|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 89 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 64 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
16.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 89/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/452 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Márta 2021
lena gceartaítear an leagan Rómáinise de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe Státchabhrach cothrománaí (1), agus go háirithe Airteagal 1(1) de,
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sa leagan Rómáinise de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (2) tá earráidí sa chéad abairt d’Airteagal 2(18)(a) agus sa chéad abairt d’Airteagal 2(18)(b), a athraíonn brí na bhforálacha. |
|
(2) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an leagan Rómáinise de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 248, 24.9.2015, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
|
16.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 89/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/453 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Márta 2021
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir leis na ceanglais shonracha tuairiscithe le haghaidh priacal margaidh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 430b(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In 2019, d’fhoilsigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) an t-athbhreithniú ar na “ceanglais caipitil íosta le haghaidh priacal margaidh”, rud a thug aghaidh ar na laigí i láimhseáil stuamachta ghníomhaíochtaí leabhair trádála na mbanc agus lenar tugadh isteach, i measc ceanglais eile, an ceanglas maidir le cur chuige caighdeánaithe atá íogair ó thaobh riosca de maidir le priacal margaidh, atá ceaptha agus calabraithe chun go mbeidh sé ina chúltaca inchreidte le cur chuige na samhlacha inmheánacha. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun an ceanglas ar institiúidí faisnéis a thuairisciú maidir leis na ceanglais cistí dílse faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach sin atá íogair ó thaobh priacail de a thabhairt isteach i gcreat stuamachta an Aontais. |
|
(3) |
Ba cheart ceanglais tuairiscithe aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le cistí dílse faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach sin i ndáil le tuairisciú do na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 430b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461d den Rialachán sin. |
|
(4) |
De réir Airteagal 430b(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais shonracha tuairiscithe le haghaidh priacal margaidh a leagtar amach san Airteagal sin ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 461d den Rialachán sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, go ndéanfar dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chuíchóiriú le dáta chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe sin. |
|
(5) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE). |
|
(6) |
Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Dátaí tagartha agus dátaí tuairiscithe
1. Tuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 430b, in Airteagal 94(1) agus in Airteagal 325ú(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chuig na húdaráis inniúla gach ráithe mar atá an fhaisnéis sin an 31 Márta, an 30 Meitheamh, an 30 Meán Fómhair agus an 31 Nollaig.
2. Tuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 faoi uair scoir gnó ar na laethanta seo a leanas: 12 Bealtaine, 11 Lúnasa, 11 Samhain agus 11 Feabhra.
3. I gcás nach lá oibre é an lá dá dtagraítear i mír 2 i mBallstát an údaráis inniúil a bhfuil an fhaisnéis le tuairisciú dó, nó gur Satharn nó Domhnach é, cuirfear an fhaisnéis isteach faoi uair scoir gnó an lae oibre dár gcionn.
4. Soláthróidh institiúidí aon cheartú ar an bhfaisnéis arna tuairisciú do na húdaráis inniúla gan moill mhíchuí.
Airteagal 2
Tuairisciú ar thairseacha a leagtar amach in Airteagal 94(1) agus in Airteagal 325a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Tuairisceoidh institiúidí faisnéis faoi mhéid an ghnó atá acu laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir priacal margaidh, agus faoi mhéid a leabhair trádála, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, de réir mar is infheidhme, trí úsáid a bhaint as teimpléad 90 d’Iarscríbhinn I agus i gcomhréir le treoracha Roinn 1 de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tuairisciú ar an gcur chuige caighdeánaithe malartach
Tuairisceoidh institiúidí torthaí na ríomhanna bunaithe ar an gcur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear in Airteagal 430b (1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, de réir mar is infheidhme, trí úsáid a bhaint as teimpléad 91 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus i gcomhréir le treoracha Roinn 2 de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 4
Formáidí malartaithe sonraí agus faisnéis a bhaineann le sonraí a chur isteach
1. Tuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den Rialachán seo sna formáidí malartaithe sonraí agus na léaráidí malartaithe sonraí a shonraíonn a n-údarás inniúil agus urramóidh siad an sainmhíniú pointe sonraí ar shamhail an phointe sonraí agus na foirmlí bailíochtaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn III.
