ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 34

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
1 Feabhra 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2021/99 ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020

1

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (Euratom) 2021/100 ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 lena mbunaítear clár airgeadais tiomnaithe um dhíchoimisiúnú saoráidí núicléacha agus um bhainistiú dramhaíola radaighníomhaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 1368/2013

3

 

*

Rialachán (AE) 2021/101 ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 lena mbunaítear an clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do ghléasra cumhachta núicléiche Ignalina sa Liotuáin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013

18

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/102 ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhchoiste a bhunaítear leis an gComhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh, a bhunú

29

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/103 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2021 gan dé-ocsaíd charbóin a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha den chineál táirge 19 ( 1 )

31

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

1.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 34/1


CINNEADH (AE) 2021/99 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Eanáir 2021

maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar leis an dara fomhír d’Airteagal 218(6)(a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2020/1704 ón gComhairle (2), rinneadh an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020 (“an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha”), a shíniú an 15 Samhain 2020.

(2)

Is é is cuspóir don Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a chur ar chumas an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht Ioslamach na Máratáine leanúint de bheith ag obair go dlúth le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus acmhainní iascaigh in uiscí na Máratáine a shaothrú ar bhealach fónta, agus ligean do shoithí de chuid an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin.

(3)

Is iomchuí an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020, a fhormheas thar ceann an Aontais (3).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear i bpointe 6 den Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha (4).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Toiliú an 14 Nollaig 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2020/1704 ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2020 (IO L 383, 16.11.2020, lch. 1).

(3)  Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha in IO L 383, 16.11.2020.

(4)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


RIALACHÁIN

1.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 34/3


RIALACHÁN (Euratom) 2021/100 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Eanáir 2021

lena mbunaítear clár airgeadais tiomnaithe um dhíchoimisiúnú saoráidí núicléacha agus um bhainistiú dramhaíola radaighníomhaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 1368/2013

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 203 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Dearbhú na Róimhe ó Cheannairí 27 mBallstát agus ón gComhairle Eorpach, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach an 25 Márta 2017, ba cheart Eoraip atá slán sábháilte a chumasú le buiséad an Aontais. Rannchuidigh na Cláir um dhíchoimisiúnú núicléach cheana féin ina leith seo agus is féidir leo rannchuidiú a thuilleadh. Tar éis saoráid núicléach a dhúnadh, is é an tionchar dearfach is mó a bhíonn le baint amach an laghdú de réir a chéile ar riosca raideolaíoch do na hoibrithe, don phobal agus don chomhshaol sna Ballstáit lena mbaineann agus san Aontas ina iomláine freisin.

(2)

Is féidir breisluach AE níos mó a bheith ag baint le clár airgeadais thiomnaithe trí bheith ina thagarmharc laistigh den Aontas chun saincheisteanna teicneolaíochta um dhíchoimisiúnú núicléach sábháilte a bhainistiú agus eolas a scaipeadh. Ba cheart cúnamh airgeadais a chur ar fáil ar bhonn meastóireacht ex ante ina sainaithneofaí na riachtanais shonracha agus ina léireofaí breisluach AE agus é mar aidhm leis tacú le díchoimisiúnú saoráidí núicléacha agus bainistiú sábháilte dramhaíola radaighníomhaí.

(3)

Ba cheart na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh. Ba cheart cúnamh airgeadais a bheith eisceachtúil i gcónaí, gan dochar do na prionsabail agus do na cuspóirí a eascraíonn as dlí an Aontais maidir le sábháilteacht núicléach, eadhon Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle (2), agus bainistiú dramhaíola, eadhon Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle (3). De bhun Airteagail 4(1) agus 7(1) den Treoir 2011/70/Euratom, is ar na Ballstáit i gcónaí atá an fhreagracht deiridh as an mbainistiú sábháilte ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach a ghintear.

(4)

I gcomhréir leis an bPrótacal i dtaobh na gcoinníollacha agus na socruithe chun Poblacht na Bulgáire agus an Rómáin a ligean isteach san Aontas Eorpach (4)atá i gceangal leis an gConradh i dtaobh aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach (5) (“an Conradh Aontachais”), gheall an Bhulgáir go ndúnfadh sí Aonaid 1 agus 2 agus Aonaid 3 agus 4 ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Kozloduy faoin 31 Nollaig 2002 agus faoin 31 Nollaig 2006 faoi seach, agus go ndéanfadh sí na haonaid sin a dhíchoimisiúnú ina dhiaidh sin. Is é an toradh a bhí ar an díchoimisiúnú go bhfuil ualach suntasach airgeadais ann don Bhulgáir ó thaobh costas díreach agus indíreach de. I gcomhréir lena hoibleagáidí, dhún an Bhulgáir na haonaid uile lena mbaineann laistigh de na spriocdhátaí faoi seach.

(5)

De réir Phrótacal Uimh. 9 maidir le haonaid 1 agus 2 ag gléasra cumhachta núicléiche Bohunice V1 sa tSlóvaic atá ag gabháil leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe (6) (“An Ionstraim Aontachais”), ghabh an tSlóvaic uirthi féin Aonad 1 agus Aonad 2 ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Bohunice VI a dhúnadh faoin 31 Nollaig 2006 agus faoin 31 Nollaig 2008 faoi seach, agus go ndéanfadh sí na haonaid sin a dhíchoimisiúnú ina dhiaidh sin. Is é an toradh a bhí ar an díchoimisiúnú go bhfuil ualach suntasach airgeadais ann don tSlóvaic ó thaobh costas díreach agus indíreach de. I gcomhréir lena hoibleagáidí, dhún an tSlóvaic na haonaid uile lena mbaineann laistigh de na spriocdhátaí faoi seach.

(6)

I gcomhréir lena gcuid oibleagáidí faoin gConradh i dtaobh Aontachas Phoblacht na Bulgáire agus na Rómáine leis an Aontas Eorpach, agus le cúnamh ón Aontas, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an mBulgáir agus ag an tSlóvaic i dtreo gléasraí cumhachta núicléiche Kozloduy agus Bohunice V1 a dhíchoimisiúnú. Tá gá le tuilleadh oibre chun staid deiridh an díchoimisiúnúcháin a bhaint amach. Bunaithe ar na pleananna reatha díchoimisiúnúcháin, tá sé beartaithe an obair dhíchoimisiúnúcháin a thabhairt i gcrích faoi dheireadh 2030 do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Kozluduy agus faoi 2025 do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Bohunice V1.

(7)

Bunaíodh Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh le hAirteagal 8 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (“Conradh Euratom”). Agus an tAirteagal sin á chur i bhfeidhm, síníodh comhaontuithe suímh le linn na tréimhse 1960-1962 idir an Comhphobal, an Ghearmáin, an Bheilg, an Iodáil agus an Ísiltír. I gcás na hIodáile agus na hIsiltíre, aistríodh suiteálacha núicléacha náisiúnta chuig an gComhphobal. Cuireadh bonneagar ar bun ag na ceithre shuíomh atá dírithe ar thaighde núicléach agus a chuimsigh suíomhanna nua. Tá roinnt de na suiteálacha sin fós in úsáid inniu agus dúnadh suiteálacha eile, i gcásanna áirithe níos mó ná 20 bliain ó shin, agus den chuid is mó, tá siad imithe i léig.

(8)

Ar bhonn Airteagal 8 de Chonradh Euratom, agus de bhun Airteagal 7 de Threoir 2011/70/Euratom, tá JRC, mar shealbhóir ceadúnais, chun a dhliteanais stairiúla núicléacha a bhainistiú agus a shuiteálacha núicléacha a dúnadh a dhíchoimisiúnú i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha. Dá réir sin, seoladh an Clár um Dhíchoimisiúnú agus um Bhainistiú Dramhaíola ag an JRC in 1999 le teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, agus tá nuashonruithe rialta curtha ar fáil ag an gCoimisiún ó shin ar dhul chun cinn an chláir sin.

(9)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurb é an bealach is fearr le ceanglais a chomhlíonadh a eascraíonn as pointe (f) d’Airteagail 5(1) agus Airteagal 7 de Threoir 2011/70/Euratom straitéis a shaothrú lena gcomhcheanglaítear gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin agus bainistithe dramhaíola, agus tús á chur ag an am céanna leis na pléití idir JRC agus Ballstáit óstacha maidir leis an bhféidearthacht na dliteanais i dtaca le díchoimisiúnú agus breosla spíonta agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí a aistriú i gcás comhaontuithe frithpháirteacha idir an Coimisiún agus na Ballstáit óstacha. Ba cheart do JRC foráil a dhéanamh d’acmhainní leordhóthanacha agus iad a choinneáil chun a oibleagáidí a chomhlíonadh i ndáil le díchoimisiúnú agus sábháilteacht an bhainistithe ar bhreosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach.

(10)

Tugtar leis an Rialachán seo freagairt ar riachtanais shainaitheanta an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, agus leagtar síos leis imchlúdach airgeadais do chláir chúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach aonaid 1 go 4 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Kozloduy sa Bhulgáir (“clár Kozloduy”) agus aonaid 1 agus 2 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Bohunice V1 sa tSlóvaic (“clár Bohunice”), agus do dhíchoimisiúnú agus bainistiú ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach ar shuiteálacha núicléacha de chuid an Choimisiúin i suíomhanna JRC, eadhon JRC-Geel sa Bheilg, JRC-Karlsruhe sa Ghearmáin, JRC-Ispra san Iodáil agus JRC-Petten san Ísiltír (“clár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola”). Tá an t-imchlúdach airgeadais sin chun bheith ina príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (7), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(11)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (an “Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gclár airgeadais tiomnaithe le haghaidh díchoimisiúnú saoráidí núicléacha agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí (“an Clár”). Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(12)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (10), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (11) agus (AE) 2017/1939 (12), tá leasanna airgeadais an Aontais le cosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, de bhun Rialacháin (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 tá an chumhacht ag Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas chun comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha.

