ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 71

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
2 Márta 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/367 ón gCoimisiún an 1 Márta 2021 maidir le húdarú ullmhóid Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh laonna a bhfuiltear lena dtógáil agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 883/2010 (sealbhóir ar údarú S.I. Lesaffre) ( 1 )

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/368 ón gCoimisiún an 1 Márta 2021 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD ( 1 )

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/369 ón gCoimisiún an 1 Márta 2021 lena mbunaítear na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla le haghaidh an chórais um idirnascadh na gclár lárnach dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

11

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/370 ón gCoimisiún an 1 Márta 2021 lena gcuirtear allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise faoi réir clárú

18

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2020/2131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le díchur dleachtanna custaim ar earraí áirithe ( IO L 430, 18.12.2020 ) ( IO L 0, 18.12.2020 )

24

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

2.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 71/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/367 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Márta 2021

maidir le húdarú ullmhóid Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh laonna a bhfuiltear lena dtógáil agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 883/2010 (sealbhóir ar údarú S.I. Lesaffre)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta atá ann chun an t-údarú sin a dheonú agus a athnuachan.

(2)

Bhí Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407, a aithníodh cheana mar Saccharomyces cerevisiae NCYC Sc47, údaraithe ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh laonna a bhfuiltear lena dtógáil le Rialachán (AE) Uimh. 883/2010 ón gCoimisiún (2).

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, chuir sealbhóir an údaraithe maidir le húsáid Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407 mar bhreiseán beathaithe iarratas isteach maidir le hathnuachan an údaraithe le haghaidh laonna a bhfuiltear lena dtógáil, agus d’iarr sé go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin zóiteicniúla”. Na sonraí agus na doiciméid atá ag gabháil leis an iarratas sin, sonraí agus doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) den Rialachán sin, is sonraí agus doiciméid iad a bhí leis an iarratas.

(4)

Sa tuairim uaidh an 25 Bealtaine 2020 (3), chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) gur chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil go gcomhlíonann an breiseán na coinníollacha údaraithe atá ann cheana. Chinn an tÚdarás nach bhfuil drochthionchar ag ullmhóid Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht na dtomhaltóirí ná ar an gcomhshaol. Chinn sé freisin nach greannach craicinn ná greannach súl í, agus in éagmais sonraí, nach féidir teacht ar chonclúid ar bith maidir le híogrú craicinn a tharlódh de dheasca an bhreiseáin. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe i gcás húsáideoirí an bhreiseáin. Chomh maith leis sin, rinne sé fíorú ar an tuarascáil faoi na modhanna a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe a chuir an tSaotharlann Tagartha isteach, saotharlann a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

Léiríonn an measúnú ar ullmhóid Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan.

(6)

Mar thoradh ar údarú ullmhóid Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe, ba chóir Rialachán (AE) Uimh. 883/2010 a aisghairm.

(7)

Ó tharla ar chúiseanna sábháilteachta nach gá modhnuithe ar na coinníollacha údaraithe le hullmhóid Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407 a chur i bhfeidhm láithreach, is iomchuí idirthréimhse a sholáthar do na páirtithe leasmhara chun gur féidir leo iad féin a ullmhú chun comhlíonadh a dhéanamh ar na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe.

(8)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Athnuachan an údaraithe

Údarú an bhreiseáin a shonraítear san Iarscríbhinn, rud a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin zútheicniúla’ agus leis an ngrúpa feidhmiúil ‘cobhsaitheoirí flóra putóige’, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Idirthréimhse

1.   An bhreiseán a shonraítear san Iarscríbhinn, mar aon leis na réamh-mheascáin a bhfuil sé iontu, a tháirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 22 Meán Fómhair 2021 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 22 Márta 2021, féadfar leanúint ar aghaidh á chur ar an margadh agus a úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   An beatha chumaisc agus ábhair bheatha ina bhfuil an breiseán a shonraítear san Iarscríbhinn, agus a tháirgeadh agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an 22 Márta 2022 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 22 Márta 2021 féadfar leanúint ar aghaidh á chur ar an margadh agus á úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

Airteagal 3

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 883/2010.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 883/2010 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le húsáid nua Saccharomyces cerevisiae NCYC Sc 47 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh laonna a bhfuiltear lena dtógáil (sealbhóir an údaraithe: Société Industrielle Lesaffre) (IO L 265, 8.10.2010, lch. 1).

(3)  Iris EPSA, 2020;18(6):6167.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Aois uasta

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Grúpa feidhme: cobhsaitheoirí flóra putóige

4b1702

S.I. Lesaffre

Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407

Comhdhéanamh an bhreiseáin

UllmhóidSaccharomyces cerevisiae CNCM I-4407 ina bhfuil íosmhéid 5 × 109 CFU/g

Foirm sholadach

Laonna a bhfuiltear lena dtógáil

-

1,5 x 109

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na coinníollacha stórála agus an chobhsaíocht i dtaobh cóireáil teasa a shonrú.

2.

I gcás úsáideoirí na mbreiseán agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as úsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú a oiread agus is indéanta leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

22.3.2031

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla triomaithe inmharthana Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407

Modh anailíse  (1)

Áireamh: modh an doirte ar phláta

lena n-úsáidtear deastrós clóraimfeineacóil

agar d’úsc giosta EN 15789

Sainaithint: modh CEN/TS maidir le himoibriú slabhrúil polaiméaráise (PCR)

15790.


(1)  Tá mionsonraí na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha:https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feeD-additives/evaluation-reports


2.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 71/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/368 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Márta 2021

lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh aonair “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD”

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 44(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 2 Feabhra 2018, chuir Aero-Sense NV iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar údarú ar tháirge bithicídeach aonair ar a dtugtar “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD” den chineál táirge 18, de réir mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, lenar tugadh deimhniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na Beilge meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Taifeadadh an t-iarratas faoi chás-uimhir BC-DX037393-17 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha.

(2)

Is é 1R-tras feinitrin an tsubstaint ghníomhach in “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD”; tá an tsubstaint sin san áireamh ar liosta an Aontais de na de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

An 7 Bealtaine 2020, chuir an t-údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tuarascáil mheasúnaithe agus conclúidí a mheastóireachta chuig an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”).

(4)

An 2 Iúil 2020, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (2), an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh (‘SPC’) atá ag “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD” agus an tuarascáil mheasúnaithe deiridh ar an táirge bithicídeach aonair faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(5)

Is é conclúid na tuairime gur táirge bithicídeach é “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD”, go bhfuil sé incháilithe d’údarú Aontais i gcomhréir le hAirteagal 42(1) Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus, faoi réir chomhlíonadh an dréacht-SPC, go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) den Rialachán sin.

(6)

An 4 Lúnasa 2020, rinne an Ghníomhaireacht an dréacht-SPC i dteangacha oifigiúla uile an Aontais a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7)

Aontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé dá réir sin gur iomchuí údarú Aontais le haghaidh “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD” a dheonú.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deonaítear údarú Aontais a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0024297-0000 aige do Aero-Sense NV chun an táirge bithicídeach aonair “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar thréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Tá an t-údarú Aontais bailí ón 22 Márta 2021 go dtí an 28 Feabhra 2031.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Tuairim ECHA an 17 Meitheamh 2020 maidir le húdarú Aontais le haghaidh an táirge bithicídeach “Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD” (ECHA/BPC/262/2020), https://echa.europa.eu/bpc-opinions-on-union-authorisation


ANNEX

Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh táirge bithicídeach

Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD

Cineál táirge 18 - Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh (Srianadh lotnaidí)

Uimhir an údaraithe: EU-0024297-0000

Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0024297-0000

1.   Administrative information

1.1.   Trádainm (nó trádainmneacha) an táirge

Trádainm (nó trádainmneacha)

Aero-Sense Aircraft Insecticide ASD

1.2.   Sealbhóir an údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

Aero-Sense NV

Seoladh

Schaapbruggestraat 50, 8800 Roeselare, An Bheilg

Uimhir an údaraithe

EU-0024297-0000

Uimhir sócmhainne R4BP

EU-0024297-0000

Dáta an údaraithe

22 Márta 2021

Dáta éaga an údaraithe

28 Feabhra 2031

1.3.   Déantóir (nó déantóirí) an táirge

Ainm an déantóra

Volcke Aerosol Connection

Seoladh an déantóra

Industrielaan 15, 8520 Kuurne An Bheilg

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Industrielaan 15, 8520 Kuurne An Bheilg


Ainm an déantóra

Envasado Xiomara, S.L.

