, a fheidhmíonn mar allmhaireoir agus mar dháileoir, gur cheannaigh siad méideanna suntasacha ón tionscal de chuid an Aontais. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an t-éileamh sin.

6.3.   An chonclúid ar chúisíocht

(299)

De bharr an athbhreithnithe ar mhéideanna allmhairí ón tír lena mbaineann bhí gá leis an gconclúid ar chúisíocht a athmheasúnú ag an gcéim chinntitheach den imscrúdú. Ní raibh tionchar ábhartha ar bith ag na méideanna allmhairí ná na sciartha de mhargadh an Aontais athbhreithnithe a dtugtar tuairisc orthu thuas ar an anailís chúisíochta agus bhí tionchar níos lú fós ann nuair a rinneadh scrúdú ar na treochtaí. Is amhlaidh a bheadh i gcás dá ndéanfaí Cód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán.

(300)

Ag aithrisí (280) go (282) den Rialachán sealadach, mhínigh an Coimisiún maidir le hallmhairí na Síne, a bhfuil sciar i bhfad níos lú acu ná mar atá ag an tionscal de chuid an Aontais, nach amháin go bhfuair siad cos isteach i margadh an Aontais, agus a sciar den mhargadh ag dul i méid go seasta chun díobháil méide a chruthú ach, níos dáiríre, chuir siad praghsanna an mhargaidh faoi chois agus dá bharr sin b’éigean don tionscal de chuid an Aontais leibhéil laghdaithe agus neamhdhóthanacha bhrabúis a dhéanamh le linn na tréimhse a measadh. Tá na haithrisí sin fós bailí ag leibhéil allmhairí na Síne i ndearbh-théarmaí coibhneasta araon, mar a léirítear i dTábla 2 thuas, agus, arguendo, dá ndéanfaí Cód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán.

(301)

Thairis sin, níor athraigh na barúlacha a léirigh páirtithe leasmhara an measúnú ar na fachtóirí a rinneadh ag an gcéim shealadach agus ní dhearnadh aon bharúlacha bailí tar éis fhorchur na mbeart sealadach lena bhféadfaí míniú a thabhairt ar an díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais mar a bhunaítear san imscrúdú seo.

(302)

Ar bhonn an méid thuas agus in éagmais aon bharúlacha eile, rinne an Coimisiún an chonclúid nach bhféadfadh aon cheann de na fachtóirí eile a ndearnadh scrúdú orthu ag an gcéim shealadach agus ag an gcéim chinntitheach tionchar ábhartha a imirt ar staid dhíobhálach an tionscail de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, níor chaolaigh aon cheann de na fachtóirí, a ndearnadh anailís orthu ar leithligh nó go comhchoiteann, an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a d’fhulaing an tionscal de chuid an Aontais sa chaoi is nach mbeadh an nasc sin fíor ná suntasach a thuilleadh, ag deimhniú na conclúide in aithrisí (302) agus (303) den Rialachán sealadach.

7.   CÚISÍOCHT AR BHONN AE27

7.1.   Éifeacht na n-allmhairí dumpáilte

(303)

Mar thoradh ar na hathbhreithnithe réamhluaite, rinneadh athbhreithniú ar thomhaltas agus ar sciartha margaidh thionscal an Aontais agus na hallmhairí ón tír lena mbaineann. Mhéadaigh an sciar margaidh Síneach ó 3,4 % go 5 % agus laghdaigh an sciar margaidh atá ag tionscal an Aontais ar an saormhargadh ó 88,4 % go 85,4 % le linn na tréimhse a measadh. Ní raibh mórán tionchair ná tionchar ar bith ag anailís na n-athruithe ó AE28 go AE27 i dtéarmaí na dtreochtaí nó leibhéal suntasach na n-allmhairí, mar tar éis an athbhreithnithe, inter alia, tháinig méadú 56 % ar mhéid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann, agus mhéadaigh treocht a sciar margaidh faoi 48 %. Dá bhrí sin, ní dhearna na figiúirí athbhreithnithe maidir le hallmhairithe agus an sciar margaidh difear ábhartha don anailís ar aitreabúideacht a nochtadh roimhe sin.

7.2.   Éifeachtaí fachtóirí eile

7.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(304)

Allmhairí ó thríú tíortha arna bhforbairt mar a leanas le linn na tréimhse a measadh.

Tábla 6bis

Allmhairí ó thríú tíortha chuig AE27

 

 

2016

2017

2018

An tréimhse imscrúdaithe

An Tuirc

Méid (tonaí)

73 187

84 678

103 888

106 702

Innéacs

100

116

142

146

% sciar margaidh

2,5

2,7

3,3

3,5

Innéacs

100

108

129

138

Meánphraghas

3 475

3 595

3 569

3 439

Innéacs

100

103

103

99

Tríú tíortha eile

Méid (tonaí)

165 749

222 898

199 778

188 546

Innéacs

100

134

121

114

% sciar margaidh

5,7

7,2

6,3

6,1

Innéacs

100

126

110

108

Meánphraghas

3 438

3 353

3 684

3 760

Innéacs

100

98

107

109

Iomlán na dtíortha gan an tír lena mbaineann san áireamh

Méid (tonaí)

238 937

307 576

303 666

295 248

Innéacs

100

129

127

124

% sciar margaidh

8,2

9,9

9,5

9,6

Innéacs

100

120

116

117

Meánphraghas

3 449

3 420

3 644

3 644

Innéacs

100

99

106

106

Foinse: Eurostat

(305)

Athraíodh méideanna allmhairí na dtríú tíortha beagán de bharr na n-athbhreithnithe staidrimh thuasluaite. Bhí tionchar aige sin freisin ar sciar an mhargaidh de na hallmhairí sin. Ach bhí na hathruithe sin beag agus ní raibh an oiread sin tionchair acu i dtearmaí na treochta. Tháinig méadú ó 8,2 go 9,6 % ar sciar an mhargaidh i dtríú tír tar éis an athbhreithnithe. Ní dhéanann na mionathruithe sin difear ábhartha don anailís chúisithe mar a nochtadh roimhe sin.

(306)

Fiú dá ndéanfaí na méideanna faoi Chód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán ón anailís, ní athródh na méideanna allmhairí ó thríú tíortha agus ní bheadh ach athruithe fíorbheag dá sciartha den mhargadh. Ní dhearnadh aon difear don chonclúid maidir le cúisíocht de bharr allmhairí ó thríú tíortha agus dá bhrí sin, deimhnítear í.

(307)

Tar éis do Haomei Group an nochtadh deiridh breise a chur in iúl gur rud é a mhéadaigh sciar an mhargaidh d’allmhairí ón tSín ar aimhleas allmhairí ó thríú tíortha, seachas tionchar a bheith aige ar sciar an mhargaidh tionsclaíochta san Aontas. Tá an t-éileamh sin mícheart de réir na bhfíoras, áfach, agus ní fhéadfaí glacadh leis, agus é á chur san áireamh go bhfuil sciar an mhargaidh tionsclaíochta de chuid an Aontais tite faoi 3 % mar a léirítear i dTábla 5bis.

(308)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, thug Haomei Group agus Airoldi a dtuairimí gur laghdaigh sciaranna margaidh agus méideanna allmhairí na Síne ar bhonn AE27 a mhéid nach bhféadfaí an staid a bheith níos díobhálaí do thionscal an Aontais, agus gur fhan, de mhalairt, sciar margaidh thionscal an Aontais os cionn 85 % in IP. Déantar tagairt d’aithrisí (201) agus (280) agus do Thábla 5bis thuas. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil na méideanna allmhairí i ndearbhthéarmaí níos ísle sa chinneadh deiridh seo ná mar a measadh sa ghearán agus ag an gcéim shealadach, is léiriú é ar chineál na n-imscrúduithe cosanta trádála, rud a bheachtaíonn na himscrúduithe cosanta trádála roimh ré mar a dhéantar a anailís a bheachtú de réir a chéile mar fhaisnéis ó pháirtithe a dhéantar a bhailiú, a phróiseáil agus a fhíorú de réir a chéile. Go deimhin, níl aon tionchar ag an méid thuas ar ráta fáis na n-allmhairí, rud atá suntasach i gcónaí. Go deimhin, ba cheart a mheabhrú gur tháinig méadú 48 % ar sciar an mhargaidh d’allmhairí Síneacha le linn na tréimhse a measadh agus nach mbeidh tionchar ábhartha ag an laghdú beag ar sciar margaidh na Síne ar an díobháil a fhaightear, go háirithe i bhfianaise na n-eilimintí díobhála praghais a luaitear in aithris 48 (253). Diúltaíodh, dá bhrí sin, an t-éileamh sin.

(309)

Chomh maith leis sin, tar éis an nochta deiridh bhreise, dúirt Haomei Group, agus á baint acu as sonraí a bhaintear as na Tuarascálacha Bliantúla Consolidated Hydro Group, go raibh méadú tagtha ar sciar margaidh an Hydro Group. Mar sin féin, thit sciar na dtáirgeoirí san Aontas ar an margadh le linn na tréimhse a mheastar a bheith léirithe i dTábla 5bis thuas. Ní saincheist ábhartha don anailís chúisíochta seo é sciar an mhargaidh atá ag táirgeoirí aonair an Aontais nó ag grúpaí táirgeoirí. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an pointe seo.

7.2.2.   Tionchar an Tomhaltais

(310)

Ní raibh aon tionchar ábhartha ag na figiúirí athbhreithnithe maidir le tomhaltas ar an gconclúid a nochtadh roimhe seo. Fiú dá ndéanfaí na méideanna faoi Chód CN 7610 90 90 a eisiamh go hiomlán ón anailís, bheadh an tomhaltas ar an saormhargadh ag leibhéil chomhchosúla agus thiocfadh méadú orthu. Dá bhrí sin, deimhnítear na conclúidí a nochtadh roimhe seo.

7.3.   An chonclúid ar chúisíocht

(311)

Deimhnítear na conclúidí maidir le cúis mar a nochtadh cheana iad a bheith chomh infheidhme céanna i gcomhthéacs AE27 maidir le gach gné eile a nochtadh roimhe sin.

8.   LEAS AN AONTAIS AR BHONN AR AE28

(312)

Sna cros-seiceálacha cianda breise a luaitear in Aithris (13) soláthraíodh deis úsáideach chun scrúdú breise a dhéanamh ar shaincheisteanna ábhartha a bhaineann le leas an Aontais.

8.1.   Leas thionscal agus sholáthraithe an Aontais

(313)

Léirigh ceithre sholáthraí alúmanaim san Aontas a dtacaíocht i leith fhorchur na mbeart. Thacaigh European Aluminium leis na barúlacha seo, agus tharraing siad aird air gur díoladh nach mór 30 % d’aschur na soláthraithe seo do thionscal an Aontais le húsáid i monaraíocht an táirge atá faoi imscrúdú. Ba léir, dá bhrí sin, go mbeidh tionchar dearfach ag toradh an imscrúdaithe freisin ar an luachshlabhra alúmanaim iomlán laistigh den Aontas.

(314)

Ina theannta sin, de réir staidéar OECD (36), d’úsáid táirgeoirí alúmanaim san Aontas níos mó amhábhar athchúrsáilte agus níos mó modhanna táirgeachta inbhuanaithe ná na cinn ón tSín. Go sonrach, cé go bhfuil an Eoraip ar cheann de na ceannairí in athchúrsáil alúmanaim, le cion ard ábhair athchúrsáilte, bíonn an tSín ag brath go príomha ar alúmanam príomhúil a tháirgeadh, gníomhaíocht atá dian ar fhuinneamh. Ar an gcúis sin, thabharfadh taifead comhshaoil táirgeoirí na hEorpa deis don Aontas bogadh níos cinntithí i dtreo na sprice maidir le geilleagar glan agus ciorclach, mar a léirítear sa Chumarsáid ón gCoimisiún maidir le Comhaontú Glas don Eoraip (37).

(315)

Tar éis an nochta deiridh, chuir O. Wilms i gcoinne a n-ábharthachta leis an imscrúdú seo maidir leis an athchúrsáil thuasluaite. Mar sin féin, measann an Coimisiún go mbaineann athchúrsáil alúmanaim leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

(316)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt Alstom agus UNIFE nach mbainfeadh tionscal an Aontais tairbhe as na bearta (a fhorchuirtear ar an tionscal iompair iarnróid) toisc nach bhfuil sna hallmhairí sin ach cuid bheag den táirge lena mbaineann (arna meas ag UNIFE ag tuairim is 1,3 %). Mar sin féin, measann an Coimisiún, agus é á chur san áireamh go ndíolann táirgeoirí áirithe de chuid an Aontais cainníochtaí suntasacha isteach san earnáil sin go mbainfeadh táirgeoirí den sórt sin tairbhe as forchur beart, go háirithe toisc nach mbeadh aon trádáil mhíchothrom ann gur dhócha go leathnódh siad a ndíolacháin chuig an earnáil sin.

(317)

In éagmais barúlacha eile maidir le leas an tionscail de chuid an Aontais, deimhnítear na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (305) go (309) den Rialachán sealadach.

8.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara

(318)

Déantar tagairt d’aithris (9) áit inar tháinig beirt allmhaireoirí chun cinn chun barúlacha a chur in iúl tar éis an nochta shealadaigh. Sa Rialachán sealadach, cuireadh in iúl go raibh ag na hallmhaireoirí neamhghaolmhara a chuir foirm shamplála isteach chun comhordú leis an imscrúdú tuairim is 2 % d’allmhairí ón tSín. Tar éis an Rialacháin shealadaigh, tháinig dhá allmhaireoir eile chun cinn, nuair a bhí an ceacht samplála críochnaithe cheana féin, gan freagra a chur isteach ar an gceistneoir. Mar thoradh ar an leibhéal ceartaithe allmhairí ón tSín, dá dtagraítear in aithris (208), ba é 3,6 % céatadán na n-allmhairí a bhí ag na hallmhaireoirí neamhghaolmhara a chuir méideanna allmhairí isteach san fhoirm shamplála.

(319)

D’éiligh allmhaireoir amháin, Airoldi, go raibh difríocht idir táirgeoirí cóimhiotail chrua agus bhoig san Aontas, agus ar an gcuid den mhargadh a bhaineann le cóimhiotal crua, go mbeadh baol ganntanais agus praghsanna arda, mar a léirítear le tréimhsí feithimh níos faide le haghaidh ceannachán i margadh an Aontais. Chuir European Aluminium i dtábhacht go raibh an tionscal de chuid an Aontais tiomanta do mhargadh an chóimhiotail chrua, agus shainaithin sé mórán táirgeoirí a bhfuil infheistíocht mhór déanta acu i dtáirgeacht cóimhiotal crua, ag tabhairt an tsampla maidir le fáisceáin easbhrú a rinne ceithre tháirgeoir ón Aontas a shuiteáil le déanaí. Luaigh European Aluminium freisin, fiú gan na roghanna breise soláthair seo, go raibh iomaíocht ghéar idir na táirgeoirí san Aontas Eorpach agus dóthain acmhainne a bheith ar fáil gan srian.

(320)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar shaincheist na gcóimhiotal crua agus bog, a ndéantar a n-idirdhealú ar shimpliú tráchtála bunaithe go príomha ar chomhdhéanamh ceimiceach an chóimhiotail alúmanaim. Léiríodh san imscrúdú go dtáirgeann roinnt mhaith táirgeoirí ón Aontas an dá chineál cóimhiotal. Ar an dara dul síos, seans go léiríonn an mheastóireacht ar shamplaí na n-amanna feithimh arna soláthar ag an allmhaireoir na cúinsí áirithe gnó agus na caibidlíochtaí idir na páirtithe agus nár chuir sé in iúl patrún comhsheasmhach d’amanna feithimh suaiteacha i leith na mbeart. Cé go bhféadfadh sé go mbeadh infhaighteacht táirgeoirí agus táirgí níos ísle do chuid de na táirgí níos sofaisticiúla ná i gcás gnáth-easbhrúnna, fós féin, meastar go mbeadh an saobhadh féideartha ann ar bhonn sealadach agus go dtabharfadh na bearta deis do tháirgeoirí an Aontais infheistíocht a dhéanamh chun freastal ar an éileamh, gan an baol ann go ndéanfaí iad a shladghearradh de bharr allmhairí ar phraghsanna ísle éagóracha.

(321)

Rinne an t-allmhaireoir céanna an argóint freisin má tá taraifchuótaí féinrialaitheacha (38) agus fionraí dleachta (39) ann i gcás táirgí teoranta, go mbeadh sé sin mar fhianaise ar ghanntanas soláthair na dtáirgí seo i margadh na hEorpa. Maidir leis seo, níl an chosúlacht air go ndeonaítear na fionraí dleachta seo mar thoradh ar ghanntanas soláthair ach go ndéantar é mar thoradh ar phróiseas nach raibh páirt ag European Aluminium ann. Go deimhin, le linn na tréimhse imscrúdaithe ba ionann méid iomlán na n-allmhairí ón tír lena mbaineann faoin bhfionraí dleachta agus cuótaí reatha timpeall 1 % d’allmhairí an táirge lena mbaineann, agus níos lú ná 0,1 % de thomhaltas an Aontais. Dá bhrí sin, is beag an tábhacht atá leis na táirgí a bhaineann tairbhe as na bearta seo, i gcomparáid le leas iomlán na ngnólachtaí san Aontas. Chomh maith leis sin, léiríonn roinnt táirgeoirí as an Eoraip (breis agus 200) agus acmhainn neamhúsáidte an tionscail de chuid an Aontais atá ar fáil (tuairim is aon trian den acmhainn shuiteáilte), tar éis go mbaintear tionchar na bpraghsanna ísle éagóracha den mhargadh, go mbeadh an dreasacht ag táirgeoirí an Aontais freastal ar na feidhmeanna nideoige seo.

