|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 370I |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 63 |
|
Clár |
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
Leathanach |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
|
CINNTÍ |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
6.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 370/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1648 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Samhain 2020
lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (1), agus go háirithe Airteagal 8a(1) de,
Ag féachaint do na tograí ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis. |
|
(2) |
An 9 Lúnasa 2020, reáchtáladh toghcháin uachtaránachta sa Bhealarúis, ar toghcháin iad a bhfuarthas nach raibh siad i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus gur milleadh iad i ngeall ar an mbrú faoi chois a rinneadh ar iarrthóirí neamhspleácha agus ar an gcniogbheartaíocht bhrúidiúil a imríodh ar agóideoirí síochánta i ndiaidh na dtoghchán sin. An 11 Lúnasa 2020, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) dearbhú thar ceann an Aontais inar tugadh an mheasúnacht nach raibh na toghcháin saor ná cóir. Luadh freisin gurbh fhéidir bearta a dhéanamh i gcoinne na ndaoine a bhí freagrach as foréigean, gabhálacha gan údar agus as torthaí na dtoghchán a fhalsú. |
|
(3) |
An 2 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1387 (2) inar ainmníodh 40 duine a sainaithníodh a bheith freagrach as cos ar bolg agus imeaglú ar léirsitheoirí síochánta, baill an fhreasúra agus iriseoirí tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020 sa Bhealarúis, agus as místiúradh Choimisiún Lárnach Toghchán maidir leis an bpróiseas toghchánach do na toghcháin sin. |
|
(4) |
An 24 Meán Fómhair 2020, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais, inar dúradh nach raibh aon dlisteanacht dhaonlathach ag roinnt leis an “insealbhú” mar a tugadh air ná leis an sainordú nua a d’éiligh Aleksandr LUKASHENKO. Athdhearbhaíodh go láidir sa ráiteas go raibh an tAontas ag súil nach ndéanfadh údaráis na Bealarúise tuilleadh cos ar bolg agus foréigin i gcoinne mhuintir na Bealarúise agus go ndéanfaidís gach duine atá á choinneáil, lena n‐áirítear príosúnaigh pholaitiúla, a scaoileadh saor láithreach, gan choinníoll. |
|
(5) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa Bhealarúis, mar thoradh ar an gcos ar bolg leanúnach ar an tsochaí shibhialta agus ar ghníomhaithe sa fhreasúra, ba cheart Aleksandr LUKASHENKO agus 14 duine eile a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n‐eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear leis seo Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Samhain 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) IO L 134, 20.5.2006, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1387 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO L 319I, 2.10.2020, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006:
|
|
Ainmneacha Tras-scríobh an litrithe Bealarúisise Tras-scríobh an litrithe Rúisise |
Ainmneacha (litriú Bealarúisise) |
Ainmneacha (litriú Rúisise) |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
|
“45. |
Aliaksandr Ryhoravich LUKASHENKA Alexandr Grigorievich LUKASHENKO |
Аляксандр Рыгоравiч ЛУКАШЭНКА |
Александр Григорьевич ЛУКАШЕНКО |
President of the Republic of Belarus (Uachtarán Phoblacht na Bealarúise) Dáta breithe: 30.8.1954 Áit bhreithe: Kopys settlement, Vitebsk/Viciebsk Oblast, iar-USSR (Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Ina cháil mar Uachtarán na Bealarúise agus údarás aige ar chomhlachtaí Stáit, tá sé freagrach as cos ar bolg foréigneach a rinne orgáin an Stáit roimh thoghchán uachtaránachta 2020 agus ina dhiaidh, go háirithe maidir le hiarrthóirí lárnacha sa fhreasúra a bhriseadh as a bpost, gabhálacha treallacha agus drochíde ar léirsitheoirí síochánta mar aon le himeaglú agus foréigean ar iriseoirí. |
