|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 108 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
CINNTÍ
|
29.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 108/1 |
CINNEADH (AE) 2021/536 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Márta 2021
lena leasaítear Cinneadh 2008/971/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis ábhair atáirgthe foraoise a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá feidhm ag Treoir 1999/105/CE ón gComhairle (3) maidir le margú ábhair atáirgthe foraoise laistigh den Aontas. Baineann an Treoir sin le hábhar atáirgthe na speiceas crann agus na hibridí saorga de a bhfuil tábhacht ag baint leo chun críoch foraoiseachta ar fud an Aontais nó i gcuid de. |
|
(2) |
Le Cinneadh 2008/971/CE ón gComhairle (4), bunaítear rialacha maidir le coibhéis ábhair atáirgthe foraoise a tháirgtear i dtríú tíortha. |
|
(3) |
Tá Treoir 1999/105/CE, mar aon leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun na Treorach sin, trasuite agus curtha chun feidhme go héifeachtach ag an Ríocht Aontaithe. |
|
(4) |
Bhí feidhm ag dlí an Aontais, lena n-áirítear Treoir 1999/105/CE agus Cinneadh 2008/971/CE, maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i rith na hidirthréimhse ar tháinig deireadh léi an 31 Nollaig 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (5) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe le hAirteagal 126 agus le hAirteagal 127(1) de. |
|
(5) |
I bhfianaise dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, chuir an Ríocht Aontaithe iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin aitheantas a thabhairt, ón 1 Eanáir 2021, go bhfuil an t-ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear sa tír sin coibhéiseach le hábhar den sórt sin a tháirgtear san Aontas i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme. |
|
(6) |
Chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas nach n-athrófar a reachtaíocht lena ndearnadh Treoir 1999/105/CE a thrasuí agus go leanfadh sí d’fheidhm a bheith aici ón 1 Eanáir 2021. |
|
(7) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar reachtaíocht ábhartha na Ríochta Aontaithe. Chinn sé go bhfuil ábhar atáirgthe foraoise, agus go háirithe ábhar den sórt sin laistigh de na catagóirí “sainaitheanta de réir foinse”, “roghnaithe” agus “cáilithe”, a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe coibhéiseach le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear san Aontas agus go gcomhlíontar leis Treoir 1999/105/CE agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/971/CE, ós rud é go dtugtar le dlí na Ríochta Aontaithe na ráthaíochtaí céanna leis na cinn a thugtar le dlí an Aontais a mhéid a bhaineann le bunábhar a fhormheas agus leis na bearta a ghlactar chun ábhar atáirgthe foraoise atá beartaithe lena mhargú a tháirgeadh ina dhiaidh sin. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, is iomchuí a aithint go bhfuil ábhar atáirgthe foraoise den sórt sin a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe coibhéiseach le hábhar comhfhreagrach a tháirgtear san Aontas. |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Ríocht Aontaithe a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2008/971/CE, gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin. |
|
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2008/971/CE a leasú dá réir sin. |
|
(11) |
Ós rud é gur tháinig deireadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020, agus chun leanúnachas a áirithiú, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Chinneadh 2008/971/CE
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2008/971/CE mar a leanas:
|
(1) |
sa tábla, cuirtear an tsraith seo a leanas isteach idir na sraitheanna “CH” agus “NO”:
|
|
(2) |
i bhfonóta (*), cuirtear an méid seo a leanas isteach idir “CH – an Eilvéis”, agus “NO – an Iorua,”: “GB – An Ríocht Aontaithe,”. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A.P. ZACARIAS
(1) Tuairim an 27 Eanáir 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)] agus cinneadh ón gComhairle an 17 Márta 2021.
(3) Treoir 1999/105/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1999 maidir le hábhar atáirgthe foraoise a mhargú (IO L 11, 15.1.2000, lch. 17).
(4) Cinneadh 2008/971/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le coibhéis ábhair atáirgthe foraoise a tháirgtear i dtríú tíortha (IO L 345, 23.12.2008, lch. 83).
|
29.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 108/4 |
CINNEADH (AE) 2021/537 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Márta 2021
lena leasaítear Cinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coibhéis na gcigireachtaí allamuigh agus le coibhéis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha speicis phlandaí talmhaíochta a chothabháil a dhéantar sa Ríocht Aontaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle (3) go ndéanfar, faoi imthosca áirithe, cigireachtaí allamuigh a dhéantar ar bharra áirithe táirgthe síolta sna tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin a mheas mar chigireachtaí is coibhéiseach le cigireachtaí allamuigh a dhéantar i gcomhréir le dlí an Aontais, agus go ndéanfar, faoi imthosca áirithe, an síol a tháirgeann speicis áirithe a tháirgtear sna tríú tíortha sin a mheas mar shíol is coibhéiseach le síol a tháirgtear i gcomhréir le dlí an Aontais. |
|
(2) |
Bunaítear le Cinneadh 2005/834/CE ón gComhairle (4) rialacha maidir le coibhéis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil a dhéantar i dtíortha tríú tír áirithe. Foráiltear leis, maidir leis na seiceálacha oifigiúla ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil a dhéantar sna tríú tíortha sin agus arb iad na húdaráis a dhéanann iad, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, le haghaidh na speiceas a chumhdaítear leis na Treoracha dá dtagraítear i gcás gach ceann de na triú tíortha sin, go mbeidh na ráthaíochtaí céanna ag gabháil leo agus a ghabhann leis na seiceálacha a dhéanann Ballstáit. |
|
(3) |
Tá Treoracha 66/401/CEE (5), 66/402/CEE (6), 2002/53/CE (7), 2002/54/CE (8), 2002/55/CE (9) agus 2002/57/CE (10) ón gComhairle, mar aon leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun na dTreoracha sin, trasuite agus curtha chun feidhme go héifeachtach ag an Ríocht Aontaithe. Leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, leagtar amach na rialacha ar a mbunaíonn na Treoracha sin aithint na coibhéise lena mbaineann. |
|
(4) |
Bhí feidhm ag dlí an Aontais, lena n-áirítear Cinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE, maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i rith na hidirthréimhse ar tháinig deireadh léi an 31 Nollaig 2020, i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (11) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe le hAirteagal 126 agus le hAirteagal 127(1) de. |
|
(5) |
I bhfianaise dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, chuir an Ríocht Aontaithe iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin aitheantas a thabhairt, ón 1 Eanáir 2021, go bhfuil síol plandaí farae, síol gránach, síol biatais, síol glasra agus síol plandaí ola agus síol plandaí snáithín a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe coibhéiseach le síol plandaí farae, síol gránach, síol biatais, síol glasra agus síol plandaí ola agus síol plandaí snáithín a tháirgtear san Aontas agus i gcomhréir le Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE, 2002/55/CE agus 2002/57/CE. |
|
(6) |
D’iarr an Ríocht Aontaithe freisin aitheantas a thabhairt do choibhéis a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil a dhéantar sa Ríocht Aontaithe de bhun Threoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE, 2002/55/CE agus 2002/57/CE, agus de bhun Threoir 2002/53/CE freisin. |
|
(7) |
Chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas nach n-athrófar a reachtaíocht lena ndearnadh Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE agus 2002/57/CE a thrasuí agus go leanfadh siad d’feidhm a bheith acu ón 1 Eanáir 2021. |
|
(8) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar reachtaíocht ábhartha na Ríochta Aontaithe agus a coibhéis le ceanglais an Aontais, agus chinn sé go ndéantar na cigireachtaí allamuigh ar bharraí táirgthe síolta go sásúil agus go gcomhlíontar leo na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE mar aon le ceanglais iomchuí Threoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/54/CE agus 2002/57/CE. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, agus chun aon chur isteach neamhriachtanach ar thrádáil a sheachaint tar éis dheireadh na hidirthréimhse, is iomchuí aitheantas a thabhairt do choibhéis na gcigireachtaí allamuigh a dhéantar i leith na síolta sin a tháirgtear sa Ríocht Aontaithe agus arb iad a húdaráis a dheimhníonn go hoifigiúil iad. |
|
(10) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar reachtaíocht ábhartha na Ríochta Aontaithe agus a coibhéis leis na forálacha a bhaineann leis na cleachtais maidir le cineálacha a chothabháil de bhun Threoracha 2002/53/CE agus 2002/55/CE. Chinn an Coimisiún go bhfuil na ráthaíochtaí céanna ag gabháil leis na seiceálacha ar chleachtais maidir leis na cineálacha sin a chothabháil a dhéantar sa Ríocht Aontaithe agus na seiceálacha a dhéanann Ballstáit. |
|
(11) |
Dá bhrí sin, is iomchuí aitheantas a thabhairt do choibhéis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil, dá bhforáiltear i dTreoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE agus 2002/57/CE, a dhéantar sa Ríocht Aontaithe. |
|
(12) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Ríocht Aontaithe a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE agus san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2005/834/CE, gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin. |
|
(13) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE a leasú dá réir sin. |
|
(14) |
Ós rud é gur tháinig deireadh leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar an 31 Nollaig 2020, chun leanúnachas a áirithiú, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Chinntí 2003/17/CE agus 2005/834/CE
1. Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE i gcomhréir le pointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
2. Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2005/834/CE i gcomhréir le pointe 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus dáta chur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
D. M. SASSOLI
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Tuairim an 27 Eanáir 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Márta 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Márta 2021.
(3) Cinneadh 2003/17/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le coibhéis cigireachtaí allamuigh arna ndéanamh i dtríú tíortha ar bharra táirgthe síolta agus maidir le coibhéis síolta arna dtáirgeadh i dtríú tíortha (IO L 8, 14.1.2003, lch. 10).
(4) Cinneadh 2005/834/CE ón gComhairle an 8 Samhain 2005 maidir le coibhéis na seiceálacha ar chleachtais maidir le cineálacha a chothabháil i dtríú tíortha áirithe agus lena leasaítear Cinneadh 2003/17/CE (IO L 312, 29.11.2005, lch. 51).
(5) Treoir 66/401/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol plandaí farae a mhargú (IO L 125, 11.7.1966, lch. 2298).
(6) Treoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síol gránach a mhargú (IO L 125, 11.7.1966, lch. 2309).
(7) Treoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis phlandaí talmhaíochta speicis phlandaí (IO L 193, 20.7.2002, lch. 1).
(8) Treoir 2002/54/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol biatais a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 12).
(9) Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 33).
(10) Treoir 2002/57/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol plandaí ola agus plandaí snáithín a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 74).
IARSCRÍBHINN
1.
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2003/17/CE, leasaítear an tábla mar a leanas:|
(1) |
cuirtear an tsraith seo a leanas isteach idir sraitheanna “CL” agus “IL”:
|
|
(2) |
i bhfonóta (*), cuirtear an méid seo a leanas idir “CL — An tSile” agus “IL — Iosrael,”: “GB — An Ríocht Aontaithe,”. |
2.
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2005/834/CE, leasaítear an tábla mar a leanas:|
(1) |
cuirtear an tsraith seo a leanas isteach idir sraitheanna “CL” agus “IL”:
|
|
(2) |
i bhfonóta (*), cuirtear an méid seo a leanas idir “CS — an tSeirbia agus Montainéagró,” agus “IL — Iosrael,”. “GB — An Ríocht Aontaithe,”. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
29.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 108/8 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/538 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Márta 2021
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart iontráil a bhaineann le duine amháin a scriosadh. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 3 Aibreán 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Márta 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
IARSCRÍBHINN
I Rialachán (AE) 2016/44, Iarscríbhinn III (Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2)), Cuid A (Daoine), scriostar iontráil 18 (a bhaineann le GHWELL, Khalifa).
|
29.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 108/10 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/539 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Feabhra 2021
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht a shonrú chun institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainaithint agus chun fochatagóirí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainiú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 131(18) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I mí Iúil 2018, d’fhoilsigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) modheolaíocht athbhreithnithe chun measúnú a dhéanamh ar bhainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo. Thug an mhodheolaíocht athbhreithnithe táscaire nua chun tábhacht shistéamach a thomhas, a bhaineann leis an méid trádála agus a áirítear sa chatagóir a dhéanann inionadaitheacht seirbhísí nó inionadaitheacht bhonneagar airgeadais a chuir grúpa baincéireachta ar fáil a thomhas. Le tabhairt isteach an táscaire sin, mar sin féin, níl tionchar aige ar ualú na catagóire sin, toisc go seach-chuirtear an t-ualú coibhneasta a sannadh don mhéid trádála nua le laghdú, ó 6,67 % go 3,33 %, in ualú coibhneasta na n-idirbheart frithgheallta sa tháscaire fiachas agus margaí cothromais. Is í an chatagóir a dhéanann inionadaitheacht seirbhísí nó inionadaitheacht bhonneagar airgeadais a chuir grúpa baincéireachta ar fáil a thomhas dá bhrí sin an chatagóir a choinníonn a hualú coibhneasta de 20 % mar scór foriomlán do gach eintiteas. Áirítear sa mhodheolaíocht athbhreithnithe freisin gníomhaíochtaí árachais sa chur chuige tomhais atá bunaithe ar tháscairí a mbaintear úsáid as chun measúnú a dhéanamh ar thábhacht shistéamach na ngrúpaí baincéireachta. Ba cheart na hathruithe sin ar an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar bhainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a léiriú i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 ón gCoimisiún (2). |
|
(2) |
Ba cheart do na húdaráis ábhartha scóir na n-eintiteas ábhartha a ríomh a bheidh le háireamh sa sampla ar thug ÚBE fógra ina leith tráth nach déanaí ná an 1 Meán Fómhair gach bliain chun gur féidir teacht ar chomhaontú ar leibhéal an Aontais. |
|
(3) |
Tosóidh an bailiú sonraí a bunaíodh i gcomhréir leis an modheolaíocht athbhreithnithe, lena n-áirítear táscaire an mhéid trádála, sa chéad ráithe de 2022. Déanfar G-SIInna a shainaithint ar bhonn an chreata athbhreithnithe den chéad uair sa ráithe dheiridh de 2022. Chun cur i bhfeidhm fhorálacha na modheolaíochta athbhreithnithe a ailíniú leis na dátaí ar a gcuirfear an mhodheolaíocht athbhreithnithe i bhfeidhm, ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo ina léirítear na hathruithe sa mhodheolaíocht athbhreithnithe ón 1 Nollaig 2021. |
|
(4) |
Leasaíodh Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE le Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun scór foriomlán breise a thabhairt isteach i dTreoir 2013/36/AE do G-SIInna le táscaire na ngníomhaíochtaí trasteorann cé is moite de ghníomhaíochtaí trasteorann ar fud na mBallstát atá rannpháirteach sa Sásra Réitigh Aonair. Tugadh an scór foriomlán breise sin isteach chun léiriú ordúil a thabhairt ar an gcumas grúpaí trasteorann laistigh den aontas baincéireachta Eorpach a réiteach. Is iomchuí, dá bhrí sin, raon feidhme tháscaire gníomhaíochta trasteorann a leasú chun an t-athrú sin a léiriú. |
|
(5) |
Cuireadh ar chumas na n-údarás inniúil agus ainmnithe tuilleadh le Treoir (AE) 2019/878 úsáid a bhaint as breithiúnas maoirseachta fónta chun institiúid dhomhanda a bhfuil tábhacht shistéamach léi (G-SII) a ath-leithdháileadh ó fhochatagóir níos airde go fochatagóir níos ísle ar bhonn an scóir fhoriomláin bhreise lena ndéantar cuntas ar shainiúlachtaí an aontais baincéireachta Eorpaigh agus ar an Sásra Réitigh Aonair laistigh de tháscairí gníomhaíochta trasteorann. Chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag laghdú géar ar thábhacht shistéamach arna leithdháileadh ar G-SII, áfach, agus i gcomhréir leis an modheolaíocht athbhreithnithe, ba cheart an fhéidearthacht atá ag na húdaráis inniúla agus ainmnithe ábhartha G-SII a ath-leithdháileadh ó fhochatagóir níos airde go fochatagóir níos ísle a theorannú do laghdú uasta fochatagóire amháin ón leithdháileadh fochatagóire bunaidh a eascraíonn as scór foriomlán tosaigh an G-SII. Ina theannta sin, aon bhreithiúnas maoirseachta as a n-eascraíonn ath-leithdháileadh G-SII ar fhochatagóir níos ísle, ba cheart a thuairimí a chur san áireamh go leordhóthanach chun comhsheasmhacht le tuairimí CBMB a áirithiú. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE). |
|
(8) |
Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann, agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:
|
|
(2) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Déanfaidh an t-údarás ábhartha luachanna táscaire gach eintiteas ábhartha ag a bhfuil tomhas neamhchosanta iomlán, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), os cionn EUR 200 billiún atá údaraithe laistigh dá dhlínse, déanfaidh sé iad a thuairisciú do ÚBE tráth nach déanaí ná an 31 Iúil gach bliain. Baileoidh an t-údarás ábhartha na luachanna táscaire agus sonraíochtaí breise na sonraí bunúsacha mar a leagtar amach in aon treoirlíne arna forbairt ag ÚBE de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) á gcur san áireamh. Áiritheoidh an t-údarás ábhartha gurb ionann na luachanna táscaire agus na luachanna a cuireadh faoi bhráid Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht. (*1) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1)." (*2) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).”;" |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4: “Airteagal 4 Nós imeachta um shainaithint 1. Ríomhfaidh an t-údarás ábhartha scóir na n-eintiteas ábhartha a áirítear sa sampla ar thug ÚBE fógra ina leith agus a údaraítear ina dhlínse tráth nach déanaí ná an 1 Meán Fómhair gach bliain. 2. I gcás ina n-ath-leithdháileann údarás ábhartha, i bhfeidhmiú breithiúnais mhaoirseachta fhónta, G-SII ó fhochatagóir níos ísle go fochatagóir níos airde nó i gcás ina n-ainmneoidh sé eintiteas ábhartha mar G-SII i gcomhréir le hAirteagal 131(10), pointe (a) nó (b), de Threoir 2013/36/AE faoi seach, soláthróidh an t-údarás ábhartha ráiteas mionsonraithe i bhfoirm scríofa do ÚBE maidir leis na cúiseanna lena mheasúnú tráth nach déanaí ná an 1 Samhain gach bliain. 3. I gcás ina n-ath-leithdháileann údarás ábhartha, i bhfeidhmiú breithiúnais mhaoirseachta fhónta, G-SII ó fhochatagóir níos airde go fochatagóir níos ísle i gcomhréir le hAirteagal 131(10), pointe (c), de Threoir 2013/36/AE, soláthróidh an t-údarás ábhartha ráiteas mionsonraithe i bhfoirm scríofa do ÚBE maidir leis na cúiseanna lena mheasúnú tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair gach bliain. 4. Beidh feidhm ag an ath-leithdháileadh nó ag an ainmniú dá dtagraítear i mír 2 ón 1 Eanáir den dara bliain tar éis na bliana féilire inar tugadh fógra faoi na hainmníochtaí do na húdaráis ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 3(3). I gcás ina leithdháiltear G-SII ar fhochatagóir níos ísle ná i bpróiseas sainaitheantais na bliana roimhe sin, tiocfaidh ceanglas maoláin níos ísle an G-SII i bhfeidhm ón 1 Eanáir den bhliain tar éis an ath-leithdháilte, ach amháin má fheidhmíonn an t-údarás ábhartha a bhreithiúnas maoirseachta fónta chun moill a chur ar chur i bhfeidhm an cheanglais sin go dtí an dáta dá dtagraítear sa chéad abairt den mhír seo. 5. Áireofar ar shainaithint eintitis ábhartha mar G-SII ag an údarás ábhartha Aitheantóirí Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) na heintitis dhlíthiúla ar fad a áirítear i raon feidhme stuamachta chomhdhlúthú an G-SII. Déanfaidh an t-eintiteas ábhartha a shainaithin an t-údarás ábhartha a struchtúr grúpa a nochtadh don údarás ábhartha trí LEInna na n-eintiteas comhdhlúthaithe uile sa ghrúpa a sholáthar, má tá fáil orthu, faoin 1 Márta den bhliain tar éis bhliain an aitheantais. Déanfaidh an t-eintiteas ábhartha a áirithiú go ndéanfar a struchtúr grúpa mar a nochtar é trí bhunachar sonraí domhanda LEI a nuashonrú go buan.”; |
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
(5) |
cuirtear pointe (d) a leanas le hAirteagal 6(3):
|
|
(6) |
Scriostar Airteagal 7. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm ag pointí 4(a), 4(b) agus 5 ón 1 Nollaig 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Feabhra 2021
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht a shonrú chun institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainaithint agus chun fochatagóirí institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda ag gabháil leo a shainiú (IO L 330 15.11.2014, lch. 27).
