ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 100

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
23 Márta 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/484 ón gCoimisiún an 16 Márta 2021 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin Burrata di Andria (TGFC)

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/485 ón gCoimisiún an 22 Márta 2021 maidir le bláthola sinséir ó Zingiber officinale Roscoe a údarú mar bhreiseáin beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, maidir le hoiléaroisín sinséir ó Zingiber officinale Roscoe a údarú le haghaidh: sicíní lena ramhrú, béaróga, turcaithe lena ramhrú, bainbh, muca lena ramhrú, cránacha muice, ba déiríochta, laonna feola (bainne púdrach), eallaí lena ramhrú, caoirigh, gabhair, capaill, coiníní, éisc agus peataí agus maidir le tintiúr sinséir ó Zingiber officinale Roscoe a údarú le haghaidh capall agus madraí ( 1 )

3

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/486 ón gComhairle an 15 Márta 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann maidir le haisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur siar go sealadach

11

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/487 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear agus lena gcuirtear síneadh le Cinneadh (CBES) 2018/653 maidir le cumas stórais a bhunú le haghaidh misin shibhialtacha bainistithe géarchéime

13

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/488 ón gCoimisiún an 22 Márta 2021 lena leasaítear Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2020/174 agus (AE) 2020/1167 a mhéid a bhaineann le húsáid na dteicneolaíochtaí nuálacha formheasta i ngluaisteáin paisinéirí agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma atá in ann oibriú le gás peitriliam leachtaithe, le gás nádúrtha comhbhrúite agus le E85 ( 1 )

15

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

23.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 100/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/484 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Márta 2021

lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin “Burrata di Andria” (TGFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hIodáile ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint “Burrata di Andria” atá cláraithe faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2103 ón gCoimisiún (2).

(2)

Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú atá i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin (3).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ós rud é nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas freasúra don Choimisiún, ní mór an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Burrata di Andria” (TGFC), is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2103 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2016 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Burrata di Andria (TGFC)) (IO L 327, 2.12.2016, lch. 16).

(3)  IO C 408, 27.11.2020, lch. 9.


23.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 100/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/485 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Márta 2021

maidir le bláthola sinséir ó Zingiber officinale Roscoe a údarú mar bhreiseáin beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, maidir le hoiléaroisín sinséir ó Zingiber officinale Roscoe a údarú le haghaidh: sicíní lena ramhrú, béaróga, turcaithe lena ramhrú, bainbh, muca lena ramhrú, cránacha muice, ba déiríochta, laonna feola (bainne púdrach), eallaí lena ramhrú, caoirigh, gabhair, capaill, coiníní, éisc agus peataí agus maidir le tintiúr sinséir ó Zingiber officinale Roscoe a údarú le haghaidh capall agus madraí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear d’údarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus don fhoras agus do na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear d’athmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

I gcomhréir le Treoir 70/524/CEE údaraíodh bláthola sinséir, oiléaroisín sinséir agus tintiúr sinséir ó Zingiber officinale Roscoe gan teorainn ama, mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh na breiseáin sin i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirgí a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun athmheastóireacht a dhéanamh ar bhláthola sinséir ó Zingiber officinale Roscoe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, ar oiléaroisín sinséir ó Zingiber officinale Roscoe le haghaidh na n-ainmhithe seo a leanas: sicíní lena ramhrú, béaróga, turcaithe lena ramhrú, bainbh, muca lena ramhrú, cránacha muice, ba déiríochta, laonna feola (bainne púdrach), eallaí lena ramhrú, caoirigh, gabhair, capaill, coiníní, éisc agus peataí agus ar thintiúr sinséir ó Zingiber officinale Roscoe le haghaidh capall agus madraí.

(4)

D’iarr an t-iarratasóir go ndéanfaí bláthola sinséir, oiléaroisín sinséir, agus tintiúr sinséir ó Zingiber officinale Roscoe a údarú lena n-úsáid in uisce óil freisin. Mar sin féin, le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ní cheadaítear “comhdhúile blaistithe” a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid bláthola sinséir, oiléaroisín sinséir ná tintiúr sinséir ó Zingiber officinale Roscoe in uisce óil a cheadú.