|
46. |
Viktar Aliaksandravich LUKASHENKA Viktor Aleksandrovich LUKASHENKO |
Вiктар Аляксандравiч ЛУКАШЭНКА |
Виктор Александрович ЛУКАШЕНКО |
Comhairleoir Slándála Náisiúnta don Uachtarán, Comhalta den Security Council Dáta breithe: 28.11.1975 Áit bhreithe: Mogilev/Mahiliou (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Ina phost mar Chomhairleoir Slándála Náisiúnta don Uachtarán agus mar Chomhalta den Security Council, chomh maith lena shuíomh neamhfhoirmiúil faireacháin ar fhórsaí slándála na Bealarúise, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, ar léirsitheoirí síochánta go háirithe mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu. |
|
47. |
Ihar Piatrovich SERGYAENKA Igor Petrovich SERGEENKO |
Iгар Пятровiч СЕРГЯЕНКА |
Игорь Петрович СЕРГЕЕНКО |
Ceann Foirne ar an Riarachán Uachtaránachta Dáta breithe: 14.1.1963 Áit bhreithe: sráidbhaile Stolitsa in Vitebsk/Viciebsk Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Ina phost mar Cheann Foirne ar an Riarachán Uachtaránachta, tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus is é atá freagrach as cur chun feidhme na gcumhachtaí uachtaránachta a áirithiú i réimse na mbeartas intíre agus seachtrach. Mar sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka, lena n‐áirítear an feachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020. |
|
48. |
Ivan Stanislavavich TERTEL Ivan Stanislavovich TERTEL |
Iван Станiслававiч ТЭРТЭЛЬ |
Иван Станиславович ТЕРТЕЛЬ |
Cathaoirleach KGB, iar-Chathaoirleach ar an State Control Committee Dáta breithe: 8.9.1966 Áit bhreithe: sráidbhaile Privalki/Privalka in Hrodna/Grodno Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Ina phost ceannaireachta mar Chathaoirleach ar an State Security Committee KGB agus sa phost a bhí aige mar Chathaoirleach ar an State Control Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, ar léirsitheoirí síochánta go háirithe mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu. |
|
49. |
Raman Ivanavich MELNIK Roman Ivanovich MELNIK |
Раман Iванавiч МЕЛЬНIК |
Роман Иванович МЕЛЬНИК |
Ceann an Main Directorate of Law and Order Protection and Prevention ag an Aireacht Gnóthaí Baile Dáta breithe: 29.5.1964 Inscne: fireann |
Ina phost ceannaireachta mar Cheann an Main Directorate of Law and Order Protection and Prevention ag an Aireacht Gnóthaí Baile, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, ar léirsitheoirí síochánta go háirithe mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu. |
|
50. |
Ivan Danilavich NASKEVICH Ivan Danilovich NOSKEVICH |
Iван Данiлавiч НАСКЕВIЧ |
Иван Данилович НОСКЕВИЧ |
Cathaoirleach ar an Investigative Committee Dáta breithe: 25.3.1970 Áit bhreithe: sráidbhaile Cierabličy in Brest Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Ina phost ceannaireachta mar Chathaoirleach ar an Investigative Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus léirsitheoirí síochánta. |
|
51. |
Aliaksey Aliaksandravich VOLKAU Alexey Aleksandrovich VOLKOV |
Аляксей Аляксандравiч ВОЛКАЎ |
Алексей Александрович ВОЛКОВ |
Iar-Chéad-Leas-Chathaoirleach an Investigative Committee, Cathaoirleach an State Committee for Forensic Expertise faoi láthair Dáta breithe: 7.9.1973 Áit bhreithe: Minsk, (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Ina phost ceannaireachta mar Chéad-Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee a bhí aige, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus léirsitheoirí síochánta. |
