ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 403

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 63
1 Nollaig 2020


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2020/1785 ón gComhairle an 16 Samhain 2020 lena n‐osclaítear taraif-chuótaí uathrialaitheacha de chuid an Aontais, agus lena bhforáiltear dóibh, i gcás táirgí áirithe iascaigh isteach sna hOileáin Chanáracha ó 2021 go 2027

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1786 ón gComhairle an 27 Samhain 2020 maidir leis an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile a thabhairt i gcrích

5

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1787 ón gComhairle an 23 Samhain 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, a mhéid a bhaineann le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE maidir le bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leasú

8

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1788 ón gComhairle an 25 Samhain 2020 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún

10

 

*

Cinneadh (AE) 2020/1789 ón gComhairle an 25 Samhain 2020 lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún

11

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

1.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 403/1


RIALACHÁN (AE) 2020/1785 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Samhain 2020

lena n‐osclaítear taraif-chuótaí uathrialaitheacha de chuid an Aontais, agus lena bhforáiltear dóibh, i gcás táirgí áirithe iascaigh isteach sna hOileáin Chanáracha ó 2021 go 2027

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Baineann costais bhreise don earnáil sin le staid gheografach eisceachtúil na nOileán Canárach i ndáil le foinsí óna soláthraítear táirgí iascaigh áirithe, foinsí atá fíor-riachtanach don tomhaltas baile. Is míbhuntáiste é sin, mar a aithnítear in Airteagal 349 den Chonradh, atá mar thoradh ar oileánachas, ar iargúltacht, agus ar fhorimeallacht na nOileán Canárach, agus ar féidir é a leigheas, inter alia, trí dhleachtanna custaim a chur ar fionraí go sealadach, is é sin le rá dleachtanna custaim ar allmhairí na dtáirgí faoi thrácht ó thríú tíortha laistigh de mhéid cuí taraif-chuótaí uathrialaitheacha de chuid an Aontais.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1412/2013 ón gComhairle (2) osclaíodh riarachán taraif-chuótaí uathrialaitheacha Aontais agus foráladh dóibh i gcás allmhairí táirgí áirithe iascaigh isteach sna hOileáin Chanáracha don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

(3)

In Iúil 2019, chuir an Coimisiún scrúdúchán ar iarmhairtí na mbeart faoi bhráid na Comhairle, agus roghanna eile á gcur ar fáil aige ann don tréimhse tar éis an 31 Nollaig 2020.

(4)

Thaispeáin an scrúdúchán go raibh ráta úsáide cuótaí 09.2997 agus 09.2651 suntasach. Faoi chuóta 09.2651, níor úsáideadh cód CN 0308.

(5)

Tá údar cuí le taraif-chuótaí cosúil leis na taraif-chuótaí a osclaíodh le Rialachán (AE) Uimh.1412/2013 do tháirgí iascaigh áirithe toisc go bhfreastalóidís ar riachtanais mhargadh baile na nOileán Canárach, agus é á áirithiú san am céanna go leanfadh sreabhadh allmhairí saor ó dhleacht isteach san Aontas de bheith intuarta agus inaitheanta go soiléir.

(6)

Dá bhrí sin, agus é mar aidhm dearcadh fadtéarmach a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha maidir le leibhéal gníomhaíochta a bhaint amach lena ndéanfar timpeallacht eacnamaíoch agus shóisialta na nOileán Canárach a chobhsú, is iomchuí síneadh a chur leis an gcóras taraif-chuótaí uathrialaitheacha a bhaineann leis na dleachtanna Comhtharaife Custaim ar feadh tréimhse bhreise d’earraí áirithe mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(7)

Ionas nach mbainfear an bonn de shláine agus de chomhleanúnachas an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart bearta a dhéanamh lena áirithiú gur do mhargadh baile na nOileán Canárach amháin iad na táirgí iascaigh dá ndeonaítear fionraíocht.