Seoladh an déantóra

Polígono Industrial La Torrecilla Chica, 6, 45220 Yeles - Toledo An Spáinn

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Polígono Industrial La Torrecilla Chica, 6, 45220 Yeles - Toledo An Spáinn


Ainm an déantóra

Aero-Sense NV

Seoladh an déantóra

Kachtemsestraat 289, 8800 Roeselare An Bheilg

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

Kachtemsestraat 289, 8800 Roeselare An Bheilg

1.4.   Déantóir (nó déantóirí) na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

Substaint ghníomhach

1R-tras-feinitrin

Ainm an déantóra

Endura S.p.A

Seoladh an déantóra

Viale Pietro Pietramellara 5, 40121 Bologna An Iodáil

Suíomh na láithreán déantúsaíochta

39 Wenfeng Road, 225009 Yangzhou, Jiangsu An tSín

2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

1R-tras-feinitrin

3-feanocsaibeinsil (1R, 3R)-2,2-démheitil- 3-(2-meitiolpróp-1- inil)cioglaprópáncarbocsaláit

Substaint Ghníomhach

26046-85-5

247-431-2

2,0

2.2.   Cineál foirmlithe

AE - Dáileoir aerasóil

3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM

Ráitis ghuaise

Coimeádán brúchóirithe: D’fhéadfadh sé pléascadh dá dtéifí é

An-tocsaineach don saol uisceach.

An-tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha.

Ráitis réamhchúraim

Coinnigh é ar shiúl ón teas, dromchlaí te, splancacha, lasair oscailte agus foinsí eile adhainte. Cosc ar chaitheamh tobac.

Ná toll agus ná dóigh, fiú tar éis úsáide.

Ná scaoiltear amach sa chomhshaol.

Bailigh doirteadh.

Cosain ó sholas na gréine. Ná nocht do theocht níos airde ná 50 °C/122 °F.

Diúscraítear an t-inneachar/coimeádán chuig pointe bailithe dramhaíola guaisí nó speisialta.

4.   ÚSÁID (nó ÚSÁIDÍ) ÚDARAITHE

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1. # úsáide 1 – Muiscítí – Cóireáil aerárthaigh - Gairmithe

Cineál táirge

PT18 - Feithidicídí, acairicídí agus táirgí chun artrapóid eile a shrianadh (Srianadh lotnaidí)

Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Feithidicíd

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Scientific name: Culex spp.

Common name: Muiscítí culex

Development stage: Ba lánfhásta

Scientific name: Aedes spp.

Common name: Muiscítí aedes

Development stage: Ba lánfhásta

Scientific name: Anopheles spp.

Common name: Muiscítí anopheles

Development stage: Ba lánfhásta

Réimse (nó réimsí) úsáide

Istigh

Forchur i gcró an phíolóta agus sa chábán le haghaidh díghalrú aerárthaigh.

Modh (nó modhanna) úsáide

Sprae aerasóil

Spraeáil

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Ráta forchurtha molta: 35 g/100 m3 (i.e. 0,7 g a.i./100 m3).

Táirge réidh le húsáid.

Ba cheart an chóireáil a athdhéanamh ar gach eitilt dá dteastaíonn cóireáil díghalraithe.

Ná forchuirtear é ach uair amháin in aghaidh na heitilte.

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

Gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

Canna alúmanaim (ALU) 18 mbarra clóbhuailte - Clóbhualadh lándaite

Claibín bán (Gníomhróir Aon Steallaidh) nó Claibín gorm (Gníomhróir Ilsteallaidh)

Arna bpacáil i bpacáistíocht chairtchláir in aghaidh 24 earra

Ar fáil i méideanna canna éagsúla:

40 g (34 ml)

60 g (52 ml)

100 g (86 ml)

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach an lámhleabhar ar bord le haghaidh líon na gcannaí a bheidh de dhíth ar chóireáil díghalraithe le haghaidh gach cineál aerárthaigh shonraigh.

Ba cheart go bhfógrófaí an gnáthamh díghalraithe do phaisinéirí roimh fhorchur an táirge taobh istigh den aerárthach. Ba chóir go dtabharfaí comhairle do phaisinéirí chun a gcuid súile a dhúnadh agus a n-aghaidh a chlúdach agus an gnáthamh ar siúl.

Ná spraeáiltear é go díreach ar an gcneas nó isteach sna súile.

Ná spraeáiltear é ar bhia, ar limistéir ullmhaithe bia ná ar uirlisí bia ná in aice leo.

Nitear lámha tar éis a láimhsithe.

Coisctear a úsáid le pearsanra neamhúdaraithe.

Bain an claibín de.

Coinnigh canna(í) go hingearach fad do sciatháin uait.

Claibín bán “aon steallaidh”: brúigh an táb ar an soc spraeála nó go nglasáiltear síos é. Scaoiltear an táirge aerasóil i spraeáil leanúnach amháin.

Claibín gorm “ilsteallaidh”: brúigh an táb ar an soc spraeála nó go scaoiltear dóthain cainníochta nó go scaoiltear an táirge go hiomlán.

Ba cheart go spraeálfaí aerasól na feithidicíde ach soc an dáileora aerasóil a dhíriú ag uillinn tuairim ar 45° i dtreo na síleála ar fud an aerárthaigh.

Ba chóir go ndíreofaí an sprae beagáinín taobh thiar den úsáideoir.

Spraeáiltear go cothrom é ar fud an limistéir go léir.

 

40 g (34 ml) - Faightear cóireáil éifeachtach do 114 m3 de thoirt aeir i gcanna amháin;

 

60 g (52 ml) - Faightear cóireáil éifeachtach do 171 m3 de thoirt aeir i gcanna amháin;

 

100 g (86 ml) - Faightear cóireáil éifeachtach do 285 m3 de thoirt aeir i gcanna amháin.

Díghalrú “Blocáiltear amach”

Tarlaíonn an gnáthamh sin roimh éirí de thalamh, tar éis bordáil na bpaisinéirí agus dúnadh na ndoirse.

Spraeáiltear an deic eitilte sula mbordálann foireann an chábáin féin.

Caithfidh córas aerchóiriúcháin an aerárthaigh a bheith múchta le linn na spraeála sa chaoi go mbeadh an díghalrú éifeachtach. Caithfidh foireann an chábáin gach tearmann féideartha d’fheithidí a chóireáil lena n-áirítear leithris, áiléir agus vardrúis, murar spraeáladh na limistéir sin in éineacht leis an deic eitilte roimh an mbordáil.

Barr na tuirlingthe(spraeáil le linn eitilte)

De réir na treorach ón EDS: is modh díghalraithe ina dhá chuid í an spraeáil réamheitilte agus ag barr na tuirlingthe. Is í an spraeáil “barr na tuirlingthe” (spraeáil le linn eitilte) an dara teicníc den mhodh sin, agus déantar í ag “barr na tuirlingthe”, agus an t-aerárthach ag casadh chun tuirlingthe go dtí an t-aerfort sprice. Socrófar an athchúrsaíocht aeir chuig gnáthshreabhadh.

Níor léiríodh aon éifeacht iarmharach go fóill.