|
52. |
Siarhei Yakaulevich AZEMSHA Sergei Yakovlevich AZEMSHA |
Сяргей Якаўлевiч АЗЕМША |
Яковлевич АЗЕМША |
Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee Dáta breithe: 17.7.1974 Áit bhreithe: Rechitsa, Gomel Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Ina phost ceannaireachta mar Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus léirsitheoirí síochánta. |
|
53. |
Andrei Fiodaravich SMAL Andrei Fyodorovich SMAL |
Андрэй Фёдаравiч СМАЛЬ |
Андрей Федорович СМАЛЬ |
Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee Dáta breithe: 1.8.1973 Áit bhreithe: Brest (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Agus ról ceannaireachta aige mar Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus i gcoinne léirsitheoirí síochánta. |
|
54. |
Andrei Yurevich PAULIUCHENKA Andrei Yurevich PAVLYUCHENKO |
Андрэй Юр’евiч ПАЎЛЮЧЕНКА |
Андрей Юрьевич ПАВЛЮЧЕНКО |
Ceann an Operational-Analytical Center Dáta breithe: 1.8.1971 Inscne: fireann |
Agus ról ceannaireachta aige agus é mar cheann ar an Operational-Analytical Center, tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus tá sé freagrach as an gcos ar bolg ar an tsochaí shibhialta, go sonrach maidir leis an nasc le líonraí teileachumarsáide a bhriseadh mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta, ar léirsitheoirí síochánta agus ar iriseoirí. |
|
55. |
Ihar Ivanavich BUZOUSKI Igor Ivanovich BUZOVSKI |
Iгар Iванавiч БУЗОЎСКI |
Игорь Иванович БУЗОВСКИЙ |
Leas-Aire Faisnéise Dáta breithe: 10.7.1972 Áit bhreithe: sráidbhaile Koshelevo Grodno/Hrodna region (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Agus ról ceannaireachta aige mar Leas-Aire Faisnéise, tá sé freagrach as an gcos ar bolg ar an tsochaí shibhialta, go sonrach maidir le cinneadh na hAireachta Faisnéise deireadh a chur leis an rochtain ar shuíomhanna gréasáin neamhspleácha agus an rochtain idirlín sa Bhealarúis a theorannú tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta, ar léirsitheoirí síochánta agus ar iriseoirí. |
|
56. |
Natallia Mikalaeuna EISMANT Natalia Nikolayevna EISMONT |
Наталля Мiкалаеўна ЭЙСМАНТ |
Наталья Николаевна ЭЙСМОНТ |
Preas-Rúnaí Uachtarán na Bealarúise Dáta breithe: 16.2.1984 Áit bhreithe: Minsk, (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Sloinne roimh phósadh: Kirsanova (RU: Кирсанова) nó Selyun (RU Селюн) Inscne: baineann |
Ina cáil mar Phreas-Rúnaí Uachtarán na Bealarúise, tá dlúthbhaint aici leis an Uachtarán agus tá sí freagrach as gníomhaíochtaí meán an Uachtaráin a chomhordú, lena n‐áirítear ráitis a dhréachtú agus taispeántaí poiblí a eagrú. Mar sin tá sí ag tacú le réimeas Lukashenka, lena n‐áirítear an feachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fearas an Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020. Go háirithe, leis na ráitis phoiblí a rinne sí a chosain an tUachtarán agus a cháin gníomhaithe sa fhreasúra mar aon le léirsitheoirí síochánta, a rinneadh tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, chuidigh sí leis an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis. |
|
57. |
Siarhei Yaugenavich ZUBKOU Sergei Yevgenevich ZUBKOV |
Сяргей Яўгенавiч ЗУБКОЎ |
Сергей Евгеньевич ЗУБКОВ |
Ceannasaí ar Alfa Unit Dáta breithe: 21.8.1975 Inscne: fireann |
Agus ról ceannaireachta aige ar fhórsaí Alfa Unit, tá sé freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a chuir na fórsaí sin ar bun tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n‐áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu. |
|
58. |
Andrei Aliakseevich RAUKOU Andrei Alekseevich RAVKOV |
Андрэй Аляксеевiч РАЎКОЎ |
Андрей Алексеевич РАВКОВ |