(5)

D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí na breiseáin sin i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin chéadfacha” agus san fheidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(6)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairim an 7 Bealtaine 2020 (3), faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, nach bhfuil tionchar díobhálach ag bláthola sinséir, ag oiléaroisín sinséir ná ag tintiúr sinséir ó Zingiber officinale Roscoe ar shláinte ainmhithe, ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol. Chinn an tÚdarás freisin gur cheart bláthola sinséir, oiléaroisín sinséir agus tintiúr sinséir ó Zingiber officinale Roscoe a mheas mar ghreannaitheoirí craicinn agus súl, mar ghreannaitheoirí don chonair riospráide agus mar íogróirí craicinn. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin.

(7)

Chinn an tÚdarás go bhfuil bláthola sinséir, oiléaroisín sinséir agus tintiúr sinséir ó Zingiber officinale Roscoe aitheanta chun bia a bhlaistiú agus go mbeadh an fheidhm atá leo in ábhar beatha go bunúsach mar a chéile leis an bhfeidhm atá leo i mbia, dá bhrí sin, meastar nach bhfuil gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. Rinne sé an tuarascáil maidir leis na modhanna anailíse ar an breiseán beathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 a fhíorú freisin.

(8)

Léirítear leis an measúnú ar bhláthola sinséir, ar oiléaroisín sinséir agus ar thintiúr sinséir ó Zingiber officinale Roscoe go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substaintí sin a údarú [mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo].

(9)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le srianta agus coinníollacha chun rialú níos fearr a cheadú. Go háirithe, ba cheart cion molta a léiriú ar lipéad na mbreiseán beathaithe. I gcás ina sárófar an cion sin, ba cheart eolas áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán.

(10)

Cé nach n-údaraítear bláthola sinséir, oiléaroisín sinséir ná tintiúr sinséir ó Zingiber officinale Roscoe lena n-úsáid mar bhlastáin in uisce óil, ní chuirtear bac ar a n-úsáid i mbeatha cumaisc a thugtar trí uisce.

(11)

Ós rud é nach gá, ar chúiseanna sábháilteachta, na modhnuithe ar na coinníollacha údaraithe maidir leis na substaintí lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach, is iomchuí idirthréimhse a cheadú do na páirtithe leasmhara chun gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn a bhaineann le catagóir na mbreiseán “breiseáin chéadfacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”, údaraítear iad mar bhreiseáin bheathaithe i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Úsáid in uisce óil

Na substaintí údaraithe a shonraítear san Iarscríbhinn ní úsáidfear iad in uisce óil.

Airteagal 3

Bearta idirthréimhseacha

1.   Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil na substaintí sin iontu, a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 12 Deireadh Fómhair 2021 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 12 Aibreán 2021 féadfar leanúint ar aghaidh dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na substaintí iontu mar a shonraítear san Iarscríbhinn a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 12 Aibreán 2022 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 12 Aibreán 2021 féadfar leanúint ar aghaidh dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil na substaintí iontu mar a shonraítear san Iarscríbhinn a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 12 Aibreán 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 12 Aibreán 2021 féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(6):6147.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíseach.

Speiceas nó catagóir ainmhí

Aois uasta

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de shubstaint ghníomhach/kg d'ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: Breiseáin chéadfacha

Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe

2b489-eo

-

Bláthola sinséir

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Bláthola arna dhíorthú le driogadh gaile ó riosóim triomaithe Zingiber officinale Roscoe.

Tréithriú na substainte gníomhaí

Bláthola arna dhíorthú le driogadh gaile ó riosóim triomaithe Zingiber officinale Roscoe mar atá sainithe ag Comhairle na hEorpa (1).

α-zingiberene: 29-40 %

β-sesquiphellandrene: 8-14 %

ar-curcumene: 5-12 %

α-farnesene: 4-10 %

caimféin: 2-10 %

β-bisabolene: 2-9 %

Uimhir CAS: 8007-08-7,

Uimhir EINECS: 283-634-2

Uimhir FEMA: 2522

Uimhir Chomhairle na hEorpa: 489

Foirm leachtach

Modh anailíseach  (2)

Chun alfa-zingiberene, béite-sesquiphellandrene agus ar-curcumene sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:

Crómatagrafaíocht gháis cúpláilte le mais-speictriméadracht (GC-MS) (modh scanta iomláin) ag baint úsáid as modheolaíocht Thréimhse Choinneála Glasáilte (nó substaintí caighdeánacha na marcóirí fíticheimiceacha) le crómatagrafaíocht gháis (nó gan crómatagrafaíocht gháis) cúpláilte le brath ianúcháin lasrach (GC-FID) bunaithe ar mhodh caighdeánach ISO 11024.