(13)

Ní dochar an Rialachán seo do thoradh aon nósanna imeachta todhchaíocha maidir le Státchabhair a d’fhéadfaí a chur ar bun i gcomhréir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(14)

Féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid na leithreasaí arna leithdháileadh ar an gClár, chomh maith leis an gclárthréimhse agus ar dháileadh na gcistí ar na gníomhaíochtaí, bunaithe ar thorthaí na dtuarascálacha meastóireachta eatramhacha agus na dtuarascálacha meastóireachta deiridh. Ba cheart go mbeadh an fhéidearthacht ann chun solúbthacht bhuiséadach bhreise a bhaint amach trí chistí a athdháileadh ar ghníomhaíochtaí i gcás inar gá agus cibé áit is gá, ag díriú ar thosaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a rannchuidíonn chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sábháilteachta a bhaineann le díchoimisiúnú agus le bainistiú dramhaíola radaighníomhaí ar Aonaid 1 go 4 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Kozloduy sa Bhulgáir agus ar Aonaid 1 agus 2 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Bohunice V1 sa tSlóvaic, gan dochar do na gníomhaíochtaí eile arna ndéanamh faoin Rialachán seo agus i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

(15)

Ba cheart baint a bheith ag an gClár freisin le cruthú eolais agus le comhroinnt na taithí. An t-eolss agus an taithí a fuarthas agus na ceachtanna a foghlaimíodh maidir leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin faoin gClár seo, ba cheart an méid sin a scaipeadh san Aontas, i gcomhordú agus i sineirge leis an gclár de chuid an Aontais um ghníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin sa Liotuáin, ós rud é go dtugann bearta den sórt sin an breisluach AE is mó agus go gcuireann siad le sábháilteacht na n-oibrithe agus an phobail i gcoitinne chomh maith le cosaint an chomhshaoil. Ba cheart raon feidhme, nós imeachta agus gnéithe eacnamaíocha an chomhair a shonrú sa chlár oibre ilbhliantúil agus d’fhéadfadh siad a bheith faoi réir comhaontuithe idir na Ballstáit agus/nó leis an gCoimisiún.

(16)

Ba cheart do JRC scaipeadh eolais i measc geallsealbhóirí éagsúla de chuid an Aontais ar bhealach comhordaithe, mar shampla trí anailís mhargaidh, athbhreithnithe agus measúnuithe a dhéanamh ar riachtanais eolais san Aontas, treoracha féideartha le haghaidh comhair a shainaithint, mar aon le geallsealbhóirí leasmhara agus réimsí ina mbeadh an breisluach AE is mó ag baint le heolas arna chruthú i gcur chun feidhme an Chláir, lena bhforbrófaí formáidí le haghaidh comhroinnt eolais. Ba cheart do JRC scaipeadh an eolais a chruthaítear a mhaoiniú. Ba cheart go mbeadh aon Bhallstát in ann forbairt nasc agus malartuithe a thionscnamh ar mhaithe le heolas a scaipeadh.

(17)

Ba cheart díchoimisiúnú na saoráidí núicléacha agus an bainistiú dramhaíola radaighníomhaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a dhéanamh agus leas á bhaint as an saineolas teicniúil is fearr atá ar fáil, agus aird chuí á tabhairt ar chineál agus ar shonraíochtaí teicneolaíocha na suiteálacha atá le díchoimisiúnú, chun sábháilteacht agus an éifeachtúlacht is fearr is féidir a áirithiú, agus na cleachtais idirnáisiúnta is fearr á gcur san áireamh ar an dóigh sin.

(18)

Ba cheart don Bhulgáir, don tSlóvaic agus don Choimisiún faireachán agus rialú éifeachtach ar éabhlóid an phróisis díchoimisiúnúcháin a áirithiú chun an breisluach AE is airde den chistiú arna leithdháileadh faoin Rialachán seo a áirithiú, cé gur ar an dá Bhallstát lena mbaineann atá an fhreagracht deiridh as an díchoimisiúnú. Ba cheart tomhas éifeachtach ar fheidhmíocht a bheith san áireamh, agus bearta ceartaitheacha a achtú i gcás inar gá. Chuige sin, ba cheart coiste a bhunú a mbeadh feidhmeanna faireacháin agus faisnéise aige agus ba cheart ionadaí ón gCoimisiún agus ón mBallstát lena mbaineann a bheith ina gcomhchathaoirligh air. Ar an gcaoi chéanna, cabhraíonn grúpa saineolaithe neamhspleácha ó na Ballstáit arna gceapadh ag an gCoimisiún le clár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola.

(19)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (14), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha bunaithe agus ag an am céanna ualaí riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, ró-rialáil, a sheachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste, mar bhonn chun fianaise a bhailiú i dtaobh éifeachtaí an Chláir ar an talamh.

(20)

Ba cheart na gníomhaíochtaí faoi chlár Kozloduy agus faoi chlár Bohunice a shainaithint laistigh de na teorainneacha arna sainiú leis na pleananna díchoimisiúnúcháin a thíolaic an Bhulgáir agus an tSlóvaic faoi Rialachán (Euratom) Uimh 1368/2013 ón gComhairle (15). Sainítear leis na pleananna sin raon feidhme na gclár, mar aon le staideanna deiridh, spriocdhátaí agus dátaí deiridh an díchoimisiúnúcháin. Cumhdaítear leo freisin na gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin, an sceideal gaolmhar a ghabhann leo, na costais agus na hacmhainní daonna is gá.

(21)

Ba cheart gníomhaíochtaí faoi chlár Kozloduy agus faoi chlár Bohunice a dhéanamh le hiarracht chomhpháirteach airgeadais ón Aontas agus ón mBulgáir agus ón tSlóvaic faoi seach, i gcomhréir leis an gcleachtas cómhaoinithe arna bhunú faoi na cláir réamhtheachtacha.

(22)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (Euratom) Uimh. 1368/2013 a aisghairm.

(23)

Tugadh an aird chuí ar Thuarascáil Speisialta Uimh. 22/2016 ón gCúirt Iniúchóirí dar teideal “Cláir chúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach an Aontais sa Liotuáin, sa Bhulgáir agus sa tSlóvaic: dul chun cinn áirithe déanta ó 2011 ach dúshláin ríthábhachtacha amach anseo fós”.

(24)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).

(25)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin leis an gcóras ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(26)

Na modhanna cur chun feidhme agus na cineálacha cistiúcháin de chuid an Aontais a leagtar síos sa Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar riosca an neamhchomhlíonta a mheastar a bheidh ann. Ba cheart, leis sin, breithniú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo an clár airgeadais tiomnaithe um díchoimisiúnú saoráidí núicléacha agus um bhainistiú dramhaíola radaighníomhaí (an “Clár”) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, lena ndírítear ar riachtanais shainaitheanta ar bhonn reatha. Tacóidh sé leis an méid seo a leanas:

(a)

díchoimisiúnú sábháilte Aonaid 1 go 4 ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Kozloduy sa Bhulgáir agus Aonaid 1 agus 2 ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Bohunice V1 sa tSlóvaic, lena n-áirítear bainistiú dramhaíola radaighníomhaí, i gcomhréir le riachtanais shainaitheanta sa phlean díchoimisiúnúcháin; agus

(b)

cur chun feidhme an phróisis díchoimisiúnúcháin agus bhainistiú dramhaíola radaighníomhaí shuiteálacha núicléacha an Choimisiúin ag suíomhanna an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC), eadhon JRC-Geel sa Bheilg, JRC-Karlsruhe sa Ghearmáin, JRC-Ispra san Iodáil agus JRC-Petten san Ísiltír.

2.   Leagtar síos leis an Rialachán seo cuspóirí an Chláir, a bhuiséad don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2027, na foirmeacha cur chun feidhme agus na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “díchoimisiúnú” bearta riaracháin agus teicniúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena gceadaítear roinnt de na rialuithe rialála nó iad go léir a bhaint ó shaoráid núicléach agus arb é is aidhm leo a áirithiú go ndéanfar cosaint fhadtéarmach ar an bpobal agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear laghdú ar leibhéil radanúiclídí iarmharacha sna hábhair agus ar shuíomh na saoráide;

(2)

ciallaíonn “plean díchoimisiúnúcháin” doiciméad ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe maidir leis an díchoimisiúnú beartaithe agus lena gcumhdaítear an méid seo a leanas: an straitéis díchoimisiúnaithe roghnaithe; sceideal, cineál agus seicheamh na ngníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin; an straitéis bainistithe dramhaíola a chuirtear i bhfeidhm, lena n-áirítear imréiteach; an staid deiridh atá beartaithe; stóráil agus diúscairt na dramhaíola ó dhíchoimisiúnú; an t-amchlár le haghaidh an díchoimisiúnaithe; na meastacháin chostais chun díchoimisiúnú a thabhairt i gcrích; agus na cuspóirí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na garspriocanna, na spriocdhátaí, chomh maith leis na heochairtháscairí feidhmíochta comhfhreagracha, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, na táscairí luachbhunaithe tuillte. Is é sealbhóir ceadúnais na saoráide núicléiche a ullmhaíonn an plean díchoimisiúnúcháin agus léirítear é sin i gcláir oibre ilbhliantúla an Chláir;

(3)

ciallaíonn “clár Kozloduy” an chuid sin den Chlár a bhaineann le díchoimisiúnú núicléach Aonaid 1go 4 ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Kozloduy, atá lonnaithe in Kozloduy, sa Bhulgáir;

(4)

ciallaíonn “clár Bohunice” an chuid sin den Chlár a bhaineann le díchoimisiúnú núicléach Aonaid 1 agus 2 ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Bohunice V1, atá lonnaithe in Jaslovské Bohunice, sa tSlóvaic;

(5)

ciallaíonn “clár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola” an chuid sin den Chlár a bhaineann le díchoimisiúnú núicléach agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí ar shuiteálacha núicléacha an Choimisiúin ag suíomhanna JRC, eadhon JRC-Geel sa Bheilg, JRC-Karlsruhe sa Ghearmáin, JRC-Ispra san Iodáil agus JRC-Petten san Ísiltír.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.   Tá sé mar chuspóir ginearálta ag an gClár cistiú a chur ar fáil ar mhaithe le díchoimisiúnú saoráidí núicléacha agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí, i gcomhréir leis na riachtanais shainaitheanta sa phlean díchoimisiúnúcháin faoi seach.