(322)

D’éiligh an t-allmhaireoir céanna nach raibh an Coimisiún i dteideal tástáil ná conclúid “dhiúltach” maidir le leas an Aontais a dhéanamh, mar atá in aithris (329) den Rialachán sealadach, nach raibh aon chúis láidir ann chun a chinneadh nach raibh sé chun leasa an Aontais bearta sealadacha a fhorchur ar allmhairí den táirge lena mbaineann. Thairis sin, d’éiligh an páirtí céanna nár mheas an Coimisiún i gceart gur thug an t-allmhaireoir an táirge lena mbaineann isteach i margadh an Aontais, in ionad allmhaireoirí ag díol na dtáirgí ábhartha le tríú tíortha, agus theip air an leas seo a chur i gcothromaíocht vis-à-vis páirtithe eile na hEorpa. Maidir leis an argóint seo, níl aon fhianaise léirithe ag an imscrúdú seo go raibh allmhaireoirí ag ath-onnmhairiú an táirge lena mbaineann chuig tríú tíortha. Sa bhreis air sin, is tástáil dhiúltach go bunúsach í an tástáil maidir le leas an Aontais faoi Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, agus measadh leasanna ábhartha uile an Aontais agus an tástáil seo á déanamh sa chás seo.

(323)

Maidir le tionchar na mbeart ar na hallmhaireoirí, deimhníodh na cinntí sealadacha sa chros-seiceáil chianda a luaitear in aithris (13). D’éiligh allmhaireoir amháin nár thuairiscigh sé an corrlach brabúis a luaitear in aithris (317) den Rialachán sealadach, go ndéanfaí díobháil do leas na n-úsáideoirí dá gcuirfí an dleacht ar aghaidh chuig na húsáideoirí agus gur mí-úsáid cheart a bhí i dtionscnamh an imscrúdaithe ar thaobh na ngearánach, d’fhonn olagaplacht a neartú sa mhargadh. Maidir leis an gcorrlach brabúis, deimhníodh san imscrúdú gurb é an corrlach brabúis a luaitear in aithris (317) den Rialachán sealadach an ceann iomchuí nuair a bhí athdhíolacháin an táirge lena mbaineann san Aontas á meas. Thairis sin, cé go meastar leas na n-úsáideoirí sa roinn ábhartha den Rialachán reatha, mar a dhearbhaítear cheana in aithris (316) den Rialachán sealadach, níor tugadh aon fhianaise a chruthaíonn go bhfuil olagaplachtaí mí-úsáideacha ná iompar frith-iomaíoch ann. Ina theannta sin, níl aon imscrúdú ábhartha ar siúl. Ar aon chuma, ní líon an-íseal é seacht soláthraí do tháirgí áirithe san himthosca sin, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh gur táirgeoirí móra iad cuid acu agus go raibh acmhainn le spáráil acu.

(324)

Tar éis bearta sealadacha a fhorchur, tháinig roinnt mhaith allmhaireoirí neamhghaolmhara chun cinn agus éisteadh iad ina n-aonar agus/nó tugadh éisteacht chomhpháirteach dóibh. Faoi chuimsiú na n-éisteachtaí sin, rinneadh na hargóintí go raibh easpa soláthar leordhóthanach i margadh an Aontais, go háirithe i dtáirgí cóimhiotail chrua, chomh maith leis an leibhéal ard rátaí dleachta sealadaí, rud a chiallaíonn nach bhfuil na hallmhairí inmharthana ó thaobh tráchtála de a thuilleadh. Mar atá mínithe in aithris (321), ní féidir glacadh leis an argóint maidir le soláthar easpach. Maidir leis na leibhéil praghsanna sula ndearnadh na bearta a fhorchur, chruthaigh na praghsanna ísle éagóracha, arna gcur i bhfeidhm ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, neart deiseanna athdhíolachán do na hallmhaireoirí, mar a léiríonn corrlaigh arda brabúis na n-allmhaireoirí a samplaíodh, atá i bhfad níos airde ná na corrlaigh brabúis a baineadh amach sa tionscal de chuid an Aontais. Mar sin féin, ós rud é go bhfuarthas amach san imscrúdú go bhfuil na praghsanna sin ann mar thoradh ar chleachtais éagóracha dumpála, ní féidir an rochtain ar na táirgí seo ag na praghsanna sin a mheas mar ghnáthstaid margaidh.

(325)

D’éiligh allmhaireoir eile, O. Wilms, go mbeadh tionchar suntasach ag forchur na mbeart ar tháirge a dhéanann sé a allmhairiú ar a chustaiméir, arb é úsáideoir an táirge é, de bharr easpa soláthraithe eile san Aontas. D’éiligh an t-allmhaireoir go mbeadh riosca ann le forchur na mbeart go ndéanfaí an próiseas a dhéanann a gcustaiméir a athshocrú taobh amuigh den Aontas, agus go mbeadh tionchar diúltach ar an ngeilleagar agus ar an bhfostaíocht mar thoradh air sin. Maidir leis seo, níorbh é úsáideoir an táirge a bhfuil an táirge iartheachtach á tháirgeadh aige a rinne an argóint, ach ba iad na hallmhaireoirí a sholáthraíonn an táirge don úsáideoir. Dá réir sin, ní fhéadfaí creidiúnacht an éilimh maidir le hathshocrú a bhunú. Ina theannta sin, de réir European Aluminium, is féidir leis an tionscal de chuid an Aontais na táirgí go léir a thagann faoi raon feidhme an imscrúdaithe a sholáthar ar bhonn teicniúil. Thairis sin, ó tharla nár sholáthair úsáideoir an táirge lena mbaineann freagra ceistneora ná nár chomhoibrigh sé leis an imscrúdú, níorbh fhéidir meastóireacht bheacht a dhéanamh ar thionchar na mbeart ar a ghnó.

(326)

Tar éis an nochta deiridh, d’éiligh an t-allmhaireoir O. Wilms agus Haomei nach mbainfeadh tionscal an Aontais tairbhe as bearta toisc go dtiocfaidh allmhairí ó thríú tíortha in ionad allmhairithe ón tSín. Níorbh fhéidir glacadh leis an argóint sin toisc go gcuirfidh na bearta deireadh leis an mbrú praghais a chuireann allmhairí na Síne i bhfeidhm agus go gceadófar do thionscal an Aontais praghsanna a mhéadú, infheistíocht a dhéanamh agus dul san iomaíocht faoi ghnáthdhálaí margaidh.

(327)

Chomh maith leis sin, tar éis an nochta deiridh, mheabhraigh roinnt allmhaireoirí gur barraí agus slata faoi chód CN 7604 29 10 a bhí ina n-allmhairí den chuid is mó a bhfuil gá leo ar mhargadh an Aontais agus gur laghdaigh iomlán na n-allmhairí ó gach foinse faoin gcód sin thar an tréimhse 2017-2019. Mheabhraigh na páirtithe nach raibh méadú tagtha ar allmhairí ón tSín ach a mhéid a tháinig siad in ionad na n-allmhairí ón Rúis agus nach raibh siad díobhálach dá bhrí sin. Meabhraíonn an Coimisiún na barúlacha a thug sé roimhe seo maidir leis na saincheisteanna sin agus tugann sé dá aire go léirítear leis an argóint sin, nach mbaineann ach cuid den tréimhse a measadh, go bhfuil méadú tagtha ar allmhairí ón tSín. Ba cheart a mheabhrú, áfach, go ndearnadh anailís an Choimisiúin ar dhíobhálacha agus ar chúisíocht don táirge lena mbaineann ina iomláine, beag beann ar a aicmiú custaim agus níl páirtanailís ar chód amháin, is cuma cad é an toradh a d’fhéadfadh a bheith air, cinntitheach maidir leis an anailís fhoriomlán.

(328)

D’athdhearbhaigh na hallmhaireoirí freisin go bhfuil siad ag éileamh nach bhfuil praghsanna na n-allmhairí ón tSín faoi chód CN 7604 29 10 díobhálach agus go raibh siad d’ardchaighdeán. Arís, is mian leis an gCoimisiún a thabhairt le fios gur chumhdaigh a chomparáidí praghsanna a luaitear in aithris (224) sampla iomlán na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin agus modheolaíocht mhionsonraithe cineál ar chineál agus idirbheart ar idirbheart le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe á húsáid. Deimhníonn an Coimisiún, dá bhrí sin, go bhfuil torthaí an Choimisiúin ar shaincheisteanna praghais soiléir, ionadaíoch agus cruinn.

(329)

Dúirt na hallmhaireoirí arís nach raibh gá le bearta frithdhumpála toisc go raibh iargúltacht gheografach na Síne ina bhac leordhóthanach ar thrádáil. I bhfianaise na dtorthaí ón imscrúdú seo maidir le méid agus díobháil praghasanna, meabhraíonn an Coimisiún nár chuir iargúltacht gheografach cosc ar allmhairí Síneacha chun sciar den mhargadh a ghnóthú ná chun díol a dhéanamh ar phraghsanna a chuireann isteach go mór ar phraghsanna thionscal an Aontais. Dá thoradh sin, is trí dhleachtanna a fhorchur amháin is féidir cothroime iomaíochta a athbhunú.

(330)

D’éiligh na hallmhaireoirí agus Haomei go bhfuil méadú tagtha ar líon na n-agaí tionscanta i gcás cineálacha áirithe táirgí agus, nuair a bheidh éileamh an Aontais ann arís, tiocfaidh fadhbanna soláthair as sin do chineálacha áirithe táirgí agus beidh ganntanas agus praghsanna níos airde mar thoradh air sin. Mar sin féin, ba cheart a mheabhrú go bhfuil bearta frithdhumpála ceaptha chun praghsanna allmhairiúcháin a mhéadú chun a áirithiú go ndéanfar an iomaíocht chóir a athbhunú. Tá sé dosheachanta go mbeidh suaitheadh áirithe sa mhargadh le linn na tréimhse tosaigh. Mar a shonraítear in aithris (320), ní bheadh éifeacht dhíréireach ag aon chur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann i bhfianaise na dtairbhí a thiocfadh as bearta a fhorchur.

(331)

I bhfianaise na mbreithnithe seo, ba cheart na conclúidí a luaitear in aithris (317) den Rialachán sealadach maidir le tionchar na mbeart ar ghnó na n-allmhaireoirí a choimeád.

8.3.   Leas na n-úsáideoirí

(332)

Mar a luaitear in aithris (318) den Rialachán sealadach, faigheann mórán tionscal úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú, go príomha tionscal na tógála, an tionscal iompair, innealtóireachta agus le haghaidh feidhmeanna éagsúla eile.

(333)

Maidir le trí earnáil úsáideora thábhachtacha, eadhon tógáil, gluaisteáin agus innealtóireacht, ní bhfuair an Coimisiún aon bharúlacha tar éis na bearta sealadacha a fhorchur.

(334)

Ach fuair an Coimisiún barúlacha ó roinnt úsáideoirí a sholáthraíonn táirgí i gcomhair feidhmeanna eile. Tharraing na páirtithe seo aird ar thrí chineál fadhbanna féideartha: infhaighteacht soláthair, agaí fada tionscanta chun na táirgí a fháil ó tháirgeoirí an Aontais agus praghsanna níos airde. Seachas an t-úsáideoir Alstom a luaitear in aithris (337), níor chuir aon pháirtí eile freagra isteach ar an gceistneoir úsáideora.

(335)

D’éiligh roinnt páirtithe freisin, mar thoradh ar na costais bhreise de bharr na ndleachtanna, go mbeadh an táirge críochnaithe a tháirgeann siad, agus a úsáideann an táirge lena mbaineann mar ionchur, buailte ag breis iomaíochta ó tháirgí críochnaithe allmhairithe a chuimsíonn an táirge lena mbaineann ag am an allmhairiúcháin, agus dá bhrí sin nach dtabhaíonn siad dleachtanna frithdhumpála. D’fhéadfadh sé seo éifeachtaí diúltacha criticiúla a chruthú do ghníomhaíochtaí na gcuideachtaí.

(336)

I gcás ina bhfuair an Coimisiún sonraí a d’fhág gurbh fhéidir anailís a dhéanamh ar thionchar na ndleachtanna, léiríodh san anailís sin gur dóchúil go mbeadh tionchar na ndleachtanna inláimhsithe. Ach, i bhfianaise na staideanna éagsúla agus na n-éileamh arna gcur isteach ag na páirtithe, tugtar níos mó sonraí ar gach éileamh sna míreanna seo a leanas. Tar éis an nochta deiridh, chuir allmhaireoir i gcoinne úsáid an fhocail “inbhainistithe” toisc go measann sé nach féidir an tionchar ar úsáideoirí deiridh agus ar chustaiméirí a cháiliú amhlaidh. Mar sin féin, ós rud é nár cuireadh aon ghnéithe breise ar fáil chun tacú leis an éileamh sin, ba cheart anailís na míreanna seo a leanas a dheimhniú.

Tionscal iompair iarnróid

(337)

Maidir leis an tionscal iompair iarnróid, d’éiligh an monaróir traenacha Alstom nach mbeadh fáil leordhóthanach ar roinnt easbhrúnna laistigh de na hagaí tionscanta riachtanacha dá gceannófaí ó tháirgeoirí ón Aontas iad, agus gur fhulaing sé san am atá caite de bharr diúltú maidir le soláthar. Faoi chuimsiú a aighneachta, sholáthair Alstom sleachta rúnda cumarsáide le táirgeoirí ón Aontas, inar dhiúltaigh, a líomhnaítear, na táirgeoirí sin táirgí áirithe a sholáthar nó cloí le sonraíochtaí áirithe, nó réitigh mhalartacha bheartaithe. Ach, léirigh Alstom go bhfuil ar a laghad táirgeoir amháin ón Aontas in ann an raon iomlán táirgí a theastaíonn uaidh a sholáthar. Dá bhrí sin, mar a sheasann rudaí faoi láthair, is féidir leis an úsáideoir seo a tháirgí go léir a fháil ó tháirgeoirí de chuid an Aontais. Maidir leis na hagaí tionscanta féideartha, thabharfadh na bearta deis don tionscal de chuid an Aontais na hinfheistíochtaí riachtanacha a dhéanamh, chomh luath is a bhaintear an iomaíocht éagórach praghsála. Cé nach féidir agaí tionscanta níos faide a eisiamh i gcásanna áirithe, léiríonn an t-imscrúdú gur dhóchúil go mbeadh sé seo teoranta don tréimhse tosaigh, mar a dhéanann an t-úsáideoir an caidreamh teicniúil agus gnó riachtanach a thógáil (atógáil) leis an tionscal de chuid an Aontais, agus de réir mar a dhéanann an tionscal de chuid an Aontais breis infheistíochta.

(338)

D’éiligh an t-úsáideoir Alstom freisin, dá mbeadh sé thíos le costais mhéadaithe mar thoradh ar na bearta, go bhféadfadh sé go mbeadh an tionchar geilleagrach a bheadh ann dá bharr an-diúltach dá iomaíochas ar an margadh do rothstoic, go háirithe i bhfianaise na gcorrlach brabúis beag san earnáil iarnróid.

(339)

Ní féidir infhaighteacht táirgí ag praghsanna ísle éagóracha a mheas mar ghnáthstaid an mhargaidh ar féidir brath air. Thairis sin, chinn an t-imscrúdú, fiú dá leanfadh Alstom ag fáil an sciar céanna den táirge lena mbaineann ón tír lena mbaineann, go mbeadh tionchar na ndleachtanna faoi bhun 1 % dá chostas táirgeachta rothstoc le cabhail gluaisteáin alúmanaim agus faoi bhun 0,1 % de láimhdeachas iomlán na cuideachta. Ní chuirfeadh sé seo isteach go bunúsach ar bhrabúis na cuideachta ná ar a cumas páirt rathúil a ghlacadh i dtairiscintí.

(340)

Mar chonclúid, chuir an anailís ar thionchar féideartha na mbeart ar an úsáideoir seo ar a chumas don Choimisiún teacht ar an gconclúid nach mbeadh an tionchar seo díréireach fiú sa chás is mífhabhraí go gcaithfí leanúint d’allmhairiú an táirge lena mbaineann.

(341)

Tar éis an nochta deiridh, chuir an Coimisiún san áireamh freisin barúlacha ó Alstom maidir le tionchar na mbeart ar an tionscal iompair d’iarnród agus ar an Aontas i gcoitinne. Chuir Alstom in iúl go bhféadfadh fadhbanna a bheith acu maidir le cinnteacht an tsoláthair toisc gur gá go soláthródh táirgeoir aonair easbhrúnna le haghaidh creatlacha de chabhlacha carranna.

(342)

Thairis sin, ina aighneachtaí rúnda, rinne Alstom éilimh maidir leis an bhféidearthacht soláthar ó tháirgeoir amháin de chuid an Aontais a bheith earráideach mar gheall ar fhaisnéis rúnda a bhaineann le foinsiú Alstom agus caidreamh leis na soláthraithe. Beag beann ar an bhfíric nach ndearnadh an t-éileamh seo a thuairisciú ná achoimre a dhéanamh air i leagan neamhrúnda, ón bhfianaise starógach neamhiomlán a soláthraíodh, níorbh fhéidir conclúid ghinearálta a bhaint maidir le bailíocht an éilimh in aon chás.

(343)

D’éiligh Alstom freisin go mbeadh tionchar ag na bearta ar a gcumas conarthaí poiblí a fháil. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, go ndámhtar conarthaí den sórt sin ar bhonn roinnt fachtóirí, ní hamháin ar phraghas, agus nach gá gur fachtóir chinntitheach a bheadh i gceist le tionchar ar phraghsanna.

(344)

Ina theannta sin, d’éiligh Alstom go gcuirfeadh na bearta moill ar mhodh olliompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur i seirbhís. Chuirfeadh sé sin bac ar an gCoimisiún a chuid spriocanna a bhaint amach in earnáil an iompair toisc gur dhócha go gcuirfeadh Rialtais moill ar infheistíochtaí sa rothstoc nó go gcealódh siad iad.

