ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 444

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 63
31 Nollaig 2020


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Fógra don léitheoir

1

 

*

Cinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle an 29 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe

2

 

*

Cinneadh (Euratom) 2020/2253 ón gComhairle an 29 Nollaig 2020 lena bhformheastar an Coimisiún Eorpach do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh Comhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach, agus an Coimisiún Eorpach do thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

11

 

*

COMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE

14

 

*

COMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A MHÉID A BHAINEANN LE NÓSANNA IMEACHTA SLÁNDÁLA MAIDIR LE FAISNÉIS RÚNAICMITHE A MHALARTÚ AGUS A CHOSAINT

1463

 

*

Na dearbhuithe dá dtagraítear sa Chinneadh ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus an Chomhaontaithe a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe

1475

 

*

An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe - Fógra ón Aontas

1486

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

31.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 444/1


Fógra don léitheoir

Ós rud gur go fíordhéanach a tugadh chun críche an chaibidlíocht maidir leis na Comhaontuithe, an 24 Nollaig 2020, agus dá thoradh sin, gur go fíordhéanach a bhí fáil ar na leaganacha teanga ar fad de na Comhaontuithe, an 27 Nollaig 2020, ní rabhthas in ann, ar bhonn ábhartha, dul ar aghaidh leis an athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach sna 24 leagan teanga ar fad de théacsanna na gComhaontuithe sular shínigh na Páirtithe iad agus sular foilsíodh san Iris Oifigiúil iad. I bhfianaise na práinne a bhaineann leis an staid, agus deireadh ag teacht an 31 Nollaig 2020 leis an idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar an 1 Feabhra 2020, measadh, áfach, gur chun leasa an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe é téacsanna na gComhaontuithe a shíniú agus a fhoilsiú de réir mar a d'eascair siad as an gcaibidlíocht, gan athbhreithniú dlítheangeolaíoch a dhéanamh orthu roimh ré. Mar thoradh air sin, d'fhéadfadh earráidí teicniúla agus míchruinnis a bheith sna téacsanna a fhoilsítear anseo, a cheartófar sna míonna atá amach romhainn.

Mar a fhoráiltear in Airteagal FINPROV.9 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, in Airteagal 21 den Chomhaontú a bhaineann le Nósanna Imeachta Slándála le haghaidh Malartú agus Cosaint Faisnéise Rúnaicmithe, agus in Airteagal 25 den Chomhaontú le haghaidh Comhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach, beidh na leaganacha de na Comhaontuithe sin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris faoi réir athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach agus, leis na téacsanna barántúla críochnaitheacha ar toradh iad ar an athbhreithniú dlítheangeolaíoch sin, déanfar ionad na leaganacha sínithe de na Comhaontuithe sin a ghabháil ab initio.

Foilseofar na téacsanna barántúla críochnaitheacha sin de na Comhaontuithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in am trátha faoin 30 Aibreán 2021.


31.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 444/2


CINNEADH (AE) 2020/2252 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Nollaig 2020

maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh , agus go háirithe Airteagal 217, i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus an dara fomhír d’Airteagal 218(8) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Márta 2017, thug Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) fógra don Chomhairle Eorpach de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(2)

An 30 Eanáir 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/135 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’). Tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(3)

An 25 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE, Euratom) 2020/266 (2) lena n-údaraítear an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir le comhaontú nua comhpháirtíochta. Rinneadh an chaibidlíocht sin i bhfianaise threoracha caibidlíochta an 25 Feabhra 2020.

(4)

Is é an toradh a bhí ar an gcaibidlíocht Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (‘an Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise’) agus Comhaontú idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh Comhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach (‘an Comhaontú maidir le Fuinneamh Núicléach’).

(5)

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair bunaítear an bonn le haghaidh caidreamh leathan idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, lena mbaineann cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, comhghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta speisialta. Is comhaontú forlíontach ar an gComhaontú Trádála agus Comhair é an Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise agus tá dlúthcheangal idir é agus an comhaontú sin, go háirithe i ndáil leis na dátaí cur i bhfeidhm agus foirceanta. Dá bhrí sin, ba cheart an cinneadh maidir le síniú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus an Chomhaontaithe maidir le Slándáil Faisnéise (‘na Comhaontuithe’) a bheith bunaithe ar an mbunús dlí lena bhforáiltear do chomhlachas a bhunú lena gceadaítear don Ríocht Aontaithe gealltanais a ghlacadh de láimh i ngach réimse a chumhdaítear faoi na Conarthaí.

(6)

I bhfianaise chineál eisceachtúil uathúil an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, ar comhaontú cuimsitheach é le tír atá tarraingthe siar as an Aontas, tá sé á chinneadh leis seo ag an gComhairle go n-úsáidfidh sí an fhéidearthacht atá ann go ndéanfadh an tAontas a inniúlacht sheachtrach a fheidhmiú maidir leis an Ríocht Aontaithe.

(7)

Is iomchuí na socruithe maidir le hionadaíocht an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta agus sna Coistí arna mbunú faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a shainiú. Is é an Coimisiún, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 17(1) CAE atá chun ionadaíocht a dhéanamh don Aontas agus chun seasaimh an Aontais a chur in iúl, faoi mar a bhunaíonn an Chomhairle iad i gcomhréir leis na Conarthaí. Tá an Chomhairle chun a feidhmeanna sainithe beartais agus comhordúcháin a fheidhmiú faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 16(1) CAE trí na seasaimh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta agus sna Coistí arna mbunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. De bhreis air sin, i gcás ina n-iarrfar ar an gComhairle Comhpháirtíochta nó ar na Coistí arna mbunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo a ghlacadh, déanfar na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhlachtaí sin a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(8)

Ba cheart a cheadú do gach Ballstát ionadaí amháin a chur i dteannta ionadaí an Choimisiúin, mar chuid de thoscaireacht an Aontais, i gcruinnithe den Chomhairle Comhpháirtíochta agus de na comhchomhlachtaí eile arna mbunú faoin gComhaontú Trádála agus Comhair.

(9)

D’fhonn a chur ar chumas an Aontais gníomhú go tapa agus go héifeachtach chun a leasanna a chosaint i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, agus go dtí go nglacfar gníomh reachtach sonrach lena rialaítear glacadh beart leighis faoin gComhaontú Trádála agus Comhair agus go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm san Aontas, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún bearta leighis a ghlacadh, amhail oibleagáidí faoin gComhaontú Trádála agus Comhair nó faoi aon chomhaontú forlíontach a chur ar fionraí, i gcásanna ina sáraítear forálacha áirithe den Chomhaontú Trádála agus Comhair, nó i gcásanna nach gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe i dtaca le trádáil in earraí, an chothroime iomaíochta, iompar de bhóthar, aeriompar, iascaigh agus cláir an Aontais, mar a shonraítear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, agus bearta leighis, bearta athchothromúcháin agus frithbhearta a ghlacadh. Ba cheart don Choimisiún an Chomhairle a chur go hiomlán ar an eolas in am trátha go bhfuil sé ar intinn aige na bearta sin a ghlacadh, d’fhonn malartú tuairimí fóinteach sa Chomhairle a cheadú. Ba cheart don Choimisiún na tuairimí a chuirtear in iúl a chur san áireamh go hiomlán. Féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún bearta den sórt sin a ghlacadh. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, ba cheart dó in am trátha na cúiseanna atá aige a chur in iúl don Chomhairle.

(10)

D'fhonn a cheadú don Aontas freagairt in am trátha i gcás nach mbeidh coinníollacha ábhartha á gcomhlíonadh a thuilleadh, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún cinntí áirithe a ghlacadh lena bhfionrófar sochair arna ndeonú don Ríocht Aontaithe faoin Iarscríbhinn maidir le Táirgí Orgánacha agus faoin Iarscríbhinn maidir le Táirgí Íocshláinte. Ba cheart don Choimisiún an Chomhairle a chur go hiomlán ar an eolas in am trátha go bhfuil sé ar intinn aige na bearta sin a ghlacadh, d’fhonn malartú tuairimí fóinteach sa Chomhairle a cheadú. Ba cheart don Choimisiún na tuairimí a chuirtear in iúl a chur san áireamh go hiomlán. Féadfaidh Ballstát amháin nó níos mó a iarraidh ar an gCoimisiún bearta den sórt sin a ghlacadh. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, ba cheart dó in am trátha na cúiseanna atá aige a chur in iúl don Chomhairle.

(11)

Aon uair is gá don Aontas gníomhú chun na Comhaontuithe a chomhlíonadh, tá gníomhaíocht den sórt sin le déanamh i gcomhréir leis na Conarthaí agus, san am céanna, teorainneacha na gcumhachtaí a thugtar do gach institiúid de chuid an Aontais á n-urramú. Dá bhrí sin, seachas i gcás ina dtagraíonn na Comhaontuithe d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí sonracha eile de chuid an Aontais, is faoin gCoimisiún atá sé an fhaisnéis nó na fógraí a cheanglaítear leis na Comhaontuithe a sholáthar don Ríocht Aontaithe, agus dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair shonracha. Is faoin gCoimisiún freisin atá sé ionadaíocht a dhéanamh don Aontas os comhair an phainéil eadrána i gcás ina mbeifear tar éis díospóid a chur faoi eadráin i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. I gcomhlíonadh dhualgas an chomhair dhílis dá dtagraítear in Airteagal 4(3) CAE, tá an Coimisiún chun dul i gcomhairle leis an gComhairle roimh ré, mar shampla trí phríomhphointí na n-aighneachtaí de chuid an Aontais atá beartaithe a chur faoi bhráid an phainéil eadrána a chur faoi bhráid na Comhairle, agus trí na barúlacha a thugann an Chomhairle a chur san áireamh go hiomlán.

(12)

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, ní eisiatar an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit socruithe nó comhaontuithe déthaobhacha a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe a bhaineann le hábhair shonracha a chumhdaítear faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, i réimsí an aeriompair, an chomhair riaracháin i réimse an chustaim agus CBL agus na slándála sóisialta faoi choinníollacha áirithe.

(13)

Is gá dá bhrí sin creat a leagan amach a bheidh le leanúint ag na Ballstáit i gcás ina gcinnfidh siad socruithe nó comhaontuithe déthaobhacha a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe i réimsí an aeriompair, an chomhair riaracháin i réimse an chustaim agus CBL agus na slándála sóisialta, lena n-áirítear na coinníollacha agus an nós imeachta faoina ndéanfaidh na Ballstáit socruithe nó comhaontuithe déthaobhacha den sórt sin a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh siad ag luí le cuspóir an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus le dlí an Aontais agus go gcuirfear san áireamh iontu an margadh inmheánach agus leasanna an Aontais ar leasanna is leithne iad. Ina theannta sin, na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i réimsí nach bhfuil cumhdaithe faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, ba cheart dóibh, le lánurraim do phrionsabal an chomhair dhílis, an Coimisiún a chur ar an eolas faoina bhfuil ar intinn acu agus faoi dhul chun cinn na caibidlíochta.

(14)

Meabhraítear gurb amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal FINPROV.1(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, agus i gcomhréir leis an dearbhú ón gComhairle Eorpach agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le raon feidhme críochach na socruithe a bheidh ann sa todhchaí a áirítear i miontuairiscí chruinniú na Comhairle Eorpaí an 25 Samhain 2018, nach bhfuil feidhm ag an gComhaontú Trádála agus Comhair maidir le Giobráltar, agus nach bhfuil aon éifeachtaí aige sa chríoch sin. Mar a fhoráiltear sa dearbhú sin, ‘ní fhágfaidh sin nach bhféadfar comhaontuithe ar leith a bheith idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar’ agus ‘gan dochar d'inniúlachtaí an Aontais agus urraim iomlán á tabhairt d'iomláine chríochach na mBallstát, mar a ráthaítear in Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, beidh na comhaontuithe sin faoi réir comhaontú roimh ré ó Ríocht na Spáinne’.