2.   Ar bhonn na riachtanas reatha don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2027, de bhreis ar eolas a chruthú i dtaca le próiseas an díchoimisiúnúcháin núicléigh agus i dtaca le bainistiú dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as na gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin. tá sé mar aidhm go háirithe ag an gClár:

(a)

cabhrú leis an mBulgáir agus leis an tSlóvaic clár Kozloduy agus clár Bohunice faoi seach a chur chun feidhme, lena n-áirítear i dtaca le bainistiú agus stóráil dramhaíola radaighníomhaí i gcomhréir leis na riachtanais atá sainaitheanta sa phlean díchoimisiúnúcháin faoi seach, agus béim ar leith á leagan ar na dúshláin sábháilteachta ina leith; agus

(b)

tacú le clár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola.

3.   Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an Chláir:

(a)

na gníomhaíochtaí a áirítear leis na pleananna díchoimisiúnúcháin faoi seach a dhéanamh, Aonaid 1, 2, 3 agus 4 i nGléasra Cumhachta Núicléiche Kozloduy agus Aonaid 1 agus 2 i nGléasra Cumhachta Núicléiche Bohunice a dhíchóimeáil agus a dhí-éilliú, lena n-áirítear córais, struchtúir agus comhpháirteanna gaolmhara agus foirgnimh chúnta, bainistiú sábháilte dramhaíola radaighníomhaí i gcomhréir leis na riachtanais atá sainaitheanta sna pleananna díchoimisiúnúcháin faoi seach agus tacaíocht acmhainní daonna, scaoileadh Aonaid 1 go 4 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Kozloduy agus Aonaid 1 agus 2 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Bohunice ó rialuithe rialála a shaothrú;

(b)

tacú leis an bplean díchoimisiúnúcháin agus na gníomhaíochtaí a dhéanamh i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh chun suiteálacha núicléacha an Choimisiúin ag suíomhanna an JRC a dhíchóimeáil agus a dhí-éilliú, bainistiú sábháilte ar dhramhaíl radaighníomhach ghaolmhar a dhéanamh agus, nuair is iomchuí, aistriú roghnach na ndliteanas núicléach gaolmhar ó JRC go dtí an Ballstát óstach a ullmhú.

(c)

JRC d’fhorbairt nasc agus malartú idir geallsealbhóirí an Aontais maidir le díchoimisiúnú núicléach, d’fhonn a áirithiú go scaipfear eolas agus go roinnfear taithí i ngach réimse ábhartha, amhail taighde agus nuálaíocht, rialáil agus oiliúint, agus d’fhonn sineirgí de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann a fhorbairt.

Ní fhorchuirfear an t-aistriú dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír ar aon Bhallstát óstach agus beidh sé faoi réir comhaontú déthaobhach frithpháirteach idir an Coimisiún agus an Ballstát óstach. Áireofar sa chomhaontú déthaobhach frithpháirteach sin go n-íocfaidh an tAontas na costais uile a bhaineann le díchoimisiúnú suiteálacha núicléacha an Choimisiúin féin ag suíomhanna JRC, mar aon leis na costais a bhaineann leis an dramhaíl radaighníomhach ghaolmhar a stóráil, agus comhlíonfaidh sé go hiomlán Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle.

4.   Leagtar amach tuairisc mhionsonraithe ar na cuspóirí sonracha in Iarscríbhinní I, II agus III. Bunaithe ar thoradh na meastóireachta arna ndéanamh in Airteagal 11, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, Iarscríbhinn I nó II a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Airteagal 4

Buiséad an Chláir

1.   Is é EUR 466 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Déanfar dáileadh an mhéid dá dtagraítear i mír 1 a mhiondealú sna catagóirí caiteachais seo a leanas:

(a)

EUR 63 000 000 le haghaidh gníomhaíochtaí faoi chlár Kozloduy;

(b)

EUR 55 000 000 le haghaidh gníomhaíochtaí faoi chlár Bohunice;

(c)

EUR 348 000 000 le haghaidh gníomhaíochtaí faoi chlár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun an cuspóir sonrach a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 3(3) a bhaint amach.

3.   Féadfar solúbthacht bhuiséadach a bhaint amach trí chistí a athdháileadh ar ghníomhaíochtaí faoin gClár, tar éis na meastóireachtaí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 11 agus de bhun an Rialacháin Airgeadais, ag díriú ar ghníomhaíochtaí a rannchuidíonn le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sábháilteachta i dtaca le díchoimisiúnú agus le bainistiú dramhaíola radaighníomhaí.

4.   Féadfar a chumhdach leis an méid dá dtagraítear i mír 1 speansais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a áirítear sna pleananna díchoimisiúnúcháin faoi seach i dtaca leis an gClár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialuithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

5.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide iad ná bliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

Airteagal 5

Scaipeadh eolais

1.   Scaipfear an t-eolas arna chruthú i bpróiseas cur chun feidhme an Chláir ar leibhéal an Aontais.

2.   Déanfar na gníomhaíochtaí chun an ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích a mhaoiniú faoi chlár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola. Is é JRC a chomhordóidh struchtúrú agus scaipeadh an eolais ar na Ballstáit.

3.   Áireofar agus saineofar próiseas scaipthe an eolais sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 6

Modhanna chur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme faoin mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó faoin mbainistíocht indíreach le heintitis dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

2.   Féadfar cistiú ón Aontas faoin gClár a chur ar fáil ar aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais.

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí incháilithe

Ní bheidh ach na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 incháilithe chun cistiú ón Aontas a fháil.

Airteagal 8

Rátaí cómhaoinithe

Gan dochar d’Airteagal 190(1) den Rialachán Airgeadais, ní bheidh uasráta cómhaoinithe an Aontais is infheidhme thar an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo níos airde ná 50 % do chlár Kozloduy agus ní bheidh sé níos airde ná 50 % do chlár Bohunice. Is iad an Bhulgáir agus an tSlóvaic faoi seach a chuirfidh an chuid eile den chómhaoiniú ar fáil. Tabharfaidh an tAontas cistiú do na gníomhaíochtaí is gá le haghaidh an scaipeadh eolais dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo ag ráta 100 %.

Airteagal 9

Cláir oibre

1.   Is le cláir oibre ilbhliantúla i gcomhréir le hAirteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear clár Kozloduy agus clár Bohunice chun feidhme. Déanfar na cláir oibre ilbhliantúla sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

2.   Déanfar clár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola a chur chun feidhme le cláir oibre ilbhliantúla agus glacfar é i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 4 de Chinneadh 96/282/Euratom (17).

3.   Léireofar sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 na pleananna díchoimisiúnúcháin a fhónann mar an bhonnlíne d’fhaireachán agus do mheastóireacht ar chlár Kozloduy agus ar chlár Bohunice.

4.   Sonrófar sna cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 an staid reatha, na cuspóirí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na táscairí feidhmíochta gaolmhara agus an amlíne maidir le húsáid na gcistí agus saineofar leo na sonraí maidir le scaipeadh eolais.

Airteagal 10

Tuairisciú agus faireachán

1.   Leagtar amach in Iarscríbhinn IV na táscairí atá le húsáid le tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh i dtreo na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

2.   Leis an gcóras tuairiscithe ar fheidhmíocht áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais tuairiscithe atá comhréireach leis na costais fhoriomlána agus leis na rioscaí Clárbhainteacha ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar Bhallstáit.

3.   Ag deireadh gach bliana, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas bunaithe ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na hoibre a rinneadh sna blianta roimhe sin, lena n-áirítear ráta na ngníomhaíochtaí a eascraíonn as glaonna ar thairiscintí, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.

Airteagal 11

Meastóireacht

1.   Déanfar meastóireachtaí go tráthúil ionas go bhféadfar leas a bhaint astu mar iochur sa phróiseas cinnteoireachta.

2.   Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gclár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1(1). Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht eatramhach freisin ar an raon feidhme atá ann an clár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 9 a mhodhnú.

3.   I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1(1), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

4.   Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí, chomh maith lena bharúlacha, in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 12

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid ranníocaíochtaí an Aontais agus ranníocaíochtaí náisiúnta arna ndéanamh ag daoine nó ag eintitis, lena n-áirítear daoine agus eintitis seachas iad sin ar thug institiúidí nó comhlachtaí an Aontais sainordú dóibh, beidh na hiniúchtaí sin mar bhonn don chinnteacht fhoriomlán de réir bhrí Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 13

Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

Airteagal 14

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, le gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin gClár agus le torthaí a fuarthas.

3.   Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 15

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 1368/2013.

Airteagal 16

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (Euratom) Uimh. 1368/2013, ar Rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir na bearta arna nglacadh de bhun chlár Kozloduy agus chlár Bohunice agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (Euratom) Uimh 1368/2013 a áirithiú.