Iar-Státrúnaí ar an Security Council Dáta breithe: 25.6.1967 Áit bhreithe: sráidbhaile Revyaki, Vitebsk/Viciebsk Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Agus é ina iar-Státrúnaí ar an Security Council, tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus tá sé freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a chuir fearas an Stáit ar bun tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n‐áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu. |
|
59. |
Pyotr Piatrovich MIKLASHEVICH Petr Petrovich MIKLASHEVICH |
Пётр Пятровiч МIКЛАШЭВIЧ |
Петр Петрович МИКЛАШЕВИЧ |
Cathaoirleach ar an Constitutional Court of the Republic of Belarus Dáta breithe: 18.10.1954 Áit bhreithe: Minsk Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: Fireann |
Agus é ina Chathaoirleach ar Chúirt Bhunreachtúil Phoblacht na Bealarúise, tá sé freagrach as cinneadh na Cúirte Bunreachtúla a glacadh an 25 Lúnasa 2020, trínar dlisteanaíodh torthaí na dtoghchán calaoiseach. Ar an gcaoi sin, thacaigh agus d’éascaigh sé gníomhartha i bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe fhearas an Stáit i gcoinne léirsitheoirí síochánta agus iriseoirí agus tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis.”. |
|
6.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 370/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2020/1649
an 6 Samhain 2020
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas,
|
(1) |
An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
|
(2) |
I bhfianaise thromchúis na staide mar atá sa tSiria, agus aird againn ar na hairí rialtais a ceapadh le déanaí, ba cheart ochtar a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Samhain 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
“303. |
Bassam TOU’MA (dá ngairtear freisin TU’MA) (بسام طعمة) |
Dáta breithe: 1969 Áit bhreithe: Safita, Syria Inscne: Fireann |
Aire Ola agus Acmhainní Mianra. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
|
304. |
Hassan GHABACHE (dá ngairtear freisin GHOBASH, AL-GHABBASH) (حسن غباشة) |
Dáta breithe: 1971 Áit bhreithe: Damascus, Syria Inscne: Fireann |
Aire Sláinte. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas Shiria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
|
305. |
Ziyad SABBAGH (زياد صباغ) |
Dáta breithe: 1960 Áit bhreithe: Aleppo, Syria Inscne: Fireann |
Aire Tionscail. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
|
306. |
Mohammad Hassan QATANA (حسن قطانة) |
Áit bhreithe: Damascus, Syria Inscne: Fireann |
Aire Talmhaíochta agus um Athriar Talúntais. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
|
307. |
Ghassan ZAMEL (dá ngairtear freisin AL-ZAMIL, AL-ZAMEL) (غسان زامل) |
Dáta breithe: 1963 Áit bhreithe: Damascus, Syria Inscne: Fireann |
Aire Leictreachais. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
|
308. |
Mohamad (dá ngairtear freisin Mohammad) Fayez BARCHA (dá ngairtear freisin AL-BARSHA, AL-BARASHA) (محمد فايز برشة) |
Dáta breithe: 1955 Áit bhreithe: Damascus, Syria Inscne: Fireann |
Aire Stáit. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
|
309. |
Malloul (dá ngairtear freisin Maloul) HUSSEIN (dá ngairtear freisin AL-HUSSEIN) (ملول حسين) |
Dáta breithe: 1950 Áit bhreithe: Al-Hasakah Governorate, Syria Inscne: Fireann |
Aire Stáit. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
|
310. |
Mohammad Samir HADDAD (محمد سمير حداد) |
Dáta breithe: 1956 Áit bhreithe: Tartous, Syria Inscne: Fireann |

6.11.2020” |
CINNTÍ
|
6.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 370/9 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2020/1650 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Samhain 2020
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