(345)

Agus aird á tabhairt, áfach, ar an measúnú tionchair a luaitear in aithris (339)(340), coinníonn an Coimisiún a sheasamh nach rachadh forchur na mbeart in olcas, go suntasach, do shlándáil an tsoláthair Alstom ná dá chumas conarthaí poiblí a fháil. Ina theannta sin, measann an Coimisiún nach ndéanfaí difear d’iomaíochas an tionscail faoi dhálaí margaidh córa nua a mbeadh feidhm acu, agus dá bhrí sin, ní bheadh aon tionchar suntasach aige ar spriocanna an Choimisiúin san earnáil iompair.

(346)

Chuir UNIFE in iúl go bhfuil an earnáil iarnróid straitéiseach chun uaillmhian an Aontais a bhaint amach go mbeadh an earnáil neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 agus go gcuirfeadh na bearta sin isteach ar úsáid thapa rothra iarnróid atá déanta d’alúmanam mar gheall ar ghanntanas soláthair.

(347)

Mar sin féin, measann an Coimisiún gur cheart go mbeadh fáil ar easbhrúnna don tionscal iarnróid ó thionscal an Aontais nó ón tSín (dleacht frithdhumpála a íocadh) agus, dá bhrí sin, nach bhfuil ganntanas soláthair, más ann dóibh, níos measa mar gheall ar na bearta.

(348)

D’éiligh UNIFE agus Alstom freisin go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha ann don earnáil iarnróid. Ba iad na príomhéilimh a rinneadh ná go gcuirfeadh na bearta fostaíocht agus saineolas gnó i mbaol, agus go mbeadh easpa iomaíochais ann dá dheasca sin i gcomparáid le hoiliúint a chur ar thógálaithe lasmuigh den Aontas. Léiríonn torthaí an Choimisiúin in aithris (339), áfach, nach mbeidh tionchar suntasach ag na bearta ar an tionscal iarnróid. Dá bhrí sin, diúltaíonn an Coimisiún an t-éileamh go mbeidh tionchar suntasach ag na bearta ar iomaíochas agus ar fhostaíocht.

Suaitheadh margaidh

(349)

Chuir roinnt mhaith páirtithe leasmhara, a ndealraíonn sé go ndéanann siad próifílí alúmanaim a allmhairiú ón táirgeoir onnmhairiúcháin céanna, barúlacha isteach tar éis fhorchur na mbeart sealadach, ag éileamh go raibh suaitheadh i margadh an Aontais de bharr na mbeart sealadach. D’éiligh na húsáideoirí seo go n-imreodh forchur na ndleachtanna gan idirthréimhse, agus i lár na suaite de bharr phaindéim COVID-19, tionchar suntasach ar a ngnó agus go gcuirfeadh sé bac ar chomhlíonadh na gcuideachtaí le conarthaí a bhfuiltear ceangailte leo cheana. Go sonrach, d’éiligh siad go gcaillfí na hiarrachtaí go léir a rinneadh ar chaidreamh a thógáil idir custaiméirí agus soláthraithe agus go mbeadh gá lena atógáil. Ar na cúiseanna sin, d’iarr siad go mbeadh idirthréimhse ann a thabharfadh deis dul in oiriúint do na dleachtanna nó cinneadh gan dumpáil don táirgeoir onnmhairiúcháin a sholáthraíonn iad, mar fuarthas nach raibh sé ag dumpáil in imscrúdú frithdhumpála a rinne údaráis na hAstráile.

(350)

Maidir leis na héilimh seo, níl aon tionchar sa chás seo ag an toradh go raibh easpa dumpála ann in imscrúdú ar thríú tír. De bharr go líomhnaítear nach bhfuil cuideachta ag dumpáil i margadh na tríú tíre, ní chiallaíonn sé sin nach mbeadh sé ag dumpáil an táirge lena mbaineann i margadh an Aontais. Caithfidh na húdaráis imscrúdaithe i ngach dlínse an cinneadh seo a dhéanamh agus ní féidir lena dtorthaí a bheith ina gceangal ar na húdaráis in aon tír eile. Maidir le tionchar na mbeart ar ghnó na gcuideachtaí, cé go bhféadfadh an t-athrú soláthraithe dúshláin áirithe a chruthú do mhonaróirí beaga agus meánmhéide, mar a luaitear thuas, léirítear san imscrúdú go bhfuil an dóchúlacht ann go mbeadh sé seo teoranta do thréimhse tosaigh, de réir mar a dhéanann úsáideoirí an caidreamh riachtanach a thógáil (atógáil) leis an tionscal de chuid an Aontais.

(351)

Anuas ar na héilimh a thuairiscítear in aithris (349), d’éiligh úsáideoir amháin gur mar thoradh ar fhorchur na mbeart, go gcuirfí táirgí críochnaithe allmhairithe in ionad próifílí allmhairithe agus go gcaillfí poist san Aontas ar an obair phróiseála a dhéanann an chuideachta seo. Thairis sin, de bharr go líomhnaítear nach gcomhlíonann na táirgí críochnaithe a tháirgtear i dtríú tír na dianchaighdeáin chomhshaoil atá i bhfeidhm san Aontas, bheadh éifeacht dhiúltach comhshaoil ann de bharr fhorchur na ndleachtanna. Aithníonn an Coimisiún na féidearthachtaí seo; ach, toisc nár sholáthair an t-úsáideoir seo ach litir, agus nár fhreagair sé don fhreagra ceistneora, ní féidir meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na mbeart ar a ghnó.

(352)

D’éiligh úsáideoir eile, sa bhreis ar na héilimh a thuairiscítear in aithris (349), go bhféadfaí mar thoradh ar fhorchur na mbeart, táirgeacht na dtáirgí críochnaithe, a chuimsíonn an táirge lena mbaineann agus atá ar bun faoi láthair i mBallstát amháin den Aontas, a dhíláithriú chuig an tSín d’fhonn na dleachtanna a sheachaint, agus go mbeadh caillteanas suntasach post ann dá bharr sin. De réir na faisnéise a chuir an chuideachta seo ar fáil ina bharúlacha, áfach, ní sheasann na táirgí a dhíolann siad, a chuimsíonn an táirge lena mbaineann, ach do (6 – 11 %) de láimhdeachas na cuideachta. Mhínigh an chuideachta in éisteacht, mar sin féin, go raibh díolachán na dtáirgí seo ríthábhachtach dóibh toisc go raibh sé nasctha le raon iomlán táirgí a sholáthraíonn sé dá chustaiméirí. In aon chás, má íoctar na dleachtanna ar feadh tréimhse coigeartaithe fad agus atáthar ag féachaint ar fhoinsí eile soláthair, i gcás an-choimeádach (i.e. gan an breisluach ar na táirgí allmhairithe a mheas) bheadh costas breise cothrom le (1 – 4 %) den láimhdeachas i gceist, rud nach ndealraíonn a bheith díréireach. Ach, níor chuir an t-úsáideoir seo an ceistneoir isteach, áfach, mar sin níorbh fhéidir meastóireacht bheacht a dhéanamh ar thionchar na mbeart ar a ghnó.

(353)

Ar deireadh, maidir leis na húsáideoirí a luaitear in aithrisí (349) go (352), maidir leis an táirgeoir onnmhairiúcháin óna bhfaigheann na cuideachtaí seo a n-easbhrúnna, níor onnmhairigh sé ach méid teoranta den táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdaithe, cothrom le (0,5 – 1,5 %) de na hallmhairí den táirge lena mbaineann agus (< 0,2 %) de thomhaltas iomlán an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart tionchar an tsuaite fhéideartha a éilíonn na húsáideoirí ar leas foriomlán an Aontais a mheas mar thionchar a imrítear ar chuid an-bheag den mhargadh.

(354)

D’iarr úsáideoir a tháirgeann cuirtíní agus córais chúirtíní go mbeadh idirthréimhse dhá bhliain ann chun deis a thabhairt dul in oiriúint do na dleachtanna, i bhfianaise gur phróiseas fadálach é soláthraí iomchuí a aimsiú, go háirithe do tháirgeoir beag. Maidir leis an éileamh seo, chomh luath agus a dhéantar cinneadh maidir le dumpáil dhíobhálach, níl deonú idirthréimhse laistigh de theorainneacha dlí dhiscréid an Choimisiúin. Toisc nár sholáthair an t-úsáideoir seo freagra ceistneora, ní féidir dá réir sin meastóireacht bheacht a dhéanamh ar thionchar na mbeart ar a ghnólachtaí.

Fionraíochtaí taraifí féinrialaitheacha

(355)

D’éiligh dhá úsáideoir a onnmhairíonn táirgí faoin bhfionraí taraife féinrialaitheach nach féidir leor na táirgí a theastaíonn uathu a fháil ó tháirgeoirí ón Aontas.

(356)

Maidir leis an éileamh ón gcéad chuideachta, Stako Sp. z o.o., áfach, tagraíonn an Coimisiún d’aithris (71). Go deimhin, shainaithin na gearánaigh aon táirgeoir amháin ón Aontas atá in ann agus toilteanach an táirge a tháirgeadh agus a sholáthar. Thairis sin, de réir na faisnéise arna soláthar ag an úsáideoir seo, dealraíonn sé gur cheannaigh sé an táirge a theastaíonn uaidh ón tSín agus ó thríú tír eile araon, agus nach mbeidh tionchar ar bith ag na bearta ar na hallmhairí ón tír eile seo agus go mbainfidh siad tairbhe fós as an bhfionraí taraife, a bhfuil feidhm aige le taraifí custaim ó gach tríú tír.

(357)

D’éiligh an dara húsáideoir, a dhéanann allmhairiú faoin bhfionraí taraife féinrialaitheach, Bi Silque S.A., arna thacú ina éileamh ag allmhaireoir neamhghaolmhar (Airoldi), mar thoradh ar na bearta, go mbeadh iarmhairtí diúltacha ann dá ghnó i dtéarmaí caillteanas iomaíochais d’uireasa páirtithe ón Aontas a bheith ag táirgeadh na dtáirgí allmhairithe. I bhfianaise na faisnéise ar taifead arna soláthar ag European Aluminium, san am a caitheadh thairg aon táirgeoir amháin ón Aontas na táirgí atá i gceist ach diúltaíodh a thairiscint ar chúiseanna praghsála. Thairis sin, léiríonn European Aluminium go bhfuil ar a laghad ceithre tháirgeoir ón Aontas ann faoi láthair atá in ann agus toilteanach an táirge a tháirgeadh, mar a léirítear in aithris (78).

(358)

Maidir le tionchar na mbeart ar ghnólachtaí an dá chuideachta seo atá ag baint tairbhe as na fionraíochtaí taraife, aithnítear go bhféadfadh dúshláin áirithe a bheith ann más gá an soláthraí a athrú mar thoradh ar na bearta agus go mbeadh méadú ar chostais sa deireadh. Ach, ní féidir infhaighteacht na dtáirgí ag praghsanna ísle éagóracha a mheas mar ghnáthstaid mhargaidh ar féidir brath air. Ar deireadh, toisc nár thug na húsáideoirí seo freagra ceistneora, ní féidir meastóireacht bheacht a dhéanamh ar thionchar na mbeart ar a ngnólachtaí.

Dí-chomhchruinniú táirgeachta iartheachtaí

(359)

Rinne úsáideoir amháin a tháirgeann córais chosanta feithidí, e.g. le haghaidh fuinneog agus doirse, an argóint go raibh a ábhair ionchuir cumhdaithe ag na bearta frithdhumpála, cé nach raibh an táirge críochnaithe a tháirgeann sé cumhdaithe ag an raon táirge. Mar thoradh air sin, d’éiligh sé gur dóchúil go dtabharfadh forchur na ndleachtanna a chuideachta chuig an gconclúid dhosheachanta go mbeadh air an táirgeacht ar fad dá tháirge críochnaithe a aistriú chuig tríú tíortha, agus go gcaillfí poist san Eoraip dá bharr. Maidir leis an éileamh seo, fuair an Coimisiún nod ó European Aluminium go bhfuil an tionscal de chuid an Aontais in ann na cineálacha táirgí go léir a dhéantar a allmhairiú faoi láthair a tháirgeadh. Thairis sin, níor shonraigh an t-úsáideoir cibé a d’eascródh na hiarmhairtí líomhnaithe ar thug sé tuairisc orthu as neamh-infhaighteacht soláthair nó as an méadú ar chostais nó nár eascródh. Maidir leis an bhféidearthacht dheireanach seo, ní féidir infhaighteacht na dtáirgí ag praghsanna ísle éagóracha a mheas mar ghnáthstaid mhargaidh a mbeadh cuideachtaí in ann brath air. Thairis sin, níor thug an t-úsáideoir seo freagra ceistneora, mar sin ní féidir meastóireacht bheacht a dhéanamh ar thionchar na mbeart ar a ghnó.

(360)

D’éiligh an t-úsáideoir seo, sa bhreis air sin, nach bhfuil mórán táirgeoirí san Aontas in ann na heasbhrúnna leochaileacha a tháirgeadh leis an tiús balla íseal (< 1 mm) a theastaigh uathu. Bunaítear leis an imscrúdú áfach go bhfuil go deimhin táirgeoirí san Aontas ar féidir leo easbhrúnna a tháirgeadh le tiús balla fiú níos ísle ná an ceann a theastaíonn ón úsáideoir seo.

(361)

Tar éis an nochta deiridh, rinne ceithre úsáideoir aighneachtaí (Decora S.A., Bash-tec GmbH, Stako Sp. z o.o. agus Mat Inter) chun léiriú a thabhairt ar na bearta tionchair a bheadh acu ar a gcuideachtaí agus ar na hinfheistíochtaí a rinneadh, agus chun a chur in iúl nach raibh siad in ann táirgeoir de chuid an Aontais a aithint chun táirgí a bhí ag teastáil uathu a sholáthar. Luaigh beirt úsáideoirí na rioscaí a bhaineann lena n-oibríochtaí monaraíochta a dhúnadh bunaithe ar allmhairiú an táirge lena mbaineann, agus an fhostaíocht á cailleadh dá bharr sin, toisc go gcuirfí an táirge críochnaithe a tháirgeann siad faoi mhíbhuntáiste maidir leis an táirge críochnaithe de thionscnamh Síneach atá in iomaíocht. Ina aighneacht, d’ardaigh Haomei Group an t-ábhar imní sin freisin. D’fhreagair European Aluminium trína athdhearbhú go raibh cumas breise ag táirgeoirí an Aontais agus go mbeadh cuid acu in ann táirgí a sholáthar do na húsáideoirí lena mbaineann chun freastal ar a riachtanais. Chuir siad in iúl freisin nár cheart d’úsáideoirí a bheith ag súil le tairbhe a bhaint as praghsáil éagórach. Thug an Coimisiún dá aire go bhféadfadh tréimhse a bhaineann le suaitheadh sa mhargadh a bheith i gceist le bearta a fhorchur agus go mbeadh gá le soláthraithe a mhalartú, rud a bhféadfadh costais bhreise a bheith i gceist leis agus a mbeadh praghsanna ceannaigh níos airde mar thoradh air. Ní ón tSín a bhí an ceathrar úsáideoirí iompórtálaithe móra agus fuarthas cuid dá soláthairtí den táirge atá faoi imscrúdú ó fhoinsí neamh-Síneacha. Ina theannta sin, níor tugadh bunús le tionchar na mbeart ar na húsáideoirí sin ós rud é nár chuir siad freagraí isteach don cheistneoir mar a fhoráiltear san Fhógra tionscnaimh agus, dá bhrí sin, ní raibh bunús leordhóthanach le haon fhaisnéis airgeadais a cuireadh isteach agus ní fhéadfadh an Coimisiún í a scrúdú le haghaidh cruinnis. Tar éis an nochta deiridh bhreise, chuir Decora barúlacha nua isteach lenar athshonraíodh a seasamh maidir le tionchar na mbeart a moladh ina leith. Ní bhaineann na barúlacha le haon toradh nua a áirítear sa nochtadh deiridh breise, agus tá na torthaí agus na conclúidí ar thángthas orthu tar éis an nochta deiridh fós bailí.

8.4.   An chonclúid ar leas an Aontais

(362)

Ar bhonn a bhfuil thuas agus in éagmais aon bharúlacha eile, rinneadh na conclúidí a leagtar amach in aithris (329) den Rialachán sealadach a dheimhniú.

9.   LEAS AN AONTAIS AR BHONN AR AE27

(363)

Gach gné a nochtadh roimhe sin a bheith infheidhme go cothrom i gcomhthéacs AE27, deimhnítear na conclúidí mar a nochtadh cheana iad, go háirithe ós rud é go laghdódh an leibhéal dleachta níos ísle atá beartaithe tionchar na mbeart, más ann dóibh, ar allmhaireoirí agus úsáideoirí, agus an chosaint riachtanach á cur ar fáil do thionscal an Aontais ag an am céanna.

(364)

Tar éis an nochta deiridh bhreise, dúirt Airoldi agus Euranimi go raibh praghsanna níos airde, aga tionscanta níos faide agus praghsanna iompair níos airde mar thoradh ar bhearta a fhorchur. Níl aon bhailíocht ag an bpointe seo maidir leis an nochtadh a rinneadh agus ní raibh aon tionchar ann le linn na tréimhse a breithníodh. Dá bhrí sin, ní féidir an pointe seo a ghlacadh. Go deimhin, moltar sa nochtadh deiridh breise dleachtanna laghdaithe agus dá bhrí sin, is lú fós an tionchar a bheadh aige sin ar allmhaireoirí agus ar úsáideoirí i ndáil le leas an Aontais ná mar a bheadh i gcás AE28.

10.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

(365)

I bhfianaise na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht agus le leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála don tionscal de chuid an Aontais le hallmhairí dumpáilte den táirge lena mbaineann.

(366)

Chinn an Coimisiún an leibhéal díchuir díobhála agus comparáid á déanamh idir meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe atá ag na táirgeoirí comhoibríocha onnmhairiúcháin, mar atá leagtha síos do na praghsanna a dhéanann na ríomhanna a shladghearradh, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhalach an táirge chomhchosúil arna dhíol ag táirgeoirí samplála an Aontais ar mhargadh an Aontais (AE27) le linn na tréimhse imscrúdaithe. Rinneadh an difríocht a tháinig chun cinn ón gcomparáid sin a shloinneadh mar chéatadán de mheánluach ualaithe allmhairí CAL.