(15)

Ní dochar feidhmiú inniúlacht an Aontais tríd an gComhaontú Trádála agus Comhair d'inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i ndáil le haon chaibidlíocht atá ar siúl nó a bheidh ar siúl sa todhchaí le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta le haon tríú tír eile nó maidir lena síniú nó a dtabhairt i gcrích, nó i ndáil le aon chaibidlíocht a bheidh ar siúl sa todhchaí le haghaidh aon chomhaontuithe forlíontacha dá dtagraítear in Airteagal COMPROV.2 [Comhaontuithe forlíontacha] den Chomhaontú Trádála agus Comhair nó maidir lena síniú nó a dtabhairt i gcrích.

(16)

Ós tír í a tharraing siar as an Aontas, ní hionann staid eisceachtúil na Ríochta Aontaithe i ndáil leis an Aontas agus staid tríú tíortha eile a bhfuil comhaontuithe caibidlithe agus tugtha i gcrích ag an Aontas leo. Faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, tá feidhm ag dlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse agus, i ndeireadh na tréimhse sin, is ar leibhéal an-ard, dá bhrí sin, atá an bonn don chomhar le Ballstáit an Aontais, go háirithe i réimsí an mhargaidh inmheánaigh, an chomhbheartais iascaigh, agus na saoirse, na slándála agus an cheartais. Tiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse an 31 Nollaig 2020, agus i ndiaidh an dáta sin, leis na forálacha maidir le saincheisteanna eile a bhaineann leis an scaradh, dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, socrófar go gcuirfear clabhsúr rianúil ar an gcomhar sin i roinnt réimsí. Mura dtiocfaidh na Comhaontuithe i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021, titfidh an comhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go dtí leibhéal nach inmhianaithe ná chun leasa an Aontais, rud a shuaithfidh an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Is féidir suaitheadh den sórt sin a theorannú trí na Comhaontuithe a chur i bhfeidhm go sealadach.

(17)

Dá bhrí sin, i bhfianaise staid eisceachtúil na Ríochta Aontaithe i ndáil leis an Aontas, i bhfianaise na práinne a bhaineann leis an staid agus deireadh ag teacht leis an idirthréimhse an 31 Nollaig 2020, chomh maith leis an ngá atá ann dóthain ama a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun grinnscrúdú iomchuí a dhéanamh ar an gcinneadh atá beartaithe maidir le tabhairt i gcrích na gComhaontuithe agus ar théacsanna na gComhaontuithe, ba cheart na Comhaontuithe a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

(18)

Ós rud gur go fíordhéanach, díreach 7 lá roimh dheireadh na hidirthréimhse, a tugadh chun críche an chaibidlíocht maidir leis na Comhaontuithe, ní rabhthas in ann dul ar aghaidh leis an athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach ar théacsanna na gComhaontuithe sular síníodh iad. Dá bhrí sin, ag tosú díreach tar éis shíniú na gComhaontuithe, ba cheart do na Páirtithe dul ar aghaidh leis an athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach ar na Comhaontuithe sna 24 theanga bharántúla ar fad. Ba cheart an t-athbhreithniú dlítheangeolaíoch sin a thabhairt chun críche in am trátha. Ba cheart do na Páirtithe, ansin, trí mhalartú nótaí taidhleoireachta, téacsanna na gComhaontuithe sin sna teangacha sin ar fad, agus athbhreithniú déanta orthu, a bhunú mar théacsanna barántúla críochnaitheacha. Ba cheart na téacsanna athbhreithnithe sin a chur ab initio in ionad na leaganacha sínithe de na Comhaontuithe.

(19)

Ba cheart na Comhaontuithe a shíniú, agus na Dearbhuithe agus an Fógra a ghabhann leis seo a fhormheas, thar ceann an Aontais.

(20)

Is faoi réir nós imeachta ar leithligh atá síniú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, údaraítear síniú, thar ceann an Aontais, a mhéid a bhaineann le hábhair seachas na cinn a thagann faoi Chonradh Euratom, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.

2.   Leis seo, údaraítear síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.

3.   Tá téacs na gComhaontuithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta, de na Coistí Speisialaithe Trádála agus de na Coistí Speisialaithe arna mbunú de bhun Airteagail INST.1 [an Chomhairle Comhpháirtíochta] agus INST.2 [Coistí] den Chomhaontú Trádála agus Comhair, agus in aon Choiste Speisialaithe Trádála nó Coiste Speisialaithe breise a bhunaítear i gcomhréir le pointe (g) de mhír 4 d’Airteagal INST.1 [an Chomhairle Comhpháirtíochta] nó pointe (g) de mhír 2 d’Airteagal INST.2 [Coistí] den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

Ceadófar do gach Ballstát ionadaí amháin a chur i dteannta ionadaí an Choimisiúin, mar chuid de thoscaireacht an Aontais, i gcruinnithe den Chomhairle Comhpháirtíochta agus de na comhchomhlachtaí eile arna mbunú faoin gComhaontú Trádála agus Comhair.

2.   Ionas go mbeidh an Chomhairle in inmhe a cuid feidhmeanna sainithe beartais, comhordúcháin agus cinnteoireachta a fheidhmiú go hiomlán i gcomhréir leis na Conarthaí, go háirithe trí na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh den Chomhairle Comhpháirtíochta, den Choiste Comhpháirtíochta Trádála, de na Coistí Speisialaithe Trádála agus de na Coistí Speisialaithe a bhunú, áiritheoidh an Coimisiún go bhfaighidh an Chomhairle an fhaisnéis agus na doiciméid uile a bhaineann le haon chruinniú de na comhchomhlachtaí sin nó le haon ghníomhartha atá le glacadh tríd an nós imeachta i scríbhinn in am trátha roimh an gcruinniú sin nó roimh úsáid an nós imeachta i scríbhinn sin, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná ocht lá oibre roimh an gcruinniú sin nó roimh úsáid sin an nós imeachta i scríbhinn.

Cuirfear an Chomhairle ar an eolas in am trátha freisin faoi na pléití a rinneadh ag na cruinnithe den Chomhairle Comhpháirtíochta, den Choiste Comhpháirtíochta Trádála, de na Coistí Speisialaithe Trádála agus de na Coistí Speisialaithe agus faoin toradh a bhí ar na cruinnithe sin, agus faoi úsáid an nós imeachta i scríbhinn, agus gheobhaidh sí dréachtmhiontuairiscí agus gach doiciméad a bhaineann le cruinnithe nó nós imeachta den sórt sin.

3.   Cuirfear Parlaimint na hEorpa in inmhe a sainchumais institiúideacha a fheidhmiú go hiomlán i rith an phróisis i gcomhréir leis na Conarthaí.

4.   Go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 1 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 3

1.   Go dtí go dtiocfaidh gníomh reachtach sonrach lena rialófar glacadh na mbeart a liostaítear i bpointí (a) go (i) thíos i bhfeidhm san Aontas, is é an Coimisiún a dhéanfaidh aon chinneadh ón Aontas na bearta sin a dhéanamh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i bhforálacha comhfhreagracha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)

cóir fhabhrach ábhartha an táirge/na dtáirgí lena mbaineann a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Airteagal GOODS.19 [Bearta i gcás sárú nó imchéimniú na reachtaíochta custaim] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(b)

bearta leighis a chur i bhfeidhm agus oibleagáidí a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Airteagal LPFOFCSD.3.12 [Bearta leighis] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(c)

bearta athchrothromúcháin agus frithbhearta a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach in Airteagal LPFOFCSD.9.4 [Athchothromú] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(d)

bearta leighis a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach in Airteagal ROAD.11 [Bearta leighis] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(e)

bearta cúitimh mar a leagtar amach in Airteagal FISH.9 [Bearta cúitimh i gcás rochtain a tharraingt siar nó a laghdú] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(f)

bearta leighis a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach in Airteagal FISH.14 [Bearta leighis agus réiteach díospóidí] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(g)

rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, mar a leagtar amach in Airteagal UNPRO.3.1 [ Rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gclár de chuid an Aontais á foirceannadh ag an Aontas Eorpach] agus Airteagal UNPRO.3.20 [Foirceannadh á dhéanamh ag an Aontas Eorpach ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gclár de chuid an Aontais] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(h)

cúiteamh sealadach a thairiscint nó a ghlacadh nó oibleagáidí a chur ar fionraí i gcomhthéacs comhlíonadh ag eascairt as nós imeachta eadrána nó painéil saineolaithe faoi Airteagal INST.24 [Leigheasanna Sealadacha] den Chomhaontú Trádála agus Comhair, seachas mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3);

(i)

na bearta coimirce agus na bearta athchothromúcháin a leagtar amach in Airteagal INST.36 [Bearta coimirce] den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle go hiomlán ar an eolas in am trátha go bhfuil sé ar intinn aige na bearta dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, d’fhonn malartú tuairimí fóinteach sa Chomhairle a cheadú. Déanfaidh an Coimisiún na tuairimí a chuirtear in iúl a chur san áireamh go hiomlán. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin, de réir mar is iomchuí.

3.   I gcás ina mbeidh ábhar imní ar leith ann do Bhallstát amháin nó níos mó, féadfaidh an Ballstát sin nó na Ballstáit sin a iarraidh ar an gCoimisiún na bearta dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh. Mura dtabharfaidh an Coimisiún freagairt dhearfach ar iarraidh den sórt sin, cuirfidh sé na cúiseanna atá aige in iúl don Chomhairle in am trátha.

4.   Féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh freisin lena gcuirfear ar ais na cearta agus na hoibleagáidí faoin gComhaontú Trádála agus Comhair mar a bhí siad ann sular glacadh na bearta dá dá dtagraítear i mír 1. Beidh feidhm ag míreanna 2 agus 3 mutatis mutandis.

5.   Sula nglacfar gníomh reachtach sonrach lena rialaítear glacadh na mbeart dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar na socruithe a leagtar amach san Airteagal seo.

Airteagal 4

I gcás ina n-ardaíonn Ballstát amháin nó níos mó deacracht shubstainteach a thiocfaidh as cur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, go háirithe maidir le hiascaigh, scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh sin mar ábhar tosaíochta agus cuirfidh sé an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle Comhpháirtíochta, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach sa Chomhaontú Trádála agus Comhair. I gcás nach bhfuarthas aon réiteach sásúil, tabharfar aghaidh ar an ábhar sin laistigh den tréimhse ama is luaithe is féidir, i gcomhthéacs na n-athbhreithnithe dá bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair. I gcás ina leanann an deacracht sin ar aghaidh, déanfar na bearta is gá d'fhonn comhaontú lena ndéantar na leasuithe is gá ar an gComhaontú Trádála agus Comhair a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích.