3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(3) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Tuairim an 16 Eanáir 2019 (IO C 411, 27.11.2020, lch. 494).

(2)  Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18).

(3)  Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48).

(4)  IO L 157, 21.6.2005, lch. 29.

(5)  IO L 157, 21.6.2005, lch. 11.

(6)  IO L 236, 23.9.2003, lch. 33.

(7)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(8)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1)

(9)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(10)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1)

(11)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292,15.11.1996, lch. 2).

(12)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(13)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(14)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(15)  Rialachán (Euratom) Uimh. 1368/2013 ón gComhairle an 13 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht an Aontais do na cláir chúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach sa Bhulgáir agus sa tSlóvaic, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 549/2007 agus Rialachán (Euratom) Uimh. 647/2010 (IO L 346, 20.12.2013, lch. 1).

(16)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)

(17)  Cinneadh 96/282/Euratom ón gCoimisiún an 10 Aibreán 1996 maidir le hatheagar a chur ar an Airmheán Comhpháirteach Taighde (IO L 107, 30.4.1996, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

Cur síos mionsonraithe chuspóirí chlár Kozloduy

1.

Is é cuspóir ginearálta chlár Kozloduy cabhrú leis an mBulgáir na dúshláin sábháilteachta maidir le díchoimisiúnú Aonaid 1 go 4 ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Kozloduy a bhainistiú. Is iad seo a leanas na príomhdhúshláin shábháilteachta nach mór aghaidh a thabhairt orthu leis na cláir Kozloduy:

(a)

foirgnimh agus comhpháirteanna na n-imoibreoirí a dhíchóimeáil agus a dhí-éilliú i gcomhréir leis na pleananna díchoimisiúnúcháin. Ní mór an dul chun cinn arna dhéanamh i leith an chuspóra seo a thomhas de réir chainníocht agus chineál na n-ábhar a baineadh agus de réir an luacha tuillte;

(b)

bainistiú sábháilte ar an díchoimisiúnú agus ar an dramhaíl radaighníomhach i gcomhréir le riachtanais atá sainaitheanta sa phlean díchoimisiúnúcháin lena mbaineann, na n-ábhar gníomhachtaithe agus na n-ábhar díchóimeála faoi seach, lena n-áirítear iad a dhí-éilliú go dtí go ndéantar iad a stóráil go heatramhach nó a dhiúscairt (ag brath ar an gcatagóir dramhaíola), mar aon leis an bonneagar bainistithe dramhaíola agus ábhair a chur i gcrích i gcás inar gá. Ní mór an cuspóir sin a bhaint amach i gcomhréir leis an bplean díchoimisiúnúcháin agus bainistiú riachtanach dramhaíola radaighníomhaí. Ní mór an dul chun cinn arna dhéanamh i leith an chuspóra seo a thomhas de réir chainníocht agus chineál an ábhair arna scaoileadh ó rialú rialála agus dramhaíl atá á stóráil nó á diúscairt go sábháilte agus de réir an luacha tuillte; agus

(c)

leanúint d’íosghrádú guaiseacha raideolaíocha. Táthar chun an dul chun cinn arna dhéanamh i leith an chuspóra seo a thomhas trí mheasúnuithe sábháilteachta ar na gníomhaíochtaí agus ar an tsaoráid, trí bhealaí a shainaithint ina bhféadfadh nochtadh féideartha tarlú agus meastachán a dhéanamh ar dhóchúlacht agus ar mhéid an nochta fhéideartha. Tá sé beartaithe i gclár Kozloduy na saoráidí a scaoileadh ó rialú rialála faoi 2030, suas go leibhéil chomhfhreagracha saorscaoilte rialála.

2.

Comhlánaítear cuspóir ginearálta chlár Kozloduy leis an aidhm breisluach AE an chláir sin a mhéadú trí rannchuidiú le scaipeadh eolais maidir leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin (arna ghiniúint leis an méid sin) ar Bhallstáit uile an Aontais. Sa tréimhse mhaoiniúcháin dar tús 2021, ní mór an méid seo a leanas a chur i gcrích le clár Kozloduy:

(a)

naisc agus malartuithe idir geallsealbhóirí an Aontais a fhorbairt (e.g. Ballstáit, údaráis sábháilteachta, agus oibreoirí fóntas agus díchoimisiúnúcháin);

(b)

eolas sainráite a dhoiciméadú agus é a chur ar fáil trí aistrithe iltaobhacha eolais maidir le saincheisteanna um dhíchoimisiúnú agus rialachas dramhaíola, na cleachtais bhainistíochta is fearr, agus dúshláin teicneolaíocha agus próisis dhíchoimisiúnúcháin ar an leibhéal oibríochtúil agus eagraíochtúil araon, d’fhonn sineirgí de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann a fhorbairt.

Is féidir leis an Aontas na gníomhaíochtaí seo a chistiú ar ráta 100 %.

Táthar chun an dul chun cinn arna dhéanamh i leith an chuspóra seo a thomhas de réir méid na dtáirgí eolais a chruthaítear agus a rochtain.

3.

Tá diúscairt breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí i stór geolaíoch domhain agus an t-ullmhúchán a bhaineann léi eisiata ón imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo.


IARSCRÍBHINN II

Cur síos mionsonraithe chuspóirí chlár Bohunice

1.

Is é cuspóir ginearálta chlár Bohunice cabhrú leis an tSlóvaic na dúshláin sábháilteachta a ghabhann le díchoimisiúnú Aonaid 1 agus 2 ag Gléasra Cumhachta Núicléiche Bohunice VI a bhainistiú. Is iad seo a leanas na príomhdhúshláin sábháilteachta nach mór aghaidh a thabhairt orthu le clár Bohunice:

(a)

foirgnimh agus comhpháirteanna na n-imoibreoirí a dhíchóimeáil agus a dhí-éilliú i gcomhréir leis na pleananna díchoimisiúnúcháin. Táthar chun an dul chun cinn arna dhéanamh i leith an chuspóra seo a thomhas de réir chainníocht agus chineál na n-ábhar a baineadh agus de réir an luacha tuillte;

(b)

bainistiú sábháilte ar an díchoimisiúnú agus ar an dramhaíl radaighníomhach i gcomhréir le riachtanais shainaitheanta sa phlean díchoimisiúnúcháin, agus na n-ábhar gníomhachtaithe agus na n-ábhar díchóimeála faoi seach, lena n-áirítear iad a dhí-éilliú go dtí go ndéantar iad a stóráil go heatramhach nó a dhiúscairt (ag brath ar an gcatagóir dramhaíola), mar aon le an bonneagar bainistithe dramhaíola agus ábhair a chur i gcrích i gcás inar gá. Ní mór an cuspóir sin a bhaint amach i gcomhréir leis an bplean díchoimisiúnúcháin agus bainistiú riachtanach dramhaíola radaighníomhaí. Ní mór an dul chun cinn arna dhéanamh i leith an chuspóra seo a thomhas de réir chainníocht agus chineál an ábhair arna scaoileadh ó rialú rialála agus dramhaíl atá á stóráil nó á diúscairt go sábháilte agus de réir an luacha tuillte; agus

(c)

leanúint d’íosghrádú guaiseacha raideolaíocha. Ní mór an dul chun cinn arna dhéanamh i leith an chuspóra seo a thomhas trí na measúnuithe sábháilteachta ar na gníomhaíochtaí agus ar an tsaoráid, trí bhealaí a shainaithint ina bhféadfadh nochtadh féideartha tarlú agus meastachán a dhéanamh ar dhóchúlacht agus ar mhéid an nochta fhéideartha. I gclár Bohunice, tá sé beartaithe na saoráidí a scaoileadh ó rialú rialála faoi 2025, suas go leibhéil chomhfhreagracha saorscaoilte rialála.

2.

Comhlánaítear cuspóir ginearálta na gclár Bohunice leis an aidhm breisluach AE an chláir sin a mhéadú trí rannchuidiú le scaipeadh eolais maidir leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin (arna ghiniúint leis an méid sin) ar Bhallstáit uile an Aontais. Sa tréimhse mhaoiniúcháin dar tús 2021, ní mór an méid seo a leanas a chur i gcrích le clár Bohunice:

(a)

naisc agus malartuithe idir geallsealbhóirí an Aontais a fhorbairt (e.g. Ballstáit, údaráis sábháilteachta, agus oibreoirí fóntas agus díchoimisiúnúcháin);

(b)

eolas sainráite a dhoiciméadú agus é a chur ar fáil trí aistrithe iltaobhacha eolais maidir le saincheisteanna um dhíchoimisiúnú agus rialachas dramhaíola, na cleachtais bainistíochta is fearr, agus dúshláin theicneolaíocha agus próisis díchoimisiúnúcháin ar an leibhéal oibríochtúil agus eagraíochtúil araon, d’fhonn sineirgí de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann a fhorbairt.

Is féidir leis na gníomhaíochtaí sin cistiú 100 % a fháil ón Aontas.

Déanfar an dul chun cinn arna dhéanamh i leith an chuspóra seo a thomhas de réir méid na dtáirgí eolais a chruthaítear agus a rochtain.

3.

Tá diúscairt breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí i stór geolaíoch domhain agus an t-ullmhúchán a bhaineann léi eisiata ón imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo.


IARSCRÍBHINN III

Cur síos mionsonraithe ar chuspóirí chlár JRC um dhíchoimisiúnú agus bainistiú dramhaíola

1.