(3) Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, an luach saothair, bearta agus cumhachtaí maoirseachta agus bearta caomhnaithe caipitil (IO L 150, 7.6.2019, lch. 253).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
|
29.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 108/15 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/540 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Márta 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí áirithe fógra a thabhairt, seiceálacha a dhéanamh ar an láthair i dtaca le hiarratais ar chabhair beostoic agus éilimh ar íocaíocht faoi bhearta tacaíochta atá bainteach le hainmhithe, agus maidir leis an iarratas aonair a chur isteach, le hiarratais ar chabhair a chur isteach nó le héilimh ar íocaíocht a chur isteach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe pointí (a) agus (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(2) de agus pointí (b) agus (c) den chéad mhír d’Airteagal 78 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún (2), tá na Ballstáit le fógra a thabhairt don Choimisiún faoin 15 Iúil gach bliain maidir le tuarascáil i leith na mbeart a dhéantar le haghaidh riar agus rialú na tacaíochta cúpláilte deonaí maidir leis an mbliain féilire roimhe sin. Is léir ón taithí a fuarthas go bhfuil an ceanglas atá ann faoi láthair maidir le fógra bliantúil ar na bearta sin imithe i léig sa chóras comhtháite riaracháin agus rialúcháin reatha. Ar mhaithe le simpliú, ba cheart an ceanglas sin a scriosadh. |
|
(2) |
I gcás ina ndéantar seiceálacha trí bhíthin faireacháin, i gcomhréir le hAirteagal 40a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014, faigheann na Ballstáit faisnéis a d’fhéadfadh neamhchomhlíontachtaí féideartha a léiriú le haghaidh scéimeanna cabhrach agus bearta tacaíochta faoi réir seiceálacha ar an láthair tipiciúla. Ba cheart an fhaisnéis sin a úsáid chun comhlíonadh a dhéanamh agus chun cruinneas na sonraí sa chóras bainistíochta agus rialúcháin a fheabhsú. Ina theannta sin, ba cheart an deis a thabhairt do thairbhithe a n-iarratas aonair, a n-iarratas ar chabhair nó a n-éilimh ar íocaíocht a leasú chun míchruinnis a cheartú agus chun pionóis a sheachaint. Ar mhaithe le simpliú agus cinnteacht mhéadaithe, ba cheart sin a léiriú in Airteagal 11(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014. |
|
(3) |
Is léir ón taithí a fuarthas gur cheart níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit i socrú na ndátaí deireanacha maidir leis an iarratas aonair, le hiarratais ar chabhair nó le héilimh ar íocaíocht a chur isteach dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 chun a gcúinsí sonracha, go háirithe dálaí aeráide agus aimsire atá ag athrú go tapa a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcur chuige maidir le dátaí chun leasuithe a chur isteach dá dtagraítear in Airteagal 15(2) den Rialachán sin. |
|
(4) |
I gcás ina gcuireann Ballstát an córas gan éileamh i bhfeidhm, ba cheart na tairbhithe a chur ar an eolas gur cheart neamhchomhlíontachtaí na n-ainmhithe uile a d’fhéadadh a bheith incháilithe maidir leis an gcóras sainaitheanta agus clárúcháin le haghaidh ainmhithe buaibheacha, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair a chur san áireamh chun tacaíocht pionós riarachán a ríomh agus chun pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, ba cheart cásanna neamhcomhlíontachta a mheasúnú i bhfianaise na rialacha sonracha a leagtar amach in Airteagal 30(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún (3), agus i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán sin maidir le pionóis riaracháin a fhorchur. |
|
(5) |
Ós rud é go bhféadfadh na méideanna a mbeadh na seiceálacha leantacha a cheanglaítear faoi Airteagal 33a(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 bainteach leo a bheith an-bheag, ach san am céanna go bhféadfaidís a bheith ina gcúis le hualach riaracháin díréireach, ba cheart a cheadú do na Ballstáit líon na bhfeirmeoirí atá le bheith faoi réir na seiceálacha leantacha sin a theorannú. Chun na críche sin, ba cheart an tairseach maidir le cinneadh gan aisghabháil a lorg dá bhforáiltear i bpointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 54(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a úsáid, mar thagarmharc trédhearcach agus neamh-idirdhealaithe. |
|
(6) |
Is léir ón taithí a fuarthas go bhféadfadh níos mó ná dhá bhliain a bheith i gceist chun seiceálacha trí bhíthin faireacháin a dhéantar faoi Airteagal 40a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 a chéimniú isteach, ag brath ar mhéid an limistéir atá i gceist nó castachtaí an phróisis. Dá bhrí sin, ba cheart do Bhallstáit níos mó ama a cheadú chun dul i dtreo chur i bhfeidhm na seiceálacha sin ar a gcríoch de réir a chéile. |
|
(7) |
Chun cúnamh níos fearr a thabhairt do na Ballstáit in ullmhú a gcuid cinntí maidir le seiceálacha trí bhíthin faireacháin a chur i bhfeidhm, tá gá le ham breise chun na fógraí ábhartha a ullmhú. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an sprioc-am chun na fógraí sin a chur isteach, i ndáil leis na seiceálacha ar choinníollacha incháilitheachta agus i ndáil le tras-chomhlíonadh araon. |
|
(8) |
Ionas go mbeidh na seiceálacha ar an láthair éifeachtach maidir le scéimeanna atá bainteach le hainmhithe, is gá a áirithiú, i gcás nach gcuireann Ballstát tréimhse choinneála i bhfeidhm nó nach féidir an tréimhse choinneála a shocrú roimh ré nó ina dtosaíonn an tréimhse choinneála sula gcuirtear isteach iarratas ar chabhair nó ar éileamh íocaíochta, go bhfuil na seiceálacha sin le déanamh le linn na tréimhse inar féidir le hainmhithe cáiliú d’íocaíocht nó tacaíocht. Sa bhreis air sin, ba cheart a shoiléiriú in Airteagal 42(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 go bhfuil feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith i leith seiceálacha ar an láthair a dhéantar mar gheall ar mhéadú ar an ráta rialála mar a leagtar amach in Airteagal 35 den Rialachán sin, i gcás inarb ábhartha. |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 a leasú dá réir. |
|
(10) |
Chun éifeachtacht uasta na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith aige maidir le hiarratais ar chabhair, iarratais ar thacaíocht agus éilimh ar íocaíocht a chuirtear isteach le haghaidh blianta éilimh nó le haghaidh tréimhsí préimhe dar tús an 1 Eanáir 2021. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Íocaíochtaí Díreacha agus ón gCoiste Forbartha Tuaithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 9, scriostar mír 3; |
|
(2) |
sa chéad fhomhír d’Airteagal 11(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt agus an tríú abairt: “Tabharfar fógra faoi na torthaí do na tairbhithe ar bhealach tráthúil chun tacú leo i gcomhlíonadh na gcritéar incháilitheachta, na ngealltanas agus na n-oibleagáid eile. Féadfaidh na Ballstáit na torthaí sealadacha a úsáid ar leibhéal na dáileachta dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír d’Airteagal 40a(1) mar fhaisnéis atá ábhartha i gcás réamhsheiceálacha le haghaidh scéimeanna cabhrach agus bearta tacaíochta nach bhfuil faoi réir seiceálacha trí bhíthin faireacháin. I gcás ina gcinneann Ballstát é sin a dhéanamh, ní bheidh feidhm ag Airteagal 40a(4) i leith na faisnéise a thugtar fógra maidir léi do na tairbhithe faoi chuimsiú na réamhsheiceálacha.”; |
|
(3) |
sa chéad fhomhír d’Airteagal 13(1), scriostar an dara habairt agus an tríú abairt; |
|
(4) |
in Airteagal 15, leasaítear mír 2 mar a leanas:
|
|
(5) |
sa tríú fomhír d’Airteagal 21(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(6) |
Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 33a(1): “Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh tairbhithe a eisiamh ó na seiceálacha leantacha sin ar an láthair, ar tairbhithe iad a gcomhfhreagraíonn a bpionóis riaracháin laghdaithe do na méideanna a bhféadfaidh Ballstáit a chinneadh gan aisghabháil a lorg ina leith i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 54(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.”; |
|
(7) |
in Airteagal 40a(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: “Féadfaidh an t-údarás inniúil cinneadh seiceálacha trí bhíthin faireacháin a chur i bhfeidhm ar thairbhithe scéime cabhrach nó ar thairbhithe bearta tacaíochta i limistéir arna roghnú ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamhidirdhealaitheacha. Leathnóidh an t-údarás inniúil na réimsí sin go mór gach bliain as a chéile.”; |
|
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40b: “Airteagal 40b Fógraí Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 1 Feabhra gach bliain de gach bliain féilire maidir lena gcinneadh seiceálacha trí bhíthin faireacháin a dhéanamh sa bhliain féilire sin agus sonróidh siad na scéimeanna nó na bearta nó na cineálacha oibríochtaí uile agus na réimsí uile atá faoi réir na seiceálacha trí bhíthin faireacháin. Faoin 1 Samhain gach bliain féilire soláthróidh an Coimisiún teimpléad maidir leis na fógraí a chur isteach ina sonrófar na gnéithe atá le háireamh san fhógra sin.”; |
|
(9) |
in Airteagal 42(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: “Áit a bhfuil tréimhse sainithe ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 21(1)(d) ní mór go mbeadh ar a laghad 50 % de na seiceálacha ar an láthair dá bhforáiltear in Airteagail 32, 33 agus 35 faoi seach scaipthe ar fud na tréimhse sin don scéim cabhrach ainmhithe nó don bheart tacaíochta faoi seach atá bainteach le hainmhithe. Mar sin féin, i gcás nach gcuirtear tréimhse choinneála i bhfeidhm, i gcás nach féidir an tréimhse choinneála a shocrú roimh ré nó i gcás ina dtosaíonn an tréimhse choinneála sular cuireadh iarratas ar chabhair nó éileamh ar íocaíocht isteach, scaipfear na seiceálacha ar an láthair uile dá dtagraítear in Airteagail 32, 33 agus 35 thar an tréimhse ina bhféadfaidh an t-ainmhí cáiliú don íocaíocht nó don tacaíocht.”; |
|
(10) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 70b: “Airteagal 70b Fógraí Cuirfidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 1 Feabhra den bhliain féilire ina dtosaíonn siad ag déanamh seiceálacha trí bhíthin faireacháin maidir lena gcinneadh seiceálacha trí bhíthin faireacháin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 70a.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige maidir le hiarratais ar chabhair, iarratais ar thacaíocht agus éilimh ar íocaíocht a chuirtear isteach le haghaidh blianta éilimh nó le haghaidh tréimhsí préimhe dar tús an 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus traschomhlíontacht (IO L 227, 31.7.2014, lch. 69).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialúcháin agus leis na cúinsí faoina ndiúltófar nó faoina n-aistarraingeofar íocaíochtaí agus pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus tras-chomhlíonadh (IO L 181, 20.6.2014, lch. 48).
|
29.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 108/19 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/541 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Márta 2021
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar ríomh agus malartú sonraí agus iad a shimpliú agus an próiseas um Bainistiú Rialaithe Athruithe a thabhairt cothrom le dáta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus go háirithe Airteagal 5(11) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Éilítear le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) go ndíreoidh Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (an “Ghníomhaireacht”) moltaí chuig an gCoimisiún maidir le sonraíochtaí teicniúla idir-inoibritheachta (“STInna”) agus maidir lena n-athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2016/797 agus go n-áiritheoidh sí go gcuirfear STInna in oiriúint don dul chun cinn teicniúil, do threochtaí sa mhargadh agus do cheanglais shóisialta. |
|
(2) |
De réir Airteagal 13 de Chinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún (3), ní mór Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 ón gCoimisiún (4) (“STI FTL”) a athbhreithniú chun, inter alia, simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta chun a bhunlíne theicniúil a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an bpróiseas maidir le Bainistiú Rialaithe Athruithe (“BRA”) STI FTL agus simpliú, athbhreithniú nó forbairt a dhéanamh ar inneachar agus ar struchtúr na dteachtaireachtaí a shainítear in STI-FTL i ndáil le faisnéis a mhalartú le córais nó le hoibreoirí eile. |
|
(3) |
Chuige sin, an 9 Meán Fómhair 2020, dhírigh an Ghníomhaireacht moladh chuig an gCoimisiún chun sonraíochtaí nua nó modhnaithe a thabhairt isteach in STI-FTL maidir le modheolaíochtaí agus sreafaí faisnéise a bhaineann leis an Am Teachta Ionchasach, sonraí a rianú do chustaiméirí agus sonraí a mhalartú le córais eile, agus chun an próiseas BRA a choigeartú. |
|
(4) |
Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Márta 2021
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 138, 26.5.2016, lch. 44.
(2) Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1).
(3) Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuspóirí sonracha le haghaidh sonraíochtaí teicniúla idir-inoibritheachta a dhréachtú, a ghlacadh agus a athbhreithniú (IO L 210, 15.8.2017, lch. 5).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2014 maidir leis an tsonraíochtaí teicniúil idir-inoibritheachta a bhaineann leis an bhfochóras feidhmchláir theileamaitice d’fhochórais lasta an chórais iarnróid san Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 62/2006 (IO L 356, 12.12.2014, lch. 438).
IARSCRÍBHINN
CLÁR NA nÁBHAR
|
1. |
RÉAMHRÁ | 23 |
|
1.1. |
Giorrúcháin | 23 |
|
1.2. |
Doiciméid Tagartha | 23 |
|
1.3. |
Raon feidhme teicniúil | 24 |
|
1.4. |
Raon feidhme geografach | 24 |
|
2. |
SAINMHÍNIÚ AR FHOCHÓRAS AGUS AR RAON FEIDHME | 24 |
|
2.1. |
Feidhm laistigh de raon feidhme STI | 24 |
|
2.2. |
Feidhmeanna lasmuigh de raon feidhme STI | 25 |
|
2.3. |
Achoimre ar an tuairisc ar an bhfochóras | 25 |
|
2.3.1. |
Próisis Bhreithnithe | 25 |
|
3. |
BUNRIACHTANAIS | 26 |
|
3.1. |
Bunriachtanais a chomhlíonadh | 26 |
|
3.2. |
Gnéithe de na bunriachtanais | 26 |
|
3.3. |
Gnéithe a bhaineann leis na ceanglais ghinearálta | 26 |
|
3.3.1. |
Sábháilteacht | 26 |
|
3.3.2. |
Iontaofacht agus infhaighteacht | 26 |
|
3.3.3. |
Sláinte | 26 |
|
3.3.4. |
Cosaint an chomhshaoil | 26 |
|
3.3.5. |
Comhoiriúnacht theicniúil | 27 |
|
3.3.6. |
Inrochtaineacht | 27 |
|
4. |
SAINTRÉITHRIÚ AN FHOCHÓRAIS | 27 |
|
4.1. |
Réamhrá | 27 |
|
4.2. |
Sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla an fhochórais | 27 |
|
4.2.1. |
Sonraí an Nóta Coinsíneachta | 28 |
|
4.2.2. |
Iarraidh Bhealaigh agus leithdháileadh bealaigh | 28 |
|
4.2.3. |
Ullmhúchán Traenacha | 30 |
|
4.2.4. |
Faisnéis faoi Ghluaiseachtaí Traenacha agus Réamhaisnéis ar Ghluaiseachtaí Traenacha | 31 |
|
4.2.5. |
Faisnéis faoi Bhriseadh sa tSeirbhís | 32 |
|
4.2.6. |
ATM/AIM Lastais | 32 |
|
4.2.7. |
Gluaiseacht Vaigíní | 34 |
|
4.2.8. |
Sonraí a Mhalartú chun Cáilíocht a Fheabhsú | 35 |
|
4.2.9. |
Na Príomhshonraí Tagartha | 35 |
|
4.2.10. |
Comhaid Tagartha agus Bunachair Sonraí Éagsúla | 36 |
|
4.2.11. |
Líonrú agus Cumarsáid | 37 |
|
4.3. |
Sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla na gcomhéadan | 39 |
|
4.3.1. |
Comhéadain leis an mBonneagar STI | 39 |
|
4.3.2. |
Comhéadain le Rialú/Ceannas agus Comharthaíocht STI | 39 |
|
4.3.3. |
Comhéadain leis an bhfochóras rothstoic | 40 |
|
4.3.4. |
Comhéadain le hoibriú agus bainistiú tráchta STI | 40 |
|
4.3.5. |
Comhéadain le Feidhmchláir Theileamaitice i gcomhair Seirbhísí Paisinéirí | 40 |
|
4.4. |
Rialacha oibriúcháin | 40 |
|
4.4.1. |
Cáilíocht sonraí | 41 |
|
4.4.2. |
An stór lárnach a oibriú | 42 |
|
4.5. |
Rialacha cothabhála | 42 |
|
4.6. |
Cáilíochtaí gairmiúla | 42 |
|
4.7. |
Coinníollacha sláinte agus sábháilteachta | 42 |
|
5. |
COMHÁBHAIR IDIR-INOIBRITHEACHTA | 43 |
|
5.1. |
Sainmhíniú | 43 |
|
5.2. |
Liosta de na Comhábhair | 43 |
|
5.3. |
Feidhmíocht agus Sonraíochtaí na gComhábhar | 43 |
|
6. |
MEASÚNÚ AR CHOMHRÉIREACHT AGUS/NÓ OIRIÚNACHT NA gCOMHÁBHAR LE hAGHAIDH ÚSÁID AGUS FÍORÚ AN FHOCHÓRAIS | 43 |
|
6.1. |
Comhábhair Idir-inoibritheachta | 43 |
|
6.1.1. |
Nósanna Imeachta Measúnaithe | 43 |
|
6.1.2. |
Modúl | 43 |
|
6.2. |
Fochóras Feidhmchláir Theileamaitice i gcomhair Lasta | 43 |
|
6.2.1. |
Measúnú ar chomhlíonadh uirlisí TF | 43 |
|
7. |
CUR CHUN FEIDHME | 44 |
|
7.1. |
Réamhrá | 44 |
|
7.2. |
Athruithe a Bhainistiú | 45 |
|
7.2.1. |
Próiseas Bainistíochta Athruithe | 45 |
|
7.2.2. |
Próiseas Sonrach Bainistíochta Athruithe le haghaidh na ndoiciméad a liostáiltear in Aguisín I a ghabhann leis an Rialachán seo | 45 |
| Aguisín I - Liosta na ndoiciméad teicniúil | 47 |
| Aguisín II - Gluais | 48 |
| Aguisín III - Cúraimí atá le déanamh ag an bPointe Teagmhála Náisiúnta (PTN) FTL/FTP | 56 |
1. RÉAMHRÁ
1.1. Giorrúcháin
Tábla 1
Giorrúcháin
|
Giorrúchán |
Sainmhíniú |
|
CC |
Comhéadan Coiteann |
|
CE |
An Coimisiún Eorpach |
|
ERA |
Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear an Ghníomhaireacht freisin) |
|
BB |
Bainisteoir Bonneagair |
|
ISO |
An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú |
|
PLC |
Páirtlucht Coimeádáin |
|
GCI |
Gnóthas Ceannasach Iarnróid |
|
CISI |
An Coiste um Idir-inoibritheacht agus Sábháilteacht Iarnróid |
|
GI |
Gnóthas Iarnróid |
|
FTL |
Feidhmchláir Theileamaitice do Lasta |
|
FTP |
Feidhmchláir Theileamaitice do Phaisinéirí |
|
TCP/IP |
Prótacal Rialaithe Tarchurtha/Prótacal Idirlín |
|
STI |
Sonraíocht Theicniúil don Idir-inoibritheacht |
|
CV |
Coimeádaithe Vaigíní |
1.2. Doiciméid Tagartha
Tábla 2
Doiciméid Tagartha
|
Uimh. thag. |
Tagairt an Doiciméid |
Teideal |
Eagrán Deireanach |
|
(1) |
Treoir (AE) 2016/797 |
Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44). |
27.5.2020 |
|
(2) |
Rialachán STI FTP (AE) Uimh. 454/2011 |
Rialachán (AE) Uimh. 454/2011 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2011 maidir leis an tsonraíocht theicniúil idir-inoibritheachta a bhaineann leis an bhfochóras “feidhmchláir theileamaitice i gcomhair seirbhísí do phaisinéirí” an chórais iarnróid thras-Eorpaigh (IO L 123, 12.5.2011, lch. 11). |
27.5.2019 |
|
(3) |
Treoir 2012/34/AE |
Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32). |
14.11.2017 |
|
(4) |
ERA-TD-105 |
STI FTL – IARSCRÍBHINN D.2: AGUISÍN F - SONRAÍ AGUS SAMHAIL TEACHTAIREACHTA STI FTL. |
|
|
(5) |
Rialachán STI FTL (CE) Uimh. 62/2006 |
Rialachán (CE) Uimh. 62/2006 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2005 maidir leis an tsonraíocht theicniúil idir-inoibritheachta a bhaineann leis an bhfochóras feidhmchláir theileamaitice d’fhochórais lasta an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh (IO L 13, 18.1.2006, lch. 1). |
18.1.2006 |
|
(6) |
C(2010) 2576 final |
Cinneadh ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2010 maidir le sainordú don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid chun Sonraíochtaí Teicniúla Idir-inoibritheachta a fhorbairt agus a athbhreithniú d’fhonn a raon feidhme a leathnú chuig an gcóras iarnróid foriomlán san Aontas Eorpach. |
29.4.2010 |
|
(7) |
Treoir (AE) 2016/798 |
Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102). |
26.5.2016 |
|
(8) |
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún |
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/1474 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuspóirí sonracha le haghaidh sonraíochtaí teicniúla idir-inoibritheachta a dhréachtú, a ghlacadh agus a athbhreithniú (IO L 210, 15.8.2017, lch. 5). |
15.8.2017 |
1.3. Raon feidhme teicniúil
Baineann an tSonraíocht Theicniúil Idir-inoibritheachta seo (dá ngairtear STI FTL anseo feasta) leis an eilimint “feidhmchláir i gcomhair seirbhísí lasta” den fhochóras “feidhmchláir theileamaitice” a áirítear le réimse feidhme an liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 agus ar a dtugtar tuairisc i roinn 2.6(b) den Iarscríbhinn sin.
Is é is cuspóir don STI FTL seo idirmhalartú éifeachtach faisnéise a áirithiú ach an creat teicniúil a leagan síos, chun próiseas iompair a bhaint amach atá chomh hinmharthana agus is féidir ó thaobh an gheilleagair de. Cumhdaítear léi na feidhmchláir i gcomhair seirbhísí lasta agus naisc le modhanna eile iompair a bhainistiú, rud a chiallaíonn go ndírítear léi ar sheirbhísí iompair GI mar aon le lánoibriú traenacha. Ní mheastar gnéithe sábháilteachta ach a mhéid a bhaineann le heilimintí sonraí a bheith ann; ní bheidh aon tionchar ag luachanna ar oibriú sábháilte traenach agus ní féidir a mheas go gcomhlíontar ceanglais sábháilteachta toisc go gcomhlíontar STI FTL.