2. Faisnéis nach bhfuil de dhíth nó nach bhfuil infheidhme ní chuirfear san áireamh i gcur isteach na sonraí í.
3. Déanfar luachanna uimhriúla a chur isteach mar a leanas:
|
(a) |
déanfar pointí sonraí a bhfuil an cineál sonraí “Airgeadaíocht” ag gabháil leo a thuairisciú ag baint úsáide as íosbheachtas atá coibhéiseach leis na mílte aonad; |
|
(b) |
déanfar pointí sonraí leis an gcineál sonraí “Céatadán” a shloinneadh in aghaidh an aonaid ag baint úsáid as íosbheachtas atá coibhéiseach le ceithre dheachúil; |
|
(c) |
déanfar pointí sonraí leis an gcineál sonraí “Slánuimhir” a thuairisciú gan aon deachúil a úsáid agus beachtas atá coibhéiseach le haonaid á chur i bhfeidhm. |
4. Aithneofar institiúidí lena nAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) agus leis sin amháin. Déanfar na heintitis dhlítheanacha agus na contrapháirtithe nach institiúidí iad a shainaithint lena LEI i gcás ina mbeidh sé ar fáil.
5. Beidh baint ag an bhfaisnéis a thuairisceoidh institiúidí leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
dáta tagartha agus tréimhse thagartha tuairiscithe; |
|
(b) |
airgeadra tuairiscithe; |
|
(c) |
caighdeán cuntasaíochta; |
|
(d) |
Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) na hinstitiúide tuairiscithe; |
|
(e) |
raon feidhme comhdhlúthaithe. |
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 5 Deireadh Fómhair 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas giarála, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
IARSCRÍBHINN I
CEANGLAIS SHONRACHA TUAIRISCTHE LE hAGHAIDH PRIACAL MARGAIDH
|
TEIMPLÉID COREP |
|||
|
Uimhir theimpléid |
Cód teimpléid |
Ainm an teimpléid/ghrúpa na dteimpléad |
Ainm gairid |
|
|
|
Tairseacha |
|
|
90 |
C 90.00 |
TAIRSEACHA LE hAGHAIDH AN LEABHAIR TRÁDÁLA AGUS AN PHRIACAL MARGAIDH |
TBT |
|
|
|
Cur Chuige Caighdeánaithe Malartach le haghaidh priacal margaidh |
|
|
91 |
C 91.00 |
CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE |
MKR ASA SUM |
|
C 90.00 TAIRSEACHA LE hAGHAIDH AN LEABHAIR TRÁDÁLA AGUS AN PHRIACAL MARGAIDH (TBT) |
|
|
|||||||||
|
|
|
|
Gnó laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir priacal margaidh |
Iomlán na sócmhainní |
|||||
|
|
Miondealú de réir an leabhair rialála |
arna leagan amach in % d'iomlán na sócmhainní |
|||||||
|
|
|
Leabhar trádála |
Lasmuigh den leabhar neamhthrádála |
||||||
|
|
|
ina measc: Gnó leabhair trádála chun críocha Airteagal 94 de CRR |
Suíomhanna atá faoi réir priacal malairte eachtraí |
Suíomhanna atá faoi réir priacal tráchtearraí |
|||||
|
|
|
Iomlán |
arna leagan amach in % d'iomlán na sócmhainní |
||||||
|
0010 |
0020 |
0030 |
0040 |
0050 |
0060 |
0070 |
0080 |
||
|
0010 |
Mí 3 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0020 |
Mí 2 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0030 |
Mí 1 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
C 91.00 CEANGLAIS CISTÍ DÍLSE (MKR ASA SUM) |
|
|
Suíomhanna atá faoi réir an mhodha íogaireacht-bhunaithe |
||||||||||||||||
|
Íogaireachtaí deilte neamhualaithe |
Ceanglais cistí dílse de réir na gcásanna éagsúla |
||||||||||||||||
|
Cás ísilchomhghaoil |
Cás meánchomhghaoil |
Cás ardchomhghaoil |
|||||||||||||||
|
Deimhneach |
Diúltach |
Glaníogaireachtaí de réir aicme phriacail |
Priacal deilte |
Priacal vega |
Priacal cuaire |
Iomlán |
Priacal deilte |
Priacal vega |
Priacal cuaire |
Iomlán |
Priacal deilte |
Priacal vega |
Priacal cuaire |
Iomlán |
|||
|
0010 |
0020 |
0030 |
0040 |
0050 |
0060 |
0070 |
0080 |
0090 |
0100 |
0110 |
0120 |
0130 |
0140 |
0150 |
|||
|
0010 |
Iomlán (An Cur Chuige Caighdeánaithe Malartach) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0020 |
An cur chuige íogaireacht-bhunaithe |