Níor chóir go mbainfí leas as táirgí ina bhfaightear 1R-tras-feinitrin le haghaidh cóireála réamheitilte agus le linn eitilte san aerárthach céanna araon.

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Níor cheart go bhforchuirfí an táirge seo ach uair amháin in aghaidh na heitilte.

Ní dhéanfaidh ball d’fhoireann an chábáin níos mó ná forchur amháin in aghaidh an lae.

Ná húsáidtear/forchuirtear an táirge go díreach ar bhia, beathú ná deochanna ná in aice leo, ná ar dhromchlaí ná ar uirlisí ar dócha go dtiocfadh siad i dteagmháil dhíreach le bia agus deochanna.

Faightear 1R-tras-feinitrin ann (pireatróidí), d’fhéadfadh sé a bheith contúirteach do chait. Caithfear a bheith cúramach agus leas á bhaint as an táirge nuair a bhíonn cait istigh san aerárthach. Caithfear cait a choinneáil ar shiúl le linn cóireála.

Caithfidh nach ndéantar glanadh an aerárthaigh chóireáilte ach amháin trí leas a bhaint as táirgí speisialaithe nach dteastaíonn scaoileadh múnlaigh isteach sna draenacha agus sna gléasraí cóireála séaraigh áitiúla uathu.

Caithfear trealamh glantacháin (scuaba, éadaí, etc.) as a mbaintear leas ar aerárthach tar éis forchur an táirge a dhiúscairt mar dhramhaíl sholadach, agus ní féidir athúsáid a bhaint as.

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Treoracha garchabhrach:

Ginearálta

MÁ IONANÁLAÍTEAR: Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir má bhaineann airíonna duit.

MÁ SHLOGTAR: Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir má bhaineann airíonna duit.

I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Nigh le gallúnach agus uisce. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir má bhaineann airíonna duit.

I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ar aghaidh ag rinseáil. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir má bhaineann airíonna duit.

D’fhéadfadh paraestéise (dó agus griofadach an chraicinn gan ghreannú). Má leanann airíonna ar aghaidh: faigh comhairle leighis.

Bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint i gcás tionóisce

Coinnigh agus rialaigh sceitheadh ná doirteadh ar bith le hábhair ionsúiteacha indóite cosúil leis an ngaineamh, cré, veirmicilít, nó diatóimít i ndrumaí lena ndiúscairt mar dhramhaíl.

Ábhar ar bith a chosc ó dhul isteach sna draenacha nó uiscebhealaí.

Ná dírigh sprae uisce ar an bpointe sceite nó doirte.

Lig do tháirge iarmharach ar bith mar thoradh ar an sceitheadh ná an doirteadh chun galú.

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Ba chóir iontráil iomchuí a dhéanamh sa Dearbhú Ginearálta Aerárthaigh, agus sonraí a thabhairt maidir leis an ngnáthamh díghalraithe in éineacht leis na sraithuimhreacha ar na cannaí spraeála in úsáid.

Coinneofar na cannaí spraeála folmha lena n-imscrúdú ag Údarás Sláinte an Chalafoirt.

Ná doirtear an táirge isteach i ndraenacha ná in uiscebhealaí.

Áirithigh go ndéantar bainistiú dramhaíola gan sláinte dhaonna a chur i mbaol, gan díobháil a dhéanamh don chomhshaol, agus go háirithe gan riosca ar bith don uisce, aer, ithir, plandaí ná ainmhithe leis.

Athchúrsáil nó diúscair an dramhtháirge i gcomhréir leis an reachtaíocht infheidhmithe, b’fhearr trí bhailitheoir nó cuideachta dheimhnithe.

Ná héillítear an talamh ná an t-uisce leis an dramhtháirge.

Ná diúscraítear an dramhtháirge isteach sa chomhshaol.

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach na treoracha le haghaidh úsáide

5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)

5.1.   Treoracha úsáide

Féach rannóg 4.1.1

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Féach rannóg 4.1.2

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach rannóg 4.1.3

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach rannóg 4.1.4

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Stóráiltear sa bhunphacáistíocht é in áit fhuarga thirim aeráilte (faoi bhun 40 °C). Cosnaítear ón tsioc é.

Stóráiltear ar shiúl ó sholas díreach na gréine é, fiú nuair a bhíonn sé folamh.

Seilfré: 2 bhliain

6.   FAISNÉIS EILE


(1)  Treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile le húsáid faoin alt seo bailí do gach úsáid údaraithe.


2.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 71/11


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/369 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Márta 2021

lena mbunaítear na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla le haghaidh an chórais um idirnascadh na gclár lárnach dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 31a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear ar na Ballstáit a gcláir náisiúnta lárnacha um úinéireacht thairbhiúil a idirnascadh tríd an Ardán Lárnach Eorpach a bhunaítear le hAirteagal 22(1) de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus ba cheart an t-idirnascadh a bhunú i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla a bhunaítear faoi na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24 den Treoir sin. Mar sin féin, fágann na difríochtaí idir cuspóir, raon feidhme agus ábhar na gclár arna n-idirnascadh faoi Threoir (AE) 2017/1132 agus na cláir lárnacha um úinéireacht thairbhiúil arna mbunú faoi Threoir (AE) 2015/849 gur gá na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile lena ndéantar coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme an chórais a shainiú agus a oiriúnú tuilleadh.

(2)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chosc,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Beidh na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla le haghaidh an chórais um idirnascadh na gclár dá dtagraítear in Airteagail 30 agus 31 de Threoir (AE) 2015/849 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 141, 5.6.2015, lch. 73

(2)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).


IARSCRÍBHINN

Lena leagtar amach na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla dtagraítear in Airteagal 1

1.   Ábhar

Bunófar an córas um idirnascadh chláir na húinéireachta tairbhiúla (“Beneficial Ownership Registers Interconnection System ”, dá ngairtear “BORIS” feasta) mar chóras díláraithe lena ndéantar na cláir náisiúnta lárnacha um úinéireacht thairbhiúil agus an Tairseach Eorpach don r-Cheartas (1) tríd an Ardán Lárnach Eorpach (2). Feidhmeoidh BORIS mar sheirbhís lárnach chuardaigh lena gcuirfear ar fáil an fhaisnéis uile a bhaineann le húinéireacht thairbhiúil i gcomhréir le forálacha Threoir (AE) 2015/849 (3).

2.   Sainmhínithe

(a)

ciallaíonn “clár” cláir náisiúnta lárnacha maidir le faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil dá dtagraítear in Airteagail 30 agus 31 de Threoir (AE) 2015/849;

(b)

ciallaíonn “úsáideoir cáilithe” úsáideoirí BORIS dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 30(5) agus i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 31(4) de Threoir (AE) 2015/849;

(c)

ciallaíonn “íosfhaisnéis shainordaitheach” an tacar coiteann faisnéise a bhfuil an struchtúr céanna agus na cineálacha céanna aici i ngach clár sna Ballstáit;

(d)

ciallaíonn “faisnéis bhreise” an tacar faisnéise arna réamhshainiú go comhchoiteann is féidir leis na Ballstáit cinneadh a dhéanamh í a chomhroinnt – sa bhreis ar an “íosfhaisnéis shainordaitheach” – i bpáirt nó ina hiomláine trí BORIS;

(e)

ciallaíonn “an cláruimhir náisiúnta” an uimhir aitheantais aonair arna sannadh faoin dlí náisiúnta chuig cuideachta nó chuig eintiteas dlíthiúil eile, nó chuig iontaobhas nó do chomhshocrú dá shamhail sa chlár um úinéireacht thairbhiúil.