Tá tionchar ag STI FTL freisin ar choinníollacha úsáide iompair iarnróid d’úsáideoirí. Chuige sin, ní chiallaíonn an téarma úsáideoirí bainisteoirí bonneagair nó gnóthais iarnróid amháin ach chomh maith leis sin na soláthraithe eile seirbhíse ar fad, amhail cuideachtaí vaigíní, oibreoirí idirmhódúla agus custaiméirí fiú.
1.4. Raon Feidhme Geografach
Beidh feidhm ag STI maidir le líonra an Aontais mar a shainítear in Iarscríbhinn I, Roinn 1 de Threoir (AE) 2016/797.
2. SAINMHÍNIÚ AR FHOCHÓRAS AGUS AR RAON FEIDHME
2.1. Feidhm laistigh de raon feidhme STI
Sainmhínítear an fochóras Feidhmchláir Theileamaitice do Lasta in Iarscríbhinn II de Threoir (AE) 2016/797, Roinn 2.6 (b).
Áirítear leis na nithe seo a leanas go háirithe:
|
— |
feidhmchláir i gcomhair seirbhísí lasta, lena n-áirítear córais faisnéise (faireachán fíor-ama ar lasta agus ar thraenacha), |
|
— |
córais eagraithe agus leithdháilte, trína dtuigtear faoi chórais leithdháilte comhdhéanamh traenach, |
|
— |
córais áirithinte, trína dtuigtear anseo an áirithint bealaigh traenach, |
|
— |
naisc le modhanna eile iompair a bhainistiú agus doiciméid leictreonacha tionlacain a tháirgeadh. |
2.2. Feidhmeanna lasmuigh de raon feidhme STI
Níl córais íocaíochta ná córais sonraiscthe le haghaidh custaiméirí faoi raon feidhme an STI seo, ná córais den sórt sin le haghaidh íocaíochta agus sonrascadh idir soláthraithe éagsúla seirbhíse amhail gnóthais iarnróid nó bainisteoirí bonneagair. Soláthraíonn an dearadh córais is bun leis an malartú sonraí i gcomhréir le Caibidil 4.2 (Sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla an fhochórais), áfach, an fhaisnéis a theastaíonn mar bhonn le haghaidh íocaíocht de thoradh na seirbhísí iompair.
Tá pleanáil fhadtéarmach na dtráthchlár lasmuigh de raon feidhme STI an Fheidhmchláir Teileamaitice seo. Mar sin féin, ag pointí áirithe, déanfar tagairt do thoradh na pleanála fadtéarmaí a mhéid a bheidh gaol leis an idirmhalartú éifeachtach faisnéise a éilítear chun traenacha a oibriú.
2.3. Achoimre ar an tuairisc ar an bhfochóras
2.3.1. Próisis Bhreithnithe
Agus riachtanais Custaiméara á gcur san áireamh, is é ceann de na seirbhísí an líne iompair a eagrú agus a bhainistiú i gcomhréir leis an gconradh idir an Gnóthas Ceannasach Iarnróid (GCI) agus an Custaiméir.
Is é GCI an pointe teagmhála aonair don chustaiméir. Má tá baint ag níos mó ná Gnóthas Iarnróid amháin leis an slabhra iompair, tá GCI freagrach as an gcomhordú leis na GInna eile freisin. Féadfaidh seoltóir nó aon eintiteas eile dul i mbun na seirbhíse sin freisin.
Tá an STI seo le haghaidh tionscal iompair lasta iarnróid teoranta i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 don mhalartú sonraí idir BBanna agus GInna/GCInna. Cuirtear leis an STI seo ar a chumas do GCI faisnéis a sholáthar don Chustaiméir go háirithe na nithe seo a leanas:
|
— |
Faisnéis bhealaigh. |
|
— |
Faisnéis faoi Ghluaiseachtaí Traenacha ar phointí comhaontaithe tuairiscithe, lena n-áirítear pointí imeachta, idirmhalartaithe/aistrithe agus ceann scríbe an iompair ar conradh ar a laghad. |
|
— |
Am Teachta Measta (ATM) chuig an gceann scríbe deiridh lena n-áirítear clóis agus críochfoirt idirmhódúla. |
|
— |
Briseadh seirbhíse. Nuair a fhoghlaimíonn an Gnóthas Ceannasach Iarnróid (GCI) faoi bhriseadh sa tseirbhís, cuirfidh sé in iúl don Chustaiméir in am trátha é. |
Maidir leis an bhfaisnéis sin a thabhairt, sainmhínítear i gCaibidil 4 na teachtaireachtaí comhlíontacha FTL faoi seach.
Go ginearálta, ní mór do GInna/GCInna, na cumais seo a leanas a bheith acu, ar a laghad:
|
— |
AN tSEIRBHÍS A SHAINIÚ: i dtéarmaí praghais agus amanna idirthurais, soláthar vaigíní (nuair is infheidhme), faisnéis faoi vaigíní/aonaid idirmhódúla (suíomh, stádas agus am teachta measta an vaigín/an aonaid idirmhódúil lena mbaineann), mar ar féidir lastais a luchtú ar vaigíní, coimeádáin fholmha etc., |
|
— |
SOLÁTHAR A DHÉANAMH: ar an tseirbhís a sainíodh ar bhealach iontaofa saoráideach ach próisis chomhchoiteanna gnó agus córais nasctha a úsáid. Ní mór go mbeadh sé ar chumas GInna, BBanna agus soláthraithe seirbhíse agus páirtithe leasmhara eile, mar shampla, custaim, faisnéis a mhalartú go leictreonach, |
|
— |
TOMHAS A DHÉANAMH: ar cháilíocht na seirbhíse a chuirtear ar fáil i gcomparáid leis an méid a sainíodh. i.e. cruinneas billeála in aghaidh an phraghais a luadh, na hamanna iarbhír idirthurais in aghaidh na ngealltanas a tugadh, vaigín a soláthraíodh in aghaidh an ordaithe, ATManna in aghaidh amanna teachta iarbhír, |
|
— |
OIBRIÚ: ar bhealach táirgiúil i dtéarmaí úsáide: acmhainneacht traenach, bonneagair agus flít ach na próisis ghnó, na córais ghnó agus an malartú sonraí is gá a úsáid chun tacú le vaigíní/aonaid idirmhódúla agus traenacha a sceidealú. |
Tá an láimhseáil a dhéantar ar vaigíní folmha ábhartha go háirithe nuair a dhéantar vaigíní idir-inoibritheacha a mheas. I bprionsabal, níl aon difríocht ann sa láimhseáil a dhéantar ar vaigíní luchtaithe nó folmha. Tá iompar vaigíní folmha bunaithe ar orduithe coinsíneachta freisin, agus ní mór bainisteoir flít na vaigíní folmha sin a mheas mar chustaiméir.
3. BUNRIACHTANAIS
3.1. Bunriachtanais a chomhlíonadh
I gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797, ní mór do Chóras Iarnróid an Aontais, na fochórais agus a gcomhpháirteanna idir-inoibritheachta na bunriachtanais a leagtar amach i dtéarmaí ginearálta in Iarscríbhinn III den Treoir sin a chomhlíonadh.
Faoi raon feidhme an STI seo, áiritheofar go gcomhlíonfar na bunriachtanais ábhartha a liostáiltear i gCaibidil 3 le haghaidh an fhochórais ach na sonraíochtaí a thuairiscítear i gCaibidil 4 (Saintréithriú an fhochórais) a chomhlíonadh.
3.2. Gnéithe de na bunriachtanais
Baineann na bunriachtanais leis na nithe seo a leanas:
|
— |
Sábháilteacht, |
|
— |
Iontaofacht agus Infhaighteacht, |
|
— |
Sláinte, |
|
— |
An comhshaol a chosaint, |
|
— |
Comhoiriúnacht theicniúil. |
|
— |
Inrochtaineacht. |
De réir Threoir (AE) 2016/797, d’fhéadfadh sé go mbeadh na bunriachtanais infheidhme go ginearálta maidir leis an gCóras Iarnróid Tras-Eorpach ar fad nó go mbeidís sonrach do gach fochóras agus a chomhpháirteanna.
3.3. Gnéithe a bhaineann leis na ceanglais ghinearálta
Cinntear mar seo a leanas ábharthacht na gceanglas ginearálta maidir leis an bhFochóras Feidhmchlár Teileamaitice do Lasta:
3.3.1. Sábháilteacht
Níl na bunriachtanais 1.1.1, 1.1.2, 1.1.3, 1.1.4 agus 1.1.5 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 ábhartha maidir leis an bhfochóras Feidhmchlár Teileamaitice.
3.3.2. Iontaofacht agus infhaighteacht
“Ní mór faireachán agus cothabháil ar na comhpháirteanna seasta nó inghluaiste a bhfuil baint acu le gluaiseachtaí traenach a eagrú, a dhéanamh agus a chainníochtú ar bhealach a choinneoidh ag oibriú iad faoi na coinníollacha atá beartaithe.”
Comhlíontar an bunriachtanas leis na Caibidlí seo a leanas:
|
— |
Caibidil 4.2.9: Na Príomhshonraí Tagartha, |
|
— |
Caibidil 4.2.10: Comhaid Tagartha agus bunachair sonraí éagsúla, |
|
— |
Caibidil 4.2.11: Líonrú agus Cumarsáid. |
3.3.3. Sláinte
Níl na bunriachtanais 1.3.1 agus 1.3.2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 ábhartha maidir leis an bhfochóras Feidhmchlár Teileamaitice.
3.3.4. Cosaint an chomhshaoil
Níl na bunriachtanais 1.4.1, 1.4.2, 1.4.3, 1.4.4 agus 1.4.5 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 ábhartha maidir leis an bhfochóras Feidhmchlár Teileamaitice.
3.3.5. Comhoiriúnacht theicniúil
Níl an bunriachtanas 1.5 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 ábhartha maidir leis an bhfochóras Feidhmchlár Teileamaitice.
3.3.6. Inrochtaineacht
Níl an bunriachtanas 1.6 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797 ábhartha maidir leis an bhfochóras Feidhmchlár Teileamaitice.
4. SAINTRÉITHRIÚ AN FHOCHÓRAIS
4.1. Réamhrá
Is córas comhtháite é an córas iarnróid, lena mbaineann Treoir (AE) 2016/797 agus a bhfuil an Fochóras Feidhmchlár Teileamaitice ina chuid de, nach mór a chomhsheasmhacht a fhíorú. Ní mór an chomhsheasmhacht seo a sheiceáil go háirithe maidir le sonraíochtaí an fhochórais, a chomhéadain vis-à-vis an córas ina bhfuil sé comhtháite, chomh maith leis na rialacha oibriúcháin agus cothabhála.
Agus na bunriachtanais uile is infheidhme á gcur san áireamh, saintréithrítear an Fochóras Feidhmchlár Teileamaitice do Lasta mar seo a leanas:
4.2. Sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla an fhochórais
I bhfianaise na mbunriachtanas i gCaibidil 3, cumhdaítear le sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla an fhochórais na paraiméadair seo a leanas:
|
— |
Sonraían Nóta Coinsíneachta, |
|
— |
Iarraidh Bhealaigh agus Leithdháileadh Bealaigh, |
|
— |
Ullmhúchán Traenacha, |
|
— |
Faisnéis faoi Ghluaiseachtaí Traenacha agus Réamhaisnéis ar Ghluaiseachtaí Traenacha, |
|
— |
Faisnéis faoi Bhriseadh sa tSeirbhís, |
|
— |
Am teachta measta (ATM)/Am idirmhalartaithe measta (AIM) an vaigín/an aonaid idirmhódúil, |
|
— |
Gluaiseacht Vaigíní, |
|
— |
Malartú Sonraí le haghaidh Feabhsú Cáilíochta, |
|
— |
Na Príomhshonraí Tagartha, |
|
— |
Comhaid Tagartha agus Bunachair Sonraí Éagsúla, |
|
— |
Líonrú agus Cumarsáid. |
Anuas ar na forálacha a dhéantar i gCaibidil 4 agus ina fochaibidlí, féadfaidh gach páirtí leasmhara na teachtaireachtaí de réir Chaibidlí 4.2.2.3 (le linn oibriúchán nó ullmhúchán le haghaidh oibriú traenach), 4.2.4.2, 4.2.4.3, 4.2.5.2, 4.2.6.3 agus 4.2.6.4 a mhalartú le páirtithe leasmhara eile a bhfuil baint acu leis an tseirbhís chéanna lasta, ar choinníoll go bhfuil na páirtithe leasmhara inaitheanta. Féadfaidh an seoltóir na malartuithe teachtaireachtaí sin a mhuirearú.
Tá GCI freagrach as an bhfaisnéis chuig an gcustaiméir de réir an chomhaontaithe chonarthaigh.
Sainmhínítear na sonraíochtaí mionsonraithe sonraí sa Chatalóg Sonraí iomlán. Sainmhínítear formáidí sainordaitheacha na dteachtaireachtaí agus sonraí na catalóige sin sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F - Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I. Ina theannta sin, féadfar caighdeáin eile atá ann cheana a úsáid chun na críche céanna má tá comhaontú sonrach ann idir na páirtithe lena mbaineann chun na caighdeáin sin a úsáid go háirithe le haghaidh iompar traschórais/idirmhódúil nó ar chríocha Bhallstáit an Aontais ag a bhfuil teorainn le tríú tíortha.
Barúlacha ginearálta ar struchtúr na teachtaireachta
Roinntear na teachtaireachtaí in dhá thacar sonraí:
|
— |
Sonraí maidir le rialú: a shainítear le ceanntásc teachtaireachta sainordaithí na dteachtaireachtaí sa chatalóg. |
|
— |
Sonraí faisnéise: a shainítear le hinneachar sainordaitheach/roghnach gach teachtaireachta agus tacar sonraí sainordaitheach/roghnach sa chatalóg. |
Má shainítear teachtaireacht nó eilimint sonraí mar theachtaireacht nó eilimint sonraí roghnach sa Rialachán seo, socraíonn na páirtithe lena mbaineann cibé a úsáidfear nó nach n-úsáidfear í. Ní mór cur i bhfeidhm na dteachtaireachtaí agus na n-eilimintí sonraí sin a bheith mar chuid de chomhaontú conarthach. Má tá eilimintí roghnacha sa chatalóg sonraí sainordaitheach faoi choinníollacha áirithe, ní mór sin a shonrú sa chatalóg sonraí.
4.2.1. Sonraí an Nóta Coinsíneachta
4.2.1.1.
Seolfaidh an Custaiméir an Nóta Coinsíneachta chuig GCI. Ní mór dó an fhaisnéis uile is gá a thaispeáint chun coinsíneacht a iompar ón gcoinsíneoir chuig an gcoinsíní de réir “Rialacha Comhionanna maidir leis an gConradh le haghaidh Iompair Idirnáisiúnta Earraí d’Iarnród (CIM)” agus “Rialacha Comhionanna maidir le Conarthaí Úsáide Feithiclí i dTrácht Idirnáisiúnta Iarnróid (CUV)”. Ní mór do GCI faisnéis bhreise a fhorlíonadh. Tugtar tuairisc ar fhothacar de shonraí nóta coinsíneachta lena n-áirítear na cinn bhreise, in Aguisín I, STI FTL – IARSCRÍBHINN D.2: AGUISÍN A (TURAS VAIGÍN/AONAID LUCHTAITHE IDIRMHÓDÚIL A PHLEANÁIL) agus Aguisín I, STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus samhail teachtaireachta STI FTL (4))) a liostáiltear sa tábla in Aguisín I den Rialachán seo.
I gcás Rochtain Oscailte, tá an fhaisnéis uile ag an GCI a dhéanann conradh leis an gcustaiméir tar éis na sonraí atá ar fáil a fhorlíonadh. Ní gá teachtaireachtaí a mhalartú le GInna eile. Tá na sonraí sin mar bhunús le hiarraidh bhealaigh ar ghearrfhógra, más gá sin chun an nóta coinsíneachta a fhorghníomhú.
Baineann na teachtaireachtaí seo a leanas le cás rochtana neamh-oscailte. D’fhéadfadh sé go mbeadh inneachar na dteachtaireachtaí sin mar bhunús le hiarraidh bhealaigh ar ghearrfhógra, más gá sin chun an nóta coinsíneachta a fhorghníomhú.
4.2.1.2.
Is fothacar den fhaisnéis ar an Nóta Coinsíneachta go príomha an t-ordú coinsíneachta. Ní mór do na GCInna é a chur ar aghaidh chuig na GInna a bhfuil baint acu leis an slabhra iompair. Ní mór d’inneachar an ordaithe Coinsíneachta an fhaisnéis ábhartha is gá a thaispeáint chun go mbeidh GI in ann iompar a chur i gcrích le linn a fhreagrachta go dtí go dtabharfar ar láimh don chéad GI eile é.
Liostáiltear struchtúr sainordaitheach sonraí an ordaithe coinsíneachta agus formáidí mionsonraithe na teachtaireachta sin sa “Teachtaireacht Ordaithe Coinsíneachta” sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I
Is é príomhinneachar na n-orduithe coinsíneachta sin na nithe seo a leanas:
|
— |
Faisnéis faoin gcoinsíneoir agus faoin gcoinsíní, |
|
— |
Faisnéis faoin ródúchán, |
|
— |
Sainaithint coinsíneachta, |
|
— |
Faisnéis faoin vaigín, |
|
— |
Faisnéis faoin áit agus faoin am. |
4.2.2. Iarraidh bhealaigh agus leithdháileadh bealaigh
4.2.2.1.
Sainítear leis an mBealach na sonraí iarrtha, glactha agus iarbhír atá le stóráil maidir leis an mbealach agus tréithe na traenach le haghaidh gach cuid den bhealach sin. Léirítear sa tuairisc seo a leanas an fhaisnéis nach mór a bheith ar fáil don bhainisteoir bonneagair agus/nó don chomhlacht leithdháilte (CL).. Ní mór an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta aon uair a tharlaíonn athrú. Mar sin ní mór a bheith in ann sonraí a aisghabháil le haghaidh leasuithe gearrthéarmacha leis an bhfaisnéis maidir leis an mbealach bliantúil. Ní mór do GCI an Custaiméir a chur ar an eolas go háirithe, sa chás go bhfuil tionchar aige air.
Iarraidh Bhealaigh ar ghearrfhógra
Mar gheall ar eisceachtaí le linn don traein a bheith ag gluaiseacht nó mar gheall ar éilimh iompair ar bhonn am gairid, ní mór do ghnóthas iarnróid nó d’Iarratasóir a bheith in ann bealach ad hoc a fháil ar an líonra.
Ní mór do GI/Iarratasóir atá ag gníomhú i ról an Iarratasóra Fhreagraigh na sonraí go léir is gá a sholáthar don bhainisteoir bonneagair maidir leis an am agus an áit ar gá don traein gluaiseacht mar aon leis na tréithe fisiciúla a mhéid a idirghníomhaíonn siad leis an mbonneagar. Tá na ceanglais sin bailí maidir le gach Iarraidh Bhealaigh ar Ghearrfhógra agus teachtaireachtaí lena mbaineann. Ní shonraítear aon íostréimhse ina leith ar leibhéal na hEorpa. D’fhéadfadh sé go sonrófaí íostréimhsí leis an ráiteas líonra.
Ní áirítear saincheisteanna maidir le Bainistiú Tráchta le hIarraidh Bhealaigh ar ghearrfhógra. Tá an teorainn ama idir bealaí Gearrthéarmacha agus athruithe bealaigh um Bainistiú Tráchta faoi réir comhaontuithe áitiúla agus féadfar í a léiriú sa ráiteas líonra..
Ní cuid den rialachán seo ceanglais a thugann aird ar fhreagrachtaí GI/Iarratasóra/BB le linn na bpróiseas iarrata agus leithdháilte bealaigh. Tugtar an fhaisnéis ábhartha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún (1) (OPE TSI).
4.2.2.2.
Seolfaidh GI/an tIarratasóir a ghlacann ról an Iarratasóra Fhreagraigh an “teachtaireacht Iarrata Bealaigh” chuig an mbainisteoir bonneagair (BB)/comhlacht leithdháilte (CL) chun bealach a iarraidh.
Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta Iarrata Bealaigh” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.2.3.
Seolfaidh BB/CL atá ag gníomhú mar an BB Pleanála an teachtaireacht “sonraí bealaigh” chuig an GI/Iarratasóir iarrthach mar fhreagairt ar a Iarraidh ar Bhealach.
Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta Sonraí Bealaigh” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.2.4.
Seolfaidh an GI/an tIarratasóir iarrthach a ghlacann ról an Iarratasóra Fhreagraigh an “teachtaireacht Bealaigh Deimhnithe” chun an Bealach a bheartaigh BB/CL a dheimhniú.
Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta Bealaigh Deimhnithe” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.2.5.
Seolfaidh an GI/an tIarratasóir iarrthach a ghlacann ról an Iarratasóra Fhreagraigh an “teachtaireacht Diúltaithe Sonraí Bealaigh” chuig an BB/CL lena mbaineann chun na Sonraí Bealaigh atá beartaithe aige a dhiúltú.
Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta Diúltaithe Sonraí Bealaigh” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.2.6.