Gach speiceas ainmhí

-

-

-

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Ar lipéad an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar an méid seo a leanas a shonrú:

“Uaschion a mholtar de shubstaint ghníomhach in aghaidh an kg d'ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %:

laonna feola (bainne púdrach): 80 mg;

speicis eile nó catagóirí ainmhithe: 20 mg.”

4.

I gcás ina sárófaí an leibhéal dá dtagraítear i bpointe 3 mar thoradh ar an leibhéal úsáide atá ar lipéad an réamh-mheascáin, sonrófar ar an lipéad sin na nithe seo a leanas: an feidhmghrúpa, an uimhir aitheantais, an t-ainm agus cion na substainte gníomhaí a cuireadh leis.

5.

Ní cheadófar bláthola sinséir a mheascadh le breiseáin údaraithe eile a fhaightear ó Zingiber officinale Roscoe in ábhair bheatha.

6.

I gcás úsáideoirí na mbreiseán agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as ionanálú, teagmháil dheirmeach nó teagmháil súl. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don análú, spéaclaí sábháilteachta agus lámhainní.

12 Aibreán 2031

2b489-or

 

Oiléaroisín sinséir

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Oiléaroisín sinséir a fhaightear trí dhriogadh gaile agus eastóscadh leachta riosóim triomaithe Zingiber officinale Roscoe.

Tréithriú na substainte gníomhaí

Oiléaroisín sinséir a fhaightear trí dhriogadh gaile agus eastóscadh leachta riosóm triomaithe Zingiber officinale Roscoe mar atá sainithe ag Comhairle na hEorpa (1)

Bláthola: 25-30 (meáchan/meáchan)

Iomlán na Gingerols: 0,5-8 % (meáchan/meáchan)

6-Gingerol

8-Gingerol

10-Gingerol

Iomlán na shogaols: 3-6 % (meáchan/meáchan)

6 Shogaol

8-Shogaol

Bogthaise agus nithe so-ghalaithe: 25-30 (meáchan/meáchan)

Uimhir Chomhairle na hEorpa: 489

Foirm leachtach

Modh anailíseach  (2)

Chun na marcóirí fíticheimiceacha a chainníochtú: iomlán na ngingerol agus iomlán na shogaol sa bhreiseán beathaithe (oiléaroisín sinséir):

Crómatagrafaíocht leachta ardfheidhmíochta (HPLC) le brath speictreafótaiméadrachta (UV) – ISO 13685

Sicíní lena ramhrú

Béaróga

Turcaithe lena ramhrú.

Bainbh

Muca lena ramhrú

Cránacha muice

Ba déiríochta

laonna feola (bainne púdrach)

Eallaí lena ramhrú

Caoirigh agus gabhair

Capaill

Coiníní

Éisc

Peataí

-

-

-

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Ar lipéad an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar an méid seo a leanas a shonrú:

“Uaschion a mholtar de shubstaint ghníomhach in aghaidh an kg d'ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % agus le haghaidh bainne púdraigh ina bhfuil cion taise 5,5 %:

sicíní lena ramhrú: 5 mg;

béaróga agus coiníní: 7 mg;

turcaithe lena ramhrú: 6 mg;

bainbh: 8 mg;

muca lena ramhrú: 10 mg;

cránacha muice: 13 mg;

ba déiríochta: 12 mg;

laonna feola (bainne púdrach): 21 mg;

eallaí lena ramhrú: 19 mg;

caoirigh, gabhair, capaill agus éisc: 20 mg;

peataí: 1 mg.”

4.

I gcás ina sárófaí an leibhéal dá dtagraítear i bpointe 3 mar thoradh ar an leibhéal úsáide atá ar lipéad an réamh-mheascáin, sonrófar ar an lipéad sin na nithe seo a leanas: an feidhmghrúpa, an uimhir aitheantais, an t-ainm agus cion na substainte gníomhaí a cuireadh leis.

5.

Ní cheadófar oiléaroisín sinséir a mheascadh le breiseáin údaraithe eile a fhaightear ó Zingiber officinale Roscoe in ábhair bheatha.