Is é cuspóir ginearálta chlár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola díchoimisiúnú shuiteálacha núicleacha JRC an Choimisiúin a shaothrú I suíomhanna JRC, eadhon JRC-Geel sa Bheilg, JRC-Karlsruhe sa Ghearmáin, JRC-Ispra san Iodáil agus JRC-Petten san Ísiltír agus chun bainistiú sábháilte a dhéanamh ar an mbreosla spíonta, ar ábhar núicléach agus ar dhramhaíl radaighníomhach. Comhlánaítear cuspóir ginearálta chlár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola leis an aidhm breisluach AE an chláir sin a mhéadú trí eolas a scaipeadh maidir leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin (agus giniúint an mhéid sin) ar Bhallstáit uile an. Ní mór do chlár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola an méid seo a leanas a chur i gcrích sa tréimhse maoiniúcháin dar tús 2021:

1.1.

I ngach suíomh:

(a)

bainistiú sábháilte a dhéanamh ar dhramhaíl radaighníomhach, ábhar núicléach agus breosla spíonta;

(b)

roghanna a fhiosrú agus a fhorbairt maidir le dliteanais díchoimisiúnúcháin agus bainistithe dramhaíola a aistriú chuig an mBallstát óstach, bunaithe ar an gcomhaontú déthaobhach frithpháirteach arna thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Ballstát óstach;

(c)

naisc agus malartuithe idir geallsealbhóirí an Aontais a fhorbairt (e.g. Ballstáit, údaráis sábháilteachta, oibreoirí fóntas agus díchoimisiúnúcháin);

(d)

eolas sainráite a dhoiciméadú agus é a chur ar fáil trí aistrithe iltaobhacha eolais maidir le saincheisteanna um dhíchoimisiúnú agus rialachas dramhaíola, dea-chleachtais bhainistíochta, agus dúshláin theicneolaíocha agus próisis díchoimisiúnúcháin ar an leibhéal oibríochtúil agus eagraíochtúil araon, d’fhonn sineirgí de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann a fhorbairt.

1.2.

Ag suíomh JRC-Ispra (ag brath ar scaoileadh na n-údaruithe sábháilteachta ábhartha ag údaráis sábháilteachta na hIodáile) i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

dramhaíl stairiúil a aisghabháil, a chóireáil agus a stóráil go sábháilte;

(b)

ábhar núicléach agus breosla spíonta a aisghabháil, a chóireáil agus a stóráil go sábháilte;

(c)

saoráidí dúnta a dhíchoimisiúnú.

1.3.

Ag suíomh JRC-Karlsruhe (ag brath ar scaoileadh údaruithe sábháilteachta ábhartha ag údaráis sábháilteachta na Gearmáine) i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

trealamh atá imithe i léig a dhíchoimisiúnú;

(b)

íoslaghdú ar fhardal na dramhaíola radaighníomhaí, an ábhair núicléach agus an bhreosla spíonta;

(c)

saoráidí dúnta a dhíchoimisiúnú agus dramhaíl radaighníomhach ghaolmhar a stóráil;

(d)

céimeanna ullmhúcháin dhíchoimisiúnú na gcodanna tógála.

1.4.

Ag suíomh JRC-Petten (ag brath ar scaoileadh údaruithe sábháilteachta ábhartha ag údaráis sábháilteachta na hÍsiltíre) i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

íoslaghdú ar fhardal na dramhaíola radaighníomhaí, an ábhair núicléach agus an bhreosla spíonta;

(b)

an dramhaíl radaighníomhach stairiúil a aisghabháil, a chóireáil agus a bhainistiú go sábháilte;

(c)

céimeanna ullmhúcháin dhíchoimisiúnú an imoibritheora ardfhlosca;

(d)

díchoimisiúnú shaoráidí an imoibritheora ardfhloscaagus bainistiú sábháilte dramhaíola radaighníomhaí gaolmhaire.

1.5.

Ag suíomh JRC-Geel (ag brath ar scaoileadh údaruithe sábháilteachta ábhartha ag údaráis sábháilteachta na Beilge) i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

(a)

trealamh atá imithe i léig a dhíchoimisiúnú;

(b)

íoslaghdú ar fhardal na dramhaíola radaighníomhaí agus an ábhair núicléach;

(c)

céimeanna ullmhúcháin dhíchoimisiúnú na gcodanna tógála.

Tá an dul chun cinn arna dhéanamh i leith an chuspóra seo le tomhas de réir chainníocht agus chineál na dramhaíola atá stóráilte nó diúscartha go sábháilte, de réir chainníocht agus chineál an ábhair núicléach agus an bhreosla spíonta, agus de réir chainníocht agus chineál na n-ábhar a baineadhm mar is iomchuí. Ní mór dul chun cinn chlár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola i gcoitinne a thomhas de réir na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo, na ngarspriocanna, na spriocdhátaí, chomh maith leis na heochairtháscairí feidhmíochta comhfhreagracha, lena n-áirítear, mar is iomchuí, na táscairí luachbhunaithe tuillte.

2.

Comhlánaítear cuspóir ginearálta chlár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola leis an aidhm breisluach AE an chláir sin a mhéadú trí eolas maidir leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin a scaipeadh (agus giniúint an mhéid sin) ar na Ballstáit uile. Sa tréimhse mhaoiniúcháin dar tús 2021, ní mór an méid seo a leanas a chur i gcrích le clár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola:

2.1.

naisc agus malartuithe idir geallsealbhóirí an Aontais a fhorbairt (e.g. Ballstáit, údaráis sábháilteachta, agus oibreoirí fóntas agus díchoimisiúnúcháin);

2.2.

eolas sainráite a dhoiciméadú agus é a chur ar fáil trí aistrithe iltaobhacha eolais maidir le saincheisteanna um dhíchoimisiúnú agus rialachas dramhaíola, na cleachtais bhainistíochta is fearr, agus dúshláin theicneolaíocha agus próisis díchoimisiúnúcháin ar an leibhéal oibríochtúil agus eagraíochtúil araon, d’fhonn sineirgí de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann a fhorbairt.

Tá an dul chun cinn arna dhéanamh i leith an chuspóra seo le tomhas de réir méid na dtáirgí eolais a chruthaítear agus a rochtain.

3.

Áirítear i raon feidhme chlár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola diúscairt breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí i stór domhain geolaíoch, de réir mar a cheanglaítear le Treoir 2011/70/Euratom.


IARSCRÍBHINN IV

Táscairí atá le húsáid chun tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh i dtreo na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach

(1)

Bainistiú dramhaíola radaighníomhaí:

cainníocht agus cineál na dramhaíola atá stóráilte nó diúscartha go sábháilte agus cuspóirí bliantúla de réir cineáil, lena mbaintear amach garspriocanna an Chláir;

(2)

Díchóimeáil agus dí-éilliú:

cainníocht agus cineál na n-ábhar a baineadh agus cuspóirí bliantúla, lena mbaintear amach garspriocanna an Chláir.


1.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 34/18


RIALACHÁN (AE) 2021/101 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Eanáir 2021

lena mbunaítear an clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do ghléasra cumhachta núicléiche Ignalina sa Liotuáin agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais 2003, agus go háirithe Airteagal 56 de agus Airteagal 3 de Phrótacal Uimh. 4 atá i gceangal léi,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Prótacal Uimh. 4 maidir le gléasra cumhachta núicléiche Ignalina sa Liotuáin (1) (“Prótacal Uimh. 4”) atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus le hoiriúnaithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe (2) (“Ionstraim Aontachais”), gheall an Liotuáin go ndúnfadh sí aonaid 1 agus 2 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina faoin 31 Nollaig 2004 agus faoin 31 Nollaig 2009 faoi seach, agus, dá dhroim sin, go ndéanfadh sí na haonaid sin a dhíchoimisiúnú.

(2)

I gcomhréir lena hoibleagáidí faoin Ionstraim Aontachais agus le cúnamh ón Aontas, dhún an Liotuáin an dá aonad laistigh de na spriocdhátaí faoi seach agus rinne sí dul chun cinn suntasach i dtreo a ndíchoimisiúnaithe. Tá gá le tuilleadh oibre chun leanúint de leibhéal na guaise raideolaíche a laghdú. Bunaithe ar na meastacháin atá ar fáil, tá acmhainní airgeadais breise de dhíth chun na críche sin tar éis 2020.

(3)

Ba cheart do na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh. Ba cheart díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sábháilteacht núicléach, eadhon Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle (3), agus maidir le bainistiú dramhaíola, eadhon Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle (4). De bhun Airteagail 4(1) agus 7(1) de Threoir 2011/70/Euratom, is ar na Ballstáit anois agus feasta an fhreagracht deiridh maidir le bainistiú sábháilte an bhreosla spíonta agus na dramhaíola radaighníomhaí a ghintear.

(4)

Maidir le dúnadh Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina roimh am agus an díchoimisiúnú a rinneadh air ina dhiaidh sin, gléasra ina raibh dhá aonad imoibreora de chineál 1 500 MW RBMK a fuarthas le huacht ón Aontas Sóivéadach, ní fhacthas a leithéid riamh agus ba ionann é agus ualach eisceachtúil airgeadais ar an Liotuáin nach raibh i gcomhréir le méid agus neart eacnamaíoch na tíre. Luaitear i bPrótacal Uimh. 4 go bhfuiltear le leanúint gan bhriseadh den chúnamh airgeadais ón Aontas mar thaca le hiarrachtaí na Liotuáine chun Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíchoimisiúnú agus dul i ngleic le hiarmhairtí Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhúnadh agus a dhíchoimisiúnú agus le síneadh a chur leis tar éis 2006 ar feadh thréimhse na gcéad Peirspictíochtaí Airgeadais eile.