Seolfaidh an GI/an tIarratasóir a ghlacann ról an Iarratasóra Fhreagraigh (i gcéim na pleanála) nó a ghlacann ról an GI Fhreagraigh (i bhfeidhm) an “teachtaireacht Cealaithe Bealaigh” chuig an BB/CL ábhartha chun an Bealach deimhnithe go léir nó cuid de a chur ar ceal.
Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta Cealaithe Bealaigh” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.2.7.
Seolfaidh BB/CL, a ghlacann ról an BB Pleanála (i gcéim na pleanála) nó ról an BB Fhreagraigh (i bhfeidhm) an teachtaireacht “Níl bealach ar fáil” chuig GI/an iarratasóir ar conradh i gcás nach bhfuil an bealach a dheimhnigh an GI/an t-iarratasóir ar fáil a thuilleadh.
Ní mór do BB GI a chur ar an eolas a luaithe a bheidh a fhios aige nach bhfuil bealach traenach ar fáil. Is féidir an teachtaireacht “Níl bealach ar fáil” a chur am ar bith idir an nóiméad a ndéantar an bealach traenach a chonrú agus imeacht na traenach. D’fhéadfadh sé go mbeadh, mar shampla, stopadh ar an mbealach, ina chúis leis an teachtaireacht sin.
Ciallaíonn an teachtaireacht “Níl bealach ar fáil” nach féidir an bealach nó cuid den bhealach a úsáid agus nach ann dó a thuilleadh.
Má tá bealach malartach ar fáil, in éineacht leis an teachtaireacht sin nó a luaithe is eol an bealach sin, ní mór do BB togra malartach a sheoladh gan aon iarraidh eile ón GI. Déantar sin leis an teachtaireacht “Sonraí Bealaigh” a bhaineann leis an teachtaireacht “Níl bealach ar fáil” sin. Murab ann do thogra malartach, ní mór do BB GI a chur ar an eolas láithreach.
Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na teachtaireachta “Níl bealach ar fáil” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.2.8.
Seolfaidh faighteoir gach teachtaireachta an “Teachtaireacht Admhála” chuig tionscnóir na teachtaireachta lena mbaineann chun a admháil go bhfuair a chóras oidhreachta an teachtaireacht.
Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “Teachtaireachta Admhála” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.3. Ullmhúchán Traenacha
4.2.3.1.
Tugtar tuairisc bhunúsach leis an bparaiméadar seo ar na teachtaireachtaí, nach mór a mhalartú le linn na céime ullmhaithe traenach go dtosaítear an traein.
Áirítear leis an ullmhúchán traenach seiceáil comhoiriúnachta idir an traein agus an bealach. Déanann GI an tseiceáil sin ar bhonn faisnéis a sholáthraíonn BBanna lena mbaineann maidir le tuairisc ar bhonneagar agus srianta bonneagair.
Sa chás go nglacann an chéad GI eile an traein ina hiomláine ar láimh, seolfaidh an GI Freagrach comhdhéanamh na traenach chuig an gcéad GI Freagrach eile. De réir comhaontuithe conarthacha, ní mór don GI Freagrach an teachtaireacht sin a sheoladh chuig BB/BBanna freisin. Tá feidhm leis sin freisin, má chuir Iarratasóir Freagrach eile, a shainordaigh an ghluaiseacht traenach don GI Freagrach, an bealach in áirithe. Ina theannta sin, fanann an GI Freagrach ina chomhpháirtí don mhalartú teachtaireachtaí le BB, má ligeann sé an ghluaiseacht traenach chuig GI eile ar fochonradh.
Má athraítear comhdhéanamh na traenach ag suíomh, ní mór an teachtaireacht sin a mhalartú arís le faisnéis arna tabhairt cothrom le dáta ag an GI Freagrach.
4.2.3.2.
Seolfaidh an GI Freagrach an “teachtaireacht maidir le Comhdhéanamh Traenach” ina sainmhínítear comhdhéanamh na traenach don chéad GI Freagrach eile a mbeidh baint aige leis an tseirbhís lasta agus chuig an GCI. De réir ráiteas líonra, ní mór don GI Freagrach an “teachtaireacht maidir le comhdhéanamh traenach” a sheoladh chuig BB/BBanna.
Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta maidir le Comhdhéanamh Traenach” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
Sainmhínítear na heilimintí íosta atá le déanamh don mhalartú teachtaireachtaí idir GI agus BB chun críche Comhdhéanaimh Traenach i gCaibidil 4.2.2.7.2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 (OPE TSI).
4.2.3.3.
Seolfaidh an GI Freagrach teachtaireacht “go bhfuil traein réidh” chuig an mbainisteoir bonneagair gach uair a bheidh traein réidh le tosú tar éis ullmhúchán traenach, ach amháin má ghlacann an bainisteoir bonneagair leis an tráthchlár mar theachtaireacht “go bhfuil traein réidh” faoi rialacha náisiúnta.
I gcás iompair traschórais, seolfaidh an tOibreoir Críochfoirt teachtaireacht “go bhfuil traein réidh” chuig GI gach uair a bheidh tacar vaigíní réidh le tosú. Seolfaidh an GI a sholáthraíonn tarraingt do phointe iontrála BB an teachtaireacht “go bhfuil traein réidh” chuig an GI a oibríonn an tseirbhís traenach ar líonra BB.
Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta go bhfuil Traein Réidh” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.4. Faisnéis faoi Ghluaiseachtaí Traenacha agus Réamhaisnéis ar Ghluaiseachtaí Traenacha
4.2.4.1.
Leagtar síos leis an bparaiméadar bunúsach seo faisnéis faoi ghluaiseachtaí traenacha agus réamhaisnéis ar ghluaiseachtaí traenacha. Ní mór dó an bealach a gcoinneofar an t-idirphlé idir bainisteoir bonneagair agus gnóthas iarnróid ar bun a fhorordú chun faisnéis faoi ghluaiseachtaí traenacha agus réamhaisnéis ar ghluaiseachtaí traenacha a mhalartú.
Leagtar síos leis an bparaiméadar bunúsach seo an bealach nach mór don bhainisteoir bonneagair, ag an am iomchuí, faisnéis faoi ghluaiseachtaí traenacha a sheoladh chuig an ngnóthas iarnróid agus chuig an mbainisteoir bonneagair comharsanachta ina dhiaidh sin a bhfuil baint aige le hoibriú na traenach.
Leis an bhfaisnéis faoi ghluaiseachtaí traenacha, soláthraítear sonraí faoi stádas reatha na traenach ag pointí tuairiscithe a chomhaontaítear sa chonradh.
Úsáidtear an réamhaisnéis ar ghluaiseachtaí traenacha chun faisnéis a sholáthar faoin am measta ag pointí réamhaisnéise a chomhaontaítear sa chonradh. Cuirfidh an bainisteoir bonneagair an teachtaireacht sin chuig an ngnóthas iarnróid agus chuig an mbainisteoir bonneagair comharsanachta a bhfuil baint aige leis an ngluaiseacht.
Sonrófar i gcomhaontuithe conarthacha Pointí Tuairiscithe le haghaidh ghluaiseacht na traenach.
Tarlaíonn an malartú faisnéise sin idir GInna agus BBanna i gcónaí idir an BB atá i gceannas agus an GI Freagrach, a bhfuil freagracht air as gluaiseacht na traenach. Tá feidhm leis sin freisin, má chuir Iarratasóir Freagrach eile, a shainordaigh an ghluaiseacht traenach don GI Freagrach, an bealach in áirithe. Ina theannta sin, fanann an GI Freagrach ina chomhpháirtí don mhalartú teachtaireachtaí leis BB, má ligeann sé an ghluaiseacht traenach chuig GI eile ar fochonradh.
Faoi chomhaontú conarthach, soláthróidh GCI Réamhaisnéis ar Ghluaiseacht Traenach agus Faisnéis faoi Ghluaiseacht Traenach don Chustaiméir. Comhaontóidh an dá pháirtí na pointí tuairiscithe sa chonradh.
4.2.4.2.
Ní mór do BB an teachtaireacht seo a eisiúint chuig an GI, atá ag reáchtáil na traenach, le haghaidh pointí aistrithe, pointí idirmhalartaithe agus le haghaidh cheann scríbe na traenach mar a thugtar tuairisc air i gCaibidil 4.2.4.1.
I gcás iompar traschórais faoi chomhaontú conarthach, áiritheoidh an GCI/an GI Freagrach go soláthraítear an teachtaireacht “réamhaisnéise ar ghluaiseacht traenach” don Oibreoir Críochfoirt.
Ina theannta sin, ní mór do BB an teachtaireacht a eisiúint chuig GI le haghaidh pointí tuairiscithe eile de réir conarthaí GI/BB.
Is féidir réamhaisnéis ar ghluaiseacht traenach a sheoladh freisin sula dtosaíonn an traein ag gluaiseacht. Maidir le moilleanna breise a tharlaíonn idir dhá Phointe Tuairiscithe, ní mór tairseach a shainiú go conarthach idir an gnóthas iarnróid agus an bainisteoir bonneagair a gcaithfear réamhaisnéis tosaigh nó réamhaisnéis nua a sheoladh chuige. Murab eol fad na moille, ní mór don bhainisteoir bonneagair “teachtaireacht maidir le briseadh sa tseirbhís” a sheoladh (féach Caibidil 4.2.5: Faisnéis faoi bhriseadh sa tseirbhís).
Ní mór don teachtaireacht réamhaisnéise ar ghluaiseacht traenach an t-am tuartha a thabhairt don phointe comhaontaithe réamhaisnéise.
Cuirfidh an Bainisteoir Bonneagair an teachtaireacht sin chuig an gcéad bhainisteoir bonneagair comharsanachta eile a bhfuil baint aige leis an ngluaiseacht traenach.
Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na teachtaireachta Réamhaisnéise ar Ghluaiseacht Traenach agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.4.3. Teachtaireacht maidir le Faisnéis faoi Ghluaiseacht Traenach agus Teachtaireacht maidir leis an gCúis leis an Moill ar an Traein.
Ina theannta sin, ní mór do BB an “teachtaireacht maidir le Faisnéis faoi Ghluaiseacht Traenach” a eisiúint chuig an GI Freagrach ag na hamanna seo a leanas:
|
— |
Imeacht ón bpointe imeachta, teacht chuig an gceann scríbe, |
|
— |
Teacht isteach ag pointí aistrithe, ag pointí idirmhalartaithe agus ag pointí tuairiscithe comhaontaithe bunaithe ar chonradh (e.g. pointí láimhseála) agus ar imeacht uathu. |
A luaithe is eol an chúis leis an moill (an chéad toimhde), agus i gcás nuashonrú maidir leis an gcúis leis an moill, ba cheart do BB é a sholáthar don GI Freagrach leis an Teachtaireacht ar leithligh maidir leis an gCúis leis an Moill ar an Traein.
Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na teachtaireachta maidir le Faisnéis faoi Ghluaiseacht Traenach agus an chúis leis an moill ar an traein agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.5. Faisnéis faoi Bhriseadh sa tSeirbhís
4.2.5.1.
Leagtar síos sa pharaiméadar bunúsach seo an bealach a láimhseáiltear faisnéis faoi bhriseadh sa tseirbhís idir an gnóthas iarnróid agus an bainisteoir bonneagair.
Nuair a fhoghlaimíonn GI faoi bhriseadh sa tseirbhís le linn na hoibríochta gluaiseachta traenach a bhfuil sé freagrach as, caithfidh sé an BB lena mbaineann a chur ar an eolas láithreach (féadfaidh GI sin a dhéanamh ó bhéal). Má chuirtear isteach ar an ngluaiseacht traenach, cuirfidh an bainisteoir bonneagair “teachtaireacht maidir le Briseadh sa Ghluaiseacht traenach” chuig an GI ar conradh agus chuig an gcéad bhainisteoir bonneagair comharsanachta eile a bhfuil baint aige leis an ngluaiseacht traenach.
Murab eol fad na moille, ní mór don bhainisteoir bonneagair teachtaireacht réamhaisnéise ar ghluaiseacht traenach a sheoladh ina ionad sin
4.2.5.2.
Má chuirtear isteach ar an ngluaiseacht traenach, eisíonn BB an teachtaireacht seo chuig an gcéad bhainisteoir bonneagair comharsanachta eile a bhfuil baint aige leis an ngluaiseacht traenach agus chuig an GI Freagrach.
I gcás iompar traschórais faoi chomhaontú conarthach, áiritheoidh GCI/GI go soláthraítear an teachtaireacht “maidir le Briseadh sa Ghluaiseacht Traenach” don Oibreoir Críochfoirt.
Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na teachtaireachta maidir le Briseadh sa Ghluaiseacht Traenach agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.6. ATM/AIM Lastais
4.2.6.1.
Tugtar tuairisc i gCaibidil 4.2.2 (iarraidh bhealaigh) ar an gcumarsáid idir GI agus BB go príomha. Ní chumhdaítear an mhonatóireacht aonair ar vaigíní nó ar aonaid idirmhódúla leis an malartú faisnéise sin. Déantar sin ar leibhéal GI/GCI bunaithe ar na teachtaireachtaí a bhaineann le traenacha agus tugtar tuairisc air i gCaibidlí 4.2.6 (ATM/AIM lastais) go 4.2.7 (Gluaiseacht Vaigíní).
Is tríd an stóráil a dhéantar ar “phleananna turais” agus “gluaiseachtaí vaigíni” a thacaítear go bunúsach leis an bhfaisnéis a bhaineann le vaigín nó le haonad Idirmhódúil a mhalartú agus a thabhairt cothrom le dáta (Caibidil 4.2.10.2: Bunachair Sonraí eile).
I gcás an chustaiméara, is í an fhaisnéis is tábhachtaí i gcónaí an t-am teachta measta (ATM) le haghaidh an lastais agus don traein (ATMT- Amanna Teachta Measta na Traenach). Is é ATM a bhaineann le vaigín mar aon le AIM an fhaisnéis bhunúsach sa chumarsáid idir GCI agus GI freisin. Is í an fhaisnéis sin an phríomhuirlis a bhíonn ag GCI chun faireachán a dhéanamh ar iompar fisiciúil lastais agus chun seiceáil a dhéanamh air in aghaidh an ghealltanais a tugadh don chustaiméir.
Baineann na hamanna tuartha go léir sna teachtaireachtaí a bhaineann le traein le teacht isteach na traenach ag pointe áirithe, a d’fhéadfadh pointe aistrithe, pointe idirmhalartaithe, ceann scríbe na traenach nó pointe tuairiscithe eile a bheith i gceist leis. Is Amanna Teachta Measta na Traenach (ATMT) iad sin go léir.
Faoi chomhaontú conarthach, soláthróidh GCI an t-am measta teachta (ATM) agus an t-am measta idirmhalartaithe (AIM) ar leibhéal an lastais agus ATMT ar leibhéal na traenach do Chustaiméirí. Comhaontóidh an dá pháirtí leibhéal an mhionsonraithe sa chonradh.
Maidir le hiompar traschórais, úsáidfear Cód BIC nó Cód ILU, de réir ISO 6346 agus EN 13044 faoi seach, sna teachtaireachtaí sonraí ina bhfuil aitheantóirí na n-aonad luchtaithe (e.g. coimeádáin, cabhlacha soghluaiste, leathleantóirí).
4.2.6.2.
Bunaítear ríomh ATM/AIM ar an bhfaisnéis ón mbainisteoir bonneagair atá i gceannas, a sheolann, laistigh den teachtaireacht Réamhaisnéise ar Ghluaiseacht Traenach, Am Teachta Measta na Traenach le haghaidh pointí sainithe tuairiscithe (in aon chás le haghaidh pointí aistrithe, idirmhalartaithe nó teachta lena n-áirítear críochfoirt Idirmhódúla) ar an mbealach comhaontaithe traenach e.g. an pointe aistrithe ó BB amháin go dtí an chéad BB eile (sa chás seo tá ATMT cothrom le AAM).
Maidir leis na pointí idirmhalartaithe nó pointí sainithe tuairiscithe eile ar an mbealach comhaontaithe traenach, ní mór do GI an t-am idirmhalartaithe measta (AIM) le haghaidh na vaigíní agus/nó na n-aonad Idirmhódúil a ríomh don chéad GI eile sa slabhra iompair lastais.
Nóta maidir le hiompar traschórais: Maidir leis na haonaid Idirmhódúla ar vaigín, is ATManna le haghaidh na n-aonad Idirmhódúla iad ATManna an vaigín freisin. Maidir le ATManna le haghaidh aonaid Idirmhódúla, ba cheart a thabhairt faoi deara, nach bhfuil GI in ann ATM nó ATMT den sórt sin a ríomh níos faide ná líonra poiblí BB. Dá bhrí sin, ní féidir le GI ach ATManna a bhaineann leis an GI a oibríonn sa chríochfort a sholáthróidh ATM nó ATMT don Oibreoir Críochfoirt Teachta a thabhairt. Bunaithe ar an ATM agus an ATMT sin, cuirfidh an tOibreoir Críochfoirt ETP ar fáil don Oibreoir Iompair Traschórais, a sholáthróidh an ETP céanna don chustaiméir deiridh (mar shampla seoltóirí lasta, soláthraithe seirbhíse lóistíochta…).
Tá GCI freagrach as comparáid a dhéanamh idir ATM agus ATMT agus an gealltanas don chustaiméir.
Ní mór diallta in ATM agus ATMT in aghaidh an ghealltanais a tugadh don chustaiméir a láimhseáil i gcomhréir leis an gconradh agus d’fhéadfadh sé go dtosódh GCI próiseas bainistíochta foláirimh mar thoradh air. Déantar foráil leis an teachtaireacht rabhaidh maidir leis an bhfaisnéis a tharchur ag deireadh an phróisis seo.
Mar bhonn leis an bpróiseas bainistíochta foláirimh, ní mór do GCI a bheith in ann fiosrúchán a dhéanamh le haghaidh traenach nó vaigín maidir le diallta. Sonraítear an fiosrúchán sin ó GCI agus an freagra ó GI thíos.
4.2.6.3.
Is é is aidhm don teachtaireacht seo AIM nó AIM cothrom le dáta a sheoladh ó GI Freagrach amháin chuig an gcéad cheann eile sa slabhra iompair.
Seolann gach GI Freagrach i slabhra iompair na vaigíní AIM/ATM nó AIM/ATM cothrom le dáta chuig an GCI. Faoi chomhaontú conarthach bunaithe ar AIManna a bhailítear, déanfaidh GCI ATM nó ATMT cruinn a ríomh agus a sholáthar don Chustaiméir agus don Oibreoir Críochfoirt.
Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta maidir AIM/ATM Vaigín” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.6.4.
Tar éis comparáid a dhéanamh idir ATM agus an gealltanas a tugadh don chustaiméir, féadfaidh GCI teachtaireacht Foláirimh a sheoladh chuig na GInna atá i gceist. Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta Foláirimh” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus samhail teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
Nóta: I gcás Rochtain Oscailte, is próiseas inmheánach GI é AIM agus ATM a ríomh. Sa chás sin is é an GCI féin an GI.
4.2.7. Gluaiseacht Vaigíní
4.2.7.1.
Maidir le gluaiseacht vaigín a thuairisciú, ní mór sonraí a áirítear sna teachtaireachtaí sin a stóráil agus a bheith inrochtana go leictreonach. Ní mór iad a mhalartú freisin laistigh de theachtaireacht ar bhonn conartha le páirtithe údaraithe.
|
— |
Fógra Scaoilte Vaigín |
|
— |
Fógra Imeachta Vaigín |
|
— |
Teacht Isteach Vaigín i gClós |
|
— |
Imeacht Vaigín ó Chlós |
|
— |
Teachtaireacht maidir le hEisceachtaí Vaigín |
|
— |
Fógra Teachta Vaigín |
|
— |
Fógra Seachadta Vaigín |
Faoi chomhaontú conarthach, ní mór do GCI an fhaisnéis maidir le gluaiseacht vaigín a sholáthar don Chustaiméir ach na teachtaireachtaí a dtugtar tuairisc orthu thíos a úsáid.
4.2.7.2.
Ní gá gurb é GCI an chéad GI sa slabhra iompair. Sa chás sin, ní mór do GCI a rá leis an GI atá i gceannas go bhfuil an vaigín réidh le tarraingt ag taobhlach an chustaiméara (áit imeachta de réir ghealltanas an GCI) ag an am scaoilte ar leith (dáta agus am imeachta).
Is féidir na himeachtaí sin a stóráil i mBunachar Sonraí Oibriúcháin an Vaigín agus an Aonaid Idirmhódúil. Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta maidir le Fógra Scaoilte Vaigín” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.7.3.
Ní mór do GI GCI a chur ar an eolas faoin Dáta agus Am iarbhír a tarraingíodh an vaigín ón áit imeachta.
Is féidir na himeachtaí sin a stóráil i mBunachar Sonraí Oibriúcháin an Vaigín agus an Aonaid Idirmhódúil. Leis an malartú teachtaireachta sin, aistrítear an fhreagracht as an vaigín ón gcustaiméir go dtí GI. Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta maidir le Fógra Imeachta Vaigín” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.7.4.
Ní mór do GI GCI a chur ar an eolas gur shroich an vaigín an clós. Is féidir an teachtaireacht seo a bhunú ar theachtaireacht “maidir le faisnéis faoi ghluaiseacht Traenach” ó Chaibidil 4.2.4 (Réamhaisnéis ar ghluaiseachtaí traenacha). Is féidir an t-imeacht sin a stóráil i mBunachar Sonraí Oibriúcháin an Vaigín agus an Aonaid Idirmhódúil. Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta maidir le Teacht Isteach Vaigín i gClós” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.7.5.