3.   An gaol idir an chláruimhir náisiúnta leis an Aitheantóir Uathúil Eorpach agus le cláruimhir na cuideachta

3.1

Comhroinnfidh an clár um úinéireacht thairbhiúil an chláruimhir náisiúnta leis an Ardán Lárnach Eorpach agus, i gcás cuideachtaí, an tAitheantóir Uathúil Eorpach (“EUID”) arna shannadh dóibh i gCóras Idirnasctha na gClár Gnó (“BRIS”) (4) chomh maith le cláruimhir na cuideachta, sa chás nach ionann an uimhir sin agus an chláruimhir náisiúnta. Bainfear úsáid as uimhir chláraithe na cuideachta chun EUID a shannadh do chuideachtaí nach bhfuil EUID acu in BRIS. I gcás eintitis dhlíthiúla eile, iontaobhais nó socruithe comhchosúla, sannfar an EUID bunaithe ar an gcláruimhir náisiúnta.

3.2

Beidh úsáideoirí BORIS in ann cuideachtaí, eintitis dhlíthiúla eile, iontaobhais nó socruithe comhchosúla a chuardach trí úsáid a bhaint as an gcláruimhir náisiúnta agus as cláruimhir na cuideachta, murab ionann an uimhir sin agus an chláruimhir náisiúnta.

3.3

Féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh gan cláruimhreacha náisiúnta a sholáthar le haghaidh iontaobhais nó socruithe dlíthiúla comhchosúla. Maidir le hiontaobhais nó socruithe dlíthiúla comhchosúla arna gcruthú faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil siad á gcoinneáil sa chlár um úinéireacht thairbhiúil, ní bheidh feidhm ag an maolú sin ach ar feadh tréimhse 5 bliana arna áireamh ón dáta a mbeidh BORIS oibríochtúil.

4.   Modhanna cumarsáide

Bainfidh BORIS úsáid as modhanna cumarsáide leictreonaí bunaithe ar sheirbhísí, amhail seirbhísí Gréasáin, ar mhaithe le hidirnascadh na gclár.

An chumarsáid idir an tairseach agus an t-ardán, agus idir clár agus an t-ardán, is cumarsáid idir seirbhís amháin le seirbhís amháin eile a bheidh inti.

5.   Prótacail chumarsáide

Is prótacail idirlín shlána, amhail HTTPS, a úsáidfear le haghaidh na cumarsáide idir an tairseach, an t-ardán agus na cláir.

Is prótacail chumarsáide chaighdeánacha, amhail Simple Object Access Protocol (SOAP), a úsáidfear le haghaidh tharchur na sonraí agus na meiteashonraí.

6.   Caighdeáin slándála

I dtaca le cumarsáid agus dáileadh faisnéise le BORIS, beidh na nithe seo a leanas san áireamh sna bearta teicniúla chun íoschaighdeáin slándála teicneolaíochta faisnéise a áirithiú:

(a)

bearta chun rúndacht faisnéise a áirithiú, lena n-áirítear trí chainéil shlána, amhail HTTPS, a úsáid;

(b)

bearta chun sláinte na sonraí a áirithiú agus iad á n-aistriú;

(c)

bearta chun neamhshéanadh thionscnamh an tseoltóra faisnéise a áirithiú laistigh de BORIS agus neamhshéanadh fála faisnéise a áirithiú;

(d)

bearta chun logáil na dteagmhas slándála a áirithiú i gcomhréir le moltaí a aithnítear go hidirnáisiúnta le haghaidh caighdeán slándála teicneolaíochta faisnéise;

(e)

bearta chun fíordheimhniú agus údarú aon úsáideoir cáilithe a áirithiú agus bearta chun céannacht na gcóras atá nasctha leis an tairseach, an ardáin nó na gclár laistigh de BORIS a fhíorú.

(f)

I gcás inar gá, bearta chun cosaint a thabhairt ar chuardaigh uathoibrithe agus ar chóipeáil na gclár, amhail teorannú go huasmhéid a dhéanamh ar na torthaí a thugtar ar ais as gach clár agus feidhm CAPTCHA (5) a úsáid.

7.   Sonraí atá le malartú faoi chuimsiú BORIS

7.1.

An tacar faisnéise sna cláir náisiúnta a bhaineann le heintiteas corparáideach nó le heintiteas dlíthiúil eile, nó iontaobhas nó socrú dlíthiúil den chineál céanna, is mar “thaifead BO” a thagraítear dó. Tá sonraí san áireamh sa “taifead BO” maidir le próifíl an eintitis nó an tsocraithe lena mbaineann, maidir leis an duine is úinéir tairbhiúil nó na daoine is úinéirí tairbhiúla an eintitis nó an tsocraithe sin, chomh maith leis an leas tairbhiúil/na leasanna tairbhiúla atá i seilbh na n-úinéirí sin.

7.2.

I ndáil le cuideachta nó eintiteas dlíthiúil eile, agus i ndáil le hiontaobhas nó socrú comhchosúil chomh maith, beidh san áireamh sna sonraí maidir leis an bpróifíl faisnéis maidir leis an ainm, an fhoirm dhlíthiúil, chomh maith leis an seoladh clárúcháin agus an chláruimhir náisiúnta, más ann di.

7.3.

Is féidir le gach Ballstát faisnéis bhreise a chur leis an íosfhaisnéis shainordaitheach. Maidir leis an úinéir tairbhiúil agus an leas tairbhiúil atá ina sheilbh, is é a bheidh san íosfhaisnéis shainordaitheach na sonraí a leagtar amach sa dara fomhír d"Airteagal 30(5) agus sa dara fomhír d’Airteagal 31(4) de Threoir (AE) 2015/849. Maidir le céannacht an úinéara thairbhiúil, is é a bheidh san áireamh san fhaisnéise bhreise an dáta breithe nó sonraí teagmhála ar a laghad, ar a leagtar amach san abairt dheireanach d’Airteagal 30(5) agus sa tríú fomhír d’Airteagal 31(4). Beidh na sonraí ón taifead BO ar mhúnla bunaithe ar an tsonraíocht chomhéadain atá curtha ar bun.

7.4.

Beidh teachtaireachtaí san áireamh sa mhalartú faisnéise freisin atá riachtanach le haghaidh oibriú an chórais, amhail cinn chun admháil fála a thabhairt, le haghaidh logála agus le haghaidh tuairiscithe.

8.   Struchtúr fhormáid chaighdeánach na teachtaireachta

Is bunaithe ar mhodhanna caighdeánacha um struchtúrú sonraí a bheidh an malartú faisnéise idir na cláir, an t-ardán agus an tairseach agus is i bhformáid chaighdeánach teachtaireachta, amhail XML (6), a shloinnfear é.

9.   Sonraí le haghaidh an ardáin

9.1.

I gcomhréir leis na ceanglais idir-inoibritheachta aontófar na seirbhísí a bheidh le nochtadh ag gach clár agus beidh an comhéadan céanna á gcur i láthair acu chun an t-idirghníomhú ón bhfeidhmchlár atá ag glaoch, amhail an t-ardán, a chumasú, agus aon chineál comhéadain amháin aige lena nochtar tacar coiteann d’eilimintí sonraí. Déanfaidh na Ballstáit a struchtúr sonraí inmheánach a ailíniú trí tháblaí mapála nó cur chun feidhme teicniúil comhchosúil a úsáid chun ceanglais na sonraíochtaí comhéadain atá le soláthar ag an gCoimisiún a chomhlíonadh.

9.2.

Déanfar na cineálacha sonraí seo a leanas a sholáthar le go gcuirfidh an t-ardán a fheidhmeanna i gcrích:

(a)

sonraí a fhágann gur féidir córais atá nasctha leis an ardán a shainaithint. D’fhéadfadh URLanna nó aon uimhir nó cód eile lena ndéantar gach córas a shainaithint go huathúil laistigh de BORIS a bheith sna sonraí sin;

(b)

aon sonraí oibríochtúla eile is gá le go ndéanfaidh an t-ardán feidhmiú cuí éifeachtach na seirbhíse cuardaigh agus idir-inoibritheacht na gclár leis an ardán a áirithiú. Féadfaidh liostaí de chóid, sonraí tagartha, gluaiseanna agus aistriúcháin ghaolmhara ar na meiteashonraí sin, chomh maith le sonraí logála agus tuairiscithe, a bheith san áireamh sna sonraí sin.