(5)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán an chláir cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina sa Liotuáin (an “Clár”) arb é atá le bheith ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais (5), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(6)

Ba cheart an Clár a bhunú ar feadh tréimhse 7 mbliana chun a fhad a ailíniú le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (6).

(7)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (“Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár seo. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht le saineolaithe seachtracha.

(8)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (9), (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 (10) agus (AE) 2017/1939 ón gComhairle (11), táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais.

Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas chun comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha.

(9)

Ní dhéanann an Rialachán seo dochar do thoradh aon nósanna imeachta maidir le Státchabhair a d’fhéadfaí a chur ar bun amach anseo i gcomhréir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”).

(10)

Ba cheart don mhaoiniú a dhéantar de bhun an Rialacháin seo díriú ar ghníomhaíochtaí lena gcuirtear cuspóirí sábháilteachta an díchoimisiúnaithe chun feidhme.

(11)

Ba cheart táirgeadh eolais agus comhroinnt taithí a bheith i gceist leis an gClár freisin. Ba cheart an t-eolas agus an taithí a fhaightear faoin gClár agus na ceachtanna a fhoghlaimítear faoi a mhéid a bhaineann leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin núicléigh a scaipeadh san Aontas, i gcomhordú agus i sineirge le cláir ábhartha eile an Aontais i ndáil le gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin sa Bhulgáir, sa tSlóvaic agus ag suiteálacha núicléacha an Choimisiúin ag suíomhanna an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) toisc go mbaineann an breisluach AE is mó leis na bearta sin agus go gcuirtear le sábháilteacht na n-oibrithe agus an phobail i gcoitinne chomh maith le cosaint an chomhshaoil. Ba cheart raon feidhme, nós imeachta agus gnéithe eacnamaíocha an chomhair a shonrú sa chlár oibre ilbhliantúil agus d’fhéadfadh siad, ina theannta sin, a bheith faoi réir comhaontuithe idir na Ballstáit agus/nó leis an gCoimisiún.

(12)

Ba cheart do JRC scaipeadh eolais a éascú i measc geallsealbhóirí éagsúla an Aontais ar bhealach comhordaithe mar shampla trí anailís mhargaidh, athbhreithnithe agus measúnuithe a dhéanamh ar riachtanais eolais san Aontas, treoracha féideartha le haghaidh comhair a shainaithint, mar aon le geallsealbhóirí leasmhara agus réimsí a mbeadh an breisluach is mó ag gabháil leo de bharr an eolais a tháirgtear i gcur chun feidhme an Chláir, lena bhforbrófaí formáidí le haghaidh comhroinnt eolais. Ba cheart do JRC scaipeadh an eolais a tháirgtear a mhaoiniú. Ba cheart é a bheith de chumas ag aon Bhallstát, ar a thionscnamh féin, naisc agus malartuithe a chruthú ar mhaithe le heolas a scaipeadh.

(13)

Ba cheart Gléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíchoimisiúnú agus leas á bhaint as an saineolas teicniúil is fearr atá ar fáil, agus aird chuí á tabhairt ar chineál agus ar shonraíochtaí teicneolaíocha na suiteálacha atá le díchoimisiúnú, chun sábháilteacht agus an éifeachtúlacht is fearr is féidir a áirithiú, agus, ar an gcaoi sin, na cleachtais idirnáisiúnta is fearr a chur san áireamh.

(14)

Ba cheart don Liotuáin agus don Choimisiún faireachán agus rialú éifeachtach ar éabhlóid an phróisis díchoimisiúnúcháin a áirithiú chun an breisluach AE is airde a áirithiú maidir leis an gcistiú arna leithdháileadh faoin Rialachán seo, cé gur ar an Liotuáin atá an fhreagracht deiridh maidir leis an díchoimisiúnú. áirítear an dul chun cinn agus an fheidhmíocht a thomhas go héifeachtach, agus bearta ceartaitheacha a achtú i gcás inar gá, a chuimsiú leis sin. Chuige sin, ba cheart coiste a bhunú a mbeadh feidhmeanna faireacháin agus faisnéise aige agus ba cheart ionadaí ón gCoimisiún agus ón Liotuáin a bheith ina gcomhchathaoirligh air.

(15)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (13), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha agus ualaí riaracháin agus ró-rialáil, go háirithe ar na Ballstáit, á seachaint. Ar na ceanglais sin ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an talamh.

(16)

Ba cheart é a bheith indéanta méid na leithreasuithe arna leithdháileadh ar an gClár chomh maith leis an gclárthréimhse a athbhreithniú ar bhonn thorthaí na tuarascála meastóireachtaeatramhaí.

(17)

Ba cheart gníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú faoin Rialachán seo a shainaithint laistigh de na teorainneacha a shainítear leis an bplean díchoimisiúnúcháin arna thíolacadh ag an Liotuáin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 (14). Sa phlean sin, sainítear raon feidhme an chláir, chomh maith le staid deiridh agus dáta deiridh an díchoimisiúnúcháin. Cumhdaítear ann freisin na gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin, an sceideal gaolmhar a ghabhann leo, na costais agus na hacmhainní daonna is gá. Nuair is ábhartha, ba cheart don Liotuáin leaganacha nuashonraithe den phlean díchoimisiúnúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena mbreithniú agus na cláir oibre á n-ullmhú aici.

(18)

Ba cheart gníomhaíochtaí faoin gClár a dhéanamh le hiarracht chomhpháirteach airgeadais ón Aontas agus ón Liotuáin. Ba cheart uastairseach cómhaoinithe ón Aontas a bhunú i gcomhréir leis an gcleachtas cómhaoinithe arna bhunú faoi na cláir ba réamhtheachtaithe. Agus cleachtas clár inchomparáide de chuid an Aontais agus geilleagar neartaithe na Liotuáine á gcur san áireamh, ó thionscnamh an Chláir go dtí deireadh chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo, ba cheart gurbh é 86 % de na costais incháilithe ráta cómhaoinithe an Aontais. Ba cheart don Liotuáin agus foinsí eile seachas buiséad an Aontais an chuid eile den chómhaoiniú a chur ar fáil, amhail institiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus deontóirí eile.

(19)

Ar an ábhar sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 a aisghairm.

(20)

Tugadh aird chuí ar Thuarascáil Speisialta Uimh. 22/2016 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, dar teideal “Cláir chúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach an Aontais sa Liotuáin, sa Bhulgáir agus sa tSlóvaic: dul chun cinn a rinneadh ó 2011 ach dúshláin ríthábhachtacha amach anseo fós”, ar na moltaí atá inti agus ar an bhfreagra ón gCoimisiún.

(21)

Tugadh ar aird rún reachtach an 17 Eanáir 2019 ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunaítear an clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina sa Liotuáin (clár Ignalina); agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 ón gComhairle.

(22)

Tagann an Clár faoi raon feidhme chlár náisiúnta na Liotuáine maidir le cur chun feidhme an bheartais bainistithe breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí a bunaíodh de bhun Threoir 2011/70/Euratom.

(23)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(24)

Tá feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE, baineann siad freisin leis an gcóras ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(25)

Na modhanna cur chun feidhme agus na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas a leagtar síos sa Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar riosca an neamhchomhlíonta a mheastar a bheith ann. Ba cheart, leis sin, breithniú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach bhfuil nasctha leis na costais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo an clár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach do Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina sa Liotuáin (“an Clár”) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, a bhuiséad don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, na modhanna cur chun feidhme agus na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “díchoimisiúnú” bearta riaracháin agus teicniúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena gceadaítear roinnt de na rialuithe rialála nó iad go léir a bhaint de shaoráid núicléach agus arb é is aidhm leo a áirithiú go ndéanfar cosaint fhadtéarmach ar an bpobal agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear laghdú ar leibhéil radanúiclídí iarmharacha sna hábhair agus ar shuíomh na saoráide núicléiche;

(2)

ciallaíonn “plean díchoimisiúnúcháin” doiciméad ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe maidir leis an díchoimisiúnú beartaithe agus lena gcumhdaítear an méid seo a leanas: an straitéis díchoimisiúnúcháin roghnaithe; sceideal, cineál agus seicheamh na ngníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin; an straitéis bainistithe dramhaíola a chuirtear i bhfeidhm, lena n-áirítear imréiteach; an staid deiridh atá beartaithe; stóráil agus diúscairt na dramhaíola ó dhíchoimisiúnú; an t-amchlár le haghaidh díchoimisiúnúcháin; na meastacháin chostais chun díchoimisiúnú a chur i gcrích; agus na cuspóirí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na garspriocanna, na spriocdhátaí, chomh maith leis na príomhtháscairí feidhmíochta comhfhreagracha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, táscairí bunaithe ar luach tuillte. Is é sealbhóir ceadúnais na saoráide núicléiche a ullmhaíonn an plean díchoimisiúnúcháin agus léirítear é sin i gcláir oibre ilbhliantúla an Chláir.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.   Is é cuspóir ginearálta an Chláir cuidiú leis an Liotuáin díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a chur chun feidhme, le béim ar leith ar bhainistiú na ndúshlán sábháilteachta a bhaineann leis sin, agus eolas á shealbhú ag an am céanna i dtaca le próiseas díchoimisiúnúcháin núicléigh agus le bainistiú dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as na gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin.