Airteagal 5

1.   Údarófar don Choimisiún aon chinneadh a ghlacadh, thar ceann an Aontais, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

aitheantas coibhéise a dheimhniú nó a chur ar fionraí tar éis athmheasúnú na coibhéise atá le déanamh faoin 31 Nollaig 2023 i gcomhréir le mír 3 d’Airteagal 3 [Coibhéis a aithint] d’Iarscríbhinn TBT-4 [Táirgí Orgánacha] a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair;

(b)

aitheantas coibhéise a chur ar fionraí i gcomhréir le míreanna 5 agus 6 d’Airteagal 3 [Coibhéis a aithint] d’Iarscríbhinn TBT-4 [Táirgí Orgánacha] a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair;

(c)

glacadh le doiciméid oifigiúla Dea-Chleachtais Mhonaraíochta arna n-eisiúint ag údarás de chuid na Ríochta Aontaithe le haghaidh saoráidí monaraíochta atá lonnaithe lasmuigh de chríoch an údaráis eisiúna agus cinneadh a dhéanamh maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha faoina nglacann an tAontas leis na doiciméid oifigiúla Dea-Chleachtais Mhonaraíochta i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 d’Airteagal 5 [Cigireachtaí a aithint] d’Iarscríbhinn TBT-2 [Táirgí Íocshláinte] a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair;

(d)

aon socruithe cur chun feidhme is gá a ghlacadh chun doiciméid oifigiúla Dea-Chleachtais Mhonaraíochta a mhalartú le húdarás de chuid na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 6 [Doiciméid oifigiúla GMP a mhalartú] d’Iarscríbhinn TBT-2 [Táirgí Íocshláinte] a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus chun faisnéis a mhalartú le húdarás de chuid na Ríochta Aontaithe i ndáil le cigireachtaí ar shaoráidí monaraíochta faoi Airteagal 7 [Coimircí] den Iarscríbhinn sin;

(e)

aitheantas cigireachtaí nó glacadh doiciméad oifigiúil Dea-Chleachtais Mhonaraíochta arna n-eisiúint ag an Ríocht Aontaithe a chur ar fionraí agus fógra a thabhairt don Ríocht Aontaithe go bhfuil sé ar intinn aige Airteagal 9 [Fionraí] d’Iarscríbhinn TBT-2 [Táirgí Íocshláinte] a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a chur i bhfeidhm agus dul i mbun comhairliúchán leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le mír 3 d’Airteagal 8 [Athruithe ar an reachtaíocht is infheidhme] den Iarscríbhinn sin;

(f)

aitheantas cigireachtaí nó glacadh doiciméad oifigiúil Dea-Chleachtais Mhonaraíochta an Pháirtí eile a chur ar fionraí go hiomlán nó i bpáirt, i gcás na dtáirgí uile nó cuid de na táirgí atá liostaithe i bhFoscríbhinn C a ghabhann le hIarscríbhinn TBT-2 [Táirgí Íocshláinte] a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, i gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 9 [Fionraí] den Iarscríbhinn sin.

2.   Beidh feidhm ag míreanna 2, 3 agus 4 d’Airteagal 3.

Airteagal 6

1.   Tugtar de chumhacht do na Ballstáit na socruithe dá dtagraítear i mír 4 d’Airteagal AIRTRN.3 [Cearta tráchta] den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

déanfar na socruithe sin chun na críche a leagtar síos i mír 4 d’Airteagal AIRTRN.3 [Cearta tráchta] den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus chun na críche sin amháin agus i gcomhréir lena théarmaí, agus ní rialóidh siad aon ábhair eile cibé acu a thagann nó nach dtagann na hábhair sin faoi raon feidhme Theideal I de Cheannteideal a Dó de Chuid a Dó [Aeriompar] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(b)

ní dhéanfaidh na socruithe sin idirdhealú idir aeriompróirí de chuid an Aontais.

Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8 den Chinneadh seo.

2.   Tugtar de chumhacht do na Ballstáit na húdaruithe dá dtagraítear i mír 9 d’Airteagal AIRTRN.3 [Cearta tráchta] den Chomhaontú Trádála agus Comhair a dheonú faoi réir théarmaí an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus i gcomhréir le forálacha infheidhme an Aontais agus an dlí náisiúnta. Agus na húdaruithe sin á ndeonú acu, ní dhéanfaidh na Ballstáit idirdhealú idir aeriompróirí de chuid an Aontais.

3.   Tugtar de chumhacht do na Ballstáit na socruithe dá dtagraítear i mír 9 d’Airteagal AIRTRN.3 [Cearta tráchta] den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

déanfar na socruithe sin chun na críche a leagtar síos i mír 9 d’Airteagal AIRTRN.3 [Cearta tráchta] den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus chun na críche sin amháin agus i gcomhréir lena théarmaí, agus ní rialóidh siad aon ábhair eile cibé acu a thagann nó nach dtagann na hábhair sin faoi raon feidhme Theideal I de Cheannteideal a Dó de Chuid a Dó [Aeriompar] den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(b)

ní dhéanfaidh na socruithe sin idirdhealú idir aeriompróirí de chuid an Aontais.

Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8 den Chinneadh seo.

Airteagal 7

Tugtar de chumhacht do na Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 41 den Phrótacal maidir le comhar riaracháin agus an comhrac in aghaidh na calaoise i réimse na Cánach Breisluacha agus maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha agus dleachtanna a ghnóthú nó i réimse chomhordú na slándála sóisialta a mhéid a bhaineann le hábhair nach gcumhdaítear leis an bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

beidh an comhaontú a bheartaítear ag luí le feidhmiú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair nó an mhargaidh inmheánaigh, agus ní bhainfidh sé an bonn díobh;

(b)

beidh an comhaontú a bheartaítear ag luí le dlí an Aontais, agus ní chuirfear gnóthú cuspóra de chuid ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais i mbaol sa réimse lena mbaineann leis ná ní dhéanfar dochar leis ar dhóigh eile do leasanna an Aontais;

(c)

comhlíonfaidh an comhaontú a bheartaítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhíthin náisiúntachta a chumhdaítear in CFAE.

Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8 den Chinneadh seo.

Airteagal 8

1.   Gach Ballstát a bhfuil sé ar intinn aige socrú déthaobhach mar a thagraítear don mhéid sin in Airteagal 6(1) agus (3) nó comhaontú déthaobhach mar a thagraítear don mhéid sin in Airteagal 7 a chaibidil, coinneoidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir leis na socruithe nó na comhaontuithe sin agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sé ar an gCoimisiún páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht mar bhreathnóir.

2.   Ar an gcaibidlíocht a thabhairt chun críche, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an dréachtshocrú nó an dréachtchomhaontú a eascraíonn aisti faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi sin gan mhoill.

3.   Tráth nach déanaí ná 3 mhí ón dréachtsocrú nó an dréachtchomhaontú a fháil, déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoi cibé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) nó (3) nó sa chéad fhomhír d'Airteagal 7, á gcomhlíonadh. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann an socrú nó an comhaontú lena mbaineann a shíniú agus a thabhairt i gcrích.

4.   Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann cóip den socrú nó den chomhaontú don Choimisiún laistigh d’aon mhí amháin tar éis a theacht i bhfeidhm nó, i gcás ina mbeidh an socrú nó an comhaontú le cur i bhfeidhm go sealadach, laistigh d’aon mhí amháin ó thosach a chur i bhfeidhm shealadaigh.

Airteagal 9

Na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu comhaontuithe déthaobhacha a chaibidil agus a thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i réimsí nach gcumhdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, déanfaidh siad, le lánurraim do phrionsabal an chomhair dhílis, an Coimisiún a chur ar an eolas in am trátha faoina bhfuil ar intinn acu agus faoi dhul chun cinn na caibidlíochta.

Airteagal 10

Ní dochar feidhmiú inniúlacht an Aontais tríd an gComhaontú Trádála agus Comhair d'inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i ndáil le haon chaibidlíocht atá ar siúl nó a bheidh ar siúl sa todhchaí le haghaidh comhaontuithe idirnáisiúnta le haon tríú tír eile nó maidir lena síniú nó a dtabhairt i gcrích, nó i ndáil le aon chaibidlíocht a bheidh ar siúl sa todhchaí le haghaidh aon chomhaontuithe forlíontacha dá dtagraítear in Airteagal COMPROV.2 [Comhaontuithe forlíontacha] den Chomhaontú Trádála agus Comhair nó maidir lena síniú nó a dtabhairt i gcrích.

Airteagal 11

Leis seo údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú a dtabharfar de chumhacht dó nó dóibh na Comhaontuithe a shíniú thar ceann an Aontais.

Airteagal 12

1.   Faoi réir na cómhalartachta, déanfar na Comhaontuithe a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach amhail ón 1 Eanáir 2021, go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

2.   Tabharfaidh an tAontas fógra don Ríocht Aontaithe gur tugadh chun críche na ceanglais agus na nósanna imeachta inmheánacha de chuid an Aontais is gá don chur i bhfeidhm sealadach sin, ar choinníoll go mbeidh fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Aontas, roimh an dáta dá dtagraítear i mír 1, gur tugadh chun críche na ceanglais agus na nósanna imeachta inmheánacha dá cuid is gá don chur i bhfeidhm sealadach.

3.   Beidh na leaganacha de na Comhaontuithe sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris faoi réir athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach.

Déanfar na leaganacha teanga ar toradh iad ar an athbhreithniú dlítheangeolaíoch dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú mar leaganacha barántúla críochnaitheacha trí mhalartú nótaí taidhleoireachta leis an Ríocht Aontaithe.

Cuirfear na téacsanna barántúla críochnaitheacha dá dtagraítear sa dara fomhír in ionad na leaganacha sínithe de na Comhaontuithe ab initio.

4.   Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear i mír 2 agus tíolacfaidh sé an nóta taidhleoireachta dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 3.

Airteagal 13

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra nó na fógraí dá bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair agus in Airteagal 19 den Chomhaontú maidir le Slándáil Faisnéise.

Airteagal 14

Na Dearbhuithe agus na Fógraí atá i gceangal leis an gCinneadh seo, déanfar iad a fhormheas thar ceann an Aontais.

Airteagal 15

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Nollaig 2020

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).

(2)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/266 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhaontú nua comhpháirtíochta (IO L 58, 27.2.2020, lch. 53).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d'fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 189 27.6.2014, lch. 50).


31.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 444/11


CINNEADH (Euratom) 2020/2253 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Nollaig 2020

lena bhformheastar an Coimisiún Eorpach do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh Comhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach, agus an Coimisiún Eorpach do thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’), agus go háirithe an dara mír d’Airteagal 101 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Feabhra 2020, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe maidir le comhaontú nua comhpháirtíochta. Ba é an toradh a bhí ar an gcaibidlíocht sin Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise’), agus Comhaontú idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh Comhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach, (‘an Comhaontú maidir le Fuinneamh Núicléach’) (‘na Comhaontuithe’).

(2)

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, cuimsítear ábhair a thagann faoi inniúlachtaí an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhphobal’), eadhon an comhlachas le clár Taighde agus Oiliúna Euratom agus leis an gComhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt arna rialú le Cuid a Cúig den Chomhaontú Trádála agus Comhair (Rannpháirtíocht i gcláir an Aontais, bainistíocht fhónta airgeadais agus forálacha airgeadais). Ba cheart, dá bhrí sin, an Comhaontú Trádála agus Comhair a thabhairt i gcrích freisin thar ceann an Chomhphobail a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (‘Conradh Euratom’). Tá síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair thar ceann an Aontais Eorpaigh faoi réir nós imeachta ar leithligh.

(3)

Meabhraítear go bhféadfar dréachtchomhaontuithe déthaobhacha idir Ballstát den Chomhphobal agus an Ríocht Aontaithe faoi réim Chonradh Euratom, lena n-áirítear comhaontuithe maidir le faisnéis eolaíoch nó thionsclaíoch a mhalartú sa réimse núicléach, a thabhairt i gcrích ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha agus na ceanglais nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 29 agus 103 den Chonradh sin.

(4)

I bhfianaise staid eisceachtúil na Ríochta Aontaithe i dtaca leis an Aontas agus leis an gComhphobal, agus i bhfianaise a phráinní atá an staid maidir leis an idirthréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2020, ba cheart an Comhaontú Trádála agus Comhair, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, a shíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart an Comhaontú maidir le Fuinneamh Núicléach a shíniú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus go dtí go gcríochnófar an t-athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach agus go mbunóidh na Páirtithe na leaganacha teanga sin agus athbhreithniú críochnaitheach déanta orthu mar leaganacha barántúla críochnaitheacha.

(5)

Ós rud gur go fíordhéanach, díreach 7 lá roimh dheireadh na hidirthréimhse, a tugadh chun críche an chaibidlíocht maidir leis na Comhaontuithe, ní rabhthas in ann dul ar aghaidh leis an athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach ar théacsanna na gComhaontuithe sular síníodh iad. Dá bhrí sin, ag tosú díreach tar éis shíniú na gComhaontuithe, ba cheart do na Páirtithe dul ar aghaidh leis an athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach ar théacsanna na gComhaontuithe sna 24 theanga bharántúla ar fad. Ba cheart an t-athbhreithniú dlítheangeolaíoch sin a thabhairt chun críche in am trátha. Ba cheart do na Páirtithe, ansin, trí mhalartú nótaí taidhleoireachta, téacsanna na gComhaontuithe sin sna teangacha sin ar fad, agus athbhreithniú déanta orthu, a bhunú mar théacsanna barántúla críochnaitheacha. Ba cheart na téacsanna athbhreithnithe sin a chur ab initio in ionad na leaganacha sínithe de na Comhaontuithe.