Ag féachaint do na tograí ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise. |
|
(2) |
An 9 Lúnasa 2020, reáchtáladh toghcháin uachtaránachta sa Bhealarúis, ar toghcháin iad a bhfuarthas nach raibh siad i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus gur milleadh iad i ngeall ar an mbrú faoi chois a rinneadh ar iarrthóirí neamhspleácha agus ar an gcniogbheartaíocht bhrúidiúil a imríodh ar agóideoirí síochánta i ndiaidh na dtoghchán sin. An 11 Lúnasa 2020, d’eisigh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) dearbhú thar ceann an Aontais inar tugadh an mheasúnacht nach raibh na toghcháin saor ná cóir. Luadh freisin gurbh fhéidir bearta a dhéanamh i gcoinne na ndaoine a bhí freagrach as foréigean, gabhálacha gan údar agus as torthaí na dtoghchán a fhalsú. |
|
(3) |
An 2 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1388 (2) inar ainmníodh 40 duine a sainaithníodh a bheith freagrach as cos ar bolg agus imeaglú ar léirsitheoirí síochánta, baill an fhreasúra agus iriseoirí tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020 sa Bhealarúis, agus as an místiúradh a rinne an Coimisiún Lárnach Toghchán ar an bpróiseas toghchánach do na toghcháin sin. |
|
(4) |
An 24 Meán Fómhair 2020, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais, inar dúradh nach raibh aon dlisteanacht dhaonlathach ag roinnt leis an “insealbhú” mar a tugadh air ná leis an sainordú nua a d’éiligh Aleksandr LUKASHENKO. Athdhearbhaíodh go láidir sa ráiteas go raibh an tAontas ag súil nach ndéanfadh údaráis na Bealarúise tuilleadh cos ar bolg agus foréigin i gcoinne mhuintir na Bealarúise agus go ndéanfaidís gach duine atá á choinneáil, lena n‐áirítear príosúnaigh pholaitiúla, a scaoileadh saor láithreach, gan choinníoll. |
|
(5) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa Bhealarúis, mar thoradh ar an gcos ar bolg leanúnach ar an tsochaí shibhialta agus ar ghníomhaithe sa fhreasúra, ba cheart Aleksandr LUKASHENKO agus 14 duine eile a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n‐eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear leis seo an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Samhain 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
(1) IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2020/1388 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (IO L 319I, 2.10.2020, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na daoine seo a leanas leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES:
|
|
Ainmneacha Tras-scríobh an litrithe Bealarúisise Tras-scríobh an litrithe Rúisise |
Ainmneacha (litriú Bealarúisise) |
Ainmneacha (litriú Rúisise) |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
|
“45. |
Aliaksandr Ryhoravich LUKASHENKA Alexandr Grigorievich LUKASHENKO |
Аляксандр Рыгоравiч ЛУКАШЭНКА |
Александр Григорьевич ЛУКАШЕНКО |
President of the Republic of Belarus (Uachtarán Phoblacht na Bealarúise) Dáta breithe: 30.8.1954 Áit bhreithe: Kopys settlement, Vitebsk/Viciebsk Oblast, iar-USSR (Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Ina cháil mar Uachtarán na Bealarúise agus údarás aige ar chomhlachtaí Stáit, tá sé freagrach as cos ar bolg foréigneach a rinne orgáin an stáit roimh thoghchán uachtaránachta 2020 agus ina dhiaidh, go háirithe maidir le hiarrthóirí lárnacha sa fhreasúra a bhriseadh as a bpost, gabhálacha treallacha agus drochíde ar léirsitheoirí síochánta mar aon le himeaglú agus foréigean ar iriseoirí. |
|
46. |
Viktar Aliaksandravich LUKASHENKA Viktor Aleksandrovich LUKASHENKO |
Вiктар Аляксандравiч ЛУКАШЭНКА |
Виктор Александрович ЛУКАШЕНКО |