2.   Tá sé de chuspóir sonrach ag an gClár trealamh agus seaftaí imoibreora Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíchóimeáil agus a dhí-éilliú i gcomhréir leis an bplean díchoimisiúnúcháin, lena n-áirítear bainistiú na dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí díchoimisiúnúcháin agus leanúint de bhainistiú sábháilte a dhéanamh ar an díchoimisiúnú agus ar an dramhaíl iarmharach.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn I cur síos mionsonraithe ar chuspóirí sonracha an Chláir. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, Iarscríbhinn I a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

Airteagal 4

Buiséad an Chláir

1.   Is é EUR 552 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Féadfar a chumhdach leis an méid dá dtagraítear i mír 1 na speansais, taobh amuigh de na gníomhaíochtaí a bhfuil cur síos orthu in Iarscríbhinn I, a bhaineann le cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha. Déanfar na speansais sin a dhoiciméadú.

3.   Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla, a íocfar in imeacht roinnt blianta.

Airteagal 5

Scaipeadh eolais

1.   Scaipfear ar leibhéal an Aontais an t-eolas a shealbhófar le linn phróiseas cur chun feidhme an Chláir.

2.   Déanfar na gníomhaíochtaí chun an ghníomhaíocht dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích a mhaoiniú faoi chlár JRC um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola, mar a shainítear i bpointe 5 d’Airteagal 2 de Rialachán (Euratom) 2021/100 ón gComhairle (16). Comhordóidh JRC struchtúrú agus scaipeadh an eolais ar na Ballstáit.

3.   Áireofar agus saineofar próiseas scaipthe an eolais sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 6

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó faoi bhainistíocht indíreach le heintitis dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

2.   Féadfar cistiú ón Aontas faoin gClár a sholáthar in aon fhoirm a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais.

CAIBIDIL II

INCHÁILITHEACHT

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí incháilithe

Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú ón Aontas a fháil.

Airteagal 8

Rátaí cómhaoinithe

Déanfar gach iarracht leanúint leis an gcleachtas cómhaoinithe arna bhunú faoin gcúnamh réamhaontachais agus faoin gcúnamh arna sholáthar sna cláir airgeadais ilbhliantúla a bhí ann roimhe seo maidir le hiarrachtaí díchoimisiúnúcháin na Liotuáine, agus maidir le cómhaoiniú a mhealladh ó fhoinsí eile de réir mar is iomchuí.

Is é 86 % uasráta foriomlán cómhaoinithe an Aontais is infheidhme a bheidh ann faoin gClár. Is ón Liotuáin agus ó fhoinsí eile, cé is moite de bhuiséad an Aontais, a thiocfaidh an chuid eile den mhaoiniú. Is é an tAontas a mhaoineoidh, ag ráta 100 %, na gníomhaíochtaí is gá maidir le scaipeadh eolais dá dtagraítear in Airteagal 5.

CAIBIDIL III

CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 9

Clár oibre

1.   Is le clár oibre ilbhliantúil a chuirfear an clár chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Glacfar an clár oibre ilbhliantúil i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 13(2).

2.   Léireofar sa chlár oibre ilbhliantúil an plean díchoimisiúnúcháin atá ina bhonnlíne d’fhaireachán agus do mheastóireachtar an gClár.

3.   Sonrófar sa chlár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 1 an staid reatha, na cuspóirí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na táscairí feidhmíochta gaolmhara agus an amlíne maidir le húsáid na gcistí, agus saineofar ann na sonraí maidir le scaipeadh eolais.

Airteagal 10

Tuairisciú agus faireachán

1.   Leagtar síos in Iarscríbhinn II na táscairí chun tuairisciú ar dhul chun cinn an Chláir i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

2.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais tuairiscithe atá comhréireach leis na costais fhoriomlána agus na rioscaí a bhaineann leis an gClár ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb iomchuí, ar Bhallstáit.

3.   Ag deireadh gach bliana, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na hoibre a rinneadh sna blianta roimhe sin, lena n-áirítear ráta na ngníomhaíochtaí a eascraíonn as glaonna ar thairiscintí, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.

Airteagal 11

Meastóireacht

1.   Déanfar meastóireachtaí go tráthúil ionas go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.

2.   Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gclár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1(1). Tabharfar aghaidh sa mheastóireacht eatramhach freisin ar an raon feidhme atá ann an clár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 9 a mhodhnú.

3.   Ag deireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1(1), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gclár.

4.   Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí, chomh maith lena bharúlacha féin, in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 12

Iniúchtaí

Iniúchtaí ar úsáid ranníocaíocht an Aontais agus ranníocaíocht náisiúnta arna ndéanamh ag daoine nó ag eintitis, lena n-áirítear daoine agus eintitis seachas na cinn sin ar thug institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais sainordú dóibh, beidh na hiniúchtaí sin mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de réir bhrí Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 13

An Coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistí ón Aontas aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chláir agus na dtorthaí atá bainte amach.

3.   Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann leis na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3.

Airteagal 15

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013.

Airteagal 16

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de na gníomhaíochtaí sin, ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí sin, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013, ar Rialachán é a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh an t-imchlúdach airgeadais don Chlár na costais theicniúla agus cúnaimh riaracháin a bhfuil gá leo a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 a áirithiú.

3.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na costais dá bhforáiltear in Airteagal (4)2 a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 236, 23.9.2003, lch. 944.

(2)  IO L 236, 23.9.2003, lch. 33.

(3)  Treoir 2009/71/Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le sábháilteacht núicléach na suiteálacha núicléacha (IO L 172, 2.7.2009, lch. 18).

(4)  Treoir 2011/70/Euratom ón gComhairle an 19 Iúil 2011 lena mbunaítear creat Comhphobail maidir le bainistiú freagrach agus sábháilte ar bhreosla spíonta agus ar dhramhaíl radaighníomhach (IO L 199, 2.8.2011, lch. 48).

(5)  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

(6)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(9)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(10)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(11)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(12)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(13)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013 ón gComhairle an 13 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht ón Aontas don chlár cúnaimh um dhíchoimisiúnú núicléach sa Liotuáin agus lena n-aisghairtear (CE) Uimh. 1990/2006 (IO L 346, 20.12.2013, p. 7).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(16)  Rialachán 2021/100 (Euratom) ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 lena bhunaítear clár airgeadais tiomnaithe um dhíchoimisiúnú agus um bhainistiú dramhaíola agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 1368/2013 (féach leathanach 3 den Iris Oifigúil seo).


IARSCRÍBHINN I

Cur síos mionsonraithe ar chuspóirí an Chláir

1.

Is é cuspóir ginearálta an Chláir cuidiú leis an Liotuáin díchoimisiúnú Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a chur chun feidhme, le béim ar leith ar na dúshláin sábháilteachta a bhaineann leis sin a bhainistiú. Ós rud é go bhfuil baint cóimeálacha breosla spíonta ó fhoirgnimh imoibreora curtha i gcrích, is iad na chéad dúshláin sábháilteachta eile nach mór dul i ngleic leo leis an gClár croí na n-imoibreoirí a dhíchóimeáil agus bainistiú leanúnach a dhéanamh ar dhíchoimisiúnú agus ar dhramhaíl iarmharach.

2.

Sa tréimhse mhaoiniúcháin dar tús 2021, beidh an clár ina chúnamh do na gníomhaíochtaí seo a leanas a áirítear sa phlean díchoimisiúnúcháin arna thíolacadh ag an Liotuáin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1369/2013, go háirithe an méid seo a leanas:

(a)

díchóimeáil agus dí-éilliú limistéir uachtaracha agus íochtaracha agus threalamh na seaftaí imoibreora, i gcomhréir leis an bplean díchoimisiúnúcháin. Tá an dul chun cinn a rinneadh le tomhas de réir chainníocht agus chineál na n-ábhar a baineadh agus trí luach tuillte chomh maith;

(b)

an dearadh chun limistéir láir na seaftaí imoibreora a dhíchóimeáil agus a dhí-éilliú (croíthe graifíte). Tá an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis an gcuspóir seo le tomhas trí luach tuillte. Tá an cuspóir sin le baint amach roimh 2027, tráth a dheonófar na húdaruithe ábhartha chun an díchóimeáil agus an dí-éilliú iarbhír a dhéanamh, rud atá sceidealta tarlú tar éis 2027;

(c)

bainistiú sábháilte ar an díchoimisiúnú agus ar an dramhaíl iarmharach go dtí go ndéantar iad a stóráil go heatramhach nó a dhiúscairt (ag brath ar an gcatagóir dramhaíola), lena n-áirítear an bonneagar bainistithe dramhaíola a chríochnú i gcás inar gá. Tá an cuspóir sin le baint amach i gcomhréir leis an bplean díchoimisiúnúcháin. Tá an dul arna dheanamh le tomhas de réir chainníocht agus chineál na dramhaíola atá á stóráil nó á diúscairt go sábháilte, agus trí luach tuillte chomh maith;

(d)

an clár um scartáil foirgneamh a chur chun feidhme. Tá an dul arna dheanamh maidir leis an gcuspóir seo le tomhas de réir chainníocht na bhfoirgneamh a scartáladh agus trí luach tuillte chomh maith;

(e)

an ceadúnas díchoimisiúnúcháin a fháil a luaithe a dhéanfar Aonad 1 agus Aonad 2 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina a dhíbhreoslú;

(f)

íosghrádú guaiseacha raideolaíocha. Tá an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis an gcuspóir sin le tomhas trí mheasúnuithe sábháilteachta ar na gníomhaíochtaí agus ar an tsaoráid, trí bhealaí a shainaithint ina bhféadfadh nochtadh féideartha tarlú agus trí mheastachán a dhéanamh ar dhóchúlacht agus ar mhéid an nochta fhéideartha.

3.