Priacal an ráta úis ghinearálta (GIRR) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0030 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán (CSR) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0040 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin nach n-áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (CSR nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0050 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin a áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (ACTP CSR) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0060 |
Priacal cothromais (EQU) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0070 |
Priacal tráchtearraí (COM) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0080 |
Priacal malairte eachtraí (FX) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0090 |
Priacal mainneachtana |
Neamhurrúsúcháin |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0100 |
Urrúsúchán nach n-áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0110 |
Urrúsúchán a áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (ACTP) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0120 |
Priacal iarmharach |
Ionstraimí foluiteacha coimhthíocha |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
0130 |
Priacail iarmharacha eile |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Suíomhanna atá faoi réir priacal mainneachtana |
Suíomhanna atá faoi réir priacal iarmharach |
Ceanglais cistí dílse |
Méid iomlán na risíochta ar phriacal |
|||
|
Ollmhéideanna mainneachtana gan choinne (JTD) |
Oll-luach barúlach |
||||||
|
Fada |
Gairid |
||||||
|
0160 |
0170 |
0180 |
0190 |
0200 |
|||
|
0010 |
Iomlán (An Cur Chuige Caighdeánaithe Malartach) |
|
|
|
|
|
|
|
0020 |
An cur chuige íogaireacht-bhunaithe |
Priacal an ráta úis ghinearálta (GIRR) |
|
|
|
|
|
|
0030 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán (CSR) |
|
|
|
|
|
|
|
0040 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin nach n-áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (CSR nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP) |
|
|
|
|
|
|
|
0050 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin a áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (ACTP CSR) |
|
|
|
|
|
|
|
0060 |
Priacal cothromais (EQU) |
|
|
|
|
|
|
|
0070 |
Priacal tráchtearraí (COM) |
|
|
|
|
|
|
|
0080 |
Priacal malairte eachtraí (FX) |
|
|
|
|
|
|
|
0090 |
Priacal mainneachtana |
Neamhurrúsúcháin |
|
|
|
|
|
|
0100 |
Urrúsúchán nach n-áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP) |
|
|
|
|
|
|
|
0110 |
Urrúsúchán a áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (ACTP) |
|
|
|
|
|
|
|
0120 |
Priacal iarmharach |
Ionstraimí foluiteacha coimhthíocha |
|
|
|
|
|
|
0130 |
Priacail iarmharacha eile |
|
|
|
|
|
|
IARSCRÍBHINN II
TREORACHA CHUN NA TEIMPLÉID IN IARSCRÍBHINN I MAIDIR LE CEANGLAIS SHONRACHA TUAIRISCITHE LE hAGHAIDH PRIACAL MARGAIDH
CUID I: TREORACHA GINEARÁLTA
1. Struchtúr agus coinbhinsiúin
1.1. Struchtúr
|
1. |
Chun faisnéis a thuairisciú i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, tá ceangal ar institiúidí dhá theimpléad ar leith a líonadh isteach:
|
1.2. Coinbhinsiún uimhrithe
|
2. |
Úsáidtear na gnásanna seo a leanas chun tagairt a dhéanamh do cholúin, sraitheanna agus cealla na dteimpléad sna treoracha sin agus sna rialacha bailíochtúcháin a úsáidtear chun an fhaisnéis a tuairiscíodh a bhailíochtú:
|
1.3. Coinbhinsiún comhartha
|
3. |
Aon mhéid lena méadaítear na cistí dílse nó na ceanglais maidir le cistí dílse, is mar fhigiúr deimhneach a thuairisceofar é. Aon mhéid lena laghdaítear na cistí dílse nó na ceanglais maidir le cistí dílse, is mar fhigiúr dhiúltach a thuairisceofar é. I gcás ina bhfuil comhartha diúltach (-) roimh lipéad ítime, ní bheifear ag súil leis go dtuairisceofar figiúr deimhneach le haghaidh na hítime sin. |
1.4. Giorrúcháin
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tagraítear do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar ‘CRR’.