(6)

Ba cheart an Coimisiún do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Fuinneamh Núicléach a fhormheas.

(7)

Ba cheart an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo formheastar an Coimisiún do thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh Comhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2.

2.   Leis seo formheastar an Coimisiún Eorpach do thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, lena n-áirítear a fhorálacha maidir le cur i bhfeidhm sealadach, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3.

3.   Tá téacs an Chomhaontaithe dá dtagraítear i mír 1 i gceangal leis an gCinneadh seo.

Tá téacs an Chomhaontaithe dá dtagraítear i mír 2 i gceangal le Cinneadh (AE) 2020/2252 ón gComhairle (1).

Airteagal 2

1.   Sula dtabharfar i gcrích é agus faoi réir na cómhalartachta, síneofar an Comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus cuirfear i bhfeidhm é ar bhonn sealadach amhail ón 1 Eanáir 2021, go dtí go gcuirfear i gcrích na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus faoi réir na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 2.

2.   Beidh na leaganacha de na Comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 1(1) sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris faoi réir athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach.

Déanfar na leaganacha teanga ar toradh iad ar an athbhreithniú dlítheangeolaíoch dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú mar leaganacha barántúla críochnaitheacha trí mhalartú nótaí taidhleoireachta leis an Ríocht Aontaithe.

Cuirfear na téacsanna barántúla críochnaitheacha dá dtagraítear sa dara fomhír in ionad na leaganacha sínithe den Chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1(1) ab initio.

3.   Comhaontófar an cur i bhfeidhm sealadach dá dtagraítear i mír 1 trí mhalartú litreacha idir an Comhphobal agus Rialtas na Ríochta Aontaithe. Tá téacs na litreacha sin i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

1.   Sula dtabharfar i gcrích é agus faoi réir na cómhalartachta, síneofar an Comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1(2), a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi Chonradh Euratom, agus cuirfear i bhfeidhm é ar bhonn sealadach amhail ón 1 Eanáir 2021, go dtí go gcuirfear i gcrích na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

2.   Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí an fógra i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Chinneadh (AE) 2020/2252 gur tugadh chun críche na ceanglais agus nósanna imeachta inmheánacha de chuid an Aontais is gá don chur i bhfeidhm sealadach ar choinníoll go mbeidh fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe don Aontas, roimh an dáta dá dtagraítear i mír 1, gur tugadh chun críche na ceanglais agus na nósanna imeachta inmheánacha dá cuid is gá don chur i bhfeidhm sealadach.

3.   Beidh na leaganacha den Chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1(2) sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris faoi réir athbhreithniú dlítheangeolaíoch críochnaitheach.

Déanfar na leaganacha teanga ar toradh iad ar an athbhreithniú dlítheangeolaíoch dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhunú mar leaganacha barántúla críochnaitheacha trí mhalartú nótaí taidhleoireachta leis an Ríocht Aontaithe.

Cuirfear na téacsanna barántúla críochnaitheacha dá dtagraítear sa dara fomhír in ionad na leaganacha sínithe den Chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1(2) ab initio.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Nollaig 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh (AE) 2020/2252 an 29 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 444, 31.12.2020, lch. 2).


31.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 444/14


COMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE

 


31.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 444/1463


COMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A MHÉID A BHAINEANN LE NÓSANNA IMEACHTA SLÁNDÁLA MAIDIR LE FAISNÉIS RÚNAICMITHE A MHALARTÚ AGUS A CHOSAINT

 


31.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 444/1475


Na dearbhuithe dá dtagraítear sa Chinneadh ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair agus an Chomhaontaithe a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE COMHAR RIALÁLA SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN RÍOCHT AONTAITHE

1.

Comhaontaíonn an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhar rialála struchtúrtha a bhunú maidir le seirbhísí airgeadais, chun caidreamh marthanach cobhsaí a bhunú idir dlínsí uathrialacha. Tá na socruithe sin bunaithe ar chomhthiomantas chun cobhsaíocht airgeadais, sláine an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí a chaomhnú, agus fágfaidh siad go bhféadfar an méid seo a leanas a dhéanamh:

malartuithe déthaobhacha tuairimí agus anailíse a bhaineann le tionscnaimh rialála agus saincheisteanna eile leasa;

trédhearcacht agus idirphlé iomchuí sa phróiseas maidir le cinntí coibhéise a ghlacadh, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar; agus

comhar feabhsaithe agus comhordú feabhsaithe, lena n-áirítear i gcomhlachtaí idirnáisiúnta de réir mar is iomchuí.

2.

Faoi Mhárta 2021, tiocfaidh an dá Pháirtí ar chomhaontú maidir le Meabhrán Tuisceana lena mbunófar an creat don chomhar seo. Déanfaidh na Páirtithe plé, inter alia , ar an mbealach is fearr chun dul chun cinn a dhéanamh ar an dá thaobh le cinntí coibhéise idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, gan dochar don phróiseas cinnteoireachta aontaobhach uathrialach a bhaineann le gach taobh.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH POLAITIÚIL MAIDIR LE CUR I gCOINNE CÓRAS CÁNACH DÍOBHÁLACH

Tacaíonn an tAontas Eorpach (1)agus an Ríocht Aontaithe ( 'na Rannpháirtithe') leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil seo a leanas maidir le Cur i gCoinne Córas Cánach Díobhálach.

Dearbhaíonn na Rannpháirtithe, agus iad ag tabhairt aire ar na Prionsabail Dhomhanda maidir le hiomaíochas cothrom cánach, a dtiomantas do chur i gcoinne chóras cánach díobhálach, go háirithe na córais a d'fhéadfadh creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis a éascú i gcomhréir le Gníomh 5 de Phlean Gníomhaíochta ECFE um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS). Sa chomhthéacs sin, dearbhaíonn na Rannpháirtithe a dtiomantas do na prionsabail maidir le cur i gcoinne córas cánach díobhálach a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil seo.

Le córais chánach dhíobhálacha cumhdaítear córais cánachais ghnó a dhéanfaidh difear, nó a d'fhéadfadh difear a dhéanamh, ar bhealach suntasach do shuíomh na gníomhaíochta gnó, lena n-áirítear suíomh grúpaí cuideachtaí, laistigh de na Rannpháirtithe. Le córais chánach áirítear dlíthe nó rialacháin agus cleachtais riaracháin.

Má chomhlíonann córas cánach critéar na tairsí maidir le leibhéal éifeachtach cánachais atá i bhfad níos ísle, ná na leibhéil sin a bhfuil feidhm acu go ginearálta sna Rannpháirtithe, ba cheart a mheas go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh dó. Féadfaidh leibhéal cánachais den sórt sin oibriú de bhua an ráta cánach ainmniúil, an bhoinn cánach nó aon toisc ábhartha eile.

Sa chomhthéacs sin, agus an cur chuige a leagtar amach ar leibhéal domhanda á chur san áireamh, agus measúnú á dhéanamh an bhfuil córas cánachais gnó den sórt sin díobhálach, ba cheart a chur san áireamh an bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na príomhghnéithe seo a leanas:

a)

an ndéanfar buntáistí a imfhálú ón ngeilleagar baile, sa chaoi nach ndéanfaidh siad difear don bhonn cánach náisiúnta, nó an dtabharfar buntáistí do neamhchónaitheoirí agus do neamhchónaitheoirí amháin;

b)

an ndeonófar buntáistí fiú mura n-éileoidh córas aon ghníomhaíocht eacnamaíoch shubstaintiúil agus gláithreacht eacnamaíoch shubstaintiúil laistigh den Pháirtí a thairgfeadh buntáistí cánach den sórt sin;

c)

maidir leis na rialacha le haghaidh cinneadh brabúis i leith gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa ilnáisiúnta cuideachtaí, an imeoidh siad ó phrionsabail a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, go háirithe na rialacha a comhaontaíodh laistigh de ECFE;

d)

an bhfuil easpa trédhearcachta sna córais chánach, lena n-áirítear i gcás ina maolaítear forálacha dlíthiúla ar leibhéal riaracháin ar bhealach neamh-thrédhearcach nó i gcás nach bhfuil aon mhalartú éifeachtach faisnéise ann maidir leis an gcóras sin.

Ba cheart do na Rannpháirtithe, faoi chuimsiú a socruithe bunreachtúla, cur i bhfeidhm na bprionsabal sin a spreagadh sna críocha a bhfuil freagrachtaí speisialta orthu nó sainchumais chánachais acu ina leith.

Ba cheart idirphlé bliantúil a bheith ag na Rannpháirtithe chun saincheisteanna maidir le cur i bhfeidhm na bprionsabal sin a phlé.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH ÓN AONTAS EORPACH AGUS ÓN RÍOCHT AONTAITHE MAIDIR LE BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA AGUS RIALÚ FÓIRDHEONTAIS

Deimhníonn na Páirtithe a dtuiscint fhrithpháirteach nach dtagann gníomhaíochtaí a dhéanann banc ceannais agus beartais airgeadaíochta á saothrú acu faoi raon feidhme Chaibidil 3 [Rialú fóirdheontais] de Theideal XI [Cothrom iomaíochta ar mhaithe le hiomaíocht atá oscailte agus cothrom agus forbairt inbhuanaithe] de Cheannteideal a hAon [Trádáil] de Chuid a Dó den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE BEARTAIS UM RIALÚ FÓIRDHEONTAIS

Formhuiníonn an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ('na Rannpháirtithe') an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil seo a leanas maidir le Beartais um Rialú Fóirdheontais.

Is ionann an treoir sa dearbhú comhpháirteach seo agus tuiscint chomhroinnte na Rannpháirtithe ar na beartais fóirdheontais iomchuí sna réimsí atá leagtha amach thíos.

Cé nach bhfuil sé ceangailteach ar na Rannpháirtithe, féadfaidh siad an treoir seo a chur san áireamh ina gcórais rialaithe fóirdheontais faoi seach.

Féadfaidh na Rannpháirtithe comhaontú ar an treoir seo a thabhairt cothrom le dáta.

Fóirdheontais le haghaidh forbairt limistéar faoi mhíbhuntáiste

1.

Féadfar fóirdheontais a dheonú chun limistéir nó réigiúin díothacha nó faoi mhíbhuntáiste a fhorbairt. Agus méid an fhóirdheontais á chinneadh féadfar an méid seo a leanas a chur san áireamh:

staid shocheacnamaíoch an limistéir faoi mhíbhuntáiste lena mbaineann;

méid an tairbhí; agus

méid an tionscadail infheistíochta.

2.

Ba cheart don tairbhí a ranníocaíocht shubstaintiúil féin leis na costais infheistíochta a sholáthar. Níor chóir go mbeadh sé mar phríomhchuspóir ná mar phríomhéifeacht ag an bhfóirdheontas an tairbhí a dhreasú chun an ghníomhaíocht chéanna nó gníomhaíocht chomhchosúil a aistriú ó chríoch Páirtí amháin go críoch an Pháirtí eile.

Iompar

1.

Féadfar fóirdheontais a dheonú d'aerfoirt le haghaidh infheistíochtaí bonneagair agus costais oibriúcháin agus méid an aerfoirt ó thaobh líon bliantúil iomlán an tráchta paisinéirí á gcur san áireamh. Chun fóirdheontais a fháil chun costais oibriúcháin a mhaoiniú, ba cheart d'aerfort, seachas aerfort réigiúnach beag, a léiriú go bhfuil sé in ann a inmharthanacht amach anseo a áirithiú laistigh de thréimhse ama a cheadódh deireadh a chur de réir a chéile leis an bhfóirdheontas.

2.