(8)

Ba chóir bearta a dhéanamh lena áirithiú go gcoimeádtar an Coimisiún ar an eolas faoi mhéid na n‐allmhairí faoi thrácht ionas gur féidir leis céimeanna a ghlacadh, más gá, le bac a chur ar aon ghluaiseacht amhantrach nó sraonadh trádála.

(9)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún ionas gur féidir leis an gCoimisiún an fhionraíocht a tharraingt siar i gcás sraonadh trádála. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ba cheart don Chomhairle, áfach, an cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir leis an bhfionraíocht a choinneáil ar bun nó a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh laistigh den tréimhsear lena linn a tharraingíonn an Coimisiún an fhionraíocht siar go sealadach.

(10)

Ba cheart na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo leanúnachas a áirithiú tar éis do Rialachán (AE) Uimh. 1412/2013 dul in éag. Dá bhrí sin, is iomchuí na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027, cuirfear ar fionraí go hiomlán na dleachtanna Comhtharaife Custaim is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí iascaigh isteach sna hOileáin Chanáracha a liostaítear san Iarscríbhinn leis an Rialachán seo do na cainníochtaí a luaitear san Iarscríbhinn.

2.   Deonófar an fhionraíocht dá dtagraítear i mír 1 go heisiach do tháirgí a beartaíodh do mhargadh baile na nOileán Canárach. Ní bheidh feidhm aige ach amháin maidir le táirgí iascaigh a dhíluchtaítear ó long nó aerárthach sula gcuirtear faoi bhráid údaráis chustaim na nOileán Canárach an dearbhú custaim lena scaoileadh isteach sa tsaorchúrsaíocht.

Airteagal 2

Déanfar na taraif-chuótaí dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (4).

Airteagal 3

Faoin 30 Meitheamh 2026, cuirfidh údaráis inniúla na Spáinne tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 1. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar iarmhairtí na mbeart sin agus, ag cur shainghnéithe thorthaí na tuarascála san áireamh, cuirfidh sé isteach don Chomhairle aon tograí ábhartha don tréimhse tar éis 2027.

Airteagal 4

1.   Má tá cúis ag an gCoimisiún a chreidiúint gur saoradh trádála do tháirge ar leith a bhí mar thoradh ar na fionraíochtaí a dá bhforáiltear sa Rialachán seo, féadfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an fhionraíocht a tharraingt siar go sealadach ar feadh thréimhse nach faide ná 12 mhí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

Urrófar le ráthaíocht íocaíocht na ndleachtanna allmhaire do tháirgí dar tarraingíodh an fionraí siar go sealadach, agus cuirfear de choinníoll ar scaoileadh na dtáirgí faoi thrácht sa tsaorchúrsaíocht sna hOileán Chanáracha go ndéanfar ráthaíocht den sórt sin a sholáthar.

2.   Laistigh den uastréimhse 12 mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, déanfaidh an Chomhairle cinneadh críochnaitheach a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh, maidir leis an bhfionraíocht a choinneáil ar bun nó í a tharraingt siar go cinntitheach dá dtagraítear i mír 1. Má tharraingítear an fhionraíocht siar go cinntitheach, baileofar méideanna na ndleachtanna a urraíodh le ráthaíocht go críochnaitheach.

3.   Murar glacadh aon chinneadh cinntitheach laistigh den uastréimhse 12 mhí i gcomhréir le mír 2, scaoilfear na ráthaíochtaí slándála.