CUID II: TREORACHA A BHAINEANN LEIS NA TEIMPLÉID
1. C 90.00 – Leabhar Trádála agus tairseacha priacail margaidh
1.1. Barúlacha ginearálta
|
4. |
An fhaisnéis a chuirtear ar fáil sa teimpléad seo léireoidh sí toradh an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 94 de CRR (maolú do ghnó beag a bhaineann leis an leabhar trádála), agus méid gnó institiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe, agus sin faoi réir priacal margaidh a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 325a de CRR. Is leis an bhfaisnéis sin a chinntear an bhfuil feidhm ag an oibleagáid maidir le faisnéis a thuairisciú i dtaca leis an ‘gcur chuige caighdeánaithe malartach’ nó ‘cur chuige na samhlacha inmheánacha malartacha’ dá dtagraítear in Airteagal 430 de CRR. |
1.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
5. |
I dtaca le toradh an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 94 de CRR agus an fhaisnéis faoi méid ghnó institiúide laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir priacal margaidh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325a de CRR, déanfar é a thuairisciú ar leithligh le haghaidh ceann gach míosa sa ráithe dá dtagraíonn an tuarascáil i rónna 0010 go 0030.
|
2. C 91.00 – Priacal Margaidh: Achoimre ar an gCur Chuige Caighdeánaithe Malartach (MKR ASA SUM)
2.1. Barúlacha Ginearálta
|
6. |
Tugtar faisnéis achomair sa teimpléad seo maidir le ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh faoin gCur Chuige Caighdeánaithe Malartach (ASA), a leagtar amach i gCaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR. |
|
7. |
Faoin gCur Chuige Caighdeánaithe Malartach (ASA), ríomhfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh do phunann suíomhanna leabhair trádála nó suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir priacal malairte eachtraí nó priacal tráchtearraí mar shuim na dtrí chomhpháirt seo a leanas:
|
2.2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Colún |
Tagairtí dlíthiúla agus treoracha |
||||||
|
0010 – 0150 |
Suíomhanna atá faoi réir an mhodha íogaireacht-bhunaithe Na ceanglais cistí dílse arna ríomh faoin modh íogaireacht-bhunaithe le haghaidh priacail deilte, vega agus chuaire d’ionstraimí ina bhfuil roghnaíocht agus gan roghnaíocht, de réir mar is infheidhme, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh agus mar shuim sa teimpléad. An próiseas chun na ceanglais cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme priacail ar leith a ríomh, déanfar é le haghaidh trí chás éagsúla de réir na haicme priacail, rud a léireofar i roinn ar leithligh den teimpléad:
|
||||||
|
0010 – 0030 |
Íogaireactaí deilte neamhualaithe |
||||||
|
0010 |
Íogaireachtaí deilte neamhualaithe – Deimhneach Airteagal 325f(3) agus Airteagal 325r de CRR. Déanfaidh institiúidí íogaireacht a bpunann a ríomh i ndáil le gach fachtóir priacail laistigh den aicme priacail i gcomhréir le hAirteagal 325f (3) de CRR. Tuairisceoidh siad suim na n-íogaireachtaí deimhneacha ar fhachtóirí priacail laistigh den aicme priacail. |
||||||
|
0020 |
Íogaireachtaí deilte neamhualaithe Airteagal 325f(3) agus Airteagal 325r de CRR. Déanfaidh institiúidí íogaireacht a bpunann a ríomh i ndáil le gach fachtóir priacail laistigh den aicme priacail i gcomhréir le hAirteagal 325f (3) de CRR. Tuairisceoidh siad suim na n-íogaireachtaí diúltacha ar fhachtóirí priacail laistigh den aicme priacail. |
||||||
|
0030 |
Íogaireachtaí deilte neamhualaithe – Glaníogaireachtaí de réir na haicme priacail Tuairisceoidh institiúidí glansuim na n-íogaireachtaí deimhneacha agus diúltacha uile ar na fachtóirí priacail deilte éagsúla laistigh d’aicme priacail. |