Féadfar fóirdheontais ar thionscadail bonneagair bóithre a dheonú mura bhfuil siad deartha go roghnaitheach chun tairbhe do ghníomhaí nó d'earnáil eacnamaíoch aonair, ach, ina ionad sin, sochair a sholáthar don tsochaí i gcoitinne. Agus an fóirdheontas á dheonú, ba cheart a áirithiú go bhfuil rochtain oscailte ar bhonneagar ar fáil do gach úsáideoir ar bhonn neamh-idirdhealaitheach (2).

3.

Féadfar fóirdheontais ar chalafoirt a dheonú le haghaidh dreidireachta nó le haghaidh tionscadal bonneagair má tá siad teoranta don íosmhéid is gá chun tús a chur leis an tionscadal.

Taighde agus forbairt

Féadfar fóirdheontais a dheonú le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus forbartha (3). Áirítear leis sin taighde bunúsach, taighde tionsclaíoch agus forbairt thurgnamhach, go háirithe forbairt teicneolaíochta nua agus an-nuálaíoch lena spreagtar fás táirgiúlachta agus iomaíochas, má tá siad riachtanach, comhréireach, agus nach bhfuil sé mar phríomhchuspóir ná mar phríomhéifeacht acu gníomhaíochtaí den sórt sin a aistriú nó a dhúnadh i gcríoch an Pháirtí eile. Féadfar fóirdheontais a dheonú freisin i ndáil le tionscnaimh eile, amhail le haghaidh próiseas táirgthe nua, bonneagar ábhartha, braislí nuálaíochta agus moil dhigiteacha. Ba cheart go léireofaí le méid an fhóirdheontais, i measc fachtóirí eile, an riosca agus an méid nuálaíochta teicneolaíochta atá i gceist leis an tionscadal, cé chomh gar is atá an tionscadal don mhargadh agus rannchuidiú an tionscadail le táirgeadh eolais.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH ÓN AONTAS AGUS ÓN RÍOCHT AONTAITHE MAIDIR LE hIARSCRÍBHINN ENER-4

Maidir leis an gcuspóir an leas is fearr is féidir a bhaint as na tairbhí trádála dá dtagraítear in Iarscríbhinn ENER-4, tuigeann na Páirtithe go gciallaíonn sin, laistigh de na srianta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, gur cheart:

na socruithe trádála a bheith chomh héifeachtúil agus is féidir; agus

sreabha a théann trasna idirnascairí leictreachais atá comhsheasmhach leis na praghsanna i margaí lá roimh ré na bPáirtithe a bheith de thoradh na socruithe trádála sin, sa ghnáthshaol.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE hAIRTEAGAL EXC.1 [EISCEACHTAÍ GINEARÁLTA] AGUS AIRTEAGAL EXC.4 [EISCEACHTAÍ SLÁNDÁLA]

Dearbhaíonn na Páirtithe a gcomhthuiscint faoin méid seo a leanas:

1.

Níl Airteagal EXC.1 [Eisceachtaí Ginearálta] agus Airteagal EXC.4 [Eisceachtaí Slándála] comheisiach. Go háirithe, níl sé curtha as an áireamh go gcáilíonn leas slándála Páirtí go comhuaineach mar leas 'slándála riachtanach' chun críocha Airteagal EXC.4 [Eisceachtaí Slándála] agus mar ábhar 'slándála poiblí' nó 'oird phoiblí chun críocha Airteagal EXC.1 [Eisceachtaí Ginearálta].

2.

Déanfar Airteagal EXC.1 [Eisceachtaí ginearálta] agus Airteagal EXC.4 [Eisceachtaí Slándála], lena n-áirítear go háirithe na téarmaí 'leasanna bunúsacha slándála', 'slándáil phoiblí', 'an mhoráltacht phoiblí' agus 'ord poiblí' a léirmhíniú i gcomhréir le rialacha léirmhínithe an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, mar a leagtar amach in Airteagal COMPROV.13 [Léirmhíniú] agus in Airteagal OTH.[4a] [Cásdlí EDT].

DEARBHÚ POLAITIÚIL COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE TARLÓIRÍ BÓTHAIR

Tugann na Páirtithe dá n-aire cé nach bpléann an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe le socruithe víosa nó le socruithe teorann le haghaidh tarlóirí bóthair a oibríonn i gcríoch an pháirtí eile, go bhfuil sé tábhachtach socruithe víosa agus teorann le haghaidh tarlóirí bóthair a bhainistiú go maith agus go héifeachtúil le haghaidh gluaiseachta earraí, go háirithe trasna theorainn na Ríochta Aontaithe agus an Aontais.

Chuige sin, agus gan dochar do chearta gach Páirtí rialú a dhéanamh ar theacht isteach daoine nádúrtha, nó ar a bhfanacht shealadach ina chríoch, comhaontaíonn na Páirtithe iontráil agus fanacht shealadach tiománaithe a dhéanann na gníomhaíochtaí atá ceadaithe faoi Theideal I [Iompar earraí de bhóthar] de Cheannteideal a Trí [Iompar de bhóthar] de Chuid a Dó [Trádáil, iompar agus iascach] den Chomhaontú seo a éascú go hiomchuí laistigh dá ndlíthe faoi seach.

DEARBHÚ POLAITIÚIL COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE TEARMANN AGUS FILLEADH

Cé nach n-áirítear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe forálacha maidir le tearmann, filleadh, athaontú teaghlaigh do mhionaoisigh neamhthionlactha, nó imirce neamhdhleathach, tugann na Páirtithe dá n-aire a thábhachtaí atá sé sreabha imirce a bhainistiú go maith, agus aithníonn siad na cúinsí speisialta a eascraíonn as na socruithe rialaithe neasa, as seirbhísí farantóireachta rolladh ann-rolladh as, as Nasc Seasta Mhuir nIocht agus as an gComhlimistéar Taistil.

Chuige sin, tugann na Páirtithe dá n-aire go bhfuil sé ar intinn ag an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh i bplé déthaobhach leis na Ballstáit is mó lena mbaineann chun socruithe praiticiúla oiriúnacha a phlé maidir le tearmann, athaontú teaghlaigh do mhionaoisigh neamhthionlactha nó imirce neamhdhleathach, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin na bPáirtithe faoi seach.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH POLAITIÚIL MAIDIR LE TEIDEAL III [PNR] DE CHUID A TRÍ [FORFHEIDHMIÚ AN DLÍ AGUS COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA]

Maidir le húsáid éifeachtach a bhaint as Sonraí Taifid Ainmneacha Paisinéirí (PNR) i ndáil le modhanna iompair seachas eitiltí, amhail iompróirí de mhuir, d'iarnród agus de bhóthar, aithníonn na Páirtithe go bhfuil luach oibríochtúil ag baint leis an úsáid sin chun sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus dearbhaíonn siad go bhfuil rún acu an comhaontú ar thángthas air i dTeideal III de Chuid a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a athbhreithniú agus, más gá, síneadh a chur leis, má bhunaíonn an tAontas creat dlí inmheánach chun sonraí PNR a aistriú agus a phróiseáil le haghaidh modhanna iompair eile.

Ní dhéanann an Comhaontú difear don deis atá ag na Ballstáit agus ag an Ríocht Aontaithe comhaontuithe déthaobhacha a dhéanamh agus a oibriú maidir le córas chun sonraí PNR a bhailiú agus a phróiseáil ó sholáthraithe iompair seachas na soláthraithe iompair sin a shonraítear sa chomhaontú, ar choinníoll go ngníomhóidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH POLAITIÚIL MAIDIR LE TEIDEAL VII [TABHAIRT SUAS] DE CHUID A TRÍ [FORFHEIDHMIÚ AN DLÍ AGUS COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA]

Foráiltear le hAirteagal LAW.SURR.77 [Prionsabal na comhréireachta] de Theideal VII [Tabhairt suas] de Chuid a Trí [Forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla] nach mór comhar maidir leis an mbarántas gabhála a bheith riachtanach agus comhréireach, agus cearta an duine is faighteoir iarrata agus leasanna na n-íospartach á gcur san áireamh, ag féachaint do thromchúis an ghnímh, don phionós is dócha a d'fhorchuirfí, agus don fhéidearthacht go ndéanfadh Stát bearta nach bhfuil chomh comhéigneach leis an duine is faighteoir iarrata a thabhairt suas, go háirithe d'fhonn tréimhsí coinneála roimh an triail gan ghá a sheachaint.

Tá prionsabal na comhréireachta ábhartha i rith an phróisis a ndéanfar an cinneadh tabhartha suas a leagtar amach i dTeideal VII [Tabhairt Suas] dá thoradh. I gcás ina mbeidh imní ar an údarás breithiúnach forghníomhúcháin faoi phrionsabal na comhréireachta, iarrfaidh sé an fhaisnéis fhorlíontach is gá chun gur féidir leis an údarás breithiúnach eisiúna a thuairimí maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta a leagan amach.

Le hAirteagail LAW.SURR 77 [Prionsabal na comhréireachta] agus 93 [An cinneadh tabhartha suas], tugann an dá Pháirtí dá aire go gcumasaítear d'údaráis bhreithiúnacha inniúla na mBallstát prionsabal na comhréireachta agus fad féideartha na coinneála roimh an triail a chur san áireamh agus Teideal VII [Tabhairt Suas] á chur chun feidhme, agus tugann siad dá n-aire go bhfuil sin comhsheasmhach lena ndlíthe intíre féin.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH POLAITIÚIL MAIDIR LE TEIDEAL IX [FAISNÉIS FAOI THAIFID CHOIRIÚLA A MHALARTÚ] DE CHUID A TRÍ [FORFHEIDHMIÚ AN DLÍ AGUS COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA]

Aithníonn na Páirtithe go bhfuil sé tábhachtach faisnéis faoi chiontuithe coiriúla a bheith ann agus faoi aon dícháiliú ábhartha a eascraíonn as ciontuithe den sórt sin, maidir le daoine a earcaíonn siad le haghaidh gníomhaíochtaí deonacha gairmiúla nó eagraithe a bhfuil teagmháil dhíreach nó thráthrialta le daoine soghonta ag baint leo. Dearbhaíonn na Páirtithe go bhfuil rún acu Teideal IX [Faisnéis faoi thaifid choiriúla a mhalartú] de Chuid a Trí [Forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla] a athbhreithniú agus, más gá, síneadh a chur leis, má leasaíonn an tAontas a chreat dlíthiúil ina leith sin.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH ÓN AONTAS EORPACH AGUS ÓN RÍOCHT AONTAITHE MAIDIR LE FAISNÉIS RÚNAICMITHE A MHALARTÚ AGUS A CHOSAINT

Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé socruithe a dhéanamh a luaithe is féidir lena bhféadfar faisnéis rúnaicmithe a mhalartú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. I ndáil leis sin, déanfaidh na Páirtithe a ndícheall an chaibidlíocht maidir le socrú cur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Slándáil Faisnéise a thabhairt chun críche , a luaithe is indéanta le réasún, chun go mbeidh feidhm ag an gComhaontú maidir le Slándáil Faisnéise, de réir mar a cheanglaítear faoi Airteagal 19(2) den Chomhaontú. Idir an dá linn, féadfaidh na Páirtithe faisnéis rúnaicmithe a mhalartú i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin faoi seach.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT I gCLÁIR DE CHUID AN AONTAIS AGUS ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ CLÁR

Aithníonn na Páirtithe an tairbhe fhrithpháirteach a bhaineann le comhar i réimsí leasa choitinn, amhail an eolaíocht, an taighde agus an nuálaíocht, an taighde núicléach agus an spás núicléach. Chun comhar a spreagadh amach anseo sna réimsí sin, tá sé ar intinn ag na Páirtithe bonn foirmiúil a bhunú le haghaidh comhair amach anseo i bhfoirm rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sna cláir chomhfhreagracha de chuid an Aontais faoi choinníollacha cothroma agus iomchuí agus, i gcás inarb iomchuí, i bhfoirm rochtana ar sheirbhísí áirithe a sholáthraítear faoi chláir an Aontais.