6.

I gcás úsáideoirí na mbreiseán agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as ionanálú, teagmháil dheirmeach nó teagmháil súl. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don análú, spéaclaí sábháilteachta agus lámhainní.

12 Aibreán 2031

2b489-t

 

Tintiúr sinséir

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Tintiúr sinséir a fhaightear trí eastóscadh riosóm meilte triomaithe Zingiber officinale Roscoe ag baint úsáid as meascán eatánóil/uisce.

Tréithriú na substainte gníomhaí

Faightear tintiúr sinséir trí eastóscadh riosóm meilte triomaithe Zingiber officinale Roscoe ag baint úsáid as meascán eatánóil/uisce mar atá sainithe ag Comhairle na hEorpa (1).

Tuaslagóir (eatánól/uisce, 90/10): 97-98 % (meáchan/meáchan)

Ábhar tirim: 2-3 % (meáchan/meáchan)

Iomlán na ngingerol: 0,14-0,11 % (meáchan/meáchan)

6-Gingerol

8-Gingerol

10-Gingerol

Iomlán na Shogaol: 0,043-0,031 % (meáchan/meáchan)

6 Shogaol

8-Shogaol

Modh anailíseach  (2)

Chun na marcóirí fíticheimiceacha a chainníochtú: Iomlán na ngingerol agus iomlán na shogaol sa bhreiseán beathaithe (tintiúr sinséir):

Crómatagrafaíocht leachta ardfheidhmíochta (HPLC) le brath speictreafótaiméadrachta (UV) – ISO 13685

Capaill

Madraí

-

-

-

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Ar lipéad an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar an méid seo a leanas a shonrú:

“Uaschion a mholtar de shubstaint ghníomhach in aghaidh an kg d'ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %:

Capaill 1,58 mL

Madraí 1,81 mL”

4.

I gcás ina sárófaí an leibhéal dá dtagraítear i bpointe 3 mar thoradh ar an leibhéal úsáide atá ar lipéad an réamh-mheascáin, sonrófar ar an lipéad sin na nithe seo a leanas: an feidhmghrúpa, an uimhir aitheantais, an t-ainm agus cion na substainte gníomhaí a cuireadh leis.

5.

Ní cheadófar tintiúr sinséir a mheascadh le breiseáin údaraithe eile a fhaightear ó Zingiber officinale Roscoe in ábhair bheatha.

6.

I gcás úsáideoirí na mbreiseán agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as ionanálú, teagmháil dheirmeach nó teagmháil súl. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don análú, spéaclaí sábháilteachta agus lámhainní.

12 Aibreán 2031


(1)  Foinsí nádúrtha na blastán - Tuarascáil Uimh. 2 (2007)

(2)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíseacha ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports


CINNTÍ

23.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 100/11


CINNEADH (AE) 2021/486 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Márta 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann maidir le haisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur siar go sealadach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe don chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá feidhm san Aontas ag na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil, lena n-áirítear an Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta (“Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí”) atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú, de bhua Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

(2)

De bhun Airteagal 28 den Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí, díríter moltaí maidir le Líne Choiteann chuig Rúnaíocht na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.

(3)

Tá tionscal na heitlíochta sibhialta buailte go trom mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar an ngéarchor eacnamaíoch a d’eascair aisti, ar tionscal é a bhfuil a ghnó faoi bhagairt ag na fadhbanna leachtachta gearrthéarmacha atá ag oibreoirí aerárthaí agus ceannaitheoirí aerárthaí agus inneall nua. I bhfianaise an choir chun donais eacnamaíoch atá ann faoi láthair agus atá ag géarú agus d'fhonn tromchúis an tionchair atá aige a laghdú, ba cheart don Aontas Line Choiteann a mholadh maidir le haisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur síar go sealadach i gcás ceannaitheoirí aerárthaí agus inneall nua (“an Líne Choiteann mholta”).

(4)

I gcomhréir le Cuid 4, Roinn 3 den Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí, tá Rannpháirtithe na Tuisceana Earnála maidir le hAerárthaí le cinneadh a dhéanamh, trí nós imeachta i scríbhinn, maidir leis an Líne Choiteann mholta.