||||||
|
0040, 0080, 0120 |
Priacal Deilte Pointe (a) d’Airteagal 325e(1) agus d’Airteagal 325f de CRR. Tuairisceoidh institiúidí an ceanglas cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme priacail le haghaidh priacal deilte dá dtagraítear in Airteagal 325f(8) de CRR faoin gcás is infheidhme. |
||||||
|
0050, 0090, 0130 |
Priacal Vega Pointe (a) d’Airteagal 325e(1) agus d’Airteagal 325f de CRR Tuairisceoidh institiúidí an ceanglas cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme priacail le haghaidh priacal vega dá dtagraítear in Airteagal 325f(8) de CRR sa chás is infheidhme. |
||||||
|
0060, 0100, 0140 |
Priacal Cuaire Pointe (c) d’Airteagal 325e(1) agus d’Airteagal 325f de CRR |
||||||
|
0070, 0110, 0150 |
Iomlán Airteagal 325h(3) de CRR. Tuairisceoidh institiúidí suim na gceanglas cistí dílse a bhaineann go sonrach le haicme priacail deilte, vega agus cuaire maidir le gach cás. |
||||||
|
0160 – 0170 |
Suíomhanna atá faoi réir priacal mainneachtana – Ollmhéideanna na mainneachtana gan choinne (JTD) Tuairisceoidh institiúidí na hollmhéideanna mainneachtana gan choinne dá gcuid risíochtaí ar ionstraimí neamhurrúsúcháin arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325w de CRR, le haghaidh urrúsúcháin nach n-áirítear in ACTP arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 325z de CRR, agus le haghaidh risíochtaí urrúsúcháin agus risíochtaí neamhurrúsúcháin a áirítear in ACTP arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 325ac de CRR ina mbeidh miondealú idir risíochtaí fada agus risíochtaí gearra. |
||||||
|
0160 |
Fada |
||||||
|
0170 |
Gearr |
||||||
|
0180 |
Suíomhanna atá faoi réir priacal iarmharach – Oll-luach barúlach Airteagal 325u de CRR. Tuairisceoidh institiúidí ollmhéideanna barúlacha, dá dtagraítear in Airteagal 325u(3) de CRR, na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 325u(2) de CRR atá faoi réir an cheanglais cistí dílse le haghaidh priacail iarmharacha dá dtagraítear i míreanna (1) agus (4) d’Airteagal 325u de CRR. |
||||||
|
0190 |
Ceanglas Cistí Dílse Airteagal 325h(4), Airteagail 325w go 325ad agus Airteagal 325u de CRR An muirear caipitil a chinntear de bhun Chaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR do shuíomhanna laistigh de raon feidhme chur i bhfeidhm an chur chuige chaighdeánaithe mhalartaigh. |
||||||
|
0200 |
Méid iomlán na risíochta ar phriacal Pointe (b) d’Airteagal 92(3) de CRR agus Airteagal 92(4) de CRR |
|
Ró |
Tagairtí dlíthiúla agus treoracha |
|
0010 |
Iomlán (cur chuige caighdeánaithe malartach) |
|
0020 – 0080 |
Modh íogaireachtaí-bhunaithe Roinn 2 de Chaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR |
|
0020 |
Priacal ráta úis ghinearálta (GIRR) Pointe (i) d’Airteagal 325d(1) de CRR |
|
0030 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh neamhurrúsúchán (CSR) Pointe (ii) d’Airteagal 325d(1) de CRR |
|
0040 |
Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin nach n-áirítear sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach (CSR nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP) Pointe (iii) d’Airteagal 325d(1) de CRR |
|
0050 |
ACTP CSR – Priacal um raon difríochta creidmheasa le haghaidh urrúsúcháin a áirítear sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach (ACTP CSR) Pointe (iv) d’Airteagal 325d(1) de CRR |
|
0060 |
Priacal cothromais (EQU) Pointe (v) d’Airteagal 325d(1) de CRR |
|
0070 |
Priacal tráchtearraí (COM) Pointe (vi) d’Airteagal 325d(1) de CRR |
|
0080 |
Priacal malairte eachtraí (FX) Pointe (iii) d’Airteagal 325d(1) de CRR |
|