Aithníonn na Páirtithe nach bhféadfaí téacs Phrótacal I 'Cláir agus gníomhaíochtaí ina nglacann an Ríocht Aontaithe páirt' lena mbunaítear comhlachas de chuid na Ríochta Aontaithe maidir le rannpháirtíocht i gcláir agus i ngníomhaíochtaí áirithe de chuid an Aontais, agus Prótacal II 'maidir le rochtain na Ríochta Aontaithe ar sheirbhísí áirithe arna soláthar faoi chláir agus gníomhaíochtaí an Aontais' a thabhairt chun críche le linn na caibidlíochta faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, toisc nach bhfuil an Creat Airgeadais Ilbhliantúil agus ionstraimí dlíthiúla comhfhreagracha an Aontais glactha go fóill tráth a síneofar an Comhaontú.

Dearbhaíonn na Páirtithe gur comhaontaíodh i bprionsabal na dréachtphrótacail a leagtar amach thíos agus go gcuirfear faoi bhráid an Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais iad lena bplé agus lena nglacadh. Forchoimeádann an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach a gceart chun athmhachnamh a dhéanamh ar rannpháirtíocht sna cláir, sna gníomhaíochtaí agus sna seirbhísí atá liostaithe i bPrótacal [I agus II] sula nglacfar iad, ós rud é go bhféadfadh sé go dtiocfadh athrú ar na hionstraimí dlí lena rialaítear cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais. D'fhéadfadh sé gur ghá na dréachtphrótacail a leasú freisin chun a áirithiú go gcomhlíonann siad na hionstraimí sin mar a glacadh iad.

Tá sé de rún daingean ag na Páirtithe go nglacfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais na Prótacail a luaithe is féidir ionas go bhféadfar iad a chur chun feidhme a luaithe is féidir, go háirithe leis an sprioc go mbeadh eintitis na Ríochta Aontaithe in ann a bheith rannpháirteach ó thús na gclár agus na ngníomhaíochtaí a shainaithneofar, agus á áirithiú go mbeidh socruithe agus comhaontuithe ábhartha i bhfeidhm, a mhéid is féidir agus i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais.

Meabhraíonn na Páirtithe freisin a dtiomantas do chlár PEACE+ a bheidh ina ábhar do chomhaontú maoinithe ar leith.

DRÉACHT-PHRÓTACAL I

Cláir agus gníomhaíochtaí ina nglacann an Ríocht Aontaithe páirt

Airteagal 1: Raon feidhme rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe

1.

Beidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i gcláir agus gníomhaíochtaí an Aontais, nó i gcodanna díobh, agus rannchuideoidh sí [ón 1 Eanáir 2021] leis na cláir agus leis na gníomhaíochtaí sin, arna mbunú leis na gníomhartha bunúsacha seo a leanas:

a)

Rialachán XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013, (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh 541/2014/AE (4), a mhéid a bhaineann sé leis na rialacha is infheidhme maidir leis an gcomhpháirt dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 3 den Rialachán sin; [Copernicus]

b)

Rialachán XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh (5), a mhéid a bhaineann sé leis na rialacha is infheidhme maidir leis na comhpháirteanna dá dtagraítear i mír 3(a) agus (aa) d'Airteagal 1 den Rialachán sin;

c)

Cinneadh XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gclár sonrach a bhunú chun Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a chur chun feidhme (6);

d)

Rialachán XXX ón gComhairle lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, Euratom, don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (7) ('Clár Euratom');

e)

Cinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle lena mbunaítear an Comhghnóthas Eorpach um ITER ('F4E') agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt agus buntáistí a thabhairt dó ('Cinneadh ón gComhairle F4E') (8).

Airteagal 2: Fad rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe

1.

Beidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i gcláir agus i ngníomhaíochtaí an Aontais, nó i gcodanna díobh, dá dtagraítear in Airteagal 1 [Raon feidhme rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe] ón [1 Eanáir 2021] ar feadh a ré nó ar feadh an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, cibé acu is giorra.

2.

Beidh eintitis na Ríochta Aontaithe nó na Ríochta Aontaithe incháilithe faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal UNPRO.1.4 [Comhlíonadh rialacha na gclár] , maidir le nósanna imeachta dámhachtana an Aontais, lena gcuirtear chun feidhme gealltanais bhuiséadacha na gclár agus na ngníomhaíochtaí nó codanna díobh, dá dtagraítear in Airteagal 1 [Raon feidhme rannpháirtíochta na Ríochta Aontaithe] laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad mhír den Airteagal seo.

3.

Déanfar an Prótacal seo a fhadú agus beidh feidhm aige don tréimhse 2026-2027 faoi na téarmaí agus na coinníollacha céanna do chomharba Chlár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, Euratom ('Clár Euratom'), mura rud é, laistigh de 3 mhí tar éis an clár comharba sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, go dtabharfaidh ceachtar Páirtí fógra faoina chinneadh gan an Prótacal seo a shíneadh chuig an gclár comharba sin. I gcás fógra den sórt sin, ní bheidh feidhm ag an bPrótacal seo amhail ón 1 Eanáir 2026 i leith comharba Chlár Euratom. Beidh an méid sin gan dochar do rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcláir agus i ngníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais, nó i gcodanna díobh.

Airteagal 3: Téarmaí agus coinníollacha sonracha rannpháirtíochta sa Chlár Spáis

1.

Faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus go háirithe Airteagal UNPRO.1.4 [Comhlíonadh rialacha an chláir], glacfaidh an Ríocht Aontaithe páirt i gcomhpháirt Copernicus den chlár Spáis agus bainfidh sí tairbhe as seirbhísí agus táirgí Copernicus ar an mbealach céanna le tíortha rannpháirteacha eile (9).

2.

Beidh rochtain iomlán ag an Ríocht Aontaithe ar Sheirbhís Bainistithe Éigeandála Copernicus. Beidh na módúlachtaí maidir le gníomhachtú agus úsáid faoi réir comhaontaithe shonraigh.

Leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le rochtain ar sheirbhísí den sórt sin sna comhaontuithe faoi seach lena n-áirítear i ndáil le hoibriú sonrach Airteagail UNPRO.3.1(4), UNPRO.3.2(4) agus UNPRO.3.3(5).

3.

Beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe, mar úsáideoir údaraithe, ar ghnéithe Sheirbhís Slándála Copernicus a mhéid a chomhaontófar an comhar idir na páirtithe sna réimsí beartais ábhartha. Beidh na módúlachtaí maidir le gníomhachtú agus úsáid faoi réir comhaontuithe sonracha.

Leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le rochtain ar sheirbhísí den sórt sin sna comhaontuithe faoi seach lena n-áirítear maidir le hoibriú sonrach Airteagail UNPRO.3.1(4), UNPRO.3.2(4) agus UNPRO.3.3(5).

4.

Chun críocha mhír 3, cuirfear tús leis an gcaibidlíocht idir eintitis na Ríochta Aontaithe nó na Ríochta Aontaithe agus an comhlacht ábhartha de chuid an Aontais a luaithe is féidir tar éis rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in Copernicus a bhunú sa Phrótacal seo agus i gcomhréir leis na forálacha lena rialaítear rochtain ar sheirbhísí den sórt sin.

I gcás ina gcuirfear moill shuntasach ar chomhaontú den sórt sin nó ina mbeadh sé dodhéanta é a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais scrúdú ar an mbealach chun rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in Copernicus agus a mhaoiniú a choigeartú, agus an staid sin á cur san áireamh.

5.

Rialófar rannpháirtíocht ionadaithe na Ríochta Aontaithe i gcruinnithe an Bhoird um Chreidiúnú Slándála leis na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le páirt a ghlacadh sa bhord sin, agus stádas na Ríochta Aontaithe mar thríú tír á chur san áireamh.

Airteagal 4: Téarmaí agus coinníollacha sonracha rannpháirtíochta sa Chlár Fís Eorpach

1.

Faoi réir Airteagal 6, beidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach mar thír chomhlachaithe i ngach cuid den chlár Fís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán XXX arna chur chun feidhme tríd an gclár sonrach arna bhunú le Cinneadh XXX maidir leis an gclár sonrach a bhunú lena gcuirfear chun feidhme Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus trí ranníocaíocht airgeadais leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008.

2.

Faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus go háirithe Airteagal UNPRO.1.4 [Comhlíonadh rialacha an chláir], féadfaidh eintitis na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) agus i ngníomhaíochtaí indíreacha faoi choinníollacha coibhéiseacha mar iad sin is infheidhme maidir le heintitis de chuid an Aontais.

3.

I gcás ina nglacfaidh an tAontas bearta chun Airteagail 185 agus 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus eintitis na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach sna struchtúir dhlíthiúla a chruthaítear faoi na forálacha sin, i gcomhréir leis na gníomhartha dlí de chuid an Aontais a bhaineann leis na struchtúir dhlíthiúla sin a bhunú.

4.

Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (10), arna leasú, agus Cinneadh XXX maidir leis an gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 2021-2027: Beidh feidhm ag Borradh a chur faoi Thallann agus faoi Chumas Nuálaíochta na hEorpa (11), mar atá arna leasú, maidir le rannpháirtíocht eintitis na Ríochta Aontaithe i bPobail Eolais agus Nuálaíochta i gcomhréir le hAirteagal UNPRO.1.4 [Comhlíonadh rialacha an chláir].

5.

I gcás ina mbeidh eintitis na Ríochta Aontaithe rannpháirteach i ngníomhaíochtaí díreacha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, beidh sé de cheart ag ionadaithe na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí ar Bhord Gobharnóirí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, gan cearta vótála. Faoi réir an choinníll sin, rialófar an rannpháirtíocht sin leis na rialacha agus na nósanna imeachta céanna is infheidhme maidir le hionadaithe na mBallstát, lena n-áirítear cearta labhartha agus nósanna imeachta maidir le faisnéis agus doiciméadacht a fháil i ndáil le pointe a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe.

6.

Chun an ranníocaíocht oibríochtúil de bhun Airteagal UNPRO.2.1(5) a ríomh, na leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí tosaigh arna n-iontráil i mbuiséad an Aontais arna ghlacadh go cinntitheach i leith na bliana is infheidhme chun Fís Eorpach a mhaoiniú, lena n-áirítear caiteachas tacaíochta an chláir, déanfar iad a mhéadú leis na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d'ioncam sannta seachtrach faoi [Airteagal XXX] de Rialachán [XXX] ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun tacú le téarnamh i ndiaidh phaindéim COVID-19 (12).

7.

Is iad na cearta ionadaíochta agus rannpháirtíochta sa Choiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus ina fhoghrúpaí na cearta is infheidhme maidir le tíortha comhlachaithe na cearta ionadaíochta agus rannpháirtíochta a bheidh ag an Ríocht Aontaithe.

8.

Féadfaidh an Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach i gCuibhreannas Bonneagair Taighde Eorpaigh ('ERIC') i gcomhréir leis na gníomhartha dlí lena mbunaítear ERIC agus a rannpháirtíocht sa chlár Fís 2020 á cur san áireamh i gcomhréir leis na téarmaí a bhfuil feidhm acu maidir leis an rannpháirtíocht sin díreach roimh theacht i bhfeidhm an Phrótacail seo agus lena rannpháirtíocht sa chlár Fís Eorpach mar a bhunaítear sa Phrótacal seo iad.

Airteagal 5: Modúlachtaí maidir le sásra ceartúcháin uathoibríoch a chur i bhfeidhm ar an gClár Fís Eorpach faoi Airteagal UNPRO.2.2 [Cláir a bhfuil feidhm ag sásra ceartúcháin uathoibríoch maidir leo]

1.

Beidh feidhm ag Airteagal UNPRO.2.2 [Cláir a bhfuil feidhm ag sásra ceartúcháin uathoibríoch maidir leo] maidir leis an gclár Fís Eorpach.

2.