(5)

Leis an Líne Choiteann mholta, cheadófaí do cheannaitheoirí aerárthaí nua mar a shainmhínítear in Airteagal 8 a) 1) den Tuiscint Earnála maidir le hAerárthaí, agus do cheannaitheoirí innill spártha agus páirteanna spártha mar a shainmhínítear in Airteagal 20 a), b) agus c) de, aisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur siar ar feadh 12 mhí tar éis sheachadadh na n-earraí ceannaithe, nó, má chomhlíontar coinníollacha áirithe, ar feadh 18 mí tar éis sheachadh na n-earraí ceannaithe.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann mholta sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe na Tuisceana Earnála maidir le hAerárthaí, a bhunú, mar go mbeidh an Líne Choiteann mholta, tráth a mbeidh sí comhaontaithe, ina ceangal i leith an Aontais agus beidh sí in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe sa Tuiscint Earnála maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin le haghaidh Aerárthaí Sibhialta atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann leis an Líne Choiteann maidir le haisíocaíocht phríomhshuim na hiasachta a chur siar go sealadach, beidh sé bunaithe ar an dréacht-Líne Choiteann mholta (*1).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Márta 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. P. ZACARIAS


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45).

(*1)  Féach doiciméad ST 5390/21 ar http://register.consilium.europa.eu.


23.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 100/13


CINNEADH (CBES) 2021/487 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Márta 2021

lena leasaítear agus lena gcuirtear síneadh le Cinneadh (CBES) 2018/653 maidir le cumas stórais a bhunú le haghaidh misin shibhialtacha bainistithe géarchéime

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1), 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun críocha na n-oibríochtaí sibhialtacha bainistithe géarchéime, ba cheart freastal ar riachtanais mhear-imscartha agus oibríochtúla.

(2)

An 26 Aibreán 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/653 maidir le cumas stórais a bhunú do mhisin shibhialtacha bainistithe géarchéime (1).

(3)

Tá foráil déanta in Airteagal 6 de Chinneadh (CBES) 2018/653 maidir le hathbhreithniú chun an méid tagartha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Chinneadh sin a mheasúnú a mhéid a bhaineann leis an méid a mheastar a bheidh riachtanach chun freastal ar iarrataí ó mhisin comhbheartas slándála sibhialta agus cosanta, agus chun riachtanais athraitheacha mhisin den sórt sin, riachtanais athraitheacha ghníomhaíochtaí oibríochtúla eile an Aontais agus riachtanais athraitheacha Ionadaithe Speisialta an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh. Tá a leithéid de mheasúnú déanta ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) agus ag an gCoimisiún Eorpach. Ba é toradh an athbhreithnithe sin, mar a pléadh agus mar a comhaontaíodh é laistigh de chomhlachtaí ullmhúcháin ábhartha de chuid na Comhairle i mí na Nollag 2019 agus i mí Eanáir 2020, nár ghá an méid tagartha airgeadais a athbhreithniú.

(4)

De bhun Airteagal 7 de Chinneadh (CBES) 2018/653, lena bhforáiltear go bhféadfaidh an Chomhairle a chinneadh síneadh a chur leis an gCinneadh sin, mhol an tArdionadaí agus an Coimisiún, ina dtuarascáil leathbhliantúil chuig an gComhairle, gur cheart síneadh 18 mí a chur le Cinneadh (CBES) 2018/653, lena n-áirítear tréimhse 6 mhí chun an cumas stórais a bunaíodh leis an gCinneadh sin a thabhairt i gcrích ó thaobh an riaracháin agus an airgeadais de.

(5)

Tá an tArdionadaí agus an Coimisiún chun na hullmhúcháin is gá a dhéanamh le haghaidh na socruithe stórasaithe a dhéanfar amach anseo agus cuirfidh siad a moladh tosaigh faoi bhráid na Comhairle tráth nach déanaí ná mí an Mheithimh 2021,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/653 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“5.   Áiritheoidh Gníomhaireacht na Sualainne um Theagmhais Shibhialta go mbeidh cumas iomlán oibríochtúil ag an stóras go dtí dáta éaga an Chinnidh seo. Comhaontóidh Gníomhaireacht na Sualainne um Theagmhais Shibhialta, an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus seirbhísí inniúla an Choimisiúin socruithe mionsonraithe chuige sin.