Comhairleoir Slándála Náisiúnta don Uachtarán, Comhalta den Security Council Dáta breithe: 28.11.1975 Áit bhreithe: Mogilev/Mahiliou (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Ina phost mar Chomhairleoir Slándála Náisiúnta don Uachtarán agus mar Chomhalta den Security Council, chomh maith lena shuíomh neamhfhoirmiúil faireacháin ar fhórsaí slándála na Bealarúise, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, ar léirsitheoirí síochánta go háirithe mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu. |
|
47. |
Ihar Piatrovich SERGYAENKA Igor Petrovich SERGEENKO |
Iгар Пятровiч СЕРГЯЕНКА |
Игорь Петрович СЕРГЕЕНКО |
Ceann Foirne ar an Riarachán Uachtaránachta Dáta breithe: 14.1.1963 Áit bhreithe: sráidbhaile Stolitsa in Vitebsk/Viciebsk Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Ina phost mar Cheann Foirne ar an Riarachán Uachtaránachta, tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus is é atá freagrach as cur chun feidhme na gcumhachtaí uachtaránachta a áirithiú i réimse na mbeartas intíre agus seachtrach. Mar sin tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka, lena n‐áirítear an feachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020. |
|
48. |
Ivan Stanislavavich TERTEL Ivan Stanislavovich TERTEL |
Iван Станiслававiч ТЭРТЭЛЬ |
Иван Станиславович ТЕРТЕЛЬ |
Cathaoirleach KGB, iar-Chathaoirleach ar an State Control Committee Dáta breithe: 8.9.1966 Áit bhreithe: sráidbhaile Privalki/Privalka in Hrodna/Grodno Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Ina phost ceannaireachta mar Chathaoirleach ar an State Security Committee KGB agus sa phost a bhí aige mar Chathaoirleach ar an State Control Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, ar léirsitheoirí síochánta go háirithe mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu. |
|
49. |
Raman Ivanavich MELNIK Roman Ivanovich MELNIK |
Раман Iванавiч МЕЛЬНIК |
Роман Иванович МЕЛЬНИК |
Ceann an Main Directorate of Law and Order Protection and Prevention ag an Aireacht Gnóthaí Baile Dáta breithe: 29.5.1964 Inscne: fireann |
Ina phost ceannaireachta mar Cheann an Main Directorate of Law and Order Protection and Prevention ag an Aireacht Gnóthaí Baile, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, ar léirsitheoirí síochánta go háirithe mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu. |
|
50. |
Ivan Danilavich NASKEVICH Ivan Danilovich NOSKEVICH |
Iван Данiлавiч НАСКЕВIЧ |
Иван Данилович НОСКЕВИЧ |
Cathaoirleach ar an Investigative Committee Dáta breithe: 25.3.1970 Áit bhreithe: sráidbhaile Cierabličy in Brest Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Ina phost ceannaireachta mar Chathaoirleach ar an Investigative Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus léirsitheoirí síochánta. |
|
51. |
Aliaksey Aliaksandravich VOLKAU Alexey Aleksandrovich VOLKOV |
Аляксей Аляксандравiч ВОЛКАЎ |
Алексей Александрович ВОЛКОВ |
Iar-Chéad-Leas-Chathaoirleach an Investigative Committee, Cathaoirleach an State Committee for Forensic Expertise faoi láthair Dáta breithe: 7.9.1973 Áit bhreithe: Minsk, (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Ina phost ceannaireachta mar Chéad-Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee a bhí aige, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus léirsitheoirí síochánta. |
|
52. |
Siarhei Yakaulevich AZEMSHA Sergei Yakovlevich AZEMSHA |
Сяргей Якаўлевiч АЗЕМША |
Яковлевич АЗЕМША |
Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee Dáta breithe: 17.7.1974 Áit bhreithe: Rechitsa, Gomel Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Ina phost ceannaireachta mar Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus léirsitheoirí síochánta. |
|
53. |
Andrei Fiodaravich SMAL Andrei Fyodorovich SMAL |