(367)

I dtéarmaí an chorrlaigh iarmharaigh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an corrlach tearcdhíola iarmharach a bhunú ar leibhéal 56,1 %. Socraíodh an corrlach sin ar leibhéal an chorrlaigh tearcdhíola is airde a leagadh síos do chineál táirge a díoladh i gcainníochtaí ionadaíocha in AE27, ar bhonn sonraí na dtáirgeoirí onnmhairithe comhoibritheacha.

(368)

Thug úsáideoir barúil go raibh spriocbhrabús 16 % neamhréalaíoch do thionscal na n-easbhrúnna, ach thug European Aluminium fianaise go raibh an corrlach brabúis a úsáideadh chun an praghas neamhdhíobhála a ríomh ag aithris (339) den Rialachán sealadach neamhleor, ag cur in iúl go raibh gá le 16 % má bhí an tionscal le teacht slán. Cé nach bpléann sé le leordhóthanacht na hargóinte seo, thug an Coimisiún dá aire go mbeadh úsáid an spriocbhrabúis ní b’airde neamhábhartha ós rud é go bhfuil an dleacht socraithe ar leibhéal na gcorrlach dumpála cheana féin. Dá bhrí sin, níl aon ghá na leibhéil maidir le díothú na díobhála a mhodhnú.

(369)

Ar bhonn lena bhfuil thuas, leagtar amach na rátaí a ndéanfar na dleachtanna a fhorchur mar a leanas:

Cuideachta

Corrlach dumpála (%)

An leibhéal maidir le díothú na díobhála (%)

Dleacht frithdhumpála (%)

Guangdong Haomei New Materials Co. Ltd.

21,2

29,8

21,2

Guangdong King Metal Light Alloy Technology Co. Ltd.

21,2

29,8

21,2

Press Metal International Ltd.

25,0

52,7

25,0

Press Metal International Technology Ltd.

25,0

52,7

25,0

Comhoibritheoirí eile

22,1

35,1

22,1

Gach cuideachta eile

32,1

56,1

32,1

(370)

Na rátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a bhí le linn an imscrúdaithe maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin, dá bhrí sin, infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhe a bhaint as na rátaí sin agus ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(371)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear a ráta aonair maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (40). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh chun a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta a bhfuil feidhm leis maidir léi.

(372)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a sholáthar d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór don sonrasc a bheith i gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(373)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má sholáthraítear sonrasc a chomhlíonann na riachtanais go léir a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ba cheart d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus d’fhéadfadh sé, ar nós i ngach cás eile, go n-éileoidh siad doiciméid bhreise (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun críocha cruinneas na sonraí sa dearbhú a dheimhniú agus chun a áirithiú go bhfuil údar maith le an ráta dleachta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin, i gcomhréir le dlí custaim.

(374)

Dá dtarlódh sé go dtiocfadh méadú suntasach ar mhéid na n-allmhairí de chuid ceann de na cuideachtaí a bhaineann tairbhe as na rátaí dleachta aonair níos ísle, go háirithe tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí méadú i méid mar sin a mheas ann féin mar athrú i bpatrún na trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé imscrúdú frith-imchéimnithe a thionscnamh, ar choinníoll go bhfuil na dálaí sin chun déanamh amhlaidh á gcomhlíonadh. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí scrúdú san imscrúdú seo, inter alia, ar an ngá atá le ráta(í) dleachta aonair a bhaint agus forchur dleachta ar fud na tíre ina dhiaidh sin.

(375)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith le dleacht frithdhumpála gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach freisin maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(376)

Mar a luaitear in aithris (202), tá tuairimí éagsúla ann maidir le nádúr na dtáirgí a dhearbhaítear faoi chód CN 7610 90 90. Dá bhrí sin, tá baol ann nach ndearbhaíonn oibreoirí an táirge lena mbaineann mar fhochóimeálacha nó fearais earraí críochnaithe faoi chód CN 7610 90 90 chun dul timpeall ar na bearta. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurb iomchuí monatóireacht a dhéanamh ar allmhairí na bhfochóimeálacha agus na bhfearas earraí críochnaithe d’fhonn an baol a íoslaghdú.

(377)

Tar éis an nochta deiridh, thacaigh European Aluminium leis an ngá le faireachán agus forfheidhmiú den sórt sin.

10.1.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(378)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a fuarthas agus leibhéal an díobhála a rinneadh don tionscal de chuid an Aontais, ba cheart na méideanna a daingníodh leis na dleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach, a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a bhunaítear faoin Rialachán reatha.

10.2.   Cúlghabhálacht

(379)

Mar a luaitear i Roinn 1.2, chuir an Coimisiún, tar éis iarraidh arna déanamh ag an ngearánach, allmhairí easbhrúnna alúmanaim faoi réir clárú de bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

(380)

Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís ar cibé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha.

(381)

Léiríodh in anailís an Choimisiúin gur thit na hallmhairí ón tír lena mbaineann faoi 22 % sa tréimhse ó mhí an Mhárta go mí Dheireadh Fómhair 2020, ar bhonn míosúil, i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdaithe. Léirigh sonraí a fuarthas ón tionscal de chuid an Aontais, cé gur thit a tháirgeacht agus a dhíolacháin ar mhargadh an Aontais sa tréimhse seo freisin, ní raibh an sciar den mhargadh caillte aige agus ní dhearna allmhairí na Síne gnóthachain shubstainteacha bhreise sa sciar den mhargadh sna míonna tar éis tionscnamh an imscrúdaithe seo.

(382)

Dá bhrí sin, níor comhlíonadh an coinníoll faoi Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán i ndearbh-théarmaí ná i dtéarmaí coibhneasta.

(383)

Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún nach raibh aon údar sa chás seo le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha don tréimhse inar cláraíodh na hallmhairí.

11.   FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

(384)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart go mbeadh an t-ús atá le híoc ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(385)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déantar dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí barraí, slat, próifílí (bíodh siad cuasach nó ná bíodh), feadán, píobáin; neamhchóimeáilte; cibé acu atá nó nach bhfuil sé ullmhaithe le húsáid i struchtúir (e.g. gearrtha san fhad iomchuí, druileáilte, lúbtha, seaimféaráilte, snáithithe); déanta as alúmanam, bíodh siad cóimhiotalach nó ná bíodh, nach bhfuil níos mó ná 99,3 % alúmanam ann, gan a leanas san áireamh:

(1)

táirgí ceangailte (e.g. trí tháthú nó le ceanglóirí) chun fochóimeálacha a dhéanamh;

(2)

feadáin agus píobáin tháthaithe;

(3)

táirgí i bhfearas pacáistithe leis na codanna riachtanacha chun táirge críochnaithe a chur le chéile gan bailchríoch ná monarú breise de na codanna (“fearas earraí críochnaithe”);

a thagann faoi láthair faoi chóid CN ex 7604 10 10, ex 7604 10 90, 7604 21 00, 7604 29 10, 7604 29 90, ex 7608 10 00, 7608 20 81, 7608 20 89 agus ex 7610 90 90 (cóid TARIC 7604101011, 7604109011, 7604109025, 7604109080, 7608100011, 7608100080, 7610909010) agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

2.   Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag na táirgí a bhfuil tuairisc orthu i mír 1 agus arna dtáirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Ráta dleachta (%)

Cód breise TARIC

Guangdong Haomei New Materials Co., Ltd.

21,2

C562

Guangdong King Metal Light Alloy Technology Co., Ltd.

21,2

C563

Press Metal International Ltd.

25,0

C564

Press Metal International Technology Ltd.

25,0

C565

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear in Iarscríbhinn

22,1

 

Gach cuideachta eile

32,1

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis a eiseoidh an sonrasc sin, a shainaithneofar le hainm agus le feidhm, arna dhréachtú mar a leanas: “Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tír seo: (an tír lena mbaineann). Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis sa sonrasc seo iomlán agus ceart.” Mura gcuirtear aon sonrasc den sórt sin i láthair, beidh feidhm leis an dleacht is infheidhme maidir leis na cuideachtaí uile eile.

4.   Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar sheachaint fhéideartha na mbeart, agus go háirithe faireachán a dhéanamh ar allmhairí táirgí ceangailte (e.g. trí tháthú nó le ceanglóirí) chun fochóimeálacha a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1(1) thuas agus fearais earraí críochnaithe dá dtagraítear i mír 1(3) thuas, faoi chóid TARIC 7610909091 agus 7610909092, faoi seach.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Déanfar na méideanna a fhaightear ón dleacht frithdhumpála shealadach faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1428 a bhailiú go cinntitheach. Scaoilfear na méideanna a urrófar atá níos mó ná rátaí cinntitheacha an dleachta frithdhumpála.

Airteagal 3

Ní ghearrfar dleacht frithdhumpála chinntitheach go cúlghabhálach i gcás allmhairí cláraithe. Ní choimeádfar sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1215 a thuilleadh.

Airteagal 4

D’fhéadfadh sé go ndéanfaí Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir na meándleachta frithdhumpála ualaithe iomchuí le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár cuireadh san áireamh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ní dhearna sé na hearraí a thuairiscítear in Airteagal 1(1) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdaithe (an 1 Iúil 2018 go dtí an 30 Meitheamh 2019);

(b)

ní baineann sé le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus

(c)

tá an táirge lena mbaineann onnmhairithe aige go hiarbhír nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdaithe.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, mar a modhnaíodh ina dhiaidh sin.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1215 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 a dhéanann allmhairí d’easbhrúnna alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad faoi réir clárú (IO L 275, 24.8.2020, lch. 16).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1428 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí easbhrúnna alúmanaim ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L, 336, 13.10.2020, lch. 8).

(4)  IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58.

(5)  Sa bhrí seo féach an breithiúnas den 13 Iúil 2011, ThyssenKrupp Liften Ascenseurs NV agus páirtithe eile v. An Coimisiún, Cásanna T-144/07, T-147/07, T-148/07, T-149/07, T-150/07 agus T-154/07, ECLI:EU:T:2011:364, mír 86. Féach freisin Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1/1958.

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1173 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheonaithe ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad i dtaca le fad tréimhse an réamhnochta (IO L 259, 10.8.2020, lch. 1)

(7)  Cinneadh an Ombudsman i gcás 924/2020/TE an 20 Deireadh Fómhair 2020.

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1480 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí earraí áirithe d’iarann teilgthe ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 211, 17.8.2017, lch. 14).

(10)  Féach an Fógra Tionscnaimh ag IO C 268, 14.8.2020, lch. 5.

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 553/2006 ón gCoimisiún 23 Márta 2006 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí coisbheart áirithe le huachtair leathair air ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 98, 6.4.2006, lch. 3). Rialachán (CE) Uimh. 1472/2006 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2006 lena bhforchuirtear dleacht chinntitheach frithdhumpála agus lena mbailítear go cinnte an dleacht shealadach a fhorchuirtear ar allmhairí coisbhirt áirithe le huachtair leathair ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Vítneam iad (IO L 275, 6.10.2006, lch. 1).

(12)  Féach breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2010 i gCás T-314/06, Whirlpool Europe Srl v An Chomhairle, ECR 2010 II-05005, mír 138.

(13)  Féach e.g. breithiúnas an 28 Feabhra 2018 i gCás C-301/16 P, An Coimisiún v Xinyi PV Products (Anhui), ECLI:EU:C:2018:132, mír 56.

(14)  Féach suíomh gréasáin Haomei áit a ndéantar cur síos ar chomórtas neartaithe páirtí i mí na Nollag 2019: http://www.haomei-alu.com/Newsview.aspx?i=1179 (arna rochtain an 17 Samhain 2020).

(15)  Féach suíomh gréasáin Foshan Nanhai Aluminium Profile Industry Association, áit a ndéantar cur síos ar imeacht neartaithe páirtí a bhí ar siúl i mí Mheán Fómhair 2020: http://www.napa.org.cn/news_detail.php?id=1878 (arna rochtain an 17 Samhain 2020 den uair dheireanach).

(16)  Prionsabal ginearálta dhlí an Aontais Eorpaigh (féach an breithiúnas an 3 Nollaig 1998 i gCás C-381/97, Belgocodex S.A, ECLI:EU:C:1998:589 agus breithiúnas an 26 Aibreán 2005 i gCás C-376/02, Stichting “Goed Wonen”, ECLI:EU:C:2005:251).

(17)  Féach fógra Guangdong Haomei IPO (Márta 2019): http://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN201904121318887721_1.pdf (arna rochtain go deireanach an 17 Samhain 2020).

(18)  Féach suíomh gréasáin Rialtas Bardasach Qingyuan, http://www.gdqy.gov.cn/gdqy/zxzx/bmdt/content/post_1171116.html (arna rochtain an 17 Samhain 2020 den uair dheireanach).

(19)  Féach suíomh gréasáin NDRC, Haomei New Materials a liostaítear le huimhir 1197 ar liosta oifigiúil na bhfiontar a bhfuil Stádas mar Lárionad Teicneolaíochta um Fhiontar Náisiúnta acu: https://www.ndrc.gov.cn/xxgk/zcfb/tz/202001/P020200109540064113144.pdf.

(20)  De réir IPO Haomei: ‘[Haomei] was recognised as a National Enterprise Technology Center and as a Guangdong Demonstration Base for Innovation and Industrialization of SMEs and received national and relevant local policy support’. Le fáil ag http://www.csrc.gov.cn/pub/zjhpublic/G00306202/201910/P020191015564364143717.pdf.

(21)  Féach suíomh gréasáin NDRC https://www.ndrc.gov.cn/xxgk/zcfb/tz/202001/t20200109_1218736.html.

(22)  Feách Bearta Bainistíochta don Aitheantas mar Lárionad Teicneolaíochta um Fhiontar Náisiúnta, le fáil ag http://www.gov.cn/xinwen/2016-03/24/5057350/files/3d4f511db7454c06a20ece567157662a.pdf (arna rochtain an 23.11.2020 den uair dheireanach).

(23)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2.

(24)  www.turkstat.gov.tr

(25)  Bunaíodh méideanna allmhairí ón tír lena mbaineann go sealadach mar a leanas. Measadh na méideanna go léir i gCóid CN 7604 21 00, 7604 29 10, 7604 29 90, 7608 20 81, 7608 20 89, mar tagann na táirgí go léir iontu faoin táirge lena mbaineann; Measadh freisin go raibh 95 % de na méideanna i gCód CN 7610 90 90 mar an táirge faoi imscrúdú don tír lena mbaineann amháin; measadh go raibh allmhairí an táirge lena mbaineann faoi Chóid CN ex 7604 10 10, 7604 10 90 agus 7608 10 00 diomaibhseach.

(26)  Sonraí bunaithe ar allmhairí arna dtuairisciú ag ocht mBallstát arb ionann iad agus 84 % d’allmhairí le linn na tréimhse imscrúdaithe. Méideanna arna n-eachtarshuí go hallmhairí i gcás gach Ballstát.

(27)  Fuarthas praghsanna an táirge lena mbaineann don tréimhse imscrúdaithe ó shonraí Chustaim Náisiúnta. Bhí na praghsanna seo 14 % níos airde ná an praghas do na cúig chód CN. Baineadh úsáid as an difríocht seo chun an praghas a shocrú le haghaidh na mblianta 2016 go 2018.

(28)  Is iad na hocht gCód CN: ex 7604 10 10, ex 7604 10 90, 7604 21 00, 7604 29 10, 7604 29 90, ex 7608 10 00, 7608 20 81 agus 7608 20 89.

(29)  Is iad na hocht gCód CN: ex 7604 10 10, ex 7604 10 90, 7604 21 00, 7604 29 10, 7604 29 90, ex 7608 10 00, 7608 20 81 agus 7608 20 89.

(30)  Rinneadh sonraí Eurostat a asbhaint i mí na Samhna 2020 agus dá bhrí sin tá difríochtaí beaga iontu ó na sonraí a leagtar amach sa Rialachán sealadach.

(31)  Sonraí bunaithe ar allmhairí arna dtuairisciú ag ocht mBallstát arb ionann iad agus 83 % d’allmhairí le linn na tréimhse imscrúdaithe. Méideanna arna n-eachtarshuí go hallmhairí i gcás gach Ballstát.

(32)  Fuarthas praghsanna an táirge lena mbaineann don tréimhse imscrúdaithe ó shonraí Chustaim Náisiúnta. Bhí na praghsanna seo 11 % níos airde ná an praghas do na cúig chód CN. Baineadh úsáid as an difríocht seo chun an praghas a shocrú le haghaidh na mblianta 2016 go 2018.

(33)  Is iad na hocht gCód CN: ex 7604 10 10, ex 7604 10 90, 7604 21 00, 7604 29 10, 7604 29 90, ex 7608 10 00, 7608 20 81 agus 7608 20 89.

(34)  Mar an gcéanna mar atá thuas.

(*1)  ós rud é go bhfuil tionchar íseal ag díolacháin leis an Ríocht Aontaithe – mar a thuairiscítear thíos – tá tomhaltas an Aontais bunaithe go páirteach ar fhigiúirí AE28, agus meastar iad a bheith ionadaíoch do AE27)

(*2)  ós rud é go bhfuil tionchar íseal ag díolacháin leis an Ríocht Aontaithe – mar a thuairiscítear thíos – tá sciar margaidh thionscal an Aontais bunaithe go páirteach ar fhigiúirí AE28, agus meastar iad a bheith ionadaíoch do AE27)

(35)  Rinneadh sonraí Eurostat a asbhaint i mí na Samhna 2020 agus dá bhrí sin tá difríochtaí beaga iontu ó na sonraí a leagtar amach sa Rialachán sealadach.

(36)  OECD (2019), ‘Measuring distortions in international markets: the aluminium value chain’, Páipéir Bheartais Trádála OECD, Uimh. 218, OECD Publishing, Páras (ar fáil ag: http://dx.doi.org/10.1787/c82911ab-en).