6.   Áiritheoidh oibreoir chumas an stórais go ndéanfar aistriú agus trasdul rianúil chuig na socruithe stórasaithe a dhéanfar amach anseo, de réir mar a ordóidh an Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus seirbhísí inniúla an Choimisiúin.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 d’Airteagal 4:

“1.   Is é EUR 46 197 384,22 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme don tréimhse 54 mhí tar éis dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe dá dtagraítear i mír 3.”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

“Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm agus dul in éag

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha. Rachaidh sé in éag 54 mhí tar éis dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(3).”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 108, 27.4.2018, lch. 22.


23.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 100/15


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/488 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Márta 2021

lena leasaítear Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2020/174 agus (AE) 2020/1167 a mhéid a bhaineann le húsáid na dteicneolaíochtaí nuálacha formheasta i ngluaisteáin paisinéirí agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma atá in ann oibriú le gás peitriliam leachtaithe, le gás nádúrtha comhbhrúite agus le E85

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear caighdeáin astaíochta CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 11(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Iúil 2020, chuir na monaróirí Škoda Auto a.s, Ford-Werke GmbH, Groupe Renault, FCA Italy S.p.A, SEAT S.A., Volkswagen AG, Automobiles Citroen, Automobiles Peugeot, PSA Automobiles SA agus OPEL Automobile GmbH iarraidh isteach go comhpháirteach, de bhun Airteagal 12a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 725/2011 ón gCoimisiún (2) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 427/2014 ón gCoimisiún (3), iarraidh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/174 ón gCoimisiún (4) a leasú chun ailtéarnóirí éifeachtúla 12 Volta arna bhformheas mar theicneolaíocht nuálach faoin gCinneadh sin a úsáid freisin i ngluaisteáin paisinéirí a chumhachtaítear le hinnill dócháin inmheánaigh agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma atá in ann oibriú le gás peitriliam leachtaithe (GPL), le gás nádúrtha comhbhrúite (GNC) agus le E85.

(2)

An 11 Nollaig 2020, chuir na monaróirí Ford-Werke GmbH, Honda Motor Europe Ltd agus Renault SA iarraidh isteach go comhpháirteach, de bhun Airteagal 12a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 725/2011 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 427/2014, iarraidh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167 ón gCoimisiún (5) a leasú chun mótar-ghineadóirí éifeachtúla 48 Volta atá cumaiscthe le tiontairí 48 Volta/DC 12 Volta/DC, arna bhformheas mar theicneolaíocht nuálach faoin gCinneadh sin, a úsáid freisin in innill dócháin inmheánaigh agus i ngluaisteáin paisinéirí hibrideacha leictreacha agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma atá in ann oibriú le GPL, GNC agus E85.

(3)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an dá iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/631, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 725/2011, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 427/2014 chomh maith leis na Treoirlínte Teicniúla maidir le hiarratais ar fhormheas teicneolaíochtaí nuálacha a ullmhú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (leagan Iúil 2018) (6).

(4)

Ós rud é go mbaineann an dá iarraidh le soiléiriú maidir le húsáid teicneolaíochtaí nuálacha i bhfeithiclí atá in ann oibriú le GPL, GNC agus E85, is iomchuí aghaidh a thabhairt ar na hiarrataí sin in aon Chinneadh Cur Chun Feidhme amháin.

(5)

A mhéid a bhaineann leis an dá iarraidh, is iomchuí a shoiléiriú go bhféadfar coigiltis CO2 ó na teicneolaíochtaí nuálacha a chinneadh freisin nuair a bheidh siad feistithe ar fheithiclí a chaitheann GPL, GNC agus E85. Faoi réir fachtóirí áirithe a chur isteach a bhaineann go sonrach le breosla, meastar dá bhrí sin gurb iomchuí na modheolaíochtaí chun na coigiltis CO2 a chinneadh, mar a leagtar amach iad i gCinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2020/174 agus (AE) 2020/1167, chun na coigiltis CO2 a chinneadh a bhaineann le húsáid na dteicneolaíochtaí nuálacha faoi seach le haghaidh feithiclí a chumhachtaítear leis na breoslaí sin.