Андрэй Фёдаравiч СМАЛЬ |
Андрей Федорович СМАЛЬ |
Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee Dáta breithe: 1.8.1973 Áit bhreithe: Brest (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Agus ról ceannaireachta aige mar Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee, is é atá freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an Coiste tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe le himscrúduithe arna seoladh i gcoinne na Coordination Council arna seoladh ag an bhfreasúra chun agóid a dhéanamh in aghaidh thoradh an toghcháin sin agus i gcoinne léirsitheoirí síochánta. |
|
54. |
Andrei Yurevich PAULIUCHENKA Andrei Yurevich PAVLYUCHENKO |
Андрэй Юр’евiч ПАЎЛЮЧЕНКА |
Андрей Юрьевич ПАВЛЮЧЕНКО |
Ceann an Operational-Analytical Center Dáta breithe: 1.8.1971 Inscne: fireann |
Agus ról ceannaireachta aige agus é mar cheann ar an Operational-Analytical Center, tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus tá sé freagrach as an gcos ar bolg ar an tsochaí shibhialta, go sonrach maidir leis an nasc le líonraí teileachumarsáide a bhriseadh mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta, ar léirsitheoirí síochánta agus ar iriseoirí. |
|
55. |
Ihar Ivanavich BUZOUSKI Igor Ivanovich BUZOVSKI |
Iгар Iванавiч БУЗОЎСКI |
Игорь Иванович БУЗОВСКИЙ |
Leas-Aire Faisnéise Dáta breithe: 10.7.1972 Áit bhreithe: sráidbhaile Koshelevo Grodno/Hrodna region (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Agus ról ceannaireachta aige mar Leas-Aire Faisnéise, tá sé freagrach as an gcos ar bolg ar an tsochaí shibhialta, go sonrach maidir le cinneadh na hAireachta Faisnéise deireadh a chur leis an rochtain ar shuíomhanna gréasáin neamhspleácha agus an rochtain idirlín sa Bhealarúis a theorannú tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, mar uirlis chun cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta, ar léirsitheoirí síochánta agus ar iriseoirí. |
|
56. |
Natallia Mikalaeuna EISMANT Natalia Nikolayevna EISMONT |
Наталля Мiкалаеўна ЭЙСМАНТ |
Наталья Николаевна ЭЙСМОНТ |
Preas-Rúnaí Uachtarán na Bealarúise Dáta breithe: 16.2.1984 Áit bhreithe: Minsk, (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Sloinne roimh phósadh: Kirsanova (RU: Кирсанова) nó Selyun (RU Селюн) Inscne: baineann |
Ina cáil mar Phreas-Rúnaí Uachtarán na Bealarúise, tá dlúthbhaint aici leis an Uachtarán agus tá sí freagrach as gníomhaíochtaí meán an Uachtaráin a chomhordú, lena n‐áirítear ráitis a dhréachtú agus taispeántaí poiblí a eagrú. Mar sin tá sí ag tacú le réimeas Lukashenka, lena n‐áirítear an feachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fearas an Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020. Go háirithe, leis na ráitis phoiblí a rinne sí a chosain an tUachtarán agus a cháin gníomhaithe sa fhreasúra mar aon le léirsitheoirí síochánta, a rinneadh tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, chuidigh sí leis an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis. |
|
57. |
Siarhei Yaugenavich ZUBKOU Sergei Yevgenevich ZUBKOV |
Сяргей Яўгенавiч ЗУБКОЎ |
Сергей Евгеньевич ЗУБКОВ |
Ceannasaí ar Alfa Unit Dáta breithe: 21.8.1975 Inscne: fireann |
Agus ról ceannaireachta aige ar fhórsaí Alfa Unit, tá sé freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a chuir na fórsaí sin ar bun tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n‐áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu. |
|
58. |
Andrei Aliakseevich RAUKOU Andrei Alekseevich RAVKOV |
Андрэй Аляксеевiч РАЎКОЎ |
Андрей Алексеевич РАВКОВ |