9.3.

Déanfar na sonraí agus na meiteashonraí a láimhseálann an t-ardán a phróiseáil agus a stóráil i gcomhréir leis na caighdeáin slándála a leagtar amach i roinn 5.

10.   Modhanna oibriúcháin an chórais agus na seirbhísí teicneolaíochta faisnéise arna soláthar ag an ardán

10.1.

I dtaca le dáileadh agus malartú faisnéise, is bunaithe ar an modh oibriúcháin teicniúil seo a leanas a bheidh an córas:

Image 1

10.2.

I dtaca le seachadadh teachtaireachtaí sa leagan teanga ábhartha, déanfaidh an Tairseach Eorpach don r-Cheartas déantáin sonraí tagartha a sholáthar, amhail liostaí de chóid, foclóiríní rialaithe agus gluaiseanna. I gcás inarb ábhartha, aistreofar iad sin go teangacha oifigiúla an Aontais. I gcás inar féidir, is caighdeáin aitheanta agus teachtaireachtaí caighdeánaithe a úsáidfear.

10.3.

Comhroinnfidh an Coimisiún tuilleadh sonraí leis an mBallstát faoi na modhanna teicniúla oibríochta agus faoi chur chun feidhme na seirbhísí teicneolaíochta faisnéise arna soláthar ag an ardán.

11.   Na critéir chuardaigh

11.1.

Roghnófar tír amháin ar a laghad agus cuardach ar siúl.

11.2.

Cuirfidh an tairseach na critéir chomhchuibhithe seo a leanas ar fáil le haghaidh an chuardaigh:

(a)

maidir leis na cuideachtaí nó eintitis dhlíthiúla eile, na hiontaobhais nó na socruithe comhchosúla:

i)

Ainm an eintitis dhlíthiúil nó an tsocraithe;

ii)

An chláruimhir náisiúnta.

Is féidir rogha a dhéanamh idir na critéir chuardaigh a luaitear faoi i) agus ii).

(b)

maidir le daoine mar úinéirí tairbhiúla:

i)

Céadainm agus sloinne an úinéara thairbhiúil;

ii)

Dáta breithe an úinéara thairbhiúil.

Úsáidfear na critéir chuardaigh a luaitear faoi i) agus ii) go carnach.

11.3.

Féadfar critéir chuardaigh bhreise a bheith ar fáil ar an tairseach.

12.   Modheolaíocht na híocaíochta agus clárú ar líne

12.1.

Maidir leis na sonraí faoina ngearrfaidh Ballstáit táillí agus a chuirtear ar fáil ar an tairseach faoi BORIS, fágfaidh an córas go mbeidh úsáideoirí in ann íoc ar líne trí úsáid a bhaint as modhanna íocaíochta a úsáidtear go forleathan amhail cártaí creidmheasa agus dochair.

12.2.

Beidh bearta san áireamh in BORIS lena áirithiú gur féidir clárú ar líne i gcomhréir le hAirteagal 30(5a) agus Airteagal 31(4a) de Threoir (AE) 2015/849.

13.   Infhaighteacht seirbhísí

13.1.

Beidh an tseirbhís ar fáil 24u/7 lá, agus ráta infhaighteachta BORIS de 98 % ar a laghad gan cothabháil sceidealta a chur san áireamh.

13.2.

Tabharfaidh na Ballstát fógra don Choimisiún maidir le gníomhaíochta cothabhála mar a leanas:

(a)

5 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 4 uair an chloig;

(b)

10 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 12 uair an chloig;

(c)

30 lá oibre roimh ré le haghaidh cothabháil ar sheomra bonneagair na ríomhairí, a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 6 lá in aghaidh na bliana.

A mhéad is féidir, déanfar oibríochtaí cothabhála a phleanáil lasmuigh d’uaireanta oibre (19.00 – 8.00 ALE).

13.3.

I gcás ina mbeidh tréimhsí seirbhíse socraithe seachtainiúla ag na Ballstáit, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi am agus lá na seachtaine ina mbeidh na tréimhsí socraithe seachtainiúla sin pleanáilte. Gan dochar do na hoibleagáidí i bpointí (a) go (c) den dara mír, i gcás ina mbeidh córais Bhallstáit neamh-infhaighte le linn tréimhse shocraithe den sórt sin, féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh gan fógra a thabhairt don Choimisiún.

13.4.

I gcás cliseadh teicniúil gan choinne atá ina cúis le neamh-infhaighteacht de níos mó ná leathuair an chloig i gcóras na mBallstát, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas gan mhoill le linn uaireanta oibre (9.00 – 16.00 ALE) faoi neamh-infhaighteacht a gcórais, agus an t-am a bhfuil sé tuartha go n-atosófar an córas, más eol sin.

13.5.

I gcás cliseadh gan choinne an ardáin lárnaigh nó na tairsí, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas gan mhoill le linn uaireanta oibre (9.00 – 16.00 ALE) faoi neamh-infhaighteacht an ardáin nó na tairsí, agus faoi am a bhfuil sé tuartha go n-atosófar an córas, más eol sin.

14.   Rialacha maidir le tras-scríobh agus traslitriú

Déanfaidh gach Ballstát na hiarratais chuardaigh agus na torthaí a chuirtear ar ais a dhírítear orthu a thras-scríobh nó a thraslitriú i gcomhréir lena gcaighdeáin náisiúnta.


(1)  Dá ngairtear “an tairseach” anseo feasta

(2)  Bunaítear an tArdán Lárnach Eorpach (dá ngairtear “an tArdán” anseo feasta) faoi Airteagal 22(1) de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 a bhaineann le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(3)  Sin gan dochar d’aon fheidhmeanna breise a d’fhéadfadh BORIS a fháil amach anseo.

(4)  Airteagal 16(1) de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 a bhaineann le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí agus Airteagal 8 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/884 an 8 Meitheamh 2015 ón gCoimisiún lena mbunaítear na sonraíochtaí teicniúla agus na nósanna imeachta teicniúla atá de dhíth le haghaidh an chórais um idirnascadh na gclár lárnach a bhunaítear faoi Threoir 2009/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5)   “Tástáil phoiblí Turing iomlán uathoibrithe chun ríomhairí agus daoine a aithint óna chéile”

(6)  Teanga Mharcála Inbhreisithe


2.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 71/18


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/370 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Márta 2021

lena gcuirtear allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise faoi réir clárú

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) iad (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Meán Fómhair 2020, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”), le fógra arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (“an fógra tionscnaimh”), tionscnamh imeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise isteach san Aontas (“na himeachtaí frithdhumpála”), tar éis gearán a rinne Comhlachas Eorpach na Cruach (“EUROFER”) (“an gearánach”) an 17 Lúnasa 2020 thar ceann táirgeoirí atá freagrach as níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán an Aontais de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta.

1.   TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR CLÁRÚCHÁIN

(2)

Is iad táirgí cruach dosmálta cothromrollta an táirge atá faoi réir clárú (“an táirge lena mbaineann”), nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú), de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (“na tíortha lena mbaineann”). Is faoi na cóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20 agus 7220 90 80 atá na táirgí seo rangaithe faoi láthair. Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC.

2.   IARRAIDH

(3)

An 21 Nollaig 2020, chuir an gearánach iarratas ar chlárú isteach de bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, rud a thug bunús breise lena iarraidh ar an ngearán i gcomhthéacs an chláraithe. D’iarr an gearánach go gcuirfí allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir clárú ionas go bhféadfaí bearta a chur i bhfeidhm i gcoinne na n-allmhairí sin go cúlghabhálach ó dháta an chláraithe sin.

