ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
63 |
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
TREORACHA |
|
|
* |
|
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
* |
GA |
I Gníomhartha reachtacha
TREORACHA
25.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396/1 |
TREOIR (AE) 2020/1756 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Samhain 2020
lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha a mhéid a bhaineann le daoine inchánach i dTuaisceart Éireann a shainaithint
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020 ar bhonn an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”). Leis an gComhaontú um Tharraingt Siar déantar foráil maidir le hidirthréimhse a chríochnóidh an 31 Nollaig 2020. Go dtí an dáta sin, tá na forálacha i ndlí an Aontais maidir le cáin bhreisluacha (“CBL”) le bheith infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe. Tar éis na hidirthréimhse sin, níl feidhm le bheith ag na forálacha i ndlí an Aontais maidir le CBL maidir leis an Ríocht Aontaithe ná sa Ríocht Aontaithe a thuilleadh. |
(2) |
Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 8 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”), ar dlúthchuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é, tá forálacha i ndlí an Aontais maidir le CBL mar a liostaítear in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an bPrótacal maidir le hearraí le leanúint d’fheidhm a bheith acu i dTuaisceart Éireann (3) tar éis na hidirthréimhse d’fhonn teorainn chrua idir Éire agus Tuaisceart Éireann a sheachaint. |
(3) |
Dá bhrí sin, beidh daoine inchánach agus daoine dlítheanacha áirithe neamh-inchánach faoi réir fhorálacha i ndlí an Aontais maidir le CBL d’idirbhearta in earraí i dTuaisceart Éireann, ach beidh siad faoi réir fhorálacha i reachtaíocht na Ríochta Aontaithe maidir le CBL i gcás gach idirbheart eile sa Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear i ndáil le Tuaisceart Éireann. |
(4) |
Ionas go bhfeidhmeoidh córas CBL an Aontais mar is ceart, tá sé ríthábhachtach go ndeonaítear uimhir aitheantais CBL ar leith do gach duine inchánach a dhéanann earraí a sholáthar i dTuaisceart Éireann agus do gach duine inchánach, nó duine dlítheanach neamh-inchánach, a dhéanann earraí a fháil laistigh den Chomhphobal mar a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 214(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (4), nó do dhuine inchánach d’fhonn na scéimeanna speisialta roghnacha le haghaidh daoine inchánach atá i mbun ciandíolachán earraí a bheith in úsáid. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart uimhreacha aitheantais CBL ar leith a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann, uimhreacha a bhfuil réimír shonrach acu chun idirdhealú a dhéanamh idir daoine inchánach agus daoine dlítheanacha neamh-inchánach a bhfuil a n-idirbhearta in earraí atá lonnaithe i dTuaisceart Éireann faoi réir fhorálacha i ndlí an Aontais maidir le CBL, ar thaobh amháin, agus daoine a bhíonn ag cur idirbhearta eile i gcrích ar ina leith a shainaithnítear iad chun críocha CBL sa Ríocht Aontaithe. |
(6) |
Go hiondúil, tá réimíreanna uimhreacha aitheantais CBL san Aontas bunaithe ar chód ISO 3166 – alfa 2 – lenar féidir an Ballstát eisiúna a shainaithint. Níl aon chód sonrach ag Tuaisceart Éireann faoin gcóras sin, ach déantar foráil le ISO don fhéidearthacht cóid-X a úsáid le haghaidh críocha nach bhfuil cód sonrach acu. Dá bhrí sin, is iomchuí an cód “XI” a bheartú do Thuaisceart Éireann. |
(7) |
Ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 215 de Threoir 2006/112/CE, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:
“Úsáidfear an réimír ‘XI’ i dtaca le Tuaisceart Éireann”.
Airteagal 2
1. Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2020. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos na modhanna ina ndéanfar tagairt den sórt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh sa Bhruiséil, 20 Samhain 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Tuairim an 11 Samahin (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil)
(2) Tuairim an 29 Deireadh Fómhair (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil)
(3) Faoi réir an toilithe dhaonlathaigh i dTuaisceart Éireann i leith chur i bhfeidhm leanúnach Airteagail 5 go 10 dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Phrótacal.
(4) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
II Gníomhartha neamhreachtacha
CINNTÍ
25.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 396/3 |
CINNEADH (AE) 2020/1757 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Samhain 2020
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra a bhaineann le haontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rinne an tAontas an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (“an Comhaontú”) a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh 92/580/CEE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1993. Tugadh an Comhaontú i gcrích le haghaidh tréimhse 3 bliana i dtús báire. |
(2) |
De bhun Airteagal 45(2) den Chomhaontú, is féidir leis an gComhairle Idirnáisiúnta Siúcra síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha, nach rachaidh thar 2 bhliain gach uair. Ó tugadh an Comhaontú i gcrích, cuireadh síneadh leis go tráthrialta ar feadh tréimhsí breise 2 bhliain. Cuireadh an síneadh deireanach leis an gComhaontú an 10 Iúil 2019 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2021. |
(3) |
Luaitear in Airteagal 41 den Chomhaontú gur féidir le Rialtas na Stát uile iarratas a dhéanamh ar aontachas leis an gComhaontú i gcomhréir leis na coinníollacha arna mbunú ag an gComhairle Idirnáisiúnta Siúcra. |
(4) |
An 2 Deireadh Fómhair 2020, rinne an Ríocht Aontaithe iarratas foirmiúil ar aontachas leis an gComhaontú ón 1 Eanáir 2021 amach. |
(5) |
Le linn an 57ú seisiún den Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra, atá le bheith ar siúl an 27 Samhain 2020, tá an Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra leis na coinníollacha a bhunú maidir le haontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú. |
(6) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra a bhunú. |
(7) |
Táirgeoir mór siúcra is ea an Ríocht Aontaithe. Is chun leas an Aontais é go ndéanfar aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú a fhormheas. |
(8) |
Níor cheart aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú a theacht i bhfeidhm go dtí go mbeidh deireadh tagtha leis an idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2). Níor cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach i leith na Ríochta Aontaithe roimh dheireadh na tréimhse sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an 57ú seisiún den Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra an 27 Samhain 2020, aontachas na Ríochta Aontaithe leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 a fhormheas, ar choinníoll nach dtagann an t‐aontachas i bhfeidhm, agus nach gcuirtear an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach i leith na Ríochta Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 126 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Samhain 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) Cinneadh 92/580/CEE ón gComhairle an 13 Samhain 1992 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (IO L 379, 23.12.1992, lch. 15).