Ní mór do GI GCI a chur ar an eolas gur fhág an vaigín an clós. Is féidir an teachtaireacht seo a bhunú ar theachtaireacht “maidir le faisnéis faoi ghluaiseacht traenach” ó Chaibidil 4.2.4 (Réamhaisnéis ar ghluaiseachtaí traenacha). Is féidir an t-imeacht sin a stóráil i mBunachar Sonraí Oibriúcháin an vaigín agus an aonaid idirmhódúil. Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta maidir le hImeacht Vaigín ó Chlós” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.7.6.
Ní mór do GI GCI a chur ar an eolas má tharlaíonn rud éigin gan choinne don vaigín, a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar AIM/ATM, nó má theastaíonn aon ghníomh breise ina leith. Éilítear ríomh nua AIM/ATM leis an teachtaireacht seo i bhformhór na gcásanna. Má chinneann GCI go mbeidh AIM/ATM nua ann, cuireann sé teachtaireacht ar ais chuig GI, a sheol an teachtaireacht sin mar aon leis an tásc “AIM/ATM iarrata” (teachtaireacht: Teachtaireacht maidir le hEisceacht Vaigín, iarraidh AIM/ATM nua). Ní mór don ríomh nua AIM/ATM an nós imeachta i gCaibidil 4.2.6 (AIM/ATM lastais) a leanúint.
Is féidir an fhaisnéis sin a stóráil i mBunachar Sonraí Oibriúcháin an Vaigín agus an Aonaid Idirmhódúil. Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta maidir le hEisceacht Vaigín” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.7.7.
Ní mór don GI deireanach i slabhra iompair vaigín nó aonaid idirmhódúil GCI a chur ar an eolas gur shroich an vaigín an clós (suíomh GI). Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach na “teachtaireachta maidir le Fógra Teachta Vaigín” agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.7.8.
Ní mór don GI deireanach i slabhra iompair vaigín GCI a chur ar an eolas gur cuireadh an vaigín ag taobhlach an choinsíní.
Nóta: I gcás Rochtain Oscailte, is próiseas inmheánach GI (GCI) an ghluaiseacht vaigín a dtugtar tuairisc air. Mar sin féin, ní mór dó gach ríomh agus an stóráil sonraí a dhéanamh mar GCI a bhfuil conradh aige leis an gcustaiméir agus a thug tiomantas don chustaiméir.
Comhtháthaítear an léaráid seichimh le haghaidh na dteachtaireachtaí sin bunaithe ar shampla 1 agus 2 le haghaidh AIM vaigíní a ríomh (féach Caibidil 4.2.6.2: AIM/ATM/AIM a ríomh) leis an léaráid le haghaidh tuairisciú idirmhalartaithe sa doiciméad “STI FTL — A.5: Figiúirí agus Léaráidí Seichimh de Theachtaireachtaí STI FTL” Caibidil 6, a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.8. Sonraí a Mhalartú chun Cáilíocht a Fheabhsú
Le bheith iomaíoch ní mór do Thionscal Iarnróid na hEorpa cáilíocht níos airde seirbhíse a sholáthar dá chustaiméirí (féach freisin Iarscríbhinn III, Airteagal 2.7.1 a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797). Is próiseas fíor-riachtanach iar-thurais é próiseas tomhais chun tacú le feabhsúcháin cháilíochta. Chomh maith le cáilíocht na seirbhíse a chuirtear ar fáil don chustaiméir a thomhas, ní mór do GCInna, GInna agus BBanna cáilíocht na gcomhpháirteanna seirbhíse a thomhas lena gcuimsítear an táirge a chuirtear ar fáil don chustaiméir ar an iomlán. Is éard atá i gceist leis an bpróiseas go roghnóidh BBanna agus GInna (go háirithe más GCInna iad) paraiméadar aonair cáilíochta, bealach nó suíomh agus tréimhse tomhais ina gcaithfear torthaí iarbhír a thomhas in aghaidh critéir réamhshocraithe agus a leagtar amach i gconradh de ghnáth. Ní mór do thorthaí an phróisis tomhais an leibhéal gnóthachtála a thaispeáint go soiléir in aghaidh na sprice, ar chomhaontaigh na páirtithe conarthacha uirthi.
4.2.9. Na Príomhshonraí Tagartha
4.2.9.1.
Chun tacú leis an ullmhúchán traenach agus le hoibriú vaigíní, cuirfidh an coimeádaí vaigíní sonraí rothstoic ar fáil sa Bhunachar Sonraí Tagartha Rothstoic.
4.2.9.2.
Tá coimeádaí an rothstoic freagrach as sonraí rothstoic a stóráil laistigh de Bhunachar Sonraí Tagartha Rothstoic.
Tugtar tuairisc mhionsonraithe ar an bhfaisnéis nach mór a áireamh sna Bunachair Sonraí Tagartha Rothstoic in Aguisín I, Aguisín C.
Ní mór do na Bunachair Sonraí Tagartha Rothstoic rochtain éasca a cheadú ar na sonraí tagartha rothstoic chun líon na sonraí a tharchuirtear maidir le gach oibríocht a íoslaghdú. Ní mór d’inneachar na mBunachar sonraí a bheith inrochtana, bunaithe ar chearta struchtúrtha rochtana ag brath ar phribhléid le haghaidh gach Soláthraí Seirbhíse (go háirithe BBanna agus GInna).
Féadfar na hiontrálacha sa Bhunachar Sonraí Tagartha Rothstoic a rangú mar a leanas:
|
— |
Sonraí riaracháin, a bhaineann le míreanna deimhniúcháin agus clárúcháin. Ina theannta sin, de réir Rialachán (AE) Uimh. 445/2011 ón gCoimisiún (2), Airteagal 5, stórálfaidh Coimeádaithe Vaigíní uimhir aitheantais deimhniúcháin ECM |
|
— |
Sonraí dearaidh, lena n-áireofar gach eilimint (fhisiciúil) bhunaidh den rothstoc, go háirithe faisnéis a theastaíonn ó GInna le haghaidh pleanáil agus oibriú traenacha. |
Tá sé d’oibleagáid ar an gcoimeádaí a áirithiú go bhfuil na sonraí sin ar fáil agus go ndearnadh na próisis taobh thiar díobh.
Tugtar tuairisc ar an sainmhíniú ar struchtúr sainordaitheach an Bhunachair Sonraí Tagartha Rothstoic agus ar na heilimintí atá le leanúint sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.10. Comhaid Tagartha agus Bunachair Sonraí Éagsúla
4.2.10.1.
Maidir le traenacha lasta a oibriú ar an líonra Eorpach, ní mór do na comhaid tagartha seo a leanas a bheith ar fáil agus inrochtana le haghaidh gach soláthraí seirbhíse (BBanna, GInna, soláthraithe lóistíochta agus bainisteoirí flít). Ní mór do na sonraí an stádas iarbhír a léiriú i gcónaí. Sa chás go n-úsáidtear comhad tagartha go coitianta le STI FTP, ní mór don fhorbairt agus do na hathruithe a bheith i gcomhréir le STI FTP, chun na sineirgí is fearr a bhaint amach.
Déanfaidh Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh cóid uathúla a stóráil agus a chothabháil go lárnach do na sonraí tagartha seo a leanas:
|
— |
Comhad Tagartha an Chódúcháin le haghaidh gach BB, GI, cuideachta soláthraí Seirbhíse; |
|
— |
Comhad Tagartha an Chódúcháin Suíomhanna (Príomhúil agus fochuideachta), |
Sábhálfaidh an Ghníomhaireacht cóip den Chomhad Tagartha le haghaidh na gCód Suíomhanna Príomhúla agus na gCód Cuideachta. Ar iarraidh aonair agus gan dochar do chearta maoine intleachtúla, beidh na sonraí sin ar fáil le haghaidh comhairliúchán poiblí.
Sainmhínítear liostaí eile cód sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus Samhail Teachtaireachta STI FTL” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.10.2.
Chun gluaiseachtaí traenacha agus vaigíní a rianú, féadfar Bunachar Sonraí Oibriúcháin an Vaigín agus Aonaid Idirmhódúil, a thugtar cothrom le dáta ag gach imeacht ábhartha i bhfíor-am, a shuiteáil. D’fhéadfadh sé go mbeadh rochtain ag eintitis údaraithe mar shampla, coimeádaithe agus bainisteoirí flít ar na sonraí atá ábhartha chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, de réir comhaontuithe déthaobhacha.
Bunaítear an chumarsáid idir GCInna agus GInna sa mhodh comhair ar uimhreacha vaigíní agus/nó aonad idirmhódúil. Dá bhrí sin, ní mór do GI, a dhéanann cumarsáid le BBanna ar leibhéal traenach, an fhaisnéis sin a bhriseadh síos i gceann a bhaineann le vaigín agus ceann a bhaineann le haonad Idirmhódúil. Is féidir an fhaisnéis sin a bhaineann le vaigín agus aonad Idirmhódúil a stóráil i mBunachar Sonraí Oibriúcháin an Vaigín agus an Aonaid Idirmhódúil. Mar gheall ar an bhfaisnéis sin maidir le gluaiseacht traenach, déantar iontrálacha/nuashonraithe i mBunachar Sonraí Oibriúcháin an Vaigín agus an Aonaid Idirmhódúil le haghaidh faisnéis chustaiméara. Bunaítear an chuid gluaiseachta le haghaidh aon vaigín nó aonaid Idirmhódúil sa bhunachar sonraí ar a dhéanaí nuair a fhaightear an t-am scaoilte le haghaidh na vaigíní nó na n-aonad idirmhódúil ón gcustaiméir. Is é an t-am scaoilte sin an chéad iontráil ghluaiseachta le haghaidh vaigín i mBunachar Sonraí Oibriúcháin an Vaigín agus an Aonaid Idirmhódúil a bhaineann le turas iompair iarbhír. Sainmhínítear na teachtaireachtaí le haghaidh gluaiseacht vaigíní i gCaibidil 4.2.7 (Gluaiseacht Vaigíní). Tá an bunachar sonraí sin inrochtana tríd an gComhéadan Coiteann (4.2.11.1: Ailtireacht Ghinearálta agus 4.2.11.6: Comhéadan Coiteann).
Tá Bunachar Sonraí Oibriúcháin an Vaigín agus an Aonaid Idirmhódúil ann le haghaidh vaigíní a rianú agus mar sin le haghaidh na cumarsáide idir GInna atá i gceist agus GCI. Léirítear leis an mbunachar sonraí seo gluaiseacht vaigín agus aonaid idirmhódúil ó tráth a imeachta go dtí an seachadadh deiridh ag taobhlach na gcustaiméirí mar aon le AIManna agus amanna iarbhír ag suíomhanna éagsúla go dtí ATM an ama seachadta deiridh. Léirítear leis an mbunachar sonraí freisin stádas difriúil an rothstoic, mar shampla na nithe seo a leanas:
|
— |
Stádas: luchtú an rothstoic Éilítear an stádas seo le haghaidh an mhalartaithe faisnéise idir GI agus BBanna agus le gnóthais eile iarnróid a bhfuil baint acu leis an turas iompair |
|
— |
Stádas: vaigín luchtaithe ar turas Éilítear an stádas seo le haghaidh an mhalartaithe faisnéise idir BB agus GInna, le bainisteoirí eile bonneagair agus le gnóthais eile iarnróid a bhfuil baint acu leis an turas iompair. |
|
— |
Stádas: vaigín folamh ar turas Éilítear an stádas seo le haghaidh an mhalartaithe faisnéise a dhéanann BB agus GInna le bainisteoirí eile bonneagair agus le gnóthais eile iarnróid a bhfuil baint acu leis an turas iompair. |
|
— |
Stádas: rothstoc a dhíluchtú Éilítear an stádas seo le haghaidh an mhalartaithe faisnéise idir GI ag an gceann scríbe agus GCI don iompar. |
|
— |
Stádas: vaigín folamh faoi rialú bainistíochta flít Éilítear an stádas seo chun an fhaisnéis a fháil faoi infhaighteacht feithicle le tréithe sainithe. |
4.2.10.3.
Ní mór gach córas (Bunachar Sonraí) a shainiú go soiléir agus beidh rialacha maidir le hinrochtaineacht sonraí agus infhaighteacht sonraí mar thaca leis an gcomhsheasmhacht sonraí ann.
4.2.11. Líonrú agus Cumarsáid
4.2.11.1.
Is é is aidhm don ailtireacht TF faisnéis a mhalartú i dtimpeallacht shlán iontaofa i measc na ngníomhaithe iarnróid uile sa Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid (SERA).
Le himeacht aimsire feicfidh an fochóras seo fás agus idirghníomhaíocht i bpobal mór casta idir-inoibritheachta Teileamaitice iarnróid ina bhfuil na céadta rannpháirtí (GInna, BBanna, etc.), a bheidh san iomaíocht agus/nó a bheidh ag obair i gcomhar chun freastal ar riachtanais an mhargaidh.
Bunófar an bonneagar Líonra agus Cumarsáide a thacaíonn leis an bpobal idir-inoibritheachta iarnróid sin ar Ailtireacht chomhchoiteann Malartaithe Faisnéise, a mbeidh eolas ag na rannpháirtithe air agus a ghlacfaidh na rannpháirtithe.
Tá na nithe seo a leanas i gceist leis an Ailtireacht Malartaithe Faisnéise atá beartaithe:
|
— |
dearadh é chun samhlacha ilchineálacha faisnéise a réiteach ach na sonraí a mhalartaítear idir na córais a thrasfhoirmiú go séimeantach agus difríochtaí sa phróiseas gnó agus sa phrótacal ar leibhéal feidhmchláir a réiteach, |
|
— |
tá tionchar íosta aige ar na hailtireachtaí TF atá ann cheana a chuir gach gníomhaí chun feidhme, |
|
— |
cosnaítear infheistíochtaí TF a rinneadh cheana. |
Bunaítear an Ailtireacht Malartaithe Faisnéise ar chaighdeáin leanúnacha phríomhshrutha sa tionscal TF, lena n-áirítear an leibhéal ábhartha cibearshlándála de réir na rioscaí aitheanta. Ní mór don idirghníomhaíocht idir na gníomhaithe uile sláine agus comhsheasmhacht fhoriomlán na hidir-inoibritheachta iarnróid a ráthú ach tacar seirbhísí láraithe a sholáthar.
Bunaítear cur chun feidhme an choincheapa ailtireachta, e.g. cumarsáid piara le piara, ar chaighdeáin theicniúla le haghaidh an Chomhéadain Choitinn a dtugtar tuairisc orthu sa doiciméad teicniúil ERA-TD-104 “Iarscríbhinn D.2: Aguisín E — Comhéadan Coiteann” a liostáiltear in Aguisín I.
Tugtar léiriú pictiúrtha ar an ailtireacht ghinearálta sa doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn A.5 Figiúirí agus Léaráidí Seichimh de theachtaireachtaí STI FTL”, Caibidil 1.5, a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.11.2.
Sa chás seo ciallaíonn líonra modh agus fealsúnacht na cumarsáide agus ní chiallaíonn sé an líonra fisiciúil.
Áiritheofar leis an líonra an leibhéal is gá don chibearshlándáil.
Bunaítear an idir-inoibritheacht iarnróid ar Ailtireacht chomhchoiteann Malartaithe Faisnéise, a bhfuil eolas ag na rannpháirtithe air agus a ghlacfaidh na rannpháirtithe, agus mar sin, spreagtar iontrálaithe nua, go háirithe custaiméirí agus laghdaítear bacainní.
Féadfar an coincheap slándála a chur chun feidhme ar shraitheanna éagsúla den chruach chumarsáide idir dhá phiara.
Chun leibhéal ard slándála a bhaint amach, ní mór do gach teachtaireacht a bheith féinchuimsitheach, rud a chiallaíonn go bhfuil an fhaisnéis sa teachtaireacht daingnithe agus gur féidir leis an nglacadóir barántúlacht na teachtaireachta a fhíorú. Féadfar sin a réiteach ach scéim chriptithe agus shínithe cosúil le criptiú ríomhphoist a úsáid.
4.2.11.3.
Is féidir criptiú neamhshiméadrach nó siméadrach a úsáid chun sonraí a tharchur agus a stóráil, ag brath ar na ceanglais ghnó. Chun na críche sin, tá Bonneagar Eochrach Poiblí (PKI) le cur chun feidhme.
Bunaítear an criptiú ar chaighdeáin theicniúla le haghaidh an Chomhéadain Choitinn a dtugtar tuairisc orthu sa doiciméad teicniúil ERA-TD-104 “Iarscríbhinn D.2: Aguisín E — Comhéadan Coiteann” a liostáiltear in Aguisín I.
4.2.11.4.
Ní mór don Stór Lárnach a bheith in ann na nithe seo a leanas a láimhseáil:
|
— |
meiteashonraí — sonraí struchtúrtha lena dtugtar tuairisc ar inneachar teachtaireachtaí, |
|
— |
Bonneagar Eochrach Poiblí (PKI), |
|
— |
Údarás Deimhniúcháin (ÚD), |
Ba cheart do bhainistíocht an stóir lárnaigh a bheith faoi fhreagracht eagraíochta comh-Eorpaí neamhthráchtála. I gcás ina bhfuil an Stór Lárnach in úsáid i dteannta STI FTP, déanfar forbairt agus athruithe a ghaire is féidir do STI FTP a cuireadh chun feidhme chun na sineirgí is fearr a bhaint amach.
4.2.11.5.
Ciallaíonn STI a chomhlíonadh, maidir le sonraí a mhalartú, eilimintí sainordaitheacha catalóige sonraí FTL (XSD) a mhalartú de réir na bhforálacha i gCaibidil 4.2 STI FTL.
Féadtar sonraíochtaí an Chomhéadain Choitinn a úsáid lena n-áirítear XSD a úsáid gan aon chomhaontú sonrach idir na páirtithe lena mbaineann. Ba cheart na sonraíochtaí CI a oiriúnú go rialta chun teicneolaíochtaí nua cumarsáide a chur san áireamh.
Agus is féidir aon teicneolaíocht chumarsáide a úsáid le chéile má tá comhaontú sonrach ann idir na páirtithe lena mbaineann fada a ailíneofar le sonraíochtaí CI é.
Ní mór do Chomhéadan Coiteann a bheith in ann na nithe seo a leanas a láimhseáil:
|
— |
formáidiú teachtaireachta a dhéanamh de réir na meiteashonraí ar theachtaireachtaí atá ag dul amach, |
|
— |
teachtaireachtaí atá ag dul amach a shíniú agus a chriptiú, |
|
— |
seoladh a chur ar theachtaireachtaí atá ag dul amach, |
|
— |
barántúlacht na dteachtaireachtaí atá ag teacht isteach a fhíorú, |
|
— |
teachtaireachtaí atá ag teacht isteach a dhíchriptiú, |
|
— |
seiceálacha comhréireachta a dhéanamh de réir meiteashonraí ar theachtaireachtaí atá ag teacht isteach, |
|
— |
an rochtain choiteann aonair ar bhunachair sonraí éagsúla a láimhseáil. |
Beidh rochtain ag gach ásc de Chomhéadan Coiteann ar na sonraí go léir a éilítear de réir STI laistigh de gach coimeádaí vaigín, GCI, GI, BB, etc., Cibé acu is bunachair sonraí lárnacha nó bunachair sonraí aonair iad na Bunachair sonraí ábhartha (féach freisin an doiciméad “STI FTL — Iarscríbhinn A.5: Figiúirí agus Léaráidí Seichimh de theachtaireachtaí STI FTL”, Caibidil 1.6, a liostáiltear in Aguisín I).
I gcás ina n-úsáidtear an Comhéadan Coiteann i dteannta STI FTP go minic, déanfar forbairt agus athruithe a ghaire is féidir do STI FTP a cuireadh chun feidhme, chun na sineirgí is fearr a bhaint amach. Bunaithe ar thorthaí an fhíoraithe barántúlachta a dhéantar ar theachtaireachtaí atá ag teacht isteach, is féidir íosleibhéal admhála teachtaireachta a chur chun feidhme:
|
(i) |
dearfach seoltar ACK; |
|
(ii) |
diúltach seoltar NACK. |
Úsáideann Comhéadan Coiteann an fhaisnéis sa stór lárnach chun na cúraimí thuas a bhainistiú.
Má chuireann gníomhaí “scáthán” áitiúil den Stór Lárnach chun feidhme, ansin ní mór don ghníomhaí sin - trína bhealach féin - a áirithiú gur cóip chruinn cothrom le dáta den Stór Lárnach é an “scáthán” áitiúil.
4.2.11.6.
Ní féidir ach prótacail a bhaineann leis an bhfoireann prótacal idirlín (ar a dtugtar TCP/IP, UDP/IP etc.) a úsáid le haghaidh forbairtí.
4.3. Sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla na gcomhéadan
I bhfianaise na mbunriachtanas i gCaibidil 3, is iad seo a leanas sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla na gcomhéadan:
4.3.1. Comhéadain leis an mBonneagar STI
Cuimsítear leis an bhfochóras bonneagair córais bainistithe tráchta, rianaithe agus loingseoireachta: suiteálacha teicniúla le haghaidh sonraí a phróiseáil agus na teileachumarsáide atá beartaithe le haghaidh seirbhísí paisinéirí fad-achair agus seirbhísí lasta ar an líonra chun oibriú sábháilte comhchuí an líonra agus bainistiú éifeachtach tráchta a ráthú.
Úsáideann an fochóras Feidhmchláir Theileamaitice do Lasta na sonraí a éilítear chun críoch oibriúcháin mar a thugtar leis an gconradh bealaigh, a d’fhéadfaí a chomhlánú le sonraí maidir le srianta bonneagair, mar a sholáthraíonn BB. Mar sin, níl aon chomhéadan díreach idir an STI seo agus STI maidir le bonneagar.