(4)

Chuir táirgeoir onnmhairithe amháin atá ag feidhmiú sa dá thír lena mbaineann, Grúpa Jindal, barúlacha isteach mar fhreagra ar an iarratas.

3.   NA FORAIS LE CLÁRÚ

(5)

De réir Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt do na húdaráis chustaim na céimeanna iomchuí a thabhairt chun allmhairí a chlárú, ionas go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm dá éis sin i gcoinne na n-allmhairí sin ó dháta an chláraithe sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a leagtar amach sa bhun-Rialachán. Féadfar allmhairí a chur faoi réir clárú tar éis iarraidh a fháil ón tionscal de chuid an Aontais ina bhfuil fianaise leordhóthanach chun údar a thabhairt chuige sin.

(6)

Líomhnaigh an gearánach, ar bhonn na staitisticí is déanaí a bhí ar fáil, go raibh ardú suntasach ar allmhairí tar éis an imscrúdú a thionscnamh, ardú ar dócha go mbainfidh sé an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna cinntitheacha ionchasacha. Thairis sin, rinne an gearánach an argóint i bhfianaise stair dumpála an táirge lena mbaineann agus na mbeart éagsúil a forchuireadh agus na n-imscrúduithe éagsúla a rinneadh, go raibh na hallmhaireoirí ar an eolas faoi na cleachtais dumpála na dtíortha lena mbaineann nó gur cheart iad a bheith ar an eolas fúthu.

(7)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an iarraidh i bhfianaise Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. D’fhíoraigh an Coimisiún an raibh na hallmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil maidir le méid na dumpála agus na díobhála a bhfuil sé líomhainte go ndearnadh iad nó atá faighte, nó ar cheart iad a bheith ar an eolas faoi. Rinne sé anailís freisin féachaint an raibh ardú suntasach breise ar allmhairí, i bhfianaise uainiú chomh maith le méid agus cúinsí eile, ardú ar dócha go mbainfidh sé an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála cinntithí ionchasaí atá le cur i bhfeidhm.

3.1.   Feasacht na n-allmhaireoirí faoin dumpáil, faoi mhéid na dumpála agus faoin díobháil a bhfuil sé líomhainte go ndearnadh iad

(8)

Tá fianaise leordhóthanach ag an gCoimisiún ag an gcéim seo go bhfuil allmhairí den táirge lena mbaineann ón India agus ón Indinéis á ndumpáil. Cuireadh fianaise leordhóthanach ar fáil sa ghearán ar dhumpáil, bunaithe ar chomparáid a dhéanamh idir an ghnáthluacha atá déanta amach amhlaidh agus praghas onnmhairiúcháin (ar leibhéal díreach ón monarcha) an táirge lena mbaineann nuair a dhíoltar lena onnmhairiú chuig an Aontas é. Ar an iomlán agus i bhfianaise mhéid na gcorrlach dumpála a bhfuil sé líomhainte go ndearnadh é, 48,8 % i gcás na hIndia agus ó 15,6 % go 34,4 % i gcás na hIndinéise, chuir an fhianaise sin tacaíocht leordhóthanach ar fáil leis an líomhain go ndéanann na táirgeoirí onnmhairiúcháin dumpáil.

(9)

Cuireadh fianaise leordhóthanach ar fáil sa ghearán ar dhíobháil a bhfuil sé líomhainte go ndearnadh í do thionscal an Aontais, lena n-áirítear forbairt dhiúltach ar phríomhtháscairí feidhmíochta thionscal an Aontais.

(10)

Bhí an fhaisnéis sin sa leagan neamhrúnda den ghearán agus san fhógra tionscnaimh don imeacht seo araon a foilsíodh an 30 Meán Fómhair 2020. Lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is doiciméad poiblí é an Fógra Tionscnaimh a bhfuil rochtain ag gach allmhaireoir air. Thairis sin, tá rochtain ag allmhaireoirí ar an leagan neamhrúnda den ghearán agus ar an gcomhad neamhrúnda mar pháirtithe leasmhara san imscrúdú. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh allmhaireoirí ar an eolas, ar an mbonn sin, faoin dumpáil, faoi mhéid na dumpála agus faoin díobháil a bhfuil sé líomhainte go ndearnadh í, nó gur cheart dóibh a bheith ar an eolas faoi.

(11)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ar an gcaoi sin gur comhlíonadh an chéad chritéar maidir le clárú.

3.2.   Méadú breise suntasach ar allmhairí

(12)

Rinne an Coimisiún anailís ar an gcritéar sin bunaithe ar na sonraí staidrimh a bhaineann le hallmhairiú an táirge atá faoi imscrúdú ó na tíortha lena mbaineann agus atá ar fáil i mbunachar sonraí Surveillance 2. Chun a mheas ar tharla méadú breise suntasach ó thionscnamh an imscrúdaithe, rinne an Coimisiún, i dtús báire, na tréimhsí ama a shainiú a bhí le cur i gcomparáid le chéile. Ar thaobh amháin, rinne sé measúnú ar na sonraí allmhairiúcháin ón India agus ón Indinéis tar éis thionscnamh an imscrúdaithe frithdhumpála (i.e. an pointe ama a bhí allmhaireoirí ar an eolas faoi chleachtais dumpála nó ba cheart dóibh a bheith ar an eolas fúthu) go dtí an tréimhse is déanaí, i.e. an tréimhse mí Dheireadh Fómhair 2020 go mí Eanáir 2021. Ar an taobh eile, ríomh an Coimisiún allmhairí Indiacha agus allmhairí Indinéiseacha i gcás na tréimhse céanna le linn na tréimhse imscrúdaithe (“TI”), i.e. mí Dheireadh Fómhair 2019 go mí Eanáir 2020, mar aon leis na meánmhéideanna míosúla allmhairiúcháin in TI iomlán.

(13)

Léiríonn an chomparáid gur forbraíodh an meánmhéid míosúil allmhairiúcháin ón India agus ón Indinéis mar seo a leanas:

Tábla 1

Méideanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann (tonaí)

Méideanna allmhairí (meán míosúil)

An tréimhse imscrúdaithe (Iúil 2019 – Meitheamh 2020)

Deireadh Fómhair 2019 – Eanáir 2020

An tréimhse iarthionscnaimh (Deireadh Fómhair 2020 – Eanáir 2021)

Deilte

An tréimhse iarthionscnaimh vs an tréimhse imscrúdaithe (%)

Tréimhse tar éis tionscnaimh vs Deireadh Fómhair 2019 – Eanáir 2020 (%)

An India

8 984

10 918

6 321

-30

-42

An Indinéis

7 622

7 432

13 048

71

76

Tíortha lena mbaineann

16 606

18 350

19 370

17

6

(14)

Ar bhonn na sonraí staidrimh sin, chinn an Coimisiún go raibh meánmhéid míosúil allmhairiúcháin na dtáirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta ó na tíortha lena mbaineann sa tréimhse ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 go mí Eanáir 2021, i.e. tar éis thionscnamh an cháis frithdhumpála, 17 % níos airde ná na meánallmhairí míosúla le linn TI agus 6 % níos airde ná an tréimhse chéanna den bhliain roimhe sin.