0090 – 0110 |
Priacal mainneachtana Roinn 5 de Chaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR |
|
0090 |
Neamhurrúsúcháin Foroinn 1 de Roinn 5 de Chaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR |
|
0100 |
Urrúsúcháin nach n-áirítear sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach (nach mbaineann le hurrúsúcháin ACTP) Foroinn 2 de Roinn 5 de Chaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR |
|
0110 |
Urrúsúcháin a áirítear sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach (ACTP) Foroinn 3 de Roinn 5 de Chaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR |
|
0120 – 0130 |
Priacal iarmharach Roinn 4 de Chaibidil 1a de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR |
|
0120 |
Foluiteacha coimhthíocha Pointe (a) d’Airteagal 325u(2) de CRR. |
|
0130 |
Priacail iarmharacha eile Pointe (b) d’Airteagal 325u(2) de CRR |
CINNTÍ
|
16.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 89/15 |
CINNEADH (AE) 2021/454 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Márta 2021
lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh COVID-19 san Aontas
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (AE) 2020/430 (1) ón gComhairle, tugadh isteach maolú míosa amháin ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 12(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (2) a mhéid a bhaineann le cinntí chun an gnáthnós imeachta i scríbhinn a úsáid, i gcás ina ndéanfaidh Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (Coreper) na cinntí sin. Rinneadh foráil don mhaolú sin go dtí an 23 Aibreán 2020. |
|
(2) |
Le Cinneadh (AE) 2020/430 foráiltear, más rud é go dtugann na himthosca eisceachtúla leanúnacha bonn cirt dó, gur féidir an Chomhairle an Cinneadh sin a athnuachan. An 21 Aibreán 2020, le Cinneadh (AE) 2020/556 (3), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430 go ceann tréimhse bhreise míosa ón 23 Aibreán 2020. Rinneadh foráil don síneadh sin leis an maolú go dtí an 23 Bealtaine 2020. An 20 Bealtaine 2020, le Cinneadh (AE) 2020/702 (4), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430 go dtí an 10 Iúil 2020. An 3 Iúil 2020, le Cinneadh (AE) 2020/970 (5), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú sin go dtí an 10 Meán Fómhair 2020. An 4 Meán Fómhair 2020, le Cinneadh (AE) 2020/1253 (6), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú sin go dtí an 10 Samhain 2020. An 6 Samhain 2020, le Cinneadh (AE) 2020/1659 (7), chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú sin go dtí an 15 Eanáir 2021. An 12 Eanáir 2021, chuir an Comhairle, le Cinneadh (AE) 2021/26 (8), síneadh leis an maolú sin go dtí an 19 Márta 2021. |
|
(3) |
Ós rud é gur ann fós do na himthosca eisceachtúla a chruthaigh paindéim COVID-19, agus do roinnt bearta coisctheacha agus srianta urghnácha arna ndéanamh ag Ballstáit fós i bhfeidhm, is gá síneadh a chur leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430, a cuireadh síneadh leis le Cinntí (AE) 2020/556, (AE) 2020/702, (AE) 2020/970, (AE) 2020/1253, (AE) 2020/1659 agus (AE) 2021/26, go ceann tréimhse theoranta bhreise go dtí an 21 Bealtaine 2021, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, cuirtear síneadh breise leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2020/430 go dtí an 21 Bealtaine 2021.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Márta 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Cinneadh (AE) 2020/430 ón gComhairle an 23 Márta 2020 maidir le maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 88I, 24.3.2020, lch. 1).
(2) Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).