Le plean díchoimisiúnúcháin Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina bunaíodh struchtúr miondealaithe oibre an Chláir (Gníomhaíocht Díchoimisiúnúcháin Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina agus Struchtúr Ordlathach Dianscaoilte na dTionscadal). Sa chéad leibhéal den struchtúr miondealaithe oibre sin tá na sé mhír seo a leanas:

(a)

P.0 “Eagraíocht gníomhaíochta fiontraíochta”;

(b)

P.1 “Ullmhúchán díchoimisiúnúcháin”;

(c)

P.2 “Díchóimeáil/scartáil saoráide agus athchóiriú suímh”;

(d)

P.3 “Láimhseáil Breosla Núicléach Spíonta”;

(e)

P.4 “Láimhseáil dramhaíola”;

(f)

P.5 “Clár iar-oibríochtúil”.

Cumhdaítear le mír P.0 “Eagraíocht gníomhaíochta fiontraíochta” bainistiú fiontair, faireachas agus dearbhú cáilíochta, faireachán radaíochta agus éiceolaíochta, slándáil fhisiciúil, comhairleoireacht innealtóireachta agus tacaíocht dlí do ghníomhaíochtaí fiontar agus cumarsáid phoiblí.

Cumhdaítear le mír P.1 “Ullmhúchán díchoimisiúnúcháin” foráil do réamhchoinníollacha díchoimisiúnúcháin (amhail fardal trealaimh agus tréithriú raideolaíoch), bonneagar a mhodhnú, trealamh a shuiteáil agus saoráidí a thógáil, córais agus trealamh a leithlisiú, agus córais phróisis, trealamh agus saoráidí a dhí-éilliú.

Cumhdaítear le mír P.2 “Díchóimeáil/scartáil saoráide agus athchóiriú suímh” imoibreoirí a dhíchóimeáil, trealamh/córais próisis a dhíchóimeáil agus réamhchóireáil dramhaíola, scartáil saoráidí agus athchóiriú suímh.

Cumhdaítear le mír P.3 “Láimhseáil Breosla Núicléach Spíonta” láimhseáil agus stóráil breosla núicléach spíonta.

Cumhdaítear le mír P.4 “Láimhseáil dramhaíola” cóireáil, cóiriú, stóráil agus diúscairt dramhaíola radaighníomhaí ar leibhéal an-íseal agus ar leibhéal idirmheánach a bhíonn mar thoradh ar na gníomhaíochtaí oibríochtúla agus díchoimisiúnúcháin.

Cumhdaítear le mír P.5 “Clár iar-oibríochta” oibriú agus cothabháil saoráidí, acmhainní fuinnimh, soláthar uisce, séarachas agus íonú uisce.

4.

Téitear i ngleic leis na príomhdhúshláin sábháilteachta sa tréimhse maoiniúcháin ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027 trí ghníomhaíochtaí faoi mhíreanna P.1, P.2 agus P.4. Cumhdaítear go háirithe díchóimeáil chroí na n-imoibreoirí faoi mhír P.2. Téitear i ngleic le dúshláin is lú faoi mhír P.3, agus cumhdaítear gníomhaíochtaí tacaíochta díchoimisiúnúcháin le míreanna P.0 agus P.5.

5.

Dá réir sin, agus an clár oibre ilbhliantúil á ullmhú aige, breithneoidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis an Liotuáin, na méideanna atá ar fáil a dháileadh de réir na dtosaíochtaí atá sainaitheanta i dTábla 1, gan dochar d’Airteagal 8.

Tábla 1

#

Mír

Tosaíocht

P.0

Eagraíocht gníomhaíochta fiontraíochta

II

P.1

Ullmhúchán díchoimisiúnúcháin

I

P.2

Díchóimeáil/scartáil saoráide agus athchóiriú suímh

I

P.3

Láimhseáil Breosla Núicléach Spíonta

II

P.4

Láimhseáil dramhaíola

I

P.5

Clár iar-oibríochta

III

6.

Scaipfear eolas agus taithí a fuarthas agus ceachtanna a foghlaimíodh faoin gClár maidir leis an bpróiseas díchoimisiúnúcháin ar gheallsealbhóirí an Aontais, agus ar an gcaoi sin, cuirfear feabhas ar bhreisluach AE an Chláir. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh ar na gníomhaíochtaí sin:

naisc agus malartuithe a chruthú i measc gheallsealbhóirí an Aontais, lena n-áirítear na geallsealbhóirí sin arna dtionscnamh ag na Ballstáit;

eolas sainráite a dhoiciméadú agus an t-eolas sin a chur ar fáil trí aistrithe iltaobhacha eolais maidir le saincheisteanna díchoimisiúnúcháin agus rialachais um bhainistiú dramhaíola, maidir leis na cleachtais bhainistíochta is fearr, agus maidir le dúshláin theicneolaíocha agus próisis díchoimisiúnúcháin ar an leibhéal oibríochtúil agus eagraíochtúil araon, d’fhonn sineirgí féideartha de chuid AE a fhorbairt.

Is é an tAontas a mhaoiníonn na gníomhaíochtaí seo ar ráta 100 % de na costais incháilithe.

Tá JRC le tuairisciú ar an dul chun cinn arna dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí seo, ar dul chun cinn é a thomhasfar ar bhonn táscairí a shonraítear ina chlár oibre ilbhliantúil.

7.

Tá diúscairt breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí i stór geolaíoch domhain agus an t-ullmhúchán chuici sin eisiata ón imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4(1).


IARSCRÍBHINN II

Táscairí chun tuairisciú ar dhul chun cinn an Chláir i dtreo na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach

(1)

Bainistiú dramhaíola radaighníomhaí:

cainníocht agus cineál na dramhaíola atá stóráilte nó diúscartha go sábháilte ag a bhfuil cuspóirí bliantúla de réir cineáil, lena mbaintear amach garspriocanna an Chláir;

(2)

Díchóimeáil agus dí-éilliú:

cainníocht agus cineál na n-ábhar a baineadh, ag a bhfuil cuspóirí bliantúla de réir cineáil, lena gcomhlíontar garspriocanna an Chláir.


CINNTÍ

1.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 34/29


CINNEADH (AE) 2021/102 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Eanáir 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhchoiste a bhunaítear leis an gComhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh, a bhunú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas i gcrích an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”) le Cinneadh (AE) 2018/146 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 19 Márta 2018.

(2)

Le hAirteagal 22 den Chomhaontú bunaítear Comhchoiste a bheidh comhdhéanta d’iondaithe na bPáirtithe (an “Comchoiste”) chun an Comhaontú a riar agus chun cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 22(6) den Chomhaontú go bhfuil an Comhchoiste chun a rialacha nós imeachta a ghlacadh.

(4)

Chun cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste sa chéad chruinniú den Chomhchoiste a leagan síos, ós rud é gur cinneadh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla aige ar an Aontas a bheidh sa chinneadh ón gComhchoiste lena nglactar a rialacha nós imeachta. Ba cheart seasamh an Aontais laistigh den Chomhchoiste a bhunú ar an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chéad chruinniú den Chomhchoiste a cuireadh ar bun le hAirteagal 22 den Chomhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh, bunófar an seasamh sin ar an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste (3).

Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Chomhchoiste mionathruithe ar an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste a aontú gan Cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (IO L 386, 29.12.2006, lch. 57).

(2)  Cinneadh (AE) 2018/146 ón gComhairle an 22 Eanáir 2018 maidir leis an gComhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais (IO L 26, 31.1.2018, lch. 4).

(3)  Féach doiciméad ST 14010/20 ag http://register.consilium.europa.eu


1.2.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 34/31


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/103 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Eanáir 2021

gan dé-ocsaíd charbóin a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha den chineál táirge 19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 89(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 (2) ón gCoimisiún, leagtar síos liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear ar an liosta sin dé-ocsaíd charbóin (CE Uimh: 204-696-9; CAS Uimh: 124-38-9). Áirítear ar an liosta sin dé-ocsaíd charbóin a ghintear ó phrópán, ó bhútán nó ó mheascán den dá rud trí dhóchán. Ní chumhdaítear dé-ocsaíd charbóin a ghintear ó phrópán, ó bhútán nó ó mheascán den dá rud trí dhóchán leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo.

(2)

Rinne na rannpháirtithe uile a dtacaíocht a tharraingt siar i gcás dé-ocsaíd charbóin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha den chineál táirge 19, in éarthaigh agus i mealltóirí. D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán cuireadh oscailte chun ról an rannpháirtí a ghlacadh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014. Níor cuireadh aon fhógra isteach de bhun Airteagal 17 den Rialachán sin. I gcomhréir le pointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 20 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ba cheart cinneadh neamh-fhormheasa a ghlacadh maidir le substaintí gníomhacha nach dtacaítear leo a thuilleadh sa chlár athbhreithnithe don chineál táirge lena mbaineann.

(3)

Dá bhrí sin, níor cheart dé-ocsaíd charbóin (CE Uimh: 204-696-9; CAS Uimh: 124-38-9) a fhormheas mar shubstaint ghníomhach le húsáid i dtáirgí bithicídeacha den chineál táirge 19.

(4)

Féadfar leanúint de tháirgí bithicídeacha den chineál táirge 19 agus ina bhfuil dé-ocsaíd charbóin a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid roimh na dátaí a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 89(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(5)

I gcás ar bith, liostaítear dé-ocsaíd charbóin i gcatagóir 6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Féadfar táirgí bithicídeacha den chineál táirge 19 ina bhfuil dé-ocsaíd charbóin a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid ar choinníoll go n-údaraítear iad i gcomhréir leis an Rialachán sin agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha agus na sonraíochtaí a leagtar síos in Iarscríbhinn I maidir le dé-ocsaíd charbóin.

(6)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Níl dé-ocsaíd charbóin (CE Uimh: 204-696-9; CAS Uimh: 124-38-9) formheasta mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha den chineál táirge 19.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Eanáir 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá i dtáirgí bithicídeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).