4.3.2. Comhéadain le Rialú/Ceannas agus Comharthaíocht STI
Is é an t-aon nasc leis an rialú agus ceannas agus leis an gcomharthaíocht tríd
|
— |
an gconradh bealaigh, mar a dtugtar an fhaisnéis ábhartha faoi threalamh inúsáidte rialaithe agus ceannais agus comharthaíochta, agus |
|
— |
Bunachair Sonraí Tagartha Rothstoic éagsúla, mar a gcaithfear trealamh rialaithe agus ceannais agus comharthaíochta an rothstoic a stóráil. |
4.3.3. Comhéadain leis an bhfochóras rothstoic
Aithnítear leis an bhfochóras Feidhmchláir Theileamaitice do lasta na sonraí teicniúla agus oibríochtúla, nach mór a bheith ar fáil le haghaidh an rothstoic.
Sonraítear tréithe vaigín i STI rothstoic. Má athraítear tréithe an vaigín, ní mór sin a thabhairt cothrom le dáta sna Bunachair Sonraí Tagartha Rothstoic laistigh den ghnáthphróiseas cothabhála le haghaidh an bhunachair sonraí. Mar sin, níl aon chomhéadan díreach idir an STI seo agus STI maidir le rothstoc.
4.3.4. Comhéadain le hoibriú agus bainistiú tráchta STI
Sonraítear leis an bhfochóras Bainistithe agus Oibrithe Tráchta na nósanna imeachta agus an trealamh gaolmhar lena gcumasaítear oibriú comhleanúnach na bhfochóras struchtúrach éagsúil, le linn gnáthoibrithe agus oibriú díghrádaithe araon, lena n-áirítear tiomáint traenach, pleanáil agus bainistíocht tráchta go háirithe.
Sonraítear leis an bhfochóras Feidhmchláir Theileamaitice do Lasta feidhmchláir le haghaidh seirbhísí lasta den chuid is mó, lena n-áirítear faireachán fíor-ama a dhéanamh ar lasta agus ar thraenacha agus naisc le modhanna eile iompair a bhainistiú. Chun comhsheasmhacht idir an dá STI a áirithiú, tá feidhm ag an nós imeachta seo a leanas.
Nuair a scríobhfar na sonraíochtaí le haghaidh Oibriú agus Bainistiú tráchta STI a bhaineann le ceanglais an STI seo agus/nó nuair a bheidh siad faoi réir leasuithe, ansin ní mór dul i gcomhairle leis an gcomhlacht atá i gceannas ar an STI seo.
Sa chás go mbeadh sonraíochtaí an STI seo a bhaineann le ceanglais oibrithe a shonraítear in Oibriú agus Bainistiú Tráchta STI faoi réir leasuithe, ansin ní mór dul i gcomhairle leis an gcomhlacht atá i gceannas ar Oibriú agus Bainistiú Tráchta STI.
4.3.5. Comhéadain le Feidhmchláir Theileamaitice i gcomhair Seirbhísí Paisinéirí
|
Comhéadan |
Tagairt do STI Feidhmchláir Theileamaitice do Lasta |
Tagairt do STI Feidhmchláir Theileamaitice do Phaisinéirí |
||||
|
Traein réidh |
|
|
||||
|
Réamhaisnéis ar ghluaiseacht traenacha |
|
|
||||
|
Faisnéis faoi ghluaiseacht traenach |
|
|
||||
|
Briseadh sa ghluaiseacht traenach chuig GI |
|
|
||||
|
Sonraí tráthchláir ghearrthéarmaigh a láimhseáil |
|
|
||||
|
Comhéadan Coiteann |
|
|
||||
|
An Stór Lárnach |
|
|
||||
|
Comhaid Tagartha |
|
|
4.4. Rialacha oibriúcháin
I bhfianaise na mbunriachtanas i gCaibidil 3, is iad seo a leanas na rialacha oibriúcháin a bhaineann go sonrach leis an bhfochóras a bhaineann leis an STI seo:
4.4.1. Cáilíocht sonraí
Chun críoch dearbhaithe cáilíochta sonraí, beidh tionscnóir aon teachtaireachta STI freagrach as cruinneas inneachar sonraí na teachtaireachta ag an am a sheoltar an teachtaireacht. I gcás ina bhfuil na sonraí foinseacha ar fáil chun críoch dearbhaithe cáilíochta sonraí ó na bunachair sonraí a sholáthraítear mar chuid de STI, ní mór na sonraí atá sna bunachair sonraí sin a úsáid le haghaidh dearbhú cáilíochta sonraí.
I gcás nach soláthraítear na sonraí foinseacha chun críoch dearbhaithe cáilíochta sonraí ó na bunachair sonraí a sholáthraítear mar chuid den STI seo, ní mór do thionscnóir na teachtaireachta an tseiceáil dearbhaithe cáilíochta sonraí a dhéanamh as a acmhainní féin.
Cuimseofar leis an dearbhú cáilíochta sonraí comparáid a dhéanamh le sonraí ó bhunachair sonraí a sholáthraítear mar chuid den STI seo mar a thugtar tuairisc air thuas móide, nuair is infheidhme, seiceálacha loighce chun tráthúlacht agus leanúnachas sonraí agus teachtaireachtaí a áirithiú.
Tá sonraí de cháilíocht ard má tá siad oiriúnach don úsáid atá beartaithe dóibh, rud a chiallaíonn go mbíonn na nithe seo a leanas fíor ina leith
|
— |
bíonn siar saor ó earráidí: inrochtana, cruinn, tráthúil, iomlán, comhsheasmhach le foinsí eile, etc., agus |
|
— |
bíonn na gnéithe inmhianaithe ag baint leo: ábhartha, cuimsitheach, leibhéal ceart mionsonraí, éasca le léamh, éasca le léirmhíniú, etc. |
Bíonn na tréithe seo a leanas i gceist le cáilíocht sonraí:
|
— |
Cruinneas, |
|
— |
Iomláine, |
|
— |
Comhsheasmhacht, |
|
— |
Tráthúlacht. |
Cruinneas:
Ní mór an fhaisnéis (sonraí) a éilítear a ghabháil ar bhealach atá chomh heacnamaíoch agus is féidir. Níl sin indéanta ach mura ndéantar na sonraí príomhúla a thaifeadadh, más féidir, ach ar ócáid amháin don iompar iomlán. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraí príomhúla a chur isteach sa chóras a ghaire is féidir dá bhfoinse, ionas gur féidir iad a chomhtháthú go hiomlán le haon oibríocht phróiseála a dhéantar níos déanaí.
Iomláine:
Sula seoltar teachtaireachtaí, ní mór an iomláine agus an chomhréir a sheiceáil ach na meiteashonraí a úsáid. Seachnaítear leis sin trácht faisnéise gan ghá ar an líonra.
Ní mór gach teachtaireacht atá ag teacht isteach a sheiceáil chomh maith ach na meiteashonraí a úsáid.
Comhsheasmhacht:
Ní mór rialacha gnó a chur chun feidhme chun comhsheasmhacht a ráthú. Ba cheart iontráil dhúbailte a sheachaint agus ba cheart úinéir na sonraí a shainaithint go soiléir.
Braitheann cineál cur chun feidhme na rialacha gnó sin ar chastacht na rialach. Le haghaidh rialacha simplí, is leor srianta agus truicir bunachair sonraí. I gcás rialacha níos casta, lena n-éilítear sonraí ó tháblaí éagsúla, ní mór nósanna imeachta bailíochtaithe a chur chun feidhme lena ndéantar seiceáil ar chomhsheasmhacht an leagain sonraí sula ngintear sonraí comhéadain agus sula dtiocfaidh an leagan nua sonraí i bhfeidhm. Ní mór a ráthú go ndéantar sonraí aistrithe a bhailíochtú in aghaidh na rialacha sainithe gnó.
Tráthúlacht:
Is pointe tábhachtach é faisnéis a sholáthar in am. Chomh fada agus a spreagtar an córas TF go díreach chun sonraí a stóráil nó chun teachtaireachtaí a sheoladh, ní fadhb í an tráthúlacht má cheaptar an córas ar bhealach maith de réir riachtanais na bpróiseas gnó. Ach i bhformhór na gcásanna, is é oibreoir a chuireann tús le teachtaireacht a sheoladh nó ar a laghad, bíonn sé bunaithe ar ionchur breise ó oibreoir. Chun na ceanglais tráthúlachta a chomhlíonadh ní mór na sonraí a nuashonrú a luaithe is féidir chun a ráthú freisin go mbeidh an t-inneachar sonraí iarbhír sna teachtaireachtaí nuair a sheolann an córas amach go huathoibríoch iad.
Ní mór aghaidh a thabhairt ar an am freagartha d’fhiosrúcháin le haghaidh na bhfeidhmchlár agus na gcineálacha úsáideoirí éagsúla laistigh de na sonraíochtaí mionsonraithe TF. Déanfar gach nuashonrú agus malartú sonraí a luaithe is féidir.
Méadracht cáilíochta sonraí:
Saineoidh na sonraíochtaí mionsonraithe TF céatadáin iomchuí le haghaidh na nithe seo a leanas:
|
— |
iomláine na sonraí (céatadán na réimsí sonraí ar cuireadh luachanna isteach iontu) agus comhsheasmhacht na sonraí (céatadán na luachanna meaitseála ar fud táblaí/comhad/taifead), |
|
— |
tráthúlacht na sonraí (céatadán na sonraí atá ar fáil laistigh de thráthchlár sonraithe tairsí), |
|
— |
an cruinneas a éilítear (céatadán na luachanna stóráilte atá ceart i gcomparáid leis an luach iarbhír). |
4.4.2. An stór lárnach a oibriú
Sainmhínítear feidhmeanna an stóir lárnaigh i gCaibidil 4.2.11.5 (an Stór Lárnach). Chun críoch an dearbhaithe cáilíochta sonraí, beidh an t-eintiteas a oibríonn an stór lárnach freagrach as na meiteashonraí a thabhairt cothrom le dáta agus cáilíocht na meiteashonraí agus as an rialú rochtana a riar freisin. Maidir le cáilíocht na meiteashonraí i dtéarmaí iomláine, cumasóidh comhsheasmhacht, tráthúlacht agus cruinneas feidhmiú iomchuí chun críocha an STI seo.
4.5. Rialacha cothabhála
I bhfianaise na mbunriachtanas i gCaibidil 3, is iad seo a leanas na rialacha cothabhála a bhaineann go sonrach leis an bhfochóras a bhaineann leis an STI seo:
Ní mór cáilíocht na seirbhíse iompair a ráthú fiú dá gclisfeadh ar an trealamh próiseála sonraí go hiomlán nó go páirteach. Tá sé inmholta, dá bhrí sin, córais dhéphléacsacha nó ríomhairí ag a bhfuil leibhéal ard iontaofachta a shuiteáil, agus dá n-áirithítear oibríocht gan bhriseadh le linn a gcothabhála.
Luaitear na gnéithe cothabhála maidir leis na bunachair sonraí éagsúla i gCaibidil 4.2.10.3 (Ceanglais Bhreise maidir leis na bunachair sonraí).
4.6. Cáilíochtaí gairmiúla
Is iad seo a leanas cáilíochtaí gairmiúla na foirne atá riachtanach chun an fochóras a oibriú agus a chothabháil agus chun STI a chur chun feidhme:
Ní éilítear córas nua crua-earraí agus bogearraí mar aon le foireann nua chun an STI seo a chur chun feidhme. Ní bhíonn ach athruithe, uasghráduithe nó méaduithe feidhmiúla ar an oibríocht mar a dhéanann an fhoireann atá ann cheana féin í mar thoradh ar cheanglais STI a chur i gcrích. Dá bhrí sin, níl aon cheanglas breise le cur leis na rialacha náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana maidir le cáilíochtaí gairmiúla.
Más gá, ba cheart níos mó a bheith i gceist leis an oiliúint bhreise foirne ná a thaispeáint dóibh conas trealamh a oibriú. Ní mór don bhall foirne eolas a bheith aige ar an ról sonrach atá aige sa phróiseas foriomlán iompair agus ní mór dó an ról sin a thuiscint freisin. Ní mór do bhaill foirne a bheith ar an eolas go háirithe faoin gceanglas maidir le leibhéal ard feidhmíochta oibre a choinneáil, ós rud é gur fachtóir cinntitheach é sin maidir le hiontaofacht na faisnéise atá le próiseáil ag céim ina dhiaidh sin.
Sainmhínítear na cáilíochtaí gairmiúla a éilítear le haghaidh traenacha a oibriú agus a chomhdhéanamh in Oibriú agus Bainistiú Tráchta STI.
4.7. Coinníollacha sláinte agus sábháilteachta
Is iad seo a leanas na coinníollacha sláinte agus sábháilteachta a éilítear chun an fochóras lena mbaineann a oibriú agus a chothabháil (nó an raon feidhme teicniúil mar a shainmhínítear i mír 1.1) agus chun STI a chur chun feidhme:
Níl aon cheanglais bhreise le cur leis na rialacha náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana maidir le sláinte agus sábháilteacht.
5. COMHÁBHAIR IDIR-INOIBRITHEACHTA
5.1. Sainmhíniú
De réir Airteagal 2(7) de Threoir (AE) 2016/797:
Is éard atá i gcomhábhair idir-inoibritheachta “aon chomhpháirt bhunúsach, grúpa comhpháirteanna, fochóimeáil nó cóimeáil iomlán trealaimh atá ionchorpraithe nó a bhfuil sé beartaithe iad a ionchorprú i bhfochóras, ar a bhfuil idir-inoibritheacht an chórais iarnróid ag brath go díreach nó go hindíreach. Cumhdaítear le coincheap ‘comhábhair’ idir nithe inláimhsithe agus nithe neamh-inláimhsithe mar shampla, bogearraí”.
5.2. Liosta de na Comhábhair
Cumhdaítear na comhábhair idir-inoibritheachta leis na forálacha ábhartha de Threoir (AE) 2016/797.
Ní chinntear aon chomhábhair idir-inoibritheachta a mhéid a bhaineann sé leis an bhfochóras Feidhmchláir Theileamaitice le haghaidh Lasta.
Chun ceanglais an STI seo a chomhlíonadh ní éilítear ach trealamh caighdeánach TF, gan aon ghné ar leith le haghaidh idir-inoibritheacht i dtimpeallacht an iarnróid. Tá sin bailí maidir le comhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí caighdeánacha a úsáidtear mar shampla, córas oibriúcháin agus bunachair sonraí. Bíonn feidhmchlár bogearraí ag gach úsáideoir aonair agus is féidir é a oiriúnú agus a fheabhsú de réir na feidhmiúlachta agus na riachtanas aonair iarbhír. Glactar leis san “ailtireacht um chomhtháthú feidhmchlár” atá beartaithe go bhféadfadh sé nach mbeadh an tsamhail inmheánach faisnéise céanna ag feidhmchláir. Sainmhínítear comhtháthú feidhmchlár mar an bpróiseas chun córais feidhmchláir a dearadh go neamhspleách a oibriú le chéile.
5.3. Feidhmíocht agus Sonraíochtaí na gComhábhar
Féach Caibidil 5.2, níl sé ábhartha do STI “Feidhmchláir theileamaitice i gcomhair lasta”.
6. MEASÚNÚ AR CHOMHRÉIREACHT AGUS/NÓ OIRIÚNACHT NA gCOMHÁBHAR LE hAGHAIDH ÚSÁID AGUS FÍORÚ AN FHOCHÓRAIS
6.1. Comhábhair Idir-inoibritheachta
6.1.1. Nósanna imeachta measúnaithe
Níl siad ábhartha do STI Feidhmchláir Theileamaitice i gcomhair Lasta.
6.1.2. Modúl
Níl siad ábhartha do STI Feidhmchláir Theileamaitice i gcomhair Lasta.
6.2. Fochóras Feidhmchláir Theileamaitice i gcomhair Lasta
De réir Iarscríbhinn II de Threoir (AE) 2016/797, déantar na fochórais a mhiondealú ina réimsí struchtúracha agus feidhme.
Tá an measúnú comhréireachta éigeantach do STInna sa réimse struchtúrach. Baineann an fochóras Feidhmchláir Theileamaitice i gcomhair Lasta leis an réimse feidhme agus ní chinneann an STI seo aon mhodúl le haghaidh measúnú comhréireachta.
6.2.1. Measúnú ar chomhlíonadh uirlisí TF
Féadfaidh tionscadail atá i gceannas ar uirlisí TF a úsáideann earnáil iarnróid na hEorpa iarraidh ar an nGníomhaireacht measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh in aghaidh cheanglais STI.
Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil le hiarraidh ar mheasúnú:
|
— |
Doiciméad cáis úsáide lena n-áirítear: |
|
— |
Feidhm STI FTL a chumhdaítear |
|
— |
Tagairt do chaibidil STI FTL |
|
— |
Liosta agus doiciméadú na dteachtaireachtaí (lena n-áirítear a seicheamh) atá le tástáil |
|
— |
Tuairisc ar an gcóras TF, a úsáideann teachtaireachtaí FTL |
|
— |
Tuairisc ar chomhéadan cumarsáide an chórais TF (CI, eile etc.) |
|
— |
Faisnéis má dhéantar an iarraidh i dtaobh tionscadal arna mhaoiniú ag an Aontas |
|
— |
Leagan de dhoiciméid theicniúla STI FTL a bhaineann le raon feidhme an mheasúnaithe ar chomhlíonadh |
|
— |
Comhad/Comhaid XML den chóras TF agus an comhad/na comhaid XSD comhfhreagracha |
Déanann an Ghníomhaireacht tástáil maidir le comhlíonadh STI FTL agus eisíonn sí tuarascáil gníomhaireachta maidir le measúnú comhlíontachta chuig an iarratasóir laistigh de 3 mhí tar éis iomláine a dheimhniú. Cumhdaítear na gnéithe seo a leanas sa tuarascáil maidir le comhlíonadh:
|
— |
Cibé acu atá na heilimintí éigeantacha go léir ó STI FTL sa teachtaireacht/sna teachtaireachtaí nó nach bhfuil, |
|
— |
Cibé acu a chomhlíonann an teachtaireacht/na teachtaireachtaí na doiciméid theicniúla STI FTL nó nach gcomhlíonann, |
|
— |
Cibé acu a chomhlíonann seicheamh na dTeachtaireachtaí STI FTL nó nach gcomhlíonann. |
Seachas XML, is féidir teachtaireachtaí a sheachadadh le haghaidh tástála freisin chun a fháil amach cibé atá na heilimintí éigeantacha ó STI FTL iontu nó nach bhfuil. I gcás den sórt sin, seachas comhad/comhaid XSD den chóras TF, tabharfar tuairisc ar struchtúr teachtaireachta mar aon le tuairisc ar na heilimintí/réimsí sonraí, agus luafar, nuair is infheidhme é, an caighdeán/na caighdeáin a cuireadh i bhfeidhm agus an leagan a bhí i gceist.
7. CUR CHUN FEIDHME
7.1. Réamhrá
Baineann an STI seo leis an bhfochóras Feidhmchláir theileamaitice i gcomhair lasta. Tá an fochóras seo feidhmiúil de réir Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/797. Mar sin níl cur i bhfeidhm an STI seo ag brath ar an gcoincheap i leith fochóras nua, athnuaite nó uasghrádaithe, mar is gnách i gcás STInna a bhaineann le fochórais struchtúracha, ach amháin i gcás ina sonraítear in STI é.
|
(a) |
Rialachas tionscadail
|
|
(b) |
An córas a fhorbairt
|
|
(c) |
Próiseas úsáide agus faireacháin oibríochta
|
7.2. Athruithe a bhainistiú
7.2.1. Próiseas Bainistíochta athruithe
Ceapfar nósanna imeachta bainistíochta athruithe chun a áirithiú go ndéantar anailís cheart ar chostais agus ar shochair an athraithe agus go gcuirtear athruithe chun feidhme ar bhealach rialaithe. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na nósanna imeachta sin a shainiú, a chur i bhfeidhm agus a bhainistiú agus tacóidh sí leo agus áireofar na nithe seo a leanas leis na nósanna imeachta sin:
|
— |
srianta teicniúla atá mar bhonn taca faoin athrú a shainaithint, |
|
— |
ráiteas faoi cé a ghlacann freagracht as na nósanna imeachta um athrú a chur chun feidhme, |
|
— |
an nós imeachta chun na hathruithe atá le cur chun feidhme a bhailíochtú, |
|
— |
an beartas maidir le bainistíocht athruithe, scaoileadh, imirce agus leathadh amach, |
|
— |
an sainmhíniú ar na freagrachtaí le haghaidh bhainistíocht na sonraíochtaí mionsonraithe agus le haghaidh an dearbhaithe cáilíochta agus na bainistíochta cumraíochta. |
Beidh an Bord um Rialú Athraithe (CCB) comhdhéanta den Ghníomhaireacht, de chomhlachtaí ionadaíocha ón earnáil iarnróid agus de na Ballstáit. Áiritheoidh cleamhnú den sórt sin idir na páirtithe peirspictíocht maidir leis na hathruithe atá le déanamh agus measúnú foriomlán ar na himpleachtaí a bhaineann leo. I ndeireadh na dála tabharfar an Bord faoi choimirce na Gníomhaireachta.