(3) Cinneadh (AE) 2020/556 ón gComhairle an 21 Aibreán 2020 lena gcuirtear síneadh leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430 i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 128I, 23.4.2020, lch. 1).
(4) Cinneadh (AE) 2020/702 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2020 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430 agus arna shíneadh le Cinneadh (AE) 2020/556, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 165, 27.5.2020, lch. 38).
(5) Cinneadh (AE) 2020/970 ón gComhairle an 3 Iúil 2020 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, agus arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556 agus (AE) 2020/702, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 216, 7.7.2020, lch. 1).
(6) Cinneadh (AE) 2020/1253 ón gComhairle an 4 Meán Fómhair 2020 lena gcuirtear síneadh breise síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, agus arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556, (AE) 2020/702 agus (AE) 2020/970, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 294, 8.9.2020, lch. 1).
(7) Cinneadh (AE) 2020/1659 ón gComhairle an 6 Samhain 2020 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, agus arna shíneadh le Cinntí (AE) 2020/556, (AE) 2020/702, (AE) 2020/970 agus (AE) 2020/1253, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 376, 10.11.2020, lch. 3).
(8) Cinneadh (AE) 2021/26 ón gComhairle an 12 Eanáir 2021lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, agus ar cuireadh síneadh leis le Cinntí (AE) 2020/556, (AE) 2020/702, (AE) 2020/970, (AE) 2020/1253 agus (AE) 2020/1659, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 11, 14.1.2021, lch. 19).
|
16.3.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 89/17 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/455 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Márta 2021
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe don chomhoiriúnacht leictreamaighnéadach maidir le fearais chiorcaid rialaithe agus le gnéithe lasctha, agus le trealamh ilmheán
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), maidir le trealamh leictreach atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, nó codanna díobh, a bhfoilsítear sonraí tagartha dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, táthar lena thoimhdiú go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha dá gcumhdaítear leis na caighdeáin sin nó na codanna díobh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(2) |
Trí Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641 (3), chuir an Coimisiún iarraidh isteach chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) agus chuig Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh na comhoiriúnachta leictreamaighnéadaí a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2014/30/AE. |
|
(3) |
Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641, rinne CEN agus CENELEC athbhreithniú ar chaighdeán comhchuibhithe EN 60947-5-2:2007 maidir le fearais chiorcaid rialaithe agus gnéithe lasctha, a bhfoilsítear sonraí tagartha dó i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (4). Dá thoradh sin, glacadh caighdeán comhchuibhithe EN IEC 60947-5-2:2020. |
|
(4) |
Rinne an Coimisiún, mar aon le CEN agus CENELEC, a mheasúnú an gcomhlíonann an caighdeán comhchuibhithe sin an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641. |
|
(5) |
Comhlíonann an caighdeán comhchuibhithe EN IEC 60947-5-2:2020 na ceanglais fhíor-riachtanacha a bhfuil sé ina aidhm leo a chumhdach agus a leagtar amach i dTreoir 2014/30/AE. Is iomchuí dá réir sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(6) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 ón gCoimisiún (5) liostaítear sonraí tagartha na gcaighdeán comhchuibhithe lena dtoimhdítear go bhfuil siad i gcomhréir le Treoir 2014/30/AE. Chun a áirithiú go liostófar in aon ghníomh amháin na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/30/AE, ba cheart sonraí tagartha chaighdeán EN IEC 60947-5-2:2020 a chur san áireamh san Iarscríbhinn sin. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, is gá na sonraí tagartha don chaighdeán comhchuibhithe EN 60947-5-2:2007, mar aon leis na sonraí tagartha don chaighdeán leasaitheach a ghabhann leis EN 60947-5-2:2007/A1:2012 a tharraingt siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(8) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326, liostaítear sonraí tagartha na gcaighdeán comhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/30/AE agus atá le tarraingt siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Is iomchuí, dá bhrí sin, sonraí tagartha don chaighdeán comhchuibhithe EN 60947-5-2:2007, mar aon le sonraí tagartha don chaighdeán leasaitheach a ghabhann leis EN 60947-5-2:2007/A1:2012, a chur san áireamh san Iarscríbhinn sin. |