Beidh feidhm ag na modúlachtaí seo a leanas:

a)

chun an ceartúchán uathoibríoch a ríomh, ciallaíonn 'deontais iomaíocha' deontais a bhronntar trí ghlaonna ar thograí ar féidir na tairbhithe deiridh a shainaithint tráth a ríomhtar an ceartú uathoibríoch, cé is moite de thacaíocht airgeadais do thríú páirtithe mar a shainmhínítear in Airteagal 204 den Rialachán Airgeadais (13) is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais;

b)

i gcás ina bhfuil gealltanas dlíthiúil sínithe le comhordaitheoir cuibhreannais, is iad na méideanna a úsáidfear chun méideanna tosaigh an ghealltanais dhlíthiúil dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal UNPRO2.2 [Cláir a bhfuil feidhm ag sásra ceartúcháin uathoibríoch maidir leo] na méideanna carnacha tosaigh a leithdháiltear sa ghealltanas dlíthiúil ar chomhaltaí cuibhreannais ar eintitis na Ríochta Aontaithe iad.

c)

Bunófar gach méid gealltanas dlíthiúil trí úsáid a bhaint as córas leictreonach ECORDA an Choimisiúin Eorpaigh;

d)

Ciallaíonn 'costais neamh-idirghabhálacha' costais cláir oibríochtúil seachas deontais iomaíocha, lena n-áirítear caiteachas tacaíochta, riarachán clár-shonrach, gníomhaíochtaí eile (14);

e)

measfar gur costais neamh-idirghabhálacha iad na méideanna a leithdháiltear ar eagraíochtaí idirnáisiúnta mar eintitis dhlíthiúla arb iad an tairbhí deiridh (15) iad.

3.

Cuirfear an sásra i bhfeidhm mar a leanas:

a)

Ceartúcháin uathoibríocha don bhliain N i ndáil le forghníomhú leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí don bhliain N, cuirfear i bhfeidhm iad bunaithe ar shonraí na bliana N agus bhliain N+1 ó eCORDA dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 i mbliain N+2 tar éis aon choigeartú de bhun Airteagal UNPRO.2.1(8) a chur i bhfeidhm maidir le ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe le Fís Eorpach. Is é an méid a bhreithneofar an méid deontas iomaíoch a bhfuil na sonraí ar fáil ina leith.

b)

Déanfar méid an cheartaithe uathoibríoch a ríomh tríd an difríocht idir na nithe seo a leanas a ghlacadh:

i)

méid iomlán na ndeontas iomaíoch sin arna gcionroinnt ar eintitis na Ríochta Aontaithe mar ghealltanais arna ndéanamh maidir le leithreasaí buiséadacha don bhliain N; agus

ii)

méid ranníocaíocht choigeartaithe na Ríochta Aontaithe don bhliain N arna iolrú faoin gcóimheas idir:

(A)

méid na ndeontas iomaíoch arna dtabhairt ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí don bhliain N le haghaidh an chláir seo, agus

(B)

iomlán na ngealltanas dlíthiúil uile a rinneadh maidir le leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí don bhliain N, lena n-áirítear caiteachas tacaíochta.

I gcás ina ndéantar aon choigeartú i gcásanna ina ndéantar eintitis na Ríochta Aontaithe a eisiamh, de bhun Airteagal UNPRO.2.1(8) a chur i bhfeidhm, ní áireofar na méideanna comhfhreagracha deontais iomaíocha sa ríomh.

Airteagal 6: Eisiamh ó Chiste na Comhairle Eorpaí Nuálaíochta

1.

Ní bheidh eintitis na Ríochta Aontaithe ná na Ríochta Aontaithe rannpháirteach i gCiste na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (CNE) arna bhunú faoi Fhís Eorpach. Is é Ciste CNE an ionstraim airgeadais atá mar chuid de Luasaire CNE Fís Eorpach a chuireann infheistíocht ar fáil trí chothromas nó trí fhoirm inaisíoctha eile (16).

2.

Amhail ón mbliain 2021, agus go dtí 2027, gach bliain, déanfar ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe le Fís Eorpach a choigeartú faoi mhéid a gheofar trí na méideanna measta le leithdháileadh ar thairbhithe Chiste CNE arna bhunú faoin gclár, cé is moite den mhéid a thagann as aisíocaíochtaí agus athshreabha, a iolrú faoin scála ranníocaíochta mar a shainítear in Airteagal UNPRO.2.1(6).

3.

I ndiaidh aon bhliain N ina ndearnadh coigeartú faoi mhír 2, coigeartófar ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe, sna blianta ina dhiaidh sin, suas nó ísliú, tríd an difríocht idir an méid measta arna leithdháileadh ar thairbhithe Chiste CNE, dá dtagraítear in Airteagal 6(2), agus an méid a leithdháiltear ar thairbhithe Chiste CNE i mbliain N, a iolrú faoin scála ranníocaíochta, mar a shainmhínítear in Airteagal UNPRO 2.1(6).

Airteagal 7: Téarmaí agus coinníollacha sonracha rannpháirtíochta i gClár Euratom

1.

Beidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach mar thír chomhlachaithe i ngach cuid de Chlár Euratom.

2.

Faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus go háirithe Airteagal UNPRO.1.4 [Comhlíonadh rialacha an chláir], féadfaidh eintitis de chuid na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach i ngach gné de Chlár Euratom faoi choinníollacha coibhéiseacha leis na coinníollacha is infheidhme maidir le heintitis dhlíthiúla Euratom.

3.

Féadfaidh eintitis na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí díreacha JRC i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Phrótacal seo.

Airteagal 8: Téarmaí agus coinníollacha sonracha maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an Chomhghnóthais Eorpaigh um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt, Comhaontú ITER agus an Comhaontú maidir le Cur Chuige Níos Leithne

1.

Beidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach mar chomhalta den Chomhghnóthas um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a fhorbairt (F4E) i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle F4E, agus a Reachtanna atá i gceangal léi ('Reachtanna F4E'), arna leasú go deireanach nó le leasú amach anseo, ag rannchuidiú leis an gcomhar eolaíoch agus teicneolaíoch a bheidh ann amach anseo i réimse an chomhleá núicléach rialaithe trí chomhlachas na Ríochta Aontaithe le Clár Euratom.

2.

Faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus go háirithe Airteagal UNPRO.1.4 [Comhlíonadh rialacha an cláir], féadfaidh eintitis na Ríochta Aontaithe a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí uile F4E faoi na coinníollacha céanna is infheidhme maidir le heintitis dhlíthiúla Euratom.

3.

Glacfaidh ionadaithe ón Ríocht Aontaithe páirt i gcruinnithe F4E i gcomhréir le Reachtanna F4E.

4.

I gcomhréir le hAirteagal 7 den Chinneadh ón gComhairle F4E, déanfaidh an Ríocht Aontaithe an Prótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal Eorpach a chur i bhfeidhm ar an gComhghnóthas, ar a Stiúrthóir agus ar a foireann i dtaca lena ngníomhaíochtaí de bhun Chinneadh Chomhairle F4E. gcomhréir le hAirteagal 8 den Chinneadh ón gComhairle F4E, déanfaidh an Ríocht Aontaithe freisin na buntáistí go léir dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IIa ghabhann le Conradh Euratom a thabhairt don Chomhghnóthas F4E laistigh de raon feidhme a gníomhaíochtaí oifigiúla.

5.

Comhaontaíonn na Páirtithe an méid seo a leanas:

a)

Beidh feidhm ag an gComhaontú maidir le hEagraíocht Idirnáisiúnta Fuinnimh Comhleá ITER a bhunú chun tionscadal ITER a chur chun feidhme go comhpháirteach (Comhaontú ITER) maidir le críoch na Ríochta Aontaithe, agus chun críocha chur i bhfeidhm an Airteagail seo, measfar gur comhaontú ábhartha chun críocha Airteagal 21 de Chomhaontú ITER é an Prótacal seo;

b)

Beidh feidhm ag an gComhaontú maidir le Pribhléidí agus Díolúintí Eagraíocht Idirnáisiúnta Fuinnimh Comhleá ITER do Chur Chun Feidhme Comhpháirteach Thionscadal ITER (Comhaontú maidir leis na Pribhléidí agus na Díolúintí) maidir le críoch na Ríochta Aontaithe, agus chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, measfar gur comhaontú ábhartha chun críocha Airteagal 24 den Chomhaontú ar na Pribhléidí agus ar na Díolúintí an Prótacal seo; agus

c)

Beidh feidhm ag an gComhaontú idir Euratom agus Rialtas na Seapáine maidir le cur chun feidhme comhpháirteach na nGníomhaíochtaí Cur Chuige Leathain i réimse an taighde ar fhuinneamh comhleá (Comhaontú Cur Chuige Níos Leithne) maidir le críoch na Ríochta Aontaithe, go háirithe na pribhléidí agus na díolúintí faoi Airteagail 13 agus 14.5, agus chun críocha chur i bhfeidhm an Airteagail seo, measfar gur comhaontú ábhartha é an Prótacal seo chun críocha Airteagal 26 den Chomhaontú maidir le Cur Chuige Níos Leithne.

6.

Cuirfidh Euratom an Ríocht Aontaithe ar an eolas má tá Comhaontú ITER, an Comhaontú maidir le Cur Chuige Níos Leithne nó an Comhaontú maidir leis na Pribhléidí agus na Díolúintí le leasú. Déanfar aon leasú a dhéanfadh difear do chearta nó d'oibleagáidí na Ríochta Aontaithe a phlé ina leith sin sa Choiste Speisialaithe um Rannpháirtíocht i gCláir an Aontais d'fhonn rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe a choigeartú don staid nua. Maidir le haon leasú a dhéanfadh difear do chearta agus d'oibleagáidí na Ríochta Aontaithe, tá gá le comhaontú foirmiúil na Ríochta Aontaithe sula ngabhfaidh éifeacht leis i ndáil leis an Ríocht Aontaithe.

7.

Féadfaidh Euratom agus an Ríocht Aontaithe teacht ar chomhaontú sonrach go bhféadfaidh eintitis dhlíthiúla atá bunaithe san Aontas a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na Ríochta Aontaithe a bhaineann leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag F4E.

Airteagal 9: Cómhalartacht

Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn 'eintiteas de chuid an Aontais' aon chineál eintitis, bíodh sé ina dhuine nádúrtha, ina dhuine dlítheanach nó ina eintiteas de chineál eile, a bhfuil cónaí air san Aontas nó atá bunaithe san Aontas.

Féadfaidh eintitis incháilithe de chuid an Aontais a bheith rannpháirteach i gcláir na Ríochta Aontaithe atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 1 [Raon feidhme rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe] den Phrótacal seo i gcomhréir le dlí agus rialacha na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 10: Maoin intleachtúil

Maidir leis na cláir agus na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 1 [Raon feidhme rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe] agus faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus go háirithe Airteagal UNPRO.1.4 [Comhlíonadh rialacha na gclár], beidh cearta agus oibleagáidí coibhéiseacha ag eintitis na Ríochta Aontaithe atá rannpháirteach i gcláir a chumhdaítear leis an bPrótacal seo, maidir le húinéireacht, saothrú agus scaipeadh faisnéise agus maoine intleachtúla a eascraíonn as rannpháirtíocht den sórt sin, mar eintitis atá bunaithe san Aontas atá rannpháirteach sna cláir agus sna gníomhaíochtaí i gceist. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir leis na torthaí a gheofar ó thionscadail ar tosaíodh orthu roimh an bPrótacal seo a chur chun feidhme.

DRÉACHT-PHRÓTACAL II

maidir le rochtain na Ríochta Aontaithe ar sheirbhísí arna mbunú faoi chláir agus gníomhaíochtaí áirithe de chuid an Aontais nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu

Airteagal:1 Raon feidhme na rochtana

Beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe ar na seirbhísí seo a leanas faoi na téarmaí agus na coinníollacha arna mbunú sa Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, sna bunghníomhartha agus in aon rialacha eile a bhaineann le cur chun feidhme na gclár agus na ngníomhaíochtaí ábhartha de chuid an Aontais:

a)

Seirbhísí Faireachais agus Rianaithe Spáis (SST) mar a shainmhínítear in Airteagal 54 de Rialachán XXX (17) [an Rialachán Spáis].