(37)  Teachtaireacht ón gCoimisiún, “An Comhaontú Glas don Eoraip”, COM(2019) 640 final.

(38)  Féach Rialachán (AE) 2019/2220 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1388/2013 lena n-osclaítear bainistiú cuótaí taraife uathrialacha de chuid an Aontais do tháirgí áirithe talmhaíochta agus tionscail (IO L 333, 27.12.2019, lch. 33) ag diúscairt do dhá tharaifchuóta fhéinrialaitheacha de (i) 2 000 tona ar shlata cóimhiotail alúmanaim le trastomhas 200 mm nó níos mó, ach gan a bheith níos mó ná 300 mm agus (ii) 1 000 tona ar shlata cóimhiotail alúmanaim le trastomhas 300,1 mm nó níos mó, ach gan a bheith níos mó ná 533,4 mm.

(39)  Féach Rialachán (AE) 2019/2197 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 (IO L 335, 27.12.2019, lch. 1) agus ina dhiaidh.

(40)  Commission européenne, Direction générale du commerce, Direction G, Rue de la Loi 170, 1040 Bruxelles, Belgique.

(41)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár samplaíodh

Ainm

Cód breise TARIC

Foshan Guangcheng Aluminium Co Ltd

C566

Foshan Modern Copper & Aluminum Extrusion Co.,Ltd.

C567

Foshan City Nanhai Yongfeng Aluminium Co., Ltd

C568

Foshan QianYang aluminium Co.,Ltd

C569

Foshan Sanshui Fenglu Aluminium Co., Ltd

C570

Foshan Sanshui Match Hardware Products Co., Ltd.

C571

Fuyao Group:

Fujian Fuyao Automotive Aluminium System Co.,Ltd

Jiangsu Fuyao Automotive Trim System Co., Ltd.

C572

Giant Light Metal Technology Co., Ltd.

C573

Goomax Metal Co., Ltd. Fujian

C574

Guangdong Huachang Aluminium Factory Co Ltd

C575

Guangdong Jiangsheng Aluminium Co., Ltd.

C599

Guangdong Jihua Aluminium Co., Ltd.

C576

Guangdong Nanhai Light Industrial Products Imp. & Exp. Co Ltd

C577

Guangdong Weiye Aluminium Factory Group Co., Ltd.

C578

Guangdong Xingfa Aluminium Co., Ltd

C579

Guangya Aluminium Industries Co., Ltd

C580

HOSHION Group:

Zhongshan Hoshion Smart Home Accessories Co., Ltd.

Cyma Precision Aluminium Co., Ltd.

Guangdong Hoshion Industrial Aluminium Co. Ltd.

C581

Jiangmen Cosco Shipping Aluminium Co., Ltd

C582

Jiangsu Asia-Pacific Light Alloy Technology Co., Ltd

C583

Jilin Qixing Aluminium Industries Co., Ltd

C584

JMA Group:

Foshan Jma Aluminium Co., Ltd

Guangdong JMA Aluminium Profile Factory (Group) Co., Ltd.

C585

PanAsia Aluminium (China) Limited

C586

Pingguo Jianfeng Aluminium Co., Ltd.

C587

Qingyuan Time Aluminum Co., Ltd.

C588

Shandong Huajian Aluminium Group:

Shandong Huajian Aluminium Group Co., Ltd

Shandong Huajian Aluminium Technology Co., Ltd

C589

Shandong Nanshan Aluminium Co., Ltd

C590

Shandong Nollvetec Lightweight Equipment Co.Ltd

C591

Shandong Xinyudong Aluminium Co., Ltd.

C592

Shenyang Yuanda Aluminium Industry Engineering Co., Ltd.

C593

Sihui Shi Guoyao Aluminum Co., Ltd

C594

Tai Shan City Kam Kiu Aluminium Extrusion Co., Ltd

C595

Tianjin Jinpeng Aluminium Profiles Manufacture Co., Ltd.

C607

Tongcheng Metal Material Co., Ltd

C596

Xinhe Group:

Guangdong Xinhe Aluminum Co., Ltd.

Guangdong Yaoyinshan Aluminium Co., Ltd.

Guangdong Xinhe Aluminium Xinxing Co., Ltd

C597

Yingkou Liaohe Aluminum Products Co., Ltd.

C598


30.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/60


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/547 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Márta 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta chun ADIS agus EUROPHYT a bhunú agus a úsáid, deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe, deimhnithe oifigiúla, deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla agus doiciméid tráchtála a eisiúint, sínithe leictreonacha a úsáid, agus feidhmiú TRACES, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 97/152/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i ndáil le sábháilteacht bia (1), agus go háirithe Airteagal 51 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (2) (“an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”), agus go háirithe pointí (b) go (f) den chéad mhír d’Airteagal 23, Airteagal 30(1)(b)(ii) agus pointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 35 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (3), agus go háirithe pointí (a), (b) agus (c) den chéad mhír d’Airteagal 104 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (4) (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla), go háirithe pointe (a) den chéad mhír d’Airteagal 58, pointe (f) den chéad mhír d’Airteagal 90, pointí (a) agus (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 102(6), Airteagal 103(6) agus pointí (a) go (d) agus pointe (g) den chéad mhír d’Airteagal 134 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún (5), leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla (CBFRO) agus a chomhpháirteanna córais, eadhon an córas lena gcuirtear chun feidhme na nósanna imeachta don Chóras Mear-Rabhaidh um Bia-ábhair agus Beathú agus Cúnamh agus Comhar Riaracháin (iRASFF), an córas chun fógra a thabhairt faoi ghalair ainmhithe agus í a thuairisciú (“ADIS”), an córas chun fógra a thabhairt faoi dhearbhú oifigiúil maidir le lotnaidí a bheith i bplandaí agus i dtáirgí plandaí ar chríoch na mBallstát (EUROPHYT) agus an Córas um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe chun sonraí, faisnéis agus doiciméid a mhalartú (TRACES). Leagtar síos leis freisin rialacha maidir leis na naisc riachtanacha idir na comhpháirteanna sin.

(2)

Leagtar síos leis freisin rialacha maidir leis an líonra le haghaidh fheidhmiú ADIS a bhunú agus liostú na réigiún maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú chun críche fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair ainmhithe.

(3)

Chun úsáid aonfhoirmeach ADIS ag na Ballstáit a áirithiú, leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún (6) rialacha maidir le formáid agus struchtúr na sonraí chun fógraí agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair, sonraí atá le cur isteach sa chóras sin, an fhormáid agus an nós imeachta maidir le tuairisciú chomh maith le spriocdhátaí agus minicíochtaí na bhfógraí agus an tuairiscithe.

(4)

Ba cheart comhrialacha maidir le pointí teagmhála líonra ADIS a áireamh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 maidir le fógraí agus tuairiscí don Aontas a chur isteach i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002. Chun rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, ba cheart forálacha maidir le huastréimhse stórála sonraí pearsanta in ADIS a áireamh sna rialacha sin freisin.

(5)

Ba cheart go leagfaí síos leis an Rialachán seo freisin rialacha a áireofar i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715, maidir leis na naisc is gá idir ADIS agus TRACES d’fhonn a áirithiú go malartófar go huathoibríoch sonraí ábhartha a bhaineann le fógraí don Aontas nó go gcuirfear ar fáil iad sa dá chóras, agus chun faisnéis ábhartha a sholáthar do chomhaltaí an líonra.

(6)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 leagtar síos rialacha maidir le TRACES a úsáid chun fógraí idircheaptha maidir le coinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réada eile ó Bhallstáit eile nó ó thríú tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina ngarchontúirt lotnaidí a thabhairt isteach nó a leathadh a chur chuig an líonra idircheaptha EUROPHYT. Foráiltear leis go ndéanfaidh pointe teagmhála an líonra idircheaptha EUROPHYT fógraí idircheaptha maidir le coinsíneachtaí a thrádáiltear san Aontas a chur isteach, agus go ndéanfaidh an t-oifigeach oifigiúil sláinte plandaí atá freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir leis na coinsíneachtaí sin fógraí idircheaptha maidir le coinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas a chur isteach.

(7)

Ós rud é go dtagann fógraí maidir le coinsíneachtaí idircheaptha plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a thrádáiltear san Aontas faoi raon feidhme na bhfógraí maidir le neamhchomhlíonadh earraí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/625 agus go bhfuil na fógraí sin le malartú in iRASFF idir pointí teagmhála líonra foláirimh agus pointí teagmhála líonra comhair, ba cheart fógraí faoi na coinsíneachtaí idircheaptha sin a dhéanamh in iRASFF.

(8)

D‘fhonn a áirithiú tuilleadh go n-úsáidfear iRASFF chomh maith chun fógraí a mhalartú maidir le coinsíneachtaí neamhchomhlíontacha plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a thrádáiltear san Aontas agus a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do shláinte plandaí, is iomchuí an sainmhíniú ar an téarma “fógra faoi neamhchomhlíonadh” a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 a athscríobh.

(9)

Ag an am céanna, chun mearbhall faoi bhrí an téarma “riosca” a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 a sheachaint, is gá an sainmhíniú sin a scriosadh, sainmhínithe áirithe ar fhógraí in iRASFF a oiriúnú ina n-ionad agus na catagóirí éagsúla riosca a shoiléiriú sna sainmhínithe sin.

(10)

Ar an gcaoi chéanna, chun mearbhall faoi bhrí na dtéarmaí sainmhínithe “líonra na calaoise bia” agus “fógra faoi chalaois bhia” a sheachaint i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 agus chun raon feidhme Rialachán (AE) 2017/625 a léiriú ar bhealach níos fearr sna téarmaí sainmhínithe sin, is gá na téarmaí sainmhínithe sin a athainmniú mar “líonra calaoise” agus “fógra calaoise” agus coigeartú a dhéanamh dá réir sin ar na forálacha go léir i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 a bhaineann le calaois bhia.

(11)

Foráiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 freisin go n-áireofar san fhaisnéis maidir le coinsíneachtaí idircheaptha a thagann isteach san Aontas an fhaisnéis a thaifead an t-oifigeach oifigiúil sláinte plandaí sa doiciméad coiteann iontrála sláinte (CHED) i gcomhréir le hAirteagal 55(2) agus Airteagal 56 de Rialachán (AE) 2017/625, faisnéis bhreise maidir leis na bearta a rinneadh i ndáil leis na coinsíneachtaí idircheaptha agus faisnéis maidir leis an gcoraintín a forchuireadh.

(12)

Ós rud é go bhfuil iontrálacha in CHED chun faisnéis a thaifeadadh maidir leis na bearta a rinneadh i ndáil le coinsíneachtaí idircheaptha, lena n-áirítear cásanna ina bhforchuirtear coraintín, ní gá fógra idircheaptha ina bhfuil an fhaisnéis chéanna a chur chuig TRACES freisin. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur leis an oibleagáid fógra idircheaptha ina bhfuil an fhaisnéis chéanna sin a chur chuig TRACES agus an oibleagáid na sonraí idircheaptha a thaifeadadh in CHED a chur ina hionad.

(13)

Thairis sin, ós rud é go mbeidh fógra le tabhairt in TRACES nó in iRASFF faoi aon neamhchomhlíontacht leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/625 a bhaineann le coinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas nó a thrádáiltear san Aontas, ba cheart gach foráil a bhaineann le fógraí idircheaptha EUROPHYT a scriosadh ó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715.

(14)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 leagtar síos rialacha maidir le húsáid CHEDanna leictreonacha agus maidir le heisiúint deimhnithe leictreonacha le haghaidh coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas. Áirítear sna rialacha sin ardleibhéil dearbhaithe maidir le fíorú céannachta na n-oifigeach deimhniúcháin sula ndeonaítear cumas sínithe leictreonacha agus maidir le ríomhstampa ama cáilithe a chur i bhfeidhm ar an síniú leictreonach arna ghiniúint ag tríú páirtí iontaofa.

(15)

Is léir ón taithí a fuarthas nach bhfuil gá leis na hardleibhéil dearbhaithe sin ós rud é go dtugann an sásra fíordheimhnithe leibhéal leordhóthanach dearbhaithe maidir leis an gcéannacht a mhaítear a bheith ag an sínitheoir roimh logáil isteach in TRACES, i gcóras náisiúnta Ballstáit, i gcóras deimhniúcháin leictreonaigh tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, níl an stampa ama riachtanach. Le sreabhadh slán sonraí laistigh de na córais agus idir na córais agus cur i bhfeidhm ríomhshéala cáilithe atá ceaptha chun am ceart, sláine agus cruinneas na sonraí a chruthú go hiontaofa, tugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha chun gur féidir aon athrú ar na sonraí ina dhiaidh sin a bhrath.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo leasuithe a thabhairt isteach ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 lena gceadaítear do thréidlianna oifigiúla, oifigigh sláinte plandaí oifigiúla agus oifigigh deimhniúcháin sínithe leictreonacha a úsáid in CHEDanna leictreonacha agus deimhnithe ag a bhfuil leibhéil dearbhaithe céannachta níos ísle agus gan stampa ama a thaifeadadh, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(17)

Ba cheart a áireamh sa Rialachán seo freisin leasuithe ar na rialacha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 maidir le heisiúint deimhnithe leictreonacha nó doiciméad tráchtála a ghabhann le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe a aistrítear idir na Ballstáit de bhun Airteagal 150, Airteagal 161(5), Airteagal 167(4), Airteagal 217 agus Airteagal 223(5) de Rialachán (AE) 2016/429, coinsíneachtaí seachtháirgí áirithe ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine agus a iompraítear laistigh den Aontas de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (8), agus coinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a onnmhairítear nó a athonnmhairítear ón Aontas de bhun Airteagal 100(5) agus Airteagal 101(6) de Rialachán (AE) 2016/2031. Ba cheart na rialacha sin a bheith cosúil leis na rialacha maidir le deimhnithe leictreonacha a eisiúint le haghaidh coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas.

(18)

Ós rud é go bhforáiltear le Rialachán (AE) 2016/2031 nach gcuirfear deimhnithe leictreonacha fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú nó athonnmhairiú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile ó chríoch an Aontais ar fáil ach amháin trí CBFRO, nó trí mhalartú leictreonach leis, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le rialacha a ionchorprú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 maidir le heisiúint na ndeimhnithe sin i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(19)

D’fhonn forfheidhmiú rialacha an Aontais a neartú, foráiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 go ndéanfaidh pointí teagmhála líonra TRACES liostaí de na sonraí tagartha áirithe is gá chun go bhfeidhmeoidh TRACES go maith a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta in TRACES. Áirítear ar na liostaí bunaíochtaí gnó bia arna bhformheas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus bunaíochtaí, plandaí agus oibreoirí a láimhseálann seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe, arna gceadú nó arna gclárú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(20)

Chun na críche céanna, leis an Rialachán seo ba cheart síneadh breise a chur leis na liostaí sin de shonraí tagartha ionas go n-áireofar ann bunaíochtaí agus oibreoirí cláraithe formheasta dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/429 chomh maith le hoibreoirí gairmiúla áirithe atá cláraithe de bhun Rialachán (AE) 2016/2031, a mhéid a bhaineann siad le gníomhaíochtaí trasteorann.

(21)

I bhfianaise tacaíocht a sholáthar d’ullmhú anailísí riosca na mBallstát le haghaidh cigireachtaí nó iniúchtaí maidir le hiompar ainmhithe beo, ba cheart poist rialaithe arna bhformheas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle (11) a áireamh freisin ar na liostaí sonraí tagartha, mar aon le hiompróirí údaraithe, tiománaithe údaraithe agus freastalaithe údaraithe, agus modhanna iompair formheasta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle (12).

(22)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2016/429 ón 21 Aibreán 2021, ba cheart go mbeadh feidhm freisin ón 21 Aibreán 2021 ag na leasuithe a bhaineann le ADIS, ag na naisc riachtanacha idir ADIS agus TRACES, agus ag leathnú liostaí na sonraí tagartha chun bunaíochtaí agus oibreoirí cláraithe formheasta a áireamh de bhun Rialachán (AE) 2016/429.

(23)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sonraí tagartha maidir le dea-fheidhmiú TRACES, ba cheart go mbeadh feidhm freisin ón 21 Aibreán 2021 ag leathnú liostaí na sonraí tagartha ó Rialacháin (CE) Uimh. 1255/97, (CE) Uimh. 1/2005 agus (AE) 2016/2031.

(24)

Ós rud é gur gá tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na córais iRASFF agus TRACES i ndáil le fógraí idircheaptha, ba cheart dáta chur i bhfeidhm na leasuithe ar Roinn 3 de Chaibidil 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 a chur siar go dtí an 1 Nollaig 2021.

(25)

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 97/152/CE ón gCoimisiún (13) an fhaisnéis atá le hiontráil i gcóras TRACES maidir le coinsíneachtaí ainmhithe nó táirgí ainmhithe ó thríú tíortha. Tá an Cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 12 de Chinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (14), airteagal a aisghaireadh le hAirteagal 146(1) de Rialachán (AE) 2017/625 le héifeacht ón 14 Nollaig 2019. Tá an fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 97/152/CE san áireamh anois in CHED-A agus in CHED-P i Roinn A agus i Roinn B de Chuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715. Ar mhaithe le soiléireacht agus le comhsheasmhacht, ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 97/152/CE a aisghairm.

(26)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) agus thug sé a thuairim uaidh an 14 Eanáir 2021.