(6)

A mhéid a bhaineann le E85, toisc nach bhfuil sé ar fáil ach go teoranta ar mhargadh an Aontais ina iomláine, ní iomchuí, áfach, idirdhealú a dhéanamh idir an cineál breosla sin agus peitreal chun críche na modheolaíochtaí chun na coigiltis CO2 a chinneadh.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2020/174 agus (AE) 2020/1167 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/174

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/174 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

feistítear é i ngluaisteáin paisinéirí a chumhachtaítear le hinneall dócháin inmheánaigh (M1) agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma (N1) atá in ann oibriú le peitreal, díosal, gás peitriliam leachtaithe (GPL), gás nádúrtha comhbhrúite (GNC) nó le E85 nó le cumaisc de na breoslaí sin;”;

(b)

leasaítear pointe (c) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (i) agus (ii):

“(i)

73,8 % le haghaidh feithiclí a chaitheann peitreal nó E85 seachas na feithiclí sin atá turbaluchtaithe;

(ii)

73,4 % le haghaidh feithiclí turbaluchtaithe a chaitheann peitreal nó E85;”;

(ii)

cuirtear na pointí (iv) go (vii) seo a leanas isteach:

“(iv)

74,6 % le haghaidh feithiclí a chaitheann GPL seachas na feithiclí sin atá turbaluchtaithe;

(v)

74,1 % le haghaidh feithiclí turbaluchtaithe a chaitheann GPL;

(vi)

76,3 % le haghaidh feithiclí a chaitheann GNC seachas na feithiclí sin atá turbaluchtaithe;

(vii)

75,7 % le haghaidh feithiclí turbaluchtaithe a chaitheann GNC.”;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

“3a.   I gcás ina bhfuil an teicneolaíocht nuálach feistithe i bhfeithicil débhreosla nó ilbhreosla, déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe na coigiltis CO2 a thaifeadadh mar a leanas:

(a)

i gcás feithicil débhreosla a úsáideann peitreal agus breoslaí gásacha, an luach coigiltis CO2 maidir le GPL nó GNC;

(b)

i gcás feithicil ilbhreosla a úsáideann peitreal agus E85, an luach coigiltis CO2 maidir le peitreal.”;

(3)

leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

feistítear é i ngluaisteáin paisinéirí (M1) nó i bhfeithiclí tráchtála éadroma (N1) a bhfuil na saintréithe seo a leanas acu:

(i)

feithiclí a chumhachtaítear le hinnill dócháin inmheánaigh (feithiclí gnáth-inneall dócháin inmheánaigh) atá in ann oibriú le peitreal, díosal, gás peitriliam leachtaithe (GPL), gás nádúrtha comhbhrúite (GNC) nó le E85 nó le cumaisc de na breoslaí sin;

(ii)

feithiclí hibrideacha leictreacha a luchtaítear go neamhsheachtrach atá in ann oibriú leis na breoslaí dá dtagraítear i bpointe (i) ar féidir luachanna ídithe breosla agus astaíochtaí CO2 neamhcheartaithe a úsáid ina leith i gcomhréir le pointe 1.1.4. d’Aguisín 2 d’Fhoscríbhinn 8 a ghabhann le hIarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1151.”;

(b)

leasaítear pointe (b) mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí agus (ii):

“(i)

73,8 % le haghaidh feithiclí a chaitheann peitreal nó E85 seachas na feithiclí sin atá turbaluchtaithe;

(ii)

73,4 % le haghaidh feithiclí turbaluchtaithe a chaitheann peitreal nó E85;”;

(ii)

cuirtear na pointí (iv) go (vii) seo a leanas isteach:

“(iv)

74,6 % le haghaidh feithiclí a chaitheann GPL seachas na feithiclí sin atá turbaluchtaithe;

(v)

74,1 % le haghaidh feithiclí turbaluchtaithe a chaitheann GPL;

(vi)

76,3 % le haghaidh feithiclí a chaitheann GNC seachas na feithiclí sin atá turbaluchtaithe;

(vii)

75,7 % le haghaidh feithiclí turbaluchtaithe a chaitheann GNC.”;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

“3a.   I gcás ina bhfuil an teicneolaíocht nuálach feistithe i bhfeithicil débhreosla nó ilbhreosla, déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe na coigiltis CO2 a thaifeadadh mar a leanas:

(a)

i gcás feithicil débhreosla a úsáideann peitreal agus breoslaí gásacha, an luach coigiltis CO2 maidir le GPL nó GNC;

(b)

i gcás feithicil ilbhreosla a úsáideann peitreal agus E85, an luach coigiltis CO2 maidir le peitreal.”