Airteagal 5

1.   Déanfaidh an Coiste um Chód Custaim, a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún (5). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 6

Comhoibreoidh an Coimisiún agus údaráis chustaim na mBallstát go dlúth le chéile chun dea-bhainistiú agus dea-rialú a áirithiú do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 7

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Tuairim an 29 Deireadh Fómhair 2020 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1412/2013 ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena n‐osclófar taraif-chuótaí uathrialaitheacha Aontais agus lena bhforálfar dó i gcás allmhairí táirgí áirithe iascaigh isteach sna hOileáin Chanáracha ó 2014 go 2020 (IO L 353, 28.12.2013, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme. (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Uimhir an Ordaithe

Cód AC

Tuairisc

Méid iomlán an chuóta

(tonaí)

Dleacht an chuóta

09.2997

0303

Iasc reoite, seachas filléid éisc agus feoil eile éisc atá faoi cheannteideal 0304

15 000

0 %

 

0304

Filléid éisc agus feoil eile éisc (bíodh sí mionaithe nó ná bíodh) atá úr, fuaraithe nó reoite

0 %

09.2651

0306

Crústaigh bheo, úra, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh; crústaigh dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn; crústaigh sa bhlaosc, cócaráilte le gal nó beirithe in uisce, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bíodh; plúr, min agus millíní crústach, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

15 000

0 %

 

0307

Moilisc bheo, úra, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh; moilisc dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bíodh, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn; plúr, min agus millíní éisc, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine

0 %


II Gníomhartha neamhreachtacha

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

1.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 403/5


CINNEADH (AE) 2020/1786 ÓN GCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2020

maidir leis an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile a thabhairt i gcrích

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar leis an dara fomhír d’Airteagal 218(6), pointe (a)(v), agus Airteagal 218(7) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2019/1925 ón gComhairle (2), síníodh an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile (“an Prótacal”) an 18 Samhain 2020.

(2)

Is é is cuspóir an Phrótacail a chur ar chumas an Aontais agus Phoblacht na Seineagáile (“an tSeineagáil”) oibriú níos dlúithe le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus acmhainní iascaigh in uiscí na Seineagáile a shaothrú ar bhealach fónta, agus tacú le hiarrachtaí na Seineagáile a hearnáil iascaigh a fhorbairt.

(3)

Ba cheart an Prótacal a fhormheas thar ceann an Aontais.

(4)

Le hAirteagal 7 den Chomhaontú, bunaítear Comhchoiste a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe. Anuas air sin, féadfaidh an Comhchoiste leasuithe áirithe ar an bPrótacal a ghlacadh. Ionas go n-éascófaí formheas na modhnuithe sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Coimisiún, faoi réir coinníollacha sonracha substainteacha agus nós imeachta, chun iad a fhormheas thar ceann an Aontais faoi nós imeachta simplithe.

(5)

Ba cheart don Chomhairle an seasamh ón Aontas maidir leis na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh ar an bPrótacal a bhunú. Ba cheart na leasuithe atá beartaithe a fhormheas mura rud é go ndéanann mionlach blocála de na Ballstáit agóid i gcoinne na leasuithe sin i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile a fhormheas thar ceann an Aontais (3).

Airteagal 2

I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, déantar an Coimisiún a údarú leis seo, chun na leasuithe a dhéanfar ar an bPrótacal atá le glacadh ag an gComhchoiste arna bhunú faoi Airteagal 7 den Chomhaontú a fhormheas, thar cheann an Aontais.

Airteagal 3

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 17 den Phrótacal.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Toiliú an 11 Samhain 2020 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/1925 ón gComhairle an 14 Samhain 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile (IO L 299, 20.11.2019, lch. 11).

(3)  Foilsíodh téacs an Phrótacail in IO L 299 an 20 Samhain 2019 in éineacht leis an gcinneadh a bhaineann lena shíniú.


IARSCRÍBHINN

AN NÓS IMEACHTA MAIDIR LE FORMHEAS A DHÉANAMH AR NA LEASUITHE AR AN bPRÓTACAL ATÁ LE GLACADH AG AN gCOMHCHOISTE

I gcás ina n-iarrfar ar an gComhchoiste leasuithe ar an bPrótacal a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 10 de, údarófar an Coimisiún chun na leasuithe atá beartaithe a fhormheas, thar ceann an Aontais, faoi na coinníollacha seo a leanas:

(1)

Maidir leis an bhformheas a dhéanfar thar ceann an Aontais, áiritheoidh an Coimisiún:

(a)

go mbeidh sé i gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais iascaigh;

(b)

go mbeidh sé comhsheasmhach leis na rialacha ábhartha arna nglacadh ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh agus go gcuirfear san áireamh ann comhbhainistiú arna dhéanamh ag Stáit chósta;

(c)

go gcuirfear san áireamh ann an fhaisnéis staidrimh, an fhaisnéis bhitheolaíoch agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a cuireadh chuig an gCoimisiún.