(27)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 mar a leanas:

1.

i gCaibidil 1, leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

scriostar pointe (8);

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9):

“(9)

ciallaíonn ‘líonra RASFF’ an córas Mear-rabhaidh arna bhunú mar líonra le hAirteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 maidir leis na fógraí dá dtagraítear i bpointí (15) go (20) den Airteagal seo;”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (11):

“(11)

ciallaíonn ‘líonra calaoise’ an líonra atá comhdhéanta den Choimisiún, de Europol agus de na comhlachtaí idirchaidrimh arna n-ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2017/625 chun na críche sonraí an malartú faisnéise a éascú maidir le fógraí calaoise mar a shainmhínítear i bpointe (21);”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12):

“(12)

ciallaíonn ‘líonra foláirimh agus comhair’ líonra atá comhdhéanta de RASFF, AAC agus líonraí calaoise;”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (14):

“(14)

ciallaíonn ‘fógra faoi neamhchomhlíonadh’ fógra in iRASFF faoi neamhchomhlíonadh maidir leis na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/625 nach riosca é de réir bhrí Airteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005;”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (20):

“(20)

ciallaíonn ‘fógra faoi chead thar teorainn isteach a dhiúltú’ fógra in iRASFF maidir le diúltú baisc, coimeádáin nó lasta bia, ábhair teagmhála bia nó beatha i ngeall ar riosca dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005;”;

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (21):

“(21)

ciallaíonn ‘fógra calaoise’ fógra in iRASFF faoi neamhchomhlíonadh a bhaineann le gníomhaíocht a mheastar a rinne gnólachtaí nó daoine aonair d’aon ghnó chun ceannaitheoirí a mhealladh agus buntáiste míchuí a fháil as, de shárú ar na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/625;”;

(h)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (22):

“(22)

ciallaíonn ‘fógra bunaidh’ fógra faoi neamhchomhlíonadh, fógra foláirimh, fógra faisnéise, fógra nuachta, fógra calaoise nó fógra faoi chead thar teorainn isteach a dhiúltú;”;

(i)

scriostar pointí (33) agus (34);

2.

i gCaibidil 2, leasaítear Airteagal 6(2) mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

EUROPHYT agus TRACES, lena gceadaítear malartú sonraí maidir le fógraí ráigeanna EUROPHYT;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

iRASFF agus TRACES, lena gceadaítear malartú sonraí a bhaineann le taifid oibreoirí roimhe seo i ndáil le comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/625;”;

(c)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(d)

ADIS agus TRACES, lena gceadaítear malartú sonraí agus faisnéis a bhaineann le fógraí don Aontas.”;

3.

i gCaibidil 3, leasaítear Roinn 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Comhlachtaí idirchaidrimh atá freagrach as cineálacha áirithe faisnéise a mhalartú

Cuirfidh na Ballstáit in iúl cé na comhlachtaí idirchaidrimh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2017/625 atá freagrach as faisnéis faoi fhógraí calaoise a mhalartú.”;

(b)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Féadfaidh na Ballstáit pointe teagmhála a líonra calaoise a áireamh ina bpointe teagmhála aonair.”;

(c)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

“Airteagal 21

Fógraí calaoise

1.   Déanfaidh pointí teagmhála an líonra calaoise fógraí calaoise a mhalartú lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

an fhaisnéis ar fad a cheanglaítear le hAirteagal 16(1);

(b)

tuairisc ar an gcleachtas a mheastar a bheith calaoiseach;

(c)

na hoibreoirí atá páirteach a shainaithint, i gcás inar féidir;

(d)

faisnéis i dtaobh imscrúduithe póilíneachta nó breithiúnacha a bheith ar siúl maidir leis an gcleachtas a mheastar a bheith calaoiseach;

(e)

faisnéis maidir le haon treoir ó na póilíní nó ó na húdaráis bhreithiúnacha a luaithe a bheidh siad ar fáil agus is féidir iad a nochtadh.

2.   Cuirfidh pointí teagmhála an líonra calaoise aon fhaisnéis maidir le rioscaí sláinte in iúl do phointe teagmhála a líonra RASFF gan moill mhíchuí.

3.   Déanfaidh pointe teagmhála an Choimisiúin gach fógra calaoise a fhíorú tar éis a mhalartaithe, gan aon mhoill mhíchuí.”;

(d)

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Gan dochar do cheart rochtana an Choimisiúin de bhun Airteagal 8(2), ní bheidh rochtain ar fhógraí calaoise ach ag na pointí teagmhála de chuid an líonra calaoise a thugann fógra, dá tugtar fógra agus a n-iarrtar orthu.”;

(e)

in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   De mhaolú ar mhír 1, cumhdófar pointí (b), (c) agus (e) den mhír sin le fíorú ar fhógraí neamhchomhlíonadh, fógraí calaoise agus fógraí faoi chead thar teorainn isteach a dhiúltú.”;

(f)

in Airteagal 25(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

pointe teagmhála a thugann fógra chun neamhchomhlíonadh, calaois nó fógra leantach a tharraingt siar;”;

(g)

in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás ina mbaineann fógra maidir le neamhchomhlíonadh nó fógra calaoise le táirge de thionscnamh tríú tír nó arna dháileadh ar thríú tír nach bhfuil rochtain aici ar iRASFF ná ar TRACES, féadfaidh an Coimisiún an tríú tír sin a chur ar an eolas.”;

(h)

in Airteagal 28(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

malartóidh pointí teagmhála an líonra calaoise faisnéis maidir le fógraí calaoise trí ríomhphost;”;

4.

i gCaibidil 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 2:

“ROINN 2

ADIS

Airteagal 29

Líonra ADIS

1.   Ainmneoidh gach comhalta de líonra ADIS pointe teagmhála amháin ar a laghad a bheidh freagrach as sonraí agus faisnéis maidir le fógra agus tuairiscí don Aontas a chur isteach in ADIS i gcomhréir le hAirteagail 3, 4, 6, 7, 8, 11 agus 13 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún (*1).

2.   An liosta de na réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú, ar réigiúin iad a bhunaigh a Bhallstát agus a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002, déanfaidh gach pointe teagmhála de líonra ADIS é a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta in ADIS.

Airteagal 29a

Tréimhse stórála sonraí pearsanta

Déanfar sonraí pearsanta ó fhógraí agus ó thuarascálacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 29(1) a stóráil in ADIS ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana.

Airteagal 29b

Socruithe teagmhasacha le haghaidh ADIS

1.   I gcás nach bhfuil fáil ar ADIS, cuirfidh pointí teagmhála líonra ADIS isteach na sonraí agus an fhaisnéis maidir le fógraí an Aontais agus tuarascálacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 29(1) trí ríomhphost nó ar mhodh eile a shonraítear ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

2.   A luaithe a bheidh fáil ar ADIS arís, cuirfidh pointí teagmhála líonra ADIS isteach ann na sonraí agus an fhaisnéis a cuireadh isteach lasmuigh den chóras.

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe, maidir le formáidí agus nósanna imeachta chun cláir faireachais an Aontais agus cláir dhíothaithe a chur isteach agus a thuairisciú agus maidir le hiarratas ar stádas saor ó ghalair a chur isteach, agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe (IO L 412, 8.12.2020, lch. 1).”;"

5.

i gCaibidil 3, leasaítear Roinn 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

“Airteagal 30

Líonra ráigeanna EUROPHYT

Ainmneoidh gach comhalta de líonra ráigeanna EUROPHYT pointe teagmhála a bheidh freagrach as fógraí ráigeanna EUROPHYT a chur chuig EUROPHYT.”;

(b)

Scriostar Airteagail 31 agus 33;

6.

i gCaibidil 3, leasaítear Roinn 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35:

“Airteagal 35

Líonra TRACES

Gan dochar d’Airteagal 4(2), ainmneoidh gach comhalta de líonra TRACES pointe teagmhála amháin nó níos mó le haghaidh na bhfeidhmiúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 132(d) agus in Airteagal 133 de Rialachán (AE) 2017/625, agus i reachtaíocht eile de chuid an Aontais a thagraíonn do TRACES.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:

“Airteagal 39

Deimhnithe leictreonacha a eisiúint le haghaidh coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas agus sínithe leictreonacha a úsáid

1.   Na deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe, deimhnithe oifigiúla agus deimhnithe sláinte/oifigiúla ainmhithe le haghaidh coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas, comhlíonfaidh siad na ceanglais seo uile:

(a)

go n-eiseofar iad i gceann de na córais seo a leanas:

(i)

TRACES;

(ii)

córas náisiúnta Ballstáit;

(iii)

córas deimhniúcháin leictreonaigh tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta atá in ann sonraí a mhalartú le TRACES;

(iv)

córas deimhniúcháin leictreonaigh tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta atá in ann sonraí a mhalartú le córas náisiúnta Ballstáit;

(b)

go síneoidh oifigeach údaraithe iad lena shíniú/síniú leictreonach;

(c)

go mbeidh ríomhshéala ardleibhéil nó ríomhshéala cáilithe an údaráis eisiúna inniúil, nó síniú leictreonacha ardleibhéil nó síniú leictreonach cáilithe a ionadaí dhlíthiúil orthu.

2.   I gcás ina n-eiseofar deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe, deimhnithe oifigiúla agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla i gcomhréir le pointe (a)(iii) nó (iv) de mhír 1, ní bheidh gá le síniú leictreonach an oifigigh údaraithe.

3.   Tabharfar fógra don Choimisiún roimh ré go n-eiseofar deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe, deimhnithe oifigiúla agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla i gcomhréir le pointe (a)(iv) de mhír 1.

4.   Ní ghlacfaidh an t-údarás inniúil le deimhnithe leictreonacha fíteashláintíochta, mar is gá chun plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais i gcomhréir le Roinn 1 de Chaibidil VI de Rialachán (AE) 2016/2031, ach amháin sa chás go bhfuil siad eisithe de réir phointe (a)(i) nó (iii) de mhír 1 den Airteagal seo.”;

(c)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas i ndiaidh Airteagal 39:

“Airteagal 39a

Deimhnithe leictreonacha agus doiciméid tráchtála a eisiúint le haghaidh gluaiseachtaí ainmhithe agus earraí idir na Ballstáit agus sínithe leictreonacha a úsáid

Na deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe, deimhnithe oifigiúla agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla maidir le gluaiseachtaí ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí geirmeacha idir na Ballstáit, agus doiciméid tráchtála leictreonacha le haghaidh seachtháirgí ainmhithe áirithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil beartaithe lena gcaitheamh ag an duine agus a iompraítear go Ballstát eile, déanfaidh siad na ceanglais seo uile a chomhlíonadh:

(a)

go n-eiseofar in TRACES iad;

(b)

go síneoidh tréidlia oifigiúil nó oifigeach deimhniúcháin iad lena shíniú/síniú leictreonach;

(c)

go mbeidh ríomhshéala ardleibhéil nó ríomhshéala cáilithe an údaráis eisiúna inniúil orthu.

Airteagal 39b

Deimhnithe leictreonacha a eisiúint le haghaidh onnmhairiú agus athonnmhairiú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile agus sínithe leictreonacha a úsáid

Eiseofar deimhnithe leictreonacha fíteashláintíochta le haghaidh onnmhairiú nó athonnmhairiú plandaí, táirgí plandaí agus réad eile ó chríoch an Aontais chuig tríú tír i gceann de na córais seo a leanas:

(a)

TRACES, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an deimhniú na ceanglais seo uile:

(i)

go bhfuil sé sínithe ag oifigeach deimhniúcháin é lena shíniú/síniú leictreonach;

(ii)

go bhfuil ríomhshéala ardleibhéil nó ríomhshéala cáilithe an údaráis eisiúna inniúil air;

(b)

córas náisiúnta Ballstáit, ar choinníoll go gcomhlíonann an deimhniú na ceanglais seo uile:

(i)

go bhfuil sé sínithe ag oifigeach deimhniúcháin é lena shíniú/síniú leictreonach;

(ii)

go bhfuil sé tarchurtha chuig TRACES ar a dhéanaí tráth a shíníonn an t-oifigeach deimhniúcháin go leictreonach é agus go bhfuil an tarchur séalaithe le ríomhshéala ardleibhéil nó le ríomhshéala cáilithe an údaráis eisiúna inniúil.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

“Airteagal 41

Córas leictreonach CHED a úsáid

Is le ceann de na córais seo a leanas a úsáidfidh oibreoir nó údarás inniúil CHED i bhformáid leictreonach:

(a)

TRACES, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh CHED na ceanglais seo uile:

(i)

go bhfuil sé sínithe ag an oibreoir atá freagrach as an gcoinínseacht é lena shíniú/síniú leictreonach;

(ii)

go bhfuil sé sínithe ag an tréidlia oifigiúil, ag an oifigeach oifigiúil sláinte plandaí nó ag an oifigeach deimhniúcháin ag poist rialaithe teorann nó ag pointí rialaithe lena shíniú/síniú leictreonach;

(iii)

go bhfuil ríomhshéala ardleibhéil nó ríomhshéala cáilithe an údaráis eisiúna inniúil air;

(b)

córas náisiúnta Ballstáit, ar choinníoll go gcomhlíonann CHED na ceanglais seo uile:

(i)

go bhfuil sé sínithe ag an oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht é lena shíniú/síniú leictreonach;

(ii)

go bhfuil sé sínithe ag an tréidlia oifigiúil, ag an oifigeach oifigiúil sláinte plandaí nó ag an oifigeach deimhniúcháin ag poist rialaithe teorann nó ag pointí rialaithe lena shíniú/síniú leictreonach;

(iii)

go bhfuil sé tarchurtha chuig TRACES ar a dhéanaí tráth a dhéantar an cinneadh maidir leis an gcoinsíneacht ar bhonn rialuithe oifigiúla agus go bhfuil an tarchur séalaithe le ríomhshéala ardleibhéil nó cáilithe an údaráis eisiúna inniúil.”;

(e)

in Airteagal 42, scriostar mír 3;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45:

“Airteagal 45

Liostaí de shonraí tagartha

1.   Déanfaidh gach pointe teagmhála líonra TRACES liostaí de na nithe seo a leanas a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta in TRACES:

(a)

bunaíochtaí gnó bia atá formheasta ag údarás inniúil a Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004;

(b)

bunaíochtaí, plandaí agus oibreoirí a láimhseálann seachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe atá ceadaithe nó cláraithe ag údarás inniúil a Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009;

(c)

poist rialaithe a bhfuil formheas deonaithe ina leith ag údarás inniúil a Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle (*2);

(d)

iompróirí a dhéanann aistir fhada a bhfuil údarú deonaithe dóibh ag an údarás inniúil de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle (*3);

(e)

bunaíochtaí a áirítear i gclár na mbunaíochtaí formheasta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 d’Airteagal 101 de Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a aistríonn siad ainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha go Ballstát eile nó go nglacann siad ainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha ó thríú tír;

(f)

bunaíochtaí a áirítear i gclár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe formheasta agus na mbunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach dá dtagraítear in Airteagal 185(1)(b) agus (c) faoi seach de Rialachán (AE) 2016/429 sa mhéid go n-aistríonn siad ainmhithe dobharshaothraithe go Ballstát eile nó sa mhéid go bhfaigheann siad ainmhithe dobharshaothraithe ó thríú tír;

(g)

bunaíochtaí agus oibreoirí a áirítear i gclár na mbunaíochtaí agus na n-oibreoirí cláraithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 d’Airteagal 101 de Rialachán (AE) 2016/429 sa mhéid go n-aistríonn siad ainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha go Ballstát eile nó go nglacann siad ainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha ó thríú tír;

(h)

bunaíochtaí a áirítear i gclár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe cláraithe dá dtagraítear in Airteagal 185(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/429 sa mhéid go n-aistríonn siad ainmhithe dobharshaothraithe go Ballstát eile nó sa mhéid go bhfaigheann siad ainmhithe dobharshaothraithe ó thríú tír;

(i)

iompróirí a bhfuil údarú deonaithe dóibh ag an údarás inniúil de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005;

(j)

tiománaithe agus freastalaithe feithiclí bóthair a iompraíonn eachainmhithe clóis nó ainmhithe clóis de speiceas buaibheach, caorach, gabhair nó mucach nó éanlaithe clóis ar dheonaigh an t-údarás inniúil deimhniú inniúlachta ina leith de bhun Airteagal 17(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005;

(k)

modhanna iompair de bhóthar a úsáidtear le haghaidh aistir fhada agus soithí beostoic ar dheonaigh an t-údarás inniúil deimhniú formheasa ina leith de bhun Airteagal 18(1) agus Airteagal 19(1) faoi seach de Rialachán (CE) Uimh. 1/2005;

(l)

oibreoirí a áirítear i gclár na n-oibreoirí gairmiúla a thugann plandaí, táirgí plandaí agus réada eile isteach san Aontas a bhfuil deimhniú fíteashláintíochta ag teastáil ina leith dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 65(1) de Rialachán (AE) 2016/2031;

(m)

stáisiúin choraintín agus saoráidí gaibhniúcháin ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) 2016/2031 chun gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thugtar isteach i gcríoch an Aontais ó thríú tíortha.

2.   Cuirfidh na pointí teagmhála dá dtagraítear i mír 1 faisnéis in TRACES maidir le gach liosta dá dtagraítear sa mhír sin ag úsáid na sonraíochtaí teicniúla d’fhormáid na liostaí sin arna soláthar ag an gCoimisiún.

3.   Cuideoidh an Coimisiún leis na Ballstáit na liostaí dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) de mhír 1 a chur ar fáil don phobal trína bhfoilsiú ar a shuíomh gréasáin nó trí TRACES.

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1997 maidir le critéir Chomhphobail le haghaidh post rialaithe agus lena leasaítear an plean bealaigh dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 91/628/CEE (IO L 174, 2.7.1997, lch. 1)."

(*3)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1).”."

Airteagal 2

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh 97/152/CE.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021, cé is moite d’Airteagal 1(5) a mbeidh feidhm aige ón 1 Nollaig 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(2)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(3)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(4)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú an chórais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus sonraíochtaí comhpháirteanna an chórais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lch. 37).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe, maidir le formáidí agus nósanna imeachta chun cláir faireachais an Aontais agus cláir dhíothaithe a chur isteach agus a thuairisciú agus maidir le hiarratas ar stádas saor ó ghalair a aithint, agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe (IO L 412, 8.12.2020, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil beartaithe lena gcaitheamh ag an duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus ítimí atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil beartaithe lena gcaitheamh ag an duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 ón gComhairle an 25 Meitheamh 1997 maidir le critéir Chomhphobail le haghaidh post rialaithe agus lena leasaítear an plean bealaigh dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 91/628/CEE (IO L 174, 2.7.1997, lch. 1).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le hainmhithe a chosaint le linn iompair agus le linn oibríochtaí gaolmhara agus lena leasaítear Treoracha 64/432/CEE agus 93/119/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1255/97 (IO L 3, 5.1.2005, lch. 1).