|
(9) |
Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641, leasaigh CEN agus CENELEC caighdeán comhchuibhithe EN 55035:2017, a gcuirtear sonraí tagartha dó san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326. Dá thoradh sin, glacadh caighdeán leasaitheach EN 55035:2017/A11:2020. Is é is aidhm do chaighdeán comhchuibhithe EN 55035:2017/A11:2020 na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, mar aon le haon chaighdeán leasaitheach nó ceartúcháin a ghabhann leo, a ionadú: EN 55020:2007, nach bhfoilsítear sonraí tagartha dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; EN 55024:2010, a bhfoilsítear sonraí tagartha dó i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (6); agus EN 55103-2:2009, a gcuirtear sonraí tagartha dó san áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326, a bhfuil dáta tarraingt siar an 18 Samhain 2021 aige, a liostaítear sonraí tagartha na gcaighdeán comhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/30/AE agus atá tarraingthe siar as Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(10) |
Comhlíonann caighdeán comhchuibhithe EN 55035:2017, arna leasú le EN 55035:2017/A11:2020, an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641 agus comhlíonann sé na ceanglais fhíor-riachtanacha a bhfuil sé mar aidhm leo a chumhdach agus a leagtar amach i dTreoir 2014/30/AE. Is iomchuí, dá bhrí sin, an iontráil a bhaineann le caighdeán comhchuibhithe EN 55035:2017 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 a ionadú, ionas go gcuirfear sonraí tagartha do EN 55035:2017 san áireamh mar aon le sonraí tagartha do EN 55035:2017/A11:2020, agus go gcuirfear sonraí tagartha do chaighdeán comhchuibhithe EN 55024:2010 in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh sin san áireamh. |
|
(11) |
Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm chaighdeán comhchuibhithe EN IEC 60947-5-2:2020, agus do tharraingt siar sonraí tagartha do EN 55024:2010, is gá tarraingt siar na sonraí tagartha do na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, mar aon le sonraí tagartha don chaighdeán leasaitheach ábhartha a ghabhann leo, a chur siar: EN 60947-5-2:2007, arna leasú le EN 60947-5-2:2007/A1:2012, agus EN 55024:2010. |
|
(12) |
Tugadh isteach athruithe suntasacha le caighdeán comhchuibhithe EN 55035:2017 ar na sonraíochtaí a leagtar amach i gcaighdeán comhchuibhithe EN 55103-2:2009. Dá bhrí sin, rinne CENELEC foráil, i gcaighdeán comhchuibhithe EN 55035:2017, maidir le tréimhse fhada do chomhlachtaí náisiúnta um chaighdeánú chun na caighdeáin náisiúnta lena dtrasuítear caighdeán comhchuibhithe EN 55103-2:2009 a ionadú. Toisc gur gá dearadh roinnt táirgí atá cumhdaithe ag caighdeán comhchuibhithe EN 55103-2:2009, amhail fearas rialaithe fuaime, físe, closamhairc agus soilsithe siamsaíochta a mhodhnú go suntasach faoin 18 Samhain 2021 ós rud é go scoireann caighdeán comhchuibhithe EN 55103-2:2009 de thoimhde comhréireachta a sholáthar ina dhiaidh sin, féadfaidh nach mbeidh líon monaróirí in ann an spriocdháta sin a chomhlíonadh. Is iomchuí, dá bhrí sin, dáta tharraingt siar chaighdeán comhchuibhithe EN 55103-2:2009 a chur siar go heisceachtúil. Ba cheart, dá bhrí sin, an iontráil maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 55103-2:2009 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 a mhodhnú dá réir. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 a leasú dá réir. |
|
(14) |
Is éard a thoimhdítear le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhlíontacht ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear sonraí tagartha caighdeáin den chineál sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Márta 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(2) Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 7641 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2016 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú a chur isteach chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú, chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil agus chuig Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe chun tacú le Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach.
(4) IO C 246, 13.7.2018, lch. 1.
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 206, 6.8.2019, lch. 27).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 2:
|
|
(2) |
cuirtear an iontráil seo a leanas leis:
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1326 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 4:
|
|
(2) |
cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|