(3)

Leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 111, 25.4.2019, lch. 13.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 725/2011 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2011 lena mbunaítear nós imeachta maidir le teicneolaíochtaí nuálacha a cheadú agus a dheimhniú i ndáil le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin paisinéirí a laghdú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 194, 26.7.2011, lch. 19).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 427/2014 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2014 lena mbunaítear nós imeachta maidir le teicneolaíochtaí nuálacha a cheadú agus a dheimhniú i ndáil le hastaíochtaí CO2 ó fheithiclí tráchtála éadroma a laghdú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 125, 26.4.2014, lch. 57).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/174 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2020 maidir le formheas na teicneolaíochta a úsáidtear in ailtéarnóirí éifeachtúla 12 Volta lena húsáid i ngluaisteáin áirithe paisinéirí agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma mar theicneolaíocht nuálach de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 7.2.2020, lch. 13).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2020 maidir le formheas na teicneolaíochta a úsáidtear i mótar-ghineadóir éifeachtúil 48 Volta atá cumaiscthe le tiontaire 48 Volta/DC 12 Volta/DC lena húsáid i ngnáthinneall dócháin agus i ngluaisteáin paisinéirí hibrideacha leictreacha áirithe agus i bhfeithiclí tráchtála éadroma mar theicneolaíocht nuálach de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 258, 7.8.2020, lch. 15)

(6)  https://circabc.europa.eu/sd/a/a19b42c8-8e87-4b24-a78b-9b70760f82a9/July%202018%20Technical%20Guidelines.pdf


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/174 mar a leanas:

(1)

leasaítear pointe 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 2:

“Tábla 2

Ídiú cumhachta éifeachtaí

An cineál innill

Ídiú cumhachta éifeachtaí (Vpe) [l/kWh]

Peitreal/E85

0,264

Peitreal/Turba-E85

0,280

Díosal

0,220

GPL

0,342

Turba-GPL

0,363

 

Ídiú cumhachta éifeachtaí (Vpe) [m3/kWh]

GNC (G20)

0,259

Turba-GNC (G20)

0,275”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 3:

“Tábla 3

Fachtóir coinbhéartachta breosla (FC)

An cineál breosla

Fachtóir coinbhéartachta (FC) [gCO2/l]

Peitreal/E85

2 330

Díosal

2 640

GPL

1 629

 

Fachtóir coinbhéartachta (FC) [gCO2/m3]

GNC (G20)

1 795 ”;

(2)

leasaítear pointe 8 mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 4:

“Tábla 4

Ceartú CO2 de bharr na maise breise

Peitreal/E85 (ΔCO2mP) [g CO2/km]

0,0277•Δm

Díosal (ΔCO2mD) [g CO2/km]

0,0383•Δm

GPL (ΔCO2mLPG) [g CO2/km]

0,0251•Δm

GNC (ΔCO2mCNG(G20)) [g CO2/km]

0,0209•Δm”.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1167 mar a leanas:

(1)

i bpointe 3.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Tháblaí 2 agus 3:

“Tábla 2

Ídiú cumhachta éifeachtaí

An cineál innill

Ídiú cumhachta éifeachtaí (Vpe) [l/kWh]

Peitreal/E85

0,264

Peitreal/Turba-E85

0,280

Díosal

0,220

GPL

0,342

Turba-GPL

0,363

 

Ídiú cumhachta éifeachtaí (Vpe) [m3/kWh]

GNC (G20)

0,259

Turba-GNC (G20)

0,275


Tábla 3

Fachtóir coinbhéartachta breosla (FC)

An cineál breosla

Fachtóir coinbhéartachta (FC) [gCO2/l]

Peitreal/E85

2 330

Díosal

2 640

GPL

1 629

 

Fachtóir coinbhéartachta (FC) [gCO2/m3]

GNC (G20)

1 795 ”;

(2)

i bpointe 3.5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 4:

“Tábla 4

Ceartú CO2 de bharr na maise breise

Peitreal/E85 (ΔCO2mP) [g CO2/km]

0,0277•Δm

Díosal (ΔCO2mD) [g CO2/km]

0,0383•Δm

GPL (ΔCO2mLPG) [g CO2/km]

0,0251•Δm

GNC (ΔCO2mCNG(G20)) [g CO2/km]

0,0209•Δm”.