(13)  Cinneadh 97/152/CE ón gCoimisiún an 10 Feabhra 1997 maidir leis an bhfaisnéis atá le hiontráil sa chomhad ríomhairithe maidir le coinsíneachtaí ainmhithe nó táirgí ainmhithe ó thríú tíortha a athsheoltar (IO L 59, 28.2.1997, lch. 50).

(14)  Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle an 13 Iúil 1992 maidir le nósanna imeachta tréidliachta allmhairithe a ríomhairiú (tionscadal Shift), lena leasaítear Treoracha 90/675/CEE, 91/496/CEE, 91/628/CEE agus Cinneadh 90/424/CEE, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 88/192/CEE (IO L 243, 25.8.1992, lch. 27).

(15)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


30.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/71


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/548 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Márta 2021

lena gcuirtear allmhairí cáblaí snáithíní optúla de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) iad (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 24 Meán Fómhair 2020, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (“an Fógra Tionscnaimh”), go dtionscnófaí imeacht frithdhumpála maidir le hallmhairí de cháblaí snáithíní optúla de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tSín”) tar éis do Europacable (“an gearánaí”) gearán a dhéanamh thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán an Aontais acu de cháblaí snáithíní optúla.

1.   TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A gCLÁRAITHE

(2)

Is é atá sa táirge atá faoi réir clárúcháin cáblaí snáithíní optúla aonmhóid, é comhdhéanta de shnáithín amháin nó níos mó a bhfuil gach ceann faoi seach ina thruaille féin, faoi chásáil chosanta, bíodh seoltóirí leictreacha (“OFC”) iontu nó ná bíodh, de thionscnamh na Síne (“an táirge lena mbaineann”). Cuirtear na táirgí seo a leanas as an áireamh: (i) cáblaí ina bhfuil na snáithíní optúla go léir feistithe ceann ar cheann le nascóirí oibríochta ag ceann amháin nó ag dhá cheann an chábla; agus (ii) cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí. Is éard atá sna cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí cáblaí plaisteacha inslithe de shnáithíní optúla a bhfuil seoltóir copair nó alúmanaim iontu agus snáithíní i modúl nó i modúil mhiotail.

(3)

An táirge lena mbaineann, is faoi chód AC ex 8544 70 00 (cód TARIC 8544700010) atá sé aicmithe faoi láthair. Is chun críche faisnéise amháin a thugtar cód AC agus TARIC.

2.   IARRAIDH

(4)

An 17 Nollaig 2020, thíolaic an gearánach iarraidh ar chlárúchán de bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. D’iarr an gearánach go gcuirfí allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir clárúcháin ionas gur féidir bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin ón dáta clárúcháin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar amach sa bhun-Rialachán.

3.   NA FORAIS LE CLÁRÚCHÁN A DHÉANAMH

(5)

De réir an ghearánaigh, bhí údar maith leis an gclárúchán mar bhí coinníollacha Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán comhlíonta ag an táirge. Go háirithe, d’áitigh an gearánach go raibh an táirge lena mbaineann á dhumpáil isteach san Aontas, ar mhéideanna a bhí ag méadú i rith an ama, tar éis an t-imeacht a thionscnamh, rud a rinne díobháil shuntasach do thionscal an Aontais agus a bhain an bonn d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna cinntitheacha poitéinsiúla.

(6)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an iarraidh i bhfianaise Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. D'fhíoraigh an Coimisiún go raibh na hallmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil maidir le méid na dumpála agus na díobhála a bhfuil sé líomhainte go ndearnadh iad nó faoina bhfuarthas amach, nó ar cheart iad a bheith ar an eolas fúthu. Rinne sé anailís freisin féachaint an raibh ardú suntasach breise ar allmhairí, i bhfianaise a uainithe agus a mhéid agus cúinsí eile, ardú ar dócha go mbainfidh sé an bonn go mór d'éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála cinntithí atá le cur i bhfeidhm.

3.1.   Feasacht na n-allmhaireoirí faoin dumpáil, faoi mhéid na dumpála agus an díobháil a rinne siad de réir na líomhaintí

(7)

Tá go leor fianaise ag an gCoimisiún go bhfuil allmhairí an táirge lena mbaineann ón tSín á ndumpáil. Go háirithe, chuir an gearánach fianaise ar fáil faoi dhumpáil bunaithe ar chomparáid a dhéanamh idir gnáthluach comhdhéanta ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna gan saobhadh, a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, agus praghas onnmhairiúcháin (ar an leibhéal díreach ón monarcha) an táirge lena mbaineann nuair a dhíoltar é lena onnmhairiú chuig an Aontas. Ar an mbonn sin, an corrlach 123 % a ríomhtar sa ghearán, is suntasach an corrlach atá ann.

(8)

Bhí an fhaisnéis sin san fhógra tionscnaimh, agus dá bhrí sin measann an Coimisiún go raibh na hallmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil nó gur cheart go mbeidís ar an eolas fúithi.

(9)

Mar fhreagra ar an iarraidh ar chlárúchán a bhí curtha isteach ag Europacable, is é a mhaígh Comhlachas Tráchtála na Síne um Allmhairiú agus Onnmhairiú Innealra agus Táirgí Leictreonacha (CCCME) nár comhlíonadh na ceanglais dlí maidir le clárúchán, toisc nár cuireadh san áireamh san iarraidh ar chlárúchán feasacht an allmhaireora ar dhumpáil mar aon leis an gceanglas maidir le hardú suntasach breise ar na hallmhairí. Go háirithe, de réir an pháirtí, aon mhéadú ar allmhairí nach dtarlódh de thoradh feasacht faoi bhearta ionchasacha, níor cheart go gcomhlíonfadh sé sin ceanglais dlí.

(10)

Maidir leis an maíomh sin, measann an Coimisiún go bhfuil an dá cheanglas sin le breithniú gach ceann faoi seach. Go deimhin, tacaíonn CCCME lena mhaíomh trí thagairt a dhéanamh do chinneadh ón gCúirt (3) a rinneadh le linn 10(4)(d) a léirmhíniú, seachas 10(4)(c), ar ceanglas ar leith é (agus é carnach) (4). Chuir CCCME cuid de na torthaí ar fáil agus ghlac sé as comhthéacs iad. Is léir ach an mhír a léamh ina hiomláine nach bhfuil baint ag an gcinneadh le léirmhíniú “feasachta”. Go deimhin, tacaíonn na torthaí sa chás sin le seasamh an Choimisiúin nuair a shonraíonn sé gur ón uair a foilsíodh an fógra maidir le himscrúdú a thionscnamh a bhí allmhaireoirí ar an eolas go bhféadfaí dleachtanna a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach ina dhiaidh sin. Tugann sé sin le fios go raibh allmhaireoirí ar an eolas faoi dhumpáil (nó gur cheart go mbeadh) ar an eolas faoi dhumpáil.

(11)

Maidir le feasacht na n-allmhaireoirí faoin dumpáil, measann an Coimisiún gur cheart do na hallmhaireoirí a bheith ar an eolas faoin dumpáil tríd an imscrúdú a thionscnamh agus an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara. Foilsítear an fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tá rochtain ag gach páirtí leasmhar uirthi agus ag na hallmhaireoirí chomh maith. Thairis sin, mar pháirtithe leasmhara san imscrúdú, tá rochtain ag na hallmhaireoirí ar an leagan neamhrúnda den ghearán. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh na hallmhaireoirí ar an eolas faoi na cleachtais dumpála líomhainte, faoi mhéid na dumpála agus faoin díobháil líomhainte go ndearnadh í ag an am sin, nó gur cheart dóibh a bheith ar an eolas faoi na cleachtais sin.

(12)

Maidir leis an méadú ar allmhairí, léirítear san anailís in aithrisí (19) agus (20) gur tháinig méadú suntasach ar na hallmhairí tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh, agus gur léir, mar gheall ar an méid ama a bhí ag teastáil idir an t-ordú agus an seachadadh, nach raibh an treocht sin le feiceáil láithreach bonn, ach níos mó ná 1 mhí amháin tar éis thionscnamh an imscrúdaithe. Léiríonn sé sin gur cinntí comhfhiosacha de chuid allmhaireoirí is cúis leis an méadú breise a thuairiscítear thíos i bhfianaise an imscrúdaithe agus go bhféadfadh sé go bhforchuirfí dleachtanna ar an táirge lena mbaineann.

(13)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ar an gcaoi sin gur comhlíonadh an chéad chritéar maidir le clárúchán.

3.2.   Méadú breise suntasach ar allmhairí

(14)

Ina iarraidh ar chlárú na n-allmhairí, mhaígh an gearánach go raibh ardú suntasach breise ar allmhairí. Chun na críche sin, d’úsáid an gearánach na Staitisticí Custaim Síneacha a léirigh go ndearna táirgeoirí Síneacha cáblaí snáithíní optúla + 9,5 % méideanna níos airde de chód táirge Síneach 8544.70.00 go dtí an tAontas (5) sa tréimhse ó mhí Eanáir go mí Dheireadh Fómhair 2020, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2019.

(15)

Chuir CCCME in aghaidh na bhfigiúirí a sholáthair an gearánach, ag maíomh nach raibh na staitisticí onnmhairiúcháin Síneacha iontaofa agus nár léirigh figiúirí Eurostat méadú ar allmhairí.

(16)

Rinne an Coimisiún measúnú dá cuid féin ar bhonn sonraí iomlána agus nuashonraithe atá ar fáil sa bhunachar sonraí faireachais, gan staitisticí onnmhairiúcháin na Síne a chur san áireamh.

(17)

Rinne an Coimisiún comparáid idir leibhéal na n-allmhairí ón gcéad mhí iomlán tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh (Deireadh Fómhair 2020) go dtí an mhí iomlán is déanaí a bhí ar fáil (Eanáir 2021) leis na méideanna comhfhreagracha allmhairí sa tréimhse chéanna den bhliain roimhe sin (Deireadh Fómhair 2019 – Eanáir 2020).

(18)

Sular tionscnaíodh an t-imscrúdú sin, ní raibh aon chód TARIC sonrach ann don táirge lena mbaineann. Rinne an Coimisiún an cion d’allmhairí an táirge lena mbaineann a ríomh (a dhearbhaítear faoi chód TARIC 8544700010) sa tréimhse Deireadh Fómhair 2020 – Eanáir 2021 (32,85 %). Bhí an cion sin i gcomhréir leis an gceann a soláthraíodh sa ghearán freisin, agus measadh gur leor é le haghaidh na tréimhse ó Dheireadh Fómhair 2019 go dtí Eanáir 2020. Measadh gur cur chuige coimeádach é sin ós rud é nach bhfuil imscrúdú á dhéanamh ar an gcuid eile de na táirgí a áirítear faoi chód AC 8544 70 00, agus níor shainaithin an Coimisiún aon chúis a thabharfadh le fios go mbeadh méadú ar na hallmhairí sin. Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ón tSín:

An tréimhse tar éis an tionscnaimh

Allmhairí chuig EU27 (kg – cód iomlán AC)

Allmhairí chuig EU27 (kg – an táirge lena mbaineann)

An tréimhse roimh an tionscnamh

Allmhairí chuig EU27 (kg – cód iomlán AC)

Allmhairí chuig EU27 (kg – meastachán ar an táirge lena mbaineann)

Méadú % (tar éis an tionscnaimh vs roimh an tionscnamh)

Deireadh Fómhair 2020

2 302 136

744 914

Deireadh Fómhair 2019

2 482 783

815 622

-8,7

Samhain 2020

2 035 304

527 452

Samhain 2019

1 871 467

614 798

-14,2

Nollaig 2020

2 519 501

745 918

Nollaig 2019

1 421 222

466 888

59,8

Eanáir 2021

3 615 579

1 422 058

Eanáir 2020

2 439 294

801 336

77,5

Iomlán

10 472 519

3 440 342

 

8 214 766

2 698 645

27,5

Foinse: Sonraí faireachais ó Chustam an Aontais

(19)

Rinne an Coimisiún comparáid freisin idir na meán-allmhairí míosúla le linn na tréimhse imscrúdaithe (Iúil 2019 go Meitheamh 2020) agus na meán-allmhairí míosúla sna 4 mhí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe (Deireadh Fómhair 2020 go hEanáir 2021). Léirigh an chomparáid, faoi mar a shonraítear sa tábla thíos, go raibh méadú 15,05 % ann.

Cód AC iomlán

An táirge lena mbaineann

Méadú % tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh

An meán míosúil tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh

An meán míosúil (Iúil 2019 – Meitheamh 2020)

An meán míosúil tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh

An meán míosúil (Iúil 2019 – Meitheamh 2020)

2 618 130

2 275 551

860 086

747 544

15,05

Foinse: Sonraí faireachais ó Chustam an Aontas

(20)

Rinne an Coimisiún cros-seiceáil ar an bhfaisnéis thuas le foinsí eile faisnéise a bhí ar fáil, lena n-áirítear foirmeacha samplála agus freagraí ar cheistneoirí ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin chomh maith le Eurostat, freagraí a thug le fios go bhféadfadh sé go ndearnadh gannmheastachán ar na méideanna allmhairí thuas arna bhfoinsiú ó bhunachar sonraí faireachais ó Chustam an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar an gcúis atá leis na neamhréireachtaí sin, lena n-áirítear an ráta comhshó idir na haonaid tomhais éagsúla. Mheas an Coimisiún nach ábhar amhrais é mar gheall ar an bpointe sin agus gur cheart go measfaí na méideanna allmhairí a tuairiscíodh thuas a bheith iontaofa i gcás na hanailíse seo. Ina theannta sin, dá ndéanfaí gannmheastachán ar mhéideanna allmhairí a choigeartú, tharlódh nach mbeadh de thoradh air sin ach na conclúidí ar thángthas orthu sa Rialachán seo a neartú.

(21)

Dá bhrí sin, ba dhóigh leis an gCoimisiún gurbh é a bhí sa meánmhéadú 27,5 % sna míonna tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh ná ardú suntasach ar allmhairí de réir bhrí Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. Ar an gcaoi chéanna, is suntasach an méadú 15,05 % ar bhonn mheán míosúil na 4 mhí tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh leis na meán-allmhairí míosúla le linn IP.

(22)

Dá bharr sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh an dara critéar maidir le clárúchán freisin.

3.3.   An bonn a bhaint d'éifeacht cheartaitheach na dleachta

(23)

Tá go leor fianaise ag an gCoimisiún go mbeadh díobháil bhreise ann mar thoradh ar mhéadú leanúnach ar allmhairí ón tSín, rud a laghdódh praghsanna a thuilleadh.

(24)

Mar a shuítear in aithrisí (13) go (18), tá go leor fianaise ann go bhfuil ardú substaintiúil tagtha ar allmhairí an táirge lena mbaineann. Is dócha go mbainfidh sé sin an bonn go mór ó éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna atá le cur i bhfeidhm. Go deimhin, tá sé réasúnach glacadh leis go bhféadfaidh allmhairí an táirge i dtrácht an sciar den mhargadh a mhéadú a thuilleadh sula nglacfar bearta sealadacha, más ann dóibh, ós rud é go gcuirfí na bearta sin i bhfeidhm thart ar an dara leath de Bhealtaine 2021 ar a dhéanaí.

(25)

Go deimhin, tá margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha agus é ina mhargadh mór OFC nach bhfuil aon bhearta cosanta trádála i bhfeidhm ann, rud atá contrártha le margaí eile, cuir i gcás na Stáit Aontaithe (ina bhfuil dleachtanna 25 % i bhfeidhm (6)). Is amhlaidh is tarraingtí an margadh i ngeall ar chumas suntasach barrachais na Síne i gcás an táirge sin a mheastar gur mó é ná dhá oiread mhargadh an Aontais ina iomláine ar bhonn na faisnéise speisialaithe margaidh a chuir na gearánaigh ar fáil. Chomh maith leis sin, tá an t-uainiú ríthábhachtach mar cuireadh tús le tairiscint mhór an táirge lena mbaineann in Eanáir 2021 le haghaidh conradh soláthair ilbhliantúil do chion suntasach tomhaltais sa Fhrainc.

(26)

Ina theannta sin, agus aird á tabhairt air go bhfuil costais sheasta arda ag tionscal an Aontais, is léir go dtitfidh an sciar den mhargadh agus go dtitfidh brabúsacht an táirgthe sa tréimhse idir tionscnamh na mbeart agus a bhforchur ar deireadh.

(27)

Lena chois sin, tá praghsanna allmhairiúcháin an táirge lena mbaineann sa tréimhse Deireadh Fómhair 2020-Eanáir 2021 íseal. Léirítear i mbunachar sonraí Fhaireachas 2 go raibh an meánluach in aghaidh an kg d’allmhairí Síneacha faoi chód AC 8544 70 00 thart ar 24 % níos ísle i nDeireadh Fómhair 2020-Eanáir 2021 ná mar a bhí i nDeireadh Fómhair 2019-Eanáir 2020. Is léiriú é sin ar mheánphraghsanna an táirge lena mbaineann, ós rud é go bhfuil cion na n-allmhairí den táirge lena mbaineann sa dá thréimhse lé chéile (léiríonn sonraí faireachais ó Chustam an Aontais don tréimhse Deireadh Fómhair 2020-Eanáir 2021 gurb é atá sa táirge lena mbaineann thart ar 33 % de na hallmhairí iomlána faoi chód AC 8544 70 00, an chomhréir atá líomhnaithe sa ghearán). Dearbhaítear leis an méid sin roimhe iompar praghsála na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha a thuairiscítear sa ghearán.