Go dtí go dtiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos coinníollacha an tríú tír do na trí sheirbhís SST atá ar fáil go poiblí, cuirfear seirbhísí SST dá dtagraítear in Airteagal 5.1 de Chinneadh 541/2014/AE ar fáil don Ríocht Aontaithe agus d'úinéirí agus d'oibreoirí spásárthaí poiblí agus príobháideacha atá ag feidhmiú sa Ríocht Aontaithe nó ón Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 5.2 den chinneadh seo (nó aon reachtaíocht a chuirfear ina ionad trí mhodhnú nó gan mhodhnú).

Airteagal 2: Fad na rochtana

Beidh rochtain ag an Ríocht Aontaithe ar na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 1 ar feadh a ré iomlán nó ar feadh thréimhse iomlán an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, cibé acu is giorra.

Airteagal 3: Téarmaí agus coinníollacha sonracha maidir le rochtain ar sheirbhísí SST

Tabharfar rochtain na Ríochta Aontaithe ar sheirbhísí SST atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 54(1) den Rialachán sin (18) i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán XXX, arna iarraidh sin agus faoi réir na gcoinníollacha is infheidhme maidir le tríú tíortha.

Beidh rochtain na Ríochta Aontaithe ar na seirbhísí SST dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 54(1) den bhunghníomh, nuair a bheidh siad ar fáil (19), faoi réir na gcoinníollacha is infheidhme maidir le tríú tíortha.

DEARBHÚ MAIDIR LE CINNTÍ LEORDHÓTHANACHTA A GHLACADH I nDÁIL LEIS AN RÍOCHT AONTAITHE

Tugann na Páirtithe dá n-aire go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Eorpach an nós imeachta a sheoladh go pras chun cinntí leordhóthanachta a ghlacadh i ndáil leis an Ríocht Aontaithe faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus faoin Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí, agus go bhfuil sé ar intinn aige oibriú go dlúth chuige sin leis na comhlachtaí agus na hinstitiúidí eile atá rannpháirteach sa nós imeachta cinnteoireachta ábhartha.


(1)  Chun críocha na ngealltanas atá sa Dearbhú seo, i ndáil leis an Aontas Eorpach, tuigfear gur don Aontas Eorpach, dá Bhallstáit, don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit, de réir mar a bheidh, a thagraítear le tagairtí do Rannpháirtithe.

(2)  Chun na críche seo, ciallaíonn idirdhealú go gcaitear ar bhealach éagsúil le cásanna inchomparáide agus nach bhfuil údar oibiachtúil leis an idirdhealú.

(3)  Taighde agus Forbairt mar a shainmhínítear i Lámhleabhar Frascati ECFE

(4)  [cuir isteach an tagairt don IO]

(5)  [cuir isteach an tagairt don IO]

(6)  [cuir isteach an tagairt don IO]

(7)  [cuir isteach an tagairt don IO]

(8)  [cuir isteach tagairt IO] (arna leasú)

(9)  Déanfar tagairtí do 'tíortha rannpháirteacha' a thabhairt chun críche i gcomhréir le téarmaíocht na mbunghníomhartha nuair a ghlacfar iad

(10)   IO L 97, 9.4.2008.

(11)  [IO L...]

(12)  [IO L …; COM(2020) 441]

(13)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(14)  D'fhéadfaí a áireamh le 'gníomhaíochtaí eile' duaiseanna, ionstraimí airgeadais, soláthar seirbhísí teicniúla/eolaíocha ag JRC, Síntiúis (ECFE, Eureka, IPEEC, IEA, ...), comhaontuithe tarmligin, Saineolaithe (meastóirí, faireachán ar thionscadail).

(15)  Ní mheasfar gur costais neamh-idirghabhálacha iad eagraíochtaí idirnáisiúnta ach amháin más tairbhithe deiridh iad. Ní bheidh feidhm aige sin sa chás inar comhordaitheoir ar thionscadal í eagraíocht idirnáisiúnta (agus cistí á ndáileadh ar chomhordaitheoirí eile)

(16)  Cuirtear an sainmhíniú ó ghníomh reachtach in ionad an tsainmhínithe sin le tagairt i bhfonóta a ghabhann leis an ngníomh reachtach sin sa leagan críochnaitheach den phrótacal (is é an sainmhíniú is déanaí ar Chiste CNE sa chlár Fís 2020 Cinneadh C(2020) 4001 ón gCoimisiún lena leasaítear cinneadh C(2019) 5323). I gcás nach mbeidh aon sainmhíniú ar fáil maidir le Fís Eorpach nuair a bheidh an prótacal tugtha chun críche, d'fhéadfadh sé go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar an sainmhíniú.

(17)  Rialachán XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013, (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh 541/2014/AE[COM/2018/447 final] [IO L...].

(18)  Tá sé sin faoi réir choinníoll deiridh an bhunghnímh agus ar choinníoll go dtagann an dá Pháirtí ar chomhaontú maidir leis an gcoinníoll chun seirbhís SST a sholáthar.

(19)  Tá sé sin faoi réir choinníoll deiridh an bhunghnímh agus ar choinníoll go dtagann an dá Pháirtí ar chomhaontú maidir leis an gcoinníoll chun seirbhís SST a sholáthar.


31.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 444/1486


An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe - Fógra ón Aontas

Leis seo tugann an tAontas Eorpach fógra don Ríocht Aontaithe maidir leis an méid a leanas i dtaca leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus an Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile ('an Comhaontú Trádála agus Comhair').

A.    FÓGRA THAR CEANN AN AONTAIS MAIDIR LE hOIFIG AN IONCHÚISITHEORA PHOIBLÍ EORPAIGH (OIPE)

Airteagal LAW.OTHER.134(7), pointí (d) agus (g)

1.

I gcomhréir le hAirteagal LAW.MUTAS.114 [Sainmhíniú ar údarás inniúil] de Chuid a Trí [Forfheidhmiú an Dlí agus Comhar Breithiúnach in Ábhair Choiriúla] den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus pointe (d) d'Airteagal LAW.OTHER.134(7) [Fógraí a thabhairt] den Chomhaontú sin, tugann an tAontas leis seo, thar a cheann féin, fógra don Ríocht Aontaithe go measfar OIPE, i bhfeidhmiú a chumhachtaí dó mar a fhoráiltear don mhéid sin le hAirteagail 22, 23 agus 25 de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (1), a bheith ina údarás inniúil chun críocha Theideal VIII [Cúnamh Frithpháirteach] de Chuid a Trí [Forfheidhmiú an Dlí agus Comhar Breithiúnach in Ábhair Choiriúla] den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Beidh feidhm ag an bhfógra seo amhail ón dáta a chinnfear sa chinneadh ón gCoimisiún arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle. Cuirfear an Ríocht Aontaithe ar an eolas faoin dáta sin.

2.

I gcomhréir le hAirteagal LAW.CONFISC.21(2) [Údaráis] de Chuid a Trí [Forfheidhmiú an Dlí agus Comhar Breithiúnach in Ábhair Choiriúla] den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus pointe (g) d'Airteagal LAW.OTHER.134(7) [Fógraí a thabhairt] den Chomhaontú sin, tugann an tAontas leis seo, thar a cheann féin, fógra don Ríocht Aontaithe go measfar OIPE, i bhfeidhmiú a chumhachtaí dó mar a fhoráiltear don mhéid sin le hAirteagail 22, 23 agus 25 de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, a bheith ina údarás inniúil chun iarrataí reo a dhéanamh, agus, más iomchuí, a fhorghníomhú, faoi Theideal XI [Reo agus Coigistiú] de Chuid a Trí [Forfheidhmiú an Dlí agus Comhar Breithiúnach in Ábhair Choiriúla] den Chomhaontú, agus ina údarás lárnach chomh maith chun na hiarrataí sin a sheoladh agus freagra a thabhairt orthu. Beidh feidhm ag an bhfógra sin amhail ón dáta a chinnfear sa chinneadh ón gCoimisiún arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle. Cuirfear an Ríocht Aontaithe ar an eolas faoin dáta sin.

3.

Is chuig Oifig Lárnach OIPE a sheolfar iarrataí.

B.    FÓGRA THAR CEANN AN AONTAIS MAIDIR LEIS NA ROGHANNA ARNA nDÉANAMH AG NA BALLSTÁIT CHUN CRÍOCHA CHUR I bhFEIDHM AN CHOMHAONTAITHE TRÁDÁLA AGUS COMHAIR

1.

Toisc gur go déanach a síníodh an Comhaontú Trádála agus Comhair, tabharfar an fógra ón Aontas maidir leis na roghanna arna ndéanamh ag na Ballstáit i ndáil leis na forálacha a liostaítear anseo thíos an 31 Eanáir 2021 ar a dhéanaí.

Liosta d'fhorálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a gceanglaítear leo fógra a thabhairt ar theacht i bhfeidhm nó ar thosú chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe:

a)

Airteagal LAW.OTHER 134(7)(a): Fógra maidir leis na hAonaid um Fhaisnéis Faoi Phaisinéirí arna mbunú nó arna n-ainmniú ag gach Ballstát chun sonraí PNR a fháil agus a phróiseáil faoi Theideal III [Sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a aistriú agus a phróiseáil];

b)

Airteagal LAW.OTHER 134(7)(b): Fógra maidir leis an údarás atá inniúil de bhua dhlí baile gach Ballstáit chun barántas gabhála a fhorghníomhú;

c)

Airteagal LAW.OTHER 134(7)(b): Fógra maidir leis an údarás atá inniúil de bhua dhlí baile gach Ballstáit chun barántas gabhála a eisiúint;

d)

Airteagal LAW.OTHER 134(7)(c): Fógra maidir leis an údarás atá inniúil as iarrataí a fháil ar idirthuras duine iarrtha atá á thabhairt suas trí chríoch an Bhallstáit;

e)

Airteagal LAW.OTHER 134(7)(e): Fógra maidir leis an údarás lárnach atá inniúil as malartú faisnéise arna baint as an taifead coiriúil faoi Theideal IX [Malartú Faisnéise faoi Thaifid Choiriúla] agus maidir leis na malartuithe dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Choinbhinsiún Eorpach um Chúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla;

f)

Airteagal LAW.OTHER 134(7)(f): Fógra maidir leis an údarás lárnach atá freagrach faoi Theideal XI [Reo agus Coigistiú] as iarrataí a sheoladh agus a fhreagairt, agus as na hiarrataí sin a fhorghníomhú nó a tharchur chuig na húdaráis atá inniúil lena bhforghníomhú.

2.

I gcomhréir le hAirteagal SSC.11(2) [Oibrithe dícheangailte] den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tugann an tAontas fógra don Ríocht Aontaithe leis seo gur faoi na catagóirí seo a leanas a thagann na Ballstáit a leanas:

Catagóir A: na Ballstáit sin a chuir in iúl gur mian leo maolú ar Airteagal SSC.10 [Rialacha ginearálta] den Chomhaontú Trádála agus Comhair amhail ón 1 Eanáir 2021: an Ostair, an Phortaingéil, an tSualainn, an Ungáir;

Catagóir B: na Ballstáit sin a chuir in iúl nach mian leo maolú ar Airteagal SSC.10 [Rialacha ginearálta] den Chomhaontú Trádála agus Comhair amhail ón 1 Eanáir 2021: - ;

Catagóir C: na Ballstáit sin nár léirigh cé acu is mian nó nach mian leo maolú ar Airteagal SSC.10 [Rialacha ginearálta] den Chomhaontú Trádála agus Comhair amhail ón 1 Eanáir 2021: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, Poblacht na Seice, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn.

3.

Na fógraí i ndáil le forálacha an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair maidir le roghanna na mBallstát, a fhéadfaidh siad a dhéanamh tar éis theacht i bhfeidhm nó thosú chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, tabharfar iad in am trátha laistigh de na tréimhsí ama a leagtar amach sa Chomhaontú sin, de réir mar a bheidh.

(1)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ('OIPE') (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).