(2)

Sula ndéanfaidh an Coimisiún leasuithe atá beartaithe a fhormheas thar ceann an Aontais, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle iad in am trátha roimh an gcruinniú ábhartha den Chomhchoiste.

(3)

Déanfaidh an Chomhairle meastóireacht féachaint an gcomhlíontar leis na leasuithe atá beartaithe na critéir a leagtar síos i bpointe 1 den Iarscríbhinn seo.

(4)

Mura ndéanfaidh líon áirithe Ballstát agóid i gcoinne na leasuithe atá beartaithe, líon is comhionann le mionlach blocála na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, formheasfaidh an Coimisiún iad, thar ceann an Aontais. Má tá mionlach blocála den sórt sin ann, diúltóidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, do na leasuithe atá beartaithe.

(5)

Más rud é, le linn cruinnithe den Chomhchoiste a thionólfar ina dhiaidh sin, nach féidir teacht ar chomhaontú, lena n-áirítear comhaontú ar an láthair, cuirfear an cheist ar ais chuig an gComhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 2 go 4, chun go gcuirfear tosca nua san áireamh sa seasamh ón Aontas.

(6)

Iarrtar ar an gCoimisiún aon bheart is gá a dhéanamh, in am trátha, chun obair leantach a dhéanamh ar chinneadh an Chomhchoiste, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an cinneadh ábhartha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus aon togra is gá chun cur chun feidhme an chinnidh sin a thíolacadh.

(7)

A mhéid a bhaineann le ceisteanna eile nach mbaineann le leasuithe ar an bPrótacal i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 10 de, déanfar an seasamh atá le glacadh ag an Aontas sa Chomhchoiste a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus le cleachtais oibre sheanbhunaithe.


CINNTÍ

1.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 403/8


CINNEADH (AE) 2020/1787 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Samhain 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, a mhéid a bhaineann le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE maidir le bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leasú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (1), síníodh é in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2003. I gcomhréir le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE (2) (“an cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha”), tá feidhm le bheith ag an gcomhaontú go dtí an 31 Nollaig 2020.

(2)

I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i dtreo Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE nua (an “Comhaontú nua”) i Meán Fómhair 2018. Toisc nach mbeidh an Comhaontú nua réidh le cur i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2020, dáta dhul in éag an chreata dhlíthiúil atá ann faoi láthair, de dheasca, i measc rudaí eile, na moille mar gheall ar phaindéim COVID-19, is gá an cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha a leasú chun síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE go dtí an 30 Samhain 2021.

(3)

Foráiltear leis an dara fomhír d’Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE go nglacfaidh Comhairle Airí ACC-AE aon bhearta idirthréimhseacha a bhféadfadh gá a bheith leo go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú nua i bhfeidhm.

(4)

De bhun Airteagal 15(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE an 23 Bealtaine 2019, tharmlig Comhairle Airí ACC-AE na cumhachtaí chun na bearta idirthréimhseacha a ghlacadh chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE (3). Is faoi Choiste Ambasadóirí ACC-AE atá sé, dá bhrí sin, na bearta idirthréimhseacha a leasú de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE a bhunú, ós rud é go bhfuil an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas.