(28)

Maidir leis an méadú suntasach breise ar allmhairí a breathnaíodh tar éis an t-imscrúdú a thionscnamh (Nollaig agus Eanáir go háirithe), arna éascú leis an ró-acmhainn atá ann cheana sa tSín agus arna spreagadh le tarraingteacht mhargadh an Aontais, is dócha go bhfuil an méadú sin ag baint an bhoinn go mór ó éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart, go háirithe i bhfianaise an tionchair chomhchruinnithe a bheidh acu i rith tréimhse ghearr, an uainithe chriticiúil a bhaineann le tairiscintí áirithe, agus na bpraghsanna ísle atá i gceist. Níl aon fhaisnéis ar comhad maidir le cúinsí eile a dhéanfadh an measúnú sin a dhíchruthú.

(29)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh an tríú critéar maidir le clárúchán allmhairí freisin.

3.4.   Conclúid

(30)

Ar bhonn an mhéid sin thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh go leor fianaise ann chun údar a thabhairt le hallmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

4.   NÓS IMEACHTA

(31)

Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil. Thairis sin, féadfaidh an Coimisiún éisteacht le páirtithe leasmhara, ar choinníoll go ndéanfaidh siad iarraidh i scríbhinn agus go gcuirfidh siad in iúl go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a thabhairt dóibh.

5.   CLÁRÚCHÁN

(32)

De bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, ba cheart allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir clárúcháin chun a áirithiú, dá mba rud é go bhforchuirfí dleachtanna frithdhumpála mar thoradh ar thorthaí an imscrúdaithe, go bhféadfar na dleachtanna sin, más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha is gá, a thobhach go cúlghabhálach i leith na n-allmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme.

(33)

Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé.

(34)

Maidir leis na líomhaintí sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar meánchorrlach dumpála 123 % a bheith ann agus meánleibhéal maidir le díothú díobhála 43 % le haghaidh an táirge lena mbaineann. Ar an mbonn sin, is féidir méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a mheas ag an leibhéal maidir le díothú na díobhála a líomhnaítear sa ghearán, eadhon suas le 43 % ad valorem ar luach allmhairiúcháin CAL an táirge lena mbaineann.

(35)

Má chuirtear san áireamh na deacrachtaí a bhaineann le méideanna in aonaid tomhais éagsúla a chur i gcomparáid le chéile, mar a thuairiscítear thuas in aithris (20), measann an Coimisiún gurb iomchuí ciliméadair a úsáid chun críche monatóireachta sna sonraí allmhairí, lena n-áirítear faisnéis faoi fhad na gcáblaí. Dá bhrí sin, iarrtar ar na húdaráis chustaim na sonraí a bhailiú.

6.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(36)

Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a dhéileálfar le haon sonraí pearsanta a bailíodh san imscrúdú seo .

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Dírítear leis seo ar na húdaráis chustaim, de bhun Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na bearta iomchuí a ghlacadh chun allmhairí cáblaí snáithíní optúla aonmhóid a chlárú, cáblaí atá comhdhéanta de shnáithín amháin nó níos mó atá i dtruaillí ceann ar cheann, ar a bhfuil cásáil chosanta, bíodh seoltóirí leictreacha iontu nó ná bíodh, a thagann faoi chód AC ex 8544 70 00 (cód TARIC 8544700010) atá ann faoi láthair agus atá de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. Cuirtear na táirgí seo a leanas as an áireamh:

(i)

cáblaí ina bhfuil na snáithíní optúla go léir feistithe ceann ar cheann le nascóirí oibríochta ag ceann amháin nó ag dhá cheann an chábla; agus

(ii)

cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí. Is éard atá sna cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí cáblaí plaisteacha inslithe de shnáithíní optúla inslithe, a bhfuil seoltóir copair nó alúmanaim iontu agus snáithíní i modúl nó i modúil mhiotail.

2.   Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn, fianaise thacaíochta a chur ar fáil nó éisteacht a iarraidh laistigh de 21 lá ó dháta foilsithe an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Léireoidh an dearbhú custaim fad an táirge ina chiliméadair a thuairiscítear in Airteagal 1(1), ar choinníoll go bhfuil an tásc sin comhoiriúnach le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (8).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO C 316, 24.9.2020, lch. 10.

(3)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta (an Dara Dlísheomra) an 8 Bealtaine 2019, Stemcor London Ltd agus Samac Steel Supply Ltd v an Coimisiún Eorpach, Cás T-749/16, mír 74

(4)  Id. mír 46.

(5)  Is é atá sna sonraí sin sonraí faoi allmhairí chuig EU27.

(6)  Déan tagairt do: https://hts.usitc.gov/view/China%20Tariffs?release=2020HTSARev16

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1), Iarscríbhinn I “Ainmníocht Chomhcheangailte”.


30.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 109/77


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/549 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Márta 2021

lena leasaítear den 319ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da'esh) agus Al-Qaida

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da'esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

(2)

An 23 Márta 2021, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe leasú a dhéanamh ar ocht n-iontráil i liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

An tArd-Stiúrthóir

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)  IO L 139, 29.5.2002, lch. 9.


IARSCRÍBHINN

Déantar na sonraí aitheantais le haghaidh na n-iontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal “Daoine nádúrtha” in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú mar a leanas:

(1)

“Khalifa Muhammad Turki Al-Subaiy (ailias: (a) Khalifa Mohd Turki Alsubaie, (b) Khalifa Mohd Turki al-Subaie, (c) Khalifa Al-Subayi, (d) Khalifa Turki bin Muhammad bin al-Suaiy, (e) Abu Mohammed al-Qatari, (f) Katrina). Dáta breithe: 1.1.1965. Áit bhreithe: Doha, Catar. Náisiúntacht: Catarach. Pas Uimh.: 00685868 (eisíodh in Doha an 5.2.2006 agus chuaigh as feidhm an 4.2.2011). Cárta aitheantais uimh.: 26563400140 (Catar). Seoladh: Doha, Catar. Faisnéis eile: Ainm a mháthar: Hamdah Ahmad Haidoos. An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(4)(b): 10.10.2008.”

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:

“Khalifa Muhammad Turki Al-Subaiy (script bhunaidh: خليفة محمد تركي السبيعي) (ailiasanna láidre: (a) Khalifa Mohd Turki Alsubaie; (b) Khalifa Mohd Turki al-Subaie; (c) Khalifa Al-Subayi; (d) Khalifa Turki bin Muhammad bin al-Suaiy; ailiasanna neamhláidre: (a) Abu Mohammed al-Qatari; (b) Katrina). Dáta breithe: 1.1.1965. Áit bhreithe: Doha, Catar. Náisiúntacht: Catarach. Uimh. pas: (a) 1353275 (uimhir pas Catarach, rachaidh as feidhm an 12.6.2022); (b) 00685868 (uimhir pas Catarach, eisíodh in Doha an 5.2.2006 agus chuaigh as feidhm an 4.2.2011). Uimh. aitheantais náisiúnta: 26563400140 (uimhir aitheantais Chatarach). Seoladh: Al-Laqtah, Catar. Faisnéis eile: Ainm na máthar: Hamdah Ahmad Haidoos. An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 10.10.2008.”

(2)

“Hamid Hamad Hamid al-'Ali. Dáta breithe: 17 Samhain 1960. Áit bhreithe: (a) Cuáit, (b) Catar. Náisiúntacht: Cuátach. Pas uimh.: (a) 001714467 (pas Cuátach), (b) 101505554 (pas Cuátach). An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(4)(b): 15.8.2014.”

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:

“Hamid Hamad Hamid al-'Ali. Dáta breithe: 17.11.1960. Áit bhreithe: Cuáit. Náisiúntacht: Cuátach. Uimh. pas: (a) 001714467 (uimhir pas Chuátach); (b) 101505554 (uimhir pas Chuátach). An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 15.8.2014.”

(3)

“Abd Al-Rahman Bin 'Umayr Al-Nu'Aymi (ailias (a) Abd al-Rahman bin 'Amir al-Na'imi; (b) 'Abd al-Rahman al-Nu'aimi; (c) 'Abd al-Rahman bin 'Amir al-Nu'imi; (d) 'Abd al-Rahman bin 'Amir al-Nu'aymi; (e) 'Abdallah Muhammad al-Nu'aymi; (f) 'Abd al-Rahman al-Nua'ymi; (g) A. Rahman al-Naimi; (h) Abdelrahman Imer al Jaber al Naimeh; (i) A. Rahman Omair J Alnaimi; (j) Abdulrahman Omair al Neaimi). Dáta breithe: 1954. Áit bhreithe: Doha, Catar. Náisiúntacht: Catarach. Pas uimh.: 00868774 (Pas Catarach, as feidhm an 27.4.2014). Uimh. aitheantais náisiúnta: 25463401784 (ID Catarach, as feidhm an 6.12.2019). An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 23.9.2014.”

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:

“’Abd Al-Rahman Bin 'Umayr Al-Nu'Aymi (ailiasanna láidre: (a) Abd al-Rahman bin 'Amir al-Na'imi; (b) 'Abd al-Rahman al-Nu'aimi; (c) 'Abd al-Rahman bin 'Amir al-Nu'imi; (d) 'Abd al-Rahman bin 'Amir al-Nu'aymi; (e) 'Abdallah Muhammad al-Nu'aymi; (f) 'Abd al-Rahman al-Nua'ymi; (g) A. Rahman al-Naimi; (h) Abdelrahman Imer al Jaber al Naimeh; (i) A. Rahman Omair J Alnaimi; (j) Abdulrahman Omair al Neaimi). Dáta breithe: 1954. Áit bhreithe: Doha, Catar. Náisiúntacht: Catarach. Uimh. pas: (a) 01461558 (uimhir pas Catarach, chuaigh as feidhm an 20.1.2024); (b) 00868774 (uimhir pas Chatarach, chuaigh as feidhm an 27.4.2014). Uimh. aitheantais náisiúnta: (a) 25463400086 (uimhir aitheantais Chatarach); (b) 25463401784 (uimhir pas Chatarach, chuaigh as feidhm an 6.12.2019). Seoladh: Al-Laqtah, Catar. An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 23.9.2014.”

(4)

“Ashraf Muhammad Yusuf 'Uthman 'Abd Al-Salam (ailias (a) Ashraf Muhammad Yusif 'Uthman 'Abd-al-Salam; (b) Ashraf Muhammad Yusuf 'Abd-al-Salam; (c) Ashraf Muhammad Yusif 'Abd-al-Salam; (d) Khattab; (e) Ibn al-Khattab). Dáta breithe: 1984. Áit bhreithe: an Iaráic. Náisiúntacht: Iordánach. Pas uimh.: (a) K048787 (Pas Iordánach); (b) 486298 (Pas Iordánach). Uimh. aitheantais náisiúnta: 28440000526 (uimhir aitheantais náisiúnta Chatar). Seoladh: Poblacht Arabach na Siria (an suíomh mar a bhí i mí na Nollag 2014). An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(4)(b): 23.1.2015.”

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:

“Ashraf Muhammad Yusuf 'Uthman 'Abd Al-Salam (script bhunaidh: اشرف محمد يوسف عثمان عبد السلام) (ailiasanna láidre: (a) Ashraf Muhammad Yusif 'Uthman 'Abd-al-Salam; (b) Ashraf Muhammad Yusuf 'Abd-al-Salam; (c) Ashraf Muhammad Yusif 'Abd-al-Salam; ailiasanna neamhláidre: (a) Khattab; (b) Ibn al-Khattab). Dáta breithe: 1984. Áit bhreithe: an Iaráic. Náisiúntacht: Iordánach. Uimh. pas: (a) K048787 (uimhir pas Iordánach); (b) 486298 (uimhir pas Iordánach). Seoladh: Poblacht Arabach na Siria (an t-áitreabh i mí na Nollag 2014). An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 23.1.2015.”

(5)

“Ibrahim 'Isa Hajji Muhammad Al-Bakr (ailias (a) Ibrahim 'Issa Haji Muhammad al-Bakar; (b) Ibrahim 'Isa Haji al-Bakr; (c) Ibrahim Issa Hijji Mohd Albaker; (d) Ibrahim Issa Hijji Muhammad al-Baker; (e) Ibrahim 'Issa al-Bakar; (f) Ibrahim al-Bakr; (g) Abu-Khalil). Dáta breithe: 12.7.1977. Áit bhreithe: Catar. Náisiúntacht: ó Chatar. Pas uimh.: 01016646 (Pas Catarach). An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(4)(b): 23.1.2015.”

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:

“Ibrahim 'Isa Hajji Muhammad Al-Bakr (script bhunaidh: ابراهیم عیسی حاجي محمد البکر) (ailiasanna láidre: (a) Ibrahim 'Issa Haji Muhammad al-Bakar; (b) Ibrahim 'Isa Haji al-Bakr; (c) Ibrahim Issa Hijji Mohd Albaker; (d) Ibrahim Issa Hijji Muhammad al-Baker; (e) Ibrahim 'Issa al-Bakar; (f) Ibrahim al-Bakr; ailiasanna neamhláidre: Abu-Khalil). Dáta breithe: 12.7.1977. Áit bhreithe: Catar. Náisiúntacht: Catarach. Uimh. pas: 01016646 (pas Catarach, as feidhm an 11.1.2017). Uimh. aitheantais náisiúnta: 27763401255 (uimhir aitheantais Chatar). An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 23.1.2015.”

(6)

“'Abd Al-Malik Muhammad Yusuf 'Uthman 'Abd Al-Salam (ailias (a) 'Abd al-Malik Muhammad Yusif 'Abd-al-Salam; (b) 'Umar al-Qatari; (c) 'Umar al-Tayyar). Dáta breithe: 13.7.1989. Náisiúntacht: Iordánach. Pas uimh.: K475336 (Pas Iordánach, eisithe an 31.8.2009, as feidhm an 30.8.2014). Uimh. aitheantais náisiúnta: 28940000602 (uimhir aitheantais náisiúnta Chatar). An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(4)(b): 23.1.2015.”

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:

“'Abd Al-Malik Muhammad Yusuf 'Uthman 'Abd Al-Salam (script bhunaidh: عبدالملك محمد يوسف عثمان عبد السلام) (ailiasanna láidre: (a) 'Abd al-Malik Muhammad Yusif 'Abd-al-Salam; ailiasanna neamhláidre: (a) 'Umar al-Qatari; (b) 'Umar al-Tayyar). Dáta breithe: 13.7.1989. Náisiúntacht: Iordánach. Uimh. pas: K475336 (Pas Iordánach, eisíodh an 31.8.2009, chuaigh as feidhm an 30.8.2014). An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 23.1.2015.”

(7)

“Abd Al-Latif Bin Abdallah Salih Muhammad Al-Kawari (ailias (a) Abd-al-Latif Abdallah Salih al-Kawari, (b) Abd-al-Latif Abdallah Salih al-Kuwari, (c) Abd-al-Latif Abdallah al-Kawwari, (d) Abd-al-Latif Abdallah al-Kawari, (e) Abu Ali al-Kawari). Dáta breithe 28.9.1973. Náisiúntacht: Catarach. Pas uimh.: (a) Pas Catarach, uimh. 01020802, (b) Pas Catarach, uimh. 00754833 eisithe an 20.5.2007, (c) Pas Catarach, uimh. 00490327 eisithe an 28.7.2001. Uimh. aitheantais náisiúnta: Cárta aitheantais Catarach uimh. 27363400684. Seoladh: Al-Laqtah, Catar. An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(4)(b): 21.9.2015.”

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:

“Abd Al-Latif Bin Abdallah Salih Muhammad Al-Kawari (script bhunaidh: عبداللطیف بن عبدلله صالح محمد الكواري) (ailiasanna láidre: (a) Abd-al-Latif Abdallah Salih al-Kawari; (b) Abd-al-Latif Abdallah Salih al-Kawari; (c) Abd-al-Latif Abdallah al-Kawwari; (d) Abd-al-Latif Abdallah al-Kawari, (e) Abu Ali al-Kawari). Dáta breithe 28.9.1973. Náisiúntacht: Catarach. Uimh. pas: (a) 01020802 (uimhir aitheantais Chatarach); (b) 00754833 (uimhir pas Chatarach, eisíodh an 20.5.2007); (c) 00490327 (uimhir pas Chatarach, eisíodh an 28.7.2001); (d) 01538029 (uimhir pas Chatarach, chuaigh as feidhm an 14.3.2025). Uimh. aitheantais náisiúnta: 27363400684 (uimhir aitheantais Chatarach). Seoladh: Al Kharaitiyat, Catar. An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 21.9.2015.”

(8)

“Sa'd Bin Sa'd Muhammad Shariyan Al-Ka'bi (ailias (a) Sa'd bin Sa'd Muhammad Shiryan al-Ka'bi; (b) Sa'd Sa'd Muhammad Shiryan al-Ka'bi; (c) Sa'd al-Sharyan al-Ka'bi; (d) Abu Haza'; (e) Abu Hazza'; (f) Umar al-Afghani; (g) Abu Sa'd; (h) Abu Suad. Dáta breithe: 15.2.1972. Náisiúntacht: Catarach. Pas uimh.: Pas Catarach, uimh. 00966737. An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(4)(b): 21.9.2015.”

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:

“Sa'd Bin Sa'd Muhammad Shariyan Al-Ka'bi (script bhunaidh: سعد بن سعد محمد شریان الكعبي) (ailiasanna láidre: (a) Sa'd bin Sa'd Muhammad Shiryan al-Ka'bi; (b) Sa'd Sa'd Muhammad Shiryan al-Ka'bi; (c) Sa'd al-Sharyan al-Ka'bi; ailiasanna neamhláidre: (a) Abu Haza'; (b) Abu Hazza'; (c) Umar al-Afghani; (d) Abu Sa'd; (e) Abu Suad). Dáta breithe: 15.2.1972. Náisiúntacht: Catarach. Uimh. pas: 00966737 (uimhir pas Chatarach, chuaigh as feidhm an 16.2.2016). Uimh. aitheantais náisiúnta: 27263401275 (uimhir aitheantais Chatarach). Seoladh: Umm Salal, Catar. An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 21.9.2015.”