7.2.2. Próiseas Sonrach Bainistíochta Athruithe le haghaidh na ndoiciméad a liostáiltear in Aguisín I a ghabhann leis an Rialachán seo
Bunóidh an Ghníomhaireacht bainistiú rialaithe athruithe le haghaidh na ndoiciméad a liostaítear in Aguisín I a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:
|
(1) |
Cuirtear na hiarrataí ar athrú a dhéanann difear do na doiciméid isteach trí na Ballstáit nó trí na comhlachtaí ionadaíocha ón earnáil iarnróid atá ag gníomhú ar leibhéal Eorpach mar a shainmhínítear in Airteagal 38(4) de Rialachán (AE) 2016/796, nó trí Choiste Stiúrtha STI FTL. |
|
(2) |
Baileoidh agus stórálfaidh an Ghníomhaireacht na hiarrataí ar athrú. |
|
(3) |
Tíolacfaidh an Ghníomhaireacht na hiarrataí ar athrú do mheitheal thiomnaithe Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, a dhéanfaidh meastóireacht orthu agus a ullmhóidh togra in éineacht le meastóireacht eacnamaíoch, i gcás inarb iomchuí. |
|
(4) |
Ina dhiaidh sin tíolacfaidh an Ghníomhaireacht gach iarraidh ar athrú agus an togra lena mbaineann don bhord um rialú athraithe a dhéanfaidh an iarraidh ar athrú a bhailíochtú, nó nach ndéanfaidh an iarraidh a bhailíochtú nó a chuirfidh siar í. |
|
(5) |
Mura ndéantar an iarraidh ar athrú a bhailíochtú, seolfaidh an Ghníomhaireacht an chúis leis an diúltú nó iarraidh ar fhaisnéis bhreise faoin dréachtiarraidh ar athrú ar ais chuig an iarratasóir. |
|
(6) |
Má dhéantar an t-iarratas ar athrú a bhailíochtú, leasófar an doiciméad teicniúil. |
|
(7) |
Murar féidir teacht ar chomhaontú maidir leis an iarraidh ar athrú a bhailíochtú, cuirfidh an Ghníomhaireacht moladh faoi bhráid an Choimisiúin chun na doiciméid a liostáiltear in Aguisín I a thabhairt cothrom le dáta mar aon leis an dréachtleagan nua den doiciméad, na hiarrataí ar athrú agus an mheastóireacht eacnamaíoch agus cuirfidh sí na doiciméid sin ar fáil ar a suíomh gréasáin. |
|
(8) |
Cuirfear an leagan nua den doiciméad teicniúil mar aon leis na hiarrataí bailíochtaithe ar athrú ar fáil ar shuíomh na Gníomhaireachta. Coinneoidh an Ghníomhaireacht na Ballstáit ar an eolas tríd an gcoiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797. |
|
(9) |
Dá n-éileofaí le hiarraidh ar athrú go ndéanfaí athrú ar théacs dlíthiúil STI FTL, seolfaidh an Ghníomhaireacht iarraidh chuig an gCoimisiún Eorpach chun athbhreithniú ar STI FTL a iarraidh agus/nó an tuairim theicniúil a iarraidh ar an nGníomhaireacht. |
|
(10) |
I gcás ina ndéanann bainistiú rialaithe athruithe difear d’eilimintí a úsáidtear laistigh de STI FTP go minic, déanfar na hathruithe chun fanacht a ghaire is féidir do STI FTP a cuireadh chun feidhme, chun na sineirgí is fearr a bhaint amach. |
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibrithe agus bainistithe tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/757/AE (IO L 139 I, 27.5.2019, lch. 5).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 445/2011 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2011 maidir le córas um dheimhniú eintiteas atá i gceannas ar vaigíní lasta a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 653/2007 (IO L 122, 11.5.2011, lch. 22).
Aguisín I
Liosta na ndoiciméad teicniúil
Foilsítear an leagan de na doiciméid theicniúla seo atá i bhfeidhm ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta.
|
Uimh. |
Tagairt |
Teideal |
|
1 |
ERA-TD-100 |
STI FTL — A.5: FIGIÚIRÍ AGUS LÉARÁIDÍ SEICHIMH DE THEACHTAIREACHTAÍ STI FTL |
|
2 |
ERA-TD-101 |
STI FTL – Iarscríbhinn D.2: Aguisín A (Turas Vaigín/Aonaid Luchtaithe Idirmhódúil a Phleanáil) |
|
3 |
ERA-TD-102 |
STI FTL – Iarscríbhinn D.2: Aguisín B — Bunachar Sonraí Oibriúcháin Vaigín agus Aonaid Idirmhódúil (WIMO) |
|
4 |
ERA-TD-103 |
STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín C — Comhaid Tagartha |
|
5 |
ERA-TD-104 |
STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín E — Comhéadan Coiteann |
|
6 |
ERA-TD-105 |
STI FTL — Iarscríbhinn D.2: Aguisín F — Sonraí agus samhail teachtaireachta STI FTL |
Aguisín II
Gluais
|
Téarma |
Tuairisc |
||||||||
|
AB |
Féach Comhlacht leithdháilte |
||||||||
|
Comhlacht leithdháilte |
Comhlacht atá freagrach as bealaí a leithdháileadh, atá neamhspleách ina fhoirm dhlíthiúil, ina eagrúchán agus ina chinnteoireacht ar aon ghnóthas iarnróid (Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)). |
||||||||
|
Iarratasóir |
a chiallaíonn gnóthas iarnróid nó grúpa idirnáisiúnta de ghnóthais iarnróid nó de dhaoine nó eintitis dhlítheanacha eile, mar shampla, údaráis inniúla faoi Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus lastóirí, seoltóirí lasta agus oibreoirí iompair traschórais, ag a bhfuil leas seirbhíse poiblí nó tráchtála maidir le toilleadh bonneagair a fháil (Treoir 2012/34/AE). Féadfaidh an t-iarratasóir róil agus cúraimí agus freagrachtaí sannta GCI (Gnóthas ceannasach iarnróid) agus/nó an iarratasóra fhreagraigh agus/nó an GI Freagrach a ghlacadh ag brath ar ráiteas sonrach líonra. |
||||||||
|
Traein aonaid |
Cineál sonrach traenach dhírigh nach bhfuil ach an líon vaigíní is gá ann, a ghluaiseann idir dhá phointe trasloingsithe gan eagrúchán idirmheánach. |
||||||||
|
Áirithint |
An próiseas chun áirithint a dhéanamh ar spás ar mhodh iompair chun earraí a ghluaiseacht. |
||||||||
|
ÚD |
Údarás Deimhniúcháin |
||||||||
|
Cód CN |
Cód 8 ndigit le haghaidh táirgí a úsáideann custaiméirí. |
||||||||
|
Iompar traschórais ar bóthar is ar iarnróid nó Iompar Traschórais |
Iompar idirmhódúil mar a ndéantar an chuid is mó den turas Eorpach ar iarnród agus bíonn an chéim tosaigh agus/nó an chéim dheiridh den turas a dhéantar de bhóthar a ghaire is féidir. |
||||||||
|
Coinsíní |
An páirtí a gheobhaidh na hearraí. Comhchiallach: Glacadóir earraí |
||||||||
|
Coinsíneacht |
Lasta a sheoltar faoi chonradh iompair amháin. San iompar traschórais, is féidir an téarma seo a úsáid chun críoch staidrimh, chun aonaid luchtaithe nó feithiclí bóthair a thomhas. |
||||||||
|
Nóta Coinsíneachta |
Doiciméad, a léiríonn fianaise ar chonradh maidir le coinsíneacht amháin a iompraíonn iompróir ó áit ghlactha ainmnithe chuig áit seachadta ainmnithe. Tá sonraí faoin gcoinsíneacht atá le hiompar ann. |
||||||||
|
Coinsíneoir |
Páirtí, trí chonradh le comhtháthaitheoir seirbhíse, a choinsíníonn nó a sheolann earraí leis an iompróir, nó a chuireann earraí ar iompar leis. Comhchiallaigh: Lastóir, seoltóir earraí. |
||||||||
|
An modh comhair |
Modh oibrithe traenach mar a dtéann GInna éagsúla i gcomhar faoi cheannas GI amháin (GCI). Déanann gach GI atá páirteach conradh le haghaidh an bhealaigh is gá don turas iompair as féin. |
||||||||
|
IT |
Iompar traschórais |
||||||||
|
Custaiméir |
An t-eintiteas a d’eisigh an nóta coinsíneachta chuig GCI. |
||||||||
|
Dáta/am imeachta, iarbhír |
Dáta (agus am) imeachta an mhodha iompair. |
||||||||
|
Traein dhíreach |
Traein ina bhfuil vaigíní gaolmhara a ghluaiseann idir dhá phointe trasloingsithe (foinse tosaigh - ceann scríbe deiridh) gan eagrúchán idirmheánach. |
||||||||
|
Sealbhóir dualgais |
Aon duine nó eintiteas dlítheanach atá freagrach as an riosca a iompórtálann sé isteach ar an líonra i.e. GI. |
||||||||
|
Criptiú |
Teachtaireachtaí a ionchódú Díchriptiú: sonraí criptithe a thiontú ar ais ina bhfoirm bhunaidh |
||||||||
|
ATM |
Am Teachta Measta (ag an gceann scríbe). Is é an t-am teachta measta (ATM) an t-am a bhfuiltear ag súil go sroichfidh an traein áit áirithe. Féadfar meastacháin a bhunú ar phleananna táirgeachta (tuar) agus/nó ar ríomh stocastach. |
||||||||
|
AAM |
Am Aistrithe Measta traenach ó BB amháin go BB eile. |
||||||||
|
AIM |
Am Idirmhalartaithe Measta vaigíní ó GI amháin go ceann eile. |
||||||||
|
ABM |
Am Bailithe Measta (ag an gcríochfort idirmhódúil teachta) |
||||||||
|
Am Réamhaisnéise |
An meastachán is fearr ar am teachta nó am imeachta traenach nó ar an am a bheidh traein ag dul thar bráid. |
||||||||
|
Tairseach |
Stáisiún laistigh de thuras traenach ina bhfuil aonaid idirmhódúla, mar a n-athraíonn an t-ualach na vaigíní. |
||||||||
|
Ollmheáchan ualaigh |
Meáchan (mais) iomlán iarbhír/in áirithe earraí, lena n-áirítear an phacáil ach gan trealamh an iompróra a áireamh. |
||||||||
|
Pointe láimhseála |
Stáisiún ina bhféadfaidh GI comhdhéanamh na traenach a athrú, ach mar a bhfuil sé fós freagrach as na vaigíní, ní athraítear an fhreagracht. |
||||||||
|
Pointe aistrithe |
Áit ar thuras na traenach nó idir dhá bhealach mar a n-athraíonn an fhreagracht as pleanáil agus/nó leithdháileadh agus/nó oibríocht ó BB amháin go ceann eile. Glacann BB atá bainteach ann ról an BB Pleanála. |
||||||||
|
Tarlú |
Iompar de bhóthar |
||||||||
|
Fruilitheoir |
Aon duine nó eintiteas dlítheanach eile a ainmníonn coimeádaí/úinéir vaigín amhlaidh. |
||||||||
|
Cód HS |
Cód 6 dhigit le haghaidh táirgí a úsáideann custaiméirí, is ionann iad agus na chéad 6 dhigit i gCód CN. |
||||||||
|
BB |
Ciallaíonn Bainisteoir Bonneagair comhlacht nó gnóthas éigin atá freagrach as bonneagar iarnróid a bhunú, a bhainistiú agus a chothabháil go háirithe, lena n-áirítear bainistiú tráchta, rialú agus ceannas agus comharthaíocht; féadfar feidhmeanna an bhainisteora bonneagair ar líonra nó ar chuid de líonra a leithdháileadh ar chomhlachtaí nó ar ghnóthais éagsúla. I gcás nach bhfuil an bainisteoir bonneagair, ina fhoirm dhlíthiúil, ina eagrúchán nó ina fheidhmeanna cinnteoireachta, neamhspleách ar aon ghnóthas iarnróid, is comhlacht muirearaithe agus comhlacht leithdháilte atá neamhspleách ina bhfoirm dhlíthiúil, ina n-eagrúchán agus ina gcinnteoireacht ar aon ghnóthas iarnróid a chomhlíonfaidh na feidhmeanna dá dtagraítear i Roinn 2 agus 3 de Chaibidil IV faoi seach. (Treoir 2012/34/AE). Féadfaidh BB ról an BB Freagrach agus/nó an BB Pleanála a ghlacadh |
||||||||
|
Bainisteoir bonneagair (BB) |
Féach BB |
||||||||
|
Pointe Iontrála BB |
Cuid ina bhfágann traein IT limistéar an chríochfoirt idirmhódúil agus ina dtéann sí isteach sa chéad líonra poiblí BB |
||||||||
|
Pointe Fágála BB |
Cuid ina bhfágann traein IT an líonra deireanach poiblí BB agus ina dtéann sí isteach sa chríochfort cinn scríbe |
||||||||
|
Idirmhalartú |
Aistriú rialaithe ó ghnóthas iarnróid amháin go ceann eile ar chúiseanna praiticiúla oibríochta agus sábháilteachta. Seo a leanas samplaí:
|
||||||||
|
Pointe idirmhalartaithe |
Áit ar thuras traenach nó ar bhealach mar a n-aistrítear an fhreagracht as an traein iomlán ó GI Freagrach amháin go GI Freagrach eile. |
||||||||
|
Pointe idirmheánach |
Suíomh lena sainítear pointe de thuras traenach nó ar an mbealach idir an pointe tosaigh (túsphointe) agus an pointe deiridh (ceann scríbe). |
||||||||
|
Comhtháthaitheoir Seirbhíse Idirmhódúla |
Aon chomhlacht nó gnóthas, a bhfuil conradh aige le custaiméirí chun aonaid idirmhódúla a iompar. Ullmhaíonn sé billí iompair, bainistíonn sé acmhainneacht ar thraenacha aonaid etc. |
||||||||
|
Críochfort idirmhódúil |
Suíomh ina soláthraítear an spás, an trealamh agus an timpeallacht oibríochta faoina n-aistrítear na haonaid luchtaithe (coimeádáin lasta, cabhlacha soghluaiste, leathleantóirí nó leantóirí). |
||||||||
|
Iompar idirmhódúil |
Gluaiseacht earraí san aon aonad nó feithicil luchtaithe amháin, a úsáideann roinnt modhanna iompair i ndiaidh a chéile gan na hearraí féin a láimhseáil ar athrú modha. |
||||||||
|
Aonad Luchtaithe Idirmhódúil |
Coimeádáin, cabhlacha soghluaiste agus leathleantóirí atá oiriúnach don iompar traschórais |
||||||||
|
Turas |
Cuirtear in iúl leis an bhfocal “turas” seoladh spásúil traenach nó vaigín luchtaithe nó folamh ón stáisiún seolta chuig an stáisiún cinn scríbe. |
||||||||
|
Cuid den turas |
Is é an chuid den turas a dhéantar ar earnáil bonneagair de chuid bainisteora bonneagair nó An chuid den turas ón bpointe aistrithe iontrála go dtí an pointe aistrithe imeachta bonneagair de chuid bainisteora bonneagair. |
||||||||
|
Coimeádaí |
Saothraíonn an duine, arb é an t-úinéir nó a bhfuil sé de cheart aige í a dhiúscairt, feithicil go heacnamaíoch ar bhealach buan mar mhodh iompair agus cláraítear mar sin sa Chlár Rothstoic é. |
||||||||
|
Gnóthas Ceannasach Iarnróid |
Iarratasóir/GI, atá freagrach as an líne iompair a eagrú agus a bhainistiú de réir ghealltanas an chustaiméara. Is é an pointe teagmhála aonair don chustaiméir. Má tá baint ag níos mó ná gnóthas iarnróid amháin leis an slabhra iompair, tá GCI freagrach as an gcomhordú leis na GInna eile freisin maidir le turas traenacha a chomhchuibhiú lena n-áirítear bealaí éagsúla. |
||||||||
|
GCI |
Féach Gnóthas Ceannasach Iarnróid |
||||||||
|
FÉAD/IS FÉIDIR |
Ciallaíonn an briathar/an frása seo, nó an aidiacht “ROGHNACH”, go bhfuil ní fíor-roghnach. Féadfaidh díoltóir amháin a roghnú an ní a áireamh toisc go n-éilíonn margadh áirithe é nó toisc go mbraitheann an díoltóir go bhfeabhsaíonn sé an táirge agus féadfaidh díoltóir eile an ní céanna a fhágáil ar lár. NÍ MÓR do chur chun feidhme, nach n-áirítear rogha ar leith leis, a bheith sásta idirghníomhú le cur chun feidhme eile, lena n-áirítear an rogha, cé go bhféadfadh sé go mbeadh feidhmiúlacht laghdaithe i gceist. Sa tslí chéanna, NÍ MÓR do chur chun feidhme, a n-áirítear rogha ar leith leis, a bheith sásta idirghníomhú le cur chun feidhme eile, nach n-áirítear an rogha sin leis (ach amháin, ar ndóigh, le haghaidh na gné a sholáthraítear leis an rogha). |
||||||||
|
Meiteashonraí |
Go simplí, sonraí faoi shonraí. Déantar cur síos leo ar shonraí, ar sheirbhísí bogearraí, agus ar chomhpháirteanna eile atá sna córais faisnéise fiontair. Áirítear le samplaí de chineálacha meiteashonraí sainmhínithe caighdeánacha sonraí, faisnéis maidir le suíomh agus ródú, agus bainistíocht sioncrónaithe chun sonraí roinnte a dháileadh. |
||||||||
|
NÍ MÓR |
Ciallaíonn an focal nó na téarmaí seo, “A ÉILÍTEAR” nó “ÚSÁID NA hAIMSIRE FÁISTINÍ”, gur dearbhcheanglas an sainmhíniú sa tsonraíocht. |
||||||||
|
NÍ/NÁ (roimh bhriathar san aimsir fhaistineach) |
Ciallaíonn an focal nó an frása “NÍ/NÁ (roimh bhriathar san aimsir fhaistineach)”, gur dearbhchosc an sainmhíniú sa tsonraíocht. |
||||||||
|
Ionad Ilfhreastail (OSS) |
Comhpháirtíocht idirnáisiúnta idir Bainisteoirí Bonneagair iarnróid a sholáthraíonn pointe teagmhála aonair do chustaiméirí iarnróid chun na gcríoch seo a leanas:
|
||||||||
|
Modh Rochtana Oscailte |
Modh oibríochta traenach mar nach bhfuil ach GI amháin i gceist, lena n-oibrítear an traein ar bhonneagair éagsúla. Déanann an GI sin conradh maidir leis na bealaí is gá leis na BBanna uile lena mbaineann. |
||||||||
|
OSS |
Ionad Ilfhreastail |
||||||||
|
Bealach |
Ciallaíonn bealach an toilleadh bonneagair is gá chun traein a oibriú idir dhá áit thar thréimhse ar leith (Bealach a shainítear in am agus i spás). |
||||||||
|
Bealach a chóimeáil |
Bealaí aonair traenach a cheangal lena chéile chun an bealach a leathnú i dtéarmaí ama agus spáis. |
||||||||
|
Piara le piara |
Tagraíonn an téarma “piara le piara” d’aicme córais agus feidhmchlár a úsáideann acmhainní dáilte chun feidhm chriticiúil a dhéanamh ar bhealach díláraithe. Cuimsítear leis na hacmhainní cumhacht ríomhaireachta, sonraí (stóráil agus inneachar), bandaleithead líonra, agus láithreacht (ríomhairí, acmhainní daonna agus acmhainní eile). D’fhéadfadh sé go mbeadh ríomhaireacht, comhroinnt sonraí/inneachair, cumarsáid agus comhar, nó seirbhísí ardáin i gceist leis an bhfeidhm chriticiúil. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag dílárú maidir le halgartaim, sonraí, agus meiteashonraí, nó maidir leo go léir. Ní choisceann sin lárú a choinneáil i roinnt codanna de na córais agus de na feidhmchláir má chomhlíonann sé a gcuid ceanglas. |
||||||||
|
PKI |
Bonneagar eochrach poiblí |
||||||||
|
Áit seachadta |
Áit a dtarlaíonn an seachadadh (stáisiún iarnróid imeachta le tabhairt). Áit a n-athraítear an fhreagracht as an vaigín. |
||||||||
|
Áit imeachta |
Áit as a bhfuil sé beartaithe go n-imeoidh modh iompair nó as ar imigh modh iompair. |
||||||||
|
Ceann scríbe |
An áit a bhfuil an modh iompair le teacht isteach nó ar tháinig sé isteach. Comhchiallach: Áit teachta |
||||||||
|
BB pleanála |
Is é an BB Pleanála (BBM) an bainisteoir bonneagair atá freagrach as bealach a shaothrú agus a leithdháileadh. Sainítear réimse freagrachta BBM le pointí aistrithe e.g. pointí a úsáidtear mar an chéad suíomh/an suíomh deireanach de thuras i bhFaisnéis Bhealaigh de Theachtaireacht Iarrata Bealaigh nó de bhealach a thairgtear/a chuirtear in áirithe. I bhformhór na gcásanna, is é BBF an t-eintiteas céanna le IM Pleanála. I gcás roinnt áiteanna agus/nó i gcás roinnt traenacha, áfach, féadfar saothrú bealaigh agus monatóireacht tráchta in oibríochtaí a tharmligean chuig BB eile freisin. |
||||||||
|
BBP |
Féach BB Pleanála |
||||||||
|
Tréimhse réamhimeachta |
Is é sin an t-am delta roimh an am sceidealta imeachta. Tosaíonn an tréimhse réamhimeachta ag am sceidealta imeachta lúide am delta agus críochnaíonn sí ag an am sceidealta imeachta. |
||||||||
|
Sonraí príomhúla |
Sonraí bunúsacha mar ionchur sonraí tagartha do theachtaireachtaí nó mar bhunús le feidhmiúlacht agus sonraí díorthaithe a ríomh. |
||||||||
|
Cuir i mbun Seirbhíse |
Nós imeachta atá ag brath ar fhormheas teicniúil vaigín agus conradh úsáide le GI, lena gceadaítear oibriú tráchtála an vaigín. |
||||||||
|
Gnóthas Iarnróid (GI) |
Gnóthas iarnróid (Treoir (AE) 2016/798): a chiallaíonn gnóthas iarnróid mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE, agus aon ghnóthas poiblí nó príobháideach eile, arb é a ghníomhaíocht iompar earraí agus/nó paisinéirí a sholáthar ar iarnród ar chuntar nach mór don ghnóthas tarraingt a áirithiú; áirítear leis sin gnóthais nach soláthraíonn ach tarraingt. Féadfaidh GI ról GCI agus/nó Iarratasóra Fhreagraigh agus/nó GI Freagrach a ghlacadh |
||||||||
|
Iarratasóir Freagrach (IF) |