(6)

Leanfar d’fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a chur i bhfeidhm arb é is aidhm dó leanúnachas a choimeád ar bun sa chaidreamh idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Stáit ACC, ar an taobh eile. Dá réir sin, ní hé is aidhm do na bearta idirthréimhseacha leasaithe a bheith ina leasuithe ar Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE faoi mar a fhoráiltear dóibh in Airteagal 95(3) de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Ambasadóirí ACC-AE, de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, Cinneadh Uimh. 3/2019 de Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun síneadh a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE go dtí an 30 Samhain 2021, nó go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú nua i bhfeidhm nó go dtí go ndéanfar an Comhaontú nua a chur i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas agus Stáit ACC, cibé acu is túisce.

Cuirfear forálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE i bhfeidhm i gcomhréir le cuspóir agus aidhm Airteagail 95 (4) de.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)   IO L 317, 15.12.2000, lch. 3. Rinneadh Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leasú leis an gComhaontú a síníodh i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 (IO L 209, 11.8.2005, lch. 27) agus leis an gComhaontú a síníodh in Ouagadougou an 22 Meitheamh 2010 (IO L 287, 4.11.2010, lch. 3).

(2)  Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 maidir le bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 1, 3.1.2020, lch. 3).

(3)  Cinneadh Uimh. 1/2019 ó Chomhairle Airí ACC-AE an 23 Bealtaine 2019 maidir le tarmligean cumhachtaí chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE i dtaca leis an gcinneadh bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 146, 5.6.2019, lch. 114).


1.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 403/10


CINNEADH (AE) 2020/1788 ÓN GCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2020

lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint don togra ó rialtas na hOstaire,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Nollaig 2019, an 20 Eanáir 2020, an 3 Feabhra 2020 agus an 26 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinntí (AE) 2019/2157 (1), (AE) 2020/102 (2), (AE) 2020/144 (3)agus (AE) 2020/511 (4) lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 8 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/766 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (5). An 30 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh eile (AE) 2020/1153 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún (6).

(2)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht le téarma oifige Carmen KIEFER,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo ceaptar an duine a leanas ina chomhalta/comhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

Bernadette SCHÖNY, Uasal, Member of a Local Assembly: Municipal Council of the municipality of Kaltenleutgeben.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).

(2)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/144 ón gComhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 32, 4.2.2020, lch. 16).

(4)  Cinneadh (AE) 2020/511 ón gComhairle an 26 Márta 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 113, 8.4.2020, lch. 18).

(5)  Cinneadh (AE) 2020/766 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 187, 12.6.2020, lch. 3).

(6)  Cinneadh (AE) 2020/1153 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún (IO L 256, 5.8.2020, lch. 12).


1.12.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 403/11


CINNEADH (AE) 2020/1789 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2020

lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint don togra ó rialtas na hEastóine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Nollaig 2019, an 20 Eanáir 2020, an 3 Feabhra 2020 agus an 26 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinntí (AE) 2019/2157 (1), (AE) 2020/102 (2), (AE) 2020/144 (3) agus (AE) 2020/511 (4) lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025. An 8 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/766 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (5). An 30 Iúil 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh eile (AE) 2020/1153 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún (6).

(2)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis dheireadh an tsainordaithe ar ar a bhonn a moladh Rait PIHELGAS (Representative of a local or regional body with political accountability to an elected Assembly: Järva Rural Municipality Council),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo ceaptar an duine a leanas ina chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

Mr Rait PIHELGAS, Member of a Local Assembly: Järva Rural Municipality Council (change of mandate).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. ROTH


(1)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).

(2)  Cinneadh (AE) 2020/102 ón gComhairle an 20 Eanáir 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 20, 24.1.2020, lch. 2).

(3)  Cinneadh (AE) 2020/144 ón gComhairle an 3 Feabhra 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 32, 4.2.2020, lch. 16).

(4)  Cinneadh (AE) 2020/511 ón gComhairle an 26 Márta 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 113, 8.4.2020, lch. 18).

(5)  Cinneadh (AE) 2020/766 ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 187, 12.6.2020, lch. 3).

(6)  Cinneadh (AE) 2020/1153 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún (IO L 256, 5.8.2020, lch. 12).