Iar-Státrúnaí ar an Security Council Dáta breithe: 25.6.1967 Áit bhreithe: sráidbhaile Revyaki, Vitebsk/Viciebsk Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Agus é ina iar-Státrúnaí ar an Security Council, tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus tá sé freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a chuir fearas an Stáit ar bun tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n‐áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu. |
|
59. |
Pyotr Piatrovich MIKLASHEVICH Petr Petrovich MIKLASHEVICH |
Пётр Пятровiч МIКЛАШЭВIЧ |
Петр Петрович МИКЛАШЕВИЧ |
Cathaoirleach ar an Constitutional Court of the Republic of Belarus Dáta breithe: 18.10.1954 Áit bhreithe: Minsk Oblast (iar-USSR, Belarus sa lá atá inniu ann) Inscne: fireann |
Agus é ina Chathaoirleach ar Chúirt Bhunreachtúil Phoblacht na Bealarúise, tá sé freagrach as cinneadh na Cúirte Bunreachtúla a glacadh an 25 Lúnasa 2020, trínar dlisteanaíodh torthaí na dtoghchán calaoiseach. Ar an gcaoi sin, thacaigh agus d’éascaigh sé gníomhartha i bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe fhearas an Stáit i gcoinne léirsitheoirí síochánta agus iriseoirí agus tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta sa Bhealarúis.”. |
|
6.11.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 370/15 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2020/1651
an 6 Samhain 2020
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (1) agus go háirithe Airteagal 30(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES. |
|
(2) |
I bhfianaise thromchúis na staide sa tSiria, agus aird againn ar na hairí rialtais a ceapadh le déanaí, ba cheart ochtar a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n‐eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán 2013/255/CBES. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Samhain 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. ROTH
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A ("Daoine”) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
“303. |
Bassam TOU’MA (dá ngairtear freisin TU’MA) (بسام طعمة) |
Dáta breithe: 1969 Áit bhreithe: Safita, Syria Inscne: Fireann |
Aire Ola agus Acmhainní Mianra. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
|
304. |
Hassan GHABACHE (dá ngairtear freisin GHOBASH, AL-GHABBASH) (حسن غباشة) |
Dáta breithe: 1971 Áit bhreithe: Damascus, Syria Inscne: Fireann |
Aire Sláinte. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
|
305. |
Ziyad SABBAGH (زياد صباغ) |
Dáta breithe: 1960 Áit bhreithe: Aleppo, Syria Inscne: Fireann |
Aire Tionscail. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
|
306. |
Mohammed Hassan QATANA (حسن قطانة) |
Áit bhreithe: Damascus, Syria Inscne: Fireann |
Aire Talmhaíochta agus um Athriar Talúntais. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
|
307. |
Ghassan Zamel (dá ngairtear freisin Al-Zamil) (غسان زامل) |
Dáta breithe: 1963 Áit bhreithe: Damascus, Syria Inscne: Fireann |
Aire Leictreachais. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
|
308. |
Mohamad (dá ngairtear freisin Mohammad) Fayez BARCHA (dá ngairtear freisin al-BARSHA, AL-BARSHA) (محمد فايز برشة) |
Dáta breithe: 1955 Áit bhreithe: Damascus, Syria Inscne: Fireann |
Aire Stáit. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
|
309. |
Malloul (dá ngairtear freisin Maloul) HUSSEIN (dá ngairtear freisin AL-HUSSEIN) (ملول حسين) |
Dáta breithe: 1950; Áit bhreithe: Al-Hasakah Governorate, Syria; Inscne: Fireann |
Aire Stáit. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta. |
6.11.2020 |
|
310. |
Mohammad Samir HADDAD (محمد سمير حداد) |
Dáta breithe: 1956 Áit bhreithe: Tartous, Syria Inscne: Fireann |
Aire Stáit. I mí Lúnasa 2020 a ceapadh. Ina cháil mar Aire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialta.” |
6.11.2020 |