Is é IF an t-iarratasóir/custaiméir agus an conraitheoir chomh maith leis an bpointe aonair teagmhála le haghaidh BB (bainisteoir bonneagair) faoi seach i gcéim iomlán an phróisis pleanála. Is é príomhchúram ról IF iarraidh ar thoilleadh a chur in áirithe a chur chuig BB. Ní gá go mbeadh IF ina Ghnóthas Iarnróid, d’fhéadfadh sé a bheith ina eintiteas eile freisin, atá in ann agus a cheadaítear dó toilleadh a chur in áirithe. |
||||||||
|
BB Freagrach |
Is é an BB Freagrach (BBF) an Bainisteoir Bonneagair atá ina úinéir ar an líonra faoi seach agus atá freagrach as an láimhseáil oibríochtúil go léir a dhéantar ar thraenacha agus ar bhealaí ar a líonra. |
||||||||
|
GI Freagrach (GIF) |
Tá GIF freagrach as gluaiseacht na traenach sa chéim oibríochta, as an turas iomlán nó as cuid den turas. Má tá níos mó ná GIF amháin bainteach le hoibriú na traenach, aistrítear an fhreagracht ó GIF amháin go dtí an chéad GIF eile ag an bpointe idirmhalartaithe. Is é GIF an t-eintiteas teagmhála do BB i gcéim oibríochta le haghaidh an mhalartaithe teachtaireachtaí ar fad. Bunaithe ar chomhaontú leis an Iarratasóir Freagrach, is féidir le GIF é a chur de chúram ar fhochonraitheoir an traein a reáchtáil, mar sin féin beidh GIF fós mar phointe teagmhála do BB i gcéim oibríochta. |
||||||||
|
Dáta/am scaoilte |
Dáta/am a mheastar a scaoilfidh an custaiméir na hearraí nó ar scaoil an custaiméir na hearraí. |
||||||||
|
Am scaoilte le haghaidh vaigíní |
Dáta agus am a bheidh na vaigíní réidh le tarraingt ón áit ainmnithe ar thaobhlach an chustaiméara. |
||||||||
|
Iontaofacht, Infhaighteacht, Inchothabháilteacht, Sábháilteacht (IIIS) |
Iontaofacht — An cumas tosú agus leanúint de bheith ag feidhmiú faoi dhálaí ainmnithe oibríochta ar feadh tréimhse ainmnithe arna shloinneadh go matamaiticiúil; Infhaighteacht - An t-am i bhfeidhm i gcomparáid leis an am saor ón tseirbhís arna shloinneadh go matamaiticiúil; Inchothabháilteacht — Cumas córais a chur ar ais i seirbhís tar éis cliseadh arna shloinneadh go matamaiticiúil; Sábháilteacht — An dóchúlacht go dtosóidh an córas teagmhas guaiseach arna sloinneadh go matamaiticiúil. |
||||||||
|
Pointe tuairiscithe |
Suíomh ar an turas traenach, mar a gcaithfidh an BB Freagrach “teachtaireacht réamhaisnéise ar gluaiseacht traenach” a eisiúint le ATMT chuig an GI atá ar conradh bealaigh. |
||||||||
|
An stór |
Tá stór cosúil le bunachar sonraí agus foclóir sonraí; cuimsítear leis timpeallacht chuimsitheach córais bainistíochta faisnéise de ghnáth áfach. Ní mór dó tuairiscí ar struchtúir sonraí (i.e. eintitis agus eilimintí) a áireamh amháin, ach áirítear leis meiteashonraí ar díol spéise don fhiontar iad, scáileáin sonraí, tuarascálacha, cláir agus córais freisin. De ghnáth, áirítear leis tacar inmheánach uirlisí bogearraí, córas bainistíochta bunachar sonraí, meiteashonraí ina bhfuil comhpháirteanna agus bogearraí lódála agus aisghabhála chun sonraí sa stór a rochtain. |
||||||||
|
RIV |
Rialacháin lena rialaítear úsáid chómhalartach vaigíní i dtrácht idirnáisiúnta. Rialacháin lena rialaítear úsáid chómhalartach tácla luchtaithe, coimeádán agus pailléad sa trácht idirnáisiúnta. |
||||||||
|
Bealach |
An bealach geografach atá le glacadh ó phointe tosaigh go pointe cinn scríbe. |
||||||||
|
Cuid bhealaigh |
Cuid den bhealach |
||||||||
|
GI |
Féach Gnóthas Iarnróid |
||||||||
|
Am sceidealta imeachta |
Dáta agus Am imeachta dá n-iarrtar an bealach. |
||||||||
|
Tráthchlár Sceidealta |
Forghabháil sainmhínithe go croineolaíoch ar bhonneagar iarnróid le haghaidh gluaiseacht traenach ar líne oscailte nó i stáisiúin. Soláthróidh BBanna athruithe ar na tráthchláir ar a laghad 2 lá roimh thosach an lae nuair a imeoidh an traein óna thúsphointe. Tá feidhm ag an tráthchlár sin maidir le lá sonrach. Tugtar an Tráthchlár Oibriúcháin air i roinnt tíortha. |
||||||||
|
Briseadh Seirbhíse |
Ciallaíonn sé stad neamhphleanáilte traenach le linn oibríochta, gan aon fhaisnéis maidir le leanúint den turas |
||||||||
|
Soláthraí Seirbhíse |
Iompróir atá freagrach as an gcéim shonrach iompair seo. Páirtí a fhaigheann agus a láimhseálann an áirithint. |
||||||||
|
Lastas |
Vaigíní nó aonaid luchtaithe idirmhódúla a iompraítear faoi théarmaí coinsíneachta aonair, gan beann ar chainníocht nó líon na gcoimeádán, na bpacáistí nó na bpíosaí. Tugtar coinsíneacht air freisin. |
||||||||
|
Iarraidh bhealaigh ar ghearrfhógra |
Iarraidh aonair ar bhealach de réir Threoir 2012/34/AE, mar gheall ar éilimh bhreise iompair nó riachtanais oibríochtúla. |
||||||||
|
BA CHEART |
Ciallaíonn an frása seo, nó úsáid an bhriathair “MOL”, go bhféadfadh cúiseanna bailí a bheith ann in imthosca áirithe chun neamhaird a dhéanamh ar ní áirithe, ach ní mór na himpleachtaí iomlána a thuiscint agus a mheá go cúramach sula roghnaítear cúrsa difriúil. |
||||||||
|
NÍOR CHEART |
Ciallaíonn an frása seo, nó úsáid an bhriathair “MOL móide MÍR DHIÚLTACH”, go bhféadfadh cúiseanna bailí a bheith ann in imthosca áirithe a fhágann go bhfuil iompar ar leith inghlactha nó úsáideach fiú, ach ní mór na himpleachtaí iomlána a thuiscint agus an cás a mheá go cúramach sula gcuirtear aon iompar lena ngabhann an lipéad sin chun feidhme. |
||||||||
|
Páirtithe leasmhara |
Aon duine nó eagraíocht ag a bhfuil leas réasúnach i soláthar seirbhíse traenach e.g.: Gnóthas Iarnróid (GI), Soláthraí faireacháin lastais, Soláthraí inneall gluaiste, Soláthraí vaigíní, Soláthraí criú tiománaithe/traenach, Soláthraí clóis dhronnaigh, Soláthraí aistrithe ladhróg, Comhtháthaitheoir seirbhíse, Soláthraí sliotáin (BB), Rialtóir traenach (BB), Bainisteoir tráchta, Bainisteoir flít Soláthraí báid farantóireachta, Cigire vaigíní, inneall gluaiste, Soláthraí deisiúcháin vaigíní, inneall gluaiste, Bainisteoir lastais, Soláthraí ladhróg agus dronnaíochta, Soláthraí lóistíochta, Coinsíní, Coinsíneoir, Ina theannta sin, le haghaidh iompar idirmhódúil: Soláthraí Coimeádán, Oibreoir críochfoirt idirmhódúil, Soláthraí drae-iompair/Cuideachta tarlaithe, Galtán, Línte báirse. |
||||||||
|
Oibreoir críochfoirt |
A chiallaíonn eintiteas eagraíochtúil, ar cuireadh de fhreagracht air clós eagraithe, críochfort ilmhódúil nó idirmhódúil, nó críochfort calafoirt a bhainistiú |
||||||||
|
ATMT |
Féach Am Teachta Measta Traenach |
||||||||
|
Rianú |
Gníomhaíocht arna hiarraidh sin chun stair iompair coinsíneachta, feithicle, trealaimh, pacáiste nó lasta ar leith a fháil agus a athchruthú. |
||||||||
|
Rianú |
Gníomhaíocht lena ndéantar faireachán agus taifeadadh ar shuíomh agus ar stádas reatha coinsíneachta, feithicle, trealaimh, pacáiste nó lasta ar leith. |
||||||||
|
Traein |
Sainmhíniú ar OPE TSI: Sainmhínítear traein mar aonad/aonaid tarraingthe le feithiclí iarnróid cúpláilte nó gan iad a bhfuil sonraí traenach ar fáil ina leith agus a fheidhmíonn idir dhá phointe sainithe nó níos mó. |
||||||||
|
Am Teachta Measta Traenach |
Am Teachta Measta Traenacha ag pointe ar leith, i.e. pointe aistrithe, pointe idirmhalartaithe, ceann scríbe na traenach. |
||||||||
|
Bealach traenach |
Féach “bealach” |
||||||||
|
Trasloingsiú |
Aonaid luchtaithe idirmhódúla gluaisteacha a oibriú ó mhodh iompair amháin go modh eile. |
||||||||
|
Plean turais |
Le haghaidh vaigín nó aonad Idirmhódúil lena léirítear an turas pleanáilte tagartha le haghaidh an vaigín/an aonaid Idirmhódúil. |
||||||||
|
Acmhainn aonaid úsáidte |
Cód chun a thaispeáint a mhéid atá an trealamh luchtaithe nó folamh. (e.g. lán, folamh, páirtlucht coimeádáin). |
||||||||
|
Aonadlasta |
Roinnt pacáistí aonair atá nasctha le chéile, a chuirtear ar phailléad nó a strapáiltear lena chéile chun aonad aonair a chruthú ionas go mbeidh trealamh meicniúil in ann iad a láimhseáil go héifeachtúil. |
||||||||
|
Traein aonaid |
Traein lasta a sheoltar le nóta coinsíneachta amháin agus cineál amháin earraí agus atá comhdhéanta de vaigíní aonfhoirmeacha a ghluaiseann ó choinsíneoir go coinsíní gan eagrúchán idirmheánach. |
||||||||
|
Ualach vaigín |
Ualach aonaid mar ar aonad é an vaigín. |
||||||||
|
Ordú coinsíneachta |
Fothacar den nóta coinsíneachta lena léirítear an fhaisnéis ábhartha le haghaidh GI, a éilítear chun leanúint den iompar le linn a fhreagrachta go dtí an t-aistriú go dtí an chéad GI eile. Treoir maidir le coinsíneacht vaigín a iompar. |
||||||||
|
Bille iompair |
An doiciméad a dhéanann an t-iompróir nó a dhéantar thar ceann an iompróra ina bhfuil fianaise ar an gconradh chun lastas a iompar. |
(1) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1).
Aguisín III
Cúraimí atá le déanamh ag an bpointe teagmhála náisiúnta (PTN) FTL/FTP
(1)
Feidhmiú mar phointe teagmhála idir an Ghníomhaireacht, agus gníomhaithe iarnróid (Bainisteoirí Bonneagair, Gnóthais Iarnróid, Coimeádaithe Vaigíní, Bainisteoirí Stáisiúin, Díoltóirí Ticéad, Oibreoirí Idirmhódúla, Custaiméirí Lasta Iarnróid agus cumainn ábhartha) sa Bhallstát chun a áirithiú go bhfuil na gníomhaithe páirteach le FTL agus FTP agus go bhfuil siad ar an eolas faoi fhorbairtí ginearálta agus cinntí an Choiste Stiúrtha.
(2)
Ábhair imní agus tuairimí na ngníomhaithe iarnróid sa Bhallstát maidir le STI FTL a chur chun feidhme agus a oibriú, a chur in iúl do Choiste Stiúrtha FTL/FTP tar éis don Ghrúpa um Chomhar Cur Chun Feidhme anailís a dhéanamh orthu.
(3)
Idirchaidreamh a dhéanamh le comhalta de Choiste um Idir-inoibritheacht agus Sábháilteacht Iarnróid (CISI) an Bhallstáit agus a áirithiú go dtabharfar eolas do bhall CISI ar shaincheisteanna náisiúnta a bhaineann le FTL/FTP roimh gach cruinniú CISI agus a áirithiú go gcuirfear cinntí CISI a bhaineann le FTL/FTP in iúl go hiomchuí do na gníomhaithe iarnróid a ndéanfaidh na cinntí difear dóibh.
(4)
Áirithíonn an Ballstát go ndéantar teagmháil le gach Gnóthas Iarnróid ceadúnaithe agus le gníomhaithe eile iarnróid (Bainisteoirí Bonneagair, Gnóthais Iarnróid, Coimeádaithe Vaigíní, Bainisteoirí Stáisiúin, Oibreoirí Idirmhódúla, Custaiméirí Lasta Iarnróid agus cumainn ábhartha) agus go dtugtar sonraí PTN dóibh agus go moltar dóibh teagmháil a dhéanamh le PTN mura ndearnadh teagmháil cheana féin.
(5)
A mhéid is eol gníomhaithe iarnróid sa Bhallstát, cuirtear ar an eolas iad faoina n-oibleagáidí faoi rialacháin FTL agus FTP agus nach mór dóibh iad a chomhlíonadh (maidir le STI FTL a chur chun feidhme agus a oibriú).
(6)
Idirchaidreamh a dhéanamh leis an mBallstát chun a áirithiú go gceaptar eintiteas le bheith freagrach as cóid suímh phríomhúil a chur isteach sa Bhunachar Sonraí Lárnach um Chomhaid Tagartha. Tuairisceofar céannacht an eintitis a cheapfar d’Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair lena dáileadh go hiomchuí.
(7)
Comhroinnt faisnéise a éascú idir gníomhaithe iarnróid an Bhallstáit (Bainisteoirí Bonneagair, Gnóthais Iarnróid, Coimeádaithe Vaigíní, Bainisteoirí Stáisiúin, Díoltóirí Ticéad, Oibreoirí Idirmhódúla, Custaiméirí Lasta Iarnróid agus cumainn ábhartha) sa Bhallstát.
CINNTÍ
|
29.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 108/57 |
CINNEADH (CBES) 2021/542 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Márta 2021
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/472 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/472 (1) lenar bunaíodh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI). |
|
(2) |
I gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh ar an oibríocht, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart síneadh a chur le EUNAVFOR MED IRINI go dtí an 31 Márta 2023. |
|
(3) |
Ba cheart sonrú níos beaichte a dhéanamh ar na socruithe maidir le diúscairt arm agus ábhair ghaolmhair a urghabhadh agus trádbhac arm na Náisiún Aontaithe ar an Libia á chur chun feidhme, lena n-áirítear ítimí urghafa a stóráil, a scriosadh nó a aistriú chuig Ballstát nó chuig tríú páirtí, i gcomhréir le Rún 2292 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 5 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú agus cur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí cosanta acu. Dá bhrí sin, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo, níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, agus níl sí rannpháirteach i maoiniú na hoibríochta seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/472 mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. I bhfianaise na gceanglas eisceachtúil oibríochtúil, agus arna iarraidh sin ag Ballstát, féadfaidh EUNAVFOR MED IRINI soithí a atreorú chuig calafoirt an Bhallstáit sin agus airm agus ábhar gaolmhar urghafa a dhiúscairt i gcomhréir le mír 3, lena n-áirítear trína stóráil, a scriosadh nó a aistriú chuig Ballstát nó chuig tríú páirtí. Ainmneofar na calafoirt ar féidir soithí a atreorú chucu sa Phlean Oibríochtaí. Déanfaidh Coiste na Saoráide Eorpach Síochána cinneadh, ar thogra ó Cheannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh, maidir le ceann scríbe deiridh na n-arm agus an ábhair ghaolmhair a urghabhadh, lena n-áirítear stóráil, scriosadh nó aistriú chuig Ballstát. Mar sin féin, déanfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh, ar thogra ón gCeannasaí Oibríochta, maidir le hítimí den sórt sin a aistriú chuig tríú páirtí, i gcomhréir le Rún 2292 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mura n-iarrfaidh Ballstát go ndéanfar an cheist a chur faoi bhráid na Comhairle, agus faoi réir aon choinníollacha agus coimircí arna mbunú ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála nó ag an gComhairle faoi seach. Le urghabhadh na n-ábhair ghaolmhair den sórt sin, urramófar na prionsabail a leagtar síos i gComhsheasamh 2008/944/CBES (*1) ón gComhairle, agus comhlíomadh leis na rialacha náisiúnta agus nósanna imeachta maidir le rialuithe ar onnmhairiú na n-arm, beidh sé faoi réir coinníollacha agus coimircí arna bhunú ag an gCoiste Polaitiúil agus Slándála nó ag an gComhairle faoi seach, agus aird chuí á tabhairt ar na nósanna imeachta a leagtar síos i gCinneadh (CFSP) 2021/509 (*2), go háirithe modheolaíocht rioscaí agus choimircí; agus ní chuimseoidh sé trealamh nó ardáin míleata, a cheaptar chun fórsa marfach a thabhairt Maidir le Ballstát a chabhróidh le EUNAVFOR MED IRINI chun airm agus ábhar gaolmhar urghafa a dhiúscairt, glacfaidh sé de chúram air féin na nósanna imeachta is gá a chur i gcrích a luaithe is féidir chun go bhféadfar na hítimí urghafa a dhiúscairt, faoi chuimsiú a dhlí náisiúnta agus a nósanna imeachta náisiúnta. Tabharfaidh EUNAVFOR MED IRINI deimhniú diúscartha don Bhallstát sin. Seasfaidh an tSaoráid Eorpach Síochána na costais a bhaineann le stóráil agus diúscairt na n-arm agus an ábhair ghaolmhair a d’urghabh EUNAVFOR MED IRINI laistigh dá Limistéar Oibríochtaí, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na seirbhísí calafoirt riachtanacha. Is í an tSaoráid Eorpach Síochána a sheasfaidh na costais a bhaineann le haon dliteanas airgeadais a thiocfaidh as atreorú soithigh nó as gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin a bhaineann le hiompar, stóráil agus diúscairt na n-ítimí a urghabhadh, seachas i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompair thoiliúil ag an mBallstát a bheidh ag cuidiú leis an diúscairt nó ag aon duine dá ghníomhairí. Déanfar aon admháil a fhabhróidh don Ballstát ó dhiúscairt arm urghafa agus trealaimh agus soláthairtí gaolmhara a aistriú chuig an tSaoráid Eorpach Síochána, agus aird chuí á tabhairt ar na nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha ábhartha sa Bhallstát sin go dtí go ndéanfar na hítimí urghafa a dhiúscairt, ach amháin i gcásanna mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil ag an mBallstát a bheidh ag cabhrú lena ndiúscairt nó ag gníomhaire dá chuid. Féadfaidh EUNAVFOR MED IRINI, arna ionadú ag Ceannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh, socrú riaracháin a thabhairt i gcrích le húdaráis ábhartha Bhallstáit atá ag cabhrú chun soitheach a atreorú nó chun airm agus ábhar gaolmhar urghafa a dhiúscairt chun na freagrachtaí faoi seach sa chomhthéacs sin a shonrú. Beidh feidhm ag na forálacha seo maidir le himeachtaí urghabhála agus diúscartha atá fós ar siúl.”. Bainfidh an mhír seo le imeachtaí urghabhála agus diúscirt atá ar siúl. (*1) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99)." (*2) Cinneadh (CFSP) 2021/509 an 22 Márta 2021 ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14)." |
|
(2) |
in Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “3. EUR 16 900 000 a bheidh sa mhéid tagartha do chostais choiteanna EUNAVFOR MED IRINI don tréimhse ón 1 Aibreán 2021 go dtí an 31 Márta 2023. 10 % i ngealltanais agus 10 % in íocaíochtaí a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha dá dtagraítear in Airteagal 46(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle.”; |
|
(3) |
in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Tiocfaidh deireadh le EUNAVFOR MED IRINI an 31 Márta 2023.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Márta 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Cinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (IO L 101, 1.4.2020, lch. 4).
|
29.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 108/59 |
CINNEADH (CBES) 2021/543 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Márta 2021
lena leasaítear Cinneadh 2011/173/CBES a bhaineann le bearta sriantacha I bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 21 Márta 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2011/173/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2011/173/CBES, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 31 Márta 2022. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2011/173/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 6 de Chinneadh 2011/173/CBES:
‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Márta 2022.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Márta 2021
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Cinneadh 2011/173/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (IO L 76, 22.3.2011, lch. 68).