(15)

Rinne Grúpa Jindal an argóint gur ghá an anailís le haghaidh clárú a bhunú ar an tréimhse tar éis thionscnamh an imscrúdaithe frithdhumpála, agus gur sholáthair Eurofer sonraí le haghaidh na tréimhse tar éis TI. Mhaígh Grúpa Jindal nach raibh aon fhianaise ar mhéadú suntasach breise ar allmhairí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe frithdhumpála in aighneacht an ghearánaigh agus gur léirigh sonraí Eurostat laghdú ar allmhairí ón India i nDeireadh Fómhair 2020 i gcomparáid le TI (i.e. 8 650 tona i mí Dheireadh Fómhair 2020 i gcomparáid le meán míosúil 9 058 tona le linn TI). De réir Ghrúpa Jindal, ba sa chéad mhí de gach ráithe a rinneadh an méid ba mhó allmhairí ón Indinéis agus léiríodh laghdú ar na méideanna allmhairí sin i mí Dheireadh Fómhair 2020 i gcomparáid le mí Aibreáin agus mí Iúil 2020 (i.e. 21 532 tona i mí Dheireadh Fómhair 2020, agus 22 299 tona i mí Aibreán 2020 agus 26 787 tona i mí Iúil 2020). Dá bhrí sin, tháinig Grúpa Jindal ar an gconclúid nach raibh aon mhéadú ar allmhairí agus nár comhlíonadh an critéar sin dá bhrí sin.

(16)

Tugann an Coimisiún dá aire ar dtús gur chuir an gearánach staitisticí ar fáil le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe, an tríú ráithe de 2020, agus le haghaidh na tréimhse tar éis an tionscnaimh, i.e. go dtí mí Dheireadh Fómhair 2020. Chuir Grúpa Jindal sonraí ar fáil freisin le haghaidh na dtréimhsí céanna leis an ngearánach, a chríochnaigh i mí Dheireadh Fómhair 2020. Tá anailís an Choimisiúin bunaithe ar na sonraí is déanaí a tháinig chun deiridh i mí Eanáir 2021, mar atá sonraithe i dTábla 1 thuas. Mar a mhínítear in aithris (12), rinneadh na meánallmhairí míosúla iar-TI ábhartha le haghaidh na tréimhse mí Dheireadh Fómhair 2020 go mí Eanáir 2021 a chur i gcomparáid leis na meánallmhairí míosúla le haghaidh na tréimhse mí Dheireadh Fómhair 2019 go mí Eanáir 2020, mar aon leis na meánmhéideanna míosúla allmhairiúcháin in TI iomlán. Níor breithníodh an tréimhse idir TI agus tionscnamh an imscrúdaithe, is é sin an tríú ráithe de 2020, sa mheasúnú seo. Léirigh na sonraí ábhartha a bhreithnigh an Coimisiún, a carnadh i gcás na dtíortha lena mbaineann, ardú breise suntasach ar allmhairí tar éis tionscnaimh nuair a chuirtear i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdaithe agus leis an tréimhse chomhfhreagrach le linn TI araon iad. I bhfianaise na sonraí is déanaí atá ar fáil don Choimisiún, cinneadh go bhfuil an maíomh a rinne Grúpa Jindal nach bhfuil aon ardú suntasach eile ón India agus ón Indinéis araon tar éis tionscnaimh, go bhfuil sé mícheart. Níor athraigh éileamh Ghrúpa Jindal go ndearnadh an méid ba mhó d’allmhairí ón Indinéis sa chéad mhí de gach ráithe an chonclúid go raibh méadú breise suntasach ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar bhonn na sonraí allmhairiúcháin ábhartha. Is dócha go mbeidh an dlús allmhairí sin nasctha le hoibriú an Taraif-chuóta atá saor ó dhleacht choimirce faoi na bearta coimirce maidir le táirgí cruach áirithe (“bearta coimirce”) (3), i gcás ina mbeidh méideanna móra allmhairí ag luathchéimeanna na ráithí den chuid is mó de ghnáth de thoradh oscailt baisceanna nua de Tharaif-chuóta atá saor ó dhleacht choimirce ag tús gach ráithe. Caitheadh amach na maímh ó Ghrúpa Jindal dá bhrí sin.

(17)

Mhaígh an gearánach gur tháinig méadú ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann mar gheall ar na taraif-chuótaí léirscaoilte ar an táirge lena mbaineann tar éis an athbhreithnithe ar na bearta coimirce (4) agus go bhféadfaí a bheith ag súil le méadú breise ar allmhairí, lena ndéanfar tuilleadh díobhála, mar gheall ar athruithe a rinneadh ar na taraif-chuótaí tar éis imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (5). Rinne an gearánach an argóint go ndéanfaí coigeartú méadúcháin os cionn 13 000 tona ar an gcuóta “tíre eile”, agus go dtabharfaí leis an méadú sin deis don Indinéis a honnmhairí chuig an Aontas Eorpach a mhéadú a thuilleadh. Chaith Grúpa Jindal an maíomh sin amach mar mhaíomh neamhshubstaintiúil agus amhantrach. Ag an am céanna, mhaígh Grúpa Jindal nach raibh ach méadú ar allmhairí ó thríú tíortha eile seachas na tíortha lena mbaineann ina thoradh ar léirscaoileadh breise na mbeart coimirce.

(18)

Tá cuótaí tírshonracha níos ísle ann de dheasca an oiriúnaithe ar leibhéal na dtaraif-chuótaí faoi na bearta coimirce tar éis imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, agus ag an am céanna mhéadaigh sé an cuóta do thíortha eile. Cé go bhfuil cuóta tírshonrach ag an India, ní mór don Indinéis allmhairiú a dhéanamh faoin gcuóta domhanda atá ag tíortha eile freisin. Bhí cuid mhór den chuóta domhanda á húsáid go comhsheasmhach ag an Indinéis ó theacht i bhfeidhm na mbeart coimirce agus léirigh allmhairí i mí Eanáir 2021 (i.e. beagnach 30 000 tona as an gcuóta 2021Q1 iomlán domhanda 46 536 tona) méadú breise ar allmhairí ón Indinéis. Mar sin, ní le hallmhairí ó thríú tíortha seachas na tíortha lena mbaineann amháin a bhain an méadú a tháinig de thoradh imeacht na Ríochta Aontaithe, mar a mhaígh Grúpa Jindal. Dá bhrí sin, tacaíonn an fhianaise atá ar fáil leis an maíomh ón ngearánach gur dócha go dtiocfaidh méadú breise ar allmhairí ón Indinéis tar éis an oiriúnaithe tar éis imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach.

(19)

I bhfianaise na bhfíricí thuasluaite, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur comhlíonadh an dara critéar maidir le clárú freisin.

3.3.   An bonn a bhaint d’éifeacht cheartaitheach na dleachta

(20)

Tá fianaise leordhóthanach ag an gCoimisiún go mbeadh díobháil bhreise ann de thoradh méadú leanúnach ar allmhairí ón India agus ón Indinéis ar phraghsanna a bheadh á laghdú a thuilleadh, rud ar dócha go mbainfidh sé an bonn go mór d’éifeachtaí ceartaitheacha na ndleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann.

(21)

Mar a léirítear i roinn 3.2, tá fianaise leordhóthanach ann go bhfuil ardú suntasach tagtha ar allmhairí an táirge ina n-iomláine sa tréimhse tar éis thionscnamh an imscrúdaithe.

(22)

Anuas air sin, tá fianaise ann go bhfuil treocht atá ag laghdú ann i bpraghsanna allmhairí an táirge lena mbaineann bunaithe ar bhunachar sonraí Surveillance 2. Tháinig laghdú 12 % ar an meán ar mheánphraghas in euro allmhairí ó na tíortha lena mbaineann nuair a chuirtear an tréimhse idir mí Dheireadh Fómhair 2020 agus mí Eanáir 2021 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain roimhe sin agus 10 % nuair a chuirtear í i gcomparáid leis an meán míosúil sa tréimhse imscrúdaithe, mar a léirítear i dTábla 2 thíos.

Tábla 2

Praghsanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann (EUR/tonaí)

Meánphraghas allmhairí

Tréimhse imscrúdaithe (Iúil 2019 – Meitheamh 2020)

Deireadh Fómhair 2019 – Eanáir 2020

An tréimhse iarthionscnaimh (Deireadh Fómhair 2020 – Eanáir 2021)

Laghdú ar phraghsanna (%) An tréimhse iarthionscnaimh vs An tréimhse imscrúdaithe

Laghdú ar phraghsanna (%) An tréimhse iarthionscnaimh vs Deireadh Fómhair 2019 – Eanáir 2020

An India

2 076

2 122

1 898

-9

-11

An Indinéis

1 972

2 007

1 780

-10

-11

Tíortha lena mbaineann

2 028

2 075

1 818

-10

-12

(23)

Mhaígh an gearánach go raibh méadú ar na hallmhairí ann ag an am céanna le méadú ar chostais amhábhar, go háirithe nicil agus fearóchróimiam, costais a bhfuil sé líomhainte go ndearnadh saobhadh orthu sna tíortha lena mbaineann, rud a chuireann brú praghsanna breise ar thionscal an Aontais. Chuir Grúpa Jindal i gcoinne méadú den sórt sin ar phraghas fearóchróimiam agus rinne an grúpa an argóint nach bhféadfadh an méadú ar phraghsanna nicile a bheith ina chúis díobhála, mar gheall ar an treocht thimthriallach atá acu.

(24)

Tar éis méadú níos mó ná 10 % ón gcéad ráithe de 2020 a léiriú, d’fhan praghas fearóchróimiam cobhsaí le linn na dtrí ráithe dheireanacha de 2020 agus tháinig méadú 3 % air in 2021. Mhéadaigh an praghas ar nicil ar an Malartán Miotal Londain thart ar 40 % ó dheireadh na tréimhse imscrúdaithe. Cé gur léiríodh go bhfuil praghas stairiúil nicile luaineach, níor chuir Grúpa Jindal aon fhianaise ar fáil maidir le treocht shoiléir thimthriallach. Thug an Coimisiún faoi deara méadú ar phraghsanna amhábhar ó tionscnaíodh an t-imscrúdú ar eascair tuilleadh cúngach praghsanna ar thionscal an Aontais uaidh, toisc nach bhféadfaí na méaduithe sin ar phraghsanna a léiriú i bpraghas an táirge lena mbaineann i ngeall ar na hallmhairí ar phraghas íseal ó na tíortha lena mbaineann. Tá fianaise ann freisin maidir le cúngach praghsanna den sórt sin i sonraí an ghearánaigh maidir leis an laghdú ar EBITDA de chuid thionscal an Aontais.

(25)

Thairis sin, chuir an gearánach fianaise ar fáil go ndéanann allmhaireoirí an táirge lena mbaineann a stoc-charnadh, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais, go háirithe i bhfianaise dhul i méad chostas na n-amhábhar agus gur dócha go mbainfidh sé an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach aon dleachta frithdhumpála atá le cur i bhfeidhm.

(26)

Thairis sin, rinne Grúpa Jindal an argóint nár cuireadh san áireamh san iarraidh ar chlárú an t-éileamh laghdaithe a d’eascair ó phaindéim Covid-19.

(27)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil nasc idir an argóint sin agus fíricí cúisíochta agus sannta, rudaí nach bhfuil ábhartha go díreach san anailís chun allmhairí a chlárú faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán. In aon chor, measann an Coimisiún maidir le haon laghdú san éileamh de bharr na paindéime nach bhféadfadh méideanna allmhairí méadaithe ar phraghsanna níos ísle ach staid thionscal an Aontais a dhéanamh níos measa, agus dá bhrí sin gur dócha go mbainfidh sé an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna cinntitheacha. Dá bhrí sin, diúltaíodh an argóint sin.

(28)

Mar gheall ar mhéadú breise ar an líon allmhairí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe, i bhfianaise uainiú, mhéid agus imthosca eile an imscrúdaithe, amhail iompraíocht phraghsála táirgeoirí onnmhairithe, costais na n-amhábhar atá ag dul i méad, agus léiriú na ngníomhaíochtaí stoc-charntha a dhéanann allmhaireoirí an táirge lena mbaineann, is dócha go mbainfidh an méadú breise ar allmhairí d’éifeacht cheartaitheach aon dleachta cinntithí, ach amháin má chuirtear an dleacht sin i bhfeidhm go cúlghabhálach.

(29)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin gur comhlíonadh an tríú critéar maidir le clárú freisin.

4.   NÓS IMEACHTA

(30)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil fianaise leordhóthanach ann chun údar a thabhairt d’allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir clárú i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

(31)

Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil. Féadfaidh an Coimisiún éisteacht le páirtithe leasmhara, ar choinníoll go ndéanann siad iarraidh i scríbhinn agus go dtaispeánann siad go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a thabhairt dóibh.

5.   CLÁRÚ

(32)

Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, ba cheart allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir clárú chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a ghearradh go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh cúis le forchur dleachtanna frithdhumpála de thoradh thorthaí na n-imscrúduithe.

(33)

Thiocfadh aon dliteanas a bheadh ann amach anseo as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála.

(34)

Measann líomhaintí sa ghearán ina n-iarrtar tionscnamh imscrúdaithe frithdhumpála corrlaigh dumpála 48,8 % i gcás na hIndia agus ó 15,6 % go 34,4 % i gcás na hIndinéise agus leibhéal measta díobhála 33,9 % i gcás na hIndia agus 44,1 % i gcás na hIndinéise le haghaidh an táirge lena mbaineann. Dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú de ghnáth ar an leibhéal is ísle de na leibhéil sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, áfach, go bhfuil coinníollacha Airteagal 7(2a) agus Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán á gcomhlíonadh i gcás na hIndia agus/nó na hIndinéise, eadhon go bhféadfaí an corrlach dumpála a mheas mar léiriú ar an díobháil a bhain le tionscal an Aontais, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i leith allmhairí ó na tíortha sin a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála..

6.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(35)

Déanfar aon sonraí pearsanta a bailíodh i gcomhthéacs an chlárúcháin seo a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (6),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a thabhairt chun allmhairí táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas a bheith fuar-rolladh (fuarlaghdú), a chlárú. Is faoi na cóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20 agus 7220 90 80 atá na táirgí seo faoi láthair agus is de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise iad.

2.   Rachaidh an clárú in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.   Iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn, fianaise thacaíochta a chur ar fáil nó éisteacht a iarraidh laistigh de 21 lá ó dháta foilsithe an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   IO C 322, 30.9.2020, lch. 17.

(3)  Commission Implementing Regulation (EU) 2019/159 of 31 January 2019 imposing definitive safeguard measures against imports of certain steel products (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).

(4)  Commission Implementing Regulation (EU) 2020/894 of 29 June 2020 amending Implementing Regulation (EU) 2019/159 imposing definitive safeguard measures against imports of certain steel products (IO L 206, 30.6.2020, lch. 27).

(5)  Fógra maidir le leibhéal na dTaraif-Chuótaí a oiriúnú faoi na bearta coimirce ar tháirgí cruach áirithe tar éis imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ón 1 Eanáir 2021 amach (IO C 366, 30.10.2020, lch. 36).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


Ceartúcháin

2.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 71/24


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2020/2131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le díchur dleachtanna custaim ar earraí áirithe

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 430 an 18 Nollaig 2020 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 18 Nollaig 2020)

Ar leathanach 3, Airteagal 5(4):

in ionad:

“4.

Arna iarraidh sin do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, aisíocfaidh údaráis chustaim náisiúnta na mBallstát lena mbaineann aon dleachtanna arna n-íoc de bhreis ar na dleachtanna is infheidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo le haghaidh allmhairí ó na Stáit Aontaithe idir an 1 Lúnasa 2020 agus an 18 Nollaig 2020.”,

léitear:

“4.

Arna iarraidh sin do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann, aisíocfaidh údaráis chustaim náisiúnta na mBallstát lena mbaineann aon dleachtanna arna n-íoc de bhreis ar na dleachtanna is infheidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo le haghaidh allmhairí idir an 1 Lúnasa 2020 agus an 18 Nollaig 2020.”.